Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nodlaig, 1919

Title
Nodlaig, 1919
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1919
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


2d.
AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. a 45. NODLAIG, 1919. Dhá Phinginn a Fhiacha.



An Bhábóg.



[H-iarradh orainn a leithéid seo do chur le chéile
agus a chur sa “Lóchrann” chun go múinfí do chailíní
beaga óga é mar “dhráimín.” Mara bhfuil aigne na
leanbh ann go fíor gabhaidís ár leithscéal].



I.
Máirín [Í do theacht isteach agus greim ar
leath láimh aici ar bhábóig agus í ag
tarrang cóiste bhig nó trucaillín na
diaidh. Í d'fhéachaint 'na timcheall]:
Ní fheadar an domhan cá bhfuil Eibhlín
imthighthe. D'imthigh sí faid a bhíos ag ithe.
An ruidín gránna! Bhuel, bíodh aici …
Ní bheadsa mór a thuille léi … ná ní
chuirfidh mé mo ribín nua ar a ceann
… ná mo laimhní bána … ná ní
leigfead di bheith ag imirt lem bhábóigín.



Beireann sí ar an mbábóig mar bhéarfadh
sí ar leanbh agus suidheann sí.



Och, mo leinbhín féin! (Pógann í) tánn
tú marbh, gan aon chodla ó mhaidin.



Leigeann sí ar a glúinibh í agus bíonn 'á
gigilt agus ag gáiridhe léi.



Ó, nach deas í? Ó! féach an gáire
deas atá aici. Gáir, a rógaire! gáir!
Nach tú an rógaire beag agam? …
É? Gol! … O faire, ná goil! mo
ghradh í sin! huis-ab-á … féach
déanfaimíd rinnce …



Síos suas ar a glúin.



Hóró damhas is damhas,
Hóró damhas go h-aerach;
Hóró damhas is damhas,
Is damhas, is damhas a laogh ghil.



Ambasa nár rinnc, nár rinnc.
Ambasa nár rinnc sí indiu
Ambasa nár rinnc, nár rinnc
Mar d'éirigh sí cuibhsach moch.



Hóró damhas, &rl.



Cuireann sí ar a leath-ghlúin í agus
coimeádann ann í le 'na láimh chlé agus
bíonn ag bagairt méire tosaigh na láimhe
eile uirthi.



Ha! ha! a rógaire! Cad deir an
cat? Mí - á - ú,” arsan cat. Cad
deir an gabhar? Meg-geg! arsan
gabhar. Cad deir an chaora?



Leigeann si dhi tuitim síos 'na codla mar
'dh'eadh.



Och is cumaleat cad deir an chaora; tá
codla ort, a mhaoineach. Seo, téanam
ort agus cuirfead a chodla tú.



Beireann barróg uirthi agus suathann
anonn 's anall í.



Mo ghrádh í sin … Peata beag
Mhaimí … Dún do shúilíní beaga
anois, a chuidín, agus codail.



Cromann a ceann anuas i n-aici na
bábóige agus bíonn ag crónán.



huis-ab-á-ín ó a leinbhín! huis-ab-á-ín
— Huisín — huis — ó — ó - ó - ó — ó! …
É? Cad é sin? Ag gol arís (go
cráite). Mhuise tá mo chroidhe cráidhte
agat, a chailichín … codail annsan a
mhaistín, nó gheobhaidh mé slat chughat
… (Crónán) ó — ó — ó.



Eirigheann na seasamh agus siúbhluigheann
síos, suas agus barróg aici ar an leanbh.



Tá sí cráidhte, an ruidín bocht. Tá ná
fiacla ag cur uirthi … 'fhéidir
gur ocras atá uirthi.



coimeádann sí an bhábóg go cúramach len
a láimh chlé agus gheibheann sí cupán bainne
agus spiúnóg leis an láimh eile. Bíonn
sí mar 'dh'eadh ag tabhairt an bhainne le n-ól
do'n bhábóig.



Seadh, anois a bhinín oscail do bhéilín
… á! dein … Bainne deas agus
siúicre ann … Sin é!



Follmhuigheann sí an spiúnóg inar 'dh'eadh
siar na béal.



Ceann eile anois, sin é … mo ghrádh —
mo leanbh! ól é seo anois … agus
beidh mo leanbh mór, áluinn … Do
dhothain agat? Is maith é sin. Tuitfidh
do chodla anois ort, b'fhéidir …
cuirfead sa chliabhán thú.



Socruigheann sí píosa éadaig sa trucail-
lín agus cuireann an bhábóg isteach ann
agus socruigheann an t-éadach timcheall
uirthi. Annsan bíonn sí ag bogadh an
trucaillín anonn 's anall.



AMHRÁN



[Fonn — “Cóirigh mo leabaidh, táim breoite
go leor.”]



Codail a leinbhín, luigh síos go fóil,
Tá Púca san lios dubh a ghoidfeadh
do shórt;
Tá fathach na coille is teine 'ge 'd'
chomhair —
Codail a leinbh dein codla breagh
sóghail.
Ní leigfead mo leanbh, le gadaithibh
sidhe
Cóireochad a leabaidh le h-anairt
bhreagh mhín
Do phúca ná d'fhathach, ná do chleas-
aithibh sidhe
Ní thabharfad mo leanbh beag caithi-
seach grinn.



II.
chun comhrádh beirte, cuir tosach I. annso
isteach chomh fada síos le: “Cuirfead a
chodla thu” agus annsan cuireadh sí 'na
codla í sa trucaillín.



Eibhlín isteach.



Máirín: Imthigh ort abhaile arís a Eibhlín Ní
Mhurchadha. Ní bhead-sa go mór a
thuille leat — ní bhead san.



Eibhlín: Ó dhe! ara, cad tá anois ort?
Cad tá déanta 'gam ort?



M: Nuair a ghlaoidh mo Mhaimí chun dínnéir
orm ní fhanfá liom ach do rithis abhaile.



E: Agus ná fuil cead agam, a Eibhlín Ní
Shéaghdha, dul abhaile nuair is maith
liom é?



M: Imthigh uaim. Ní thabharfad mo bhábóg
duit níos mó … ná mo ribín deas.



E: Ní fhéachfainn ar do bhábóig ghránna.



M: Níl mo bhábóg gránna. Ta sí go deas.



E: Níl sí go deas. Tá a srón briste.



M: Ní briste tá a srón ach d'ith coileán
Taidhgín é.



E: Agus níl gúna trí ndath uirthi mar atá
ar bhábóig Chaitlín Nic Eoin. Ó! is
deas an bhábóig atá ag Caitlín.



M: Ach níl sí chomh deas lem' cheann-sa.



E: Tá agus níos deise. Deir sí “Mamá”
nuair d'fháiscfeá í.



M: Ach dúnann mo cheann-sa a súile nuair
luigheann sí.



E: Och, ní h-aon ní é sin. Tá bróigíní
beaga gleoite ar bhábóig Chaitlín;
agus hata - Ó! ní fheaca riamh a
leithéid; agus gúna deas go bfuil trí
dathanna air. Ó! tá sí go deas!



M: Agus ná fuil mo bhábhóg-sa go deas
[tógann sí as an dtrucaillín í agus
taisbeánann d'Eibhlín í]. Féach na
súile ag dúnadh. Féach an ghruaig
bhreagh dhubh atá aici. Féach an dá
choisín ghleoite.



E: Och ná bhí am bodhradh led' sheana-bhábóig
gan mhaith. ['Á dtaisbeáint]. Srón
bhriste aici … cluas imthighthe dhi
… béal gránna uirthi … gan aon
bhróg ar a cosa! Dá mba liom í do
chaithfinn sa teine í.



M: Ach ná fuil sí go deas, 'Eibhlín?



