Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feabhra, 1920
Title
Feabhra, 1920
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1920
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
2d. AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. a 47. FEABHRA, 1920. Dhá Phinginn a Fhiacha. AN SEAN AGUS AN NUA. I. "Is mó cor a chuireann an saoghal de" adeir na seandaoine ciallmhara annso agus measaim gur fíor an chainnt í. Coranna ainnise a chuireann sí dhi uair- eannta agus bímíd-ne amhrasach annso i gCorca Dhuibhne ar an gcuid is mó aca. Ní maith linn cur isteach ar an seana- shaoghal ná ar an sean-nós. Gaibhimíd an sean-bhóthar leis an sochraid agus pósaimíd (ár n-urmhór) san Inid (má bhímíd sásta leis an spré), ní bhearr- aimíd ár gcuid gruaige choidhche ar an Luan ná ní chuimhneochaimís ar Ghaedhilg a labhairt le duine uasal ná le leanbh — ní ceart é do réir nós ár n-aithreach. Cor mhór sa tsaoghal gan amhras againne dob' eadh teacht na céad speile 'on dúthaigh. An corrán a bhí riamh ag baint an choirce againn agus dá bhrí sin, ba mhór an t-abhar cainnte dhúinn an speal nua a thug Micí, Mac Shéamais a' Scrog- ail, leis ó'n nDaingean. Ní h-obair dob' fhearr le Micí aon lá riamh, má b'fhíor dá athair. Bhí fuath aige do chorránaibh — obair, a ndubhairt sé féin, 'go mbeadh cnámh do dhroma os cionn do shróna 'gat'. Dá bhrí sin ní h-iongna go dtug Micí speal leis — aon rud, dar leis, d'éadtromóch' an saothar. Ní maith do thaithnigh an gléas nua leis an sean- duine, ámhthach — b'fhearr leis go mór an seana-ghléas nár theip riamh air féin ná ar a sheacht sinnsear. Rug sé go h-aicilídhe ar dhá dhúirnín na speile agus d'fhéach uirthi. B'ainnis agus ba chiotach agus ba mhí-chothromach an fearras í. Chuir sé uaidh go réidh, socair i gcoinnibh an fhalla í agus do chroith a cheann. "Um-m-m!" ar seisean, "níor chuimhnigh riamh air ach diabhal díomhaoin." II. Cúig bliana fichead ó shin tháinig an chloch ghorm 'on dúthaigh seo ar dtúis chun na gais a choimeád glas ar na prátaí d'aineóin an mheathta. Domhnall Bán do thriail ar dtúis é i bpáirc scóir. Bh iomairí Pheats Léan sínte suas le h-iom- airí Dhomhnaill. An lá bhí Domhnall ag leathadh na stuife, le buicéad agus tor aitinn, ní raibh istigh i dtigh Pheats ach Peats féin. Siúd leis amach 'on ghort agus a bhata aige agus faobhar air. Níor thuig Domhnall an fuadar a bhí fé Pheats, ná níor thuig sé é nuair thóg Peats an chleith os a chionn. D'fhéach Domhnall ar an gcleith: "Cúrsaí eagla ambaist!" ar seisean agus é d'iarraidh greann a chur 'na gháire. Ach ní raibh aon fhonn grinn an Pheats: "Má bhíonn sé de'n mhí-ádh dearg ort go dtuitfidh aon bhraon de'n stuif sin ar mo chuid gas — déanfaidh mé corp díot." Agus dhein sé cainnt fhada i dtaobh daoine a bhíonn ag cur toil Dé agus A ghrásta ar nea-'thor, agus a bhíonn ag tarrac an donais anuas ortha féin agus ar na comharsain. III. Blianta beaga 'na dhiaidh san chual- amair trácht ar an ngléas siubhail sin an gluaisteán — nó an "Mútar" mar thug Séamaisín liath air. Ní chreidfeadh Beit Bhán go bhféadfadh a leithéid gluais- eacht uaidh féin i n-ao' chor agus bhíodh argóintí móra aici le Séamaisín. Deir- eadh Máire Thaidhg i gcomhnaidhe gur le cainnt Bheit a bhí an éifeacht. Lá, rith garsún isteach agus dubhairt sé go raibh an rud uathbhásach nua úd, an "Mútar," ag teacht árd a' bhóthair anuas. Siúd amach le Beit, ach ní bheadh sí sásta gan Máire, leis, a bheith 'na teannta agus rith sí suas go barra an bhaile. Bhí Máire ag gabháil de chuiginn agus, slán mar n-innstear é, bhí an "Mútar" imithe an bóthar siar agus gach aon ghnús aige agus gach aon scread, agus scamalla móra bána de smúit an bhóthair 'na dhiaidh aniar, agus bolath bréan. D'fhéach na mná ar a chéile agus dheineadar fíor na Croise. Bhí tairngireacht bheannaithe Cholmcille tagaithe i grích, bhí deire an tsaoghail ag teacht mar nárbh 'in cóiste ag gluaiseacht gan capall, gan asal, le comhachtaí an Áirseóra! IV. Chuamair i dtaithighe na neithe nua san ar fad — chuaidh Beit Bhán féin isteach i "mútar" an dochtúra lá cé nach ar fónamh a thairrig sí a h-anál go dtáinig sí amach as arís. Mheasamair go mbeadh suaineas tamall againn ó sna h-iongan- taisí. Ach is maisg a bhíonn ar lorg suainis ar an saoghal so. Ní stadann an saoghal choidhche. Bhíomair lá breágh gréine agus gan sinn ag smaoineamh ar olc ach ag tabhairt aire dár ngó ar ár sean-nós féin nuair chualamair an torann agus an tórmán agus an chnagarnach. Bhí mac Mhicí na speile ag baint fhéir agus do stad sé agus d'fhéach ar lorg an ruda. Bhí seana-Pheats Léan ag leathadh Stuif na Bleaiste ar gharrdha prátaí. Stad sé agus d'fhéach, ach n'fheacaidh aon ní. Tháinig Beit Bhán on doras agus d'fhéach árd a bhóthair soir. Sághas éigin eile "mútair" a cheap sí a bhí ann, ach n'fheacaidh sí ag teacht é. Bhí an crónán agus an chnagarnach ag dul i dtréine. Stad gach duine dá ghnó agus d'fhéach ar gach aoinne eile. Do bhánuigh cuid aca. Rug máithreacha ar a gclainn agus do bhéic an chlann. Ní raibh focal as na fearaibh. Bhí gach aoinne ag feitheamh leis an sceimhle mhór — pé rud é. B'in é an t-uathbhás ar fad ná feacathas aon rud an lá buidhe gréine sin, ar bhóthar, ar ghort ná ar fhairrge. Annsan do gheit garsún beag. "Ó h-anamain!" ar seisean, "féach an t-éan mór," agus shín sé a mhéar anáirde sa spéir — B'in é uair a chonnacamair an t-iongantas is déanaighe bhuail chughainn — an t.Eitealán. Tháinig sí thar Mullach Conarach i leith. Dhein sí trí lúb tíom- pall an bhaile. Sheasaimh sí ar a srón agus annsan sheasamh sí ar a h-earball agus annsan soir léi i dtreo Abhann a' Scáil agus níor fhág sí scéal ná tuairisc 'na diaidh. Bhí sí ag Garrdha na dTor sara dtáinig a gcainnt do Bheit Bhán ná do Mháire Thaidhg ná do Pheats Léan. Ní mór gur stadadar de chainnt ó shin, ámhthach. M. Ó Siochfhradha. GIOTAÍ. Beirt bhan do bhí i n-aon tseomra amháin. Bhí dhá chliabhán aca dhá luascadh agus leanbh mic ins gach cliabhán. Do chrom an bheirt ar seo-ho-bá a rádh dos na leanbhaí agus is é seo-ho-bá adubhradar: Sin iad ár gclann ár gclainne A n-aithreacha ár bhfir Agus do phósamair gan chol. (An té go dtéidheann de a gcaint do thuisgint, gheobhaidh sé a réidhteach i "Lóchrann" an mhí seo chúgainn). Smior gabhair d'fhear lom Smior muice d'fhear gunna Smior caorach d'fhear séidhte Smior mairt d'fhear mhaith. "An Fiolar" do bhailigh. Gúnaí agus Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, agus c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
