AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.
Uimh. a 49. ABRÁN, 1920. Dhá Phinginn a Fhiacha.
TOBAC.
Micil Ó Muirgheasa ó'n Rinn d'innis.
Lá nuair bhí mé an-óg casadh mo chom-
arádaidhe féin liom agus d'fhiafruigh sé
dhíom an gceannóchainn píopa bhí aige.
“Ní h-aon mhaith dhomh-sa píopa,” arsa
mise, “mara bhfuil blúire tobac agat.”
“Tá blúirín tobac agam,” ar sé sin.
“An mbeidh tú daor ortha?” arsa mise.
“Go deimhin ní bheidh mé,” ar sé sin.
“Tabharfaidh mé dhuit ar trí leath-phingne
iad.” Chuardaigh mé féin agus fuair mé
na trí leath-phingne, & thug mé dhó iad.
D'imigh mé liom annsan go dtí an scoil.
Is beag dem' leasún d'fhoghluim mé an lá
sin nach [ach] ag cuimhneamh ar an bpíopa
agus ar an mblúire tobac. Nuair fuair
na scoláirí cead teacht amach um thráth-
nóna, bhaineas dhíom mo bhróga agus mo
stocaí chun ná beinn i bhfad ag teacht
abhaile. Bhí an tráthnóna marbh-fhliuch &
sa chorcán cois na teine bhí mo dhinnéar
ag mo mháthair romham. Leite bhí aici
dhom. Bhí m 'athair in a shuidhe ar chathaoir
taoibh leis an teine & a cheann i gcoinne
an iarta aige agus snuadh chodalta air.
Fuair mé cáirt agus spiún agus braon
bainne óm' mháthair, ach ní ró-fhada chuaidh
mé ar an leitin le neart sainnte chun
an phíopa agus an gal. Do leag mé an
cháirt in áirde ar chlár an chorcáin agus
tharraig mé chugham mo phíopa agus mo
bhlúire tobac. Líon mé an píopa & leag
mé spréín mhóna in áirde air agus bhí
gach aon ghal amach as mo bhéal ag éirighe
in áirde. Bhuail mé cos liom thar an
gcois eile agus shíl mé go mba shaidhbhre
mé ná rí Shasana. Dhearmhad mé an
saoghal go léir ach an gal breágh bog
bán. Níor dh'airigh mé dada go ceann
tamaill mhaith.
Annsan cad do phreabfadh in áirde
ar chlár an chorcáin ach an cat. Leag
sé an clár, an cháirt is an spiún. Dhúisigh
m'athair agus chimil sé a bhasa dá shúile.
“An píopa atá agat a Mhicil?” ar seisean.
“Mhaise 'seadh,” arsa mé fhéineach. D'éirigh
sé in a sheasamh. “Bhail, mhaise, a mhic
ó, níor bheag duit a raibh den diabhal
ort & gan píopa bheith agat,” ar seisean,
agus chuaidh sé síos go dtí an doras &
d'oscail sé é. Tháinig sé aníos go dtí
mé féin annsan & rug sé ar dhá chluais
orm, agus níor bhain aon chos liom leis
an urlár gur chuir sé leath-is-amuigh den
doras mé. “Tabhair-se is do phíopa
bóthar éigin eile oraibh,” ar seisean, &
le linn na cainte sin do rádh do, do
dhún sé an doras.
D'imigh mé liom agus bhí mé tamall
ag rioth agus tamall ag siubhal agus ba
ghairid go raibh mé ag tuitim siar cortha.
Bhí an oidhche ag teacht an-dhubh, ach ba
ghairid gur theangmhuigh geata iarainn liom
agus dá philéir gheala ar thaobh mo láimhe
deise. D'imigh mé isteach an geata &
síos liom bóithrín bhí ann féachaint an
dteangmhochadh aon tigh liom. Theangmhuigh,
agus thuit amach ná raibh aon ghlas air,
agus fuair mé dul isteach ann. Nuair
bhí mé istigh ní bhfaghainn a dhéanamh amach
cad é an sórd tighe é. Chuarduigh mé
mo phócaí agus níorbh fhéidir liom aon
chipín soluis d'fhagháil. Bhí mé am chorr-
aighe féin anonn is anall ar an úrlár,
agus ba ghairid gur bhuail tubán lem'
ghlúna. Chuir mé mo dhá láimh isteach sa
tubán. Chuir mé barraí mo mhéaracha
isteach im bhéal mar bhrath mé fliuch iad,
agus d'aithin mé gur leamhnacht do bhí
sa tubán. Luigh mé ar mo leath ghlúin
agus bíodh ag an dtubán marar bhaineas
an tart díom féin. “Bheadh an scéal
go maith anois,” arsa mise liom féin,
“dá mbeadh aon áit agam a luighfinn.”
Ba ghairid bhí mé ag lapadáil thímpall
nuair theangmhuigh meadar liom & chuimhnigh
mé má leagfainn an mheadar ar a
cliathán agus mo cheann do chuir isteach
innte go mb'fhéidir go dtiocfadh rud
éigin bhéarfadh ar mo chosa orm, agus
i mbasa is amhlaidh d'fhág mé na seasamh
í, agus chuaidh mé isteach innte. Shuidh
mé síos innte ar mo chorra goimh agus
ba ghairid gur thuit mo chodladh orm.
Bhí mé chun imeacht luath ar maidin
ó'n tigh ach ba luaithe bhí bean an tighe
éirthe ná mar dhúisigh mise sa mheadar.
'Sé cead rud do dhein bean an tighe
nach dul agus breith ar dhabhach uachtair
agus é do dhortadh síos orm féin sa
mheadar agus le méid an chodladh bhí
orm féin níor dh'airigh mé é. Dhoirt sí
an tara dabhach isteach sa mheadar. Sin é
an uair dhúisigh mise, mar bhí an t-uachtar
am mhúchadh & ag dul isteach im chluasa
is im shúile, ach ar slí éigint fuair mé
mo cheann do thógaint aníos. Nuair chon-
naic bean an tighe ag tógaint mo chinn
aníos as an mheadar mé, thuit sí siar i
laige, agus le linn di bheith ag éirighe
is eadh fuair mé féin mo chosa amach as
an mheadar. An fhaid is bhí mé am
chrothadh féin, rioth sí isteach go dtí fear
an tighe. “Ó Dia lem' anam,” arsa sí,
“éirigh, tá an diabhal amuigh sa mheadar.”
“Glaodhaigh ar an madra dubh a bhfuil
an craos air,” arsa Seán, “agus cuir
as é.” D'imigh mé féin chomh mear is
thug Dia rioth dom, agus ní ró-fhada
chuaidh mé nuair d'fhéach mé as mo dhiaidh.
Chonnaic mé an madra dubh-riabhach ag
teacht as mo dhiaidh, & spraidhlíní teine
ag imeacht as a shúile agus deallramh
an diabhail air. Nuair bhí sé ag teacht
gairid dom bhain mé dhíom mo chasóg
féachaint an bhfanfadh sé á lí agus ba
thoil le Dia gur dh'fhan.
D'imigh mé liom annsan agus nuair
ná raibh an madra am leanúint bhain
mé ladhar féir féachaint an bhfaghainn an
t-uachtar bhaint dem bhríste. Dhein mé
mé féin maith go léir agus ní ró-fhada
chuaidh mé nuair theangmhaigh tigh feirmeora
liom. Chuaidh mé isteach ann. “Bail ó
Dhia is ó Mhuire oraibh annso isteach,”
arsa mise. “Dia is Muire dhuit is
Pádraig, a bhuachaill óig,” arsa fear an
tighe. “Ní fheadar an mbeadh aon ghnó
agat de gharsún oibre go ceann beagán
seachtainí.” “I mbasa mhaise tá, a mhic
ó,” ar sé sin, “agus is é Dia a chas
isteach go dtí mé tú, mar thóg mé píosa
coille trí seachtaine is lá indiu & ní raibh
aoinneach am fhochair ghearrfadh suas mion
í, agus badh mhaith liom go bhfanfá, mara
mbeidh tú ró-dhaor orm.” “Fanfaidh mé
ar thrí raolacha sa ló agus mo chothú,”
arsa mise. “Gheobhaidh tú san & fáilte,”
ar sé sin.
