Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lúnasa, 1920
Title
Lúnasa, 1920
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1920
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uim. a 53. LÚNASA, 1920. Dhá Phinginn a Fhiacha. SGILLING SA BHREIS. Seán — Mac Leighinn Tadhg — Mac Leighinn Eoghan — Úncail Thaidhg Fear an Phuist (Tagann Tadhg agus Seán an doras isteach go h-éadtrom aerach. Iad ag rinnce agus ag amhrán. Mála i láimh Thaidhg. Caitheann sé uaidh é.) Seán: Cad tá sa mhála agat a Thaidhg? Tadhg: Ó, tá giúirléidí bhaineann leis an dráma san a bheidh againn istoidhche amárach. Táim-se chun páirt an tsean- duine dhéanamh, agus beidh sé orm an t-amhrán nua do ghabháil. Seán: Cad é an t-amhrán é sin? An é “Óró, a sheanduine leat-sa ní gheobhad- sa!” Tadhg: Tú féin agus “t'óró a sheanduine.” Ar nóin, tá sé sin chómh críona le Matúsalem. Ní h-eadh ach an t-amhrán nua, bínn ud “Uibhe na Lachann.” Seán: “Uibhe na Lachann!” “Uibhe na Lachann!” Níor airígheas riamh san. Scaoil chúghainn cúpla bhéarsa dhe. Tadhg: Mar seo dhéanfad é do ghabháil amárach agus deirim-sé leat, a mhic ó, gur mise a chuirfidh aoibhneas na gcroidhthibh leis. (Tosnuigheann Tadhg ag gabháil an amhráin — “Thug sí prátaí is ím do, 's uibhe na lachann, uibhe na lachann.” Ní dheineann sé ach an méid sin do ghabháil arís agus arís eile. Ar dtúis tagann iongnadh ar Sheán. Méaduigheann ar geaitsí Thaidhg. Téigheann Seán anonn chuige agus cromann sé ag casadh rotha, mar dheadh, ag leigint ar, gur “Hurdy Gurdy” Tadhg. Ní stadann Tadhg go mbuaileann Seán a hata anuas ar a bhéal. Seán: Táim bodhar agat. An iad san na geaitsí a bheidh ar siubhal agat istoidhche amárach? Tadhg (ag gáirídhe): A Sheáin! A Sheáin! ba mhaith fial an fear riamh thú. Cad mar gheall ar an bpúnt úd?” Seán: Ná bí am bodhradh. Tadhg: Púnt, a Sheáin, tá aon phúnt amháin ar iasacht uaim. Táim i gcruadh-chás, sa donas féin de chruadh-chás. Seán (ag gáirídhe): Púnt! Púnt! Le cuimhne na ndaoine ní raibh púnt agam-sa, a mhic mo chroidhe. Tadhg: Cuir uait; is maith tá's agam go bhfuil agus dá phúnt. Seán: Má tá féin ambaisce, tá a mhalairt de ghnó agam díobh. Tadhg: Chómh suirálta 's tá pus ar asal gheobhaidh tú ar ais arís amárach iad agus sgilling sa bhreis, má thugann tú dhom anois iad. Seán: Agus cad é an dul a bheadh agat ar an airgead d'fhagháilt amárach seachas indiu? Ní h-í do mháthair thabhrfaidh duit é pé sgéal é, agus ar nóin, 'sé an sgéal céadna agam féin é. Is amhlaidh fuaireas dá phúnt ar iasacht mé féin. Tadhg: Ní ag brath ar phúnt, ná ar dhá phúnt, ná ar trí púint bead-sa amárach. Tá úncail liom ag teacht abhaile amárach ó Ameirica. Seán: Úncail! Úncail agat-sa! go saoraidh Dia sinn. Cheapas ná raibh aon úncail agat-sa! Bhí fhios agam go raibh úncail agat i n-America, ach ná fuil sé sin marbh. Go ndeinidh Dia trócaire air. Tadhg: Is ar éigin go raibh fhios agam féin go raibh. Do réir deallraimh is greannmhar agus is ait an duine é, ach deirtear go bhfuil sé chómh saidhbhir le Déamar. D'á bhrí sin, níl aon bhaoghal go dtuitfead-sa amach leis. Seán: Táir tógtha go deo a Thaidhg. “Ní fearra dhuit bheith id' cheap céile ná id' strae mhargaid” mar atáir. Bíodh 'na mhargadh, agus na deich sgillinge sa bhreis. Tadhg: Sásta. Seán: Ach cogar i leith chugham, a Thaidhg. An bhfeaca tú riamh an t-úncail sin? Tadhg: Súil níor leagas riamh air, a mhic mo chroidhe; ach is minic d'airigheas mo mháthair 'á rádh go raibh dritheáir aici i n-America. Pé donas a chuir isteach na cheann teacht ár bhfiosrú tar éis fiche blian, má fheadar-sa! Seán: Cathain a bheidh sé annso? Tadhg: Ó, dar so súd, beidh sé annso aon nóimeat anois. Caithfead brostú agus mé féin do chur i gcóir. Fan annsan agus bead thar n-ais chúghat gan aon mhoill. (Imigheann Tadhg amach. Tosnuigh- eann Seán ag léigheamh an pháipéir. Buaileann duine éigin ar an doras. Tagann fear an phuist isteach agus cárta posta 'na láimh aige.) Fear an Phuist: Tadhg Ó Séaghdha? Seán (ag tógaint an chárta posta uaidh): Tabhrfad-sa dho é. (Ag léigheamh an cárta posta) “Ní féidir liom bheith 'nbhúr measc indiu, ach bead ag teacht amáireach ar thraen a trí. Eoghan Ó Cléirigh.” (Deineann sé machtnamh ar feadh tamaill.) Ó, dar so súd, ach déanfad-sa cleas d'imirt ar Thadhg — leigfead orm gur mise an t-úncail. Is dóigh leis go mbeidh sé annso láithreac. Tá na giúirléidí bhaineann leis an dráma annso sa mhála agus cuirfead cuma an tseanduine orm féin. (Osclann sé an mála. Gheibheann an ghruag bhréagach agus rudaí eile agus cuireann air iad.) Am deamhan uaim ach is breagh an seanduine mé! Nach agam bheidh an spórt air! An deamhan pioc aithne riamh a bheidh aige orm. Éist! tá sé ag teacht. Déanfaidh mé suidhe annso. (A dhrom leis an doras.) Tadhg (ag teacht isteach ag amhrán): A Sheáin, a Sheáin, ní fada anois go mbeidh an t-úncail greannmhar san atá agam an doras isteach chúghainn. Bain an chluas anuas díom nó má tá airgead aige go ndéanfad-sa amadán dleathach de agus go mbeidh cuid de agam-sa nó tá an riabhach ann. Seán (ag casachtaigh agus ag leigint air bheith bodhar. Ní fhéachann sé ar Thadhg. É ag cainnt leis féin): Agus is é seo baile mo dhriféar. Sa bhaile arís tar éis na mblianta. Tadhg: Ní h-é sin glor Sheáin. Cé h-é… Ó! m'anam ó'n donas! M'úncail tar éis teacht. Tá