Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Abrán, 1920
Title
Abrán, 1920
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1920
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. a 49. ABRÁN, 1920. Dhá Phinginn a Fhiacha. TOBAC. Micil Ó Muirgheasa ó'n Rinn d'innis. Lá nuair bhí mé an-óg casadh mo chom- arádaidhe féin liom agus d'fhiafruigh sé dhíom an gceannóchainn píopa bhí aige. “Ní h-aon mhaith dhomh-sa píopa,” arsa mise, “mara bhfuil blúire tobac agat.” “Tá blúirín tobac agam,” ar sé sin. “An mbeidh tú daor ortha?” arsa mise. “Go deimhin ní bheidh mé,” ar sé sin. “Tabharfaidh mé dhuit ar trí leath-phingne iad.” Chuardaigh mé féin agus fuair mé na trí leath-phingne, & thug mé dhó iad. D'imigh mé liom annsan go dtí an scoil. Is beag dem' leasún d'fhoghluim mé an lá sin nach [ach] ag cuimhneamh ar an bpíopa agus ar an mblúire tobac. Nuair fuair na scoláirí cead teacht amach um thráth- nóna, bhaineas dhíom mo bhróga agus mo stocaí chun ná beinn i bhfad ag teacht abhaile. Bhí an tráthnóna marbh-fhliuch & sa chorcán cois na teine bhí mo dhinnéar ag mo mháthair romham. Leite bhí aici dhom. Bhí m 'athair in a shuidhe ar chathaoir taoibh leis an teine & a cheann i gcoinne an iarta aige agus snuadh chodalta air. Fuair mé cáirt agus spiún agus braon bainne óm' mháthair, ach ní ró-fhada chuaidh mé ar an leitin le neart sainnte chun an phíopa agus an gal. Do leag mé an cháirt in áirde ar chlár an chorcáin agus tharraig mé chugham mo phíopa agus mo bhlúire tobac. Líon mé an píopa & leag mé spréín mhóna in áirde air agus bhí gach aon ghal amach as mo bhéal ag éirighe in áirde. Bhuail mé cos liom thar an gcois eile agus shíl mé go mba shaidhbhre mé ná rí Shasana. Dhearmhad mé an saoghal go léir ach an gal breágh bog bán. Níor dh'airigh mé dada go ceann tamaill mhaith. Annsan cad do phreabfadh in áirde ar chlár an chorcáin ach an cat. Leag sé an clár, an cháirt is an spiún. Dhúisigh m'athair agus chimil sé a bhasa dá shúile. “An píopa atá agat a Mhicil?” ar seisean. “Mhaise 'seadh,” arsa mé fhéineach. D'éirigh sé in a sheasamh. “Bhail, mhaise, a mhic ó, níor bheag duit a raibh den diabhal ort & gan píopa bheith agat,” ar seisean, agus chuaidh sé síos go dtí an doras & d'oscail sé é. Tháinig sé aníos go dtí mé féin annsan & rug sé ar dhá chluais orm, agus níor bhain aon chos liom leis an urlár gur chuir sé leath-is-amuigh den doras mé. “Tabhair-se is do phíopa bóthar éigin eile oraibh,” ar seisean, & le linn na cainte sin do rádh do, do dhún sé an doras. D'imigh mé liom agus bhí mé tamall ag rioth agus tamall ag siubhal agus ba ghairid go raibh mé ag tuitim siar cortha. Bhí an oidhche ag teacht an-dhubh, ach ba ghairid gur theangmhuigh geata iarainn liom agus dá philéir gheala ar thaobh mo láimhe deise. D'imigh mé isteach an geata & síos liom bóithrín bhí ann féachaint an dteangmhochadh aon tigh liom. Theangmhuigh, agus thuit amach ná raibh aon ghlas air, agus fuair mé dul isteach ann. Nuair bhí mé istigh ní bhfaghainn a dhéanamh amach cad é an sórd tighe é. Chuarduigh mé mo phócaí agus níorbh fhéidir liom aon chipín soluis d'fhagháil. Bhí mé am chorr- aighe féin anonn is anall ar an úrlár, agus ba ghairid gur bhuail tubán lem' ghlúna. Chuir mé mo dhá láimh isteach sa tubán. Chuir mé barraí mo mhéaracha isteach im bhéal mar bhrath mé fliuch iad, agus d'aithin mé gur leamhnacht do bhí sa tubán. Luigh mé ar mo leath ghlúin agus bíodh ag an dtubán marar bhaineas an tart díom féin. “Bheadh an scéal go maith anois,” arsa mise liom féin, “dá mbeadh aon áit agam a luighfinn.” Ba ghairid bhí mé ag lapadáil thímpall nuair theangmhuigh meadar liom & chuimhnigh mé má leagfainn an mheadar ar a cliathán agus mo cheann do chuir isteach innte go mb'fhéidir go dtiocfadh rud éigin bhéarfadh ar mo chosa orm, agus i mbasa is amhlaidh d'fhág mé na seasamh í, agus chuaidh mé isteach innte. Shuidh mé síos innte ar mo chorra goimh agus ba ghairid gur thuit mo chodladh orm. Bhí mé chun imeacht luath ar maidin ó'n tigh ach ba luaithe bhí bean an tighe éirthe ná mar dhúisigh mise sa mheadar. 'Sé cead rud do dhein bean an tighe nach dul agus breith ar dhabhach uachtair agus é do dhortadh síos orm féin sa mheadar agus le méid an chodladh bhí orm féin níor dh'airigh mé é. Dhoirt sí an tara dabhach isteach sa mheadar. Sin é an uair dhúisigh mise, mar bhí an t-uachtar am mhúchadh & ag dul isteach im chluasa is im shúile, ach ar slí éigint fuair mé mo cheann do thógaint aníos. Nuair chon- naic bean an tighe ag tógaint mo chinn aníos as an mheadar mé, thuit sí siar i laige, agus le linn di bheith ag éirighe is eadh fuair mé féin mo chosa amach as an mheadar. An fhaid is bhí mé am chrothadh féin, rioth sí isteach go dtí fear an tighe. “Ó Dia lem' anam,” arsa sí, “éirigh, tá an diabhal amuigh sa mheadar.” “Glaodhaigh ar an madra dubh a bhfuil an craos air,” arsa Seán, “agus cuir as é.” D'imigh mé féin chomh mear is thug Dia rioth dom, agus ní ró-fhada chuaidh mé nuair d'fhéach mé as mo dhiaidh. Chonnaic mé an madra dubh-riabhach ag teacht as mo dhiaidh, & spraidhlíní teine ag imeacht as a shúile agus deallramh an diabhail air. Nuair bhí sé ag teacht gairid dom bhain mé dhíom mo chasóg féachaint an bhfanfadh sé á lí agus ba thoil le Dia gur dh'fhan. D'imigh mé liom annsan agus nuair ná raibh an madra am leanúint bhain mé ladhar féir féachaint an bhfaghainn an t-uachtar bhaint dem bhríste. Dhein mé mé féin maith go léir agus ní ró-fhada chuaidh mé nuair theangmhaigh tigh feirmeora liom. Chuaidh mé isteach ann. “Bail ó Dhia is ó Mhuire oraibh annso isteach,” arsa mise. “Dia is Muire dhuit is Pádraig, a bhuachaill óig,” arsa fear an tighe. “Ní fheadar an mbeadh aon ghnó agat de gharsún oibre go ceann beagán seachtainí.” “I mbasa mhaise tá, a mhic ó,” ar sé sin, “agus is é Dia a chas isteach go dtí mé tú, mar thóg mé píosa coille trí seachtaine is lá indiu & ní raibh aoinneach am fhochair ghearrfadh suas mion í, agus badh mhaith liom go bhfanfá, mara mbeidh tú ró-dhaor orm.” “Fanfaidh mé ar thrí raolacha sa ló agus mo chothú,” arsa mise. “Gheobhaidh tú san & fáilte,” ar sé sin. D'itheamar ár mbreicfast i dteannta a chéile agus annsan d'imigheamar linn go dtí an choill. Thug sé sin tuagh agus triosc leis agus thugas-sa tuagh & bileóg liom. Bhíodh mé féin agus Seán ag obair i dteannta a chéile i gcomhnaidhe. Ní raibh aon rud agam le cur 'na choinne ach go gcoimeádadh sé ag an choill ró- dhéanach mé. Bhíomar ag leagaint crann ar ár ndícheall an lá seo, agus tháinig an oidhche an-obann orainn. Pé rud do ruaig Seán taoibh liom & é ag gabháilt d'iall a bhróige tharraig mé féin an tuagh agus cad do bhuailfinn ná Seán ins an mhuinéal agus bain mé an ceann de. I gceann tamaillín bhig, b'ait liom 'dé chúis
