Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas

Title
Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas
Original Title
Alice in Wonderland
Author(s)
Carroll, Lewis,
Translator
Ó Cadhla, Pádraig
Composition Date
1922
Publisher
Maunsel agus Roberts, Teo.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


EACHTRADH EIBHLÍS
I dTÍR NA nIONGANTAS



CAIBIDIL A I



SÍOS I bPOLL COINÍN FÉ THALAMH



Páiste gearrchaile b'eadh
Eibhlís seo, agus aon lá
amháin bhí sí in a suidhe amuigh
ar an mbán i bhfochair a
deirbhshéir; ní raibh dada
go Dia le deunamh aici agus
bhí sí ag éirighe tuirseach de.
Bhí sí tar éis feuchaint uair
nó dhó isteach 'sa leabhar bhí
a deirbhshiúr a léigheamh, acht
ní raibh aon pheictiúirí ná
comhrádh cainte ann, agus
nuair ná raibh ní raibh aon
tsult léi sin ann. "'Dé a
mhaith leabhar," arsaigh Eibhlís
léi féin, "gan peictiúir gan comhrádh cainte?"



Rud eile, bhí teas agus brothal an lae ag
cur uirre, agus bhí sí ag cuimhneamh ní fheadar
ar bhfiú dhí éirighe agus ladhar nóiníní a bhailiughadh
agus slabhra-sidhe a dheunamh dhíobh nuair a rioth
coinín amach thóirste — coinín bán gléigeal agus
dhá shúil dhearga in a cheann.



Níorbh' aon rud neamh-choitchionta an méid
sin, agus nuair a chrom sé ag caint leis féin


L. 2


agus á rádh, "Dia le m'anam! Dia le m'anam!
Beidh mé déidheanach!" níor dhein sí mórán
iongantas de acht an oiread. (Nuair bhí sí ag
deunamh a maranna ar an sceul in a dhiaidh sin
chuimhnigh sí go mbadh cheart go ndeunfadh sí
iongantas de, acht tháinig an sceul d'urchar
uirre agus ní bhfuighfeadh sí cuimhneamh.) Acht
nuair bhain an coinín cloigín aníos as phóca a
bheast-chuirp agus nuair a fheuch sé air agus
annsin nuair bhrostuigh sé air chomh mear agus
bhí in a dhá choisín bhuail sé isteach in a haigne
gurbh' rud an-neamh-choitchionta é agus d'éirigh
sí in a seasamh, agus le neart faobhar cinn-
sealacht lean sí trasna na páirce é, agus bhí sí
ag a shála nuair a léim sé síor i bpoll cois
claidhe.



As go bráth le hEibhlís síos in a dhiaidh agus
gan aon phioc amháin cuimhneamh aici ar conus
bhí sí le casadh thar n-ais arís.



Bhí an poll a ndeaghaidh an coinín síos ann,
bhí sé mar a bheadh lintéir ag rioth díreach fé
thalamh agus annsin síos díreach — chomh díreach
ná raibh sé dhe uain ag Eibhlís baint siar aiste
féin ná cuimhneamh ar stad gur bhraith sí go
raibh sí ag tuitim síos i dtobar mór doimhin.



Tobar an-dhoimhin b'eadh é, nó neachtar aca
bhí sí ag tuitim an-righin, an-mhall ar fad — chomh
righin, chomh mall sin go raibh uain aici feuchaint
thimcheall uirre agus gach aon rud a thabhairt
fé ndeara. Shíl sí feuchaint síos roimpe, acht
bhí an áit ró-dhorcha chum aon rud d'fheicsin síos;
annsin d'fheuch sí ar chliatháin an tobair, agus
thug sí fé ndeara go raibh an áit lán suas de
chupbúird agus ionaid leabhar; chonnaic sí léar-
scáil agus peictiúirí ar crochadh ar an bhfalla.


L. 4


Thóg sí anuas seár nó crócha bhí ar chleibhí bhí ann,
agus cad do bheadh scríobhtha leath is amuigh air
acht, "Subh Óráiste," acht, mo chreach! ní raibh
dada ann; níor mhaith léi an seár do thuitim
síos uaithe ar eagla go marbhóch' sí aoinne thíos
fé n-a bun, acht fuair sí é leagaint uaithe ar
chupbórd ag túirling dí.



"I maite," arsaigh Eibhlís léi féin, "tar éis
an mhéid seo tuitim ní dada liom tuitim anuas
an staidhre. Deurfar go bhfuil an-mhisneach
agam. Ní headh, acht ní dheurfa mé aon rud
má's tuitim anuas ó bhuaic an tighe dhom!"
(Rud ab' fhíor dí béidir.)



Síos, síos, síos. An mbeadh deireadh go
deo leis an tuitim? "Ní fheadar an mó míle
atá curtha dhíom agam fé láthair? Caithfe mé
bheith an-ghairid do lár an domhain. Fan leat:
cheithre mhíle míle é sin is dóigh liom." (Bíodh
a fhios agat go raibh Eibhlís ag foghluim rudaí
dá leithéid seo 'sa scoil, agus ar a shon nár
ró mhaith an chaoi é chum a bheith ag teasbáint a
cuid feasa nuair ná raibh aoinne ag éisteacht
léi, mar sin féin ba mhaith an taithighe dhí bheith
dá rádh dí féin) — "is eadh, sin é an fhaid díreach
atá sé — acht, mo dhearmhad, ní fheadar 'dé 'n
áit den domhan in a bhfuilim anois. Ní fheadar
'dé 'n fhaid soir ná siar, ó thuaidh ná ó dheas
atáim." Bhí sí ag rangbháil i dtaobh "Cam-
sheisreach," "Líne an Mheadhon-Lae," &rl. (Ní
raibh aon tuigsin ag Eibhlís cadé an brigh bhí le
"Cam-sheisreach" ná le "Líne an Mheadhon-Lae,"
acht shíl an páiste bocht gur dheas na focail iad
a bheith dá dtarraing trí n-a fiacla.)



Thosnuigh sí ag machtnamh arís. "Ní fheadar,"
arsaigh sí léi féin, "an dtuitfe mé amach díreach


L. 6


trí lár an domhain. Feuchfaidh sé an-ghreannamhar
teacht amach i measc na ndaoine bhíonn ag siubhal
le n-a gcinn fútha agus a gcosa in áirde.
Caithfe mé fhiafhraighe cadé an tír é. An é seo
an Zéaland Nua nó Ástraoile, má's é do thoil
é, a bhean uasal?" (Agus dhein sí iarracht ar a
humhalughadh dheunamh — cuimhnigh air, a humhalughadh
dheunamh agus í ag tuitim i ndiaidh a cinn!
An dóigh leat go bhfeudfá-sa é dheunamh?) "Is
eadh, acht deurfaidh sí gur dall an sórt gearr-
chaile beag mé. Ní dheunfadh sé an gnó dhom
é fhiafhraighe in aon chor; béidir go bhfeicinn
scríobhtha in áirde in áit éigin é."



Síos, síos, síos. Chrom Eibhlís ag caint léi
féin arís nuair ná raibh dada eile le deunamh
aici. "Aireochaidh Pingcín uaithe anocht mé."
(Pingcín, an cat.) "Tá coinne agam ná
dearmhadfaidh siad a sásar bainne a thabhairt
dí le linn an té dhóibh. Pingcín bocht, b'fhearr
liom go mbeifeá anuas annso im' fhochair. Ní
fhuil aon lucha le fagháil 'san aer, is dóigh liom,
acht béidir go n-éireoch' leat breith ar leaidhbín-
leathair, agus sin rud ná fuil aon mhí-dheallramh
aige le luch. Acht, mo dhearmhad, ní fheadar an
íosfadh cat leaidhbín-leathair." Bhí an codladh
ag teacht anois uirre, agus lean sí uirre ag
caint léi féin mar bheadh sí ag taidhreamh.
"An íosfadh cat leaidhbín-leathair? An íosfadh
cat leaidhbín-leathair?" agus anois agus arís
théigheadh an chaint tré n-a chéile uirre agus
dheireadh sí, "An íosfadh leaidhbín-leathair cat?"
Ba mhar a chéile é mar ná fuighfeadh sí aon cheist
aca a fhreagairt. Mhothuigh sí go raibh an codladh
dá traochadh agus go raibh sí 'sa taidhreamh;
shíl sí go raibh sí ag siubhal cois ar chois le


L. 7


Pingcín agus go raibh sí ag caint go han-
dháiríribh léi, "Innis dom an fhírinne anois, a
Phingcín! ar ith tú riamh leaidhbín-leathair?"
nuair d'airigh sí an phleist, phleist! Bhí sí tar
éis tuitim anuas ar charn cipíní agus duilleabhar
feochta, agus b'shin deireadh leis an tuitim.



Níor bhain aon ghoirtiughadh dhí, agus bhí sí in
a seasamh ar a cosa arís de phreab. D'fheuch sí
in áirde ós a cionn, acht bhí an áit sin go léir
dorcha; ós a comhair amach bhí casán fada, agus
chonnaic sí an Coinín Gléigeal agus é ag cur
de síos an casán chomh mear agus bhí aige. Ní
raibh aon am le cailleamhaint aici agus as go
bráth léi chomh mear leis an ngaoith síos in a
dhiaidh, agus nuair bhí sé ag iompó an chúinne
d'airigh sí é ag caint leis féin, "Ó, dar mo
chluasa agus mo chuid féasóige, nach déidheanach
tá sé ag teacht." Bhí sí díreach ag a shála nuair
d'iompuigh sí an cúinne, acht teidhiol de ní raibh
le feicsin aici as sin suas. Bhí sí féin istigh
in halla fada íseal, halla in a raibh sreang
de lampaí ar crochadh anuas ón tsíleáil agus
iad ag tabhairt soluis bhreágh uatha.



Bhí dóirse thimcheall ar gach taobh den halla,
acht bhí an glas orra go léir: agus nuair bhí
Eibhlís tar éis gabháil síos taobh den halla agus
aníos ar an taobh eile agus tar éis dí gach aon
dorus a chuardach, shiubhail sí síos tré n-a lár
agus í ag deunamh a maranna conus d'éireóch'
léi an áit d'fhágaint nó an bhfágfadh sí go deo é.



Le n-a linn sin chonnaic sí bórd beag trí
gcos deunta de ghloine; ní raibh dada in áirde
air acht eochairín bheag, agus chuimhnigh Eibhlís
láithreach bonn gur bhain sí sin le ceann de na
dóirse insan halla; acht, mo chreach! bhí na


L. 8


glais ró mhór nó bhí an eochairín ró bheag; acht
ar aon chuma ní oscaileóch' sí aon ghlas aca.
Acht, i maite, nuair bhí sí ag gabháil thimcheall
an dara hiarracht thug sí fé ndeara Brat Beag
íseal ná faca sí an cheud uair, agus díreach
taobh thiar de bhí dorus beag thimcheall chúig
órdlaigh deug ar aoirde. Thriail sí an eochairín
bheag órdha 'sa nglas, agus bhí áthas mór uirre
nuair d'oir sí dhó.



D'oscail sí an dorus, agus cad bheadh ann
acht poillín beag caol cumhang — poillín ná raibh
ann acht ionad franncaigh. Chuaidh sí ar a glúine
agus d'fheuch sí siar faid an phuill, agus thiar
ag a dheireadh bhí an gáirdín ba dheis chonnaic
aoinne riamh. Bhí an-chaitheamh in a dhiaidh ag
Eibhlís an halla dorcha so d'fhágaint agus
siubhal i measc na mbláthanna agus na dtobracha
fíor-uisce, acht ní fheudfadh sí an oiread agus
a ceann a chur tré ionad an duiris; "agus,"
arsaigh Eibhlís léi féin, "dá n-éireóch' liom mo
cheann féin a sháthadh isteach 'dé an mhaith dhom é
maran bhfuighfinn mo ghuailne bhreithe liom in a
fhochair. Ó, nár dheas liom dá bhfuighfinn mé
féin a bhailiughadh ionnam féin isteach mar a
dhéintear leis an ngloine fad-radharc! agus is
dóigh liom go bhfuighfinn dá mbeadh a fhios agam
conus tosnughadh air." Bhí an oiread sin rudaí
neamh-choitchionta tar éis tuitim amach le déidh-
eanaighe gur shíl Eibhlís gur beag rud ná fuighthí
a dheunamh.



D'réir deallramh ní raibh aon mhaith dhí a beith
ag fuireach ag an duirisín seo; shiubhail sí siar
go dtí an bórd, agus dóchas éigin aici go
bhfuighfeadh sí eochair eile air, nó go mbéidir go
bhfuighfeadh sí leabhar na riaghlacha a bhaineann leis


L. 9


an gcleas sin a bhíonn ag daoine chum iad féin
a shearcughadh mar gloine fad-radharc; ní bhfuair,
acht fuair sí buidéilín air (bhí sí deimhinightheach
ná raibh a leithéid air an iarracht cheana), agus
ceangailte thimcheall ar scrogal an bhuidéilín
bhí páipeur agus na focail seo, "ÓL MÉ"
cló-bhuailte i leitreacha móra air.



Níor chuimhnigh sí go mbeadh aon díoghbháil is
na focail sin, "Ól mé," acht mar sin féin bhí
Eibhlís ró shean-chríona chum rud a dheunamh dhíobh
go ró obann. "Feuchfa mé," ar sí sin, "an
bhfuil an focal "Nimh" scríobhtha air nó ná fuil."
Bhí Eibhlís aireach, mar bhí go leor sceulta léighte
aici — sceulta beaga i dtaobh leanbhaí — leanbhaí a
dóghadh, nó leanbhaí d'ith beathaidhigh allta, nó
leanbhaí ar bhain amail eile dhóibh mar nár
dheineadar comhairle a muintire: comhairle mar
seo — go ndóghfadh an pócar dearg tú dá
gcoimeádfá greim air ró fhada; nó má ghearrfá
do mheur ró dhoimhin le scian gur dóichighe go
dtiocfadh fuil aiste; agus níor dhein sí
dearmhad riamh ar an gcomhairle go ngoilfeadh
sé ort luath nó mall dá n-ólfá mórán as
bhuideul a mbeadh an focal "Nimh" leath is
amuigh air.



Ní raibh an focal "Nimh" scríobhtha ná cló-
buailte leath is amuigh ar an mbuideul so, agus
nuair ná raibh ní raibh aon eagla uirre é thriail,
agus nuair fuair sí chomh blasta sin é ní raibh
sí i bhfad dá leigint siar. Chum na fírinne
d'innsint — fuair sí blas na meala, blas an
tsilín, blas an óg-uachtair, blas an turcaí rósta,
agus blas an tofaí air, agus gach aon bhlas eile
dá fheabhus.



B'ait le hEibhlís cad bhí ag teacht uirre.


L. 10


Bhraith sí go raibh sí ag fagháil toradh ar a
guidhe agus go raibh sí ag dul i luighead go
mear. Agus bhí leis: ní raibh acht deich n-órdlach
anois innte, agus las a haghaidh agus a súilíní
le háthas nuair a thug sí fé ndeara go raibh an
méid ceart innte chum dul tríd an duirisín
isteach 'sa ngáirdín áluinn úd. Acht d'fhan sí
tamaillín feuchaint an searcóch' sí a thuille:
bhí roinnt scátha uirre in a thaobh so; "beidir,"
arsaigh sí léi féin, "gur amhlaidh d'imtheochainn
mar snab coindle. Ní fheadar conus a fheuch-
fainn annsin?" Agus shíl sí a thabhairt chum a
haigne an deallramh bhíonn ar lasair na coindle
nuair a mhúchtar an choindeal; ní bhfuighfeadh sí
cuimhneamh go bhfaca sí a leithéid riamh.



Tar éis tamaill, nuair nár bhain a thuille dhí,
shocruigh sí ar dhul 'sa ngáirdín gan stad; acht
obhoch! mo chreach! nuair a shroich Eibhlís bhocht an
dorus beag bhí an eochairín óir dearmhadtha aici,
agus nuair a chas sí go dtí an mbórd fé n-a
dhéin ní bhfuighfeadh sí teacht air chionn is í bheith
ró bheag: chonnaic sí go soiléir é tríd an
ngloine, agus dhein sí a dhícheall ar dhul suas
ar cheann de chosa an bhúird, acht bhí sé ró
shleamhain dí; agus nuair bhí sí cortha cráidhte
ó bheith d'iarraidh teacht air shuidh sí síos agus
ghoil sí a sáith.



"Seadh," ar sí léi féin, "ní fhuil aon tairbhe
a bheith ag gol; chomhairleóchainn duit éirighe as
láithreach bonn." Is annamh nár thug sí comhairle
a leasa dhí féin (ar a shon gur fánach dhéineadh
sí rud de), agus is minic a thug sí na deoracha
chum a súile ag tabhairt scrios dí féin. Ba
chuimhin léi uair a thug sí iarracht ar chlabhtóg
feadh n-a cluaise a thabhairt dí féin mar gheall is


L. 12


gur mheall sí í féin ag imirt cluiche cróicé léi
féin, mar is minic bhí an leanbh neamh-choitchionta
so dá dalladh féin ag leigint uirre a bheith in a
beirt. "Ní fhuil aon mhaith dhom a bheith im'
dhalladh féin anois," arsaigh Eibhlís, "gur beirt
mé! ní headh, acht ní fhuil an oiread sin díom
fágtha is go ndeunfainn aoinne amháin deall-
ramhamhail."



Ba ghairid go bhfaca sí bosca beag gloine
fén mbórd; d'oscail sí é agus bhí cáicín beag
istigh ann agus na focail "ITH ME" breactha
go deas air le cúiríní. "Íosfa mé é," arsaigh
Eibhlís, "agus má théighim in aoirde is féidir
liom teacht ar an eochair; agus má's i luighead
a ragha mé is féidir liom dul ar mo chromada
isteach fén dorus; is cuma liom é má gheibhim
dul 'sa ngáirdín!"



D'ith sí blúire beag de agus chuir sí a lámh
ar bharr a cinn feuchaint an síos nó suas a bhí
sí ag fás. Bhí iongantas uirre gur fhan sí 'san
aoirde ceudna; dar ndóigh, sin mar a bhíonn
an sceul ag aoinne a itheann cáca, acht bhí Eibhlís
chomh mór san i dtaithighe rudaí neamh-choitchionta
le déidheanaighe gur fheuch sé roinnt tur dí go
mbeadh duine ag caitheamh a shaoghail insan
tsean-shlighe.



Luigh sí chuige agus is gairid a bhí sí ag cur
deireadh leis an gcáca.


L. 13


CAIBIDIL A II



AN LOCH DEOR



"Iongantas, agus níos iongantasaí!" arsaigh
Eibhlís (cuireadh a leithéid sin d'iongantas uirre
gur theip uirre an chaint cheart a thabhairt léi),
"táim ag síneadh amach chomh fada leis an
ngloine fad-radharc is sia a chonnaic aoinne
riamh! Slán beo libh-se, a choisíní!" (nuair
d'fheuch sí síos ar a cosa bhíodar fad a radharc
uaithe.) "Och! mo choisíní bochta! ní fheadar
cé chuirfidh bhúr mbróga agus bhúr stocaí anois
oraibh? Tá a fhios agam go maith ná bead-sa
i n-iuil air! Beidh mé ró fhada ó bhaile uaibh
chum cuimhneamh in aon chor oraibh: caithfe sibh
an gnó a dheunamh chomh maith is a fheudfa sibh
díbh féin.



"Mar sin féin, caithfe mé a bheith cineálta
leo," arsaigh Eibhlís léi féin, "mar béidir gur
amhlaidh d'éireóchaidís im' choinne agus ná
iomchuróchaidís mé an bóthar díreach! 'Seadh;
cuirfe mé péidhre bróg nua orra gach aon
Nodlaig."



Lean sí uirre mar sin ag cur agus cúiteamh
dí féin conus a dheunfadh sí an gnó. "'Sé an
caréire a thabharfaidh leis iad," ar sí sin, léi
féin; "agus nach ait a fheuchfaidh sé, duine ag
cur féirín ag triall ar a chosa féin! Feuchfaidh
an seoladh go hait leis!



Do Chois Dheis Eibhlís,
tá ar Lic an Teinteáin
Gairid don Chosantóir
(Le buaidh agus beannacht ó Eibhlís).


L. 14


"Ó, a chiallach! nach dícéille an chaint atá
ar siubhal agam."



Le n-a linn sin bhuail barr a cinn in áirde
i gcoinne fraightheacha an tighe: bhí ós cionn naoi
dtroighthe ar aoirde anois innte, agus níor dhein
sí aon mhoill acht an eochairín óir d'árdach léi
agus cur dí chomh mear agus bhí aici go dtí
dorus an gháirdín.



An t-aingciseoir bocht! Chuir sé chum a
díchill agus í sínte ar a cliathán feuchaint
isteach 'sa ngáirdín le n-a leath-shúil, acht a
rádh go bhfuigheadh sí dul isteach! Adeirim-se
"dul isteach" leat! Shuidh sí síos agus chrom
sí ag gol arís.



"Ba cheart náire bheith ort," arsaigh sí léi
féin, "cailín breágh mar tú" (agus is
breágh a bhí sí), "a bheith ag gol mar seo!
Stad ar an nómant dearg anois é, adeirim
leat! Mar sin féin, lean sí uirre ag sileadh
na ndeor in a ngalúin go raibh cheithre órdlach


L. 15


d'uisce in a loch mhór thimcheall ar an áit a raibh
sí 'na seasamh agus síos leath an halla.



