Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Iúl, 1919

Title
Iúl, 1919
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1919
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. 20. IÚL, 1919. Dhá Phinginn a Fhiacha.



CHUGAT AN BÁS!



Cailleach-cur-an-Earraigh agus Cailleach-
cur-a'-tSearraigh — chuaidh siad síos 'un na
trágha a' cruinniú pota cnuasaigh. Fuair
Cailleach-cur-an-Earraigh crúbanach agus
bhuail sí sa druim é ar Chailligh-cur-a'-
tSearraigh.



“'Chailleach-cur-a'-tSearraigh, chugat a'
bás!”



“Gá bhfaca tú 's gár chuala tú?”



“Chonnaic mé 's chuala mé fóir in mo
dhruim a buaileadh.” Rith Cailleach-cur-an
Earraigh & Cailleach-cur-a'-tSearraigh go
dtainig siad chuige Iarna-fada-barraigh.
“Iarna-fada-barraigh, chugat a' bás!”
“Gá bhfaca tú 's gár chuala tú?”
“Chonnaic mé 's chuala mé fóir in mo
dhruim a buaileadh é!” Rith Cailleach-
cur-an-Earraigh agus Cailleach-cur-a'-
tSearraigh agus Iarna-fada-barraigh go
dtainig siad chuige Cuaille-fada-fáil.
“Chuaille-fada-fáil, chugat a' bás!”
&rl., &rl.



Rith Cailleach-cur-an-Earraigh agus
Cailleach-cur-a'-tSearraigh agus Iarna-
fada-barraigh agus Cuaille-fada-fáil go
dtáinig siad chuige Magh-mór-na-maide.
“Mhagh-mhór-na-maide, chugat a' bás!”
“Gá bhfaca tú 's gár chuala tú?”
“Connaic mé 's chuala mé fóir in mo
dhruim a buaileadh é!”



Rith Cailleach-cur-an-Earraigh agus
Cailleach-cur-a'-tSearraigh agus Iarna-
fada-barraigh & Cuaille-fada-fáil & Magh-
mhór-na-maide go dtainig siad chuige
Naos-mhaol-Choille, &rl.



Rith Cailleach-cur-an-Earraigh, &rl. Go
dtainig siad chuige Brachadóir-a'-Mhuilinn.
“Bhrachadóir-a'-Mhuilinn, chugat a' bás!”
&rl.



Rith Cailleach-cur-an-Earraigh, &rl. …
Go dtainig siad chuig an Sean-ghearran
bán. “'Shean-ghearrain bháin, chugat a'
bás! &rl.



Rith Cailleach-cur-an-Earraigh agus
Cailleach-cur-a'-tSearraigh agus Iarna-
fada-barraigh & Cuaille-fada-fáil agus
Magh-mór-na-maide agus Naos-mhaol-
Choille agus Brachadóir-a'-Mhuilinn agus
an Sean-ghearran bán go dtainig siad
uilig anuas 'na trágha. Bhí sean-bhádaí
agus bádaí úra ann. Dubhairt siad dá
rachadh siad isteach 'sna bádaí úra an
t-uisge a thiocfad isteach nach rachadh sé
amach aríst acht dá rachadh isteach 'sna
sean-bhádaí an t-uisge a thiocfadh isteach
go rachadh sé amach aríst. Chuaidh siad
uilig isteach 'sna sean-bhádaí. Bhí puill
ionnta & thainig a' t-uisge isteach agus
bádhadh iad uilig.



Eachtra beag atá ag muintir Oméith Mara é seo.
Chuir “Cearc a' Phrumpa” a bhí sa “Lóchrann” tamall
ó shoin i gcuimhne dhom é. Mura bhfuil ciall ann chan
mise do bhain as í.



Peadar Ó Dúbhda,
Dún Dealgan.



DHÁ GHABHAR DHOMHNAILL.



Bhí sé sin mar dhuine n-a chómhnuidhe
thiar i mBólus ach ní fheadar-sa cé'r a
díobh é. Bhí sgata beag gabhar aige. Ní
raibh aon ní eile aige, puinn. Bhí braon
bainne aige dá mbárr san tamall de'n
mbliain i gcómhnuidhe.



Do chuaidh dhá cheann des na gabhair
go draib .i. áit san bhfaill ná féadfaidís
teacht as. Bhí deirbhshiúr ag Dómhnall is
bhí sí mar adéarfá lea' shimplidhe innti
féin. Do bhí an dá ghabhar a' déanamh
ana-thinnis di, iad a bheith sa draib. Ní
raibh aon bheirt ná triúr chíodh sí a' caint
le n-a chéile faid do bhí na gabhair sa
draib ná deurfadh sí “Aillil-il-iú! ba
dhóigh leat gurab' ortha atá cúram dhá
ghabhar Dhómhnaill.”



“Conus a tháinig na gabhair as an
ndraib, a Sheáin, nó ar thánadar as a
n-ao'-chor?”



“Is amhlaidh bhíodar 's a n-aghaidh ar a
chéile san draib. Dá mba ná beadh ann
ach ceann do thiofadh sé ach ní fhéadfaidís
teacht fé mar bhíodar. Tar éis bheith ann
ana-thamal do shín ceann acu sa draib
is chuaidh sé a chodladh. Chuaidh an ceann
eile anáirde air ansan is do tháinig
sé aníos. D'éirig leis an ngabhar eile
teacht aníos leis nuair a fuair sé an
áit fé féin. ‘Daingean na nGabhar’ atá
mar ainm ar an áit n-a rabhdar ó shoin.”



Ó bhéal-aithris Sheáin Uí Chonaill.



Finghin na Leamhna.



Bólus = bó-lus, lus do bhoin. “Níor chuaidh éinne
go Bólus riamh ach i ndóchas rud fhagháil ann.” —
Dáith Ó Gogáin.



AN BHEAN 'S AN RÓN.



Bhí an bhean so amuigh roim aon duine
eile ar mhochóirighe na maidine an lá fé
dheire agus nuair a chuaidh sí i radharc
na trágha chonnaic sí an bhainirseach (an
rón baineann) mhór bhreac sínte siar n-a
cnap codlata ar grean na trágha ar an
mbarra taoide. Ní lag-spridiúil a bhí
sí ach ag machtnamh ar sheift chun teacht
suas léi. Do ghaibh an tslighe síos féach-
aint ar bheó nó ar mharbh di. Nuair a
dhruid sí n-a h-aice ní raibh cor aisti
… bhí sí na trom-shuan. Do láimhsigh
sí cúpla cloichín & do chaith uirthi iad
… Do bhraith & do mhúscail beagán
agus do leig siar a ceann arís. Bhí
'fhios-sa age 'n mnaoi ansan gur beó a
bhí sí & do bhí an fios céadna aici ná
raibh sé n-a cumas féin cóir ná ceart
a bhaint di ó'n uair ná ráinigh aon arm
n-a timchioll. Do bhuail sí aníos ansa
bhóthar chéadna, thug a h-aghaidh ar a dtigh
chun airm a sholáthar … do chonnaic
sí fear a ngort a' cur chré ar phrátaí
le rainn. Do mhachtnaigh an bhean go
tapaidh gur mhaith an t-arm an rann
chun stráiméad a thabhairt do'n rón …
thug sí a h-aghaidh fé dhéin an fhir agus
d'innis a sgéal do. Is ar an bhfear ná
raibh an leisge dul fé n-a déin, go
mór-mhór nuair do bhí arm maith aige
chun cirt a bhaint di.



Seadh nuair a chuaidh an bheirt n-a
radharc do bhí an rón máineálta léi
síos go h-imeall an uisge & í tirm fós.
Bhí an rann ag an bhfear. Do shleamhnuig
an bheirt leó síos go ndeaghadar ar an
gcladach.