E: Och, níl. Tá sí go fíor-ghránna:



M: [Ag cromadh ar ghol agus ag leigint
do'n bhábóig tuitim ar an dtalamh].
Bu - hú - ú - ú. Ó! Ó! Ó! tann tú
dána, a Éi - a - Ei - a Eibhlín Ní — Ní
Mhurchadha. Ní bhei — ní bheidh mé - mó —
mór - go deo 'rís — deo rís leat. Ó!
Ó! mo bhá — mo bhábóg! Ó …



E: [Tré na chéile beagán. Cuireann a dhá
láimh ar ghuailnibh Mháirín]. Á! a
Mháirín. Mo ghrádh í sin. Eist. Cad
tá ad chur ag gol?



M: Dubhraís - dubhraís ná - ná raibh mo
bhábóg - go deas.



E: Ó mhaise! Eibhlín! Eist. Mar mhagadh
bhíos-sa. Tá do bhábóg-sa go h-ana-
dheas ar fad.



M: [Ag cromadh agus ag tógaint na
bábóige de'n talamh]. Agus ná fuil
sí - níos deise — ná bábóg Chaitlín.



E: Ó tá — i bhfad níos deise. Seana-
bhábóg ghránna atá aici.



M: [Ag gáiridhe tríd an ngol]. Agus
níl a srón briste, Eibhlín.



E: Níl … ach an coileán d'ith é.
Greadadh chuige mar choileán!



M: [Ag síneadh na bábóige chúichi]. Póg
mo bhábóg, 'Eibhlín. [Pógann Eibhlín í].



M: [Agus barróg ar an mbábóig arís aici].
Táim go mór arís leat, 'Eibhlín, agus
tá an bhábóg go mór leat.



E: Agus an dtabharfaidh tú tamall domh-sa
í, a Mháirín?



M: Tabharfad agus fáilte. Seo dhuit í,
ach t'r'om an téad rinnce atá 'gat-sa.



E [Leis an mbábóig agus í 'á caitheamh
anáirde. Ag féachaint uirthi agus ag
gáiridhe]:



Caithimís síos is suas í,
Caithimís suas aráirde í,
Caithimís síos í suas í
'S tiocfaidh sí 'nuas amáireach.



M [Ag rinnce leis an dtéid tamaillín]:
Ó! Eibhlín! Eibhlín! féach thíos Cáit
agus na cailíní eile ag imirt “phicí.”
Téanam ort.



Caitheann Eibhlín an bhábóg isteach
trucaillín agus rithid araon síos.



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


Scoiltheann an Bhreab
an Chloch.



Marcus: Dia dhuit, a Philib.



Pilib: Ó, Dia 's Muire dhuit, a Mharcuis.
Dé bheatha chughainn.



Marcus: Go mairir céad, a Philib, agus
dhá bhliain déag chun th'anama.



Féach, a Philib, ní mór dhom dul 'on
bhaile mór andiu … Tá gnó ana-
speisialta agam ann … Ní fheadar
ar mhiste leat iasacht do lárach do
thabhairt dom.



Pilib: Aidhe, níor mhisde go deimhin, a
Mharcuis … mara mbeadh go gcaith-
fead trí málaí Plúir do bhreith a bhaile
ón muileann … Teasduigheann an
Plúr óm' mhnaoi andiu gan teip …
Mara mbeadh san gheóbhthá an láir uaim
is fáilte.



Marcus: D'airigheas an muiltheoir ghá rádh
le Séamus Mór ó chianaibh ná beadh an
muileann ag obair andiu, go raibh an
sraodh ró-íseal.



Pilib: Is mór an cheataighe dhómhsa é sin
mhuise. Caithfead dul chó' fada le
tigh Heifearnáin anois a d'iarraidh
Plúir. Bheadh an bhean ar buile mara
ndeininn.



Marcus: Is féidir dómhsa é sin do
leigheas. Tá cúpla mála de phlúr
gheal againn-ne sa bhaile. D'fhéad-
fainn oiread Plúir do thabhairt duit
is do choimeádfadh ar siubhal sibh.



Pilib: Aidhe, difhéidir ná taithneóch' san
mar phlúr lem' mhnaoi-se … tá sí
chó' h-ait sin, tá 'fhios agat.



Marcus: Má tá féin ní fhéadfadh sí gan
bheith sásta leis an bplúr san. Nach
cuid de'n phlúr do dhíolais féin
liom é … an Plúr is fearr d'ár
bhlaisis riamh, dubhrais liom.



Pilib: Ní baoghal ná gur Plúr maith é leis.
Féach, a dhritháir! Is beag duine atá
chó' bog liomsa i dtaobh rudaí a
dhéanamh do chómharsain … ach ar
maidin do dhiúltuigh an láir dá cuid
féir … níor chuimhnigheas air go dtí
anois … Is baoghal liom ná féadfadh
sí an bóthar do chur di andiu.



Marcus: Ná bíodh eagla, Ní fhágfadsa
in éamuis choirce ar an mbóthar í.



Pilib: Tá an coirce go hana-dhaor anoisi
a bhráthair.



Marcus: Is fíor duit ach má tá féin
… Capall na h-oibre an biadh.



Pilib: Beidh ceóbhrán báisdighe againn
… beidh na bóithre sleamhain … dá
mbaintí barrathuisle as an láir —



Marcus: Ó, ní baoghal di … ná rabhais
á rádh ó chianaibh go mbeadh ort í
chomáint go dtí tigh Heifearnáin.



Pilib: Tá mo dhiallaid 'na giobail agus
tá mo shrian dá dheisiú fé láthair.



Marcus: Ar ádhmharaighe a' tsaoghail tá
diallaid agus srian agam fhéin sa
bhaile.



Pilib: Ach ní oirfeadh do dhiallaid-se dhom'
láir-se



Marcus: Gheobhad ceann Taidhg Bháin mar
sin. Oirfidh san di.



Pilib: Tá go maith ach ní feárr a dh'oirfidh
sí sin di ná do dhiallaid féin.



Marcus: Bhail, baileoghad liom go dtí tigh
an dochtúra mar sin. Táim go h-ana-
mhuinteardha leis an ngiolla atá aige.
Tá trí cinn de dhiallaití aige agus ní
baoghal ná go mbeidh ceann oiriúnach
ortha.



Pilib: Tá 'fhios agat fé'n dtaca so, a
Mharcuis, ná fuil éinne a dhéanfadh
rud do chómharsain níos taPúla ná
mise … Do gheóbhthá an láir uaim
is fáilte ach mar le rud, níor cuireadh
sguab ar a taobh le coicthíos …
Ní lugha ná mar deineadh a mong do
chíoradh … Dá bhfeictí ar an gcuma
san í ní bhfaghainn chúig Púint uirthe
nuair a bheinn chun í dhíol.



Marcus: Ní fada bhainfeadh sé de dhuine
sguab do chur le capall … Ba
ghearr a' mhoill ar mo bhuachaill aim-
sire é dhéanamh.



Pilib: B'fhéidir é … ach anois go gcuimh-
nighim air teasduigheann cruidhte uaithe
leis.



Marcus: Má theasduigheann sin é an gabha
i mbéal a' dorais agam-sa … ní
fada bheadh sé siúd 'á gcur fúithe.



Pilib: Seadh, go deimhin! Gabha tuaithe
dom' láir-se! Ní thabharfainn m'asal
do súd chun cruidhte chur fúithe. Níl
gabha ar domhan ach amháin Conchubharach
an bhaile mhóir chun cruidhte chur fém'
láir-se. Ní h-ionann mo láir-se is
staigíní Chúm a, tSathairn … nára
slán an comórtas, go deimhin.



Marcus: Thar a bhfeacaís riamh, bead ag
gabháil thar dorus a cheárdchan ar ao'
chuma agus —



Pilib (chíonn sé uaidh a bhuachaill aimsire).
A Raidhrí! a Raidhrí!



Raidhrí (a' teacht isteach): Cad tá uait, a
mháistir.