an sgéal na phraisigh agam. (Chíonn siad a chéile. Ritheann Tadhg anonn ag fáiltiú roimis.) Tadhg: Ó, céad míle fáilte rómhat abhaile, a Úncail. Agus cionnus atá gach aon ruaine dhíot? Seán (ag athrú a ghutha): Sláinte chúghat. Sláinte chúghat, a Thaidhg. Is dócha gur tusa Tadhg? Cionnus atá sibh uile annso? A Thaidhg, a Thaidhg tagann cuimhne m'óige thar n-ais chúgham nuair chím thú. Ach cá bhfuil do mháthair a Thaidhg? Tadhg: Féac anois, ní raibh aon choinne aici go mbeifeá annso chómh luath so. Ach suidh, suidh, a úncail, agus bíodh rud éigin le n-ithe agus le n-ól agat. Beidh mo mháthair annso um thráthnóna. Is dócha go bhfuilir traochta. Bain díot an hata san agus an chasóg. Seán: Seadh, a Thaidhg, chun an fhírinne d'innsint táim traochta leis an ocras, agus sar a mbainead díom iad so, beidh greim le n-ithe agam ar dtúis, agus le n-ól, leis, má tá sé go h-acrach annsan agat. Tadhg: Ó! ar nóin tá. Seo. Beidh gloine biotáile agat ar dtúis. Tá píopa 's tobac annsan. Ní bheidh an dínnéir againn go mbeidh mo mháthair istigh; dein chómh maith agus is féidir leat. (Ólann Tadhg agus itheann sé mór chuid.). Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh
Ceannóchaimíd uait nó díolfaimíd leat: TUIGHE nó ARBHAR nó FEUR Uainn-ne gheobhair na SÍOLTA agus an LEASÚ is tairbhighe amuigh. Scríobh chugainn. Beidh fáilte roim litir Gaedhilge againn. SÉAMUS Ó NÉILL IS A CHLANN MHAC (Teo.) CIONN tSÁILE, sa' Mhumhain. CAD É AN LEABHAR É SIÚD ATÁ UAIT? Gheóbhaimíd-ne dhuit é; agus deunfaimíd gnó a' Gaedhilg leat, más é is fearr leat. SIOPA NA LEABHAR nGAEDHLACH 45 Sráid ‘Dáson,’ BAILE-ÁTHA-CLIATH. I LIOS TUATHAIL gheobhair GACH CÓIR TIGHE, ÁRAISTÍ IARAINN, ÚIRLISÍ, SÍOLTA agus LEASÚ ó SHEÁN MAC EANNA, I SRÁID AN MHARGAIDH. UAIM-SE A GHEOBHAIR AN ROTHAR MAITH: “AN LÚCÁNIA” Nó deiseóchad MÓTAR nó MÓTARÁN go tapaidh is go toghtha dhuit. PÁDRAIG Ó h-AODHA, Sráid Phembróc, tigh a 4, agus Sráid an Chinn Thuaidh, tigh a 17, i gCORCAIGH. Tadhg (i leath-taoibh): Ar mh'anam, a shean- bhuachaill, má's ar an gcuma san dheineann tú an biadh 's an deoch do chur i bhfolach, dob'usa lánamha go mbeadh dáréag muintire ortha do chothú ná tusa. Seán: Airighim go bhfuilir ag dul ar agaidh go seóidh san Iolsgoil, a Thaidhg. Tadhg: Cuibhsach, a úncail. Ní ceart dom gearán. Bím ag obair go dítheallach pé sgéal é. Tagann sé trom go leor ar mo mháthair bhocht, áfach. D'airighis ná raibh an t-airgead ró fhlúirseach aici is dócha. Seán: Cad é sin agat á rádh? Easba airgid! Seadh, seadh, féach ar sin anois, agus mise nách fios dom cad é méid mo shaidhbhris. Nách mór an náire dhom é! Ach mar adeir an sean-fhocal — “is fearr déanaighe ná ró déanaighe.” B'fhéidir go bhfuil easba airgid ort féin? Tadhg: Ná bíodh focal asat anois go dtí go mbeidh rud éigin ithte agat agus ólta; ní foláir nó atáir traochta. Bíodh gloine eile agat. Ach bain díot iad-san. Taisbeáin. (Beireann sé ar an hata agus tagann an ghruag bhréagach leis. Léimeann Seán ar an dtaobh thiar de chathaoir agus é ag gáirídhe.) Tadhg: M'anam ó'n riabhach! ach is é Seán atá ann! Ó, mhuise! “Báth' is múchadh ná raibh ort i bpoll portaig gan uisge.” Bhí an ropaireacht riamh go daingean istigh id' chroidhe. (Caitheann sé an ghruaig bhréagach uaidh. Tógann Seán iad agus cuireann air arís iad.) Seán: Cionnus a thaithneann t'úncail leat, a Thaidhg? Tadhg: Ná bí am bodhradh. Agus gan sa tigh ach an méid sin go dtiocfaidh mo mháthair. Caithfead rith suas féach- aint a bhfuil aon rud i n-aochar sa tigh. Beidh m'úncail an doras isteach aon nóimeant anois, agus ná déin dearmhad ar a chlaidhre, ná go mbain- fead-sa sásamh díot mar gheall ar an gcleas san fós. (Imigheann sé amach.) (Buaileann Eoghan isteach láithreach. Fear beag canncarach é do réir a dheallraimh. Mórán málaí agus giúirléidí aige.) Eoghan: Go mbeannuighidh Dia annso isteach. Gabh mo leath sgéal ach nách sa tigh seo comhnuigheann muintir Shéaghdha? Seán: Seadh. Annso cómhnuigheann siad. Níl sí féin sa bhaile fé láthair, ach tá Tadhg istigh. Beidh sé annso láithreach. (Eirigheann sé chun imeachta.) Eoghan: Tá súil agam ná fuilim-se ag cur isteach ort agus ná fuilir ag imeacht mar gheall orm-sa. Cara dóibh iseadh mise. Mise úncail Thaidhg (bain- tear geit as Seán.) Seán: Ná bíodh aon eagla ort go bhfuilir ag cur isteach orm. Bím-se isteach 's amach annso go minic. Tá sean-aithne agam ar Thadhg agus ar a mháthair. Tá deithneas orm anois, ach tá súil agam go bhfeicfead arís thú. Beannacht Dé leat go fóil. (Suidheann Eoghan ar chathaoir thall i n-aice na teine — a dhrom leis an doras mar a dtiocfaidh Tadhg isteach.) Tadhg (ag rith isteach agus é ar buille): A dhiablóir, níl faic eile sa tigh. Dubhart go mbeadh sásamh agam agus beidh láithreach. (Bíonn Tadhg ag déanamh geaitsí móra ar an dtaobh thiar d'Eoghan. Bíonn sé ag filleadh suas muinirtlí a chosóige, agus é ar tí sásamh do bhaint a' Seán. Beireann sé ar pheilliúr agus buaileann Eoghan anuas sa phlaosg leis, agus cromann sé ar é thachta agus ar é mhúchadh. Bíonn Eoghan ag sgreadaigh. Tagann Seán isteach na chló féin arís.) Seán: Stad! Stad! amhadáin, an as do mheabhair atáir? H-anaman! Ach tá an sgéal na phraisigh aige anois nó riamh. (Beireann sé ar earbal casóige ar Thadhg. Féachann Tadhg ar an dtaobh thiar de agus chíonn sé