I gcionn tamall d'airigh sí na coisíní beaga
ag lapadáil tamall uaithe, thiormaigh sí a súile,
agus d'fheuch sí cé bhí ag teacht. Cad a bheadh
ann acht an Coinín Gléigeal ag casadh thar n-ais
agus culaith bhreágh eudaigh air, mitíní bána
de chroiceann mionáin in láimh leis agus gaothachán
'sa láimh eile: bhí sé ag teacht ag sodar agus
féirsce fé, agus é ag caint leis féin: "An
bhaintighearna! an bhaintighearna! nach í bheidh ar
buile má bhíonn sí ag fuireach liom." Bhí
Eibhlís bhocht chomh mór sin tré n-a chéile go
raghadh sí in athchuinghe ar aoinne teacht i gcabhair
uirre, agus nuair a tháinig an Coinín gairid dí
thosnuigh sí: "Má's é do thoil é, a dhuine
uasail …" Baineadh preab uathbhásach as an
gCoinín, thuit na mitíní bána uaidh agus an
gaothachán, agus as go bráth leis chomh mear agus
ab' fhéidir leis talamh a bhualadh gur imthigh sé
as a radharc.



Thóg Eibhlís suas na mitíní agus an gaothachán,
agus ós rud é go raibh an halla chomh brothallach
sin bhí sí dá fionnfhuaradh féin agus ag caint
léi féin! "Dia lem' anam! Dia lem' anam!
nach ait atá gach aon rud ag iompó amach indiu!
Indé bhí gach aon rud mar ba ghnáth. Ní fheadar
an insan oidhche d'atharuigheadh mé. Fan leat:
An mar seo bhí mé ag éirighe dhom ar maidin?
Ba dhóigh liom nach mar seo bhraith mé me féin.
Acht maran mé an duine ceudna cé hé me, má
is eadh? Sin í an fhadhb!" Agus chrom sí ag
cuimhneamh agus ag maranna ar na leanbhaí go
léir a raibh aithne aici orra, a comh-aois féin,
feuchaint an aoinne aca í.


L. 16


"Ní mé Íde, pé sceul é," arsaigh sí, "mar
ceann cuachach tá uirre sin, agus mise, ní fhuil
aon chuach agam; agus ní me Brighid; tá fios
gach aon rud agam-sa, acht í sin! ní fhuil fios
dada aici! Rud eile, dar ndóigh, nach mise
mé féin, agus nach í sin í sin — Ó, Dia linn a's
Muire, nach iongantach tré n-a chéile tá gach aon
rud ag teacht! Fan leat, go bhfeicfe mé an
bhfuil fios gach aon rud agam mar a bhíodh. A
cúig fó cheathair sin a dó-dheug, a sé fó cheathair
sin a trí deug, agus a seacht fó cheathair sin -
Ó, Dia lem' anam, is fada go mbuailfe mé an
fiche ar an gcuma so! 'Seadh, acht is cuma é
dar ndóigh i dtaobh Réim an Mheudaighthe, baini-
mís iarracht as an Gheografa. Londuin, sin í
príomh-chathair an Pháiris, Páiris príomh-chathair na
Róimhe, agus an Róimh — cad é seo tá mé a' rádh?
Tá an chaint seo go léir bun ós cionn! Is mé
Brighid nó tá mé meallta. Fan go ndeurfa
mé an ramhán so" — agus shocruigh sí a dhá láimhín
ar a binn díreach mar a bheadh sí ag rádh a ceachta
agus thosnuigh sí ag cur dá croidhe — guth garbh
neamh-choitchionta bhí aici agus níor tháinig na
focail mar ba ghnáth leo teacht: -



'Sí an cuimín deas i mbróig í
A's a coisín suidhte córach.



"Tá mé chomh siúrálta anois agus atá mé
annso nach iad so na focail chearta," arsaigh
Eibhlís bhocht léi féin, agus tháinig na deoracha
le n-a súile, "IS mé Brighid gan aon agó agus
caithfe mé dul chum comhnuighthe 'sa phuicidí beag
tighe sin atá aca; ní bheidh breugáin ná dada
agam acht lán a mhála de cheachtanna agam le
foghluim! Má's mise Brighid annso thíos a


L. 17


fhanfa mé, tá an méid sin socair agam pé ar
'sa domhan de. Ní bheidh aon mhaith dhóibh a bheith
ag sáthadh a gcinn anuas agus ag rádh liom teacht
aníos. Fiafhrócha me an cheud uair díobh cé hé
mé, agus annsin má thaithnigheann liom an té
adeurfaidh siad ragha mé suas agus mara
dtaithnigheann fanfa mé annso thíos go mbeidh
mé im' "nach eadh," acht, Dia lem' anam, dob'
fhearr liom go gcuirfeadh duine éigin a cheann
anuas! Táim ag éirighe cortha ó bheith annso
liom féin!"



Le sin d'fheuch sí síos ar a dhá láimh, agus
cad a bheadh ná ceann de na mitíní geala den
chroiceann mionán gabhair curtha uirre aici an
fhaid is do bhí sí ag caint léi féin. "Conus fén
domhan bhraonach d'éirigh liom é chur orm?"
ar sí sin. "Caithfe mé bheith ag dul i luighead
arís."



D'éirigh sí agus chuaidh sí go dtí an bórd chum
í féin a thomhas leis, agus d'réir mar do fheud
sí tuairim a chaitheamh leis ní raibh acht dhá throigh
ar aoirde anois innte, agus is ag dul i luighead
a bhí sí go tiugh; dhein sí amach gurbh' é an
gaothachán a bhí in a láimh aici ba bhun leis, agus
chaith sé uaithe é mar a chaithfeá iarann dearg fé
n-imtheochadh sí in a ceó ar dad gan a táisc ná
a tuairisc.



"Dia im' chroidhe, gur maith a scar mé an
iarracht so," arsaigh Eibhlís léi féin, agus
geallaim-se dhuit gur baineadh preab aiste, acht
pé sceul é bhí áthas uirre go raibh sí Beo in
aon chor. "Ragha mé go dtí an gáirdín anois,"
ar sí sin léi féin, agus as go bráth léi siar go
dtí an dorus beag, acht, obhoch! agus obhoch!
ná raibh an dorus beag dúnta arís agus an


L. 18


eochairín óir leagtha ar an mbórd gloine mar a
bhí an cheud uair. "Tá an sceul níos measa
ná riamh," arsaigh an leanbh bocht léi féin, "mar
ná rabhas riamh chomh beag leis so cheana. Nach
dona an sceul é."



Le n-a linn sin shleamhnaigh a cos uaithe agus
bhí sí go dtí n-a beul in sáile. Shíl sí gur
amhlaidh bhí sí tar éis tuitim isteach 'sa bhfarraige.
"Ragha me abhaile ar an mbóthar iarainn," ar sí
sin léi féin. (Bhí Eibhlís cois farraige uair dá
saoghal, agus bhí sé socair in a haigne aici pé
áit a raghthá ar chóstaí na hÉireann go dteag-
mhóch' botha snámh leat, scata leanbhaí ag baint
gainimhe le sluaiste bata, tighthe iostais i ndiaidh
a chéile, agus ar a gcúl sin go léir tigh an
bhóthair iarainn.) Acht is gairid go raibh a fhios
aici cá raibh sí — istigh 'sa loch deoracha a shil sí
an fhaid bhí sí naoi dtroighthe ar aoirde.



"Nach orm a bhí an mí-ádh agus an méid sin
a ghol," arsaigh Eibhlís, agus í 'sa snámh thimcheall
d'iarraidh teacht amach. "Díolfa mé as anois,"
ar sí sin, "báthfar mé im' dheoracha féin, agus
nach ait a fheuchfaidh sé gan dabht. Acht, tá gach
aon rud ait indiu, dar ndóigh."



D'airigh sí rud éigin a' lapadáil 'sa loch
gairid dí agus snámhaigh sí níos giorra dhó
feuchaint cad a bhí ann; shíl sí a' cheud uair
gur míol mór nó capall farraige bhí taoibh léi,
acht annsin nuair a chuimhnigh sí ná raibh oiread
na fríghde innte féin níorbh' iongnadh léi ná
raibh ann acht luichín a thuit isteach 'sa loch mar
a bhain dí féin.



"Ní fheadar arbh' aon tairbhe dhom," arsaigh
Eibhlís léi féin, "dul chum cainte leis an luichín
so. Tá gach aon rud chomh neamh-choitchionta sin


L. 19


annso thíos nárbh' iongnadh liom dá mbeadh caint
aici. In aon tslighe ní haon díoghbháil dom
iarracht a bhaint as." Thosnuigh sí: "A luichín,
a chroidhe na páirte, an bhfuil a fhios agat aon
tslighe amach as an loch so. Tá mé cortha ó
bheith ag snámh thimcheall annso, a luichín!" (Shíl
Eibhlís gur mar so badh chóir labhairt le luch;
níor dhein sí a leithéid roimhe sin cheana, acht ba
chuimhin léi go bhfaca sí i leabhar Gramadaighe
le n-a dearbhráthair: "Luch — luiche — do luich -
luch — a luch!") D'fheuch an luch uirre díreach
mar a bheadh sí chum a rádh léi: "Nach fiosrach
athá tú, a chailichín," agus dhún an luichín súil
léi, acht ní dubhairt sí dada.



"Béidir," arsaigh Eibhlís léi féin, "ná tuig-
eann sí Gaedhealg in aon chor; gabhaim-se orm
gur luch ó'n bhFrainnc í a tháinig i leith le
Muintir De La Poer." (Tar éis an méid
stáire go léir bhí ag Eibhlís, ní ró chruinn a bhí
a fhios aici caithin a thuit aon rud amach.) "Où


L. 20


est ma chatte?" arsaigh sí leis an luichín. Sin
é an cheud abairt a fhoghluimigh sí as an leabhar
Frainncíse bhí aici. Thug an luichín léim as a
cabhail 'san uisce agus í go léir ar bhall-crith le
heagla. "Ó, gabhaim párdún agat," arsaigh
Eibhlís go hobann, mar shíl sí go raibh sí tar éis
rud a rádh a ghoill uirre. "Dhearmhad mé go
raibh an ghráin agat ar chait."



"An ghráin agam ar chait, an eadh!" arsaigh
an luch de screuch. "Dá mba thusa mise ní
fheadar an mbeadh an ghráin ar chait agat."



"Béidir ná beadh, mhuise," arsaigh Eibhlís, ag
caint go plámásach léi, "acht ná bíodh aon olc
ort in a thaobh. Do b'fhearr liom ná aon rud
go bhfuighfinn ár gcat-na, Pingcín, a theasbáint
duit: is dóigh liom go dtiocfadh rud agat le
cait dá bhfeiceochthá í sin. 'Sí an caitín beag
is laighche agus is macánta a chonnaic tú id
shaoghal riamh í." Bhí Eibhlís ag rangbháil cainte
léi féin mar so agus í ag snámh ar a marthainn
thimcheall an locha agus an luch ag éisteacht.
"Badh dheas leat feuchaint uirre 'na suidhe cois
na teine agus í ag crónán dí féin, í ag líghe
a lapa beag agus ag nighe a haghaidh — agus, ó,
Badh dheas leat a bheith in a feidhil, agus thá sí
go hiongantach chum luch a mharbhadh — Ó, gabhaim
párdún agat!" arsaigh Eibhlís arís. Bhí an
fionnadh in a sheasamh ar dhrom an luichín, agus
tuig an leanbh bocht nár thaithnigh an chaint sin
léi. "Caithimís uainn é mar sceul nuair ná
taithnigheann sé leat."



"Caithimís uainn é, an eadh!" arsaigh an luch,
agus gach aon phioc di ag crioth siar go dtí a
hiarball "Mise ag caint ar dhaoine dá
leithéidí sin! Bhí an ghráin mharbh riamh ag mo


L. 21


mhuintir-se ar chait — daoine dána, oitire, gan
tabhairt-suas. Ná labhair amach as do bheul arís
liom-sa ar dhaoine mar iad."



"Geallaim duit ná labharfad," arsaigh Eibhlís,
agus deitheanas uirre casadh bhaint as an gcaint.
"An mbeadh — aon mheas — agat ar — ar — ar
mhadraí?" Níor thug an luch aon fhreagra uirre
agus lean Eibhlís ag stealladh léi: "Tá madra
beag deas 'sa tigh is giorra dhúinne 'sa mbaile
agus badh mhaith liom é theasbáint duit. Madra
beag, geal-gháireach a bhfuil clúmh fada, casta,
donn air. Madra beag a bheurfadh chugat gach
aon rud a dheurfá leis agus a sheasóchadh ar a
dhá chois deiridh dhuit; madra a dh'iarrfadh a
dhinneur ort agus gach aon rud eile a bheadh
uaidh — ní bhfuighfinn é léiriughadh dhuit leath a
ndeunfadh sé — is le feirmeoir é, tá a fhios
agat, agus tá sé chomh maith sin adeir sé gur
fiú ceud púnt é! Marbhann sé na franncaigh
go léir dó, adeir sé, agus — ó, tut, tut, tut!"
arsaigh Eibhlís, go cráidhte léi féin, "tá an
tiubaist deunta arís agam!" Bhí an luichín
ag cur dí uaithe chomh mear agus ab' fhéidir léi
ag lapadáil léi tríd an uisce.



Ghlaoidh sí go deas séimhialta as a diaidh.
"A luichín, a chroidhe," ar sí sin, "cas thar n-ais,
agus mo lámh duit ná labharfaimíd ar chait ná
ar mhadraí arís nuair nach áil leat iad." Nuair
d'airigh an luch an méid sin d'iompuigh sí ar a
sáil agus shnámhaigh sí thar n-ais arís chúiche; bhí
a haghaidh chomh bán leis an bhfalla ("le neart
faobhar feirge," arsaigh Eibhlís in a haigne
féin). Bhí critheán in a guth nuair adubhairt sí,
"Buailimís cuan in áit éigin agus inneosfa mé
mo sceul duit, agus tuigfe tú 'dé chúis dom


L. 22


an ghráin mharbh a bheith agam ar chait agus ar
mhadraí."



Bhí sé in am bogadh mar bhí an loch go léir
láimh le bheith lán de éin agus de ainmhidhigh eile
bhí tar éis tuitim isteach ann: bhí cearca fraoich
agus turcatha, eala agus gobadáin, agus rudaí
níos aite ná a chéile ann. Do bhí Eibhlís in a
fear stiúir orra, agus lean an chuid eile go
léir í gur bhuaileadar cuan agus gur thángadar
i dtír.


L. 23


CAIBIDIL A III



RÁS AN CHEARCAILL AGUS SCEUL FADA



B'ait ar fad an dream iad le feuchaint orra
nuair a bhailigheadar isteach i dteannta a chéile
ar an bport — na héin agus a gcleití agus a
sciatháin ar sileadh leo, na hainmhidhigh eile agus
an fionnadh buailte isteach in aon scraith fhliuch
amháin orra, iad go léir is na seacht silte, iad
go neamothach agus croth na haingcise orra.



Is é an cheud rud, dar ndóigh, bhí ag deunamh
buadhartha dhóibh acht conus a thirimeochaidís iad
féin; bhí gach aoinne aca ag caint agus ag
comhrádh air seo, agus níor dhóigh leat ar Eibhlís
nach amhlaidh bhí a saoghal caithte aici in a measc,
dhein sí chomh dána sin orra. Ba ghairid gur
éirigh idir í féin agus an gobadán agus chrom-
adar ag suidheamhain ar a chéile: "Nach sine
mise ná tu," arsaigh an gobadán, "agus nach
fearr atá a fhios agam é." Níor leig Eibhlís
leis é, agus dubhairt sí ná stríocfadh sí dhó
maran inneosfadh sé dhí cadé an aois bhí aige,
agus nuair ná inneosfadh d'éirigheadar as in
ainm Dé.



Bhain sé le deallramh gur duine údarásach
an luch in a measc. "Suidheadh gach aon mhac
máthar agaibh síos," ar sí sin, "agus éistigheadh
sé liom-sa agus geallaim díbh gur gairid a
bhead-sa 'on bhúr dtirimiughadh!" Do shuidh-
eadar go léir síos gan stad, an luch istigh in


L. 24


a lár agus an chuid eile in a suidhe thimcheall.
Bhí Eibhlís ag cur na súl isteach tríthe, mar bhí
sí deimhinightheach de go mbuailfeadh slaghdán í
maran éireochadh léi í féin a thirimiughadh go
hobann.



"Is eadh!" arsaigh an luch go húdarásach,
"bhfuil gach aoinne i gcóir? Seo é an rud
is "tiorma" dá bhfacas-sa lem' linn; leagadh
duine éigin agaibh gloine fíor-uisce annso im'
fhiadhnaise. Táim buidheach díot — deunfaidh sin!
Ciúineas oraibh anois, má's é bhúr dtoil é!
Uilliam na mBuaidh, an fear sin a raibh beannacha
an Phápa aige ar a chuid gnótha, ní raibh sé i
bhfad gur ghéilleadar Sasnaigh dó, mar bhíodar
gan treoruighthe agus bhíodar i dtaithighe géilleadh
do lucht ceannais agus gabhála. Do ghéill
Eidbhin agus Morcar, Iarlaí Mercia agus Nor-
tumbria, dhó …"



"Priot!" arsaigh an gobadán, agus é ar
crioth leis an bhfuacht.



"Gabhaim párdún agat, a dhuine chóir," arsaigh
an luch go séimhialta (acht mar sin féin a theas-
báin sí nár thaithnigh léi go mbeadh aoinne ag
cur isteach uirre). "Ar labhair tú?"



"Níor labharas-sa," arsaigh an gobadán go
hobann.



"Ó, shíl mé gur labhair tú," arsaigh an luch.
"Leanfa mé orm mar sin — do ghéill Eidbhin
agus Morcar, Iarlaí Mercia agus Nortumbria,
dhó; agus dá mba é Stigand féin é .i. Árd
Easbog tír-ghrádhach Ceanntarburgh, chuaidh sé le
Edgar Aitling chum teagmháil le Uilliam agus
an choróinn a fhuláramh do. I dtosach na haimsire
ba fhuiris go leor réidhchan le Uilliam, acht ba
dheacair agus ba ró dheacair agus ba ró ró


L. 25


dheacair seacht n-uaire réidhchan leis na Nor-
mánaigh …"



"Conus atá an saoghal ag éirighe leat, a
chuid den tsaoghal?" arsaigh sí le hEibhlís.



"Táim chomh fliuch agus a bí mé riamh," arsaigh
Eibhlís, go dubhsmánta, "agus ní beag sin. Ní
dóigh liom go bhfuil do sceul ag deunamh pioc
amháin tirimighthe orm."



"Má's mar sin atá an sceul," arsaigh an
gobadán, ag éirighe in a sheasamh, "iarraim-se
oraibh glacadh leis an gcomhairle seo agam-sa
.i. go gcuirfí an sceul ar ath-lá agus go mbain-
fimís iarracht feidhmeamhail, gasta, fáidheamhail,
fórsamhail, láidir, glic, as chuma éigin eile chum
sinn féin a thirimiughadh."



"Labhair go réidh, le hanamainn do mharbh,"
arsaigh an chearc, "cá bhfios dúinne leath a bhfuil
tú ag rádh, agus rud eile ní fheadar an ró mhaith
atá a fhios agat féin é!" agus do chrom sí a
ceann chum ná feicfí fáth an gháire in a beul;
agus na héin eile, d'airigh an chuideachta go léir
ag scithireacht iad.



"Is é an rud a bhíos-sa chum a rádh," arsaigh
an gobadán, "nuair tháinigheadh trasna orm acht
gurb' é an tslighe is fearr do-gheobhaimís sinn
féin a thirimiughadh acht le rás-eugcríochta."



"Cad é rud é rás-eugcríochta?" arsaigh
Eibhlís; ní hamhlaidh gur fios a bhí uaithe, acht
bhí an gobadán in a thost, agus bhraith sí air go
raibh coinne aige go labharfadh duine éigin, agus
thug sí fé ndeara ná raibh fonn cainte ar aoinne.



"Déinimís é," arsaigh an gobadán, "agus
sin é mar is fearr a thuigfe tú é." (Agus
béidir go rithfeadh sé leat féin é dheunamh lá
éigin fuar geimhridh, agus mar sin inneosfa
mé dhuit conus a dhein an gobadán é.)


L. 26


Dhein sé sórt cearcaill an cheud uair
(dubhairt sé gur chuma cadé an deunamh bheadh
air); cuireadh an chuideachta go léir in a seasamh
thall agus abhus annso agus annsúd ar feadh
an chúrsa. Ní dubhairt aoinne "a haon, a dó,
a's a trí," ná, "fág an bealach"; acht thosnuigh
gach aoinne nuair ba mhaith leis agus stad sé
nuair ba mhaith leis. Badh dheacair a rádh caithin
bheadh an rás críochnuighthe.



Nuair bhíodar thimcheall leath-uair a chluig ag
gabháil dó mar sin, agus nuair bhíodar go léir
chomh tirim agus a bhíodar riamh ghlaoidh an
gobadán amach i gcomh-árd a chinn a's a ghutha:
"Tá an rás críochnuighthe." Rioth gach aoinne
isteach thimcheall air, agus a dteanga amuigh aca
agus iad á fhiafhruighe, "Cia ghaibh, cia ghaibh?"



