Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Nodlaig, 1919
Title
Nodlaig, 1919
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1919
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
2d. AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. a 45. NODLAIG, 1919. Dhá Phinginn a Fhiacha. An Bhábóg. [H-iarradh orainn a leithéid seo do chur le chéile agus a chur sa “Lóchrann” chun go múinfí do chailíní beaga óga é mar “dhráimín.” Mara bhfuil aigne na leanbh ann go fíor gabhaidís ár leithscéal]. I. Máirín [Í do theacht isteach agus greim ar leath láimh aici ar bhábóig agus í ag tarrang cóiste bhig nó trucaillín na diaidh. Í d'fhéachaint 'na timcheall]: Ní fheadar an domhan cá bhfuil Eibhlín imthighthe. D'imthigh sí faid a bhíos ag ithe. An ruidín gránna! Bhuel, bíodh aici … Ní bheadsa mór a thuille léi … ná ní chuirfidh mé mo ribín nua ar a ceann … ná mo laimhní bána … ná ní leigfead di bheith ag imirt lem bhábóigín. Beireann sí ar an mbábóig mar bhéarfadh sí ar leanbh agus suidheann sí. Och, mo leinbhín féin! (Pógann í) tánn tú marbh, gan aon chodla ó mhaidin. Leigeann sí ar a glúinibh í agus bíonn 'á gigilt agus ag gáiridhe léi. Ó, nach deas í? Ó! féach an gáire deas atá aici. Gáir, a rógaire! gáir! Nach tú an rógaire beag agam? … É? Gol! … O faire, ná goil! mo ghradh í sin! huis-ab-á … féach déanfaimíd rinnce … Síos suas ar a glúin. Hóró damhas is damhas, Hóró damhas go h-aerach; Hóró damhas is damhas, Is damhas, is damhas a laogh ghil. Ambasa nár rinnc, nár rinnc. Ambasa nár rinnc sí indiu Ambasa nár rinnc, nár rinnc Mar d'éirigh sí cuibhsach moch. Hóró damhas, &rl. Cuireann sí ar a leath-ghlúin í agus coimeádann ann í le 'na láimh chlé agus bíonn ag bagairt méire tosaigh na láimhe eile uirthi. Ha! ha! a rógaire! Cad deir an cat? Mí - á - ú,” arsan cat. Cad deir an gabhar? Meg-geg! arsan gabhar. Cad deir an chaora? Leigeann si dhi tuitim síos 'na codla mar 'dh'eadh. Och is cumaleat cad deir an chaora; tá codla ort, a mhaoineach. Seo, téanam ort agus cuirfead a chodla tú. Beireann barróg uirthi agus suathann anonn 's anall í. Mo ghrádh í sin … Peata beag Mhaimí … Dún do shúilíní beaga anois, a chuidín, agus codail. Cromann a ceann anuas i n-aici na bábóige agus bíonn ag crónán. huis-ab-á-ín ó a leinbhín! huis-ab-á-ín — Huisín — huis — ó — ó - ó - ó — ó! … É? Cad é sin? Ag gol arís (go cráite). Mhuise tá mo chroidhe cráidhte agat, a chailichín … codail annsan a mhaistín, nó gheobhaidh mé slat chughat … (Crónán) ó — ó — ó. Eirigheann na seasamh agus siúbhluigheann síos, suas agus barróg aici ar an leanbh. Tá sí cráidhte, an ruidín bocht. Tá ná fiacla ag cur uirthi … 'fhéidir gur ocras atá uirthi. coimeádann sí an bhábóg go cúramach len a láimh chlé agus gheibheann sí cupán bainne agus spiúnóg leis an láimh eile. Bíonn sí mar 'dh'eadh ag tabhairt an bhainne le n-ól do'n bhábóig. Seadh, anois a bhinín oscail do bhéilín … á! dein … Bainne deas agus siúicre ann … Sin é! Follmhuigheann sí an spiúnóg inar 'dh'eadh siar na béal. Ceann eile anois, sin é … mo ghrádh — mo leanbh! ól é seo anois … agus beidh mo leanbh mór, áluinn … Do dhothain agat? Is maith é sin. Tuitfidh do chodla anois ort, b'fhéidir … cuirfead sa chliabhán thú. Socruigheann sí píosa éadaig sa trucail- lín agus cuireann an bhábóg isteach ann agus socruigheann an t-éadach timcheall uirthi. Annsan bíonn sí ag bogadh an trucaillín anonn 's anall. AMHRÁN [Fonn — “Cóirigh mo leabaidh, táim breoite go leor.”] Codail a leinbhín, luigh síos go fóil, Tá Púca san lios dubh a ghoidfeadh do shórt; Tá fathach na coille is teine 'ge 'd' chomhair — Codail a leinbh dein codla breagh sóghail. Ní leigfead mo leanbh, le gadaithibh sidhe Cóireochad a leabaidh le h-anairt bhreagh mhín Do phúca ná d'fhathach, ná do chleas- aithibh sidhe Ní thabharfad mo leanbh beag caithi- seach grinn. II. chun comhrádh beirte, cuir tosach I. annso isteach chomh fada síos le: “Cuirfead a chodla thu” agus annsan cuireadh sí 'na codla í sa trucaillín. Eibhlín isteach. Máirín: Imthigh ort abhaile arís a Eibhlín Ní Mhurchadha. Ní bhead-sa go mór a thuille leat — ní bhead san. Eibhlín: Ó dhe! ara, cad tá anois ort? Cad tá déanta 'gam ort? M: Nuair a ghlaoidh mo Mhaimí chun dínnéir orm ní fhanfá liom ach do rithis abhaile. E: Agus ná fuil cead agam, a Eibhlín Ní Shéaghdha, dul abhaile nuair is maith liom é? M: Imthigh uaim. Ní thabharfad mo bhábóg duit níos mó … ná mo ribín deas. E: Ní fhéachfainn ar do bhábóig ghránna. M: Níl mo bhábóg gránna. Ta sí go deas. E: Níl sí go deas. Tá a srón briste. M: Ní briste tá a srón ach d'ith coileán Taidhgín é. E: Agus níl gúna trí ndath uirthi mar atá ar bhábóig Chaitlín Nic Eoin. Ó! is deas an bhábóig atá ag Caitlín. M: Ach níl sí chomh deas lem' cheann-sa. E: Tá agus níos deise. Deir sí “Mamá” nuair d'fháiscfeá í. M: Ach dúnann mo cheann-sa a súile nuair luigheann sí. E: Och, ní h-aon ní é sin. Tá bróigíní beaga gleoite ar bhábóig Chaitlín; agus hata - Ó! ní fheaca riamh a leithéid; agus gúna deas go bfuil trí dathanna air. Ó! tá sí go deas! M: Agus ná fuil mo bhábhóg-sa go deas [tógann sí as an dtrucaillín í agus taisbeánann d'Eibhlín í]. Féach na súile ag dúnadh. Féach an ghruaig bhreagh dhubh atá aici. Féach an dá choisín ghleoite. E: Och ná bhí am bodhradh led' sheana-bhábóig gan mhaith. ['Á dtaisbeáint]. Srón bhriste aici … cluas imthighthe dhi … béal gránna uirthi … gan aon bhróg ar a cosa! Dá mba liom í do chaithfinn sa teine í. M: Ach ná fuil sí go deas, 'Eibhlín? E: Och, níl. Tá sí go fíor-ghránna: M: [Ag cromadh ar ghol agus ag leigint do'n bhábóig tuitim ar an dtalamh]. Bu - hú - ú - ú. Ó! Ó! Ó! tann tú dána, a Éi - a - Ei - a Eibhlín Ní — Ní Mhurchadha. Ní bhei — ní bheidh mé - mó — mór - go deo 'rís — deo rís leat. Ó! Ó! mo bhá — mo bhábóg! Ó … E: [Tré na chéile beagán. Cuireann a dhá láimh ar ghuailnibh Mháirín]. Á! a Mháirín. Mo ghrádh í sin. Eist. Cad tá ad chur ag gol? M: Dubhraís - dubhraís ná - ná raibh mo bhábóg - go deas. E: Ó mhaise! Eibhlín! Eist. Mar mhagadh bhíos-sa. Tá do bhábóg-sa go h-ana- dheas ar fad. M: [Ag cromadh agus ag tógaint na bábóige de'n talamh]. Agus ná fuil sí - níos deise — ná bábóg Chaitlín. E: Ó tá — i bhfad níos deise. Seana- bhábóg ghránna atá aici. M: [Ag gáiridhe tríd an ngol]. Agus níl a srón briste, Eibhlín. E: Níl … ach an coileán d'ith é. Greadadh chuige mar choileán! M: [Ag síneadh na bábóige chúichi]. Póg mo bhábóg, 'Eibhlín. [Pógann Eibhlín í]. M: [Agus barróg ar an mbábóig arís aici]. Táim go mór arís leat, 'Eibhlín, agus tá an bhábóg go mór leat. E: Agus an dtabharfaidh tú tamall domh-sa í, a Mháirín? M: Tabharfad agus fáilte. Seo dhuit í, ach t'r'om an téad rinnce atá 'gat-sa. E [Leis an mbábóig agus í 'á caitheamh anáirde. Ag féachaint uirthi agus ag gáiridhe]: Caithimís síos is suas í, Caithimís suas aráirde í, Caithimís síos í suas í 'S tiocfaidh sí 'nuas amáireach. M [Ag rinnce leis an dtéid tamaillín]: Ó! Eibhlín! Eibhlín! féach thíos Cáit agus na cailíní eile ag imirt “phicí.” Téanam ort. Caitheann Eibhlín an bhábóg isteach trucaillín agus rithid araon síos. Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
Scoiltheann an Bhreab an Chloch. Marcus: Dia dhuit, a Philib. Pilib: Ó, Dia 's Muire dhuit, a Mharcuis. Dé bheatha chughainn. Marcus: Go mairir céad, a Philib, agus dhá bhliain déag chun th'anama. Féach, a Philib, ní mór dhom dul 'on bhaile mór andiu … Tá gnó ana- speisialta agam ann … Ní fheadar ar mhiste leat iasacht do lárach do thabhairt dom. Pilib: Aidhe, níor mhisde go deimhin, a Mharcuis … mara mbeadh go gcaith- fead trí málaí Plúir do bhreith a bhaile ón muileann … Teasduigheann an Plúr óm' mhnaoi andiu gan teip … Mara mbeadh san gheóbhthá an láir uaim is fáilte. Marcus: D'airigheas an muiltheoir ghá rádh le Séamus Mór ó chianaibh ná beadh an muileann ag obair andiu, go raibh an sraodh ró-íseal. Pilib: Is mór an cheataighe dhómhsa é sin mhuise. Caithfead dul chó' fada le tigh Heifearnáin anois a d'iarraidh Plúir. Bheadh an bhean ar buile mara ndeininn. Marcus: Is féidir dómhsa é sin do leigheas. Tá cúpla mála de phlúr gheal againn-ne sa bhaile. D'fhéad- fainn oiread Plúir do thabhairt duit is do choimeádfadh ar siubhal sibh. Pilib: Aidhe, difhéidir ná taithneóch' san mar phlúr lem' mhnaoi-se … tá sí chó' h-ait sin, tá 'fhios agat. Marcus: Má tá féin ní fhéadfadh sí gan bheith sásta leis an bplúr san. Nach cuid de'n phlúr do dhíolais féin liom é … an Plúr is fearr d'ár bhlaisis riamh, dubhrais liom. Pilib: Ní baoghal ná gur Plúr maith é leis. Féach, a dhritháir! Is beag duine atá chó' bog liomsa i dtaobh rudaí a dhéanamh do chómharsain … ach ar maidin do dhiúltuigh an láir dá cuid féir … níor chuimhnigheas air go dtí anois … Is baoghal liom ná féadfadh sí an bóthar do chur di andiu. Marcus: Ná bíodh eagla, Ní fhágfadsa in éamuis choirce ar an mbóthar í. Pilib: Tá an coirce go hana-dhaor anoisi a bhráthair. Marcus: Is fíor duit ach má tá féin … Capall na h-oibre an biadh. Pilib: Beidh ceóbhrán báisdighe againn … beidh na bóithre sleamhain … dá mbaintí barrathuisle as an láir — Marcus: Ó, ní baoghal di … ná rabhais á rádh ó chianaibh go mbeadh ort í chomáint go dtí tigh Heifearnáin. Pilib: Tá mo dhiallaid 'na giobail agus tá mo shrian dá dheisiú fé láthair. Marcus: Ar ádhmharaighe a' tsaoghail tá diallaid agus srian agam fhéin sa bhaile. Pilib: Ach ní oirfeadh do dhiallaid-se dhom' láir-se Marcus: Gheobhad ceann Taidhg Bháin mar sin. Oirfidh san di. Pilib: Tá go maith ach ní feárr a dh'oirfidh sí sin di ná do dhiallaid féin. Marcus: Bhail, baileoghad liom go dtí tigh an dochtúra mar sin. Táim go h-ana- mhuinteardha leis an ngiolla atá aige. Tá trí cinn de dhiallaití aige agus ní baoghal ná go mbeidh ceann oiriúnach ortha. Pilib: Tá 'fhios agat fé'n dtaca so, a Mharcuis, ná fuil éinne a dhéanfadh rud do chómharsain níos taPúla ná mise … Do gheóbhthá an láir uaim is fáilte ach mar le rud, níor cuireadh sguab ar a taobh le coicthíos … Ní lugha ná mar deineadh a mong do chíoradh … Dá bhfeictí ar an gcuma san í ní bhfaghainn chúig Púint uirthe nuair a bheinn chun í dhíol. Marcus: Ní fada bhainfeadh sé de dhuine sguab do chur le capall … Ba ghearr a' mhoill ar mo bhuachaill aim- sire é dhéanamh. Pilib: B'fhéidir é … ach anois go gcuimh- nighim air teasduigheann cruidhte uaithe leis. Marcus: Má theasduigheann sin é an gabha i mbéal a' dorais agam-sa … ní fada bheadh sé siúd 'á gcur fúithe. Pilib: Seadh, go deimhin! Gabha tuaithe dom' láir-se! Ní thabharfainn m'asal do súd chun cruidhte chur fúithe. Níl gabha ar domhan ach amháin Conchubharach an bhaile mhóir chun cruidhte chur fém' láir-se. Ní h-ionann mo láir-se is staigíní Chúm a, tSathairn … nára slán an comórtas, go deimhin. Marcus: Thar a bhfeacaís riamh, bead ag gabháil thar dorus a cheárdchan ar ao' chuma agus — Pilib (chíonn sé uaidh a bhuachaill aimsire). A Raidhrí! a Raidhrí! Raidhrí (a' teacht isteach): Cad tá uait, a mháistir. Pilib: Féach, a Raidhrí, sid é Marcus Ó Broin. Ba mhaith leis iasacht na lárach d'fhagháil i gcóir an lae andiu. Tá 'fhios agat-sa go bhfuil créacht ar a muin chó' mór lem' dheárnain (é do bhagairt air le n-a shúil). Imthig leat agus féach an bhfuil sí cneasuighthe. (Deineann an buachaill cómhartha ag imtheacht do go dtuigean sé an scéal). … Ní fuláir nó tá um an dtaca so … Seo, a Mharcuis, a bhráthair, t'r'om do lá … má tá an láir slán ón gcréacht gheobhair í agus fáilte. Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine dar ndóigh is caithfimíd bheith go galánta leis na cómhursain. Dá dtugainn an t-eiteachasduit níor dhóichighe rud ná go dtabharfá-sa an t-eiteachasdómhsa uair éigin eile nuair a bheinn i dteannta. Sin buadh atá agam-sa. Bím ullamh i gcomhnaidhe chun cabhruighthe lem' chómh- arsain in am an ghábhaidh (Raidhrí do theacht thar nais). Seadh, a Raidhrí, conus táan chréacht? Raidhrí: Conus tá sí, an eadh, a mháistir! Chó' mór let dheárnain, a dubhraís. Tá & chó' leathan le Pláta. Níl siubhal na slí san ainmhidhe bhocht andiu. Agus rud eile dhe do gheallas-sa dod' dhuine muinteardha Aindrias Ó Cróinín í chun a bhean do bhreith go dtí an margadh. Pilib: Aidhe, a Mharcuis, is oth liom go mór an sgéal do bheith mar atá. B'fheárr liom ná an saoghal an láir do thabhairt duit … tá 'fhios agat féin an méid sin. Ach ní fheadfainn cailliúint ar Aindrias. Táim fé chumaoine mhór aige. Am thoabh-sa dhe, a Mharcuis, is oth liom go mór tu d'eiteach. Marcus: Is oth liom-sa leis é … agus ní am' thaobh féin ar fad é ach at' thaobh-sa leis. Táim díreach tar éis litir d'ghagháil o mhaor an tighearna talmhan á iarraidh orm teacht ag triall air láithreach. Tá gno beag ar siubhal
eadrainn … contract chun an choill do ghearradh. Chuir sé sgéala chugham andiu dá mbeinn sa bhaile mhór um meadhon lae ná beadh aon bhaoghal ná go ndéanfaí socrú liom. Bheadh céad púnt nó mar sin de bhárr na h-oibre agam-sa & fiche púnt agat-sa b 'fhéidir mar mheasas cuid den cháraeracht do thabhairt duit-se. Ach … Pilib: Cad é sin agat dá rádh … fiche púnt ar cháraeracht. Marcus: Seadh agus níos mó, b'fhéidir. Ach ó'n uair go bhfuil do láir agus an siubhal na slí innti” fé mar dubhairt an buachaill ó chianaibh b'fhearra dhom dul soir go dtí Hannraoi an tSléibhe … tá cairiún maith láidir aige. Pilib: A mbriathar ach ná déanfair … níor thuigeas an sgéal; beidh mo láir gat gan domhat … A Raidhrí! a Raidhrí, imthig leat soir go dtí Aindrias Ó Cróinín agus abair leis na fuil aon ul aige ar an láir d'fhagháil indiu go bhfuil gnó ag Marcus Ó Broin anso dhi … agus ná féadfainn é eiteach. Marcus: Ach cad mar gheall ar an bPlúr? Pilib: Ó, déanfaidh mo bhean 'n-a éamuis ceann lae nó dhó eile. Marcus: Ach do dhiallait stracaithe. Pilib: Ó! sí sin an tsean-dhiallait. Tá ceann breágh nua agam agus srian nua chó' maith. Bídís agat agus fáilte. Marcus: A n-iarrfad ar Sheán Gabha cruidhte' chur fúithe mar sin? Pilib: Ó, mo dhearmad. Nár thug Raidhrí soir chun Mhichíl Gabha í an lá fé dheire chun triail a bhaint as is go deimhin dhein sé a ghnó go maith. Marcus: Ach an chréacht san atá ar mhuin an ainmhidhe bhoicht … má's fíor do Raidhrí … níor mhaith liom — Pilib: Airiú an breallán! ní stadan sé sin ach a' cnáimhseáil. Cuirfead geall ná fuil leithead m'ordóige innti mar chréacht Marcus: Mar sin nár bh'fholáir sguab do chur léi … nuair nár cuireadh léi le coicthíos í. Pilib: Sguab do chur léi! Ara leig dom. Fágaim le h-uadhacht agat ná imthighean lá tharainn gan san do dhéanamh. Marcus: Tugtar rud éigin le n-ithe dhi áithreach máiseadh — taoi tar éis a rádh nár bhlais sí pioc ar maidin. Pilib: Airiú, a dhuine a chroidhe, d'ith sí a dóithin … ná bíodh eagla ort. Bhéarfa' sí isteach ar luas na gaoithe thu … Tá an bóthar san go breágh iri leis … go dtéidhir slán is go irghe leat go geal … Seo! seo! anáirde leat! ná caill nóimeat is ná spáráil an láir. Cormac ó Cadlaig d'atharruig ó'n bhFrainncis. Má tá Ceaint le deunamh agat ar throscán nó ar thig; ar thalamh nó ar stoc; Cuir fios ar Pheadar Ó h-Annracháin, Reiceadóir, sa' SCIOBAIRÍN. Auctioneer and Valuer. Luibh-Eólas. Tá áilneacht ar gach taobh dinn fan gacha bóthair. Má bhíon an radharc ceart againn chífeam áilneacht i ngach aon tor is ar fuaid gacha páirce. Sail-chuach. Is maith linn go léir an bláithín deas gorm úd, an tSail-chuach (Viola Canina) d'fheicsint ar chlaidhe an bhóthair, mar comhartha go bhfuil fuacht na Dubh-luachra ag imtheacht iseadh í. Ní bhíon gas ró-mhór ná ró-dhíreach leis an Sail-chuach agus bíon bileóga agus blátha ar na meascadh trí chéile fan an ghais ó bhonn go bathas. Má's maith leis an leanbh birtín de sna blátha deasa gorma do bhailiú ní mór dó bileóga is uile do stathadh. Bileóga beaga beárnacha a bhíon uirthe agus gaisíní dá gcuid féinig aca. Bláth cúig Pitheal iseadh an bláth agus é gorm- chorcur fan na ciúise tímpal agus geal- ghorm in a lár, agus chífeá croidhe bán ann anois is arís. Is mó an Pitheal iochtairach 'ná aon cheann eile dhíobh, agus tá casadh in a bhun siar ar dheunamh sála fada. Ansúd istigh a bhíon an braon meala. Dá seasuigheadh an bláth so sa cheart is ar a bharra thuas a bheadh an pitheal so na sála. Fé scáth na dtor agus na ndris is mó 'fhásan an saghas san Sail-chuaiche agus ní bhíon aon-bhalath in aon chor uaidh. Tá a lán saghas eile dhi ann go mbíon balath breágh uatha. An tSail-chuach Chumhra (Viola Odorata) a bhíon ag fás sa gháir- dín, tá sí ar na bláthaibh is deise amuigh i dtaobh balatha. Ní thagan aon tsíol (ach go h-annamh) san áit 'a mbíon an bláth, agus cuirean an plannda gais cliatháin amach fan barra talmhan. Tagan blátha caocha ar gach gas aca san & is ionnta san a bhíon an síol ar ball. Nuair a thagan an lá chun an síolrach do chur amach fé'n saoghal, teilgean an tSail- chuach chumhra a cuid síl le mór-iaracht láidir uaithe amach. Eagla a bhíon uirthe go mbeadh an dream óg ag cumhangú ar a chéile, nó uirthe féin; sin é fé ndeara an bheannacht mhór fhuinniúil sin a bheirean sí don ghráinne síl. An gharradóireacht is taithneamhaighe amuigh is é an tógáil bláth a dheinid muinntir Chuan Dor, i gCairbre. Tá talamh i gcóir garraithe go gann sa tsráidín sin. Níl thar leath acra ag gabháil le h-aon tigh ann agus in ionad prátaí do chur sa scar beag san tailimh cuirid muinntir Chuan Dor an tSail-chuach. Dhá uair sa bhliain a bhíon barra bláth aca agus ní h-ar an margadh a dhíolaid na blátha ach iad do chur sa phost go Beul Feirste. Is minic a bhíodh dachad púnt aca sa bhliain as ceathramha acra (roim an gcogadh mór). Tá Cuan Dor go h-oiriúnach do thógáil na Sail-chuaiche mar “tá a aghaidh le gréin is a chúl le sioc,” agus aer farraige de dhruim coille ann. (Ní Críoch). Seán Tóibín. LEIG NA FÓGRA Í, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. LEABHAIR A THAITHNFIDH LE GAEDHLAIBH, Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla, tá le fághail uainn-ne. Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg … clár na leabhar … Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i Siopa na Leabhar nGaedhealach, SRÁID DÁSON, a 45, BAILE-ÁTHA-CHLIATH. Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” In ÁIRCÉID NA MUMHAN gheobhair Lámhainní Olna de dhéantús gaedhal agus de shaothar lámh. iad ar a lán saghas datha mar atá: crón, dubh, glaschaorach, geal agus donn. Tá EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint ar gach cúntúir sa' tsiopa: ÁircéId na M u mhaN le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’ i gCorcaigh. NÍL A SHÁRÚ SO IN ÉIRINN: MARGAIRÍN “LOVING CUP” I gCorcaigh a deintar. Tá le Fáil in a phúntaibh nó in a chnapógaibh. ó DHEUNTÚSACHAN AN TSEANDÚNA, I gCORCAIGH. Aistreóchad-sa do chuid Earraí nó Troscáin duit ó áit go h-áit eile. Tá gach cóir agam chuige. Mise dheinean cárraidheacht i gcorcaigh, agus ar fuaid na mumhan, do lucht deunta earraí. Risteárd de Bhailís Sráid Mharlboro a 26, i gCorcaigh. Express Carrier. Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill. Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.
TÉIG FÉ DHÉIN “AN EMPÓRIUM” ar lorg Earraí Gaedhlacha — Bónaí, Carabhataí. Léinte, Ciarsiúraí agus línéadach. M. Ó Súileabháin & a mhac, Cill Áirne. Tá le fághail uainn-ne — Té Blasta Cúmhra. Ceanuigh púnt de mar shompla. SIMCOX is a chlann mhac (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. Bíodh Rud Gaedhlach umat pé aca chítar é nó ná feictar. STOCAÍ agus CNEAS-EUDAIGHE “NA CARRAIGE” na h-earraí atá uait. OSANÓIRÍ NA DUBH-CHARRAIGE, tta. (‘Blackrock Hosiery Co. Ltd.’) ar DUBH-CHARRAIG ÁTHA CLIATH a dheinean. [“Rock” Underwear]. Ná bí ag seól; adh na gcoiníní thar lear! Ceannócham-na coinín, nó MÍLE COINÍN uait, ar an bpinginn is aoirde. Ní ghadh aon cheann do chur sall chun an tSasanaigh. Scríóbh indiu chughainn: ‘Siopa Lóin Uí Dhonabháin,’ Sráid an Phrionnsa, i gCORCAIGH. Gheobhair togha earrai Gaedhal anso. Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo. ag Mainistire na Corann agus i gCluain Dalláin, i gCo. Chorcaighe. Sranngscéala: “Halinan, Midleton.” AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Sráid Ribeáird a, 6 i gCorcaigh — an Oifig. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh … an Fear Gnótha. An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair. Ó Cuill & a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath … Na Díoltóirí. Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. GUIDHIMÍD DO LUCHT LÉIGHTE “AN LÓCHRANN” NODLAIG FÉ MHAISE IS FÉ ÁTHAS; AGUS AR THEACHT DON NODLAIG ARÍS GO RAIBH RATH AGUS SUAINEAS AR ÉIRINN AGUS AR CHLANNAIBH GAEDHEAL. An Glas ar an nDoras. Bí an oidhche ann. Tar éis póilíní agus dlí agus a lán rudaí eile a bhagairt go fuinniúil ortha do chuir fear tighe an óil Seán agus Bill Shéamaisín an doras amach. Bhí deire ólta aca — sé sin le rádh, deire a gcod' airgid. Níorbh olc an chuid an méid sin féin mar bhíodar araon ar bogmheisce. Ghluais an bheirt go mall, mí-thapaidh ag triall ar an asal bán — asal Sheáin a cheangail sé de leathlaidhe na cairte ar thaobh na sráide ar a deich a chlog ar maidin. Ní raibh aon mheisce ar an asal ach saghas droch- mhisnigh agus neamhshuimiúlacht de bharr leadráin a mháistir agus b'fhéidir de bharr an ocrais a bhí air ó throscadh an lae. Níor teasbáin sé de chomharthaí mí-fhoidhne ar feadh an lae ach an bhéic mhór, fhada, ghlórach a chuireadh sé as nuair chíodh sé aon dá threibh féin ag ghabháil síos ná suas. Tár éis a lán ghliúmála le slabhraí agus le lúbanna do ghléas an bheirt an t-asal agus ghluaiseadar. Suidhte i dtosach na cairte bhíodar araon agus a gcosa ar sileadh amach. Ní raibh aon deabhadh ortha — cad chuige bheadh — agus ní fada gur scaoil Seán leis an srian & leis an asal ar a ádhbhar féin. Níorbh é an chéad uair aige sin mar sin é. Thug sé fén mbóthar aBhaile chomh socair, chomh ciallmhar agus dhéanfadh aon asal é go mbeadh an lagachar 'na chosaibh ón ocras a bhí 'na bholg. Ní maith a bhraith an bheirt an bóthar i n-ao' chor. Bhíodar ag cainnt. Déarfadh duine ná beadh bodhar gur ag liúirigh a bhíodar. Is cuma riamh é. Bhíodar ag cur a muionntearais i n-iúl dá chéile agus iad ag crothadh lámh le chéile treasna na cairte. Ní stadadh an chainnt nuair bhiodh duine aca ag scríobhadh an ceann tuathail de lasáin ar bhríste an asail chun na pípe deargadh. Nuair ná lasadh an lasán san do h-iarrtaí ar Dhia A mhallacht a chur air agus caithtí amach ameasc phluda an bhóthair í. Le foidhne mhór agus le mórchuid lasán d'ídiú do deargadh an dá phíp fé dheire agus sin é uair a thosnuigh an chainnt go ceart. Bhíodar ag moladh na ndaoine tháinig rómpa agus na tréithe móra bhí ionnta san, “Beannacht Dé le h-anman na marbh!” ach dubhradar “am baiste” go raibh fir mhaithe fós ann. Annsan mholadar iad féin go h-árd — na h-oidhcheannta cruadha a chaitheadar ar an bhfairrge agus iad 'á ndalladh