B'fhearra dhómhsa, arsan bhean, breith ar
gheidín uirthe … b'fhéidir go gcoimeád-
fainn moill duit-se uirthi, ar sise.
Ná déin, ar seisean, sin mar dhein
bean fadó é agus d'árduigh an rón léi
í gan fagháil ó shoin.



Aon bhuille amháin a thug an fear
do'n rón, ansa drom, ach b'ionann léi
an buille sin nó buille de'n pheann so
am láimh, agus do ghlan léi an cuan
amach.



Tá an méid seo agam le rádh, atá fulag age rón
críona stráiméad d'aon tsórt airm a dh'fhaghail;
agus an buille sin a dh'fhagháil ó gach fear beó san
oileán so … bheadh an rón beó n-a ndiaidh go léir
mara sroicheadh aon bhuille aca an ceann aige.



Tomás Ó Criomhthain,
An Blascaod Mór.



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.



TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Teó.
(‘H. JOHNSTON’)
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Gur bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.



“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces”
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Port an Phápa, CORCAIGH.



NÍL A SHÁRÚ SO IN ÉIRINN



MARGAIRÍN
“LOVING CUP”



I gCorcaigh a deintar. Tá le fáil in
a phúntaibh nó in a chnapógaibh.



ó



DHEUNTÚSACHÁN AN tSEANDÚNA,
I gCORCAIGH.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
is a chlann mhac (teo.),
CIONN tSÁILE,
Co. Chorcaighe.



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —



I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



AN RIDIRE AGUS A CHÉILE
PÓSTA



(Ó'n nDráma Beurla — “School for Scandal.”)



An Ridire (i n-a aonar do): Cad is dóigh
le seanduine atá 'n-a chóir nuair a
phósann sé bean óg? Saoghal suairc,
b'fhéidir. Mo dhiachair! Níl sé ach
leath-bhliain anois ó phósas mo bhean,
agus táim ar bhioraibh nimhe ó shin aici.
Maidean an phósta féin, níor ghaibh sí
tharm gan achrann beag a bheith ead-
rainn; agus sul ar stad na cómhursain
de bheith ag maoidheamh mo mhná óige
orm, bhíos chómh tuirseach dem' mhargadh
go mb'fhearr liom bheith marbh ná beó.
Agus cé fheudfadh cur chun a ghnótha
níos glioca ná mar a chuireas-sa? Do
thoghas cailín símplí tuatha; do thoghas
as an mbochtainacht í. Do cheapas
go mbeadh sí ciallmhar, baileach, agus
ná beadh caitheamh i ndiaidh sgléipe
aici. Mo leun! ba mhór é mo dhear-
mhad. Chómh luath is do bhíomair pósta
do thug sí le feiscint ná raibh aon
urraim aici dhom. Gabhann sí im'
choinnibh ins gach uile shlighe. 'Sé tub-
aist an sgéil é gur le grádh dhi a
chuirim suas leis seo go léir. Tá sí
a' raic mo ghustail; a' sgaoileadh mo
chuid airgid leis an ngaoith; a' caitheamh
sgléipe — “fúnsaí 's fáinní, 's lásaí
daora.” Ha! seo chúghainn í. (Le 'n-a
mhnaoi) A bhean, a bhean, deirim leat ná
cuirfead suas a thuille leat.



An Bhean: A Ridire, a Ridire, cuir suas
liom nó cuir síos liom, pé'ca is feárr
leat, ach caithfead-sa mo thoil féin
d'fhagháil ins gach uile ní. 'Sé gnás
na h-aimsire seo nach gádh do mhnaoi
toradh ar bith do thabhairt ar a fear
pósta. Leanfad-sa de'n ghnás.



Ridire: Nách dual do'n fhear úghdarás a
bheith aige ar a mhnaoi phósta?



Bean: Úghdarás! má's é sin a theasduig
uait cad 'na thaobh nár ghlacais chúghat
mar inghín mé? Is soiléir go rabhais
aosta do dhóithin chuige.



Ridire: Ha! sin é an t-adhar, an t-aos.
Ach innis an méid seo dhom, pé sgeul é:
Cad chuige dhuit bheith chómh caithteach?



Bean: Caithteach? Ní chaithim níos mó ná
tá riachtanach do mhnaoi shaibhir gur
mian léi an faision do leanamhaint.



Ridire: 'Sé an faision daor díthcéille
é — an oiread do chaitheamh ar bhláth-
anaibh sa' gheimhreadh is do chothóchadh
taobh dúthaighe.



Bean: Mar sin bíd bláthana gann agus
daor sa gheimhreadh, agus cad é mo
leigheas air? Is ar fhuacht na h-aimsire
is córa dhuit an milleán do chur agus
ní orm-sa.



Ridire: Is beag d'airgead a bhí le caith-
eamh ar bhláthanaibh agat sul a bhfeac-
aís mise.



Bean: Is fíor san duit.



Ridire: Do thógas as an ndealbhas tú.



Bean: Mar a mbeadh gur as an ndealbhas
a thógais me, an dóigh leat go bhfaghfá
le tógaint me?



Ridire: Feuch cad a dhéineas ó shin díot?



Bean: Cad a dheinis díom?



Ridire: Do dheineas bean shaibhir díot; do
dheineas bean uasal díot; agus do
dheineas mo chéile pósta dhíot.



Bean: Dá m'áil leat comaoine bheag eile
do chur orm anois do bheinn buidheach
díot.



Ridire: Cad í sin?



Bean: Baintreabhach a dheunamh díom.



Ridire: Is maith san uait; ach innsim duit
cé go bhfuil ionat me' chrádha', ná fagh-
air mar shásamh mo chroidhe do bhriseadh.



Bean: Is tusa bhíonn im' chrádha'-sa. Níor
chuireas aon ní riamh rómham ó phósamair
nár chuiris isteach 'n-a thaobh orm. Cá
bhfuil an bhean d'fheudfadh bheith ceann-
sa, ná cneasda, ná ceannúil, is teine
dhearg léi ó mhaidin go h-oidhche? An
achuinghe is lúgha, ní bhíonn sé de mhis-
neach agam iarraidh ort i dtaobh do
chuid an-shriantachta.



Ridire: Níl fonn orm-sa aon teine dhearg
a chiomeád leat, a chailín.



Bean: Níl grádh do'n achrann agam-sa ach
chómh beag, a Ridire.



Ridire: 'Sí an tsíocháin is fearr eadrainn.
Ach cad í an achuinghe úd go rabhais ag
tagairt di?



Bean: Síntiús beag airgid atá uaim — dhá
cheud púnt nó mar sin.



Ridire: Dhá cheud púnt!



Bean: Níl, a thuille.



Ridire: Má thugaim an t-airgead so dhuit,
a leanfaidh an t-síocháin eadrainn?



Bean: Geallaim duit.



Ridire (ag druidim i n-aice léi): A' gcuir-
fir seula na póige ar an ngeallúint?



Bean (ag druidim uaidh di agus í ag gáirí):
Deunfaidh barra mo lámh, mar urradh,
an gnó.



Ridire: Bíodh 'n-a mhargadh; agus b'fhéidir
gur gearr go ndeunfad socrú eile as
a bhfaghair do dhóithin airgid.



Bean: Míle buidheachas leat. Á! is breágh
thagann an fhéile dhuit. Is deárthach
anois tú leis an tsligh a bhís sul ar
phósamair. An cuimhin leat mar a
bhímis ag siubhal fé's na crannaibh sa
tráthnóna — tusa ag innsint sgéal,
agus —



Ridire: Agus tusa chómh cúramach ag éis-
teacht, agus —



Bean: Do bhínn; agus do bhínn ag tógaint
do pháirt nuair a bhíodh daoine eile a'
tromaidheacht ort.