Ní bhfuair an gobadán freagra a thabhairt ar
an gceist sin gan mórán meabhrughadh agus
maranna. Bhí sé in a sheasamh annsin ar feadh
i bhfad agus a mheur leagtha ar a eudan aige
(ar an bhfuitinn ceudna a's a chíonn tú Fionán
Mac Coluim insna peictiúirí). Bhí an chuid eile
in a seasamh thimcheall ar feadh na haimsire agus
gan giug asta. I ndeireadh thiar thall tháinig a
chaint dó agus adubhairt sé, "Tá an buaidh ag
gach aoinne agus caithfidh gach aoinne duais
d'fhagháil."



"Acht cé thabharfaidh amach na duaiseanna?"
arsaigh gach aoinne d'aon ghuth.



"An bhean uasal, dar ndóigh," arsaigh an
gobadán, ag tagairt d'Eibhlís, agus bhailigh gach
aoinne thimcheall uirre agus iad go léir ag caint
in aon dhiúra-dheabhra amháin agus ag glaodhach
amach. "Duaiseanna! duaiseanna!"



Ní raibh a fhios ag Eibhlís sa domhan bhraonach


L. 27


cad a dheunfadh sí, acht chuir sí a lámh síos in a
póca, agus ba é ba sheansamhla ar domhan é
tharraing sí amach bosca milseáin chasachtaighe (bhí
an t-ádh leo nár tháinig uisce
na sáile orra), agus roinn
sí orra iad mar dhuaiseanna.
Ní raibh ann díreach acht ceann
an duine dhóibh.



"Acht caithfe sí duais
a thógaint í féin," arsaigh
an luch.



"Ó, caithfidh, dar ndóigh,"
arsaigh an gobadán; "cad
eile tá id' phóca agat?"
arsaigh sé sin, ag iompó ar
Eibhlís.



"Ní fhuil dada go
Dia eile agam," ars-
aigh Eibhlís go brónach,
"acht meuracán."



"Sín amach annso
chugam é," arsaigh an
gobadán.



Bhailigheadar go
léir isteach thimcheall
uirre arís an fhaid a's
do bhí an gobadán go


L. 28


cúramach ag bronnadh an mheuracáin uirre, agus á
rádh, "Iarraimíd ort ón ár gcroidhe amach an
meuracán áluinn seo a ghlacadh uainn." Nuair
bhí deireadh leis an méid sin caint aige, "Tar
slán, tar slán," ar siad sin go léir.



Searbhas bhí ag Eibhlís ar an ngnó ar fad,
acht d'fheuchadar go léir chomh mór sin i ndáiríribh
ná leigfeadh eagla dhí cromadh ag gáire, agus
nuair ná fuighfeadh sí cuimhneamh ar aon rud a
rádh, d'úmhlaigh sí dhóibh agus ghlac sí an meuracán
ag leigint uirre a bheith chomh dáiríribh agus ab'
fhéidir léi.



An cheud rud eile bhí le deunamh anois acht
na milseáin casachtaighe d'ithe; eachtradh an
cibeal bhí aca dá dheunamh sin. Dubhairt na
héin mhóra ná fuighfidís iad a bhlas agus bhí na
héin bheaga dá dtachtadh aca 'sa tslighe gur
caitheadh iad a bhualadh 'sa drom. Cuireadh
deireadh leis an ngnó pé sceul é, agus chonn-
laigheadar go léir thimcheall ar an luch arís agus
chuadar in athchuinghe uirre roinnt eile d'innsint
dóibh.



"Gheall tú dhom go inneosfá cúrsaí do
bheatha dhom," arsaigh Eibhlís léi, "agus cadé
an chúis a raibh an ghráin mharbh agat ar — Ch. agus
ar Mh." Dubhairt sí an méid seo i gcogar léi,
mar bhí sórt eagla uirre go gcuirfeadh sí olc
arís uirre.



"Sceul fada, brónach, mo sceul-sa," arsaigh
an luch, ag iompó ar Eibhlís agus ag cur osnadh
aiste.



"Sceul, sceul, iarball ar eun," arsaigh
Eibhlís, agus chrom sí ag cuimhneamh ar na
sceulta fiannuigheachta agus eachtraí Fhinn Mhic
Cumhail d'airigh sí 'sa mbaile ar a teinteán féin


L. 29


ó rugadh í. Chuimhnigh sí ar "Oidhe Chloinne Lir,"
agus ar "Oidhe Chloinne Uisnigh," ar "Eachtradh
Dhéirdre," agus ar oidhe agus eachtraí eile nach
iad feuchaint an mb'fhéidir go mbeadh aon bhreith
ag aon sceul díobh ar sceul an luichín.



"Ní fhuil tú ag éisteacht liom," arsaigh an
luichín go crosta le hEiblís. "Cad air atá
tú ag cuimhneamh?"



"Ó, gabhaim párdún agat, a dhuine uasail,"
arsaigh Eibhlís go sár-íseal, "bhí tú ag an
cúigeamhadh casadh, ná rabhais?"



"Thugais t'éitheach, ní rabhas," arsaigh an luch.



"Má thugas, tugtar thar n-ais dom é,"
arsaigh Eibhlís, "béidir nach beag a bhfuil tabhartha
uaim agam in aon lá amháin agus gan an rud
is túisce chugam a thabhairt uaim."



"Caith uait do chuid ráiméise," arsaigh an
luch, "ní fhuil tú acht ag stealladh mhagadh fúm;
tá tú ag tabhairt tarcuisne dhom," ar sí sin,
ag imtheacht léi.



"Ó, Dia linn a's Muire," arsaigh Eibhlís,
"i bhfad uainn an t-olc agus an t-amhgar, ní
har an intinn sin bhí mé, acht tá a fhios agat
gur fuiris olc a chur ort."



Níor dhein an luch acht ualfairt a chur aiste.



"Cas thar n-ais, má's é do thoil é, agus
cuir deireadh led' sceul," arsaigh Eibhlís.



Ghlaodhadar go léir d'aon ghuth uirre — acht
níor dhein sí acht crothadh a bhaint as a ceann go
neamh-fhoidhneach agus cur dí níos mire.



"Nach é an feall ná fanfadh sí," arsaigh an
fiolar, ag cur osnadh as nuair d'imthigh sí as a
radharc. "Is eadh, anois, a inghean óigh!"
arsaigh sean-phortán le hinghin dí a bhí taoibh léi,
"sin ceacht agat gan leigint don bhfeirg


L. 30


buadhchain ort." "Dún do bheul, a mham,"
arsaigh an portán óg, "dar ndóigh, ní bhfuighfeadh
an t-oisire féin cur suas leat-sa!"



"B'fhearr liom ná aon rud," arsaigh Eibhlís
léi féin (acht árd go leor go n-aireofaí í), "go
mbeadh Pingcín seo againne annso in ár measc,
b'fhearr sin; is í a bheurfadh thar n-ais an luch
úd, agus gan a bheith i bhfad ar a thí acht an
oiread."



"Agus cé hí Pingcín, dála an scéil?"
arsaigh an fiolar, "maran misde dhom a
fhiafhraighe."



Thug Eibhlís freagra air gan stad, mar bhíodh
áthas uirre i gcomhnuidhe a bheith ag caint i dtaobh
a peata beag féin.



"Pingcín, ár gcat-na; ní fhuil aon rud le
buadhchain uirre chum breith ar luch. Badh mhaith
liom dá bhfeiceothá í ag fiadhach na n-eun. Bheadh
beirthe aici ar aon cheann aca an fhaid bheifeá
ag feuchaint thimcheall ort."



Bhain an chaint so preab as an gcuideachtain.
Chuir cuid de na héin díobh gan a thuille moille;
agus sean-mheag a bhí ann chrom sé ag dúnadh
chuige isteach a dhá sciathán chomh baileach agus
ab' fhéidir leis: "Tá sé in am domhsa a bheith
ag cur peútar díom, ní réidheann aer na hoidhche
lem' scórnach." Do ghlaoidh an canáire amach
ar a chlainn féin agus theasbáin a chaint go raibh
sé go heaglach: "Tagaidh abhaile, a chlann ó,
tá sé in am agaibh a bheith in bhúr gcodladh!"
D'imthigh gach aoinne aca chum siubhail mar sin
in a nduine agus in a nduine — gach duine aca
agus a leath-sceul féin aige. Ba ghairid gur
fágadh Eibhlís léi féin.



"Ó, mhuise, b'fhearr liom ná aon rud ná


L. 31


tarraingeochainn chugam Pingcín arís," arsaigh
sí léi féin, "ní theastuigheann ó aoinne ar an
taobh so de dhúthaigh aon rud a aireachtain in a
taobh, agus feuch orm-sa gur dóigh liom gurb' í
an caitín is fearr sa domhan í. Ó, Phingcín, a
chroidhe! ní fheadar an bhfeiceo' mé go deo arís
tú"; agus thosnuigh an leanbh bocht ag gol go
fuidheach arís. Bhí a croidhe ag imtheacht uaithe,
agus bhraith sí í féin an-uaigneach. Ba ghairid
gur airigh sí an lapadáil bheag arís ag teacht
d'iarracht uirre. Shíl sí gurb' í an luch bhí ag
casadh chum deireadh chur le n-a sceul, gur
tháinig sí ar ath-smaoineamh.


L. 32


CAIBIDIL A IV



TADHG 'SA SIMNÉ



An Coinín Gléigeal bhí ag sodar thar n-ais
arís, agus é ag feuchaint thimcheall air ar gach
aon taobh mar a bheadh sé ag lorg rud éigin
a chaill sé. Bhí sé ag caint leis féin: "An
bhaintighearna! an bhaintighearna!" adeireadh sé.
"Dar so agus súd, agus dar an lapa so orm!
Dar m'fhionnadh, agus mo chuid feusóige!
crochfaidh sí mé chomh siúrálta agus atá iarball
ar mhadra! Cár thuit sé uaim ní fheadar?"
Thomhas Eibhlís ar a' nómant gur ag lorg an
ghaothacháin agus na mitíní bána de chroiceann
mionáin bhí sé, agus chrom sí dá lorg, acht ní
raibh teidheal díobh in aon áit — bhí athrughadh tar
éis teacht ar gach aon rud ó bhí sí ag snámh i
linn na ndeor, agus bhí an halla mór agus an
bórd gloine agus an duirisín beag imthighthe
gan a dtuairisc.



Is gairid go bhfaca an Coinín Eibhlís agus
í ag rioth thimcheall in gach aon áit. "Is eadh,
a Mháire Anna, cad a thug annso anuas tú?
Rioth leat abhaile go mear agus tabhair chugam
peidhre mitíní agus gaothachán! Ná bí i bhfad
ar a thí anois!" Agus bhí an oiread sin eagla
ar Eibhlís gur chuir sí dhí chomh mear agus ab'
fhéidir léi 'sa tslighe d'órduigheadh dí gan aon
iarracht do dheunamh ar a chur in iúil don
Choinín an dearmhad bhí deunta aige.



"Shíl sé gur mé a chailín aimsire féin,"


L. 33


arsaigh sí léi féin, agus í ag cur dí. "Nach
ait bheidh an sceul aige nuair a bheidh a fhios aige
cé hé mé! Is fearr dhom na mitíní agus an
gaothachán a bhreith chuige, pé sceul é — sin é
má éirigheann liom iad d'fhagháil." Cad a
bhuailfeadh léi ná tigh beag neuta agus pláta
beag práis leath is amuigh ar lár an duiris agus
na focail seo, "M. Ó COINÍN," grafaighthe
air. Isteach léi, gan bualadh ag an dorus ná
aon rud, agus anáirde staidhre agus eagla a
croidhe uirre go mbuailfeadh an Máire Anna
cheart léi agus go gcuirfí scrios amach an
dorus léi fé bhfuighfeadh sí na mitíní agus na
córacha eile bhí uaithe.



"Nach ait an rud domhsa a bheith ag deunamh
teachtaireachtaí do choinín!" arsaigh Eibhlís léi
féin. "Is é an cheud rud eile acht go mbeidh
mé ag dul ag teachtaireacht do Phingcín!"
Agus chrom sí ag cuimhneamh in a haigne féin
conus a bheadh an sceul aici: ""A Eibhlís, a
chailín, tar annso gan stad agus cuir tú féin
i gcóir chum teacht ag siubhal!" "Ar an
nómant, a bhanaltra, acht caithfe mé fuireach
annso go gcasfaidh Pingcín. Dubhairt sé liom
gan an luch a leigint amach as an bpoll so go
gcasfadh sé." Acht is baoghal liom gur gairid
a choimeádfaí Pingcín fé mhúraibh an tighe dá
mbeadh sé ag tabhairt órduighthe mar seo do
dhaoine."



Díreach glan agus ag caint mar seo léi
féin cad a bhuailfeadh léi ná seomra beag
neuta agus búirdín beag leagtha in áirde ar
an bhfuinneoig, agus (dá mba dhóichighe ar domhan
é) bhí gaothachán agus cúpla peidhre nó trí de
mhitíní croiceann mionáin ar an mbórd. Thóg


L. 34


sí an gaothachán agus peidhre de na mitíní,
agus díreach agus í chum an seomra d'fhágaint
cad air a leagfadh sí a súil acht ar bhuidéilín
beag bhí 'na sheasamh gairid don scaothán. Ní
raibh aon chomharthaí sórt ag gabháil leis an
mbuidéilín seo ná ní raibh na focail "ÓL MÉ"
scríobhtha leath is amuigh air, acht mar sin féin
bhain sí an corc as agus chuir sí chum a Béil é.
"Tá a fhios agam go maith anois go mbaineann
rud éigin iongantach dom gach aon uair a ithim
nó a ólaim aon rud," arsaigh Eibhlís léi féin;
"is eadh, má is eadh, beidh a fhios agam cad a
dheunfaidh an buideul so liom. B'fhearr liom
ná aon rud go gcuirfeadh sé toirt éigin arís
ionnam; táim ag éirighe tuirseach ó bheith chomh
beag so."



Agus marar chuir an buideul i meud í ní
lá fós é, agus níos mire ná mar bhí coinne aici
leis; fé raibh leath an bhuidéilín diúgtha aici bhí
a ceann ináirde go dtí an síleáil agus
muireach chomh luath agus do chaith sí uaithe é bhí
a muineul cnagtha. "Is leor san," arsa sí
léi féin, "tá coinne agam ná fásfa mé a
thuille; ní bheidh mé ábalta ar dhul amach 'sa
dorus cheana féin — nach orm a bhí an mí-ádh
agus an oiread sin de d'ól."



Obhoch! mo chreach! ba mhairg dí nár chuimhnigh
sí uirre féin níos túisce! Bhí sí ag fás agus
ag fás gur chaith sí dul ar a glúine síos ar an
úrlár; agus 'sa cheud nómant eile ní raibh
slighe aici mar sin féin. Chuir sí uillean léi
i gcoinne an duiris agus chas sí an geug eile
léi thimcheall ar a ceann; acht Ba mhar a chéile
é, bhí sí ag fás i gcomhnuidhe. Acht i ndeireadh
na dála rop sí lámh léi amach 'sa bhfuinneoig


L. 36


agus cos léi suas 'sa simné; "maran dtabhar-
faidh an méid sin aon fhuasgailt dom," arsa
sí léi féin, "táim tabhartha. Ní fios cadé an
deireadh bheidh orm."



Bhí an t-ádh léi gur rángaidh deireadh le
draoidheacht an bhuidéilín níor mheudaigh sí a
thuille, acht do dhuibh agus do theann uirre
mar ní raibh aon fhagháil aici teacht amach as an
seomra. Níorbh' iongnadh go raibh sí cráidhte
'na haigne.



"Ba dheise go mór bhí an sceul agam 'sa
mbaile, nuair ná bínn ag dul i meud agus ag
dul i luighead mar seo, agus nuair ná bíodh
sé orm toradh thabhairt ar lucha ná ar choiníní.
B'fhearr dhom ná leanfainn riamh an coinín sin
síos 'sa pholl — mar sin féin is iongantach an
saghas saoghail atá agam. Ní fheadar 'sa domhan
bhraonach cad is cor dom. Nuair a bhínn-se ag
léigheamh sceulta i dtaobh na "ndaoine maithe"
badh dhóigh liom nárbh fhéidir a leithéid de rudaí
bheith amhlaidh in aon chor, acht feuch orm féin
anois agus na rudaí is iongantaighe 'sa domhan
ag tuitim amach orm. Ba cheart go ndeunfaí
leabhar orm, ba cheart sin. Nuair a fhásfa mé
suas im' bhean scríobhfa mé féin leabhar — acht,
dar ndóigh, nach an iomarca fáis atá fúm anois
- bheadh an mí-ádh ceart orm dá bhfásfainn a
thuille, annso, pé sceul é.



"Acht, mo dhearmhad, ní fheadar an ragha mé
in aois a thuille? Ba dheas é sin in slighe -
gan a bheith im' shean-bhean go deo — acht in slighe
eile bheadh an mí-ádh orm — bheadh ceachta le
foghluim agam go deo. Níorbh' mhaith liom sin!



"Ó, a dhuine gan chiall!" arsaigh Eibhlís léi
féin (ag teacht ar ath-smaoineamh), "conus is


L. 37


féidir leat ceachta d'fhoghluim istigh annso?
Dar ndóigh, ní fhuil slighe dhuit féin ann, ní
áirighim dod' leabhartha."



Lean sí uirre ag ráiméis mar sin léi féin
gur airigh sí guth leath is amuigh, agus chuir sí
cluas uirre féin.



"A Mháire Anna! A Mháire Anna!" arsaigh
an ghuth, "tabhair amach mo mhitíní chugam gan
stad!" Annsin d'airigh sí lapadáil bheag ar
an staidhre. Bhí a fhios ag Eibhlís gurb' é an
Coinín bhí ag teacht dá lorg, agus chrioth sí ó
bhonn go bathas, agus chrioth sí an tigh le neart
faobhar eagla roimh an Choinín agus í míle uair,
í féin, níos mó agus níos láidre ná é. Níor
cheart go mbeadh aon chúrsaí eagla aici roimhe.



Tháinig an Coinín go dtí an dorus agus shíl
sé é chur isteach, acht níor fheud sé, mar bhí
uillean Eibhlís go daingean leath istigh leis.
D'airigh Eibhlís é dá rádh leis féin go raghadh
sé thimcheall agus go raghadh sé isteach 'sa
bhfuinneoig.



"Ar bhfallaing féin ná ragha tú," arsaigh
Eibhlís léi féin, agus d'fhan sí gur airigh sí an
Coinín fén bhfuinneoig agus leath sí amach a
ladhar chum breith air, mar a shíl sí. Ní bhfuair
sí greim ar aon rud, acht d'airigh sí cnead agus
tuitim agus briseadh gloine, agus chreid sí
gur amhlaidh bhí sé tar éis tuitim isteach i mbosca
gloine.



Annsin d'airigh sí an ghuth go feargach — guth
an Choinín — ag glaodhach amach: "A Phádraig!
A Phádraig! Cá bhfuil tú?" Agus annsin
d'airigh sí guth nár airigh sí roimhe sin dá
fhreagairt: "Dar ndóigh mhuise! táim annso,
ag baint ubhal, má is é toil t'onóra uasail é."


L. 38


"Ag baint ubhal, an eadh?" arsaigh an
Coinín, go feargach. "Le hanamainn do mharbh
tar annso go mear agus fuascail orm."
(D'airigh Eibhlís fothram mar bheadh gloiní ag
briseadh arís.)



"Innis dom, a Phádraig, cadé an rud é
sin 'sa bhfuinneoig?"



"Geug é sin, dar ndóigh, a Mháighistir."



"Geug!!! a phleidhce amadáin! Dar ndóigh,
ní fhaca Críostuidhe riamh geug chomh mór léis
sin. Ná feiceann tú go bhfuil lán na fuinneoige
ann!"



"Tá, lán na fuinneoige ann, mhuise, a
Mháighistir; mar sin féin geug is eadh é."



"Ní fhuil aon ghnó aici annsin pé sceul é:
teighre, agus caith as í an nómant so!"



Bhí gach aon rud go ciúin ar feadh scaithimh
in a dhiaidh sin, agus níor airigh Eibhlís acht
cogar anois agus arís mar seo: "Ní maith
liom é dheunamh, a chuigint ná in aon chor, a
Mháighistir!" "Déin mar adeir mé leat, a
shuarthamáin lag-chroidheach!" 'Sa deireadh chuir
Eibhlís a lámh amach arís agus thug sí snab eile
feuchaint an rángóchadh dí breith ar aon rud.
Chuir rud éigin gnígheala as, agus d'airigh sí na
gloiní dá mbriseadh arís. "Nach fairsing tá
na boscaí gloine aca," arsaigh Eibhlís léi féin.
"Ní fheadar fén domhan cadé an cheud rud
eile dheunfaidh siad! Níorbh' fhearr liom rud a
dheunfaidís ná mé a stracadh amach as so! Is
beag a fhonn atá orm fuireach ann níos sia!"



