Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mí na Samhna, 1925

Title
Mí na Samhna, 1925
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1925
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. 1. MÍ NA SAMHNA, 1925. Dhá Phinginn a Fhiacha.



GAELACHAS.



Dá ndeineadh Gaedheal staidéar mion
ar a mheon agus ar a chroidhe féin, d'fhéach-
aint an bhfaghadh sé fios cad a bheir do bheith
Gaedhealach, níor mhór dó dul go doimhin
síos insa scéal sula sroiseadh sé go préamh
na cúise. Thuigfeadh sé, gan aon amhras,
gurab í an Ghaedhilg a labhrann sé an
comhartha so-fheicse is mó a bheir údarás
dó Gaedheal a thabhairt air féin, agus
thuigfeadh sé ná beadh aon chál aige chun
an teidil sin d'á mbeadh sé i n-éamais
na Gaedhilge.



Ach is féidir do mhórcuid daoine Gaedhilg
d'fhoghluim agus a bheith aca, agus ós féidir —
an Gaedhil d'á bhrí sin iad? Iseadh, chomh
fada agus bhaineann an scéal le na dtoil
féin agus leis na daoine bhuaileann umpa
má's í an Ghaedhilg a chleachtaid leo. Ach
tá tuigsint níos doimhne ar an scéal
ná toil an duine féin. Tá rudaí eile
riachtanach seachas an teanga féin, ach a
bhaineann go dlúth léi, chun deilbh agus cruth
Gaedhealach a thabhairt ar dhuine .i. níor
mhór dó bheith líonta d'oideas béil, de
chultúir agus d'fheallsúnacht agus de
spioraid na nGaedheal a tháinig roimhe.



Tá na neithe sin uile fé scéith na
teangan seo; ach ní h-ionnan é sin a
rádh agus go bhfoghlmochadh dui ne na neithe
sin leis an nGaedhilg a gheobhadh sé ins na
h-aimsearaibh seo. Is baoghal gur beag
de'n dream atá ag foghluim Ghaedhilge fé
láthair atá ag cur aon aithne ar aon rud
ach ar na foclaibh fuara féin. Níor caitheadh
aon dícheall ná aon mhachtnamh fós leis na
tréithe eile do bheir aigne agus meon agus
croidhe do dhuine fé mar bhí, agus atá, ag
na daoine san bhfíor-Ghaeltacht a fuair na
neithe sin ó'n tsean-mhuinntir cois teine.
Siad na neithe sin, dar linn, do bheir duine
'na Ghaedheal agus do bheir aigne Gaedhealach
dó, a mhairfidh ann an fhaid a mhairfidh sé féin.



Ba cheart do lucht chosanta na Gaedhilge
agus do lucht oideachais agus scol i
nÉirinn tuille machtnaimh a dhéanamh, cur i
gcás, ar an bhfeidhm is cóir a bhaint as an
ní go dtugtar “sean-aimsireacht” air i
gcúrsaí náisiúntais agus oideachais leanbh.
Is gádh a n-aigne sin a thumadh i nGaelachas —
ní h-amháin insa teangain féin ach ins na
neithe eile ghabhann léi. Dá bhrí sin líontar
a n-aigne de scéalta na nGaedheal. Tug-
tar eolas dóibh ar an nGobán Saor agus
ar Chailleach Bhéara agus ar an nGárlach
Goileánach; ar an nGaibhlean Gabha agus
an Ghlas Ghaibhneach; ar Fhionn Mhac Cumhail
agus Oscar agus Oisín; ar Chonán agus
Diarmaid; ar Chúchulainn agus Déirdre
agus Clann Lir; ar Dhéaglán is Ciarán is
Colum Cille is Brighid; ar Dhomhnall na
nGeimhleach is Cailleacha na n-Adharc is ar
an Slua Sidhe agus ar Fhathaigh na dtrí
gceann, na dtrí mbeann is na dtrí
muineál. Cuirtear áilneacht Thir na n-Óg
na gcroidhe, bíodh an Ceol Sidhe d'á shamhlú
aca le gach deagh cheol. Bídís ag lorg an
Lupracháin fé gach tor agus bíodh scéal nó
rann nó rádh aca ar gach cnoc is tobar is
sruthán is gleann i n-a dtíompall agus ar
fuaid Éireann. Bíodh aithne ar amhráin
agus ráidhte agus rannaireacht na sean-
daoine aca a ceapadh as an nGaelachas
agus bíodh cuir agus puirt na nGaedheal
aca de ghlan mheabhair. Is mór an t-oideas
atá ag gabháil leis na ceolta san, agus is
cultúr iad i gceol ná sáróchar i n-aon tír.



Is leis na neithe sin agus leis an nGaedhilg
a deintear Gaedheal de leanbh. Ní Gaedheal
é gan iad — ná Éireannach féin Duine
d'fhoghlmóchadh Gaedhilg agus ná faghadh
aithne na neithe eile tríthe is 'na teannta
ní bheadh sa Ghaedhilg do ach forra-chroiceann
a bheadh ag tuitim de gach tráth. Ní
thabharfadh an Ghaedhilg féin an sásamh ná
an líonadh d'á aigne is gádh d'aigne duine
agus ní raghadh sí i ngreim 'na nádúir ná
'na inntleacht agus ní shuidhfí an Gaelachas
insa chathaoir órdha 'na anam.



Is mór idir an duine d'fhoghlmuigh
Gaedhilg ach a gheibheann taithneamh agus
sásamh a anma i Shécspéar agus i nDicens
agus i Robin Hood agus i Robert Emmet
san as Aodhgán Ó Rathghaille agus Raftairí
agus Bodach an Chóta Lachtna agus Seán Ó
Duibhir an Ghleanna. Duine aca — gheibheann
sé biadh a anma as sibhialtacht cine eile
agus is leo a chlaonfaidh sé choidhche i
gcúrsaí inntleachta dá thoil nó gan fios
dó féin; ach gheibheann an duine eile cothú
a anma as aigne a chine féin agus beidh na
daoine agus na h-éachtaí a cruthuigheadh as
an aigne sin choidhche 'na n-eisiompláirí
agus 'na n-adhbhar tagartha agus 'na samhal-
taí comparáide aige, agus bhéarfaid siad
sásamh agus subhachas d'á aigne. I gcúrsaí
an tsaoghail chífidh duine aca neithe a
chuirfidh 'na chuimhne Oisín, Cúchulainn,
Diarmaid, Cailleach Bhéara, Conán, Lir,
Dunlaing Óg, Cearc a' Phrumpa, Bean na
dTrí mBó, an Bárd Scológ, agus na
céadta rud eile a cruthuigheadh as aigne
na nGaedheal. Ins na h-ócáidí céadna
chífidh an duine eile Sir Galahad nó Sir
Launcelot nó Merlin nó Cailleach Endor
na “Hé-diddle-diddle” nó Simple Simon
nó Poor Richard. Nach mór, dá bhrí sin,
idir aigne na beirte — fiú amháin dá bhféad-
adh an dara duine leabhar Malory a rádh i
nGaedhilg ó thúis deire agus “Pussí-cat,
pussí cat, &c.” a chanadh 'na dhiaidh sa
teangain chéadna.



