Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mí na Samhna, 1925
Title
Mí na Samhna, 1925
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1925
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. 1. MÍ NA SAMHNA, 1925. Dhá Phinginn a Fhiacha. GAELACHAS. Dá ndeineadh Gaedheal staidéar mion ar a mheon agus ar a chroidhe féin, d'fhéach- aint an bhfaghadh sé fios cad a bheir do bheith Gaedhealach, níor mhór dó dul go doimhin síos insa scéal sula sroiseadh sé go préamh na cúise. Thuigfeadh sé, gan aon amhras, gurab í an Ghaedhilg a labhrann sé an comhartha so-fheicse is mó a bheir údarás dó Gaedheal a thabhairt air féin, agus thuigfeadh sé ná beadh aon chál aige chun an teidil sin d'á mbeadh sé i n-éamais na Gaedhilge. Ach is féidir do mhórcuid daoine Gaedhilg d'fhoghluim agus a bheith aca, agus ós féidir — an Gaedhil d'á bhrí sin iad? Iseadh, chomh fada agus bhaineann an scéal le na dtoil féin agus leis na daoine bhuaileann umpa má's í an Ghaedhilg a chleachtaid leo. Ach tá tuigsint níos doimhne ar an scéal ná toil an duine féin. Tá rudaí eile riachtanach seachas an teanga féin, ach a bhaineann go dlúth léi, chun deilbh agus cruth Gaedhealach a thabhairt ar dhuine .i. níor mhór dó bheith líonta d'oideas béil, de chultúir agus d'fheallsúnacht agus de spioraid na nGaedheal a tháinig roimhe. Tá na neithe sin uile fé scéith na teangan seo; ach ní h-ionnan é sin a rádh agus go bhfoghlmochadh dui ne na neithe sin leis an nGaedhilg a gheobhadh sé ins na h-aimsearaibh seo. Is baoghal gur beag de'n dream atá ag foghluim Ghaedhilge fé láthair atá ag cur aon aithne ar aon rud ach ar na foclaibh fuara féin. Níor caitheadh aon dícheall ná aon mhachtnamh fós leis na tréithe eile do bheir aigne agus meon agus croidhe do dhuine fé mar bhí, agus atá, ag na daoine san bhfíor-Ghaeltacht a fuair na neithe sin ó'n tsean-mhuinntir cois teine. Siad na neithe sin, dar linn, do bheir duine 'na Ghaedheal agus do bheir aigne Gaedhealach dó, a mhairfidh ann an fhaid a mhairfidh sé féin. Ba cheart do lucht chosanta na Gaedhilge agus do lucht oideachais agus scol i nÉirinn tuille machtnaimh a dhéanamh, cur i gcás, ar an bhfeidhm is cóir a bhaint as an ní go dtugtar “sean-aimsireacht” air i gcúrsaí náisiúntais agus oideachais leanbh. Is gádh a n-aigne sin a thumadh i nGaelachas — ní h-amháin insa teangain féin ach ins na neithe eile ghabhann léi. Dá bhrí sin líontar a n-aigne de scéalta na nGaedheal. Tug- tar eolas dóibh ar an nGobán Saor agus ar Chailleach Bhéara agus ar an nGárlach Goileánach; ar an nGaibhlean Gabha agus an Ghlas Ghaibhneach; ar Fhionn Mhac Cumhail agus Oscar agus Oisín; ar Chonán agus Diarmaid; ar Chúchulainn agus Déirdre agus Clann Lir; ar Dhéaglán is Ciarán is Colum Cille is Brighid; ar Dhomhnall na nGeimhleach is Cailleacha na n-Adharc is ar an Slua Sidhe agus ar Fhathaigh na dtrí gceann, na dtrí mbeann is na dtrí muineál. Cuirtear áilneacht Thir na n-Óg na gcroidhe, bíodh an Ceol Sidhe d'á shamhlú aca le gach deagh cheol. Bídís ag lorg an Lupracháin fé gach tor agus bíodh scéal nó rann nó rádh aca ar gach cnoc is tobar is sruthán is gleann i n-a dtíompall agus ar fuaid Éireann. Bíodh aithne ar amhráin agus ráidhte agus rannaireacht na sean- daoine aca a ceapadh as an nGaelachas agus bíodh cuir agus puirt na nGaedheal aca de ghlan mheabhair. Is mór an t-oideas atá ag gabháil leis na ceolta san, agus is cultúr iad i gceol ná sáróchar i n-aon tír. Is leis na neithe sin agus leis an nGaedhilg a deintear Gaedheal de leanbh. Ní Gaedheal é gan iad — ná Éireannach féin Duine d'fhoghlmóchadh Gaedhilg agus ná faghadh aithne na neithe eile tríthe is 'na teannta ní bheadh sa Ghaedhilg do ach forra-chroiceann a bheadh ag tuitim de gach tráth. Ní thabharfadh an Ghaedhilg féin an sásamh ná an líonadh d'á aigne is gádh d'aigne duine agus ní raghadh sí i ngreim 'na nádúir ná 'na inntleacht agus ní shuidhfí an Gaelachas insa chathaoir órdha 'na anam. Is mór idir an duine d'fhoghlmuigh Gaedhilg ach a gheibheann taithneamh agus sásamh a anma i Shécspéar agus i nDicens agus i Robin Hood agus i Robert Emmet san as Aodhgán Ó Rathghaille agus Raftairí agus Bodach an Chóta Lachtna agus Seán Ó Duibhir an Ghleanna. Duine aca — gheibheann sé biadh a anma as sibhialtacht cine eile agus is leo a chlaonfaidh sé choidhche i gcúrsaí inntleachta dá thoil nó gan fios dó féin; ach gheibheann an duine eile cothú a anma as aigne a chine féin agus beidh na daoine agus na h-éachtaí a cruthuigheadh as an aigne sin choidhche 'na n-eisiompláirí agus 'na n-adhbhar tagartha agus 'na samhal- taí comparáide aige, agus bhéarfaid siad sásamh agus subhachas d'á aigne. I gcúrsaí an tsaoghail chífidh duine aca neithe a chuirfidh 'na chuimhne Oisín, Cúchulainn, Diarmaid, Cailleach Bhéara, Conán, Lir, Dunlaing Óg, Cearc a' Phrumpa, Bean na dTrí mBó, an Bárd Scológ, agus na céadta rud eile a cruthuigheadh as aigne na nGaedheal. Ins na h-ócáidí céadna chífidh an duine eile Sir Galahad nó Sir Launcelot nó Merlin nó Cailleach Endor na “Hé-diddle-diddle” nó Simple Simon nó Poor Richard. Nach mór, dá bhrí sin, idir aigne na beirte — fiú amháin dá bhféad- adh an dara duine leabhar Malory a rádh i nGaedhilg ó thúis deire agus “Pussí-cat, pussí cat, &c.” a chanadh 'na dhiaidh sa teangain chéadna. Is ins na sean-neithe sin a cruthuigheadh ag na daoine tháinig romhainn agus a ceapadh agus a greanadh agus a tugadh do'n saoghal i mbrat na Gaedhilge — is ionnta atá na tréithe is Gaedhlachas ann — na neithe do bheir cruth agus deilbh Gaedhealach ar aigne an té a líontar díobh le linn a óige. Níl saidhbhreas ar bith i n-aon náisiúntas Gaedhealach gan iad-san mar snátha fighte tríd agus ba bhocht dealbh an Ghaedhilg a bheidh tugaithe chun cinn againn má fhágaimíd 'nár ndiaidh an sean-oideas san a bhain léi riamh. Is gádh iad a theagasc insa Ghalltacht agus insa Ghaeltacht feasta mar tá an Ghaeltacht féin lagaithe sa méid sin ná tugaid na tuismitheoirí na neithe sin uatha in aon tslachtmhaire do'n chlainn le déannaighe. An Seabhac. Ceannuigh biadhta ár dtíre féin ó Thomás Ó Murchadha (ar aghaidh príomh-oifig an phuist i gCorcaigh do).
