Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Iúl, 1919
Title
Iúl, 1919
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1919
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. 20. IÚL, 1919. Dhá Phinginn a Fhiacha. CHUGAT AN BÁS! Cailleach-cur-an-Earraigh agus Cailleach- cur-a'-tSearraigh — chuaidh siad síos 'un na trágha a' cruinniú pota cnuasaigh. Fuair Cailleach-cur-an-Earraigh crúbanach agus bhuail sí sa druim é ar Chailligh-cur-a'- tSearraigh. “'Chailleach-cur-a'-tSearraigh, chugat a' bás!” “Gá bhfaca tú 's gár chuala tú?” “Chonnaic mé 's chuala mé fóir in mo dhruim a buaileadh.” Rith Cailleach-cur-an Earraigh & Cailleach-cur-a'-tSearraigh go dtainig siad chuige Iarna-fada-barraigh. “Iarna-fada-barraigh, chugat a' bás!” “Gá bhfaca tú 's gár chuala tú?” “Chonnaic mé 's chuala mé fóir in mo dhruim a buaileadh é!” Rith Cailleach- cur-an-Earraigh agus Cailleach-cur-a'- tSearraigh agus Iarna-fada-barraigh go dtainig siad chuige Cuaille-fada-fáil. “Chuaille-fada-fáil, chugat a' bás!” &rl., &rl. Rith Cailleach-cur-an-Earraigh agus Cailleach-cur-a'-tSearraigh agus Iarna- fada-barraigh agus Cuaille-fada-fáil go dtáinig siad chuige Magh-mór-na-maide. “Mhagh-mhór-na-maide, chugat a' bás!” “Gá bhfaca tú 's gár chuala tú?” “Connaic mé 's chuala mé fóir in mo dhruim a buaileadh é!” Rith Cailleach-cur-an-Earraigh agus Cailleach-cur-a'-tSearraigh agus Iarna- fada-barraigh & Cuaille-fada-fáil & Magh- mhór-na-maide go dtainig siad chuige Naos-mhaol-Choille, &rl. Rith Cailleach-cur-an-Earraigh, &rl. Go dtainig siad chuige Brachadóir-a'-Mhuilinn. “Bhrachadóir-a'-Mhuilinn, chugat a' bás!” &rl. Rith Cailleach-cur-an-Earraigh, &rl. … Go dtainig siad chuig an Sean-ghearran bán. “'Shean-ghearrain bháin, chugat a' bás! &rl. Rith Cailleach-cur-an-Earraigh agus Cailleach-cur-a'-tSearraigh agus Iarna- fada-barraigh & Cuaille-fada-fáil agus Magh-mór-na-maide agus Naos-mhaol- Choille agus Brachadóir-a'-Mhuilinn agus an Sean-ghearran bán go dtainig siad uilig anuas 'na trágha. Bhí sean-bhádaí agus bádaí úra ann. Dubhairt siad dá rachadh siad isteach 'sna bádaí úra an t-uisge a thiocfad isteach nach rachadh sé amach aríst acht dá rachadh isteach 'sna sean-bhádaí an t-uisge a thiocfadh isteach go rachadh sé amach aríst. Chuaidh siad uilig isteach 'sna sean-bhádaí. Bhí puill ionnta & thainig a' t-uisge isteach agus bádhadh iad uilig. Eachtra beag atá ag muintir Oméith Mara é seo. Chuir “Cearc a' Phrumpa” a bhí sa “Lóchrann” tamall ó shoin i gcuimhne dhom é. Mura bhfuil ciall ann chan mise do bhain as í. Peadar Ó Dúbhda, Dún Dealgan. DHÁ GHABHAR DHOMHNAILL. Bhí sé sin mar dhuine n-a chómhnuidhe thiar i mBólus ach ní fheadar-sa cé'r a díobh é. Bhí sgata beag gabhar aige. Ní raibh aon ní eile aige, puinn. Bhí braon bainne aige dá mbárr san tamall de'n mbliain i gcómhnuidhe. Do chuaidh dhá cheann des na gabhair go draib .i. áit san bhfaill ná féadfaidís teacht as. Bhí deirbhshiúr ag Dómhnall is bhí sí mar adéarfá lea' shimplidhe innti féin. Do bhí an dá ghabhar a' déanamh ana-thinnis di, iad a bheith sa draib. Ní raibh aon bheirt ná triúr chíodh sí a' caint le n-a chéile faid do bhí na gabhair sa draib ná deurfadh sí “Aillil-il-iú! ba dhóigh leat gurab' ortha atá cúram dhá ghabhar Dhómhnaill.” “Conus a tháinig na gabhair as an ndraib, a Sheáin, nó ar thánadar as a n-ao'-chor?” “Is amhlaidh bhíodar 's a n-aghaidh ar a chéile san draib. Dá mba ná beadh ann ach ceann do thiofadh sé ach ní fhéadfaidís teacht fé mar bhíodar. Tar éis bheith ann ana-thamal do shín ceann acu sa draib is chuaidh sé a chodladh. Chuaidh an ceann eile anáirde air ansan is do tháinig sé aníos. D'éirig leis an ngabhar eile teacht aníos leis nuair a fuair sé an áit fé féin. ‘Daingean na nGabhar’ atá mar ainm ar an áit n-a rabhdar ó shoin.” Ó bhéal-aithris Sheáin Uí Chonaill. Finghin na Leamhna. Bólus = bó-lus, lus do bhoin. “Níor chuaidh éinne go Bólus riamh ach i ndóchas rud fhagháil ann.” — Dáith Ó Gogáin. AN BHEAN 'S AN RÓN. Bhí an bhean so amuigh roim aon duine eile ar mhochóirighe na maidine an lá fé dheire agus nuair a chuaidh sí i radharc na trágha chonnaic sí an bhainirseach (an rón baineann) mhór bhreac sínte siar n-a cnap codlata ar grean na trágha ar an mbarra taoide. Ní lag-spridiúil a bhí sí ach ag machtnamh ar sheift chun teacht suas léi. Do ghaibh an tslighe síos féach- aint ar bheó nó ar mharbh di. Nuair a dhruid sí n-a h-aice ní raibh cor aisti … bhí sí na trom-shuan. Do láimhsigh sí cúpla cloichín & do chaith uirthi iad … Do bhraith & do mhúscail beagán agus do leig siar a ceann arís. Bhí 'fhios-sa age 'n mnaoi ansan gur beó a bhí sí & do bhí an fios céadna aici ná raibh sé n-a cumas féin cóir ná ceart a bhaint di ó'n uair ná ráinigh aon arm n-a timchioll. Do bhuail sí aníos ansa bhóthar chéadna, thug a h-aghaidh ar a dtigh chun airm a sholáthar … do chonnaic sí fear a ngort a' cur chré ar phrátaí le rainn. Do mhachtnaigh an bhean go tapaidh gur mhaith an t-arm an rann chun stráiméad a thabhairt do'n rón … thug sí a h-aghaidh fé dhéin an fhir agus d'innis a sgéal do. Is ar an bhfear ná raibh an leisge dul fé n-a déin, go mór-mhór nuair do bhí arm maith aige chun cirt a bhaint di. Seadh nuair a chuaidh an bheirt n-a radharc do bhí an rón máineálta léi síos go h-imeall an uisge & í tirm fós. Bhí an rann ag an bhfear. Do shleamhnuig an bheirt leó síos go ndeaghadar ar an gcladach. B'fhearra dhómhsa, arsan bhean, breith ar gheidín uirthe … b'fhéidir go gcoimeád- fainn moill duit-se uirthi, ar sise. Ná déin, ar seisean, sin mar dhein bean fadó é agus d'árduigh an rón léi í gan fagháil ó shoin. Aon bhuille amháin a thug an fear do'n rón, ansa drom, ach b'ionann léi an buille sin nó buille de'n pheann so am láimh, agus do ghlan léi an cuan amach. Tá an méid seo agam le rádh, atá fulag age rón críona stráiméad d'aon tsórt airm a dh'fhaghail; agus an buille sin a dh'fhagháil ó gach fear beó san oileán so … bheadh an rón beó n-a ndiaidh go léir mara sroicheadh aon bhuille aca an ceann aige. Tomás Ó Criomhthain, An Blascaod Mór. Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Teó. (‘H. JOHNSTON’) Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe. GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Gur bhriseadar na humaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces” Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Port an Phápa, CORCAIGH. NÍL A SHÁRÚ SO IN ÉIRINN MARGAIRÍN “LOVING CUP” I gCorcaigh a deintar. Tá le fáil in a phúntaibh nó in a chnapógaibh. ó DHEUNTÚSACHÁN AN tSEANDÚNA, I gCORCAIGH. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL is a chlann mhac (teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. Gheobhaidh do mhac togha na scoluidheachta — I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CHORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. AN RIDIRE AGUS A CHÉILE PÓSTA (Ó'n nDráma Beurla — “School for Scandal.”) An Ridire (i n-a aonar do): Cad is dóigh le seanduine atá 'n-a chóir nuair a phósann sé bean óg? Saoghal suairc, b'fhéidir. Mo dhiachair! Níl sé ach leath-bhliain anois ó phósas mo bhean, agus táim ar bhioraibh nimhe ó shin aici. Maidean an phósta féin, níor ghaibh sí tharm gan achrann beag a bheith ead- rainn; agus sul ar stad na cómhursain de bheith ag maoidheamh mo mhná óige orm, bhíos chómh tuirseach dem' mhargadh go mb'fhearr liom bheith marbh ná beó. Agus cé fheudfadh cur chun a ghnótha níos glioca ná mar a chuireas-sa? Do thoghas cailín símplí tuatha; do thoghas as an mbochtainacht í. Do cheapas go mbeadh sí ciallmhar, baileach, agus ná beadh caitheamh i ndiaidh sgléipe aici. Mo leun! ba mhór é mo dhear- mhad. Chómh luath is do bhíomair pósta do thug sí le feiscint ná raibh aon urraim aici dhom. Gabhann sí im' choinnibh ins gach uile shlighe. 'Sé tub- aist an sgéil é gur le grádh dhi a chuirim suas leis seo go léir. Tá sí a' raic mo ghustail; a' sgaoileadh mo chuid airgid leis an ngaoith; a' caitheamh sgléipe — “fúnsaí 's fáinní, 's lásaí daora.” Ha! seo chúghainn í. (Le 'n-a mhnaoi) A bhean, a bhean, deirim leat ná cuirfead suas a thuille leat. An Bhean: A Ridire, a Ridire, cuir suas liom nó cuir síos liom, pé'ca is feárr leat, ach caithfead-sa mo thoil féin d'fhagháil ins gach uile ní. 'Sé gnás na h-aimsire seo nach gádh do mhnaoi toradh ar bith do thabhairt ar a fear pósta. Leanfad-sa de'n ghnás. Ridire: Nách dual do'n fhear úghdarás a bheith aige ar a mhnaoi phósta? Bean: Úghdarás! má's é sin a theasduig uait cad 'na thaobh nár ghlacais chúghat mar inghín mé? Is soiléir go rabhais aosta do dhóithin chuige. Ridire: Ha! sin é an t-adhar, an t-aos. Ach innis an méid seo dhom, pé sgeul é: Cad chuige dhuit bheith chómh caithteach? Bean: Caithteach? Ní chaithim níos mó ná tá riachtanach do mhnaoi shaibhir gur mian léi an faision do leanamhaint. Ridire: 'Sé an faision daor díthcéille é — an oiread do chaitheamh ar bhláth- anaibh sa' gheimhreadh is do chothóchadh taobh dúthaighe. Bean: Mar sin bíd bláthana gann agus daor sa gheimhreadh, agus cad é mo leigheas air? Is ar fhuacht na h-aimsire is córa dhuit an milleán do chur agus ní orm-sa. Ridire: Is beag d'airgead a bhí le caith- eamh ar bhláthanaibh agat sul a bhfeac- aís mise. Bean: Is fíor san duit. Ridire: Do thógas as an ndealbhas tú. Bean: Mar a mbeadh gur as an ndealbhas a thógais me, an dóigh leat go bhfaghfá le tógaint me? Ridire: Feuch cad a dhéineas ó shin díot? Bean: Cad a dheinis díom? Ridire: Do dheineas bean shaibhir díot; do dheineas bean uasal díot; agus do dheineas mo chéile pósta dhíot. Bean: Dá m'áil leat comaoine bheag eile do chur orm anois do bheinn buidheach díot. Ridire: Cad í sin? Bean: Baintreabhach a dheunamh díom. Ridire: Is maith san uait; ach innsim duit cé go bhfuil ionat me' chrádha', ná fagh- air mar shásamh mo chroidhe do bhriseadh. Bean: Is tusa bhíonn im' chrádha'-sa. Níor chuireas aon ní riamh rómham ó phósamair nár chuiris isteach 'n-a thaobh orm. Cá bhfuil an bhean d'fheudfadh bheith ceann- sa, ná cneasda, ná ceannúil, is teine dhearg léi ó mhaidin go h-oidhche? An achuinghe is lúgha, ní bhíonn sé de mhis- neach agam iarraidh ort i dtaobh do chuid an-shriantachta. Ridire: Níl fonn orm-sa aon teine dhearg a chiomeád leat, a chailín. Bean: Níl grádh do'n achrann agam-sa ach chómh beag, a Ridire. Ridire: 'Sí an tsíocháin is fearr eadrainn. Ach cad í an achuinghe úd go rabhais ag tagairt di? Bean: Síntiús beag airgid atá uaim — dhá cheud púnt nó mar sin. Ridire: Dhá cheud púnt! Bean: Níl, a thuille. Ridire: Má thugaim an t-airgead so dhuit, a leanfaidh an t-síocháin eadrainn? Bean: Geallaim duit. Ridire (ag druidim i n-aice léi): A' gcuir- fir seula na póige ar an ngeallúint? Bean (ag druidim uaidh di agus í ag gáirí): Deunfaidh barra mo lámh, mar urradh, an gnó. Ridire: Bíodh 'n-a mhargadh; agus b'fhéidir gur gearr go ndeunfad socrú eile as a bhfaghair do dhóithin airgid. Bean: Míle buidheachas leat. Á! is breágh thagann an fhéile dhuit. Is deárthach anois tú leis an tsligh a bhís sul ar phósamair. An cuimhin leat mar a bhímis ag siubhal fé's na crannaibh sa tráthnóna — tusa ag innsint sgéal, agus — Ridire: Agus tusa chómh cúramach ag éis- teacht, agus — Bean: Do bhínn; agus do bhínn ag tógaint do pháirt nuair a bhíodh daoine eile a' tromaidheacht ort. Ridire: A mbítheá anois? Ba mhaith san uait. Bean: Do bhínn go deimhin; agus mo chol-ceathair, Sófí, nuair a ghlaodhadh sí “sean-chat” ort, deirinn ná rabhais chómh mí-dhathúil sin ar fad. Ridire: Gura maith agat. Bean: Agus deirinn go ndeunfá sórt maith céile do dhuine. Ridire: Agus deirtheá an ceart; agus as so amach anois ní bheidh lánamha i n-Éirinn chómh sona linn. Bean: Agus ní bheidh focal eadrainn go deo arís. Ridire: Go deo na ndeórann; san am cheudna a ghrádh ghil, ní mór duit bheith ar do sheachaint féin, óir is cuimhin leat ins gach aon-achrann beag a bhíodh eadrainn gur tusa thosnuigheadh é. Bean: Nách dóigh leat go bhfuil dearmhad beag agat ghá dheunamh, a Ridire mo chroidhe — nách cuimhin leat gur tusa thugadh a chúis dom. Ridire: Ach, a chaise, ná tuigeann tú gurb' olc an rud bheith ag breugnú dhuine. “BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid bhaile. Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.