CULAITHE EUDAIGH A DHEIN AN TÁILIÚIR, Tá raidhse díobh againn-ne. IAD ULLAMH DEUNTA LE CUR UMAT. In Éirinn a deineadh. Idir 80/- is 100/- an t-airgead. MUINNTIR MHUSCHADHA, Sráid Uasaington a 47, I gCORCAIGH. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL is a chlann mhac (teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. CEANNUIGH DO CHUID BAGÚN AGUS DO CHUID EILE LÓIN ó Ó CÉILEACHUIR & MAC ENNA Sráid an Chapaill Bhuidhe a 82, CORCAIGH. I LIOS TUATHAIL gheobhair Bróga Gaedhlacha agus Eudach Maith Gaedhlach ó Ó MÓRÁIN, i SRÁID AN MHARGAIDH. TROSCÁN AGUS LEABTHACHA, ar fheabhas agus ar shaoire. Deunfad-sa gnó a' Gaedhilg leat! SEÁN MAC EÓINÍN, ‘CUALUCHT TROSCÁIN NA MUMHAN,’ Sráid a' Chapaill Bhuidhe a 63, CORCAIGH. ná raibh Seán ag caint liom ná é ag déanamh aon fhothraim le n-a thuagh. Ann- san fuair mé an corp & an ceann de. “Ó Dia lem' anam!” arsa mise liom féin, “tá an diabhal déanta.” D'iarr mé ar Dhia is ar an Mhaighdin Mhuire, cabhair & congnamh do thabhairt dom. Ba ghairid gur rioth sé liom go bhfaghainn an díobháil do leigheas. Rug mé ar chabhail air agus thug mé anonn go dtí bun crainn é & chuir mé in a sheasamh annsan é. Chuir mé píosa bhata in a choinne ar eagla go dtuitfeadh sé fhaid bheinn ag casadh ar an gceann. Annsan fuair mé an ceann agus chuir mé ar an gcolainn é Oidhche mhór sheaca ba eadh í, agus thímpall fiche nómat bhí mé ag coimeád an chinn ar an gcolainn nuair do labhair sé liom. “Mhaise, a Mhicil,” ar sé sin, “atá mé go maith arís agat, agus ba mhaith an scéal é do bhaint díom mar choimeád- ainn ró-dhéanach tú. Is dócha ná faca tú mé nuair do tharraig tú an tuagh.” “Ó 'se a mhic ó,” arsa mise, “ar ndóigh dá bhfeiceóchainn ní dhéanfainn é.” “Tá sé chomh maith dhuinn gan dada do rádh le Máire,” ar seisean, “mar bheadh an t-aingseóir an-thrí-na-chéile dá mbeadh fhios aici cad do thuit amach orainn.” D'imigheamar abhaile cos ar chois agus bhí an-ocras orm féin an oidhche sin agus fad do thug [? fé thug] Máire an bainne dhom bhí an crústa tógtha den leitin agam & mé á dh'ithe amach as mo láimh. Ar mo ghlúna bhíos, agus ba ghairid gur tháinig Seán as mo choinne ar an dtaobh eile den chorcán. Bhí an-ghal ag éirighe aníos as an leitin nuair bhain mé an crústa dhi, agus chuir Seán a cheann rud beag isteach thar faobhar an chorcáin le sainnt chun na leiteann, agus do leagh an gal an sioc bhí ag ceangail a chinn agus thuit sé síos sa leitin. Rug mé in áirde ar stol a ghruaige air, agus thóg mé aníos as an leitin é, agus leag mé ar an urlár é, agus le linn na h-uaire sin díreach do fhéach Máire anuas. “Ó Dia lem' anam, a Mhicil,” ar sí sin, “nach é sin ceann Sheáin ar an urlár.” “'Dé an díobháil é bheith ann!” arsa mise. Leig sí liú aisti agus bhí ag bualadh a bas. Shíl mé gur chriogh an tigh mór- thímpall orm agus is beag an deifir nár chur sí amú ar mo shuipéar mé. “In ainm Dé & Mhuire, teighir fé dhéin a an dochtúra, a Mhicil,” ar sise, “féach- aint an bhfaghadh sé a cheann do chuir ar Sheán arís. “Nach dochtúir mise féin, a bhean a tighe,” arsa mise. “Ó 'se má is eadh, a Dhochtúir, le h-anamainn do mharbh cuir a cheann ar m'fhear bocht.” Cad do thabharfaidh tú dhom as é do dhéan- amh?” arsa mise. “Tá ocht bpúint im póca,” ar sise, “nár chuir mé sa bhannc an lá eile, & an gcuirfidh tú a cheann ar Sheán bocht ar an méid sin?” “Cuir- fidh mé,” arsa mise, “ach tabhair dom an t-airgead anois. Thug sí dhom é agus d'fhill mé deas cruinn cruaidh é istig i bpáipéar ruadh, agus bhuail mé síos ins an phóca bhí leath-istig ar mo bheist é. Rug mé ar chabhail ar Sheán annsan agus thug mé liom amach go dtí pinniúr an stábla é. Fuair mé gabhalóg bhata agus chuir mé i na choinne í chun ná tuitfeadh sé fad is bheinn ag casadh fé dhéin an chinn. Thug mé an ceann liom annsan & leag mé in áirde ar an gcolainn é agus choinnig mé lem' láimh é ar feadh fiche nómat. I gceann na h-aimsire sin do labhair Seán arís. “Mhaise, a Mhicil, is dócha gurbh é teas na leitean do bhog an uair sin é. Caithfead fuireach siar ó bhéal an chorcáin feasta.” Bhuaileamar araon isteach go dtí Máire annsan. Bhí oiread áthais uirthi agus gur shíl sí mé féin agus é féin do chur ag rinnce, ach nuair d'fhéach sí ceart air, “a Dhochtúir,” ar sí sin, “nach bhfuil a aghaidh an-mhór ar a chúl agat?” “Má's eadh” arsa mise, “bainfidh mé de arís é, mar ní raibh aon tsolus ar fónamh agam á chur air.” “Ná déin,” arsa Máire, “b'fhéidir nár b'fhearr a aghaidh bheith ro-fhada aniar.” “Tá go maith,” arsa mise. Nuair tháinig am codalta chuamar go léir a chodladh, ach níor throm shuan domh- sa é mar bhí eagla orm go mbogfadh teas na leabthan a cheann arís agus ná beadh an sioc ann chun é cheangailt. Mar sin bhogas chun bothair i lár na h-oidhche … Sin é an uair a dhúisigh mé féin as an gcodladh do chuir an tobac orm. Bhí mé sa leabaidh aca agus éadaighe fliucha ag mo mháthair á chur lem' aghaidh. Níor chaitheas aon tobac ó shin. AN tSAMHAIL. Aon oidhche amháin bhí beirt fhear nó triúrar istigh sa tigh ósta atá sa Mhaothal i nDéisibh Muman. Do bhí sé ana-dhéanach san oidhche & bhíodar ag cur ar a chéile féachaint cé aca raghadh síos go dtí Áth na gCeann (áit uaigneach i n-a mbíodh sprid san am san de'n oidhche). Dubhairt duine aca go raghadh sé féin ar an oir- ead san leanna. “Tá go maith,” arsa duine eile, “do gheobha tú an méid sin.” D'imigh sé leis & ar dhul síos do chuir sé é féin fé chomaraighe Naoimh Cúán & Brógán agus íbirt na Meann. Ní ró- fhada bhí sé ann go dtáinig an sprid agus do labhair sí mar ba ghnáthach léi ach ní fhuair í aon fhreagra go dtí so. Sprid: Coinneal is coinnleóir ann is cá bhfuil a leath-cheann * san? Fear: Cuilean a bainfí um Shamhain & cuirfí mar cheann ar thigh. S: Coinneal is coinnleóir ann, &c. …? F: Muileann bheadh 'dir dhá ghleann agus bheadh ag scilice thall 's abhus. S: Coinneal is coinnleóir ann, &c. …? F: Dá ndéanfá t'aithrighe i n-am ní bheifeá id' shamhailt annsan. Do chuir san fearg uirthi águs dubhairt sí: “Mara mbeadh Cúán agus Brógán & íbirt na Meann chuimhneochthá ar an oidhche seo 'ge Áth na gCeann.” Tá Cúán agus Brógán curtha i roilig an Mhaothail ceithre míle ó Phort Lághach. Sa sémhadh céad do mhaireadar. N. de H. * Leath-ceann = leath-rann. Íbirt na Meann: Bhfuil eolas ag aon léightheoir na thaobh? “BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid bhaile. Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.
