Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lúnasa, 1920

Title
Lúnasa, 1920
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1920
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uim. a 53. LÚNASA, 1920. Dhá Phinginn a Fhiacha.



SGILLING SA BHREIS.



Seán — Mac Leighinn
Tadhg — Mac Leighinn
Eoghan — Úncail Thaidhg
Fear an Phuist



(Tagann Tadhg agus Seán an doras isteach go
h-éadtrom aerach. Iad ag rinnce agus ag amhrán.
Mála i láimh Thaidhg. Caitheann sé uaidh é.)



Seán: Cad tá sa mhála agat a Thaidhg?



Tadhg: Ó, tá giúirléidí bhaineann leis an
dráma san a bheidh againn istoidhche
amárach. Táim-se chun páirt an tsean-
duine dhéanamh, agus beidh sé orm an
t-amhrán nua do ghabháil.



Seán: Cad é an t-amhrán é sin? An é
“Óró, a sheanduine leat-sa ní gheobhad-
sa!”



Tadhg: Tú féin agus “t'óró a sheanduine.”
Ar nóin, tá sé sin chómh críona le
Matúsalem. Ní h-eadh ach an t-amhrán
nua, bínn ud “Uibhe na Lachann.”



Seán: “Uibhe na Lachann!” “Uibhe na
Lachann!” Níor airígheas riamh san.
Scaoil chúghainn cúpla bhéarsa dhe.



Tadhg: Mar seo dhéanfad é do ghabháil
amárach agus deirim-sé leat, a mhic
ó, gur mise a chuirfidh aoibhneas na
gcroidhthibh leis. (Tosnuigheann Tadhg
ag gabháil an amhráin — “Thug sí prátaí
is ím do, 's uibhe na lachann, uibhe na
lachann.” Ní dheineann sé ach an méid
sin do ghabháil arís agus arís eile.
Ar dtúis tagann iongnadh ar Sheán.
Méaduigheann ar geaitsí Thaidhg.
Téigheann Seán anonn chuige agus
cromann sé ag casadh rotha, mar
dheadh, ag leigint ar, gur “Hurdy
Gurdy” Tadhg. Ní stadann Tadhg
go mbuaileann Seán a hata anuas
ar a bhéal.



Seán: Táim bodhar agat. An iad san na
geaitsí a bheidh ar siubhal agat istoidhche
amárach?



Tadhg (ag gáirídhe): A Sheáin! A Sheáin!
ba mhaith fial an fear riamh thú. Cad
mar gheall ar an bpúnt úd?”



Seán: Ná bí am bodhradh.



Tadhg: Púnt, a Sheáin, tá aon phúnt amháin
ar iasacht uaim. Táim i gcruadh-chás,
sa donas féin de chruadh-chás.



Seán (ag gáirídhe): Púnt! Púnt! Le
cuimhne na ndaoine ní raibh púnt
agam-sa, a mhic mo chroidhe.



Tadhg: Cuir uait; is maith tá's agam go
bhfuil agus dá phúnt.



Seán: Má tá féin ambaisce, tá a mhalairt
de ghnó agam díobh.



Tadhg: Chómh suirálta 's tá pus ar asal
gheobhaidh tú ar ais arís amárach iad
agus sgilling sa bhreis, má thugann
tú dhom anois iad.



Seán: Agus cad é an dul a bheadh agat
ar an airgead d'fhagháilt amárach
seachas indiu? Ní h-í do mháthair
thabhrfaidh duit é pé sgéal é, agus
ar nóin, 'sé an sgéal céadna agam
féin é. Is amhlaidh fuaireas dá phúnt
ar iasacht mé féin.



Tadhg: Ní ag brath ar phúnt, ná ar dhá phúnt,
ná ar trí púint bead-sa amárach. Tá
úncail liom ag teacht abhaile amárach
ó Ameirica.



Seán: Úncail! Úncail agat-sa! go
saoraidh Dia sinn. Cheapas ná raibh
aon úncail agat-sa! Bhí fhios agam
go raibh úncail agat i n-America,
ach ná fuil sé sin marbh. Go ndeinidh
Dia trócaire air.



Tadhg: Is ar éigin go raibh fhios agam
féin go raibh. Do réir deallraimh is
greannmhar agus is ait an duine é,
ach deirtear go bhfuil sé chómh saidhbhir
le Déamar. D'á bhrí sin, níl aon
bhaoghal go dtuitfead-sa amach leis.



Seán: Táir tógtha go deo a Thaidhg. “Ní
fearra dhuit bheith id' cheap céile ná
id' strae mhargaid” mar atáir. Bíodh
'na mhargadh, agus na deich sgillinge
sa bhreis.



Tadhg: Sásta.



Seán: Ach cogar i leith chugham, a Thaidhg.
An bhfeaca tú riamh an t-úncail sin?



Tadhg: Súil níor leagas riamh air, a mhic
mo chroidhe; ach is minic d'airigheas
mo mháthair 'á rádh go raibh dritheáir
aici i n-America. Pé donas a chuir
isteach na cheann teacht ár bhfiosrú tar
éis fiche blian, má fheadar-sa!



Seán: Cathain a bheidh sé annso?



Tadhg: Ó, dar so súd, beidh sé annso aon
nóimeat anois. Caithfead brostú agus
mé féin do chur i gcóir. Fan annsan
agus bead thar n-ais chúghat gan aon
mhoill.



(Imigheann Tadhg amach. Tosnuigh-
eann Seán ag léigheamh an pháipéir.
Buaileann duine éigin ar an doras.
Tagann fear an phuist isteach agus
cárta posta 'na láimh aige.)



Fear an Phuist: Tadhg Ó Séaghdha?



Seán (ag tógaint an chárta posta uaidh):
Tabhrfad-sa dho é. (Ag léigheamh an
cárta posta)



“Ní féidir liom bheith 'nbhúr measc
indiu, ach bead ag teacht amáireach ar
thraen a trí.



Eoghan Ó Cléirigh.”



(Deineann sé machtnamh ar feadh tamaill.)



Ó, dar so súd, ach déanfad-sa cleas
d'imirt ar Thadhg — leigfead orm gur
mise an t-úncail. Is dóigh leis go
mbeidh sé annso láithreac. Tá na
giúirléidí bhaineann leis an dráma
annso sa mhála agus cuirfead cuma
an tseanduine orm féin.



(Osclann sé an mála. Gheibheann an
ghruag bhréagach agus rudaí eile agus
cuireann air iad.)



Am deamhan uaim ach is breagh an
seanduine mé! Nach agam bheidh
an spórt air! An deamhan pioc aithne
riamh a bheidh aige orm. Éist! tá sé
ag teacht. Déanfaidh mé suidhe annso.
(A dhrom leis an doras.)



Tadhg (ag teacht isteach ag amhrán): A
Sheáin, a Sheáin, ní fada anois go mbeidh
an t-úncail greannmhar san atá agam
an doras isteach chúghainn. Bain an
chluas anuas díom nó má tá airgead
aige go ndéanfad-sa amadán dleathach
de agus go mbeidh cuid de agam-sa
nó tá an riabhach ann.



Seán (ag casachtaigh agus ag leigint air
bheith bodhar. Ní fhéachann sé ar Thadhg.
É ag cainnt leis féin): Agus is é
seo baile mo dhriféar. Sa bhaile arís
tar éis na mblianta.



Tadhg: Ní h-é sin glor Sheáin. Cé h-é…
Ó! m'anam ó'n donas! M'úncail tar
éis teacht. Tá an sgéal na phraisigh
agam. (Chíonn siad a chéile. Ritheann
Tadhg anonn ag fáiltiú roimis.)