Pilib: Féach, a Raidhrí, sid é Marcus Ó
Broin. Ba mhaith leis iasacht na lárach
d'fhagháil i gcóir an lae andiu. Tá
'fhios agat-sa go bhfuil créacht ar a
muin chó' mór lem' dheárnain (é do
bhagairt air le n-a shúil). Imthig leat
agus féach an bhfuil sí cneasuighthe.
(Deineann an buachaill cómhartha ag
imtheacht do go dtuigean sé an scéal).
… Ní fuláir nó tá um an dtaca
so … Seo, a Mharcuis, a bhráthair,
t'r'om do lá … má tá an láir slán
ón gcréacht gheobhair í agus fáilte. Ar
sgáth a chéile a mhairid na daoine dar
ndóigh is caithfimíd bheith go galánta
leis na cómhursain. Dá dtugainn an
t-eiteachasduit níor dhóichighe rud ná go
dtabharfá-sa an t-eiteachasdómhsa uair
éigin eile nuair a bheinn i dteannta.
Sin buadh atá agam-sa. Bím ullamh
i gcomhnaidhe chun cabhruighthe lem' chómh-
arsain in am an ghábhaidh



(Raidhrí do theacht thar nais).



Seadh, a Raidhrí, conus táan chréacht?



Raidhrí: Conus tá sí, an eadh, a mháistir!
Chó' mór let dheárnain, a dubhraís. Tá
& chó' leathan le Pláta. Níl siubhal na
slí san ainmhidhe bhocht andiu. Agus
rud eile dhe do gheallas-sa dod' dhuine
muinteardha Aindrias Ó Cróinín í chun
a bhean do bhreith go dtí an margadh.



Pilib: Aidhe, a Mharcuis, is oth liom go mór
an sgéal do bheith mar atá. B'fheárr
liom ná an saoghal an láir do thabhairt
duit … tá 'fhios agat féin an méid
sin. Ach ní fheadfainn cailliúint ar
Aindrias. Táim fé chumaoine mhór
aige. Am thoabh-sa dhe, a Mharcuis, is
oth liom go mór tu d'eiteach.



Marcus: Is oth liom-sa leis é … agus
ní am' thaobh féin ar fad é ach at'
thaobh-sa leis. Táim díreach tar éis
litir d'ghagháil o mhaor an tighearna
talmhan á iarraidh orm teacht ag triall
air láithreach. Tá gno beag ar siubhal


L. 3


eadrainn … contract chun an choill
do ghearradh. Chuir sé sgéala chugham
andiu dá mbeinn sa bhaile mhór um
meadhon lae ná beadh aon bhaoghal ná
go ndéanfaí socrú liom. Bheadh céad
púnt nó mar sin de bhárr na h-oibre
agam-sa & fiche púnt agat-sa b 'fhéidir
mar mheasas cuid den cháraeracht do
thabhairt duit-se. Ach …



Pilib: Cad é sin agat dá rádh … fiche
púnt ar cháraeracht.



Marcus: Seadh agus níos mó, b'fhéidir.
Ach ó'n uair go bhfuil do láir agus
an siubhal na slí innti” fé mar
dubhairt an buachaill ó chianaibh b'fhearra
dhom dul soir go dtí Hannraoi an
tSléibhe … tá cairiún maith láidir
aige.



Pilib: A mbriathar ach ná déanfair …
níor thuigeas an sgéal; beidh mo láir
gat gan domhat … A Raidhrí! a
Raidhrí, imthig leat soir go dtí Aindrias
Ó Cróinín agus abair leis na fuil aon
ul aige ar an láir d'fhagháil indiu
go bhfuil gnó ag Marcus Ó Broin anso
dhi … agus ná féadfainn é eiteach.



Marcus: Ach cad mar gheall ar an bPlúr?



Pilib: Ó, déanfaidh mo bhean 'n-a éamuis
ceann lae nó dhó eile.



Marcus: Ach do dhiallait stracaithe.



Pilib: Ó! sí sin an tsean-dhiallait. Tá
ceann breágh nua agam agus srian nua
chó' maith. Bídís agat agus fáilte.



Marcus: A n-iarrfad ar Sheán Gabha
cruidhte' chur fúithe mar sin?



Pilib: Ó, mo dhearmad. Nár thug Raidhrí
soir chun Mhichíl Gabha í an lá fé dheire
chun triail a bhaint as is go deimhin
dhein sé a ghnó go maith.



Marcus: Ach an chréacht san atá ar mhuin
an ainmhidhe bhoicht … má's fíor do
Raidhrí … níor mhaith liom —



Pilib: Airiú an breallán! ní stadan sé
sin ach a' cnáimhseáil. Cuirfead geall
ná fuil leithead m'ordóige innti mar
chréacht



Marcus: Mar sin nár bh'fholáir sguab do
chur léi … nuair nár cuireadh léi le
coicthíos í.



Pilib: Sguab do chur léi! Ara leig dom.
Fágaim le h-uadhacht agat ná imthighean
lá tharainn gan san do dhéanamh.



Marcus: Tugtar rud éigin le n-ithe dhi
áithreach máiseadh — taoi tar éis a
rádh nár bhlais sí pioc ar maidin.



Pilib: Airiú, a dhuine a chroidhe, d'ith sí a
dóithin … ná bíodh eagla ort.
Bhéarfa' sí isteach ar luas na gaoithe
thu … Tá an bóthar san go breágh
iri leis … go dtéidhir slán is go
irghe leat go geal … Seo! seo!
anáirde leat! ná caill nóimeat is ná
spáráil an láir.



Cormac ó Cadlaig
d'atharruig ó'n bhFrainncis.



Má tá Ceaint
le deunamh agat



ar throscán nó ar thig;
ar thalamh nó ar stoc;



Cuir fios ar



Pheadar Ó h-Annracháin,



Reiceadóir,



sa' SCIOBAIRÍN.



Auctioneer and Valuer.



Luibh-Eólas.



Tá áilneacht ar gach taobh dinn fan gacha bóthair.
Má bhíon an radharc ceart againn chífeam áilneacht
i ngach aon tor is ar fuaid gacha páirce.



Sail-chuach.



Is maith linn go léir an
bláithín deas gorm úd, an
tSail-chuach (Viola Canina)
d'fheicsint ar chlaidhe an bhóthair, mar
comhartha go bhfuil fuacht na Dubh-luachra
ag imtheacht iseadh í.



Ní bhíon gas ró-mhór ná ró-dhíreach leis
an Sail-chuach agus bíon bileóga agus
blátha ar na meascadh trí chéile fan an
ghais ó bhonn go bathas. Má's maith leis
an leanbh birtín de sna blátha deasa
gorma do bhailiú ní mór dó bileóga is
uile do stathadh.



Bileóga beaga beárnacha a bhíon uirthe
agus gaisíní dá gcuid féinig aca. Bláth
cúig Pitheal iseadh an bláth agus é gorm-
chorcur fan na ciúise tímpal agus geal-
ghorm in a lár, agus chífeá croidhe bán
ann anois is arís. Is mó an Pitheal
iochtairach 'ná aon cheann eile dhíobh, agus
tá casadh in a bhun siar ar dheunamh sála
fada. Ansúd istigh a bhíon an braon
meala. Dá seasuigheadh an bláth so sa
cheart is ar a bharra thuas a bheadh an
pitheal so na sála. Fé scáth na dtor
agus na ndris is mó 'fhásan an saghas
san Sail-chuaiche agus ní bhíon aon-bhalath
in aon chor uaidh.



Tá a lán saghas eile dhi ann go mbíon
balath breágh uatha. An tSail-chuach Chumhra
(Viola Odorata) a bhíon ag fás sa gháir-
dín, tá sí ar na bláthaibh is deise amuigh
i dtaobh balatha. Ní thagan aon tsíol (ach
go h-annamh) san áit 'a mbíon an bláth,
agus cuirean an plannda gais cliatháin
amach fan barra talmhan. Tagan blátha
caocha ar gach gas aca san & is ionnta
san a bhíon an síol ar ball. Nuair a
thagan an lá chun an síolrach do chur
amach fé'n saoghal, teilgean an tSail-
chuach chumhra a cuid síl le mór-iaracht
láidir uaithe amach. Eagla a bhíon uirthe
go mbeadh an dream óg ag cumhangú ar
a chéile, nó uirthe féin; sin é fé ndeara
an bheannacht mhór fhuinniúil sin a bheirean
sí don ghráinne síl.