AN BHÁBÓG BHREOITE. Máire — an mháthair. Seán — an dochtúir. Úna — cailín aimsire. Síle — cara do Mháire. Máire 's a bábóg ar a baclain aici (ag amhrán): Sí mo leanbh í, Sí gan domhat í, Sí mo leanbh í, Sí gan amhrus. Ragha sí go Corcaigh is — Ragha sí go Lúnndain, Is ragha sí go — Páris A ceannach adhbhar gúna. (Ag féachaint ar an mbábóig is ag cainnt léi): Osgail do shúile a mhaoin- each is féach ar do mháithrín. Déin a chuid de'n tsaoghal. (Amhrán): Togha, togha leinbh í, Togha, togha — Úna (do theacht isteach is í ag umhlú go béasach): An bhean uasal Síle Ní Bhriain, a bhean uasal, tacaithe chun tú fheiscint. Máire: Ó, abair léi teacht isteach. (Úna do dhul amach). (Ag bréagaidh an leinbh di): Mo ghraidhin í mo leanbh. Mo chuid den tsaoghal thu. (Amhrán): Is deas a' chos rinnce, rinnce, Is deas a' chos rinnc' í sin, Is deas a' chos rinnce, rinnce. (Cainnt): Is deise í sin go mór. (Úna do theacht isteach ag umhlú arís is bean Uí Bhriain n-a diaidh). Máire: Dé bheatha-sa, a Shíle. Is fada ná feaca tu. Tá míle fáilte romhat. Síle (á pógadh 's a suidhe ar chathaoir na h-aice): Go mairir i bhfad, a Mháire. Tá áthas orm tú fheiscint. Conus tá do stóirín bán andiu. Is dócha go bhfuil tóirtéis an domhain ort aisti, Dia 'á beannachadh. Nach iongantach an rud grádh máthar dá leanbhín. Máire: Seadh, a Shíle, tá grádh an domhain agam di. Mo ghraidhin í. Nach deas a créatúirín í is gan í ach dhá mhí fós … dhá mhí is dhá lá … bím a cainnt léi an lá ar fad nach mór. (A cromadh os cionn na bábóige agus imshníomh uirthi). Ach andiu níl sí ag féachaint chomh maith is bhíonn sí de ghnáth is níl sí a miongháirí … Ca' na thaobh ná fuilir ag gáirí a ghile? Síle (do dhul ar a glúinibh le h-ais na na bábóige): Tá sí ró-chiúin ar chuma éigin. B'fhéidir gurab amhlaidh tá sí gan bheith ar fónamh. Máire: Ó! cad é sin agat dá rádh. Glaoidh ar Úna láithreach bonn baill má sé do thoil é. Ó, cad a dhéanfad? Síle (do dhul chun an doruis a glaodhach): A Úna! a Úna! a Úna! Úna (ar na teacht): Cad tá uait a bhean uasal? An té is dócha. Máire: Go deimhin, ní h-eadh. Tá mo ghrádh bán ana-bhreoite. Imigh fé dhéin an dochtúra láithreach is abair leis teacht. Úna: Rithfead, a mháistreás, chomh tapaidh 'sis féidir liom. Máire (do chur na bábóige i gclibhán nó i gcathaoir uileann. Í féin ar a glúinibh agus imshníomh an domhain uirthi mar dh'eadh): Cad do dhéanfainn in ao' chor dá n-imigheadh aon ní uirthi. Mo ghraidhin í (&rl.) … Síle (ag féachaint amach an fhuinneóg): Ó, seo chugainn an seana dhochtúir. Nach tapaidh a tháinig sé agus é chomh h-aosta san. (Cloistar cnag ag an ndoras). Máire: Rith go dtí an dorus, a Shíle, a chroidhe, is leig isteach é. (Dochtúir do theacht isteach). Ó, míle fáilte romhat, a dhochtúir, is míle baochas i dtaobh teacht chomh luath san. Tá imnidhe mór orm na taobh. Dochtúir: Bail ó Dhia orraibh go léir. Ca bhfuil an leanbh bocht … ó seadh … á … (leis féin) nach bán atá sí. Dochtúir: A' mbíonn sí bán mar sin go minic? Máire: Ó, ní bhíonn, a dhochtúir. Ní raibh sí breóite aon uair fós. Dochtúir: Bhfuil sí ag caitheamh puinn uaibh. Máire: Níl, mhuise, fíor bheagán, a chréatúir. Dochtúir: Á is olc é sin. Conus a chodlann sí? Máire: Níor chodail sí néal andiu, a dhochtúir. Dochtúir (a cur a spéaclaí suas is ag breithniú cuisle na bábóige; Crothann sé a cheann): Dar lia … tá sí a fagháil bháis. Cad do tháinig uirthi? Máire, Síle & Úna: Ó, mo bhrón, mo bhrón! Ullagón! Ailliú! Cad do dhéanfam a nao' chor? Dochtúir (ag cur a láimhe anáirde chun iad a chiúiniú): Ach! bíodh foighne agaibh, a mhná. Tá buidéal agam anso is b'fhéidir go leigheasfadh sé í. (Tógan sé buideul amach as a phóca). Faigh spiún dom. Úna (do rith isteach agus spiún aici): Seo dhuit í, a Dhochtúir. (Socruigheann an dochtúir na spéaclaí i gceart ar a shróin líonan amach braon de'n leigheas is tugan do'n bhábóig é. Iad go léir n-a dtost is ag féachaint ar an mbábóig ar feadh nóimite). Síle: Am'briathar gur dóigh liom go bhfuil feabhus uirthi cheana féin. Máire (go h-áthasach): Tá a dath a teacht thar n-ais, féach. Úna: Ó, nach cliste an dochtúir é. (Caithean sí an spiún anáirde le h-áthas — deineann iarracht ar bhreith air ach tuitean sé). Máire: Mo mhíle míle baochas, a Dhochtúir. Dochtúir (a hata 'na láimh is é ag umhlú): Bíodh do bhaochas ar an mbuidéal fónta so, a bhean uasal. Tabhair braoinín eile dhi i gcionn uair a chluig. Beidh sí alright. Tá deabhadh orm anois — tá mórán daoine breoite agam le fiosrú andiu. Slán agaibh. Síle agus Úna: Go n-eirghe leat go geal, a dhuine uasail. (Dochtúir do dhul amach. Úna do bheith ag umhlú is é an imeacht. Máire: Ó, nach breágh an rud í bheith go maith arís. Ní fheadar, a Shíle, ar cheart í thógaint amach fé'n aer. Síle: Sé mo thuairim gur cheart ó tá an lá chomh breágh san. Do raghadh an t-aer go maith dhi. Máire: Tógfad amach mar sin í. Beir ar sin, a Úna. Osgail a doras, a Shíle. Mo ghraidhin í — bábá, mo leanbh, bábá, bábá, &rl. (Imighid go léir amach). Ar n-a atharrú ó'n bhFrainncis. Baochas do'n Dochtúir Risteárd Ó Dálaigh do cheartuigh an Ghaedhilg dom. Filimíne. Gheobhair TROSCÁN, CÁRRANA, SLINNTE, ÁRAISTÍ CRÉ, TÁTHÁN (‘Nine Elms’ Cement), SÍOLTA agus LEASÚ go maith is go saor ó CHOMPLUCHT UÍ DHONNABHÁIN, I dTRÁIGHLÍ, An siopa is sia ar bun i gCiarraidhe. ‘Donovan,’ Tráighlí — an focal sranng-sceul. Scríobh indiu chúca. In ÁIRCÉID NA MUMHAN gheobhair LÁMHAINNÍ OLNA de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh. Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón, dubh, glaschaorach, geal agus donn. TÁ EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint ar gach cúntúis sa' tsiopa: ÁIRCÉID NA MUMHAN le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’ I gCORCAIGH. NÍ GÁDH FEÓIL DO CHEANNACH I GCÓIR CUPÁIN ANBHRUITHE (SÚIP). Deunfaidh birtín de ‘ANBHRUITHE TIRM EDBHAIRD’ (ar phinginn) AN GNÓ CHOMH MAITH (‘Edward's Desiccated Soup’) IN ÉIRINN A DEINTAR. Díoltar i ngach siopa té is i ngach siopa lóin é. Gheobhair cúntas air agus sampla dhe, má scríobhair ag trial ar ‘FHREDRICK KING’ & A CHUA. Tta., Sráid ‘Union,’ i mBEUL FEIRSTE. FEIS CHONNTAE CHORCAIGHE a tionólfar i gCorcaigh an 27adh lá de Mheitheamh, 1920. COMÓRTAISÍ DO SCRÍOBHNÓIRÍ: 1 Sceul nua-chúmtha (7,000 focal ar a luighead ann). £10 an duais. 2 — Amhrán nú Dán nua-chúmtha. £2 an duais. 3 — Aiste nú Dán bheadh oiriúnach mar reacaireacht. £2 an duais. 4 — An Chnuasacht is fearr d'abhránaibh nár bailigheadh go dtí so. £3 an chéad duais; 30/- an tarna duais. 5 — Agallamh sultmhar nua. £2 an chéad duais; £1 an tarna duais. 6 — An Chnuasacht is fearr d'ainmneacha na mbailte fearainn i n-aon bharúntacht i gCo. Chorcaighe. £3 an duais. Chomh fada is dob fhéidir bu mhaith an rud é seanchus gach ainme aca 'thabhairt. 7 — Nua-Dhráma ná caithfí thar uair a chluig 'á léiriú. £7 an duais. 8 — Tionntó ar Dhráma ó theangain eile ná caithfí thar uair go leith a chluig 'á léiriú. £5 an duais. Ní mór gach iaracht (fé ainm chleite) a bheith ag an Rúnaidhe roim Lá Bealtaine: Rúnaidhe na Feise, sa Ghrianán, Sráid na Ríoghna, i gCorcaigh. Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill. Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.
STADAÍDH! Órdú é seo do dhaoine atá ar lorg luagh a a gcuid airgid: GLUAISIDH FÉ DHÉIN SIOPA A 39 I SRÁID AN PHRIONNSA I gCORCAIGH, An Siopa in a bhfaighe' sibh ÍM, UIBHE, BAGÚN AGUS GACH SAGHAS EILE LÓIN. ‘Ó DONNABHÁIN agus MAC CÁRTHA.’ AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Sráid Ribeáird a 6, i gCorcaigh — an Oifig. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh an Fear Gnótha. An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair. Na Díoltóirí. Ó Cuill agus a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. ÁR gCÚRAM FÉIN. TOMÁS MAC CURTÁIN. Is deacair do dhuine scríobhadh gc cothrom ná go measardha i dtaobh na feille a deineadh i gCorcaigh maidin Dia Sathairn, an 20adh lá de Mhárta, nuair a tháinig na madraí fola isteach 'na thigh i n-am mhairbh na h-oidhche agus mharbhuigheadar Tomás Mac Curtáin, Árd Mhaor Chorcaighe i láthair a mhná agus a chlainne. Do chuir tuairisc an fheille ghnímh sin doigh i gcroidhe Gaedheal Éireann agus do líon le fuath & le gráin iad. Do marbhuigheadh Tomás Mac Curtáin toisc a fheabhas do ghráidh sé Éire agus toisc a dhúthrachtaighe d'oibrigh sé dhi & do bhuaidh sé ar a son. Dá dtoghadh sé an bóthar sámh agus leigint dá dhúthaigh bheith mar bhí sí i n-umar na h-aimléise níl aon amhras ná go mbeadh Tomás Mac Curtáin 'na bheathaidh indiu. Is fuirist amhras a chaitheamh ar cé h-iad fé ndeara bás Árd Mhaoir Ghaedhealaigh Chorcaighe .i. an dream nár ghlac aon chol riamh le nimh ná le cnáib ná le sciain na feille san oidhche chun a namhaid a chur as a slí. Guidhimíd Dia do bhreith anam Thomáis Leis go saoirse na bhFlaitheas agus go dtugaidh Sé neart agus foidhne do'n bhaintrigh chroidhe bhriste agus do'n chúigear naoidhnán. AN t-ATHAIR PEADAR. Lá leoin do'n Ghaedhilg é an Canónach Peadar Ó Laoghaire — nó an t-Athair Peadar mar is fearr linn a thabhairt air — do bheith imithe ar shlí na fírinne. Go ndearnaidh Dia trócaire ar a anam. Tá prímhscríbhneóir na Gaedhilge imithe uainn an té is mo tharraig meas & onóir uirthi sa litridheacht agus an té nár theip riamh ar an nGaedhilg nuair bhí sí i dteannta ná i mbaoghal. Beifear á mheas anois cad í an chabhair is fearr a thug an t-Athair Peadar do'n Ghaedhilg. B'é b'fhearr ag gríosú clainne Gaedheal chun filleadh arís uirthi óir thuig sé agus theagaisc sé go raibh “lámh Dé san obair” agus gurab é leas na h-Éireann gabháil leis an nGaedhilg. Ó tosnuigheadh ar an obair cúig nó sé bliana fichead ó shin thug sé gach lá moch, déannach ag obair di. Do scríobh sé iomad leabhar agus is chun na leabhar san a raghfar ar lorg fíor Ghaedhilge mar raghfaí go