le séideán gaoithe agus sneachtaidh agus fairrgí 'á múchadh. Agus ba mhaith an bheirt iad i naomhóig lá ráis. Nach iad a thraoch muinntir Chuaisín a' Duilisc an lá bhí an rás i gCuan a' Phludaigh thoir? Arú an d — l maith a bhí i muinntir sin Chuaisín a Duilisc aon lá riamh. Ba mhaith iad na daoine bochta a tháinig rómpa féin ach na “créatúirí bochta” ní raibh an comhthrom aca a bhí ag Seán is ag Bill Shéamaisín chun gaisce dhéanamh. Sin é thuigfeadh aoinne uatha ná beadh chomh bodhar le cloich i ndorchadas na h-oidhche agus iad ag dul abhaile. Trís na h-éachtanna go léir bhídís ar aon fhocal agus gan á rádh ag duine aca leis an dtarna fear ach “ana-cheart” nó má b' aon ghaisce mhór a h-innstí: “mhuise, mo cheol tu!” nó “árd-fhear am Baist!” agus bhíodar ag giorrú an bhóthair leo mar sin. Ach dá righne asal baineann sé an Baile amach fe dheire. Bhain asal Sheáin tigh Bhillí amach. Do scar Seán & Bill le na cheile ar éigean — ba dheacair leo bogadh de lámha a chéile leis an ngrádh- mhaire, tá's agat. Annsan do chuaidh Bill Shéamaisín isteach abhaile agus ghluais an t-asal arís & Seán 'á iompar aige. Nuair ná raibh aoinne ag Seán chun cuideachtan a dhéanamh do b'éigean do féin é dhéanamh. Do dhein. Thairrig sé chuige seana-amhrán grádha a bhí aige le fada an lá — ní Bhíodh sé aige ach nuair bhíodh sé ar bogmheisce i gcomhnaidhe. Do chas sé go h-árd agus go Brónach an t-amhrán á chásamh mara ndeineadh sí é phósadh go raghadh sé go h-óg insa chill- Do thaithin an ceol go binn leis an asal Le gach 'ra nóta dhe chuireadh sé cluas leis amach agus luigheadh an chluas eile siar ar a mhuineál agus an t-asal ag siubhal leis go breagh fada réidh. Do chaith Seán an aimsir go sásta agus go brónach mar sin go dtáinig sé go dtí Cor an Bóthair agus go bhfeaca sé solas thighe féin. Do stad an t-amhrán áithreach agus níor fhan gíog ná míog san mhránaidhe. Aoinne bheadh le h-ais a' laidhe chloisfeadh sé an rud adubhairt é. “Is dócha go bhfuil an glas air arís nocht aici,” ar seisean. Ní dubhairt sé on ní eile theasbháinfeadh cad iad na rudaí diamhra bhí ag obair 'na aigne. Do ghluais sé leis agus gan cainnt ná amhrán aige agus níor stad go dtáinig go doras. Thug sé tamall ag útamáil leis féachaint an osclochadh an doras do. Níor oscail. Annsan do thairrig sé cleas eile chuige. Dhruid sé isteach leis an ndoras. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk. Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk.
“Oscail,” ar seisean. “Tháinís,” arsan bhean istigh. “Seadh tabhair do dhrom anois leis an ngaoith adtuaidh, b'fhéidir go n-imtheochadh an broth …” “Ó! Ó!” arsa Seán amuich, “oscail go tapaidh, nó 'bhfuil fonn ort mo dhrom a Bhriseadh leis an mála mine seo?” Do mealladh an bhean. D'oscail sí an doras d'fhear na mine. Ní túisce san ná bhí Seán istigh. “Seadh 'nois, a chailín,” ar seisean, “bhí ag lorg do chuid mine!” Mícheál Ó Siochfhradha. Scríbhinní Phádraig Mhic Phiarais (ar 10/- ó Mhaunsel agus a Chualucht, tta., in Áth Cliath). Ar scríobh an Piarsach, file agus saighdiúir Calma, de Ghaedhilg i bhFuirm sceulta, drámaí, agus dánta tá sé go léir sa' nua-leabhar so. Is é deireadh “Seandún,” Gaedhilgeóir binn (Beannacht dé len a anam) ná raibh aon ní 'á scríobha' i nGaedhilg na h-aimsire seo gurbh fhiú é léigheamh ar son an scéil a bhí ann ná ar son na ‘litridheachta’ a bhí ag gabháil leis. Dá bhrí sin, ní h-ar son brí an scéil do léigheadh sé féin aon ní d'á léigheadh, ach ar son na Gaedhilge a bhí sa' rud. Ba thaithneamh do nuair a bhíodh cora cearta cainnte agus cothram focal ag an scíobhnóir agus Bu leamhas ceart do é nuair ná bíodh san aiste ach an Brúscar Gaedhilge (‘Gaelic Leaguese’ a ndubhairt Risteird De Hindeberg, sagart) a bhí 'á scríobha' chomh tiubh san deich mbliana ó shin. An nós san a bhí ag “Seandún” tá sé tréis fás d'á lán eile Gaedhilgeóirí (agus is dóigh gur maith an ní é) agus nuair ná bíon an friotal go ceart — é dréir dula agus crota na fíor-Ghaedhilge — tagan olc ar an léighthóir. Más féidir leis an Muimhneach eirighe as nós san an tsíor-scrúdaithe ar feadh cúpla lá agus an leabhar nua so do tharrac chuige, beidh dhá lá mór-thaithnimh aige. Na h-aistí a dhein an Piarsach i dtaobh poluitíochta & Náisiúntais táid ar fheabhas. Gheobhadh. “Seandún” féin taithneamh ionnta. Tá brí leó agus tá Gaedhilg chruinn go leór ionnta. Níor scríobh aon Ghaedhilgeóir eile aon rudaí poluitíochta -leath chomh maith leó. Seo mar do labhair sé le ‘T. P. O'Connor, M.P.’: “… Dubhraís ná scarfadh Gaedhil á Shasanaibh go deó. Bfhéidir an ceart a bheith agat. Bfhéidir gur fearr a thuigir-se meón Gaedhal 'ná mar a thuigim-se é. Ach ní chuige sin a bhíos ach chuige seo: Is é fáth thugais led' bharamhail .i. ‘an fhaid bhéas muca le díol ag Gaedhealaibh agus Gaill ag Ceannach muc nách n-oirfeadh do Ghaedhlaibh scaramhaint ó Ghallaibh' … Do bheadh sé chomh maith agam-sa a rádh an fhaid bhéas Franncaigh ag díól fíóna agus Sasanaigh ag ceannach fíóna go gcaithfidh Sasana agus an Fhrainc bheith ceangailte le chéile … Is minic a chualas go mbainfeadh a leithéid seo ó a leithéid siúd gáire as na cataibh. Do bhainfeadh do chainnt-se gáire as na mucaibh. Beir buadh agus Beannacht. Mise, Laegh Mac Riangabhra.” Ní h-é gach aoinne 'chuirean aithne cheart air fhéin agus cheaPan tuairim mhaol mhacánta do féin is d'á thréithibh. Dhein an Piarsach é. Seo cuid den litir a scríobh “Iubhar Mac Riangabhra” (é féin) chun Phádraic Mhic Phiarais: “… Tá fhios agam gur gráin len a lán tu. Ní chuala éinne riamh 'ghá rádh ‘is maith liom an Piarsach’ … Táir ró-dhorcha ionnat féin, a Phiarsaigh. Ní dhéanann tu caidreamh le Gaedhiltibh. Séanann tu a gcomhluadar. An uair thagas tu