Bean! Ná tosnuig-se mar sin, a Ghrianáin. Ridire: Feuch anois. Seo ar siubhal arís tú. Ná tuigeann tú gurb' é an rud atá agat ghá rádh an rud ceannan ceudna a chuireann fearg orm. Bean: Ach má thagann fearg gan chúis ort, cad é mo leigheas ort? Ridire: Chím gur maith leat troid arís. Bean: 'Sé an rud is sia siar im' chroidhe é, ach má bhíonn tusa id' chráidhteachán — Ridire: Anois, cé thosnuigheann? Bean: Ní dubhart pioc. Ní fheudfadh éinne seasamh leat. Ridire: 'Ná leat-sa. Bean: Bhí an ceart ag Sófí. Ridire: An gobaire beag! Bean: An bastún! ag maslú mo dhaoine muinnteardha. Ridire: Plánéidí na h-Éigipte anuas orm má bhim istig leat choidhche arís. Bean: Sin mar is feárr é. Ridire: Nár mhór an mí-ádh dhom aon-bhaint a bheith riamh agam leat! Bean: Nár mhór an t-amadán mé agus aon- bhaint a bheith riamh agam leat! Ridire: Ba mhaith leat me fhagháil. Cé bhí id' iarraidh? Bean: Fear ab fhearr ná tusa. Do bhris sé a mhuineál ó shin. Nár mhór an truagh nár thógas é? Ridire: Níl aon-teóra leat. Bean: Galar orainn araon is eadh é. Ridire: Sgarfam ó chéile go bráth. Bean: Dá luathacht iseadh is fearr; agus anois ó thagamíd le chéile ar sin, “ní beidh lánamha i n-Éirinn as so amach chómh sona linn.” Ach chím go bhfuil trí chéile ag teacht ort. Is fearra dhom bheith ag imtheacht. (Í d'imtheacht). Ridire (leis féin): Níl, agus ní bheidh. Briseadh sí mo chroidhe, ach ní bhfaghaidh sí mar shásamh mé chur trí na chéile. Gruagach an Tobair. Deártach = deallrathach. “AN SCORUIGHEACHT.” Leabhar nua é seo. Fionán Mac Coluim agus “Gruagach an Tobair” a sholáthruigh an t-adhbhar atá ann & do chuir slacht air agus do chuir i n-eagar é. Sé rud atá sa leabhar do réir a aith-theidil ná — “Cúrsaí oidhche scéalaidh- eachta is sean-aimsireachta mar a bhíonn ameasc na ndaoine ins na gleanntaibh i nDeas Mhumhain Tiar ar theorantaibh Chiarraighe is Chorcaighe. Deich leathnacha fichead atá ann, pictiúir ghreanta ghrinn ar a thosach le Mícheál Ó Riada. Réal a fhiacha. Is gnáth go moltar gach leabhar Gaedhilge — pe 'ca bhíonn sé go maith nó go h-olc. Dá brigh sin táim i dteannta ag an leabhar so óir níor mhaith liom gurab é thuigfí as mo thuairim-se air gurab é an gnáth-mholadh ar leabhar nua Gaedhilge atá 'á dhéanamh agam. Sé ba mhaith liom a tuigfí uaim gur deas an leabhar “An Scoraidheacht,” gur taithneamhach an t-adhbhar atá ann, gur Gaedhealach agus gur nádúrtha agus gur so-thuigthe an chainnt atá ann; agus go bhfaghaidh an t-aos óg (go mór mór) agus an t-aos fásta, leis, taithneamh & tairbhe ann. Aon duine mheabhrochadh a bhfuil sa leabhairín seo agus taithighe na gcor cainnte agus na n-abairtí & na dtomhas atá ann a dhéanamh — do bheadh, dar liom, an duine sin ar bhóthar ceart na Gaelgeoireachta. Molaim do gach duine é ná fuil an Ghaedhilg go nádúrtha Gaedhealach aige; molaim do lucht fogh- luma é, óir is tobar fíor-ghlan é chun deocha móra mílse Gaedhilge d'ól as & molaim do lucht na Gaedhilge cliste é mar is mó seod ann de sheodaibh na sean-aimsire. “An Seabhac.” “An Scoruigheacht,” ar n-a chur le chéile do “Ghruagach an Tobair” & d'Fhionán Mac Coluim. Bealtaine, 1919. 6d. Muinntir Fheallamháin, Cúirt an Dáma, Baile Átha Cliath. AN DÁ FHILE. Do bhí Eoghan Ruadh Ó Súiliobháin síos amach turas mar ba mhinic leis. D'airigh sé trácht ar fhile do chomhnuigh san áit & do cheap sé i n-a aigne féin go mbeadh trial aige as. D'imthigh sé leis go dtí n-a thigh go moch ar maidin. Nuair do chuaidh sé isteach ní raibh aon duine i n-a shuidhe roimis ach cailín óg do bhí síos suas ar fuaid an tighe. Do bhí an mhaidean fuar fliuch & do shuidh Eoghan i n-aice na teine d'á théidheadh féin. Do bhí císte ar thaobh na teine agus d'fhonn speic éigin do chur ar an gcailín dubh- airt Eoghan go neamh-fhuiseach — “A chailín, tá an t-arán d'á dhóghadh. Dá dhó — sin, a ceathair,” ars an cailín. “Hum!” arsa Eoghan. I gcionn tamaill eile do labhair sé arís agus d'fhiafruigh sé de'n chailín — “An gan eirghe fós atá t'athair?” “Am briathar féin nach eadh,” ar sise, “tá lán a chroidhe aige dhíobh an fhaid atáim-se agus beirt eile aige.” D'éis tréimhse eile tháinig fear an tighe anuas & seana-chába mór casóige anuas ar a ghuailnibh aige. Do shuidh sé ar chathaoir ar an dtaobh eile de'n tein- teán ar aghaidh Eoghain anonn. “Cad as duit-se,” ar seisean le h-Eoghan, “nó cad is ainm duit.” “Ó Shliabh Luachra mise,” arsa Eoghan, “agus Eoghan Ua Súileabháin m'ainm.” “Agus cad is ainm duit-se, led' thoil, a fhir a' tighe?” “Tá m'ainm fúm agus mo shloinne os mo chionn,” ar seisean. “Go mairir id' shláinte a Chathaoir Uí Chába,” ars Eoghan. Air sin do chromadar ar dheagh-aighneas le chéile. Agus do chaitheadar an lá go sultmhar meidhréiseach. Seán Ua Cadhla, Cuileann Uí Chaoimh. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. LEABHAIR A THAITHNFIDH LE GAEDHLAIBH, Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla, le fághail uainn-ne. Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg clár na leabhar. Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH, SRÁID DÁSON, a 45, BAILE-ÁTHA-CLIATH. Sranngscéalta mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” In ÁIRCÉID NA MUMHAN gheobhair LÁMHAINNÍ OLNA de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh. Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón, dubh, glaschaorach, geal agus donn. TÁ EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint ar gach cúntúis sa' tsiopa: ÁIRCÉID NA MUMHAN le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’ I gCORCAIGH. ó ‘CHUALUCHT EUMOINN MHIC EÓIN, Tta.’ (‘Ed. Johnson Ltd.’) a gheóbhair BUINN, SEÓDA, FÁINNÍ is CLOIG, ar dheise is ar shaoire. Scriobh ar lorg an ‘Luach-leabhráin’ go SRÁID GHRAFTON A 94, in ÁTH CLIATH. TÉIG FÉ DHÉIN “AN EMPÓRIUM” ar lorg Earraí Gaedhlacha — BÓNAÍ, CARABHATAÍ, LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ AGUS LÍNÉADACH. M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC, CILL ÁIRNE. Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill. Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.
CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA ó LÚCÁS DE BÚRCA. LÉINTE FO-LÉINTE STOCAÍ BÓNAÍ CARABHATAÍ de DHÉANTÚS GAEDHAL Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile: SRÁID PÁDRAIG N. a 105, CORCAIGH. (‘LUKE BURKE’) Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX is a chlann mhac (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. Choláiste Uí Comhraidhe, Carraig an Chabhaltaigh, Conndae an Chláir. 1919. An Cheud Seisiún: Ón 7adh lá de Iúl go dtí an 2ra. lá de Lúnasa. An Tarna Seisiún: Ón 4adh lá de Lúnasa go dtí an 30adh lá. Togha Teagaisc, Togha bídh is Togha Spóirt. Gheobhair an Clár, agus gach eolas, ón Rúnaidhe: ó Bhrian Ó h-Uiginn, Carraig an Chabhaltaigh. SCRÍOBH SCEUL DÚINN! Teastuighean ón gCualacht so gearra-sceulta nua-dhéanta & sceulta d'aistreófaí ó theang- thachaibh iasachta d'fháil go mbeadh idir 5,000 agus 15,000 focal i ngach ceann díobh. ‘Leabhra Locha Léin’ is ainm don sraith leabhar. Díolfar go maith as sceulta fóghanta. Gheobhair gach eolas ón mBainisteóir atá ag CUALACHT BHRÉANAINN, CILL ÁIRNE. Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.” Guthán: 7 Cork; i Midleton. AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh an Fear Gnótha. An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair. Na Díoltóirí. Ó Cuill agus a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. ÁR gCÚRAM FÉIN. Bíonn a lán daoine ag gearán gur deacair dóibh “An Lóchrann” d'fhagháil. Is truagh linn sin ach is baoghal gurab iad féin atá lochtach sa scéal. Níl an páipéar so le fagháil ach ag daoinibh go mbíonn sé órduighthe aca roimré. Tugaidís an t-órdú do'n díoltóir agus bíodh an t-órdú san fachta ag an mbainisteoir seo 'gainne ó'n ndíoltóir i n-am — óir stadann ineall an chló nuair a bhíonn na h-órduighthe cóimh- líonta. Tá sean-scéal beag ó Lughmhaigh (Ó Méith) i gcló againn an turus so. Tá súil againn go bhfaghaidh Muimhnigh taithneamh ann. B'fhéidir go dtosnóchaimís ar thuille des na sean-fhoclaibh a chur sa “Lóch- rann.” Is truagh gan iad i gcló, mar is iad toradh tuiscionna agus blátha teangan na nGaedheal iad, agus níl ach beagán de ghnáth-chainntibh na Muimhneach ar fagháil sa chló. Tá leabhar deas ar díol le seachtain. “An Scoruigheacht” is ainm do. “An Gruagach” agus Fionán Mac Coluim do dhein é. Réal atá air. Ceannuigh láithreach é. Is fada fánach a bhíd na Gaedhil scaipaithe. Litir againn ó'n ár nduine muinntearda i Springfield .i. Pádraig Ó h-Éigeartaigh, ag gabháil leith-scéil gan bheith ag scríobhadh dhúinn. Ró-bhruidiúil deir sé — na seacht séidthe ar séideadh i n-éineacht aige. 12,000 dolaer bailighthe aca i Springfield, adeir sé, ar son saoirse Éireann a phléidhe. Ó Uíbh Ráthach Pádraig. Agus seo chughainn litir eile aniar ó Chathair San Phroinsias i gCalafóirí ó'n “Spailpín Fánach.” Nach fada ó bhaile ó Árd na Caithne i gCorca Dhuibhne é — an áit gurab as don “Spailpín Fáin” sin. Ach féach — níor laguigh fós ar a ghrádh d'Éirinn. Tá £250 bailighthe aige do Scoil Éanna. Ba dhed' leithéid-se an Piarsach, a Spailpín uasail Fhánaigh. Dia leat. “An Seabhac.” BANNC AN RÓISTIG. Bhí fear des na Róistig i dTráighlí fad ó is do chuir sé bannc ar bun. Tighearnaí tailimh agus mórán eile go raibh airgead díomhaoin acu chuireadar go dtí Bannc an Róirtig é. Bhíodh eagla ar na daoinibh mórán airgid a a choimeád istig an uair sin mar do bhíodh beitheamhnaig a' rith istoidhche ag cuardach tighthe. Fé cheann cúpla bliain do dhún an Róisteach suas a bhannc is ní bhfaghadh aoinne a chuid airgid. Do bhí fear de threabhchas Bhéara gurbh' ainm do Murtí Óg Ó Súiliobháin go raibh deighleáil dá chuid airgid ann. Nuair a chualaidh sé gur dhún an bhannc do ghluais sé leis ó thuaidh go Dair Fhionáin mar a raibh úncal do. Dubhairt sé leis an úncal gur ag dul fé dhéin an Róistig do bhí sé féachaint an bhfaghadh sé aon chuid de'n airgead. Dubhairt an t-úncal go raibh fagháltas airgid uaidh féin leis ag an Róisteach ach go raibh eagla air gur turus in aisdear do dul 'á iarraidh anois. “Bainfe me triail as,” arsa Murtí. D'imthig sé chun bóthair gur shrois sé Tráighlí. Bhí sé ag gabháil síos is aníos an tsráid san áit n-ar chómhnuig an banncaer ar feadh i bhfad ag faire an tighe. Déanach sa tráthnóna do chonnaic sé cailín ag teacht amach as an dtig. Dhein Murtí fé n-a déin. Tharraic sé cúig bhille púint as a phóca is do thug sé do'n chailín iad is d'fhiafraig sé dhi an raibh an Róisteach age baile. Do bhreab an t-airgead an cailín. Dubhairt sí go raibh sé i mbarr an tighe ach go raibh órdú aici gan aoinne leigint isteach. “Leigfir-se mise isteach,” arsa Murtí. Dubhairt sí leis í féin do leanamhaint is go raghadh sí go dtí dorus a sheomra leis. Chaith Murtí dhe a bhróga is do shiubhlaig sé n-a bhuimpéisí. Do léim sé isteach sa tseomra agus a phiostal n-a láimh aige: “A scéiméir, cuir amach mo chuid airgid,” ar seisean. Tháinig crith-eagla ar an Róisteach roimis is do fuair sé a chuid airgid agus thug sé dhó é. “Cuir amach airgead m'úncail anois chugham,” ar seisean. Do dhéin sé é sin mar an gceudna. D'imthig Murtí abhaile ansan & nuair a chuir sé dhe a thuirse chuaidh sé treasna an chuain go dtí n-a úncal. Dubhairt sé sin ná raibh aon dul aige féin ar a chuid airgid d'fhághail go bráth mara mbeadh Murtí is d'fhág sé aige é. Tomás Ó Fianachta, Spúncán. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
