Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feabhra, 1920

Title
Feabhra, 1920
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1920
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


2d.



AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. a 47. FEABHRA, 1920. Dhá Phinginn a Fhiacha.



AN SEAN AGUS AN NUA.



I.



"Is mó cor a chuireann an saoghal de"
adeir na seandaoine ciallmhara annso
agus measaim gur fíor an chainnt í.
Coranna ainnise a chuireann sí dhi uair-
eannta agus bímíd-ne amhrasach annso i
gCorca Dhuibhne ar an gcuid is mó aca.
Ní maith linn cur isteach ar an seana-
shaoghal ná ar an sean-nós. Gaibhimíd
an sean-bhóthar leis an sochraid agus
pósaimíd (ár n-urmhór) san Inid (má
bhímíd sásta leis an spré), ní bhearr-
aimíd ár gcuid gruaige choidhche ar an
Luan ná ní chuimhneochaimís ar Ghaedhilg a
labhairt le duine uasal ná le leanbh —
ní ceart é do réir nós ár n-aithreach.



Cor mhór sa tsaoghal gan amhras againne
dob' eadh teacht na céad speile 'on
dúthaigh. An corrán a bhí riamh ag baint
an choirce againn agus dá bhrí sin, ba
mhór an t-abhar cainnte dhúinn an speal
nua a thug Micí, Mac Shéamais a' Scrog-
ail, leis ó'n nDaingean. Ní h-obair dob'
fhearr le Micí aon lá riamh, má b'fhíor
dá athair. Bhí fuath aige do chorránaibh —
obair, a ndubhairt sé féin, 'go mbeadh
cnámh do dhroma os cionn do shróna
'gat'. Dá bhrí sin ní h-iongna go dtug
Micí speal leis — aon rud, dar leis,
d'éadtromóch' an saothar. Ní maith do
thaithnigh an gléas nua leis an sean-
duine, ámhthach — b'fhearr leis go mór an
seana-ghléas nár theip riamh air féin ná ar
a sheacht sinnsear. Rug sé go h-aicilídhe
ar dhá dhúirnín na speile agus d'fhéach
uirthi. B'ainnis agus ba chiotach agus
ba mhí-chothromach an fearras í. Chuir sé
uaidh go réidh, socair i gcoinnibh an fhalla
í agus do chroith a cheann.



"Um-m-m!" ar seisean, "níor chuimhnigh
riamh air ach diabhal díomhaoin."



II.



Cúig bliana fichead ó shin tháinig an
chloch ghorm 'on dúthaigh seo ar dtúis chun
na gais a choimeád glas ar na prátaí
d'aineóin an mheathta. Domhnall Bán do
thriail ar dtúis é i bpáirc scóir. Bh
iomairí Pheats Léan sínte suas le h-iom-
airí Dhomhnaill. An lá bhí Domhnall ag
leathadh na stuife, le buicéad agus tor
aitinn, ní raibh istigh i dtigh Pheats ach
Peats féin. Siúd leis amach 'on ghort
agus a bhata aige agus faobhar air.
Níor thuig Domhnall an fuadar a bhí fé
Pheats, ná níor thuig sé é nuair thóg
Peats an chleith os a chionn. D'fhéach
Domhnall ar an gcleith:



"Cúrsaí eagla ambaist!" ar seisean
agus é d'iarraidh greann a chur 'na gháire.
Ach ní raibh aon fhonn grinn an Pheats:



"Má bhíonn sé de'n mhí-ádh dearg ort
go dtuitfidh aon bhraon de'n stuif sin
ar mo chuid gas — déanfaidh mé corp
díot." Agus dhein sé cainnt fhada i
dtaobh daoine a bhíonn ag cur toil Dé
agus A ghrásta ar nea-'thor, agus a bhíonn
ag tarrac an donais anuas ortha féin
agus ar na comharsain.



III.



Blianta beaga 'na dhiaidh san chual-
amair trácht ar an ngléas siubhail sin
an gluaisteán — nó an "Mútar" mar
thug Séamaisín liath air. Ní chreidfeadh
Beit Bhán go bhféadfadh a leithéid gluais-
eacht uaidh féin i n-ao' chor agus bhíodh
argóintí móra aici le Séamaisín. Deir-
eadh Máire Thaidhg i gcomhnaidhe gur le
cainnt Bheit a bhí an éifeacht. Lá, rith
garsún isteach agus dubhairt sé go raibh
an rud uathbhásach nua úd, an "Mútar,"
ag teacht árd a' bhóthair anuas. Siúd
amach le Beit, ach ní bheadh sí sásta
gan Máire, leis, a bheith 'na teannta
agus rith sí suas go barra an bhaile.
Bhí Máire ag gabháil de chuiginn agus,
slán mar n-innstear é, bhí an "Mútar"
imithe an bóthar siar agus gach aon ghnús
aige agus gach aon scread, agus scamalla
móra bána de smúit an bhóthair 'na
dhiaidh aniar, agus bolath bréan. D'fhéach
na mná ar a chéile agus dheineadar fíor
na Croise. Bhí tairngireacht bheannaithe
Cholmcille tagaithe i grích, bhí deire an
tsaoghail ag teacht mar nárbh 'in cóiste
ag gluaiseacht gan capall, gan asal, le
comhachtaí an Áirseóra!



IV.



Chuamair i dtaithighe na neithe nua san
ar fad — chuaidh Beit Bhán féin isteach i
"mútar" an dochtúra lá cé nach ar
fónamh a thairrig sí a h-anál go dtáinig
sí amach as arís. Mheasamair go mbeadh
suaineas tamall againn ó sna h-iongan-
taisí. Ach is maisg a bhíonn ar lorg
suainis ar an saoghal so. Ní stadann
an saoghal choidhche. Bhíomair lá breágh
gréine agus gan sinn ag smaoineamh
ar olc ach ag tabhairt aire dár ngó ar
ár sean-nós féin nuair chualamair an
torann agus an tórmán agus an chnagarnach.
Bhí mac Mhicí na speile ag baint fhéir
agus do stad sé agus d'fhéach ar lorg an
ruda. Bhí seana-Pheats Léan ag leathadh
Stuif na Bleaiste ar gharrdha prátaí.
Stad sé agus d'fhéach, ach n'fheacaidh aon
ní. Tháinig Beit Bhán on doras agus
d'fhéach árd a bhóthair soir. Sághas éigin
eile "mútair" a cheap sí a bhí ann, ach
n'fheacaidh sí ag teacht é. Bhí an crónán
agus an chnagarnach ag dul i dtréine.
Stad gach duine dá ghnó agus d'fhéach
ar gach aoinne eile. Do bhánuigh cuid
aca. Rug máithreacha ar a gclainn agus
do bhéic an chlann. Ní raibh focal as na
fearaibh. Bhí gach aoinne ag feitheamh leis
an sceimhle mhór — pé rud é. B'in é
an t-uathbhás ar fad ná feacathas aon
rud an lá buidhe gréine sin, ar bhóthar,
ar ghort ná ar fhairrge.



Annsan do gheit garsún beag. "Ó
h-anamain!" ar seisean, "féach an t-éan
mór," agus shín sé a mhéar anáirde sa
spéir — B'in é uair a chonnacamair an
t-iongantas is déanaighe bhuail chughainn —
an t.Eitealán. Tháinig sí thar Mullach
Conarach i leith. Dhein sí trí lúb tíom-
pall an bhaile. Sheasaimh sí ar a srón
agus annsan sheasamh sí ar a h-earball
agus annsan soir léi i dtreo Abhann a'
Scáil agus níor fhág sí scéal ná tuairisc
'na diaidh. Bhí sí ag Garrdha na dTor
sara dtáinig a gcainnt do Bheit Bhán
ná do Mháire Thaidhg ná do Pheats Léan.
Ní mór gur stadadar de chainnt ó shin,
ámhthach.



M. Ó Siochfhradha.



GIOTAÍ.



Beirt bhan do bhí i n-aon tseomra
amháin. Bhí dhá chliabhán aca dhá luascadh
agus leanbh mic ins gach cliabhán. Do
chrom an bheirt ar seo-ho-bá a rádh dos
na leanbhaí agus is é seo-ho-bá adubhradar:



Sin iad ár gclann ár gclainne
A n-aithreacha ár bhfir
Agus do phósamair gan chol.