ITH DO CHUID sa “KINCORA” SRÁID CHÚC, i gCORCAIGH Reidhse an bhídh agus é blasta te Freastal nách righin agus luach do chuid airgid DINNÉAR TRÍ GCÚRSA AR 2/- TOGHA LEABTHAN AGUS BREICFEASTA DÁ RÉIR! DEOCH BHLASTA FHOLÁIN ISEADH “TANÓRA” Sugh Óráistí atá ann agus Cois Laoi a deintar. Scríobh chuig SEÁN Ó DÁLAIGH is a Chua. tta., I gCORCAIGH in a thaobh. A GHAEDHEALA! CEANNUIGH BHÚR GCUID TÉ, MÍSLEÁIN IS SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS IS UBHLA MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN [agus a Chua., 2, 3, 9, 10 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 3, 9, 10 South Main Street) CORCAIGH. SEÁN AGUS A' T-ASAL. [Blodh as cinnlae do scríobh Tomás Ó Criomhthain san Oileán Tiar.] Me i dtigh Sheáin tar éis breicfeast. Bhí móin uaidh agus bhí an t-asal leigithe amach ag Méinní. Tagann Seán isteach. “Cár leigis an t-asal uait?” “Tá sé annsan thuas i mbarra an bhóthair agat,” ar sise. “Gurab é an Fear Mór a bhéarfaidh anuas tu leis,” arsa mo dhuine. “Tá sé chomh maith agam an ughaim agus a' tsrathar a thabhairt liom suas mar a bhfuil sé, 'Muire, agus gan a bheith suas agus anuas leis.” “Má's fearr leat,” arsa Méinní. Buaileann chuige an ughaim agus a' tsrathar istigh innti agus árduigheann chuige ar a ghualainn iad agus an bóthar amach nó go sroicheann an áit go mbíonn a' t-asal. “Bhaoi!” ar seisean leis an asal; ach is mó a bhí sé ag druidim uaidh. “Mhuise fuadar a' tubaiste fút ar maidin,” ar seisean. “Préach, a dhiabhail! adeirim leat,” ar seisean; ach do cheap a' t-asal bocht gur ag glaodhach abhaile chun bidh air a bhí Seán agus leis sin do bhain sé as na ceithre cosa, le fánaidh anuas, a raibh ionnta, agus níor stad gur chuir a cheann i mboscaod prátaí a bhí ar a' dtaobh amuich de dhoras. “B'fhéidir le Dia ná stopfadh an fhairrge féin tu!” arsa Seán thuas go feargach; “agus ní mór é do cháirde ar a' saoghal-so chomh maith, go dtí mise a theach suas leat.” Nuair a cheap Méinní go raibh Seán leath slí chun na móna 'seadh bhuail a' t-asal a' doras isteach. “I gcúntas a' tsaoghail, a Bhrighde, féach a' t-asal!” “Cail Seán?” arsa Brighde. “N' fheadar am baist!” ar sis' “ach mar tá an dime-leaghadh ar an asal so is dócha gurab amhlaidh a chuaidh sé ar marc'íocht air agus é thuitim de agus is dócha gur marbh atá sé sa bhóthar,” arsa Méinní. Buaileann Méinní amach, an bóthar suas ar thuairisc Sheáin. Bíonn Seán 'na coinne anuas. “Tá a' t-asal age baile,” ar sise. “Nára fada bheidh, 'mhuis' — ná tu féin ach oiread leis!’” ar seisean. Tagaid abhaile le chéile. “Cail a píce atá annsan?” arsa Seán. “Cad dob' áil leat de?” ar sise. “Chun a' diabhal a sháth” ar seisean, “gan mórán moille.” Sé crích agus deire 'n scéil é gurbh éigeant a bheith ag faire an chuid eile de'n lá air chun an asail a shaoradh ar a' bpíce. Ana- lá grinn ab' eadh é. SEÁINÍN AN MHEARATHAIL. Bhí gabha ann fadó gurbh ainm do Seáinín. Tháinig ár Slánuightheóir isteach an cheárd- chain chuige lá agus asal aige. Dubhairt Sé le Seáinín cruidhte a chur fé'n asal do. Do chuir an gabha na cruidhte fé'n asal, agus nuair a bhí san deunta aige dubhairt ár Slánuightheóir leis na trí nithe ba mhaith leis a lorg Air go bhfaghadh sé Uaidh iad, “agus,” ar Sisean, “ná dearmhaid t'anam.” “An cheud ní,” arsa Seáinín, “an chead duine a shuidhfidh ar an gcathaoir é do cheangal innte.” “Cad mar gheall ar t-anam,” ars ár Slánuightheóir. “Bíodh an t-anam ar an méir fhada,” d'fhreagair Seáinín. “An tarna ní,” ars an gabha “mo phócaí a bheith lán d'ór agus d'airgead i gcomhnuidhe.” “Cad mar gheall ar an anam,” ars ár Slánuightheóir. “Bíodh an t-anam ar an méir fhada,” arsa Seáinín. “An tríomhadh ceann — an cheud duine a ragaidh isteach insa mhealbhóig sin thall ar thaobh an fhalla é do cheangal innte istigh.” “Á!” ars ár Slánuightheóir tá t'anam dearmhadhtha agat.” “Ná bac leis an anam,” arsa Seáinín. Annsin d'imigh ár Slánuightheóir uaidh agus i gcionn tamaill tháinig an t-Áidhbheir- seóir chuige. Dubhairt Seáinín leis an tsnáthaid a bhí insa mhealbhóig thall a thabhairt do, má b'é a thoil é. Do chuaidh an t-Áidhbheirseóir ag triall ar an snáthaid ach má chuaidh do cheangail sé istigh innte. Annsin do chuir Seáinín córda ar bheul na mealbhóige agus do bhuail sé siar ar a dhrom í. Do bhí sé ag imeacht air nó gur bhuail ceárdhcha leis. Do chuaidh sé isteach agus dubhairt sé leis an ngabha an mhealbhóg san do bhualadh dho. Dubhairt an gabha ná raibh aon ghnó a bheith á bhualadh i dtaobh ná raibh aon rud shíos ann. Annsin do thug Seáinín dorn mór airgid do, agus do bheadh an gabha á bhualadh ar feadh seacht- mhaine dá leigfeadh sé dho é. Annsin d'imigh sé leis nó gur bhuail tigh greusaidhe leis. Dubhairt sé leis an ngreusaidhe an mhealbhóg son d'fhuadhadh dho. Dubhairt an greusaidhe ná deunfadh i dtaobh ná raibh aon phoill innte. Annsin nuair a thug Seáinín dorn óir agus airgid do d'fhuaidh sé dho í chun a thoile. Annsin do bhí sé ag imtheacht air nó gur bhuail muileann leis. Dubhairt sé leis an muilteóir a mhealbhóg soin do mheilt do. Dubhairt an muilteóir ná deunfadh, ach nuair a thug Seáinín dorn airgid do, do mheil sé dho í. I gcionn sé nó seacht de bhliadhna na dhiaidh sin do cailleadh Seáinín, agus nuair a chuaidh sé go dtí sna Flaithis dubhairt ár Slánuightheóir leis gur dhein sé dearmhad ar a anam nuair a bhí sé ar an saoghal. Annsin do chuir Sé go h-Ifrionn é, ach má chuir ní leigfeadh an t-Áidhbheirseóir isteach