D'itheamar ár mbreicfast i dteannta
a chéile agus annsan d'imigheamar linn
go dtí an choill. Thug sé sin tuagh agus
triosc leis agus thugas-sa tuagh & bileóg
liom.
Bhíodh mé féin agus Seán ag obair i
dteannta a chéile i gcomhnaidhe. Ní raibh
aon rud agam le cur 'na choinne ach
go gcoimeádadh sé ag an choill ró-
dhéanach mé. Bhíomar ag leagaint crann
ar ár ndícheall an lá seo, agus tháinig
an oidhche an-obann orainn. Pé rud do
ruaig Seán taoibh liom & é ag gabháilt
d'iall a bhróige tharraig mé féin an tuagh
agus cad do bhuailfinn ná Seán ins an
mhuinéal agus bain mé an ceann de. I
gceann tamaillín bhig, b'ait liom 'dé chúis
CULAITHE EUDAIGH A DHEIN
AN TÁILIÚIR,
Tá raidhse díobh againn-ne.
IAD ULLAMH DEUNTA LE
CUR UMAT.
In Éirinn a deineadh. Idir
80/- is 100/- an t-airgead.
MUINNTIR MHUSCHADHA,
Sráid Uasaington a 47,
I gCORCAIGH.
BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.
Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.
Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —
SÉAMUS Ó NÉILL
is a chlann mhac (teo.),
CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.
CEANNUIGH DO CHUID
BAGÚN AGUS
DO CHUID EILE LÓIN
ó
Ó CÉILEACHUIR & MAC ENNA
Sráid an Chapaill Bhuidhe a 82,
CORCAIGH.
I LIOS TUATHAIL
gheobhair Bróga Gaedhlacha agus
Eudach Maith Gaedhlach
ó Ó MÓRÁIN,
i SRÁID AN MHARGAIDH.
TROSCÁN AGUS LEABTHACHA,
ar fheabhas agus ar shaoire.
Deunfad-sa gnó a' Gaedhilg leat!
SEÁN MAC EÓINÍN,
‘CUALUCHT TROSCÁIN NA MUMHAN,’
Sráid a' Chapaill Bhuidhe a 63,
CORCAIGH.
ná raibh Seán ag caint liom ná é ag
déanamh aon fhothraim le n-a thuagh. Ann-
san fuair mé an corp & an ceann de. “Ó
Dia lem' anam!” arsa mise liom féin,
“tá an diabhal déanta.” D'iarr mé ar
Dhia is ar an Mhaighdin Mhuire, cabhair &
congnamh do thabhairt dom. Ba ghairid
gur rioth sé liom go bhfaghainn an díobháil
do leigheas. Rug mé ar chabhail air agus
thug mé anonn go dtí bun crainn é &
chuir mé in a sheasamh annsan é. Chuir
mé píosa bhata in a choinne ar eagla go
dtuitfeadh sé fhaid bheinn ag casadh ar
an gceann. Annsan fuair mé an ceann
agus chuir mé ar an gcolainn é Oidhche
mhór sheaca ba eadh í, agus thímpall fiche
nómat bhí mé ag coimeád an chinn ar
an gcolainn nuair do labhair sé liom.
“Mhaise, a Mhicil,” ar sé sin, “atá mé
go maith arís agat, agus ba mhaith an
scéal é do bhaint díom mar choimeád-
ainn ró-dhéanach tú. Is dócha ná faca
tú mé nuair do tharraig tú an tuagh.”
“Ó 'se a mhic ó,” arsa mise, “ar ndóigh
dá bhfeiceóchainn ní dhéanfainn é.” “Tá
sé chomh maith dhuinn gan dada do rádh
le Máire,” ar seisean, “mar bheadh an
t-aingseóir an-thrí-na-chéile dá mbeadh
fhios aici cad do thuit amach orainn.”
D'imigheamar abhaile cos ar chois agus
bhí an-ocras orm féin an oidhche sin agus
fad do thug [? fé thug] Máire an bainne
dhom bhí an crústa tógtha den leitin
agam & mé á dh'ithe amach as mo láimh.
Ar mo ghlúna bhíos, agus ba ghairid gur
tháinig Seán as mo choinne ar an dtaobh
eile den chorcán. Bhí an-ghal ag éirighe
aníos as an leitin nuair bhain mé an
crústa dhi, agus chuir Seán a cheann rud
beag isteach thar faobhar an chorcáin le
sainnt chun na leiteann, agus do leagh
an gal an sioc bhí ag ceangail a chinn
agus thuit sé síos sa leitin. Rug mé in
áirde ar stol a ghruaige air, agus thóg
mé aníos as an leitin é, agus leag mé
ar an urlár é, agus le linn na h-uaire
sin díreach do fhéach Máire anuas. “Ó
Dia lem' anam, a Mhicil,” ar sí sin,
“nach é sin ceann Sheáin ar an urlár.”
“'Dé an díobháil é bheith ann!” arsa mise.
Leig sí liú aisti agus bhí ag bualadh a
bas. Shíl mé gur chriogh an tigh mór-
thímpall orm agus is beag an deifir
nár chur sí amú ar mo shuipéar mé.
“In ainm Dé & Mhuire, teighir fé dhéin a
an dochtúra, a Mhicil,” ar sise, “féach-
aint an bhfaghadh sé a cheann do chuir ar
Sheán arís. “Nach dochtúir mise féin, a
bhean a tighe,” arsa mise. “Ó 'se má is
eadh, a Dhochtúir, le h-anamainn do mharbh
cuir a cheann ar m'fhear bocht.” Cad
do thabharfaidh tú dhom as é do dhéan-
amh?” arsa mise. “Tá ocht bpúint im
póca,” ar sise, “nár chuir mé sa bhannc
an lá eile, & an gcuirfidh tú a cheann
ar Sheán bocht ar an méid sin?” “Cuir-
fidh mé,” arsa mise, “ach tabhair dom an
t-airgead anois. Thug sí dhom é agus
d'fhill mé deas cruinn cruaidh é istig i
bpáipéar ruadh, agus bhuail mé síos ins
an phóca bhí leath-istig ar mo bheist é.
Rug mé ar chabhail ar Sheán annsan agus
thug mé liom amach go dtí pinniúr an
stábla é. Fuair mé gabhalóg bhata agus
chuir mé i na choinne í chun ná tuitfeadh
sé fad is bheinn ag casadh fé dhéin an
chinn. Thug mé an ceann liom annsan &
leag mé in áirde ar an gcolainn é agus
choinnig mé lem' láimh é ar feadh fiche
nómat. I gceann na h-aimsire sin do
labhair Seán arís. “Mhaise, a Mhicil, is
dócha gurbh é teas na leitean do bhog
an uair sin é. Caithfead fuireach siar
ó bhéal an chorcáin feasta.”
Bhuaileamar araon isteach go dtí Máire
annsan. Bhí oiread áthais uirthi agus gur
shíl sí mé féin agus é féin do chur ag
rinnce, ach nuair d'fhéach sí ceart air,
“a Dhochtúir,” ar sí sin, “nach bhfuil a
aghaidh an-mhór ar a chúl agat?” “Má's
eadh” arsa mise, “bainfidh mé de arís
é, mar ní raibh aon tsolus ar fónamh
agam á chur air.” “Ná déin,” arsa
Máire, “b'fhéidir nár b'fhearr a aghaidh
bheith ro-fhada aniar.” “Tá go maith,”
arsa mise.
Nuair tháinig am codalta chuamar go
léir a chodladh, ach níor throm shuan domh-
sa é mar bhí eagla orm go mbogfadh
teas na leabthan a cheann arís agus ná
beadh an sioc ann chun é cheangailt.
Mar sin bhogas chun bothair i lár na
h-oidhche …
Sin é an uair a dhúisigh mé féin as
an gcodladh do chuir an tobac orm. Bhí
mé sa leabaidh aca agus éadaighe fliucha
ag mo mháthair á chur lem' aghaidh. Níor
chaitheas aon tobac ó shin.