BANBH SHEÁIN MHEÁIG. Banbh iongantach ab' eadh é, dar ndóigh n'fhéadfadh aoinne a rádh ná gurb, eadh Ceannuigheadh ar mhargadh an Daingin leath bhliain roime sin é ar a sé déag agus, dar ndóigh, cheap Seán Mheáig agus Betí go raibh seift aca an lá a thugadar leó é. Ba dheacair a rádh an breis nó luigh- ead a chuaidh ar an mbanbh ar feadh leath bhliana cé go raibh goile maith aige. Do shín a shoc ámhthach agus tháinig cuma chómh gramhasach san ar i dtreó 's dá loirgeochadh sé gal tobac ort ná bain- feadh sé puinn preab asat. B'é cainnt gach aoinne banbh Sheáin Mheáig, an t.aos go léir, a chroidhe! agus an goile mór agus gan breis ná cuma ag dul ar. "A Bhetí," arsa Seán oidhche áirithe, "ní h-aon bhreis atá ag dul ar an mbanbh san agus ní h-aon mhaitheas a bheith 'á choimeád." "Cad tá le déanamh againn, a chroidhe?" arsa Beití. "Díolaimís é," arsa Seán. "Ara cuir uait! cé cheannochadh é?" arsa Betí. Thug Seán cogar di. "Díolfaimíd mar bhanbh é agus ná bog do bhéal air." D'árduigh Seán an banbh ar an margadh leis lá Sathairn agus taréis tamaill bhuail chuige fear a bhí ag lorg adhbhar cránach. Chonnaic sé banbh Sheáin sa chairt agus cheannuigh gan mhoill ar a cúig fichead é. Chuir Seán an banbh isteach i ngeáird áirithe agus taréis a chairt a chur chun críche bhuail sé amach fé'n tsráid. Nuair a chuaidh an fear eile ag féach- aint ar an mbanbh, taréis tamaill thug sé fé ndeara an chuma sheana-chríona a bhí air agus dubhairt leis féin gur bob a buaileadh air. Shocruigh sé na aigne ar an nóimeat an banbh a chur do
arís. Thug sé leis amach as an dtig drabhlach d'uisce beirbhighthe. Nigh sé go slachtmhar an banbh — ní mór ná gur loisc agus gur sgríob sé an croiceann do — fuair sé stán de bhainne géar annsan agus nigh arís é agus dar a' leabhar so, a léightheóir, ba dhóigh leat gur banbh naoi seachtmhaine mo shíobhra leath bhliana na dhiaidh. Bhuail sé chuige na chairt annsan é agus amach leis ar thaobh na sráide. Bhí cúpla braoinín caithte ag Seán Mheáig fé'n dtráth san agus cheap sé leis féin gur mhaith an rud banbh a chean- nach dá bhfaghadh sé saor é. Fé mar bheadh an "nimh ar an aithne" sí an chéad chairt a chonnaic sé ná cairt an ógánaigh ó chianaibh. Dhein sé fé'n gcairt agus toisc é bheith "maith go leór" níor thug fé ndeara gurb' é an leaid a cheannuigh ar maidin a bhí ag díol anois. Moladh an banbh go h-árd agus gach préamh a tháinig roimis agus fuair Seán é ar a deich fichead — ní bhfaghadh aoinne eile é gan dhá phúnt, an dtuigeann tú — agus ghluais sé abhaile. "Níor dhíolais, a Sheáin," arsa Betí nuair a chonnaic sí an banbh. "Dhíolas agus cheannuigheas," arsa Seán go mór- dhálach. "Tá ana dheallramh aige leis an sean bhanbh agus má mairim is é é," arsa Betí. "Ara fág an áit sin, a liobóig," arsa Seán "nach mé féin a cheannuig é chun a rádh go mbeadh cainnt bhriollánta mar sin ag teacht uait." D'árduigh Seán an banbh as an gcairt agus sgaoil isteach sa bhothán é agus níor thug sé fé ndeara gur bhain sé amach a sheana chúinne féin láithreach nó má thug níor chuir sé aon tsuim ann. Dhún sé an doras agus chuaidh isteach abhaile. Nuair a bhí cuimhne na díghe imithe uaidh lár na mháireach chonnaic sé an bob a buaileadh air. Fuair sé tuagh ón siúin- éir agus fuair an banbh bocht bás obann. B'fhearr le Seán méar a chur 'na shúil riamh ó shin ná an bhanbh a tharrac chuige. Carraig na Téide. LÉINE AN FHIR SHONA. Ní raibh rí sa domhan le'n a linn ba mhó réim ná Seabaham, rí na Persia. Bhí armáil throm aige chun a ríocht do chosaint; bhí cúirt áluinn aige chun cómh- naithe innte; agus bhí an oiread san de sheirbhísigh aige nárbh fhéidir leis iad d'áireamh. Ní raibh éinní i n-easnamh air. Airgead agus ór agus clocha bua — bhíodar 'n-a gcáirnibh aige. Bha dhóigh le duine gur cheart go mbeadh sé ar a thoil go deimhin. Ní mar sin a bhí sé ar a shon san. Ní raibh sé ar a thoil; ní raibh sé sásta. Bhí buairt sa ló air, agus ní chodladh sé san oidhche. Bhí dochtúirí go leor ag tabhairt aire dho, ach níor tháinig leo é leigheas. Sa deire do h-innseadh do go raibh fear-feasa, a tháinig thar lear, sa tír, agus do chuir sé iarraidh air. Do tháinig an fear-feasa go cúirt an rí, agus d'innis an rí a ghearán do. "Aicíd ait is eadh atá ort, a rí," ars an fear-feasa, "ach is furaiste í leigheas. Ní'l agat le déanamh ach "léine an fhir shona" dh'fhagháil agus í chur umat. Beir ar do thoil as san amach." Do chuir an rí fios láithreach ar a árd-sheirbhíseach. "Imigh," ar sé, "agus tóg leat cóiste agus an fheire capall is fearr im' each- lainn, agus soláthruigh léine an fhir shona chugham." D'imigh an fear agus mórtas air, mar do shíl sé gur bog an teasc a cuireadh air; agus bhí súil aige le dualgas mór ó'n rí nuair a shaothrochadh sé an léine chuige. Níorbh' fhada dho dh'éis na cúirte d'fhág- aint gur bhuail gasra fear oibre uimis, agus iad ag deisiú an bhóthair. Do ghair an seirbhíseach go bog fé'n fhiaclaibh. "Níl puinn de dheáramh an tsonais oraibhse, a rudaí bochta," ar sé, "agus ní ó'n bhúr leithéidí a gheobhad an léine do'n rí." Agus do chomáin sé leis 'n-a chóiste. Níor stad sé gur chuaidh sé sa taobh eile de'n dúthaigh mar ar chómhnuigh fear