Bhí gach aon rud ciúin annsin arís ar feadh
scaithimh eile gur airigheadh fothram mar bheadh
ag rotha cairte agus daoine ag siosma agus
ag caint le n-a chéile. Thuig Eibhlís an chaint;


L. 40


"Cá bhfuil an dréimire eile? — Dar ndóigh, ní
raibh acht ceann agam-sa le tabhairt liom; tá
an ceann eile ag Tadhg. — A Thaidhg! beir chugam
annso í, a dhearbhráthair! 'Seadh, leag suas
annso i gcoinne an chúinne seo iad — Ná déin.
- Ceangail in a chéile an cheud uair iad. — Ní
shroicheann siad suas leath na slighe in aon chor
fós. — Dheire! deunfa siad an gnó go maith
mar atá siad. — Nach cuma dhuit 'sa tiubaist. -
Seo, a Thaidhg, beir ar an teud so; teann an
phíc, a Mhaidhe! — Ní fheadar an dtabharfaidh ceann
an tighe orainn. — Feuch amach don tslinn sin,
tá sí bog; ó, an diabhal mé, go bhfuil sí ag
tuitim! — Feuch amach d'bhúr gcloigeann annsin
thíos" (do-righneadh smidiríní dí ar an talamh).
- "Feuch anois! Cé dhéin é sin? Cé dheunfadh
é acht Tadhg. — Cé raghaidh síos sa simné? Ní
raghad-sa pé sceul é! Teighre féin ann!
Ar mhalainn féin ná raghad, dob' fhearr liom
breall ort! Tadhg atá le dul síos. — Seo, a
Thaidhg, deir an máighistir go gcaithfe tusa dul
síos 'sa simné!"



"Agus caithfidh Tadhg dul síos 'sa simné,"
arsaigh Eibhlís léi féin. "Tá an riabhach 's a
mháthair 'sa mhullaigh ar Thadhg! Ní bheinn in áit
Thaidhg ar ór na Mumhan! Tá an teinteán so
roinnt cumhang, acht mar sin féin is dóigh liom
go n-éireoch' liom speach a chaitheamh!"



Tharraing sí chúiche a cos, anuas as an simné,
chomh fada agus do fheud sí, agus do choimeád
sí mar sin í gur airigh sí ainmhidhe beag éigin
(ní bhfuighfeadh sí a dheunamh amach cadé an sórt
é) ag scríobadh agus ag lapadáil ar fuaid an
tsimné rud beag suas uaithe. "Seo chugainn
Tadhg do réir deallramh," arsaigh Eibhlís léi


L. 41


féin, agus le n-a linn sin chaith sí speach bheag
agus chuir sí cluas uirre féin feuchaint cadé
an cheud rud eile d'aireoch' sí.



D'airigh sí iad go léir d'aon ghuth ag glaodhach
amach: "Feuch Tadhg! Sin é Tadhg in áirde
san aer!" Agus d'airigh sí an Coinín ag
glaodhach in aoirde a chinn agus a ghutha:
"Beiridh air, sibhse tá annsin cois an chlaidhe."
Bhí gach aon rud ciúin annsin ar feadh scaithimhín
acht ba ghairid gur éirigh an gheoin cainte arís:
"Coimeád siar a cheann. — Cá bhfuil an braindí?
- Ná tachtaidh é. — Is eadh, a dhuine bhoicht,
chonnaic tú Murchadh! — Cad a bhain duit in aon
chor? Innis dúinn cad ba chor duit?"



I ndeireadh na scríbe d'airigh sí gnigheala
beag lag ("Sin é Tadhg," arsaigh Eibhlís léi
féin) á rádh: "Bheil, is ar éigin atá a fhios
bheidh a thuille agam anois, go raibh
maith agaibh. — Táim roinnt níos fearr anois. -
Acht táim rud beag ró chorruighthe chum a innsint
díbh — acht an méid seo dhe, go bhfuil a fhios
agam gur bhuail rud éigin thiar ar bun na
droma mé a chuir in áirde is na feilimintíbh
mé!"



"Chuir, a dhuine bhoicht," arsa siad go léir.



"Caithfear an tigh a dhóghadh," arsaigh an
Coinín.



"Dar mise, mhuise," arsaigh Eibhlís, "má
dhéintear go gcuirfead-sa Pingcín 'sa mullaigh
oraibh."



Níor bheag sin; níor fhan focal aca. "Ní
fheadar cad a dheunfaidh siad anois," arsaigh
Eibhlís léi féin. "Dá mbeadh ciall aca bhain-
fidís an ceann den tigh." I gceann tamaillín
eile thosnuigheadar ag siubhal thimcheall agus ag


L. 42


caint arís. "Deunfaidh lán-barra an gnó den
cheud iarracht," arsaigh an Coinín.



"Lán-barra de cadé?" arsaigh Eibhlís léi
féin. Acht is gairid a bhí sí gan a fhios aici,
mar díreach fé raibh an focal as a beul aici
tháinig mar a bheadh cioth gairbhéil ag clagarnaigh
isteach 'sa bhfuinneoig, agus bhuail cuid aca
isteach san aghaidh uirre. "Cuirfead-sa deireadh
leis an obair seo," arsaigh sí léi féin. Do
labhair sí annsin chomh árd is ab' fhéidir léi:
"Caithidh uaibh," arsaigh sí sin, agus geallaim
duit gur chuadar i gciúineas arís.



Bhí áthas agus iongantas ar Eibhlís nuair
thug sí fé ndeara go raibh cácaí beaga dá
ndeunamh den ghairbheul do réir mar bhíodar ag
tuitim ar an úrlár. Chuimhnigh sí ar an nómant
go mbéidir dá n-íosfadh sí iad go raghadh sí i
luighead arís. "Ní fhuil aon fhagháil agam,"
ar sí sin, "dul i meud a thuille, agus má tá
sé de bhuaidh aca aon athrughadh a dheunamh orm
is i luighead a ragha mé gan aon agó."



D'ith sí ceann aca agus d'éirigh a croidhe
nuair a chonnaic sí gur thosnuigh sí ag dul i
luighead ar an nómant dearg. Chomh luath a's
do bhí sí beag go leor chum í féin a tharraing
amach tríd an dorus rioth sí ar éigin amach as
an tigh, agus cad a bheadh acht scata mór
ainmhidhigh bheaga agus eunlatha in gach aon áit
thimcheall leath is amuigh. Bhí an t-arcluachra
beag (ba shin é Tadhg) in a sheasamh istigh in a
lár agus dhá bhainimhín muice dá choimeád in a
sheasamh istigh eatorra agus iad ag tabhairt
braoinín beag as bhuideul dó anois agus arís.
Riothadar go léir chum Eibhlís chomh luath agus
chonnacadar í, acht theich sí uatha chomh mear agus


L. 43


bhí in a cosa, agus isteach léi i gcoill i bhfolach
uatha.



"Is é an cheud rud ná a chéile tá le deunamh
anois agam," ar sí sin léi féin agus í ag
siubhal ar fuaid na coille, "acht dul i meud
go mbeidh mé im' mheud féin arís, agus an
dara rud ná mo shlighe a dheunamh isteach 'sa
ngáirdín áluinn úd. Sin é an rud is fearr
dhom anois."



Bhí a caint ráidhte aici, acht conus a thabharfadh
sí fé? conus thosnóch' sí? An fhaid bhí sí ag
deunamh a maranna mar seo agus í ag glin-
neamhaint amach tré na crannaibh d'airigh sí an
sceamh beag geur in áirde ós a ceann agus
d'fheuch sí suas.



Bhí coileán mór, bolg-shúileach, ag feuchaint
anuas uirre agus a lapa sínte amach aige
d'iarraidh é chimilt dí. "Mhuise, a chreutúirín
bhocht!" arsaigh Eibhlís, d'iarraidh é bhladradh,
agus dhein sí iarracht ar fead a leigint air;
bhí uathbhás uirre ar eagla go mb'fhéidir go
mbeadh ocras air, agus dá dtuitfeadh amach go
mbeadh, dar ndóigh d'íosfadh sé í d'aimhdheoin a
cuid bladradh.



Ní maith bhí a fhios aici cad bhí sí dheunamh.
Thóg sí cipín beag in a láimh agus chuir sí suas
fé chaincín an choileáinín é. Bheil! a dhuine,
d'éirigh sé dhe léim as a chabhail in áirde 'san
aer agus leig sé sceamh as le neart faobhar
áthais, agus seo chum an chipín é agus é ag
leigint air a bheith ag imirt leis. Chuaidh Eibhlís
ar scáth feochadáin bhí taoibh léi ar eagla go
ndeunfaí easair dí, agus chomh luath agus bhí sí
ar an taobh thiar den fheochadán dhein an coileán
glám eile ar an gcipín agus cuireadh toll thar


L. 44


ceann é den iarracht sin. D'fheuch an sceul
go léir d'Eibhlís chomh uathbhásach agus dá mba
capall é an coileáinín, agus bhí eagla uirre
gach aon nómant go siubhalfaí 'sa mullaigh
uirre, agus bhí sí ag teicheadh uaidh chomh maith
agus do fheud sí thimcheall an fheochadáin. Chrom
an coileáinín ar shlighe eile chum teacht ar an
gcipín dúmas; théigheadh sé siar i ndiaidh a
chúil, agus annsin thugadh sé sidhe-reatha chum
cinn agus é ag sceamhghail ar a dhícheall ar
feadh na haimsire go léir. 'Sa deireadh shuidh
sé síos tamall amach ón chipín agus a theanga
amuigh aige, cortha sáruighthe mar a bhí Bran,
saothar air, agus a dhá shúil mhóra leath-oscailte
aige.


L. 45


Anois an t-am d'Eibhlís teicheadh má bhí sí
chum teicheadh in aon chor. Chuir sí dhí chomh
mear a's bhí innte, agus níor stad sí go raibh
a hanáil imthighthe uaithe agus í cortha traochta.
D'airigh sí sceamh an choileáinín i bhfad ó bhaile.



"Nár chanta an coileáinín é as an mhagadh
sin," arsaigh Eibhlís léi féin, nuair tháinig a
caint dí agus í i bhfolach ar scáth craoibhe an
bhainne-bó-bleacht agus í dá fionnfhuaradh féin
le builleog de. "Ba mhaith liom bheith ag
múineadh cleas dó súd — sin é dá mbéinn mór
go leor chuige! Ó, a chiallach! dóbair dom é
dhearmhad; dar ndóigh, caithfe mé dul i meud
chomh mear agus tá ionnam é! 'Seadh, acht
conus a thabharfa mé fé? Caithfe mé rud éigin
d'ithe nó d'ól — acht cad d'íosfa mé nó cad
d'ólfa mé? Sin í an fhadhb! Sin í an phreap."



D'fheuch Eibhlís thimcheall uirre i ngach aon
áit — ar na luibheannaibh, ar an bhfeur glas,
acht níor rángaidh aon rud léi a dheurfadh sí
dh'oirfeadh d'á gearán. Bhí muisiriún mór ag
fás taoibh léi a bhí díreach thimcheall chomh árd
léi féin; agus nuair bhí sí tar éis feuchaint
fé agus ar gach taobh de chomh maith le taobh
thiar de dubhairt sí léi féin go raibh sé chomh
maith dhí feuchaint cad bhí ar a bharr. Sheasaigh
sí ar bharraí a cos agus d'fheuch sí in áirde
thar chiosa an mhuisiriúin, agus cad a chífeadh sí
ann in a shuidhe in áirde ar a bharr, a dhá láimh
fillte in a chéile aige agus é ag caitheamh a
phíopa dó féin agus gan aon suim aige in Eibhlís
ná in aon rud eile acht piast cabáiste mór gorm.


L. 46


CAIBIDIL A V



COMHAIRLE CNEAMHDÓIGE



D'fheuch an chneamhdóg (tugtar cneamhdóg ar
an bpiast chabáiste) agus Eibhlís ar a chéile ar
feadh tamaill gan an oiread agus focal as
aoinne aca. 'Sa deireadh bhain an chneamhdóg
an píopa as a bheul agus labhair sé léi i nguth
faon-lag codlatach.



"Cé hé tusa?" arsaigh an chneamhdóg.



Ba bhocht an bogadh chum seanchuis a leithéid
seo de cheist a chur. D'fhreagair Eibhlís é go
háimhleasga: "Is ar éigin atá a fhios agam
féin cé hé mé fé láthair, a dhuine uasail — tá
a fhios agam cé arbh'é mé ar maidin nuair
d'éirigh mé, acht is mó cor agus athrughadh a
chuir mé dhíom ó shoin."



"Cadé an bhrígh atá agat leis an gcaint
sin?" arsaigh an chneamhdóg go dána. "Mínigh
dhom brígh do scéil!"



"Ní féidir liom aon mhíniughadh in aon chor
a thabhairt im' thaobh féin duit, a dhuine uasail,"
arsaigh Eibhlís, "tá a fhios agat nach mise mé
féin in aon chor."



"Ní fhuil a fhios agam aon rud dá leithéid,"
arsaigh an chneamhdóg.



"Is baoghal liom," arsaigh Eibhlís go deagh-
bheusach, "nach féidir liom aon solus níos fearr
a thabhairt duit ar mo chúrsaí; ní fhuil solus
agam féin orra, agus is bacach an tosach ar mo
sceul a innsint é sin. Is mór an crádh do
dhuine bheith ag dul i luighead agus ag dul i
meud chomh minic sin."



"Deirim-se nach eadh," arsaigh an chneamhdóg.
"Ó, béidir," arsaigh Eibhlís, "nár thárlaigh


L. 47


mar sin duit-se fós, acht beidh tú id' phiast lá breágh
éigin, agus in a dhiaidh sin beidh tú id' fheilleacán,
agus dheurfainn-se, pé sceul é, ná beidh tú ró
shásta a bheith ag athrughadh chomh minic sin."



"Riabhach pioc caduaic a chuirfidh sé orm,"
arsaigh an chneamhdóg.



"Ó, béidir," arsaigh Eibhlís, "nach í an
nádúir cheudna tá ionainn, acht tá a fhios agam
gur ait liom-sa a leithéid."



"Leat-sa, an eadh," arsaigh an chneamhdóg.
"Cé hé tusa, má's eadh?"



Agus tharraing an cheist sin siar chum tosach
an tseanchuis arís iad. Níor thaithnigh le Eibhlís
an tsnabaireacht so ón chneamhdóig, agus bhain
sí stuir aiste féin agus adubhairt i gcorp
lom dáiríreachta: "Is dóigh liom," ar sí sin,
"gur cheart duit-se a innsint domh-sa cé hé tú
féin i dtosach."



"Cadé a chúis?" arsaigh an chneamhdóg.
Chuir an cheist seo an chaint 'sa mhuilleann
arís orra, agus ós rud é ná fuighfidís réidhchan
le n-a chéile d'iompuigh Eibhlís ar a sáil agus
bhí sí ag imtheacht léi.



"Cas," arsaigh an chneamhdóg, "tá rud éigin
éifeachtamhail agam le rádh leat."



'Seadh, bhí deallramh éigin ar an gcaint sin,
agus chas Eibhlís thar n-ais arís.



"Iomchur tú féin," arsaigh an chneamhdóg.
"Ná raibh le rádh agat liom acht an méid
sin?" arsaigh Eibhlís, agus bhrúigh sí fúithe chomh
maith agus d'fheud sí é.



"Bhí," arsaigh an chneamhdóg. Dubhairt Eibhlís
léi féin go raibh sé chomh maith aici a suaimhneas
a cheapadh agus go mb'fhéidir go inneosadh sé
rud éigin dí ar bhfiú éisteacht leis. Ar feadh


L. 48


roinnt nómantaí tharraing sé leis a phíopa agus
gan aon fhocal cainte aige, acht fé dheireadh
scaoil sé a dhá láimh as a chéile agus bhain sé an
píopa as a bheul agus labhair sé. "Agus is
dóigh leat go bhfuil athrughadh ort?" ar sé sin.


L. 49


"Tá eagla orm go bhfuil," arsaigh Eibhlís,
"ní féidir liom cuimhneamh ar rudaí mar ba
thaitheach liom agus ní fhanaim 'sa meud ná 'sa
riocht ceudna ar feadh aon deich nómantaí!"



"Cad iad na rudaí nach féidir leat
cuimhneamh orra?" arsaigh an chneamhdóg.



"Shíl mé "Fiadhach an Mhadra Ruadh 'sa Rinn"
dó rádh, sin amhrán airighinn ag Uilliam Thaidhg,
agus bhí sé go léir ag dul 'sa mhuilleann orm,"
arsaigh Eibhlís go truaighbhéileach.



"Abair "An té chífeadh an t-iongantas" dom,"
arsaigh an chneamhdóg.



Chuir Eibhlís a dhá láimh taobh thiar dá drom
agus thosnuigh sí: -



"An té chífeadh an t-iongantas chonnaic mise
an lá úd,



Madra-ruadh ar sodar agus diallait ón Spáinn air,
Poc-fiadh ar a mhuin agus é ag imirt ar chláirsigh,
Dubhan-fhalla agus teud aige dá dtarraing thar
sáile.



M'anam-sa an deadaró dilín ó déaró,
M'anam-sa an deadaró dilín ó déaró,
M'anam-sa an deadaró dilín ó déaró,
Bobaró deirim-se agus déinidh rinnce.



An té chífeadh an t-iongantas chonnaic mise
an lá úd,
Cnoc Mhaol Domhn' istigh i mbórd árthaigh,
Baile na Sagart ag ól a sláinte,
Táiliúir i mbeul muice agus é ag scuabadh na
sráide.
M'anam-sa an deadaró dilín ó déaró,
M'anam-sa an deadaró dilín ó déaró,
M'anam-sa an deadaró dilín ó déaró,
Bobaró deirim-se agus déinidh rinnce.


L. 50


An té chífeadh an t-iongantas chonnaic mé i
gcrann geamhaise,
Fionnóg agus cleath aici ag caitheamh le
franncaigh.
Bhí oiread ceann capaill de bhosca ar a ceann
thuas,
A's í ag díol a cuid earraidhe idir Chorcaigh
agus Londuin.



M'anam-sa an deadaró dilín ó déaró,
M'anam-sa an deadaró dilín ó déaró,
M'anam-sa an deadaró dilín ó déaró,
Bobaró deirim-se agus déinidh rinnce."



"Éist do bheul," arsaigh an chneamhdóg, "tá
sé go léir tré n-a chéile agat."



"Is dócha go bhfuil, a dhuine uasail," arsaigh
Eibhlís, go scáthmhar, "is dócha go bhfuil cuid
de na focail bun ós cionn agam."



"Tá gach aon phioc riamh de bun ós cionn
agat, ó thosach go deireadh," arsaigh an chneamh-
dóg. Níor fhan focal aici.



"Abair 'Aighneas an Pheacaidh leis an
mBás,'" arsaigh an chneamhdóg.



"Ní fhuil sé agam," arsaigh Eibhlís.
"Ná "Comhairle na Bárd Scolóige dá Mhac,""
arsaigh an chneamhdóg.



"Ní fhuil, ná sin," arsaigh Eibhlís, "acht
deurfa mé "An Tigh a Thóg Seáinín" duit."



"Obhoch! mo léir tú!" arsaigh an chneamhdóg,
"bheadh sé sin ag an leanbh a rugadh indé geall
leis, acht, seo leat é, má's eadh."



Bhí an dá láimh taobh thiar dá drom i gcomh-
nuidhe agus thosnuigh sí gan a thuille moille:



"Sin é an tigh a thóg Seáinín.



Sin é an coirce garbh a's mín
Do bhí 'sa tigh a thóg Seáinín.


L. 51


Sin é an franncach
D'ith an coirce garbh a's mín
Do bhí 'sa tigh a thóg Seáinín.



Sin é an cat, an seibionach breágh,
Do mharbh an franncach luath 'sa lá
D'ith an coirce garbh a's mín
Do bhí 'sa tigh a thóg Seáinín.



Sin é an madra thíos 'sa ngleann
Rug ar an gcat, an seibionach breágh,
Do mharbh an franncach luath 'sa lá
D'ith an coirce garbh a's mín
Do bhí 'sa tigh a thóg Seáinín.



Sin í an bhó leis an adhairc cham
Do leag an madra síos 'sa ngleann
Rug ar an gcat an seibionach breágh,
Do mharbh an franncach luath 'sa lá
D'ith an coirce garbh a's mín
Do bhí 'sa tigh a thóg Seáinín.



Sin í an cailín deas díomhaoin
Do chrúidh an bhó leis an adhairc cham
Do leag an madra síos 'sa ngleann
Rug ar an gcat, an seibionach breágh,
Do mharbh an franncach luath 'sa lá
D'ith an coirce garbh a's mín
Do bhí 'sa tigh a thóg Seáinín.



Sin é an fear gan mhaith gan mhaoin
Do phóg an cailín deas díomhaoin
Do chrúidh an bhó leis an adhairc cham
Do leag an madra síos 'sa ngleann
Rug ar an gcat, an seibionach breágh,
Do mharbh an franncach luath 'sa lá
D'ith an coirce garbh a's mín
Do bhí 'sa tigh a thóg Seáinín."


L. 52


"Dar ndóigh, ní gábhadh dhuit "paidir
Chapaill" ar fad a dheunamh den sceul," arsaigh
an chneamhdóg.



"Ná cuir amugha air mé," arsaigh Eibhlís.



"Sin é an sagart lán de Laidin
Do phós an fear gan mhaith gan mhaoin
Leis an gcailín deas díomhaoin
Do chrúidh an bhó leis an adhairc cham
Do leag an madra síos 'sa ngleann
Rug ar an gcat, an seibionach breágh,
Do mharbh an franncach luath 'sa lá
D'ith an coirce garbh a's mín
Do bhí 'sa tigh a thóg Seáinín.



