Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas
Title
Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas
Original Title
Alice in Wonderland
Author(s)
Carroll, Lewis,
Translator
Ó Cadhla, Pádraig
Composition Date
1922
Publisher
Maunsel agus Roberts, Teo.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EACHTRADH EIBHLÍS I dTÍR NA nIONGANTAS CAIBIDIL A I SÍOS I bPOLL COINÍN FÉ THALAMH Páiste gearrchaile b'eadh Eibhlís seo, agus aon lá amháin bhí sí in a suidhe amuigh ar an mbán i bhfochair a deirbhshéir; ní raibh dada go Dia le deunamh aici agus bhí sí ag éirighe tuirseach de. Bhí sí tar éis feuchaint uair nó dhó isteach 'sa leabhar bhí a deirbhshiúr a léigheamh, acht ní raibh aon pheictiúirí ná comhrádh cainte ann, agus nuair ná raibh ní raibh aon tsult léi sin ann. "'Dé a mhaith leabhar," arsaigh Eibhlís léi féin, "gan peictiúir gan comhrádh cainte?" Rud eile, bhí teas agus brothal an lae ag cur uirre, agus bhí sí ag cuimhneamh ní fheadar ar bhfiú dhí éirighe agus ladhar nóiníní a bhailiughadh agus slabhra-sidhe a dheunamh dhíobh nuair a rioth coinín amach thóirste — coinín bán gléigeal agus dhá shúil dhearga in a cheann. Níorbh' aon rud neamh-choitchionta an méid sin, agus nuair a chrom sé ag caint leis féin
agus á rádh, "Dia le m'anam! Dia le m'anam! Beidh mé déidheanach!" níor dhein sí mórán iongantas de acht an oiread. (Nuair bhí sí ag deunamh a maranna ar an sceul in a dhiaidh sin chuimhnigh sí go mbadh cheart go ndeunfadh sí iongantas de, acht tháinig an sceul d'urchar uirre agus ní bhfuighfeadh sí cuimhneamh.) Acht nuair bhain an coinín cloigín aníos as phóca a bheast-chuirp agus nuair a fheuch sé air agus annsin nuair bhrostuigh sé air chomh mear agus bhí in a dhá choisín bhuail sé isteach in a haigne gurbh' rud an-neamh-choitchionta é agus d'éirigh sí in a seasamh, agus le neart faobhar cinn- sealacht lean sí trasna na páirce é, agus bhí sí ag a shála nuair a léim sé síor i bpoll cois claidhe. As go bráth le hEibhlís síos in a dhiaidh agus gan aon phioc amháin cuimhneamh aici ar conus bhí sí le casadh thar n-ais arís. Bhí an poll a ndeaghaidh an coinín síos ann, bhí sé mar a bheadh lintéir ag rioth díreach fé thalamh agus annsin síos díreach — chomh díreach ná raibh sé dhe uain ag Eibhlís baint siar aiste féin ná cuimhneamh ar stad gur bhraith sí go raibh sí ag tuitim síos i dtobar mór doimhin. Tobar an-dhoimhin b'eadh é, nó neachtar aca bhí sí ag tuitim an-righin, an-mhall ar fad — chomh righin, chomh mall sin go raibh uain aici feuchaint thimcheall uirre agus gach aon rud a thabhairt fé ndeara. Shíl sí feuchaint síos roimpe, acht bhí an áit ró-dhorcha chum aon rud d'fheicsin síos; annsin d'fheuch sí ar chliatháin an tobair, agus thug sí fé ndeara go raibh an áit lán suas de chupbúird agus ionaid leabhar; chonnaic sí léar- scáil agus peictiúirí ar crochadh ar an bhfalla.
Thóg sí anuas seár nó crócha bhí ar chleibhí bhí ann, agus cad do bheadh scríobhtha leath is amuigh air acht, "Subh Óráiste," acht, mo chreach! ní raibh dada ann; níor mhaith léi an seár do thuitim síos uaithe ar eagla go marbhóch' sí aoinne thíos fé n-a bun, acht fuair sí é leagaint uaithe ar chupbórd ag túirling dí. "I maite," arsaigh Eibhlís léi féin, "tar éis an mhéid seo tuitim ní dada liom tuitim anuas an staidhre. Deurfar go bhfuil an-mhisneach agam. Ní headh, acht ní dheurfa mé aon rud má's tuitim anuas ó bhuaic an tighe dhom!" (Rud ab' fhíor dí béidir.) Síos, síos, síos. An mbeadh deireadh go deo leis an tuitim? "Ní fheadar an mó míle atá curtha dhíom agam fé láthair? Caithfe mé bheith an-ghairid do lár an domhain. Fan leat: cheithre mhíle míle é sin is dóigh liom." (Bíodh a fhios agat go raibh Eibhlís ag foghluim rudaí dá leithéid seo 'sa scoil, agus ar a shon nár ró mhaith an chaoi é chum a bheith ag teasbáint a cuid feasa nuair ná raibh aoinne ag éisteacht léi, mar sin féin ba mhaith an taithighe dhí bheith dá rádh dí féin) — "is eadh, sin é an fhaid díreach atá sé — acht, mo dhearmhad, ní fheadar 'dé 'n áit den domhan in a bhfuilim anois. Ní fheadar 'dé 'n fhaid soir ná siar, ó thuaidh ná ó dheas atáim." Bhí sí ag rangbháil i dtaobh "Cam- sheisreach," "Líne an Mheadhon-Lae," &rl. (Ní raibh aon tuigsin ag Eibhlís cadé an brigh bhí le "Cam-sheisreach" ná le "Líne an Mheadhon-Lae," acht shíl an páiste bocht gur dheas na focail iad a bheith dá dtarraing trí n-a fiacla.) Thosnuigh sí ag machtnamh arís. "Ní fheadar," arsaigh sí léi féin, "an dtuitfe mé amach díreach
trí lár an domhain. Feuchfaidh sé an-ghreannamhar teacht amach i measc na ndaoine bhíonn ag siubhal le n-a gcinn fútha agus a gcosa in áirde. Caithfe mé fhiafhraighe cadé an tír é. An é seo an Zéaland Nua nó Ástraoile, má's é do thoil é, a bhean uasal?" (Agus dhein sí iarracht ar a humhalughadh dheunamh — cuimhnigh air, a humhalughadh dheunamh agus í ag tuitim i ndiaidh a cinn! An dóigh leat go bhfeudfá-sa é dheunamh?) "Is eadh, acht deurfaidh sí gur dall an sórt gearr- chaile beag mé. Ní dheunfadh sé an gnó dhom é fhiafhraighe in aon chor; béidir go bhfeicinn scríobhtha in áirde in áit éigin é." Síos, síos, síos. Chrom Eibhlís ag caint léi féin arís nuair ná raibh dada eile le deunamh aici. "Aireochaidh Pingcín uaithe anocht mé." (Pingcín, an cat.) "Tá coinne agam ná dearmhadfaidh siad a sásar bainne a thabhairt dí le linn an té dhóibh. Pingcín bocht, b'fhearr liom go mbeifeá anuas annso im' fhochair. Ní fhuil aon lucha le fagháil 'san aer, is dóigh liom, acht béidir go n-éireoch' leat breith ar leaidhbín- leathair, agus sin rud ná fuil aon mhí-dheallramh aige le luch. Acht, mo dhearmhad, ní fheadar an íosfadh cat leaidhbín-leathair." Bhí an codladh ag teacht anois uirre, agus lean sí uirre ag caint léi féin mar bheadh sí ag taidhreamh. "An íosfadh cat leaidhbín-leathair? An íosfadh cat leaidhbín-leathair?" agus anois agus arís théigheadh an chaint tré n-a chéile uirre agus dheireadh sí, "An íosfadh leaidhbín-leathair cat?" Ba mhar a chéile é mar ná fuighfeadh sí aon cheist aca a fhreagairt. Mhothuigh sí go raibh an codladh dá traochadh agus go raibh sí 'sa taidhreamh; shíl sí go raibh sí ag siubhal cois ar chois le
Pingcín agus go raibh sí ag caint go han- dháiríribh léi, "Innis dom an fhírinne anois, a Phingcín! ar ith tú riamh leaidhbín-leathair?" nuair d'airigh sí an phleist, phleist! Bhí sí tar éis tuitim anuas ar charn cipíní agus duilleabhar feochta, agus b'shin deireadh leis an tuitim. Níor bhain aon ghoirtiughadh dhí, agus bhí sí in a seasamh ar a cosa arís de phreab. D'fheuch sí in áirde ós a cionn, acht bhí an áit sin go léir dorcha; ós a comhair amach bhí casán fada, agus chonnaic sí an Coinín Gléigeal agus é ag cur de síos an casán chomh mear agus bhí aige. Ní raibh aon am le cailleamhaint aici agus as go bráth léi chomh mear leis an ngaoith síos in a dhiaidh, agus nuair bhí sé ag iompó an chúinne d'airigh sí é ag caint leis féin, "Ó, dar mo chluasa agus mo chuid féasóige, nach déidheanach tá sé ag teacht." Bhí sí díreach ag a shála nuair d'iompuigh sí an cúinne, acht teidhiol de ní raibh le feicsin aici as sin suas. Bhí sí féin istigh in halla fada íseal, halla in a raibh sreang de lampaí ar crochadh anuas ón tsíleáil agus iad ag tabhairt soluis bhreágh uatha. Bhí dóirse thimcheall ar gach taobh den halla, acht bhí an glas orra go léir: agus nuair bhí Eibhlís tar éis gabháil síos taobh den halla agus aníos ar an taobh eile agus tar éis dí gach aon dorus a chuardach, shiubhail sí síos tré n-a lár agus í ag deunamh a maranna conus d'éireóch' léi an áit d'fhágaint nó an bhfágfadh sí go deo é. Le n-a linn sin chonnaic sí bórd beag trí gcos deunta de ghloine; ní raibh dada in áirde air acht eochairín bheag, agus chuimhnigh Eibhlís láithreach bonn gur bhain sí sin le ceann de na dóirse insan halla; acht, mo chreach! bhí na
glais ró mhór nó bhí an eochairín ró bheag; acht ar aon chuma ní oscaileóch' sí aon ghlas aca. Acht, i maite, nuair bhí sí ag gabháil thimcheall an dara hiarracht thug sí fé ndeara Brat Beag íseal ná faca sí an cheud uair, agus díreach taobh thiar de bhí dorus beag thimcheall chúig órdlaigh deug ar aoirde. Thriail sí an eochairín bheag órdha 'sa nglas, agus bhí áthas mór uirre nuair d'oir sí dhó. D'oscail sí an dorus, agus cad bheadh ann acht poillín beag caol cumhang — poillín ná raibh ann acht ionad franncaigh. Chuaidh sí ar a glúine agus d'fheuch sí siar faid an phuill, agus thiar ag a dheireadh bhí an gáirdín ba dheis chonnaic aoinne riamh. Bhí an-chaitheamh in a dhiaidh ag Eibhlís an halla dorcha so d'fhágaint agus siubhal i measc na mbláthanna agus na dtobracha fíor-uisce, acht ní fheudfadh sí an oiread agus a ceann a chur tré ionad an duiris; "agus," arsaigh Eibhlís léi féin, "dá n-éireóch' liom mo cheann féin a sháthadh isteach 'dé an mhaith dhom é maran bhfuighfinn mo ghuailne bhreithe liom in a fhochair. Ó, nár dheas liom dá bhfuighfinn mé féin a bhailiughadh ionnam féin isteach mar a dhéintear leis an ngloine fad-radharc! agus is dóigh liom go bhfuighfinn dá mbeadh a fhios agam conus tosnughadh air." Bhí an oiread sin rudaí neamh-choitchionta tar éis tuitim amach le déidh- eanaighe gur shíl Eibhlís gur beag rud ná fuighthí a dheunamh. D'réir deallramh ní raibh aon mhaith dhí a beith ag fuireach ag an duirisín seo; shiubhail sí siar go dtí an bórd, agus dóchas éigin aici go bhfuighfeadh sí eochair eile air, nó go mbéidir go bhfuighfeadh sí leabhar na riaghlacha a bhaineann leis
an gcleas sin a bhíonn ag daoine chum iad féin a shearcughadh mar gloine fad-radharc; ní bhfuair, acht fuair sí buidéilín air (bhí sí deimhinightheach ná raibh a leithéid air an iarracht cheana), agus ceangailte thimcheall ar scrogal an bhuidéilín bhí páipeur agus na focail seo, "ÓL MÉ" cló-bhuailte i leitreacha móra air. Níor chuimhnigh sí go mbeadh aon díoghbháil is na focail sin, "Ól mé," acht mar sin féin bhí Eibhlís ró shean-chríona chum rud a dheunamh dhíobh go ró obann. "Feuchfa mé," ar sí sin, "an bhfuil an focal "Nimh" scríobhtha air nó ná fuil." Bhí Eibhlís aireach, mar bhí go leor sceulta léighte aici — sceulta beaga i dtaobh leanbhaí — leanbhaí a dóghadh, nó leanbhaí d'ith beathaidhigh allta, nó leanbhaí ar bhain amail eile dhóibh mar nár dheineadar comhairle a muintire: comhairle mar seo — go ndóghfadh an pócar dearg tú dá gcoimeádfá greim air ró fhada; nó má ghearrfá do mheur ró dhoimhin le scian gur dóichighe go dtiocfadh fuil aiste; agus níor dhein sí dearmhad riamh ar an gcomhairle go ngoilfeadh sé ort luath nó mall dá n-ólfá mórán as bhuideul a mbeadh an focal "Nimh" leath is amuigh air. Ní raibh an focal "Nimh" scríobhtha ná cló- buailte leath is amuigh ar an mbuideul so, agus nuair ná raibh ní raibh aon eagla uirre é thriail, agus nuair fuair sí chomh blasta sin é ní raibh sí i bhfad dá leigint siar. Chum na fírinne d'innsint — fuair sí blas na meala, blas an tsilín, blas an óg-uachtair, blas an turcaí rósta, agus blas an tofaí air, agus gach aon bhlas eile dá fheabhus. B'ait le hEibhlís cad bhí ag teacht uirre.
Bhraith sí go raibh sí ag fagháil toradh ar a guidhe agus go raibh sí ag dul i luighead go mear. Agus bhí leis: ní raibh acht deich n-órdlach anois innte, agus las a haghaidh agus a súilíní le háthas nuair a thug sí fé ndeara go raibh an méid ceart innte chum dul tríd an duirisín isteach 'sa ngáirdín áluinn úd. Acht d'fhan sí tamaillín feuchaint an searcóch' sí a thuille: bhí roinnt scátha uirre in a thaobh so; "beidir," arsaigh sí léi féin, "gur amhlaidh d'imtheochainn mar snab coindle. Ní fheadar conus a fheuch- fainn annsin?" Agus shíl sí a thabhairt chum a haigne an deallramh bhíonn ar lasair na coindle nuair a mhúchtar an choindeal; ní bhfuighfeadh sí cuimhneamh go bhfaca sí a leithéid riamh. Tar éis tamaill, nuair nár bhain a thuille dhí, shocruigh sí ar dhul 'sa ngáirdín gan stad; acht obhoch! mo chreach! nuair a shroich Eibhlís bhocht an dorus beag bhí an eochairín óir dearmhadtha aici, agus nuair a chas sí go dtí an mbórd fé n-a dhéin ní bhfuighfeadh sí teacht air chionn is í bheith ró bheag: chonnaic sí go soiléir é tríd an ngloine, agus dhein sí a dhícheall ar dhul suas ar cheann de chosa an bhúird, acht bhí sé ró shleamhain dí; agus nuair bhí sí cortha cráidhte ó bheith d'iarraidh teacht air shuidh sí síos agus ghoil sí a sáith. "Seadh," ar sí léi féin, "ní fhuil aon tairbhe a bheith ag gol; chomhairleóchainn duit éirighe as láithreach bonn." Is annamh nár thug sí comhairle a leasa dhí féin (ar a shon gur fánach dhéineadh sí rud de), agus is minic a thug sí na deoracha chum a súile ag tabhairt scrios dí féin. Ba chuimhin léi uair a thug sí iarracht ar chlabhtóg feadh n-a cluaise a thabhairt dí féin mar gheall is
gur mheall sí í féin ag imirt cluiche cróicé léi féin, mar is minic bhí an leanbh neamh-choitchionta so dá dalladh féin ag leigint uirre a bheith in a beirt. "Ní fhuil aon mhaith dhom a bheith im' dhalladh féin anois," arsaigh Eibhlís, "gur beirt mé! ní headh, acht ní fhuil an oiread sin díom fágtha is go ndeunfainn aoinne amháin deall- ramhamhail." Ba ghairid go bhfaca sí bosca beag gloine fén mbórd; d'oscail sí é agus bhí cáicín beag istigh ann agus na focail "ITH ME" breactha go deas air le cúiríní. "Íosfa mé é," arsaigh Eibhlís, "agus má théighim in aoirde is féidir liom teacht ar an eochair; agus má's i luighead a ragha mé is féidir liom dul ar mo chromada isteach fén dorus; is cuma liom é má gheibhim dul 'sa ngáirdín!" D'ith sí blúire beag de agus chuir sí a lámh ar bharr a cinn feuchaint an síos nó suas a bhí sí ag fás. Bhí iongantas uirre gur fhan sí 'san aoirde ceudna; dar ndóigh, sin mar a bhíonn an sceul ag aoinne a itheann cáca, acht bhí Eibhlís chomh mór san i dtaithighe rudaí neamh-choitchionta le déidheanaighe gur fheuch sé roinnt tur dí go mbeadh duine ag caitheamh a shaoghail insan tsean-shlighe. Luigh sí chuige agus is gairid a bhí sí ag cur deireadh leis an gcáca.
CAIBIDIL A II AN LOCH DEOR "Iongantas, agus níos iongantasaí!" arsaigh Eibhlís (cuireadh a leithéid sin d'iongantas uirre gur theip uirre an chaint cheart a thabhairt léi), "táim ag síneadh amach chomh fada leis an ngloine fad-radharc is sia a chonnaic aoinne riamh! Slán beo libh-se, a choisíní!" (nuair d'fheuch sí síos ar a cosa bhíodar fad a radharc uaithe.) "Och! mo choisíní bochta! ní fheadar cé chuirfidh bhúr mbróga agus bhúr stocaí anois oraibh? Tá a fhios agam go maith ná bead-sa i n-iuil air! Beidh mé ró fhada ó bhaile uaibh chum cuimhneamh in aon chor oraibh: caithfe sibh an gnó a dheunamh chomh maith is a fheudfa sibh díbh féin. "Mar sin féin, caithfe mé a bheith cineálta leo," arsaigh Eibhlís léi féin, "mar béidir gur amhlaidh d'éireóchaidís im' choinne agus ná iomchuróchaidís mé an bóthar díreach! 'Seadh; cuirfe mé péidhre bróg nua orra gach aon Nodlaig." Lean sí uirre mar sin ag cur agus cúiteamh dí féin conus a dheunfadh sí an gnó. "'Sé an caréire a thabharfaidh leis iad," ar sí sin, léi féin; "agus nach ait a fheuchfaidh sé, duine ag cur féirín ag triall ar a chosa féin! Feuchfaidh an seoladh go hait leis! Do Chois Dheis Eibhlís, tá ar Lic an Teinteáin Gairid don Chosantóir (Le buaidh agus beannacht ó Eibhlís).
"Ó, a chiallach! nach dícéille an chaint atá ar siubhal agam." Le n-a linn sin bhuail barr a cinn in áirde i gcoinne fraightheacha an tighe: bhí ós cionn naoi dtroighthe ar aoirde anois innte, agus níor dhein sí aon mhoill acht an eochairín óir d'árdach léi agus cur dí chomh mear agus bhí aici go dtí dorus an gháirdín. An t-aingciseoir bocht! Chuir sé chum a díchill agus í sínte ar a cliathán feuchaint isteach 'sa ngáirdín le n-a leath-shúil, acht a rádh go bhfuigheadh sí dul isteach! Adeirim-se "dul isteach" leat! Shuidh sí síos agus chrom sí ag gol arís. "Ba cheart náire bheith ort," arsaigh sí léi féin, "cailín breágh mar tú" (agus is breágh a bhí sí), "a bheith ag gol mar seo! Stad ar an nómant dearg anois é, adeirim leat! Mar sin féin, lean sí uirre ag sileadh na ndeor in a ngalúin go raibh cheithre órdlach
d'uisce in a loch mhór thimcheall ar an áit a raibh sí 'na seasamh agus síos leath an halla. I gcionn tamall d'airigh sí na coisíní beaga ag lapadáil tamall uaithe, thiormaigh sí a súile, agus d'fheuch sí cé bhí ag teacht. Cad a bheadh ann acht an Coinín Gléigeal ag casadh thar n-ais agus culaith bhreágh eudaigh air, mitíní bána de chroiceann mionáin in láimh leis agus gaothachán 'sa láimh eile: bhí sé ag teacht ag sodar agus féirsce fé, agus é ag caint leis féin: "An bhaintighearna! an bhaintighearna! nach í bheidh ar buile má bhíonn sí ag fuireach liom." Bhí Eibhlís bhocht chomh mór sin tré n-a chéile go raghadh sí in athchuinghe ar aoinne teacht i gcabhair uirre, agus nuair a tháinig an Coinín gairid dí thosnuigh sí: "Má's é do thoil é, a dhuine uasail …" Baineadh preab uathbhásach as an gCoinín, thuit na mitíní bána uaidh agus an gaothachán, agus as go bráth leis chomh mear agus ab' fhéidir leis talamh a bhualadh gur imthigh sé as a radharc. Thóg Eibhlís suas na mitíní agus an gaothachán, agus ós rud é go raibh an halla chomh brothallach sin bhí sí dá fionnfhuaradh féin agus ag caint léi féin! "Dia lem' anam! Dia lem' anam! nach ait atá gach aon rud ag iompó amach indiu! Indé bhí gach aon rud mar ba ghnáth. Ní fheadar an insan oidhche d'atharuigheadh mé. Fan leat: An mar seo bhí mé ag éirighe dhom ar maidin? Ba dhóigh liom nach mar seo bhraith mé me féin. Acht maran mé an duine ceudna cé hé me, má is eadh? Sin í an fhadhb!" Agus chrom sí ag cuimhneamh agus ag maranna ar na leanbhaí go léir a raibh aithne aici orra, a comh-aois féin, feuchaint an aoinne aca í.
"Ní mé Íde, pé sceul é," arsaigh sí, "mar ceann cuachach tá uirre sin, agus mise, ní fhuil aon chuach agam; agus ní me Brighid; tá fios gach aon rud agam-sa, acht í sin! ní fhuil fios dada aici! Rud eile, dar ndóigh, nach mise mé féin, agus nach í sin í sin — Ó, Dia linn a's Muire, nach iongantach tré n-a chéile tá gach aon rud ag teacht! Fan leat, go bhfeicfe mé an bhfuil fios gach aon rud agam mar a bhíodh. A cúig fó cheathair sin a dó-dheug, a sé fó cheathair sin a trí deug, agus a seacht fó cheathair sin - Ó, Dia lem' anam, is fada go mbuailfe mé an fiche ar an gcuma so! 'Seadh, acht is cuma é dar ndóigh i dtaobh Réim an Mheudaighthe, baini- mís iarracht as an Gheografa. Londuin, sin í príomh-chathair an Pháiris, Páiris príomh-chathair na Róimhe, agus an Róimh — cad é seo tá mé a' rádh? Tá an chaint seo go léir bun ós cionn! Is mé Brighid nó tá mé meallta. Fan go ndeurfa mé an ramhán so" — agus shocruigh sí a dhá láimhín ar a binn díreach mar a bheadh sí ag rádh a ceachta agus thosnuigh sí ag cur dá croidhe — guth garbh neamh-choitchionta bhí aici agus níor tháinig na focail mar ba ghnáth leo teacht: - 'Sí an cuimín deas i mbróig í A's a coisín suidhte córach. "Tá mé chomh siúrálta anois agus atá mé annso nach iad so na focail chearta," arsaigh Eibhlís bhocht léi féin, agus tháinig na deoracha le n-a súile, "IS mé Brighid gan aon agó agus caithfe mé dul chum comhnuighthe 'sa phuicidí beag tighe sin atá aca; ní bheidh breugáin ná dada agam acht lán a mhála de cheachtanna agam le foghluim! Má's mise Brighid annso thíos a
fhanfa mé, tá an méid sin socair agam pé ar 'sa domhan de. Ní bheidh aon mhaith dhóibh a bheith ag sáthadh a gcinn anuas agus ag rádh liom teacht aníos. Fiafhrócha me an cheud uair díobh cé hé mé, agus annsin má thaithnigheann liom an té adeurfaidh siad ragha mé suas agus mara dtaithnigheann fanfa mé annso thíos go mbeidh mé im' "nach eadh," acht, Dia lem' anam, dob' fhearr liom go gcuirfeadh duine éigin a cheann anuas! Táim ag éirighe cortha ó bheith annso liom féin!" Le sin d'fheuch sí síos ar a dhá láimh, agus cad a bheadh ná ceann de na mitíní geala den chroiceann mionán gabhair curtha uirre aici an fhaid is do bhí sí ag caint léi féin. "Conus fén domhan bhraonach d'éirigh liom é chur orm?" ar sí sin. "Caithfe mé bheith ag dul i luighead arís." D'éirigh sí agus chuaidh sí go dtí an bórd chum í féin a thomhas leis, agus d'réir mar do fheud sí tuairim a chaitheamh leis ní raibh acht dhá throigh ar aoirde anois innte, agus is ag dul i luighead a bhí sí go tiugh; dhein sí amach gurbh' é an gaothachán a bhí in a láimh aici ba bhun leis, agus chaith sé uaithe é mar a chaithfeá iarann dearg fé n-imtheochadh sí in a ceó ar dad gan a táisc ná a tuairisc. "Dia im' chroidhe, gur maith a scar mé an iarracht so," arsaigh Eibhlís léi féin, agus geallaim-se dhuit gur baineadh preab aiste, acht pé sceul é bhí áthas uirre go raibh sí Beo in aon chor. "Ragha mé go dtí an gáirdín anois," ar sí sin léi féin, agus as go bráth léi siar go dtí an dorus beag, acht, obhoch! agus obhoch! ná raibh an dorus beag dúnta arís agus an
eochairín óir leagtha ar an mbórd gloine mar a bhí an cheud uair. "Tá an sceul níos measa ná riamh," arsaigh an leanbh bocht léi féin, "mar ná rabhas riamh chomh beag leis so cheana. Nach dona an sceul é." Le n-a linn sin shleamhnaigh a cos uaithe agus bhí sí go dtí n-a beul in sáile. Shíl sí gur amhlaidh bhí sí tar éis tuitim isteach 'sa bhfarraige. "Ragha me abhaile ar an mbóthar iarainn," ar sí sin léi féin. (Bhí Eibhlís cois farraige uair dá saoghal, agus bhí sé socair in a haigne aici pé áit a raghthá ar chóstaí na hÉireann go dteag- mhóch' botha snámh leat, scata leanbhaí ag baint gainimhe le sluaiste bata, tighthe iostais i ndiaidh a chéile, agus ar a gcúl sin go léir tigh an bhóthair iarainn.) Acht is gairid go raibh a fhios aici cá raibh sí — istigh 'sa loch deoracha a shil sí an fhaid bhí sí naoi dtroighthe ar aoirde. "Nach orm a bhí an mí-ádh agus an méid sin a ghol," arsaigh Eibhlís, agus í 'sa snámh thimcheall d'iarraidh teacht amach. "Díolfa mé as anois," ar sí sin, "báthfar mé im' dheoracha féin, agus nach ait a fheuchfaidh sé gan dabht. Acht, tá gach aon rud ait indiu, dar ndóigh." D'airigh sí rud éigin a' lapadáil 'sa loch gairid dí agus snámhaigh sí níos giorra dhó feuchaint cad a bhí ann; shíl sí a' cheud uair gur míol mór nó capall farraige bhí taoibh léi, acht annsin nuair a chuimhnigh sí ná raibh oiread na fríghde innte féin níorbh' iongnadh léi ná raibh ann acht luichín a thuit isteach 'sa loch mar a bhain dí féin. "Ní fheadar arbh' aon tairbhe dhom," arsaigh Eibhlís léi féin, "dul chum cainte leis an luichín so. Tá gach aon rud chomh neamh-choitchionta sin
annso thíos nárbh' iongnadh liom dá mbeadh caint aici. In aon tslighe ní haon díoghbháil dom iarracht a bhaint as." Thosnuigh sí: "A luichín, a chroidhe na páirte, an bhfuil a fhios agat aon tslighe amach as an loch so. Tá mé cortha ó bheith ag snámh thimcheall annso, a luichín!" (Shíl Eibhlís gur mar so badh chóir labhairt le luch; níor dhein sí a leithéid roimhe sin cheana, acht ba chuimhin léi go bhfaca sí i leabhar Gramadaighe le n-a dearbhráthair: "Luch — luiche — do luich - luch — a luch!") D'fheuch an luch uirre díreach mar a bheadh sí chum a rádh léi: "Nach fiosrach athá tú, a chailichín," agus dhún an luichín súil léi, acht ní dubhairt sí dada. "Béidir," arsaigh Eibhlís léi féin, "ná tuig- eann sí Gaedhealg in aon chor; gabhaim-se orm gur luch ó'n bhFrainnc í a tháinig i leith le Muintir De La Poer." (Tar éis an méid stáire go léir bhí ag Eibhlís, ní ró chruinn a bhí a fhios aici caithin a thuit aon rud amach.) "Où
est ma chatte?" arsaigh sí leis an luichín. Sin é an cheud abairt a fhoghluimigh sí as an leabhar Frainncíse bhí aici. Thug an luichín léim as a cabhail 'san uisce agus í go léir ar bhall-crith le heagla. "Ó, gabhaim párdún agat," arsaigh Eibhlís go hobann, mar shíl sí go raibh sí tar éis rud a rádh a ghoill uirre. "Dhearmhad mé go raibh an ghráin agat ar chait." "An ghráin agam ar chait, an eadh!" arsaigh an luch de screuch. "Dá mba thusa mise ní fheadar an mbeadh an ghráin ar chait agat." "Béidir ná beadh, mhuise," arsaigh Eibhlís, ag caint go plámásach léi, "acht ná bíodh aon olc ort in a thaobh. Do b'fhearr liom ná aon rud go bhfuighfinn ár gcat-na, Pingcín, a theasbáint duit: is dóigh liom go dtiocfadh rud agat le cait dá bhfeiceochthá í sin. 'Sí an caitín beag is laighche agus is macánta a chonnaic tú id shaoghal riamh í." Bhí Eibhlís ag rangbháil cainte léi féin mar so agus í ag snámh ar a marthainn thimcheall an locha agus an luch ag éisteacht. "Badh dheas leat feuchaint uirre 'na suidhe cois na teine agus í ag crónán dí féin, í ag líghe a lapa beag agus ag nighe a haghaidh — agus, ó, Badh dheas leat a bheith in a feidhil, agus thá sí go hiongantach chum luch a mharbhadh — Ó, gabhaim párdún agat!" arsaigh Eibhlís arís. Bhí an fionnadh in a sheasamh ar dhrom an luichín, agus tuig an leanbh bocht nár thaithnigh an chaint sin léi. "Caithimís uainn é mar sceul nuair ná taithnigheann sé leat." "Caithimís uainn é, an eadh!" arsaigh an luch, agus gach aon phioc di ag crioth siar go dtí a hiarball "Mise ag caint ar dhaoine dá leithéidí sin! Bhí an ghráin mharbh riamh ag mo
mhuintir-se ar chait — daoine dána, oitire, gan tabhairt-suas. Ná labhair amach as do bheul arís liom-sa ar dhaoine mar iad." "Geallaim duit ná labharfad," arsaigh Eibhlís, agus deitheanas uirre casadh bhaint as an gcaint. "An mbeadh — aon mheas — agat ar — ar — ar mhadraí?" Níor thug an luch aon fhreagra uirre agus lean Eibhlís ag stealladh léi: "Tá madra beag deas 'sa tigh is giorra dhúinne 'sa mbaile agus badh mhaith liom é theasbáint duit. Madra beag, geal-gháireach a bhfuil clúmh fada, casta, donn air. Madra beag a bheurfadh chugat gach aon rud a dheurfá leis agus a sheasóchadh ar a dhá chois deiridh dhuit; madra a dh'iarrfadh a dhinneur ort agus gach aon rud eile a bheadh uaidh — ní bhfuighfinn é léiriughadh dhuit leath a ndeunfadh sé — is le feirmeoir é, tá a fhios agat, agus tá sé chomh maith sin adeir sé gur fiú ceud púnt é! Marbhann sé na franncaigh go léir dó, adeir sé, agus — ó, tut, tut, tut!" arsaigh Eibhlís, go cráidhte léi féin, "tá an tiubaist deunta arís agam!" Bhí an luichín ag cur dí uaithe chomh mear agus ab' fhéidir léi ag lapadáil léi tríd an uisce. Ghlaoidh sí go deas séimhialta as a diaidh. "A luichín, a chroidhe," ar sí sin, "cas thar n-ais, agus mo lámh duit ná labharfaimíd ar chait ná ar mhadraí arís nuair nach áil leat iad." Nuair d'airigh an luch an méid sin d'iompuigh sí ar a sáil agus shnámhaigh sí thar n-ais arís chúiche; bhí a haghaidh chomh bán leis an bhfalla ("le neart faobhar feirge," arsaigh Eibhlís in a haigne féin). Bhí critheán in a guth nuair adubhairt sí, "Buailimís cuan in áit éigin agus inneosfa mé mo sceul duit, agus tuigfe tú 'dé chúis dom
an ghráin mharbh a bheith agam ar chait agus ar mhadraí." Bhí sé in am bogadh mar bhí an loch go léir láimh le bheith lán de éin agus de ainmhidhigh eile bhí tar éis tuitim isteach ann: bhí cearca fraoich agus turcatha, eala agus gobadáin, agus rudaí níos aite ná a chéile ann. Do bhí Eibhlís in a fear stiúir orra, agus lean an chuid eile go léir í gur bhuaileadar cuan agus gur thángadar i dtír.