Seán. Tuiteann ar chathaoir. Beireann ar phláta agus tosnuigheann 'á chrothadh chun aer a thabhairt do féin. Gheibheann Seán pláta eile agus deineann sé “fan” de os cionn Thaidhg. Eoghan ag tabhairt faobhair a teangain dóibh.) Eoghan (agus é 'á thachta, nach mór, le feirg): Cad é an bligárdíocht é seo? Cad is dóigh libh? Ach tá dlí le fagháil. Cuirfead-sa an dlí oraibh. Cuirfead-sa an dlí oraibh. Bainfead- sa an teasbach díbh. Is dócha gur tusa mac mo dhriféar. Nách mé an t-amad- án críochnaithe; agus mise chun mo mhaoin saoghalta d'fhágaint ag cuirip- theóir mar tusa! Istigh i dtigh mo mhuintire féin leis, agus tar éis na mílte míle do shiubhal. Leig amach as so me. Leig amach as so me. (É ar tí imeacht amach arís ach tagann Seán ag an doras roimis.) Seán: Bíodh foidhne agat anois, is mise fé ndear an tubuiste seo go léir. Bhíos ag cainnt leat cheana. Eoghan: Ní rabhais riamh ag cainnt liom-sa, a dhuine. Níl aon aithne agam ort, agus ní oireann dom aon aithne do chur ort. Seán: Ach tá aithne agat orm. Bhíos ag cainnt leat cheana. Eoghan: Ní rabhas. Seán: Bhíos. Eoghan: Tá bréag agat. Seán: Níl Eoghan: Tá. Seán: Déanfad-sa deimhniú dhuit go rabhas ag cainnt leat. (Osclann sé an mála; tógann amach an ghruaig bhréagach agus cuireann air arís.) Eoghan: An bhfeacaidh aoinne riamh a leithéid sin anois! Agus an é tusa atá ann? Seán: Is mise atá ann, agus is mise fé ndear so, mar a dubhart cheana. Cogair i leith chúgham, a Eoghain Uí Chléirigh, ná an raibh aithne agat ar dhuine dár b'ainm do Seán Ua Ceal- laigh? Eoghan: An é Seán Mór? Seán: An duine céadna. Eoghan: Ar son na n-anam d'ar fhág thú agus an bhfuil Seán Mór 'na bheathaidh fós? B'é an cara ba dhílse a bhí riamh agam. Is mó lá aereach chaitheamar araon annso i dteannta céile. Bhíodh an donas air chun cleasaidheachta. Seán: Tá sé na bheathaidh agus is leathan láidir atá sé leis, moladh le Dia. Is mac do mise. Brisean an dúthchas… Eoghan: Mac de Sheán Mhór! Cuir annsan í. Agus deireann tú liom go bhfuil sé na bheathaidh fós. Seán: Tá ambasa, agus is minic do chuala é, agus is mór iad na sgéalta atá aige ar na rudaí greanmhara dheineadh sibh-se araon nuair bhíobhair óg. “BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile. Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.
Eoghan: Is fíor é, is fíor é. Cá bhfuilir a Thaidhg, a dhiablóir? Sé mo bharúil go bhfuil cosúlacht agat le d'úncail agus go bhfuilir gach ruaine chómh fiain leis nuair bhí seisean óg. (Beireann sé ar láimh air agus ar láimh eile ar Sheáin.) Tadhg: Thá súil agam a úncail, na tógfaidh tú orm… Eoghan: Ná bíodh focal asat. Ach bhfuil pioc sa tigh le n-ithe nó le n-ól? Táim, nách mór, traochta. Ní rabhas chun teacht indiu cor ar bith, ach ó'n nóimeant a chuireas mo chos i dtír, ní leigfeadh an dúil bhí im' chroidhe sibh go léir d'fheiscint dom stad ná staonadh do dhéanamh. Agus is croidh- iúil an fháilte do chuir Tadhg rómham. Tadhg: Ambasa, a úncail, tá eagla orm ná bead ábltha ar aon deoch, ach, fíor- uisge do thabhairt duit go fóil. Chun an fhírinne d'innsint. Tá sé ólta… Eoghan: Ag an úncail bréagach (ag gáirídhe) Dar so súd, ach is mac de Sheán Mhór tusa a Sheáin, gan ann dabht. Osgail an mála mór san agus gheobhaidh tú rud éigin istigh ann. (ag cur a láimhe na phóca agus ag tógaint amach nótaí airigid agus a shíneadh chuig Seán.) Rith amach go dtí an tigh ósta agus tabhair isteach rud éigin, agus ní gádh dhuit aon tsóinseáil do thabhairt chúgham. 'Sé an chéad bhronntanas thug t'úncail riamh duit. Tadhg: A Sheáin, a chlaidhre, seo do phúnt arís duit agus an scilling sa bhreis. Seán Ó Muimhneacháin. Bhí cearc ag piocadh gráinne coirce le h-ais stáca. Thuit cloch anuas sa druim ar an gcirc agus léim an chearc. “Arú! cad tá ort?” ars an coileach léi. “Och!” ars an chearc, “tá an t-aer is an talamh ag tuitim ar a chéile agus téanam ort.” D'imigheadar ortha agus bhuail asal leó. D'fhiafruigh an t-asal díobh cá rabhadar ag dul. “Tá an t-aer is an talamh ag tuitim ar a chéile,” ars an chearc, “agus téanamh ort.” Do lean an t-asal iad. Ní rabhadar i bhfad ag siubhal nuair casadh ortha gé agus d'fhiafruigh an gé dhíobh cá rabhadar ag dul. “Och!” ars an chearc, “tá an t-aer is an talamh ag tuitim ar a chéile, agus téanam ort.” Agus siúd an gé le n-a gcois. Nuair a thuit an oidhche do léim an coileach anáirde ar chrann agus d'fhan an t-asal, an gé agus an chearc cois an chlaidhe. Do chonncadar solus ag bun cnuic tamall uatha agus chuadar 'na threo. Bithiúnaigh a bhí sa tigh agus chonncadar ag ithe iad. Sceinn an chearc isteach agus bhuail sí san aghaidh duine aca. Rith an bithiúnach san leis féin. Bhuail an coileach duine eile 'ca agus rith sé sin amach Rith na bithiúnaigh go léir amach annsan agus chuaidh an chearc, an coileach, an gé agus an t-asal isteach sa tigh agus d'ith- eadar a ndóthain agus bhíodar go lán- tsásta as san amach. Cáit Ní Ciabháin, Fionntráigh. Ba mhaith linn go 'nneosadh duine éigin dúinn brí folaithe an scéilín sin. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. FEAR NA FEOLA. Bhí fear ann tamall ó shin agus bhí ana- dhúil i bhfeoil aige. Diarmaid na Feola a tugtí air. Cheap sé go n-éagfadh sé mara mbeadh blúire beag gach aon lá aige. Ní raibh an duine bocht ró ghustalach agus ní fhéadfadh sé í bheith aige ach go h-annamh. Annsan thosnuigh sé ag marbhú na seana- chearc ach níor réidhtigh an marbhú ró mhaith leis an seana-mhnaoi. Dubhairt sí gur mhó lón di a gcuid ubh le díol di féin chun gráine té nó caisnín tobac a cheannach di féin. Do bhí an duine bocht i n-ana-chás annsan agus do chuimhnigh sé ar fheift eile. D'imigh sé air lá agus téad aige chun rud éigin a sciobadh as poll nó póirse. Ní raibh puinn de'n bhóthar curtha aige dhe nuair a bhuail scata lachan leis i lochán uisce. Do bheir sé ar cheann aca agus do chuir sé uirthi an téad agus do thairrig sé 'na dhiaidh abhaile í. Níor fhan sé le cleite ná sciathán a bhaint di ach í bhualadh treasna na teine. Bhí sé ag gáiridhe leis féin nuair a fuair sé bolath an rósta, agus deireadh sé léi “ná bíodh íocs ná míocs annsan agat anois. Is siciréidighe go mór duit bheith annsan ná bheith amuich san uisce fuar mar a bhfuil an chuid eile 'gaibh.” Seadh, bhí Diarmaid bocht ar a shástacht ar feadh cúpla lá go dtáinig dúil i mblúire beag eile aige. “Dar fia!” ar seisean leis féin, “gheobhad an bóthar céadna arís féachaint an mbuailfeadh aon lacha eile liom.” Bhí sé ag cur de tamall maith nuair á bhuail ana-scata géanna leis. “Tá go mait,” ar seisean, “ní gádh dhom dul níos sia. Is fearr an rósta atá oraibh-se ná ar lachain leathbháithte”. Thug sé iarracht ar bhreith ar cheann aca ach chonnaic an ganndal é agus bheir sé ar cholpa a choise air. “Ná stadfá, a riaigh,” ar seisean, “amás ní tusa tá uaim!” Do chonnaic an bhean, gur léi na géanna, é agus ghlaoidh sí go h-airthinneach air agus d'fhiafruigh de cá raibh sé ag dul leis na géanna. “Ariú a bhean,” ar seisean, “cad dob' áil leat-sa dhíobh; nuair na h-íosfá féin iad téanam agus beidh rósta againn.” “Tá go maith,” ar sise, “tiomáin leat agus beidh saoghal againn ortha.” Thiomáin- eadar leo go dtí an doras iad & dubhairt Diarmaid go h-árd le n-a bhean féin istigh oscailt do — go raibh bean & scata géanna ag teacht aige. D'oscail sí an doras agus scian buile 'na croidhe i dtaobh na mná amuich. “T'anam ón riach!” ar sise, “cá raghaidh tú léi sin nó cá bhfuairis í?” “Is cuma dhuit cá bhfuaireas í ach dein teine mhaith dhúinn agus beidh dinnéar maith againn i bhfochair a chéile.” “Ná an dial teine dhéanfad-sa dhíbh,” ar sise go canncarach, “mara scaoilidh tú chun bóthair í sin.” “Éist,” ar seisean, “ach scaoil isteach sinn agus gheobhaidh tú an cheathrú is fearr de'n ghanndal. “Ní leigfead go deimhin,” ar sise, “mara scaoilidh tú uait í sin.” “Tá's ag fia, mhuise!” arsa Diarmaid, “ná scarfad-sa léi seo go dtí go bprioc- faimíd an ganndal.” Do bhailigheadar leo agus ní chualathas ó shin cár imigheadar. Máiréad Ní Shúilleabháin, Cill Mhic Ciarain. ÁIRCÉID NA MUMHAN ‘Robertston, Ledlie, Ferguson and Co. Ltd.” CORCAIGH, LUCHT DÍOLTA AGUS LUCHT DEUNTA EARRAÍ EUDAIGH. Tá rudaí Gaedhlacha le fáil ag gach cúntúird sa tigh. Cabhraímíd go fonnmhar le gach TIONNSCAL GAEDHLACH. Gheobhaidh do Chlann Mhac TOGHA NA SCOLUÍOCHTA agus deunfar cúram ar leith den GHAOLUINN dóibh, agus beidh gach cóir ar fheabhas aca I GCOLÁISTE FHLANNÁIN le h-ais na h-ÍNSE, I gCONNDAE GHEAL CHLÁIR. AN t-ATHAIR LIAM Ó CINNÉIDE, Ollamh le Diadhacht, An t-Uachtarán. TROSCÁN AGUS LEABTHACHA, ar fheabhas agus ar shaoire. Deunfad-sa gnó a' Gaedhilg leat! SEÁN MAC EÓINÍN, ‘CUALUCHT TROSCÁIN NA MUMHAN,’ Sráid a' Chapaill Bhuidhe a 63, CORCAIGH. Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gleas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill. Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.
TÁ SEÓGH EARRAÍ GAEDHLACHA ANSO sa tsiopa eudaigh is mó agus is fearr i gCiarraidhe. “R. HILLIARD & SONS LTD.’ CILL ÁIRNE, Agus sa t-siopa eile i dTráighlí. Ní chuirfidh aon dlí iasachta isteach ar obair Choláiste na Mumhan I mBEUL ÁTHA AN GHAORTHAIDH IN UIBH LAEGHAIRE sa MHUMHAIN. Faigh Clár an Choláiste indiu ó LIAM DE RÓISTE, T.D., 27 Sráid an Chapaill Bhuidhe, i gCorcaigh. TÁ BAGÚN DO PHOBLACHT ÉIREANN againn-ne; agus UIBHE, IM agus SUBH, agus Earraí Gaedhlacha eile go tiubh. Ó DONNABHÁIN & MAC CÁRTHA 39 Sráid an Phrionnsa, I gCORCAIGH. AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Sráid Ribeáird a 6, i gCorcaigh — an Oifig. An Fear Gnótha: Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh. An Fear Eagair: An Seabhac, Daingean Uí Chúise Na Díoltóirí. Ó Cuill & a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht an Lóchrainn. “SCÉAL FÉIN SCÉAL GACH AONNE AGUS —” Fuaireas an beagán so leanas ó lucht airgid agus bainistighe an pháipéir seo. Is maith leo a gcúrsa innsint anois is arís do'n phobal. Saoghal cruaidh é seo ar pháipéaraibh agus daoine atá imníoch 'nár dtaobh bíonn siad ag cur ár dtuairisc. “An Seabhac.” Táimíd buidheach ó chroidhe dos na Gaedhlaibh a chuir síntiús airgid chugainn le déanaighe. Tá a lán daoine ann gur mhór aca “AN LÓCHRANN” gan aon agó. Fuaireamar congnamh ó lea'- dhosaon Craobh leis ná tug aon ní i bhfuirm síntiúis dúinn roime seo. An congnamh is fearr agus is bunús- aighe a thug Gaedhil aonair dúinn is eadh an iaracht a dheineadar ar fógraí a sholáthar dúinn. Bítear ag fiafraighe dhínn conus a bheidh an scéal i dtaobh cúrsaí airgid as so go dtí deire na bliana. Ní bheidh againn “ach caitheamh is fáil,” agus dar ndó ní h-olc san na laethe so agus páipéar is fiche