(An té go dtéidheann de a gcaint do thuisgint,
gheobhaidh sé a réidhteach i "Lóchrann" an mhí seo
chúgainn).



Smior gabhair d'fhear lom
Smior muice d'fhear gunna
Smior caorach d'fhear séidhte
Smior mairt d'fhear mhaith.



"An Fiolar" do bhailigh.



Gúnaí agus Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, agus c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


BANBH SHEÁIN MHEÁIG.



Banbh iongantach ab' eadh é, dar ndóigh
n'fhéadfadh aoinne a rádh ná gurb, eadh
Ceannuigheadh ar mhargadh an Daingin leath
bhliain roime sin é ar a sé déag agus,
dar ndóigh, cheap Seán Mheáig agus Betí
go raibh seift aca an lá a thugadar leó
é. Ba dheacair a rádh an breis nó luigh-
ead a chuaidh ar an mbanbh ar feadh
leath bhliana cé go raibh goile maith aige.
Do shín a shoc ámhthach agus tháinig cuma
chómh gramhasach san ar i dtreó 's dá
loirgeochadh sé gal tobac ort ná bain-
feadh sé puinn preab asat. B'é cainnt
gach aoinne banbh Sheáin Mheáig, an t.aos
go léir, a chroidhe! agus an goile mór
agus gan breis ná cuma ag dul ar.



"A Bhetí," arsa Seán oidhche áirithe,
"ní h-aon bhreis atá ag dul ar an mbanbh
san agus ní h-aon mhaitheas a bheith 'á
choimeád."



"Cad tá le déanamh againn, a chroidhe?"
arsa Beití.



"Díolaimís é," arsa Seán.



"Ara cuir uait! cé cheannochadh é?"
arsa Betí.



Thug Seán cogar di. "Díolfaimíd mar
bhanbh é agus ná bog do bhéal air."



D'árduigh Seán an banbh ar an margadh
leis lá Sathairn agus taréis tamaill bhuail
chuige fear a bhí ag lorg adhbhar cránach.
Chonnaic sé banbh Sheáin sa chairt agus
cheannuigh gan mhoill ar a cúig fichead é.
Chuir Seán an banbh isteach i ngeáird
áirithe agus taréis a chairt a chur chun
críche bhuail sé amach fé'n tsráid.



Nuair a chuaidh an fear eile ag féach-
aint ar an mbanbh, taréis tamaill thug
sé fé ndeara an chuma sheana-chríona a
bhí air agus dubhairt leis féin gur bob
a buaileadh air. Shocruigh sé na aigne ar
an nóimeat an banbh a chur do <de> arís.
Thug sé leis amach as an dtig drabhlach
d'uisce beirbhighthe. Nigh sé go slachtmhar
an banbh — ní mór ná gur loisc agus gur
sgríob sé an croiceann do — fuair sé stán
de bhainne géar annsan agus nigh arís é
agus dar a' leabhar so, a léightheóir, ba
dhóigh leat gur banbh naoi seachtmhaine mo
shíobhra leath bhliana na dhiaidh. Bhuail sé
chuige na chairt annsan é agus amach leis
ar thaobh na sráide.



Bhí cúpla braoinín caithte ag Seán
Mheáig fé'n dtráth san agus cheap sé
leis féin gur mhaith an rud banbh a chean-
nach dá bhfaghadh sé saor é. Fé mar bheadh
an "nimh ar an aithne" sí an chéad chairt
a chonnaic sé ná cairt an ógánaigh ó
chianaibh. Dhein sé fé'n gcairt agus toisc
é bheith "maith go leór" níor thug fé
ndeara gurb' é an leaid a cheannuigh ar
maidin a bhí ag díol anois. Moladh an
banbh go h-árd agus gach préamh a tháinig
roimis agus fuair Seán é ar a deich
fichead — ní bhfaghadh aoinne eile é gan dhá
phúnt, an dtuigeann tú — agus ghluais sé
abhaile.



"Níor dhíolais, a Sheáin," arsa Betí
nuair a chonnaic sí an banbh. "Dhíolas
agus cheannuigheas," arsa Seán go mór-
dhálach.



"Tá ana dheallramh aige leis an sean
bhanbh agus má mairim is é é," arsa Betí.



"Ara fág an áit sin, a liobóig," arsa
Seán "nach mé féin a cheannuig é chun
a rádh go mbeadh cainnt bhriollánta mar
sin ag teacht uait."



D'árduigh Seán an banbh as an gcairt
agus sgaoil isteach sa bhothán é agus níor
thug sé fé ndeara gur bhain sé amach a
sheana chúinne féin láithreach nó má thug
níor chuir sé aon tsuim ann. Dhún sé
an doras agus chuaidh isteach abhaile.



Nuair a bhí cuimhne na díghe imithe
uaidh lár na mháireach chonnaic sé an bob
a buaileadh air. Fuair sé tuagh ón siúin-
éir agus fuair an banbh bocht bás obann.
B'fhearr le Seán méar a chur 'na shúil
riamh ó shin ná an bhanbh a tharrac chuige.



Carraig na Téide.



LÉINE AN FHIR SHONA.



Ní raibh rí sa domhan le'n a linn ba
mhó réim ná Seabaham, rí na Persia.
Bhí armáil throm aige chun a ríocht do
chosaint; bhí cúirt áluinn aige chun cómh-
naithe innte; agus bhí an oiread san
de sheirbhísigh aige nárbh fhéidir leis iad
d'áireamh. Ní raibh éinní i n-easnamh air.
Airgead agus ór agus clocha bua —
bhíodar 'n-a gcáirnibh aige. Bha dhóigh le
duine gur cheart go mbeadh sé ar a
thoil go deimhin.



Ní mar sin a bhí sé ar a shon san.
Ní raibh sé ar a thoil; ní raibh sé sásta.
Bhí buairt sa ló air, agus ní chodladh sé
san oidhche. Bhí dochtúirí go leor ag
tabhairt aire dho, ach níor tháinig leo é
leigheas. Sa deire do h-innseadh do go
raibh fear-feasa, a tháinig thar lear, sa
tír, agus do chuir sé iarraidh air.



Do tháinig an fear-feasa go cúirt
an rí, agus d'innis an rí a ghearán do.



"Aicíd ait is eadh atá ort, a rí,"
ars an fear-feasa, "ach is furaiste í
leigheas. Ní'l agat le déanamh ach "léine
an fhir shona" dh'fhagháil agus í chur umat.
Beir ar do thoil as san amach."



Do chuir an rí fios láithreach ar a
árd-sheirbhíseach.



"Imigh," ar sé, "agus tóg leat cóiste
agus an fheire capall is fearr im' each-
lainn, agus soláthruigh léine an fhir shona
chugham."



D'imigh an fear agus mórtas air, mar
do shíl sé gur bog an teasc a cuireadh
air; agus bhí súil aige le dualgas mór
ó'n rí nuair a shaothrochadh sé an léine
chuige.



Níorbh' fhada dho dh'éis na cúirte d'fhág-
aint gur bhuail gasra fear oibre uimis,
agus iad ag deisiú an bhóthair. Do ghair
an seirbhíseach go bog fé'n fhiaclaibh.



"Níl puinn de dheáramh an tsonais
oraibhse, a rudaí bochta," ar sé, "agus
ní ó'n bhúr leithéidí a gheobhad an léine
do'n rí." Agus do chomáin sé leis 'n-a
chóiste.



Níor stad sé gur chuaidh sé sa taobh
eile de'n dúthaigh mar ar chómhnuigh fear


L. 3


mór-shaidhbhris a bhí ar a aithne. Do cheap
sé dá mbeadh éinne sona go mbeadh an a
fear so, mar bhí iomad de ghustal an a
tsaoghail aige. Bhí bólacht thar áireamh
aige, agus talamhaintí fairsinge chun iad
do chothú.



Nuair a shroich sé pálás an fhir seo
'sé cuma 'n-a bhfuair sé é ná buartha,
duairc go leor. D'éis dinnéir, nuair
a bhí an bheirt 'n-a n-aonar do nocht sé
cúis a chráidhteachta do theachtaire an rí.