dtí tobar an tsléibhe ar lorg fíor-uisce. Ach dá mhéid a dhein sé mar sin, níl aon amhras ná gurab é clú is buaine bhéas air gur ghreamuigh sé go bráth cainnt nádúrtha bhéil na ndaoine mar mheadhon litridh- eachta sa Ghaedhilg. Do scar sé an nua- litridheacht ó “Chainnt Ollamhanda na nÉigeas” ó'n tsean-aimsir; agus do mhairbh sé le scige agus le géire an mhagaidh an fás nua mí-nádúrta ar dheilbh an Bhéarla a bhí ag teacht ar an litridh- eacht Ghaedhilge i dtosach na h-oibre seo. Do chuir sé an chainnt choition san ionad uasal. Sin é clú is buaine bhéas ar an Athair Peadar. Tá a pheann 'na stad anois ach mairfidh a chuimhne an fhaid a mhairfidh teanga na Gaedhilge. Sin í a leacht. AN LÓCHRANN. Tá droch scéala fachta agam ón bhFear Gnótha i dtaobh costais an pháipéir seo a bheith méadaithe go mór orainn. I láthair na h-uaire ní fios dúinn cad a dhéan- faimíd. Ní rabhamair ach ag breith na gcos go slán linn mar bhí; ach toisc ardú eile .i. £3 sa mhí breise, beidh an cúntas go mór i n-ár gcoinnibh. Mara bhfagham faoiseamh éigin nó cabhair mhór caithfeam “An Lóchrann” a chur i n-éag. “An Seabhac.” SCÉAL NÁCH BINN LINN. DON TÉ LÉIGHEAS — BEANNACHT. Níl aon ní a bhainean le cúrsaí cló, ná le h-aon-chúrsaí eile, socair fé láthair & maidir le clódóireacht “An Lóchrann” ní bhíon 'fhios againn an mí seo ná go mbeadh éileamh dúbalta 'á dhéanamh ag an lucht cló orainn an mí seo chugainn. Tá £3 sa bhreis in aghaidh an mhí fógartha aca orainn ón lá so amach agus níl ach ráithe ó shin ó cuireadh £2 cheana orainn. Níl leigheas ag an lucht cló air sin mar tá cumas ceannaigh an phúint ag tráchaint in aghaidh an lae agus gan aon fhonn ar an rialtas iasachta an sceul do leigheas ná neart do Rialtas Gaedhal é dheunamh go fóil. Tá ag teip orm-sa airgead mór go leór 'fháil ar fhógraí anois (trí phúint a' cholúin in aghaidh an mhí) agus dhá bhrí sin beidh orm stad den ghnó tréis na Nodlag. Rabha trí ráithe é sin agus crádh croidhe dhomh-sa bheith 'á thabhairt. Tá an soláthar (trí chéad púnt sa bhliain) ró-mhór ós cionn mo chumais- se anois. Tá súil agam go gceapfidh Gaedhil na Mumhan seift éigin chun “An Lóchrann” do chimeád ar lasadh tréis na Nodlag. Aonne chuireann síntiús (beag nó mór) ag triail orm, abradh sé gur i gcóir bliana so a 1920 é, len a thoil. Táim go buidheach do sna fichidibh Gaedhal a chabhraig liom chun íle chimeád leis “An Lóchrann” ó Abrán a 1916. Mise, Seán Tóibhín, Fear Gnótha “An Lóchrainn.” Lá le Pádraig a 1920 indiu ann. SCÉALA CLAINNE. NÍ DHOMHNAILL. — Do bhronn Dia inghean óg ar an lánamhain: Pádraig Ó Domhnaill agus Máire Nic Oitir, an 6adh lá de Mhárta ag 7 ‘Minerbha Terrace,’ Bóthar an Choláiste, i gCorcaigh. Nóra a h-ainm. TÓIBÍN. — Do bhronn Dia mac óg ar an Lánamhain: Seán Tóibín agus Siobhán Ní Shúileabháin, an 6adh lá de Mhárta i mBaile an Teampall, i gCorcaigh. Tomás a ainm. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk
JIMÍN MHÁIRE THAIDHG. ( Tuille uaidh). Nuair a bhíos ag dul abhaile ó thigh Mháire Aindí tar éis cleamhnais Pheats Teaimí do bhriseadh do Nell, do ghaibheas an bóithrín agus cé bhuailfeadh liom fé'n dtor ach Tadhg Óg. “Ní ghádh dhuit a bheith annsan,” arsa mise, “mar ná tiocfaidh sí anocht chughat. Tá siad go mór tré na chéile thuas, tá cleamhnas Pheats Teaimí briste. Imigh leat suas. ‘Is olc an ghaoth ná séideann do dhuine éigin.’ N'fheadrais ná go mbeadh fáilte romhat. Tabhair a dóthain bladair do'n tsean-bhean.” Chuir- eas díom annsan.” Bhí Mam ar na craobhacha romham. Ba dhóbhair di mé dh'ithe, a dhuine, ach leigeas di bheith ag cur aisti. Ní neósainn di cá rabhas, bíodh gur cheistigh sí go cruaidh mé. Níor fhéadas ámhthach gan bheith ag gáirí, nuair do chuimhnighinn ar Pheats Teaimí, agus do chuir san an cíocras ar fad ar Mham chun fios scéil d'fhagháil. Ar feadh na h-oidhche n'fhéadainn staid- éar a dhéanamh ar aon cheacht ach me ag gáirí agus Mam am cheistiú coitianta. Chuaidh an scéal ó smacht sa deire orm & chuireas liú mór gáirí asam nuair do chuimhnigheas ar an gcic do bhuail Peats ar an madra. Bhí mo mháthair bhocht á snaoi leis an bhfiosracht. Rug sí orm agus chuir sí im shuidhe ar cheann an bhúird me agus mo chosa ar sileadh. B'éigean dom an scéal go léir d'innsint, a mhic ó. Bhí sí ag leigint uirthi go raibh olc uirthi chugham ach chonnac-sa go maith gur thaithnigh an scéal léi & thugas fé ndeara go raibh sí ag gáirí chúichi féin. I gcionn tamaill thug sí ubhall dom a bhí i bhfolach aici in áit éigin ná raibh fhios agam-sa. Thugas cuid de'n ubhall do Cháit. Ann- san chuamar a chodladh; ach ní a chodladh chuaidh Mam ach suas go tigh Mháire Aindí agus is dócha gur thugadar cuid mhaith de'n oidhche ag cadráil. Phreabhas as an leabaidh nuair chuala ag teacht í agus bhíos leathslí síos an staighre nuair tháinig sí isteach. “Cad deir Máire Aindí anois le Tadhg Óg, a Mham?” arsa mise. “Téire 'on leab- aidh,” ar sise, “agus ná bí