tréis éagtha le h-easba airgid. Ní gádh a rádh, is dócha, dá mbeadh orainn díol as eagarthóireacht agus bainisteóracht, agus as cléirceas sa cheart ná beadh aon “LÓCHRANN” ann. Ní díoltar sa cheart as aon rud ach a' clódóireacht, agus tá san, dar linn, thar fóir ar fad. Sinn-ne lucht “An Lóchrainn.” S. T. Indiu Lá Lúnasa, 1920. Beirt dritheár a bhí ann, Seán agus Diarmaid. Bhí Seán ana-thugtha do phaid- reacha. Ní thug an saoghal riamh aga do'n duine eile mórán aimsire a chaitheamh le cleachtadh deaghmhóide. Cailleadh iad araon agus ghluaiseadar araon chun geataí na bhFlaitheas. Bhí misneach maith ar fhear na bpaidreach agus bhí sé dána ag gluaiseacht. Ní raibh aon mhisneach ar an nduine bocht eile. Chuaidh Seán 'on doras. Cheap sé ná beadh aon mhoill air ach dul isteach. Ní mar sin a bhí; níor thaithin an tiar- núlacht le lucht an gheata. Chuireadar amach é. Tháinig an tarna fear agus é cúthail go leor. “Mhuise,” ar seisean, “leogaidh isteach Diarmaid ó b'annamh leis iarraidh.” Do leogadar isteach Diarmaid. AN LEITE (as an “Baile seo againn-ne”. Leis an Seabhac.) Donnchadh Pheig — fear an tighe. Neil Bheag Ní Dhálaigh — a bhean. a gclann san: Peats Dhonncha Máirín Dhonncha Neil Óg Máire — comhursa Neil Bheag (ag iarnáil di:) Ó mhuise, nách buartha an saogal é! Bheith ag obair ó mhaidin go h-oidhche agus gan ag duine ach… Ó! Dé bheatha sa, a Mháire. Máire: Go mairir-se, a Neil. Conus táir indiu? Neil: Mhuise, cuibheasach! Ní bhíon an saoghal ró bhreá ag bean tighe riamh, go mór mór, ag mo leithéid-se. Máire: Dhe! cad é sin agat 'á rádh, a chroidhe? Dod' leithéid-se! Dar ndó, níl do leithéid le fáil sa pharóiste mar bhean tighe! Deinean tú gach aon phioc dod' ghno chómh cruinn sin agus chómh slachtmhar. Neil: Ó! is maith chun plámáis tú, a Mháire. Is maith is eól dom fhéin gur mó rud ná deinim sa cheart — an leite, cuir i gcás. Máire: An leite, an eadh? Ná fuil de bhuairt ort ach san? 'S dó. Tá's ag an saoghal nách fuirist leite dhéanamh. Bheadh sí ró reamhar, nó ró tanaidhe agat — nó dóghfaí ort í — nó ní bheadh salann a dóthain uirthi — nó — ní dóichighe sin féin ná an iomarca salainn a chur uirti. Cócaire maith dhéanfad leite. Neil: Is fior 'uit. Sí an leite sin a mhil- lean mise. Teipeann orm í dhéanamh sa cheart i gcomhnuidhe. Máire: Dhe mhuise, ná bac san… Suarachas é! Neil: Suarachas! an eadh! Am briathar nách suarachas é sa tigh seo. Sí an leite sin fhé ndeara gach buairt agus clampar anso! Tá dúil mhór aca sa leitin agus táim-se dearmhadach, tá's agat — Máire: Ó, is olc an rud bheith dearmhadach i mbun leitean — Neil: 'Seadh go deimhin. Is minic a dheinim dearmhad ar an salann. 'S dó! B'fhearra dhom gan aon leite in aon chor a dhéanamh!… Bhí Donncha ar dearg bhuile aréir mar gheall air. Máire: Ariú, cad 'na thaobh? Neil: Mhuise, 'neósad duit… Tháinig sé isteach t'réis an lae ag baint phrátaí. Bhí ocras air dar ndó. 'Shuidh sé ag ceann búird, mar is gnáth. “Leite,” adubhairt sé. Cuiread an leite chuige gan mhoill. Chuir sé lán spiúnóige dhi na bhéal. Dhera! Tháinig grabhas seirbhthin agus gráin air gur dhóigh leat gur purgóid a bhí aige d'iarraidh a sgaoileadh shiar! “Ó mhuiricín,” arsa mise liom féin, “an salann dearmhadta arís agam.” Is mise a bhí ar buile chugam féin! Tá flúirse mhór chainnte ag Donncha, tá's agat, agus maidir le baisteachán — 'sé is fearr chuige Máire: Cad dubhairt sé leat? Neil: “Nár leigidh Dia ach 'mháin dom thu, a leadhb óinsighe,” ar seisean, agus do steall sé an doras amach é. “Sin í agat anois í,” ar seisean, agus chuaidh sé suas chun na teine. Do tharraingigh sé chuige a dhúid, agus do bhaineadh sé tóiteán deataighe aisti. Nuair a chuimhnigheadh sé ar aon chainnt mhaith ghéar, deireadh sé an chainnt, agus grabhas air 'á rádh. Ní gádh dhom a rádh go rabhas go ciúin an chuid eile de'n oidhche. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk. Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk.
Máire: Dhera, dá mbeadh ciall agat, deurfá leis dul a' fead'íl do féin. Neil: Mhuise a Mháire, is amhlaidh a bhíon náire orm, gan an leite bheith déanta go ceart agam — ach — dá bhfaghainn Éire air, ní fhéadfainn cuimhneamh ar an mí-ádh salainn sin, agus sin é fé ndeara an bhuairt agus an clampar go léir. Máire: Dá mbéinn-se id' chás, ní leigfinn don leite sin teacht idir mé agus an suaimhneas pé'r domhan é!… Tá an doircheacht ag teacht cheana féin. Is mithid dom bheith ag bogadh. (Í ag éirghe.) Bíodh ciall agat, a Neil, a ghrá, agus ná cuir aon tsuim i nDonncha ná 'na chuid baisteacháin… Slán agat. Neil: Beannacht Dé leat, a Mháire. (Imigheann Máire amach.) Neil (ag obair léi dhi)… Is fearr dhom an leite mí-ádhmharach san do dhéanamh i gcóir an tsuipéir… Beidh an salann innte anocht, geallaim dhuit. (Í d'fhagháil corcáin na leitean agus í d'á nighe agus dá sgiomradh, agus í do chur uisce ann agus an mhin choirce agus í do chur an chorcáin ar an teine ansan: Í do dhul go dtí an cómhra agus í do thógaint mám salainn as máilín de pháipeur & í dá chur i gcorcán na leitean.) “Seadh, tá liom anocht pé sa domhan sgeul é! (Ag glaodhach ós árd di) — a Neilí, cá bhfuilir? Tá sé i n-am dúinn bheith ag crú' na mbó. Neil óg (lasmuigh): Teacht, a Mham. (Imigheann Neil an cúl doras amach.) Donncha (do theacht isteach; é ag caint le Peats agus le Máirín amuich): Bídh i mbun an chapaill agus na bprátaí… Seadh, táimíd sa bhaile go luath anocht, buidheachas le Dia. (É do dhul go dtí an teine chun a phíopa do lasadh; féachaint ar an leitin do. É dhul go dtí an chómhra ansan agus dornán salainn do chur sa chorcán.) Beidh sí go ceart anocht, pé scéal é. (É do lasadh a phíopa agus d'imtheacht.) Máirín (isteach): Ó, táim leathta ó'n bhfuacht. (Í do dhul go dtí an teine chun í féin a théidheamh.)