mór-shaidhbhris a bhí ar a aithne. Do cheap sé dá mbeadh éinne sona go mbeadh an a fear so, mar bhí iomad de ghustal an a tsaoghail aige. Bhí bólacht thar áireamh aige, agus talamhaintí fairsinge chun iad do chothú. Nuair a shroich sé pálás an fhir seo 'sé cuma 'n-a bhfuair sé é ná buartha, duairc go leor. D'éis dinnéir, nuair a bhí an bheirt 'n-a n-aonar do nocht sé cúis a chráidhteachta do theachtaire an rí. "Is fíor," ar sé, "go bhfuil machairí leathana méithe agam, pálás grianmhar, agus na gáirdíní is áilne i ríoghacht an rí, — dá mb'iad gáirdíni an rí féin iad. Ach tá estát ag mnaoi bhoicht ar an dtaobh eile de'n chnoc a theasduigheann go mór uaim, agus ní'l fagháil agam air. Nuair a théighim ar an gnoc a' fiadhach, agus nuair fhéachaim tímpal orm ó'n a mhullach, chím gur liom fhéin a bhfeicim ar an dtaobh so; ach nuair a chím gur léi-se a bhfuil le feiscint ar an dtaobh aile, fuarann an croidhe ionam le cráidhteacht." "Ca, na thaobh ná ceannuigheann tú uaithe é," arsa seirbhíseach an rí? "Do tharraigeas a dhá luach di air," arsan fear, "acht do dhiúltuigh sí é. Deir sí ná fuil an áit le díol — gur léi féin é agus le na sinnsear roimpe." "Nuair a thá fhios agat ná fuil an áit le fagháil agat, narbh' fhearr dhuit é chur as d'aigne ar fad," arsan seirbhíseach? "As m'aigne!" ars an fear. "Níl suaineas lae ná oidhche orm 'n-a thaobh. Dob' fhearr liom bheith marbh ná beo ó theip orm é dh'fhagháil." "Is fíor ná leighisfeadh léine an fhir seo an rí," arsan seirbhíseach leis féin. Lá ar na mháireach do ghaibh sé na cap- aill, agus ghléas sé é féin chun bóthair arís. Do chuaidh sé fé dhéin cheannaidhe mhóir a chómhnuigh i gcathair cois farraige. Bhí ainm an cheannaidhe seo i mbéal na ndaoine ar dhá thaobh na farraige mar ghioll ar fheabhas a chuid earradh agus méid a rachmuis. Ach ní sona ná suairc a fuair an seirbhíseach é. Bhí stoirm ann an tseachtain roime sin, agus bhí eagla air go raibh a chuid loingeas a bhí ar uisge caillte. Ní dhéanfadh léine an cheannaidhe an rí do leigheas. Do chuaidh an seirbhíseach as san go tigh tiarna mhóir, ach is amhlaidh a fuair sé é sin 'n-a luighe ar a leabaidh le h-uabhar i dtaobh gur ghlaoidh an rí chun na cúirte ar chomhursain do agus gur fágadh é féin siar. Ní raibh éan leigheas 'n-a léine sin go h-áirithe. Do chuaidh an seirbhíseach as san go tigh dhuine eile, agus go tigh dhuine eile, ach b'é an sgéal céadna i gcómhnaidhe é: bhíodh rud éigin ag déanamh buartha nó bróin do gach éinne aca. Fé dheire bhí na capaill buailte amach ó'n siúbhal, an cóiste caithte, agus ní raibh léine an fhir shona solártha. D'iom- puigh an seirbhíseach a aghaidh ar an mbaile. Bhí sé buartha go leor mar bhí eagla air nach éan fháilte fhónta a bheadh ag an rí roimís. Fé shlí dho, agus é i ngiorracht teas- ail lae do'n chúirt, do chuala sé fideóg á seinm go meidhreach ar leath-chnoc ós cionn an bhóthair. Do stad an cóiste chun éisteacht leis an gceol, agus ba ghearr go dtug sé an ceoltóir féin fé ndeara. Bhí sé 'n-a shuidhe ar mhullach carraige, scata caorach ag inníor 'n-a thímpal, agus é ghá n-aodhaireacht. Buach- aill óg ab eadh é, agus ní raibh uimis ach na giobaill; ach dob fhuraiste aithint ar a gheal-ghnúis go raibh sé sásta le n-a shlí bheatha, agus ná raibh buairt ná brón sa tsaoghal air. Do bhagair fear an chóiste chuige anuas air. Tháinig an t-aodhaire go neamh-eaglach, gáireatach. "Innis an fhírinne dhom," arsan seir- bhíseach, "an bhfuil tú ar do thoil?" "Ar mo thoil?" arsan buachaill, agus iongna air. "Ca' na thaobh ná beinn? Níl fear sa tír is sona ná mé. Tá na caoirigh seo macánta, ní deacair iad aodhaireacht; thá mo chuid bidh i n-áirithe agam, agus déanann ceol na fideóige seo caitheamh aimsire dhom." "Ach na ceirteacha éadaigh sin ort," arsan seirbhíseach? "Ó, coimeádaid siad an fuacht uaim, agus leogaim orm liom fhéin gur róbaí síoda iad," arsan t-aodhaire. "Is tú an fear atá uaim," arsan seirbhíseach — agus do thaisbeáin sé bhar- rántas an rí dho — preab isteach sa chóiste chugham. Do dhéin, agus do chomáineadar leo go cúirt an rí. Nuair a chonnacthas an cóiste ag teacht chun na cúirte, an t-árd-sheirbhíseach innte, agus an fear sona 'n-a theannta, do rith gasra de lucht feadhma an rí 'n-a gcoin- nibh; do stopadar an cóiste agus do stracadar a bhalcaisí éadaig de dhrom an fhir shona chun na léine luachmhaire úd do thabhairt chun an rí. Ach — cé chreid- feadh an iongna mhór — ní raibh luid de'n léine ar an mbuachaill meidhreach. Cormac Ó Cadhlaigh d'aisdrigh ó'n Bhfrainncis.
CULAITHE EUDAIGH A DHEIN AN TÁILIÚIR, Tá raidhse dhíobh againn-ne. IAD ULLAMH DEUNTA LE CUR UMAT. In Éirinn a deineadh. Idir 80/- is 100/- an t-airgead. MUINNTIR MHURCHADHA, Sráid Uasaington a 47, I gCORCAIGH. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL IS A CHLANN MHAC (teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. TÉIG FÉ DHÉIN "AN EMPÓRIUM" ar lorg Earraí Gaedhlacha — BÓNAÍ, CARABHATAÍ, LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ AGUS LÍNÉADACH. M. Ó SÚILEABHÁIN AGUS A MHAC, CILL ÁIRNE. I LIOS TUATHAIL gheobhair Bróga Gaedhlacha agus Eudach Maith Gaedhlach ó Ó MÓRÁIN, i SRÁID AN MHARGAIDH. TROSCÁN AGUS LEABTHACHA, ar fheabhas agus ar shaoire. DEUNFAD-SA GHÓ A' GAEDHILG LEAT! SEÁN MAC EÓINÍN, "CUALUCHT TROSCÁIN NA MUMHAN," Sráid a' Chapaill Bhuidhe a 63, CORCAIGH. "BRÓGA NA LAOI," idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile. Scríobh chun "Lucht deunta Bróg na Laoi," i gCorcaigh.