CAIBIDIL A III RÁS AN CHEARCAILL AGUS SCEUL FADA B'ait ar fad an dream iad le feuchaint orra nuair a bhailigheadar isteach i dteannta a chéile ar an bport — na héin agus a gcleití agus a sciatháin ar sileadh leo, na hainmhidhigh eile agus an fionnadh buailte isteach in aon scraith fhliuch amháin orra, iad go léir is na seacht silte, iad go neamothach agus croth na haingcise orra. Is é an cheud rud, dar ndóigh, bhí ag deunamh buadhartha dhóibh acht conus a thirimeochaidís iad féin; bhí gach aoinne aca ag caint agus ag comhrádh air seo, agus níor dhóigh leat ar Eibhlís nach amhlaidh bhí a saoghal caithte aici in a measc, dhein sí chomh dána sin orra. Ba ghairid gur éirigh idir í féin agus an gobadán agus chrom- adar ag suidheamhain ar a chéile: "Nach sine mise ná tu," arsaigh an gobadán, "agus nach fearr atá a fhios agam é." Níor leig Eibhlís leis é, agus dubhairt sí ná stríocfadh sí dhó maran inneosfadh sé dhí cadé an aois bhí aige, agus nuair ná inneosfadh d'éirigheadar as in ainm Dé. Bhain sé le deallramh gur duine údarásach an luch in a measc. "Suidheadh gach aon mhac máthar agaibh síos," ar sí sin, "agus éistigheadh sé liom-sa agus geallaim díbh gur gairid a bhead-sa 'on bhúr dtirimiughadh!" Do shuidh- eadar go léir síos gan stad, an luch istigh in
a lár agus an chuid eile in a suidhe thimcheall. Bhí Eibhlís ag cur na súl isteach tríthe, mar bhí sí deimhinightheach de go mbuailfeadh slaghdán í maran éireochadh léi í féin a thirimiughadh go hobann. "Is eadh!" arsaigh an luch go húdarásach, "bhfuil gach aoinne i gcóir? Seo é an rud is "tiorma" dá bhfacas-sa lem' linn; leagadh duine éigin agaibh gloine fíor-uisce annso im' fhiadhnaise. Táim buidheach díot — deunfaidh sin! Ciúineas oraibh anois, má's é bhúr dtoil é! Uilliam na mBuaidh, an fear sin a raibh beannacha an Phápa aige ar a chuid gnótha, ní raibh sé i bhfad gur ghéilleadar Sasnaigh dó, mar bhíodar gan treoruighthe agus bhíodar i dtaithighe géilleadh do lucht ceannais agus gabhála. Do ghéill Eidbhin agus Morcar, Iarlaí Mercia agus Nor- tumbria, dhó …" "Priot!" arsaigh an gobadán, agus é ar crioth leis an bhfuacht. "Gabhaim párdún agat, a dhuine chóir," arsaigh an luch go séimhialta (acht mar sin féin a theas- báin sí nár thaithnigh léi go mbeadh aoinne ag cur isteach uirre). "Ar labhair tú?" "Níor labharas-sa," arsaigh an gobadán go hobann. "Ó, shíl mé gur labhair tú," arsaigh an luch. "Leanfa mé orm mar sin — do ghéill Eidbhin agus Morcar, Iarlaí Mercia agus Nortumbria, dhó; agus dá mba é Stigand féin é .i. Árd Easbog tír-ghrádhach Ceanntarburgh, chuaidh sé le Edgar Aitling chum teagmháil le Uilliam agus an choróinn a fhuláramh do. I dtosach na haimsire ba fhuiris go leor réidhchan le Uilliam, acht ba dheacair agus ba ró dheacair agus ba ró ró
dheacair seacht n-uaire réidhchan leis na Nor- mánaigh …" "Conus atá an saoghal ag éirighe leat, a chuid den tsaoghal?" arsaigh sí le hEibhlís. "Táim chomh fliuch agus a bí mé riamh," arsaigh Eibhlís, go dubhsmánta, "agus ní beag sin. Ní dóigh liom go bhfuil do sceul ag deunamh pioc amháin tirimighthe orm." "Má's mar sin atá an sceul," arsaigh an gobadán, ag éirighe in a sheasamh, "iarraim-se oraibh glacadh leis an gcomhairle seo agam-sa .i. go gcuirfí an sceul ar ath-lá agus go mbain- fimís iarracht feidhmeamhail, gasta, fáidheamhail, fórsamhail, láidir, glic, as chuma éigin eile chum sinn féin a thirimiughadh." "Labhair go réidh, le hanamainn do mharbh," arsaigh an chearc, "cá bhfios dúinne leath a bhfuil tú ag rádh, agus rud eile ní fheadar an ró mhaith atá a fhios agat féin é!" agus do chrom sí a ceann chum ná feicfí fáth an gháire in a beul; agus na héin eile, d'airigh an chuideachta go léir ag scithireacht iad. "Is é an rud a bhíos-sa chum a rádh," arsaigh an gobadán, "nuair tháinigheadh trasna orm acht gurb' é an tslighe is fearr do-gheobhaimís sinn féin a thirimiughadh acht le rás-eugcríochta." "Cad é rud é rás-eugcríochta?" arsaigh Eibhlís; ní hamhlaidh gur fios a bhí uaithe, acht bhí an gobadán in a thost, agus bhraith sí air go raibh coinne aige go labharfadh duine éigin, agus thug sí fé ndeara ná raibh fonn cainte ar aoinne. "Déinimís é," arsaigh an gobadán, "agus sin é mar is fearr a thuigfe tú é." (Agus béidir go rithfeadh sé leat féin é dheunamh lá éigin fuar geimhridh, agus mar sin inneosfa mé dhuit conus a dhein an gobadán é.)
Dhein sé sórt cearcaill an cheud uair (dubhairt sé gur chuma cadé an deunamh bheadh air); cuireadh an chuideachta go léir in a seasamh thall agus abhus annso agus annsúd ar feadh an chúrsa. Ní dubhairt aoinne "a haon, a dó, a's a trí," ná, "fág an bealach"; acht thosnuigh gach aoinne nuair ba mhaith leis agus stad sé nuair ba mhaith leis. Badh dheacair a rádh caithin bheadh an rás críochnuighthe. Nuair bhíodar thimcheall leath-uair a chluig ag gabháil dó mar sin, agus nuair bhíodar go léir chomh tirim agus a bhíodar riamh ghlaoidh an gobadán amach i gcomh-árd a chinn a's a ghutha: "Tá an rás críochnuighthe." Rioth gach aoinne isteach thimcheall air, agus a dteanga amuigh aca agus iad á fhiafhruighe, "Cia ghaibh, cia ghaibh?" Ní bhfuair an gobadán freagra a thabhairt ar an gceist sin gan mórán meabhrughadh agus maranna. Bhí sé in a sheasamh annsin ar feadh i bhfad agus a mheur leagtha ar a eudan aige (ar an bhfuitinn ceudna a's a chíonn tú Fionán Mac Coluim insna peictiúirí). Bhí an chuid eile in a seasamh thimcheall ar feadh na haimsire agus gan giug asta. I ndeireadh thiar thall tháinig a chaint dó agus adubhairt sé, "Tá an buaidh ag gach aoinne agus caithfidh gach aoinne duais d'fhagháil." "Acht cé thabharfaidh amach na duaiseanna?" arsaigh gach aoinne d'aon ghuth. "An bhean uasal, dar ndóigh," arsaigh an gobadán, ag tagairt d'Eibhlís, agus bhailigh gach aoinne thimcheall uirre agus iad go léir ag caint in aon dhiúra-dheabhra amháin agus ag glaodhach amach. "Duaiseanna! duaiseanna!" Ní raibh a fhios ag Eibhlís sa domhan bhraonach
cad a dheunfadh sí, acht chuir sí a lámh síos in a póca, agus ba é ba sheansamhla ar domhan é tharraing sí amach bosca milseáin chasachtaighe (bhí an t-ádh leo nár tháinig uisce na sáile orra), agus roinn sí orra iad mar dhuaiseanna. Ní raibh ann díreach acht ceann an duine dhóibh. "Acht caithfe sí duais a thógaint í féin," arsaigh an luch. "Ó, caithfidh, dar ndóigh," arsaigh an gobadán; "cad eile tá id' phóca agat?" arsaigh sé sin, ag iompó ar Eibhlís. "Ní fhuil dada go Dia eile agam," ars- aigh Eibhlís go brónach, "acht meuracán." "Sín amach annso chugam é," arsaigh an gobadán. Bhailigheadar go léir isteach thimcheall uirre arís an fhaid a's do bhí an gobadán go
cúramach ag bronnadh an mheuracáin uirre, agus á rádh, "Iarraimíd ort ón ár gcroidhe amach an meuracán áluinn seo a ghlacadh uainn." Nuair bhí deireadh leis an méid sin caint aige, "Tar slán, tar slán," ar siad sin go léir. Searbhas bhí ag Eibhlís ar an ngnó ar fad, acht d'fheuchadar go léir chomh mór sin i ndáiríribh ná leigfeadh eagla dhí cromadh ag gáire, agus nuair ná fuighfeadh sí cuimhneamh ar aon rud a rádh, d'úmhlaigh sí dhóibh agus ghlac sí an meuracán ag leigint uirre a bheith chomh dáiríribh agus ab' fhéidir léi. An cheud rud eile bhí le deunamh anois acht na milseáin casachtaighe d'ithe; eachtradh an cibeal bhí aca dá dheunamh sin. Dubhairt na héin mhóra ná fuighfidís iad a bhlas agus bhí na héin bheaga dá dtachtadh aca 'sa tslighe gur caitheadh iad a bhualadh 'sa drom. Cuireadh deireadh leis an ngnó pé sceul é, agus chonn- laigheadar go léir thimcheall ar an luch arís agus chuadar in athchuinghe uirre roinnt eile d'innsint dóibh. "Gheall tú dhom go inneosfá cúrsaí do bheatha dhom," arsaigh Eibhlís léi, "agus cadé an chúis a raibh an ghráin mharbh agat ar — Ch. agus ar Mh." Dubhairt sí an méid seo i gcogar léi, mar bhí sórt eagla uirre go gcuirfeadh sí olc arís uirre. "Sceul fada, brónach, mo sceul-sa," arsaigh an luch, ag iompó ar Eibhlís agus ag cur osnadh aiste. "Sceul, sceul, iarball ar eun," arsaigh Eibhlís, agus chrom sí ag cuimhneamh ar na sceulta fiannuigheachta agus eachtraí Fhinn Mhic Cumhail d'airigh sí 'sa mbaile ar a teinteán féin
ó rugadh í. Chuimhnigh sí ar "Oidhe Chloinne Lir," agus ar "Oidhe Chloinne Uisnigh," ar "Eachtradh Dhéirdre," agus ar oidhe agus eachtraí eile nach iad feuchaint an mb'fhéidir go mbeadh aon bhreith ag aon sceul díobh ar sceul an luichín. "Ní fhuil tú ag éisteacht liom," arsaigh an luichín go crosta le hEiblís. "Cad air atá tú ag cuimhneamh?" "Ó, gabhaim párdún agat, a dhuine uasail," arsaigh Eibhlís go sár-íseal, "bhí tú ag an cúigeamhadh casadh, ná rabhais?" "Thugais t'éitheach, ní rabhas," arsaigh an luch. "Má thugas, tugtar thar n-ais dom é," arsaigh Eibhlís, "béidir nach beag a bhfuil tabhartha uaim agam in aon lá amháin agus gan an rud is túisce chugam a thabhairt uaim." "Caith uait do chuid ráiméise," arsaigh an luch, "ní fhuil tú acht ag stealladh mhagadh fúm; tá tú ag tabhairt tarcuisne dhom," ar sí sin, ag imtheacht léi. "Ó, Dia linn a's Muire," arsaigh Eibhlís, "i bhfad uainn an t-olc agus an t-amhgar, ní har an intinn sin bhí mé, acht tá a fhios agat gur fuiris olc a chur ort." Níor dhein an luch acht ualfairt a chur aiste. "Cas thar n-ais, má's é do thoil é, agus cuir deireadh led' sceul," arsaigh Eibhlís. Ghlaodhadar go léir d'aon ghuth uirre — acht níor dhein sí acht crothadh a bhaint as a ceann go neamh-fhoidhneach agus cur dí níos mire. "Nach é an feall ná fanfadh sí," arsaigh an fiolar, ag cur osnadh as nuair d'imthigh sí as a radharc. "Is eadh, anois, a inghean óigh!" arsaigh sean-phortán le hinghin dí a bhí taoibh léi, "sin ceacht agat gan leigint don bhfeirg
buadhchain ort." "Dún do bheul, a mham," arsaigh an portán óg, "dar ndóigh, ní bhfuighfeadh an t-oisire féin cur suas leat-sa!" "B'fhearr liom ná aon rud," arsaigh Eibhlís léi féin (acht árd go leor go n-aireofaí í), "go mbeadh Pingcín seo againne annso in ár measc, b'fhearr sin; is í a bheurfadh thar n-ais an luch úd, agus gan a bheith i bhfad ar a thí acht an oiread." "Agus cé hí Pingcín, dála an scéil?" arsaigh an fiolar, "maran misde dhom a fhiafhraighe." Thug Eibhlís freagra air gan stad, mar bhíodh áthas uirre i gcomhnuidhe a bheith ag caint i dtaobh a peata beag féin. "Pingcín, ár gcat-na; ní fhuil aon rud le buadhchain uirre chum breith ar luch. Badh mhaith liom dá bhfeiceothá í ag fiadhach na n-eun. Bheadh beirthe aici ar aon cheann aca an fhaid bheifeá ag feuchaint thimcheall ort." Bhain an chaint so preab as an gcuideachtain. Chuir cuid de na héin díobh gan a thuille moille; agus sean-mheag a bhí ann chrom sé ag dúnadh chuige isteach a dhá sciathán chomh baileach agus ab' fhéidir leis: "Tá sé in am domhsa a bheith ag cur peútar díom, ní réidheann aer na hoidhche lem' scórnach." Do ghlaoidh an canáire amach ar a chlainn féin agus theasbáin a chaint go raibh sé go heaglach: "Tagaidh abhaile, a chlann ó, tá sé in am agaibh a bheith in bhúr gcodladh!" D'imthigh gach aoinne aca chum siubhail mar sin in a nduine agus in a nduine — gach duine aca agus a leath-sceul féin aige. Ba ghairid gur fágadh Eibhlís léi féin. "Ó, mhuise, b'fhearr liom ná aon rud ná
tarraingeochainn chugam Pingcín arís," arsaigh sí léi féin, "ní theastuigheann ó aoinne ar an taobh so de dhúthaigh aon rud a aireachtain in a taobh, agus feuch orm-sa gur dóigh liom gurb' í an caitín is fearr sa domhan í. Ó, Phingcín, a chroidhe! ní fheadar an bhfeiceo' mé go deo arís tú"; agus thosnuigh an leanbh bocht ag gol go fuidheach arís. Bhí a croidhe ag imtheacht uaithe, agus bhraith sí í féin an-uaigneach. Ba ghairid gur airigh sí an lapadáil bheag arís ag teacht d'iarracht uirre. Shíl sí gurb' í an luch bhí ag casadh chum deireadh chur le n-a sceul, gur tháinig sí ar ath-smaoineamh.
CAIBIDIL A IV TADHG 'SA SIMNÉ An Coinín Gléigeal bhí ag sodar thar n-ais arís, agus é ag feuchaint thimcheall air ar gach aon taobh mar a bheadh sé ag lorg rud éigin a chaill sé. Bhí sé ag caint leis féin: "An bhaintighearna! an bhaintighearna!" adeireadh sé. "Dar so agus súd, agus dar an lapa so orm! Dar m'fhionnadh, agus mo chuid feusóige! crochfaidh sí mé chomh siúrálta agus atá iarball ar mhadra! Cár thuit sé uaim ní fheadar?" Thomhas Eibhlís ar a' nómant gur ag lorg an ghaothacháin agus na mitíní bána de chroiceann mionáin bhí sé, agus chrom sí dá lorg, acht ní raibh teidheal díobh in aon áit — bhí athrughadh tar éis teacht ar gach aon rud ó bhí sí ag snámh i linn na ndeor, agus bhí an halla mór agus an bórd gloine agus an duirisín beag imthighthe gan a dtuairisc. Is gairid go bhfaca an Coinín Eibhlís agus í ag rioth thimcheall in gach aon áit. "Is eadh, a Mháire Anna, cad a thug annso anuas tú? Rioth leat abhaile go mear agus tabhair chugam peidhre mitíní agus gaothachán! Ná bí i bhfad ar a thí anois!" Agus bhí an oiread sin eagla ar Eibhlís gur chuir sí dhí chomh mear agus ab' fhéidir léi 'sa tslighe d'órduigheadh dí gan aon iarracht do dheunamh ar a chur in iúil don Choinín an dearmhad bhí deunta aige. "Shíl sé gur mé a chailín aimsire féin,"
arsaigh sí léi féin, agus í ag cur dí. "Nach ait bheidh an sceul aige nuair a bheidh a fhios aige cé hé mé! Is fearr dhom na mitíní agus an gaothachán a bhreith chuige, pé sceul é — sin é má éirigheann liom iad d'fhagháil." Cad a bhuailfeadh léi ná tigh beag neuta agus pláta beag práis leath is amuigh ar lár an duiris agus na focail seo, "M. Ó COINÍN," grafaighthe air. Isteach léi, gan bualadh ag an dorus ná aon rud, agus anáirde staidhre agus eagla a croidhe uirre go mbuailfeadh an Máire Anna cheart léi agus go gcuirfí scrios amach an dorus léi fé bhfuighfeadh sí na mitíní agus na córacha eile bhí uaithe. "Nach ait an rud domhsa a bheith ag deunamh teachtaireachtaí do choinín!" arsaigh Eibhlís léi féin. "Is é an cheud rud eile acht go mbeidh mé ag dul ag teachtaireacht do Phingcín!" Agus chrom sí ag cuimhneamh in a haigne féin conus a bheadh an sceul aici: ""A Eibhlís, a chailín, tar annso gan stad agus cuir tú féin i gcóir chum teacht ag siubhal!" "Ar an nómant, a bhanaltra, acht caithfe mé fuireach annso go gcasfaidh Pingcín. Dubhairt sé liom gan an luch a leigint amach as an bpoll so go gcasfadh sé." Acht is baoghal liom gur gairid a choimeádfaí Pingcín fé mhúraibh an tighe dá mbeadh sé ag tabhairt órduighthe mar seo do dhaoine." Díreach glan agus ag caint mar seo léi féin cad a bhuailfeadh léi ná seomra beag neuta agus búirdín beag leagtha in áirde ar an bhfuinneoig, agus (dá mba dhóichighe ar domhan é) bhí gaothachán agus cúpla peidhre nó trí de mhitíní croiceann mionáin ar an mbórd. Thóg
sí an gaothachán agus peidhre de na mitíní, agus díreach agus í chum an seomra d'fhágaint cad air a leagfadh sí a súil acht ar bhuidéilín beag bhí 'na sheasamh gairid don scaothán. Ní raibh aon chomharthaí sórt ag gabháil leis an mbuidéilín seo ná ní raibh na focail "ÓL MÉ" scríobhtha leath is amuigh air, acht mar sin féin bhain sí an corc as agus chuir sí chum a Béil é. "Tá a fhios agam go maith anois go mbaineann rud éigin iongantach dom gach aon uair a ithim nó a ólaim aon rud," arsaigh Eibhlís léi féin; "is eadh, má is eadh, beidh a fhios agam cad a dheunfaidh an buideul so liom. B'fhearr liom ná aon rud go gcuirfeadh sé toirt éigin arís ionnam; táim ag éirighe tuirseach ó bheith chomh beag so." Agus marar chuir an buideul i meud í ní lá fós é, agus níos mire ná mar bhí coinne aici leis; fé raibh leath an bhuidéilín diúgtha aici bhí a ceann ináirde go dtí an síleáil agus muireach chomh luath agus do chaith sí uaithe é bhí a muineul cnagtha. "Is leor san," arsa sí léi féin, "tá coinne agam ná fásfa mé a thuille; ní bheidh mé ábalta ar dhul amach 'sa dorus cheana féin — nach orm a bhí an mí-ádh agus an oiread sin de d'ól." Obhoch! mo chreach! ba mhairg dí nár chuimhnigh sí uirre féin níos túisce! Bhí sí ag fás agus ag fás gur chaith sí dul ar a glúine síos ar an úrlár; agus 'sa cheud nómant eile ní raibh slighe aici mar sin féin. Chuir sí uillean léi i gcoinne an duiris agus chas sí an geug eile léi thimcheall ar a ceann; acht Ba mhar a chéile é, bhí sí ag fás i gcomhnuidhe. Acht i ndeireadh na dála rop sí lámh léi amach 'sa bhfuinneoig
agus cos léi suas 'sa simné; "maran dtabhar- faidh an méid sin aon fhuasgailt dom," arsa sí léi féin, "táim tabhartha. Ní fios cadé an deireadh bheidh orm." Bhí an t-ádh léi gur rángaidh deireadh le draoidheacht an bhuidéilín níor mheudaigh sí a thuille, acht do dhuibh agus do theann uirre mar ní raibh aon fhagháil aici teacht amach as an seomra. Níorbh' iongnadh go raibh sí cráidhte 'na haigne. "Ba dheise go mór bhí an sceul agam 'sa mbaile, nuair ná bínn ag dul i meud agus ag dul i luighead mar seo, agus nuair ná bíodh sé orm toradh thabhairt ar lucha ná ar choiníní. B'fhearr dhom ná leanfainn riamh an coinín sin síos 'sa pholl — mar sin féin is iongantach an saghas saoghail atá agam. Ní fheadar 'sa domhan bhraonach cad is cor dom. Nuair a bhínn-se ag léigheamh sceulta i dtaobh na "ndaoine maithe" badh dhóigh liom nárbh fhéidir a leithéid de rudaí bheith amhlaidh in aon chor, acht feuch orm féin anois agus na rudaí is iongantaighe 'sa domhan ag tuitim amach orm. Ba cheart go ndeunfaí leabhar orm, ba cheart sin. Nuair a fhásfa mé suas im' bhean scríobhfa mé féin leabhar — acht, dar ndóigh, nach an iomarca fáis atá fúm anois - bheadh an mí-ádh ceart orm dá bhfásfainn a thuille, annso, pé sceul é. "Acht, mo dhearmhad, ní fheadar an ragha mé in aois a thuille? Ba dheas é sin in slighe - gan a bheith im' shean-bhean go deo — acht in slighe eile bheadh an mí-ádh orm — bheadh ceachta le foghluim agam go deo. Níorbh' mhaith liom sin! "Ó, a dhuine gan chiall!" arsaigh Eibhlís léi féin (ag teacht ar ath-smaoineamh), "conus is
féidir leat ceachta d'fhoghluim istigh annso? Dar ndóigh, ní fhuil slighe dhuit féin ann, ní áirighim dod' leabhartha." Lean sí uirre ag ráiméis mar sin léi féin gur airigh sí guth leath is amuigh, agus chuir sí cluas uirre féin. "A Mháire Anna! A Mháire Anna!" arsaigh an ghuth, "tabhair amach mo mhitíní chugam gan stad!" Annsin d'airigh sí lapadáil bheag ar an staidhre. Bhí a fhios ag Eibhlís gurb' é an Coinín bhí ag teacht dá lorg, agus chrioth sí ó bhonn go bathas, agus chrioth sí an tigh le neart faobhar eagla roimh an Choinín agus í míle uair, í féin, níos mó agus níos láidre ná é. Níor cheart go mbeadh aon chúrsaí eagla aici roimhe. Tháinig an Coinín go dtí an dorus agus shíl sé é chur isteach, acht níor fheud sé, mar bhí uillean Eibhlís go daingean leath istigh leis. D'airigh Eibhlís é dá rádh leis féin go raghadh sé thimcheall agus go raghadh sé isteach 'sa bhfuinneoig. "Ar bhfallaing féin ná ragha tú," arsaigh Eibhlís léi féin, agus d'fhan sí gur airigh sí an Coinín fén bhfuinneoig agus leath sí amach a ladhar chum breith air, mar a shíl sí. Ní bhfuair sí greim ar aon rud, acht d'airigh sí cnead agus tuitim agus briseadh gloine, agus chreid sí gur amhlaidh bhí sé tar éis tuitim isteach i mbosca gloine. Annsin d'airigh sí an ghuth go feargach — guth an Choinín — ag glaodhach amach: "A Phádraig! A Phádraig! Cá bhfuil tú?" Agus annsin d'airigh sí guth nár airigh sí roimhe sin dá fhreagairt: "Dar ndóigh mhuise! táim annso, ag baint ubhal, má is é toil t'onóra uasail é."