LUIBH-EÓLAS. Tá áilneacht ar gach taobh dínn fan gacha bóthair. Má bhíon an radharc ceart againn chífeam áilneacht ins gach tor is ar fuaid gacha páirce. An Míosach. Tá an Míosach (Euphrasia Officinalis) ar na luibhean- aibh is gleóite dá dtugan an pháirc dúinn. Bíon an gas go ruain- neach caol, agus dréir na h-áite in a mbíon ag fás bíon faid dhá órlach nó faid lea'-troigh, nó troigh féin, ann. Bil- eóga beaga beárnacha a bhíon air; iad in a mbeirtibh, bileóg ar aghaidh bileóige, fhan an ghais suas. Ní bhíon aon chos d'á cuid féin fén mbileóig. In a mbeartaibh ar fíor-bharra an ghais a bhíd na blátha, agus blátha gleóite go léir is eadh iad. Níl de locht ortha ach a laighead. Bán nó lia'-ghorm a bhíon an bláth; agus aon smóilín buidhe amháin air, agus a lán ‘líne’ caol corcur. Imthighean de dheise is de chuma an bhlátha tamailín tréis é statha'. I measc Beurlóirí bhí de theist ar an Míosach gur leigheas ar thinneas súl nó laige radhairc é, ach níor airigheas aon-Ghaedhilgeóir riamh 'á rádh. Deirid Beuraigh gur maith an lus é chun an goile do ghlanadh go mear, ach is do réir mar a beirbheóchaí é dheunfadh sé an t-oibriú. Chuala Cláiríneach 'á rádh gur maith an glanaire fiacal é, má chogantar. Siúd is go bhfuil deallramh duine bhig uasail ar an Míosach, deirid feirmeóirí na h-Eilbhéise go bhfuil ‘an mheur’ aige, & gur beag air cuid na gcomharsan do chur chuige féin, agus is é teidiol mí- chlú atá aca dho — “gadaidhe an bhainne,” mar deirid go gcuirean sé lámh leis i bpréimh an fhéir agus go súghan sé ‘an fhuil’ as an bhfeur bocht, 'á fhágaint beó bocht. Ní bhlaisean aon-bhó an Míosach. (Tá ‘Radhaircín’ agus ‘Soillse na súl mar ainmeacha air i leabhar an Athar Éamonn Ó h-Ógáin). Dréimire Muire. Má tá bráthair ann don Mhíosach i dtaobh deiseachta bláth is é Dréimire Muire (Erythraea Centaur- ium) é. Comh-sceul dóibh i dtaobh faide an ghais; é in a rud mhaith árd nó é in a rudín cúpla órlach. Tá le fáil i gcomhgar Chnoic Réithe, ós Sionainn thiar, agus gan ach órlach go leith de ghas fé! Gas caol cruaidh a bhíon fé & is deas ar fad na blátha beaga lia'-dhearga a thagan air. Is beag a mbíon de bhileógaibh air 'ná de phréimh thíos leis. Lus beag baileach ‘chic’ is eadh é. Tá árd-mheas riamh ag Gaedhilgeóirí ar an nDréimire mar leigheas ar fallsaor (Sceinnidighe; ‘Neirbhís’) agus ar dhathacha féithe. Tá saghas de go mbíon bláth buidhe air. Dréimire Buidhe a deirtar leis sin. An Gháirleóg. Sa choill is mó chítear an Gháirleóg (Allium Ursinum), nó in aon áit ná beadh fuighe na gréine uirthe. Ní cumhra le h-aonne an balath a bhíon uaithe; balath an Inniúin is eadh é, ach é bheith seacht n-uaire níosa láidre. Tá cúpla saghas de ann, ach is mar a chéile iad i dtaobh balatha. Gasa boga a bhíon ar an nGairleóig, agus blátha beaga bána. Bíon ‘líne’ den dubh-chorcuire ar gach pithealán den bhláth; agus clúdach crón um gach beart bláth go dtagan an lá chun aeríochta; in a mbeartaibh is eadh fhásaid na blátha beaga. Tá árd-mheas ag Iodálaigh ar an nGáirleóig agus is cuma leó i dtaobh an treun-bhalatha anála a thagan dóibh ó bheith 'á chaitheamh. Tá dochtúir in Éirinn (is na Déisibh is dóigh liom) agus deir sé ná fuil leigheas ar bith 'ná cosaint ar bith ag daoine ar an droch-aicíd Spáinneach úd — an t-‘influénza’ nua, ach sugh na Gáirleóige. Chuir sé litir ar pháipeur an lae (18-6-1919) in a thaobh. Nuair a bhraithean an bhó aon laige scamhóg bheith uirthe nó aon ní i bhfuirm tuberculosis aimsighean sí an Gháirleóg agus bíon 'á h-ithe. Níl ansan ach ciall ainimhidhe, ámhthach, agus níl aon-mheas ag an nua-thuathanach ar chéill bhó, agus is é rud a dheinean an feirmeóir 'ná a chuid talmhan do chimeád saor ón ndeamhan Gáirleóige mar tagan blas ró-láidir ar bhainne na bó úd. Tagan, ach sin é chosnan an duine agus an bhó ar an scamh-ghalar. Ní shin é atá uainn-ne, muinntir na ré seo, ach leamhnacht mhilis chumhra, gach tráth riamh. Chonnac droch-phianta cnámh 'á leigheas ag dochtúir cois Laoi i mbliain a 1900 leis an nGáirleóig. Dhein sé í bheirbhiú go mhear ar bheagán uisce & ceirí dhí 'chur leis an nglúin nó leis an alt in a raibh an rimitighe. An phreumh (nó ‘an liathróid’) a bhí aige, & sa tsiopa chean- nuigh sé í. Is féidir an ceirí 'dheunamh gan an Gháirleóig a bheirbhiú in aon- chor. Tá an rud chomh láidir sin ná feadar an duine ciaca is measa dho — na dathacha nó an Gháirleóg, an galar nó an leigheas. (Tuille fós, le c. Dé). Seán Tóibín. “AR SCÁTH A CHÉILE.” Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn. A MHNÁ UAISLE! Tá fo-eudaighe do mhnáibh uaisle 'á dheunamh ag Gaedhilgeóirí sa Mhumhain. Earraí ar fheabhas an domhain is eadh iad. “ARTÁN” an t-earra-chomhartha atá ortha. Bídh 'á lorg ar lucht siopaithe. Má bhíthí ar an Oireachtas, téighidh fé dhéin lucht a ndeunta: LUCHT EUDAIGHE ‘ARTÁN,’ Sráid Thomáis Dáibhios a 40, i gCORCAIGH. Má tá eolas uait ar an nGaedhilg nó ar chionnos í mhúineadh, níl agat ach dul go dtí COLÁISTE AN DAINGIN Mí Iúil nó Mí Lughnasa, so chughainn. ón 30 VI. go dtí 26 VII. agus ón 28 VII. go dtí 30 VIII. Tá gach eolas le fagháil ó Rúnaidhe Coláiste an Daingin, Daingean Uí Chúise. OSCALÓFAR COLÁISDE NA MUMHAN i mBéal Átá 'n Ghaorthaidh i dtosach mí IÚIL, mar is gnáthach. Tá gach tuairisc in a thaobh le fághail ó'n Rúnaidhe, ó Liam De Róiste, Sráid an Chapail Bhuidhe a 27, Corcaigh. IOL-SCOIL NA MUMHAN (RING IRISH COLLEGE). Samhradh, 1919. An Chéad Teurma: Ó'n chéad lá Iúil go 31mhadh. An Dara Teurma: Ó'n chéad 4adh lá Lughnasa go 29mhadh. Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus breaghdha is eadh an Coláisde agus an tigh comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige ann agus na hOidí go toghtha. PÁDRAIG Ó CADHLA, An Fear le Scríobhadh. ANSO I gCATHAIR CHORCAIGHE, beidh COLÁISTE GAEDHILGE ar siubhal fé mar a bhí anuiridh; i rith MÍ IÚIL I gColáiste Bráthar na Toirbhirte. Scríobh chun an rúnaidhe ansúd. “ÉADACH na DRUIPSIGHE.” Níl a shárú ann, a Ghaedhala. Áit atá go Gaedhealach amuigh is amach iseadh an ball in a deintar é — Muileann Éadaigh na Druipsighe, i Múscraidhe, sa' Mhumhain.
NUAIR A THAGAIR GO CORCAIGH ná dearmhaid glaodhach chugainn-ne go bhfeicir na h- ÁRTHAÍ AIRGID i gcór té is caifí, i gcóir bláth is preátaí; na h- ÓRNÁIDÍ CEILTEACHA i bhfuirm Fleascáin, Buinn, nó Croise; agus na h- ÁRÁISTÍ TEAMPAILL, i bhfuirm Cailíse, Lampa, Monastráin, Coinnleóra nó Cloigín. SINN-NE A DHEINEANN ANSO COIS LAOI. LIAM MAC AODHGÁIN is a Chl. Mhac, Seódóirí & Gaibhne Geala, 32 Sráid Phádraig N., CORCAIGH NÍ GÁDH BEURLA 'LABHAIRT, ach an uair a raghair ar lorg SAIGRÉIDÍ MAITHE, agus deunfaidh dhá fhocal cúis ansan. Abair “SILK CUT” le cailín an tsiopa. I nDÚNDEALGAN a deintear, agus tá 'á gcaitheamh AR FUAID ÉIREANN. P. Ó CEARBHAILL IS A CHUA. (teor.) Lucht a ndeunta. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS STÁIN. ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ AGUS BIOTÁILE. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. COMHTHROM DO MHNÁIBH. Fear: Cá ngeóbhfar anois leat? Bean: Dein t'fhiafruighthe thort. Fear: !!! Bean: Ní h-aon ‘á’ na ‘ó’ é. Is mithid dúinn-ne mar mhnáibh sgiorta éigin dár dtoil féin a bheith againn. Is mithid dúinn sinn féin a chur i n-iúl agus ár gceart féin a sheasamh. Fear: A Thighearnaí! Cia an mío-ádh atá anois ort. Is dócha gurab í Siobhán Ní Mhadaí atá á chur san id' cheann. Nár chúitighidh Dia a saothar léi. Bean: Pé 'ca b'eadh nó nach eadh tá an ceart againn agus le congnamh Dé beidh an cead leis againn. Fan-se annsan i mbun an leinbh go dtagadsa abhaile. Fear: I mbun an leinbh! An amhlaidh a mheasfá imtheacht agus é d'fhágáil ann- so is gan aon-ne thabharfadh aire dhó. Bean: Déin-se amhlaidh. Dála an sgéil, ní fheadar cia is mó ceart. Fear: A Thighearna! Dar ndóigh. Seo, Seo. Léig uait do chuid magaidh agus tabhair aire don leanbh. Beán: 'S dóin, deunfairse é. Táim-se ag dul go Parliament na mBan. Fear: Nár leigidh Dia dhúinn iad. Feuch, a dtuigeann tú leat me? b'fhearra dhuit na capers a leigeant tharat agus aire thabhairt dod' chúram féin. B'é ba shia le dul ort is ní h-í Siobhán Ní Mhadaí is a cuid glaigínteachta. Bean: Léig-se tharat iad, ba mhithid duit sin mar is fada ort iad — tu ag im- theacht nuair ba mhaith leat id' rogha áit agus dom fhágbháil-se annso go h-aon- aránach chun greim te agus teanteán cluthmhar a bheith it' chóir agam ar filleadh dhuit. Ach do bheirim-se an leabhar go gcuirfead-sa 'ruchal leat, a bhuachaill. Ní bhead-sa im' Mháire Ní Ógáin agat feasta. Fear: Ar mh'anam-sa gur dóigh liom go bhfuil droch-fhuadar fút, a chailín. Dhe 'riú! nách deas an bhean agam thu? Cad é an donas atá dá thaidhreamh duit? Bean: Tá sé dá thaidhreamh dúinn gan leigeant do sna fearaibh seo againn, gabháil de chosaibh ionainn ní sa shia. Cuirfeam sinn féin i n-iúl agus san go neambalbh. Fear: Tá go breágh! agus feuch i leith orm, dá ndeineadh sibh san, dar ndóigh, ní bheadh sé do réir bhúr ngeallamhna féin. Bean: Cad iad na geallamhna? Fear: Gach duine agaibh do gheall os comh- air an tsagairt go dtiubhradh sibh grádh & úmhlaidheacht d'bhúr bhfearaibh pósta. Seadh, 'nois, a chailín. Bean: Tá gaoth agat! Ná fuil 'fhios ag an saoghal nách d'ao' ghnó do ceapadh na geallmhna sin chun sinn-ne do choim- eád istigh ó mhaidin go h-oidhche is ó Luan go Satharn is gan de chúram a bheith orainn ach ag córú agus ag ullmhú dhaoibh-se amháin & gan ach an chaol-chuid dá bhaodhchas orainn; agus gan cead a bheith dúinn ‘seadh’ ná ‘ní h-eadh’ do rádh le sprid ná púca. Fear: Cad eile ach san, a bhean, agus cad ab' áil libh á tharrac oraibh mar phósadh mara mbíonn sibh sásta leis. Bean: Is follus an díth céille orainn, mhuise, agus aon nidh dá leithéid a dheunamh agus dá gcuireadh Dia ar ár leas sinn, ní bhacfaimís tharainn sibh mar fhearaibh. Ach bímíd símplidhe, & nuair a thagann duine agaibh-se ag triall orainn agus bhúr gcuid bladair breagh bog & bhúr ngeallamhna breagha bréagacha — mealltar