FEIS CHONNTAE CHORCAIGHE a tionólfar i gCorcaigh an 27adh la de Mheitheamh, 1920. COMÓRTAISÍ DO SCRÍOBHNÓIRÍ: 1 Sceul nua-chúmtha (7,000 focal ar a luighead ann). £10 an duais. 2 — Amhrán nú Dán nua-chúmtha, £2 an duais. 3 — Aiste nú Dán bheadh oiriúnach mar reacaireacht, £2 an duais. 4 — An Chnuasacht is fearr d'abhránaibh nár bailigheadh go dtí so. £3 an chéad duais; 30/- an tarna duais. 5 — Agallamh sultmhar nua, £2 an chéad duais; £1 an tarna duais. 6 — An Chnuasacht is fearr d'ainmneacha na mbailte fearainn i n-aon bharúntacht i gCo. Chorcaighe. £3 an duais. Chomh fada is dob fhéidir bu mhaith an rud é seanchus gach ainme aca 'thabhairt. 7 — Nua-Dhráma ná caithfí thar uair a chluig 'á léiriú. £7 an duais. 8 — Tionntó ar Dhráma ó theangain eile ná caithfí thar uair go leith a ghluig 'á léiriú. £5 an duais. Ní mór gach iaracht (fé ainm chleite) a bheith ag an Rúnaidhe roim Lá Bealtaine: Rúnaidhe na Feise, sa Ghrianán, Sráid na Ríoghna, i gCorcaigh. Gheobhair TROSCÁN, CÁRRANA, SLINNTE, ÁRAISTÍ CRÉ, TÁTHÁN ("Nine Elms" Cement), SÍOLTA agus LEASÚ go maith is go saor ó CHOMPLUCHT UÍ DHONNABHÁIN, I dTRÁIGHLÍ, An siopa is sia ar bun i gCiarraidhe. "Donovan," Tráighlí — an focal sranng-sceul. Scríobh indiu chúca. In ÁIRCÉID NA MUMHAN gheobhair LÁMHAINNÍ OLNA de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh. Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón, dubh, glaschaorach, geal agus donn. TÁ EARRAÍ GAEDHLACHA LE FEICSINT AR GACH CÚNTÚIR SA' TSIOPA: ÁIRCÉID NA MUMHAN le "Robertson, Ledlie agus Ferguson," I gCORCAIGH. NÍL A SHÁRÚ SO IN ÉIRINN: MARGAIRÍN "LOVING CUP" I gCorcaigh a deintar. Tá le fáil in a phúntaibh nó in a chnapógaibh. ó DHEUNTÚSACHÁN AN tSEANDÚNA, I gCORCAIGH. NÍ GÁDH FEÓIL DO CHEANNACH I GCÓIR CUPÁIN ANBHRUITHE (SÚIP). Deunfaidh birtín de "ANBHRUITHE TIRM EDBHAIRD" (ar phinginn) AN GNÓ CHOMH MAITH ("Edward's Desiccated Soup") IN ÉIRINN A DEINTAR. Díoltar i ngach siopa té is i ngach siopa lóin é. Gheobhair cúntas air agus sampla dhe, má scríobhair ag trial ar "FHREDRICK KING" AGUS A CHUA. Tta., Sráid "Union", i mBEUL FEIRSTE. Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill Cros agus a Chlann Mhac, 18 agus 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.
AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Sráid Ribeáird a 6, i gCorcaigh — an Oifig. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh an Fear Gnótha. An seabhac, Daingean Uí Chúise …An Fear Eagair, Ó Cuill agus a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath Na Díoltóirí. Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis "An Lóchrann" san am gcéadna, cuir roint airgid ag triall orainn agus cuirfimid cóibeana gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. ÁR gCÚRAM FÉIN. Do bhraithfeadh duine insan oifig seo againne anois is arís, go bhfuil an Eúróip ag dul beagáinín chun suainis. Trí seachtaine ó shin tháinig iarratas ó Iolscoil sa Ioruaidh ar lorg "An Lóchrann," agus ní raibh an tseachtain caithte nuair tháinig litir ón Spáin á iarraidh orainn é chur chúcha. Is maith d'Éirinn, insa tsaoghal atá anois ann, comharthaí fíor-náisiúntais mar seo a bheith aici le cur ameasc na gcine ias- achta. Aon duine iasachta chífidh "An Lóchrann" tuigfidh sé ar a luighead nach de dhúthchas Sheáin Bhuidhe sinn. Seo cainnt as litir a tháinig ón bhFrainnc (i nGaedhilg): "…Cuirfidh sé áthas ort b'fhéidir a fhios do bheith agat go mbíonn "An Lóchrann" dá léigheamh ag scata cailíní annso sa bhFrainnc… agus gan bhréag d'innsint is roimis a bhíonn an fháilte — go mór mór anois go mbíonn "Jimín Mháire Thaidhg" ann. Is maith linn go mór an buachaillín céadna… tá sé chomh deas agus chomh nádúrtha san… agus ní minic a bhaineann na scríbhinní 'nár bpáipéir Gaedhealacha le daoine nádúrtha. Tá súil agam go mbeidh saoghal fada ag "Jimín"… "Bíonn ceacht Ghaedhluinne againn ann- so gach lá. Na cailíní óga atá annso, chuirfeadh sé ag gáiridhe tu bheith ag éisteacht leo ag labhairt Gaedhluinne! Frainncigh iseadh iad ar fad. Bíonn "Seadh" agus "go ra" maith agat" agus "Imigh as mo radharc" agus c., agus c., aca ar feadh an lae… ní raibh 'fhios aca go raibh aon teanga náisiúnta i nÉirinn go dtánamair-ne annso…" I dtaobh scríbhneoireachta tá rud ba mhaith liom a chur i dtuiscint. Tá ualach mór de MS. sean-scéalta fiannaidheachta agam, de scéalta púcaí agus fathach agus c., agus tá chomh maith agam sean-amhráin na ndaoine oiread is ná beadh i gcló go ceann cúig mblian agus "An Lochrann" ar fad d'fhágaint fútha; Ní mian liom ámhthach ach fíor-bheagán d'aon tsaghas aca a chur sa pháipéar so. Ní h-iad is fearr le daoine a léigheamh ach rud éigin nua- dhéanta — go mór mór scéalta go mbeadh baint aca leis an saoghal atá anois ann. Is beag duine ámhthach a chuireann de dhuagh air féin aon rud nua a cheapadh agus is deacair dom abhar oiriúnach d'fhagháil i gcomhnaidhe. Nuair ná bíonn an ceapadóireacht nua le fagháil ach go gann caithim a bheith sásta leis an gcéim is giorra dho — aistriú ó theanganaibh eile. Ní ró mhaith a thaithnigheann an saghas san, leis, linn ach gur fearr go mór é ná na sean-scéalta. Cathain a bheidh scéalta 'á bhfighe as Gaedhilg agus aigne Gaedheal ionnta istigh? AN DUAIS £1 ÚD. — A dhaoine óga, atá fé bhun a 18 mbliana, tá as so go dtí an 15adh lá de Mhí Feabhra agaibh chun an aiste úd i dtaobh "An Nodlaig sa Ghaeltacht" a cheapadh is a scríobhadh. Bíodh na h-aistí agam ar an 15adh lá. "An Seabhac," Daingean Uí Chúise. LEANBH AN CHLAMHRÁIN. Fonn: "Tally hi ho, hi ho." I. (Pus air) Níl aon leanbh sa dúthaigh comh h-aindis liom, Mo mháthair gach aon lá a' bruighean liom, Bíonn mh'athair am' priocadh is am' stathadh leis — Ní (bh)fhuaireas mo dhóthain le n-ithe le mí uaidh. Cumá* ná beirbhighean sibh bainne dhom? Cumá ná cuirean sibh im air? Cumá ná téidhean sibh ar a' margadh, Ag ceannach luach leathphinge