AN tSAMHAIL.
Aon oidhche amháin bhí beirt fhear nó
triúrar istigh sa tigh ósta atá sa Mhaothal
i nDéisibh Muman. Do bhí sé ana-dhéanach
san oidhche & bhíodar ag cur ar a chéile
féachaint cé aca raghadh síos go dtí Áth
na gCeann (áit uaigneach i n-a mbíodh
sprid san am san de'n oidhche). Dubhairt
duine aca go raghadh sé féin ar an oir-
ead san leanna. “Tá go maith,” arsa
duine eile, “do gheobha tú an méid sin.”
D'imigh sé leis & ar dhul síos do chuir
sé é féin fé chomaraighe Naoimh Cúán &
Brógán agus íbirt na Meann. Ní ró-
fhada bhí sé ann go dtáinig an sprid
agus do labhair sí mar ba ghnáthach léi
ach ní fhuair í aon fhreagra go dtí so.
Sprid: Coinneal is coinnleóir ann is
cá bhfuil a leath-cheann * san?
Fear: Cuilean a bainfí um Shamhain &
cuirfí mar cheann ar thigh.
S: Coinneal is coinnleóir ann, &c. …?
F: Muileann bheadh 'dir dhá ghleann agus
bheadh ag scilice thall 's abhus.
S: Coinneal is coinnleóir ann, &c. …?
F: Dá ndéanfá t'aithrighe i n-am ní bheifeá
id' shamhailt annsan.
Do chuir san fearg uirthi águs dubhairt
sí: “Mara mbeadh Cúán agus Brógán &
íbirt na Meann chuimhneochthá ar an oidhche
seo 'ge Áth na gCeann.”
Tá Cúán agus Brógán curtha i roilig an Mhaothail
ceithre míle ó Phort Lághach. Sa sémhadh céad do
mhaireadar.
N. de H.
* Leath-ceann = leath-rann.
Íbirt na Meann: Bhfuil eolas ag aon léightheoir
na thaobh?
“BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid bhaile.
Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.
AN BHÁBÓG BHREOITE.
Máire — an mháthair. Seán — an dochtúir.
Úna — cailín aimsire. Síle — cara do Mháire.
Máire 's a bábóg ar a baclain aici (ag
amhrán):
Sí mo leanbh í,
Sí gan domhat í,
Sí mo leanbh í,
Sí gan amhrus.
Ragha sí go Corcaigh is —
Ragha sí go Lúnndain,
Is ragha sí go — Páris
A ceannach adhbhar gúna.
(Ag féachaint ar an mbábóig is ag
cainnt léi): Osgail do shúile a mhaoin-
each is féach ar do mháithrín. Déin a
chuid de'n tsaoghal.
(Amhrán):
Togha, togha leinbh í,
Togha, togha —
Úna (do theacht isteach is í ag umhlú go
béasach): An bhean uasal Síle Ní
Bhriain, a bhean uasal, tacaithe chun
tú fheiscint.
Máire: Ó, abair léi teacht isteach.
(Úna do dhul amach).
(Ag bréagaidh an leinbh di): Mo
ghraidhin í mo leanbh. Mo chuid den
tsaoghal thu.
(Amhrán):
Is deas a' chos rinnce, rinnce,
Is deas a' chos rinnc' í sin,
Is deas a' chos rinnce, rinnce.
(Cainnt): Is deise í sin go mór.
(Úna do theacht isteach ag umhlú arís is
bean Uí Bhriain n-a diaidh).
Máire: Dé bheatha-sa, a Shíle. Is fada ná
feaca tu. Tá míle fáilte romhat.
Síle (á pógadh 's a suidhe ar chathaoir na
h-aice): Go mairir i bhfad, a Mháire.
Tá áthas orm tú fheiscint. Conus tá
do stóirín bán andiu. Is dócha go
bhfuil tóirtéis an domhain ort aisti,
Dia 'á beannachadh. Nach iongantach
an rud grádh máthar dá leanbhín.
Máire: Seadh, a Shíle, tá grádh an domhain
agam di. Mo ghraidhin í. Nach deas a
créatúirín í is gan í ach dhá mhí fós
… dhá mhí is dhá lá … bím a cainnt
léi an lá ar fad nach mór. (A cromadh
os cionn na bábóige agus imshníomh
uirthi). Ach andiu níl sí ag féachaint
chomh maith is bhíonn sí de ghnáth is níl
sí a miongháirí … Ca' na thaobh ná
fuilir ag gáirí a ghile?
Síle (do dhul ar a glúinibh le h-ais na
na bábóige): Tá sí ró-chiúin ar chuma
éigin. B'fhéidir gurab amhlaidh tá sí
gan bheith ar fónamh.
Máire: Ó! cad é sin agat dá rádh. Glaoidh
ar Úna láithreach bonn baill má sé do
thoil é. Ó, cad a dhéanfad?
Síle (do dhul chun an doruis a glaodhach):
A Úna! a Úna! a Úna!
Úna (ar na teacht): Cad tá uait a bhean
uasal? An té is dócha.
Máire: Go deimhin, ní h-eadh. Tá mo ghrádh
bán ana-bhreoite. Imigh fé dhéin an
dochtúra láithreach is abair leis teacht.
Úna: Rithfead, a mháistreás, chomh tapaidh
'sis féidir liom.
Máire (do chur na bábóige i gclibhán nó i
gcathaoir uileann. Í féin ar a glúinibh
agus imshníomh an domhain uirthi mar
dh'eadh): Cad do dhéanfainn in ao'
chor dá n-imigheadh aon ní uirthi. Mo
ghraidhin í (&rl.) …
Síle (ag féachaint amach an fhuinneóg): Ó,
seo chugainn an seana dhochtúir. Nach
tapaidh a tháinig sé agus é chomh h-aosta
san.
(Cloistar cnag ag an ndoras).
Máire: Rith go dtí an dorus, a Shíle, a
chroidhe, is leig isteach é. (Dochtúir do
theacht isteach). Ó, míle fáilte romhat,
a dhochtúir, is míle baochas i dtaobh
teacht chomh luath san. Tá imnidhe mór
orm na taobh.
Dochtúir: Bail ó Dhia orraibh go léir. Ca
bhfuil an leanbh bocht … ó seadh …
á … (leis féin) nach bán atá sí.
Dochtúir: A' mbíonn sí bán mar sin go
minic?
Máire: Ó, ní bhíonn, a dhochtúir. Ní raibh sí
breóite aon uair fós.
Dochtúir: Bhfuil sí ag caitheamh puinn uaibh.
Máire: Níl, mhuise, fíor bheagán, a chréatúir.
Dochtúir: Á is olc é sin. Conus a chodlann
sí?
Máire: Níor chodail sí néal andiu, a
dhochtúir.
Dochtúir (a cur a spéaclaí suas is ag
breithniú cuisle na bábóige; Crothann
sé a cheann): Dar lia … tá sí a
fagháil bháis. Cad do tháinig uirthi?
Máire, Síle & Úna: Ó, mo bhrón, mo bhrón!
Ullagón! Ailliú! Cad do dhéanfam
a nao' chor?
Dochtúir (ag cur a láimhe anáirde chun iad
a chiúiniú): Ach! bíodh foighne agaibh,
a mhná. Tá buidéal agam anso is
b'fhéidir go leigheasfadh sé í. (Tógan
sé buideul amach as a phóca). Faigh
spiún dom.
Úna (do rith isteach agus spiún aici): Seo
dhuit í, a Dhochtúir.
(Socruigheann an dochtúir na spéaclaí i
gceart ar a shróin líonan amach braon
de'n leigheas is tugan do'n bhábóig é.
Iad go léir n-a dtost is ag féachaint
ar an mbábóig ar feadh nóimite).
Síle: Am'briathar gur dóigh liom go bhfuil
feabhus uirthi cheana féin.
Máire (go h-áthasach): Tá a dath a teacht
thar n-ais, féach.
Úna: Ó, nach cliste an dochtúir é.
(Caithean sí an spiún anáirde le h-áthas —
deineann iarracht ar bhreith air ach tuitean
sé).