sinn & ní bhíonn fhios againn é go mbíonn sé déannach, go bhfóiridh Dia orainn! Fear: Dob' aindisighe ná san an treó a bheadh orraibh dá bhfanadh sibh gan an pósadh a dheunamh. An duine agaibh ná h-éirighean léi fear a sholáthar di féin, ní réidhfeadh Arísteaitil léi. Bean: An-duine-agaibh-ná-h-éirigheann-léi- fear-a-sholáthar! Mhuise, nár leigidh Dia dhom sibh maran sibh atá gan náire gan allus. Cia h-é a dheineann an soláthar? Cia chaitheann leathar na mbróg? Cia imthigheann n-a ghligín & feirc 'n-a hata? Fear: Seadh, tá an iomad cainte agat-sa ar fad & is mairg ná cuireann srian le n-a guth. Tá mo thaobh féin dá chur i gcrích agam-sa — déin-se an cleas ceudna. Bean: Agus cad é sin, is dóin? Fear: Deunamh fé mar deurfad-sa leat. Bean: Ó dhé! Mhuise go gcuiridh Dia an rath ort, a Sheáin, an dáiríribh ataoí? Fear: Ca mb' fháth nárbh' eadh, a bhean. Bean: Mhuise, 'n eadh 'nois, agus cia thug daoibh an smacht mór san ortha. Fear: Tá sé do réir nádúra a bhean. Bhí sé mar sin riamh agus beidh go deo agus nách chuige sin a dhein Dia sibh. Ná fuil sé san leabhar ag Pól Aspal? Bean: Cad é sin dúinne cad a sgrí'g Peadar ná Pól? Nách diail maith ná teipeann ar aonne agaibh, pé 'ca Pól aspal é nó Pilib an Chleite, an rud is maith libh féin a sgrí' agus an ceann is cruadha de gach sgeul do thabhairt do mhnáibh. Fear: Nách maith atá sé tuillte aca. Ó'n gceud lá do mheall Ébha an cheud fhear ná fuil an aindise — Bean: Éist do bheul, a challaire, is ná cloisim 'á rádh san arís thu. Ní mheall- faí mara mbeadh go raibh sé n-a phleidhce amadáin. Dá dtuiteadh an spéir is ar mhnáibh bochta a cuirfhí an milleán — gach rud dá chur ar an bhfear bodhar. Ach ba ghádh dhaoibh é chur ar dhuin' éigin agus an cuimil-a'-mhálín atá deunta de'n saoghal agaibh ó thosach. Tá an saoghal agus cúrsaí an tsaoghail fúibh féin riamh & is deas mar atá an sgeul agaibh. Is measa an saoghal indiu ná riamh. Níl ar siubhal ach goid & eugcóir, cogadh, agus fuil, agus marbhú, cuirip- theacht agus claidhreacht agus feall. Ní raibh a mhalairt d'fhuadar riamh fúibh ó'n gceud lá a mhairbh Céin a dhritheáir féin. Táthaoí indiu 'bhúr bhfágaint féin beo, bocht chun púdar & gunnaí móra a sholáthar chun a chéile a shéideadh san aer anáirde. Sin é an córú atá deunta ar an saoghal agaibh-se — sibh-se go bhfuil an chiall & an tuisgint go léir agaibh agus an smacht ar na mnáibh. Nách deas an chrích atá ar an saoghal agaibh. Ach fágtar fúinn-ne é mar mhnáibh & marab é an donas dearg orainn é beidh an sgeul ní b'fhearr — ba dhícheall do bheith ní sa mheasa. Na mná chuige! “Bhnsmmbhbhc.” Min Mhaghchromtha. An Mhin Choirce is fearr blas agus is mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha. Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
I SACSAIBH NA SÉAD. Gléas G. I Sacsaibh na séad i gcéin ó'm dhúthchas, Fé bharra na gcraobh cois cé na stiúr-bharc, Is mé ag machtnamh ar éag na bhflatha is na laoch I bhfearannaibh Chéin do túrnadh, Le Danair i spéirling chonncais, Dá gcabhair cé tréan mé i bhfionntar, Ag fearadh mo dhéar go lachtmhar le léan, Gan aiteas, gan réim, gan subhachas. Do dhearcas réiltheann ghréigeach, ghreanta Ghlé, bhí gasta, gnúis-gheal, Banamhail, béasach béal-tais, blasta, Céimeach, cneasta cúmtha Maiseamhail, méinneach, maordha measta, Aerach, aibig, umhalach, Na reathaibh ag téacht dob' éadtrom aistear, Taobh liom seal gur thúirling. Ba chamarsach léi-si a céibhe dlútha, Ó bhathas go féar ag slaodadh ar lúith-chrith, A mala ba chaol, a hathadh gan bhéim, A dearca 's a scéimh ba lonnrach; Bhí dearg an chaor ar úr-lil 'Na leacain ag déanamh conncais, Is ba bhlasta gach téacsa d'aitheasc a béal Ná spreagaireacht méar ar chiúin chruit. A seanga-chorp séimh mo phéin do dhúbail, Ó bhathas go féar go néata i gclúid chirt, Trér shearg mo ghné is do bhalbhuigh mé; Do leagadh mo ghéaga lútha Do dalladh mé d'éis gach cúrsa, Cé labharas léi go cúthail, Is d'aitcheas do'n bhé a h-ainm is a sceul, A treabha 's a tréad do thabhairt dam. Freagair-se mé an tú an réiltheann lonnrach Thug fearg is maodhm na Trae gan cionnta, Nó an ainnir thug léan is leagadh na nGaedh- eal, I bhfearannaibh Chéin is Iughaine, D'fhúig flatha is éigs' na dtriúch sain, Fé an amadh go tréith ag búraibh, Nó an gailtheann i gcéin tar chalaith do léim Ó Eamhain ag laoch 'na lonn-bharc. D'fhreagair ní h-aon do'n mhéid sin chanais Féin id' starthaibh lúb mé, Is ní chanfadh-sa scéal do strae dod' shamhail Géag do Chlannaibh Lúiteir, Danar i méinn, i gcéill is i gcealg, Réice is gaige ó Lúnndain, Tá i n-arm 's i n-éadach gléasta ag gearradh Géag is fasc mo Phrionnsa. Ná tarcuisnigh mé, a gheal-scéimh na gcúil- fhionn, Dar an leabhar so im' ghéag, ní h-aon d'á gcrú mé, Acht taistealach tréith thar caise le fraoch Do stracadh i gcéin ar úrla, Ag cabhair do'n té nár bh'fonn liom I mbarcaibh na bpiléar ar cubhar-mhuir, Is gur scagadh mo thréad as caise d'fhuil Gaedheal I gCaiseal ba réacsa cúige. Ó's dearbh gurab aon do récs-fhuil Chaisil Tréimhse snaidhmeadh liúm tú, Aithrisfead féin duit éachta m'aistir, Is scéalfad m'ainm ionnraic; Gairmid