Ridire: A mbítheá anois? Ba mhaith san
uait.



Bean: Do bhínn go deimhin; agus mo
chol-ceathair, Sófí, nuair a ghlaodhadh
sí “sean-chat” ort, deirinn ná rabhais
chómh mí-dhathúil sin ar fad.



Ridire: Gura maith agat.



Bean: Agus deirinn go ndeunfá sórt maith
céile do dhuine.



Ridire: Agus deirtheá an ceart; agus
as so amach anois ní bheidh lánamha i
n-Éirinn chómh sona linn.



Bean: Agus ní bheidh focal eadrainn go
deo arís.



Ridire: Go deo na ndeórann; san am
cheudna a ghrádh ghil, ní mór duit bheith
ar do sheachaint féin, óir is cuimhin
leat ins gach aon-achrann beag a bhíodh
eadrainn gur tusa thosnuigheadh é.



Bean: Nách dóigh leat go bhfuil dearmhad
beag agat ghá dheunamh, a Ridire mo
chroidhe — nách cuimhin leat gur tusa
thugadh a chúis dom.



Ridire: Ach, a chaise, ná tuigeann tú gurb'
olc an rud bheith ag breugnú dhuine.



“BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid bhaile.
Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.


L. 3


Bean! Ná tosnuig-se mar sin, a Ghrianáin.



Ridire: Feuch anois. Seo ar siubhal arís
tú. Ná tuigeann tú gurb' é an rud
atá agat ghá rádh an rud ceannan
ceudna a chuireann fearg orm.



Bean: Ach má thagann fearg gan chúis ort,
cad é mo leigheas ort?



Ridire: Chím gur maith leat troid arís.



Bean: 'Sé an rud is sia siar im' chroidhe é,
ach má bhíonn tusa id' chráidhteachán —



Ridire: Anois, cé thosnuigheann?



Bean: Ní dubhart pioc. Ní fheudfadh éinne
seasamh leat.



Ridire: 'Ná leat-sa.



Bean: Bhí an ceart ag Sófí.



Ridire: An gobaire beag!



Bean: An bastún! ag maslú mo dhaoine
muinnteardha.



Ridire: Plánéidí na h-Éigipte anuas orm
má bhim istig leat choidhche arís.



Bean: Sin mar is feárr é.



Ridire: Nár mhór an mí-ádh dhom aon-bhaint
a bheith riamh agam leat!



Bean: Nár mhór an t-amadán mé agus aon-
bhaint a bheith riamh agam leat!



Ridire: Ba mhaith leat me fhagháil. Cé bhí
id' iarraidh?



Bean: Fear ab fhearr ná tusa. Do bhris
sé a mhuineál ó shin. Nár mhór an truagh
nár thógas é?



Ridire: Níl aon-teóra leat.



Bean: Galar orainn araon is eadh é.



Ridire: Sgarfam ó chéile go bráth.



Bean: Dá luathacht iseadh is fearr; agus
anois ó thagamíd le chéile ar sin, “ní
beidh lánamha i n-Éirinn as so amach
chómh sona linn.” Ach chím go bhfuil trí
chéile ag teacht ort. Is fearra dhom
bheith ag imtheacht. (Í d'imtheacht).



Ridire (leis féin): Níl, agus ní bheidh.
Briseadh sí mo chroidhe, ach ní bhfaghaidh
sí mar shásamh mé chur trí na chéile.



Gruagach an Tobair.



Deártach = deallrathach.



“AN SCORUIGHEACHT.”



Leabhar nua é seo. Fionán Mac
Coluim agus “Gruagach an Tobair” a
sholáthruigh an t-adhbhar atá ann & do
chuir slacht air agus do chuir i n-eagar
é. Sé rud atá sa leabhar do réir a
aith-theidil ná — “Cúrsaí oidhche scéalaidh-
eachta is sean-aimsireachta mar a bhíonn
ameasc na ndaoine ins na gleanntaibh
i nDeas Mhumhain Tiar ar theorantaibh
Chiarraighe is Chorcaighe. Deich leathnacha
fichead atá ann, pictiúir ghreanta ghrinn
ar a thosach le Mícheál Ó Riada. Réal
a fhiacha.



Is gnáth go moltar gach leabhar
Gaedhilge — pe 'ca bhíonn sé go maith
nó go h-olc. Dá brigh sin táim i
dteannta ag an leabhar so óir níor
mhaith liom gurab é thuigfí as mo
thuairim-se air gurab é an gnáth-mholadh
ar leabhar nua Gaedhilge atá 'á dhéanamh
agam. Sé ba mhaith liom a tuigfí uaim
gur deas an leabhar “An Scoraidheacht,”
gur taithneamhach an t-adhbhar atá ann,
gur Gaedhealach agus gur nádúrtha agus
gur so-thuigthe an chainnt atá ann; agus
go bhfaghaidh an t-aos óg (go mór mór)
agus an t-aos fásta, leis, taithneamh &
tairbhe ann. Aon duine mheabhrochadh a
bhfuil sa leabhairín seo agus taithighe na
gcor cainnte agus na n-abairtí & na
dtomhas atá ann a dhéanamh — do bheadh,
dar liom, an duine sin ar bhóthar ceart
na Gaelgeoireachta. Molaim do gach
duine é ná fuil an Ghaedhilg go nádúrtha
Gaedhealach aige; molaim do lucht fogh-
luma é, óir is tobar fíor-ghlan é chun
deocha móra mílse Gaedhilge d'ól as
& molaim do lucht na Gaedhilge cliste
é mar is mó seod ann de sheodaibh
na sean-aimsire.



“An Seabhac.”



“An Scoruigheacht,” ar n-a chur le chéile do
“Ghruagach an Tobair” & d'Fhionán Mac Coluim.
Bealtaine, 1919. 6d. Muinntir Fheallamháin, Cúirt
an Dáma, Baile Átha Cliath.



AN DÁ FHILE.



Do bhí Eoghan Ruadh Ó Súiliobháin síos
amach turas mar ba mhinic leis. D'airigh
sé trácht ar fhile do chomhnuigh san áit &
do cheap sé i n-a aigne féin go mbeadh
trial aige as. D'imthigh sé leis go dtí
n-a thigh go moch ar maidin. Nuair do
chuaidh sé isteach ní raibh aon duine i
n-a shuidhe roimis ach cailín óg do bhí
síos suas ar fuaid an tighe. Do bhí an
mhaidean fuar fliuch & do shuidh Eoghan i
n-aice na teine d'á théidheadh féin. Do
bhí císte ar thaobh na teine agus d'fhonn
speic éigin do chur ar an gcailín dubh-
airt Eoghan go neamh-fhuiseach —



“A chailín, tá an t-arán d'á dhóghadh.
Dá dhó — sin, a ceathair,” ars an cailín.



“Hum!” arsa Eoghan.



I gcionn tamaill eile do labhair sé
arís agus d'fhiafruigh sé de'n chailín —



“An gan eirghe fós atá t'athair?”



“Am briathar féin nach eadh,” ar sise,
“tá lán a chroidhe aige dhíobh an fhaid
atáim-se agus beirt eile aige.”



D'éis tréimhse eile tháinig fear an
tighe anuas & seana-chába mór casóige
anuas ar a ghuailnibh aige. Do shuidh sé
ar chathaoir ar an dtaobh eile de'n tein-
teán ar aghaidh Eoghain anonn.