é. Dubhairt sé leis dul go dtí sna Flaithis arís. D'imigh Seáinín air, agus do thug ár Slánuightheóir lanntéir agus coinneall do agus dubhairt Sé leis ach a mbeadh an choinneall caithte aige go leig- seadh Sé isteach 'sna Flaithis é. Annsin do chuir Sé Seáinín ar fuaid an domhain agus an lanntéir ar lasadh aige agus tá sé fós ann agus beidh go deó. Pádraig Mac Gearailt, Dún-Chaoin. CAD A DHÉANFAIMÍD FEASTA GAN GAEDHILGE. I Cad a dhéanfaimíd feasda gan Gaedhilge — Tá “An Lóchrann” geal glé ar lár, Tá deire le greann is le scéaltaibh — Do bhaineadh dínn léan thar bárr; Tá an lampa in easnamh ar Ghaedhealaibh Do ghealadh an saoghal dóibh tráth, Beidh an cluiche ag aicmí an Bhéarla Agus sinne go tréith gan mádh. II. Mo thruagh na leanbhaí sa Ghaedhealtacht Do shluigeadh an Ghaedhilge bhinn Bheith feasda againn gan féile Gan ár bpáipéirín dóibh gach mí: Ár seandaoine beid siad go deórach Nuair ná tagann “An Lóchrann” chúghainn, Agus racham go léir in éadóchas Dá dheascaibh ar fuaid na Mumhan. III. Dá mba rud é go bhfeicfinn “An Lóchrann” Ag teacht chughainn go seólta slán, Thiocfadh fás a's borradh ar mo dhóchas Is na scamaill d'imtheóch' chun fáin, Bheadh rinncí fada i gcros bhóithribh Is do cloisfí ár gceol go h-árd; Bheadh breall ar staigíní Sheóirse Is gan toradh ar a nglór go bráth. Lorga Liath-bhán. CAINTEANNA THOMÁISÍN A' CHEÓIG. I. Cad tá ort, a Thomáisín? Is mó rud atá orm — Tart is íota At is líonadh Crith is fuacht Ruadh is brise 'mach. II. An ólfá deoch, a Thomáisín? D'ólfainn agus trí dheoch — Deoch le tart Deoch gan tart Deoch ar eagla an tairt. (Ó Mhuiris Ó Maoláin, Cluana, Inis Tíomáin) AN AINM SIN ORT. Nuair a tháinig na Sasannaigh go hÉirinn agus go dtí gur imigheadar, bhí fuath agus droch-mheas ar Ghaedhealaibh aca. Do bhí a gcos aca ar mhuineál Gaedheal. Do bhrughadar sa laithigh iad féin agus ar bhain leo. Chuireadar comharthaí agus mairc- eanna ortha a thaisbeánfadh go rabhadar fé smacht aca féin. Do bhaineadar a dteanga dhíobh agus chuireadar mór-chuid aca ag labhairt teanga na Sasannach. Do bhaineadar a n-ainmeacha agus a sloinnte dhíobh agus chuireadar ainmneacha agus sloinnte gránna áiféiseacha ortha a chuir an saoghal mór ag magadh agus ag scige fútha. Tá na h-ainmneacha san fós ar chlanna Gaedheal cé go bhfuil na Sasannaigh imithe. An Sasannach imithe agus a chomhartha fós orainn! An amhlaidh is trua linn a imeacht? An amhlaidh a bhí cion tagaithe againn ar an slabhra bhí aige orainn? Is ain-uasal an scéal againn é gach Cárthach a bheith 'na “Carthy.” gach Ó Mhurchadha a bheith 'na “Murphy,” gach Raghallach a bheith 'na “Reilly,” gach Conchubhrach a bheith 'na “Connor” fé mar bhaist an Sasannach ortha le linn na daoirse. Cá bhfuil uaisle- acht Gaedheal agus mórtas an chine imithe an tráth leanaimíd d'iarsmaí na daoirse do bhí orainn, an tráth ná caithimíd dinn na h-ainmneacha truailithe sin a bhaist namhaid ár gcine orainn. Níor cheart go mbeadh ceann aca ar aon duine i nÉirinn a thugann grádh d'á chine nó d'uaisleacht na sínsear ó dtáinig. Bíodh ár n-ainmneacha sa bhfuirm is dual dóibh. Ná bídís againn i gcomhair ócáidí speisialta amháin ach bídís i n-úsáid againn i ngach ócáid poiblí agus príobháideach; agus ná leigimís d'aon duine aon ainm eile a chur orainn i n-aon ócáid ná cúram. Cuirfimíd mí-shásamh ar dhaoine gallda ach nach mithid gur iad-san a crádhfaí. Má bhíonn leanbh agat tabhair aire gur ainm Ghaedhealach a baistfear air agus gur ainm Gaedhealach a chuirfidh an sagart i Leabhar an Bhaiste, agus an cláradóir insa Register. Ná glac leathscéal ar bith uatha ach é dhéanamh. Cuimhnímis ar Bhrian, ar Mhurchadh, ar Dhonnchadh, ar Chormac, ar Art, ar Thuathal, ar na céadta eile do bhí iomráiteach i nÉirinn lá agus bíodh a n-ainmneacha san ar an dream a tháinig 'na ndiaidh. Is mar sin aithneochar gur Gaedhil iad. Tá uais- leacht, tá stair, tá mórtas ag gabháil leis na h-ainmneacha breághtha san a bhí ar ár sínsear Níl uaisleacht ná mórtas ag gabháil le Murphy, ná Dunphy, ná Dooley, ná Hooley, ná Haugh, ná Shaw, mar ainm- neacha. Thánadar ar dhaoine i nÉirinn le linn daoirse agus donais agus sclábh'íochta. Bíodh deire againn leo. TROSCÁN AGUS LEABTHACHA, ar fheabhas agus ar shaoire. Deunfad-sa gnó a' Gaedhilg leat! SEÁN MAC EÓINÍN, ‘CUALUCHT TROSCÁIN NA MUMHAN,’ Sráid a' Chapaill Bhuidhe a 63, CORCAIGH. Deuntús na h-Éireann Iarr COINNLE AGUS SOILLSEÁIN OIDHCHE a deintear i gCorcaigh agus FEUCH CHUIGE GURB IAD A GHEOBHAIR! Is iad lucht a ndeunta — CUALLACHT COINNLE AN tSEANDÚNA Tta. Sráid Shan Seáin, I gCORCAIGH MÁ THEASTUIGHEANN UAIT BLÁTHA, TORTHAÍ, NÓ GLASRAÍ BLÁTHNAIDÍ, FLEASCA NÓ CROSA Téighir chuig PEIG NÍ DHUBHGÁIN 5a Sráid Pháirliméid, i gCORCAIGH