Is ins na sean-neithe sin a cruthuigheadh
ag na daoine tháinig romhainn agus a
ceapadh agus a greanadh agus a tugadh
do'n saoghal i mbrat na Gaedhilge — is
ionnta atá na tréithe is Gaedhlachas ann —
na neithe do bheir cruth agus deilbh
Gaedhealach ar aigne an té a líontar díobh
le linn a óige. Níl saidhbhreas ar bith i
n-aon náisiúntas Gaedhealach gan iad-san
mar snátha fighte tríd agus ba bhocht dealbh
an Ghaedhilg a bheidh tugaithe chun cinn againn
má fhágaimíd 'nár ndiaidh an sean-oideas
san a bhain léi riamh. Is gádh iad a theagasc
insa Ghalltacht agus insa Ghaeltacht feasta
mar tá an Ghaeltacht féin lagaithe sa méid
sin ná tugaid na tuismitheoirí na neithe sin
uatha in aon tslachtmhaire do'n chlainn le
déannaighe.



An Seabhac.



Ceannuigh biadhta ár dtíre féin ó Thomás Ó Murchadha (ar aghaidh príomh-oifig an phuist i gCorcaigh do).


L. 2


ITH DO CHUID sa
“KINCORA”
SRÁID CHÚC, i gCORCAIGH



Reidhse an bhídh agus é blasta te



Freastal nách righin agus
luach do chuid airgid



DINNÉAR TRÍ GCÚRSA AR 2/-



TOGHA LEABTHAN AGUS
BREICFEASTA DÁ RÉIR!



DEOCH
BHLASTA
FHOLÁIN
ISEADH
“TANÓRA”



Sugh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar.



Scríobh chuig



SEÁN Ó DÁLAIGH
is a Chua. tta.,
I gCORCAIGH



in a thaobh.



A GHAEDHEALA! CEANNUIGH BHÚR
GCUID



TÉ, MÍSLEÁIN IS SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS IS UBHLA



MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN
[agus a Chua.,
2, 3, 9, 10 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 3, 9, 10 South Main Street)
CORCAIGH.



SEÁN AGUS A' T-ASAL.



[Blodh as cinnlae do scríobh Tomás Ó Criomhthain
san Oileán Tiar.]



Me i dtigh Sheáin tar éis breicfeast. Bhí
móin uaidh agus bhí an t-asal leigithe amach
ag Méinní. Tagann Seán isteach. “Cár
leigis an t-asal uait?” “Tá sé annsan
thuas i mbarra an bhóthair agat,” ar sise.
“Gurab é an Fear Mór a bhéarfaidh anuas
tu leis,” arsa mo dhuine. “Tá sé chomh
maith agam an ughaim agus a' tsrathar a
thabhairt liom suas mar a bhfuil sé, 'Muire,
agus gan a bheith suas agus anuas leis.”
“Má's fearr leat,” arsa Méinní.



Buaileann chuige an ughaim agus a'
tsrathar istigh innti agus árduigheann
chuige ar a ghualainn iad agus an bóthar
amach nó go sroicheann an áit go mbíonn
a' t-asal.



“Bhaoi!” ar seisean leis an asal; ach
is mó a bhí sé ag druidim uaidh. “Mhuise
fuadar a' tubaiste fút ar maidin,” ar
seisean. “Préach, a dhiabhail! adeirim
leat,” ar seisean; ach do cheap a' t-asal
bocht gur ag glaodhach abhaile chun bidh air
a bhí Seán agus leis sin do bhain sé as na
ceithre cosa, le fánaidh anuas, a raibh
ionnta, agus níor stad gur chuir a cheann
i mboscaod prátaí a bhí ar a' dtaobh amuich
de dhoras. “B'fhéidir le Dia ná stopfadh
an fhairrge féin tu!” arsa Seán thuas go
feargach; “agus ní mór é do cháirde ar
a' saoghal-so chomh maith, go dtí mise a
theach suas leat.”



Nuair a cheap Méinní go raibh Seán leath
slí chun na móna 'seadh bhuail a' t-asal a'
doras isteach. “I gcúntas a' tsaoghail, a
Bhrighde, féach a' t-asal!” “Cail Seán?”
arsa Brighde. “N' fheadar am baist!”
ar sis' “ach mar tá an dime-leaghadh ar an
asal so is dócha gurab amhlaidh a chuaidh sé
ar marc'íocht air agus é thuitim de agus is
dócha gur marbh atá sé sa bhóthar,” arsa
Méinní.



Buaileann Méinní amach, an bóthar suas
ar thuairisc Sheáin. Bíonn Seán 'na coinne
anuas. “Tá a' t-asal age baile,” ar sise.
“Nára fada bheidh, 'mhuis' — ná tu féin ach
oiread leis!’” ar seisean.



Tagaid abhaile le chéile. “Cail a píce
atá annsan?” arsa Seán. “Cad dob' áil
leat de?” ar sise. “Chun a' diabhal a
sháth” ar seisean, “gan mórán moille.”
Sé crích agus deire 'n scéil é gurbh éigeant
a bheith ag faire an chuid eile de'n lá air
chun an asail a shaoradh ar a' bpíce. Ana-
lá grinn ab' eadh é.



SEÁINÍN AN MHEARATHAIL.



Bhí gabha ann fadó gurbh ainm do Seáinín.
Tháinig ár Slánuightheóir isteach an cheárd-
chain chuige lá agus asal aige. Dubhairt
Sé le Seáinín cruidhte a chur fé'n asal do.
Do chuir an gabha na cruidhte fé'n asal,
agus nuair a bhí san deunta aige dubhairt
ár Slánuightheóir leis na trí nithe ba mhaith
leis a lorg Air go bhfaghadh sé Uaidh iad,
“agus,” ar Sisean, “ná dearmhaid t'anam.”



“An cheud ní,” arsa Seáinín, “an chead
duine a shuidhfidh ar an gcathaoir é do
cheangal innte.” “Cad mar gheall ar
t-anam,” ars ár Slánuightheóir. “Bíodh
an t-anam ar an méir fhada,” d'fhreagair
Seáinín. “An tarna ní,” ars an gabha
“mo phócaí a bheith lán d'ór agus d'airgead
i gcomhnuidhe.” “Cad mar gheall ar an
anam,” ars ár Slánuightheóir. “Bíodh an
t-anam ar an méir fhada,” arsa Seáinín.
“An tríomhadh ceann — an cheud duine a
ragaidh isteach insa mhealbhóig sin thall ar
thaobh an fhalla é do cheangal innte istigh.”
“Á!” ars ár Slánuightheóir tá t'anam
dearmhadhtha agat.” “Ná bac leis an
anam,” arsa Seáinín.