"Is fíor," ar sé, "go bhfuil machairí
leathana méithe agam, pálás grianmhar,
agus na gáirdíní is áilne i ríoghacht an
rí, — dá mb'iad gáirdíni an rí féin iad.
Ach tá estát ag mnaoi bhoicht ar an
dtaobh eile de'n chnoc a theasduigheann
go mór uaim, agus ní'l fagháil agam
air. Nuair a théighim ar an gnoc a'
fiadhach, agus nuair fhéachaim tímpal orm
ó'n a mhullach, chím gur liom fhéin a
bhfeicim ar an dtaobh so; ach nuair a
chím gur léi-se a bhfuil le feiscint ar
an dtaobh aile, fuarann an croidhe ionam
le cráidhteacht."



"Ca, na thaobh ná ceannuigheann tú
uaithe é," arsa seirbhíseach an rí?



"Do tharraigeas a dhá luach di air,"
arsan fear, "acht do dhiúltuigh sí é.
Deir sí ná fuil an áit le díol — gur
léi féin é agus le na sinnsear roimpe."



"Nuair a thá fhios agat ná fuil an
áit le fagháil agat, narbh' fhearr dhuit
é chur as d'aigne ar fad," arsan
seirbhíseach?



"As m'aigne!" ars an fear. "Níl
suaineas lae ná oidhche orm 'n-a thaobh.
Dob' fhearr liom bheith marbh ná beo ó
theip orm é dh'fhagháil."



"Is fíor ná leighisfeadh léine an fhir
seo an rí," arsan seirbhíseach leis féin.



Lá ar na mháireach do ghaibh sé na cap-
aill, agus ghléas sé é féin chun bóthair
arís. Do chuaidh sé fé dhéin cheannaidhe
mhóir a chómhnuigh i gcathair cois farraige.
Bhí ainm an cheannaidhe seo i mbéal na
ndaoine ar dhá thaobh na farraige mar
ghioll ar fheabhas a chuid earradh agus
méid a rachmuis. Ach ní sona ná suairc
a fuair an seirbhíseach é. Bhí stoirm ann
an tseachtain roime sin, agus bhí eagla
air go raibh a chuid loingeas a bhí ar
uisge caillte. Ní dhéanfadh léine an
cheannaidhe an rí do leigheas.



Do chuaidh an seirbhíseach as san go tigh
tiarna mhóir, ach is amhlaidh a fuair sé é
sin 'n-a luighe ar a leabaidh le h-uabhar i
dtaobh gur ghlaoidh an rí chun na cúirte
ar chomhursain do agus gur fágadh é féin
siar.



Ní raibh éan leigheas 'n-a léine sin go
h-áirithe.



Do chuaidh an seirbhíseach as san go tigh
dhuine eile, agus go tigh dhuine eile, ach
b'é an sgéal céadna i gcómhnaidhe é:
bhíodh rud éigin ag déanamh buartha nó
bróin do gach éinne aca.



Fé dheire bhí na capaill buailte amach
ó'n siúbhal, an cóiste caithte, agus ní
raibh léine an fhir shona solártha. D'iom-
puigh an seirbhíseach a aghaidh ar an mbaile.



Bhí sé buartha go leor mar bhí eagla
air nach éan fháilte fhónta a bheadh ag
an rí roimís.



Fé shlí dho, agus é i ngiorracht teas-
ail lae do'n chúirt, do chuala sé fideóg
á seinm go meidhreach ar leath-chnoc ós
cionn an bhóthair. Do stad an cóiste
chun éisteacht leis an gceol, agus ba
ghearr go dtug sé an ceoltóir féin fé
ndeara. Bhí sé 'n-a shuidhe ar mhullach
carraige, scata caorach ag inníor 'n-a
thímpal, agus é ghá n-aodhaireacht. Buach-
aill óg ab eadh é, agus ní raibh uimis
ach na giobaill; ach dob fhuraiste aithint
ar a gheal-ghnúis go raibh sé sásta le
n-a shlí bheatha, agus ná raibh buairt ná
brón sa tsaoghal air.



Do bhagair fear an chóiste chuige anuas
air. Tháinig an t-aodhaire go neamh-eaglach,
gáireatach.



"Innis an fhírinne dhom," arsan seir-
bhíseach, "an bhfuil tú ar do thoil?"



"Ar mo thoil?" arsan buachaill, agus
iongna air. "Ca' na thaobh ná beinn?
Níl fear sa tír is sona ná mé. Tá
na caoirigh seo macánta, ní deacair iad
aodhaireacht; thá mo chuid bidh i n-áirithe
agam, agus déanann ceol na fideóige
seo caitheamh aimsire dhom."



"Ach na ceirteacha éadaigh sin ort,"
arsan seirbhíseach?



"Ó, coimeádaid siad an fuacht uaim,
agus leogaim orm liom fhéin gur róbaí
síoda iad," arsan t-aodhaire.



"Is tú an fear atá uaim," arsan
seirbhíseach — agus do thaisbeáin sé bhar-
rántas an rí dho — preab isteach sa chóiste
chugham. Do dhéin, agus do chomáineadar
leo go cúirt an rí.



Nuair a chonnacthas an cóiste ag teacht
chun na cúirte, an t-árd-sheirbhíseach innte,
agus an fear sona 'n-a theannta, do rith
gasra de lucht feadhma an rí 'n-a gcoin-
nibh; do stopadar an cóiste agus do
stracadar a bhalcaisí éadaig de dhrom
an fhir shona chun na léine luachmhaire úd
do thabhairt chun an rí. Ach — cé chreid-
feadh an iongna mhór — ní raibh luid de'n
léine ar an mbuachaill meidhreach.



Cormac Ó Cadhlaigh
d'aisdrigh ó'n Bhfrainncis.


L. 2


CULAITHE EUDAIGH A DHEIN
AN TÁILIÚIR,



Tá raidhse dhíobh againn-ne.



IAD ULLAMH DEUNTA LE
CUR UMAT.



In Éirinn a deineadh. Idir
80/- is 100/- an t-airgead.



MUINNTIR MHURCHADHA,



Sráid Uasaington a 47,



I gCORCAIGH.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
IS A CHLANN MHAC (teo.),



CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.



TÉIG FÉ DHÉIN



"AN EMPÓRIUM"



ar lorg Earraí Gaedhlacha —



BÓNAÍ, CARABHATAÍ,
LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ
AGUS LÍNÉADACH.



M. Ó SÚILEABHÁIN AGUS A MHAC,
CILL ÁIRNE.



I LIOS TUATHAIL



gheobhair Bróga Gaedhlacha agus
Eudach Maith Gaedhlach



ó Ó MÓRÁIN,
i SRÁID AN MHARGAIDH.



TROSCÁN AGUS LEABTHACHA,
ar fheabhas agus ar shaoire.



DEUNFAD-SA GHÓ A' GAEDHILG LEAT!



SEÁN MAC EÓINÍN,
"CUALUCHT TROSCÁIN NA MUMHAN,"
Sráid a' Chapaill Bhuidhe a 63,
CORCAIGH.



"BRÓGA NA LAOI," idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile.
Scríobh chun "Lucht deunta Bróg na Laoi," i gCorcaigh.


L. 3


FEIS CHONNTAE CHORCAIGHE



a tionólfar i gCorcaigh an 27adh la de Mheitheamh, 1920.



COMÓRTAISÍ DO SCRÍOBHNÓIRÍ:



1 Sceul nua-chúmtha (7,000 focal ar a luighead ann).
£10 an duais.



2 — Amhrán nú Dán nua-chúmtha, £2 an duais.



3 — Aiste nú Dán bheadh oiriúnach mar reacaireacht,
£2 an duais.



4 — An Chnuasacht is fearr d'abhránaibh nár bailigheadh
go dtí so. £3 an chéad duais; 30/- an tarna
duais.



5 — Agallamh sultmhar nua, £2 an chéad duais; £1
an tarna duais.