Tadhg: Ó, céad míle fáilte rómhat abhaile,
a Úncail. Agus cionnus atá gach aon
ruaine dhíot?



Seán (ag athrú a ghutha): Sláinte chúghat.
Sláinte chúghat, a Thaidhg. Is dócha gur
tusa Tadhg? Cionnus atá sibh uile
annso? A Thaidhg, a Thaidhg tagann
cuimhne m'óige thar n-ais chúgham nuair
chím thú. Ach cá bhfuil do mháthair a
Thaidhg?



Tadhg: Féac anois, ní raibh aon choinne
aici go mbeifeá annso chómh luath
so. Ach suidh, suidh, a úncail, agus
bíodh rud éigin le n-ithe agus le n-ól
agat. Beidh mo mháthair annso um
thráthnóna. Is dócha go bhfuilir traochta.
Bain díot an hata san agus an chasóg.



Seán: Seadh, a Thaidhg, chun an fhírinne
d'innsint táim traochta leis an ocras,
agus sar a mbainead díom iad so, beidh
greim le n-ithe agam ar dtúis, agus
le n-ól, leis, má tá sé go h-acrach
annsan agat.



Tadhg: Ó! ar nóin tá. Seo. Beidh gloine
biotáile agat ar dtúis. Tá píopa 's
tobac annsan. Ní bheidh an dínnéir
againn go mbeidh mo mháthair istigh;
dein chómh maith agus is féidir leat.



(Ólann Tadhg agus itheann sé mór chuid.).



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh


L. 2


Ceannóchaimíd uait nó
díolfaimíd leat:



TUIGHE nó ARBHAR nó FEUR



Uainn-ne gheobhair na
SÍOLTA agus an LEASÚ
is tairbhighe amuigh.



Scríobh chugainn. Beidh fáilte
roim litir Gaedhilge againn.



SÉAMUS Ó NÉILL
IS A CHLANN MHAC (Teo.)



CIONN tSÁILE, sa' Mhumhain.



CAD É AN LEABHAR É SIÚD
ATÁ UAIT?



Gheóbhaimíd-ne dhuit é; agus
deunfaimíd gnó a' Gaedhilg
leat, más é is fearr leat.



SIOPA NA LEABHAR nGAEDHLACH
45 Sráid ‘Dáson,’
BAILE-ÁTHA-CLIATH.



I LIOS TUATHAIL
gheobhair



GACH CÓIR TIGHE,
ÁRAISTÍ IARAINN,
ÚIRLISÍ,
SÍOLTA agus
LEASÚ



ó



SHEÁN MAC EANNA,
I SRÁID AN MHARGAIDH.



UAIM-SE A GHEOBHAIR
AN ROTHAR MAITH:



“AN LÚCÁNIA”



Nó deiseóchad MÓTAR nó
MÓTARÁN go tapaidh is
go toghtha dhuit.



PÁDRAIG Ó h-AODHA,



Sráid Phembróc, tigh a 4, agus
Sráid an Chinn Thuaidh, tigh a 17,



i gCORCAIGH.



Tadhg (i leath-taoibh): Ar mh'anam, a shean-
bhuachaill, má's ar an gcuma san
dheineann tú an biadh 's an deoch
do chur i bhfolach, dob'usa lánamha
go mbeadh dáréag muintire ortha
do chothú ná tusa.



Seán: Airighim go bhfuilir ag dul ar
agaidh go seóidh san Iolsgoil, a Thaidhg.



Tadhg: Cuibhsach, a úncail. Ní ceart dom
gearán. Bím ag obair go dítheallach
pé sgéal é. Tagann sé trom go
leor ar mo mháthair bhocht, áfach.
D'airighis ná raibh an t-airgead ró
fhlúirseach aici is dócha.



Seán: Cad é sin agat á rádh? Easba
airgid! Seadh, seadh, féach ar sin
anois, agus mise nách fios dom cad
é méid mo shaidhbhris. Nách mór an
náire dhom é! Ach mar adeir an
sean-fhocal — “is fearr déanaighe ná
ró déanaighe.” B'fhéidir go bhfuil
easba airgid ort féin?



Tadhg: Ná bíodh focal asat anois go dtí
go mbeidh rud éigin ithte agat agus
ólta; ní foláir nó atáir traochta.
Bíodh gloine eile agat. Ach bain díot
iad-san. Taisbeáin.



(Beireann sé ar an hata agus tagann
an ghruag bhréagach leis. Léimeann Seán
ar an dtaobh thiar de chathaoir agus é ag
gáirídhe.)



Tadhg: M'anam ó'n riabhach! ach is é Seán
atá ann! Ó, mhuise! “Báth' is múchadh
ná raibh ort i bpoll portaig gan
uisge.” Bhí an ropaireacht riamh go
daingean istigh id' chroidhe.



(Caitheann sé an ghruaig bhréagach uaidh.
Tógann Seán iad agus cuireann air arís
iad.)



Seán: Cionnus a thaithneann t'úncail leat,
a Thaidhg?



Tadhg: Ná bí am bodhradh. Agus gan sa
tigh ach an méid sin go dtiocfaidh
mo mháthair. Caithfead rith suas féach-
aint a bhfuil aon rud i n-aochar sa
tigh. Beidh m'úncail an doras isteach
aon nóimeant anois, agus ná déin
dearmhad ar a chlaidhre, ná go mbain-
fead-sa sásamh díot mar gheall ar an
gcleas san fós. (Imigheann sé amach.)



(Buaileann Eoghan isteach láithreach. Fear
beag canncarach é do réir a dheallraimh.
Mórán málaí agus giúirléidí aige.)



Eoghan: Go mbeannuighidh Dia annso isteach.
Gabh mo leath sgéal ach nách sa tigh
seo comhnuigheann muintir Shéaghdha?



Seán: Seadh. Annso cómhnuigheann siad.
Níl sí féin sa bhaile fé láthair, ach tá
Tadhg istigh. Beidh sé annso láithreach.
(Eirigheann sé chun imeachta.)



Eoghan: Tá súil agam ná fuilim-se ag
cur isteach ort agus ná fuilir ag
imeacht mar gheall orm-sa. Cara dóibh
iseadh mise. Mise úncail Thaidhg (bain-
tear geit as Seán.)



Seán: Ná bíodh aon eagla ort go bhfuilir
ag cur isteach orm. Bím-se isteach 's
amach annso go minic. Tá sean-aithne
agam ar Thadhg agus ar a mháthair. Tá
deithneas orm anois, ach tá súil agam
go bhfeicfead arís thú. Beannacht Dé
leat go fóil.



(Suidheann Eoghan ar chathaoir thall i n-aice
na teine — a dhrom leis an doras mar a
dtiocfaidh Tadhg isteach.)



Tadhg (ag rith isteach agus é ar buille):
A dhiablóir, níl faic eile sa tigh.
Dubhart go mbeadh sásamh agam agus
beidh láithreach.



(Bíonn Tadhg ag déanamh geaitsí móra
ar an dtaobh thiar d'Eoghan. Bíonn sé ag
filleadh suas muinirtlí a chosóige, agus é
ar tí sásamh do bhaint a' Seán. Beireann
sé ar pheilliúr agus buaileann Eoghan anuas
sa phlaosg leis, agus cromann sé ar é
thachta agus ar é mhúchadh. Bíonn Eoghan ag
sgreadaigh. Tagann Seán isteach na chló
féin arís.)