"Ag baint ubhal, an eadh?" arsaigh an Coinín, go feargach. "Le hanamainn do mharbh tar annso go mear agus fuascail orm." (D'airigh Eibhlís fothram mar bheadh gloiní ag briseadh arís.) "Innis dom, a Phádraig, cadé an rud é sin 'sa bhfuinneoig?" "Geug é sin, dar ndóigh, a Mháighistir." "Geug!!! a phleidhce amadáin! Dar ndóigh, ní fhaca Críostuidhe riamh geug chomh mór léis sin. Ná feiceann tú go bhfuil lán na fuinneoige ann!" "Tá, lán na fuinneoige ann, mhuise, a Mháighistir; mar sin féin geug is eadh é." "Ní fhuil aon ghnó aici annsin pé sceul é: teighre, agus caith as í an nómant so!" Bhí gach aon rud go ciúin ar feadh scaithimh in a dhiaidh sin, agus níor airigh Eibhlís acht cogar anois agus arís mar seo: "Ní maith liom é dheunamh, a chuigint ná in aon chor, a Mháighistir!" "Déin mar adeir mé leat, a shuarthamáin lag-chroidheach!" 'Sa deireadh chuir Eibhlís a lámh amach arís agus thug sí snab eile feuchaint an rángóchadh dí breith ar aon rud. Chuir rud éigin gnígheala as, agus d'airigh sí na gloiní dá mbriseadh arís. "Nach fairsing tá na boscaí gloine aca," arsaigh Eibhlís léi féin. "Ní fheadar fén domhan cadé an cheud rud eile dheunfaidh siad! Níorbh' fhearr liom rud a dheunfaidís ná mé a stracadh amach as so! Is beag a fhonn atá orm fuireach ann níos sia!" Bhí gach aon rud ciúin annsin arís ar feadh scaithimh eile gur airigheadh fothram mar bheadh ag rotha cairte agus daoine ag siosma agus ag caint le n-a chéile. Thuig Eibhlís an chaint;
"Cá bhfuil an dréimire eile? — Dar ndóigh, ní raibh acht ceann agam-sa le tabhairt liom; tá an ceann eile ag Tadhg. — A Thaidhg! beir chugam annso í, a dhearbhráthair! 'Seadh, leag suas annso i gcoinne an chúinne seo iad — Ná déin. - Ceangail in a chéile an cheud uair iad. — Ní shroicheann siad suas leath na slighe in aon chor fós. — Dheire! deunfa siad an gnó go maith mar atá siad. — Nach cuma dhuit 'sa tiubaist. - Seo, a Thaidhg, beir ar an teud so; teann an phíc, a Mhaidhe! — Ní fheadar an dtabharfaidh ceann an tighe orainn. — Feuch amach don tslinn sin, tá sí bog; ó, an diabhal mé, go bhfuil sí ag tuitim! — Feuch amach d'bhúr gcloigeann annsin thíos" (do-righneadh smidiríní dí ar an talamh). - "Feuch anois! Cé dhéin é sin? Cé dheunfadh é acht Tadhg. — Cé raghaidh síos sa simné? Ní raghad-sa pé sceul é! Teighre féin ann! Ar mhalainn féin ná raghad, dob' fhearr liom breall ort! Tadhg atá le dul síos. — Seo, a Thaidhg, deir an máighistir go gcaithfe tusa dul síos 'sa simné!" "Agus caithfidh Tadhg dul síos 'sa simné," arsaigh Eibhlís léi féin. "Tá an riabhach 's a mháthair 'sa mhullaigh ar Thadhg! Ní bheinn in áit Thaidhg ar ór na Mumhan! Tá an teinteán so roinnt cumhang, acht mar sin féin is dóigh liom go n-éireoch' liom speach a chaitheamh!" Tharraing sí chúiche a cos, anuas as an simné, chomh fada agus do fheud sí, agus do choimeád sí mar sin í gur airigh sí ainmhidhe beag éigin (ní bhfuighfeadh sí a dheunamh amach cadé an sórt é) ag scríobadh agus ag lapadáil ar fuaid an tsimné rud beag suas uaithe. "Seo chugainn Tadhg do réir deallramh," arsaigh Eibhlís léi
féin, agus le n-a linn sin chaith sí speach bheag agus chuir sí cluas uirre féin feuchaint cadé an cheud rud eile d'aireoch' sí. D'airigh sí iad go léir d'aon ghuth ag glaodhach amach: "Feuch Tadhg! Sin é Tadhg in áirde san aer!" Agus d'airigh sí an Coinín ag glaodhach in aoirde a chinn agus a ghutha: "Beiridh air, sibhse tá annsin cois an chlaidhe." Bhí gach aon rud ciúin annsin ar feadh scaithimhín acht ba ghairid gur éirigh an gheoin cainte arís: "Coimeád siar a cheann. — Cá bhfuil an braindí? - Ná tachtaidh é. — Is eadh, a dhuine bhoicht, chonnaic tú Murchadh! — Cad a bhain duit in aon chor? Innis dúinn cad ba chor duit?" I ndeireadh na scríbe d'airigh sí gnigheala beag lag ("Sin é Tadhg," arsaigh Eibhlís léi féin) á rádh: "Bheil, is ar éigin atá a fhios bheidh a thuille agam anois, go raibh maith agaibh. — Táim roinnt níos fearr anois. - Acht táim rud beag ró chorruighthe chum a innsint díbh — acht an méid seo dhe, go bhfuil a fhios agam gur bhuail rud éigin thiar ar bun na droma mé a chuir in áirde is na feilimintíbh mé!" "Chuir, a dhuine bhoicht," arsa siad go léir. "Caithfear an tigh a dhóghadh," arsaigh an Coinín. "Dar mise, mhuise," arsaigh Eibhlís, "má dhéintear go gcuirfead-sa Pingcín 'sa mullaigh oraibh." Níor bheag sin; níor fhan focal aca. "Ní fheadar cad a dheunfaidh siad anois," arsaigh Eibhlís léi féin. "Dá mbeadh ciall aca bhain- fidís an ceann den tigh." I gceann tamaillín eile thosnuigheadar ag siubhal thimcheall agus ag
caint arís. "Deunfaidh lán-barra an gnó den cheud iarracht," arsaigh an Coinín. "Lán-barra de cadé?" arsaigh Eibhlís léi féin. Acht is gairid a bhí sí gan a fhios aici, mar díreach fé raibh an focal as a beul aici tháinig mar a bheadh cioth gairbhéil ag clagarnaigh isteach 'sa bhfuinneoig, agus bhuail cuid aca isteach san aghaidh uirre. "Cuirfead-sa deireadh leis an obair seo," arsaigh sí léi féin. Do labhair sí annsin chomh árd is ab' fhéidir léi: "Caithidh uaibh," arsaigh sí sin, agus geallaim duit gur chuadar i gciúineas arís. Bhí áthas agus iongantas ar Eibhlís nuair thug sí fé ndeara go raibh cácaí beaga dá ndeunamh den ghairbheul do réir mar bhíodar ag tuitim ar an úrlár. Chuimhnigh sí ar an nómant go mbéidir dá n-íosfadh sí iad go raghadh sí i luighead arís. "Ní fhuil aon fhagháil agam," ar sí sin, "dul i meud a thuille, agus má tá sé de bhuaidh aca aon athrughadh a dheunamh orm is i luighead a ragha mé gan aon agó." D'ith sí ceann aca agus d'éirigh a croidhe nuair a chonnaic sí gur thosnuigh sí ag dul i luighead ar an nómant dearg. Chomh luath a's do bhí sí beag go leor chum í féin a tharraing amach tríd an dorus rioth sí ar éigin amach as an tigh, agus cad a bheadh acht scata mór ainmhidhigh bheaga agus eunlatha in gach aon áit thimcheall leath is amuigh. Bhí an t-arcluachra beag (ba shin é Tadhg) in a sheasamh istigh in a lár agus dhá bhainimhín muice dá choimeád in a sheasamh istigh eatorra agus iad ag tabhairt braoinín beag as bhuideul dó anois agus arís. Riothadar go léir chum Eibhlís chomh luath agus chonnacadar í, acht theich sí uatha chomh mear agus
bhí in a cosa, agus isteach léi i gcoill i bhfolach uatha. "Is é an cheud rud ná a chéile tá le deunamh anois agam," ar sí sin léi féin agus í ag siubhal ar fuaid na coille, "acht dul i meud go mbeidh mé im' mheud féin arís, agus an dara rud ná mo shlighe a dheunamh isteach 'sa ngáirdín áluinn úd. Sin é an rud is fearr dhom anois." Bhí a caint ráidhte aici, acht conus a thabharfadh sí fé? conus thosnóch' sí? An fhaid bhí sí ag deunamh a maranna mar seo agus í ag glin- neamhaint amach tré na crannaibh d'airigh sí an sceamh beag geur in áirde ós a ceann agus d'fheuch sí suas. Bhí coileán mór, bolg-shúileach, ag feuchaint anuas uirre agus a lapa sínte amach aige d'iarraidh é chimilt dí. "Mhuise, a chreutúirín bhocht!" arsaigh Eibhlís, d'iarraidh é bhladradh, agus dhein sí iarracht ar fead a leigint air; bhí uathbhás uirre ar eagla go mb'fhéidir go mbeadh ocras air, agus dá dtuitfeadh amach go mbeadh, dar ndóigh d'íosfadh sé í d'aimhdheoin a cuid bladradh. Ní maith bhí a fhios aici cad bhí sí dheunamh. Thóg sí cipín beag in a láimh agus chuir sí suas fé chaincín an choileáinín é. Bheil! a dhuine, d'éirigh sé dhe léim as a chabhail in áirde 'san aer agus leig sé sceamh as le neart faobhar áthais, agus seo chum an chipín é agus é ag leigint air a bheith ag imirt leis. Chuaidh Eibhlís ar scáth feochadáin bhí taoibh léi ar eagla go ndeunfaí easair dí, agus chomh luath agus bhí sí ar an taobh thiar den fheochadán dhein an coileán glám eile ar an gcipín agus cuireadh toll thar
ceann é den iarracht sin. D'fheuch an sceul go léir d'Eibhlís chomh uathbhásach agus dá mba capall é an coileáinín, agus bhí eagla uirre gach aon nómant go siubhalfaí 'sa mullaigh uirre, agus bhí sí ag teicheadh uaidh chomh maith agus do fheud sí thimcheall an fheochadáin. Chrom an coileáinín ar shlighe eile chum teacht ar an gcipín dúmas; théigheadh sé siar i ndiaidh a chúil, agus annsin thugadh sé sidhe-reatha chum cinn agus é ag sceamhghail ar a dhícheall ar feadh na haimsire go léir. 'Sa deireadh shuidh sé síos tamall amach ón chipín agus a theanga amuigh aige, cortha sáruighthe mar a bhí Bran, saothar air, agus a dhá shúil mhóra leath-oscailte aige.
Anois an t-am d'Eibhlís teicheadh má bhí sí chum teicheadh in aon chor. Chuir sí dhí chomh mear a's bhí innte, agus níor stad sí go raibh a hanáil imthighthe uaithe agus í cortha traochta. D'airigh sí sceamh an choileáinín i bhfad ó bhaile. "Nár chanta an coileáinín é as an mhagadh sin," arsaigh Eibhlís léi féin, nuair tháinig a caint dí agus í i bhfolach ar scáth craoibhe an bhainne-bó-bleacht agus í dá fionnfhuaradh féin le builleog de. "Ba mhaith liom bheith ag múineadh cleas dó súd — sin é dá mbéinn mór go leor chuige! Ó, a chiallach! dóbair dom é dhearmhad; dar ndóigh, caithfe mé dul i meud chomh mear agus tá ionnam é! 'Seadh, acht conus a thabharfa mé fé? Caithfe mé rud éigin d'ithe nó d'ól — acht cad d'íosfa mé nó cad d'ólfa mé? Sin í an fhadhb! Sin í an phreap." D'fheuch Eibhlís thimcheall uirre i ngach aon áit — ar na luibheannaibh, ar an bhfeur glas, acht níor rángaidh aon rud léi a dheurfadh sí dh'oirfeadh d'á gearán. Bhí muisiriún mór ag fás taoibh léi a bhí díreach thimcheall chomh árd léi féin; agus nuair bhí sí tar éis feuchaint fé agus ar gach taobh de chomh maith le taobh thiar de dubhairt sí léi féin go raibh sé chomh maith dhí feuchaint cad bhí ar a bharr. Sheasaigh sí ar bharraí a cos agus d'fheuch sí in áirde thar chiosa an mhuisiriúin, agus cad a chífeadh sí ann in a shuidhe in áirde ar a bharr, a dhá láimh fillte in a chéile aige agus é ag caitheamh a phíopa dó féin agus gan aon suim aige in Eibhlís ná in aon rud eile acht piast cabáiste mór gorm.
CAIBIDIL A V COMHAIRLE CNEAMHDÓIGE D'fheuch an chneamhdóg (tugtar cneamhdóg ar an bpiast chabáiste) agus Eibhlís ar a chéile ar feadh tamaill gan an oiread agus focal as aoinne aca. 'Sa deireadh bhain an chneamhdóg an píopa as a bheul agus labhair sé léi i nguth faon-lag codlatach. "Cé hé tusa?" arsaigh an chneamhdóg. Ba bhocht an bogadh chum seanchuis a leithéid seo de cheist a chur. D'fhreagair Eibhlís é go háimhleasga: "Is ar éigin atá a fhios agam féin cé hé mé fé láthair, a dhuine uasail — tá a fhios agam cé arbh'é mé ar maidin nuair d'éirigh mé, acht is mó cor agus athrughadh a chuir mé dhíom ó shoin." "Cadé an bhrígh atá agat leis an gcaint sin?" arsaigh an chneamhdóg go dána. "Mínigh dhom brígh do scéil!" "Ní féidir liom aon mhíniughadh in aon chor a thabhairt im' thaobh féin duit, a dhuine uasail," arsaigh Eibhlís, "tá a fhios agat nach mise mé féin in aon chor." "Ní fhuil a fhios agam aon rud dá leithéid," arsaigh an chneamhdóg. "Is baoghal liom," arsaigh Eibhlís go deagh- bheusach, "nach féidir liom aon solus níos fearr a thabhairt duit ar mo chúrsaí; ní fhuil solus agam féin orra, agus is bacach an tosach ar mo sceul a innsint é sin. Is mór an crádh do dhuine bheith ag dul i luighead agus ag dul i meud chomh minic sin." "Deirim-se nach eadh," arsaigh an chneamhdóg. "Ó, béidir," arsaigh Eibhlís, "nár thárlaigh
mar sin duit-se fós, acht beidh tú id' phiast lá breágh éigin, agus in a dhiaidh sin beidh tú id' fheilleacán, agus dheurfainn-se, pé sceul é, ná beidh tú ró shásta a bheith ag athrughadh chomh minic sin." "Riabhach pioc caduaic a chuirfidh sé orm," arsaigh an chneamhdóg. "Ó, béidir," arsaigh Eibhlís, "nach í an nádúir cheudna tá ionainn, acht tá a fhios agam gur ait liom-sa a leithéid." "Leat-sa, an eadh," arsaigh an chneamhdóg. "Cé hé tusa, má's eadh?" Agus tharraing an cheist sin siar chum tosach an tseanchuis arís iad. Níor thaithnigh le Eibhlís an tsnabaireacht so ón chneamhdóig, agus bhain sí stuir aiste féin agus adubhairt i gcorp lom dáiríreachta: "Is dóigh liom," ar sí sin, "gur cheart duit-se a innsint domh-sa cé hé tú féin i dtosach." "Cadé a chúis?" arsaigh an chneamhdóg. Chuir an cheist seo an chaint 'sa mhuilleann arís orra, agus ós rud é ná fuighfidís réidhchan le n-a chéile d'iompuigh Eibhlís ar a sáil agus bhí sí ag imtheacht léi. "Cas," arsaigh an chneamhdóg, "tá rud éigin éifeachtamhail agam le rádh leat." 'Seadh, bhí deallramh éigin ar an gcaint sin, agus chas Eibhlís thar n-ais arís. "Iomchur tú féin," arsaigh an chneamhdóg. "Ná raibh le rádh agat liom acht an méid sin?" arsaigh Eibhlís, agus bhrúigh sí fúithe chomh maith agus d'fheud sí é. "Bhí," arsaigh an chneamhdóg. Dubhairt Eibhlís léi féin go raibh sé chomh maith aici a suaimhneas a cheapadh agus go mb'fhéidir go inneosadh sé rud éigin dí ar bhfiú éisteacht leis. Ar feadh
roinnt nómantaí tharraing sé leis a phíopa agus gan aon fhocal cainte aige, acht fé dheireadh scaoil sé a dhá láimh as a chéile agus bhain sé an píopa as a bheul agus labhair sé. "Agus is dóigh leat go bhfuil athrughadh ort?" ar sé sin.
"Tá eagla orm go bhfuil," arsaigh Eibhlís, "ní féidir liom cuimhneamh ar rudaí mar ba thaitheach liom agus ní fhanaim 'sa meud ná 'sa riocht ceudna ar feadh aon deich nómantaí!" "Cad iad na rudaí nach féidir leat cuimhneamh orra?" arsaigh an chneamhdóg. "Shíl mé "Fiadhach an Mhadra Ruadh 'sa Rinn" dó rádh, sin amhrán airighinn ag Uilliam Thaidhg, agus bhí sé go léir ag dul 'sa mhuilleann orm," arsaigh Eibhlís go truaighbhéileach. "Abair "An té chífeadh an t-iongantas" dom," arsaigh an chneamhdóg. Chuir Eibhlís a dhá láimh taobh thiar dá drom agus thosnuigh sí: - "An té chífeadh an t-iongantas chonnaic mise an lá úd, Madra-ruadh ar sodar agus diallait ón Spáinn air, Poc-fiadh ar a mhuin agus é ag imirt ar chláirsigh, Dubhan-fhalla agus teud aige dá dtarraing thar sáile. M'anam-sa an deadaró dilín ó déaró, M'anam-sa an deadaró dilín ó déaró, M'anam-sa an deadaró dilín ó déaró, Bobaró deirim-se agus déinidh rinnce. An té chífeadh an t-iongantas chonnaic mise an lá úd, Cnoc Mhaol Domhn' istigh i mbórd árthaigh, Baile na Sagart ag ól a sláinte, Táiliúir i mbeul muice agus é ag scuabadh na sráide. M'anam-sa an deadaró dilín ó déaró, M'anam-sa an deadaró dilín ó déaró, M'anam-sa an deadaró dilín ó déaró, Bobaró deirim-se agus déinidh rinnce.
An té chífeadh an t-iongantas chonnaic mé i gcrann geamhaise, Fionnóg agus cleath aici ag caitheamh le franncaigh. Bhí oiread ceann capaill de bhosca ar a ceann thuas, A's í ag díol a cuid earraidhe idir Chorcaigh agus Londuin. M'anam-sa an deadaró dilín ó déaró, M'anam-sa an deadaró dilín ó déaró, M'anam-sa an deadaró dilín ó déaró, Bobaró deirim-se agus déinidh rinnce." "Éist do bheul," arsaigh an chneamhdóg, "tá sé go léir tré n-a chéile agat." "Is dócha go bhfuil, a dhuine uasail," arsaigh Eibhlís, go scáthmhar, "is dócha go bhfuil cuid de na focail bun ós cionn agam." "Tá gach aon phioc riamh de bun ós cionn agat, ó thosach go deireadh," arsaigh an chneamh- dóg. Níor fhan focal aici. "Abair 'Aighneas an Pheacaidh leis an mBás,'" arsaigh an chneamhdóg. "Ní fhuil sé agam," arsaigh Eibhlís. "Ná "Comhairle na Bárd Scolóige dá Mhac,"" arsaigh an chneamhdóg. "Ní fhuil, ná sin," arsaigh Eibhlís, "acht deurfa mé "An Tigh a Thóg Seáinín" duit." "Obhoch! mo léir tú!" arsaigh an chneamhdóg, "bheadh sé sin ag an leanbh a rugadh indé geall leis, acht, seo leat é, má's eadh." Bhí an dá láimh taobh thiar dá drom i gcomh- nuidhe agus thosnuigh sí gan a thuille moille: "Sin é an tigh a thóg Seáinín. Sin é an coirce garbh a's mín Do bhí 'sa tigh a thóg Seáinín.
Sin é an franncach D'ith an coirce garbh a's mín Do bhí 'sa tigh a thóg Seáinín. Sin é an cat, an seibionach breágh, Do mharbh an franncach luath 'sa lá D'ith an coirce garbh a's mín Do bhí 'sa tigh a thóg Seáinín. Sin é an madra thíos 'sa ngleann Rug ar an gcat, an seibionach breágh, Do mharbh an franncach luath 'sa lá D'ith an coirce garbh a's mín Do bhí 'sa tigh a thóg Seáinín. Sin í an bhó leis an adhairc cham Do leag an madra síos 'sa ngleann Rug ar an gcat an seibionach breágh, Do mharbh an franncach luath 'sa lá D'ith an coirce garbh a's mín Do bhí 'sa tigh a thóg Seáinín. Sin í an cailín deas díomhaoin Do chrúidh an bhó leis an adhairc cham Do leag an madra síos 'sa ngleann Rug ar an gcat, an seibionach breágh, Do mharbh an franncach luath 'sa lá D'ith an coirce garbh a's mín Do bhí 'sa tigh a thóg Seáinín. Sin é an fear gan mhaith gan mhaoin Do phóg an cailín deas díomhaoin Do chrúidh an bhó leis an adhairc cham Do leag an madra síos 'sa ngleann Rug ar an gcat, an seibionach breágh, Do mharbh an franncach luath 'sa lá D'ith an coirce garbh a's mín Do bhí 'sa tigh a thóg Seáinín."
"Dar ndóigh, ní gábhadh dhuit "paidir Chapaill" ar fad a dheunamh den sceul," arsaigh an chneamhdóg. "Ná cuir amugha air mé," arsaigh Eibhlís. "Sin é an sagart lán de Laidin Do phós an fear gan mhaith gan mhaoin Leis an gcailín deas díomhaoin Do chrúidh an bhó leis an adhairc cham Do leag an madra síos 'sa ngleann Rug ar an gcat, an seibionach breágh, Do mharbh an franncach luath 'sa lá D'ith an coirce garbh a's mín Do bhí 'sa tigh a thóg Seáinín. Sin é an coileach a ghlaoidh ar maidin Do dhúisigh an sagart lán de Laidin Do phós an fear gan mhaith gan mhaoin Leis an gcailín deas díomhaoin Do chrúidh an bhó leis an adhairc cham Do leag an madra síos 'sa ngleann Rug ar an gcat, an seibionach breágh, Do mharbh an franncach luath 'sa lá D'ith an coirce garbh a's mín Do bhí 'sa tigh a thóg Seáinín." "'Seadh, tá gaisce mór deunta anois agat," arsaigh an chneamhdóg, "do-gheobha tú t'anáil a tharraing anois agus béidir annsin go ndeurfá, "Táir in Achrann is na Bliadhanta!"" "'Seadh, deunfa mé mo dhícheall, ar ndóigh," arsaigh Eibhlís. Comh luath agus a fuair sí breith ar a hanáil seo ar siubhal arís í.
"'Táir in achrann is na bliadhanta,' arsaigh Peaid le n-a Dhaid, 'A's an méid ded' cheann bocht ná fuil maol tá sé liath. 'Dé chúis duit, má's eadh, bheith ag síor-sheasamh ar do phlait, Nó an tonn-taoscadh, nó an treighid é do chiach?' 'Nuair bhíos ag foghluim an cleas im' óige a's im' aimhleas,' Arsaigh Daid an Ghrinn ag freagairt a mhic, 'Ba bhaoghal liom dom' mheabhair a's mo chiall liom ba cheas, Acht, ní rabhadar ann nach an oiread a's tá 'sa lic.'
'Ó, Dia linn, a's cabhair! tá mo Dhaid-se as a mheabhair, Feuch an tslighe a thagann sé an dorus isteach. Conus fén domhan, a's gan tú id' fhiadh ná id' ghabhar, Gheobhadh aoinne id' aois-se bheith chomh lán de theasbach?' 'I dtús mo shaoghail a's m'óige," arsaigh Daid go ró bhaoth, 'Bhí mé féineach chomh bríoghmhar le beach, Agus annsin i rioth mo shaoghail nuair a gheibhinn an chaoi Chimilinn bálsam agus íce agus gibsol isteach.'
'Táir in achrann is na bliadhanta, a chroidhe 'gus a shearc! A's ní fhuil do chorrán géill chomh heuscaidh a's a bhíodh, Agus ní fheadar-sa 'sa tsaoghal conus d'ithis an chearc Idir cnámha agus siothog, crúb, gob agus sciath.' 'Inneosa mise dhuit-se sin, a laoigh ghil, a's a chuid! Agus is maith liom go mór gur thugais dom an chaoi; Ní raibh buadhchain ar do Mham i mbáirseoracht ná i dtroid, Agus tá a rian ar mo chorrán-sa go mbínn ag gearradh gada léi.'
'An le draoidheacht, le diabluigheacht, nó le clisteacht do chleas A gheibheann tú an eas-cú sin a choimeád ar do chaincín? Géireacht do radharc! ó, ní féidir é a mheas, Agus gur shíl mise ná raibh ionnat acht glincín.' 'Scrios amach as mo radharc, a bhrasaire dhailtín! Agus ná bí ag ceistiúchán do Dheadá mar sin. Ní fhuil de chiall ná de mheabhair istigh id' chinnín A's a bhí ag an té dhein an té nár chuibhe dhos na coin.'" "'Dé'n aoirde ba mhaith leat a bheith ionnat?" arsaigh an chneamhdóg.