“Cad as duit-se,” ar seisean le
h-Eoghan, “nó cad is ainm duit.”



“Ó Shliabh Luachra mise,” arsa Eoghan,
“agus Eoghan Ua Súileabháin m'ainm.”
“Agus cad is ainm duit-se, led' thoil,
a fhir a' tighe?”



“Tá m'ainm fúm agus mo shloinne os
mo chionn,” ar seisean. “Go mairir id'
shláinte a Chathaoir Uí Chába,” ars Eoghan.



Air sin do chromadar ar dheagh-aighneas
le chéile. Agus do chaitheadar an lá go
sultmhar meidhréiseach.



Seán Ua Cadhla,
Cuileann Uí Chaoimh.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,



Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla,
le fághail uainn-ne.



Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH,
SRÁID DÁSON, a 45,
BAILE-ÁTHA-CLIATH.



Sranngscéalta mar seo: “Larch, Áth Cliath.”



An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



In
ÁIRCÉID NA MUMHAN
gheobhair
LÁMHAINNÍ OLNA
de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh.



Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón,
dubh, glaschaorach, geal agus donn.



TÁ EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint
ar gach cúntúis sa' tsiopa:



ÁIRCÉID NA MUMHAN
le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’
I gCORCAIGH.



ó ‘CHUALUCHT
EUMOINN MHIC EÓIN, Tta.’
(‘Ed. Johnson Ltd.’)



a gheóbhair
BUINN, SEÓDA,
FÁINNÍ is CLOIG,
ar dheise is ar shaoire.



Scriobh ar lorg an
‘Luach-leabhráin’ go



SRÁID GHRAFTON A 94,
in ÁTH CLIATH.



TÉIG FÉ DHÉIN
“AN EMPÓRIUM”
ar lorg Earraí Gaedhlacha —



BÓNAÍ, CARABHATAÍ,
LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ
AGUS LÍNÉADACH.



M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.


L. 4


CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA
ó
LÚCÁS DE BÚRCA.



LÉINTE
FO-LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
CARABHATAÍ
de DHÉANTÚS
GAEDHAL



Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:



SRÁID PÁDRAIG N. a 105,
CORCAIGH.



(‘LUKE BURKE’)



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



Choláiste Uí
Comhraidhe,
Carraig an
Chabhaltaigh,
Conndae an
Chláir.



1919.



An Cheud Seisiún:



Ón 7adh lá de Iúl
go dtí an 2ra. lá
de Lúnasa.



An Tarna Seisiún:



Ón 4adh lá de
Lúnasa go dtí
an 30adh lá.



Togha Teagaisc, Togha bídh
is Togha Spóirt.



Gheobhair an Clár, agus gach eolas,
ón Rúnaidhe: ó Bhrian Ó h-Uiginn,
Carraig an Chabhaltaigh.



SCRÍOBH SCEUL DÚINN!



Teastuighean ón gCualacht so
gearra-sceulta nua-dhéanta &
sceulta d'aistreófaí ó theang-
thachaibh iasachta d'fháil go mbeadh
idir 5,000 agus 15,000 focal i
ngach ceann díobh.



‘Leabhra Locha Léin’ is ainm don
sraith leabhar. Díolfar go maith
as sceulta fóghanta. Gheobhair
gach eolas ón mBainisteóir atá ag



CUALACHT BHRÉANAINN,
CILL ÁIRNE.



Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”



Guthán: 7 Cork; i Midleton.



AN LÓCHRANN.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh an Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair.



Na Díoltóirí.



Ó Cuill agus a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh



Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid
ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go
ceann bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



ÁR gCÚRAM FÉIN.



Bíonn a lán daoine ag gearán gur
deacair dóibh “An Lóchrann” d'fhagháil.
Is truagh linn sin ach is baoghal gurab
iad féin atá lochtach sa scéal. Níl an
páipéar so le fagháil ach ag daoinibh
go mbíonn sé órduighthe aca roimré.
Tugaidís an t-órdú do'n díoltóir agus
bíodh an t-órdú san fachta ag an
mbainisteoir seo 'gainne ó'n ndíoltóir
i n-am — óir stadann ineall an chló
nuair a bhíonn na h-órduighthe cóimh-
líonta.



Tá sean-scéal beag ó Lughmhaigh
(Ó Méith) i gcló againn an turus so.
Tá súil againn go bhfaghaidh Muimhnigh
taithneamh ann.



B'fhéidir go dtosnóchaimís ar thuille
des na sean-fhoclaibh a chur sa “Lóch-
rann.” Is truagh gan iad i gcló, mar
is iad toradh tuiscionna agus blátha
teangan na nGaedheal iad, agus níl ach
beagán de ghnáth-chainntibh na Muimhneach
ar fagháil sa chló.



Tá leabhar deas ar díol le seachtain.
“An Scoruigheacht” is ainm do. “An
Gruagach” agus Fionán Mac Coluim
do dhein é. Réal atá air. Ceannuigh
láithreach é.



Is fada fánach a bhíd na Gaedhil
scaipaithe. Litir againn ó'n ár nduine
muinntearda i Springfield .i. Pádraig
Ó h-Éigeartaigh, ag gabháil leith-scéil gan
bheith ag scríobhadh dhúinn. Ró-bhruidiúil
deir sé — na seacht séidthe ar séideadh i
n-éineacht aige. 12,000 dolaer bailighthe
aca i Springfield, adeir sé, ar son
saoirse Éireann a phléidhe. Ó Uíbh
Ráthach Pádraig.



Agus seo chughainn litir eile aniar ó
Chathair San Phroinsias i gCalafóirí ó'n
“Spailpín Fánach.” Nach fada ó bhaile
ó Árd na Caithne i gCorca Dhuibhne é —
an áit gurab as don “Spailpín Fáin”
sin. Ach féach — níor laguigh fós ar a
ghrádh d'Éirinn. Tá £250 bailighthe aige
do Scoil Éanna. Ba dhed' leithéid-se
an Piarsach, a Spailpín uasail Fhánaigh.
Dia leat.



“An Seabhac.”



BANNC AN RÓISTIG.



Bhí fear des na Róistig i dTráighlí
fad ó is do chuir sé bannc ar bun.
Tighearnaí tailimh agus mórán eile go
raibh airgead díomhaoin acu chuireadar
go dtí Bannc an Róirtig é. Bhíodh
eagla ar na daoinibh mórán airgid a
a choimeád istig an uair sin mar do
bhíodh beitheamhnaig a' rith istoidhche ag
cuardach tighthe.



Fé cheann cúpla bliain do dhún an
Róisteach suas a bhannc is ní bhfaghadh
aoinne a chuid airgid. Do bhí fear de
threabhchas Bhéara gurbh' ainm do Murtí
Óg Ó Súiliobháin go raibh deighleáil dá
chuid airgid ann. Nuair a chualaidh sé
gur dhún an bhannc do ghluais sé leis
ó thuaidh go Dair Fhionáin mar a raibh
úncal do. Dubhairt sé leis an úncal
gur ag dul fé dhéin an Róistig do bhí
sé féachaint an bhfaghadh sé aon chuid
de'n airgead. Dubhairt an t-úncal go
raibh fagháltas airgid uaidh féin leis
ag an Róisteach ach go raibh eagla
air gur turus in aisdear do dul 'á
iarraidh anois.