in a measc tagann mar a bheadh néall dubh id' fhochair agus luigheann ortha. An té do bhí cainnteach roimh theacht duit, bíonn sé in a thost. An té do bhí geal-gháireach, tagann gruaim air. An í an fhuil Shasanach ud ionnat is Cionntach leis sin, ní fheadar? … Mo chomhairle dhuit .i. tabhair aire do Scoil Éanna agus ná Bac a thuilleadh le cúrsaíbh poilitidh- eachta. Tá do dhóthain mhór ar d'aire … Táir-se ag iarraidh freastal ar cheithre trághaibh. Ní eireóchaidh leat …” Níl ainm aon eagarthóra leis an leabhar. Is truagh ná fuil mar tá ceist is fiche agam le cur air. Sid í an cheist is réidhe dhíobh: Ciaca Beurla nó Gaedhilg is teanga bhunaidh don dráma úd “An Rí?” Léigheas i mBeurla é i leabhar eile agus is fearr a thuigeas é, mar dhráma, 'ná mar a thuigim sa leabhar so Gaedhilge é! Tá súil agam gur do lucht gaoil an Phiarsaigh atá sochar an leabhair seo ag dul. Ach is ró-mhinic nách iad na daoine cearta a gheiBhean sochar airgid na leabhar Gaedhilge sa Mhumhain. Bronntanas maith i gcóir na Nodlag is eadh an leabhar saothair seo an Phiarsaigh uasail, an té thug neart a óige agus dé déanach a bheatha mar mhaithe le tír Bhanban. Go dtuga' Dia solus gan doircheacht d'á anam. Seán Tóibín. NA RUDAÍ BEAGA. Má tá cion agat ar aon leanbh Beag Gaedhealach fé bhun aoise a dhá bhliain déag, níl aon rud is fearra dhuit ach “Na Rudaí Beaga” cheannach láith- reach agus a bhronnadh ar an leanbh san. Leabhar áluinn maisithe iseadh é do leanbhaí, pictiúirí ann agus béarsa beag do gach litir den aibítir. Seo rann aca: T. An tigín seo 'gainne, Ar chliathán an tsléibh'; Dob fhearr liom ná caisleán Ár dtigín beag féin. Is aoibhinn an leabhar é. Pádraig Ó Bróithe agus Lúcás Ó Maolruanaigh do chuir le chéile é. 9d. an chóib atá air. Le fagháil ó “Chólucht Foillsighthe Dáibhis,” 8 Sráid Loingeas Áth Cliath. Don Léightheoir. Ceanuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN” agus cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís an fógra. Cóbhróchaidh san go mór linn. Gheobhair TROSCÁN, CÁRRANA, SLINNTE, ÁRAISTÍ CRÉ, TÁTH ÁN (‘Nine Elms’ Cement), SÍOLTA agus LEASÚ go maith is go saor ó Chomplucht Uí Dhonabháin, i dTráighlí, An siopa is sia ar bun i gCiarraidhe. ‘Donovan,’ Tráighlí — an focal sranng-sceul. Scríobh indiu chúca. Troscán agus Leabthacha, ar fheabhas agus ar shaoire. Deunfad-sa gnó a' Gaedhilg leat! Seán Mac Eóinín, ‘CUALUCHT TROSCÁIN NA MUMHAN,’ Sráid a' Chapaill Bhuidhe a 63, Corcaigh. GRAMADACH NA GAEDHILGE. “STUDIES IN MODERN IRISH” (Part I.) An t-Ath. Gearóid Ó Nualláin, ‘M.A., B.D., Ollamh Gaedhilge, do rinne. 6/- a luach. Ó CHUALUCHT OIDEACHAIS ÉIREANN, 89 Sr. Talbóid, in ÁTH CLIATH. Cora cainnte na Gaedhilge d'á léiriú is d'á míniú. Cainnt an Athar Peadar & an Chéitinnig an bun atá aige. “EUDACH NA DRUIPSIGHE.” Níl a shárú ann, a Ghaedhala. Áit atá go Gaedhlach amuigh is amach iseadh an ball in a deintar é — Muileann Eudaigh na Druipsighe, i Múscraidhe, sa' Mhumhain.
Tá ÁTHRAIGHE AIRGID den tsaghas so go h-oireamhnach mar Bhronntanas Baiste. Deinimíd-ne iad san agus an uile -shaghas eile mar atá — CAILÍSÍ, CUIRN agus CUACHA, agus ÓRNÁIDÍ I BHFUIRM BONN agus CROSANA CEILTEACHA, mar aon le h-ÉIDE SAGART, LÁSAÍ, agus COINNLEÓIRÍ. I gCorcaigh a deintar. Cuir tuairisc a luach ar LIAM MAC AODHGÁIN & a Chl.-Mhac Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. CARABHATAÍ den PHOIPLÍN AR GACH DATH is AR GACH GNÉ DATHA. LIAM Ó hAIMHEIRGÍN, (‘w. Bergin’) a dheinean do lucht siopaithe. Scriobh ag triall air go 62 SRÁID GHRAFTON, in ÁTH CLIATH. I Lios Tuathail gheobhair Bróga Gaedhlacha agus Eudach Maith Gaedhlach ó Ó Móráin, i SRÁID AN MHARGAIDH. ó Thomás Ó Murchadha a gheobhair biadh maith blasta de dheuntús Gaedhal, i gcóir Céilidhe ó Feise, nó aon tsórt fleidhe. UIBHE, BAGÚN agus gach saghas eile lóin! SRÁID SHEÓIRSE A III (ar aghaidh Árd-Oifige an Phuist anonn), i gCORCAIGH. Jimín Mháire Thaidhg. (Tuille uaidh). Nach ait na rudaí cailíní. Ní bhíonn aon mhaith ionnta chun aon ní ach chun screadaighe nuair dhéanfá aon ní leo, nó chun tu scríobadh leis na h-ingne nuair a bhíonn an t-olc ceart ortha. Tá ceann aca sa tigh againne: Cáit. Drifúr dom iseadh í agus tá sí níos óige ná mise. Tá sí na peata 'ge Mam agus ní bhíonn sí á bualadh mar bhíonn sí am bualadh-sa agus ní ceart é sin. Táim-se níos fearr ná Cáit ar gach aon tsórt slí ach cad é an mhaith sin — ní fhaghaim-se aon ní ó Mham ach an tslat agus gheibheann Cáit peataireacht. Má dheineann Cáit aon rud as an tslí ní thugann mo mháthair di ach scríob dá teangain. Cuireann sé sin an óinsín ag gol. Más mar sin a dhéanfadh Mam liom-sa é nach agam a bheadh an saoghal breagh! Ní ghoilfinn dá mbeadh sí ag cainnt go dtuitfeadh an teanga aisti. Chuirfinn mo cheann fúm agus d'imtheoch- ainn amach go dtí an stábla fé mar dheineann Daid. Ach níl aon mhaith i gCáit. Deir mo mháthair liom bheith ag imirt léi agus bím ar mo dhícheall. N'fhéadfadh sí aon léim a chaitheamh, a dhuine, ná níl aon mhait chun reatha innte. Bhí cnaipí deasa aici agus dubhart léi imirt agus do bhuadhas uaithe na cnaipí go léir do bhí sa bhosca aici. Chrom sí ar ghol, a mhic ó! agus níor theastuigh uaithe iad a thabhairt dom i n-ao'-chor, ach bhaineas di iad. Ach, a dhuine! thairrig sí an tigh orm leis an screadaigh agus nuair tháinig Mam bhain sí gach aon chnaipe aca dhíom; agus bhain sí mo chuid féin leis díom a bhí ar chórda agam. D'fhiafruigh sí cá bhfuaireas iad go léir. D'innseas di gur bhuadhas ó sna Buachaillí eile ar scoil iad ach níor shásaimh san í gan féachaint ar mo bhríste. Ní raibh cnaipe ann agam ach trí puill déanta agam ann & na guaileain greamaithe le dhá bhuaircín adhmaid agus tairrnge trí n-órdlach. Dhein