Annsin d'imigh ár Slánuightheóir uaidh
agus i gcionn tamaill tháinig an t-Áidhbheir-
seóir chuige. Dubhairt Seáinín leis an
tsnáthaid a bhí insa mhealbhóig thall a
thabhairt do, má b'é a thoil é. Do chuaidh
an t-Áidhbheirseóir ag triall ar an snáthaid
ach má chuaidh do cheangail sé istigh innte.
Annsin do chuir Seáinín córda ar bheul na
mealbhóige agus do bhuail sé siar ar a
dhrom í. Do bhí sé ag imeacht air nó gur
bhuail ceárdhcha leis. Do chuaidh sé isteach
agus dubhairt sé leis an ngabha an mhealbhóg
san do bhualadh dho. Dubhairt an gabha ná
raibh aon ghnó a bheith á bhualadh i dtaobh ná
raibh aon rud shíos ann. Annsin do thug
Seáinín dorn mór airgid do, agus do
bheadh an gabha á bhualadh ar feadh seacht-
mhaine dá leigfeadh sé dho é. Annsin
d'imigh sé leis nó gur bhuail tigh greusaidhe
leis. Dubhairt sé leis an ngreusaidhe an
mhealbhóg son d'fhuadhadh dho. Dubhairt an
greusaidhe ná deunfadh i dtaobh ná raibh
aon phoill innte. Annsin nuair a thug
Seáinín dorn óir agus airgid do d'fhuaidh
sé dho í chun a thoile. Annsin do bhí sé ag
imtheacht air nó gur bhuail muileann leis.
Dubhairt sé leis an muilteóir a mhealbhóg
soin do mheilt do. Dubhairt an muilteóir
ná deunfadh, ach nuair a thug Seáinín dorn
airgid do, do mheil sé dho í.



I gcionn sé nó seacht de bhliadhna na
dhiaidh sin do cailleadh Seáinín, agus nuair
a chuaidh sé go dtí sna Flaithis dubhairt ár
Slánuightheóir leis gur dhein sé dearmhad
ar a anam nuair a bhí sé ar an saoghal.
Annsin do chuir Sé go h-Ifrionn é, ach má
chuir ní leigfeadh an t-Áidhbheirseóir isteach


L. 3


é. Dubhairt sé leis dul go dtí sna
Flaithis arís. D'imigh Seáinín air, agus
do thug ár Slánuightheóir lanntéir agus
coinneall do agus dubhairt Sé leis ach a
mbeadh an choinneall caithte aige go leig-
seadh Sé isteach 'sna Flaithis é. Annsin
do chuir Sé Seáinín ar fuaid an domhain
agus an lanntéir ar lasadh aige agus tá
sé fós ann agus beidh go deó.



Pádraig Mac Gearailt,
Dún-Chaoin.



CAD A DHÉANFAIMÍD FEASTA
GAN GAEDHILGE.



I
Cad a dhéanfaimíd feasda gan Gaedhilge —
Tá “An Lóchrann” geal glé ar lár,
Tá deire le greann is le scéaltaibh —
Do bhaineadh dínn léan thar bárr;
Tá an lampa in easnamh ar Ghaedhealaibh
Do ghealadh an saoghal dóibh tráth,
Beidh an cluiche ag aicmí an Bhéarla
Agus sinne go tréith gan mádh.



II.



Mo thruagh na leanbhaí sa Ghaedhealtacht
Do shluigeadh an Ghaedhilge bhinn
Bheith feasda againn gan féile
Gan ár bpáipéirín dóibh gach mí:
Ár seandaoine beid siad go deórach
Nuair ná tagann “An Lóchrann” chúghainn,
Agus racham go léir in éadóchas
Dá dheascaibh ar fuaid na Mumhan.



III.



Dá mba rud é go bhfeicfinn “An Lóchrann”
Ag teacht chughainn go seólta slán,
Thiocfadh fás a's borradh ar mo dhóchas
Is na scamaill d'imtheóch' chun fáin,
Bheadh rinncí fada i gcros bhóithribh
Is do cloisfí ár gceol go h-árd;
Bheadh breall ar staigíní Sheóirse
Is gan toradh ar a nglór go bráth.



Lorga Liath-bhán.



CAINTEANNA THOMÁISÍN A'
CHEÓIG.



I.



Cad tá ort, a Thomáisín?
Is mó rud atá orm —
Tart is íota
At is líonadh
Crith is fuacht
Ruadh is brise 'mach.



II.



An ólfá deoch, a Thomáisín?
D'ólfainn agus trí dheoch —
Deoch le tart
Deoch gan tart
Deoch ar eagla an tairt.



(Ó Mhuiris Ó Maoláin,
Cluana, Inis Tíomáin)



AN AINM SIN ORT.



Nuair a tháinig na Sasannaigh go hÉirinn
agus go dtí gur imigheadar, bhí fuath agus
droch-mheas ar Ghaedhealaibh aca. Do bhí
a gcos aca ar mhuineál Gaedheal. Do
bhrughadar sa laithigh iad féin agus ar bhain
leo. Chuireadar comharthaí agus mairc-
eanna ortha a thaisbeánfadh go rabhadar
fé smacht aca féin. Do bhaineadar a
dteanga dhíobh agus chuireadar mór-chuid
aca ag labhairt teanga na Sasannach. Do
bhaineadar a n-ainmeacha agus a sloinnte
dhíobh agus chuireadar ainmneacha agus
sloinnte gránna áiféiseacha ortha a chuir
an saoghal mór ag magadh agus ag scige
fútha.



Tá na h-ainmneacha san fós ar chlanna
Gaedheal cé go bhfuil na Sasannaigh imithe.
An Sasannach imithe agus a chomhartha fós
orainn! An amhlaidh is trua linn a imeacht?
An amhlaidh a bhí cion tagaithe againn ar an
slabhra bhí aige orainn? Is ain-uasal an
scéal againn é gach Cárthach a bheith 'na
“Carthy.” gach Ó Mhurchadha a bheith 'na
“Murphy,” gach Raghallach a bheith 'na
“Reilly,” gach Conchubhrach a bheith 'na
“Connor” fé mar bhaist an Sasannach
ortha le linn na daoirse. Cá bhfuil uaisle-
acht Gaedheal agus mórtas an chine imithe
an tráth leanaimíd d'iarsmaí na daoirse
do bhí orainn, an tráth ná caithimíd dinn na
h-ainmneacha truailithe sin a bhaist namhaid
ár gcine orainn. Níor cheart go mbeadh
ceann aca ar aon duine i nÉirinn a thugann
grádh d'á chine nó d'uaisleacht na sínsear
ó dtáinig.



Bíodh ár n-ainmneacha sa bhfuirm is dual
dóibh. Ná bídís againn i gcomhair ócáidí
speisialta amháin ach bídís i n-úsáid againn
i ngach ócáid poiblí agus príobháideach;
agus ná leigimís d'aon duine aon ainm
eile a chur orainn i n-aon ócáid ná cúram.
Cuirfimíd mí-shásamh ar dhaoine gallda ach
nach mithid gur iad-san a crádhfaí.



Má bhíonn leanbh agat tabhair aire gur
ainm Ghaedhealach a baistfear air agus gur
ainm Gaedhealach a chuirfidh an sagart i
Leabhar an Bhaiste, agus an cláradóir insa
Register. Ná glac leathscéal ar bith uatha
ach é dhéanamh.



Cuimhnímis ar Bhrian, ar Mhurchadh, ar
Dhonnchadh, ar Chormac, ar Art, ar Thuathal,
ar na céadta eile do bhí iomráiteach i
nÉirinn lá agus bíodh a n-ainmneacha san
ar an dream a tháinig 'na ndiaidh. Is mar
sin aithneochar gur Gaedhil iad. Tá uais-
leacht, tá stair, tá mórtas ag gabháil leis
na h-ainmneacha breághtha san a bhí ar
ár sínsear Níl uaisleacht ná mórtas ag
gabháil le Murphy, ná Dunphy, ná Dooley,
ná Hooley, ná Haugh, ná Shaw, mar ainm-
neacha. Thánadar ar dhaoine i nÉirinn le
linn daoirse agus donais agus sclábh'íochta.
Bíodh deire againn leo.