An gharradóireacht is taithneamhaighe
amuigh is é an tógáil bláth a dheinid
muinntir Chuan Dor, i gCairbre. Tá talamh
i gcóir garraithe go gann sa tsráidín
sin. Níl thar leath acra ag gabháil le
h-aon tigh ann agus in ionad prátaí
do chur sa scar beag san tailimh cuirid
muinntir Chuan Dor an tSail-chuach. Dhá
uair sa bhliain a bhíon barra bláth aca
agus ní h-ar an margadh a dhíolaid na
blátha ach iad do chur sa phost go Beul
Feirste. Is minic a bhíodh dachad púnt
aca sa bhliain as ceathramha acra (roim
an gcogadh mór). Tá Cuan Dor go
h-oiriúnach do thógáil na Sail-chuaiche
mar “tá a aghaidh le gréin is a chúl
le sioc,” agus aer farraige de dhruim
coille ann.



(Ní Críoch).



Seán Tóibín.



LEIG NA FÓGRA Í, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,



Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla,
tá le fághail uainn-ne.



Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
… clár na leabhar …



Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i



Siopa na Leabhar
nGaedhealach,



SRÁID DÁSON, a 45,
BAILE-ÁTHA-CHLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



In



ÁIRCÉID NA MUMHAN



gheobhair



Lámhainní Olna



de dhéantús gaedhal agus de shaothar lámh.
iad ar a lán saghas datha mar atá: crón,
dubh, glaschaorach, geal agus donn.



Tá EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint
ar gach cúntúir sa' tsiopa:



ÁircéId na M u mhaN



le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’



i gCorcaigh.



NÍL A SHÁRÚ SO IN ÉIRINN:



MARGAIRÍN
“LOVING CUP”



I gCorcaigh a deintar. Tá le Fáil in
a phúntaibh nó in a chnapógaibh.



ó



DHEUNTÚSACHAN AN TSEANDÚNA,
I gCORCAIGH.



Aistreóchad-sa
do chuid Earraí nó
Troscáin duit



ó áit go h-áit eile. Tá gach
cóir agam chuige. Mise dheinean
cárraidheacht i gcorcaigh, agus
ar fuaid na mumhan, do lucht
deunta earraí.



Risteárd de Bhailís



Sráid Mharlboro a 26,
i gCorcaigh.



Express Carrier.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.


L. 4


TÉIG FÉ DHÉIN



“AN EMPÓRIUM”



ar lorg Earraí Gaedhlacha —



Bónaí, Carabhataí.
Léinte, Ciarsiúraí
agus línéadach.



M. Ó Súileabháin & a mhac,
Cill Áirne.



Tá le fághail uainn-ne —



Té Blasta Cúmhra.



Ceanuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



Bíodh Rud Gaedhlach umat



pé aca chítar é
nó ná feictar.



STOCAÍ agus
CNEAS-EUDAIGHE
“NA CARRAIGE”



na h-earraí atá
uait.



OSANÓIRÍ NA DUBH-CHARRAIGE, tta.
(‘Blackrock Hosiery Co. Ltd.’)



ar DUBH-CHARRAIG ÁTHA CLIATH
a dheinean.



[“Rock” Underwear].



Ná bí ag seól; adh na
gcoiníní thar lear!



Ceannócham-na coinín, nó MÍLE COINÍN uait,
ar an bpinginn is aoirde. Ní ghadh aon cheann
do chur sall chun an tSasanaigh. Scríóbh indiu
chughainn:



‘Siopa Lóin
Uí Dhonabháin,’



Sráid an Phrionnsa, i gCORCAIGH.



Gheobhair togha earrai Gaedhal anso.



Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag
T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo.



ag Mainistire na Corann agus
i gCluain Dalláin, i
gCo. Chorcaighe.



Sranngscéala: “Halinan, Midleton.”



AN LÓCHRANN.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Sráid Ribeáird a, 6 i gCorcaigh — an Oifig.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh … an Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair.



Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath … Na Díoltóirí.



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid
ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go
ceann bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



GUIDHIMÍD DO LUCHT LÉIGHTE
“AN LÓCHRANN” NODLAIG FÉ
MHAISE IS FÉ ÁTHAS; AGUS
AR THEACHT DON NODLAIG ARÍS
GO RAIBH RATH AGUS SUAINEAS
AR ÉIRINN AGUS AR CHLANNAIBH
GAEDHEAL.



An Glas ar an nDoras.



Bí an oidhche ann. Tar éis póilíní
agus dlí agus a lán rudaí eile a bhagairt
go fuinniúil ortha do chuir fear tighe an
óil Seán agus Bill Shéamaisín an doras
amach. Bhí deire ólta aca — sé sin le
rádh, deire a gcod' airgid. Níorbh olc
an chuid an méid sin féin mar bhíodar
araon ar bogmheisce. Ghluais an bheirt
go mall, mí-thapaidh ag triall ar an
asal bán — asal Sheáin a cheangail sé de
leathlaidhe na cairte ar thaobh na sráide
ar a deich a chlog ar maidin. Ní raibh
aon mheisce ar an asal ach saghas droch-
mhisnigh agus neamhshuimiúlacht de bharr
leadráin a mháistir agus b'fhéidir de
bharr an ocrais a bhí air ó throscadh an
lae. Níor teasbáin sé de chomharthaí
mí-fhoidhne ar feadh an lae ach an bhéic
mhór, fhada, ghlórach a chuireadh sé as nuair
chíodh sé aon dá threibh féin ag ghabháil
síos ná suas.



Tár éis a lán ghliúmála le slabhraí
agus le lúbanna do ghléas an bheirt an
t-asal agus ghluaiseadar. Suidhte i dtosach
na cairte bhíodar araon agus a gcosa
ar sileadh amach. Ní raibh aon deabhadh
ortha — cad chuige bheadh — agus ní fada
gur scaoil Seán leis an srian & leis an
asal ar a ádhbhar féin. Níorbh é an chéad
uair aige sin mar sin é. Thug sé fén
mbóthar aBhaile chomh socair, chomh ciallmhar
agus dhéanfadh aon asal é go mbeadh
an lagachar 'na chosaibh ón ocras a bhí 'na
bholg.



Ní maith a bhraith an bheirt an bóthar
i n-ao' chor. Bhíodar ag cainnt. Déarfadh
duine ná beadh bodhar gur ag liúirigh a
bhíodar. Is cuma riamh é. Bhíodar ag
cur a muionntearais i n-iúl dá chéile agus
iad ag crothadh lámh le chéile treasna
na cairte. Ní stadadh an chainnt nuair
bhiodh duine aca ag scríobhadh an ceann
tuathail de lasáin ar bhríste an asail
chun na pípe deargadh. Nuair ná lasadh
an lasán san do h-iarrtaí ar Dhia A
mhallacht a chur air agus caithtí amach
ameasc phluda an bhóthair í. Le foidhne
mhór agus le mórchuid lasán d'ídiú do
deargadh an dá phíp fé dheire agus sin
é uair a thosnuigh an chainnt go ceart.
Bhíodar ag moladh na ndaoine tháinig
rómpa agus na tréithe móra bhí ionnta
san, “Beannacht Dé le h-anman na
marbh!” ach dubhradar “am baiste” go
raibh fir mhaithe fós ann. Annsan mholadar
iad féin go h-árd — na h-oidhcheannta
cruadha a chaitheadar ar an bhfairrge agus
iad 'á ndalladh le séideán gaoithe agus
sneachtaidh agus fairrgí 'á múchadh. Agus
ba mhaith an bheirt iad i naomhóig lá
ráis. Nach iad a thraoch muinntir Chuaisín
a' Duilisc an lá bhí an rás i gCuan a'
Phludaigh thoir? Arú an d — l maith a
bhí i muinntir sin Chuaisín a Duilisc aon
lá riamh. Ba mhaith iad na daoine bochta
a tháinig rómpa féin ach na “créatúirí
bochta” ní raibh an comhthrom aca a bhí
ag Seán is ag Bill Shéamaisín chun gaisce
dhéanamh. Sin é thuigfeadh aoinne uatha
ná beadh chomh bodhar le cloich i ndorchadas
na h-oidhche agus iad ag dul abhaile.
Trís na h-éachtanna go léir bhídís ar
aon fhocal agus gan á rádh ag duine
aca leis an dtarna fear ach “ana-cheart”
nó má b' aon ghaisce mhór a h-innstí:
“mhuise, mo cheol tu!” nó “árd-fhear
am Baist!” agus bhíodar ag giorrú an
bhóthair leo mar sin.