Seán: Stad! Stad! amhadáin, an as
do mheabhair atáir? H-anaman! Ach
tá an sgéal na phraisigh aige anois
nó riamh. (Beireann sé ar earbal
casóige ar Thadhg. Féachann Tadhg ar
an dtaobh thiar de agus chíonn sé Seán.
Tuiteann ar chathaoir. Beireann ar
phláta agus tosnuigheann 'á chrothadh
chun aer a thabhairt do féin. Gheibheann
Seán pláta eile agus deineann sé
“fan” de os cionn Thaidhg. Eoghan
ag tabhairt faobhair a teangain dóibh.)



Eoghan (agus é 'á thachta, nach mór, le
feirg): Cad é an bligárdíocht é
seo? Cad is dóigh libh? Ach tá dlí
le fagháil. Cuirfead-sa an dlí oraibh.
Cuirfead-sa an dlí oraibh. Bainfead-
sa an teasbach díbh. Is dócha gur tusa
mac mo dhriféar. Nách mé an t-amad-
án críochnaithe; agus mise chun mo
mhaoin saoghalta d'fhágaint ag cuirip-
theóir mar tusa! Istigh i dtigh mo
mhuintire féin leis, agus tar éis na
mílte míle do shiubhal. Leig amach
as so me. Leig amach as so me.



(É ar tí imeacht amach arís ach tagann
Seán ag an doras roimis.)



Seán: Bíodh foidhne agat anois, is mise
fé ndear an tubuiste seo go léir.
Bhíos ag cainnt leat cheana.



Eoghan: Ní rabhais riamh ag cainnt liom-sa,
a dhuine. Níl aon aithne agam ort,
agus ní oireann dom aon aithne do
chur ort.



Seán: Ach tá aithne agat orm. Bhíos ag
cainnt leat cheana.



Eoghan: Ní rabhas.



Seán: Bhíos.



Eoghan: Tá bréag agat.



Seán: Níl



Eoghan: Tá.



Seán: Déanfad-sa deimhniú dhuit go rabhas
ag cainnt leat.



(Osclann sé an mála; tógann amach an
ghruaig bhréagach agus cuireann air arís.)



Eoghan: An bhfeacaidh aoinne riamh a leithéid
sin anois! Agus an é tusa atá ann?



Seán: Is mise atá ann, agus is mise
fé ndear so, mar a dubhart cheana.
Cogair i leith chúgham, a Eoghain Uí
Chléirigh, ná an raibh aithne agat ar
dhuine dár b'ainm do Seán Ua Ceal-
laigh?



Eoghan: An é Seán Mór?



Seán: An duine céadna.



Eoghan: Ar son na n-anam d'ar fhág thú
agus an bhfuil Seán Mór 'na bheathaidh
fós? B'é an cara ba dhílse a bhí riamh
agam. Is mó lá aereach chaitheamar
araon annso i dteannta céile. Bhíodh
an donas air chun cleasaidheachta.



Seán: Tá sé na bheathaidh agus is leathan
láidir atá sé leis, moladh le Dia.
Is mac do mise. Brisean an dúthchas…



Eoghan: Mac de Sheán Mhór! Cuir annsan
í. Agus deireann tú liom go bhfuil
sé na bheathaidh fós.



Seán: Tá ambasa, agus is minic do chuala
é, agus is mór iad na sgéalta atá
aige ar na rudaí greanmhara dheineadh
sibh-se araon nuair bhíobhair óg.



“BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile.



Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.


L. 3


Eoghan: Is fíor é, is fíor é. Cá bhfuilir
a Thaidhg, a dhiablóir? Sé mo bharúil
go bhfuil cosúlacht agat le d'úncail
agus go bhfuilir gach ruaine chómh fiain
leis nuair bhí seisean óg.



(Beireann sé ar láimh air agus ar láimh
eile ar Sheáin.)



Tadhg: Thá súil agam a úncail, na tógfaidh
tú orm…



Eoghan: Ná bíodh focal asat. Ach bhfuil
pioc sa tigh le n-ithe nó le n-ól?
Táim, nách mór, traochta. Ní rabhas
chun teacht indiu cor ar bith, ach ó'n
nóimeant a chuireas mo chos i dtír,
ní leigfeadh an dúil bhí im' chroidhe
sibh go léir d'fheiscint dom stad ná
staonadh do dhéanamh. Agus is croidh-
iúil an fháilte do chuir Tadhg rómham.



Tadhg: Ambasa, a úncail, tá eagla orm
ná bead ábltha ar aon deoch, ach, fíor-
uisge do thabhairt duit go fóil. Chun
an fhírinne d'innsint. Tá sé ólta…



Eoghan: Ag an úncail bréagach (ag gáirídhe)
Dar so súd, ach is mac de Sheán Mhór
tusa a Sheáin, gan ann dabht. Osgail
an mála mór san agus gheobhaidh tú
rud éigin istigh ann. (ag cur a láimhe
na phóca agus ag tógaint amach nótaí
airigid agus a shíneadh chuig Seán.)
Rith amach go dtí an tigh ósta agus
tabhair isteach rud éigin, agus ní
gádh dhuit aon tsóinseáil do thabhairt
chúgham. 'Sé an chéad bhronntanas
thug t'úncail riamh duit.



Tadhg: A Sheáin, a chlaidhre, seo do phúnt
arís duit agus an scilling sa bhreis.



Seán Ó Muimhneacháin.



Bhí cearc ag piocadh gráinne coirce
le h-ais stáca. Thuit cloch anuas sa
druim ar an gcirc agus léim an chearc.
“Arú! cad tá ort?” ars an coileach
léi. “Och!” ars an chearc, “tá an t-aer
is an talamh ag tuitim ar a chéile agus
téanam ort.”



D'imigheadar ortha agus bhuail asal leó.
D'fhiafruigh an t-asal díobh cá rabhadar ag
dul. “Tá an t-aer is an talamh ag tuitim
ar a chéile,” ars an chearc, “agus téanamh
ort.” Do lean an t-asal iad.



Ní rabhadar i bhfad ag siubhal nuair
casadh ortha gé agus d'fhiafruigh an gé
dhíobh cá rabhadar ag dul. “Och!” ars
an chearc, “tá an t-aer is an talamh ag
tuitim ar a chéile, agus téanam ort.”
Agus siúd an gé le n-a gcois.



Nuair a thuit an oidhche do léim an
coileach anáirde ar chrann agus d'fhan
an t-asal, an gé agus an chearc cois
an chlaidhe. Do chonncadar solus ag bun
cnuic tamall uatha agus chuadar 'na threo.
Bithiúnaigh a bhí sa tigh agus chonncadar
ag ithe iad. Sceinn an chearc isteach agus
bhuail sí san aghaidh duine aca. Rith an
bithiúnach san leis féin. Bhuail an coileach
duine eile 'ca agus rith sé sin amach
Rith na bithiúnaigh go léir amach annsan
agus chuaidh an chearc, an coileach, an gé
agus an t-asal isteach sa tigh agus d'ith-
eadar a ndóthain agus bhíodar go lán-
tsásta as san amach.



Cáit Ní Ciabháin, Fionntráigh.



Ba mhaith linn go 'nneosadh duine éigin dúinn
brí folaithe an scéilín sin.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



FEAR NA FEOLA.



Bhí fear ann tamall ó shin agus bhí ana-
dhúil i bhfeoil aige. Diarmaid na Feola
a tugtí air. Cheap sé go n-éagfadh sé
mara mbeadh blúire beag gach aon lá aige.
Ní raibh an duine bocht ró ghustalach agus
ní fhéadfadh sé í bheith aige ach go h-annamh.
Annsan thosnuigh sé ag marbhú na seana-
chearc ach níor réidhtigh an marbhú ró mhaith
leis an seana-mhnaoi. Dubhairt sí gur mhó
lón di a gcuid ubh le díol di féin chun
gráine té nó caisnín tobac a cheannach di
féin. Do bhí an duine bocht i n-ana-chás
annsan agus do chuimhnigh sé ar fheift eile.
D'imigh sé air lá agus téad aige chun rud
éigin a sciobadh as poll nó póirse.