TROSCÁN AGUS LEABTHACHA,
ar fheabhas agus ar shaoire.



Deunfad-sa gnó a' Gaedhilg leat!



SEÁN MAC EÓINÍN,
‘CUALUCHT TROSCÁIN NA MUMHAN,’
Sráid a' Chapaill Bhuidhe a 63,
CORCAIGH.



Deuntús na h-Éireann



Iarr
COINNLE AGUS
SOILLSEÁIN OIDHCHE
a deintear i gCorcaigh
agus
FEUCH
CHUIGE
GURB
IAD
A
GHEOBHAIR!



Is iad lucht a ndeunta —



CUALLACHT COINNLE
AN tSEANDÚNA Tta.
Sráid Shan Seáin,
I gCORCAIGH



MÁ THEASTUIGHEANN UAIT



BLÁTHA, TORTHAÍ,
NÓ GLASRAÍ



BLÁTHNAIDÍ, FLEASCA
NÓ CROSA



Téighir chuig



PEIG NÍ DHUBHGÁIN
5a Sráid Pháirliméid,
i gCORCAIGH


L. 4


RACAIREACHT GHRINN
NA TUAITHE



Eachtraithe Thaidhg Uí Chonchubhair idir dhrámaí
ar nós “Caismirt na gCearc” agus “An Dá
Dhrúncaer,” agallmha agus cluithí i gcóir leanbhaí
is daoine fásta, agus amhráin sgléipiúla ar
nós “Pósadh dob' fheárr liom ná bacfainn é,”
“Inghean an Phailitínig,“ “Seán a' bhríste leathair,”
“Ding Dong Dederó,” &rl.



Ana-oireamhnach mar adhbhar do stáidse
Feise nó a leithéid



200 leathanach de Ghreann is ghrádhmhaireacht
2/6 a fhiacha



Le fáil saor tríd an bpost ar 2/9 ó
BHRÚN is Ó NUALÁIN, ÁTH CLIATH, nó ó
MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, nó ó
LIAM RUISÉAL, i gCorcaigh



LEABHAIR! LEABHAIR!



Tá gach saghas le fagháil



ó



LIAM RUISÉAL



68, 69 SR. AN CHAPAILL BHUIDHE
i gCORCAIGH



Guthán: 1133



MÁ THEASTUIGHEANN UAIT
LEABHAR GAEDHILGE DE
SHAGHAS AR BITH



Gheobhair annso é



Deinimíd
LEABHAIR an ATHAR PEADAR
do chraobhscaoile



Sinne Muintir



BRÚIN & NUALLÁIN
Sráid Bhuintrop,
i gCORCAIGH



NA LEANBHAÍ



MÁ'S MAITH LEAT AN GHAEDHEALG DO
THABHAIRT DOD' LEANBHAÍ CUIR GO DTÍ AN
t-AON SCOIL AMHÁIN IN ÉIRINN A nDEUN-
FAR CAINNTEÓIRÍ LÍOMHTHA DHÍOBH IN AON
TEURMA AMHÁIN. CUIMHNIGH GUR EUGCÓIR
MHÓR AR AN LEANBH AN GHAEDHEALG DO CHEILT
AIR, AGUS CUIMHNIGH FÓS GUR FEARR
TEANGA NÁ SPRÉ.



ATÁ AN SCOIL AR SIUBHAL ANOIS, AGUS
ATÁ GACH CÚNTAS LE FAGHBHÁIL Ó'N —



BH'FEAR MÓR,
Coláiste na Rinne,
DÚNGARBHÁN



AN LÓCHRANN.



Seoltar i dtaobh cúrsaí gnótha nó airgid nó
díolacháin nó fógríochtha an pháipéir seo go dtí —



Bainisteoir “An Lóchrann,”
27 Sráid Tucaí i gCorcaigh



agus



Seoltar litreacha i dtaobh eagarthóireachta agus
scríbhneóireachta go dtí —



Fear Eagar “An Lóchrann,”
118 Bóthar Morehampton, Domhnach Broc,
Bleá Cliath.



“An Lóchrann” saor tríd an bpost ar feadh
Bliana … 3/6



AN LÓCHRANN.



Seó arís sinn ar lasadh. Tá cúig
bhliana ó loisceadh sinn i dteannta cuid
mhaith de Chathair Chorchaighe. Nár thagaidh
bás obann arís i n-ár dtreó, guidhimíd.



Dar linn do ghoill easnamh “An
Lóchrann” ar an nGaedhilg i ndeisceart
is i n-iarthar Mumhan le tamall. Le
h-imnidhe chun an bheárna san a líonadh
atáimíd ag dul i mbun an pháipéir seo
a chur amach arís. Théigheadh “An Lóchrann”
ins na tighthibh sa Ghaeltacht agus léightí
ann é agus bhíodh cion air ag óg is ag
aosta. Sin é atá uainn arís. Déanfam
gach iarracht ar an bpáipéar a chur i
n-oiriúint do'n Ghaeltacht. Is mó de ár
bhfonn chuige sin an tuairim atá againn
má thaithnigheann “An Lóchrann” le lucht
na Gaeltachta ná fuil baoghal ar bith ná
beidh meas mór ag daoine sa Ghalldacht
air, leis.



Mar do bhí ag an sean-“Lóchrann” tá
súil againn gurab amhlaidh a bhéas ag an
gceann so. Bhíodh slua ag scríobhadh dhúinn
is ag cuardach 'nár gcomhair. Seo sinn
ag glaodhach thar n-ais ar na scríbhneóirí
a chuireadh maise orainn cheana le n-a
saothar agus sinn ag éileamh a gconganta
arís. Ní le duine ar bith ar leith an
páipéar beag so agus is é dualgas gach
Gaedhil é bhuanú agus é mhaisiú.



D'éiligheamar cabhair ar roinnt dár
sean-cháirdibh chun “An Lóchrann” a chur
i gcló. Fuaireamair an chabhair sin go
fial ó mhór-chuid aca, mar leanas:



AN CHÉAD LIOST D'ÁR LUCHT CHABHRA.



£ s. d.