6 — An Chnuasacht is fearr d'ainmneacha na mbailte
fearainn i n-aon bharúntacht i gCo. Chorcaighe.
£3 an duais. Chomh fada is dob fhéidir bu mhaith
an rud é seanchus gach ainme aca 'thabhairt.



7 — Nua-Dhráma ná caithfí thar uair a chluig 'á léiriú.
£7 an duais.



8 — Tionntó ar Dhráma ó theangain eile ná caithfí
thar uair go leith a ghluig 'á léiriú. £5 an
duais.



Ní mór gach iaracht (fé ainm chleite) a bheith ag an
Rúnaidhe roim Lá Bealtaine: Rúnaidhe na Feise, sa
Ghrianán, Sráid na Ríoghna, i gCorcaigh.



Gheobhair



TROSCÁN, CÁRRANA,
SLINNTE, ÁRAISTÍ CRÉ,
TÁTHÁN ("Nine Elms" Cement),
SÍOLTA agus LEASÚ



go maith is go saor ó



CHOMPLUCHT UÍ DHONNABHÁIN,
I dTRÁIGHLÍ,



An siopa is sia ar bun i gCiarraidhe.



"Donovan," Tráighlí — an focal sranng-sceul.



Scríobh indiu chúca.



In



ÁIRCÉID NA MUMHAN



gheobhair



LÁMHAINNÍ OLNA



de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh.
Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón,
dubh, glaschaorach, geal agus donn.



TÁ EARRAÍ GAEDHLACHA LE FEICSINT
AR GACH CÚNTÚIR SA' TSIOPA:



ÁIRCÉID NA MUMHAN



le "Robertson, Ledlie agus Ferguson,"



I gCORCAIGH.



NÍL A SHÁRÚ SO IN ÉIRINN:



MARGAIRÍN
"LOVING CUP"



I gCorcaigh a deintar. Tá le fáil in
a phúntaibh nó in a chnapógaibh.



ó



DHEUNTÚSACHÁN AN tSEANDÚNA,
I gCORCAIGH.



NÍ GÁDH FEÓIL DO
CHEANNACH I GCÓIR
CUPÁIN ANBHRUITHE
(SÚIP).



Deunfaidh birtín de



"ANBHRUITHE TIRM EDBHAIRD"



(ar phinginn)



AN GNÓ CHOMH MAITH



("Edward's Desiccated Soup")



IN ÉIRINN A DEINTAR.



Díoltar i ngach siopa té
is i ngach siopa lóin é.



Gheobhair cúntas air agus sampla dhe, má
scríobhair ag trial ar



"FHREDRICK KING" AGUS A CHUA. Tta.,
Sráid "Union", i mBEUL FEIRSTE.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill
Cros agus a Chlann Mhac, 18 agus 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.


L. 4


AN LÓCHRANN.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Sráid Ribeáird a 6, i gCorcaigh — an Oifig.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh an Fear Gnótha.



An seabhac, Daingean Uí Chúise …An Fear Eagair,



Ó Cuill agus a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath Na Díoltóirí.



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
"An Lóchrann" san am gcéadna, cuir roint airgid
ag triall orainn agus cuirfimid cóibeana gach mí go
ceann bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



ÁR gCÚRAM FÉIN.



Do bhraithfeadh duine insan oifig seo
againne anois is arís, go bhfuil an
Eúróip ag dul beagáinín chun suainis.
Trí seachtaine ó shin tháinig iarratas
ó Iolscoil sa Ioruaidh ar lorg "An
Lóchrann," agus ní raibh an tseachtain
caithte nuair tháinig litir ón Spáin á
iarraidh orainn é chur chúcha. Is maith
d'Éirinn, insa tsaoghal atá anois ann,
comharthaí fíor-náisiúntais mar seo a
bheith aici le cur ameasc na gcine ias-
achta. Aon duine iasachta chífidh "An
Lóchrann" tuigfidh sé ar a luighead nach
de dhúthchas Sheáin Bhuidhe sinn.



Seo cainnt as litir a tháinig ón
bhFrainnc (i nGaedhilg):



"…Cuirfidh sé áthas ort b'fhéidir
a fhios do bheith agat go mbíonn "An
Lóchrann" dá léigheamh ag scata cailíní
annso sa bhFrainnc… agus gan bhréag
d'innsint is roimis a bhíonn an fháilte —
go mór mór anois go mbíonn "Jimín
Mháire Thaidhg" ann. Is maith linn go
mór an buachaillín céadna… tá sé
chomh deas agus chomh nádúrtha san…
agus ní minic a bhaineann na scríbhinní
'nár bpáipéir Gaedhealacha le daoine
nádúrtha. Tá súil agam go mbeidh saoghal
fada ag "Jimín"…



"Bíonn ceacht Ghaedhluinne againn ann-
so gach lá. Na cailíní óga atá annso,
chuirfeadh sé ag gáiridhe tu bheith ag
éisteacht leo ag labhairt Gaedhluinne!
Frainncigh iseadh iad ar fad. Bíonn
"Seadh" agus "go ra" maith agat" agus
"Imigh as mo radharc" agus c., agus c., aca ar
feadh an lae… ní raibh 'fhios aca go
raibh aon teanga náisiúnta i nÉirinn go
dtánamair-ne annso…"



I dtaobh scríbhneoireachta tá rud ba
mhaith liom a chur i dtuiscint. Tá ualach
mór de MS. sean-scéalta fiannaidheachta
agam, de scéalta púcaí agus fathach agus c.,
agus tá chomh maith agam sean-amhráin
na ndaoine oiread is ná beadh i gcló
go ceann cúig mblian agus "An Lochrann"
ar fad d'fhágaint fútha; Ní mian liom
ámhthach ach fíor-bheagán d'aon tsaghas aca
a chur sa pháipéar so. Ní h-iad is fearr
le daoine a léigheamh ach rud éigin nua-
dhéanta — go mór mór scéalta go mbeadh
baint aca leis an saoghal atá anois ann.
Is beag duine ámhthach a chuireann de
dhuagh air féin aon rud nua a cheapadh
agus is deacair dom abhar oiriúnach
d'fhagháil i gcomhnaidhe. Nuair ná bíonn
an ceapadóireacht nua le fagháil ach go
gann caithim a bheith sásta leis an gcéim
is giorra dho — aistriú ó theanganaibh eile.
Ní ró mhaith a thaithnigheann an saghas san,
leis, linn ach gur fearr go mór é ná na
sean-scéalta. Cathain a bheidh scéalta 'á
bhfighe as Gaedhilg agus aigne Gaedheal
ionnta istigh?



AN DUAIS £1 ÚD. — A dhaoine óga,
atá fé bhun a 18 mbliana, tá as so go
dtí an 15adh lá de Mhí Feabhra agaibh
chun an aiste úd i dtaobh "An Nodlaig
sa Ghaeltacht" a cheapadh is a scríobhadh.
Bíodh na h-aistí agam ar an 15adh lá.



"An Seabhac,"
Daingean Uí Chúise.



LEANBH AN CHLAMHRÁIN.



Fonn: "Tally hi ho, hi ho."



I.



(Pus air)



Níl aon leanbh sa dúthaigh comh h-aindis liom,
Mo mháthair gach aon lá a' bruighean liom,
Bíonn mh'athair am' priocadh is am' stathadh
leis —
Ní (bh)fhuaireas mo dhóthain le n-ithe le mí
uaidh.



Cumá* ná beirbhighean sibh bainne dhom?
Cumá ná cuirean sibh im air?
Cumá ná téidhean sibh ar a' margadh,
Ag ceannach luach leathphinge chísdí!



II.



Mara bhfaghadsa na císdí ar maidin uaibh,
Fanfad sa leabaidh go h-oidhche,
Ní leigfe mé do mháthair ná d'athair, leis,
Mo cheannín deas cailce do chíoradh.



Cumá, agus rl.



III.



Tá mo mháthair gach lá ag gabháil stealladh
dhom,
Is m'athair ag gabháil dom istoidhche,
Bíon Síle is Peadar a' magadh fúm,
Is táim marbh ar fad age Símeon.



Cumá, agus rl.



IV.



Ach gearánfad mo mháthair — lem' athair,
Is gearánfa mé m'athair le Síle,
Gearánfa mé Síle le Peadar —
Is leis a' gcaitín a ghearánfa mé Símeon.