RACAIREACHT GHRINN NA TUAITHE Eachtraithe Thaidhg Uí Chonchubhair idir dhrámaí ar nós “Caismirt na gCearc” agus “An Dá Dhrúncaer,” agallmha agus cluithí i gcóir leanbhaí is daoine fásta, agus amhráin sgléipiúla ar nós “Pósadh dob' fheárr liom ná bacfainn é,” “Inghean an Phailitínig,“ “Seán a' bhríste leathair,” “Ding Dong Dederó,” &rl. Ana-oireamhnach mar adhbhar do stáidse Feise nó a leithéid 200 leathanach de Ghreann is ghrádhmhaireacht 2/6 a fhiacha Le fáil saor tríd an bpost ar 2/9 ó BHRÚN is Ó NUALÁIN, ÁTH CLIATH, nó ó MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, nó ó LIAM RUISÉAL, i gCorcaigh LEABHAIR! LEABHAIR! Tá gach saghas le fagháil ó LIAM RUISÉAL 68, 69 SR. AN CHAPAILL BHUIDHE i gCORCAIGH Guthán: 1133 MÁ THEASTUIGHEANN UAIT LEABHAR GAEDHILGE DE SHAGHAS AR BITH Gheobhair annso é Deinimíd LEABHAIR an ATHAR PEADAR do chraobhscaoile Sinne Muintir BRÚIN & NUALLÁIN Sráid Bhuintrop, i gCORCAIGH NA LEANBHAÍ MÁ'S MAITH LEAT AN GHAEDHEALG DO THABHAIRT DOD' LEANBHAÍ CUIR GO DTÍ AN t-AON SCOIL AMHÁIN IN ÉIRINN A nDEUN- FAR CAINNTEÓIRÍ LÍOMHTHA DHÍOBH IN AON TEURMA AMHÁIN. CUIMHNIGH GUR EUGCÓIR MHÓR AR AN LEANBH AN GHAEDHEALG DO CHEILT AIR, AGUS CUIMHNIGH FÓS GUR FEARR TEANGA NÁ SPRÉ. ATÁ AN SCOIL AR SIUBHAL ANOIS, AGUS ATÁ GACH CÚNTAS LE FAGHBHÁIL Ó'N — BH'FEAR MÓR, Coláiste na Rinne, DÚNGARBHÁN AN LÓCHRANN. Seoltar i dtaobh cúrsaí gnótha nó airgid nó díolacháin nó fógríochtha an pháipéir seo go dtí — Bainisteoir “An Lóchrann,” 27 Sráid Tucaí i gCorcaigh agus Seoltar litreacha i dtaobh eagarthóireachta agus scríbhneóireachta go dtí — Fear Eagar “An Lóchrann,” 118 Bóthar Morehampton, Domhnach Broc, Bleá Cliath. “An Lóchrann” saor tríd an bpost ar feadh Bliana … 3/6 AN LÓCHRANN. Seó arís sinn ar lasadh. Tá cúig bhliana ó loisceadh sinn i dteannta cuid mhaith de Chathair Chorchaighe. Nár thagaidh bás obann arís i n-ár dtreó, guidhimíd. Dar linn do ghoill easnamh “An Lóchrann” ar an nGaedhilg i ndeisceart is i n-iarthar Mumhan le tamall. Le h-imnidhe chun an bheárna san a líonadh atáimíd ag dul i mbun an pháipéir seo a chur amach arís. Théigheadh “An Lóchrann” ins na tighthibh sa Ghaeltacht agus léightí ann é agus bhíodh cion air ag óg is ag aosta. Sin é atá uainn arís. Déanfam gach iarracht ar an bpáipéar a chur i n-oiriúint do'n Ghaeltacht. Is mó de ár bhfonn chuige sin an tuairim atá againn má thaithnigheann “An Lóchrann” le lucht na Gaeltachta ná fuil baoghal ar bith ná beidh meas mór ag daoine sa Ghalldacht air, leis. Mar do bhí ag an sean-“Lóchrann” tá súil againn gurab amhlaidh a bhéas ag an gceann so. Bhíodh slua ag scríobhadh dhúinn is ag cuardach 'nár gcomhair. Seo sinn ag glaodhach thar n-ais ar na scríbhneóirí a chuireadh maise orainn cheana le n-a saothar agus sinn ag éileamh a gconganta arís. Ní le duine ar bith ar leith an páipéar beag so agus is é dualgas gach Gaedhil é bhuanú agus é mhaisiú. D'éiligheamar cabhair ar roinnt dár sean-cháirdibh chun “An Lóchrann” a chur i gcló. Fuaireamair an chabhair sin go fial ó mhór-chuid aca, mar leanas: AN CHÉAD LIOST D'ÁR LUCHT CHABHRA. £ s. d. Coláisde an Daingin … 25 0 0 Coláisde Cairbre … 5 0 0 An Seabhac … … 5 0 0 Tórna … … 5 0 0 A. M. Freeman, Lúnndain … 3 3 0 Abb Mount Mellarí … 2 0 0 Finghin na Leamhna … 2 0 0 Dómhnall Ó Ciosáin, M.G., An Cóbh 2 0 0 Dáith de Stac … 2 0 0 An Canónach Ó Cathaláin, Dr. na Banndan 1 0 0 Art Ó Riain, Áth Cliath … 1 0 0 Mícheál breathnach, M.G., Cill na Mullach 1 0 0 Seosamh Ó Mathúna, Lios Tuathail 1 0 0 Micheál Ó Cuillionáin, an Sciobairín 1 0 0 Dómhnall Ó Súileabháin, Cathair Dómhnall 1 0 0 An Craoibhin … 1 0 0 Tomás Ó Conchubhair, Árd Chigire 1 0 0 Seóirse Mac Niocaill, Príom Chigire 1 0 0 Seán Ó Catháin … 1 0 0 Seán Mac Gearailt, Deilginis 1 0 0 Pádraig Pléimeann, Cill Chuimín 1 0 0 Pádraig Ó Mathúna, Cill Áirne 1 0 0 An t-Athair Seán Ó Loingsigh, Baile an Fhirtéaraigh … 1 0 0 Liam Ó Lubhaing, Baile an Fhirtéaraigh 1 0 0 Diarmuid Ó Cróinín, Gníomh Goileith 1 0 0 Mícheál Ó Conchubhair, Lios Póil 1 0 0 Mícheál Ó Mathúna, Sagart, Col. na Dubh Charraige … 1 0 0 An t-Aimhirgíneach — … 1 0 0 R. S. Ó Beagáin, Cigire … 1 0 0 Peadar Ó h-Annracháin … 1 0 0 Seán Ó Conaill, L.L.D., Tráighlí 1 0 0 Mícheál Ó Duibhgeáin, Áth Cliath 1 0 0 Séamus De Lairge, Iol Scoil Náisiúnta 1 0 0 Liam Ó Dómhnaill, Áth Cliath … 1 0 0 Diarmuid Ó Cobhthaigh, Oifig na