Ní raibh puinn de'n bhóthar curtha aige
dhe nuair a bhuail scata lachan leis i lochán
uisce. Do bheir sé ar cheann aca agus
do chuir sé uirthi an téad agus do thairrig
sé 'na dhiaidh abhaile í. Níor fhan sé le
cleite ná sciathán a bhaint di ach í bhualadh
treasna na teine. Bhí sé ag gáiridhe leis
féin nuair a fuair sé bolath an rósta, agus
deireadh sé léi “ná bíodh íocs ná míocs
annsan agat anois. Is siciréidighe go mór
duit bheith annsan ná bheith amuich san uisce
fuar mar a bhfuil an chuid eile 'gaibh.”



Seadh, bhí Diarmaid bocht ar a shástacht
ar feadh cúpla lá go dtáinig dúil i
mblúire beag eile aige. “Dar fia!”
ar seisean leis féin, “gheobhad an bóthar
céadna arís féachaint an mbuailfeadh aon
lacha eile liom.” Bhí sé ag cur de tamall
maith nuair á bhuail ana-scata géanna leis.
“Tá go mait,” ar seisean, “ní gádh dhom
dul níos sia. Is fearr an rósta atá
oraibh-se ná ar lachain leathbháithte”. Thug
sé iarracht ar bhreith ar cheann aca ach
chonnaic an ganndal é agus bheir sé ar
cholpa a choise air. “Ná stadfá, a riaigh,”
ar seisean, “amás ní tusa tá uaim!”
Do chonnaic an bhean, gur léi na géanna,
é agus ghlaoidh sí go h-airthinneach air agus
d'fhiafruigh de cá raibh sé ag dul leis na
géanna. “Ariú a bhean,” ar seisean, “cad
dob' áil leat-sa dhíobh; nuair na h-íosfá
féin iad téanam agus beidh rósta againn.”



“Tá go maith,” ar sise, “tiomáin leat
agus beidh saoghal againn ortha.” Thiomáin-
eadar leo go dtí an doras iad & dubhairt
Diarmaid go h-árd le n-a bhean féin istigh
oscailt do — go raibh bean & scata géanna
ag teacht aige. D'oscail sí an doras agus
scian buile 'na croidhe i dtaobh na mná
amuich. “T'anam ón riach!” ar sise, “cá
raghaidh tú léi sin nó cá bhfuairis í?” “Is
cuma dhuit cá bhfuaireas í ach dein teine
mhaith dhúinn agus beidh dinnéar maith againn
i bhfochair a chéile.” “Ná an dial teine
dhéanfad-sa dhíbh,” ar sise go canncarach,
“mara scaoilidh tú chun bóthair í sin.”
“Éist,” ar seisean, “ach scaoil isteach sinn
agus gheobhaidh tú an cheathrú is fearr de'n
ghanndal. “Ní leigfead go deimhin,” ar
sise, “mara scaoilidh tú uait í sin.”
“Tá's ag fia, mhuise!” arsa Diarmaid,
“ná scarfad-sa léi seo go dtí go bprioc-
faimíd an ganndal.”



Do bhailigheadar leo agus ní chualathas
ó shin cár imigheadar.



Máiréad Ní Shúilleabháin,
Cill Mhic Ciarain.



ÁIRCÉID NA MUMHAN



‘Robertston, Ledlie, Ferguson and Co. Ltd.”



CORCAIGH,



LUCHT DÍOLTA AGUS LUCHT DEUNTA
EARRAÍ EUDAIGH.



Tá rudaí Gaedhlacha le fáil ag gach
cúntúird sa tigh. Cabhraímíd
go fonnmhar le gach



TIONNSCAL GAEDHLACH.



Gheobhaidh do
Chlann Mhac



TOGHA NA SCOLUÍOCHTA



agus deunfar cúram ar
leith den GHAOLUINN
dóibh, agus beidh gach
cóir ar fheabhas aca



I GCOLÁISTE FHLANNÁIN



le h-ais na h-ÍNSE,



I gCONNDAE GHEAL CHLÁIR.



AN t-ATHAIR LIAM Ó CINNÉIDE,



Ollamh le Diadhacht,
An t-Uachtarán.



TROSCÁN AGUS LEABTHACHA,



ar fheabhas agus ar shaoire.



Deunfad-sa gnó a' Gaedhilg leat!



SEÁN MAC EÓINÍN,



‘CUALUCHT TROSCÁIN NA MUMHAN,’



Sráid a' Chapaill Bhuidhe a 63,



CORCAIGH.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gleas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.


L. 4


TÁ SEÓGH EARRAÍ
GAEDHLACHA ANSO



sa tsiopa eudaigh is
mó agus is fearr
i gCiarraidhe.



“R. HILLIARD & SONS LTD.’



CILL ÁIRNE,



Agus sa t-siopa eile i dTráighlí.



Ní chuirfidh aon dlí
iasachta isteach
ar obair



Choláiste na Mumhan



I mBEUL ÁTHA AN GHAORTHAIDH
IN UIBH LAEGHAIRE
sa MHUMHAIN.



Faigh Clár an Choláiste indiu ó



LIAM DE RÓISTE, T.D.,
27 Sráid an Chapaill Bhuidhe,
i gCorcaigh.



TÁ BAGÚN
DO PHOBLACHT ÉIREANN
againn-ne;



agus UIBHE, IM
agus SUBH, agus



Earraí Gaedhlacha eile go tiubh.



Ó DONNABHÁIN & MAC CÁRTHA



39 Sráid an Phrionnsa,



I gCORCAIGH.



AN LÓCHRANN.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Sráid Ribeáird a 6, i gCorcaigh — an Oifig.



An Fear Gnótha:
Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh.



An Fear Eagair:



An Seabhac, Daingean Uí Chúise



Na Díoltóirí.



Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh



Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid
ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go
ceann bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht an Lóchrainn.



“SCÉAL FÉIN SCÉAL GACH
AONNE AGUS —”



Fuaireas an beagán so leanas ó lucht
airgid agus bainistighe an pháipéir seo.
Is maith leo a gcúrsa innsint anois
is arís do'n phobal. Saoghal cruaidh é
seo ar pháipéaraibh agus daoine atá
imníoch 'nár dtaobh bíonn siad ag cur
ár dtuairisc.



“An Seabhac.”



Táimíd buidheach ó chroidhe dos na
Gaedhlaibh a chuir síntiús airgid chugainn
le déanaighe. Tá a lán daoine ann
gur mhór aca “AN LÓCHRANN” gan
aon agó. Fuaireamar congnamh ó lea'-
dhosaon Craobh leis ná tug aon ní i
bhfuirm síntiúis dúinn roime seo.



An congnamh is fearr agus is bunús-
aighe a thug Gaedhil aonair dúinn is eadh
an iaracht a dheineadar ar fógraí a
sholáthar dúinn.



Bítear ag fiafraighe dhínn conus a
bheidh an scéal i dtaobh cúrsaí airgid
as so go dtí deire na bliana. Ní bheidh
againn “ach caitheamh is fáil,” agus dar
ndó ní h-olc san na laethe so agus
páipéar is fiche tréis éagtha le h-easba
airgid. Ní gádh a rádh, is dócha, dá
mbeadh orainn díol as eagarthóireacht
agus bainisteóracht, agus as cléirceas
sa cheart ná beadh aon “LÓCHRANN”
ann. Ní díoltar sa cheart as aon rud
ach a' clódóireacht, agus tá san, dar
linn, thar fóir ar fad.