… Is dócha nár chuimhnigh mo mháthair ar an salann anocht ach chómh beag! (Í ag dul go dtí an chómhra &rl…) Beidh sí “all right” anocht, buidheachas le Dia. (Í do rith amach, agus Geannc do theacht isteach.) Cad tá uait? Geannc: Smut de choinneal. Tá sé ana dhorcha i dtigh na bprátaí. Máirín (ag an doras, ag dul amach): Geóbhair smut sa chómhra… (imigheann sí.) Geannc: (É do dhul go dhtí an cómhra: é d'fheiscint an chorcáin. Stad dó.) “Ar eagla na h-eagla.” (É do dhul go dtí an chómhra agus dorn beag den salann do chur sa chorcán do; é d'fháil coinnile & do dhul amach leis.) Neil (ó'n dtaobh thiar): a Neilí, a dhalta, rith leat agus corruigh an leite ar eagla go ndóghfaí í. Néil óg (ag teacht isteach): Mam bhocht! tá sí cráite ag an leitin chéadna san… (Í d'á corruighe go maith agus í do dhul amach arís: í do stad go h-obann.) Chómh siúrálta agus táim im' beathaidh, níor chuir sí aon tsalann innte! (Í do dhul go dtí an chómhra agus roinnt salainn do chur sa chorcán di.) Ní bheidh m'athair ag gabháil dí anocht, pé sceul é! (Í á chorruighe arís… Neil (ag teacht isteach di; í d'ullmhú an bhúird, &rl. i gcóir an tsupéir. Í do thógaint an corcáin de'n teine. (Donncha agus an chlann do theacht isteach.) Donncha ('na shuidhe dho ag ceann an bhúird.): “Puirseach!” Neil do chur lán pláta dhi chuige. Donncha (é do thógaint lán spiúnóige de'n leitin: é do stad; grabhas air; é do leigint ulfhairt as: “Loiscreán teinn dóite ort, a shrimileálaidhe gan chrích! Cad é an mac mallachtan atá a' séideadh fút, nó an amhlaidh a mheasan tú sinn a mharbhú led' chuid méiseála. Níl faic na ngrást anocht agat ach salann. Go mbeiridh an — (dearg bhuile ar fad air.) Neil (í do ghol): Go dtugadh Dia foidhne dhúinn léi mar leitin. Mheasas go raibh sí i gceart anocht agam marab ionann 's gach aon oidhche eile… Tá mó chroidhe briste aici, mar phuirseach, pé mí-ádh atá anuas uirthi. (Gol di arís.) Donncha: Dhera, ná bí 'ár mbodhradh, tú ag iarraidh a mhilleán a chur ar an lei — (ar leath taoibh… Dar a leabharsa! mé féid a loit an leite!… Ach cad dob' áil liom ag cainnt? Dar ndó, ní dhéanfadh doirnín salainn chómh diail goirt sin ar fad í!) Geannc (leis féin): Mise a dhein an díobháil! Dá mbéadh fhios aige! mharbh- óchadh sé mé! Máirín (scannra uirthi.) Ní leigfead-sa aon rud orm. Neil óg: Is fearra dhómh-sa gan aon fhocal a rádh i dtaobh mo dhoirnín! Donncha (iad go léir i n-a suidhe go neamh- chainnteach cois na teine): Ní h-aon tairbhe bheith ag cainnt… ach, tá mí rath éigin ar an tigh seo seach is a bhfuil de thithe eile sa pharóiste. Ní mar a chéile an leite a bhíon sa tigh seo 's a bhíon in-aon tigh eile. Ní bhíon sí coidhche go bhfeudfadh duine í dh'ithe. Ní fheadar o'n tsaoghal cad é an crann atá anuas uirthi. Éirigh- imís aisti mar leite. Caithimís uainn í. Ná h-ithimís a thuille dhi. Ba mhór an suaineas é. Neil: Ó mhuise! Ba mhór an suaineas ar a dtig é! Donncha: Éirighimís aisti, i n-ainm Dé. An tSiúr Filmíne i gCorcaigh a dhein ‘dráma’ beag de sin. MILITARY RULE IN IRELAND — le h-Erskine Childers. (Ar 6d. ó Chló- lucht Talbóid in Áth Cliath.) Leabhrán a tháinig go tráthúil é sin. Sasanach a bhí in oifig rí Shasana a scríobh. Luach breá raolach é. Cuir cóib de chun do cháirde thar lear agus chun eagarthóirí páipéirí i dtreó is go leathfar an solus i dtaobh cruatain Gaedhal. S. T. PAIDIR DON TÉ NÁ MAIREAN, A CHÁIRDE. Gaedhal óg ná mairean. Liam a ainm. Inneósfar i dtaobh a ghrá mhóir d'á dhúthaigh nuair ná beidh sceana na Seón le scórnaigh Chaitilín. Go ndeinidh an t-Aon Mhac trócaire ar a anam. S. T. BAILE A' BHUINNEÁNA', COIS FARRAIGE. Má's áil leat na laethe saoire chaitheamh mara mbeidh sláinte is aoibhneas le fáil agat, tar go dtí Baile a' Bhuinneána' is féadfair an Ghaedhilg 'fhál chomh maith. Beidh an Coláiste Gaedhilge ar siubhal ó mhí Iúil a 19 go dtí Meadhon Fomhair a 10 SCRÍOBH CHUN AN RÚNAIDHE, Sráid Liam, Lios-Tuathail. Gheobhair ó LÚCÁS DE BÚRCA LÉINTE STOCAÍ BÓNAÍ AGUS CARABHATAÍ DE DHÉANTÚS GAEDHAL. Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile: 105 SRÁID PHÁDRAIG, CORCAIGH. (‘LUKE BURKE’) SOCRAIGH AT' AIGNE I DTAOBH TEACHT 'ON DAINGEAN I MBLIANA. Beidh an Coláiste ar oscailt i rith mí Iúil agus Lúnasa. Cuir fios ar an gclár agus tuairisc i dtaobh lóistín go luath. An Rúnaidhe, Coláiste and Daingin, i gCiarraighe. CARABHATAÍ DEN PHOIPLÍN AR GACH DATH IS AR GACH GNÉ DATHA. LIAM Ó HAIMHEIRGÍN, (‘W. Bergin’) A DHEINEAN DO LUCHT SIOPAITHE. Scriobh ag triall air go 62 SRÁID GHRAFTON, in ÁTH CLIATH. Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX is a chlann mhac (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. “EUDACH NA DRUIPSIGHE.” Níl a shárú ann, a Ghaedhala. Áit atá go Gaedhlach amuigh is amach iseadh an ball in a deintar é — Muileann Eudaigh na Druipsighe, i Múscraidhe, sa' Mhumhain.