Mam beart náireach orm annsan: chuir sí iachall orm an dá chipín & an tairrnge a chaitheamh uaim agus an bríste choimeád suas lem' dhá láimh. Chaitheas trí lá mar sin go raibh mo chroidhe Briste. Ach níorbh é sin a chuir an straidhn ar fad orm ach Micilín Eoin ag magadh fúm. Ní fhéadfainn rith 'na dhiaidh tá's agat agus chráidh sé me go raibh an gomh orm chuige. An tríomhadh lá chuas go dtí Mam. “A Mham,” arsa mise, “cuir isteach na cnaipí dhom, má-má-má's é do thoil é. Ní ghearrfad amach aon cheann go bráth arís.” D'fhéach sí orm. Bhí sí d'iarraidh a dhéanamh amach cad é an fuadar a bhí fúm. “Á! dein, a Mhaimí,” arsa mise “agus bead im' buachaillín maith.” “Um-m-m,” ar sise, “n'fheadar an tsaoghal cad é an t-atharú so teacht ort. Mar sin féin cuirfead isteach iad; ach má bhíonn sé de'n diabhar ort go gcuirfir scian ar aon chean eile 'ca bainfead an croiceann díot;” agus faid a bh í sí ag cur na gcnaipí isteach bhí sí am chrothadh mar dhéanfadh madra le franncach. “Seadh 'migh ort anois,” ar sise nuair bhíodar. istigh aici agus na guaileáin i bhfearras arís orm.” Do bhuaileas an doras amach go breagh Bog agus síos an buaile agus mo dhá láimh i bpócaí mo bhríste agam 'á choimeád suas, mar 'dheadh. Ní fada chuas nuair chonnaic Micilín Eoin arís me agus seo chugham é agus draid air ag magadh fúm. “Bríste ar bhais!” ar seisean. “Bríste ar bhais! Hí-ú! Hí-ú!” Theastuigh uaim é mhealladh i n-aice liom. “Caith crúistín nó cloch liom agus tairrig ort me,” arsa mise. “Caithfead, a bhríste ar bhais,” ar seisean agus chrom sé síos chun cnapán laithighe d'fhagháil a chaithfeadh sé liom. Sin é an uair a Phreabas chuige. Nuair a chonnaic sé 'teacht me agus gan aon lámh i n-aon Phóca liom chuir sé béic as agus siúd leis agus é a' screadaigh. Thána suas leis agus thugas cor coise dho agus shín- eas ar a dtalamh é. Shuidheas anuas air annsan agus shádhas a shrón síos sa laithigh. “Abair 'bríste ar bhais' anois, a Mhicilín,” arsa mise agus chuireas dorn laithighe síos laistigh dá léine. “Hop, a chapail- lín,” arsa mise leis agus me síos, suas ar a dhrom. Bhaineas sásamh mo chroidhe as agus bhí ana-spóirt agam air go ceann tamaill. Sin é uair a tháinig Cáit agus do loit sí an spórt orm. “Ó! faire, mo náire, 'Jimín,” ar sise, agus dh'fhéach sí orm agus a dhá súil mhóra ag cromadh ar ghol. Dar fiadh, a dhuine, do stadas. D'mthigh an spórt as an scéal dom ar chuma éigin. “Mo náire é an bullaí mór,” ar sise arís liom. An riabhach, a mhic ó, go dtáinig náire orm féin. N' fheadar i n-ao'-chor ca' 'na thaobh. D'éirigheas de Mhicilín agus ná feadar cad a bhíos a dhéanamh. Nuair a dh'éirigh sé sin bhí sé ag gol agus bhí sé go léir salach ón laithigh. Chuaidh Cáit anonn chuige agus bhí sí 'féachaint air; annsan d'fhéach sí orm-sa agus do líon a súile le deora agus do. ghoil sí agus í d'iarraidh casóg Mhicilín a ghlanadh le sliogán ruacan. N' fheadar cad é an donas a tháinig orm féin. Bhí náire orm. Níor fhan aon mheas agam orm féin. Thabharfainn aon rud dá bhféadainn an rud a dheineas le Micilín a chur ar neamh-ní. Níor lugha liom aon duine ar an saoghal ar an nóimeat san ná Jimín Mháire Thaidhg. Bhí Cáit ag glanadh leis an sliogán agus Micilín ag coinneáilt na casóige dhi agus iad araon ag gol. Bhí sé déanta 'gam sarar thuigeas cad a bhí ar siubhal agam. Chuas anonn chucha agus rugas as an sliogán uaithe agus thosnuigheas ar scríobadh. “Mo ghrádh thu, 'Jimín,” arsa Cáit. Ní fhéadfainn aon fhocal a rádh. Tháinig rud éigin ait im scórnaigh agus im' shúile gol ach do rith deoir mhór anuas ar feadh na sróna agam agus annsan ritheadar go léir anuas. Ní dubhart aon ní ach chonnaic Cáit me agus rith sí anall chugham agus chuir sí a lámh orm. “Maith a' buachaill thu, a dhritheáirín,” ar sise agus thriomuigh Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha. Biadh do Ghaelaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
sí mo shúile leis an mbib a bhí uirthi. Do bhíos ar mo dhícheall ag glanadh Mhicilín agus ná stadfainn ar chapall chun go stadfadh an fonn guil a bhí orm. Do stad fé dheire nuair bhí an laithigh ar fad scríobtha. Annsan do gháir Cáit. “An ndéanfaidh sibh muinntearthas anois?” arsan cladhaire. D'fhéachas féin ar Mhicilín. “Déanfad,” arsa mise. “Déanfad-sa leis,” arsa Micilín. “Agus ní bheidh sibh ag troid níos mó?” arsa Cáit. “Ní bheimíd, a Cháit,” arsa sinne. “Ná ní thabharfaidh sibh ainmeacha gránna ar a chéile?” “Ní thabharfam,” arsan dá amadáinín. Annsan do gháir Cáit agus ríth sí eadrainn istigh agus rug sí ar dhá mhuinirthle orainn. “Rithidh” ar sise. As go Bráth linn araon agus sinn ag tarrac Cáit 'nár ndiaidh agus sinn go léir ag gáirí. Bhuail máthair Mhicilín linn; d'fhéach sí ar a chuid éadaigh. “Cad a shailigh thu?” ar sise agus d'fhéach sí go h-amhrasach orm féin. “Is amhlaidh … is amhlaidh a thuiteas agus me ag … ag rás le Jimín, a mháthair.” Bhí an droch-amhras aici orm. “Agus cad a leig thu?” ar sise agus í ag cur na súl tríom-sa. Mheasas go raibh léasadh eile 'teacht chugam ach do shaor Micilín me. “Agus bhí an áit lán de laithigh; ach féach a Mham, do ghlán Jimín agus Cáit me. Níor imthigh seoid a bharra orm,” agus siúd le Micilín arís agus thairrig sé an bheirt eile 'gainn leis. Ana-bhuachaill iseadh an Micilín sin — ní ibh fhios agam go dtí 'nois é. níl an náire imithe dhíom fós roime Cáit … ach táim ana-cheanúil uirthe agus ní chuirfidh me ag gol go deó Rís í. Mise Jimín. Ceardaidhthe, Obair, Leisce. 16 — Tuirse istoidhche agus fiurse sa ló. .i. Saoghal lucht saothair. 17 — Túirní socra agus mná gan ocras. Cóir mhaith chun sníomhtha. 18 — Ní bheadh sí 'na codladh is an líon ar an lochta. .i. Bean neamhleisceamhail. ‘Líon ar an lochta’ = líon gan sníomh. 