Sinn-ne lucht “An Lóchrainn.”



S. T.



Indiu Lá Lúnasa, 1920.



Beirt dritheár a bhí ann, Seán agus
Diarmaid. Bhí Seán ana-thugtha do phaid-
reacha. Ní thug an saoghal riamh aga do'n
duine eile mórán aimsire a chaitheamh le
cleachtadh deaghmhóide. Cailleadh iad araon
agus ghluaiseadar araon chun geataí na
bhFlaitheas. Bhí misneach maith ar fhear na
bpaidreach agus bhí sé dána ag gluaiseacht.
Ní raibh aon mhisneach ar an nduine bocht
eile. Chuaidh Seán 'on doras. Cheap sé
ná beadh aon mhoill air ach dul isteach.
Ní mar sin a bhí; níor thaithin an tiar-
núlacht le lucht an gheata. Chuireadar
amach é. Tháinig an tarna fear agus é
cúthail go leor. “Mhuise,” ar seisean,
“leogaidh isteach Diarmaid ó b'annamh
leis iarraidh.”



Do leogadar isteach Diarmaid.



AN LEITE



(as an “Baile seo againn-ne”. Leis an Seabhac.)



Donnchadh Pheig — fear an tighe.
Neil Bheag Ní Dhálaigh — a bhean.



a gclann san:



Peats Dhonncha
Máirín Dhonncha
Neil Óg



Máire — comhursa



Neil Bheag (ag iarnáil di:) Ó mhuise, nách
buartha an saogal é! Bheith ag obair
ó mhaidin go h-oidhche agus gan ag
duine ach… Ó! Dé bheatha sa, a
Mháire.



Máire: Go mairir-se, a Neil. Conus táir
indiu?



Neil: Mhuise, cuibheasach! Ní bhíon an
saoghal ró bhreá ag bean tighe riamh,
go mór mór, ag mo leithéid-se.



Máire: Dhe! cad é sin agat 'á rádh, a
chroidhe? Dod' leithéid-se! Dar ndó,
níl do leithéid le fáil sa pharóiste
mar bhean tighe! Deinean tú gach
aon phioc dod' ghno chómh cruinn sin
agus chómh slachtmhar.



Neil: Ó! is maith chun plámáis tú, a Mháire.
Is maith is eól dom fhéin gur mó rud
ná deinim sa cheart — an leite, cuir i
gcás.



Máire: An leite, an eadh? Ná fuil de
bhuairt ort ach san? 'S dó. Tá's ag
an saoghal nách fuirist leite dhéanamh.
Bheadh sí ró reamhar, nó ró tanaidhe
agat — nó dóghfaí ort í — nó ní bheadh
salann a dóthain uirthi — nó — ní dóichighe
sin féin ná an iomarca salainn a chur
uirti. Cócaire maith dhéanfad leite.



Neil: Is fior 'uit. Sí an leite sin a mhil-
lean mise. Teipeann orm í dhéanamh
sa cheart i gcomhnuidhe.



Máire: Dhe mhuise, ná bac san…
Suarachas é!



Neil: Suarachas! an eadh! Am briathar
nách suarachas é sa tigh seo. Sí an
leite sin fhé ndeara gach buairt agus
clampar anso! Tá dúil mhór aca sa
leitin agus táim-se dearmhadach, tá's
agat —



Máire: Ó, is olc an rud bheith dearmhadach
i mbun leitean —



Neil: 'Seadh go deimhin. Is minic a
dheinim dearmhad ar an salann. 'S
dó! B'fhearra dhom gan aon leite
in aon chor a dhéanamh!… Bhí
Donncha ar dearg bhuile aréir mar
gheall air.



Máire: Ariú, cad 'na thaobh?



Neil: Mhuise, 'neósad duit… Tháinig
sé isteach t'réis an lae ag baint phrátaí.
Bhí ocras air dar ndó. 'Shuidh sé ag
ceann búird, mar is gnáth. “Leite,”
adubhairt sé. Cuiread an leite chuige
gan mhoill. Chuir sé lán spiúnóige
dhi na bhéal. Dhera! Tháinig grabhas
seirbhthin agus gráin air gur dhóigh leat
gur purgóid a bhí aige d'iarraidh a
sgaoileadh shiar! “Ó mhuiricín,” arsa
mise liom féin, “an salann dearmhadta
arís agam.” Is mise a bhí ar buile
chugam féin! Tá flúirse mhór chainnte
ag Donncha, tá's agat, agus maidir le
baisteachán — 'sé is fearr chuige



Máire: Cad dubhairt sé leat?



Neil: “Nár leigidh Dia ach 'mháin dom thu,
a leadhb óinsighe,” ar seisean, agus
do steall sé an doras amach é. “Sin
í agat anois í,” ar seisean, agus
chuaidh sé suas chun na teine. Do
tharraingigh sé chuige a dhúid, agus do
bhaineadh sé tóiteán deataighe aisti.
Nuair a chuimhnigheadh sé ar aon chainnt
mhaith ghéar, deireadh sé an chainnt, agus
grabhas air 'á rádh. Ní gádh dhom a rádh
go rabhas go ciúin an chuid eile de'n
oidhche.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk.



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk.


L. 5


Máire: Dhera, dá mbeadh ciall agat,
deurfá leis dul a' fead'íl do féin.



Neil: Mhuise a Mháire, is amhlaidh a bhíon
náire orm, gan an leite bheith déanta
go ceart agam — ach — dá bhfaghainn
Éire air, ní fhéadfainn cuimhneamh ar
an mí-ádh salainn sin, agus sin é fé
ndeara an bhuairt agus an clampar
go léir.



Máire: Dá mbéinn-se id' chás, ní leigfinn
don leite sin teacht idir mé agus an
suaimhneas pé'r domhan é!… Tá
an doircheacht ag teacht cheana féin.
Is mithid dom bheith ag bogadh. (Í
ag éirghe.) Bíodh ciall agat, a Neil,
a ghrá, agus ná cuir aon tsuim i
nDonncha ná 'na chuid baisteacháin…
Slán agat.



Neil: Beannacht Dé leat, a Mháire.
(Imigheann Máire amach.)



Neil (ag obair léi dhi)… Is fearr dhom
an leite mí-ádhmharach san do dhéanamh
i gcóir an tsuipéir… Beidh an
salann innte anocht, geallaim dhuit.



(Í d'fhagháil corcáin na leitean agus í
d'á nighe agus dá sgiomradh, agus í
do chur uisce ann agus an mhin choirce
agus í do chur an chorcáin ar an teine
ansan: Í do dhul go dtí an cómhra agus í
do thógaint mám salainn as máilín de
pháipeur & í dá chur i gcorcán na leitean.)



“Seadh, tá liom anocht pé sa domhan
sgeul é! (Ag glaodhach ós árd di) —
a Neilí, cá bhfuilir? Tá sé i n-am
dúinn bheith ag crú' na mbó.



Neil óg (lasmuigh): Teacht, a Mham.
(Imigheann Neil an cúl doras amach.)



Donncha (do theacht isteach; é ag caint
le Peats agus le Máirín amuich):
Bídh i mbun an chapaill agus na
bprátaí… Seadh, táimíd sa
bhaile go luath anocht, buidheachas le
Dia. (É do dhul go dtí an teine chun
a phíopa do lasadh; féachaint ar an
leitin do. É dhul go dtí an chómhra
ansan agus dornán salainn do chur
sa chorcán.) Beidh sí go ceart anocht,
pé scéal é. (É do lasadh a phíopa
agus d'imtheacht.)