"Is cuma liom cadé'n aoirde bheidh ionnam," arsaigh Eibhlís, "acht ní maith le duine a bheith ag athrughadh chomh minic sin." "Ní fheadar mé sin," arsaigh an chneamhdóg. Ní dubhairt Eibhlís aon rud annsin: níor bhreugnaigheadh chomh minic sin riamh roimhe sin í, agus bhí fearg ag teacht uirre. "Agus an bhfuil tú sásta leat féin anois?" arsaigh an chneamhdóg. "Ba mhaith liom bheith rud beag níos aoirde, dá mbadh é do thoil é, a dhuine uasail," arsaigh Eibhlís, "is suarach an aoirde gan acht trí órdlach a bheith i nduine." "Is maith an aoirde í, go deimhin," arsaigh an chneamhdóg go strollúsach, ag baint searradh as féin (trí órdlach ar aoirde díreach a bhí ann féin). "Acht ní fhuilim-se in a thaithighe," arsaigh Eibhlís go cráidhte. Agus dubhairt sí in a haigne féin go mb'fhearr léi ná beadh sé chomh fuiris sin olc a chur ar na hainmhidhthe. "Ragha tú in a thaithighe in áit a chéile," arsaigh an chneamhdóg, agus chuir sé an píopa in a bheul arís agus chrom sé dá chaitheamh. Dhún Eibhlís a beul an iarracht so agus d'fhan sí gurbh' mhaith leis an gcneamhdóig labhairt arís. I gcionn cúpla nómant bhain sé an píopa as a bheul agus bhí sé ag meunghail agus dá shearradh féin. Annsin tháinig sé anuas den mhuisiriún agus shnámhaigh sé leis tríd an bhfeur. Dubhairt sé ag imtheacht dí: "Cuirfidh taobh de in aoirde thu agus an taobh eile cuirfidh sé i luighead thu." "Taobh de cad é? Agus an taobh eile de cad é?" arsaigh Eibhlís léi féin.
"Den mhuisiriún," arsaigh an chneamhdóg, díreach mar adeurfadh sé dá mbeadh sí tar éis an cheist a chur ós árd air, agus annsin bhí sé teichte as a radharc. D'fheuch Eibhlís ar an muisiriún mar bheadh sí ag baint meabhrach as d'iarraidh a dheunamh amach cad iad an dá thaobh bhí air. Agus ó's rud é go raibh an muisiriún in a chearcall cruinn ba dheacair dí an cheist seo a réidhteach. Acht fé dheireadh chuir sí a dhá láimh thimcheall air chomh fada agus d'fheud sí iad a chur agus bhris sí ciosa beag den mhuisiriún le gach láimh. "Is eadh! anois," arsaigh sí léi féin, "go gcuire Dia ar mo leas me, cia aca is fearr dhom d'ithe?" Chrom sí ag creimirt an phíosa bhí in a láimh dheis, agus ar an nómant dearg bhí sé blasta aici buaileadh iarracht dá smeigín thíos i gcoinne a cos. Deirim leat gur baineadh preab aiste, acht ní raibh aon am le cailleamhaint aici, mar bhí sí ag dul i luighead go tiugh. Thug sí fén phíosa eile gan mhoill, acht bhí a smeigín buailte chomh daingean sin i gcoinne a cos gur ar éigin bhí sí ábalta ar a beul d'oscailt: acht d'éirigh léi é a dheunamh ar chuma éigin, agus d'ith sí cáinthín beag den mhéid bhí in a láimh chlé. "Buidheachas le Dia, tá mo cheann ó bhaoghal agam," arsaigh Eibhlís léi féin, agus áthas an domhain uirre, acht deirim leat gur aistrigh an port aici ar an nómant dearg arís nuair thug sí fé ndeara ná raibh na guailne in aon áit le feicsin aici; dada acht scrogal mór fada dhe mhuineul, agus an feur glas fad a radhairc síos uaithe. "Cadé an tiubaist an rud glas sin thíos
ar fad," arsaigh Eibhlís; "agus cá bhfuil mo ghuailne imthighthe; agus, obhoch! mo lámha bochta! conus ná feicim sibh in aon chor?" Bhí sí d'iarraidh iad a chorruighe le linn a's í ag deunamh na cainte, acht ní fhaca sí aon rud acht mothughadh beag is an bhfeur ghlas thíos fúithe. Nuair ná raibh aon fhagháil aici ar a dhá láimh a chur suas go dtí n-a ceann thug sí iarracht ar a ceann a chromadh síos orra, agus bhí áthas uirre nuair fuair sí a muineul a lúbadh ar gach aon taobh mar a dheunfadh eascú nó athair-nimhe. Díreach nuair bhí sé lúbtha go deas isteach agus amach cúpla bobhta aici agus í chum a ceann a sháthadh isteach imeasc an duilleabhair bhí ar bharr na gcrann — na crainn do-rigne scáth dí scaitheamh beag roimhe sin — dubhairt rud éigin: "Thairis amach," agus tharraing sí a ceann siar go hobann: colbhar mór coille bhí thar éis bualadh isteach 'san aghaidh uirre agus bhí dá greadaigh le n-a sciatháin. "A athair-nimhe!" arsaigh an colbhar. "Ní athair-nimhe mise," arsaigh Eibhlís, go feargach, "agus éirigh asam." "A athair-nimhe!" arsaigh an colbhar arís, acht ní chomh dána ná chomh feargach é, "táim tar éis triail a bhaint as gach aon tslighe, agus ní dheunfaidh aon rud an gnó dhóibh!" "Ní fheadar mé 'sa domhan cad dó tá tú ag tagairt," arsaigh Eibhlís. "Bhain mé triail as phreumha na gcrann agus as phorta na habhann, as dhígreacha agus as chladhthacha," arsaigh an colbhar, agus gan aon suim aici dá chur in Eibhlís; "acht na hathara- nimhe seo! ní shásóchadh aon rud iad." Bhí an sceul ag dul níos mó in aimhréidh
ar Eibhlís, agus dubhairt sí léi féin go mb'fhearr dhí gan aon rud a rádh go mbeadh deireadh ag an cholbhar. "Ar eagla ná raibh trioblóid mo dhóchaint agam ar gor ar na huibhe," arsaigh an colbhar, "acht caithfidh mé bheith ar m'aire féin de ló as d'oidhche ós na hathraibh-nimhe seo! Ní bhfuair mé neul codlata le trí seachtmhaine!" "Is ol' liom," arsaigh Eibhlís, "tú bheith ad' chiapadh mar seo." "Tar éis dom an crann is aoirde 'sa choill a thogha dhom féin," arsaigh an colbhar, ag cur screuch aiste, "agus díreach nuair a shíl mé bheith scartha leo go bráth iad a' teacht anuas 'sa mullach orm ón spéir! A — a — a, a athair- nimhe!" "Acht ní athair-nimhe mise, adeirim leat," arsaigh Eibhlís. "Ca — ca — ca -." "Agus 'dé rud é tú má's eadh?" arsaigh an colbhar, "tá tú d'iarraidh breug a cheapadh dhom nó dalladh-mhollóg éigin a chur orm!" "Ca — ca — cailín iseadh mise," arsaigh Eibhlís, agus í in amhras arbh' eadh nó nárbh' eadh, nuair chuimhnigh sí ar an méid aistrighthe bhí curtha dhí aici an lá sin. "Tá deallramh ar do sceul, go deimhin!" arsaigh an colbhar le hárd-shearbhas. "Is iomdha cailín chonnaic mé im' shiubhalta, acht a leithéid sin de scrogal ar chailín ní fhaca mé fós! Ar mhalainn nach cailín tú; athair-nimhe is eadh thú, agus ní fhuil aon mhaith dhuit a bheith ag dul ar a sheunadh. Is é an cheud rud eile bheith tú d'iarraidh chur in a luighe orm acht ná híosfá ubh." D'íosfainn ubh, go deimhin," arsaigh Eibhlís; ní inneosadh sí breug ar chapall; "d'íosfadh
cailíní uibhe chomh maith agus d'íosfadh aon athair- nimhe." "Ní chreidim thu," arsaigh an colbhar, "acht is é an méid atá le rádh agam-sa leo acht dá n-íosfaidís uibhe saghas athara-nimhe is eadh iad gan aon dabht." Bhain an méid seo an brígh ar fad as Eibhlís, agus ní raibh cniug aiste ar feadh cúpla nómant. "Tá tú ag lorg ubh, arsaigh an colbhar, "tá a fhios an méid sin go maith agam; agus cár chuma dhomsa cia aca cailín nó athair-nimhe tú." "Ó, ní cuma liom-sa é, mhuise," arsaigh Eibhlís go hobann, "agus ní ag lorg ubh atá me, agus dá mba eadh féin ní ag lorg do choda-sa bheinn, ní maith liom fuar iad." "Cuir díot amach as so go mear!" arsaigh an colbhar go feargach, agus chrom sí dá socrughadh féin síos arís 'sa nead. Bhí Eibhlís d'iarraidh í féin a réidhteach amach as na crainn chomh maith a's d'fheud sí; uaireannta théigheadh a muineul in achrann is na geuga agus chaithfeadh sí stad agus í féin d'fhuasgailt asta. I gcionn tamaill chuimhnigh sí go raibh píosaí an mhuisiriúin in a lámha fós aici, agus thosnuigh sí go han- chúramach ag creimirt píosa agus annsin an píosa eile gach re tamall. Uaireannta théigheadh sí in aoirde agus annsin arís i luighead gur éirigh léi a haoirde ceart a thomhas arís. Bhí sé chomh fada sin ó bhí sí in a haoirde féin gurbh' ait léi í féin an cheud uair, acht chuaidh sí in a thaithighe fé chionn gairid agus thosnuigh sí ag caint léi féin mar ba ghnáth léi. "Is eadh! Sin leath mo chúrsaí réidhtighthe anois agam! Tá an gnó go léir in a sheachrán-srianach.
Nach deacair é thuigsin! Ní fheadar mé ó nómant go nómant cadé an cheud athrughadh eile thiocfaidh orm! Is eadh! acht tá m'aoirde cheart féin agam arís; an cheud rud eile anois acht dul isteach 'sa ngáirdín áluinn úd — is eadh, acht conus a dheunfar sin, ní fheadar." Díreach le n-a linn sin tháinig sí amach in áit oscailte i mbeul na coille, áit i raibh tigh beag thimcheall cheithre troighthe ar aoirde. "Pé daoine bhfuil comhnuidhe annso orra is dóigh liom ná deunfadh sé an gnó dhom' leithéid de chleitheire mná glaodhach chucha: chuirfeadh sé ar ghealaigh iad bean chomh árd liom-sa d'fheicsin." Thosnuigh sí ag creimirt an phíosa bhí in a láimh dheis arís, agus níor chuaidh sí ar ghoire an tighe go dtí ná raibh acht naoi n-órdlach ar aoirde innte.
CAIBIDIL A VI AN CAT CLÁRACH D'fhan sí scaitheamh beag ag feuchaint ar an tigh, agus ná feadar sí cad ba cheart dí a dheunamh, nuair do rioth giolla beag amach as an gcoill (bhí a fhios aici gur giolla é mar bhí a chulaith sin air, acht le feuchaint suas 'san aghaidh air níor dhóigh leat nach iasc é), agus chrom sé ag bualadh ag an doras le n-a dhóirne. D'oscail giolla eile an dorus dó — fear a raibh aghaidh mar an ghealach air agus súile frog aige; agus thug Eibhlís fé ndeara go raibh mórán den phúdar bán ar ghruaig chas gach giolla dhíobh. B'ait léi cad chuige an gnó go léir, agus chuaidh sí ar a cromada agus chuir sí cluas uirre féin ag éisteacht. Tharraing an giolla-iasc amach leitir mhór bhí fé n-a oscail aige — leitir bhí geall leis chomh mór leis féin — agus shín sé chum an ghiolla eile í, agus adubhairt san am cheudna: "Don Bhaintighearna. Cuireadh ón mBain- ríoghain chum dul ag imirt cróicé léi." Do fhreagair an giolla-fhrog é as an gcaint cheudna acht gan na focail a bheith ar an bhfuitinn cheudna ar fad aige: "Ón mBainríoghain. Cuireadh don Bhaintighearna chum dul ag imirt cróicé léi." Annsin d'umhlaigheadar araon dá chéile agus 'san umhlughadh dhóibh chuaidh a gcuid gruaige in achrann in a chéile. Tháinig a leithéid sin de reachtaí gáire ar
Eibhlís nuair a chonnaic sí cad a bhain dóibh gur chaith sí rioth siar thar n-ais 'sa choill ar eagla go n-aireochthaí í. Nuair d'fheuch sí amach in a dhiaidh sin bhí an giolla-iasc imthighthe agus bhí an fear eile in a shuidhe ar an talamh le hais an duiris agus é ag feuchaint mar a bheadh amadán in áirde 'sa spéir. Chuaidh Eibhlís suas agus roinnt scátha uirre agus bhuail sí ag an dorus. "An deabhas pioc maitheasa dhuit-sa a bheith ag bualadh ag an dorus sin," arsaigh an giolla, "agus tá dhá chúis leis. Insan cheud dul síos táim-se ar an dtaobh cheudna den dorus leat-sa, agus insan dara háit tá an oiread sin gleo agus cibeal istigh aca ná fuighfidís tú a aireachtain." Agus go deimhin agus go dearbhtha bhí comhrádh-bó agus cibeal istigh — screuchadh agus sraothartghail gan stad gan staonadh, agus anois agus arís fothram mar a dheunfaí blodhanna dhe mhias nó dhe chiotal. "Agus, má's é do thoil é, a dhuine uasail," arsaigh Eibhlís, "conus is féidir liom-sa dul isteach?" "Bheadh ciall éigin a bheith ag bualadh ag an dorus sin," arsaigh an giolla agus gan suim aige dá chur i gceist Eibhlís, "dá mbadh rud é go mbeadh an dorus eadrainn. Cuirim i gcás tusa a bheith istigh agus mise amuigh, dob' fhéidir leat-sa bualadh ag an dorus agus gheobhainn-se tú leigint amach." Bhí sé ag feuchaint in áirde 'sa spéir i gcomhnuidhe an fhaid is a bhí sé ag caint le hEibhlís, agus dubhairt sí léi féin go raibh sé an-dhrochmhúinte. "Acht béidir, dar ndóigh, ná fuil leigheas aige air," ar sí sin, "tá a shúile chomh gairid sin do mhullaigh a chinn.
Acht dar ndóigh ná fuighfeadh sé freagra thabhairt orm. — Conus is féidir liom dul isteach?" ar sí sin arís, ag labhairt go hárd. "Fanfa mise im' shuidhe annso go dtí i mbáireach," arsaigh an giolla. Díreach le n-a linn sin d'oscladh an dorus agus do teilgeadh de fhuinneamh amach i leith cinn an ghiolla pláta mór; d'imthigh sí díreach de bharr a chaincín amach agus deineadh píosaí dhe i gcoinne crainn bhí taobh thiar de. "… nó go dtí anurthar béidir," arsaigh an giolla, gan aon tsuim dá chur aige insan urchar a caitheadh leis. "Conus is féidir liom dul isteach?" arsaigh Eibhlís arís chomh árd agus ab' fhéidir léi. "Is eadh," arsaigh an giolla, "acht an leig- fear isteach in aon chor tú? Sin, í an phríomh- cheist, maran bhfuil a fhios agat é." Ba í, dar ndóigh, acht níor thaithnigh le hEibhlís é sin á rádh léi. "Nach é an scannradh," arsaigh Eibhlís fé n-a fiacla, "nach é an scannradh mar a thagann na hainmhidhthe seo treasna ar dhuine. Bhainfeadh sé do mheabhair díot, bhaineadh sin, bheith ag pléidhe leo." Thosnuigh an giolla ag caint leis féin arís: "Fanfa mé annso im' shuidhe, chugham agus uaim ar eadh na laetheannta." "Acht cad a dheunfad-sa má's eadh," arsaigh Eibhlís. "Déin do rogha rud," arsaigh an giolla, ag cromadh ar phort feadghala dhó féin. "Ó, ní fhuil aon mhaith bheith ag caint leis sin," arsaigh Eibhlís, agus í i ndeireadh na foidhne, "tá an fear sin as a mheabhair glan." D'oscail sí an dorus í féin agus isteach léi.
Isteach i gcistin mhór chuaidh sí bhí múchta le deatach. Bhí an Bhaintighearna in a suidhe ar stóilín trí gcos i lár an úrláir i bhfeidhil leinbh; bhí an cócaire cromtha síos ar an dteine agus bata aici ag suathadh rud éigin bhí dá bheirbhiú aici i gcoire mór. "Pé rud atá dá bheirbhiú aici tá an mí-ádh de phiobar ann," arsaigh Eibhlís léi féin, nuair d'éirigh léi a hanáil d'fhagháil i ndiaidh an tsraothartghail. Bhí an mí-ádh dhe phiobar ar fuaid na cistin pé sceul é. Bhí an Bhaintighearna féin ag sraothartghail anois agus arís. Acht bhí an tiubaist cheart anuas ar an leanbh, tamall ag sraothartghail agus tamall ag screuchadh gan sosadh gan suaimhneas. Bhí gach aoinne ag sraothartghail acht amháin an cócaire agus cat mór bhí in a shuidhe ar lár an teinteáin agus beul air ó chluais go cluais. "An inneosfá dhom, má's é do thoil é," arsaigh Eibhlís go scáthmhar, mar ná feadar sí acht gur drochmhúinte an rud dí tosach a chur leis an gcaint, "an inneosfá dom cadé a chúis an drana sin a bheith ar an gcat!" "Cath Clárach é sin," arsaigh an Bhaintighearna, "agus sin é a chúis. A mhuc!" Bhain sí preab as Eibhlís a bhinibe adubhairt sí an focal sin, acht thug sí fé ndeara i gcionn tamaill gur chum an leinbh bhí sí agus nach chúiche féin, agus ghlac sí misneach agus labhair sí arís: "Agus ní raibh a fhios agam go mbíodh drana ar chat Clárach i gcomhnuidhe, ní headh, acht ní raibh a fhios agam go bhfuighfeadh cat drana a chur air féin in aon chor." "Is féidir leo go léir drana chur orra
féin," arsaigh an Bhaintighearna, "agus is beag díobh ná déineann." "Ní fhaca mé riamh ceann aca á dheunamh," arsaigh Eibhlís go deaghbheusach agus áthas uirre go raibh sí tar éis an Bhaintighearna a bhogadh chum cainte. "Ní fhaca tú mórán id' shaoghal," arsaigh an Bhaintighearna, "agus sin í an fhírinne." Níor thaithnigh le hEibhlís an tslighe a thug an Bhaintighearna an freagra so uirre, agus dubhairt sí léi féin go mb'fhéidir go mb'fhearr dhí cúrsaí éigin eile cainte tharraing chúiche féin. Le linn is í ag deunamh a maranna thóg an cócaire an coire den teine (anairthe bhí ann), agus seo í ag caitheamh gach aon rud a fheud sí breith air leis an mBaintighearna agus leis an leanbh. Chaith sí iarnaí na teine an cheud uair leo; annsin tháinig cioth panaí agus plátaí agus miasa anuas 'sa mullaigh orra. Níor chuir an Bhaintighearna i bháir iad agus iad ag bualadh uirre ó gach aon taobh, agus bhí an oiread sin screuchadh agus screadadh ag an leanbh cheana féin ná beadh a fhios agat an rabhadh dá ghoirtiughadh nó ná rabhadh. "Feuch romhat féin, má's é do thoil é," arsaigh Eibhlís, agus í ag léimrigh ar fuaid an tighe agus a croidhe in a beul aici le neart faobhar scannradh. "Ó, coimirche Dé dhúinn! tá an caincín scuabtha dhe," ar sí sin nuair d'imthigh pan mór amach de chaincín an leinbh agus go ndóbar dó. "Dá mb'áil le gach aoinne aire thabhairt dá ngnó féin," arsaigh an Bhaintighearna, agus tocht uirre, "is mire chasfadh an domhan." "Agus níorbh' fhearrde an domhan é sin,"
arsaigh Eibhlís, le háthas ó fuair sí an chaoi ar a cuid léighinn a nochtadh. "Feuch, cadé an chur amudha dheunfadh sin ar an lá agus ar an oidhche. Ná fuil a fhios agat go mbaineann sé cheithre huaire fichead den domhan casadh …" "Cas an ceann dí," arsaigh an Bhaintighearna. Agus d'fheuch Eibhlís thimcheall uirre go him- shníomhach feuchaint an raibh an cócaire ag cuimhneamh ar an ceann a bhaint dí, acht bhí an cócaire bocht ag corruighe an anairthe léi agus gan aon tsuim aici i gcaint na coda eile; mar sin lean Eibhlís uirre 'sa chaint: "Cheithre huaire fichead is dóigh liom nó an dá uair dheug é?" "Dhera, ná bí im' bhodhradh," arsaigh an Bhain- tighearna, "ní lugha orm bóithreán bó ná áireamh!" Agus chrom sí ag breugadh an leinbh arís; bhí saghas "seo-thín" aici dho, agus bhaineadh sí suathadh uathbhásach as i ndeireadh gach aon líne: "Caithfimíd suas agus suas é, Caithfimíd suas an páiste, Caithfimíd suas agus suas é, Agus tiocfa sé anuas i mbáireach. Ó, níor dhein sé rinnce, Ó, níor dhein ná gáire, Ó, níor dhein sé rinnce, Acht deunfa sé rinnce i mbáireach." "Seo! bí á bhreugadh tamall, má's maith leat," arsaigh an Bhaintighearna le hEibhlís, ag caitheamh an leinbh chúiche, "caithfe mise dul ag
imirt cróicé leis an mBainríoghain," agus as go bráth léi amach an dorus. Chaith an cócaire pan léi ag dul amach dí, acht níor buaileadh í. Rug Eibhlís ar an leanbh, acht ba dheacair dí é, mar b'ait an sórt deunamh bhí ar an gcreu- túirín; ba dhóigh leat ná raibh dada ann acht cosa agus lámha agus iad sínte amach ar gach aon taobh uaidh. Ba gheall le portán é. Nuair rug Eibhlís air bhí sé ag putharnghail agus ag srannthartghail mar bheadh fear gan snámh thar éis éirighe aníos ó bheith fé uisce; bhí sé á chrapadh agus á shearradh féin; ag casadh agus ag únfairt 'sa tslighe gur ar éigin bhí Eibhlís ábalta ar é choimeád idir a dhá láimh i dtosach. Chomh luath agus do chuaidh i dtuigsin dí conus é bhreugadh (.i. snadhm a dheunamh dhe agus annsin greim daingean a choimeád ar a chluais dheis agus ar a chois chlé ar eagla go scaoilfeadh sé é féin) thug sí amach fén aer é. "Maran mbeurfa mise liom an leanbh so chum siubhail uatha," arsaigh Eibhlís, "marbhó' siad é: nár pheaca dom é d'fhágaint im' dhiaidh?" agus chuir an creutúirín bocht cnead as mar fhreagra (bhí deireadh leis an sraothartghail fen am so). "Ná bhí ag cneadghail mar sin," arsaigh Eibhlís, "ní deas an tslighe chum cainte é." Chuir sé cnead agus cnead eile as, agus d'fheuch Eibhlís isteach idir an dá shúil air feuchaint cad a bhí air. Ní raibh aon dearmhad in aon chor acht go raibh caincín an-gheancach air. Ba mhó de gheanc ná de chaincín é, agus bhí a dhá shúilín ró bheag ar fad do leanbh. Níor thaithnigh le hEibhlís in aon chor an deallramh bhí air. "Acht, dar ndóigh," ar sí sin, léi féin, "béidir gur ag osnghail bhí sé," agus d'fheuch
sí isteach in a dhá shúil arís feuchaint a raibh aon deora ag teacht. Drae deor. "Má tá tusa chum iompó' amach id' mhuic," arsaigh Eibhlís leis, "ní bheidh a thuille le deunamh agam-sa leat. Cuimhnigh air sin anois." Chuir an creutúirín beag cnead eile as (nó srónghail, ba dheacair a rádh ciaca), agus d'imthigheadar leo ar feadh tamaill gan focal as aoinne aca. 'Sé rud bhí ag deunamh brionglóide dh' Eibhlís acht cad dheunfadh sí leis nuair raghadh sí abhaile. Le n-a linn sin chuir sé cnead uathbhásach eile as, agus d'fheuch Eibhlís go geur isteach idir an dá shúil arís air agus sórt eagla uirre. Ní raibh aon dearmhad in aon chor an bobhta so uirre: muc b'eadh é gan aon agó - bainbhín muice — agus nár bh'iongantach an searbhas dí bheith dá iomchur a thuille. Leag sí síos ar an talamh uaithe é, agus ná raibh áthas uirre é d'fheicsin ag rioth leis isteach i gcoill. "Is ait an páiste garsúin dheunfadh sé nuair éireochadh sé suas; acht, feuch! nach deas an mhuc é?" Agus chrom sí ag maranna ar leanbhaí eile a raibh aithne aici orra agus go mb'fhéidir gurbh' fhearrde a ndeallramh iad do bheith in a muca — dá dtuigfimís conus an t-athrughadh sin do dheunamh. Bhí sí ag caint mar seo léi féin nuair cad a chífeadh sí acht an Cat Clárach in a shuidhe ar gheug crainn cúpla slat uaithe. Níor dhein an Cat acht drana chur air féin nuair a chonnaic sé Eibhlís. Mar sin féin mheas sí gur lághthach an deallramh bhí air; acht ó's rud é go raibh crúcaí móra fada air agus an-chuid fiacla aige, dar le hEibhlís gur cheart urraim a theasbáint dó.
"A Chaitín Chláraigh," ar sí sin go scáth- amhail, mar ná raibh a fhios aici an dtaithneochadh an ainm sin leis nó ná taithneochadh: acht níor dhein sé acht an drana a mheudughadh rud beag. "'Seadh!" ar sí sin léi féin, "taithnigheann sé leis," agus adubhairt sí: "An inneosfá dhom, má's é do thoil é, cadé an bóthar a thabharfadh as so me?" "Dá mbeadh a fhios agam cá bhfuil tú chum dul," arsaigh an Cat, "bheinn ábalta ar a innsint duit, béidir." "Is cuma liom cá ragha mé," arsaigh Eibhlís. "Má's eadh is cuma dhuit cadé an bóthar a thabharfa tú ort as so," arsaigh an Cat. "- Is eadh, chomh fada is do-gheobha mé dul in aon áit," arsaigh Eibhlís, ag baint an fhocail as a bheul. "Do-gheobha tú sin a dheunamh," arsaigh an Cat, "má théigheann tú fada go leor." Bhí a fhios ag Eibhlís ná fuighfí an chaint seo a bhreugnughadh, agus chuir sí ceist eile air. "Cadé an sórt daoine tá in a gcomhnuidhe thimcheall na háite seo?" "Comhnuigheann Fear Lár na Gealaighe annsin," arsaigh an Cat, ag árdach lapa leis, "agus Girrfhiadh Márta siar annsin," ag árdach an lapa eile leis. "Téighre ag feuchaint aoinne aca is maith leat: tá siad araon as a meabhair." "Acht ní maith liom bheith imeasc daoine bhíonn as a meabhair," arsaigh Eibhlís. "Ó, ní fhuil leigheas agat ar sin," arsaigh an Cat, "tá gach aoinne as a mheabhair annso. Táim-se as mo mheabhair. Táir-se as do mheabhair."
"Conus atá a fhios agat go bhfuilim-se as mo mheabhair?" arsaigh Eibhlís. "Táir gan dabht," arsaigh an Cat, "agus muireach go bhfuil tú ní h-annso a bheitheá." Níor shíl Eibhlís gurbh' aon chruthughadh ar í bheith as a meabhair é sin. "Agus conus atá a fhios agat go bhfuil tú féin as do mheabhair?" "Is eadh, mar seo," arsaigh an Cat; "ní bhíonn madra as a mheabhair. Nach fíor sin?" "Is dócha ná bíonn," arsaigh Eibhlís. "Tá go maith," arsaigh an Cat, "ná nochtann an madra a fhiacla nuair bhíonn fearg air agus ná cuireann sé cor in a iarball nuair bhíonn sé sásta. Agus nochtaim-se m'fhiacla nuair bhím sásta agus cuirim cor im' iarball nuair bhíonn fearg orm. Agus dar ndóigh, ní beag duit de chomhartha an méid sin mise do bheith as mo mheabhair." "Nach ag crónán bhíonn tú agus tú ag nochtadh t'fhiacla?" arsaigh Eibhlís. "Nach cuma 'sa tiubaist cad bhím a dheunamh," arsaigh an Cat. "Bhfuil tusa chum a bheith ag imirt cróicé i bhfochair na Bainríoghna indiu?" "Ba mhaith liom go mór dá mbéinn," arsaigh Eibhlís, "acht ní bhfuair mé aon chuireadh fós." "Chífe tú mise ann," arsaigh an Cat, agus sceinn sé as a radharc. Níor chuir an méid seo aon iongantas ar Eibhlís; bhí an oiread sin rudaí iongantacha ag tuitim amach uirre go raibh sí in a dtaithighe. Le linn agus í ag feuchaint ar an áit a raibh an Cat chonnaic sí arís ann é. "Mo dhearmhad," ar sé sin, "cad a bhain don leanbh? Dóbair ná cuimhneochainn ar é fhiafhruighe dhíot."