Seanaide 1 0 0 Dómhnall Ó Súileabháin 1 0 0 Pádraig Mac Suibhne, Cigire 1 0 0 Séamus Ó Fianachta, Árd Chigire 1 0 0 An t-Athair Ó Lachtnáin, S.P., An Léim 1 0 0 An t-Ath. Ó h-Uallacháin 1 0 0 Craobh Phortláirge … 1 0 0 An Seanadóir, P. W. Ó Cionnaith, Portláirge … 1 0 0 Diarmuid Ó Raghallaigh, An Cóbh 1 0 0 T. F. Rathaille … 1 0 0 An t-Athair Nicolás Ó Riain, Dundroma 10 0 Éamon Ó Donnchadha … 10 0 Neilí Ní Bhriain … 10 0 Pádraig Ó Murchadha, O.S., Baile na Cille … 10 0 Brighid Ní Riain, Lios Uí Chearbhaill 10 0 Táimíd buidheach ó chroidhe díobh san uile. Go bhfágaidh Dia an tsláinte aca. Do gheall daoine eile go gcabhróchaidís leis an obair seo agus tá súil againn nuair a chífid siad é seo ná beidh aon mhoill eile ar a gcuid oinigh agus ná beidh sé d'fhiachaibh orainn druidim 'na choinne. Do'n dream a thug fógraí gnótha agus earraí dhúinn tá buidheachas mór ag dul uainn. Gura fearrde iad é. An Fear Eagair. NAMHAID NA GAEDHILGE. Cé h-é an namhaid is mó atá ag an nGaedhilg? Tá an mháthair nó an t-athair go bhfuil sí aca agus ná labhrann ach Béarla le n-a gclainn. An Gaedhilgeóir a labhrann Béarla le na leanbh is cionntach i marbhú na Gaedhilge é. Is namhaid do'n teangain é agus is namhaid do náisiúntacht na h-Éireann é.
“SOR SOP” & “SEÁN SCOT.” Bhíodh an dá ní sin “Sor Sop” (.i. Sir Sop) agus “Seán Scot” i mbéal- aibh Gaedhilgeoirí go minic i n-iarthar Chiarraighe. Lem' chuimhne féin chloisinn “Seán Scot” d'á thabhairt ar chuid de'n dream a théigheadh leis “An Dreoilín” Lá Shan Stiofáin. Ar dhuine dhíobh, go mbíodh éide agus aghaidh-feidil air, a tugtaí é agus a bhíodh ar lucht na ngeáitsí a dhéanamh. Uaireannta bhíodh claidheamh (adhmaid) aige agus ar uairibh eile bhíodh lamhnán gaoithe aige ceangailte de bharr slaite. Bhíodh daoine eile sa Dreoilín, agus bíd fós ann, go mbíonn éide tuighe ortha agus clogad fighte de'n adhbhar chéadna. Clúduigheann an clogad an ceann agus an aghaidh anuas go h-ucht an duine. Bíonn bior fada árd anáirde as agus é ag caolú suas go barr. Tuighe seagail nó cruithneachtan is fearr chun a dhéanta. Deich mbliana fichead ó shin bhíodh nós ann troid a bheith ar siubhal idir dhá dhream de'n “Dreoilín.” Ba chuige sin na claidhmhte agus na lamhnáin gaoithe. Tá san mar chleachtadh imithe as “An Dreoilín” le blianta deirinneacha agus a chuimhne imithe ameasc lucht “Dreoilín” a chur ar bun sa Daingean; cé go mbíonn fós cuid de'n tsean-chrot ar chuid de na daoine ann — go mór mór “Sor Sop.” Ag tagairt do scéal sin “An Dreoilín” is fiú suim a chur san sliocht so as Walker's “Historical Memoirs of the Irish Bards”: These pieces are called “The Marriage Act,” “The Servants Serving Their Lord at Table,” “The Fulling (or thickening) of Cloth,” “The Cottoning of Frieze,” and “Sir Sop, The Knight of Straw.” The principal characters in the latter piece are an Irish chieftain, such as, Mc Carthy More and an English one — Sir Sop. Sir Sop is dressed in straw with a clogad of the same material on his head. The Irish chieftain is clad in fine clothes. When they appear on the stage they are separately attended by inferior officers and servants who stand at a respectful distance while the chieftains converse. Sometimes the chief officers also take part. A catastrophe is brought about by an altercation between our two heroes, and ends in single combat. Sir Sop wounds his adversary who falls, and a surgeon appears to examine the wound. Regaining his strength the Irish chieftain retires followed by Sir Sop. They enter again and renew the combat. Sir Sop receives a mortal wound and is borne off the stage. The Irish chieftain, having gained the field, brandishes his sword and strides exultingly across the stage. Pausing awhile he addresses himself to Heaven in thanks for his victory and then the curtain falls. The dialogue in these pieces is usually humorous and interspersed with soliloquies, songs and dances. Is léir ó'n méid sin gurab é fear an éide tuighe i “nDreoilín” an Daingin an “Sor Sop” ó'n tsean-aimsir agus is cosúil, leis gurab é “Seán Scot” taise ain-uasal an taoisigh Éireannaigh a bhíodh sa tseana-chluiche. Ní deacair a thuiscint le h-imeacht na h-aimsire gur meascadh an cluiche a luaidh Walker agus a bhíodh 'á chleachtadh ar aonachaibh, &c., leis an gcluiche eile An Dreoilín do bhreith tíompall lá Shan Stiofáin, agus fé dheire gur dearmhadadh brí an tsean-chluiche díreach fé mar atáthar ag dearmhad brí cluiche “An Dreoilín” fé láthair, cé go gcleachtthar fós é mar chaitheamh airsire agus chun fiacha dighe a bhailiú. Le h-imeacht na h-aimsire tá meascadh eile tagaithe sa chluiche. Bíonn anois “Captaen” ar an “Dreoilín” — éide ornáideach taosigh air, taoiseach airm Éireannaigh. Ach ní air sin a tugtar “Seán Scot” anois. Ar dhuine eile sa “Dreoilín” nó ar cheathrar nó cúigear aca a tugtar an ainm. Bíonn uimhir de lucht sop leis ann. 