Coláisde an Daingin … 25 0 0



Coláisde Cairbre … 5 0 0



An Seabhac … … 5 0 0



Tórna … … 5 0 0



A. M. Freeman, Lúnndain … 3 3 0



Abb Mount Mellarí … 2 0 0



Finghin na Leamhna … 2 0 0



Dómhnall Ó Ciosáin, M.G., An Cóbh 2 0 0



Dáith de Stac … 2 0 0



An Canónach Ó Cathaláin, Dr. na Banndan 1 0 0



Art Ó Riain, Áth Cliath … 1 0 0



Mícheál breathnach, M.G., Cill na Mullach 1 0 0



Seosamh Ó Mathúna, Lios Tuathail 1 0 0



Micheál Ó Cuillionáin, an Sciobairín 1 0 0



Dómhnall Ó Súileabháin, Cathair Dómhnall 1 0 0



An Craoibhin … 1 0 0



Tomás Ó Conchubhair, Árd Chigire 1 0 0



Seóirse Mac Niocaill, Príom Chigire 1 0 0



Seán Ó Catháin … 1 0 0



Seán Mac Gearailt, Deilginis 1 0 0



Pádraig Pléimeann, Cill Chuimín 1 0 0



Pádraig Ó Mathúna, Cill Áirne 1 0 0



An t-Athair Seán Ó Loingsigh,



Baile an Fhirtéaraigh … 1 0 0



Liam Ó Lubhaing, Baile an Fhirtéaraigh 1 0 0



Diarmuid Ó Cróinín, Gníomh Goileith 1 0 0



Mícheál Ó Conchubhair, Lios Póil 1 0 0



Mícheál Ó Mathúna, Sagart,
Col. na Dubh Charraige … 1 0 0



An t-Aimhirgíneach — … 1 0 0



R. S. Ó Beagáin, Cigire … 1 0 0



Peadar Ó h-Annracháin … 1 0 0



Seán Ó Conaill, L.L.D., Tráighlí 1 0 0



Mícheál Ó Duibhgeáin, Áth Cliath 1 0 0



Séamus De Lairge, Iol Scoil Náisiúnta 1 0 0



Liam Ó Dómhnaill, Áth Cliath … 1 0 0



Diarmuid Ó Cobhthaigh, Oifig na Seanaide 1 0 0



Dómhnall Ó Súileabháin 1 0 0



Pádraig Mac Suibhne, Cigire 1 0 0



Séamus Ó Fianachta, Árd Chigire 1 0 0



An t-Athair Ó Lachtnáin, S.P., An Léim 1 0 0



An t-Ath. Ó h-Uallacháin 1 0 0



Craobh Phortláirge … 1 0 0



An Seanadóir, P. W. Ó Cionnaith,
Portláirge … 1 0 0



Diarmuid Ó Raghallaigh, An Cóbh 1 0 0



T. F. Rathaille … 1 0 0



An t-Athair Nicolás Ó Riain, Dundroma 10 0



Éamon Ó Donnchadha … 10 0



Neilí Ní Bhriain … 10 0



Pádraig Ó Murchadha, O.S.,
Baile na Cille … 10 0



Brighid Ní Riain, Lios Uí Chearbhaill 10 0



Táimíd buidheach ó chroidhe díobh san
uile. Go bhfágaidh Dia an tsláinte aca.
Do gheall daoine eile go gcabhróchaidís
leis an obair seo agus tá súil againn
nuair a chífid siad é seo ná beidh aon
mhoill eile ar a gcuid oinigh agus ná
beidh sé d'fhiachaibh orainn druidim 'na
choinne.



Do'n dream a thug fógraí gnótha agus
earraí dhúinn tá buidheachas mór ag dul
uainn. Gura fearrde iad é.



An Fear Eagair.



NAMHAID NA GAEDHILGE.



Cé h-é an namhaid is mó atá ag an
nGaedhilg?



Tá an mháthair nó an t-athair go bhfuil sí
aca agus ná labhrann ach Béarla le n-a
gclainn. An Gaedhilgeóir a labhrann
Béarla le na leanbh is cionntach i marbhú na
Gaedhilge é. Is namhaid do'n teangain
é agus is namhaid do náisiúntacht na
h-Éireann é.


L. 5


“SOR SOP” & “SEÁN SCOT.”



Bhíodh an dá ní sin “Sor Sop” (.i.
Sir Sop) agus “Seán Scot” i mbéal-
aibh Gaedhilgeoirí go minic i n-iarthar
Chiarraighe. Lem' chuimhne féin chloisinn
“Seán Scot” d'á thabhairt ar chuid de'n
dream a théigheadh leis “An Dreoilín” Lá
Shan Stiofáin. Ar dhuine dhíobh, go mbíodh
éide agus aghaidh-feidil air, a tugtaí é
agus a bhíodh ar lucht na ngeáitsí a dhéanamh.
Uaireannta bhíodh claidheamh (adhmaid) aige
agus ar uairibh eile bhíodh lamhnán gaoithe
aige ceangailte de bharr slaite. Bhíodh
daoine eile sa Dreoilín, agus bíd fós ann,
go mbíonn éide tuighe ortha agus clogad
fighte de'n adhbhar chéadna. Clúduigheann
an clogad an ceann agus an aghaidh anuas
go h-ucht an duine. Bíonn bior fada árd
anáirde as agus é ag caolú suas go barr.
Tuighe seagail nó cruithneachtan is fearr
chun a dhéanta.



Deich mbliana fichead ó shin bhíodh nós
ann troid a bheith ar siubhal idir dhá
dhream de'n “Dreoilín.” Ba chuige sin
na claidhmhte agus na lamhnáin gaoithe.
Tá san mar chleachtadh imithe as “An
Dreoilín” le blianta deirinneacha agus a
chuimhne imithe ameasc lucht “Dreoilín” a
chur ar bun sa Daingean; cé go mbíonn
fós cuid de'n tsean-chrot ar chuid de na
daoine ann — go mór mór “Sor Sop.”



Ag tagairt do scéal sin “An Dreoilín”
is fiú suim a chur san sliocht so as
Walker's “Historical Memoirs of the Irish
Bards”:



These pieces are called “The Marriage Act,”
“The Servants Serving Their Lord at Table,”
“The Fulling (or thickening) of Cloth,” “The
Cottoning of Frieze,” and “Sir Sop, The Knight
of Straw.”



The principal characters in the latter piece are an
Irish chieftain, such as, Mc Carthy More and an
English one — Sir Sop.



Sir Sop is dressed in straw with a clogad of the
same material on his head. The Irish chieftain is
clad in fine clothes. When they appear on the stage
they are separately attended by inferior officers and
servants who stand at a respectful distance while the
chieftains converse. Sometimes the chief officers
also take part.



A catastrophe is brought about by an altercation
between our two heroes, and ends in single combat.
Sir Sop wounds his adversary who falls, and a
surgeon appears to examine the wound. Regaining
his strength the Irish chieftain retires followed by
Sir Sop. They enter again and renew the combat.
Sir Sop receives a mortal wound and is borne off
the stage. The Irish chieftain, having gained the
field, brandishes his sword and strides exultingly
across the stage. Pausing awhile he addresses
himself to Heaven in thanks for his victory and
then the curtain falls.



The dialogue in these pieces is usually humorous
and interspersed with soliloquies, songs and dances.



Is léir ó'n méid sin gurab é fear an
éide tuighe i “nDreoilín” an Daingin an
“Sor Sop” ó'n tsean-aimsir agus is
cosúil, leis gurab é “Seán Scot” taise
ain-uasal an taoisigh Éireannaigh a bhíodh sa
tseana-chluiche. Ní deacair a thuiscint le
h-imeacht na h-aimsire gur meascadh an
cluiche a luaidh Walker agus a bhíodh 'á
chleachtadh ar aonachaibh, &c., leis an gcluiche
eile An Dreoilín do bhreith tíompall lá Shan
Stiofáin, agus fé dheire gur dearmhadadh
brí an tsean-chluiche díreach fé mar atáthar
ag dearmhad brí cluiche “An Dreoilín”
fé láthair, cé go gcleachtthar fós é mar
chaitheamh airsire agus chun fiacha dighe a
bhailiú. Le h-imeacht na h-aimsire tá
meascadh eile tagaithe sa chluiche. Bíonn
anois “Captaen” ar an “Dreoilín” —
éide ornáideach taosigh air, taoiseach airm
Éireannaigh. Ach ní air sin a tugtar “Seán
Scot” anois. Ar dhuine eile sa “Dreoilín”
nó ar cheathrar nó cúigear aca a tugtar
an ainm. Bíonn uimhir de lucht sop leis
ann. 'Na dteannta san bíonn “amadán”
agus “óinseach.”