“Bainfe me triail as,” arsa Murtí.
D'imthig sé chun bóthair gur shrois sé
Tráighlí. Bhí sé ag gabháil síos is aníos
an tsráid san áit n-ar chómhnuig an
banncaer ar feadh i bhfad ag faire an
tighe. Déanach sa tráthnóna do chonnaic
sé cailín ag teacht amach as an dtig.
Dhein Murtí fé n-a déin. Tharraic sé cúig
bhille púint as a phóca is do thug sé
do'n chailín iad is d'fhiafraig sé dhi an
raibh an Róisteach age baile. Do bhreab
an t-airgead an cailín. Dubhairt sí go
raibh sé i mbarr an tighe ach go raibh
órdú aici gan aoinne leigint isteach.



“Leigfir-se mise isteach,” arsa Murtí.



Dubhairt sí leis í féin do leanamhaint is
go raghadh sí go dtí dorus a sheomra
leis. Chaith Murtí dhe a bhróga is do
shiubhlaig sé n-a bhuimpéisí.



Do léim sé isteach sa tseomra agus
a phiostal n-a láimh aige:



“A scéiméir, cuir amach mo chuid
airgid,” ar seisean. Tháinig crith-eagla
ar an Róisteach roimis is do fuair sé
a chuid airgid agus thug sé dhó é.



“Cuir amach airgead m'úncail anois
chugham,” ar seisean. Do dhéin sé é sin
mar an gceudna.



D'imthig Murtí abhaile ansan & nuair a
chuir sé dhe a thuirse chuaidh sé treasna
an chuain go dtí n-a úncal. Dubhairt sé
sin ná raibh aon dul aige féin ar a chuid
airgid d'fhághail go bráth mara mbeadh
Murtí is d'fhág sé aige é.



Tomás Ó Fianachta,
Spúncán.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 5


LUIBH-EÓLAS.



Tá áilneacht ar gach taobh dínn fan gacha bóthair.
Má bhíon an radharc ceart againn chífeam áilneacht
ins gach tor is ar fuaid gacha páirce.



An Míosach.



Tá an Míosach (Euphrasia
Officinalis) ar na luibhean-
aibh is gleóite dá dtugan
an pháirc dúinn. Bíon an gas go ruain-
neach caol, agus dréir na h-áite in a
mbíon ag fás bíon faid dhá órlach nó
faid lea'-troigh, nó troigh féin, ann. Bil-
eóga beaga beárnacha a bhíon air; iad
in a mbeirtibh, bileóg ar aghaidh bileóige,
fhan an ghais suas. Ní bhíon aon chos d'á
cuid féin fén mbileóig.



In a mbeartaibh ar fíor-bharra an ghais
a bhíd na blátha, agus blátha gleóite go
léir is eadh iad. Níl de locht ortha ach
a laighead.



Bán nó lia'-ghorm a bhíon an bláth;
agus aon smóilín buidhe amháin air, agus
a lán ‘líne’ caol corcur. Imthighean de
dheise is de chuma an bhlátha tamailín
tréis é statha'.



I measc Beurlóirí bhí de theist ar
an Míosach gur leigheas ar thinneas súl
nó laige radhairc é, ach níor airigheas
aon-Ghaedhilgeóir riamh 'á rádh. Deirid
Beuraigh gur maith an lus é chun an
goile do ghlanadh go mear, ach is do
réir mar a beirbheóchaí é dheunfadh sé
an t-oibriú. Chuala Cláiríneach 'á rádh
gur maith an glanaire fiacal é, má
chogantar.



Siúd is go bhfuil deallramh duine bhig
uasail ar an Míosach, deirid feirmeóirí
na h-Eilbhéise go bhfuil ‘an mheur’ aige,
& gur beag air cuid na gcomharsan do
chur chuige féin, agus is é teidiol mí-
chlú atá aca dho — “gadaidhe an bhainne,”
mar deirid go gcuirean sé lámh leis i
bpréimh an fhéir agus go súghan sé ‘an
fhuil’ as an bhfeur bocht, 'á fhágaint beó
bocht. Ní bhlaisean aon-bhó an Míosach.
(Tá ‘Radhaircín’ agus ‘Soillse na súl
mar ainmeacha air i leabhar an Athar
Éamonn Ó h-Ógáin).



Dréimire Muire.



Má tá bráthair ann
don Mhíosach i dtaobh
deiseachta bláth is é
Dréimire Muire (Erythraea Centaur-
ium) é. Comh-sceul dóibh i dtaobh faide
an ghais; é in a rud mhaith árd nó é
in a rudín cúpla órlach. Tá le fáil i
gcomhgar Chnoic Réithe, ós Sionainn thiar,
agus gan ach órlach go leith de ghas fé!



Gas caol cruaidh a bhíon fé & is deas
ar fad na blátha beaga lia'-dhearga a
thagan air. Is beag a mbíon de bhileógaibh
air 'ná de phréimh thíos leis. Lus beag
baileach ‘chic’ is eadh é.



Tá árd-mheas riamh ag Gaedhilgeóirí ar
an nDréimire mar leigheas ar fallsaor
(Sceinnidighe; ‘Neirbhís’) agus ar dhathacha
féithe. Tá saghas de go mbíon bláth
buidhe air. Dréimire Buidhe a deirtar
leis sin.



An Gháirleóg.



Sa choill is mó chítear
an Gháirleóg (Allium
Ursinum), nó in aon
áit ná beadh fuighe na gréine uirthe.
Ní cumhra le h-aonne an balath a bhíon
uaithe; balath an Inniúin is eadh é, ach é
bheith seacht n-uaire níosa láidre. Tá
cúpla saghas de ann, ach is mar a chéile
iad i dtaobh balatha.



Gasa boga a bhíon ar an nGairleóig,
agus blátha beaga bána. Bíon ‘líne’
den dubh-chorcuire ar gach pithealán den
bhláth; agus clúdach crón um gach beart
bláth go dtagan an lá chun aeríochta; in
a mbeartaibh is eadh fhásaid na blátha
beaga.



Tá árd-mheas ag Iodálaigh ar an
nGáirleóig agus is cuma leó i dtaobh
an treun-bhalatha anála a thagan dóibh ó
bheith 'á chaitheamh. Tá dochtúir in Éirinn
(is na Déisibh is dóigh liom) agus deir
sé ná fuil leigheas ar bith 'ná cosaint
ar bith ag daoine ar an droch-aicíd
Spáinneach úd — an t-‘influénza’ nua, ach
sugh na Gáirleóige. Chuir sé litir ar
pháipeur an lae (18-6-1919) in a thaobh.



Nuair a bhraithean an bhó aon laige
scamhóg bheith uirthe nó aon ní i bhfuirm
tuberculosis aimsighean sí an Gháirleóg
agus bíon 'á h-ithe. Níl ansan ach ciall
ainimhidhe, ámhthach, agus níl aon-mheas ag
an nua-thuathanach ar chéill bhó, agus is é
rud a dheinean an feirmeóir 'ná a chuid
talmhan do chimeád saor ón ndeamhan
Gáirleóige mar tagan blas ró-láidir
ar bhainne na bó úd. Tagan, ach sin
é chosnan an duine agus an bhó ar an
scamh-ghalar. Ní shin é atá uainn-ne,
muinntir na ré seo, ach leamhnacht mhilis
chumhra, gach tráth riamh.



Chonnac droch-phianta cnámh 'á leigheas
ag dochtúir cois Laoi i mbliain a 1900
leis an nGáirleóig. Dhein sé í bheirbhiú
go mhear ar bheagán uisce & ceirí dhí
'chur leis an nglúin nó leis an alt in
a raibh an rimitighe. An phreumh (nó ‘an
liathróid’) a bhí aige, & sa tsiopa chean-
nuigh sé í. Is féidir an ceirí 'dheunamh
gan an Gháirleóig a bheirbhiú in aon-
chor. Tá an rud chomh láidir sin ná
feadar an duine ciaca is measa dho —
na dathacha nó an Gháirleóg, an galar
nó an leigheas.