id' gheilt ann- san.” “Á' Mhaimí innis dom é,” arsa mise, “an raibh Tadhg Óg thuas faraibh?” “Bhí,” ar sise. “Raibh sé féin agus Máire ag bladar?” “Bhíodar,” ar sise. “Hurú!” arsa me féin, & ritheas isteach go dtí seomra Cháit & rugas ar shróin uirthi agus dhúisigheas í. “Cad tá ort arú?” ar sise. “Píosam, pósam,” arsa mise, “prátaí rósta, bainne do bhó-sa is bainne mo bhó-sa, táthaoi pósta, imighidh an bóthar! Hurú! Hí-ú!” arsa mise. Ach chuala Mam ag teacht agus b'éigean dom rith. “Tann tú ait,” arsa Cáit, & chuir sí osna codlatach aiste. Ar maidin nuair a bhíos ag dul ar scoil bhí Nell Mháire Aindí ar an mbóthar ag bun an bhaile. Ghlaoidh sí orm, agus a mhic ó, sara raibh fhios agam faic, rug sí orm agus thug sí fámaire de phóig dom. Ba chuma liom, ach bhí Micilín Eoin díreach ag gabháil anuas an casán agus chonnaic sé í. Tháinig olc orm chúichi. Piú! póganna! bíonn cailíní i gcomhn- aidhe ag pógadh daoine agus chuirfidís déistin ort. Chuimligheas an phóg dem aghaidh lem' mhuinirthle agus d'imigheas. Bhíomar leathslí ar scoil nuair chuireas lámh im phóca agus cad do gheobhainn ann ac leathchoróin. Dhearmhadas an tseana- phóg, deirim-se leat. Ceannuigheamar bosca toitíní ag an dTobar & bhíomar ag féachaint ciaca 'gainn araon d'fhéad- fadh an gal do chur amach trí na shróin. Bhí Micilín chomh maith liom-sa chuige sin. Annsan thugamar tamall eile d'iarraidh an gal do shlugadh. Bhí Micilín breóite ag an dtobac & tháinig dath glas bhuidhe air. Nuair a thánamar araon ar scoil fuair an máistir bolath an tobac uainn ach ní fhuair sé aon toitín im póca mar bhíodar go léir caithte againn. Fuair- eamar léasadh mar sin féin, ach tháinig scannradh ar an máistir nuair do bhreóitigh Micilín taréis é bhualadh & d'fhág sé le h-ais na teine feadh an lae é. Nuair a bhíomar amuich lár an lae chonnac féin an máistir ag caitheamh toitíní & é ag bladar leis na cailíní atá ag múineadh sa scoil eile. Bhíodar ana-mhór tré chéile i dtigh Mháire Aindí go dtáinig lá an phósta. Bhíodh na mná go léir istigh ann gach oidhche agus chuala Cáit á rádh go raibh gúna gleóite age Nell agus hata istigh i mbosca agus cleite mór bán air. Bhí sceitimíní ar Chait mar gheall ar na rudaí a bhí aici. 'Sé rud a bhí ag cur tinnis ar na fearaibh ná “an lá” a bheadh aca. Ba chuma leo san i dtaobh an hata. Nuair a chídís mise, bhídís am cheistiú mar gheall ar mo thurus go dtí Peats Teaimí. Gheibhidís ana-shult sa scéal, a dhuine. “Agus cad dubhairt sé annsan, a Jimín?” a deiridís. D'innsinn dóibh agus chuiridís liú gáirí asta. Is dóigh liom go raibh Peats na choilichín paor ag an ndúthaigh. Dubhradar liom go raibh sé á bhagairt go marbhóchadh sé mise; ach dubhairt Tadhg Óg go gcosnóchadh sé féin me. Fear mór láidir iseadh Tadhg. Bhí rí-rá mór ar an mbaile maidin an phósta. Bhí a chulaith Domhnaigh ar gach aoinne ach ar Dhaid. Coinnibh Mam sa bhaile é sin. Tháinig dhá ghluaisteán ó'n nDaingean chun lucht an phosta a bhreith go dtí an séipéal. Chuaidh lucht an bhaile ann ar chóistí agus ar thrucaillí. Ní bheadh Nell sásta gan mise dhul léi 'na gluaisteán féin. Bhí sí go deas, a dhuine, agus bhí a súile agus a béal ag gáirí. N'fheadar connus a dheineann na cailíní iad féin chomh deas? Nuair a chonnac chugham í mheasas go raibh sí chun me phógadh arís & bhíos ag cúladh uaithi. “Caithfir-se teacht liom-sa sa ghluais- teán,” ar sise. “Ar mh'anam go raghad,” arsa mise, “má thugann tú geallúint dom,” “Arú, cad é?” ar sise. “Gan mé phógadh,” arsa mise. Do gháir gach aoinne agus bhí Nell ag gáirí leis. “Ó táim sásta,” ar sise, “téanam ort!” Arú! is breágh an rud mótor. Bhain an suidheachán preab asam, a dhuine, nuair a shuidheas anuas de phreib air. Is láidir SOCRAIGH AT' AIGNE i dtaobh TEACHT 'ON DAINGEAN i mbliana. Beidh an Coláiste ar oscailt i rith mí Iúil agus Lúnasa. Cuir fios ar an gclár agus tuairisc i dtaobh lóistín go luath. An Rúnaidhe, Coláiste an Daingin, i gCiarraighe. Beidh COLÁISTE GAEDHILGE CHORCAIGHE ar siubhal i gCorcaigh i rith mí Iúil (a) Ranng do Thosnathóirí. (b) Ranng an Teastais. (c) Ranng an Teastais Dá Theangan. Cuir tuairisc gach ní ar An Rúnaidhe, I gColáiste na Toirbhirte, I gCorcaigh. GAEDHEALG DO NA LEANBHAÍ Tá sí le faghbháil in IOL-SCOIL NA MUMHAN I RINN Ó gCUANACH. Is ann is buige, binne, blasda labhartar í. Tá scoil ann do leanbhaí óga ón a seacht go dtí a deich mbliana dh'aois & í fé chúram an “Fhir Mhóir.” Beidh na páistí chomh compórdamhail agus dá mbeidís ar a dteinteán féin ag baile. Scríobh go dtí “An Fear Mór.” COLÁISDE CHAIRBRE Sin é an ball duit már Gaedhilg atá uait. TAR GO CUAN DOR i mí Iúil nó mí Lúnasa, agus beidh a fhios agat. Gheobhair Clár an Choláiste ó MHICHEÁL Ó CUILLEANÁIN, Rúnaidhe, An Sciobairín. “EUDACH na DRUIPSIGHE.” Níl a shárú ann, a Ghaedhala. Áit atá go Gaedhlach amuigh is amach iseadh an ball in a deintar é — Muileann Éadaigh na Druipsighe, i Múscraidhe, sa' Mhumhain.