Le déannaighe tá an cluiche ag dul ar
fad ar seachrán ó'n sean-nós. Tá an
cuma Gaedhealach ag imeacht de. Ní
greann an chuspóir is mó bhíonn anois aige
ach bailiú airgid chun óil.



“An Seabhac.”



AN LEANBH SA CHLIABHÁN.



Cad í an teanga a labhrann a mháthair
leis? Má tá meas ar Éirinn aici, má tá
meas ar a sínsear aici, má tá meas ar an
leanbh aici labhrann sí Gaedhilg leis óir ní
Sasannach an leanbh ná sínsir an leinbh ach
is Gaedhil iad go dtí so. Má's Sasannach
an mháthair labhrann sí Béarla an tSasannaigh
leis an leanbh agus déanfaidh sí Sasannach
de. Níl aon ionad comhnaidhthe againn i
nÉirinn idir an dá ní — bheith 'nár nGaedheal-
aibh nó bheith 'nár nGallaibh. An mháthair ná
labhrann Gaedhilg le na leanbh is Sasannach
'na croidhe í agus is namhaid do chine
Gaedheal í — d'á deoin nó dá h-aindeoin.



CLUICHE BEAG.



Dubhairt me, dubhairt mé,
Cad é a dubhairt mé?
Dubhairt mé go mbeadh
Sicín chun dinnéir againn.
Ní dubhairt tú mar
Níor bh'fhéidir duit é rádh.



Aon rud ná beadh cheithre cosa fé nó
ceathrar ann ní bheadh sé ceart é rádh.



Caidé an difir idir cearc bhán agus
cearc dhubh?



Tig le circ dhuibh ubh bhán a bhreith ach cha
dtig (ní thig) le circ bháin ubh dhubh a bhreith



Séamus Ó Glasáin do sholáthruigh i n-Ultaibh.



Ceannóchaimíd uait nó
Díolfaimíd leat:



TUIGHE nó ARBHAR nó FEUR



Uainn-ne gheobhair na
SÍOLTA agus an LEASÚ
is tairbhighe amuigh.



Scríobh chugainn. Beidh fáilte
roim litir Gaedhilge againn.



SÉAMUS Ó NÉILL
is a chlann mhac (teo.),
CIONN tSÁILE, sa' Mhumhan.



Cuir 20% led chuid



.i.



CEANNUIGH DEUNTÚS NA
h-ÉIREANN



ó



PHÁDRAIG Ó CONCHUBHAIR
i mBAILE CHAISLEÁN 'N RÓISTIGH



An BHRÉID agus an SAIRS



An BHRÓG agus an CHULAITH



An LÉINE agus an t-EARRADH CNOTÁLTA



Ní bhfaghair cuibheasach ná suarach
Ach feabhas agus fógnamh



Gheobhair freastal fonnmhar
As ní mór éileófar



Glaoidh chughainn nó cuir fios ar liosta
Sé do bhuaic é



BRÓGA BOUSHEL
Is iad is fearr



ÉADACH BOUSHEL
Beireann barr



DEUNFAIDH BOUSHEL
Culaith gan cháim



BOUSHEL
7 Sráid an Droichid,
DR. NA BANNDAN



SCEULTA MHICIL



(An Fear Mór do scríobh iad)



Tá Gaedhealg Greann is Gáire ionnta.



Tá Cainnt Chanta Cheolmhar ionnta.



'Sé an leabhar is oireamhnaighe ar an
margadh é do scoláirí ná fuil an
Ghaedhealg ró-láidir aca



Le faghbháil ó



Rúnaidhe Coláiste na Rinne, Dúngarbhán
nó ó
Chomhlucht Oideachais i mBaile Átha Chliath



SEÁN Ó CONAILL
Dealbhóir Gaedhlach,
SRÁID MHIC CHURTÁIN, CORCAIGH



Sgríobh ag triall air


L. 6


“MIC MO ROGHA!”
(“Mick for me”)



Caith Tobac
“MIC MC QUAID”



Isiad lucht a dheunta —



P. Ó CEARBHAILL
is a Chua (Teor.)
DÚNDEALGAN



CÁ BHFUIL AN PORT THALL?



Tuairim is céad bliain ó shoin do bhí
slataire d fhear óg i mball éigin i lár na
tíre go raibh cleamhnas déanta ag n-a
mhuintir do le cailín áirithe nár thaithn leis.
An lá roimh an bpósa dubhairt sé leis féin
ná pósfadh sé dhóibh í agus go n-imtheóch sé
go Sasanna uatha. Ní raibh sé riamh ar
sgoil agus san áit n-a raibh comhnuidhe air
ní raibh uisge níos mó na abha nó loch le
feiscint. Nuair a shrois sé an cuan mar
a raibh an bád mór, chun dul go Sasana,
chuir an fharaige uathbhás air.



“Ca'il a' port thall?” ar seisean,
“ca'il a' port thall?” “Raghad abhaile
agus pósfad Meág!”



TUILE A BHÁTHFADH CAPALL.



Cailín simplidhe tuaithe ná feacaidh an
fharaige riamh is ar theacht go dtí Cóbh
Chorcaighe dhi sé dubhairt sí le cailín eile
bhí le n-a cois:



“Tá tuile san uisge sin ' bháthfadh
capall!” ar sise.



ó Th. Ó G., Tiobr. Áran.



CONCHUBHAR Ó CAOIMH



REICEADÓIR LEABHAR



Gach ní dá dhéanaighe i bhfuirm
leabhair nú Paipéir Ghaedhilge
le fagháil uaidh



70 SRÁID OLIFÉAR PLUINGCÉAD
I gCORCAIGH



D. T. Ó SÚILLEABHÁIN



Reiceadóir Rothar & Mótar



Gunnaí agus Ceatritsí!



37 SRÁID CHÚC i gCORCAIGH



RÍ NA gCNOC.



Máirín ('na h-aonar): Och mhuise, an
bothán suarach so! Nach orm a bhí an
mí-ádh agus teacht ann. Cad é an
donas a bhí orm an lá phósas iascaire
gan strus gan stóras. Nach me bhí
gan chiall. Ach b'fhéidir le Dia go
dtiubhradh sé ladhar éisc abhaile leis
chun suipéir. [Cuarduigheann sí do'n
ngreideal].



[Micil do theacht isteach agus líonta iascaigh, &c., aige]



Máirín: Thángais.



Micil: Thánga.



Máirín: Is maith an teacht agat é, bail
ó Dhia ort. Cad a bheiris leat chun
suipéir?



Micil: Má's chuige sin atá do ghreideal
ullamh agat, tá sé chomh maith agat é
chur thar n-ais. Ní rugas ar aon rud.



Máirín: Aon rud!



Micil: Seóid a' bharra!



Máirín: Dia linn is Muire, cad imeochaidh
orainn? Conus a chaithis an lá gan
mhaith?



Micil: Arú féach, d'eirigh rud iongantach
dom. Fan agus 'neosad duit é.



Máirín: Ara leig dom led' rudaí iongan-
tacha; b'fhearr liom greim le n-ithe.



Micil: Och, fan go bhfeicir … Éist
nóimeat beag. Nuair chromas ar na
líonta a tharrac bhraitheas an t-ualach
á gcoimeád. “Tá go maith, am
basa,” arsa mis', “ní bheidh aon chúis
gearáin age Máirín anocht.” Thógas
an líon as an uisce — a' gcuirfeá
amach cad a bhí agam?