I gCORCAIGH A DEINTEAR. Tacán do mhias na bprátaí é sin; é den tsean-shaghas Gaedhlach. GACH RUD RIAMH I BHFUIRM ÁRTHAIGH AIRGID IS FÉIDIR É DHEUNAMH SA TSIOPA SO: Cupáin, Cuacha, agus Cuirn; agus Áraistí i gcóir Té nó Caifí. EARRAÍ DON TEAMPALL mar atá: Cailísí, Monastráin, ‘Ciboria,’ Coinnleóirí, Clogana, agus Seastáin Leabhar Aifrinn, Althóirí Adhmaid, Páileana agus Crannóga. Scríobh ag trial orainn d'iaraidh leabhráin na ndealbhán agus fios luachta na n-earraí: LIAM MAC AODHGÁIN is a Chl. Mhac, Seódóirí agus Gaibhne Geala, 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Churtánaigh, i gCORCAIG Scríobh chuige Ól AGUS MEISCE. 46 Domhnall An píobaire ar meisce 's a bhean ag ól uisce, 's na páistí ag béicigh! Bean ar buile dearg is fear ar meisce síorraidhe Féach mar innsean bean na buile san d'fhear na meiscidhe. 47 — Tosach cuirn do mhnáibh. 48 — Ní ólaid mná fíon ach imthigheann sé le n-a linn. .i. go n-ólaid siad i gan fhios é. 49 — Tart deire an óil. 50 — An té nár ól riamh cárt ná cnagaire bíonn aindise lá a bháis air. BIADH AGUS DEOCHA BIDH. Níorbh' é cáil na nGaedheal riamh go raibh dúil ná suim mhór i mbiadh aca. Fós féin ní mór an bhuaidhirt a chuireann sé ortha ach go mbeadh dóthain réasúnta aca dhe. Ní gnáth leo bheith d'iarraidh a ngoile a mhealladh chun tuille agus a ndóthain d'ithe. B'fhéidir go n-abrochadh lucht a gcáinte gurab amhlaidh ná raibh riamh ag Gaedhealaibh le n-ithe ach “chuid Pháidín de'n mheacan” .i. an t-earball caol le n-ithe agus dá mbeadh a mhalairt aige go bhfhoghlmochadh sé craos bíd a dhéanamh! Ach, dar le duine, ar léigheadh na seanráidhte seo i dtaobh bidh do, níor cheap ár sinnsear riamh gur soghluis é ach gur rud é ba riachtanach agus ná raibh cúis ithte ag duine ach an t-ocras. “Toisc “nach béile bidh biadh gan deoch” tá na gnáth-ráidhte i dtaobh deocha bidh agus béile sa chaibideal so leis. Níl tagairt ann de dheochaibh biotáile ná meisce óir tá caibideal fútha san féin agus faoi neithe eile ghabhann leo. Féach leat “Ól is Ragairne.” 1 — Ní beo gan biadh sinn. 2 — Capall na h-oibre an biadh. .i. An té bhíonn ag obair go cruaidh ní mór do biadh maith. 3 — Arán do ghní rinnce. .i. Cuireann sé brigh i ndaoine. 4 — Fuadar chun an bhidh agus saothar chun an óir. 5 — Duine gan dinnéar beirt chun suip- éar. .i. Bíonn ocras beirte air. 6 — Ní moill ar phuine a chuid bidh. 7 — I n-am an bhidh a rugadh tu. Nuair a thagann duine isteach i dtigh le linn biadh bheith dá ithe. 8 — An té go mbíonn dínnéar aige bíonn fínéith aige. 9 — Ba cheart duit cuimhneamh ar an arán d'ithis. 10 — Leamhnacht na h-athghamhnaighe, gráin- neach na h-athghráinnighe agus raith- eacha mairt. An biadh is fearr ar domhan. II — Blais é is tiocfaidh dúil agat ann, nó 12 — Blais an biadh is íosfair é. Is minic ná beadh dúil i mbiadh ag duine go dtosnochadh sé ar ithe. 13 — I n-ithe na bulóige seadh bhíonn a thástáil. .i. D'fhéachaint ciaca olc nó maith é. 14 — As a bhlaiseadh is fearr é. .i. Tá blas níos fearr ná a chuma air. Biadh rí ruacain, Biadh buachalla báirnigh, 15 Biadh caillighe miongáin — 'S í 'á bpiocadh le snáthaid. Ruacain = cockles, báirnigh = limpets, mion- gáin = perriwinkles. 16 — Feoil go maidí scean. .i. Flúirse mhór. Maidí scean = cosa na scian- búird. 17 — Is fearr fairsing ná fóghanta. 18 — Má's maith é ní beag é. I9 — Ith smior mairt is bí cruaidh tapaidh, — Ith smior muice is bí mór meathta. 20 — Ní fearr buidheacán ná feoil. 21 — Ní fearr biadh ná ciall. 22 — Mara mbeir i mbaile an bhidh bí sa bhaile le na thaoibh. Is maith an chomhairle bheith comhgarach do'n bhiadh. 23 — Is mílse salann ná siúicre. .i. Is fearr dod' shláinte. 24 — Má's searbh is foláin. .i. Biadh nó deoch. 25 — Is mó lá bheimíd ar thaobh an team- paill is ná h-iarrfaidh ár ndrann- dal biadh. Agus dá bhrígh sin deinimís ithe, ól is subhachas! 26 — Is maith an cócaire an cócaire fireann. Is é is fearr nuair a bhíonn sé oilte. 27 — Ní féasta go róstadh. 28 — Is luaithe róstadh ná beirbhiú. 29 — Is fuirist fuinneadh i n-aice na mine. .i. Is fuirist do dhuine rud maith a dhéanamh nuair a bhíonn an chóir, an t-adhbhar agus an gléas go maith aige. 30 — An méid sin mine leis an méid sin uisce. .i. An cion ceart de rud a mheascadh le rud eile nó bheadh an meascadh gan mhaith. 31 — Sé an chéad bhiadh a chuaidh ar shliogán chuige é. Ní le biadh adeirtear é sin ach le teagasc nó sompla nó nós a tugtar do leanbh. 32 — Ola an chroidhe an t-im. 33 — An té itheann an t-im bíonn dath an Phróca air. .i. Dath buidhe. 34 — Prátaí miona mílse mór bhidh beag- chroicinn. 35 — Plúr an phráta a theas. 36 — Is fearr de an bolg an biadh. 37 — Is fearr deire fleadha ná tosach bruighne. Sin é adeir duine a bhíonn déanach ag teacht ar fhleidh nó ar cuireadh dínnéir. 38 — Nuair is gann é an biadh iseadh is fial é roinnt. Adeir lucht maghaidh: “'sé an diabhal é roinnt.” Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha. ‘G. A. A.’ — Camáin Bhreátha Láidre de phréimh na fuinnseóige. Gheóir fios a luachta ó Ch. Ó Conaill agus a Chua., Sráid Liadrom, i gCorcaigh