'Na dteannta san bíonn “amadán” agus “óinseach.” Le déannaighe tá an cluiche ag dul ar fad ar seachrán ó'n sean-nós. Tá an cuma Gaedhealach ag imeacht de. Ní greann an chuspóir is mó bhíonn anois aige ach bailiú airgid chun óil. “An Seabhac.” AN LEANBH SA CHLIABHÁN. Cad í an teanga a labhrann a mháthair leis? Má tá meas ar Éirinn aici, má tá meas ar a sínsear aici, má tá meas ar an leanbh aici labhrann sí Gaedhilg leis óir ní Sasannach an leanbh ná sínsir an leinbh ach is Gaedhil iad go dtí so. Má's Sasannach an mháthair labhrann sí Béarla an tSasannaigh leis an leanbh agus déanfaidh sí Sasannach de. Níl aon ionad comhnaidhthe againn i nÉirinn idir an dá ní — bheith 'nár nGaedheal- aibh nó bheith 'nár nGallaibh. An mháthair ná labhrann Gaedhilg le na leanbh is Sasannach 'na croidhe í agus is namhaid do chine Gaedheal í — d'á deoin nó dá h-aindeoin. CLUICHE BEAG. Dubhairt me, dubhairt mé, Cad é a dubhairt mé? Dubhairt mé go mbeadh Sicín chun dinnéir againn. Ní dubhairt tú mar Níor bh'fhéidir duit é rádh. Aon rud ná beadh cheithre cosa fé nó ceathrar ann ní bheadh sé ceart é rádh. Caidé an difir idir cearc bhán agus cearc dhubh? Tig le circ dhuibh ubh bhán a bhreith ach cha dtig (ní thig) le circ bháin ubh dhubh a bhreith Séamus Ó Glasáin do sholáthruigh i n-Ultaibh. Ceannóchaimíd uait nó Díolfaimíd leat: TUIGHE nó ARBHAR nó FEUR Uainn-ne gheobhair na SÍOLTA agus an LEASÚ is tairbhighe amuigh. Scríobh chugainn. Beidh fáilte roim litir Gaedhilge againn. SÉAMUS Ó NÉILL is a chlann mhac (teo.), CIONN tSÁILE, sa' Mhumhan. Cuir 20% led chuid .i. CEANNUIGH DEUNTÚS NA h-ÉIREANN ó PHÁDRAIG Ó CONCHUBHAIR i mBAILE CHAISLEÁN 'N RÓISTIGH An BHRÉID agus an SAIRS An BHRÓG agus an CHULAITH An LÉINE agus an t-EARRADH CNOTÁLTA Ní bhfaghair cuibheasach ná suarach Ach feabhas agus fógnamh Gheobhair freastal fonnmhar As ní mór éileófar Glaoidh chughainn nó cuir fios ar liosta Sé do bhuaic é BRÓGA BOUSHEL Is iad is fearr ÉADACH BOUSHEL Beireann barr DEUNFAIDH BOUSHEL Culaith gan cháim BOUSHEL 7 Sráid an Droichid, DR. NA BANNDAN SCEULTA MHICIL (An Fear Mór do scríobh iad) Tá Gaedhealg Greann is Gáire ionnta. Tá Cainnt Chanta Cheolmhar ionnta. 'Sé an leabhar is oireamhnaighe ar an margadh é do scoláirí ná fuil an Ghaedhealg ró-láidir aca Le faghbháil ó Rúnaidhe Coláiste na Rinne, Dúngarbhán nó ó Chomhlucht Oideachais i mBaile Átha Chliath SEÁN Ó CONAILL Dealbhóir Gaedhlach, SRÁID MHIC CHURTÁIN, CORCAIGH Sgríobh ag triall air
“MIC MO ROGHA!” (“Mick for me”) Caith Tobac “MIC MC QUAID” Isiad lucht a dheunta — P. Ó CEARBHAILL is a Chua (Teor.) DÚNDEALGAN CÁ BHFUIL AN PORT THALL? Tuairim is céad bliain ó shoin do bhí slataire d fhear óg i mball éigin i lár na tíre go raibh cleamhnas déanta ag n-a mhuintir do le cailín áirithe nár thaithn leis. An lá roimh an bpósa dubhairt sé leis féin ná pósfadh sé dhóibh í agus go n-imtheóch sé go Sasanna uatha. Ní raibh sé riamh ar sgoil agus san áit n-a raibh comhnuidhe air ní raibh uisge níos mó na abha nó loch le feiscint. Nuair a shrois sé an cuan mar a raibh an bád mór, chun dul go Sasana, chuir an fharaige uathbhás air. “Ca'il a' port thall?” ar seisean, “ca'il a' port thall?” “Raghad abhaile agus pósfad Meág!” TUILE A BHÁTHFADH CAPALL. Cailín simplidhe tuaithe ná feacaidh an fharaige riamh is ar theacht go dtí Cóbh Chorcaighe dhi sé dubhairt sí le cailín eile bhí le n-a cois: “Tá tuile san uisge sin ' bháthfadh capall!” ar sise. ó Th. Ó G., Tiobr. Áran. CONCHUBHAR Ó CAOIMH REICEADÓIR LEABHAR Gach ní dá dhéanaighe i bhfuirm leabhair nú Paipéir Ghaedhilge le fagháil uaidh 70 SRÁID OLIFÉAR PLUINGCÉAD I gCORCAIGH D. T. Ó SÚILLEABHÁIN Reiceadóir Rothar & Mótar Gunnaí agus Ceatritsí! 37 SRÁID CHÚC i gCORCAIGH RÍ NA gCNOC. Máirín ('na h-aonar): Och mhuise, an bothán suarach so! Nach orm a bhí an mí-ádh agus teacht ann. Cad é an donas a bhí orm an lá phósas iascaire gan strus gan stóras. Nach me bhí gan chiall. Ach b'fhéidir le Dia go dtiubhradh sé ladhar éisc abhaile leis chun suipéir. [Cuarduigheann sí do'n ngreideal]. [Micil do theacht isteach agus líonta iascaigh, &c., aige] Máirín: Thángais. Micil: Thánga. Máirín: Is maith an teacht agat é, bail ó Dhia ort. Cad a bheiris leat chun suipéir? Micil: Má's chuige sin atá do ghreideal ullamh agat, tá sé chomh maith agat é chur thar n-ais. Ní rugas ar aon rud. Máirín: Aon rud! Micil: Seóid a' bharra! Máirín: Dia linn is Muire, cad imeochaidh orainn? Conus a chaithis an lá gan mhaith? Micil: Arú féach, d'eirigh rud iongantach dom. Fan agus 'neosad duit é. Máirín: Ara leig dom led' rudaí iongan- tacha; b'fhearr liom greim le n-ithe. Micil: Och, fan go bhfeicir … Éist nóimeat beag. Nuair chromas ar na líonta a tharrac bhraitheas an t-ualach á gcoimeád. “Tá go maith, am basa,” arsa mis', “ní bheidh aon chúis gearáin