Máirín: Cá bhfios domh-sa. Madra báithte,
b'fhéidir; nó míol mór.



Micil: Ní h-eadh, a chailín, ach prionnsa.



Máirín: Prionnsa!



Micil: I bhfuirm bardáin.



Máirín: I bhfuirm bardáin — mhuise go
gcuire Dia an rath ort.



Micil: Ní fada, áfach, a dh'fhan sé amhlaidh.
Ní túisce bhí sé caithte amach ar an
gcladach agam ná tháinig a chrot féin
arís air, agus b'in é ar m'aghaidh amach
fear breá óg ná feaca mac a shamhail
riamh le dathúlacht. “A iascaire, a
chroidhe,” ar seisean liom féin, “Is
mise Rí na gCnoc. Tuatha Dé Danann
a chuir i bhfuirm bardáin me agus a
chuir de bhreith orm comhnaidhe i n-íochtar
na fairrge nó go mbeireadh duine
éigin ded' shaghas-sa orm. Táim fé
chomaoin agat, a dhuine mhuinnteartha,
agus ní dhear'ódfad go bráth duit é.”
Nuair a bhí an chainnt sin ráidhte aige
do leath sé a dhá sciathán agus d'eitil
as mo radharc.



Máirín: A dhá sciathán



Micil: Níl focal éithigh ann — dhá sciathán
bhána agus iad chomh geal leis an
sneachta.



Máirín: Ara! bíodh deá'ramh éigin led'
chainnt agus ná bí ag magadh fút
féin — bard in ag cainnt agus prionn-
saí ag eitilt. Níl aon éifeacht leis
mar scéal. Is amhlaidh ná rugais ar
aon ní agus cheapais an scéilín seo
chun ná goilleadh sé ró mhór orm bheith
gan suipéar.



Micil: Ar m'fhocal duit gur thuit an
scéal amach díreach mar táim 'á
innsint duit.



Máirín: Nár chuirimíd bréag ort! Ar
an gcéad dul síos dá ndeinteá an
seirbhís mhór san do Rí na gCnoc ní
chreidfinn choidhche go scaoilfeá uait é
gan cúiteamh a dh'iarraidh air.



Micil: Cad a bhí agam le h-iarraidh air?



Máirín: Nár cheart duit a rádh leis go
raibh do bhean sa bhaile agus gan béile
na h-oidhche aici.



Micil: Dar fia! ní tháinig lá dá chuimhne
dhom.



Máirín: Imigh anois, má seadh, agus abair
leis é.



Micil: Canad, an dóigh leat, cá bhfaghainn
é? Níl aon schiathán agam-sa d'iom-
parochad mé.



Máirín: Dar ndóigh, ní insan aer a
raghthá 'na dhiaidh, a shimpleóir. Imigh
leat amach thar doras agus glaoidh ós
árd air — “a Rí na gCnoc! a Rí na
gCnoc! arsa tus'. Fill thar n-ais —
tá rud agam le rádh leat.”



[Rí na gCnoc do theacht isteach].



Rí na gCnoc: Seo chughaibh me. Cad dob'
áil libh díom!



[Micil is Máire 'dá fheicsint].



Máirín (i leathtaoibh): Ó 'gcúntas a'
tsaoghail. Is fíor é, do réir deá'raimh.



Rí na gCnoc: Cad dob áil libh díom?



Micil (go buartha agus a cheann fé): Aon
rud i n-ao' chor, a Rí Onóraig, aon rud.



Máirín: Do phárdún, a Rí — is mise
ghlaoidh ort chun beagán cainnte 'rádh
leat. Cheapas go — toisc gur thóg
m'fhear as an uisce thu — agus i láthair
na h-uaire go mbeifeá it' bhardán.
Mara mbeadh é — cheapas go mb'fhéidir
gur mhaith leat cúiteamh beag éigin a
dhéanamh leis.



Rí na gCnoc: Bhí t'fhear sásta an mhaith a
dhéanamh gan súil le díol; ach abair
leat cad ba mhaith leat fhagháil.



Máirín: Tá le feiscint agat féin an tslí
suarach atá annso againn. Níl an
chathaoir féin ann a tharraingeochainn
duit. Ach, a Rí, bhíos 'á cheapadh dá
mbeadh oiread againn agus thógfadh
tigh beag slinne — ceann beag deas
taidhseach — fé mar atá age Clás Beag
thíos annsan —



Rí na gCnoc: Ná h-abair níos mó. I
gcionn uair a' chluig raghaidh an bothán
so ar ceal agus beidh an tigh beag
slinne agaibh 'na ionad.



[Rí na gCnoc d'imeacht].



(Tuille teacht)


L. 7


ÉINÍNÍ! ÉINÍNÍ!



[Suantraighe mar atá i leabhar bheidhleadóireachta Threasa
ní Ailpín agus i leabhar an Róistigh].



Gléas E flat nó F.



I.



Éiníní! Éiníní! Éiníní! téigí 'chodla!
Éiníní! Éiníní! Téigí 'chodla go lá!
Éiníní! Éiníní! Éiníní! téigí 'chodla!
Éiníní! Éiníní! Téigí 'chodla go lá!
Téigí chodla! Téigí chodla! Éiníní!
Éiníní!
Téigí 'chodla. Éiníní! téigí chodla
go lá!
Éiníní! Éiníní! Éiníní! téigí 'chodla!
Téigí chodla. Éiníní! cois a' chlaidhe
'muich go lá.



II.



Éiníní! Éiníní! Codaluígí! codaluígí!
Éiníní! Éiníní! Codaluígí go sámh!
Éiníní! Éiníní! Codaluígí! codaluígí!
Éiníní! Éiníní! Codaluígí go sámh!
Codaluígí! Codaluígí! Éiníní! Éiníní!
Codaluígí! Éiníní! Codaluígí go sámh!
Codaluígí! Éiníní smóilíní, druidíní!
Codaluígí! Éiníní! cois a chlaidhe
'muich go sámh.



Finghin na Leamhna do sholáthruigh ó Mhuinntir Fhathaigh i nDún Garbhán. Tá leagan eile de'n bhfonn agus
de sna focail ag Maighréad Ní Annagáin.



Ó CAOIMH.



Tráth dá raibh sé go súgach scléipeach,
fé mar ba mhinic leis do réir tuairisgí,
do bhí seanóir ann is gan tada dá rádh aige.



“Seadh, a dhuine chóir,” arsa Ó Caoimh
leis, “cad déarfá-sa dá labharthá?”



“Déarfainn gur mór a truagh ná fuil
ciall ag Ó Caoimh,” arsa an seanduine.



“Ba scorn le Ó Caoimh ciall do bheith
aige,” arsa an Taoiseach.



Sé deir an fheadóg sléibhe agus é ag
cantain do féin.



“Ó Caoimh! Ó Caoimh!
“Ó Caoimh cómhachtach!
Do mhol an choill ghlas dóibh-sean
Agus do mhol an sliabh dómhsa!”



Deirtear gurbh é Ó Caoimh do chéad-
roinn na tíortha idir na h-éin.



Cloistí “gadhair fiadhaigh Uí Chaoimh”
nuair cailltí taoiseach de'n treabhchas san
i nDúthalla.



ó Sheán Ó Donabháin,
Coiscéim na Caillighe.