Máirín (isteach): Ó, táim leathta ó'n
bhfuacht. (Í do dhul go dtí an teine
chun í féin a théidheamh.)… Is
dócha nár chuimhnigh mo mháthair ar an
salann anocht ach chómh beag! (Í ag
dul go dtí an chómhra &rl…)
Beidh sí “all right” anocht, buidheachas
le Dia. (Í do rith amach, agus Geannc
do theacht isteach.) Cad tá uait?



Geannc: Smut de choinneal. Tá sé ana
dhorcha i dtigh na bprátaí.



Máirín (ag an doras, ag dul amach):
Geóbhair smut sa chómhra…



(imigheann sí.)



Geannc: (É do dhul go dhtí an cómhra:
é d'fheiscint an chorcáin. Stad dó.)
“Ar eagla na h-eagla.” (É do dhul
go dtí an chómhra agus dorn beag
den salann do chur sa chorcán do; é
d'fháil coinnile & do dhul amach leis.)



Neil (ó'n dtaobh thiar): a Neilí, a dhalta,
rith leat agus corruigh an leite ar
eagla go ndóghfaí í.



Néil óg (ag teacht isteach): Mam bhocht!
tá sí cráite ag an leitin chéadna
san… (Í d'á corruighe go maith
agus í do dhul amach arís: í do stad
go h-obann.) Chómh siúrálta agus
táim im' beathaidh, níor chuir sí aon
tsalann innte! (Í do dhul go dtí
an chómhra agus roinnt salainn do chur
sa chorcán di.) Ní bheidh m'athair ag
gabháil dí anocht, pé sceul é! (Í
á chorruighe arís…



Neil (ag teacht isteach di; í d'ullmhú an
bhúird, &rl. i gcóir an tsupéir. Í
do thógaint an corcáin de'n teine.



(Donncha agus an chlann do
theacht isteach.)



Donncha ('na shuidhe dho ag ceann an bhúird.):
“Puirseach!”



Neil do chur lán pláta dhi chuige.



Donncha (é do thógaint lán spiúnóige de'n
leitin: é do stad; grabhas air; é
do leigint ulfhairt as: “Loiscreán
teinn dóite ort, a shrimileálaidhe gan
chrích! Cad é an mac mallachtan atá
a' séideadh fút, nó an amhlaidh a
mheasan tú sinn a mharbhú led' chuid
méiseála. Níl faic na ngrást anocht
agat ach salann. Go mbeiridh an —



(dearg bhuile ar fad air.)



Neil (í do ghol): Go dtugadh Dia foidhne
dhúinn léi mar leitin. Mheasas go raibh
sí i gceart anocht agam marab ionann
's gach aon oidhche eile… Tá
mó chroidhe briste aici, mar phuirseach,
pé mí-ádh atá anuas uirthi.



(Gol di arís.)



Donncha: Dhera, ná bí 'ár mbodhradh, tú
ag iarraidh a mhilleán a chur ar an lei —
(ar leath taoibh… Dar a leabharsa!
mé féid a loit an leite!… Ach
cad dob' áil liom ag cainnt? Dar
ndó, ní dhéanfadh doirnín salainn chómh
diail goirt sin ar fad í!)



Geannc (leis féin): Mise a dhein an
díobháil! Dá mbéadh fhios aige! mharbh-
óchadh sé mé!



Máirín (scannra uirthi.) Ní leigfead-sa
aon rud orm.



Neil óg: Is fearra dhómh-sa gan aon fhocal
a rádh i dtaobh mo dhoirnín!



Donncha (iad go léir i n-a suidhe go neamh-
chainnteach cois na teine): Ní h-aon
tairbhe bheith ag cainnt… ach, tá
mí rath éigin ar an tigh seo seach is a
bhfuil de thithe eile sa pharóiste. Ní
mar a chéile an leite a bhíon sa tigh
seo 's a bhíon in-aon tigh eile. Ní
bhíon sí coidhche go bhfeudfadh duine
í dh'ithe. Ní fheadar o'n tsaoghal cad
é an crann atá anuas uirthi. Éirigh-
imís aisti mar leite. Caithimís uainn
í. Ná h-ithimís a thuille dhi. Ba mhór
an suaineas é.



Neil: Ó mhuise! Ba mhór an suaineas ar
a dtig é!



Donncha: Éirighimís aisti, i n-ainm Dé.



An tSiúr Filmíne i gCorcaigh a dhein ‘dráma’
beag de sin.



MILITARY RULE IN IRELAND —



le h-Erskine Childers. (Ar 6d. ó Chló-
lucht Talbóid in Áth Cliath.) Leabhrán a
tháinig go tráthúil é sin. Sasanach a bhí
in oifig rí Shasana a scríobh. Luach breá
raolach é. Cuir cóib de chun do cháirde
thar lear agus chun eagarthóirí páipéirí i
dtreó is go leathfar an solus i dtaobh
cruatain Gaedhal.



S. T.



PAIDIR DON TÉ NÁ MAIREAN,
A CHÁIRDE.



Gaedhal óg ná mairean. Liam a ainm.
Inneósfar i dtaobh a ghrá mhóir d'á dhúthaigh
nuair ná beidh sceana na Seón le scórnaigh
Chaitilín. Go ndeinidh an t-Aon Mhac
trócaire ar a anam.



S. T.



BAILE A' BHUINNEÁNA',
COIS FARRAIGE.



Má's áil leat na laethe saoire chaitheamh
mara mbeidh sláinte is aoibhneas le fáil
agat, tar go dtí Baile a' Bhuinneána' is
féadfair an Ghaedhilg 'fhál chomh maith.
Beidh an Coláiste Gaedhilge ar siubhal ó
mhí Iúil a 19 go dtí Meadhon Fomhair a 10



SCRÍOBH CHUN AN RÚNAIDHE,
Sráid Liam, Lios-Tuathail.



Gheobhair ó



LÚCÁS DE BÚRCA



LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
AGUS
CARABHATAÍ



DE DHÉANTÚS
GAEDHAL.



Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:



105 SRÁID PHÁDRAIG,
CORCAIGH.



(‘LUKE BURKE’)



SOCRAIGH AT' AIGNE



I DTAOBH



TEACHT 'ON DAINGEAN



I MBLIANA.



Beidh an Coláiste ar oscailt
i rith mí Iúil agus Lúnasa.
Cuir fios ar an gclár
agus tuairisc i dtaobh
lóistín go luath.



An Rúnaidhe, Coláiste and Daingin,
i gCiarraighe.



CARABHATAÍ DEN PHOIPLÍN



AR GACH DATH IS
AR GACH GNÉ DATHA.



LIAM Ó HAIMHEIRGÍN,



(‘W. Bergin’)



A DHEINEAN DO LUCHT SIOPAITHE.



Scriobh ag triall air go



62 SRÁID GHRAFTON,



in ÁTH CLIATH.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



“EUDACH NA DRUIPSIGHE.” Níl a shárú ann, a Ghaedhala. Áit atá go Gaedhlach amuigh is amach iseadh an ball
in a deintar é — Muileann Eudaigh na Druipsighe, i Múscraidhe, sa' Mhumhain.


L. 6


I gCORCAIGH
A DEINTEAR.



Tacán do mhias na bprátaí
é sin; é den tsean-shaghas
Gaedhlach.



GACH RUD RIAMH I BHFUIRM
ÁRTHAIGH AIRGID IS FÉIDIR
É DHEUNAMH SA TSIOPA SO:



Cupáin, Cuacha, agus Cuirn;



agus



Áraistí i gcóir Té nó Caifí.