age Máirín anocht.” Thógas an líon as an uisce — a' gcuirfeá amach cad a bhí agam? Máirín: Cá bhfios domh-sa. Madra báithte, b'fhéidir; nó míol mór. Micil: Ní h-eadh, a chailín, ach prionnsa. Máirín: Prionnsa! Micil: I bhfuirm bardáin. Máirín: I bhfuirm bardáin — mhuise go gcuire Dia an rath ort. Micil: Ní fada, áfach, a dh'fhan sé amhlaidh. Ní túisce bhí sé caithte amach ar an gcladach agam ná tháinig a chrot féin arís air, agus b'in é ar m'aghaidh amach fear breá óg ná feaca mac a shamhail riamh le dathúlacht. “A iascaire, a chroidhe,” ar seisean liom féin, “Is mise Rí na gCnoc. Tuatha Dé Danann a chuir i bhfuirm bardáin me agus a chuir de bhreith orm comhnaidhe i n-íochtar na fairrge nó go mbeireadh duine éigin ded' shaghas-sa orm. Táim fé chomaoin agat, a dhuine mhuinnteartha, agus ní dhear'ódfad go bráth duit é.” Nuair a bhí an chainnt sin ráidhte aige do leath sé a dhá sciathán agus d'eitil as mo radharc. Máirín: A dhá sciathán Micil: Níl focal éithigh ann — dhá sciathán bhána agus iad chomh geal leis an sneachta. Máirín: Ara! bíodh deá'ramh éigin led' chainnt agus ná bí ag magadh fút féin — bard in ag cainnt agus prionn- saí ag eitilt. Níl aon éifeacht leis mar scéal. Is amhlaidh ná rugais ar aon ní agus cheapais an scéilín seo chun ná goilleadh sé ró mhór orm bheith gan suipéar. Micil: Ar m'fhocal duit gur thuit an scéal amach díreach mar táim 'á innsint duit. Máirín: Nár chuirimíd bréag ort! Ar an gcéad dul síos dá ndeinteá an seirbhís mhór san do Rí na gCnoc ní chreidfinn choidhche go scaoilfeá uait é gan cúiteamh a dh'iarraidh air. Micil: Cad a bhí agam le h-iarraidh air? Máirín: Nár cheart duit a rádh leis go raibh do bhean sa bhaile agus gan béile na h-oidhche aici. Micil: Dar fia! ní tháinig lá dá chuimhne dhom. Máirín: Imigh anois, má seadh, agus abair leis é. Micil: Canad, an dóigh leat, cá bhfaghainn é? Níl aon schiathán agam-sa d'iom- parochad mé. Máirín: Dar ndóigh, ní insan aer a raghthá 'na dhiaidh, a shimpleóir. Imigh leat amach thar doras agus glaoidh ós árd air — “a Rí na gCnoc! a Rí na gCnoc! arsa tus'. Fill thar n-ais — tá rud agam le rádh leat.” [Rí na gCnoc do theacht isteach]. Rí na gCnoc: Seo chughaibh me. Cad dob' áil libh díom! [Micil is Máire 'dá fheicsint]. Máirín (i leathtaoibh): Ó 'gcúntas a' tsaoghail. Is fíor é, do réir deá'raimh. Rí na gCnoc: Cad dob áil libh díom? Micil (go buartha agus a cheann fé): Aon rud i n-ao' chor, a Rí Onóraig, aon rud. Máirín: Do phárdún, a Rí — is mise ghlaoidh ort chun beagán cainnte 'rádh leat. Cheapas go — toisc gur thóg m'fhear as an uisce thu — agus i láthair na h-uaire go mbeifeá it' bhardán. Mara mbeadh é — cheapas go mb'fhéidir gur mhaith leat cúiteamh beag éigin a dhéanamh leis. Rí na gCnoc: Bhí t'fhear sásta an mhaith a dhéanamh gan súil le díol; ach abair leat cad ba mhaith leat fhagháil. Máirín: Tá le feiscint agat féin an tslí suarach atá annso againn. Níl an chathaoir féin ann a tharraingeochainn duit. Ach, a Rí, bhíos 'á cheapadh dá mbeadh oiread againn agus thógfadh tigh beag slinne — ceann beag deas taidhseach — fé mar atá age Clás Beag thíos annsan — Rí na gCnoc: Ná h-abair níos mó. I gcionn uair a' chluig raghaidh an bothán so ar ceal agus beidh an tigh beag slinne agaibh 'na ionad. [Rí na gCnoc d'imeacht]. (Tuille teacht)
ÉINÍNÍ! ÉINÍNÍ! [Suantraighe mar atá i leabhar bheidhleadóireachta Threasa ní Ailpín agus i leabhar an Róistigh]. Gléas E flat nó F. I. Éiníní! Éiníní! Éiníní! téigí 'chodla! Éiníní! Éiníní! Téigí 'chodla go lá! Éiníní! Éiníní! Éiníní! téigí 'chodla! Éiníní! Éiníní! Téigí 'chodla go lá! Téigí chodla! Téigí chodla! Éiníní! Éiníní! Téigí 'chodla. Éiníní! téigí chodla go lá! Éiníní! Éiníní! Éiníní! téigí 'chodla! Téigí chodla. Éiníní! cois a' chlaidhe 'muich go lá. II. Éiníní! Éiníní! Codaluígí! codaluígí! Éiníní! Éiníní! Codaluígí go sámh! Éiníní! Éiníní! Codaluígí! codaluígí! Éiníní! Éiníní! Codaluígí go sámh! Codaluígí! Codaluígí! Éiníní! Éiníní! Codaluígí! Éiníní! Codaluígí go sámh! Codaluígí! Éiníní smóilíní, druidíní! Codaluígí! Éiníní! cois a chlaidhe 'muich go sámh. Finghin na Leamhna do sholáthruigh ó Mhuinntir Fhathaigh i nDún Garbhán. Tá leagan eile de'n bhfonn agus de sna focail ag Maighréad Ní Annagáin. Ó CAOIMH. Tráth dá raibh sé go súgach scléipeach, fé mar ba mhinic leis do réir tuairisgí, do bhí seanóir ann is gan tada dá rádh aige. “Seadh, a dhuine chóir,” arsa Ó Caoimh leis, “cad déarfá-sa dá labharthá?” “Déarfainn gur mór a truagh ná fuil ciall ag Ó Caoimh,” arsa an seanduine. “Ba scorn le Ó Caoimh ciall do bheith aige,” arsa an Taoiseach. Sé deir an fheadóg sléibhe agus é ag cantain do féin. “Ó Caoimh! Ó Caoimh! “Ó Caoimh cómhachtach! Do mhol an choill ghlas dóibh-sean Agus do mhol an sliabh dómhsa!” Deirtear gurbh é Ó Caoimh do chéad- roinn na tíortha idir na h-éin. Cloistí “gadhair