(Tuille fós, le c. Dé).



Seán Tóibín.



“AR SCÁTH A CHÉILE.”



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go
mór linn.



A MHNÁ UAISLE!



Tá fo-eudaighe do mhnáibh uaisle 'á dheunamh
ag Gaedhilgeóirí sa Mhumhain. Earraí
ar fheabhas an domhain is eadh iad. “ARTÁN”
an t-earra-chomhartha atá ortha. Bídh 'á lorg
ar lucht siopaithe. Má bhíthí ar an Oireachtas,
téighidh fé dhéin lucht a ndeunta:



LUCHT EUDAIGHE ‘ARTÁN,’
Sráid Thomáis Dáibhios a 40, i gCORCAIGH.



Má tá eolas uait ar an
nGaedhilg nó ar chionnos
í mhúineadh, níl agat ach
dul go dtí




COLÁISTE AN DAINGIN



Mí Iúil nó
Mí Lughnasa, so chughainn.



ón 30 VI. go dtí 26 VII.
agus
ón 28 VII. go dtí 30 VIII.



Tá gach eolas le fagháil ó Rúnaidhe
Coláiste an Daingin,
Daingean Uí Chúise.



OSCALÓFAR



COLÁISDE NA MUMHAN
i mBéal Átá 'n Ghaorthaidh



i dtosach mí
IÚIL, mar is
gnáthach.



Tá gach tuairisc in a thaobh le fághail
ó'n Rúnaidhe, ó Liam De Róiste,
Sráid an Chapail Bhuidhe a 27,
Corcaigh.



IOL-SCOIL NA MUMHAN
(RING IRISH COLLEGE).



Samhradh, 1919.



An Chéad Teurma:



Ó'n chéad lá Iúil go 31mhadh.



An Dara Teurma:



Ó'n chéad 4adh lá Lughnasa go 29mhadh.



Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus
breaghdha is eadh an Coláisde agus an tigh
comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go
cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige
ann agus na hOidí go toghtha.



PÁDRAIG Ó CADHLA,
An Fear le Scríobhadh.



ANSO
I gCATHAIR CHORCAIGHE,
beidh
COLÁISTE GAEDHILGE
ar siubhal fé mar a bhí anuiridh;



i rith
MÍ IÚIL



I gColáiste Bráthar na Toirbhirte.



Scríobh chun an rúnaidhe ansúd.



“ÉADACH na DRUIPSIGHE.” Níl a shárú ann, a Ghaedhala. Áit atá go Gaedhealach amuigh is amach iseadh an ball
in a deintar é — Muileann Éadaigh na Druipsighe, i Múscraidhe, sa' Mhumhain.


L. 6


NUAIR A THAGAIR GO CORCAIGH



ná dearmhaid glaodhach
chugainn-ne go
bhfeicir na h-
ÁRTHAÍ AIRGID
i gcór té is caifí,
i gcóir bláth is
preátaí; na h-
ÓRNÁIDÍ CEILTEACHA
i bhfuirm Fleascáin,
Buinn, nó Croise;
agus na h-
ÁRÁISTÍ TEAMPAILL,
i bhfuirm Cailíse, Lampa,
Monastráin, Coinnleóra
nó Cloigín.



SINN-NE A DHEINEANN
ANSO COIS LAOI.



LIAM MAC AODHGÁIN
is a Chl. Mhac,
Seódóirí & Gaibhne Geala,
32 Sráid Phádraig N., CORCAIGH



NÍ GÁDH BEURLA 'LABHAIRT,
ach an uair a raghair ar lorg
SAIGRÉIDÍ MAITHE,
agus deunfaidh dhá fhocal cúis ansan.



Abair
“SILK CUT”
le cailín an tsiopa.



I nDÚNDEALGAN
a deintear, agus tá 'á gcaitheamh
AR FUAID ÉIREANN.



P. Ó CEARBHAILL IS A CHUA.
(teor.)



Lucht a ndeunta.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



COMHTHROM DO MHNÁIBH.



Fear: Cá ngeóbhfar anois leat?



Bean: Dein t'fhiafruighthe thort.
Fear: !!!



Bean: Ní h-aon ‘á’ na ‘ó’ é. Is mithid
dúinn-ne mar mhnáibh sgiorta éigin dár
dtoil féin a bheith againn. Is mithid
dúinn sinn féin a chur i n-iúl agus ár
gceart féin a sheasamh.



Fear: A Thighearnaí! Cia an mío-ádh atá
anois ort. Is dócha gurab í Siobhán Ní
Mhadaí atá á chur san id' cheann. Nár
chúitighidh Dia a saothar léi.



Bean: Pé 'ca b'eadh nó nach eadh tá an
ceart againn agus le congnamh Dé
beidh an cead leis againn. Fan-se
annsan i mbun an leinbh go dtagadsa
abhaile.



Fear: I mbun an leinbh! An amhlaidh a
mheasfá imtheacht agus é d'fhágáil ann-
so is gan aon-ne thabharfadh aire dhó.
Bean: Déin-se amhlaidh. Dála an sgéil,
ní fheadar cia is mó ceart.



Fear: A Thighearna! Dar ndóigh. Seo,
Seo. Léig uait do chuid magaidh agus
tabhair aire don leanbh.



Beán: 'S dóin, deunfairse é. Táim-se
ag dul go Parliament na mBan.



Fear: Nár leigidh Dia dhúinn iad. Feuch,
a dtuigeann tú leat me? b'fhearra
dhuit na capers a leigeant tharat agus
aire thabhairt dod' chúram féin. B'é
ba shia le dul ort is ní h-í Siobhán Ní
Mhadaí is a cuid glaigínteachta.



Bean: Léig-se tharat iad, ba mhithid duit
sin mar is fada ort iad — tu ag im-
theacht nuair ba mhaith leat id' rogha áit
agus dom fhágbháil-se annso go h-aon-
aránach chun greim te agus teanteán
cluthmhar a bheith it' chóir agam ar
filleadh dhuit. Ach do bheirim-se an
leabhar go gcuirfead-sa 'ruchal leat,
a bhuachaill. Ní bhead-sa im' Mháire Ní
Ógáin agat feasta.



Fear: Ar mh'anam-sa gur dóigh liom go
bhfuil droch-fhuadar fút, a chailín. Dhe
'riú! nách deas an bhean agam thu?
Cad é an donas atá dá thaidhreamh
duit?



Bean: Tá sé dá thaidhreamh dúinn gan
leigeant do sna fearaibh seo againn,
gabháil de chosaibh ionainn ní sa shia.
Cuirfeam sinn féin i n-iúl agus san
go neambalbh.



Fear: Tá go breágh! agus feuch i leith orm,
dá ndeineadh sibh san, dar ndóigh, ní
bheadh sé do réir bhúr ngeallamhna féin.



Bean: Cad iad na geallamhna?



Fear: Gach duine agaibh do gheall os comh-
air an tsagairt go dtiubhradh sibh grádh
& úmhlaidheacht d'bhúr bhfearaibh pósta.
Seadh, 'nois, a chailín.



Bean: Tá gaoth agat! Ná fuil 'fhios ag
an saoghal nách d'ao' ghnó do ceapadh
na geallmhna sin chun sinn-ne do choim-
eád istigh ó mhaidin go h-oidhche is ó
Luan go Satharn is gan de chúram a
bheith orainn ach ag córú agus ag ullmhú
dhaoibh-se amháin & gan ach an chaol-chuid
dá bhaodhchas orainn; agus gan cead
a bheith dúinn ‘seadh’ ná ‘ní h-eadh’ do
rádh le sprid ná púca.