Sin é an coileach a ghlaoidh ar maidin
Do dhúisigh an sagart lán de Laidin
Do phós an fear gan mhaith gan mhaoin
Leis an gcailín deas díomhaoin
Do chrúidh an bhó leis an adhairc cham
Do leag an madra síos 'sa ngleann
Rug ar an gcat, an seibionach breágh,
Do mharbh an franncach luath 'sa lá
D'ith an coirce garbh a's mín
Do bhí 'sa tigh a thóg Seáinín."



"'Seadh, tá gaisce mór deunta anois agat,"
arsaigh an chneamhdóg, "do-gheobha tú t'anáil a
tharraing anois agus béidir annsin go ndeurfá,
"Táir in Achrann is na Bliadhanta!""



"'Seadh, deunfa mé mo dhícheall, ar ndóigh,"
arsaigh Eibhlís.



Comh luath agus a fuair sí breith ar a hanáil
seo ar siubhal arís í.


L. 53


"'Táir in achrann is na bliadhanta,' arsaigh
Peaid le n-a Dhaid,



'A's an méid ded' cheann bocht ná fuil maol
tá sé liath.



'Dé chúis duit, má's eadh, bheith ag síor-sheasamh
ar do phlait,



Nó an tonn-taoscadh, nó an treighid é do chiach?'



'Nuair bhíos ag foghluim an cleas im' óige a's
im' aimhleas,'



Arsaigh Daid an Ghrinn ag freagairt a mhic,
'Ba bhaoghal liom dom' mheabhair a's mo chiall
liom ba cheas,
Acht, ní rabhadar ann nach an oiread a's tá 'sa lic.'


L. 54


'Ó, Dia linn, a's cabhair! tá mo Dhaid-se as a
mheabhair,
Feuch an tslighe a thagann sé an dorus isteach.
Conus fén domhan, a's gan tú id' fhiadh ná id'
ghabhar,
Gheobhadh aoinne id' aois-se bheith chomh lán de
theasbach?'



'I dtús mo shaoghail a's m'óige," arsaigh Daid
go ró bhaoth,
'Bhí mé féineach chomh bríoghmhar le beach,
Agus annsin i rioth mo shaoghail nuair a gheibhinn
an chaoi
Chimilinn bálsam agus íce agus gibsol isteach.'


L. 55


'Táir in achrann is na bliadhanta, a chroidhe 'gus
a shearc!
A's ní fhuil do chorrán géill chomh heuscaidh a's
a bhíodh,
Agus ní fheadar-sa 'sa tsaoghal conus d'ithis an
chearc
Idir cnámha agus siothog, crúb, gob agus sciath.'



'Inneosa mise dhuit-se sin, a laoigh ghil, a's a
chuid!
Agus is maith liom go mór gur thugais dom an
chaoi;
Ní raibh buadhchain ar do Mham i mbáirseoracht
ná i dtroid,
Agus tá a rian ar mo chorrán-sa go mbínn ag
gearradh gada léi.'


L. 56


'An le draoidheacht, le diabluigheacht, nó le
clisteacht do chleas
A gheibheann tú an eas-cú sin a choimeád ar do
chaincín?
Géireacht do radharc! ó, ní féidir é a mheas,
Agus gur shíl mise ná raibh ionnat acht glincín.'



'Scrios amach as mo radharc, a bhrasaire dhailtín!
Agus ná bí ag ceistiúchán do Dheadá mar sin.
Ní fhuil de chiall ná de mheabhair istigh id' chinnín
A's a bhí ag an té dhein an té nár chuibhe dhos na
coin.'"



"'Dé'n aoirde ba mhaith leat a bheith ionnat?"
arsaigh an chneamhdóg.


L. 57


"Is cuma liom cadé'n aoirde bheidh ionnam,"
arsaigh Eibhlís, "acht ní maith le duine a bheith ag
athrughadh chomh minic sin."



"Ní fheadar mé sin," arsaigh an chneamhdóg.
Ní dubhairt Eibhlís aon rud annsin: níor
bhreugnaigheadh chomh minic sin riamh roimhe sin í,
agus bhí fearg ag teacht uirre.



"Agus an bhfuil tú sásta leat féin anois?"
arsaigh an chneamhdóg.



"Ba mhaith liom bheith rud beag níos aoirde,
dá mbadh é do thoil é, a dhuine uasail," arsaigh
Eibhlís, "is suarach an aoirde gan acht trí
órdlach a bheith i nduine."



"Is maith an aoirde í, go deimhin," arsaigh
an chneamhdóg go strollúsach, ag baint searradh
as féin (trí órdlach ar aoirde díreach a bhí
ann féin).



"Acht ní fhuilim-se in a thaithighe," arsaigh
Eibhlís go cráidhte. Agus dubhairt sí in a
haigne féin go mb'fhearr léi ná beadh sé chomh
fuiris sin olc a chur ar na hainmhidhthe.



"Ragha tú in a thaithighe in áit a chéile,"
arsaigh an chneamhdóg, agus chuir sé an píopa in
a bheul arís agus chrom sé dá chaitheamh.



Dhún Eibhlís a beul an iarracht so agus d'fhan
sí gurbh' mhaith leis an gcneamhdóig labhairt arís.
I gcionn cúpla nómant bhain sé an píopa as a
bheul agus bhí sé ag meunghail agus dá
shearradh féin. Annsin tháinig sé anuas den
mhuisiriún agus shnámhaigh sé leis tríd an bhfeur.
Dubhairt sé ag imtheacht dí: "Cuirfidh taobh de
in aoirde thu agus an taobh eile cuirfidh sé i
luighead thu."



"Taobh de cad é? Agus an taobh eile de
cad é?" arsaigh Eibhlís léi féin.


L. 58


"Den mhuisiriún," arsaigh an chneamhdóg,
díreach mar adeurfadh sé dá mbeadh sí tar éis
an cheist a chur ós árd air, agus annsin bhí sé
teichte as a radharc.



D'fheuch Eibhlís ar an muisiriún mar bheadh sí
ag baint meabhrach as d'iarraidh a dheunamh amach
cad iad an dá thaobh bhí air. Agus ó's rud é
go raibh an muisiriún in a chearcall cruinn ba
dheacair dí an cheist seo a réidhteach. Acht fé
dheireadh chuir sí a dhá láimh thimcheall air chomh
fada agus d'fheud sí iad a chur agus bhris sí
ciosa beag den mhuisiriún le gach láimh.



"Is eadh! anois," arsaigh sí léi féin, "go
gcuire Dia ar mo leas me, cia aca is fearr
dhom d'ithe?" Chrom sí ag creimirt an phíosa
bhí in a láimh dheis, agus ar an nómant dearg
bhí sé blasta aici buaileadh iarracht dá smeigín
thíos i gcoinne a cos.



Deirim leat gur baineadh preab aiste, acht
ní raibh aon am le cailleamhaint aici, mar bhí sí
ag dul i luighead go tiugh. Thug sí fén phíosa
eile gan mhoill, acht bhí a smeigín buailte chomh
daingean sin i gcoinne a cos gur ar éigin bhí
sí ábalta ar a beul d'oscailt: acht d'éirigh léi é
a dheunamh ar chuma éigin, agus d'ith sí cáinthín
beag den mhéid bhí in a láimh chlé.



"Buidheachas le Dia, tá mo cheann ó bhaoghal
agam," arsaigh Eibhlís léi féin, agus áthas an
domhain uirre, acht deirim leat gur aistrigh an
port aici ar an nómant dearg arís nuair thug
sí fé ndeara ná raibh na guailne in aon áit le
feicsin aici; dada acht scrogal mór fada dhe
mhuineul, agus an feur glas fad a radhairc síos
uaithe.



"Cadé an tiubaist an rud glas sin thíos


L. 59


ar fad," arsaigh Eibhlís; "agus cá bhfuil mo
ghuailne imthighthe; agus, obhoch! mo lámha
bochta! conus ná feicim sibh in aon chor?"
Bhí sí d'iarraidh iad a chorruighe le linn a's í ag
deunamh na cainte, acht ní fhaca sí aon rud acht
mothughadh beag is an bhfeur ghlas thíos fúithe.



Nuair ná raibh aon fhagháil aici ar a dhá
láimh a chur suas go dtí n-a ceann thug sí
iarracht ar a ceann a chromadh síos orra, agus
bhí áthas uirre nuair fuair sí a muineul a lúbadh
ar gach aon taobh mar a dheunfadh eascú nó
athair-nimhe. Díreach nuair bhí sé lúbtha go deas
isteach agus amach cúpla bobhta aici agus í chum
a ceann a sháthadh isteach imeasc an duilleabhair
bhí ar bharr na gcrann — na crainn do-rigne
scáth dí scaitheamh beag roimhe sin — dubhairt rud
éigin: "Thairis amach," agus tharraing sí a
ceann siar go hobann: colbhar mór coille bhí
thar éis bualadh isteach 'san aghaidh uirre agus
bhí dá greadaigh le n-a sciatháin.



"A athair-nimhe!" arsaigh an colbhar.



"Ní athair-nimhe mise," arsaigh Eibhlís, go
feargach, "agus éirigh asam."



"A athair-nimhe!" arsaigh an colbhar arís,
acht ní chomh dána ná chomh feargach é, "táim
tar éis triail a bhaint as gach aon tslighe, agus
ní dheunfaidh aon rud an gnó dhóibh!"



"Ní fheadar mé 'sa domhan cad dó tá tú
ag tagairt," arsaigh Eibhlís.



"Bhain mé triail as phreumha na gcrann agus
as phorta na habhann, as dhígreacha agus as
chladhthacha," arsaigh an colbhar, agus gan aon
suim aici dá chur in Eibhlís; "acht na hathara-
nimhe seo! ní shásóchadh aon rud iad."



Bhí an sceul ag dul níos mó in aimhréidh


L. 60


ar Eibhlís, agus dubhairt sí léi féin go mb'fhearr
dhí gan aon rud a rádh go mbeadh deireadh ag
an cholbhar.



"Ar eagla ná raibh trioblóid mo dhóchaint
agam ar gor ar na huibhe," arsaigh an colbhar,
"acht caithfidh mé bheith ar m'aire féin de ló as
d'oidhche ós na hathraibh-nimhe seo! Ní bhfuair
mé neul codlata le trí seachtmhaine!"



"Is ol' liom," arsaigh Eibhlís, "tú bheith ad'
chiapadh mar seo."



"Tar éis dom an crann is aoirde 'sa choill
a thogha dhom féin," arsaigh an colbhar, ag cur
screuch aiste, "agus díreach nuair a shíl mé
bheith scartha leo go bráth iad a' teacht anuas
'sa mullach orm ón spéir! A — a — a, a athair-
nimhe!"



"Acht ní athair-nimhe mise, adeirim leat,"
arsaigh Eibhlís. "Ca — ca — ca -."



"Agus 'dé rud é tú má's eadh?" arsaigh
an colbhar, "tá tú d'iarraidh breug a cheapadh
dhom nó dalladh-mhollóg éigin a chur orm!"



"Ca — ca — cailín iseadh mise," arsaigh Eibhlís,
agus í in amhras arbh' eadh nó nárbh' eadh, nuair
chuimhnigh sí ar an méid aistrighthe bhí curtha dhí
aici an lá sin.



"Tá deallramh ar do sceul, go deimhin!"
arsaigh an colbhar le hárd-shearbhas. "Is iomdha
cailín chonnaic mé im' shiubhalta, acht a leithéid
sin de scrogal ar chailín ní fhaca mé fós! Ar
mhalainn nach cailín tú; athair-nimhe is eadh thú,
agus ní fhuil aon mhaith dhuit a bheith ag dul ar
a sheunadh. Is é an cheud rud eile bheith tú
d'iarraidh chur in a luighe orm acht ná híosfá ubh."



D'íosfainn ubh, go deimhin," arsaigh Eibhlís;
ní inneosadh sí breug ar chapall; "d'íosfadh


L. 62


cailíní uibhe chomh maith agus d'íosfadh aon athair-
nimhe."



"Ní chreidim thu," arsaigh an colbhar, "acht
is é an méid atá le rádh agam-sa leo acht dá
n-íosfaidís uibhe saghas athara-nimhe is eadh iad
gan aon dabht."



Bhain an méid seo an brígh ar fad as Eibhlís,
agus ní raibh cniug aiste ar feadh cúpla nómant.



"Tá tú ag lorg ubh, arsaigh an colbhar,
"tá a fhios an méid sin go maith agam; agus
cár chuma dhomsa cia aca cailín nó athair-nimhe
tú."



"Ó, ní cuma liom-sa é, mhuise," arsaigh
Eibhlís go hobann, "agus ní ag lorg ubh atá
me, agus dá mba eadh féin ní ag lorg do
choda-sa bheinn, ní maith liom fuar iad."



"Cuir díot amach as so go mear!" arsaigh
an colbhar go feargach, agus chrom sí dá
socrughadh féin síos arís 'sa nead. Bhí Eibhlís
d'iarraidh í féin a réidhteach amach as na crainn
chomh maith a's d'fheud sí; uaireannta théigheadh
a muineul in achrann is na geuga agus chaithfeadh
sí stad agus í féin d'fhuasgailt asta. I gcionn
tamaill chuimhnigh sí go raibh píosaí an mhuisiriúin
in a lámha fós aici, agus thosnuigh sí go han-
chúramach ag creimirt píosa agus annsin an
píosa eile gach re tamall. Uaireannta théigheadh
sí in aoirde agus annsin arís i luighead gur
éirigh léi a haoirde ceart a thomhas arís.



Bhí sé chomh fada sin ó bhí sí in a haoirde
féin gurbh' ait léi í féin an cheud uair, acht
chuaidh sí in a thaithighe fé chionn gairid agus
thosnuigh sí ag caint léi féin mar ba ghnáth léi.
"Is eadh! Sin leath mo chúrsaí réidhtighthe anois
agam! Tá an gnó go léir in a sheachrán-srianach.


L. 63


Nach deacair é thuigsin! Ní fheadar mé ó
nómant go nómant cadé an cheud athrughadh
eile thiocfaidh orm! Is eadh! acht tá m'aoirde
cheart féin agam arís; an cheud rud eile anois
acht dul isteach 'sa ngáirdín áluinn úd — is eadh,
acht conus a dheunfar sin, ní fheadar." Díreach
le n-a linn sin tháinig sí amach in áit oscailte
i mbeul na coille, áit i raibh tigh beag thimcheall
cheithre troighthe ar aoirde. "Pé daoine bhfuil
comhnuidhe annso orra is dóigh liom ná deunfadh
sé an gnó dhom' leithéid de chleitheire mná
glaodhach chucha: chuirfeadh sé ar ghealaigh iad
bean chomh árd liom-sa d'fheicsin."



Thosnuigh sí ag creimirt an phíosa bhí in a
láimh dheis arís, agus níor chuaidh sí ar ghoire an
tighe go dtí ná raibh acht naoi n-órdlach ar
aoirde innte.


L. 64


CAIBIDIL A VI



AN CAT CLÁRACH



D'fhan sí scaitheamh beag ag feuchaint ar an
tigh, agus ná feadar sí cad ba cheart dí a
dheunamh, nuair do rioth giolla beag amach as an
gcoill (bhí a fhios aici gur giolla é mar bhí a
chulaith sin air, acht le feuchaint suas 'san
aghaidh air níor dhóigh leat nach iasc é), agus
chrom sé ag bualadh ag an doras le n-a dhóirne.
D'oscail giolla eile an dorus dó — fear a raibh
aghaidh mar an ghealach air agus súile frog aige;
agus thug Eibhlís fé ndeara go raibh mórán den
phúdar bán ar ghruaig chas gach giolla dhíobh.
B'ait léi cad chuige an gnó go léir, agus chuaidh
sí ar a cromada agus chuir sí cluas uirre féin
ag éisteacht.



Tharraing an giolla-iasc amach leitir mhór bhí
fé n-a oscail aige — leitir bhí geall leis chomh
mór leis féin — agus shín sé chum an ghiolla eile
í, agus adubhairt san am cheudna:



"Don Bhaintighearna. Cuireadh ón mBain-
ríoghain chum dul ag imirt cróicé léi."



Do fhreagair an giolla-fhrog é as an gcaint
cheudna acht gan na focail a bheith ar an bhfuitinn
cheudna ar fad aige: "Ón mBainríoghain.
Cuireadh don Bhaintighearna chum dul ag imirt
cróicé léi."



Annsin d'umhlaigheadar araon dá chéile agus
'san umhlughadh dhóibh chuaidh a gcuid gruaige in
achrann in a chéile.



Tháinig a leithéid sin de reachtaí gáire ar


L. 65


Eibhlís nuair a chonnaic sí cad a bhain dóibh gur
chaith sí rioth siar thar n-ais 'sa choill ar eagla
go n-aireochthaí í. Nuair d'fheuch sí amach in a
dhiaidh sin bhí an giolla-iasc imthighthe agus bhí an
fear eile in a shuidhe ar an talamh le hais an
duiris agus é ag feuchaint mar a bheadh amadán
in áirde 'sa spéir.



Chuaidh Eibhlís suas agus roinnt scátha uirre
agus bhuail sí ag an dorus.



"An deabhas pioc maitheasa dhuit-sa a bheith
ag bualadh ag an dorus sin," arsaigh an giolla,
"agus tá dhá chúis leis. Insan cheud dul síos
táim-se ar an dtaobh cheudna den dorus leat-sa,
agus insan dara háit tá an oiread sin gleo
agus cibeal istigh aca ná fuighfidís tú a
aireachtain." Agus go deimhin agus go dearbhtha
bhí comhrádh-bó agus cibeal istigh — screuchadh agus
sraothartghail gan stad gan staonadh, agus anois
agus arís fothram mar a dheunfaí blodhanna dhe
mhias nó dhe chiotal.



"Agus, má's é do thoil é, a dhuine uasail,"
arsaigh Eibhlís, "conus is féidir liom-sa dul
isteach?"



"Bheadh ciall éigin a bheith ag bualadh ag an
dorus sin," arsaigh an giolla agus gan suim
aige dá chur i gceist Eibhlís, "dá mbadh rud é
go mbeadh an dorus eadrainn. Cuirim i gcás
tusa a bheith istigh agus mise amuigh, dob' fhéidir
leat-sa bualadh ag an dorus agus gheobhainn-se
tú leigint amach." Bhí sé ag feuchaint in áirde
'sa spéir i gcomhnuidhe an fhaid is a bhí sé ag
caint le hEibhlís, agus dubhairt sí léi féin go
raibh sé an-dhrochmhúinte. "Acht béidir, dar
ndóigh, ná fuil leigheas aige air," ar sí sin,
"tá a shúile chomh gairid sin do mhullaigh a chinn.


L. 66


Acht dar ndóigh ná fuighfeadh sé freagra thabhairt
orm. — Conus is féidir liom dul isteach?" ar
sí sin arís, ag labhairt go hárd.



"Fanfa mise im' shuidhe annso go dtí
i mbáireach," arsaigh an giolla.



Díreach le n-a linn sin d'oscladh an dorus
agus do teilgeadh de fhuinneamh amach i leith
cinn an ghiolla pláta mór; d'imthigh sí díreach
de bharr a chaincín amach agus deineadh píosaí
dhe i gcoinne crainn bhí taobh thiar de.



"… nó go dtí anurthar béidir," arsaigh an
giolla, gan aon tsuim dá chur aige insan urchar
a caitheadh leis.



"Conus is féidir liom dul isteach?" arsaigh
Eibhlís arís chomh árd agus ab' fhéidir léi.



"Is eadh," arsaigh an giolla, "acht an leig-
fear isteach in aon chor tú? Sin, í an phríomh-
cheist, maran bhfuil a fhios agat é."



Ba í, dar ndóigh, acht níor thaithnigh le hEibhlís
é sin á rádh léi. "Nach é an scannradh," arsaigh
Eibhlís fé n-a fiacla, "nach é an scannradh mar
a thagann na hainmhidhthe seo treasna ar dhuine.
Bhainfeadh sé do mheabhair díot, bhaineadh sin,
bheith ag pléidhe leo."



Thosnuigh an giolla ag caint leis féin arís:
"Fanfa mé annso im' shuidhe, chugham agus uaim
ar eadh na laetheannta."



"Acht cad a dheunfad-sa má's eadh," arsaigh
Eibhlís.



"Déin do rogha rud," arsaigh an giolla, ag
cromadh ar phort feadghala dhó féin.



"Ó, ní fhuil aon mhaith bheith ag caint leis
sin," arsaigh Eibhlís, agus í i ndeireadh na
foidhne, "tá an fear sin as a mheabhair glan."
D'oscail sí an dorus í féin agus isteach léi.


L. 68


Isteach i gcistin mhór chuaidh sí bhí múchta le
deatach. Bhí an Bhaintighearna in a suidhe ar
stóilín trí gcos i lár an úrláir i bhfeidhil
leinbh; bhí an cócaire cromtha síos ar an dteine
agus bata aici ag suathadh rud éigin bhí dá
bheirbhiú aici i gcoire mór.



"Pé rud atá dá bheirbhiú aici tá an mí-ádh
de phiobar ann," arsaigh Eibhlís léi féin, nuair
d'éirigh léi a hanáil d'fhagháil i ndiaidh an
tsraothartghail.