"Dhein muc de," arsaigh Eibhlís, go ciúin, cneasta, agus gan cuimhneamh riamh ar conus tháinig an Cat thar n-ais. "Bhí a fhios agam go mb'shin é bhainfeadh dó," arsaigh an Cat, agus sceinn sé arís as a radharc. D'fhan Eibhlís mar bhí sí tamall beag ag tnúthán go bhfeicfeadh sí arís é, acht ní fhacaidh. I gcionn cúpla nómant d'imthigh sí léi agus dhein sí ar an áit a raibh comhnuidhe ar an nGirrfhiadh Márta. "Is minic a chonnaic mé Fear Lár na Gealaighe," ar sí sin léi féin; "cuirfe mé níos mó suime 'sa nGirrfhiadh Márta feasta; agus béidir ó's rud gurb' é mí na Bealltaine athá anois againn ná beadh an confadh ar fad air — nó pé sceul é ná beadh sé chomh dona agus do bhí sé i mí an Mhárta." Le n-a linn sin d'fheuch sí suas, agus cad bheadh ná an Cat in a shuidhe ar gheug crainn. "An muc nó luch adubhairt tú an uair úd?" arsaigh an Cat. "Muc adubhairt mé," arsaigh Eibhlís, "agus feuch," ar sí sin, "dob' fhearr liom ná beitheá id' theasbáin féin agus id' cheilt féin chomh obann sin: chuirfeá meabhrán i gceann duine, chuirfeá sin." "Tá go maith," arsaigh an Cat; d'imthigh sé an bobhta so go mín, réidh, as a radharc; barr an iarbaill d'imthigh an cheud uair, agus bhí an chuid eile dhe ag imtheacht ó bhall go ball go dtí ná raibh aon rud le feicsin acht an drana, agus d'fhan sin tamall i ndiaidh na coda eile dhe. "Och!" arsaigh Eibhlís, "is minic a chonnaic mé cat gan drana, acht drana gan cat ní fhaca mé go dtí an nómant so. Is é an rud is aite chonnaic mé riamh im' shaoghal é."
Is gairid eile d'imthigh sí fé'r tháinig sí i radharc Tighe an Ghirrfhiaidh Márta. Bhí sí ag cuimhneamh gurbh' é bhí ann, mar deunamh cluas bhí ar na simnighthe agus clúmh bhí mar dhíon air. Bhí an tigh chomh mór sin nár mhaith léi dul gairid dó go gcreimfeadh sí rud beag den mhuisiriún bhí in a láimh clé aici, agus gur mheudaigh sí í féin go dhá throigh ar aoirde; agus annsin féin bhí sí roinnt scáthmhar ag siubhal suas chuige. "Cad a dheunfainn," ar sí sin léi féin, "dá mbeadh an confadh air tar éis gach aon rud? B'fhearr liom gur ar Fhear Lár na Gealaighe thabharfainn m'aghaidh!"
CAIBIDIL A VII CUIDEACHTA TÉ AGUS IAD AR BUILE Bhí bórd leagtha amach fé chrann bhí os comhair an tighe aca agus an Girrfhiadh Márta agus Fear Lár na Gealaighe ag ól té ann, agus luch in a suidhe eatorra istigh in a marbh- chodladh. Bhí sí mar cuisín aca, ag leagaint a n-uillinneacha uirre, agus iad ag caint in áirde ós a ceann. "Nach mí-chompórdamhail an sceul ag an luichín é," arsaigh Eibhlís léi féin, "acht
nuair atá sí in a codladh is dócha gur cuma léi hé." Bórd mór a bhí aca, acht bhí an triúr aca bailighthe in aon phraisimín amháin ag cúinne dhe. "Ní fhuil slighe! Ní fhuil slighe!" ar siad go léir in aoinfheacht nuair chonnacadar Eibhlís ag teacht. "Tá, mo dhalladh slighe annso agam," arsaigh Eibhlís, ag suidhe síos dí féin ar chathaoir mhór bhí ag ceann an bhúird. "Bíodh braon fíona agat," arsaigh an Girr- fhiadh Márta, agus labhair sé mar a bheadh sé d'iarraidh misneach a chur uirre. D'fheuch Eibhlís thimcheall an bhúird in gach aon áit, acht ní raibh dada le feicsin aici acht té. "Ní fheicim aon fhíon annso," arsa sí. "Ní fhuil, mhuise, aon phioc!" arsaigh an Girrfhiadh Márta. "Nárbh' oitir an rud uait é d'fhuláramh dom?" arsaigh Eibhlís. "Nárbh' oitir an rud uait-se suidhe síos ag bórd aoinne gan cuireadh gan iarraidh?" arsaigh an Girrfhiadh Márta. "Níor shíl mé gur leat-sa an bórd," arsaigh Eibhlís; "tá sé leagtha amach do níos mó ná triúr." "Níor mhór duit do ghruaig a bhearradh," arsaigh Fear Lár na Gealaighe. Bhí sé ag feuchaint ar Eibhlís ar feadh tamaill, agus b'ait leis í. "Nach oitir an gnó uait tagairt do dhuine mar sin?" arsaigh Eibhlís, "ní fhuil aon tabhairt suas ort," ar sí sin. D'oscail Fear Lár na Gealaighe a dhá shúil
go mór nuair d'airigh sé an chaint seo, agus ní dubhairt sé acht: "Dá mbeadh gabhar odhar agat Agus adhbhar gabhair Agus gabhar reamhar a chur in a mbun Agus do thogha gabhar, reamhar, odhar agat, 'Dé méid gabhar bheadh agat annsin?" "Beidh spórt anois againn," arsaigh Eibhlís léi féin, "is maith liom tomhasanna; is dóigh liom go bhfuighfinn é sin a thomhas," ar sí sin léi féin. "An amhlaidh tá tú ar aigne a rádh go bhfuighfeá an freagra tá air a dheunamh amach?" arsaigh an Girrfhiadh Márta "'Seadh, díreach," arsaigh Eibhlís. "Má's eadh, ba cheart duit an rud bhíonn ar t'aigne a rádh," arsaigh an Girrfhiadh. "Dar ndóigh, déinim," arsaigh Eibhlís go hobann, "nó, an rud adeirim isé bhíonn ar m'aigne," ar sí sin, "agus nach mar a chéile é?" "Is fada ó'n stuaim an stocaire, ar bhfalaing," arsaigh Fear Lár na Gealaighe. "Bheadh sé chomh maith agat a bheith d'iarraidh chur in a luighe orm-sa gur mar a chéile, "chím a n-ithim," agus "ithim a bhfeicim"!" "Bheadh sé chomh maith agat bheith d'iarraidh chur in a luighe orm-sa," arsaigh an Girrfhiadh Márta, "gur mar a chéile 'ólaim a dtuillim' agus 'tuillim a n-ólaim'!" "Bheadh sé chomh maith agat a rádh," arsaigh an luichín, agus í mar bheadh sí ag caint tré n-a codladh, "gur mar a chéile, 'tarraingím m'anáil nuair a chodlaim' agus 'codlaim nuair a tharraingím m'anáil'!"
"Is mar a chéile dhuit-se é, pé sceul é," arsaigh Fear Lár na Gealaighe. Stad an chaint annsin ar feadh tamaill agus shuidh an chuideachta go léir go ciúin ar feadh nómant nó mar sin, agus bhí Eibhlís d'iarraidh cuimhneamh ar gach aon rud d'airigh sí riamh i dtaobh gabhar, adhbhar gabhar, agus gabhair odhair, acht ba bheag é. Fear Lár na Gealaighe an cheud duine a labhair. "Cadé an lá den mhí atá againn?" ar sé sin le hEibhlís. Bhí a uaireadóir in a láimh aige agus é ag feuchaint air anois agus arís, ag baint crothadh as, agus dá chur chum a chluaise. Bhí Eibhlís ag machtnamh tamall agus annsin adubhairt sí, "An ceathramhadh lá." "Dhá lá bun os cionn," ar sé sin. "Ná dubhairt mé leat ná deunfadh im an gnó dos na hoibreacha istigh ann," ar sé sin go feargach agus é ag feuchaint ar an nGirrfhiadh Márta. "Ba é an t-im ab' fhearr é," arsaigh an Girrfhiadh Márta, agus a cheann fé. "Is eadh, acht is baoghal liom go raibh mion- phíosaí aráin measctha tríd," arsaigh Fear Lár na Gealaighe. "'Dé chúis duit é chur isteach leis an scian-aráin." Thóg an Girrfhiadh Márta an t-uaireadóir in a láimh chuige agus d'fheuch sé air go brónach; annsin thom sé síos é insan chupán té bhí sé dh'ól; acht ní bhfuighfeadh sé cuimhneamh ar aon rud a rádh acht an cheud rud adubhairt sé: "B'é an t-im ab' fhearr é, dar ndóigh." Bhí Eibhlís ag feuchaint thar a gualainn agus í d'iarraidh an t-uaireadóir a thabhairt fé ndeara. "Nach greannamhar an sórt cloigín é," ar sí sin, "bíonn a fhios agat le feuchaint air cadé
an lá dhen mhí é, acht ní bhíonn a fhios agat cadé an t-am den lá é!" "Cadé a chúis a mbeadh a fhios?" arsaigh Fear Lár na Gealaighe. "An mbeadh a fhios agat ar t'uaireadóir-se cadé an bhliain bheadh agat?" "Ó, ní bheadh a fhios, dar ndóigh," arsaigh Eibhlís, "fanann an bhliain chomh fada sin againn nach gádh é." "Sin é díreach dála mo chluig-se," arsaigh Fear Lár na Gealaighe. Ní bhfuighfeadh Eibhlís an sceul a thuigsin in aon chor. Níor dhóigh léi go bhfuigh- feadh aon bhrigh bheith le caint an fhir seo. "Ní thuigim thu in aon chor," arsaigh Eibhlís leis chomh deaghbheusach agus ab' fhéidir léi. "Tá an luichín in a codladh," arsaigh Fear Lár na Gealaighe, agus dhoirt sé braon den té anuas 'sa chaincín air. "Dar ndóigh, dar ndóigh; sin é díreach a mheas mé féin a rádh," arsaigh an luichín ag baint crothadh as a ceann agus gan oiread agus a súile d'oscailt. "Bhfuil an tomhas úd agat fós?" arsaigh Fear Lár na Gealaighe. "Ní fhuil, mhuise," arsaigh Eibhlís, "caithfe mé éirighe as; cad é an freagra tá air?" "Ní fheadar mé é sin," arsaigh Fear Lár na Gealaighe. "Ná mise," arsaigh an Girrfhiadh.
"Obhoch! mo chreach sibh!" arsaigh Eibhlís, "is ait an dream sibh." "Ní fhuilim-se ait," arsaigh Fear Lár na Gealaighe. "Thuiteamar amach le n-a chéile mí an Mhárta seo caithte againn — díreach fé'r imthigh sé seo as a mheabhair, tá a fhios agat" — (ag bagairt a mhéire ar an nGirrfhiadh) — "ag an Chuirm Ceoil bhí ag an mBainríoghain Hart, agus chaitheasa amhrán a rádh: "Bó, bó, bó na leath- adhairce." Tá a fhios agat an t-amhrán sin, is dócha!" "D'airigh mé rud éigin mar é," arsaigh Eibhlís. "Seo mar a ghabhann sé," arsaigh Fear Lár na Gealaighe. "'Bó, bó bó na leath-hadhairce, Bó dhruimfhionn dhearg a's ní fheadar cá bhfuighfinn í.'" Bhain an luch searradh aiste féin annsin agus thosnuigh sí ag amhrán tré n-a codladh: "bó, bó, bó, bó, bó," agus lean sí uirre chomh fada sin gur chaitheadar miotóg a bhaint aiste chum í stad. "Acht," arsaigh Fear Lár na Gealaighe, "is ar éigin bhí deireadh leis an gceud cheathramha nuair a léim an Bhainríoghain in a seasamh agus screuch sí amach, 'Tá sé ag marbhughadh ama! Scuab an ceann de!'" "Ó, nárbh' í an t-ultach alltach í," arsaigh Eibhlís. "Agus riamh ó shoin," arsaigh Fear Lár na Gealaighe go dubhrónach, "ní dheunfadh sé aon rud dom! Bíonn sé a sé a chlog i gcomhnuidhe anois againn."
"An é sin an chúis a bhfuil an oiread sin córacha té leagtha amach agaibh annso," arsaigh Eibhlís. "Sin é é, díreach," arsaigh Fear Lár na Gealaighe, ag leigint osnadh as, "am té bhíonn againn i gcomhnuidhe annso anois agus ní bhíonn uain againn ar na soithighe a nighe idir gach aon dá linn." "Acht conus bhíonn an sceul agaibh nuair thosnuigheann sibh arís?" arsaigh Eibhlís. "Dhera, caithimís uainn é mar sceul, in ainm Chruim," arsaigh an Girrfhiadh, "táimíd durtha uaidh. Béidir go inneosadh an bhean uasal so sceul dúinn." "Ní fheadar mé an bhfuil sceul agam," arsaigh Eibhlís, agus baineadh preab aiste. "Inneosaidh an luch sceul, má's eadh!" ar siad araon. "Dúisigh, a luichín!" Agus bain- eadar araon miotóg aiste ó'n dá thaobh. D'oscail an luichín a dhá súil. "Ní rabhasa im' chodladh," ar sí sin, agus tóchtán innte. "D'airigh mé gach aon fhocal bhí sibh-se a rádh." "Innis sceul dúinn," arsaigh an Girrfhiadh Márta. "Déin, má's é do thoil é," arsaigh Eibhlís. "Agus ná bí i bhfad ar a thí," arsaigh Fear Lár na Gealaighe, "nó má bhír beidh tú id' chodladh arís fé mbeidh sé críochnuighthe agat." "Bhí triúr deirbhshéirín ann uair," arsaigh an luch, agus í ag cur na cainte dá croidhe chomh mear leis an ngaoith Mhárta, "agus isé an ainm bhí orra ná Brighid, Íde, agus Domhnait, agus mhaireadar i dteannta a chéile thíos i dtóin tobair …"
"Cad air a mhaireadar?" arsaigh Eibhlís. Chuir sí an-shuim i gcomhnuidhe in aon sceul a bhain le hithe agus le hól. "Mhaireadar ar bhláthach," arsaigh an luch tar éis dí a maranna a dheunamh ar feadh tamaillín. "Chuirfeadh sé sin an treighid orra, dar ndóigh," arsaigh Eibhlís go ciúin, cneasta. "Agus chuir, leis," arsaigh an luch, "agus chuir sí go mór féin orra é." Bhí Eibhlís d'iarraidh an pheictiúir a dheunamh in a haigne féin ar cad é an sórt slighe a mhaireadar, acht bhí an sceul ag dul in aimhréidh uirre. "Cadé a chúis," ar sí sin, "an raibh comhnuidhe orra thíos i dtóin tobair?" "Bíodh braon eile té agat," arsaigh an Girrfhiadh Márta go himshníomhach le hEibhlís. "Dar ndóigh, ní raibh aon bhraon fós agam," arsa sí sin, go searbh, "agus ó's rud é ná raibh ní bhfuighfinn níos mó a thógaint." "Níos lugha a mheas tú a rádh," arsaigh Fear Lár na Gealaighe "dob' fhuiris duit níos mó ná dada a thógaint." "Ní raibh aoinne in aon chor ag lorg do thuairim-se," arsaigh Eibhlís. "Cé tá oitir anois?" arsaigh Fear Lár na Gealaighe, ag cur scolfhairt gháire as. Ní raibh a fhios ag Eibhlís go ceart cad é an freagra ba cheart dí a thabhairt air seo. Thosnuigh sí ag ól an té agus ag ithe aráin agus ime, agus d'iompuigh sí ar an luch agus chuir sí an cheist arís uirre: "Cadé a chúis an raibh comhnuidhe orra thíos i dtóin an tobair?" Dhein an luch a maranna ar feadh cúpla nómant arís, agus annsin d'fhreagair sí "Ba thobar bhláthaighe é."
"Ní fhuil a leithéid ann!" arsaigh Eibhlís go feargach, acht dubhairt Fear Lár na Gealaighe agus an Girrfhiadh Márta, "Éist! Éist!" Labhair an luch agus adubhairt go stuacach: "Maran bhfuighfe tú tú féin d'iomchur, do- gheobha tú deireadh chur leis an sceul tú féin." "Á! abair leat," arsaigh Eibhlís go sár- íseal. "Ní chuirfe mé isteach ort arís. Béidir go raibh aon tobar amháin dá leithéid ann." "Aon tobar amháin, an eadh?" arsaigh an luch go searbhasach. Mar sin féin, do lean sí ar an sceul. "Agus an triúr deirbhshéir so," arsa sí, "bhíodar ag foghluim conus tarraing a dheunamh." "Cad a tharraingeadar?" arsaigh Eibhlís, gan aon chuimhneamh ar an ngeallamhain bhí tabhartha uaithe aici. "Bláthach," arsaigh an luch, agus níor stad sí chum cuimhneamh in aon chor an iarracht so. "Tá cupán glan uaim," arsaigh Fear Lár na Gealaighe. "Druideadh gach aoinne ionad duine chum cinn." Le n-a linn sin dhruid sé féin chum cinn, agus lean an luch é; dhruid an Girrfhiadh Márta isteach 'san áit a raibh an luch, agus chaith Eibhlís, i gcoinne a tola, suidhe isteach 'san áit a raibh an Girrfhiadh Márta. Ba mheasa go mór a bhí Eibhlís as an iarracht so ná mar bhí sí roimhe seo, mar bhí an Girrfhiadh tar éis crúiscín bainne a dhortadh 'san áit a raibh sé féin. Níor theastuigh ó Eibhlís olc a chur ar an luch arís, agus mar gheall air sin ghaibh sí thimcheall uirre go han-aireach. "Ní thuigim an sceul go ró mhaith," ar sí sin, "cad as tharraingeadar an bhláthach?"
"Nach féidir uisce tharraing as thobar fíor- uisce," arsaigh Fear Lár na Gealaighe, "agus ba dhóigh liom féin, dar ndóigh, go bhfuighfidhe bláthach a tharraing as thobar bhláthaighe; nárbh' fhéidir? a Phúca Poill!" "Acht, dar ndóigh, bhíodar istigh 'sa tobar," arsaigh Eibhlís leis an luch, ag leigint uirre ná raibh aon tsuim aici i masladh an fhir eile. "Dar ndóigh, bhíodar," arsaigh an luch, "agus isteach go maith féin ann." Chuir an freagra so an chadhp bháis ar fad anois ar Eibhlís, agus níor chuir sí isteach ná amach arís uirre go ceann i bhfad. "Bhíodar ag foghluim conus tarraing a dheunamh," arsaigh an luch, agus í ag meunghail agus ag cimilt a lámha dá súile, mar bhí an codladh dá traochadh, "agus tharraingeadar gach aon saghas ruda — gach rud le 'M' in a thosach." "'Dé chúis le 'M'?" arsaigh Eibhlís. "Agus 'dé chúis nach eadh?" arsaigh Fear Lár na Gealaighe. Dhún Eibhlís a beul agus ní dubhairt sí a thuille. Bhí a súile dúnta ag an luch agus mús codlata uirre, acht nuair a bhain Fear Lár na Gealaighe miotóg aiste dhúisigh sí arís agus chuir sí gnígheala aiste, agus lean sí uirre leis an sceul: "Gach rud a thosnuigheann le 'M,' mar madra, mionán, móin-lín, mí-ádh, agus mar sin - an bhfaca tú riamh peictiúir den mhí-ádh dá tharraing?" "Masa, mhaiseadh, anois gur fhiafhraigh tú dhíom é ní dóigh liom go bhfaca me," arsaigh Eibhlís, agus náire uirre é d'admháil.
"Ba cheart duit do bheul d'éisteacht má's eadh," arsaigh Fear Lár na Gealaighe. Ní bhfuighfeadh Eibhlís an tarcuisne seo a sheasamh a thuille agus d'éirigh sí le seirbhthean agus d'imthigh sí léi. Thuit a codladh ar an luch gan stad agus níor chuir aoinne dhen bheirt eile aon tsuim innte ag imtheacht. D'fheuch sí in a diaidh cúpla bobhta ag tnúthán go nglao- faidís uirre; an bobhta deireannach d'fheuch sí in a diaidh orra bhí greim aca ar an luch istigh eatorra agus iad d'iarraidh í a ropadh i ndiaidh a cinn isteach i gcorcán an té. "Pé sceul é," arsaigh Eibhlís léi féin agus í ag cur dí tríd an gcoill, "ní raghad-sa annsin choidhche arís. Is í an chuideachta té is mí- ádhmharaighe dá bhfaca-sa riamh im' shaoghal beatha í." Le n-a linn sin cad a chífeadh sí ná doirisín beag isteach i gceann de na crainn. "Is ait é sin!" ar sí sin, léi féin. "Acht, dar ndóigh, tá gach aon rud ait indiu. Is dócha gur fearr dhom dul isteach." Agus isteach léi gan a thuille moille. Cá mbeadh sí acht insan halla mór fada arís, agus díreach taoibh leis an mbórd beag gloine. "Caithfe mé mo ghnó a dheunamh níos fearr an iarracht so," ar sí sin. Thóg sí an eochair bheag órdha in a láimh agus bhain sí an glas den dorus bhí ag dul isteach 'sa ngáirdín. Thosnuigh sí annsin ag miotaireacht leis an muisiriún (bhí píosa beag de in a póca aici i gcomhnuidhe) go dtí ná raibh innte acht troigh ar aoirde; shiubhail sí léi annsin síos an halla caol: agus cár thárlaigh dhí acht istigh 'sa ngáirdín áluinn i measc na mbláthanna agus na dtobracha fíor-uisce.