Máire: Mo mhíle míle baochas, a Dhochtúir.
Dochtúir (a hata 'na láimh is é ag umhlú):
Bíodh do bhaochas ar an mbuidéal
fónta so, a bhean uasal. Tabhair
braoinín eile dhi i gcionn uair a
chluig. Beidh sí alright. Tá deabhadh
orm anois — tá mórán daoine breoite
agam le fiosrú andiu. Slán agaibh.
Síle agus Úna: Go n-eirghe leat go geal,
a dhuine uasail.
(Dochtúir do dhul amach. Úna do bheith
ag umhlú is é an imeacht.
Máire: Ó, nach breágh an rud í bheith go
maith arís. Ní fheadar, a Shíle, ar
cheart í thógaint amach fé'n aer.
Síle: Sé mo thuairim gur cheart ó tá
an lá chomh breágh san. Do raghadh an
t-aer go maith dhi.
Máire: Tógfad amach mar sin í. Beir ar
sin, a Úna. Osgail a doras, a Shíle.
Mo ghraidhin í — bábá, mo leanbh, bábá,
bábá, &rl.
(Imighid go léir amach).
Ar n-a atharrú ó'n bhFrainncis. Baochas do'n
Dochtúir Risteárd Ó Dálaigh do cheartuigh an
Ghaedhilg dom.
Filimíne.
Gheobhair
TROSCÁN, CÁRRANA,
SLINNTE, ÁRAISTÍ CRÉ,
TÁTHÁN (‘Nine Elms’ Cement),
SÍOLTA agus LEASÚ
go maith is go saor ó
CHOMPLUCHT UÍ DHONNABHÁIN,
I dTRÁIGHLÍ,
An siopa is sia ar bun i gCiarraidhe.
‘Donovan,’ Tráighlí — an focal sranng-sceul.
Scríobh indiu chúca.
In
ÁIRCÉID NA MUMHAN
gheobhair
LÁMHAINNÍ OLNA
de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh.
Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón,
dubh, glaschaorach, geal agus donn.
TÁ EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint
ar gach cúntúis sa' tsiopa:
ÁIRCÉID NA MUMHAN
le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’
I gCORCAIGH.
NÍ GÁDH FEÓIL DO
CHEANNACH I GCÓIR
CUPÁIN ANBHRUITHE
(SÚIP).
Deunfaidh birtín de
‘ANBHRUITHE TIRM EDBHAIRD’
(ar phinginn)
AN GNÓ CHOMH MAITH
(‘Edward's Desiccated Soup’)
IN ÉIRINN A DEINTAR.
Díoltar i ngach siopa té
is i ngach siopa lóin é.
Gheobhair cúntas air agus sampla dhe, má
scríobhair ag trial ar
‘FHREDRICK KING’ & A CHUA. Tta.,
Sráid ‘Union,’ i mBEUL FEIRSTE.
FEIS CHONNTAE CHORCAIGHE
a tionólfar i gCorcaigh an 27adh lá de Mheitheamh, 1920.
COMÓRTAISÍ DO SCRÍOBHNÓIRÍ:
1 Sceul nua-chúmtha (7,000 focal ar a luighead ann).
£10 an duais.
2 — Amhrán nú Dán nua-chúmtha. £2 an duais.
3 — Aiste nú Dán bheadh oiriúnach mar reacaireacht.
£2 an duais.
4 — An Chnuasacht is fearr d'abhránaibh nár bailigheadh
go dtí so. £3 an chéad duais; 30/- an tarna
duais.
5 — Agallamh sultmhar nua. £2 an chéad duais; £1
an tarna duais.
6 — An Chnuasacht is fearr d'ainmneacha na mbailte
fearainn i n-aon bharúntacht i gCo. Chorcaighe.
£3 an duais. Chomh fada is dob fhéidir bu mhaith
an rud é seanchus gach ainme aca 'thabhairt.
7 — Nua-Dhráma ná caithfí thar uair a chluig 'á léiriú.
£7 an duais.
8 — Tionntó ar Dhráma ó theangain eile ná caithfí
thar uair go leith a chluig 'á léiriú. £5 an
duais.
Ní mór gach iaracht (fé ainm chleite) a bheith ag an
Rúnaidhe roim Lá Bealtaine: Rúnaidhe na Feise, sa
Ghrianán, Sráid na Ríoghna, i gCorcaigh.
Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.
STADAÍDH!
Órdú é seo do dhaoine
atá ar lorg luagh a
a gcuid airgid:
GLUAISIDH FÉ DHÉIN
SIOPA A 39
I SRÁID AN PHRIONNSA
I gCORCAIGH,
An Siopa in a bhfaighe' sibh
ÍM,
UIBHE,
BAGÚN
AGUS GACH SAGHAS EILE LÓIN.
‘Ó DONNABHÁIN
agus
MAC CÁRTHA.’
AN LÓCHRANN.
Páipéar don Ghaedhealtacht.
Sráid Ribeáird a 6, i gCorcaigh — an Oifig.
Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh an Fear Gnótha.
An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair.
Na Díoltóirí.
Ó Cuill agus a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath
Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid
ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go
ceann bliana chun aon áite a déarfar linn.
Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.
ÁR gCÚRAM FÉIN.
TOMÁS MAC CURTÁIN.
Is deacair do dhuine scríobhadh gc
cothrom ná go measardha i dtaobh na
feille a deineadh i gCorcaigh maidin
Dia Sathairn, an 20adh lá de Mhárta,
nuair a tháinig na madraí fola isteach
'na thigh i n-am mhairbh na h-oidhche agus
mharbhuigheadar Tomás Mac Curtáin, Árd
Mhaor Chorcaighe i láthair a mhná agus a
chlainne. Do chuir tuairisc an fheille
ghnímh sin doigh i gcroidhe Gaedheal Éireann
agus do líon le fuath & le gráin iad. Do
marbhuigheadh Tomás Mac Curtáin toisc a
fheabhas do ghráidh sé Éire agus toisc a
dhúthrachtaighe d'oibrigh sé dhi & do bhuaidh
sé ar a son. Dá dtoghadh sé an bóthar
sámh agus leigint dá dhúthaigh bheith mar
bhí sí i n-umar na h-aimléise níl aon
amhras ná go mbeadh Tomás Mac Curtáin
'na bheathaidh indiu. Is fuirist amhras a
chaitheamh ar cé h-iad fé ndeara bás Árd
Mhaoir Ghaedhealaigh Chorcaighe .i. an dream
nár ghlac aon chol riamh le nimh ná le
cnáib ná le sciain na feille san oidhche
chun a namhaid a chur as a slí. Guidhimíd
Dia do bhreith anam Thomáis Leis go saoirse
na bhFlaitheas agus go dtugaidh Sé neart
agus foidhne do'n bhaintrigh chroidhe bhriste
agus do'n chúigear naoidhnán.
AN t-ATHAIR PEADAR.
Lá leoin do'n Ghaedhilg é an Canónach
Peadar Ó Laoghaire — nó an t-Athair
Peadar mar is fearr linn a thabhairt
air — do bheith imithe ar shlí na fírinne.
Go ndearnaidh Dia trócaire ar a anam.
Tá prímhscríbhneóir na Gaedhilge imithe
uainn an té is mo tharraig meas & onóir
uirthi sa litridheacht agus an té nár
theip riamh ar an nGaedhilg nuair bhí sí
i dteannta ná i mbaoghal. Beifear á
mheas anois cad í an chabhair is fearr
a thug an t-Athair Peadar do'n Ghaedhilg.