Cumá, agus rl.



V.



Tá mo mháthair a dul chun na h-aindeise
Ní thugan sí peandí ná im dom,
Ach ubhín sicín gach aon mhaidean dom,
Is le ráithe ní thug sí aon chín dom.



Cumá, agus rl.



VI.



(Fonn súgraidh air)



Caithidh anáirde go cneasda me,
Agus deinídh me 'chutadh gan luighe orm,
Seinnídh go meidhreach dom portín deas,
A chuirfidh mé a raide 's a' rinnce.



Cumá, agus rl.



VII.



Caithidh me anáirde ins na frathacha,
Agus leigídh dom tuitim chun Síle
Caith-se, a Shíle, chun Peadair me,
Agus beir-se me, a Pheadair, a rinnce.



Cumá, agus rl.



*Cumá = Cad 'na thaobh.



Tadhg Ó Conchubhair, Lios Póil, d'aithris.
Finghin na Leamhna do scríobh uaidh.



LÉIR NA FÓGRAÍ A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



STADAÍDH!



Órdú é seo do dhaoine
atá ar lorg luagh a
a gcuid airgid:



GLUAISIDH FÉ DHÉIN
SIOPA A 39
I SRÁID AN PHRIONNSA
I gCORCAIGH,



An Siopa in a bhfaighe' sibh



ÍM,
UIBHE,
BAGÚN



AGUS GACH SAGHAS EILE LÓIN.



"Ó DONNABHÁIN
agus
MAC CÁRTHA."



Ticéidí in a "gCeirthlíní" do lucht comórtha spóirt agus Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk
Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk


L. 5


JIMÍN MHÁIRE THAIDHG.



(Tuille uaidh).



Caithfidh mé innsint mar gheall ar an
Nodlaig a bhí againne. Chuaidh Mam dtí
an Daingean cúpla lá roim Nodlaig — í
féin agus Daid agus thugadar an capall
leó agus cliabh agus bosca sa chairt. Bhí
an t-airgead ag Mam. Rug sí léi dhá
ghé — chun ceann aca thabhairt do dhochtúir
na mbeithíoch agus an ceann eile a thabhairt
d'fhear a' Bhainnc, mar sin é go bhfuil
airgead Mham ar fad aige, agus tá ana-
mheas aici air.



Faid a bhíodar sa Daingean chuas féin
dtí Gleann Doimhin agus an scian mhór
agam agus téadáinín agus thugas abhaile
liom tor mór cuilinn, agus fuaireas
eidhneán i bhfothraigh na Cille. Nuair a
bhíos a' gabháil thar doras aici tháinig
inghean Mháire Aindí amach chugham ag
bladar liom d'iarraidh go dtabharfainn
cuid dhi. Cheap sí go mbeinn-se im'
amadáinín aici, agus bhí sí am' mholadh
agus ag tabhairt "buachaillín maith" orm
agus á rádh go bhfaghainn féirín uaithe i
gcomhair na Nodlag; ach ní rabhas-sa chomh
símplí sin. Táim marbh ó gheallúintí ná
tagann aon ní 'á mbarra.



Bhí sceitimíní ar Cháit nuair a chonnaic
sí an t-ualach mór a bhí agam an doras
isteach. "Ó!" ar sise, "beidh an tigh go
gleóite anois againn;" agus bhí sí ag
féachaint ar na caora dearga a bhí ar
a gcuileann agus í ag rinnce tiompall
an úrláir. "Ó! nách gleóite iad?" ar
sise. "A' bhfeacaís riamh aon rud chomh
deas?" Mar sin a bhíonn Cáit i gcomh-
naidhe, mara bhfeiceadh sí ach neóinín nó
pósaí bó bhleacht. Chloisfeá na cailíní
go léir mar sin; a dhuine, leis gach aon
tsórt ní.



Bhí ocras orm féin. "Caith uait na
céapars san," arsa mise, "agus tr'om
rud éigin le n-ithe." "Ó! mo dhear-
mhad!" arsa Cáit, agus thug sí cogar
dom. "Ní chuirfeá amach cad tá agam
duit?" "Cad é?" arsa mise. Do
gháir sí, "ní 'neósad duit é," ar sise,
"mar do scéidhfeá orm le Mam." "Ar
mh'anam ná scéidhfead, a Cháit!" arsa
mise. "Marbhóchaidh sí mé i dtaobh an
tsiúicre!" arsa Cáit. "Cad é an siúicre,
arú?" arsa mise. "Agus mar gheall ar
an uachtar!" sise. "Hanamain Diucs! a
Cháit, an cístí mísle atá déanta agat?"
"Ó, ní 'neósad duit! ní 'neósad duit!
ar sise, agus bhí sí ag gáiridhe agus ag
léimrigh ar an úrlár. Annsan chuaidh sí
dtí an dresser i thóg sí anuas dá
chupán le cur ar an mbórd. "Áh,
h-anamain! a Cháit," arsa mise, "innis
dúinn cad tá agat." "Ní 'neósad, ní
'neósad," ar sise, agus do gháir sí agus
bhí sí ag rinnce agus ag caitheamh a cos
agus n'fheaca sí an t-eidhneán ar an
úrlár gur leag sé í agus slán mar
n-innstear é! baineadh píosa mór as
cliathán cupa aca. Rug Cáit ar an
bpíosa agus bhí sí ar crith ag iarraidh
an píosa do chur isteach 'na áit féin
arís féachaint a bhfanfadh sé istigh. Ann-
san bhí sí ag gol agus, a dhuine, bhí sí
ag iarraidh a mhileán do chur orm-sa.
Chuireas i n-iúl di nach me fé ndeara
é ach í féin agus a cuid léimrighe; ach
níorbh aon mhaith bheith a' cainnt léi. Ní
dhéanfadh sí ach gol. Tháinig truagh agam
féin di sa deire. "Tr'om é a Cháit,"
arsa mise, "agus ní bheidh fhios age Mam
go deó é." Thugas an cupa briste go
dtí an dresser agus chuireas shíos fé
dhá chupa eile é agus an taobh briste
isteach. "Ó! a mhuiricín! cad a dhéan-
fad in ao' chor má chíonn Mam é?"
arsa Cáit.



Annsan dheineamair té — muga an duine
againn. Sin é an uair a thairrig Cáit
amach na rudaí adubhairt sí bhí déanta
aici — cístí beaga uachtair agus crústa
siúicre orra. Fuaireamair im sa chur-
pad agus chonnac-sa próca mór de shubh a
bhí ann agus clúdach páipéir ceangailte
go daingean ar a bharra. Ghearras an
ceangal go h-aiclidhe agus deirimse leat
gur bhaineamar sughlach as na rudaí ar
fad. Fé mar ithimís greim aráin thóg-
aimís lán spiúnóige de'n tsubh. Nuair
a bhí ár ndóthain ithte againn bhí an subh
i bhfad síos ins a' phróca ach cheanglas
an páipéar go h-aiclidhe arís air agus
chuireas thar n-ais ins a' curpad é mar
bhí sé ceana. Is mór a truagh ná bíonn
Mam sa Daingean gach aon lá.



Fuaireas féin casúr annsan agus tairngí
beaga agus bhí Cáit ag síneadh eidhneáin agus
cuilinn chugham. Do chuireamair tíompall
na bhfuinneóg é agus ar bharr an dresser agus
os cionn na teine. Bhíodh sé deacair é
cheangal in áit ná bíodh adhmad agus
chaithinn tairngí móra do thiomáint sa
bhfalla agus thuiteadh scailpeanna de'n
mhoirtéal anuas uaireannta. Nuair a bhí
an tigh críochnaithe againn rugamair ar
"Sailor" — sin é an madra, tá's agat — agus
chlúduigheamair ó cheann go h-earball é
le cuileann agus bhí ana-spórt againn air.
Nuair a tháinig an tráthnóna lasamair an
lampa agus bhí cuma aerach ar a' dtigh.