BEIRT FHILÍ.



“Diarmuid na Buile” agus “Diarmuid
na Tuille” do tugtaí ortha. Bhíodar
araon ar aonach lá, agus do ghaibh duine
acu mar a raibh an fear eile.



“Gheóbhadh fear buile trí thuile n-a
thán-ruith,” arsa an chéad fhear.



“Agus scuabfadh an tuile fear buile
chun fánaidh!” ars an fear eile.



Nár dheisbhéalach an chainnt í!



Seón Buirséal,
Mainistir Laoighise.



Ó “LÚIREACH PHÁDRAIG.”



Críost liom!
Críost rómham!
Críost im dhiaidh!
Críost ionnam!
Críost fúm!
Críost ós mo chionn!
Críost dom láimh dheis!
Críost dom láimh chlé!



AN FEAR IS FEARR A SHÁSOCHAIDH TU
i dtaobh ROTHAR NUADH nó dtaobh
GLUAISTEÁN a DHEISIÚ



Sé TADHG Ó LAOGHAIRE
Wellesley Road,
DR. NA BANNDAN



ÁIRCÉID NA MUMHAN
gheobhair
LÁMHAINNÍ OLNA
de dhéantús Gaedhal agus de
shaothar lámh. Iad ar a lán saghas
datha mar atá: crón, dubh, glas-
chaorach, geal agus donn.



TÁ EARRAÍ GAEDHLACHA
le feicsint ar gach cúntúis
sa' tsiopa:



ÁIRCÉID NA MUMHAN
le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’
I gCORCAIGH.



AN TIGH
IS FEARR
I nÉIRINN
i gcomhair na neithe seo:



BUINN DEALGA,
FLEASCÁIN, &C.



OBAIR CHONDUALACH
ar an SEÓD LUACHMHAR
(liosta inaisge)



LIAM MAC AODHGÁIN
Is a Chl. Mhac,
Seódoirí & Gaibhne Geala,
31 & 32 Sráid Phádraig NAOMHTHA
I gCORCAIGH



MICHEÁL Ó RAGHALLAIGH
DR. NA BANNDAN



CEANNTÓIR, MEASADÓIR
agus
FEAR LE TRÁCHTÁIL MARA



tá aige



TROSGÁN DO'N TIGH



GLUAISTEÁIN AR BÓITHRE



GACH CÓIR DON tSOCHRAID
'DIR CAPAILL agus CÓISTE



An Tobac agus na Toitíní agus gach nídh eile is fearr le fághail táid dá ndíol ag ÉAMONN Ó COCHLÁIN,
Sráid an Phínigh i gCorcaigh.


L. 8


CHÓMH BLASTA
LE
h-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
“LEANDAR”



TÁ 'Á DHÉANAMH
I gCORCAIGH



ag



Ó DUBHDAILL,
Ó MATHÚNA
agus a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa,
led' thoil.



Tar isteach agus
gheobhair an t-eólas



Deinimíd AN UILE OBAIR LEICRISE



MAC GEARAILT & A CHUA
24 PORT NA gCEANNAITHE
(Láimh le Dr. Phádraig)



gheobhair uatha



Solas do'n tsiopa, do'n tigh,
agus do'n mhótar



Innealradh leicrise
Cóir cianéisteachta



Guthán: 1230.



CRÓNÁN DO'N BHÓ.



Rath Dé ort, a bhóín,
Rath Dé ort i gcomhnaidhe,
Mar a mbíonn do chomhnaidhe,
Do leabaidh is do lóistín.



Tál an bainne orm,
Tál agus tabhair dom,
Agus scaoil chun siubhail me;
Tá deirionnaighe chugham-sa,
Is ní deirionnaighe ag siubhal í —
Ach tuitim an drúchta.



Tál an bainne orm,
Is líon an canna dhom,
Suas go barra dhom,
Is ná bím ag tathaint ort.



Eireochad ar maidin leat,
Agus siubhlóchad cois Fhleasca leat,
Mar a bhfaghad duit fairsinge,
Féar mín fada dhuit,
Agus an tseamróg bharra-ghlas.



Nárab eagal leat
Poll ná madra,
Ná aon chéim charraige
A bhainfeadh an bharthus * duit
Ar linn teacht abhaile dhuit.



Tháinig deoraithe chughainn araer, a bhó,
An tAthair, an Mac agus an Spioraid
[Naomh,
Ní ghlacfaidís im gan feóil,
Is do mharbhuigheamair dóibh do laogh,
[a bhó.



Laogh beag mo bhó,
Laogh mo chroidhe 's mo stór,
Laogh nár tháinig fós,
Is laogh beag eile nó dhó.



Aghaidh do lachta leat,
Cúl do sheasca leat —
Mór-bhraon beannaithe.
Go bhfachtar do thairbhe
A bhanalthra an bhainne sin.



Mo ghraidhn í an bhó,
Is maith í an bhó,
Is im í 's is feoil,
Is solus geal í chun bóird,
Is adharc í chun ceoil,
Is leathar í chun bróg,
Is maith é a cuid bainne le n-ól
Maidean aoibhinn Fhómhair.



Siobhán a' tSagairt i mBéal Átha 'n Ghaorthaigh a
thug do Risteárd Ó Maolchataigh, Taoiseach, T.D.



I mbliain a 1914 fuair an F.E. an chuid seo de i
nGleann Fleisce:



Is maith í an bhó,
Is báinne í le n-ól,
Is im í agus is feoil,
Is solus geal í ar bórd,
Deineann a h-eirball rón,
Agus a h-adharc ceol,
Agus is maith í a leathar chun na mbróg.



Is cuimhin le Seán Ó Conaill i mBólus bhéarsaí
éigin mar iad san a bheith ag Domhnall 'ach Seáin i
mbaile 'n Sceilg. Ní cuimhin leis ach aon líne: “Is
breagh iad t'adharca chun ceoil.” B'fhéidir go raghadh
cuid éigin dár lucht léighte agus go gcuirfidís
tuairisc an “chrónáin” seo ar na seandaoine. Is
luachmhar an seod ón tsean-aimsir an píosa so agus
is fiú fios iomlán a bheith againn 'na thaobh.



Fear an L.



* An bharthus? Aon bharrthuisle.



SLÁINTE.



D'ólfainn do shláinte, agus
D'ólfainn níos feárr í,
Ní ar son bheith ar meisge
Do chuirfinn rómhat fáilte,
Ach siúd ort, is diúg ort,
Is Dé 'bheatha-sa 'd shláinte!



(Ó'n bPriaracht.)



ROYAL
MASTER MODEL



“COMPARE THE WORK.”



“AN GLÉAS CLÓSCRÍOBHTHA IS FEARR CHOIDHCHE”



MÉARÁIN AIR I gCÓIR GAEDHILGE & BÉARLA



Deunfar socrú fé leith le lucht scol agus oideachais



GRAFADÁIN GESTETNER



Reiceadóirí sinn-ne i gcóir an dá ghléas:



CUALLACHT CLÓSCRÍOBHÁIN NA MUMHAN
28 SRÁID MHARLBHORO' I gCORCAIGH



UINSION MAC CÁBA, CILL na MULLACH, Fear Rothar agus Mótar agus Leictrise. Gheobhair mótar ar aimsir uaidh.
Cuir srannsceul chuige.



Cló-chualacht Seandúna, Corcaigh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services