B'é b'fhearr ag gríosú clainne Gaedheal
chun filleadh arís uirthi óir thuig sé agus
theagaisc sé go raibh “lámh Dé san obair”
agus gurab é leas na h-Éireann gabháil
leis an nGaedhilg. Ó tosnuigheadh ar an
obair cúig nó sé bliana fichead ó shin
thug sé gach lá moch, déannach ag obair
di. Do scríobh sé iomad leabhar agus is
chun na leabhar san a raghfar ar lorg
fíor Ghaedhilge mar raghfaí go dtí tobar
an tsléibhe ar lorg fíor-uisce. Ach dá
mhéid a dhein sé mar sin, níl aon amhras
ná gurab é clú is buaine bhéas air gur
ghreamuigh sé go bráth cainnt nádúrtha
bhéil na ndaoine mar mheadhon litridh-
eachta sa Ghaedhilg. Do scar sé an nua-
litridheacht ó “Chainnt Ollamhanda na
nÉigeas” ó'n tsean-aimsir; agus do
mhairbh sé le scige agus le géire an
mhagaidh an fás nua mí-nádúrta ar dheilbh
an Bhéarla a bhí ag teacht ar an litridh-
eacht Ghaedhilge i dtosach na h-oibre seo.
Do chuir sé an chainnt choition san ionad
uasal. Sin é clú is buaine bhéas ar an
Athair Peadar. Tá a pheann 'na stad
anois ach mairfidh a chuimhne an fhaid a
mhairfidh teanga na Gaedhilge. Sin í a
leacht.
AN LÓCHRANN.
Tá droch scéala fachta agam ón bhFear
Gnótha i dtaobh costais an pháipéir seo a
bheith méadaithe go mór orainn. I láthair
na h-uaire ní fios dúinn cad a dhéan-
faimíd. Ní rabhamair ach ag breith na
gcos go slán linn mar bhí; ach toisc
ardú eile .i. £3 sa mhí breise, beidh an
cúntas go mór i n-ár gcoinnibh. Mara
bhfagham faoiseamh éigin nó cabhair mhór
caithfeam “An Lóchrann” a chur i n-éag.
“An Seabhac.”
SCÉAL NÁCH BINN LINN.
DON TÉ LÉIGHEAS — BEANNACHT.
Níl aon ní a bhainean le cúrsaí cló,
ná le h-aon-chúrsaí eile, socair fé láthair
& maidir le clódóireacht “An Lóchrann”
ní bhíon 'fhios againn an mí seo ná go
mbeadh éileamh dúbalta 'á dhéanamh ag
an lucht cló orainn an mí seo chugainn. Tá
£3 sa bhreis in aghaidh an mhí fógartha aca
orainn ón lá so amach agus níl ach ráithe
ó shin ó cuireadh £2 cheana orainn. Níl
leigheas ag an lucht cló air sin mar tá
cumas ceannaigh an phúint ag tráchaint
in aghaidh an lae agus gan aon fhonn ar
an rialtas iasachta an sceul do leigheas
ná neart do Rialtas Gaedhal é dheunamh
go fóil. Tá ag teip orm-sa airgead
mór go leór 'fháil ar fhógraí anois (trí
phúint a' cholúin in aghaidh an mhí) agus
dhá bhrí sin beidh orm stad den ghnó
tréis na Nodlag. Rabha trí ráithe é
sin agus crádh croidhe dhomh-sa bheith 'á
thabhairt. Tá an soláthar (trí chéad púnt
sa bhliain) ró-mhór ós cionn mo chumais-
se anois.
Tá súil agam go gceapfidh Gaedhil na
Mumhan seift éigin chun “An Lóchrann”
do chimeád ar lasadh tréis na Nodlag.
Aonne chuireann síntiús (beag nó mór)
ag triail orm, abradh sé gur i gcóir
bliana so a 1920 é, len a thoil. Táim
go buidheach do sna fichidibh Gaedhal a
chabhraig liom chun íle chimeád leis “An
Lóchrann” ó Abrán a 1916.
Mise, Seán Tóibhín,
Fear Gnótha “An Lóchrainn.”
Lá le Pádraig a 1920 indiu ann.
SCÉALA CLAINNE.
NÍ DHOMHNAILL. — Do bhronn Dia inghean óg ar an
lánamhain: Pádraig Ó Domhnaill agus Máire
Nic Oitir, an 6adh lá de Mhárta ag 7 ‘Minerbha
Terrace,’ Bóthar an Choláiste, i gCorcaigh. Nóra
a h-ainm.
TÓIBÍN. — Do bhronn Dia mac óg ar an Lánamhain:
Seán Tóibín agus Siobhán Ní Shúileabháin, an
6adh lá de Mhárta i mBaile an Teampall,
i gCorcaigh. Tomás a ainm.
Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk
Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk
JIMÍN MHÁIRE THAIDHG.
(
Tuille uaidh).
Nuair a bhíos ag dul abhaile ó thigh Mháire
Aindí tar éis cleamhnais Pheats Teaimí do
bhriseadh do Nell, do ghaibheas an bóithrín
agus cé bhuailfeadh liom fé'n dtor ach
Tadhg Óg. “Ní ghádh dhuit a bheith annsan,”
arsa mise, “mar ná tiocfaidh sí anocht
chughat. Tá siad go mór tré na chéile
thuas, tá cleamhnas Pheats Teaimí briste.
Imigh leat suas. ‘Is olc an ghaoth ná
séideann do dhuine éigin.’ N'fheadrais
ná go mbeadh fáilte romhat. Tabhair a
dóthain bladair do'n tsean-bhean.” Chuir-
eas díom annsan.”
Bhí Mam ar na craobhacha romham. Ba
dhóbhair di mé dh'ithe, a dhuine, ach leigeas
di bheith ag cur aisti. Ní neósainn di
cá rabhas, bíodh gur cheistigh sí go cruaidh
mé. Níor fhéadas ámhthach gan bheith ag
gáirí, nuair do chuimhnighinn ar Pheats
Teaimí, agus do chuir san an cíocras ar
fad ar Mham chun fios scéil d'fhagháil.
Ar feadh na h-oidhche n'fhéadainn staid-
éar a dhéanamh ar aon cheacht ach me ag
gáirí agus Mam am cheistiú coitianta.
Chuaidh an scéal ó smacht sa deire orm
& chuireas liú mór gáirí asam nuair do
chuimhnigheas ar an gcic do bhuail Peats
ar an madra. Bhí mo mháthair bhocht á
snaoi leis an bhfiosracht. Rug sí orm
agus chuir sí im shuidhe ar cheann an bhúird
me agus mo chosa ar sileadh. B'éigean
dom an scéal go léir d'innsint, a mhic
ó. Bhí sí ag leigint uirthi go raibh olc
uirthi chugham ach chonnac-sa go maith gur
thaithnigh an scéal léi & thugas fé ndeara
go raibh sí ag gáirí chúichi féin. I gcionn
tamaill thug sí ubhall dom a bhí i bhfolach
aici in áit éigin ná raibh fhios agam-sa.
Thugas cuid de'n ubhall do Cháit. Ann-
san chuamar a chodladh; ach ní a chodladh
chuaidh Mam ach suas go tigh Mháire Aindí
agus is dócha gur thugadar cuid mhaith
de'n oidhche ag cadráil.
Phreabhas as an leabaidh nuair chuala
ag teacht í agus bhíos leathslí síos an
staighre nuair tháinig sí isteach. “Cad
deir Máire Aindí anois le Tadhg Óg, a
Mham?” arsa mise. “Téire 'on leab-
aidh,” ar sise, “agus ná bí id' gheilt ann-
san.” “Á' Mhaimí innis dom é,” arsa
mise, “an raibh Tadhg Óg thuas faraibh?”
“Bhí,” ar sise. “Raibh sé féin agus
Máire ag bladar?” “Bhíodar,” ar sise.
“Hurú!” arsa me féin, & ritheas isteach
go dtí seomra Cháit & rugas ar shróin
uirthi agus dhúisigheas í. “Cad tá ort
arú?” ar sise. “Píosam, pósam,” arsa
mise, “prátaí rósta, bainne do bhó-sa
is bainne mo bhó-sa, táthaoi pósta, imighidh
an bóthar! Hurú! Hí-ú!” arsa mise.
Ach chuala Mam ag teacht agus b'éigean
dom rith. “Tann tú ait,” arsa Cáit, &
chuir sí osna codlatach aiste.
Ar maidin nuair a bhíos ag dul ar
scoil bhí Nell Mháire Aindí ar an mbóthar
ag bun an bhaile. Ghlaoidh sí orm, agus
a mhic ó, sara raibh fhios agam faic, rug
sí orm agus thug sí fámaire de phóig
dom. Ba chuma liom, ach bhí Micilín
Eoin díreach ag gabháil anuas an casán
agus chonnaic sé í. Tháinig olc orm chúichi.