Ach dá righne asal baineann sé an
Baile amach fe dheire. Bhain asal Sheáin
tigh Bhillí amach. Do scar Seán & Bill
le na cheile ar éigean — ba dheacair leo
bogadh de lámha a chéile leis an ngrádh-
mhaire, tá's agat. Annsan do chuaidh
Bill Shéamaisín isteach abhaile agus ghluais
an t-asal arís & Seán 'á iompar aige.



Nuair ná raibh aoinne ag Seán chun
cuideachtan a dhéanamh do b'éigean do
féin é dhéanamh. Do dhein. Thairrig sé
chuige seana-amhrán grádha a bhí aige le
fada an lá — ní Bhíodh sé aige ach nuair
bhíodh sé ar bogmheisce i gcomhnaidhe. Do
chas sé go h-árd agus go Brónach an
t-amhrán á chásamh mara ndeineadh sí é
phósadh go raghadh sé go h-óg insa chill-
Do thaithin an ceol go binn leis an
asal Le gach 'ra nóta dhe chuireadh sé
cluas leis amach agus luigheadh an chluas
eile siar ar a mhuineál agus an t-asal
ag siubhal leis go breagh fada réidh. Do
chaith Seán an aimsir go sásta agus go
brónach mar sin go dtáinig sé go dtí
Cor an Bóthair agus go bhfeaca sé solas
thighe féin. Do stad an t-amhrán
áithreach agus níor fhan gíog ná míog san
mhránaidhe. Aoinne bheadh le h-ais a'
laidhe chloisfeadh sé an rud adubhairt
é. “Is dócha go bhfuil an glas air arís
nocht aici,” ar seisean. Ní dubhairt sé
on ní eile theasbháinfeadh cad iad na
rudaí diamhra bhí ag obair 'na aigne. Do
ghluais sé leis agus gan cainnt ná amhrán
aige agus níor stad go dtáinig go doras.
Thug sé tamall ag útamáil leis féachaint an
osclochadh an doras do. Níor oscail.
Annsan do thairrig sé cleas eile chuige.
Dhruid sé isteach leis an ndoras.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk.
Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk.


L. 5


“Oscail,” ar seisean.



“Tháinís,” arsan bhean istigh. “Seadh
tabhair do dhrom anois leis an ngaoith
adtuaidh, b'fhéidir go n-imtheochadh an



broth …”



“Ó! Ó!” arsa Seán amuich, “oscail
go tapaidh, nó 'bhfuil fonn ort mo dhrom
a Bhriseadh leis an mála mine seo?”



Do mealladh an bhean. D'oscail sí an
doras d'fhear na mine. Ní túisce san
ná bhí Seán istigh.



“Seadh 'nois, a chailín,” ar seisean,
“bhí ag lorg do chuid mine!”



Mícheál Ó Siochfhradha.



Scríbhinní Phádraig Mhic Phiarais (ar
10/- ó Mhaunsel agus a Chualucht, tta.,
in Áth Cliath). Ar scríobh an Piarsach,
file agus saighdiúir Calma, de Ghaedhilg
i bhFuirm sceulta, drámaí, agus dánta
tá sé go léir sa' nua-leabhar so.



Is é deireadh “Seandún,” Gaedhilgeóir
binn (Beannacht dé len a anam) ná raibh
aon ní 'á scríobha' i nGaedhilg na h-aimsire
seo gurbh fhiú é léigheamh ar son an scéil
a bhí ann ná ar son na ‘litridheachta’
a bhí ag gabháil leis. Dá bhrí sin, ní
h-ar son brí an scéil do léigheadh sé
féin aon ní d'á léigheadh, ach ar son na
Gaedhilge a bhí sa' rud. Ba thaithneamh
do nuair a bhíodh cora cearta cainnte
agus cothram focal ag an scíobhnóir
agus Bu leamhas ceart do é nuair ná
bíodh san aiste ach an Brúscar Gaedhilge
(‘Gaelic Leaguese’ a ndubhairt Risteird
De Hindeberg, sagart) a bhí 'á scríobha'
chomh tiubh san deich mbliana ó shin.



An nós san a bhí ag “Seandún” tá
sé tréis fás d'á lán eile Gaedhilgeóirí
(agus is dóigh gur maith an ní é) agus
nuair ná bíon an friotal go ceart — é
dréir dula agus crota na fíor-Ghaedhilge —
tagan olc ar an léighthóir. Más féidir
leis an Muimhneach eirighe as nós san an
tsíor-scrúdaithe ar feadh cúpla lá agus
an leabhar nua so do tharrac chuige, beidh
dhá lá mór-thaithnimh aige.



Na h-aistí a dhein an Piarsach i dtaobh



poluitíochta & Náisiúntais táid ar fheabhas.
Gheobhadh. “Seandún” féin taithneamh



ionnta. Tá brí leó agus tá Gaedhilg
chruinn go leór ionnta. Níor scríobh aon
Ghaedhilgeóir eile aon rudaí poluitíochta
-leath chomh maith leó. Seo mar do labhair
sé le ‘T. P. O'Connor, M.P.’:



“… Dubhraís ná scarfadh Gaedhil
á Shasanaibh go deó. Bfhéidir an ceart a
bheith agat. Bfhéidir gur fearr a thuigir-se
meón Gaedhal 'ná mar a thuigim-se é.
Ach ní chuige sin a bhíos ach chuige seo: Is



é fáth thugais led' bharamhail .i. ‘an fhaid
bhéas muca le díol ag Gaedhealaibh agus



Gaill ag Ceannach muc nách n-oirfeadh
do Ghaedhlaibh scaramhaint ó Ghallaibh'
… Do bheadh sé chomh maith agam-sa a
rádh an fhaid bhéas Franncaigh ag díól
fíóna agus Sasanaigh ag ceannach fíóna
go gcaithfidh Sasana agus an Fhrainc
bheith ceangailte le chéile … Is minic
a chualas go mbainfeadh a leithéid seo
ó a leithéid siúd gáire as na cataibh.
Do bhainfeadh do chainnt-se gáire as na
mucaibh. Beir buadh agus Beannacht.
Mise, Laegh Mac Riangabhra.”