chísdí! II. Mara bhfaghadsa na císdí ar maidin uaibh, Fanfad sa leabaidh go h-oidhche, Ní leigfe mé do mháthair ná d'athair, leis, Mo cheannín deas cailce do chíoradh. Cumá, agus rl. III. Tá mo mháthair gach lá ag gabháil stealladh dhom, Is m'athair ag gabháil dom istoidhche, Bíon Síle is Peadar a' magadh fúm, Is táim marbh ar fad age Símeon. Cumá, agus rl. IV. Ach gearánfad mo mháthair — lem' athair, Is gearánfa mé m'athair le Síle, Gearánfa mé Síle le Peadar — Is leis a' gcaitín a ghearánfa mé Símeon. Cumá, agus rl. V. Tá mo mháthair a dul chun na h-aindeise Ní thugan sí peandí ná im dom, Ach ubhín sicín gach aon mhaidean dom, Is le ráithe ní thug sí aon chín dom. Cumá, agus rl. VI. (Fonn súgraidh air) Caithidh anáirde go cneasda me, Agus deinídh me 'chutadh gan luighe orm, Seinnídh go meidhreach dom portín deas, A chuirfidh mé a raide 's a' rinnce. Cumá, agus rl. VII. Caithidh me anáirde ins na frathacha, Agus leigídh dom tuitim chun Síle Caith-se, a Shíle, chun Peadair me, Agus beir-se me, a Pheadair, a rinnce. Cumá, agus rl. *Cumá = Cad 'na thaobh. Tadhg Ó Conchubhair, Lios Póil, d'aithris. Finghin na Leamhna do scríobh uaidh. LÉIR NA FÓGRAÍ A CHARA, MÁS É DO THOIL É. STADAÍDH! Órdú é seo do dhaoine atá ar lorg luagh a a gcuid airgid: GLUAISIDH FÉ DHÉIN SIOPA A 39 I SRÁID AN PHRIONNSA I gCORCAIGH, An Siopa in a bhfaighe' sibh ÍM, UIBHE, BAGÚN AGUS GACH SAGHAS EILE LÓIN. "Ó DONNABHÁIN agus MAC CÁRTHA." Ticéidí in a "gCeirthlíní" do lucht comórtha spóirt agus Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk
JIMÍN MHÁIRE THAIDHG. (Tuille uaidh). Caithfidh mé innsint mar gheall ar an Nodlaig a bhí againne. Chuaidh Mam dtí an Daingean cúpla lá roim Nodlaig — í féin agus Daid agus thugadar an capall leó agus cliabh agus bosca sa chairt. Bhí an t-airgead ag Mam. Rug sí léi dhá ghé — chun ceann aca thabhairt do dhochtúir na mbeithíoch agus an ceann eile a thabhairt d'fhear a' Bhainnc, mar sin é go bhfuil airgead Mham ar fad aige, agus tá ana- mheas aici air. Faid a bhíodar sa Daingean chuas féin dtí Gleann Doimhin agus an scian mhór agam agus téadáinín agus thugas abhaile liom tor mór cuilinn, agus fuaireas eidhneán i bhfothraigh na Cille. Nuair a bhíos a' gabháil thar doras aici tháinig inghean Mháire Aindí amach chugham ag bladar liom d'iarraidh go dtabharfainn cuid dhi. Cheap sí go mbeinn-se im' amadáinín aici, agus bhí sí am' mholadh agus ag tabhairt "buachaillín maith" orm agus á rádh go bhfaghainn féirín uaithe i gcomhair na Nodlag; ach ní rabhas-sa chomh símplí sin. Táim marbh ó gheallúintí ná tagann aon ní 'á mbarra. Bhí sceitimíní ar Cháit nuair a chonnaic sí an t-ualach mór a bhí agam an doras isteach. "Ó!" ar sise, "beidh an tigh go gleóite anois againn;" agus bhí sí ag féachaint ar na caora dearga a bhí ar a gcuileann agus í ag rinnce tiompall an úrláir. "Ó! nách gleóite iad?" ar sise. "A' bhfeacaís riamh aon rud chomh deas?" Mar sin a bhíonn Cáit i gcomh- naidhe, mara bhfeiceadh sí ach neóinín nó pósaí bó bhleacht. Chloisfeá na cailíní go léir mar sin; a dhuine, leis gach aon tsórt ní. Bhí ocras orm féin. "Caith uait na céapars san," arsa mise, "agus tr'om rud éigin le n-ithe." "Ó! mo dhear- mhad!" arsa Cáit, agus thug sí cogar dom. "Ní chuirfeá amach cad tá agam duit?" "Cad é?" arsa mise. Do gháir sí, "ní 'neósad duit é," ar sise, "mar do scéidhfeá orm le Mam." "Ar mh'anam ná scéidhfead, a Cháit!" arsa mise. "Marbhóchaidh sí mé i dtaobh an tsiúicre!" arsa Cáit. "Cad é an siúicre, arú?" arsa mise. "Agus mar gheall ar an uachtar!" sise. "Hanamain Diucs! a Cháit, an cístí mísle atá déanta agat?" "Ó, ní 'neósad duit! ní 'neósad duit! ar sise, agus bhí sí ag gáiridhe agus ag léimrigh ar an úrlár. Annsan chuaidh sí dtí an dresser i thóg sí anuas dá chupán le cur ar an mbórd. "Áh, h-anamain! a Cháit," arsa mise, "innis dúinn cad tá agat." "Ní 'neósad, ní 'neósad," ar sise, agus do gháir sí agus bhí sí ag rinnce agus ag caitheamh a cos agus n'fheaca sí an t-eidhneán ar an úrlár gur leag sé í agus slán mar n-innstear é! baineadh píosa mór as cliathán cupa aca. Rug Cáit ar an bpíosa agus bhí sí ar crith ag iarraidh an píosa do chur isteach 'na áit féin arís féachaint a bhfanfadh sé istigh. Ann- san bhí sí ag gol agus, a dhuine, bhí sí ag iarraidh a mhileán do chur orm-sa. Chuireas i n-iúl di nach me fé ndeara é ach í féin agus a cuid léimrighe; ach níorbh aon mhaith bheith a' cainnt léi. Ní dhéanfadh sí ach gol. Tháinig truagh agam féin di sa deire. "Tr'om é a Cháit," arsa mise, "agus ní bheidh fhios age Mam go deó é." Thugas an cupa briste go dtí an dresser agus chuireas shíos fé dhá chupa eile é agus an taobh briste isteach. "Ó! a mhuiricín! cad a dhéan- fad in ao' chor má chíonn Mam é?" arsa Cáit. Annsan dheineamair té — muga an duine againn. Sin é an uair a thairrig Cáit amach na rudaí adubhairt sí bhí déanta aici — cístí beaga uachtair agus crústa siúicre orra. Fuaireamair im sa chur- pad agus chonnac-sa próca mór de shubh a bhí ann agus clúdach páipéir ceangailte go daingean ar a bharra. Ghearras an ceangal go h-aiclidhe agus deirimse leat gur bhaineamar sughlach as na rudaí ar fad. Fé mar ithimís greim aráin thóg- aimís lán spiúnóige de'n tsubh. Nuair a bhí ár ndóthain ithte againn bhí an subh i bhfad síos ins a' phróca ach cheanglas an páipéar go h-aiclidhe arís air agus chuireas thar n-ais ins a' curpad é mar bhí sé ceana. Is mór a truagh ná bíonn Mam sa Daingean gach aon lá. Fuaireas féin casúr annsan agus tairngí beaga agus bhí Cáit ag síneadh eidhneáin agus cuilinn chugham. Do chuireamair tíompall na bhfuinneóg é agus ar bharr an dresser agus os cionn na teine. Bhíodh sé deacair é cheangal in áit ná bíodh adhmad agus chaithinn tairngí móra do thiomáint sa bhfalla agus thuiteadh scailpeanna de'n mhoirtéal anuas uaireannta. Nuair a bhí an tigh críochnaithe againn rugamair ar "Sailor" — sin é an madra, tá's agat — agus chlúduigheamair ó cheann go h-earball é le cuileann agus bhí ana-spórt againn air. Nuair a tháinig an tráthnóna lasamair an lampa agus bhí cuma aerach ar a' dtigh. Bhí an oidhche ann nuair a tháinig Mam is Daid abhaile. Nuair a tháinig sí isteach mheasamair go mbeadh ana-áthas uirre, ach is amhlaidh do dhein sí raic, a mhic ó, nuair a chonnaic sí na scailpeanna moirtéil imithe de'n bhfalla. Bhí sí gan aon chiall, a dhuine, agus b'éigean dom féin teicheadh go dtáinig sí chun suainis. Cáit d'innis dom lár na mhaireach cad a thug Mam ó'n nDaingean. Thug sí naoi gcoinnle móra fada léi agus iad 'na seasamh sa chliabh, agus bhí trí cinn aca dearg. Bhíodar chomh h-árd leis a' bhfuin- neóig, a dhuine, agus thug sí lán a bhosca do rísíní agus do shiúicre agus do thé léi, agus bairghín mór breac ó'n siopa, agus bhí buidéil ann — buidéil go raibh deoch bhuidhe ionnta agus buidéil eile go raibh rud éigin gormdhearg ionnta agus crúsca mór lán do rud éigin dubh. Bhí cnapán mór feola, leis, aici. Chuala go dtug sí ubhla, leis, léi, ach ní bhfaghaimís- ne an oidhche sin aon cheann aca toisc a raibh de dhíobháil déanta againn leis na tairngí. Chuir sí iad go léir isteach sa churpad agus chuir sí an glas air. Lá'r na mháireach mhairbh Mam gé agus lacha le sciain. Is amhlaidh do ghearruigh
sí cúl an ghé leis a' sciain agus choinnibh sí greim uirthe agus an ghé a' scréachaigh agus an fhuil ag imeacht aisti. Nuair do chaith sí uaithe ar an dtalamh í bhí an gé 'a léimrigh agus ag crith. Ní fhanfadh Cáit ag féachaint uirthi á marbhú ach rith sí isteach agus a méireanna na cluasa aici. Nuair bhí an gé fuar chuir Mam páipéar tíom- pall ar a ceann agus bhain sí na cleití dhi agus chuir sí ar crochadh ar chúl a' dorais í. Oidhche Nodlag bhí ana-shaoghal againn! Fuaireas féin agus Cáit dhá thurnap móra agus bhaineamair a leath dhíobh agus ann- san chuireamair poll síos ionnta chun na gcoinnle chur na seasamh ionnta. Ann- san sháthamair craobha beaga cuilinn i ngach turnap aca agus chuir Cáit páipéar tíompall ar na turnapaí. Bhíodar go gleóite, a dhuine, agus lasamair iad sar a dtáinig an oidhche in ao' chor; ach mhúch Mam arís iad. Istoidhche chuir mo Mham prátaí is iasc ar an mbórd chughainn ach am' baisce nár itheas féin ná Cáit aon phioc de mar bhí fhios againn go raibh rudaí eile ag teacht. Tar éis tamaill thairrig Mam amach an císte mór breac agus do ghearruigh sí dhúinn é agus dhein sí té, agus fuair- eamair dhá ubhall uaithe. Nuair a bhí athair Mhicilín ag dul thar doras thug Mam isteach é agus thug sí braon as buidéal do — buidéal go raibh trí réil- thíní air — agus thug sí braon beag do Dhaid agus fuair sí féin braon as buidéal eile agus dubhradar go léir "go mbeirimíd beo ar an dtráth so arís!" — pé brí a bhí aca leis. Tháinig Beit Mhór agus Máire Aindí isteach agus chuir mo mháthair braon as a' mbuidéal buidhe i dhá ngloine agus annsan chuir sí siúcre agus uisce beirithe ionnta agus chorruigh sí le spiúnóg iad. Cheapas ná h-ólfaidís sin in ao' cur ar dtúis é. Dubhairt Máire Aindí "Ó! go marbhuighidh sé mé má bhlaisim aon bhraon de!" ach, mar sin féin, d'ól sí é go léir, agus níor mhairbh sé leis í. Tháinig a lán eile isteach i rith na h-oidhche — buachaillí óga agus is as an gcrúsca mór a thug Mam an deoch dóibh. An riabhach! a mhic ó! nuair a chonnac iad go léir ag ól tháinig dúil mhallaithe agam féin ann agus nuair a chuaidh Daid amach le h-athair Mhicilín agus bhí Mam ag cainnt leis na mná i n-aice na teine, thógas féin slug as an gcrúsca, a dhuine, ach is láidir nár mhairbh sé mé leis an mblas a bhí air. Ní fhéadfainn é scaoil- eadh siar agus bheadh eagla orm é chaitheamh as mo bhéal ar an úrlár agus seo liom ag baint an dorais amach agus mo bhéal lán. Chonnaic mo mháthair ag dul amach mé. "Cá raghair anois, a Jimín," ar sise, ach ar mh'anam ná dubhart aon fhocal ach an doras d'oscailt agus cur díom. Lean sí 'mach mé agus nuair a chonnaic sí mé ag casachtaigh agus ag caitheamh silí amach "Ha, Ha, Há,!" ar sise "a chladhaire, ní dhéanfainn dabht do mhac t'athar. Masmus go gcuiridh sé ort?" Ba ghránna an riabach ruda é. N'fheadar cad chuige dubhairt Mam an focal san "mac t'athar" liom? Bhí sé déannach nuair do chuamair a chodla an oidhche sin mar bhí Mam ag ullmhú an ghé i gcomhair Lae Nodlag. Do bhain sí amach a raibh istigh innti agus do nigh agus do ghlan í agus annsan do líon sí arís í le prátaí, brúighte agus inniúin agus piobar agus im agus salann agus rudaí eile agus do dhein sí é dhingeadh isteach innti. Annsan fuair sí snáthad agus d'fhuaig sí í. Bhíos féin is Cáit ag faire uirthe. Maidin Lae Nodlag chuaidh Cáit 's mo mháthair 'dtí an chéad Aifreann. Bhíos féin agus Daid i mbun a' tighe. Fhaid a bhí Daid ag crú na mbó dheineas-sa foghail ar an gcurpad. Ghoideas ubhall agus líonas póca liom de rísíní agus bhí smut de'n bhairghin breac ann gearr- tha — chuireas chugham é sin, leis. Nuair a bhíos a dúnadh an churpaid arís, do bhuail smaoineamh mé, rugas ar a mbuidéal buidhe agus do leath-líonas cupán as. Bhlaiseas é, ach ar mh'anam, dá olcas é an stuif dubh ba sheacht measa an rud buidhe. Dhóghfadh sé thú, a dhuine! Ann- san n'fheadar cad a dhéanfainn leis. Ghlaodhas ar an madra agus chuireas fé na phus an cupán, ach ní fhéachfadh sé air, a mhic ó. Níor dhein sé ach sraoth a chur as. Annsan chuimhnigheas ar sheift eile. Fuaireas dorn mine buidhe agus do fhliuchas leis an stuif as an mbuidéal é agus Chuireas sa bhuaile amuich é ar phláta. Siúd chuige an ganndal mór agus d'alp sé a raibh ann. Níor bhraitheas faic air go ceann tamaill. Annsan chrom sé ar ghogalaigh. I gcionn tamaill d'éirig sé as san agus chrom sé ar shiubhal tíompall agus leath-cheann air. Fáinne bhí sé a dhéanamh agus é ag siubhal. Annsan stad sé agus leath sé a dhá chois amach ó chéile agus bhí sé 'á shuathadh féin anonn 's anall Chuirfeadh sé na cait ag