EARRAÍ DON TEAMPALL



mar atá: Cailísí, Monastráin,
‘Ciboria,’ Coinnleóirí, Clogana,
agus Seastáin Leabhar Aifrinn,
Althóirí Adhmaid, Páileana
agus Crannóga.



Scríobh ag trial orainn d'iaraidh
leabhráin na ndealbhán agus fios
luachta na n-earraí:



LIAM MAC AODHGÁIN
is a Chl. Mhac,



Seódóirí agus
Gaibhne Geala,



32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Churtánaigh, i gCORCAIG



Scríobh chuige



Ól AGUS MEISCE.



46 Domhnall
An píobaire ar meisce 's a bhean
ag ól uisce, 's na páistí ag
béicigh!



Bean ar buile dearg is fear ar meisce síorraidhe



Féach mar innsean bean na buile san d'fhear na
meiscidhe.



47 — Tosach cuirn do mhnáibh.



48 — Ní ólaid mná fíon ach imthigheann
sé le n-a linn.



.i. go n-ólaid siad i gan fhios é.



49 — Tart deire an óil.



50 — An té nár ól riamh cárt ná cnagaire
bíonn aindise lá a bháis air.



BIADH AGUS DEOCHA BIDH.



Níorbh' é cáil na nGaedheal riamh go
raibh dúil ná suim mhór i mbiadh aca.
Fós féin ní mór an bhuaidhirt a chuireann
sé ortha ach go mbeadh dóthain réasúnta
aca dhe. Ní gnáth leo bheith d'iarraidh a
ngoile a mhealladh chun tuille agus a
ndóthain d'ithe. B'fhéidir go n-abrochadh
lucht a gcáinte gurab amhlaidh ná raibh
riamh ag Gaedhealaibh le n-ithe ach “chuid
Pháidín de'n mheacan” .i. an t-earball
caol le n-ithe agus dá mbeadh a mhalairt
aige go bhfhoghlmochadh sé craos bíd a
dhéanamh! Ach, dar le duine, ar léigheadh
na seanráidhte seo i dtaobh bidh do, níor
cheap ár sinnsear riamh gur soghluis é ach
gur rud é ba riachtanach agus ná raibh
cúis ithte ag duine ach an t-ocras.



“Toisc “nach béile bidh biadh gan deoch”
tá na gnáth-ráidhte i dtaobh deocha bidh
agus béile sa chaibideal so leis. Níl
tagairt ann de dheochaibh biotáile ná
meisce óir tá caibideal fútha san féin
agus faoi neithe eile ghabhann leo. Féach
leat “Ól is Ragairne.”



1 — Ní beo gan biadh sinn.



2 — Capall na h-oibre an biadh.



.i. An té bhíonn ag obair go cruaidh ní mór do
biadh maith.



3 — Arán do ghní rinnce.



.i. Cuireann sé brigh i ndaoine.



4 — Fuadar chun an bhidh agus saothar
chun an óir.



5 — Duine gan dinnéar beirt chun suip-
éar.



.i. Bíonn ocras beirte air.



6 — Ní moill ar phuine a chuid bidh.



7 — I n-am an bhidh a rugadh tu.



Nuair a thagann duine isteach i dtigh le linn
biadh bheith dá ithe.



8 — An té go mbíonn dínnéar aige
bíonn fínéith aige.



9 — Ba cheart duit cuimhneamh ar an
arán d'ithis.



10 — Leamhnacht na h-athghamhnaighe, gráin-
neach na h-athghráinnighe agus raith-
eacha mairt.



An biadh is fearr ar domhan.



II — Blais é is tiocfaidh dúil agat ann,





12 — Blais an biadh is íosfair é.



Is minic ná beadh dúil i mbiadh ag duine go
dtosnochadh sé ar ithe.



13 — I n-ithe na bulóige seadh bhíonn a
thástáil.



.i. D'fhéachaint ciaca olc nó maith é.



14 — As a bhlaiseadh is fearr é.



.i. Tá blas níos fearr ná a chuma air.



Biadh rí ruacain,
Biadh buachalla báirnigh,
15 Biadh caillighe miongáin —
'S í 'á bpiocadh le snáthaid.



Ruacain = cockles, báirnigh = limpets, mion-
gáin = perriwinkles.



16 — Feoil go maidí scean.



.i. Flúirse mhór. Maidí scean = cosa na scian-
búird.



17 — Is fearr fairsing ná fóghanta.



18 — Má's maith é ní beag é.



I9 — Ith smior mairt is bí cruaidh tapaidh,
— Ith smior muice is bí mór meathta.



20 — Ní fearr buidheacán ná feoil.



21 — Ní fearr biadh ná ciall.



22 — Mara mbeir i mbaile an bhidh bí sa
bhaile le na thaoibh.



Is maith an chomhairle bheith comhgarach do'n bhiadh.



23 — Is mílse salann ná siúicre.



.i. Is fearr dod' shláinte.



24 — Má's searbh is foláin.



.i. Biadh nó deoch.



25 — Is mó lá bheimíd ar thaobh an team-
paill is ná h-iarrfaidh ár ndrann-
dal biadh.



Agus dá bhrígh sin deinimís ithe, ól is subhachas!



26 — Is maith an cócaire an cócaire
fireann.



Is é is fearr nuair a bhíonn sé oilte.



27 — Ní féasta go róstadh.



28 — Is luaithe róstadh ná beirbhiú.



29 — Is fuirist fuinneadh i n-aice na mine.



.i. Is fuirist do dhuine rud maith a dhéanamh
nuair a bhíonn an chóir, an t-adhbhar agus an gléas
go maith aige.



30 — An méid sin mine leis an méid sin
uisce.



.i. An cion ceart de rud a mheascadh le rud
eile nó bheadh an meascadh gan mhaith.



31 — Sé an chéad bhiadh a chuaidh ar shliogán
chuige é.



Ní le biadh adeirtear é sin ach le teagasc nó
sompla nó nós a tugtar do leanbh.



32 — Ola an chroidhe an t-im.



33 — An té itheann an t-im bíonn dath an
Phróca air.



.i. Dath buidhe.




34 — Prátaí miona mílse mór bhidh beag-
chroicinn.



35 — Plúr an phráta a theas.



36 — Is fearr de an bolg an biadh.



37 — Is fearr deire fleadha ná tosach
bruighne.



Sin é adeir duine a bhíonn déanach ag teacht ar
fhleidh nó ar cuireadh dínnéir.



38 — Nuair is gann é an biadh iseadh is
fial é roinnt.



Adeir lucht maghaidh: “'sé an diabhal é roinnt.”



Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha.



‘G. A. A.’ — Camáin Bhreátha Láidre de phréimh na fuinnseóige. Gheóir fios a luachta ó Ch. Ó Conaill agus a Chua.,
Sráid Liadrom, i gCorcaigh


L. 7


39 — Scadán idir chúigear.



.i. Gannachúis.



Lá breagh Samhraidh gan biadh, gan
annlan.



.i. Nuair a bhíonn na prátaí gann sa Bhealtaine
agus sa Mheitheamh.



40 — Arán mór ar beagán taois,
Muga mór maide
Agus bainne 'bhfad síos.



.i. Biadh a fuair duine éigin i dtigh ocrach.



41 — Cuid Pháidín de'n mheacan.



.i. An t-eirbaillín caol. Do bhí Páidín beag
lag, is cosamháil, agus d'fhág san gan a cheart é.
Féach leat “Madraí,” uimh. 15.



42 — Féasta anocht is gorta amáireach.



43 — Franncaigh ag ithe aráin agus fir
áilne gan seoid.