Ní h-é gach aoinne 'chuirean aithne cheart
air fhéin agus cheaPan tuairim mhaol
mhacánta do féin is d'á thréithibh. Dhein
an Piarsach é. Seo cuid den litir a
scríobh “Iubhar Mac Riangabhra” (é féin)
chun Phádraic Mhic Phiarais:



“… Tá fhios agam gur gráin len
a lán tu. Ní chuala éinne riamh 'ghá rádh
‘is maith liom an Piarsach’ … Táir
ró-dhorcha ionnat féin, a Phiarsaigh. Ní
dhéanann tu caidreamh le Gaedhiltibh.
Séanann tu a gcomhluadar. An uair
thagas tu in a measc tagann mar a bheadh
néall dubh id' fhochair agus luigheann ortha.
An té do bhí cainnteach roimh theacht duit,
bíonn sé in a thost. An té do bhí
geal-gháireach, tagann gruaim air. An í
an fhuil Shasanach ud ionnat is Cionntach
leis sin, ní fheadar? … Mo chomhairle
dhuit .i. tabhair aire do Scoil Éanna agus
ná Bac a thuilleadh le cúrsaíbh poilitidh-
eachta. Tá do dhóthain mhór ar d'aire
… Táir-se ag iarraidh freastal ar
cheithre trághaibh. Ní eireóchaidh leat …”



Níl ainm aon eagarthóra leis an leabhar.
Is truagh ná fuil mar tá ceist is fiche
agam le cur air. Sid í an cheist is
réidhe dhíobh: Ciaca Beurla nó Gaedhilg
is teanga bhunaidh don dráma úd “An
Rí?” Léigheas i mBeurla é i leabhar eile
agus is fearr a thuigeas é, mar dhráma, 'ná
mar a thuigim sa leabhar so Gaedhilge é!
Tá súil agam gur do lucht gaoil an
Phiarsaigh atá sochar an leabhair seo ag



dul. Ach is ró-mhinic nách iad na daoine
cearta a gheiBhean sochar airgid na leabhar
Gaedhilge sa Mhumhain.
Bronntanas maith i gcóir na Nodlag
is eadh an leabhar saothair seo an Phiarsaigh
uasail, an té thug neart a óige agus
dé déanach a bheatha mar mhaithe le tír
Bhanban. Go dtuga' Dia solus gan
doircheacht d'á anam.
Seán Tóibín.



NA RUDAÍ BEAGA. Má tá cion agat
ar aon leanbh Beag Gaedhealach fé bhun aoise
a dhá bhliain déag, níl aon rud is fearra
dhuit ach “Na Rudaí Beaga” cheannach láith-
reach agus a bhronnadh ar an leanbh san.
Leabhar áluinn maisithe iseadh é do leanbhaí,
pictiúirí ann agus béarsa beag do gach
litir den aibítir. Seo rann aca:



T. An tigín seo 'gainne,
Ar chliathán an tsléibh';
Dob fhearr liom ná caisleán
Ár dtigín beag féin.



Is aoibhinn an leabhar é. Pádraig Ó Bróithe
agus Lúcás Ó Maolruanaigh do chuir le
chéile é. 9d. an chóib atá air. Le fagháil
ó “Chólucht Foillsighthe Dáibhis,” 8 Sráid
Loingeas Áth Cliath.



Don Léightheoir.



Ceanuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cóbhróchaidh san go
mór linn.



Gheobhair



TROSCÁN, CÁRRANA,
SLINNTE, ÁRAISTÍ CRÉ,
TÁTH ÁN (‘Nine Elms’ Cement),
SÍOLTA agus LEASÚ



go maith is go saor ó



Chomplucht Uí Dhonabháin,
i dTráighlí,



An siopa is sia ar bun i gCiarraidhe.



‘Donovan,’ Tráighlí — an focal sranng-sceul.



Scríobh indiu chúca.



Troscán agus Leabthacha,



ar fheabhas agus ar shaoire.



Deunfad-sa gnó a' Gaedhilg leat!



Seán Mac Eóinín,



‘CUALUCHT TROSCÁIN NA MUMHAN,’



Sráid a' Chapaill Bhuidhe a 63,



Corcaigh.



GRAMADACH NA GAEDHILGE.



“STUDIES IN MODERN IRISH”



(Part I.)



An t-Ath. Gearóid Ó Nualláin, ‘M.A., B.D.,
Ollamh Gaedhilge, do rinne.



6/- a luach. Ó



CHUALUCHT OIDEACHAIS ÉIREANN,



89 Sr. Talbóid,



in ÁTH CLIATH.



Cora cainnte na Gaedhilge d'á léiriú is
d'á míniú. Cainnt an Athar Peadar
& an Chéitinnig an bun atá aige.



“EUDACH NA DRUIPSIGHE.” Níl a shárú ann, a Ghaedhala. Áit atá go Gaedhlach amuigh is amach iseadh an ball
in a deintar é — Muileann Eudaigh na Druipsighe, i Múscraidhe, sa' Mhumhain.




L. 6


Tá ÁTHRAIGHE AIRGID



den tsaghas so go h-oireamhnach
mar Bhronntanas Baiste.



Deinimíd-ne iad san agus an
uile -shaghas eile mar atá —



CAILÍSÍ, CUIRN agus CUACHA,



agus



ÓRNÁIDÍ I BHFUIRM BONN



agus



CROSANA CEILTEACHA,



mar aon



le h-ÉIDE SAGART, LÁSAÍ, agus
COINNLEÓIRÍ.



I gCorcaigh a deintar.



Cuir tuairisc a luach ar



LIAM MAC AODHGÁIN & a Chl.-Mhac Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



CARABHATAÍ den PHOIPLÍN



AR GACH DATH is
AR GACH GNÉ DATHA.



LIAM Ó hAIMHEIRGÍN,
(‘w. Bergin’)



a dheinean do lucht siopaithe.



Scriobh ag triall air go



62 SRÁID GHRAFTON,



in ÁTH CLIATH.



I Lios Tuathail



gheobhair Bróga Gaedhlacha agus



Eudach Maith Gaedhlach



ó



Ó Móráin,



i SRÁID AN MHARGAIDH.



ó



Thomás Ó Murchadha



a gheobhair biadh maith blasta de
dheuntús Gaedhal, i gcóir Céilidhe
ó Feise, nó aon tsórt fleidhe.



UIBHE, BAGÚN



agus



gach saghas eile lóin!



SRÁID SHEÓIRSE A III
(ar aghaidh Árd-Oifige an Phuist anonn),
i gCORCAIGH.



Jimín Mháire Thaidhg.
(Tuille uaidh).



Nach ait na rudaí cailíní. Ní bhíonn
aon mhaith ionnta chun aon ní ach chun
screadaighe nuair dhéanfá aon ní leo,
nó chun tu scríobadh leis na h-ingne
nuair a bhíonn an t-olc ceart ortha.
Tá ceann aca sa tigh againne: Cáit.
Drifúr dom iseadh í agus tá sí níos
óige ná mise. Tá sí na peata 'ge
Mam agus ní bhíonn sí á bualadh mar
bhíonn sí am bualadh-sa agus ní ceart
é sin. Táim-se níos fearr ná Cáit ar
gach aon tsórt slí ach cad é an mhaith
sin — ní fhaghaim-se aon ní ó Mham ach an
tslat agus gheibheann Cáit peataireacht.
Má dheineann Cáit aon rud as an tslí
ní thugann mo mháthair di ach scríob dá
teangain. Cuireann sé sin an óinsín
ag gol. Más mar sin a dhéanfadh Mam
liom-sa é nach agam a bheadh an saoghal
breagh! Ní ghoilfinn dá mbeadh sí ag
cainnt go dtuitfeadh an teanga aisti.
Chuirfinn mo cheann fúm agus d'imtheoch-
ainn amach go dtí an stábla fé mar
dheineann Daid.