Fear: Cad eile ach san, a bhean, agus cad
ab' áil libh á tharrac oraibh mar phósadh
mara mbíonn sibh sásta leis.



Bean: Is follus an díth céille orainn,
mhuise, agus aon nidh dá leithéid a
dheunamh agus dá gcuireadh Dia ar ár
leas sinn, ní bhacfaimís tharainn sibh
mar fhearaibh. Ach bímíd símplidhe, &
nuair a thagann duine agaibh-se ag
triall orainn agus bhúr gcuid bladair
breagh bog & bhúr ngeallamhna breagha
bréagacha — mealltar sinn & ní bhíonn
fhios againn é go mbíonn sé déannach,
go bhfóiridh Dia orainn!



Fear: Dob' aindisighe ná san an treó a
bheadh orraibh dá bhfanadh sibh gan an
pósadh a dheunamh. An duine agaibh ná
h-éirighean léi fear a sholáthar di féin,
ní réidhfeadh Arísteaitil léi.



Bean: An-duine-agaibh-ná-h-éirigheann-léi-
fear-a-sholáthar! Mhuise, nár leigidh
Dia dhom sibh maran sibh atá gan náire
gan allus. Cia h-é a dheineann an
soláthar? Cia chaitheann leathar na
mbróg? Cia imthigheann n-a ghligín &
feirc 'n-a hata?



Fear: Seadh, tá an iomad cainte agat-sa
ar fad & is mairg ná cuireann srian
le n-a guth. Tá mo thaobh féin dá chur
i gcrích agam-sa — déin-se an cleas
ceudna.



Bean: Agus cad é sin, is dóin?



Fear: Deunamh fé mar deurfad-sa leat.



Bean: Ó dhé! Mhuise go gcuiridh Dia an
rath ort, a Sheáin, an dáiríribh ataoí?



Fear: Ca mb' fháth nárbh' eadh, a bhean.



Bean: Mhuise, 'n eadh 'nois, agus cia thug
daoibh an smacht mór san ortha.



Fear: Tá sé do réir nádúra a bhean. Bhí
sé mar sin riamh agus beidh go deo
agus nách chuige sin a dhein Dia sibh.
Ná fuil sé san leabhar ag Pól Aspal?
Bean: Cad é sin dúinne cad a sgrí'g
Peadar ná Pól? Nách diail maith ná
teipeann ar aonne agaibh, pé 'ca Pól
aspal é nó Pilib an Chleite, an rud is
maith libh féin a sgrí' agus an ceann is
cruadha de gach sgeul do thabhairt do
mhnáibh.



Fear: Nách maith atá sé tuillte aca. Ó'n
gceud lá do mheall Ébha an cheud fhear
ná fuil an aindise —



Bean: Éist do bheul, a challaire, is ná
cloisim 'á rádh san arís thu. Ní mheall-
faí mara mbeadh go raibh sé n-a phleidhce
amadáin. Dá dtuiteadh an spéir is
ar mhnáibh bochta a cuirfhí an milleán —
gach rud dá chur ar an bhfear bodhar.
Ach ba ghádh dhaoibh é chur ar dhuin' éigin
agus an cuimil-a'-mhálín atá deunta
de'n saoghal agaibh ó thosach. Tá an
saoghal agus cúrsaí an tsaoghail fúibh
féin riamh & is deas mar atá an sgeul
agaibh. Is measa an saoghal indiu ná
riamh. Níl ar siubhal ach goid & eugcóir,
cogadh, agus fuil, agus marbhú, cuirip-
theacht agus claidhreacht agus feall.
Ní raibh a mhalairt d'fhuadar riamh fúibh
ó'n gceud lá a mhairbh Céin a dhritheáir
féin. Táthaoí indiu 'bhúr bhfágaint féin
beo, bocht chun púdar & gunnaí móra
a sholáthar chun a chéile a shéideadh san
aer anáirde. Sin é an córú atá
deunta ar an saoghal agaibh-se —
sibh-se go bhfuil an chiall & an tuisgint
go léir agaibh agus an smacht ar na
mnáibh. Nách deas an chrích atá ar an
saoghal agaibh. Ach fágtar fúinn-ne é
mar mhnáibh & marab é an donas dearg
orainn é beidh an sgeul ní b'fhearr —
ba dhícheall do bheith ní sa mheasa. Na
mná chuige!



“Bhnsmmbhbhc.”



Min Mhaghchromtha. An Mhin Choirce is fearr blas agus is mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha.



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


I SACSAIBH NA SÉAD.



Gléas G.



I Sacsaibh na séad i gcéin ó'm dhúthchas,
Fé bharra na gcraobh cois cé na stiúr-bharc,
Is mé ag machtnamh ar éag na bhflatha is na
laoch
I bhfearannaibh Chéin do túrnadh,
Le Danair i spéirling chonncais,
Dá gcabhair cé tréan mé i bhfionntar,
Ag fearadh mo dhéar go lachtmhar le léan,
Gan aiteas, gan réim, gan subhachas.



Do dhearcas réiltheann ghréigeach, ghreanta
Ghlé, bhí gasta, gnúis-gheal,
Banamhail, béasach béal-tais, blasta,
Céimeach, cneasta cúmtha
Maiseamhail, méinneach, maordha measta,
Aerach, aibig, umhalach,
Na reathaibh ag téacht dob' éadtrom aistear,
Taobh liom seal gur thúirling.



Ba chamarsach léi-si a céibhe dlútha,
Ó bhathas go féar ag slaodadh ar lúith-chrith,
A mala ba chaol, a hathadh gan bhéim,
A dearca 's a scéimh ba lonnrach;
Bhí dearg an chaor ar úr-lil
'Na leacain ag déanamh conncais,
Is ba bhlasta gach téacsa d'aitheasc a béal
Ná spreagaireacht méar ar chiúin chruit.



A seanga-chorp séimh mo phéin do dhúbail,
Ó bhathas go féar go néata i gclúid chirt,
Trér shearg mo ghné is do bhalbhuigh mé;
Do leagadh mo ghéaga lútha
Do dalladh mé d'éis gach cúrsa,
Cé labharas léi go cúthail,
Is d'aitcheas do'n bhé a h-ainm is a sceul,
A treabha 's a tréad do thabhairt dam.



Freagair-se mé an tú an réiltheann lonnrach
Thug fearg is maodhm na Trae gan cionnta,
Nó an ainnir thug léan is leagadh na nGaedh-
eal,
I bhfearannaibh Chéin is Iughaine,
D'fhúig flatha is éigs' na dtriúch sain,
Fé an amadh go tréith ag búraibh,
Nó an gailtheann i gcéin tar chalaith do léim
Ó Eamhain ag laoch 'na lonn-bharc.



D'fhreagair ní h-aon do'n mhéid sin chanais
Féin id' starthaibh lúb mé,
Is ní chanfadh-sa scéal do strae dod' shamhail
Géag do Chlannaibh Lúiteir,
Danar i méinn, i gcéill is i gcealg,
Réice is gaige ó Lúnndain,
Tá i n-arm 's i n-éadach gléasta ag gearradh
Géag is fasc mo Phrionnsa.



Ná tarcuisnigh mé, a gheal-scéimh na gcúil-
fhionn,
Dar an leabhar so im' ghéag, ní h-aon d'á
gcrú mé,
Acht taistealach tréith thar caise le fraoch
Do stracadh i gcéin ar úrla,
Ag cabhair do'n té nár bh'fonn liom
I mbarcaibh na bpiléar ar cubhar-mhuir,
Is gur scagadh mo thréad as caise d'fhuil
Gaedheal
I gCaiseal ba réacsa cúige.