Bhí an mí-ádh dhe phiobar ar fuaid na cistin
pé sceul é. Bhí an Bhaintighearna féin ag
sraothartghail anois agus arís. Acht bhí an
tiubaist cheart anuas ar an leanbh, tamall ag
sraothartghail agus tamall ag screuchadh gan
sosadh gan suaimhneas. Bhí gach aoinne ag
sraothartghail acht amháin an cócaire agus cat
mór bhí in a shuidhe ar lár an teinteáin agus
beul air ó chluais go cluais.



"An inneosfá dhom, má's é do thoil é,"
arsaigh Eibhlís go scáthmhar, mar ná feadar sí
acht gur drochmhúinte an rud dí tosach a chur
leis an gcaint, "an inneosfá dom cadé a chúis
an drana sin a bheith ar an gcat!"



"Cath Clárach é sin," arsaigh an Bhaintighearna,
"agus sin é a chúis. A mhuc!"



Bhain sí preab as Eibhlís a bhinibe adubhairt
sí an focal sin, acht thug sí fé ndeara i gcionn
tamaill gur chum an leinbh bhí sí agus nach chúiche
féin, agus ghlac sí misneach agus labhair sí arís:



"Agus ní raibh a fhios agam go mbíodh drana
ar chat Clárach i gcomhnuidhe, ní headh, acht ní
raibh a fhios agam go bhfuighfeadh cat drana a
chur air féin in aon chor."



"Is féidir leo go léir drana chur orra


L. 69


féin," arsaigh an Bhaintighearna, "agus is beag
díobh ná déineann."



"Ní fhaca mé riamh ceann aca á dheunamh,"
arsaigh Eibhlís go deaghbheusach agus áthas uirre
go raibh sí tar éis an Bhaintighearna a bhogadh
chum cainte.



"Ní fhaca tú mórán id' shaoghal," arsaigh an
Bhaintighearna, "agus sin í an fhírinne."



Níor thaithnigh le hEibhlís an tslighe a thug an
Bhaintighearna an freagra so uirre, agus
dubhairt sí léi féin go mb'fhéidir go mb'fhearr
dhí cúrsaí éigin eile cainte tharraing chúiche féin.
Le linn is í ag deunamh a maranna thóg an
cócaire an coire den teine (anairthe bhí ann),
agus seo í ag caitheamh gach aon rud a fheud sí
breith air leis an mBaintighearna agus leis an
leanbh. Chaith sí iarnaí na teine an cheud uair
leo; annsin tháinig cioth panaí agus plátaí
agus miasa anuas 'sa mullaigh orra. Níor
chuir an Bhaintighearna i bháir iad agus iad ag
bualadh uirre ó gach aon taobh, agus bhí an
oiread sin screuchadh agus screadadh ag an
leanbh cheana féin ná beadh a fhios agat an rabhadh
dá ghoirtiughadh nó ná rabhadh.



"Feuch romhat féin, má's é do thoil é,"
arsaigh Eibhlís, agus í ag léimrigh ar fuaid an
tighe agus a croidhe in a beul aici le neart
faobhar scannradh. "Ó, coimirche Dé dhúinn!
tá an caincín scuabtha dhe," ar sí sin nuair
d'imthigh pan mór amach de chaincín an leinbh
agus go ndóbar dó.



"Dá mb'áil le gach aoinne aire thabhairt dá
ngnó féin," arsaigh an Bhaintighearna, agus tocht
uirre, "is mire chasfadh an domhan."



"Agus níorbh' fhearrde an domhan é sin,"


L. 70


arsaigh Eibhlís, le háthas ó fuair sí an chaoi ar
a cuid léighinn a nochtadh. "Feuch, cadé an
chur amudha dheunfadh sin ar an lá agus ar an
oidhche. Ná fuil a fhios agat go mbaineann sé
cheithre huaire fichead den domhan casadh …"



"Cas an ceann dí," arsaigh an Bhaintighearna.
Agus d'fheuch Eibhlís thimcheall uirre go him-
shníomhach feuchaint an raibh an cócaire ag
cuimhneamh ar an ceann a bhaint dí, acht bhí an
cócaire bocht ag corruighe an anairthe léi agus
gan aon tsuim aici i gcaint na coda eile;
mar sin lean Eibhlís uirre 'sa chaint: "Cheithre
huaire fichead is dóigh liom nó an dá uair
dheug é?"



"Dhera, ná bí im' bhodhradh," arsaigh an Bhain-
tighearna, "ní lugha orm bóithreán bó ná
áireamh!" Agus chrom sí ag breugadh an
leinbh arís; bhí saghas "seo-thín" aici dho, agus
bhaineadh sí suathadh uathbhásach as i ndeireadh gach
aon líne:



"Caithfimíd suas agus suas é,
Caithfimíd suas an páiste,
Caithfimíd suas agus suas é,
Agus tiocfa sé anuas i mbáireach.



Ó, níor dhein sé rinnce,
Ó, níor dhein ná gáire,
Ó, níor dhein sé rinnce,
Acht deunfa sé rinnce i mbáireach."



"Seo! bí á bhreugadh tamall, má's maith
leat," arsaigh an Bhaintighearna le hEibhlís, ag
caitheamh an leinbh chúiche, "caithfe mise dul ag


L. 71


imirt cróicé leis an mBainríoghain," agus as
go bráth léi amach an dorus. Chaith an cócaire
pan léi ag dul amach dí, acht níor buaileadh í.



Rug Eibhlís ar an leanbh, acht ba dheacair dí
é, mar b'ait an sórt deunamh bhí ar an gcreu-
túirín; ba dhóigh leat ná raibh dada ann acht
cosa agus lámha agus iad sínte amach ar gach
aon taobh uaidh. Ba gheall le portán é. Nuair
rug Eibhlís air bhí sé ag putharnghail agus ag
srannthartghail mar bheadh fear gan snámh thar
éis éirighe aníos ó bheith fé uisce; bhí sé á
chrapadh agus á shearradh féin; ag casadh agus
ag únfairt 'sa tslighe gur ar éigin bhí Eibhlís
ábalta ar é choimeád idir a dhá láimh i dtosach.



Chomh luath agus do chuaidh i dtuigsin dí
conus é bhreugadh (.i. snadhm a dheunamh dhe agus
annsin greim daingean a choimeád ar a chluais
dheis agus ar a chois chlé ar eagla go scaoilfeadh
sé é féin) thug sí amach fén aer é. "Maran
mbeurfa mise liom an leanbh so chum siubhail
uatha," arsaigh Eibhlís, "marbhó' siad é: nár
pheaca dom é d'fhágaint im' dhiaidh?" agus chuir
an creutúirín bocht cnead as mar fhreagra (bhí
deireadh leis an sraothartghail fen am so).
"Ná bhí ag cneadghail mar sin," arsaigh Eibhlís,
"ní deas an tslighe chum cainte é."



Chuir sé cnead agus cnead eile as, agus
d'fheuch Eibhlís isteach idir an dá shúil air
feuchaint cad a bhí air. Ní raibh aon dearmhad
in aon chor acht go raibh caincín an-gheancach air.
Ba mhó de gheanc ná de chaincín é, agus bhí a
dhá shúilín ró bheag ar fad do leanbh. Níor
thaithnigh le hEibhlís in aon chor an deallramh bhí
air. "Acht, dar ndóigh," ar sí sin, léi féin,
"béidir gur ag osnghail bhí sé," agus d'fheuch


L. 72


sí isteach in a dhá shúil arís feuchaint a raibh aon
deora ag teacht.



Drae deor. "Má tá tusa chum iompó'
amach id' mhuic," arsaigh Eibhlís leis, "ní bheidh
a thuille le deunamh agam-sa leat. Cuimhnigh
air sin anois." Chuir an creutúirín beag cnead
eile as (nó srónghail, ba dheacair a rádh ciaca),
agus d'imthigheadar leo ar feadh tamaill gan
focal as aoinne aca.



'Sé rud bhí ag deunamh brionglóide dh'
Eibhlís acht cad dheunfadh sí leis nuair raghadh
sí abhaile. Le n-a linn sin chuir sé cnead
uathbhásach eile as, agus d'fheuch Eibhlís go geur
isteach idir an dá shúil arís air agus sórt eagla
uirre. Ní raibh aon dearmhad in aon chor an
bobhta so uirre: muc b'eadh é gan aon agó
- bainbhín muice — agus nár bh'iongantach an
searbhas dí bheith dá iomchur a thuille.



Leag sí síos ar an talamh uaithe é, agus ná
raibh áthas uirre é d'fheicsin ag rioth leis isteach
i gcoill. "Is ait an páiste garsúin dheunfadh
sé nuair éireochadh sé suas; acht, feuch! nach
deas an mhuc é?" Agus chrom sí ag maranna
ar leanbhaí eile a raibh aithne aici orra agus go
mb'fhéidir gurbh' fhearrde a ndeallramh iad do
bheith in a muca — dá dtuigfimís conus an t-athrughadh
sin do dheunamh. Bhí sí ag caint mar seo léi
féin nuair cad a chífeadh sí acht an Cat Clárach
in a shuidhe ar gheug crainn cúpla slat uaithe.



Níor dhein an Cat acht drana chur air féin
nuair a chonnaic sé Eibhlís. Mar sin féin
mheas sí gur lághthach an deallramh bhí air; acht
ó's rud é go raibh crúcaí móra fada air agus
an-chuid fiacla aige, dar le hEibhlís gur cheart
urraim a theasbáint dó.


L. 74


"A Chaitín Chláraigh," ar sí sin go scáth-
amhail, mar ná raibh a fhios aici an dtaithneochadh
an ainm sin leis nó ná taithneochadh: acht níor
dhein sé acht an drana a mheudughadh rud beag.
"'Seadh!" ar sí sin léi féin, "taithnigheann sé
leis," agus adubhairt sí: "An inneosfá dhom,
má's é do thoil é, cadé an bóthar a thabharfadh
as so me?"



"Dá mbeadh a fhios agam cá bhfuil tú chum
dul," arsaigh an Cat, "bheinn ábalta ar a
innsint duit, béidir."



"Is cuma liom cá ragha mé," arsaigh Eibhlís.



"Má's eadh is cuma dhuit cadé an bóthar a
thabharfa tú ort as so," arsaigh an Cat.



"- Is eadh, chomh fada is do-gheobha mé
dul in aon áit," arsaigh Eibhlís, ag baint an
fhocail as a bheul.



"Do-gheobha tú sin a dheunamh," arsaigh an
Cat, "má théigheann tú fada go leor."



Bhí a fhios ag Eibhlís ná fuighfí an chaint seo
a bhreugnughadh, agus chuir sí ceist eile air.



"Cadé an sórt daoine tá in a gcomhnuidhe
thimcheall na háite seo?"



"Comhnuigheann Fear Lár na Gealaighe
annsin," arsaigh an Cat, ag árdach lapa leis,
"agus Girrfhiadh Márta siar annsin," ag
árdach an lapa eile leis. "Téighre ag feuchaint
aoinne aca is maith leat: tá siad araon as a
meabhair."



"Acht ní maith liom bheith imeasc daoine
bhíonn as a meabhair," arsaigh Eibhlís.



"Ó, ní fhuil leigheas agat ar sin," arsaigh
an Cat, "tá gach aoinne as a mheabhair annso.
Táim-se as mo mheabhair. Táir-se as do
mheabhair."


L. 76


"Conus atá a fhios agat go bhfuilim-se as
mo mheabhair?" arsaigh Eibhlís.



"Táir gan dabht," arsaigh an Cat, "agus
muireach go bhfuil tú ní h-annso a bheitheá."



Níor shíl Eibhlís gurbh' aon chruthughadh ar í
bheith as a meabhair é sin. "Agus conus atá
a fhios agat go bhfuil tú féin as do mheabhair?"



"Is eadh, mar seo," arsaigh an Cat; "ní
bhíonn madra as a mheabhair. Nach fíor sin?"



"Is dócha ná bíonn," arsaigh Eibhlís.



"Tá go maith," arsaigh an Cat, "ná nochtann
an madra a fhiacla nuair bhíonn fearg air agus
ná cuireann sé cor in a iarball nuair bhíonn
sé sásta. Agus nochtaim-se m'fhiacla nuair
bhím sásta agus cuirim cor im' iarball nuair
bhíonn fearg orm. Agus dar ndóigh, ní beag
duit de chomhartha an méid sin mise do bheith as
mo mheabhair."



"Nach ag crónán bhíonn tú agus tú ag
nochtadh t'fhiacla?" arsaigh Eibhlís.



"Nach cuma 'sa tiubaist cad bhím a dheunamh,"
arsaigh an Cat. "Bhfuil tusa chum a bheith ag
imirt cróicé i bhfochair na Bainríoghna indiu?"



"Ba mhaith liom go mór dá mbéinn," arsaigh
Eibhlís, "acht ní bhfuair mé aon chuireadh fós."



"Chífe tú mise ann," arsaigh an Cat, agus
sceinn sé as a radharc.



Níor chuir an méid seo aon iongantas ar
Eibhlís; bhí an oiread sin rudaí iongantacha ag
tuitim amach uirre go raibh sí in a dtaithighe.
Le linn agus í ag feuchaint ar an áit a raibh an
Cat chonnaic sí arís ann é.



"Mo dhearmhad," ar sé sin, "cad a bhain
don leanbh? Dóbair ná cuimhneochainn ar é
fhiafhruighe dhíot."


L. 77


"Dhein muc de," arsaigh Eibhlís, go ciúin,
cneasta, agus gan cuimhneamh riamh ar conus
tháinig an Cat thar n-ais.



"Bhí a fhios agam go mb'shin é bhainfeadh dó,"
arsaigh an Cat, agus sceinn sé arís as a radharc.



D'fhan Eibhlís mar bhí sí tamall beag ag
tnúthán go bhfeicfeadh sí arís é, acht ní fhacaidh.
I gcionn cúpla nómant d'imthigh sí léi agus
dhein sí ar an áit a raibh comhnuidhe ar an
nGirrfhiadh Márta. "Is minic a chonnaic mé
Fear Lár na Gealaighe," ar sí sin léi féin;
"cuirfe mé níos mó suime 'sa nGirrfhiadh
Márta feasta; agus béidir ó's rud gurb' é
mí na Bealltaine athá anois againn ná beadh
an confadh ar fad air — nó pé sceul é ná
beadh sé chomh dona agus do bhí sé i mí an
Mhárta." Le n-a linn sin d'fheuch sí suas, agus
cad bheadh ná an Cat in a shuidhe ar gheug crainn.



"An muc nó luch adubhairt tú an uair úd?"
arsaigh an Cat.



"Muc adubhairt mé," arsaigh Eibhlís, "agus
feuch," ar sí sin, "dob' fhearr liom ná beitheá
id' theasbáin féin agus id' cheilt féin chomh obann
sin: chuirfeá meabhrán i gceann duine, chuirfeá
sin."



"Tá go maith," arsaigh an Cat; d'imthigh sé
an bobhta so go mín, réidh, as a radharc; barr
an iarbaill d'imthigh an cheud uair, agus bhí an
chuid eile dhe ag imtheacht ó bhall go ball go dtí
ná raibh aon rud le feicsin acht an drana, agus
d'fhan sin tamall i ndiaidh na coda eile dhe.



"Och!" arsaigh Eibhlís, "is minic a chonnaic
mé cat gan drana, acht drana gan cat ní fhaca
mé go dtí an nómant so. Is é an rud is aite
chonnaic mé riamh im' shaoghal é."


L. 78


Is gairid eile d'imthigh sí fé'r tháinig sí i
radharc Tighe an Ghirrfhiaidh Márta. Bhí sí ag
cuimhneamh gurbh' é bhí ann, mar deunamh cluas
bhí ar na simnighthe agus clúmh bhí mar dhíon air.
Bhí an tigh chomh mór sin nár mhaith léi dul gairid
dó go gcreimfeadh sí rud beag den mhuisiriún
bhí in a láimh clé aici, agus gur mheudaigh sí í
féin go dhá throigh ar aoirde; agus annsin féin
bhí sí roinnt scáthmhar ag siubhal suas chuige.
"Cad a dheunfainn," ar sí sin léi féin, "dá
mbeadh an confadh air tar éis gach aon rud?
B'fhearr liom gur ar Fhear Lár na Gealaighe
thabharfainn m'aghaidh!"


L. 79


CAIBIDIL A VII



CUIDEACHTA TÉ AGUS IAD AR BUILE



Bhí bórd leagtha amach fé chrann bhí os comhair
an tighe aca agus an Girrfhiadh Márta agus
Fear Lár na Gealaighe ag ól té ann, agus
luch in a suidhe eatorra istigh in a marbh-
chodladh. Bhí sí mar cuisín aca, ag leagaint a
n-uillinneacha uirre, agus iad ag caint in áirde
ós a ceann. "Nach mí-chompórdamhail an sceul
ag an luichín é," arsaigh Eibhlís léi féin, "acht


L. 80


nuair atá sí in a codladh is dócha gur cuma
léi hé."



Bórd mór a bhí aca, acht bhí an triúr aca
bailighthe in aon phraisimín amháin ag cúinne dhe.
"Ní fhuil slighe! Ní fhuil slighe!" ar siad go
léir in aoinfheacht nuair chonnacadar Eibhlís ag
teacht.



"Tá, mo dhalladh slighe annso agam," arsaigh
Eibhlís, ag suidhe síos dí féin ar chathaoir mhór
bhí ag ceann an bhúird.



"Bíodh braon fíona agat," arsaigh an Girr-
fhiadh Márta, agus labhair sé mar a bheadh sé
d'iarraidh misneach a chur uirre.



D'fheuch Eibhlís thimcheall an bhúird in gach aon
áit, acht ní raibh dada le feicsin aici acht té.



"Ní fheicim aon fhíon annso," arsa sí.



"Ní fhuil, mhuise, aon phioc!" arsaigh an
Girrfhiadh Márta.



"Nárbh' oitir an rud uait é d'fhuláramh
dom?" arsaigh Eibhlís.



"Nárbh' oitir an rud uait-se suidhe síos ag
bórd aoinne gan cuireadh gan iarraidh?" arsaigh
an Girrfhiadh Márta.



"Níor shíl mé gur leat-sa an bórd," arsaigh
Eibhlís; "tá sé leagtha amach do níos mó ná
triúr."



"Níor mhór duit do ghruaig a bhearradh,"
arsaigh Fear Lár na Gealaighe. Bhí sé ag
feuchaint ar Eibhlís ar feadh tamaill, agus b'ait
leis í.



"Nach oitir an gnó uait tagairt do dhuine
mar sin?" arsaigh Eibhlís, "ní fhuil aon tabhairt
suas ort," ar sí sin.



D'oscail Fear Lár na Gealaighe a dhá shúil


L. 81


go mór nuair d'airigh sé an chaint seo, agus ní
dubhairt sé acht:



"Dá mbeadh gabhar odhar agat
Agus adhbhar gabhair
Agus gabhar reamhar a chur in a mbun
Agus do thogha gabhar, reamhar, odhar agat,
'Dé méid gabhar bheadh agat annsin?"



"Beidh spórt anois againn," arsaigh Eibhlís
léi féin, "is maith liom tomhasanna; is dóigh
liom go bhfuighfinn é sin a thomhas," ar sí sin
léi féin.



"An amhlaidh tá tú ar aigne a rádh go
bhfuighfeá an freagra tá air a dheunamh amach?"
arsaigh an Girrfhiadh Márta



"'Seadh, díreach," arsaigh Eibhlís.



"Má's eadh, ba cheart duit an rud bhíonn
ar t'aigne a rádh," arsaigh an Girrfhiadh.



"Dar ndóigh, déinim," arsaigh Eibhlís go
hobann, "nó, an rud adeirim isé bhíonn ar
m'aigne," ar sí sin, "agus nach mar a chéile é?"



"Is fada ó'n stuaim an stocaire, ar
bhfalaing," arsaigh Fear Lár na Gealaighe.
"Bheadh sé chomh maith agat a bheith d'iarraidh chur
in a luighe orm-sa gur mar a chéile, "chím a
n-ithim," agus "ithim a bhfeicim"!"



"Bheadh sé chomh maith agat bheith d'iarraidh
chur in a luighe orm-sa," arsaigh an Girrfhiadh
Márta, "gur mar a chéile 'ólaim a dtuillim'
agus 'tuillim a n-ólaim'!"



"Bheadh sé chomh maith agat a rádh," arsaigh
an luichín, agus í mar bheadh sí ag caint tré n-a
codladh, "gur mar a chéile, 'tarraingím m'anáil
nuair a chodlaim' agus 'codlaim nuair a
tharraingím m'anáil'!"


L. 82


"Is mar a chéile dhuit-se é, pé sceul é,"
arsaigh Fear Lár na Gealaighe. Stad an chaint
annsin ar feadh tamaill agus shuidh an chuideachta
go léir go ciúin ar feadh nómant nó mar sin,
agus bhí Eibhlís d'iarraidh cuimhneamh ar gach aon
rud d'airigh sí riamh i dtaobh gabhar, adhbhar
gabhar, agus gabhair odhair, acht ba bheag é.



Fear Lár na Gealaighe an cheud duine a
labhair. "Cadé an lá den mhí atá againn?"
ar sé sin le hEibhlís. Bhí a uaireadóir in a
láimh aige agus é ag feuchaint air anois agus
arís, ag baint crothadh as, agus dá chur chum a
chluaise.



Bhí Eibhlís ag machtnamh tamall agus annsin
adubhairt sí, "An ceathramhadh lá."