.i. Arbhar nó plúr a choimeád fé ghlas agus é an
dul gan mhaith agus ocras ar dhaoine.



44 — Cnoc nó tráigh a chuireann ocras ar
chách.



.i. Nuair a bhíd ag obair ionnta.



45 — Is fearr bheith ag lorg bidh ná ag
lorg goile.



Goile .i. fonn ithte = sláinte.



(Tuille le teacht.)



An Seabhac.



Do bhí daoine uaisle lá chun dínnéir
ag an sagart, agus dubhradh le Pádruig
go gcaithfeadh sé an biadh a thabhairt an-
áirde ó'n gcócaire.



Do bhí ag rith go maith leis sa chúram
san ach ba ghearr go dtáinig ocras air.
“Is mór an peaca,” ar seisean
leis féin, “ocras a bheith ar dhuine bocht
agus biadh chómh gairid do.”



Cad a dhéin sé ach ceathramha a sgiobadh
de gach ceann do'n dá lachain a bhí ar
an bpláta aige agus iad a dh'ithe. An-
san d'iompuigh sé an taobh san fútha.



Lá'r na mháireach bhí sé ag siubhal a
dteannta an tsagairt.



“Do thugas fé ndeara ná raibh ach aon
chos amháin faoi na lachain úd indé. Ní
fheadair cár imigh an chos eile uatha, a
Phádraig,” arsa an sagart.



“An bhfeiceann tú ná fuil fé na lachain
sin ach leath chos, a athair,” arsa Pádraig
ag teasbáint lachan do a bhí 'na seasamh
ar leath chois air thaobh an bhóthair.



“Cuis, Cuis,” ars' an sagart. Shiubh-
luigh na lachain. D'fhéach an sagart ar
Phádraig.



“B'fhéidir ná dúbharís aon Chuis, Cuis
leis na lachain indé.” arsa Pádruig.



D'éist an sagart.



Bríghid Ní Chiabháin.



TUSA IS SINN-NE.



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN,”
a chonaicís an fógra. Cabhróchaidh san go
mór linn.



OIREACHTAS a 1920



I MBAILE ÁTHA CLIATH a deunfar.



LÚNASA : AN CHEUD LÁ GO DTÍ AN 7ADH LÁ.



AR FAICHE AN CHRÓCAIGH —



IOMÁNUÍOCHT: Baile Átha Cliath v. Tiobraid Árann.



Peil. Cleasa Lútha. Camóguíocht.



‘Aeríochtana.‘ Comórtaisí Rinnce.



Óráideana. Buidheanta Ceoil.



'SA ROTUNDA —



Drámana, Cuirmeacha Ceoil, agus
Comórtaisí idir Bhuidhntibh Ceoil.



I GCOLÁISTE NA H-OLLSCOILE —



Amhránuíocht, Seanchus a' Gaedhilg,
Reacaireacht, &rl.



I DTIGH ÁRD-MHÉIRE ÁTHA CLIATH —



An Árd Fheis, Fáiltiú roim na Teachtairí, Cumann na h-Éigse,
Oireachtas an Fháinne, agus Céilidhe an Fháinne.



Gheobhair



TROSCÁN, CÁRRANA,
SLINNTE, ÁRAISTÍ CRÉ,
TÁTHÁN (‘Nine Elms’ Cement),
SÍOLTA agus LEASÚ



go maith is go saor ó



CHOMPLUCHT UÍ DHONNABHÁIN,
I dTRÁIGHLÍ,



An siopa is sia ar bun i gCiarraidhe.



'Donovan,’ Tráighlí — an focal sranng-sceul.



Scríobh indiu chúca.



CEANNUIGH DO CHUID
BAGÚIN AGUS
DO CHUID EILE LÓIN



ó



Ó CÉILEACHUIR & MAC EANNA



Sráid an Chapaill Bhuidhe a 82,



CORCAIGH.



DATH DO CHUR AR AN
DTEAMPALL



nó ar an dtigh, sinn-ne a dheanfaidh go
toghtha dhuit é. Bhuamar-na chúig
teastas agus dhá dhuais ar an obair
DHATHUÍOCHTA AGUS ÓRNÁIDE



a dheineamar ó am go h-am.



Labhair sa ghuthán linn (‘Tel. a 587,’
Corcaigh) nó scríobh chugainn.



DONNCHA & ÁISTÍN Ó NÉILL,
21 Sráid an Acadaimh,
I gCORCAIGH.



Gach cóir chun tig do dheunamh.



ÓN ÚRLÁR GO BÁRR
AN TIGHE:



Adhmad, Táthán (‘Cement’) & Slinnte;
Áraistí Iarainn, Stóbhana, & Bácúsa;
Dathán, agus an uile shaghas Íle & Ola.



Tá le fághail ó



‘EUSTACE & CO. LTD.,’
I gCORCAIGH.



Scríobh chúca.



CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne.



Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, & c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 8


Má tá Leigheasana uait,



iad go maith is go saor,
tar ag trial orainn-ne,



Ó Súileabháin agus Ó Dálaigh



31 Sráid Uashington,
CORCAIGH



FEÓIL ÚR GHAEDHLACH.



Uaim-se gheobhair san,



agus



EUNLAITH IS GLASAIRÍ.



MÍCHEÁL BARÓID,



Both a 64 & a 65, Margadh na Feóla,



CORCAIGH.



Guthán a “276, Corcaigh.”



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA!



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na húmaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces'
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Calaphort an Phápa, CORCAIGH.



ó



THOMÁS Ó MURCHADHA



a gheobhair biadh maith blasta de
dheuntús Gaedhal, i gcóir Céilidhe
nó Feise, nó aon tsórt fleidhe.



UIBHE, BAGÚN
agus
GACH SAGHAS EILE LÓIN!



SRÁID SHEÓIRSE A 111



(ar aghaidh Árd-Oifige an Phuist anonn),



i gCORCAIGH.





MARGAIRÍN
‘LEANDAR’



CÓMH BLASTA, CÓMH MILIS,
CÓMH CÚMHRA AD' BHEÓL,
LE CÁISE, LE LEAMHNACHT,
LE H-IM NÓ MAIRT-FHEÓIL.



Tá dhá saghas Margairín 'á dheunamh
againn fé láthair,
mar atá:



“EXTRA LEANDER”



agus



“LEANDER.”



Níl sárú “Extra Leander” le fáil in
Éirinn ná in aon tír eile. Bu dhóich le
h-aonne gur im a bheadh 'á ithe aige.
Scríobh chugainn ar chárta puist agus
gheobhair iomlán eolais air.



DÚDÁLL, UA MATHÚNA
agus a gCualucht, Tta.,



LUCHT DEUNTA MARGAIRÍN,



I gCORCAIGH.



DEOCH BHLASTA FHOLÁIN



ISEADH



“TANÓRA”



Súgh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar.



Scríobh chuig



SEÁN Ó DÁLAIGH is a Chua. tta.,



I gCORCAIGH,



in a thaobh.



TÁILLIÚIREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i n-Éirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA.,



11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.



DO FHEAR NA FEIRME
É SEO:





SÍOLTA,
LEASÚ,
ÚIRLISÍ,
agus
BIADH BEITHÍOCH



le fáil, go maith is go saor, sa
tsiopa so:



‘Siopa Plúir is
Mine Shráid an Rí,’



An 3adh tigh i Sráid an Churtánaigh,



Corcaigh.



Scríobh indiu & cuir tuairisc
a luacha &c.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidhech, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.



Cló-bhuailfimíd-ne leabhar Gaedhilge nó leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgan, Dundalk.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services