Ach níl aon mhaith i gCáit. Deir mo
mháthair liom bheith ag imirt léi agus bím
ar mo dhícheall. N'fhéadfadh sí aon léim
a chaitheamh, a dhuine, ná níl aon mhait
chun reatha innte. Bhí cnaipí deasa aici
agus dubhart léi imirt agus do bhuadhas
uaithe na cnaipí go léir do bhí sa bhosca
aici. Chrom sí ar ghol, a mhic ó! agus
níor theastuigh uaithe iad a thabhairt dom
i n-ao'-chor, ach bhaineas di iad. Ach, a
dhuine! thairrig sí an tigh orm leis an
screadaigh agus nuair tháinig Mam bhain
sí gach aon chnaipe aca dhíom; agus bhain
sí mo chuid féin leis díom a bhí ar
chórda agam. D'fhiafruigh sí cá bhfuaireas
iad go léir. D'innseas di gur bhuadhas
ó sna Buachaillí eile ar scoil iad ach
níor shásaimh san í gan féachaint ar mo
bhríste. Ní raibh cnaipe ann agam ach trí
puill déanta agam ann & na guaileain
greamaithe le dhá bhuaircín adhmaid agus
tairrnge trí n-órdlach. Dhein Mam beart
náireach orm annsan: chuir sí iachall orm
an dá chipín & an tairrnge a chaitheamh
uaim agus an bríste choimeád suas lem'
dhá láimh. Chaitheas trí lá mar sin go
raibh mo chroidhe Briste. Ach níorbh é sin a
chuir an straidhn ar fad orm ach Micilín
Eoin ag magadh fúm. Ní fhéadfainn
rith 'na dhiaidh tá's agat agus chráidh
sé me go raibh an gomh orm chuige.
An tríomhadh lá chuas go dtí Mam.
“A Mham,” arsa mise, “cuir isteach na
cnaipí dhom, má-má-má's é do thoil é.
Ní ghearrfad amach aon cheann go bráth
arís.” D'fhéach sí orm. Bhí sí d'iarraidh
a dhéanamh amach cad é an fuadar a
bhí fúm. “Á! dein, a Mhaimí,” arsa
mise “agus bead im' buachaillín maith.”
“Um-m-m,” ar sise, “n'fheadar an tsaoghal
cad é an t-atharú so teacht ort. Mar
sin féin cuirfead isteach iad; ach má
bhíonn sé de'n diabhar ort go gcuirfir
scian ar aon chean eile 'ca bainfead
an croiceann díot;” agus faid a bh í sí
ag cur na gcnaipí isteach bhí sí am chrothadh
mar dhéanfadh madra le franncach. “Seadh
'migh ort anois,” ar sise nuair bhíodar.
istigh aici agus na guaileáin i bhfearras
arís orm.”



Do bhuaileas an doras amach go breagh
Bog agus síos an buaile agus mo dhá láimh
i bpócaí mo bhríste agam 'á choimeád
suas, mar 'dheadh. Ní fada chuas nuair
chonnaic Micilín Eoin arís me agus seo
chugham é agus draid air ag magadh fúm.



“Bríste ar bhais!” ar seisean. “Bríste
ar bhais! Hí-ú! Hí-ú!”



Theastuigh uaim é mhealladh i n-aice
liom. “Caith crúistín nó cloch liom agus
tairrig ort me,” arsa mise.



“Caithfead, a bhríste ar bhais,” ar seisean
agus chrom sé síos chun cnapán laithighe
d'fhagháil a chaithfeadh sé liom. Sin é an
uair a Phreabas chuige. Nuair a chonnaic
sé 'teacht me agus gan aon lámh i n-aon
Phóca liom chuir sé béic as agus siúd
leis agus é a' screadaigh. Thána suas
leis agus thugas cor coise dho agus shín-
eas ar a dtalamh é. Shuidheas anuas air
annsan agus shádhas a shrón síos sa laithigh.
“Abair 'bríste ar bhais' anois, a Mhicilín,”
arsa mise agus chuireas dorn laithighe
síos laistigh dá léine. “Hop, a chapail-
lín,” arsa mise leis agus me síos, suas
ar a dhrom. Bhaineas sásamh mo chroidhe
as agus bhí ana-spóirt agam air go ceann
tamaill.



Sin é uair a tháinig Cáit agus do
loit sí an spórt orm. “Ó! faire, mo
náire, 'Jimín,” ar sise, agus dh'fhéach sí
orm agus a dhá súil mhóra ag cromadh
ar ghol. Dar fiadh, a dhuine, do stadas.
D'mthigh an spórt as an scéal dom ar
chuma éigin. “Mo náire é an bullaí mór,”
ar sise arís liom. An riabhach, a mhic ó,
go dtáinig náire orm féin. N' fheadar
i n-ao'-chor ca' 'na thaobh. D'éirigheas de
Mhicilín agus ná feadar cad a bhíos a
dhéanamh. Nuair a dh'éirigh sé sin bhí sé
ag gol agus bhí sé go léir salach ón
laithigh. Chuaidh Cáit anonn chuige agus bhí
sí 'féachaint air; annsan d'fhéach sí orm-sa
agus do líon a súile le deora agus do.
ghoil sí agus í d'iarraidh casóg Mhicilín
a ghlanadh le sliogán ruacan. N' fheadar
cad é an donas a tháinig orm féin. Bhí
náire orm. Níor fhan aon mheas agam
orm féin. Thabharfainn aon rud dá
bhféadainn an rud a dheineas le Micilín
a chur ar neamh-ní. Níor lugha liom aon
duine ar an saoghal ar an nóimeat san
ná Jimín Mháire Thaidhg. Bhí Cáit ag
glanadh leis an sliogán agus Micilín ag
coinneáilt na casóige dhi agus iad araon
ag gol.



Bhí sé déanta 'gam sarar thuigeas cad
a bhí ar siubhal agam. Chuas anonn chucha
agus rugas as an sliogán uaithe agus
thosnuigheas ar scríobadh. “Mo ghrádh thu,
'Jimín,” arsa Cáit. Ní fhéadfainn aon
fhocal a rádh. Tháinig rud éigin ait
im scórnaigh agus im' shúile gol ach do
rith deoir mhór anuas ar feadh na sróna
agam agus annsan ritheadar go léir
anuas. Ní dubhart aon ní ach chonnaic
Cáit me agus rith sí anall chugham agus
chuir sí a lámh orm. “Maith a' buachaill
thu, a dhritheáirín,” ar sise agus thriomuigh



Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha.



Biadh do Ghaelaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7



L. 7


sí mo shúile leis an mbib a bhí uirthi. Do
bhíos ar mo dhícheall ag glanadh Mhicilín
agus ná stadfainn ar chapall chun go
stadfadh an fonn guil a bhí orm. Do
stad fé dheire nuair bhí an laithigh ar fad
scríobtha. Annsan do gháir Cáit. “An
ndéanfaidh sibh muinntearthas anois?”
arsan cladhaire. D'fhéachas féin ar
Mhicilín.



“Déanfad,” arsa mise. “Déanfad-sa
leis,” arsa Micilín.



“Agus ní bheidh sibh ag troid níos mó?”
arsa Cáit.



“Ní bheimíd, a Cháit,” arsa sinne.



“Ná ní thabharfaidh sibh ainmeacha gránna
ar a chéile?”



“Ní thabharfam,” arsan dá amadáinín.
Annsan do gháir Cáit agus ríth sí eadrainn
istigh agus rug sí ar dhá mhuinirthle
orainn. “Rithidh” ar sise. As go Bráth
linn araon agus sinn ag tarrac Cáit
'nár ndiaidh agus sinn go léir ag gáirí.
Bhuail máthair Mhicilín linn; d'fhéach sí ar
a chuid éadaigh. “Cad a shailigh thu?” ar
sise agus d'fhéach sí go h-amhrasach orm
féin. “Is amhlaidh … is amhlaidh a thuiteas
agus me ag … ag rás le Jimín, a
mháthair.” Bhí an droch-amhras aici orm.
“Agus cad a leig thu?” ar sise agus í
ag cur na súl tríom-sa. Mheasas go
raibh léasadh eile 'teacht chugam ach do shaor
Micilín me. “Agus bhí an áit lán de
laithigh; ach féach a Mham, do ghlán Jimín
agus Cáit me. Níor imthigh seoid a bharra
orm,” agus siúd le Micilín arís agus
thairrig sé an bheirt eile 'gainn leis.
Ana-bhuachaill iseadh an Micilín sin — ní
ibh fhios agam go dtí 'nois é.



níl an náire imithe dhíom fós roime
Cáit … ach táim ana-cheanúil uirthe
agus ní chuirfidh me ag gol go deó
Rís í.



Mise Jimín.



Ceardaidhthe, Obair, Leisce.



16 — Tuirse istoidhche agus fiurse sa ló.
.i. Saoghal lucht saothair.