"Dhá lá bun os cionn," ar sé sin. "Ná
dubhairt mé leat ná deunfadh im an gnó dos
na hoibreacha istigh ann," ar sé sin go feargach
agus é ag feuchaint ar an nGirrfhiadh Márta.



"Ba é an t-im ab' fhearr é," arsaigh an
Girrfhiadh Márta, agus a cheann fé.



"Is eadh, acht is baoghal liom go raibh mion-
phíosaí aráin measctha tríd," arsaigh Fear Lár
na Gealaighe. "'Dé chúis duit é chur isteach
leis an scian-aráin."



Thóg an Girrfhiadh Márta an t-uaireadóir in
a láimh chuige agus d'fheuch sé air go brónach;
annsin thom sé síos é insan chupán té bhí sé
dh'ól; acht ní bhfuighfeadh sé cuimhneamh ar aon
rud a rádh acht an cheud rud adubhairt sé:
"B'é an t-im ab' fhearr é, dar ndóigh."



Bhí Eibhlís ag feuchaint thar a gualainn agus
í d'iarraidh an t-uaireadóir a thabhairt fé ndeara.
"Nach greannamhar an sórt cloigín é," ar sí
sin, "bíonn a fhios agat le feuchaint air cadé


L. 83


an lá dhen mhí é, acht ní bhíonn a fhios agat cadé
an t-am den lá é!"



"Cadé a chúis a mbeadh a fhios?" arsaigh
Fear Lár na Gealaighe. "An mbeadh a fhios
agat ar t'uaireadóir-se cadé an bhliain bheadh
agat?"



"Ó, ní bheadh a fhios, dar ndóigh," arsaigh
Eibhlís, "fanann an bhliain
chomh fada sin againn nach
gádh é."



"Sin é díreach dála mo
chluig-se," arsaigh Fear Lár
na Gealaighe.



Ní bhfuighfeadh Eibhlís an
sceul a thuigsin in aon chor.
Níor dhóigh léi go bhfuigh-
feadh aon bhrigh bheith le caint
an fhir seo. "Ní thuigim thu
in aon chor," arsaigh Eibhlís
leis chomh deaghbheusach agus
ab' fhéidir léi.



"Tá an luichín in a codladh," arsaigh Fear
Lár na Gealaighe, agus dhoirt sé braon den té
anuas 'sa chaincín air.



"Dar ndóigh, dar ndóigh; sin é díreach
a mheas mé féin a rádh," arsaigh an luichín ag
baint crothadh as a ceann agus gan oiread agus
a súile d'oscailt.



"Bhfuil an tomhas úd agat fós?" arsaigh
Fear Lár na Gealaighe.



"Ní fhuil, mhuise," arsaigh Eibhlís, "caithfe mé
éirighe as; cad é an freagra tá air?"



"Ní fheadar mé é sin," arsaigh Fear Lár na
Gealaighe.



"Ná mise," arsaigh an Girrfhiadh.


L. 84


"Obhoch! mo chreach sibh!" arsaigh Eibhlís, "is
ait an dream sibh."



"Ní fhuilim-se ait," arsaigh Fear Lár na
Gealaighe. "Thuiteamar amach le n-a chéile mí
an Mhárta seo caithte againn — díreach fé'r imthigh
sé seo as a mheabhair, tá a fhios agat" — (ag
bagairt a mhéire ar an nGirrfhiadh) — "ag an
Chuirm Ceoil bhí ag an mBainríoghain Hart, agus
chaitheasa amhrán a rádh: "Bó, bó, bó na leath-
adhairce." Tá a fhios agat an t-amhrán sin, is
dócha!"



"D'airigh mé rud éigin mar é," arsaigh Eibhlís.
"Seo mar a ghabhann sé," arsaigh Fear Lár
na Gealaighe.



"'Bó, bó bó na leath-hadhairce,
Bó dhruimfhionn dhearg a's ní fheadar cá
bhfuighfinn í.'"



Bhain an luch searradh aiste féin annsin
agus thosnuigh sí ag amhrán tré n-a codladh:
"bó, bó, bó, bó, bó," agus lean sí uirre chomh
fada sin gur chaitheadar miotóg a bhaint aiste
chum í stad.



"Acht," arsaigh Fear Lár na Gealaighe, "is
ar éigin bhí deireadh leis an gceud cheathramha
nuair a léim an Bhainríoghain in a seasamh agus
screuch sí amach, 'Tá sé ag marbhughadh ama!
Scuab an ceann de!'"



"Ó, nárbh' í an t-ultach alltach í," arsaigh
Eibhlís.



"Agus riamh ó shoin," arsaigh Fear Lár na
Gealaighe go dubhrónach, "ní dheunfadh sé aon
rud dom! Bíonn sé a sé a chlog i gcomhnuidhe
anois againn."


L. 85


"An é sin an chúis a bhfuil an oiread sin
córacha té leagtha amach agaibh annso," arsaigh
Eibhlís.



"Sin é é, díreach," arsaigh Fear Lár na
Gealaighe, ag leigint osnadh as, "am té bhíonn
againn i gcomhnuidhe annso anois agus ní bhíonn
uain againn ar na soithighe a nighe idir gach aon
dá linn."



"Acht conus bhíonn an sceul agaibh nuair
thosnuigheann sibh arís?" arsaigh Eibhlís.



"Dhera, caithimís uainn é mar sceul, in
ainm Chruim," arsaigh an Girrfhiadh, "táimíd
durtha uaidh. Béidir go inneosadh an bhean
uasal so sceul dúinn."



"Ní fheadar mé an bhfuil sceul agam,"
arsaigh Eibhlís, agus baineadh preab aiste.



"Inneosaidh an luch sceul, má's eadh!" ar
siad araon. "Dúisigh, a luichín!" Agus bain-
eadar araon miotóg aiste ó'n dá thaobh.



D'oscail an luichín a dhá súil. "Ní rabhasa
im' chodladh," ar sí sin, agus tóchtán innte.
"D'airigh mé gach aon fhocal bhí sibh-se a rádh."



"Innis sceul dúinn," arsaigh an Girrfhiadh
Márta.



"Déin, má's é do thoil é," arsaigh Eibhlís.



"Agus ná bí i bhfad ar a thí," arsaigh Fear
Lár na Gealaighe, "nó má bhír beidh tú id'
chodladh arís fé mbeidh sé críochnuighthe
agat."



"Bhí triúr deirbhshéirín ann uair," arsaigh an
luch, agus í ag cur na cainte dá croidhe chomh
mear leis an ngaoith Mhárta, "agus isé an
ainm bhí orra ná Brighid, Íde, agus Domhnait,
agus mhaireadar i dteannta a chéile thíos i
dtóin tobair …"


L. 86


"Cad air a mhaireadar?" arsaigh Eibhlís.
Chuir sí an-shuim i gcomhnuidhe in aon sceul a
bhain le hithe agus le hól.



"Mhaireadar ar bhláthach," arsaigh an luch tar
éis dí a maranna a dheunamh ar feadh tamaillín.



"Chuirfeadh sé sin an treighid orra, dar
ndóigh," arsaigh Eibhlís go ciúin, cneasta.



"Agus chuir, leis," arsaigh an luch, "agus
chuir sí go mór féin orra é."



Bhí Eibhlís d'iarraidh an pheictiúir a dheunamh
in a haigne féin ar cad é an sórt slighe a
mhaireadar, acht bhí an sceul ag dul in aimhréidh
uirre. "Cadé a chúis," ar sí sin, "an raibh
comhnuidhe orra thíos i dtóin tobair?"



"Bíodh braon eile té agat," arsaigh an
Girrfhiadh Márta go himshníomhach le hEibhlís.



"Dar ndóigh, ní raibh aon bhraon fós agam,"
arsa sí sin, go searbh, "agus ó's rud é ná raibh
ní bhfuighfinn níos mó a thógaint."



"Níos lugha a mheas tú a rádh," arsaigh Fear
Lár na Gealaighe "dob' fhuiris duit níos mó
ná dada a thógaint."



"Ní raibh aoinne in aon chor ag lorg do
thuairim-se," arsaigh Eibhlís.



"Cé tá oitir anois?" arsaigh Fear Lár na
Gealaighe, ag cur scolfhairt gháire as.



Ní raibh a fhios ag Eibhlís go ceart cad é
an freagra ba cheart dí a thabhairt air seo.
Thosnuigh sí ag ól an té agus ag ithe aráin agus
ime, agus d'iompuigh sí ar an luch agus chuir sí
an cheist arís uirre: "Cadé a chúis an raibh
comhnuidhe orra thíos i dtóin an tobair?"



Dhein an luch a maranna ar feadh cúpla
nómant arís, agus annsin d'fhreagair sí "Ba
thobar bhláthaighe é."


L. 87


"Ní fhuil a leithéid ann!" arsaigh Eibhlís go
feargach, acht dubhairt Fear Lár na Gealaighe
agus an Girrfhiadh Márta, "Éist! Éist!"
Labhair an luch agus adubhairt go stuacach:
"Maran bhfuighfe tú tú féin d'iomchur, do-
gheobha tú deireadh chur leis an sceul tú féin."



"Á! abair leat," arsaigh Eibhlís go sár-
íseal. "Ní chuirfe mé isteach ort arís. Béidir
go raibh aon tobar amháin dá leithéid ann."



"Aon tobar amháin, an eadh?" arsaigh an
luch go searbhasach. Mar sin féin, do lean sí
ar an sceul. "Agus an triúr deirbhshéir so,"
arsa sí, "bhíodar ag foghluim conus tarraing a
dheunamh."



"Cad a tharraingeadar?" arsaigh Eibhlís, gan
aon chuimhneamh ar an ngeallamhain bhí tabhartha
uaithe aici.



"Bláthach," arsaigh an luch, agus níor stad
sí chum cuimhneamh in aon chor an iarracht so.



"Tá cupán glan uaim," arsaigh Fear Lár na
Gealaighe. "Druideadh gach aoinne ionad duine
chum cinn."



Le n-a linn sin dhruid sé féin chum cinn,
agus lean an luch é; dhruid an Girrfhiadh Márta
isteach 'san áit a raibh an luch, agus chaith Eibhlís,
i gcoinne a tola, suidhe isteach 'san áit a raibh
an Girrfhiadh Márta. Ba mheasa go mór a bhí
Eibhlís as an iarracht so ná mar bhí sí roimhe
seo, mar bhí an Girrfhiadh tar éis crúiscín bainne
a dhortadh 'san áit a raibh sé féin.



Níor theastuigh ó Eibhlís olc a chur ar an luch
arís, agus mar gheall air sin ghaibh sí thimcheall
uirre go han-aireach. "Ní thuigim an sceul go
ró mhaith," ar sí sin, "cad as tharraingeadar
an bhláthach?"


L. 88


"Nach féidir uisce tharraing as thobar fíor-
uisce," arsaigh Fear Lár na Gealaighe, "agus
ba dhóigh liom féin, dar ndóigh, go bhfuighfidhe
bláthach a tharraing as thobar bhláthaighe; nárbh'
fhéidir? a Phúca Poill!"



"Acht, dar ndóigh, bhíodar istigh 'sa tobar,"
arsaigh Eibhlís leis an luch, ag leigint uirre ná
raibh aon tsuim aici i masladh an fhir eile.



"Dar ndóigh, bhíodar," arsaigh an luch, "agus
isteach go maith féin ann."



Chuir an freagra so an chadhp bháis ar fad
anois ar Eibhlís, agus níor chuir sí isteach ná
amach arís uirre go ceann i bhfad.



"Bhíodar ag foghluim conus tarraing a
dheunamh," arsaigh an luch, agus í ag meunghail
agus ag cimilt a lámha dá súile, mar bhí an
codladh dá traochadh, "agus tharraingeadar
gach aon saghas ruda — gach rud le 'M' in a
thosach."



"'Dé chúis le 'M'?" arsaigh Eibhlís.



"Agus 'dé chúis nach eadh?" arsaigh Fear
Lár na Gealaighe.



Dhún Eibhlís a beul agus ní dubhairt sí a
thuille.



Bhí a súile dúnta ag an luch agus mús
codlata uirre, acht nuair a bhain Fear Lár na
Gealaighe miotóg aiste dhúisigh sí arís agus chuir
sí gnígheala aiste, agus lean sí uirre leis an
sceul: "Gach rud a thosnuigheann le 'M,' mar
madra, mionán, móin-lín, mí-ádh, agus mar sin
- an bhfaca tú riamh peictiúir den mhí-ádh dá
tharraing?"



"Masa, mhaiseadh, anois gur fhiafhraigh tú
dhíom é ní dóigh liom go bhfaca me," arsaigh
Eibhlís, agus náire uirre é d'admháil.


L. 89


"Ba cheart duit do bheul d'éisteacht má's
eadh," arsaigh Fear Lár na Gealaighe.



Ní bhfuighfeadh Eibhlís an tarcuisne seo a
sheasamh a thuille agus d'éirigh sí le seirbhthean
agus d'imthigh sí léi. Thuit a codladh ar an luch
gan stad agus níor chuir aoinne dhen bheirt
eile aon tsuim innte ag imtheacht. D'fheuch sí
in a diaidh cúpla bobhta ag tnúthán go nglao-
faidís uirre; an bobhta deireannach d'fheuch sí
in a diaidh orra bhí greim aca ar an luch istigh
eatorra agus iad d'iarraidh í a ropadh i ndiaidh
a cinn isteach i gcorcán an té.



"Pé sceul é," arsaigh Eibhlís léi féin agus
í ag cur dí tríd an gcoill, "ní raghad-sa annsin
choidhche arís. Is í an chuideachta té is mí-
ádhmharaighe dá bhfaca-sa riamh im' shaoghal beatha í."



Le n-a linn sin cad a chífeadh sí ná doirisín
beag isteach i gceann de na crainn. "Is ait
é sin!" ar sí sin, léi féin. "Acht, dar ndóigh,
tá gach aon rud ait indiu. Is dócha gur fearr
dhom dul isteach." Agus isteach léi gan a
thuille moille.



Cá mbeadh sí acht insan halla mór fada
arís, agus díreach taoibh leis an mbórd beag
gloine. "Caithfe mé mo ghnó a dheunamh níos
fearr an iarracht so," ar sí sin. Thóg sí an
eochair bheag órdha in a láimh agus bhain sí an
glas den dorus bhí ag dul isteach 'sa ngáirdín.
Thosnuigh sí annsin ag miotaireacht leis an
muisiriún (bhí píosa beag de in a póca aici i
gcomhnuidhe) go dtí ná raibh innte acht troigh ar
aoirde; shiubhail sí léi annsin síos an halla
caol: agus cár thárlaigh dhí acht istigh 'sa
ngáirdín áluinn i measc na mbláthanna agus
na dtobracha fíor-uisce.


L. 90


CAIBIDIL A VIII



FAITHCHE CRÓICÉ NA BAINRÍOGHNA



Bhí crann mór róis díreach ar do dhul isteach
duit 'sa ngáirdín, rósanna bána bhí ag teacht
air, acht bhí triúr garraidheadóir ann ar a
ndícheall ag cur dearg orra. B'ait le hEibhlís
an obair seo, agus dhruid sí taoibh leo ag faire
orra. Díreach agus í ag druideamhaint leo
d'airigh sí duine aca á rádh: "Tabhair
aireachas anois, A Chúig, a bhuachaill, agus ná bí
im' smearadh leis an dath mar sin!"



"Ní raibh leigheas agam air," arsaigh A Cúig.
"'Sé A Seacht a chorruigh mo lámh."



D'árdaigh A Seacht a cheann agus d'fheuch sé
orra agus dubhairt: "Go maith, A Chúig! a
dhearbhráthair! cuir a mhilleán ar dhuine éigin
eile i gcomhnuidhe!"



"Is fearr dhuit-se do bheul a dhúnadh,"
arsaigh A Cúig, "nach indé d'airigh mé an
Bhainríoghain á rádh gur cheart an ceann a
scuabadh dhíot-sa?"



"'Dé chúis?" arsaigh an cheud duine a labhair.



"Ní bhaineann an gnó olc ná maith leat-sa,
A Dhó," arsaigh A Seacht.



"Baineann," arsaigh A Cúig, "agus inneosa
mise dhó é — mar gheall ar mheacain bhána a thug
sé go dtí an cócaire in áit inniúin."



Chaith A Seacht uaidh ar an talamh an scuab a
bhí in a láimh aige agus thosnuigh sé: "Dar so


L. 91


agus súd," arsa sé, "is mór an eugcóir agat
é" — ní raibh acht an méid sin ráidhte aige nuair
a thug sé fé ndeara Eibhlís agus í in a seasamh
taoibh leo ag faire orra, agus bhain sé siar as
féin gan stad. D'fheuch an chuid eile thimcheall
agus d'umhlaigheadar go talamh dí.



"An inneosadh sibh dom," arsaigh Eibhlís,
"cad chuige bhfuil sibh ag cur dath ar na rós?"



Níor labhair A Cúig ná A Seacht, acht
d'fheuchadar a A Dó. Labhair A Dó ós íseal
agus adubhairt: "Chum na fírinne d'innsint
duit, a bhean uasal, ba cheart gur crann rós
dearg a bheadh annso againn, acht in a áit sin
crann rós bán a chuireamar ann; agus dá
bhfuighfeadh an Bhainríoghain amach gur dheineamar
a leithéid bhainfeadh sí na cinn dínn ar fad.
Agus, feuch, a bhean uasal, táimíd ag deunamh
ár ndíchill fé dtiocfadh sí, chum …" Le
n-a linn sin do ghlaoidh A Cúig amach: "An


L. 92


Bhainríoghain! An Bhainríoghain!" agus ar an
nómant do chaith an triúr garraidheadóir iad
féin ar a mbeul agus a n-aghaidh ar an talamh.
D'airigheadh fothram mar bheadh go leor daoine
ag siubhal agus d'fheuch Eibhlís taobh thiar dí,
mar ba mhaith léi an Bhainríoghain d'fheicsin.



Bhí deicheanabhar saighdiúirí ar tosach agus
bataí aca. Bhíodar díreach ar dheunamh na
ngarraidheadóir .i. ar dheunamh cártaí, agus na
cosa agus na lámha ag na cúinní; in a ndiaidh
sin aniar tháinig deicheanabhar de lucht Pháláis
an Ríogh; bhíodar so go léir órnáidighthe le
Muilliotaí, agus iad ag siubhal in a mbeirt
agus in a mbeirt mar bhí na saighdiúirí. Díreach
ag a sála so tháinig clann an Ríogh: deichea-
nabhar díobh so bhí ann leis, agus bhíodar ag
léimrigh agus ag preabarnaigh agus ag deunamh
grinn agus meidhir dóibh féin, greim ar lámha
ag gach aon bheirt aca ar a chéile agus a
gcroiceann go léir buailte le Hartanna. In
a ndiaidh sin go léir tháinig an dream a bhí ar
cuaird aca — righthe agus bainríoghainí iad go
léir, geall leis — acht cé bheadh istigh in a measc
acht an Coinín Gléigeal. Bhí sé ag caint go
mear agus saghas critheán ann, fáth an gháire in
a bheul le gach aon rud a dheurfaí, agus ghaibh
sé thar Eibhlís gan aon tsuim a chur innte.
Annsin isé duine tháinig acht An Cuireata Hart
agus coróin an Ríogh idir a dhá láimh aige leagtha
in áirde ar chuisín deunta de shíoda corcra;
agus in a ndeireadh thiar tháinig an Rí agus an
Bhainríoghain Hart.



Ní raibh a fhios ag Eibhlís ná gur cheart dí í
féin a chaitheamh ar a beul a's a haghaidh mar a
dhein na garraidheadóirí, acht níor airigh sí riamh


L. 93


a leithéid de riaghal ag baint le cuaird Ríogh;
"agus rud eile," ar sí sin, "'dé mhaith turas
Ríogh mar seo dá mb'éigin do gach aoinne é
féin do chaitheamh ar a bheul a's ar a aghaidh -
dar ndóigh, ní bhfuighfeadh aoinne aon rud
d'fheicsin." Sheasaigh sí mar a bhí sí agus mar
a raibh sí.



Nuair a rángadar an áit a raibh sí, sheasaigh-
eadar go léir agus d'fheuchadar uirre, agus
d'fhiafhraigh an Bhainríoghain go crosta cér'b'
í seo. Ar an gCuireata Hart chuir sí an
cheist, acht níor dhein sé sin acht umhalughadh dhí
agus smiota gáire chur as.



"A phleidhce!" arsaigh an Bhainríoghain, ag
baint stuir aiste féin; annsin d'iompuigh sí
ar Eibhlís: "Cad is ainm duit?" ar sí sin.



"Eibhlís is ainm dom, a Bhainríoghain, le
toil t'onóra uaisle," arsaigh Eibhlís go deagh-
bheusach, "acht," ar sí sin léi féin, "dar ndóigh,
ní fhuil ionnta acht paca cártaí, cadé chúis a
mbeadh eagla orm-sa rómpa?"



"Agus cé hiad so?" arsaigh an Bhainríoghain
leis na garraidheadóirí bhí sínte ar an talamh
thimcheall ar an gcrann róis; mar nuair bhíodar
sínte agus a mbeul fútha agus na comharthaí ar
a ndrom mar a chéile leis an gcuid eile den
phaca, ní bhfuighfeadh sí a dheunamh amach ar
gharraidheadóirí, nó ar shaighdiúirí, nó ar lucht
an Pháláis, nó ar thriúr dá clainn féin iad.