CAIBIDIL A VIII FAITHCHE CRÓICÉ NA BAINRÍOGHNA Bhí crann mór róis díreach ar do dhul isteach duit 'sa ngáirdín, rósanna bána bhí ag teacht air, acht bhí triúr garraidheadóir ann ar a ndícheall ag cur dearg orra. B'ait le hEibhlís an obair seo, agus dhruid sí taoibh leo ag faire orra. Díreach agus í ag druideamhaint leo d'airigh sí duine aca á rádh: "Tabhair aireachas anois, A Chúig, a bhuachaill, agus ná bí im' smearadh leis an dath mar sin!" "Ní raibh leigheas agam air," arsaigh A Cúig. "'Sé A Seacht a chorruigh mo lámh." D'árdaigh A Seacht a cheann agus d'fheuch sé orra agus dubhairt: "Go maith, A Chúig! a dhearbhráthair! cuir a mhilleán ar dhuine éigin eile i gcomhnuidhe!" "Is fearr dhuit-se do bheul a dhúnadh," arsaigh A Cúig, "nach indé d'airigh mé an Bhainríoghain á rádh gur cheart an ceann a scuabadh dhíot-sa?" "'Dé chúis?" arsaigh an cheud duine a labhair. "Ní bhaineann an gnó olc ná maith leat-sa, A Dhó," arsaigh A Seacht. "Baineann," arsaigh A Cúig, "agus inneosa mise dhó é — mar gheall ar mheacain bhána a thug sé go dtí an cócaire in áit inniúin." Chaith A Seacht uaidh ar an talamh an scuab a bhí in a láimh aige agus thosnuigh sé: "Dar so
agus súd," arsa sé, "is mór an eugcóir agat é" — ní raibh acht an méid sin ráidhte aige nuair a thug sé fé ndeara Eibhlís agus í in a seasamh taoibh leo ag faire orra, agus bhain sé siar as féin gan stad. D'fheuch an chuid eile thimcheall agus d'umhlaigheadar go talamh dí. "An inneosadh sibh dom," arsaigh Eibhlís, "cad chuige bhfuil sibh ag cur dath ar na rós?" Níor labhair A Cúig ná A Seacht, acht d'fheuchadar a A Dó. Labhair A Dó ós íseal agus adubhairt: "Chum na fírinne d'innsint duit, a bhean uasal, ba cheart gur crann rós dearg a bheadh annso againn, acht in a áit sin crann rós bán a chuireamar ann; agus dá bhfuighfeadh an Bhainríoghain amach gur dheineamar a leithéid bhainfeadh sí na cinn dínn ar fad. Agus, feuch, a bhean uasal, táimíd ag deunamh ár ndíchill fé dtiocfadh sí, chum …" Le n-a linn sin do ghlaoidh A Cúig amach: "An
Bhainríoghain! An Bhainríoghain!" agus ar an nómant do chaith an triúr garraidheadóir iad féin ar a mbeul agus a n-aghaidh ar an talamh. D'airigheadh fothram mar bheadh go leor daoine ag siubhal agus d'fheuch Eibhlís taobh thiar dí, mar ba mhaith léi an Bhainríoghain d'fheicsin. Bhí deicheanabhar saighdiúirí ar tosach agus bataí aca. Bhíodar díreach ar dheunamh na ngarraidheadóir .i. ar dheunamh cártaí, agus na cosa agus na lámha ag na cúinní; in a ndiaidh sin aniar tháinig deicheanabhar de lucht Pháláis an Ríogh; bhíodar so go léir órnáidighthe le Muilliotaí, agus iad ag siubhal in a mbeirt agus in a mbeirt mar bhí na saighdiúirí. Díreach ag a sála so tháinig clann an Ríogh: deichea- nabhar díobh so bhí ann leis, agus bhíodar ag léimrigh agus ag preabarnaigh agus ag deunamh grinn agus meidhir dóibh féin, greim ar lámha ag gach aon bheirt aca ar a chéile agus a gcroiceann go léir buailte le Hartanna. In a ndiaidh sin go léir tháinig an dream a bhí ar cuaird aca — righthe agus bainríoghainí iad go léir, geall leis — acht cé bheadh istigh in a measc acht an Coinín Gléigeal. Bhí sé ag caint go mear agus saghas critheán ann, fáth an gháire in a bheul le gach aon rud a dheurfaí, agus ghaibh sé thar Eibhlís gan aon tsuim a chur innte. Annsin isé duine tháinig acht An Cuireata Hart agus coróin an Ríogh idir a dhá láimh aige leagtha in áirde ar chuisín deunta de shíoda corcra; agus in a ndeireadh thiar tháinig an Rí agus an Bhainríoghain Hart. Ní raibh a fhios ag Eibhlís ná gur cheart dí í féin a chaitheamh ar a beul a's a haghaidh mar a dhein na garraidheadóirí, acht níor airigh sí riamh
a leithéid de riaghal ag baint le cuaird Ríogh; "agus rud eile," ar sí sin, "'dé mhaith turas Ríogh mar seo dá mb'éigin do gach aoinne é féin do chaitheamh ar a bheul a's ar a aghaidh - dar ndóigh, ní bhfuighfeadh aoinne aon rud d'fheicsin." Sheasaigh sí mar a bhí sí agus mar a raibh sí. Nuair a rángadar an áit a raibh sí, sheasaigh- eadar go léir agus d'fheuchadar uirre, agus d'fhiafhraigh an Bhainríoghain go crosta cér'b' í seo. Ar an gCuireata Hart chuir sí an cheist, acht níor dhein sé sin acht umhalughadh dhí agus smiota gáire chur as. "A phleidhce!" arsaigh an Bhainríoghain, ag baint stuir aiste féin; annsin d'iompuigh sí ar Eibhlís: "Cad is ainm duit?" ar sí sin. "Eibhlís is ainm dom, a Bhainríoghain, le toil t'onóra uaisle," arsaigh Eibhlís go deagh- bheusach, "acht," ar sí sin léi féin, "dar ndóigh, ní fhuil ionnta acht paca cártaí, cadé chúis a mbeadh eagla orm-sa rómpa?" "Agus cé hiad so?" arsaigh an Bhainríoghain leis na garraidheadóirí bhí sínte ar an talamh thimcheall ar an gcrann róis; mar nuair bhíodar sínte agus a mbeul fútha agus na comharthaí ar a ndrom mar a chéile leis an gcuid eile den phaca, ní bhfuighfeadh sí a dheunamh amach ar gharraidheadóirí, nó ar shaighdiúirí, nó ar lucht an Pháláis, nó ar thriúr dá clainn féin iad. "Cá bhfios domhsa cé hiad?" arsaigh Eibhlís, agus chuir sí iongantas uirre féin a dhánaigheacht a's a labhair sí. "'Dé bhaint atá agam-sa leis an ngnó?" Dhera, a dhuine, chuir an Bhainríoghain círín uirre féin le neart faobhar feirge, agus sheasaigh
a dhá súil in a ceann, agus bhí sí mar bheathaidheach allta, agus tar éis nómant screuch sí: "Scuab an ceann dí; scuab sin." "Dícéille, a bhean!" arsaigh Eibhlís, go hárd agus go neamhspleádhach. Níor fhan focal ag an mBainríoghain. Leag an Rí a lámh ar ghualainn na Bain- ríoghna agus adubhairt: "Cuimhnigh, a chuid den tsaoghal!" ar sé sin, "ná fuil innte acht leanbh." D'iompuigh an Bhainríoghain uaidh le holc agus dubhairt leis an gCuireata: "Iompuigh ar a ndrom iad sin." Chuir an Cuireata a chos fútha agus d'iompuigh sé go deas ar a ndrom iad. "Éirighidh!" arsaigh an Bhainríoghain de screuch uathbhásach, agus do léim an triúr garraidheadóirí in a seasamh agus chromadar ag umhalughadh don Rí agus don Bhainríoghain agus do Chlainn an Ríogh, agus do gach aoinne eile. "Caithidh uaibh in ainm Chruim!" arsaigh an Bhainríoghain, "tá meabhrán im' cheann agaibh. Cad a bhíobhar a dheunamh annso?" "Le toil t'onóra ró uaisle," arsaigh A Dó, agus chrom sé a cheann agus chuaidh sé síos ar a leath-ghlúin agus é dá freagairt: "Bhíomar d'iarraidh … "Tuigim anois!" arsaigh an Bhainríoghain. Bhí sí ag tabhairt an chrann róis fé ndeara ar feadh na haimsire. "Scuabtar na cinn díobh!" ar sí, agus d'imthigh gach aoinne leo 'sa tsiubhal acht triúr saighdiúirí d'fhan chum an t-órdughadh a chur i bhfeidhm. Rioth an triúr garraidheadóirí chum Eibhlís chum iad a chosaint. "Ní bhainfear na cinn díbh!" arsaigh Eibhlís, agus rug sí orra agus chaith sí isteach i ndabhach
mhór iad a bhí taoibh léi. D'fhan an triúr saigh- diúirí dá lorg ar feadh cúpla nómant, agus annsin nuair ná fuaireadar iad leanadar an chuid eile. "Bhfuil na cinn díobh?" arsaigh an Bhain- ríoghain. "Is cuma orra súd nó dhíobh iad, a Bhain- ríoghain ró onórach," arsaigh na saighdiúirí. "Is fíor sin!" arsaigh an Bhainríoghain. "An bhfuil tú in iúl ar chróicé d'imirt?" Dhún na saighdiúirí a mbeul agus d'fheuchadar ar Eibhlís, mar gur uirre cuireadh an cheist. "Tá mé in iúl air," arsaigh Eibhlís. "Siubhal leat, má's eadh," arsaigh an Bhain- ríoghain, agus seo chum siubhail Eibhlís i bhfochair na coda eile. "Nach — nach breágh an lá é!" arsaigh an guth gairid dí. Cé bheadh ann acht an Coinín Gléigeal agus é ag cur na súl tríthe. "Is breágh, mhuise!" arsaigh Eibhlís, "cá bhfuil an Bhaintighearna?" "Éis -! Éis -!" ar sé sin, agus d'fheuch sé siar tar a ghualainn dá rádh dhó, agus annsin d'éirigh sé ar órdóga a chosa deireadh agus chuir sé a bheul chum a cluaise agus dubhairt i gcogar léi: "Táthar chum an ceann a bhaint dí." "'Dé a ghnó?" arsaigh Eibhlís. "A ndubhairt tú 'Mo thruagh í'?" arsaigh an Coinín. "Ní dubhairt," arsaigh Eibhlís, "ní dóigh liom gur truagh in aon chor í. Dubhairt mé, ''Dé a ghnó?'" "Bhuail sí an Bhainríoghain feadh na cluaise." Chuir Eibhlís scairt de gháire aiste. "Ó, Éis -!" arsaigh an Coinín arís, "aireoch' an
Bhainríoghain thu! Tháinig sí roinnt déidheanach don chluiche agus …" "Téigheadh gach aoinne chum a áite féin!" arsaigh an Bhainríoghain go hárd-ghlórach, agus seo gach aoinne ag rioth agus ag bualadh i gcoinne a chéile, acht ba ghairid go rabhadar socair agus gur thosnuigh an cluiche. Shíl Eibhlís ná faca sí a leithéid d'fhaithche cróicé riamh in a saoghal; árdáin agus ísleáin b'eadh í ar fad; gráineoga na liathróidí bhí aca, agus corr-iasc beo bhí mar mháilléid aca, agus chaith na saighdiúirí iad féin a lúbadh agus seasamh ar a lámha agus ar a gcosa chum na stuadhanna a dheunamh dhóibh. Tháinig sé cruaidh ar Eibhlís an cheud uair bainistidhe a dheunamh ar a corr-iasc féin; d'éirigh léi cabhail an chorr-éisc a shocrughadh deas go leor fé n-a hoscail agus a chosa ar sileadh síos taobh thiar, acht nuair bhíodh a mhuineul dírighthe amach aici agus í chum iarracht dá ghob a bhualadh ar an ngráineoig d'iompuigheadh an corr-iasc siar uirre agus thugadh sé feuchaint ghreannamhar isteach idir an dá shúil uirre 'sa tslighe go gcaithfeadh Eibhlís lúbadh síos le neart gáire; agus nuair bhíodh a mhuineul dírighthe arís aici agus í i gcóir chum tosnughadh bhíodh an ghráineog teichte; in a fhochair sin arís bhí árdán nó ísleán roimpe 'sa tslighe pé áit a mbíodh sí chum an ghráineog a chur; agus chum an mí- ádh ceart a dheunamh ar an sceul d'éirigheadh na saighdiúirí as an áit a mbídís agus bhídís ag dul ó áit go háit ar fuaid na faithche. Bhí sé deunta amach ag Eibhlís gurbh' é an scannradh saoghalta an cluiche d'imirt. Bhí gach aoinne ag imirt dó féin agus gach aoinne ag imirt insan am ceudna; ní raibh
aoinne ag fuireach leis an duine eile; gach aoinne ag troid agus ag bruidhean agus ag achrann, agus ba ghairid go raibh an Bhainríoghain ar dhearg-bhuile agus í ag imtheacht ar fuaid na páirce ag bualadh a coise ar an talamh agus ag screuchadh amach le hárd-bhinib: "Scuab an ceann de," nó "Scuab an ceann dí," gach aon nómant. Bhí roinnt scátha ag teacht ar Eibhlís: ní raibh sí tar éis aon achrann a bheith aici leis an mBainríoghain suas go dtí so, acht bhí sí ag coinne leis aon nómant, "agus annsin," arsaigh sí léi féin, "cad a dheunfainn? Tá an tiubaist orra annso chum na cinn a scuabadh de na daoine le gach aon fíge fíge. Ní fheadar conus tá aoinne beo in a measc." Bhí sí ag feuchaint thimcheall chum slighe éigin a cheapadh chum euló' léi nuair thug sí fé ndeara rud éigin ait 'sa spéir. B'ait léi go mór an cheud uair é, acht i gcionn cúpla nómant dhein sí amach gur drana é agus adubhairt sí léi féin gurbh' é an Cat Clárach é chomh siurálta le haon rud, agus go mbeadh duine éigin anois aici chum cainte léi. "'Dé 'n sceul é," arsaigh an Cat chomh luath agus do bhí a bheul fásta go leor chum labhartha. D'fhan Eibhlís gan aon fhreagra a thabhairt air gur fhás a shúile, "agus 'dé mhaith labhairt leis," ar sí sin léi féin, "go mbeidh a chluasa aige nó go mbeidh leath-chluas aige pé sceul é." Is gairid go raibh a cheann go léir le feicsin aici, agus annsin leag sí uaithe an corr-iasc bhí aici agus thosnuigh sí ag léiriughadh dhó i dtaobh an chluiche agus áthas uirre go raibh duine éigin aici chum éisteacht léi. Bhí an Cat sásta anois
go raibh go leor de le feicsin agus níor fhás a thuille dhe. "Ní dóigh liom go n-imireann siad an cluiche go macánta in aon chor," arsaigh Eibhlís, ag bogadh chum na cainte, "agus tá siad go léir chomh mór sin chum achrainn nárbh' fhéidir leat tú féin d'aireachtain, ní áirighim go n-aireochthá aoinne eile — agus ní dóigh liom go bhfuil aon riaghlacha aca, nó má tá ní leanann aoinne aca iad — agus ní thuigfeá cad é an chuir amugha dhéineann sé ar dhuine gur le rudaí beo imir- eatar é; cuirim i gcás anois an stuadh a gcaithfead-sa gabháil fé, sin é ag siubhal thimcheall an taoibh eile dhen pháirc é." "Conus a thaithnigheann an Bhainríoghain leat?" arsaigh an Cat i gcogar léi. "Ní thaithnigheann sí liom in aon chor," arsaigh Eibhlís, "tá sí chomh" — le n-a linn sin díreach thug sí fé ndeara go raibh an Bhainríoghain díreach ag a cúl ag éisteacht léi — "MAITH sin gur dóichighe de gur léi raghaidh an cluiche agus nach fiú dhúinn deireadh chur leis." Chuir an Bhainríoghain smiota gáire aiste agus d'imthigh sí léi. "Cé leis atá tú ag caint?" arsaigh an Rí, ag teacht suas go dtí an áit a raibh Eibhlís, agus sheasaigh a dhá shúil in a cheann nuair chonnaic sé í ag caint le ceann cait. "Duine muinteardha dhom é sin — Cat Clárach," arsaigh Eibhlís; "fan go gcuirfe mé in aitheantas a chéile sibh." "Ní maith liom an drana tá air," arsaigh an Rí; "acht mar sin féin do-gheobha sé mo lámh a phógadh má's maith leis é." "B'fhearr liom gan a dheunamh," arsaigh an Cat.
"Ná labhair liom-sa 'sa tslighe sin," arsaigh an Rí, "agus ná feuch orm 'sa tslighe sin acht an oiread." Chuaidh sé ar scáth Eibhlís le linn na cainte dhó. "Do-gheobhaidh an cat feuchaint ar an Righ," arsaigh Eibhlís, "léigh mé é sin as leabhar éigin, acht ní fheadar me anois cadé an leabhar é." "Caithfear é chur as an áit seo," arsaigh an Rí go húdarásach, agus ghlaoidh sé ar an mBainríoghain bhí ag gabháil thórsta san am cheudna. "Feuch, a chroidhe na páirte!" ar sé sin, "b'fhearr liom go ndeurfá le duine éigin an Cat so chur as an áit seo." Ní raibh ag an mBainríoghain acht an t-aon tslighe amháin chum teacht as gach aon trioblóid - beag a's mór — "Scuab an ceann de," ar sí sin, gan an oiread a's feuchaint taobh thiar dí. "Beurfa me féin liom fear an dí-cheannadh," arsaigh an Rí, agus as go bráth leis. Dubhairt Eibhlís léi féin go raibh sé chomh maith aici dul ag feuchaint conus bhí ag éirighe leis an gcluiche; d'airigh sí caint na Bainríoghna i bhfad uaithe agus í ag screuchadh agus ag liúirigh le rabharta feirge. Bhí sí ag éisteacht léi ag daoradh triúr de na hiomadhthóirí chum a ndí- cheannadh mar ceann a's gur theip orra freagairt don imirt, agus anois níor thaithnigh léi an deallramh bhí ar rudaí, mar bhí gach aon rud 'sa chluiche ar aon leigint amháin 'sa tslighe ná raibh a fhios aici ar dhí féin imirt nó nár dhí. Chuaidh sí ar lorg a gráineoige. Cá bhfuighfeadh sí í acht ag troid le gráineog eile, agus dubhairt sí léi féin gur mhaith an chaoi dhí é ceann aca a chur 'sa chluiche leis an gceann eile, acht bhí an corr-iasc imthighthe uaithe trasna
go dtí an taobh eile den pháirc agus é d'iarraidh eitilt in áirde ar cheann des na crainn. Nuair tháinig sí thar n-ais leis an gcorr-iasc bhí an troid i leith-taoibh ag an dá ghráineoig agus iad imthighthe as a radharc: "Is cuma é," ar sí sin léi féin, "mar tá na stuadhanna go léir imthighthe go dtí an taobh eile dhen pháirc." Bhailigh sí chúiche an corr-iasc fé n-a hoscail ar eagla go n-eulóchadh sé arís uaithe agus chuaidh sí thar n-ais go dtí n-a duine muinteardha chum píosa eile seanchuis a bheith aici leis. Nuair tháinig sí go dtí an áit a raibh an Cat Clárach chuir sé iongantas uirre an comhthionól mór bhí bailighthe thimcheall air. Bhí díospóireacht éigin ar siubhal idir fear an dí-cheannadh, an Rí, agus an Bhainríoghain; bhíodar go léir ag caint 'san am cheudna, agus bhí an chuid eile go léir agus gan giog asta agus d'fheuchadar an-mhí-chompórdamhail. Nuair tháinig Eibhlís chuadar a dtriúr in athchuinghe uirre an sceul a réidhteach dóibh; d'innis gach duine a thaobh féin den sceul, agus ó's rud é go rabhadar a dtriúr ag caint in aoinfheacht ba dheacair dí a dheunamh amach cad a bhíodar a rádh. Is é rud adubhairt fear an dí-cheannadh acht ná fuighfí an ceann a bhaint de cheann-gan- cholann; nár tugadh a leithéid le deunamh riamh dó; agus ná raibh sé chum tabhairt fé an t-am so dhá shaoghal. Is é rud adubhairt an Rí acht gur chóir go bhfuighfí ceann a dhí-cheannadh agus ná raibh acht dícéille bheith ag rádh a mhalairt. Is é rud adubhairt an Bhainríoghain acht mara ndeunfaí rud éigin agus sin gan stad go
mbainfí an ceann de gach aoinne. (Sin í an chaint a chuir an oiread sin mí-chompóird ar an gcuideachta ar fad.) Ní bhfuighfeadh Eibhlís cuimhneamh ar aon rud eile a rádh acht, "Cuir fé rádh an Bhaintighearna é; fiafhruigh dí sin cad ba cheart a dheunamh." "Tá sí sin fé ghlas," arsaigh an Bhainríoghain le fear an dí-cheannadh, "tabhair annso chughainn í"; agus d'imthigh sé sin mar a scaoilfí urchar as ghuna. Chrom ceann an Chait ag meath agus ag meath chomh luath a's a fuair sé fear an dí-cheannadh imthighthe, agus nuair a fhill sé thar n-ais leis an mBaintighearna ní raibh teidheal den cheann le feiscin. Do rioth fear an dí-cheannadh agus an Rí fiadhain thall a's abhus in gach aon áit dá lorg agus chuaidh an chuid eile dhen chuideachtain ag imirt an chluiche.
CAIBIDIL A IX SCEUL AN GHÁRLAIGH SHLIOGÁNAIGH "Ní fheadar tú cadé an t-áthas a chuireann sé orm tú d'fheicsin arís, a dhuine mo chroidhe!" arsaigh an Bhaintighearna, ag cur a láimhe isteach in oscail Eibhlís agus dá hárdach léi ag siubhal thimcheall na páirce. Bhí áthas ar Eibhlís í bheith chomh séimh, chomh cuideartha sin seochus an lá casadh uirre 'sa chistin í, agus bhí sí ag cuimhneamh in a haigne féin gur dócha gurbh' é an piobar ba chionntach le mí-iomchur alltach an lae sin. "Nuair bhead-sa im' chéile ag tighearna," arsaigh Eibhlís léi féin (agus ní haon mhuinghín ró láidir bhí aici go mbeadh), "ní bheidh aon ghráine piobar agam im' chistin. Deunfaidh an anairthe an gnó go maith gan é. — Béidir gurb' é an piobar is cionntach i gcomhnuidhe le teasuidheacht agus mí-iomchur na ndaoine," agus lean sí uirre mar sin ag deunamh a maranna ar an sceul agus í go mór innte féin go raibh rud éigin nua deunta amach aici, "agus bhinéigire a dhéineann mí-shásta leis an saoghal iad, purgóidí a dhéineann searbhasach iad; agus an siúicre, dar ndóigh, a dhéineann na leanbhaí deagh-iomchurach, deagh- bheusach; — bocht an cás ná tuigeann na daoine níos fearr an méid sin, ní bheidís chomh táir sin fé na milseáin a thabhairt uatha dá dtuigfidís." 'Sa machtnamh dí níor chuimhnigh sí go raibh
an Bhaintighearna in a cuideachtain in aon chor gur chuir sí sin í féin in iúl dí agus go ndubhairt sí, "Tá tú ag machtnamh ar rud éigin agus baineann sin do chaint díot. Ní bhfuighfinn a rádh anois díreach cadé an múineadh bhaintear as sin, acht is cuma é, cuimhneo' mé ar an nómant air." "Béidir ná fuightear aon mhúineadh as sin," arsaigh Eibhlís. "Hut, hut, a dhuine! ní fhuil dada ná fuighfí an múineadh as, dá n-éireoch' le daoine é d'fhagháil"; agus d'fháisc sí í féin isteach níos giorra dho Eibhlís. Níor thaithnigh le hEibhlís í bheith dá fáscadh féin isteach léi: 'sa cheud áit bhí an mí-ádh le grándacht ar an mBaintighearna; agus rud eile, bhí sí díreach árd go leor a smeigín a leagaint ar ghualainn Eibhlís, agus bhí an smeigín ceudna sin chomh geur le cloich. Mar sin féin níor mhaith le hEibhlís bheith mí-bheusach, agus chuir sí suas leis chomh maith agus a fheud sí. "Tá ag éirighe níos fearr leis an gcluiche anois," arsaigh Eibhlís, ag deunamh iarracht éigin ar an gcaint a choimeád ar siubhal. "Tá sin," arsaigh an Bhaintighearna, "agus an bhfuil a fhios agat a mhúineadh sin? Seo é - 'dá ghiorracht do dhuine a chóta is giorra ná sin dó a léine.'" "Agus ná dubhairt duine éigin," arsaigh Eibhlís, "gur milis an rud é an t-anam." "Mhuise, is mar a chéile é," arsaigh an Bhain- tighearna, ag cur iarracht dá smeigín síos tré ghualainn Eibhlís, "agus an bhfuil a fhios agat a mhúineadh sin — "chomh mar-a-chéile an dá mharbh laogh."
"Nach iongantach an caitheamh in a dhiaidh atá aici," arsaigh Eibhlís in a haigne féin, "múineadh bhaint as gach aon rud!" "Tá mé ag cuimhneamh," arsaigh an Bhain- tighearna, "gur ait leat ná fuil mé ag cur mo lámh thimcheall ort, acht chum na fírinne d'innsint duit ní fhuil aon mhuinighín agam as do chorr-iasc. Ní fheadar an dtriailfinn é?" "Is baoghal liom go gcuirfeadh sé gob ionnat," arsaigh Eibhlís, mar nár thaithnigh léi in aon chor go ndeunfadh sí a leithéid. "Tá an ceart agat," arsaigh an Bhaintighearna, "nár airigh tú riamh corr-iasc nó míoltóg, míoltóg, míoltóg! agus a mhúineadh sin, 'ní thuigeann an sáthach don seang, nuair atá a bholg féin teann.'" "Is eadh," arsaigh Eibhlís, "acht ní teann bolg corr-éisc. "Tá an ceart arís agat," arsaigh an Bhaintighearna, "nach cruinn a labhrann tú i gcomhnuidhe?" "Deirtear," arsaigh Eibhlís, "gur binn beul mná in a tost." "Agus a mhúineadh sin," arsaigh an Bhain- tighearna, "ná bíonn saoi gan locht." "Ó, tá a fhios agam," arsaigh Eibhlís, agus ná feadar sí in aon chor cad dubhairt an Bhaintighearna, bhí a leithéid sin de leigint cainte fúithe, "fios fáth scéil gan bun." "Táim ar aon aigne leat 'sa méid sin," arsaigh an Bhaintighearna, "agus a mh -." Níor chríochnuigh sí an focal agus chrom sí ag crioth le fallsaor agus thuit a dhá láimh síos léi. D'fheuch Eibhlís uirre agus b'ait léi cad bhí ag teacht uirre — shíl sí gur dá tachtadh ag an
diuc bhí sí — acht cad bheadh taobh leó acht an Bhainríoghain agus í ag borradh agus ag at mar bheadh cat i mála. "Lá breágh, a Bhainríoghain!" arsaigh an Bhaintighearna, go háimhleasc. "Táim dá rádh leat," arsaigh an Bhainríoghain ón a scartacha amach agus ag bualadh iarracht dá cois ar an talamh, "go gcaithfe tusa nó do cheann a bheith scriosta as mo radharc i leath an mhéid aimsire a's a bhainfeadh sé dhe dhuine léim in a sheasamh dá suidhfeadh sé ar ghriodal dearg! Bíodh do rogha agat!" Agus bhí a rogha aici; bhí sí teichte fé raibh an focal as a beul aici. "Leanaimís orainn leis an gcluiche," arsaigh an Bhainríoghain le hEibhlís, agus bhí an iomarca eagla ar Eibhlís aon rud a rádh acht an Bhain- ríoghain a leanamhaint go dtí faithche an chróicé. An dream eile bhí ag imirt an chluiche chuadar ar scáth na cupóige ón ngréin nuair fuaireadar an Bhainríoghain imthighthe uatha, acht ar an nómant a chonnacadar ag casadh í seo chum an chluiche arís iad. Ní dubhairt an Bhainríoghain aon rud acht gur mhaith an bhail orra nár fhanadar fén scáth gur chas sí, go mbeadh a n-anam aici. An fhaid a bhí an cluiche ar siubhal níor chuaidh lagadh ar an mBainríoghain acht ag achrann, ag achrann le gach aoinne eile dhe na himirtheoirí, agus ag screuchadh amach, "Scuab an ceann de," nó "Scuab an ceann dí"! An dream a daoradh chum a ndí-cheannadh bhíodar gabhtha ag na saighdiúirí, agus ó's rud é gurb' iad na saighdiúirí na stuadhanna bhí aca bhí deireadh leis na stuadhanna i gcionn leath-uair an chluig agus bhí na himirtheoirí eile go léir gabhtha agus fé
ghlas acht amháin an Rí agus an Bhainríoghain agus Eibhlís. Stad an Bhainríoghain go hobann agus saothar uirre, agus d'fhiafhraigh sí dh'Eibhlís a bhfaca sí riamh an Gárlach Sliogánach. Dubhairt Eibhlís ná facaidh, agus rud eile ná raibh a fhios aici cadé an sórt é in aon chor an Gárlach Sliogánach seo. "As sin," arsaigh an Bhainríoghain, "a dhéin- tear an súp." "Ní fhaca mé ceann aca riamh," arsaigh Eibhlís, "agus rud eile, níor airigh mé trácht orra." "Siubail leat, má's eadh," arsaigh an Bhain- ríoghain, "agus inneosa sé a sceul duit." Nuair bhíodar ag imtheacht d'airigh Eibhlís an Rí á rádh go híseal leis an gcuideachta, "Tá sibh go léir saor arís!" "Is maith é sin," arsaigh Eibhlís; bhí sí an- bhuadhartha mar gheall ar an méid d'órduigh an Bhainríoghain a dhí-cheannadh. 'San imtheacht dóibh casadh Ollphiast orra agus é in a throm-chodladh 'sa ghréin 'sa chasán rómpa. (An t-ollphiast so fiolar b'eadh an leath tosaigh de agus leomhan b'eadh an leath eile.) "Éirigh, a scraiste díomhaoin!" arsaigh an Bhainríoghain, "agus teasbáin don bhean uasal so an Gárlach Sliogánach. Caithfe mise casadh thar n-ais chum feuchaint i ndiaidh roinnt dí-cheannadh tá órduighthe agam," agus chuir sí dhí, agus d'fhág sí Eibhlís agus an Ollphiast annsin i gcuideachtain a chéile. Ní ró mhaith a thaithnigh deallramh na hOllphéiste le hEibhlís, acht mar sin féin chreid sí go mbeadh sé chomh sábhálta dhí a bheith in a fhochair le bheith i gcuid- eachtain na Bainríoghna allta sin.
Dhúisigh an Ollphiast agus bhain sé stracadh as a shúile; d'fheuch sé i ndiaidh na Bainríoghna go raibh sí imthighthe as a radharc, annsin chrom sé a' scithireacht gáire agus ag caint leis féin. "A chiallach!" ar sé sin, "nach mór an greann é." "Cá bhfuil an greann?" arsaigh Eibhlís "Don Bhainríoghain atá mé ag tagairt," arsaigh an Ollphiast; "ní fhuil sí acht ag leigint uirre; ní bhaineann siad an ceann d'aoinne annso. Siubhal leat." "Tá an focal sin i mbeul gach aoinne annso," arsaigh Eibhlís léi féin, "siubhal leat, siubhal leat, ag gach aoinne; níor cuireadh an oiread órduighthe riamh im' shaoghal orm." Is gairid a chuadar nuair a chonnacadar tamall uatha agus é in a shuidhe ar stolla chloiche an Gárlach Sliogánach, é ag feuchaint go dubhach, dubhrónach, uaigneach, agus gach aon osnadh as gur dhóigh leat go ndeunfadh dhá leath dá chroidhe. Bhí an-thruagh ag Eibhlís dó. D'fhiafhraigh sí den Ollphiast cad a bhain don duine bocht gur thuit sé chomh mór sin i mbrón. "Ní fhuil aon chúrsaí bróin aige sin, a inghean óigh," arsaigh an Ollphiast, "acht is dóigh leis go bhfuil. Siubhail leat!" D'imthigheadar leo suas go dtí an áit a raibh An Gárlach. Bhí a dhá shúil attha ó bheith ag gol. Níor chuir sé aon fháilte rómpa. "Teastuigheann ón ngearrchaile seo," arsaigh an Ollphiast, "fios fáth do scéil agus do chúrsaí bróin d'fhagháil uait, teastuigheann sin." "Suidhidh annso im' fhiadhnaise, sibh araon," arsaigh an Gárlach, "agus léireo' mé dhí é, acht ná labharfaidh aoinne agaibh aon fhocal amach as a bheul go mbeidh deireadh agam-sa lem' sceul."
Shuidheadar síos agus níor labhair aoinne aon fhocal ar feadh roinnt nómantaí. "Ní fios," arsaigh Eibhlís in a haigne féin, "caithin a bheidh deireadh leis an sceul maran rud é go dtosnuigheann sé." Mar sin féin bhrúghaidh sí fúithe. I ndeireadh thiar thall chuir an Gárlach osnadh as, osnadh chomh trom chomh cathach sin gur dhóigh leat gur aníos as órdóga a chos a tharraing sé é agus chrom sé ag seanchus dóibh: "Obhoch! mo chreach a's mo léir, agus mo chuma lem' shaoghal," ar sé, "bhíosa im' Ghárlach ceart nádúrtha scaitheamh dem' shaoghal, acht bhí leas-mháthair agam, agus bhí a leithéid sin de ghráin aici orm gur ghuidh sí ar Chrom Cruach sliogán a dheunamh díom," agus stad sé annsin ar feadh tamaill mhóir eile. Níor labhair aoinne acht amháin go gcuireadh an Ollphiast gogala mór garbh as anois agus arís mar d'aireochthá ag páiréid agus an osnghail mhór throm bhíodh ag an nGárlach. Is beag a chuirfeadh d'fhiachaibh ar Eibhlís éirighe in a seasamh agus a buidheachas a gabháil leis mar gheall ar an sceul deas taithneamhach bhí sé tar éis a innsint dóibh, acht mar sin féin cheap sí ná fuighfeadh gan a thuille bheith aige le n-innsint, agus d'fhan sí mar bhí aici agus ní dubhairt sí dada. I gceann i bhfad anonn agus leis an osnghail ceudna thosnuigh sé arís: "Nuair bhíomair-ne beag," ar sé sin, "cuireadh ar scoil sinn 'sa mhuir mhóir. Sean-Ghárlach b'eadh an t-oide-múinte bhí againn agus ní thugaimís aon ainm air acht An Sean-Phortán …" "'De chúis a dtugadh sibh sean-phortán air nuair nár phortán é?" arsaigh Eibhlís.