Piú! póganna! bíonn cailíní i gcomhn-
aidhe ag pógadh daoine agus chuirfidís
déistin ort. Chuimligheas an phóg dem
aghaidh lem' mhuinirthle agus d'imigheas.
Bhíomar leathslí ar scoil nuair chuireas
lámh im phóca agus cad do gheobhainn ann
ac leathchoróin. Dhearmhadas an tseana-
phóg, deirim-se leat. Ceannuigheamar
bosca toitíní ag an dTobar & bhíomar
ag féachaint ciaca 'gainn araon d'fhéad-
fadh an gal do chur amach trí na shróin.
Bhí Micilín chomh maith liom-sa chuige sin.
Annsan thugamar tamall eile d'iarraidh
an gal do shlugadh. Bhí Micilín breóite
ag an dtobac & tháinig dath glas bhuidhe
air. Nuair a thánamar araon ar scoil
fuair an máistir bolath an tobac uainn
ach ní fhuair sé aon toitín im póca mar
bhíodar go léir caithte againn. Fuair-
eamar léasadh mar sin féin, ach tháinig
scannradh ar an máistir nuair do bhreóitigh
Micilín taréis é bhualadh & d'fhág sé le
h-ais na teine feadh an lae é.
Nuair a bhíomar amuich lár an lae
chonnac féin an máistir ag caitheamh
toitíní & é ag bladar leis na cailíní
atá ag múineadh sa scoil eile.
Bhíodar ana-mhór tré chéile i dtigh
Mháire Aindí go dtáinig lá an phósta.
Bhíodh na mná go léir istigh ann gach
oidhche agus chuala Cáit á rádh go raibh
gúna gleóite age Nell agus hata istigh
i mbosca agus cleite mór bán air. Bhí
sceitimíní ar Chait mar gheall ar na
rudaí a bhí aici. 'Sé rud a bhí ag cur
tinnis ar na fearaibh ná “an lá” a bheadh
aca. Ba chuma leo san i dtaobh an hata.
Nuair a chídís mise, bhídís am cheistiú
mar gheall ar mo thurus go dtí Peats
Teaimí. Gheibhidís ana-shult sa scéal, a
dhuine. “Agus cad dubhairt sé annsan,
a Jimín?” a deiridís. D'innsinn dóibh
agus chuiridís liú gáirí asta. Is dóigh
liom go raibh Peats na choilichín paor ag
an ndúthaigh. Dubhradar liom go raibh
sé á bhagairt go marbhóchadh sé mise; ach
dubhairt Tadhg Óg go gcosnóchadh sé féin
me. Fear mór láidir iseadh Tadhg.
Bhí rí-rá mór ar an mbaile maidin an
phósta. Bhí a chulaith Domhnaigh ar gach
aoinne ach ar Dhaid. Coinnibh Mam sa
bhaile é sin. Tháinig dhá ghluaisteán ó'n
nDaingean chun lucht an phosta a bhreith
go dtí an séipéal. Chuaidh lucht an
bhaile ann ar chóistí agus ar thrucaillí.
Ní bheadh Nell sásta gan mise dhul léi
'na gluaisteán féin. Bhí sí go deas, a
dhuine, agus bhí a súile agus a béal ag
gáirí. N'fheadar connus a dheineann na
cailíní iad féin chomh deas? Nuair a
chonnac chugham í mheasas go raibh sí chun
me phógadh arís & bhíos ag cúladh uaithi.
“Caithfir-se teacht liom-sa sa ghluais-
teán,” ar sise. “Ar mh'anam go raghad,”
arsa mise, “má thugann tú geallúint
dom,” “Arú, cad é?” ar sise. “Gan
mé phógadh,” arsa mise. Do gháir gach
aoinne agus bhí Nell ag gáirí leis. “Ó
táim sásta,” ar sise, “téanam ort!”
Arú! is breágh an rud mótor. Bhain
an suidheachán preab asam, a dhuine, nuair
a shuidheas anuas de phreib air. Is láidir
SOCRAIGH AT' AIGNE
i dtaobh
TEACHT 'ON DAINGEAN
i mbliana.
Beidh an Coláiste ar oscailt
i rith mí Iúil agus Lúnasa.
Cuir fios ar an gclár
agus tuairisc i dtaobh
lóistín go luath.
An Rúnaidhe, Coláiste an Daingin,
i gCiarraighe.
Beidh
COLÁISTE GAEDHILGE
CHORCAIGHE
ar siubhal i gCorcaigh i rith mí Iúil
(a) Ranng do Thosnathóirí.
(b) Ranng an Teastais.
(c) Ranng an Teastais Dá
Theangan.
Cuir tuairisc gach ní ar
An Rúnaidhe,
I gColáiste na Toirbhirte,
I gCorcaigh.
GAEDHEALG DO NA LEANBHAÍ
Tá sí le
faghbháil in
IOL-SCOIL NA MUMHAN
I RINN Ó gCUANACH.
Is ann is buige, binne, blasda labhartar í.
Tá scoil ann do leanbhaí óga ón a seacht
go dtí a deich mbliana dh'aois & í fé chúram
an “Fhir Mhóir.”
Beidh na páistí chomh compórdamhail agus
dá mbeidís ar a dteinteán féin ag baile.
Scríobh go dtí
“An Fear Mór.”
COLÁISDE CHAIRBRE
Sin é an ball duit már
Gaedhilg atá uait.
TAR GO CUAN DOR
i mí Iúil nó mí Lúnasa,
agus beidh a fhios agat.
Gheobhair Clár an Choláiste ó
MHICHEÁL Ó CUILLEANÁIN, Rúnaidhe,
An Sciobairín.
“EUDACH na DRUIPSIGHE.” Níl a shárú ann, a Ghaedhala. Áit atá go Gaedhlach amuigh is amach iseadh an ball
in a deintar é — Muileann Éadaigh na Druipsighe, i Múscraidhe, sa' Mhumhain.
NUAIR A THAGAIR
GO CORCAIGH
Tá
ÁRTHAIGHE AIRGID
den tsaghas so go
h-oireamhnach mar
BHRONNTANAS BAISTE.
Deinimíd iad san agus an
uile-shaghas eile mar atá —
CAILÍSÍ, CUIRN & CUACHA
agus
ÓRNÁIDÍ I BHFUIRM BONN
agus
CROSANA CEILTEACHA.
SINN-NE A DHEINEANN ANSO
COIS LAOI.
Cuir tuairisc a luach ar
LIAM MAC AODHGÁIN
is a Chl. Mhac,
Seódóirí agus
Gaibhne Geala,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.
nár chaith sé in áirde san aer me, bhí sé
chomh bog san. Nuair a shuidh úncail Nell
im' aice bhain an suidheachán preab as
san leis, mar d'imigh sé i bhfad síos fé,
gan choinne. “Ó dhe, an diabhal me!”
ar seisean, leis féin, agus annsan do
gháireamar araon. Annsan bhain an tiom-
ánaidhe casadh as rud éigin i dtosach an
ghluaisteáin agus thosnuigh glór uathbhásach
éigin istigh i mbolg an mhótair. Mheasas
féin gur tinneas a bhí air. Shuidh an
tiománaidhe isteach & as go bráth linn.
Bhí mo chroidhe im' béul agam-sa go ceann
tamaill mar mheasainn go raghaimís in
áirde ar an gclaidhe; ach ba dhóigh leat
go raibh ciall ag an ngluaisteán an tslí
sheachnuigheadh sé gach aon rud. Ba mhór
a spórt bheith ag féachaint ar sheana-mhná
agus asail aca ag baint an chlaidhe amach
nuair a bhraithidís chúcha sinn; agus níor
leigeas-sa do'n adhairc ar feadh na haim-
sire ach á séideadh.