gáiridhe. Ann- san do luigh sé agus dhún sé na súile agus ní fheaca aon oighre riamh ach é ar shean-Dhiarmaid chríona annso amuich nuair a bhíonn sé ag tuitim dá chodla sa chathaoir mhóir os comhair na teine agus é 'míogar- naigh. Annsan luigh sé ar fad anuas ar a' dtalamh, do shín sé a phíopán uaidh amach agus do leath sé a dhá sciathán agus níor fhan anam ná brí ann ach chomh beag agus dá mbeadh sé marbh. Ambaiste bhíos ag breith chugham ar eagla go gcaillfí é agus ní fheadar cad a dhéanfainn. Chuala Daid ag teacht ó chró na mbó agus chuirear díom isteach. Nuair a chonnaic Daid an ganndal do stad sé agus bhí sé ag cainnt leis féin. "An diabhal mé ach go bhfuil sé na "chocstí!"" ar seisean. "A Jimín," ar seisean. Bhíos ag scuabadh an úrláir ar séirse. "Cad tá ort" arsa mise. "Marbhóchaidh do mháthair sinn" arsa Daid. "Tá an ganndal mór ar na croití deir- idh." "Cad do dheinis leis?" arsa mise. "Cad do dheinis-se leis?" arsa Daid. Bhíos ag iarraidh é chur ar dhaid agus bhí Daid ag iarraidh é chur orm-sa. "Gearán- fad led mháthair thú, a bhligeáird!" arsa Daid. "B'fhearra dhuit éisteacht," arsa mise, "nó 'neósad-sa dhi mar gheall ar an seacht is raol a bhainis as fiacha na mbeithíoch." "Seadh! agus 'neósad-sa dhi cé mhairbh an cat." ar seisean. Ar mh'anam,
gur bhain Daid stad asam. Mheasas ná raibh fhios ag aoinne beirthe é. Ach níorbh é sin an chuid ba mheasa de'n scéal ach go raibh Mam ag éisteacht leis a' gcainnt go léir — mar tháinig sí isteach gan fhios dúinn. Chrom sí ar an mbeirt againn, a mhic ó! agus níorbh fhiú trí leath-phingní sinn nuair a bhí deire ráidhte aici. Mise agus Daid bocht! is cruaidh an saoghal atá againn! Níor fhan focal im' Dhaid ach dh'éaluigh sé leis 'dtí an t-Aifreann agus bhíos-sa trí fichid slat na dhiaidh aniar an bhóthar síos agus gan focal as aoinne 'gainn. Nuair a thána abhaile ó'n Aifreann bhí an ganndal i n-aice na teine age Mam agus an t-anam ag teacht arís ann. Ní fhuair Mam amach riamh cad d'imigh air mar nuair tháinig Daid abhaile bhí sí ag baint sásaimh de idtaobh gur ól sé dhá ghloine fuiscí as an mbuidéal a bhí sa churpad. Dubhairt Daid, "ambaiste," nár ól agus go raibh sí ag cur éithigh air; ach d'áitimh sí air gurbh é a dh'ól é. Ní rabhadar buidheach dá chéile an chuid eile de'n tráthnóna. Bhí truagh agam-sa do Dhaid; ach, dar fia! ba mheasa liom mé féin agus ní dubhart aon fhocal. Mise Jimín.
SOCRAIGH AT' AIGNE i dtaobh TEACHT 'ON DAINGEAN i mbliana. Beidh an Coláiste ar oscailt i rith mí Iúil agus Lúnasa. Cuir fios ar an gclár agus tuairisc i dtaobh lóistín go luath. An Rúnaidhe Coláiste an Daingin, i gCiarraighe. Beidh COLÁISTE GAEDHILGE CHORCAIGHE ar siubhal i gCorcaigh i rith mí Iúil (a) Ranng do Thosnathóirí. (b) Ranng an Teastais. (c) Ranng an Teastais Dá Theangan. Cuir tuairisc gach ní ar An Rúnaidhe, i gColáiste na Toirbhirte, i gCorcaigh. GAEDHEALG DO NA LEANBHAÍ Tá sí le faghbháil in IOL-SCOIL NA MUMHAN i RINN Ó gCUANACH. Is ann is buige, binne, blasda labhartar í. Tá scoil ann do leanbhaí óga ón a seacht go dtí a deich mbliana dh'aois agus í fé chúram an "Fhir Mhóir." Beidh na páistí chomh compórdamhail agus dá mbeidís ar a dteinteán féin ag baile. Scríobh go dtí "AN FEAR MÓR." CEANNUIGH DO CHUID BAGÚIN AGUS DO CHUID EILE LÓIN ó Ó CÉILEACHUIR AGUS MAC EANNA Sráid an Chapaill Bhuidhe a 82, CORCAIGH. "EUDACH NA DRUIPSIGHE." Níl a shárú ann, a Ghaedhala. Áit atá go Gaedhlach amuigh is amach iseadh an ball in a deintar é — Muileann Eudaigh na Druipsighe, i Múscraidhe, sa' Mhumhain.
NUAIR A THAGAIR GO CORCAIGH ná dearmhaid glaodhach chugainn-ne. Tá ÁTHRAIGHE AIRGID den tsaghas so go h-oireamhnach mar BHRONNTANAS BAISTE. Deinimíd-ne iad san agus an uile-shaghas eile mar atá — CAILÍSÍ, CUIRN AGUS CUACHA agus ÓRNÁIDÍ I BHFUIRM BONN agus CROSANA CEILTEACHA. SINN-NE A DHEINEANN ANSO COIS LAOI. Cuir tuairisc a luach ar LIAM MAC AODHGÁIN is a Chl. Mhac, Seódóirí agus Gaibhne Geala, 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'ó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha. Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, agus c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. SEAN-TEANGA NA nGAEDHEAL. An t-Athair Donncha Ó Súileabháin do chéad-chúm. Fonn: "Ua Domhnaill Abú." Tá binn-cheol na Gaedhilge 'á mhúscailt go bríomhar Ó'n gcodladh 'n-a raibh sí le fada 'na luighe, 'Sa glórtha ag éirghe go h-árd is go h-aoibhinn Ar na leóithnibh ag séide trí ghleanntaibh Chiarraighe. Tá 'nis i sráid 's i dtuaith Lucht Fáinní go láidir buan, Fíor-stoc na hÉireann go misniúil, tréan — Buachaillí go croidhiúil mear, Cailíní go gleoite deas, Ghá labhairt le n-a chéile — Sean-teanga na nGaedheal. Ba ró-fhada bhí sí fé dhí-mheas in Éirinn Ó Bh'l 'Áth Cliath aníos go bruach Locha Léin, 'S trí mhíntír na Mumhan theas ní chluintí aon Ghaeluinn Ach Béarla na nGallphoc i mbéalaibh na nGaedhal. Ach feasda le congnamh Dé Neartógham go daingean léi, 'S cuirfam ó bhaoghal í go lá deire 'n tsaoghail; 'S an uair bheidh an cladhaire bréan Glanta as ár n-oileán féin Seadh liúghfam go h-árd as Sean-teanga na nGaedheal! "Pádraig Mac Piarais Sgéaluidhe." Le Séamas Ó h-Aodha, M.E. (ar 2/6 ó Chló-lucht Talbóid in Áth Cliath). Bheith ag scrúdú agus ag déanamh léir- mheasa ar nua-litríocht an tslí bheatha' atá ag a lán fear Béarla. Is fada fós go mbeidh an saghas san slí bheatha' ag aon Ghaedhilgeóir, áfach, mar an méid nua-cheapadóireachta atá 'á dhéanamh sa Ghaedhilg ní chimeádfadh sé an léir-mheas- tóir gnóthach ar feadh ráithe den bhliain, fóiríor. Is mór an ní go bhfuil Muimhneach againn a thuigean an nua-cheárd so agus a thuigean ar fheabhas an domhain é. Tá Séamas Ó h-Aodha, ó Chathair Chorcaighe, tréis scríbhinní an Phiarsaigh (go ndeine Dia grásta dho) do mhion-scrúdú agus tá toradh a chuid saothair sa leabhrán nua so: "Pádraig Mac Piarais, Sgéaluidhe" agus ní dóigh liom go