"Thugamair Sean-Phortán air," arsaigh an Gárlach go feargach, "mar go mbíodh sé ag portghail dúinn; nach dall atá tú!" "Ba chóir duit náire bheith ort," arsaigh an Ollphiast léi, "a leithéid de cheist a chur ar aon Chríostuidhe beo," agus d'fheuch an bheirt aca isteach idir an dá shúil ar Eibhlís bhocht, agus dob' fhearr léi go dtuitfeadh an spéir uirre nó go sloigfeadh an talamh í, bhí an oiread sin náire uirre. "Tomáin leat, a dhuine bhoicht!" arsaigh an Ollphiast leis an nGárlach, "agus ná caith an lá ar fad ag gabháil dó." Lean sé air: "'Seadh! chuadhamar go dtí'n scoil 'sa mhuir mhóir, acht is dócha nach ró mhaith a chreidfí é …" "Ní dubhrasa riamh nár chreideas é!" arsaigh Eibhlís. "Dubhairt tú!" arsaigh an Gárlach. "Éist do bheul!" arsaigh an Ollphiast fé raibh uain ag Eibhlís focal eile a rádh, agus lean an Gárlach air ag innsint a scéil. "Fuaireamar an léigheann agus an t-oideachas is fearr bhí le fagháil — bhíomair ag an scoil gach aon lá …" "Chuadhas-sa go dtí an scoil leis," arsaigh Eibhlís, "agus níorbh' scoil na bprátaí rósta é; 'sa tslighe nach ceart duit-se bheith ag maoidheamh as do chuid léighinn agus as do chuid scolaidheachta." "An scolaidheacht choitchionta, is dócha!" arsaigh an Gárlach, le roinnt searbhais, "ní bhfuair tú aon phioc den scolaidheacht ná den léigheann ghalánta." "Fuaireas, mhuise," arsaigh Eibhlís, "d'fhogh- luimigheas Frainncís agus Ceol."
"Agus Nigheachán?" arsaigh an Gárlach. "Ní headh, Nigheachán," arsaigh Eibhlís, agus tháinig olc uirre chuige. "Ó, má's eadh," arsaigh an Gárlach, "níor scoil ró mhaith bhúr scoil-se," agus theasbáin sé go raibh áthas air é bheith le rádh aige. "I dTuarascbháil na scoile a rabhasa bhíodh an méid seo mar aguisín leis — "Ar Fhrainncís, Ceol, agus Nigheachán beidh breis díoluigheachta."" "Ní mórán gádh bhí agat le Nigheachán ná le haon rud eile thíos fén bhfarraige," arsaigh Eibhlís. "Níorbh' acfuinn dom é d'fhoghluim, a chuigint," arsaigh an Gárlach, go truaighmhéileach, agus le n-a linn sin chuir sé osnadh as. "Níor bhac mé le haon rud," ar sé sin, "acht leis an réim léighinn coitchionta." "Cad iad na hadhbhair léighinn bhí 'sa réim sin?" arsaigh Eibhlís. "Bhí," ar sé, "Saint, Maoidheamh, agus Sníomh, ar an gceud dul síos; agus annsin bhí Áirthighe agus gach craobh eile a bhaineann leis an ealadhain sin mar atá Tomhas, Leamhas, agus Grabaireacht. Tabhair an leabhar leis gur chruaidh é an Grabaireacht." "Níor airigh mé riamh trácht air," arsaigh Eibhlís. "'Dé rud é, ar son Dia?" "Ó, Dia linn a's cabhair ó Dhia chughainn!" arsaigh an Ollphiast, "éist leis an óinseach gearrchaile adeir nár airigh sí riamh trácht ar Ghrabaireacht — í sin a bhfuil gob uirre chum gobaireachta agus soc uirre chum socaireachta - ar bhfallaing, a chailín! go múinfinn-se dhuit é agus gan a bheith i bhfad ar a thí." Is beag a fhonn bhí ar Eibhlís a thuille
ceisteanna chur; ní fheadar sí an ar a ceann nó ar a cosa bhí sí in a seasamh le neart náire: níor fhág an Ollphiast meas madra aici uirre féin. D'iompuigh sí ar an nGárlach agus d'fhiafhraigh sí dhe cad eile bhí sé d'fhoghluim. Dubhairt sé go raibh sé ag foghluim Feall- samhanacht, Breallsamhanacht, agus Scithireacht - "Gach aon Aoine ar feadh uair a chluig tar éis dinnéir is eadh thagadh Ollamh na Scithireachta chughainn — Sean-Chnádán b'eadh é, agus bhí fios a chéirde aige. Bhímís go léir sínte agus i riocht scoilte orainn le gáire fé mbíodh sé réidh linn. Bhíodh sé eulaighthe leis fé dtagaimís chughainn féin. Chaitheadh an-chuid dínn thabhairt don leaba leis an treighid tar éis a leictiúir sin. An lá in a dhiaidh sin is eadh bhíodh an Liaigh le hÍce agus Apotaigéireacht againn; agus chaithimís an tráthnóna sin ag deunamh Iompódh Cait a Chroicinn." "Conus a dhéintí é sin?" arsaigh Eibhlís. "Ní bhfuighfinn é theasbáint duit anois mé féin; táim ag teacht ró aosda, agus tá mo chnámha ró chraptha. Agus is dóigh liom nár fhoghluim an Ollphiast annso riamh é." "Ní raibh sé d'uain agam," arsaigh an Ollphiast, "acht má's eadh chaith mé teurma i bhfochair Fear Gaile agus Gaisce: sean- ghliomach b'eadh é." "Níor chaitheas-sa aon tamall in a fhochair sin," arsaigh an Gárlach, "acht airighinn ná raibh aon teora leis chum Meunghail, Sraothartghail, agus Fail a mhúineadh." "Ó, nach agam-sa tá a fhios é," arsaigh an Ollphiast, ag oscailt a bhéil chomh mór a's go raghadh colamóir siar ann, agus ag cur drana
air féin, agus ag cur sraoth as gur dhóigh leat go ndúiseoch' sé na mairbh a bhí is na reilgeacha. "Ó, Dia linn, maran snaois é!" arsaigh Eibhlís, "acht, mo dhearmhad, 'dé an fhaid bhíodh sibh ag foghluim gach aon lá?" "Deich n-uaire an chluig an cheud lá; a leath sin an dara lá; agus a leath sin arís an tríomhadh lá; agus mar sin de go dtí nár bhfiú dhúinn suidhe síos chum aon cheacht, bhíodh an t-am chomh gairid sin." "Nárbh' ait a leagadh amach Réim na dTráth dhíbh," arsaigh Eibhlís. "Is dócha go raibh an sceul in a shosadh agaibh as son amach." "Chaitheamair an chuid eile dhen aimsir ag fiadhach piathán," arsaigh an Gárlach. "Is leor sin i dtaobh an réim léighinn," arsaigh an Ollphiast, "is dóigh liom féin go bhfuil an léigheann ag dul ós cionn meabhrach oraibh. Béidir go neosfá dhí anois i dtaobh an caitheamh aimsire bhíodh agaibh."
CAIBIDIL A X RINNCE AN GHLEAMAIGH Chuir an Gárlach Sliogánach osnadh as agus chimil sé a lapa mór trasna a dhá shúil. D'fheuch sé ar Eibhlís agus thug sé iarracht ar labhairt léi, acht ní bhfuigheadh sé focal a thabhairt leis, tháinig a leithéid sin de thocht ar a chroidhe. Ba dhóigh leat go mbrisfeadh a chroidhe in a chliabh
nó go dtachtfaí é, 'sa tslighe gur chaith an Oll- phiast breith air agus cúpla crothadh bhaint as agus é bhualadh 'sa drom, feuchaint an bhfuigh- feadh sé a anáil leis. I gcionn tamaill tháinig sé chuige féin agus tháinig a chaint dó, acht bhí na deoracha ag rioth anuas le n-a dhá phluc. "Is dócha," ar sé, "gur beag ded' shaoghal a chaith tusa fén bhfarraige" — ("aon phioc," arsaigh Eibhlís) — "agus béidir nár cuireadh in aitheantas gleamaigh riamh tú" — ("d'ith mé p -," arsaigh Eibhlís, acht bhain sí siar aiste féin ar an nómant arís agus dubhairt sí nár cuireadh, riamh) — "agus mar sin de ní fhuil aon tuigsin agat cadé an greann bhíonn ag daoine ag deunamh Rinnce an Ghleamaigh." "Ní fhuil, mhuise, aon tuigsin," arsaigh Eibhlís. "A' bhfuighfeá a theasbáint dom cadé an sórt é?" "Mar seo," arsaigh an Ollphiast, ag baint an fhocail as bheul an fhir eile, "caithfidh gach aoinne seasamh ar aon líne i ndiaidh a chéile ar an dtráigh …" "In dhá líne," arsaigh an Gárlach. "Róin, sliogáin, agus mar sin; agus annsin nuair bhíonn an glóthach curtha as an tslighe agat …" "Baineann sé sin roinnt aimsire," arsaigh an Ollphiast. "… tosnuigheann an Rinnce; gach aoinne chum cinn agus i ndiaidh a chúil dhá iarracht …" "Gach aoinne agus gliomach mar pháirtidhe aige," arsaigh an Ollphiast. "Ó, iseadh, dar ndóigh," arsaigh an Gárlach, "gach aoinne chum cinn agus thar n-ais arís dhá iarracht agus annsin t'aghaidh a thabhairt ar do pháirtidhe …"
"Annsin déin malairt gleamaigh agus thar n-ais go dtí t'áit féin arís," arsaigh an Ollphiast. "Tá a fhios agat annsin," arsaigh an Gárlach, "go gcaithtear …" "Na gleamaigh!" arsaigh an Ollphiast, ag baint an fhocail as a bheul arís agus ag tabhairt léim as a chabhail in áirde insan aer. "… Chomh fada amach 'sa bhfarraige a's a fheudfa tú …" "Snámh in a ndiaidh annsin," arsaigh an Ollphiast de screuch. "Iompó toll thar ceann 'sa bhfarraige annsin," arsaigh an Gárlach agus é ag pramsáil thimcheall. "Malairt gleamaigh arís," arsaigh an Oll- phiast, ag cur ualfairt as. "Gach aoinne a theacht i dtír arís annsin, agus sin deireadh leis an gceud bhobhta de Rinnce an Ghleamaigh," arsaigh an Gárlach, go ciúin, mín, macánta, agus shuidh an dá bheathaidheach a bhí fiadhain allta síos go dubhach dubhrónach i láthair Eibhlíse agus gan cniug asta acht iad ag cur na súile isteach tríthe. "Rinnce an-dheas is eadh é, is dócha," arsaigh Eibhlís, go scáthmhar (deirim leat gur bhaineadar preab aiste). "Ar mhaith leat é d'fheicsin?" arsaigh an Gárlach. "Ó, go deimhin, ba mhaith," arsaigh Eibhlís. "Is eadh, déinimís an cheud bhobhta dhe," arsaigh sé leis an Ollphiast. "Is féidir linn é go dheunamh gan na gleamaigh, dar ndóigh. Cé imireoch' an port dúinn?" "Ó, imir-se an port," arsaigh an Ollphiast. "Tá sé dearmhadtha agam-sa."
Seo chum an rinnce an bheirt aca; sheasaighidís anuas is na hórdóga beaga ar Eibhlís nuair thagaidís gairid dí, agus bhí a dhá lapa árduighthe in áirde aca araon agus iad dá gcrothadh chum a theasbáint go rabhadar ag coimeád istigh leis an gceol, agus an Gárlach ag gabháil an amhráin seo go mall, righin, cathach: "Chodlas féin i dtigh aréir, Is tuirseach tréith a bhí mo chuisle, 'Sé comhrádh béil bhí aca go léir: M'inghean féin is a boc ar buile. Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá! Tá 'na lá, is ní fhuil 'na mhaidin. Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá! Ach solas árd atá 'san ngealaigh. Éir' id' shuidhe, a fhir a' tighe, Cuir do bhríste 'mat go tapaidh, Coinnigh suas cuideachta shuairc Don chroidhe mhaith mhór go dtiocfaidh an mhaidin. Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá! Tá 'na lá, is ní fhuil 'na mhaidin, Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá! Ach solas árd atá 'san ngealaigh. "Ní éireochad im' shuidhe," ar fear an tighe, "'S ní chuirfead bríste orm ná hata, Blas ná braon dem' chuid-se dighe Ní raghaidh in a gcroidhe go dtiocfaidh an mhaidin." Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá! Tá 'na lá, is ní fhuil 'na mhaidin, Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá! Ach solas árd atá 'san ngealaigh.
Tá mo stocaí i dtigh an óil, Tá mo bhróga i dtigh an leanna, Tá mo bha ag dul thar teorainn, Is ní fhuil bean óg a raghadh dá gcasadh. Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá! Tá 'na lá, is ní fhuil 'na mhaidin, Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá! Ach solas árd atá 'san ngealaigh. Tá an baraile ar a cheann, Is ní fheicim ann acht dríodar deasga. Tá mo ghiní ar an mbórd Is bíom ag ól go dtiocfaidh an mhaidin. Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá! Tá 'na lá, is ní fhuil 'na mhaidin. Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá! Ach solas árd atá 'san ngealaigh." "Táim buidheach dhíbh araon; rinnce iongantach deas is eadh an rinnce sin," arsaigh Eibhlís, "acht buidheachas le Dia," ar sí sin léi féin, "go bhfuil deireadh leis." "Acht an t-amhrán," ar sí sin, "buaidh sé sin ar a airigh mé riamh le breághthacht; leig dom leis; agus maran bhfuil an Gárlach ábalta ar é rádh go binn "ní fhuil in a lá." Béidir go mbeadh amhrán eile agaibh, acht ar son Dia ná déinidh aon rinnce, ní fhágfadh sé puth ionnaibh." "Ó, i maite, a ghearrchaile, sin é a chuirfeadh snaidhm is na haedheanna agat mara mbeadh an lúth ionnat," arsaigh an Ollphiast. "Is dócha é! Is dócha é!" arsaigh Eibhlís, "acht cad mar gheall ar amhrán eile?" "Deurfaidh an Ollphiast amhráin dúinn," arsaigh an Gárlach. "Tá a fhios agam go mbídís aige in a gcairn".
Bhain an Ollphiast cúpla casadh as a iarball, d'oscail sé amach a dhá sciathán, agus chuir sé scrogal air féin, agus tar éis cúpla casachtach a chur as chum a scórnach a réidhteach d'iarr sé ar Eibhlís gloine uisce d'fhagháil dó agus é leagaint in a fhiadhnuise. Nuair a bhí an méid sin deunta: "Ní fheadar mé an bhfuighfe mé tabhairt fé in aon chor," ar sé sin, "tá na fiacla caillte agam, agus tá m'anáil ag teacht gairid." Mar sin féin d'eirigh sé agus tar éis dó cúpla casachtach eile chur as, thosnuigh sé: "Maidin bhog dhrúchtmhar Idir Chaiseal a's Dhúrlas Go triopalach ciúinmhear Gabháil im' choinne 'sa ród; Labhair sé go tláth liom Den chomhrádh chaoin ghrádhmhar, 'Gus chuir …" "Tá sé caillte agam, tá sé caillte agam," ar sé sin. "Misneach! misneach!" arsaigh an Gárlach, "tabhair fé arís, tabhair fé arís, bhí a fhios agam ná teipfeadh an guth ort." "Is eadh, deurfa mé ceann eile dhíbh," ars an Ollphiast. "A Chomthain mhalluighthe, guidhim-se deacair ort a's gráin Mhic Dé A's ar an ngasradh úd bhí ceangailte go dlúth led' thaoibh,
Mar is sibh do dhearbhaigh i láthair Choisdealbhaigh ar an dtriúr fear séimh Agus chuir na Conairigh thar na farraigí dtí na New South Wales. An té bheadh 'na sheasamh ann agus dheunfadh machtnamh ar ár gcúis dá pléidhe, Mar a sheasaigh sí ón a seacht ar maidin go dtí taréis a naoi, Chrioth an talamh fúinn le linn na labharacha dá dtabhairt 'sa mbréig A's mo ghráidhín-se an t-anam bocht, tá sé damanta má's fíor í an chléir. A Bhainríoghain bheannuighthe, a's a Rí na bhFlaitheas geal, tabhair fuascailt orainn araon, A's ar an mbanaltra tá 'sa mbaile go dubhach 'nár ndéidh. Le linn an aifrinn bídhí ag agallamh 'gus ag guidhe chum Dé Ar na Conairigh a thabhairt abhaile chughainn ó na New South Wales." "Tar slán, tar slán, a fhir an chroidhe mhóir," arsaigh an Gárlach, "agus ceud slán leis an tsean-aimsir; nach é an feall gur cruadhaidh Dia an saoghal orainn agus gur chuadhamair in aois. Is eadh, anois, a ghearrchaile, nár cheart go mbeadh cuideachta éigin ionnat-sa agus go ndeurfá ceathramha bheag éigin dúinn." "Tá gach aon rud chomh tré n-a chéile sin orm le déidheanaighe gur ar éigin a gheobhainn cuimhneamh ar na focail," arsaigh Eibhlís, "acht deunfa mé mo dhícheall, dar ndóigh." D'éirigh sí in a seasamh agus d'umhluigh sí
dhóibh araon i ndiaidh a chéile; níor dhein sí dearmhad ar an méid sin, pé sceul é; chuir sí a dhá láimhín taobh thiar dá drom, agus chaith sí a ceann roinnt siar ar a guailne, agus chuir sí gob uirre féin agus thosnuigh sí: "Ar maidin moch a ghabhas amach Ag dul dtí'n scoil dom féin, Scian a's forc go tabhail im' ghlaic, A's lonnradh te lem' thaobh. Ag taisteal dom tré phluide a's gúth, A's mo chadhp go hárd 'san aer, Cad a gheobhainn lem' ais ach smeura deas Agus áirnidhe blasta geur." "Is ait an tslighe atá an chaint sin agat," arsaigh an Gárlach. "Tá sé chomh ait agus do-gheobhadh sé a bheith," arsaigh an Ollphiast, "ní mar sin d'airighinn-se an t-amhrán sin in aon chor le linn m'óige." "Níor airigh mise riamh im' shaoghal é," arsaigh an Gárlach, "agus rud eile dhe, is dóigh liom gur ráiméis ar fad é." Ní dubhairt Eibhlís aon rud; shuidh sí síos agus a haghaidh foilighthe le n-a dhá láimhín aici, agus é ag rioth léi ná tuitfeadh aon rud amach i slighe nádúrtha go deo arís. "Badh mhaith liom," arsaigh an Gárlach, "go ndeunfadh sí míniughadh éigin dúinn air." "Ní bhfuighfeadh sí é mhíniughadh dhuit," arsaigh an Ollphiast. "Abair an cheud cheathramha eile." "Acht, in ainm Dé!" arsaigh an Gárlach, "cad a bhí uaithe den scian agus den fhorc?" "Mar sin a bhailightear smeura dubha anois, is dócha," arsaigh an Ollphiast.
Badh mhaith le hEibhlís go dtosnóchaidís ag caint ar rud éigin eile, acht ní raibh aon phioc dá fhonn orra. "Abair an cheud cheathramha eile," arsaigh an Ollphiast, "seo mar a thosnuigheann sé: 'Ní raibh bróg ná stoca, cadhp ná clóc'.'" Ní bhfuighfeadh Eibhlís bhocht innte féin iad d'eiteach, ar a shon go raibh a fhios aici go dtiocfadh na focail go léir bun-os-cionn arís, agus thosnuigh sí: "Ní raibh bróg ná stoca, cadhp ná clóc', Ar áirnidhe dubha Loch Léin; Agus shuidh an púca ar na smeara dubha, A's ní raibh sceathóir ann ná caor. Acht an scian a's an forc bhí agam im' ghlaic Theastuigheadar go geur uaim féin, Chum pluide a's gúta an bhóthair bhuig A bhaint as an sceul go léir." "Cadé an mhaith dhuit a bheith ag rádh an ráiméis cainte sin," arsaigh an Gárlach, "maran rud é go bhfuil tú chum míniughadh éigin a thabhairt dúinn air. Isí an drabhghail cainte í is aite agus is mí-thaithneamhaighe d'airigh mé riamh im' shaoghal beatha í." "Caith uait í in ainm Dé agus Muire, má's eadh," arsaigh an Ollphiast, agus deirim leat gur chaith. "Ní fheadar," ar sé sin, "a ndeunfaimís bobhta eile dhe Rinnce an Ghleamaigh, nó béidir gur mhaith leat go ndeurfadh an Gárlach amhrán eile dhúinn." "Ó, amhrán an Ghárlaigh," arsa Eibhlís go hobann — chomh obann agus chomh sainteamhail sin
gur tháinig olc ar an Ollphiast, agus go ndubhairt sé leis féin agus pus air: "Is fuiris daoine a shásamh! thoicim, a dhuine úd, abair 'An tUbhal' dí." Chuir an Gárlach cúpla osnadh as agus dóbair go sgoiltfeadh a chroidhe le tulcaí goil ag tosnughadh an amhrán dhó, dhún sé a dhá shúil, agus thosnuigh sé ag cur dá chroidhe mar seo: "Tá scéilín nua 'gam le hinnsint díbh-se, Cúrsaí spóirt agus comhrádh díghe, Ubhal breágh gleoite a chuireas im' phóca 'S ná fuaireasa romham ann acht práitín síl. Obhoch! mo thúirse mar a shileann mo shúile I ndiaidh an ubhail ud bhí breágh buidhe. Óigbhean mhúinte bhí t'réis é thabhairt dom, A's go dtabharfainn chúig phúint ar é a bhlaiseadh arís. Shiubhlaigheas Cléire agus Carraige Aonair, Cuanta Béara bhí romham 'sa tslighe, Puínte na nGréig' 'gus na Dosaí Maola, An Fhiadh 'san Laoi taobh amuigh de Bhaoí. Obhoch! mo thúirse mar a shileann mo shúile I ndiaidh an ubhail úd bhí breágh buidhe. Óigbhean mhúinte bhí t'réis é thabhairt dom, A's go dtabharfainn chúig phúint ar é a bhlaiseadh arís. Shiubhaluigheas Cualach mar a bhíos buadhartha, An Paróiste Thuaidh agus na hAdhraidhe, 'San Oileán Mór is eadh d'innis dom buachaill Ná fuighfinn a thuairisc go raghainn thar Snaidhm. Obhoch! mo thúirse mar a shileann mo shúile I ndiaidh an ubhail úd bhí breágh buidhe.
Óigbhean mhúinte bhí t'réis é thabhairt dom, A's go dtabharfainn chúig phúint ar é a bhlaiseadh arís. Shiubhaluigheas Cóbh agus Baile na Móna, Cathair Tonn Tóime 'gus Inis Seircín, Thoir ar an gcósta is eadh d'innis dom stróinse Go raibh sé in a sheó ar shráid Neidín. Obhoch! mo thúirse mar a shileann mo shúile I ndiaidh an ubhail úd bhí breágh buidhe, Óigbhean mhúinte bhí t'réis é thabhairt dom, A's go dtabharfainn chúig phúint ar é a bhlaiseadh arís." "Is eadh, an curfá arís!" arsaigh an Oll- phiast, agus díreach bhí tosnuighthe ag an nGárlach nuair d'airigh an chuideachta an adharc dá séideadh agus ag fógairt go raibh an "Cúirt 'na suidhe." "Siubhal leat go mear!" arsaigh an Oll- phiast, ag breith ar láimh ar Eibhlís agus dá tarraing in a dhiaidh gan fuireach le críochnughadh an amhráin. "'Dé an chúirt?" arsaigh Eibhlís nuair a tháinig a caint dí; acht ní dubhairt an Ollphiast aon rud acht, "Corruigh ort!" agus chuir sé dhe chomh mear agus bhí aige. I bhfad siar uatha d'airigheadar guth brónach an Ghárlaigh Shliogánaigh ag casadh an churfá: "Obhoch! mo thúirse mar a shileann mo shúile."