Bhí an oidhche ann nuair a tháinig Mam
is Daid abhaile. Nuair a tháinig sí isteach
mheasamair go mbeadh ana-áthas uirre,
ach is amhlaidh do dhein sí raic, a mhic
ó, nuair a chonnaic sí na scailpeanna
moirtéil imithe de'n bhfalla. Bhí sí gan
aon chiall, a dhuine, agus b'éigean dom
féin teicheadh go dtáinig sí chun suainis.
Cáit d'innis dom lár na mhaireach cad a
thug Mam ó'n nDaingean. Thug sí naoi
gcoinnle móra fada léi agus iad 'na
seasamh sa chliabh, agus bhí trí cinn aca
dearg. Bhíodar chomh h-árd leis a' bhfuin-
neóig, a dhuine, agus thug sí lán a bhosca
do rísíní agus do shiúicre agus do thé
léi, agus bairghín mór breac ó'n siopa,
agus bhí buidéil ann — buidéil go raibh
deoch bhuidhe ionnta agus buidéil eile go
raibh rud éigin gormdhearg ionnta agus
crúsca mór lán do rud éigin dubh. Bhí
cnapán mór feola, leis, aici. Chuala go
dtug sí ubhla, leis, léi, ach ní bhfaghaimís-
ne an oidhche sin aon cheann aca toisc a
raibh de dhíobháil déanta againn leis na
tairngí. Chuir sí iad go léir isteach sa
churpad agus chuir sí an glas air.



Lá'r na mháireach mhairbh Mam gé agus
lacha le sciain. Is amhlaidh do ghearruigh


L. 6


sí cúl an ghé leis a' sciain agus choinnibh
sí greim uirthe agus an ghé a' scréachaigh
agus an fhuil ag imeacht aisti. Nuair do
chaith sí uaithe ar an dtalamh í bhí an gé 'a
léimrigh agus ag crith. Ní fhanfadh Cáit ag
féachaint uirthi á marbhú ach rith sí isteach
agus a méireanna na cluasa aici. Nuair
bhí an gé fuar chuir Mam páipéar tíom-
pall ar a ceann agus bhain sí na cleití
dhi agus chuir sí ar crochadh ar chúl a'
dorais í.



Oidhche Nodlag bhí ana-shaoghal againn!
Fuaireas féin agus Cáit dhá thurnap móra
agus bhaineamair a leath dhíobh agus ann-
san chuireamair poll síos ionnta chun na
gcoinnle chur na seasamh ionnta. Ann-
san sháthamair craobha beaga cuilinn i
ngach turnap aca agus chuir Cáit páipéar
tíompall ar na turnapaí. Bhíodar go
gleóite, a dhuine, agus lasamair iad sar
a dtáinig an oidhche in ao' chor; ach mhúch
Mam arís iad.



Istoidhche chuir mo Mham prátaí is iasc
ar an mbórd chughainn ach am' baisce nár
itheas féin ná Cáit aon phioc de mar bhí
fhios againn go raibh rudaí eile ag teacht.
Tar éis tamaill thairrig Mam amach an
císte mór breac agus do ghearruigh sí
dhúinn é agus dhein sí té, agus fuair-
eamair dhá ubhall uaithe. Nuair a bhí
athair Mhicilín ag dul thar doras thug
Mam isteach é agus thug sí braon as
buidéal do — buidéal go raibh trí réil-
thíní air — agus thug sí braon beag do
Dhaid agus fuair sí féin braon as buidéal
eile agus dubhradar go léir "go mbeirimíd
beo ar an dtráth so arís!" — pé brí
a bhí aca leis. Tháinig Beit Mhór agus
Máire Aindí isteach agus chuir mo mháthair
braon as a' mbuidéal buidhe i dhá ngloine
agus annsan chuir sí siúcre agus uisce
beirithe ionnta agus chorruigh sí le spiúnóg
iad. Cheapas ná h-ólfaidís sin in ao'
cur ar dtúis é. Dubhairt Máire Aindí
"Ó! go marbhuighidh sé mé má bhlaisim
aon bhraon de!" ach, mar sin féin, d'ól
sí é go léir, agus níor mhairbh sé leis í.
Tháinig a lán eile isteach i rith na h-oidhche
— buachaillí óga agus is as an gcrúsca
mór a thug Mam an deoch dóibh.



An riabhach! a mhic ó! nuair a chonnac
iad go léir ag ól tháinig dúil mhallaithe
agam féin ann agus nuair a chuaidh Daid
amach le h-athair Mhicilín agus bhí Mam
ag cainnt leis na mná i n-aice na teine,
thógas féin slug as an gcrúsca, a dhuine,
ach is láidir nár mhairbh sé mé leis an
mblas a bhí air. Ní fhéadfainn é scaoil-
eadh siar agus bheadh eagla orm é chaitheamh
as mo bhéal ar an úrlár agus seo liom
ag baint an dorais amach agus mo bhéal
lán. Chonnaic mo mháthair ag dul amach
mé. "Cá raghair anois, a Jimín," ar
sise, ach ar mh'anam ná dubhart aon fhocal
ach an doras d'oscailt agus cur díom.
Lean sí 'mach mé agus nuair a chonnaic
sí mé ag casachtaigh agus ag caitheamh
silí amach "Ha, Ha, Há,!" ar sise "a
chladhaire, ní dhéanfainn dabht do mhac
t'athar. Masmus go gcuiridh sé ort?"
Ba ghránna an riabach ruda é.



N'fheadar cad chuige dubhairt Mam an
focal san "mac t'athar" liom?



Bhí sé déannach nuair do chuamair a
chodla an oidhche sin mar bhí Mam ag
ullmhú an ghé i gcomhair Lae Nodlag.
Do bhain sí amach a raibh istigh innti agus
do nigh agus do ghlan í agus annsan
do líon sí arís í le prátaí, brúighte agus
inniúin agus piobar agus im agus salann
agus rudaí eile agus do dhein sí é dhingeadh
isteach innti. Annsan fuair sí snáthad agus
d'fhuaig sí í. Bhíos féin is Cáit ag faire
uirthe.



Maidin Lae Nodlag chuaidh Cáit 's mo
mháthair 'dtí an chéad Aifreann. Bhíos
féin agus Daid i mbun a' tighe. Fhaid
a bhí Daid ag crú na mbó dheineas-sa
foghail ar an gcurpad. Ghoideas ubhall
agus líonas póca liom de rísíní agus
bhí smut de'n bhairghin breac ann gearr-
tha — chuireas chugham é sin, leis. Nuair a
bhíos a dúnadh an churpaid arís, do bhuail
smaoineamh mé, rugas ar a mbuidéal
buidhe agus do leath-líonas cupán as.
Bhlaiseas é, ach ar mh'anam, dá olcas é
an stuif dubh ba sheacht measa an rud
buidhe. Dhóghfadh sé thú, a dhuine! Ann-
san n'fheadar cad a dhéanfainn leis.
Ghlaodhas ar an madra agus chuireas fé
na phus an cupán, ach ní fhéachfadh sé air,
a mhic ó. Níor dhein sé ach sraoth a chur
as. Annsan chuimhnigheas ar sheift eile.
Fuaireas dorn mine buidhe agus do fhliuchas
leis an stuif as an mbuidéal é agus
Chuireas sa bhuaile amuich é ar phláta.
Siúd chuige an ganndal mór agus d'alp
sé a raibh ann. Níor bhraitheas faic air
go ceann tamaill. Annsan chrom sé ar
ghogalaigh. I gcionn tamaill d'éirig sé
as san agus chrom sé ar shiubhal tíompall
agus leath-cheann air. Fáinne bhí sé a
dhéanamh agus é ag siubhal. Annsan stad
sé agus leath sé a dhá chois amach ó chéile
agus bhí sé 'á shuathadh féin anonn 's anall
Chuirfeadh sé na cait ag gáiridhe. Ann-
san do luigh sé agus dhún sé na súile
agus ní fheaca aon oighre riamh ach é ar
shean-Dhiarmaid chríona annso amuich nuair
a bhíonn sé ag tuitim dá chodla sa chathaoir
mhóir os comhair na teine agus é 'míogar-
naigh. Annsan luigh sé ar fad anuas ar
a' dtalamh, do shín sé a phíopán uaidh
amach agus do leath sé a dhá sciathán agus
níor fhan anam ná brí ann ach chomh beag
agus dá mbeadh sé marbh. Ambaiste bhíos
ag breith chugham ar eagla go gcaillfí
é agus ní fheadar cad a dhéanfainn. Chuala
Daid ag teacht ó chró na mbó agus chuirear
díom isteach. Nuair a chonnaic Daid an
ganndal do stad sé agus bhí sé ag cainnt
leis féin. "An diabhal mé ach go bhfuil
sé na "chocstí!"" ar seisean. "A Jimín,"
ar seisean. Bhíos ag scuabadh an úrláir
ar séirse. "Cad tá ort" arsa mise.
"Marbhóchaidh do mháthair sinn" arsa Daid.
"Tá an ganndal mór ar na croití deir-
idh." "Cad do dheinis leis?" arsa mise.
"Cad do dheinis-se leis?" arsa Daid.
Bhíos ag iarraidh é chur ar dhaid agus bhí
Daid ag iarraidh é chur orm-sa. "Gearán-
fad led mháthair thú, a bhligeáird!" arsa
Daid. "B'fhearra dhuit éisteacht," arsa
mise, "nó 'neósad-sa dhi mar gheall ar
an seacht is raol a bhainis as fiacha na
mbeithíoch." "Seadh! agus 'neósad-sa dhi
cé mhairbh an cat." ar seisean. Ar mh'anam,