Ó's dearbh gurab aon do récs-fhuil Chaisil
Tréimhse snaidhmeadh liúm tú,
Aithrisfead féin duit éachta m'aistir,
Is scéalfad m'ainm ionnraic;
Gairmid éigs' díom Éire mheabhail,
Méirdreach chealg-chúrsach,
Thug masla 'gus béim tré chlaon le Gallaibh
Do thréid mo bhailte dúthchais.



Tá sé seo ar na ceoltaibh is feárr do snaidhmeadh
le Gaedhilg riamh is ó táthar ag gearán go gcloistear
an iomad de ‘bhó na leath-adhairce’ ó stáidsíbh na
Gaedhilge ba mhaith an t-‘atharrú ar an bport’ a
leithéid do chleachtadh.



Fuaireamair na focail i leabhar dánta Eoghain
Ruaidh Uí Shúiliobháin leis an Athair P. S. Ó Duinnín
agus an ceol san ‘Complete Petrie Collection.



Muinntir an Lóchrainn.



FINGHIN Ó SCANAILL.



Deallruighim gur chualabhair go léir
trácht ar Finghin Ó Scanaill, file do
bhí sa dúthaigh seo tímpal céad go leith
bliain ó shoin. Seadh bhí sé lá mar seo
a dul chun an Aifrinn nuair do theang-
mhaig an sagart paróisde leis a dul
isteach geata an tséipéil dóibh araon.



“Seadh, a Fhinghin,” ars an sagart,
“bhfuil aon sgéal nua agat andiu.”



“Tá, 'Athair,” arsa Finghin. “Tá mo
bhean go h-olc. B'fhéidir go gcuirfá fé
ghuidhe an phobuil í.”



“Déanfad, a Fhinghin,” ars an sagart.
Seadh, nuair tháinig an t-am do chuir an
sagart bean Fhinghin fé ghuidhe an phobuil.
Pé súil-fhéachaint thug an sagart cad a
chífeadh sé ach bean Fhinghin ós a chomhair
amach ag na ráileacha.



Do chuir an sagart fios ar Fhinghin
tar éis an Aifrinn is fearg mhór air ní
nach iongna.



“A chladhaire,” ar seisean, “ca' n-a
thaobh go ndubhrais liom do bhean a chur
fé ghuidhe an phobuil agus go bhfeaca ag
an Aifreann í is gan aon ní uirthi.”



“Is dóigh, 'Athair,” arsa Finghin, “níor
mhaith riamh í sin, agus níor miste í an
pobal do ghuidhe uirthi.”



Seán Ó Gráinne,
Sliabh Luachra.



AN AIMSIR SCUIR.



Triúr Gaedhilgeóirí gur mhaith leó an
aimsir scuir do chaitheamh sa Ghaedhaltacht
— in áit ná beadh ró-fhada ó'n mbóthar
iarainn, Ní theastuighean uatha dul go
h-aon bhall a bhfuil scoil Ghaedhilge ar
siubhal ann. Níl uatha ach go mbeadh
Gaedhilg ag muinntir an tighe agus go
mbeadh fonn ortha í labhairt.



Má tá aon tigh oireamhnach id' chomhgar-
sa, a léighthóir, cuir in iúil don triúr é
led thoil agus innis dóibh i dtaobh airgid
an lóistín, &c.



Triúr,
f. c. Oifig “An Lóchrainn,”
Corcaigh.



Leabhair Nua iad so:



“The Collegians” (G. Griffin); agus reumh-
fhocal ann ó Phádraic Colm.



“Stories of Irish Life” (Carleton); agus
reumh-fhocal ann ó Darrell Figgis.



“Maria Edgeworth” cuid d'ár scríobh rí;
agus reumh-fhocal ann ó Malcolm Cotter
Seton, m.a.



Uimhir a 10, a 11, agus a 12 de “every Irish-
man's library” iad san.



Leabhair mhaithe ar 1/- an ceann
iad so:



“After Easter,” le Sibéal Tucaig.



“Dark Days,” Lennox Robinson do rinne.



“Leaves on The Wind,” S. M. Crevequer do
scríobh.



Scríobh indiu ar lorg an mhór-liosta leabhar.



“CLÓ-LUCHT TALBÓID,”
Áth Cliath.



DEOCH
BHLASTA
FHOLÁIN
ISEADH
“TANÓRA”



Sugh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar.



Scríobh chuig



Seán Ó Dálaigh is a Chua.
tta.,
I gCORCAIGH,
in a thaobh.



FEÓIL ÚR GHAEDHLACH.



Uaim-se gheobhair san.
agus
EUNLAITH is GLASAIRÍ.



MÍCHEÁL BARÓID,
Both a 64 & 65, Margadh na Feóla,
CORCAIGH.



Guthán a “276, Corcaigh.”



CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne.
Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.


L. 8


GHEOBHAIR ROTHAR MAITH
GAEDHLACH UAIM-SE:



“AN LÚCÁNIA”



Má tá mótarán uait; nó deisiú le
deunamh ar rothar nó ar mhótarán
nó ar mhótar mór, deunfad-sa go
tapaidh is go toghtha dhuit é.



PÁDRAIG Ó h-AODHA,
Sráid Phembróc a 4 agus
Sráid an Chinn Thuaidh a 17,
CORCAIGH.



TÁILLIÚIREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i nÉirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.



COISTE CEÁRD-SCOL
CHORCAIGHE.



CUIRIDH
RANNG GAEDHILGE
AR BUN,



nó Ranng Línidheachta,
nó Cúrsaí Gnótha,
nó ‘Ealadhan don Tuaith,’
(garradóireacht le
h-aghaidh na Scol).



Do mhúinteóirí scoile an gnó san
go léir — do oidí Meadhon-Scoile,
nó Bun-Scoile. Ní “múinteóir,”
“monitor,” ámh.



Má tugtar geallamhaint go mbeirfar
láithreach go coitianta is go tráth-
úil, ní bheidh duagh ar bith ann i dtaobh
ranng do chur ar bun. Ní leanan
aon-chostas an gnó.



Cuirfidh an Rúnaidhe gach faisnéis chun
aonne scríobhfidh chuige 'á lorg.



S. Ó BUACHALLA, Rúnaidhe,
Tig na Cúirte, Corcaigh.



CHÓMH-BLASTA
LE
h-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
‘LEANDAR’



TÁ 'A DHÉANAMH
I gCORCAIGH
ag
Ó DUBHDAILL,
Ó MATHÚNA & a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa,
led' thoil.



I gCÚIGE MUMHAN
a deunfar
AN t-OIREACHTAS
i mbliana,



ÓN 3ADH LÁ GO DTÍ
AN 9ADH LÁ DE MHÍ
LUGHNASA, 1919.



TÁ A LÁN DUAIS MHAITH
LE BRONNADH.



Cuir fios indiu ar an gClár
go dtí



AN RÚNAIDHE,
Cearnóg an Pháirneulaigh a 25,
i mBaile Átha Cliath.



Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.



“AN LÚCANIA”
(de dhéantús na hÉireann)



ó



Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.



DO FHEAR NA FEIRME
É SEO:




SÍOLTA,
LEASÚ,
ÚIRLISÍ,
agus
BIADH BEITHIDHEACH
le fághail, go maith is go saor, sa
tsiopa so:



‘SIOPA PLÚR IS
MINE SHRÁID AN RÍ,’
AN 3adh tigh i Sráid an Rí,
CORCAIGH.



Scríobh indiu & cuir tuairisc
a luacha &c.



Togha gacha bídh i gcór na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services