19 — Ní h-ag cur coigeál i láimh óinsighe é thabhairt duit-se. .i. Is maith an sás tu chun an ghnótha a dhéanamh go slachtmhar. “Coigeál i láimh óinsighe” = bean gan chruinneas d'iarraidh sníomh. 20 — Inghean na bunóirsighe (? ban-abhrais- each) adhbhar na h-óinsighe. Bunóirseach [.i. banabhairseach] = bean snímh no cárdála. 21 — Ní de'n abhras an chéad shnáth [ach cuirid droch-mhná an bhaile chúcha é]. .i. Ní bhíonn an t-éadach mar bhíonn an chéad shnáth fightear sa tseol = is minic ná bhíonn scéal chomh h-olc agus cheapfá ó na thosach; dá bhrigh sin ba cheart fanacht chun a dheire a chlos. 22 — Cíoraidís féibh mar shlámaidís. .i. Má shlámaidís go hoolc bíodh an cíoradh anois go docht aca. An té do dhein droch-ghníomh bíodh a thoradh air féin. 23 — Abhras na mná moiche ní déanach ná ní moch é. chun obair a bheith déanta i dtráth ní gádh moch- óiridhe ná airneán mí-réasúnta chuige ach dícheall agus slacht. 24 — An olann a bhíonn ag Briseadh sa tsníomh bíonn sí righin sa tseol. 25 — Féibh mar bhuaileann an muileann é sloigeann an mála é. .i. An t-arbhar. Deirtear é sin le duine a chaithfeadh airgead chomh tiugh agus thuillfeadh daoine eile dho é. 26 — Uain mhuilinn. féach leat thuas “Uain cheardchan” uimh. 13. 27 — Is olc a mheileann leath-bhró. .i. Gan an leath-bhró eile anuas uirthi. Is mó ócáid ar a ndéintear úsaid den chainnt sin nuair a bhíonn droch-fhearras ag duine chun a ghnótha a dhéanamh. 28 — Tá go breagh! a tháiliúir, má chaillis do mhéaracán. Deirtear é sin le h-aon cheardaidhe a bhíonn gan a chuid úirlisí. 29 — Máighistir scoile gan scian nó píobaire gan dos nó táiliúir gan méaracán. 30 — Dearmhad an chléirigh ar a chlog. .i. gach dearmhad a deintear ar ghléas oibre ná féadfaí aon rud a dhéanamh 'á iongnais. Deuglán naomhtha bhí uair ar thurus na Rómha agus thug an pápa clog aifrinn do. Thug seisean do'n chléireach é chun a choimeádta. D'fhág an cléireach 'na dhiaidh ar an dtráigh é, tré dhearmhad, agus iad ag filleadh. nuair bhí Deuglán chun aifrinn a rádh ní raibh an clog ag an gcléireach ach tré mhíorbhailt dé do shnáimh an charraig ar ar fhág sé í na ndiaidh go h-áirdmhóir na ndéise agus an clog uirthi. 31 — Cuid na dtáiliúirí de'n Aifreann. .i. a dheire. 32 — Ba tháiliúra ar chnoc. .i. Bheith gan aon bhó. 33 — Is tinn fear coise 's is ocrach fear láimhe. Fear coise .i. coisidhe. Fear láimhe .i. fear bhíonn ag gabháil d'obair láimhe. 34 — Bíonn gach tosnú lag. 35 — Tosnú maith leath na h-oibre. 36 — An té go bhfuil scian aige fean- nadh sé. .i. An duine go bhfuil gléas aige bíodh sé ag obair. 37 — Imhthigheann an tuirse agus fanann an tairbhe. 38 — Is túisce tuilleamh ná tuarastal. .i. Ní ceart do dhuine an díol d'éileamh go mbeidh an obair déanta aige. 39 — Allus a mhaoil féin a ghriogas gach n-aon. 40 — Tuinnte mear luaimneach ar uair an tráthnóna. .i. Greas fuinneamhail oibre i ndeire an lae. 41 — An saoghal go léir ag lorg céirde is ná raghainn-se thar an díomh- aointeas. 42 — B'fhusa liom bás de'n fhuacht d'fhagháil ná me féin a théigheamh lem' ghnó. fear leisceamhail a bhíonn i gceist nuair adeir- tear é sin. 43 — Ualach giolla leisc — beireadh leis nó fágadh. Le leisce dá thuras a thabhairt bheadh sé ag iar- raidh é go léir do bhreith leis d'aon turus is gur minic a thuitfeadh sé go léir uaidh. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Tráth bhriseadar na húmaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces' Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Calaphort an Phápa, Corcaigh. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Teó., (‘H. JOHNSTON’) Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaigh. Gach cóir chun tig do dheunamh Ón Úrlár Go Bárr an Tighe: Adhmad, Táthán agus Slinnte; Áraistí Iarainn, Stóbhana, agus Bácúsa; Dathán, agus an uile shaghas Íle 'gus Ola. Tá le fághail ó ‘CHOMPLUCHT EUSTACE,’ i gCorcaigh. Scríobh chúca. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, ó MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. Feóil Úr Ghaedhlach. Uaim-se gheobhair san. agus Eunlaith is Glasairí. Mícheál Baróid, Both a 64 & a 65, Margadh na Feóla, Corcaigh. Guthán a “276, Corcaigh.” CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.
'Sé MAC CUILINN Fear na Rásúr Is aige atá An Teasbánadh Rásúr is mó in Éirinn; a luach ón a 1/6 go 14/6. Earra ar leith é seo: RÁSÚR ÉADTROM DEA'-FHAOBHAIR ar 9/- (‘Hollow Ground.’) Postas is uile. Cuirfidh sé faobhpar maith ar shean-rásúr ar 7d., postas is uile. MAC CUILINN, Fear na Rásúr, SRÁID CHAPEL a 35, 36, Baile Átha Cliath. I Lios Tuathail gheobhair Áraistí Iarainn, Troscán & Rothair ó Thomás ó Cróinín, I SRÁID LIAM. Nuair a bheir i gCorcaigh glaodhaigh isteach chugam-sa. TÁ TEASBÁNADH MÓR UAIREADÓIRÍ AGUS FÁINNÍ ANSO. MÍCHEÁL de RÓISTE, Sráid Phádraig N. a 60, CORCAIGH. Nó scríobh chugam. CHÓMH BLASTA LE … h-AON-ÍM! MARGAIRÍN ‘LEANDAR’ Tá 'á dhéanamh i gCorcaigh ag Ó Dubdaill, Ó Mathúna & a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Deoch Bhlasta Fholáin iseadh “TANÓRA” Sugh Óráistí atá ann agus Cois Laoi a deintar. Scríobh chuig SEÁN Ó DÁLAIGH is a Chua. tta., I gCORCAIGH, in a thaobh. Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i. “An Lúcania” (de dhéantús na hÉireann) ó Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat. Do Fhear na Feirme é seo: Tá SÍOLTA, LEASÚ, ÚIRLISÍ, agus BIADH BEITHIDHEACH Le fághail, go maith is go saor, sa tsiopa so: ‘SIOPA PLÚIR IS MINE SHRÁID AN RÍ,’ An 3adh tigh i Sráid an Rí, CORCAIGH. Scríobh indiu & cuir tuairisc a luacha &c. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail. Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services