L. 7


gur bhain Daid stad asam. Mheasas ná
raibh fhios ag aoinne beirthe é. Ach níorbh
é sin an chuid ba mheasa de'n scéal ach go
raibh Mam ag éisteacht leis a' gcainnt
go léir — mar tháinig sí isteach gan fhios
dúinn. Chrom sí ar an mbeirt againn,
a mhic ó! agus níorbh fhiú trí leath-phingní
sinn nuair a bhí deire ráidhte aici. Mise
agus Daid bocht! is cruaidh an saoghal
atá againn! Níor fhan focal im' Dhaid
ach dh'éaluigh sé leis 'dtí an t-Aifreann
agus bhíos-sa trí fichid slat na dhiaidh aniar
an bhóthar síos agus gan focal as aoinne
'gainn.



Nuair a thána abhaile ó'n Aifreann bhí
an ganndal i n-aice na teine age Mam
agus an t-anam ag teacht arís ann.
Ní fhuair Mam amach riamh cad d'imigh
air mar nuair tháinig Daid abhaile bhí
sí ag baint sásaimh de idtaobh gur ól
sé dhá ghloine fuiscí as an mbuidéal a bhí
sa churpad. Dubhairt Daid, "ambaiste,"
nár ól agus go raibh sí ag cur éithigh air;
ach d'áitimh sí air gurbh é a dh'ól é. Ní
rabhadar buidheach dá chéile an chuid eile
de'n tráthnóna. Bhí truagh agam-sa do
Dhaid; ach, dar fia! ba mheasa liom mé
féin agus ní dubhart aon fhocal.



Mise Jimín.


L. 5


SOCRAIGH AT' AIGNE



i dtaobh



TEACHT 'ON DAINGEAN



i mbliana.



Beidh an Coláiste ar oscailt
i rith mí Iúil agus Lúnasa.
Cuir fios ar an gclár
agus tuairisc i dtaobh
lóistín go luath.



An Rúnaidhe Coláiste an Daingin,
i gCiarraighe.



Beidh



COLÁISTE GAEDHILGE
CHORCAIGHE



ar siubhal i gCorcaigh i rith mí Iúil



(a) Ranng do Thosnathóirí.



(b) Ranng an Teastais.



(c) Ranng an Teastais Dá
Theangan.



Cuir tuairisc gach ní ar



An Rúnaidhe,
i gColáiste na Toirbhirte,
i gCorcaigh.



GAEDHEALG DO NA LEANBHAÍ



Tá sí le
faghbháil in



IOL-SCOIL NA MUMHAN



i RINN Ó gCUANACH.



Is ann is buige, binne, blasda labhartar í.



Tá scoil ann do leanbhaí óga ón a seacht
go dtí a deich mbliana dh'aois agus í fé chúram
an "Fhir Mhóir."



Beidh na páistí chomh compórdamhail agus
dá mbeidís ar a dteinteán féin ag baile.



Scríobh go dtí



"AN FEAR MÓR."



CEANNUIGH DO CHUID
BAGÚIN AGUS
DO CHUID EILE LÓIN



ó



Ó CÉILEACHUIR AGUS MAC EANNA



Sráid an Chapaill Bhuidhe a 82,
CORCAIGH.



"EUDACH NA DRUIPSIGHE." Níl a shárú ann, a Ghaedhala. Áit atá go Gaedhlach amuigh is amach iseadh an ball
in a deintar é — Muileann Eudaigh na Druipsighe, i Múscraidhe, sa' Mhumhain.


L. 6


NUAIR A THAGAIR
GO CORCAIGH



ná dearmhaid glaodhach
chugainn-ne.





ÁTHRAIGHE AIRGID



den tsaghas so go
h-oireamhnach mar



BHRONNTANAS BAISTE.



Deinimíd-ne iad san agus an
uile-shaghas eile mar atá —



CAILÍSÍ, CUIRN AGUS CUACHA
agus
ÓRNÁIDÍ I BHFUIRM BONN
agus
CROSANA CEILTEACHA.



SINN-NE A DHEINEANN ANSO
COIS LAOI.



Cuir tuairisc a luach ar



LIAM MAC AODHGÁIN
is a Chl. Mhac,



Seódóirí agus
Gaibhne Geala,



32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'ó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha.



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, agus c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



SEAN-TEANGA NA nGAEDHEAL.



An t-Athair Donncha Ó Súileabháin do chéad-chúm.



Fonn: "Ua Domhnaill Abú."



Tá binn-cheol na Gaedhilge 'á mhúscailt go
bríomhar
Ó'n gcodladh 'n-a raibh sí le fada 'na luighe,
'Sa glórtha ag éirghe go h-árd is go h-aoibhinn
Ar na leóithnibh ag séide trí ghleanntaibh
Chiarraighe.
Tá 'nis i sráid 's i dtuaith
Lucht Fáinní go láidir buan,
Fíor-stoc na hÉireann go misniúil, tréan —
Buachaillí go croidhiúil mear,
Cailíní go gleoite deas,
Ghá labhairt le n-a chéile —
Sean-teanga na nGaedheal.



Ba ró-fhada bhí sí fé dhí-mheas in Éirinn
Ó Bh'l 'Áth Cliath aníos go bruach Locha Léin,
'S trí mhíntír na Mumhan theas ní chluintí
aon Ghaeluinn
Ach Béarla na nGallphoc i mbéalaibh na
nGaedhal.
Ach feasda le congnamh Dé
Neartógham go daingean léi,
'S cuirfam ó bhaoghal í go lá deire 'n
tsaoghail;
'S an uair bheidh an cladhaire
bréan
Glanta as ár n-oileán féin
Seadh liúghfam go h-árd as Sean-teanga na
nGaedheal!



"Pádraig Mac Piarais Sgéaluidhe."



Le Séamas Ó h-Aodha, M.E. (ar 2/6 ó
Chló-lucht Talbóid in Áth Cliath).



Bheith ag scrúdú agus ag déanamh léir-
mheasa ar nua-litríocht an tslí bheatha'
atá ag a lán fear Béarla. Is fada
fós go mbeidh an saghas san slí bheatha'
ag aon Ghaedhilgeóir, áfach, mar an méid
nua-cheapadóireachta atá 'á dhéanamh sa
Ghaedhilg ní chimeádfadh sé an léir-mheas-
tóir gnóthach ar feadh ráithe den bhliain,
fóiríor.



Is mór an ní go bhfuil Muimhneach againn
a thuigean an nua-cheárd so agus a thuigean
ar fheabhas an domhain é. Tá Séamas Ó
h-Aodha, ó Chathair Chorcaighe, tréis scríbhinní
an Phiarsaigh (go ndeine Dia grásta dho)
do mhion-scrúdú agus tá toradh a chuid
saothair sa leabhrán nua so: "Pádraig
Mac Piarais, Sgéaluidhe" agus ní dóigh
liom go bhfuil aon tréith de thréithibh
scríobhnóireachta an Phiarsaigh ná fuil
luaite ann.