CAIBIDIL A XI "AN CHÚIRT IN A SUIDHE" Nuair a chasadar, bhí an Rí agus an Bhain- ríoghain in a suidhe ar a gcathaoir ríoghdha agus comhthionól mór bailighthe thimcheall orra — scata mór de gach aon saghas eun beag agus beathaidheach beag cheithre gcos; an paca cártaí go léir; bhí an Cuireata annsúd in a sheasamh mar chime istigh in a lár — a lámha agus a chosa ceangailte le slabhraí agus saighdiúir in a sheasamh mar ghárda ar gach taobh de; díreach taobh leis an Rí bhí an Coinín Gléigeal agus stoc in láimh leis agus meamram mór páipéir 'sa láimh eile leis. Bhí mias phrátaí rósta leagtha in áirde ar bhórd bhí i lár na cúirte. Bhíodar ag feuchaint chomh breágh chomh plúrach sin gur gheuraigheadar goile Eibhlís agus gur bhraith sí an t-ocras ag buadhchain uirre. "Ní fheadar," ar sí sin léi féin, "an fada go mbeidh deireadh leis an triail; b'fhearr liom ná aon rud go mbeadh deireadh leis agus go roinnfí na prátaí!" Acht nuair ná raibh aon deallramh go mbeifí dá roinnt go luath bhuail sí thimcheall tigh na cúirte dí féin ag tabhairt gach aon rud fé ndeara. Ní raibh Eibhlís riamh roimhe seo i dtigh cúirte, acht ba chuimhin léi gur léigh sí mar gheall air is na leabhartha, agus bhí mórdháil uirre go raibh ainm gach aon rud bhí ann aici. "É sin a bhfuil
an pheiribhig air sin é an breitheamh," ar sí sin léi féin. Acht b'é an Rí an breitheamh agus is amhlaidh bhí an choróinn leagtha anuas ar an bpeiribhig aige; deir mé leat gur fheuch sé mí-chompór- damhail, agus rud eile níor oir an dá chóir dá chéile a chuigint ná ar aon chor; is amhlaidh do-righneadar araon amadán de. "Agus feuch Coiste an Dá Fhear Dheug," arsaigh Eibhlís léi féin, "agus an bhfacaidh aoinne riamh a leithéid" — éin b'eadh cuid aca agus beathaidhigh bheaga cheithre gcos b'eadh a thuille aca. "Dia linn a's Muire!" ar sí sin, "níor mhaith liom go mbeadh coimirche m'anama orra sin; guagairí beaga gan inchinn iseadh a urmhór." Bhí an dá fhear dheug so ag scríobhadh ar a ndícheall le cailc ar shlinnteacha. "Ní fheadar 'sa domhan bhraonach cad atá siad go léir a dheunamh?" arsaigh Eibhlís leis an Ollphiast, "dar ndóigh, ní fhuil aon rud le scríobhadh aca fós nuair nár thosnuigh an triail." "Tá gach aoinne aca ag scríobhadh a ainm féin," arsaigh an Ollphiast, "ar eagla go ndearmhadfaidís iad fé mbeadh deireadh leis an triail." "Hutaidís! na dallacháin!" arsaigh Eibhlís, agus le n-a linn sin do ghlaoidh an Coinín amach i gcomh-árd a chinn agus a ghutha: "Ciúineas oraibh i láthair na Cúirte!" Chuir an Rí a spiacláirí air, agus d'fheuch sé thimcheall feuchaint cé bhí ag cainnt. Chonnaic Eibhlís go raibh gach aoinne den dá fhear dheug ag scríobhadh síos "Dallacháin" ar na slinnteacha agus ná raibh an oiread a's duine aca in iúl ar na leitreacha atá ag baint leis
an bhfocal d'áireamh go ceart — bhíodar ag cogarnach agus ag tabhairt uillinn dá chéile. "Deirim leat," arsaigh Eibhlís léi féin, "go mbeidh sé deacair an méid bheidh scríobhtha aca- san a léigheamh fé mbeidh deireadh leis an triail; acht, dar ndóigh, "an rud a scríobhann an púca léigheann sé féin é."" Is cuimhin leat Tadhg bocht, an t-arcluachra - é sin a chuaidh síos 'sa simné; 'seadh, bhí sé sin ar dhuine den Choiste agus an blúire cailce bhí aige ag scríobhadh eachtradh an screuchadh bhí sé á dheunamh ar an tslinn — raghadh sé go dtí an ngrinneal ionnat. Ní bhfuighfeadh Eibhlís foidhneamh a thuille leis, d'eulaigh sí taobh thiar de Thadhg, agus sciob sí an chailc uaidh gan a fhios dó. Dhein sí an gnó chomh mear sin ná raibh a fhios ag Tadhg ó thalamh an domhain cár imthigh sé. Tar éis dó a bheith dá lorg agus dá chuardach in gach aon áit chaith sé scríobhadh le n-a mhéir an chuid eile dhen lá agus bheadh sé chomh maith dhó bheith díomhaoin; fhliuchadh sé a mheur, agus an fhaid agus a fhanadh an mheur fliuch bhíodh saghas éigin breacadh ar an tslinn, acht dar ndóigh nuair a thirmigheadh sé bhíodh sé imthighthe arís de. "Léigh an choir, a Bhollsaire!" arsaigh an Rí. Do shéid an Coinín Gléigeal an stoc fó thrí agus d'oscail sé an meamram bhí in a láimh aige agus léigh sé amach an choir: "Whereas Prátaí rósta Bhí ag do bhean phósta, A Rí onóraigh, Don mhac ba shine aici,
Nuair tháinig an Cuireata Agus le neart faobhar cuirptheacht' Ghoid as an teine iad Gan beann ar do dhlighthe-se." "Tabhair do bhreath," arsaigh an Rí leis an gCoiste. "Fan leat, fan leat!" arsaigh an Coinín, "tá mórán eile le deunamh fós fé mbeidh an chúis pléidhte!" "Glaoidh ar an gceud fhínnéith," arsaigh an Rí. Chuir an Coinín an stoc chum a bhéil agus shéid sé fó thrí arís é. "Tagadh an cheud fhínnéith annso i láthair na cúirte," ar sé sin. Tomhais cé arbh' é an cheud fhínnéith? Ní thomhaisfeá go deo é! Fear Lár na Gealaighe! Rioth sé isteach 'sa chúirt le hata mór árd thiar ar chúl a chinn, cupán té in láimh leis agus píosa aráin agus ime 'sa láimh eile. "Gabhaim párdún agat, a Rí onóraigh," ar sé sin, "chionn a's gur thug mé iad so isteach liom; acht ní raibh an té ólta agam nuair a cuireadh fios orm." "Bhí sé in am agat é bheith ólta agat," arsaigh an Rí. "Caithin a thosnuigh tú?" "An ceathramhadh lá deug de Mhárta, is dóigh liom," arsaigh Fear Lár na Gealaighe, agus d'fheuch sé ar an nGirrfhiadh Márta bhí tar éis é leanamhaint isteach i dTigh na Cúirte é féin
agus an luichín, agus iad araon i riocht scoilte orra le gáire. "An cúigeamhadh lá deug," arsaigh an Girr- fhiadh Márta. "An séamhadh lá deug," arsaigh an luichín. "Scríobhaidh síos é sin," arsaigh an Rí leis an gCoiste, agus do scríobh an Coiste síos is na slinnteacha leis an gcailc an ceathramhadh lá deug, an cúigeamhadh lá deug, agus an séamhadh lá deug, agus chuireadar le n-a chéile iad agus
dheineadar amach 'dé méid scillingí agus airgead corr a bhí aca. "Bain díot do hata," arsaigh an Rí leis. "Ní liom-sa an hata," arsaigh Fear Lár na Gealaighe. "Goidthe tá sé agat má's eadh," arsaigh an Rí, agus scríobh an Coiste gach aon fhocal de sin síos. "Bíonn siad agam le díol," arsaigh sé sin; "ní fhuil aon hata dem' chuid féin agam. Fear hataí a dheunamh is eadh mé." Chuir an Bhainríoghain a spiacláirí uirre nuair d'airigh sí an chaint seo agus chrom sí ag feuchaint go geur isteach idir an dá shúil ar Fhear Lár na Gealaighe, agus chaill an fear bocht sin a ghuth agus a dhath le neart eagla roimpe. "Tabhair t'fhínnéidheacht," arsaigh an Rí, "agus ná bí chomh critheánach sin thimcheall air nó bainfear an ceann díot." Deirim leat gur bhain an méid sin cainte preab as agus gur beag an misneach d'fhág sé aige chum aon rud a rádh; bhí sé an-chorrshuanach ann féin, agus níor thóg sé a dhá shúil den Bhainríoghain; bhí an fear bocht chomh mór sin tré n-a chéile gur bhain sé meannt as bheul an chupáin nuair a shíl sé píosa aráin agus ime d'ithe. Le n-a linn sin díreach bhraith Eibhlís athrughadh mór ag teacht uirre féin, rud a chuir tré n-a chéile í go mór gur thuig sí cadé an brígh bhí leis: ná raibh sí ag fás arís, agus i dtosach nuair a bhraith sí an t-athrughadh ag teacht bhí sí chum an áit d'fhágaint, acht tháinig sí ar ath-smuaineamh, agus dubhairt sí léi féin go
bhfanfadh sí mar a bhí aici an fhaid agus a bheadh slighe dhí. "Ná bí im' fháscadh, in ainm Dé," arsaigh an luichín bhí in a suidhe taobh léi, "is ar éigin atá mé in iúil ar bhreith ar m'anáil agat." "'Dé'n leigheas atá agam-sa ort," arsaigh Eibhlís, go ciúin, cneasta, "táim-se ag fás." "'Dé chúis duit bheith ag fás annso istigh?" arsaigh an luichín. "Dhera, éist do bheul!" arsaigh Eibhlís, "agus caith uait do dhícéille; ná fuilir-se ag fás chomh maith liom-sa." "Má's eadh," arsaigh an luichín, "ní chomh mí-réasúnta leat-sa é; tá tusa ag rioth ar fad leat féin." Agus d'éirigh sí dhen stuir sin agus shiubhail sí trasna go dtí an taobh eile dhen chúirt. Níor chuaidh lagadh ar an mBainríoghain ar feadh na haimsire go léir acht ag cur na súl tré Fhear Lár na Gealaighe, agus díreach le linn is an luichín a bheith ag dul trasna na cúirte dubhairt sí le ceann des na hoifigí liosta des na daoine thug amhrán uatha ag an Chuirm Ceoil deireannach bhí aici a thabhairt chúiche. Tháinig a leithéid sin de chritheán ar Fhear bocht na Gealaighe gur thuit na bróga dhe. "Tabhair t'fhínnéidheacht," arsaigh an Rí go crosta, "nó dar so a's súd bainfear an ceann díot pé aca eaglach nó neamh-eaglach tú." "Dílleachtaidhe bocht is eadh mise, a Rí onóraigh," arsaigh Fear Lár na Gealaighe, agus é i riocht tuitim leis an bhfallsaor, "agus is ar éigin a bhí mé im' shuidhe síos chum an té — ní raibh mé aon rud le seachtmhain nó mar sin -
agus mar gheall ar salaigheacht an ime agus stailceacht an aráin agus teodhacht an té …" "Teodhacht 'dé rud é?" arsaigh an Rí. "An té ná fuil láidir," arsaigh Fear Lár na Gealaighe, "ní fuláir dó bheith glic." "Tá a fhios agam é sin," arsaigh an Rí, "dar ndóigh, ní dóigh leat gur breall ar fad mé. Is eadh, tomáin leat!" "Fear bocht is eadh mé," arsaigh Fear Lár na Gealaighe, "agus thosnuigh gach aon rud ag glinneamhaint annsin — acht dubhairt an Girrfhiadh Márta …" "Ní dubhairt!" arsaigh an Girrfhiadh Márta de shnab. "Dubhairt!" arsaigh Fear Lár na Gealaighe. "Ná feiceann tú," arsaigh an Rí, "go dtugann sé an t-éitheach duit agus ná bac a thuille leis an méid sin den sceul." "Acht pé sceul é," arsaigh Fear Lár na Gealaighe, "dubhairt an luichín" — agus d'fheuch sé taobh thiar de ar an luichín feuchaint an mbreugnóchadh sí sin é, acht níor dhein, mar bhí sí in a marbh-chodladh. "Agus annsin," arsaigh Fear Lár na Gealaighe, "ghearr mé blúire aráin agus ime …" "Is eadh, acht cad dubhairt an luichín?" arsaigh duine den Choiste. "Ní cuimhin liom anois é," arsaigh Fear Lár na Gealaighe. "Caithfe tú cuimhneamh air," arsaigh an Rí, "nó bainfear an ceann díot." Thuit an cupán agus an t-arán agus an t-im amach as lámha an fhir bhoicht, agus chuaidh sé féin ar a leath-ghlúin. "A Rí ró onóraigh,"
ar sé sin, "duine bocht suarach is eadh mise, agus …" "Suaramán críochnuighthe is eadh thú," arsaigh an Rí. "Tar slán! Tar slán!" arsaigh an criucar, agus seo é ag bualadh bas ar a dhícheall, acht ba ghairid an mhoill ar oifigí na cúirte é chur fé chois agus seo mar a dheineadar é - ropadar i ndiaidh a chinn isteach i mála é agus annsin shuidheadar anuas air. "Is maith liom," arsaigh Eibhlís léi féin, "go bhfaca mé lem' dhá shúil féin an cleas sin dá dheunamh. Is minic a léigh mé is na páipéirí go bualadh bas a chur ar bun nuair bheadh deireadh le triail i dtigh cúirte, acht go gcuireadh oifigí na cúirte fé chois é gan mórán moille, acht ní raibh a fhios agam conus a dhéintí é go dtí anois." "Maran bhfeadar tú a thuille i dtaobh an scéil," arsaigh an Rí, "gheobha tú dul síos." "Ní bhfuighfinn dul síos a thuille," arsaigh an fear bocht, "táim im' sheasamh ar an úrlár ar ndóigh." "Suidh síos, má's eadh," arsaigh an Rí. Shil bean an chriucair bualadh bas eile a chur ar bun, acht bhain an cleas ceudna dí. "Is eadh," arsaigh Eibhlís in a haigne féin, "sin deireadh leis an lánamha sin. Béidir go raghfaí chum cinn níos fearr leis an sceul anois." "B'fhearr liom deireadh chur leis an mbraon té seo," arsaigh Fear Lár na Gealaighe, agus d'fheuch sé suas ar an mBainríoghain. "Cuir díot," arsaigh an Rí; agus chuir an
fear bocht de chomh mear in Éirinn agus bhí in a chosa amach as tigh na cúirte, agus níor fhan sé le n-a bhróga chur air. "… Agus cas an ceann de leath is amuigh," arsaigh an Bhainríoghain le duine de oifigí na cúirte, acht bhí Fear Lár na Gealaighe curtha dhe fé bhfuair an t-oifigeach dul amach 'sa dorus. "Glaoidh ar an gceud fhínnéith eile," arsaigh an Rí. Is í an duine tháinig acht cócaire na Bain- tighearna. Bhí boiscín an phiobar in a láimh aici, agus d'aithin Eibhlís gurb' í bhí ag teacht fé bhfaca sí in aon chor í, mar thosnuigh gach aoinne bhí thíos ag an dorus ag sraothartghail in aoinfheacht. "Tabhair t'fhínnéidheacht," arsaigh an Rí. "Ní thabharfadh," arsaigh an cócaire. D'fheuch an Rí ar an gCoinín Gléigeal agus dubhairt sé sin go híseal leis, "Caithfe tú an bhean so a cheistiughadh." "Má chaithfe mé, caithfe mé, ar ndóigh," arsaigh an Rí go dubhsmánta, agus d'fhill sé a dhá láimh in a chéile agus chuir sé drana air féin go raibh a dhá shúil geall leis sloigthe siar in a cheann: "Conus a dhéintear prátaí a rósta?" ar sé sin. "Le piobar," ar sí sin. "Le bláthach," arsaigh an duine taobh thiar dí agus é mar a bheadh sé ag caint tré n-a chodladh. "Beir ar scrogal ar an luch sin," arsaigh an Bhainríoghain de scread. "Cas an ceann dí! Cuir leath is amuigh dhen dorus í! Cuir 'sa mála í! Bain miotóg aiste! Strac an fheusóg dí!"
Ar feadh scaithimh bhí tigh na cúirte in aon dhiúra-dheabhra amháin d'iarraidh breith ar an luch chum í chur leat is amuigh dhen dorus, agus nuair bhí gach aoinne socair síos arís bhí an cócaire teichte. "Is cuma é!" arsaigh an Rí. "Buidheachas le Dia go bhfuilmíd réidh léi siúd, pé sceul é. Glaoidh ar an gceud fhínnéith eile." Agus d'iompuigh sé ar an mBainríoghain agus dubhairt go híseal léi: "A chuid den tsaoghal! caithfe tusa an cheud fhínnéith eile a cheistiughadh. Tá meabhrán im' cheann-sa aca!" Bhí Eibhlís ag feuchaint ar an gCoinín agus é a' tútáil leis an bpáipeur in a raibh ainmeacha na bhfínnithe. "Is beag fínnéidheacht atá fuighte fós aca," ar sí sin léi féin. Bhí an-dhúil aici a fheicsin cé hé an cheud duine eile ar a nglaofaí, agus deirim leat gur baineadh preab aiste nuair a glaodhadh amach a hainm féin.
CAIBIDIL A XII FÍNNÉIDHEACHT EIBHLÍS "Táim annso!" ar sí sin, ag éirighe in a seasamh go hobann, agus níor chuimhnigh sí riamh ar an méid bhí tar éis dul innte ó tháinig sí isteach 'sa chúirt. Ar a héirighe in a seasamh dí agus leis an bhfuinneamh bhí léi nár bhuail íochtar a gúna ar chinn an dháreug agus leagadh gach aoinne riamh aca síos i lár na cúirte, síos ar chinn na ndaoine go léir bhí gairid do bhosca an Choiste. Eachtradh b'eadh feuchaint orra le n-a gcinn fútha agus a gcosa in áirde. Chuir sé i gcuimhne dh'Eibhlís ciotarainn a bhain dí féin 'sa mbaile seachtmhain roimhe sin nuair a leag sí báisín a raibh bric órdha ann agus dhortadh iad go léir ar fuaid an tighe. "Ó, gabhaim párdún agaibh!" ar sí sin, agus d'aithneoch' aoinne ar a caint go raibh an-chathughadh uirre. Chrom sí dá bpiocadh suas. Bhí a fhios aici in slighe éigin gurb' shin é an ceart — go raibh sé chomh ceart aici iad sin a bhailiughadh D'fhan sé in a shuidhe suas díreach agus a bheul ar leathadh aige
agus a bhí sé dhí na bric órdha a bhailiughadh — shíl sí go bhfuighfidís bás maran gcuirfí thar n-ais arís 'sa mbosca iad. "Ní bhfuighfear dul chum cinn leis an dtriail," arsaigh an Rí, "go mbeidh gach aoinne den Choiste thar n-ais in a áit féin — gach aoinne riamh den dáreug," ar sé sin, ag feuchaint go geur ar Eibhlís. D'fheuch Eibhlís ar an áit a raibh an Coiste, agus cad a bheadh ná an t-arcluachra agus a cheann fé agus a iarball san aer aige agus corruighe beag dá bhaint aige as anois agus arís. Ar éigin a bhí ann corruighe. Is amhlaidh a chuir Eibhlís isteach bun ós cionn é. Rug sí ar iarball air agus shocruigh sí in a cheart arís é: "Acht is cuma é ar ndóigh," ar sí sin, "ní measa den chúis bhí dá pléidhe a iarball a bheith in áirde aige, le hé a bheith fé." Nuair bhí an Coiste tar éis teacht chúcha féin roinnt agus pé mhéid ciall a bhí aca cruin- nighthe le n-a chéile arís agus gach aoinne aca agus a shlinn agus a phíosa cailce féin aige chromadar ag scríobhadh síos cúntas ar an gciotarainn a bhain dóibh, gach aoinne acht an t-arcluachra bocht: bhí sé sin ró thré n-a chéile aon rud a scríobhadh. D'fhan sé in a shuidhe suas díreach agus a bheul ar leathadh aige ag feuchaint in áirde ar fhraightheacha an tighe. "An bhfuil a fhios agat-sa aon rud i dtaobh an scéil seo táimíd do phléidhe?" arsaigh an Rí le hEibhlís. "Dada go Dia," arsaigh Eibhlís. "Dada a chuigint ná ar aon chor?" arsaigh an Rí.
"Dada go Dia, adeir mé leat," arsaigh Eibhlís. "Éist leis sin," arsaigh an Rí leis an gCoiste, "sin rud an-éifeachtamhail." Bhí an Coiste ag tosnughadh díreach ar na focail seo a scríobhadh síos ar a gcuid slinnte aca nuair a labhair an Coinín Gléigeal: "Mí-éifeachtamhail, a mheas tú a rádh, le toil do mhór-uaisleachta," ar sé sin go hurramach, acht mar sin féin bhí sé ag dranghail, agus ag bagairt ar an Rígh le linn na cainte dhó. "Ó, 'seadh, mí-éifeachtamhail, ar ndóigh, mheas mé a rádh," arsaigh an Rí d'urchar, agus annsin lean sé air ag caint leis féin agus ag cur na bhfocal — an-éifeachtamhail — mí-éifeachtamhail - mí-éifeachtamhail — an-éifeachtamhail, tré n-a chéile mar a bheadh sé d'iarraidh a dheunamh amach ciaca an focal ceart. Scríobh cuid den Choiste "an-éifeachtamhail," agus cuid eile "mí-éifeachtamhail." Bhí Eibhlís ag feuchaint isteach thar a nguailne, agus chonnaic sí gur mar sin a bhí: "Acht is cuma é, dar ndóigh," ar sí sin léi féin. An fhaid a's a bhí an Coiste ag scríobhadh bhí an Rí ag scríobhadh in leabhairín beag póca bhí aige. "Ciúineas!" ar sé sin d'urchar, agus léigh sé amach as a leabhar: "Riaghal a dó a's dá fhichead. — Caithfidh gach aoinne bhfuil breis is míle ar aoirde ann an Chúirt d'fhágaint." D'fheuch gach aoinne ar Eibhlís. "Ní fhuil míle ar aoirde ionnam-sa," arsaigh Eibhlís. "Tá," arsaigh an Rí. "Tá, geall le dhá mhíle," arsaigh an Bhain- ríoghain.
"Ní fhágfa mé an áit seo, pé sceul é," arsaigh Eibhlís, "rud eile, ní riaghal coitchionta é sin; anois díreach a cheap tú é." "Sé an riaghal is sia 'sa leabhar é," arsaigh an Rí. "Dá mb'é, badh ceart go mba Riaghal a hAon é," arsaigh Eibhlís. D'iompuigh an Rí ar dhath an fhalla agus dhún sé a leabhairín. "Tugaidh bhúr mbreath," ar sé sin go critheánach leis an gCoiste. "Tá fínnéidheacht eile 'sa sceul," arsaigh an Coinín Gléigeal, ag éirighe in a sheasamh go hobann. "Anois díreach fuaireadh an páipeur so caithte ar an úrlár." "Cad atá scríobhtha ann?" arsaigh an Bhain- ríoghain. "Níor oscail mé fós é," arsaigh an Coinín, "acht badh dhóigh liom gur leitir é a scríobh an cime seo chum duine éigin." "'Dé'n seoladh tá uirre?" arsaigh duine dhen Choiste. "Ní fhuil aon seoladh uirre," arsaigh an Coinín, "ní fhuil aon rud a chuigint scríobhtha leath is amuigh uirre." Bhí sé ag oscailt an pháipéir le linn na cainte dhó: "Ní leitir in aon chor é," ar sé sin, "tar éis gach aon rud; roinnt filidheachta tá ann." "An é scríobhadh an chime seo tá ann?" arsaigh duine eile dhen Choiste. "Ní hé, mhuise," arsaigh an Coinín, "agus sin é taobh is aite dhen sceul." (D'fheuch an Coiste an-thré n-a chéile; bhí an sceul ag dul 'sa mhuilleann orra.) "Is dócha gur dhein sé aithris ar scríobhadh dhuine éigin eile," arsaigh an Rí.
"Le toil do mhór-uaisleachta," arsaigh an Cuireata, "níor scríobhas-sa é, agus ní fhuil aon chruthughadh aca gur scríobhas; ní fhuil aon ainm leis." "Marar chuiris t'ainm leis, is amhlaidh is measa tá an sceul," arsaigh an Rí. "Bhí tú ar tí achrann éigin a chur ar bun ráidhte 's nár chuir tú t'ainm leis mar a dheunfadh aon duine macánta." Bhí an-bhualadh bas anois ann don Rígh. B'iad so na focail b'fháigheamhla dubhairt sé indiu. "Ná daorann san é?" arsaigh an Bhain- ríoghain, "agus baintear …" "Ní fíor san," arsaigh Eibhlís, "agus rud eile dhe, ní fheadar sibh in aon chor cad dó tá an fhilidheacht so ag tagairt." "Leigh dúinn í," arsaigh an Rí. Chuir an Coinín air a spiacláirí. "Cá dtosnó' mé, a Rí onóraigh?" ar sé sin. "Tosnuigh i dtosach," arsaigh an Rí go faid- cheannach, "agus léigh leat siar go deireadh; do-gheobha tú stad annsin." Ní raibh focal as aoinne i dTigh na Cúirte an fhaid agus a bhí an Coinín ag léigheamh an mhéid seo im' dhiaidh: "Dubhradar liom go rabhais léi, Agus gur thrácht tú ar mo láimh; Mhol sí sin go hárd mo cháil, Acht amháin ná feudfainn snámh. Chuir sé sin an sceula chúcha Ná rabhasa t'réis éirighe. Agus, Dia linn! anois cad a dheunfa tú, Má chuireann sí an sceul chum crí'.
Thugas-sa a haon dí sin, Dó san a thugadar a dó; A trí nó a ceathair thugaise dhúinn; Agus, feuch! nárbh' olc an dóigh. Ba liom-sa féin iad san go léir, A's chasadar orm arís; Acht tháinig sí chugham istoidhche aréir, Dá rádh go rabhadar i ndísc. Má's rud é go milleánfar mise ná í I dtaobh na gcúrsaí so. A bhfuascailt go léir tá ort-sa, a chroidhe! Nó is giorra dhúinn, "uth!" ná puth. Im' thuairim-se is tusa féin Tháinig idir í a's me A's chuir é siúd chomh fada i gcéin Gan bean ná spré aige." "Tá crochadh na mílte 'sa bhfínnéidheacht san," arsaigh an Rí, ag tógaint a leabhair amach as a phóca arís; "seo-igí, a Choiste, tugaidh …" "Feuch," arsaigh Eibhlís (agus ní raibh pioc eagla uirre labhairt leo, chuaidh sí chomh mór sin i méid ó tháinig sí isteach 'sa Chúirt). "Feuch," ar sí sin, "tabharfa mé raol d'aoinne a bhainfidh meabhair as an gcaint sin. Ní chreidim go bhfuil ciall ná meabhair le baint as." Scríobh gach aoinne dhen Choiste síos ar a shlinn féin: "Deir sí ná creideann sí go bhfuil ciall ná meabhair le baint as," acht níor thug aoinne aca fé n-a mhíniughadh. "Maran bhfuil ciall ná meabhair ann," arsaigh an Rí, "ag lorg meacain i bhfail muice
'seadh bheith d'iarraidh ciall ná meabhair a bhaint as, agus ní gábhadh dul in a thrioblóid, acht, fan leat anois go bhfeicimíd," agus d'oscail sé amach an páipeur, leag sé ar a ghlúine chuige é, dhún sé súil leis: "Is dóigh liom tar éis gach aon rud go bhfuil ciall éigin leis — "acht amháin ná feudfainn snámh" — ní fhuil snámh agat-sa, an bhfuil?" ar sé sin leis an gCuireata. Bhain an Cuireata bocht crochadh as a cheann agus is é bhí ag feuchaint go cásmhar. "Ar dhóigh leat orm go mbeadh?" arsa mo dhuine bocht. (Do b'fhuiris d'aoinne a rádh ná beadh snámh ag cárta). "Tá san go maith agus ní fhuil go holc," arsaigh an Rí, agus chrom sé ag meabhrughadh na cainte leis: "'Mhol sí sin go hárd mo cháil' - mo cháil-se é sin, dar ndóigh — 'má chuireann sí an sceul chum crí'' — duit-se a thagrann sé sin, a laogh!" ar sé sin leis an mBainríoghain - "'Thugas-sa a haon dí sin, dó san a thugadar a dó' — sin mar d'imthigh na prátaí rósta, ar dhóigh …" "Is eadh," arsaigh Eibhlís, "acht léigh leat: "A's chasadar orm arís …'" "Is eadh, ar ndóigh," arsaigh an Rí, "agus dá chomhartha san féin sin iad annsin ar an mbórd iad. Ní fhuil aon rud níos soiléire ná san. Agus feuch leat arís — 'Tháinig idir í is mé' — agus, dar ndóigh, a chuid den tsaoghal! níor tháinig aoinne riamh eadrainn." "Níor tháinig riamh," ar sí sin, ag breith ar bhuideul an duibh bhí taoibh léi agus dá chaitheamh le binib leis an arcluachra. (Bhí Tadhg bocht tar éis éirighe as a bheith ag scríobhadh le n-a mhéir ó's rud é nár fhan aon scríobhadh ar an
tslinn chomh luath agus a thirmigh sé; acht thosnuigh sé anois ag scríobhadh ar a dhícheall báis leis an dubh bhí ag rioth anuas le n-a phluc.) "Tugtar an bhreath!" arsaigh an Rí. "Ná tugtar, ná tugtar!" arsaigh an Bhain- ríoghain. "Gearrtar an pionós an cheud uair - agus annsin tugtar an bhreath." "Dícéille, a bhean!" arsaigh Eibhlís, "ar airigh aoinne riamh a leithéid de ghnó? …" "Éist do bheul!" arsaigh an Bhainríoghain, agus deallramh an áibhirseora uirre. "Ní éisteochad!" arsaigh Eibhlís. "Scuabtar an ceann dí!" arsaigh an Bhain- ríoghain i gcomh-árd a cinn agus a gutha. Níor chorruigh aoinne. "'Dé'n beann atá ag aoinne oraibh-se," arsaigh Eibhlís. (Bhí sí chomh mór agus bhí sí riamh anois.) "Cad atá ionnaibh acht paca cártaí?" ar sí sin. D'éirigh an paca go léir in áirde 'san aer ós a ceann mar saithe beach agus tháinigheadar anuas 'sa mulla uirre; leig sí screuch aiste agus thug sí iarracht ar í féin a chosaint orra, agus dhúisigh sí as a codladh. Bhí sí in a luighe ar an mbán, a ceann leagtha ar bheinn a deirbhshéir, agus í sin dá cosaint ar na cuileoga bhí ag teacht thimcheall ar a haghaidh dá crádh. "Dúisigh, a Eibhlís, a leinbh, is fada an codladh bhí agat," arsaigh a deirbhshiúr léi. "Ó, bhí taidhreamh iongantach agam!" arsaigh Eibhlís, agus d'innis sí dá deirbhshiúr chomh maith agus a fuair sí cuimhneamh orra na heachtraí go léir ó thósach go deireadh, gach aon rud mar atá léighte agat-sa 'sa leabhar so; agus nuair
bhí deireadh aici leis thóg a deirbhshiúr in áirde ar a baclainn chúiche í, agus phóg sí í agus adubhairt: "B'iongantach an taidhreamh é gan dabht; rioth leat isteach anois, a bhuidheanach, chum do chuid té. Tá sé ag éirighe déidheanach." D'éirigh Eibhlís in a seasamh agus rioth sí léi, agus ní bhfuighfeadh sí a chur as a haigne na heachtraí go léir a thaidhrigheadh dí, ní nach iongnadh. EACHTRADH EIBHLÍS GO NUIGE SEO.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services