Nuair a thánamar go dtí an séipéal
bhí a lán de mhuintir an bhaile ann agus
chuamar isteach. Chuir an sagart Nell
agus Tadhg ar a dhá nglúin agus léigh
sé rud éigin as leabhar agus dubhairt
sé leo rud éigin a rádh 'na dhiaidh agus
dubhradar, ach is ar éigean a chloisfá Nell
in ao' chor. Bhí sí támáilte, tá fhios agat.
Annsan do chuir Tadhg fáinne ar a méir
agus bhíodar pósta. Ní raibh a thuile
ann. N'fheadar-sa cad chuige a bhíonn
an gleo go léir i dtaobh pósta in ao'
chor.
Annsan seadh d'éirigh an chainnt. Bhí
gach aoinne ag teacht chun na beirte &
ag crothadh lámh leo agus ag rádh, “Go
mairir a bhfuil nua agat!” agus bhíodh
mná ag pógadh Nell go dtáinig olc orm
fhéin chúcha agus d'imigheas ar fuaid na
sráide. Chuadar go léir isteach i dtigh
óil annsan agus bhíodar ag rinnce agus
ag ól agus ag amhrán. Ag déanamh siar
ar an tráthnóna b'ait leat cuid de sna
fearaibh. Bhídís ag amhrán agus greim
lámh aca ar a chéile & cainnt gan aon
chiall ar siúbhal aca; agus dá bhfeictheá
na pleidhcí ag iarraidh a chéile a phógadh,
& an pórtar ag tuitim as an ngloine bhíodh
na lámhaibh. Chuirfidís muca i gcuimhne
dhuit.
Tráthnóna d'imigh Nell is Tadhg sa
mhótar go dtí an traen agus thugadar
mise leo go bun an bhóithrín age baile.
Im' shuidhe in aice an tiománaidhe a bhíos,
agus mé ag faire ar gach aon rud a
bhíodh sé a dhéanamh. D'fhéachas tharam
siar aon uair amháin agus is amhlaidh a
bhí Tadhg ag pógadh Nell; agus ní thug
sí aon chlabhta baise dho mar thug sí an
oidhche úd sa bhóithrín. Baineadh ana-
phreab as Nell nuair a chonnaic sí me
ag féachaint ortha agus chlúduigh sí a
h-aghaidh le na dhá láimh agus bhí sí chomh
dearg leis an dteine. Bhí cathú orm
gur fhéachas in ao' chor.
Nuair d'imigheadar uaim ag bun an
bhóithrín, an riabhach ná go dtáinig uaig-
neas orm fhéin & bhíos i reachtaibh goil,
a mhic ó! cé go raibh Tadhg taréis leath-
choróin a thabhairt dom. Nuair a chuas
isteach abhaile b'éigean dom an scéal go
léir a innsint do Cháit. Bhí ana-shuim
aici ann.
Tháinig Nell & Tadhg abhaile aréir —
oidhche Máirt Inide tá fhios agat, agus
caitheann gach aoinne bheith sa bhaile roimis
an gCarrghas. Go tigh Nell a chuadar
agus is ann a bheidh Tadhg feasta a deir
Mam, mar tá sé 'na chliain isteach age
Máire Aindí. D'fhiafruigheas de Mham
an mbeidís sa bhóithrín aon oidhche eile
ach is amhlaidh do bhuail sí mé & dubhairt
— “bhfuil do cheacht agat?”
Nuair a bhíos ag dul ar scoil indiú cé
chífinn im choinnibh sa bhóthar ach Peats
Teaimí. Bhí eagla orm gabháil thairis
agus léimeas isteach thar claidhe. Nuair
d'aithnigh sé mé bhagair sé a dhorn orm.
“Ha, há! má bheirim-se ort!” ar seisean.
“Hí — ú!” arsa mise, “connus do thaith-
nigh do thurus 'on Sceilg leat.” Tháinig
néal air annsan & chaith sé bolán mór
cloiche im dhiaidh.
Mise Jimín.
SEANCHAS, le Seumas Ó h-Eochadha,
“An Fear Mór.” (Ar 1/- ó “Chualucht
Oideachais Éireann,” 89 Sráid Talbóid,
i mBaile Átha Cliath.) Le múinteoireacht
na Gaedhilge a thug an “Fear Mór” a
shaoghal go dtí so, agus is léir ón leabhar
beag nua so, “Seanchas,” nách aon “sop
in ionad scuaibe” é mar mhúinteóir.
Tá deich gceacht fichead sa' leabhar &
an leanbh a léighfidh agus a mheabhrochaidh
iad, beidh Gaedhilg a dhóthain aige chun a
shaoghal garsúin do chaitheamh go h-aerach
Gaedhlach.
Tá blás ceart Déiseach ar an gcainnt,
í díreach ar nós na cainnte chloistar sa
Rinn gach aon lá.
Tá athrú in aghaidh an lae ag teacht ar
an gcainnt sin Déiseach. Le Déisigh is
mó a bhí caidreamh agam féin fiche bliain
ó shin, agus is fánach a chloisinn “bhí me
ann” uatha in ionad “bhíos ann” agus
“ar chuir tu” in ionad “ar chuiris” ach
is gnáthaí an chéad rud ná an tarna rud
indiu. Bfhiú do lucht Iolscoile na Mumhan
sa Rinn cainnt na seanóirí atá fós ann
do chuardach féachaint an fada ó tháinig
an nua-bhriathar sa chainnt aca. Seo blúir-
ín den cheacht taithneamhach a dhein an “Fear
Mór” ar Sheán Gréasaidhe:
“… B'ait leis (an bPúncán) ná raibh
aon chrónán ná amhrán ar siubhal aige.
D'fhiafruigh sé dhe cad do bhí air ná raibh
sé ag amhrán. D'fhéach an gréasaidhe air
agus annsan d'fhéach sé ar an mála.
“In ainm Dé, tóg leat an t-airgead
mí-ádhmhárach sin,” ar seisean. “Níl sos
ná suaimhneas agam ó thug tú chugam
isteach é. Tá maig im mhuinéal ó bheith
ag féachaint in áirde air. Tóg leat as
mo radharc é agus go gcuiridh Dia an
rath ort …”
Níl aon mhearthal orm ná go mbeidh
éileamh maith ar an leabhar so ins na
scoileanaibh a bhfuil an teanga fé mheas
ceart ionnta.
Seán Tóibín.
LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.
Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha.
Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
ÍDE BITHIÚNACH SA tSÍN.
Níl aon tír fé luighe na gréine níos
cliste ins gach a mbaineann le céasadh
cuirbtheach ná'n tSín. Is minic a tug-
tar íde do dhuine gur trúig bháis dó é
'sa deireadh, agus gan é cionntach ach
i gcoir bhig, shuaraigh,
Bithiúnach a bhrisfeadh isteach i dtigh le
fonn gadaidheachta, is daor a dhíolfadh
sé as. Cuirtear saghas bóna adhmaid fá
n-a mhuinéal. Tá dhá chlár ann, agus
tagann siad le n-a chéile tímpal muinéil
an Chuirbthigh, ionnós go mbíonn a cheann
sáithte amach tré pholl eatorra. Tá an
bóna so trí troithe ar leitheadh & ceithre
troithe ar faid. Ceangaltar slabhra de
chaol a láimhe, agus de'n bhóna, i slí
nach féidir leis an ainneiseoir a lámha
chur ar a aghaidh gan duadh mór, agus is
beag ná téigheann sé thar a dhícheall a
chuid bídh do chur isteach 'na bhéal in aon
chor. Agus mar bhárr ar an gcrua-chás
tagann na cuileóga 'na míltibh agus
ritheann siad ar muin mairc a chéile
anonn agus anall ar a aghaidh, agus iad
ag ithe na feóla anuas de. Teipeann
ar an bhfear bocht an ruaig a chur orra
i-n ainneoin a sheacht ndícheall.
Tugann an Síneach urraim mhór & adhradh
d'á aithreachaibh chuaidh roimis, agus tuigfear
ón méid sin, gur suarach aon choir a dhéanfaí
seachas réabadh roilige. Ach i n-ainneoin
sin agus uile, sáruigheann an tsainnt ar
an eagla ag lucht an fheill roimh na mairbh,
agus roimh iarsma an uilc a bhéadh 'á
dhéanamh acu, agus is minic a bhriseann
siad isteach i n-uaigh go mbeadh coinne
acu le seodaibh luachmhara ann i dteannta
an chuirp. Má beirtear 'sa bhfoghail orra,
níl 'sa bhóna adhmaid ach cleas grinn
seachas an droch-íde a tugtar dóibh d'á
bhárr. Cuirtear an gaduidhe 'na sheasamh
ar charnán brící, agus cliath anuas air.