NUAIR A THAGAIR GO CORCAIGH Tá ÁRTHAIGHE AIRGID den tsaghas so go h-oireamhnach mar BHRONNTANAS BAISTE. Deinimíd iad san agus an uile-shaghas eile mar atá — CAILÍSÍ, CUIRN & CUACHA agus ÓRNÁIDÍ I BHFUIRM BONN agus CROSANA CEILTEACHA. SINN-NE A DHEINEANN ANSO COIS LAOI. Cuir tuairisc a luach ar LIAM MAC AODHGÁIN is a Chl. Mhac, Seódóirí agus Gaibhne Geala, 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. nár chaith sé in áirde san aer me, bhí sé chomh bog san. Nuair a shuidh úncail Nell im' aice bhain an suidheachán preab as san leis, mar d'imigh sé i bhfad síos fé, gan choinne. “Ó dhe, an diabhal me!” ar seisean, leis féin, agus annsan do gháireamar araon. Annsan bhain an tiom- ánaidhe casadh as rud éigin i dtosach an ghluaisteáin agus thosnuigh glór uathbhásach éigin istigh i mbolg an mhótair. Mheasas féin gur tinneas a bhí air. Shuidh an tiománaidhe isteach & as go bráth linn. Bhí mo chroidhe im' béul agam-sa go ceann tamaill mar mheasainn go raghaimís in áirde ar an gclaidhe; ach ba dhóigh leat go raibh ciall ag an ngluaisteán an tslí sheachnuigheadh sé gach aon rud. Ba mhór a spórt bheith ag féachaint ar sheana-mhná agus asail aca ag baint an chlaidhe amach nuair a bhraithidís chúcha sinn; agus níor leigeas-sa do'n adhairc ar feadh na haim- sire ach á séideadh. Nuair a thánamar go dtí an séipéal bhí a lán de mhuintir an bhaile ann agus chuamar isteach. Chuir an sagart Nell agus Tadhg ar a dhá nglúin agus léigh sé rud éigin as leabhar agus dubhairt sé leo rud éigin a rádh 'na dhiaidh agus dubhradar, ach is ar éigean a chloisfá Nell in ao' chor. Bhí sí támáilte, tá fhios agat. Annsan do chuir Tadhg fáinne ar a méir agus bhíodar pósta. Ní raibh a thuile ann. N'fheadar-sa cad chuige a bhíonn an gleo go léir i dtaobh pósta in ao' chor. Annsan seadh d'éirigh an chainnt. Bhí gach aoinne ag teacht chun na beirte & ag crothadh lámh leo agus ag rádh, “Go mairir a bhfuil nua agat!” agus bhíodh mná ag pógadh Nell go dtáinig olc orm fhéin chúcha agus d'imigheas ar fuaid na sráide. Chuadar go léir isteach i dtigh óil annsan agus bhíodar ag rinnce agus ag ól agus ag amhrán. Ag déanamh siar ar an tráthnóna b'ait leat cuid de sna fearaibh. Bhídís ag amhrán agus greim lámh aca ar a chéile & cainnt gan aon chiall ar siúbhal aca; agus dá bhfeictheá na pleidhcí ag iarraidh a chéile a phógadh, & an pórtar ag tuitim as an ngloine bhíodh na lámhaibh. Chuirfidís muca i gcuimhne dhuit. Tráthnóna d'imigh Nell is Tadhg sa mhótar go dtí an traen agus thugadar mise leo go bun an bhóithrín age baile. Im' shuidhe in aice an tiománaidhe a bhíos, agus mé ag faire ar gach aon rud a bhíodh sé a dhéanamh. D'fhéachas tharam siar aon uair amháin agus is amhlaidh a bhí Tadhg ag pógadh Nell; agus ní thug sí aon chlabhta baise dho mar thug sí an oidhche úd sa bhóithrín. Baineadh ana- phreab as Nell nuair a chonnaic sí me ag féachaint ortha agus chlúduigh sí a h-aghaidh le na dhá láimh agus bhí sí chomh dearg leis an dteine. Bhí cathú orm gur fhéachas in ao' chor. Nuair d'imigheadar uaim ag bun an bhóithrín, an riabhach ná go dtáinig uaig- neas orm fhéin & bhíos i reachtaibh goil, a mhic ó! cé go raibh Tadhg taréis leath- choróin a thabhairt dom. Nuair a chuas isteach abhaile b'éigean dom an scéal go léir a innsint do Cháit. Bhí ana-shuim aici ann. Tháinig Nell & Tadhg abhaile aréir — oidhche Máirt Inide tá fhios agat, agus caitheann gach aoinne bheith sa bhaile roimis an gCarrghas. Go tigh Nell a chuadar agus is ann a bheidh Tadhg feasta a deir Mam, mar tá sé 'na chliain isteach age Máire Aindí. D'fhiafruigheas de Mham an mbeidís sa bhóithrín aon oidhche eile ach is amhlaidh do bhuail sí mé & dubhairt — “bhfuil do cheacht agat?” Nuair a bhíos ag dul ar scoil indiú cé chífinn im choinnibh sa bhóthar ach Peats Teaimí. Bhí eagla orm gabháil thairis agus léimeas isteach thar claidhe. Nuair d'aithnigh sé mé bhagair sé a dhorn orm. “Ha, há! má bheirim-se ort!” ar seisean. “Hí — ú!” arsa mise, “connus do thaith- nigh do thurus 'on Sceilg leat.” Tháinig néal air annsan & chaith sé bolán mór cloiche im dhiaidh. Mise Jimín. SEANCHAS, le Seumas Ó h-Eochadha, “An Fear Mór.” (Ar 1/- ó “Chualucht Oideachais Éireann,” 89 Sráid Talbóid, i mBaile Átha Cliath.) Le múinteoireacht na Gaedhilge a thug an “Fear Mór” a shaoghal go dtí so, agus is léir ón leabhar beag nua so, “Seanchas,” nách aon “sop in ionad scuaibe” é mar mhúinteóir. Tá deich gceacht fichead sa' leabhar & an leanbh a léighfidh agus a mheabhrochaidh iad, beidh Gaedhilg a dhóthain aige chun a shaoghal garsúin do chaitheamh go h-aerach Gaedhlach. Tá blás ceart Déiseach ar an gcainnt, í díreach ar nós na cainnte chloistar sa Rinn gach aon lá. Tá athrú in aghaidh an lae ag teacht ar an gcainnt sin Déiseach. Le Déisigh is mó a bhí caidreamh agam féin fiche bliain ó shin, agus is fánach a chloisinn “bhí me ann” uatha in ionad “bhíos ann” agus “ar chuir tu” in ionad “ar chuiris” ach is gnáthaí an chéad rud ná an tarna rud indiu. Bfhiú do lucht Iolscoile na Mumhan sa Rinn cainnt na seanóirí atá fós ann do chuardach féachaint an fada ó tháinig an nua-bhriathar sa chainnt aca. Seo blúir- ín den cheacht taithneamhach a dhein an “Fear Mór” ar Sheán Gréasaidhe: “… B'ait leis (an bPúncán) ná raibh aon chrónán ná amhrán ar siubhal aige. D'fhiafruigh sé dhe cad do bhí air ná raibh sé ag amhrán. D'fhéach an gréasaidhe air agus annsan d'fhéach sé ar an mála. “In ainm Dé, tóg leat an t-airgead mí-ádhmhárach sin,” ar seisean. “Níl sos ná suaimhneas agam ó thug tú chugam isteach é. Tá maig im mhuinéal ó bheith ag féachaint in áirde air. Tóg leat as mo radharc é agus go gcuiridh Dia an rath ort …” Níl aon mhearthal orm ná go mbeidh éileamh maith ar an leabhar so ins na scoileanaibh a bhfuil an teanga fé mheas ceart ionnta. Seán Tóibín. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha. Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