fiadhaigh Uí Chaoimh” nuair cailltí taoiseach de'n treabhchas san i nDúthalla. ó Sheán Ó Donabháin, Coiscéim na Caillighe. BEIRT FHILÍ. “Diarmuid na Buile” agus “Diarmuid na Tuille” do tugtaí ortha. Bhíodar araon ar aonach lá, agus do ghaibh duine acu mar a raibh an fear eile. “Gheóbhadh fear buile trí thuile n-a thán-ruith,” arsa an chéad fhear. “Agus scuabfadh an tuile fear buile chun fánaidh!” ars an fear eile. Nár dheisbhéalach an chainnt í! Seón Buirséal, Mainistir Laoighise. Ó “LÚIREACH PHÁDRAIG.” Críost liom! Críost rómham! Críost im dhiaidh! Críost ionnam! Críost fúm! Críost ós mo chionn! Críost dom láimh dheis! Críost dom láimh chlé! AN FEAR IS FEARR A SHÁSOCHAIDH TU i dtaobh ROTHAR NUADH nó dtaobh GLUAISTEÁN a DHEISIÚ Sé TADHG Ó LAOGHAIRE Wellesley Road, DR. NA BANNDAN ÁIRCÉID NA MUMHAN gheobhair LÁMHAINNÍ OLNA de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh. Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón, dubh, glas- chaorach, geal agus donn. TÁ EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint ar gach cúntúis sa' tsiopa: ÁIRCÉID NA MUMHAN le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’ I gCORCAIGH. AN TIGH IS FEARR I nÉIRINN i gcomhair na neithe seo: BUINN DEALGA, FLEASCÁIN, &C. OBAIR CHONDUALACH ar an SEÓD LUACHMHAR (liosta inaisge) LIAM MAC AODHGÁIN Is a Chl. Mhac, Seódoirí & Gaibhne Geala, 31 & 32 Sráid Phádraig NAOMHTHA I gCORCAIGH MICHEÁL Ó RAGHALLAIGH DR. NA BANNDAN CEANNTÓIR, MEASADÓIR agus FEAR LE TRÁCHTÁIL MARA tá aige TROSGÁN DO'N TIGH GLUAISTEÁIN AR BÓITHRE GACH CÓIR DON tSOCHRAID 'DIR CAPAILL agus CÓISTE An Tobac agus na Toitíní agus gach nídh eile is fearr le fághail táid dá ndíol ag ÉAMONN Ó COCHLÁIN, Sráid an Phínigh i gCorcaigh.
CHÓMH BLASTA LE h-AON-ÍM! MARGAIRÍN “LEANDAR” TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Tar isteach agus gheobhair an t-eólas Deinimíd AN UILE OBAIR LEICRISE MAC GEARAILT & A CHUA 24 PORT NA gCEANNAITHE (Láimh le Dr. Phádraig) gheobhair uatha Solas do'n tsiopa, do'n tigh, agus do'n mhótar Innealradh leicrise Cóir cianéisteachta Guthán: 1230. CRÓNÁN DO'N BHÓ. Rath Dé ort, a bhóín, Rath Dé ort i gcomhnaidhe, Mar a mbíonn do chomhnaidhe, Do leabaidh is do lóistín. Tál an bainne orm, Tál agus tabhair dom, Agus scaoil chun siubhail me; Tá deirionnaighe chugham-sa, Is ní deirionnaighe ag siubhal í — Ach tuitim an drúchta. Tál an bainne orm, Is líon an canna dhom, Suas go barra dhom, Is ná bím ag tathaint ort. Eireochad ar maidin leat, Agus siubhlóchad cois Fhleasca leat, Mar a bhfaghad duit fairsinge, Féar mín fada dhuit, Agus an tseamróg bharra-ghlas. Nárab eagal leat Poll ná madra, Ná aon chéim charraige A bhainfeadh an bharthus * duit Ar linn teacht abhaile dhuit. Tháinig deoraithe chughainn araer, a bhó, An tAthair, an Mac agus an Spioraid [Naomh, Ní ghlacfaidís im gan feóil, Is do mharbhuigheamair dóibh do laogh, [a bhó. Laogh beag mo bhó, Laogh mo chroidhe 's mo stór, Laogh nár tháinig fós, Is laogh beag eile nó dhó. Aghaidh do lachta leat, Cúl do sheasca leat — Mór-bhraon beannaithe. Go bhfachtar do thairbhe A bhanalthra an bhainne sin. Mo ghraidhn í an bhó, Is maith í an bhó, Is im í 's is feoil, Is solus geal í chun bóird, Is adharc í chun ceoil, Is leathar í chun bróg, Is maith é a cuid bainne le n-ól Maidean aoibhinn Fhómhair. Siobhán a' tSagairt i mBéal Átha 'n Ghaorthaigh a thug do Risteárd Ó Maolchataigh, Taoiseach, T.D. I mbliain a 1914 fuair an F.E. an chuid seo de i nGleann Fleisce: Is maith í an bhó, Is báinne í le n-ól, Is im í agus is feoil, Is solus geal í ar bórd, Deineann a h-eirball rón, Agus a h-adharc ceol, Agus is maith í a leathar chun na mbróg. Is cuimhin le Seán Ó Conaill i mBólus bhéarsaí éigin mar iad san a bheith ag Domhnall 'ach Seáin i mbaile 'n Sceilg. Ní cuimhin leis ach aon líne: “Is breagh iad t'adharca chun ceoil.” B'fhéidir go raghadh cuid éigin dár lucht léighte agus go gcuirfidís tuairisc an “chrónáin” seo ar na seandaoine. Is luachmhar an seod ón tsean-aimsir an píosa so agus is fiú fios iomlán a bheith againn 'na thaobh. Fear an L. * An bharthus? Aon bharrthuisle. SLÁINTE. D'ólfainn do shláinte, agus D'ólfainn níos feárr í, Ní ar son bheith ar meisge Do chuirfinn rómhat fáilte, Ach siúd ort, is diúg ort, Is Dé 'bheatha-sa 'd shláinte! (Ó'n bPriaracht.) ROYAL MASTER MODEL “COMPARE THE WORK.” “AN GLÉAS CLÓSCRÍOBHTHA IS FEARR CHOIDHCHE” MÉARÁIN AIR I gCÓIR GAEDHILGE & BÉARLA Deunfar socrú fé leith le lucht scol agus oideachais GRAFADÁIN GESTETNER Reiceadóirí sinn-ne i gcóir an dá ghléas: CUALLACHT CLÓSCRÍOBHÁIN NA MUMHAN 28 SRÁID MHARLBHORO' I gCORCAIGH UINSION MAC CÁBA, CILL na MULLACH, Fear Rothar agus Mótar agus Leictrise. Gheobhair mótar ar aimsir uaidh. Cuir srannsceul chuige. Cló-chualacht Seandúna, Corcaigh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services