éigs' díom Éire mheabhail, Méirdreach chealg-chúrsach, Thug masla 'gus béim tré chlaon le Gallaibh Do thréid mo bhailte dúthchais. Tá sé seo ar na ceoltaibh is feárr do snaidhmeadh le Gaedhilg riamh is ó táthar ag gearán go gcloistear an iomad de ‘bhó na leath-adhairce’ ó stáidsíbh na Gaedhilge ba mhaith an t-‘atharrú ar an bport’ a leithéid do chleachtadh. Fuaireamair na focail i leabhar dánta Eoghain Ruaidh Uí Shúiliobháin leis an Athair P. S. Ó Duinnín agus an ceol san ‘Complete Petrie Collection. Muinntir an Lóchrainn. FINGHIN Ó SCANAILL. Deallruighim gur chualabhair go léir trácht ar Finghin Ó Scanaill, file do bhí sa dúthaigh seo tímpal céad go leith bliain ó shoin. Seadh bhí sé lá mar seo a dul chun an Aifrinn nuair do theang- mhaig an sagart paróisde leis a dul isteach geata an tséipéil dóibh araon. “Seadh, a Fhinghin,” ars an sagart, “bhfuil aon sgéal nua agat andiu.” “Tá, 'Athair,” arsa Finghin. “Tá mo bhean go h-olc. B'fhéidir go gcuirfá fé ghuidhe an phobuil í.” “Déanfad, a Fhinghin,” ars an sagart. Seadh, nuair tháinig an t-am do chuir an sagart bean Fhinghin fé ghuidhe an phobuil. Pé súil-fhéachaint thug an sagart cad a chífeadh sé ach bean Fhinghin ós a chomhair amach ag na ráileacha. Do chuir an sagart fios ar Fhinghin tar éis an Aifrinn is fearg mhór air ní nach iongna. “A chladhaire,” ar seisean, “ca' n-a thaobh go ndubhrais liom do bhean a chur fé ghuidhe an phobuil agus go bhfeaca ag an Aifreann í is gan aon ní uirthi.” “Is dóigh, 'Athair,” arsa Finghin, “níor mhaith riamh í sin, agus níor miste í an pobal do ghuidhe uirthi.” Seán Ó Gráinne, Sliabh Luachra. AN AIMSIR SCUIR. Triúr Gaedhilgeóirí gur mhaith leó an aimsir scuir do chaitheamh sa Ghaedhaltacht — in áit ná beadh ró-fhada ó'n mbóthar iarainn, Ní theastuighean uatha dul go h-aon bhall a bhfuil scoil Ghaedhilge ar siubhal ann. Níl uatha ach go mbeadh Gaedhilg ag muinntir an tighe agus go mbeadh fonn ortha í labhairt. Má tá aon tigh oireamhnach id' chomhgar- sa, a léighthóir, cuir in iúil don triúr é led thoil agus innis dóibh i dtaobh airgid an lóistín, &c. Triúr, f. c. Oifig “An Lóchrainn,” Corcaigh. Leabhair Nua iad so: “The Collegians” (G. Griffin); agus reumh- fhocal ann ó Phádraic Colm. “Stories of Irish Life” (Carleton); agus reumh-fhocal ann ó Darrell Figgis. “Maria Edgeworth” cuid d'ár scríobh rí; agus reumh-fhocal ann ó Malcolm Cotter Seton, m.a. Uimhir a 10, a 11, agus a 12 de “every Irish- man's library” iad san. Leabhair mhaithe ar 1/- an ceann iad so: “After Easter,” le Sibéal Tucaig. “Dark Days,” Lennox Robinson do rinne. “Leaves on The Wind,” S. M. Crevequer do scríobh. Scríobh indiu ar lorg an mhór-liosta leabhar. “CLÓ-LUCHT TALBÓID,” Áth Cliath. DEOCH BHLASTA FHOLÁIN ISEADH “TANÓRA” Sugh Óráistí atá ann agus Cois Laoi a deintar. Scríobh chuig Seán Ó Dálaigh is a Chua. tta., I gCORCAIGH, in a thaobh. FEÓIL ÚR GHAEDHLACH. Uaim-se gheobhair san. agus EUNLAITH is GLASAIRÍ. MÍCHEÁL BARÓID, Both a 64 & 65, Margadh na Feóla, CORCAIGH. Guthán a “276, Corcaigh.” CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne. Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.
GHEOBHAIR ROTHAR MAITH GAEDHLACH UAIM-SE: “AN LÚCÁNIA” Má tá mótarán uait; nó deisiú le deunamh ar rothar nó ar mhótarán nó ar mhótar mór, deunfad-sa go tapaidh is go toghtha dhuit é. PÁDRAIG Ó h-AODHA, Sráid Phembróc a 4 agus Sráid an Chinn Thuaidh a 17, CORCAIGH. TÁILLIÚIREACHT agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i nÉirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA, 11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH. COISTE CEÁRD-SCOL CHORCAIGHE. CUIRIDH RANNG GAEDHILGE AR BUN, nó Ranng Línidheachta, nó Cúrsaí Gnótha, nó ‘Ealadhan don Tuaith,’ (garradóireacht le h-aghaidh na Scol). Do mhúinteóirí scoile an gnó san go léir — do oidí Meadhon-Scoile, nó Bun-Scoile. Ní “múinteóir,” “monitor,” ámh. Má tugtar geallamhaint go mbeirfar láithreach go coitianta is go tráth- úil, ní bheidh duagh ar bith ann i dtaobh ranng do chur ar bun. Ní leanan aon-chostas an gnó. Cuirfidh an Rúnaidhe gach faisnéis chun aonne scríobhfidh chuige 'á lorg. S. Ó BUACHALLA, Rúnaidhe, Tig na Cúirte, Corcaigh. CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM! MARGAIRÍN ‘LEANDAR’ TÁ 'A DHÉANAMH I gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA & a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. I gCÚIGE MUMHAN a deunfar AN t-OIREACHTAS i mbliana, ÓN 3ADH LÁ GO DTÍ AN 9ADH LÁ DE MHÍ LUGHNASA, 1919. TÁ A LÁN DUAIS MHAITH LE BRONNADH. Cuir fios indiu ar an gClár go dtí AN RÚNAIDHE, Cearnóg an Pháirneulaigh a 25, i mBaile Átha Cliath. Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i. “AN LÚCANIA” (de dhéantús na hÉireann) ó Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat. DO FHEAR NA FEIRME É SEO: Tá SÍOLTA, LEASÚ, ÚIRLISÍ, agus BIADH BEITHIDHEACH le fághail, go maith is go saor, sa tsiopa so: ‘SIOPA PLÚR IS MINE SHRÁID AN RÍ,’ AN 3adh tigh i Sráid an Rí, CORCAIGH. Scríobh indiu & cuir tuairisc a luacha &c. Togha gacha bídh i gcór na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services