ÍDE BITHIÚNACH SA tSÍN. Níl aon tír fé luighe na gréine níos cliste ins gach a mbaineann le céasadh cuirbtheach ná'n tSín. Is minic a tug- tar íde do dhuine gur trúig bháis dó é 'sa deireadh, agus gan é cionntach ach i gcoir bhig, shuaraigh, Bithiúnach a bhrisfeadh isteach i dtigh le fonn gadaidheachta, is daor a dhíolfadh sé as. Cuirtear saghas bóna adhmaid fá n-a mhuinéal. Tá dhá chlár ann, agus tagann siad le n-a chéile tímpal muinéil an Chuirbthigh, ionnós go mbíonn a cheann sáithte amach tré pholl eatorra. Tá an bóna so trí troithe ar leitheadh & ceithre troithe ar faid. Ceangaltar slabhra de chaol a láimhe, agus de'n bhóna, i slí nach féidir leis an ainneiseoir a lámha chur ar a aghaidh gan duadh mór, agus is beag ná téigheann sé thar a dhícheall a chuid bídh do chur isteach 'na bhéal in aon chor. Agus mar bhárr ar an gcrua-chás tagann na cuileóga 'na míltibh agus ritheann siad ar muin mairc a chéile anonn agus anall ar a aghaidh, agus iad ag ithe na feóla anuas de. Teipeann ar an bhfear bocht an ruaig a chur orra i-n ainneoin a sheacht ndícheall. Tugann an Síneach urraim mhór & adhradh d'á aithreachaibh chuaidh roimis, agus tuigfear ón méid sin, gur suarach aon choir a dhéanfaí seachas réabadh roilige. Ach i n-ainneoin sin agus uile, sáruigheann an tsainnt ar an eagla ag lucht an fheill roimh na mairbh, agus roimh iarsma an uilc a bhéadh 'á dhéanamh acu, agus is minic a bhriseann siad isteach i n-uaigh go mbeadh coinne acu le seodaibh luachmhara ann i dteannta an chuirp. Má beirtear 'sa bhfoghail orra, níl 'sa bhóna adhmaid ach cleas grinn seachas an droch-íde a tugtar dóibh d'á bhárr. Cuirtear an gaduidhe 'na sheasamh ar charnán brící, agus cliath anuas air. Ceangal na gcúig gcaol ar a lámhaibh taobh-shiar de, a shlinneáin ag brú suas i gcoinne na maidí-treasna, & a cheann sáithte amach tríotha. Fágtar mar sin é, agus an ghrian chraosach ag spalpadh anuas air, agus na sluaighte daoine ag magadh fé, agus ag casadh asmhuchán leis, Is féidir leis an bás a thabhairt dó féin pé tráth is mian leis, ach na brící fá n'a chosaibh do leagadh, agus é féin do chrochadh idir na maidí-treasna. Ar aon chuma, bíonn an bás i ndán dó, mar ní leigtear amach 'na bheathaidh é; agus an fhaid is ná ídigheann sé é féin bíonn an ghrian 'á losgadh & na cuileóga ag ithe na feola anuas d'á chnámhaibh. Ach d'á ghéire iad na pianta atá luaidhte agam, sáruigheann “an tubán” ar a bhfuil de phiantaibh ar an domhan. Cuirtear an ropaire 'na choilg-sheasamh i dtubán mór, agus a cheann sáithte amach tré pholl ins an gclúdach, a lámha cean- gailte d'á chliathánaibh agus seacht mbrící fá n'a chosaibh. Leathtar aol tirim ar thóin an tubáin. Is éigean do'n chréatúir bhocht fuireach 'na sheasamh mar sin go ceann lae agus oidhche agus é leath-chrochta ó bheith ag iarraidh sos a thabhairt dó féin. Annsin scaoiltear beagán uisce tríd an aol. Éirigheann na deatacha bréana suas 'na aghaidh agus 'na shúilibh, agus bíonn sé leath-mhúchta acu. Bíonn a scórnach & a theanga calcaithe i dtreó ná féadfadh a bhfuil d'uisce ins an muir mhóir iad a fhliuchadh. Tógtar bríce anuas de'n char- nán i n-agaidh an lae agus i ndeire na scríbe, bíonn sé 'na sheasamh ins an aol. Ní fada uaidh a bhíonn an bás annsan. Itheann an t-aol craosach an fheoil d'á chosaibh, i dtreó gur mór an trócaire dhó an bás. Agus siúd iad na daoine go mbeidh na sagairt óga ó Mhágh-Nuadhat ag craobh- scaoileadh an Chreidimh 'na measc. Go n-éirighidh an t-ádh libh, a laochraidh Gaedheal. Seán Mac Gabhann, An Choláiste, Roscré. CARABHATAÍ de'n PHOIPLÍN AR GACH DATH is AR GACH GNÉ DATHA. LIAM Ó hAIMHEIRGÍN, (‘W. Bergin’) a dheinean do lucht siopaithe. Scriobh ag triall air go 62 SRÁID GHRAFTON, in ÁTH CLIATH. Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX is a chlann mhac (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS STÁIN. ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ AGUS BIOTÁILE. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. A MHNÁ UAISLE! Tá fo-eudaighe do mhnáibh uaisle 'á dheunamh ag Gaedhilgeóirí sa Mhumhain. Earraí ar fheabhas an domhain is eadh iad. “ARTÁN” an t-earra-chomhartha atá ortha. Bídh 'á lorg ar lucht siopaithe. Má bhíthí ar an Oireachtas, téighidh fé dhéin lucht a ndeunta: LUCHT EUDAIGHE ‘ARTÁN,’ Sráid Thomáis Dáibhios a 40, i gCORCAIGH. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Gur bhriseadar na humaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces” Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Port an Phápa, CORCAIGH. I LIOS TUATHAIL gheobhair GACH CÓIR TIGHE, ÁRAISTÍ IARAINN, ÚIRLISÍ, SÍOLTA agus LEASÚ ó SHEÁN MAC EANNA, i SRÁID AN MHARGAIDH. Gach cóir chun tig do dheunamh ÓN ÚRLÁR GO BÁRR AN TIGHE: Adhmad, Táthán agus Slinnte; Áraistí Iarainn, Stóbhana, & Bácúsa; Dathán, agus an uile shaghas Íle & Ola. Tá le fághail ó ‘EUSTACE & CO. Ltd.,’ I gCORCAIGH. Scríobh chúca. Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo. ag Mainistir na Corann, agus i gCluain Dalláin, i gCo. Chorcaighe. Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.” FEÓIL ÚR GHAEDHLACH. Uaim-se gheobhair san. agus EUNLAITH is GLASAIRÍ. MÍCHEÁL BARÓID, Both a 64 & 65, Margadh na Feóla, CORCAIGH. Guthán a “276, Corcaigh.” CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne. Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.
MAC CUILINN Fear na Rásúr Is aige atá AN TEASBÁNADH RÁSÚR is mó in Éirinn; a luach ón a 1/6 go 14/6. Earra ar leith é seo: RÁSÚR ÉADTROM DEA'-FHAOBHAIR ar 9/- (‘Hollow Ground.’) Postas is uile. MAC CUILINN, Fear na Rásúr, SRÁID CHAPEL 35-36, BAILE ÁTHA CLIATH. GRAMADACH NA GAEDHILGE. “STUDIES IN MODERN IRISH” (Part I.) An t-Ath. Gearóid Ó Nualláin, ‘m.a., b.d., Ollamh Gaedhilge, do rinne. 6/- a luach. Ó CHUALUCHT OIDEACHAIS ÉIREANN, 89 Sr. Talbóid, in ÁTH CLIATH. Cora cainnte na Gaedhilge d'á léiriú is d'á míniú. Cainnt an Athar Peadar & an Chéitinnig an bun atá aige. ó THOMÁS Ó MURCHADHA a gheobhair biadh maith blasta de dheuntús Gaedhal, i gcóir Céilidhe nó Feise, nó aon tsórt fleidhe. UIBHE, BAGÚN agus GACH SAGHAS EILE LÓIN! SRÁID SHEÓIRSE a III (ar aghaidh Árd-Oifige an Phuist anonn), i gCORCAIGH. CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM! MARGAIRÍN ‘LEANDAR’ TÁ 'A DHÉANAMH I gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA & a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. DEOCH BHLASTA FHOLÁIN ISEADH “TANÓRA” Sugh Óráistí atá ann agus Cois Laoi a deintar. Scríobh chuig Seán Ó Dálaigh is a Chua. tta., I gCORCAIGH, in a thaobh. I LIOS TUATHAIL gheobhair Áraistí Iarainn, Troscán & Rothair ó THOMÁS Ó CRÓINÍN, I SRÁID LIAM. DO FHEAR NA FEIRME É SEO: Tá SÍOLTA, LEASÚ, ÚIRLISÍ, agus BIADH BEITHIDHEACH le fághail, go maith is go saor, sa tsiopa so: ‘SIOPA PLÚR IS MINE SHRÁID AN RÍ,’ AN 3adh tigh i Sráid an Rí, CORCAIGH. Scríobh indiu & cuir tuairisc a luacha &c. Togha gacha bídh i gcór na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgan, Dundalk
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services