Ceangal na gcúig gcaol ar a lámhaibh
taobh-shiar de, a shlinneáin ag brú suas
i gcoinne na maidí-treasna, & a cheann
sáithte amach tríotha. Fágtar mar sin é,
agus an ghrian chraosach ag spalpadh anuas
air, agus na sluaighte daoine ag magadh
fé, agus ag casadh asmhuchán leis, Is
féidir leis an bás a thabhairt dó féin
pé tráth is mian leis, ach na brící fá
n'a chosaibh do leagadh, agus é féin
do chrochadh idir na maidí-treasna. Ar
aon chuma, bíonn an bás i ndán dó,
mar ní leigtear amach 'na bheathaidh é;
agus an fhaid is ná ídigheann sé é féin
bíonn an ghrian 'á losgadh & na cuileóga
ag ithe na feola anuas d'á chnámhaibh.
Ach d'á ghéire iad na pianta atá
luaidhte agam, sáruigheann “an tubán”
ar a bhfuil de phiantaibh ar an domhan.
Cuirtear an ropaire 'na choilg-sheasamh i
dtubán mór, agus a cheann sáithte amach
tré pholl ins an gclúdach, a lámha cean-
gailte d'á chliathánaibh agus seacht mbrící
fá n'a chosaibh. Leathtar aol tirim ar thóin
an tubáin. Is éigean do'n chréatúir bhocht
fuireach 'na sheasamh mar sin go ceann
lae agus oidhche agus é leath-chrochta ó
bheith ag iarraidh sos a thabhairt dó féin.
Annsin scaoiltear beagán uisce tríd an
aol. Éirigheann na deatacha bréana suas
'na aghaidh agus 'na shúilibh, agus bíonn
sé leath-mhúchta acu. Bíonn a scórnach &
a theanga calcaithe i dtreó ná féadfadh
a bhfuil d'uisce ins an muir mhóir iad a
fhliuchadh. Tógtar bríce anuas de'n char-
nán i n-agaidh an lae agus i ndeire na
scríbe, bíonn sé 'na sheasamh ins an aol.
Ní fada uaidh a bhíonn an bás annsan.
Itheann an t-aol craosach an fheoil d'á
chosaibh, i dtreó gur mór an trócaire
dhó an bás.
Agus siúd iad na daoine go mbeidh
na sagairt óga ó Mhágh-Nuadhat ag craobh-
scaoileadh an Chreidimh 'na measc. Go
n-éirighidh an t-ádh libh, a laochraidh Gaedheal.
Seán Mac Gabhann,
An Choláiste, Roscré.
CARABHATAÍ de'n PHOIPLÍN
AR GACH DATH is
AR GACH GNÉ DATHA.
LIAM Ó hAIMHEIRGÍN,
(‘W. Bergin’)
a dheinean do lucht siopaithe.
Scriobh ag triall air go
62 SRÁID GHRAFTON,
in ÁTH CLIATH.
Tá le fághail uainn-ne —
TÉ BLASTA CÚMHRA.
Ceannuigh púnt de mar shompla.
SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.
SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.
ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.
ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.
SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.
A MHNÁ UAISLE!
Tá fo-eudaighe do mhnáibh uaisle 'á dheunamh
ag Gaedhilgeóirí sa Mhumhain. Earraí
ar fheabhas an domhain is eadh iad. “ARTÁN”
an t-earra-chomhartha atá ortha. Bídh 'á lorg
ar lucht siopaithe. Má bhíthí ar an Oireachtas,
téighidh fé dhéin lucht a ndeunta:
LUCHT EUDAIGHE ‘ARTÁN,’
Sráid Thomáis Dáibhios a 40, i gCORCAIGH.
LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.
GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.
Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Gur bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces”
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”
Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —
TOMÁS Ó GORMÁIN
Port an Phápa, CORCAIGH.
I LIOS TUATHAIL
gheobhair
GACH CÓIR TIGHE,
ÁRAISTÍ IARAINN,
ÚIRLISÍ,
SÍOLTA agus
LEASÚ
ó
SHEÁN MAC EANNA,
i SRÁID AN MHARGAIDH.
Gach cóir chun tig do dheunamh
ÓN ÚRLÁR GO BÁRR
AN TIGHE:
Adhmad, Táthán agus Slinnte;
Áraistí Iarainn, Stóbhana, & Bácúsa;
Dathán, agus an uile shaghas Íle & Ola.
Tá le fághail ó
‘EUSTACE & CO. Ltd.,’
I gCORCAIGH.
Scríobh chúca.
Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag
T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo.
ag Mainistir na Corann, agus
i gCluain Dalláin, i
gCo. Chorcaighe.
Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”
FEÓIL ÚR GHAEDHLACH.
Uaim-se gheobhair san.
agus
EUNLAITH is GLASAIRÍ.
MÍCHEÁL BARÓID,
Both a 64 & 65, Margadh na Feóla,
CORCAIGH.
Guthán a “276, Corcaigh.”
CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne.
Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.
MAC CUILINN
Fear na Rásúr
Is aige atá
AN TEASBÁNADH RÁSÚR
is mó in Éirinn; a luach ón
a 1/6 go 14/6.
Earra ar leith é seo:
RÁSÚR ÉADTROM
DEA'-FHAOBHAIR ar 9/-
(‘Hollow Ground.’)
Postas is uile.
MAC CUILINN, Fear na Rásúr,
SRÁID CHAPEL 35-36,
BAILE ÁTHA CLIATH.
GRAMADACH NA GAEDHILGE.
“STUDIES IN MODERN IRISH”
(Part I.)
An t-Ath. Gearóid Ó Nualláin, ‘m.a., b.d.,
Ollamh Gaedhilge, do rinne.
6/- a luach. Ó
CHUALUCHT OIDEACHAIS ÉIREANN,
89 Sr. Talbóid,
in ÁTH CLIATH.
Cora cainnte na Gaedhilge d'á léiriú is
d'á míniú. Cainnt an Athar Peadar
& an Chéitinnig an bun atá aige.
ó
THOMÁS Ó MURCHADHA
a gheobhair biadh maith blasta de
dheuntús Gaedhal, i gcóir Céilidhe
nó Feise, nó aon tsórt fleidhe.
UIBHE, BAGÚN
agus
GACH SAGHAS EILE LÓIN!
SRÁID SHEÓIRSE a III
(ar aghaidh Árd-Oifige an Phuist anonn),
i gCORCAIGH.
CHÓMH-BLASTA
LE
h-AON-ÍM!
MARGAIRÍN
‘LEANDAR’
TÁ 'A DHÉANAMH
I gCORCAIGH
ag
Ó DUBHDAILL,
Ó MATHÚNA & a gCualucht.
Bí 'á lorg ar lucht siopa,
led' thoil.
DEOCH
BHLASTA
FHOLÁIN
ISEADH
“TANÓRA”
Sugh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar.
Scríobh chuig
Seán Ó Dálaigh is a Chua.
tta.,
I gCORCAIGH,
in a thaobh.
I LIOS TUATHAIL
gheobhair
Áraistí Iarainn, Troscán & Rothair
ó THOMÁS Ó CRÓINÍN,
I SRÁID LIAM.
DO FHEAR NA FEIRME
É SEO:
Tá
SÍOLTA,
LEASÚ,
ÚIRLISÍ,
agus
BIADH BEITHIDHEACH
le fághail, go maith is go saor, sa
tsiopa so:
‘SIOPA PLÚR IS
MINE SHRÁID AN RÍ,’
AN 3adh tigh i Sráid an Rí,
CORCAIGH.
Scríobh indiu & cuir tuairisc
a luacha &c.
Togha gacha bídh i gcór na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.
Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgan, Dundalk
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11