17 — Túirní socra agus mná gan ocras.
Cóir mhaith chun sníomhtha.



18 — Ní bheadh sí 'na codladh is an líon ar
an lochta.



.i. Bean neamhleisceamhail. ‘Líon ar an lochta’ =
líon gan sníomh.



19 — Ní h-ag cur coigeál i láimh óinsighe
é thabhairt duit-se.



.i. Is maith an sás tu chun an ghnótha a dhéanamh
go slachtmhar. “Coigeál i láimh óinsighe” = bean gan
chruinneas d'iarraidh sníomh.



20 — Inghean na bunóirsighe (? ban-abhrais-
each) adhbhar na h-óinsighe.



Bunóirseach [.i. banabhairseach] = bean snímh no
cárdála.



21 — Ní de'n abhras an chéad shnáth [ach
cuirid droch-mhná an bhaile chúcha é].



.i. Ní bhíonn an t-éadach mar bhíonn an chéad shnáth
fightear sa tseol = is minic ná bhíonn scéal chomh
h-olc agus cheapfá ó na thosach; dá bhrigh sin ba
cheart fanacht chun a dheire a chlos.



22 — Cíoraidís féibh mar shlámaidís.



.i. Má shlámaidís go hoolc bíodh an cíoradh anois
go docht aca. An té do dhein droch-ghníomh bíodh a
thoradh air féin.



23 — Abhras na mná moiche ní déanach ná
ní moch é.



chun obair a bheith déanta i dtráth ní gádh moch-
óiridhe ná airneán mí-réasúnta chuige ach dícheall
agus slacht.



24 — An olann a bhíonn ag Briseadh sa
tsníomh bíonn sí righin sa tseol.



25 — Féibh mar bhuaileann an muileann é
sloigeann an mála é.



.i. An t-arbhar. Deirtear é sin le duine a
chaithfeadh airgead chomh tiugh agus thuillfeadh daoine
eile dho é.



26 — Uain mhuilinn.
féach leat thuas “Uain cheardchan” uimh. 13.



27 — Is olc a mheileann leath-bhró.



.i. Gan an leath-bhró eile anuas uirthi. Is mó
ócáid ar a ndéintear úsaid den chainnt sin nuair
a bhíonn droch-fhearras ag duine chun a ghnótha a
dhéanamh.



28 — Tá go breagh! a tháiliúir, má chaillis
do mhéaracán.



Deirtear é sin le h-aon cheardaidhe a bhíonn gan
a chuid úirlisí.



29 — Máighistir scoile gan scian nó
píobaire gan dos nó táiliúir
gan méaracán.



30 — Dearmhad an chléirigh ar a chlog.



.i. gach dearmhad a deintear ar ghléas oibre ná
féadfaí aon rud a dhéanamh 'á iongnais. Deuglán
naomhtha bhí uair ar thurus na Rómha agus thug an
pápa clog aifrinn do. Thug seisean do'n chléireach
é chun a choimeádta. D'fhág an cléireach 'na dhiaidh
ar an dtráigh é, tré dhearmhad, agus iad ag filleadh.
nuair bhí Deuglán chun aifrinn a rádh ní raibh an
clog ag an gcléireach ach tré mhíorbhailt dé do
shnáimh an charraig ar ar fhág sé í na ndiaidh go
h-áirdmhóir na ndéise agus an clog uirthi.



31 — Cuid na dtáiliúirí de'n Aifreann.
.i. a dheire.



32 — Ba tháiliúra ar chnoc.
.i. Bheith gan aon bhó.



33 — Is tinn fear coise 's is ocrach fear
láimhe.



Fear coise .i. coisidhe. Fear láimhe .i. fear
bhíonn ag gabháil d'obair láimhe.



34 — Bíonn gach tosnú lag.



35 — Tosnú maith leath na h-oibre.



36 — An té go bhfuil scian aige fean-
nadh sé.



.i. An duine go bhfuil gléas aige bíodh sé
ag obair.



37 — Imhthigheann an tuirse agus fanann
an tairbhe.



38 — Is túisce tuilleamh ná tuarastal.



.i. Ní ceart do dhuine an díol d'éileamh go mbeidh
an obair déanta aige.



39 — Allus a mhaoil féin a ghriogas gach
n-aon.



40 — Tuinnte mear luaimneach ar uair
an tráthnóna.



.i. Greas fuinneamhail oibre i ndeire an lae.



41 — An saoghal go léir ag lorg céirde
is ná raghainn-se thar an díomh-
aointeas.



42 — B'fhusa liom bás de'n fhuacht d'fhagháil
ná me féin a théigheamh lem' ghnó.
fear leisceamhail a bhíonn i gceist nuair adeir-
tear é sin.



43 — Ualach giolla leisc — beireadh leis
nó fágadh.



Le leisce dá thuras a thabhairt bheadh sé ag iar-
raidh é go léir do bhreith leis d'aon turus is gur
minic a thuitfeadh sé go léir uaidh.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na húmaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.



“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces'
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN



Calaphort an Phápa, Corcaigh.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.



TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Teó.,
(‘H. JOHNSTON’)



Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaigh.



Gach cóir chun tig do dheunamh



Ón Úrlár Go Bárr
an Tighe:



Adhmad, Táthán agus Slinnte;



Áraistí Iarainn, Stóbhana, agus
Bácúsa;



Dathán, agus an uile shaghas Íle
'gus Ola.



Tá le fághail ó



‘CHOMPLUCHT EUSTACE,’
i gCorcaigh.



Scríobh chúca.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,
ó
MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua.,



2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)



CORCAIGH.



Feóil Úr Ghaedhlach.



Uaim-se gheobhair san.



agus



Eunlaith is Glasairí.



Mícheál Baróid,



Both a 64 & a 65, Margadh na Feóla,



Corcaigh.



Guthán a “276, Corcaigh.”



CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne
Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.


L. 8


'Sé



MAC CUILINN
Fear na Rásúr



Is aige atá



An Teasbánadh Rásúr



is mó in Éirinn; a luach ón
a 1/6 go 14/6.



Earra ar leith é seo:



RÁSÚR ÉADTROM
DEA'-FHAOBHAIR ar 9/-



(‘Hollow Ground.’)



Postas is uile.



Cuirfidh sé faobhpar maith ar shean-rásúr ar 7d.,
postas is uile.



MAC CUILINN, Fear na Rásúr,



SRÁID CHAPEL a 35, 36,



Baile Átha Cliath.



I Lios Tuathail



gheobhair



Áraistí Iarainn, Troscán & Rothair



ó Thomás ó Cróinín,
I SRÁID LIAM.



Nuair a bheir
i gCorcaigh



glaodhaigh isteach chugam-sa.



TÁ TEASBÁNADH MÓR
UAIREADÓIRÍ
AGUS FÁINNÍ ANSO.



MÍCHEÁL de RÓISTE,
Sráid Phádraig N. a 60,



CORCAIGH.



Nó scríobh chugam.



CHÓMH BLASTA



LE …



h-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
‘LEANDAR’



Tá 'á dhéanamh
i gCorcaigh



ag



Ó Dubdaill,



Ó Mathúna & a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa,
led' thoil.



Deoch



Bhlasta



Fholáin



iseadh



“TANÓRA”



Sugh Óráistí atá ann agus



Cois Laoi a deintar.



Scríobh chuig



SEÁN Ó DÁLAIGH is a Chua. tta.,



I gCORCAIGH,



in a thaobh.



Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.



“An Lúcania”



(de dhéantús na hÉireann)



ó



Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.



Do Fhear na Feirme
é seo:





SÍOLTA,



LEASÚ,



ÚIRLISÍ,



agus



BIADH BEITHIDHEACH



Le fághail, go maith is go saor, sa
tsiopa so:



‘SIOPA PLÚIR IS
MINE SHRÁID AN RÍ,’



An 3adh tigh i Sráid an Rí,
CORCAIGH.



Scríobh indiu & cuir tuairisc
a luacha &c.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk.






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services