39 — Scadán idir chúigear. .i. Gannachúis. Lá breagh Samhraidh gan biadh, gan annlan. .i. Nuair a bhíonn na prátaí gann sa Bhealtaine agus sa Mheitheamh. 40 — Arán mór ar beagán taois, Muga mór maide Agus bainne 'bhfad síos. .i. Biadh a fuair duine éigin i dtigh ocrach. 41 — Cuid Pháidín de'n mheacan. .i. An t-eirbaillín caol. Do bhí Páidín beag lag, is cosamháil, agus d'fhág san gan a cheart é. Féach leat “Madraí,” uimh. 15. 42 — Féasta anocht is gorta amáireach. 43 — Franncaigh ag ithe aráin agus fir áilne gan seoid. .i. Arbhar nó plúr a choimeád fé ghlas agus é an dul gan mhaith agus ocras ar dhaoine. 44 — Cnoc nó tráigh a chuireann ocras ar chách. .i. Nuair a bhíd ag obair ionnta. 45 — Is fearr bheith ag lorg bidh ná ag lorg goile. Goile .i. fonn ithte = sláinte. (Tuille le teacht.) An Seabhac. Do bhí daoine uaisle lá chun dínnéir ag an sagart, agus dubhradh le Pádruig go gcaithfeadh sé an biadh a thabhairt an- áirde ó'n gcócaire. Do bhí ag rith go maith leis sa chúram san ach ba ghearr go dtáinig ocras air. “Is mór an peaca,” ar seisean leis féin, “ocras a bheith ar dhuine bocht agus biadh chómh gairid do.” Cad a dhéin sé ach ceathramha a sgiobadh de gach ceann do'n dá lachain a bhí ar an bpláta aige agus iad a dh'ithe. An- san d'iompuigh sé an taobh san fútha. Lá'r na mháireach bhí sé ag siubhal a dteannta an tsagairt. “Do thugas fé ndeara ná raibh ach aon chos amháin faoi na lachain úd indé. Ní fheadair cár imigh an chos eile uatha, a Phádraig,” arsa an sagart. “An bhfeiceann tú ná fuil fé na lachain sin ach leath chos, a athair,” arsa Pádraig ag teasbáint lachan do a bhí 'na seasamh ar leath chois air thaobh an bhóthair. “Cuis, Cuis,” ars' an sagart. Shiubh- luigh na lachain. D'fhéach an sagart ar Phádraig. “B'fhéidir ná dúbharís aon Chuis, Cuis leis na lachain indé.” arsa Pádruig. D'éist an sagart. Bríghid Ní Chiabháin. TUSA IS SINN-NE. Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN,” a chonaicís an fógra. Cabhróchaidh san go mór linn. OIREACHTAS a 1920 I MBAILE ÁTHA CLIATH a deunfar. LÚNASA : AN CHEUD LÁ GO DTÍ AN 7ADH LÁ. AR FAICHE AN CHRÓCAIGH — IOMÁNUÍOCHT: Baile Átha Cliath v. Tiobraid Árann. Peil. Cleasa Lútha. Camóguíocht. ‘Aeríochtana.‘ Comórtaisí Rinnce. Óráideana. Buidheanta Ceoil. 'SA ROTUNDA — Drámana, Cuirmeacha Ceoil, agus Comórtaisí idir Bhuidhntibh Ceoil. I GCOLÁISTE NA H-OLLSCOILE — Amhránuíocht, Seanchus a' Gaedhilg, Reacaireacht, &rl. I DTIGH ÁRD-MHÉIRE ÁTHA CLIATH — An Árd Fheis, Fáiltiú roim na Teachtairí, Cumann na h-Éigse, Oireachtas an Fháinne, agus Céilidhe an Fháinne. Gheobhair TROSCÁN, CÁRRANA, SLINNTE, ÁRAISTÍ CRÉ, TÁTHÁN (‘Nine Elms’ Cement), SÍOLTA agus LEASÚ go maith is go saor ó CHOMPLUCHT UÍ DHONNABHÁIN, I dTRÁIGHLÍ, An siopa is sia ar bun i gCiarraidhe. 'Donovan,’ Tráighlí — an focal sranng-sceul. Scríobh indiu chúca. CEANNUIGH DO CHUID BAGÚIN AGUS DO CHUID EILE LÓIN ó Ó CÉILEACHUIR & MAC EANNA Sráid an Chapaill Bhuidhe a 82, CORCAIGH. DATH DO CHUR AR AN DTEAMPALL nó ar an dtigh, sinn-ne a dheanfaidh go toghtha dhuit é. Bhuamar-na chúig teastas agus dhá dhuais ar an obair DHATHUÍOCHTA AGUS ÓRNÁIDE a dheineamar ó am go h-am. Labhair sa ghuthán linn (‘Tel. a 587,’ Corcaigh) nó scríobh chugainn. DONNCHA & ÁISTÍN Ó NÉILL, 21 Sráid an Acadaimh, I gCORCAIGH. Gach cóir chun tig do dheunamh. ÓN ÚRLÁR GO BÁRR AN TIGHE: Adhmad, Táthán (‘Cement’) & Slinnte; Áraistí Iarainn, Stóbhana, & Bácúsa; Dathán, agus an uile shaghas Íle & Ola. Tá le fághail ó ‘EUSTACE & CO. LTD.,’ I gCORCAIGH. Scríobh chúca. CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne. Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh. Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, & c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
Má tá Leigheasana uait, iad go maith is go saor, tar ag trial orainn-ne, Ó Súileabháin agus Ó Dálaigh 31 Sráid Uashington, CORCAIGH FEÓIL ÚR GHAEDHLACH. Uaim-se gheobhair san, agus EUNLAITH IS GLASAIRÍ. MÍCHEÁL BARÓID, Both a 64 & a 65, Margadh na Feóla, CORCAIGH. Guthán a “276, Corcaigh.” GUAILNEÁIN SEANDÚNA! Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Tráth bhriseadar na húmaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces' Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Calaphort an Phápa, CORCAIGH. ó THOMÁS Ó MURCHADHA a gheobhair biadh maith blasta de dheuntús Gaedhal, i gcóir Céilidhe nó Feise, nó aon tsórt fleidhe. UIBHE, BAGÚN agus GACH SAGHAS EILE LÓIN! SRÁID SHEÓIRSE A 111 (ar aghaidh Árd-Oifige an Phuist anonn), i gCORCAIGH. TÁ MARGAIRÍN ‘LEANDAR’ CÓMH BLASTA, CÓMH MILIS, CÓMH CÚMHRA AD' BHEÓL, LE CÁISE, LE LEAMHNACHT, LE H-IM NÓ MAIRT-FHEÓIL. Tá dhá saghas Margairín 'á dheunamh againn fé láthair, mar atá: “EXTRA LEANDER” agus “LEANDER.” Níl sárú “Extra Leander” le fáil in Éirinn ná in aon tír eile. Bu dhóich le h-aonne gur im a bheadh 'á ithe aige. Scríobh chugainn ar chárta puist agus gheobhair iomlán eolais air. DÚDÁLL, UA MATHÚNA agus a gCualucht, Tta., LUCHT DEUNTA MARGAIRÍN, I gCORCAIGH. DEOCH BHLASTA FHOLÁIN ISEADH “TANÓRA” Súgh Óráistí atá ann agus Cois Laoi a deintar. Scríobh chuig SEÁN Ó DÁLAIGH is a Chua. tta., I gCORCAIGH, in a thaobh. TÁILLIÚIREACHT agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i n-Éirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA., 11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH. DO FHEAR NA FEIRME É SEO: Tá SÍOLTA, LEASÚ, ÚIRLISÍ, agus BIADH BEITHÍOCH le fáil, go maith is go saor, sa tsiopa so: ‘Siopa Plúir is Mine Shráid an Rí,’ An 3adh tigh i Sráid an Churtánaigh, Corcaigh. Scríobh indiu & cuir tuairisc a luacha &c. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail. Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidhech, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh. Cló-bhuailfimíd-ne leabhar Gaedhilge nó leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgan, Dundalk.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services