bhfuil aon tréith de thréithibh scríobhnóireachta an Phiarsaigh ná fuil luaite ann. An méid atá ráite a' Gaedhilg ag Séamas Ó h-Aodha tá sé ath-ráite a' Béarla sa leabhar céadna ag James Hayes. Ní maith le h-aon-Ghaedhal an síor-sheasamh so ar Bhéarla, agus is greanúr an duine gur gádh leis é. Tá 'fhios againn, áfach, ón aithne atá againn ar lucht "foillsithe" leabhar gur gádh leó- san an Béarla chun fáltas beag air- gid sa bhreis do dhéanamh a' leabhar. Táim deimhin de nách é Mac Uí Aodha is cionntach leis an Béarla bheith sa leabhar so. Tá tagairt ann do R. L. Stevenson, fear úd an Bhéarla chruinn, ach is é ainm do bhaist an scríobhnóir air 'ná "Roibeárd Mac Stiabhna." Bu chóir gur leór aon tsloinne amháin ar aonne, ar Ghaedhal nó ar Ghall. Dá mb' é an dornálaidhe mór úd féinig Jack Johnson, fear gorm, ní dóigh liom go mb'fhearr leis Ivan Ivanovitch 'ná Iain Mac Iain 'ná Seón Mac Seóin ná 'ainm cheart is a shloinne féinig. Agus is ar éigin go n-aithneóch' mac Joseph Chamberlain (Sasanach mór poluitíochta) gur ag tagairt d'á athair féinig a bheadh an Gearmánach a thabharfadh Josef Zimmer- mann air. Scéal is eadh é sin áfach, ná bainean ó fheabhas an leabhráin seo. Tá an leabhar go seóig. Molaim Séamas Ó h-Aodha ar a mhisniúlacht a bhí agus preabadh amach ar an saoghal mar rcrúd- athóir. Tá sé ag obair leis go díchealach fé láthair agus a lán d'á chuid saothair d'á bhualadh fé chló, ach ní h-ar an "Lóchrann" a bhíon aon roinnt riamh de, fóiríor. Seán Tóibín. DON LÉIGHTHEOIR. Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa "LÓCHRANN," agus cuir i n-iúl dóibh gur sa "LÓCHRANN" a chonaicís an fógra. Cabhróchaidh san go mór linn. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. A MHNÁ UAISLE! Tá fo-eudaighe do mhnáibh uaisle á dheunamh ag Gaedhilgeóirí sa Mhumhain. Earraí ar fheabhas an domhain is eadh iad. "ARTÁN" an t-earra-chomhartha atá ortha. Bídh 'á lorg ar lucht siopaithe. Má bhíthí i gCorcaigh aon uair, téighidh fé dhéin lucht a ndeunta: LUCHT EUDAIGHE "ARTÁN," Sráid Thomáis Dáibhios a 40, i gCORCAIGH. GUAILNEÁIN SEANDÚNA! Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Tráth bhriseadar na húmaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. "Ach, tá peidhre 'n SHANDON BRACES" Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach "Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!" Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Calaphort an Phápa, Corcaigh. I LIOS TUATHAIL gheobhair GACH CÓIR TIGHE, ÁRAISTÍ IARAINN, ÚIRLISÍ, SÍOLTA agus LEASÚ ó SHEÁN MAC EANNA, i SRÁID AN MHARGAIDH. Gach cóir chun tig do dheunamh, ÓN ÚRLÁR GO BÁRR AN TIGHE: Adhmad, Táthán ("Cement") agus Slinnte; Áraistí Iarainn, Stóbhana, agus Bácúsa; Dathán, agus an uile shaghas Íle agus Ola. Tá le fághail ó "EUSTACE AGUS CO. LTD., i gCORCAIGH. Scríobh chúca. Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN agus a CHL. MHAC, TEO. ag Mainistir na Corann agus i gCluain Dalláin, i gCo. Chorcaighe. Sranngscéala: "Hallinan Midleton." FEÓIL ÚR GHAEDHLACH. Uaim-se gheobhair san. agus EUNLAITH is GLASAIRÍ. MÍCHEÁL BARÓID, Both a 64 agus a 65, Margadh na Feóla, CORCAIGH. Guthán a "276, Corcaigh." CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne. Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.
'Sé MAC CUILINN FEAR NA RÁSÚR Is aige atá AN TEASBÁNADH RÁSÚR is mó in Éirinn; a luach ón a 1/6 go 14/6 Earra ar leith é seo: RÁSÚR ÉADTROM DEA'-FHAOBHAR ar 9/- ("Hollow Ground.") Postas is uile. Cuirfidh se faobhar maith ar shean-rásúr ar 7d., postas is uile. MAC CUILINN, Fear na Rásúr, SRÁID CHAPEL a 35, 36, BAILE ÁTHA CLIATH. GRAMADACH NA GAEDHILGE. "STUDIES IN MODERN IRISH" (Part I.) An t-Ath. Gearóid Ó Nualláin, 'm.a., b.d., Ollamh Gaedhilge, do rinne. 6/- a luach. Ó CHUALUCHT OIDEACHAIS ÉIREANN, 89 Sr. Talbóid, in ÁTH CLIATH. Cora cainnte na Gaedhilge d'á léiriú is d'á míniú. Cainnt an Athar Peadar agus an Chéitinnig an bun atá aige. ó THOMÁS Ó MURCHADHA a gheobhair biadh maith blasta de dheuntús Gaedhal, i gcóir Céilidhe nó Feise, nó aon tsórt fleidhe. UIBHE, BAGÚN agus GACH SAGHAS EILE LÓIN! SRÁID SHEÓIRSE A III (ar aghaidh Árd-Oifige an Phuist anonn), i gCORCAIGH. CARABHATAÍ den PHOIPLÍN AR GACH DATH is AR GACH GNÉ DATHA. LIAM Ó hAIMHEIRGÍN, ("W. Bergin") a dheinean do lucht siopaithe. Scriobh ag triall air go 62 SRÁID GHRAFTON, in ÁTH CLIATH. Tá le fághail uainne-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX is a chlann mhac (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. BÍODH RUD GAEDHLACH UMAT pé aca chítar é nó ná feictar. STOCAÍ agus CNEAS-EUDAIGHE "NA CARRAIGE" na h-earraí atá uait. OSANÓIRÍ NA DUBH-CHARRAIGE, TTA. ("Blackrock Hosiery Co. Ltd.") ar DHUBH-CHARRAIG ÁTHA CLIATH a dheinean. <"Rock" Underwear>. NÁ BÍ AG SEÓLADH NA GCOINÍNÍ THAR LEAR! Ceannócham-na coinín, nó MÍLE COINÍN uait, ar an bpinginn is aoirde. Ní ghadh aon cheann do chur sall chun an tSasanaigh. Scríobh indiu chughainn: "SIOPA LÓIN UÍ DHONNABHÁIN," Sráid an Phrionnsa, i gCORCAIGH. Gheobhair togha earraí Gaedhal anso. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS STÁIN. ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ AGUS BIOTÁILE. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. DEOCH BHLASTA FHOLÁIN ISEADH "TANÓRA" Sugh Óráistí atá ann agus Cois Laoi a deintar. Scríobh chuig SEÁN Ó DÁLAIGH is a Chua. TTA., I gCORCAIGH, in a thaobh. I LIOS TUATHAIL gheobhair Áraistí Iarainn, Troscán agus Rothair ó THOMÁS Ó CRÓINÍN, 1 SRÁID LIAM. DO FHEAR NA FEIRME É SEO: Tá SÍOLTA, LEASÚ, ÚIRLISÍ, agus BIADH BEITHIDHEACH le fághail, go maith is go saor, sa tsiopa so: "SIOPA PLÚIR IS MINE SHRÁID AN RÍ," An 3adh tigh i Sráid an Rí, CORCAIGH. Scríobh indiu agus cuir tuairisc a luacha agus c. Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgan, Dundalk
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services