An méid atá ráite a' Gaedhilg ag
Séamas Ó h-Aodha tá sé ath-ráite a'
Béarla sa leabhar céadna ag James
Hayes. Ní maith le h-aon-Ghaedhal an
síor-sheasamh so ar Bhéarla, agus is greanúr
an duine gur gádh leis é. Tá 'fhios
againn, áfach, ón aithne atá againn ar
lucht "foillsithe" leabhar gur gádh leó-
san an Béarla chun fáltas beag air-
gid sa bhreis do dhéanamh a' leabhar.
Táim deimhin de nách é Mac Uí Aodha
is cionntach leis an Béarla bheith sa
leabhar so.



Tá tagairt ann do R. L. Stevenson,
fear úd an Bhéarla chruinn, ach is é
ainm do bhaist an scríobhnóir air 'ná
"Roibeárd Mac Stiabhna." Bu chóir gur
leór aon tsloinne amháin ar aonne,
ar Ghaedhal nó ar Ghall. Dá mb' é an
dornálaidhe mór úd féinig Jack Johnson,
fear gorm, ní dóigh liom go mb'fhearr
leis Ivan Ivanovitch 'ná Iain Mac Iain
'ná Seón Mac Seóin ná 'ainm cheart
is a shloinne féinig. Agus is ar éigin
go n-aithneóch' mac Joseph Chamberlain
(Sasanach mór poluitíochta) gur ag
tagairt d'á athair féinig a bheadh an
Gearmánach a thabharfadh Josef Zimmer-
mann air. Scéal is eadh é sin áfach,
ná bainean ó fheabhas an leabhráin seo.
Tá an leabhar go seóig. Molaim Séamas
Ó h-Aodha ar a mhisniúlacht a bhí agus
preabadh amach ar an saoghal mar rcrúd-
athóir. Tá sé ag obair leis go díchealach
fé láthair agus a lán d'á chuid saothair d'á
bhualadh fé chló, ach ní h-ar an "Lóchrann"
a bhíon aon roinnt riamh de, fóiríor.



Seán Tóibín.



DON LÉIGHTHEOIR.



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa "LÓCHRANN," agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa "LÓCHRANN" a
chonaicís an fógra. Cabhróchaidh san go
mór linn.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



A MHNÁ UAISLE!



Tá fo-eudaighe do mhnáibh uaisle á dheunamh
ag Gaedhilgeóirí sa Mhumhain. Earraí
ar fheabhas an domhain is eadh iad. "ARTÁN"
an t-earra-chomhartha atá ortha. Bídh 'á lorg
ar lucht siopaithe. Má bhíthí i gCorcaigh aon
uair, téighidh fé dhéin lucht a ndeunta:



LUCHT EUDAIGHE "ARTÁN,"



Sráid Thomáis Dáibhios a 40, i gCORCAIGH.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA!



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na húmaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.



"Ach, tá peidhre 'n SHANDON BRACES"
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
"Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!"



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN



Calaphort an Phápa, Corcaigh.



I LIOS TUATHAIL



gheobhair



GACH CÓIR TIGHE,
ÁRAISTÍ IARAINN,
ÚIRLISÍ,
SÍOLTA agus
LEASÚ



ó



SHEÁN MAC EANNA,
i SRÁID AN MHARGAIDH.



Gach cóir chun tig do dheunamh,



ÓN ÚRLÁR GO BÁRR
AN TIGHE:



Adhmad, Táthán ("Cement") agus Slinnte;



Áraistí Iarainn, Stóbhana, agus Bácúsa;



Dathán, agus an uile shaghas Íle agus Ola.



Tá le fághail ó



"EUSTACE AGUS CO. LTD.,
i gCORCAIGH.



Scríobh chúca.



Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN agus a CHL. MHAC, TEO.



ag Mainistir na Corann agus
i gCluain Dalláin, i
gCo. Chorcaighe.



Sranngscéala: "Hallinan Midleton."



FEÓIL ÚR GHAEDHLACH.



Uaim-se gheobhair san.



agus



EUNLAITH is GLASAIRÍ.



MÍCHEÁL BARÓID,
Both a 64 agus a 65, Margadh na Feóla,
CORCAIGH.



Guthán a "276, Corcaigh."



CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne.



Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.


L. 8


'Sé MAC CUILINN
FEAR NA RÁSÚR



Is aige atá
AN TEASBÁNADH RÁSÚR
is mó in Éirinn; a luach ón
a 1/6 go 14/6



Earra ar leith é seo:



RÁSÚR ÉADTROM
DEA'-FHAOBHAR ar 9/-



("Hollow Ground.")



Postas is uile.



Cuirfidh se faobhar maith ar shean-rásúr ar 7d.,
postas is uile.



MAC CUILINN, Fear na Rásúr,
SRÁID CHAPEL a 35, 36,
BAILE ÁTHA CLIATH.



GRAMADACH NA GAEDHILGE.



"STUDIES IN MODERN IRISH"
(Part I.)



An t-Ath. Gearóid Ó Nualláin, 'm.a., b.d.,
Ollamh Gaedhilge, do rinne.



6/- a luach. Ó



CHUALUCHT OIDEACHAIS ÉIREANN,
89 Sr. Talbóid,
in ÁTH CLIATH.



Cora cainnte na Gaedhilge d'á léiriú is
d'á míniú. Cainnt an Athar Peadar
agus an Chéitinnig an bun atá aige.



ó



THOMÁS Ó MURCHADHA



a gheobhair biadh maith blasta de
dheuntús Gaedhal, i gcóir Céilidhe
nó Feise, nó aon tsórt fleidhe.



UIBHE, BAGÚN
agus
GACH SAGHAS EILE LÓIN!



SRÁID SHEÓIRSE A III
(ar aghaidh Árd-Oifige an Phuist anonn),
i gCORCAIGH.



CARABHATAÍ den PHOIPLÍN



AR GACH DATH is
AR GACH GNÉ DATHA.



LIAM Ó hAIMHEIRGÍN,
("W. Bergin")



a dheinean do lucht siopaithe.



Scriobh ag triall air go



62 SRÁID GHRAFTON,
in ÁTH CLIATH.



Tá le fághail uainne-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



BÍODH RUD GAEDHLACH UMAT



pé aca chítar é
nó ná feictar.



STOCAÍ agus
CNEAS-EUDAIGHE
"NA CARRAIGE"



na h-earraí atá
uait.



OSANÓIRÍ NA DUBH-CHARRAIGE, TTA.
("Blackrock Hosiery Co. Ltd.")



ar DHUBH-CHARRAIG ÁTHA CLIATH
a dheinean.



<"Rock" Underwear>.



NÁ BÍ AG SEÓLADH NA
GCOINÍNÍ THAR LEAR!



Ceannócham-na coinín, nó MÍLE COINÍN uait,
ar an bpinginn is aoirde. Ní ghadh aon cheann
do chur sall chun an tSasanaigh. Scríobh indiu
chughainn:



"SIOPA LÓIN
UÍ DHONNABHÁIN,"
Sráid an Phrionnsa, i gCORCAIGH.



Gheobhair togha earraí Gaedhal anso.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



DEOCH
BHLASTA
FHOLÁIN



ISEADH



"TANÓRA"



Sugh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar.



Scríobh chuig



SEÁN Ó DÁLAIGH is a Chua.
TTA.,



I gCORCAIGH,



in a thaobh.



I LIOS TUATHAIL



gheobhair



Áraistí Iarainn, Troscán agus Rothair



ó THOMÁS Ó CRÓINÍN,
1 SRÁID LIAM.



DO FHEAR NA FEIRME
É SEO:




SÍOLTA,
LEASÚ,
ÚIRLISÍ,
agus
BIADH BEITHIDHEACH



le fághail, go maith is go saor, sa
tsiopa so:



"SIOPA PLÚIR IS
MINE SHRÁID AN RÍ,"



An 3adh tigh i Sráid an Rí,
CORCAIGH.



Scríobh indiu agus cuir tuairisc
a luacha agus c.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgan, Dundalk

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services