"Cá bhfios domhsa cé hiad?" arsaigh Eibhlís,
agus chuir sí iongantas uirre féin a dhánaigheacht
a's a labhair sí. "'Dé bhaint atá agam-sa leis
an ngnó?"



Dhera, a dhuine, chuir an Bhainríoghain círín
uirre féin le neart faobhar feirge, agus sheasaigh


L. 94


a dhá súil in a ceann, agus bhí sí mar bheathaidheach
allta, agus tar éis nómant screuch sí: "Scuab
an ceann dí; scuab sin."



"Dícéille, a bhean!" arsaigh Eibhlís, go
hárd agus go neamhspleádhach. Níor fhan focal
ag an mBainríoghain.



Leag an Rí a lámh ar ghualainn na Bain-
ríoghna agus adubhairt: "Cuimhnigh, a chuid den
tsaoghal!" ar sé sin, "ná fuil innte acht leanbh."



D'iompuigh an Bhainríoghain uaidh le holc agus
dubhairt leis an gCuireata: "Iompuigh ar a
ndrom iad sin."



Chuir an Cuireata a chos fútha agus d'iompuigh
sé go deas ar a ndrom iad.



"Éirighidh!" arsaigh an Bhainríoghain de screuch
uathbhásach, agus do léim an triúr garraidheadóirí
in a seasamh agus chromadar ag umhalughadh don
Rí agus don Bhainríoghain agus do Chlainn an
Ríogh, agus do gach aoinne eile.



"Caithidh uaibh in ainm Chruim!" arsaigh an
Bhainríoghain, "tá meabhrán im' cheann agaibh.
Cad a bhíobhar a dheunamh annso?"



"Le toil t'onóra ró uaisle," arsaigh A Dó,
agus chrom sé a cheann agus chuaidh sé síos ar
a leath-ghlúin agus é dá freagairt: "Bhíomar
d'iarraidh …



"Tuigim anois!" arsaigh an Bhainríoghain.
Bhí sí ag tabhairt an chrann róis fé ndeara ar
feadh na haimsire. "Scuabtar na cinn díobh!"
ar sí, agus d'imthigh gach aoinne leo 'sa tsiubhal
acht triúr saighdiúirí d'fhan chum an t-órdughadh
a chur i bhfeidhm. Rioth an triúr garraidheadóirí
chum Eibhlís chum iad a chosaint.



"Ní bhainfear na cinn díbh!" arsaigh Eibhlís,
agus rug sí orra agus chaith sí isteach i ndabhach


L. 95


mhór iad a bhí taoibh léi. D'fhan an triúr saigh-
diúirí dá lorg ar feadh cúpla nómant, agus
annsin nuair ná fuaireadar iad leanadar an
chuid eile.



"Bhfuil na cinn díobh?" arsaigh an Bhain-
ríoghain.



"Is cuma orra súd nó dhíobh iad, a Bhain-
ríoghain ró onórach," arsaigh na saighdiúirí.



"Is fíor sin!" arsaigh an Bhainríoghain.
"An bhfuil tú in iúl ar chróicé d'imirt?"



Dhún na saighdiúirí a mbeul agus d'fheuchadar
ar Eibhlís, mar gur uirre cuireadh an cheist.



"Tá mé in iúl air," arsaigh Eibhlís.
"Siubhal leat, má's eadh," arsaigh an Bhain-
ríoghain, agus seo chum siubhail Eibhlís i bhfochair
na coda eile.



"Nach — nach breágh an lá é!" arsaigh an
guth gairid dí. Cé bheadh ann acht an Coinín
Gléigeal agus é ag cur na súl tríthe.



"Is breágh, mhuise!" arsaigh Eibhlís, "cá
bhfuil an Bhaintighearna?"



"Éis -! Éis -!" ar sé sin, agus d'fheuch
sé siar tar a ghualainn dá rádh dhó, agus annsin
d'éirigh sé ar órdóga a chosa deireadh agus chuir
sé a bheul chum a cluaise agus dubhairt i gcogar
léi: "Táthar chum an ceann a bhaint dí."



"'Dé a ghnó?" arsaigh Eibhlís.
"A ndubhairt tú 'Mo thruagh í'?" arsaigh
an Coinín.



"Ní dubhairt," arsaigh Eibhlís, "ní dóigh liom
gur truagh in aon chor í. Dubhairt mé, ''Dé a
ghnó?'"



"Bhuail sí an Bhainríoghain feadh na cluaise."
Chuir Eibhlís scairt de gháire aiste. "Ó,
Éis -!" arsaigh an Coinín arís, "aireoch' an


L. 96


Bhainríoghain thu! Tháinig sí roinnt déidheanach
don chluiche agus …"



"Téigheadh gach aoinne chum a áite féin!"
arsaigh an Bhainríoghain go hárd-ghlórach, agus
seo gach aoinne ag rioth agus ag bualadh i
gcoinne a chéile, acht ba ghairid go rabhadar
socair agus gur thosnuigh an cluiche. Shíl Eibhlís
ná faca sí a leithéid d'fhaithche cróicé riamh in
a saoghal; árdáin agus ísleáin b'eadh í ar fad;
gráineoga na liathróidí bhí aca, agus corr-iasc
beo bhí mar mháilléid aca, agus chaith na saighdiúirí
iad féin a lúbadh agus seasamh ar a lámha agus
ar a gcosa chum na stuadhanna a dheunamh dhóibh.



Tháinig sé cruaidh ar Eibhlís an cheud uair
bainistidhe a dheunamh ar a corr-iasc féin;
d'éirigh léi cabhail an chorr-éisc a shocrughadh
deas go leor fé n-a hoscail agus a chosa ar
sileadh síos taobh thiar, acht nuair bhíodh a mhuineul
dírighthe amach aici agus í chum iarracht dá ghob
a bhualadh ar an ngráineoig d'iompuigheadh an
corr-iasc siar uirre agus thugadh sé feuchaint
ghreannamhar isteach idir an dá shúil uirre 'sa
tslighe go gcaithfeadh Eibhlís lúbadh síos le neart
gáire; agus nuair bhíodh a mhuineul dírighthe arís
aici agus í i gcóir chum tosnughadh bhíodh an
ghráineog teichte; in a fhochair sin arís bhí árdán
nó ísleán roimpe 'sa tslighe pé áit a mbíodh
sí chum an ghráineog a chur; agus chum an mí-
ádh ceart a dheunamh ar an sceul d'éirigheadh na
saighdiúirí as an áit a mbídís agus bhídís ag
dul ó áit go háit ar fuaid na faithche. Bhí sé
deunta amach ag Eibhlís gurbh' é an scannradh
saoghalta an cluiche d'imirt.



Bhí gach aoinne ag imirt dó féin agus gach
aoinne ag imirt insan am ceudna; ní raibh


L. 98


aoinne ag fuireach leis an duine eile; gach
aoinne ag troid agus ag bruidhean agus ag
achrann, agus ba ghairid go raibh an Bhainríoghain
ar dhearg-bhuile agus í ag imtheacht ar fuaid na
páirce ag bualadh a coise ar an talamh agus
ag screuchadh amach le hárd-bhinib: "Scuab an
ceann de," nó "Scuab an ceann dí," gach aon
nómant.



Bhí roinnt scátha ag teacht ar Eibhlís: ní
raibh sí tar éis aon achrann a bheith aici leis an
mBainríoghain suas go dtí so, acht bhí sí ag
coinne leis aon nómant, "agus annsin," arsaigh
sí léi féin, "cad a dheunfainn? Tá an tiubaist
orra annso chum na cinn a scuabadh de na
daoine le gach aon fíge fíge. Ní fheadar conus
tá aoinne beo in a measc."



Bhí sí ag feuchaint thimcheall chum slighe éigin
a cheapadh chum euló' léi nuair thug sí fé ndeara
rud éigin ait 'sa spéir. B'ait léi go mór an
cheud uair é, acht i gcionn cúpla nómant dhein
sí amach gur drana é agus adubhairt sí léi féin
gurbh' é an Cat Clárach é chomh siurálta le haon
rud, agus go mbeadh duine éigin anois aici
chum cainte léi.



"'Dé 'n sceul é," arsaigh an Cat chomh luath
agus do bhí a bheul fásta go leor chum labhartha.



D'fhan Eibhlís gan aon fhreagra a thabhairt air
gur fhás a shúile, "agus 'dé mhaith labhairt leis,"
ar sí sin léi féin, "go mbeidh a chluasa aige
nó go mbeidh leath-chluas aige pé sceul é."
Is gairid go raibh a cheann go léir le feicsin
aici, agus annsin leag sí uaithe an corr-iasc bhí
aici agus thosnuigh sí ag léiriughadh dhó i dtaobh
an chluiche agus áthas uirre go raibh duine éigin
aici chum éisteacht léi. Bhí an Cat sásta anois


L. 99


go raibh go leor de le feicsin agus níor fhás
a thuille dhe.



"Ní dóigh liom go n-imireann siad an cluiche
go macánta in aon chor," arsaigh Eibhlís, ag
bogadh chum na cainte, "agus tá siad go léir
chomh mór sin chum achrainn nárbh' fhéidir leat
tú féin d'aireachtain, ní áirighim go n-aireochthá
aoinne eile — agus ní dóigh liom go bhfuil aon
riaghlacha aca, nó má tá ní leanann aoinne aca
iad — agus ní thuigfeá cad é an chuir amugha
dhéineann sé ar dhuine gur le rudaí beo imir-
eatar é; cuirim i gcás anois an stuadh a
gcaithfead-sa gabháil fé, sin é ag siubhal thimcheall
an taoibh eile dhen pháirc é."



"Conus a thaithnigheann an Bhainríoghain
leat?" arsaigh an Cat i gcogar léi.



"Ní thaithnigheann sí liom in aon chor," arsaigh
Eibhlís, "tá sí chomh" — le n-a linn sin díreach
thug sí fé ndeara go raibh an Bhainríoghain díreach
ag a cúl ag éisteacht léi — "MAITH sin gur
dóichighe de gur léi raghaidh an cluiche agus nach
fiú dhúinn deireadh chur leis."



Chuir an Bhainríoghain smiota gáire aiste agus
d'imthigh sí léi.



"Cé leis atá tú ag caint?" arsaigh an Rí,
ag teacht suas go dtí an áit a raibh Eibhlís, agus
sheasaigh a dhá shúil in a cheann nuair chonnaic sé
í ag caint le ceann cait.



"Duine muinteardha dhom é sin — Cat Clárach,"
arsaigh Eibhlís; "fan go gcuirfe mé in aitheantas
a chéile sibh."



"Ní maith liom an drana tá air," arsaigh
an Rí; "acht mar sin féin do-gheobha sé mo
lámh a phógadh má's maith leis é."



"B'fhearr liom gan a dheunamh," arsaigh an Cat.


L. 100


"Ná labhair liom-sa 'sa tslighe sin," arsaigh
an Rí, "agus ná feuch orm 'sa tslighe sin acht
an oiread." Chuaidh sé ar scáth Eibhlís le linn
na cainte dhó.



"Do-gheobhaidh an cat feuchaint ar an Righ,"
arsaigh Eibhlís, "léigh mé é sin as leabhar éigin,
acht ní fheadar me anois cadé an leabhar é."



"Caithfear é chur as an áit seo," arsaigh an
Rí go húdarásach, agus ghlaoidh sé ar an
mBainríoghain bhí ag gabháil thórsta san am
cheudna. "Feuch, a chroidhe na páirte!" ar
sé sin, "b'fhearr liom go ndeurfá le duine
éigin an Cat so chur as an áit seo."



Ní raibh ag an mBainríoghain acht an t-aon
tslighe amháin chum teacht as gach aon trioblóid
- beag a's mór — "Scuab an ceann de," ar sí
sin, gan an oiread a's feuchaint taobh thiar dí.



"Beurfa me féin liom fear an dí-cheannadh,"
arsaigh an Rí, agus as go bráth leis.



Dubhairt Eibhlís léi féin go raibh sé chomh
maith aici dul ag feuchaint conus bhí ag éirighe
leis an gcluiche; d'airigh sí caint na Bainríoghna
i bhfad uaithe agus í ag screuchadh agus ag liúirigh
le rabharta feirge. Bhí sí ag éisteacht léi ag
daoradh triúr de na hiomadhthóirí chum a ndí-
cheannadh mar ceann a's gur theip orra freagairt
don imirt, agus anois níor thaithnigh léi an
deallramh bhí ar rudaí, mar bhí gach aon rud
'sa chluiche ar aon leigint amháin 'sa tslighe ná
raibh a fhios aici ar dhí féin imirt nó nár dhí.
Chuaidh sí ar lorg a gráineoige.



Cá bhfuighfeadh sí í acht ag troid le gráineog
eile, agus dubhairt sí léi féin gur mhaith an chaoi
dhí é ceann aca a chur 'sa chluiche leis an gceann
eile, acht bhí an corr-iasc imthighthe uaithe trasna


L. 102


go dtí an taobh eile den pháirc agus é d'iarraidh
eitilt in áirde ar cheann des na crainn.



Nuair tháinig sí thar n-ais leis an gcorr-iasc
bhí an troid i leith-taoibh ag an dá ghráineoig
agus iad imthighthe as a radharc: "Is cuma é,"
ar sí sin léi féin, "mar tá na stuadhanna go
léir imthighthe go dtí an taobh eile dhen pháirc."
Bhailigh sí chúiche an corr-iasc fé n-a hoscail ar
eagla go n-eulóchadh sé arís uaithe agus chuaidh
sí thar n-ais go dtí n-a duine muinteardha
chum píosa eile seanchuis a bheith aici leis.



Nuair tháinig sí go dtí an áit a raibh an Cat
Clárach chuir sé iongantas uirre an comhthionól
mór bhí bailighthe thimcheall air. Bhí díospóireacht
éigin ar siubhal idir fear an dí-cheannadh, an
Rí, agus an Bhainríoghain; bhíodar go léir ag
caint 'san am cheudna, agus bhí an chuid eile
go léir agus gan giog asta agus d'fheuchadar
an-mhí-chompórdamhail.



Nuair tháinig Eibhlís chuadar a dtriúr in
athchuinghe uirre an sceul a réidhteach dóibh;
d'innis gach duine a thaobh féin den sceul, agus
ó's rud é go rabhadar a dtriúr ag caint in
aoinfheacht ba dheacair dí a dheunamh amach cad
a bhíodar a rádh.



Is é rud adubhairt fear an dí-cheannadh acht
ná fuighfí an ceann a bhaint de cheann-gan-
cholann; nár tugadh a leithéid le deunamh riamh
dó; agus ná raibh sé chum tabhairt fé an t-am
so dhá shaoghal.



Is é rud adubhairt an Rí acht gur chóir go
bhfuighfí ceann a dhí-cheannadh agus ná raibh
acht dícéille bheith ag rádh a mhalairt.



Is é rud adubhairt an Bhainríoghain acht mara
ndeunfaí rud éigin agus sin gan stad go


L. 103


mbainfí an ceann de gach aoinne. (Sin í an
chaint a chuir an oiread sin mí-chompóird ar an
gcuideachta ar fad.)



Ní bhfuighfeadh Eibhlís cuimhneamh ar aon rud
eile a rádh acht, "Cuir fé rádh an Bhaintighearna
é; fiafhruigh dí sin cad ba cheart a dheunamh."



"Tá sí sin fé ghlas," arsaigh an Bhainríoghain
le fear an dí-cheannadh, "tabhair annso chughainn
í"; agus d'imthigh sé sin mar a scaoilfí urchar
as ghuna.



Chrom ceann an Chait ag meath agus ag meath
chomh luath a's a fuair sé fear an dí-cheannadh
imthighthe, agus nuair a fhill sé thar n-ais leis an
mBaintighearna ní raibh teidheal den cheann le
feiscin. Do rioth fear an dí-cheannadh agus
an Rí fiadhain thall a's abhus in gach aon áit dá
lorg agus chuaidh an chuid eile dhen chuideachtain
ag imirt an chluiche.


L. 104


CAIBIDIL A IX



SCEUL AN GHÁRLAIGH SHLIOGÁNAIGH



"Ní fheadar tú cadé an t-áthas a chuireann
sé orm tú d'fheicsin arís, a dhuine mo chroidhe!"
arsaigh an Bhaintighearna, ag cur a láimhe isteach
in oscail Eibhlís agus dá hárdach léi ag siubhal
thimcheall na páirce.



Bhí áthas ar Eibhlís í bheith chomh séimh, chomh
cuideartha sin seochus an lá casadh uirre 'sa
chistin í, agus bhí sí ag cuimhneamh in a haigne
féin gur dócha gurbh' é an piobar ba chionntach
le mí-iomchur alltach an lae sin.



"Nuair bhead-sa im' chéile ag tighearna,"
arsaigh Eibhlís léi féin (agus ní haon mhuinghín
ró láidir bhí aici go mbeadh), "ní bheidh aon
ghráine piobar agam im' chistin. Deunfaidh
an anairthe an gnó go maith gan é. — Béidir
gurb' é an piobar is cionntach i gcomhnuidhe
le teasuidheacht agus mí-iomchur na ndaoine,"
agus lean sí uirre mar sin ag deunamh a
maranna ar an sceul agus í go mór innte
féin go raibh rud éigin nua deunta amach
aici, "agus bhinéigire a dhéineann mí-shásta
leis an saoghal iad, purgóidí a dhéineann
searbhasach iad; agus an siúicre, dar ndóigh,
a dhéineann na leanbhaí deagh-iomchurach, deagh-
bheusach; — bocht an cás ná tuigeann na
daoine níos fearr an méid sin, ní bheidís
chomh táir sin fé na milseáin a thabhairt uatha
dá dtuigfidís."



'Sa machtnamh dí níor chuimhnigh sí go raibh


L. 105


an Bhaintighearna in a cuideachtain in aon chor
gur chuir sí sin í féin in iúl dí agus go ndubhairt
sí, "Tá tú ag machtnamh ar rud éigin agus
baineann sin do chaint díot. Ní bhfuighfinn a
rádh anois díreach cadé an múineadh bhaintear
as sin, acht is cuma é, cuimhneo' mé ar an
nómant air."



"Béidir ná fuightear aon mhúineadh as sin,"
arsaigh Eibhlís.



"Hut, hut, a dhuine! ní fhuil dada ná
fuighfí an múineadh as, dá n-éireoch' le daoine
é d'fhagháil"; agus d'fháisc sí í féin isteach
níos giorra dho Eibhlís.



Níor thaithnigh le hEibhlís í bheith dá fáscadh
féin isteach léi: 'sa cheud áit bhí an mí-ádh le
grándacht ar an mBaintighearna; agus rud eile,
bhí sí díreach árd go leor a smeigín a leagaint
ar ghualainn Eibhlís, agus bhí an smeigín ceudna
sin chomh geur le cloich. Mar sin féin níor
mhaith le hEibhlís bheith mí-bheusach, agus chuir sí
suas leis chomh maith agus a fheud sí. "Tá ag
éirighe níos fearr leis an gcluiche anois," arsaigh
Eibhlís, ag deunamh iarracht éigin ar an gcaint
a choimeád ar siubhal.



"Tá sin," arsaigh an Bhaintighearna, "agus
an bhfuil a fhios agat a mhúineadh sin? Seo é
- 'dá ghiorracht do dhuine a chóta is giorra ná
sin dó a léine.'"



"Agus ná dubhairt duine éigin," arsaigh
Eibhlís, "gur milis an rud é an t-anam."



"Mhuise, is mar a chéile é," arsaigh an Bhain-
tighearna, ag cur iarracht dá smeigín síos tré
ghualainn Eibhlís, "agus an bhfuil a fhios agat
a mhúineadh sin — "chomh mar-a-chéile an dá mharbh
laogh."


L. 106


"Nach iongantach an caitheamh in a dhiaidh atá
aici," arsaigh Eibhlís in a haigne féin, "múineadh
bhaint as gach aon rud!"



"Tá mé ag cuimhneamh," arsaigh an Bhain-
tighearna, "gur ait leat ná fuil mé ag cur
mo lámh thimcheall ort, acht chum na fírinne
d'innsint duit ní fhuil aon mhuinighín agam as
do chorr-iasc. Ní fheadar an dtriailfinn é?"



"Is baoghal liom go gcuirfeadh sé gob
ionnat," arsaigh Eibhlís, mar nár thaithnigh léi in
aon chor go ndeunfadh sí a leithéid.



"Tá an ceart agat," arsaigh an Bhaintighearna,
"nár airigh tú riamh corr-iasc nó míoltóg,
míoltóg, míoltóg! agus a mhúineadh sin, 'ní
thuigeann an sáthach don seang, nuair atá a
bholg féin teann.'"



"Is eadh," arsaigh Eibhlís, "acht ní teann
bolg corr-éisc.



"Tá an ceart arís agat," arsaigh an
Bhaintighearna, "nach cruinn a labhrann tú i
gcomhnuidhe?"



"Deirtear," arsaigh Eibhlís, "gur binn beul
mná in a tost."



"Agus a mhúineadh sin," arsaigh an Bhain-
tighearna, "ná bíonn saoi gan locht."



"Ó, tá a fhios agam," arsaigh Eibhlís, agus
ná feadar sí in aon chor cad dubhairt an
Bhaintighearna, bhí a leithéid sin de leigint cainte
fúithe, "fios fáth scéil gan bun."



"Táim ar aon aigne leat 'sa méid sin,"
arsaigh an Bhaintighearna, "agus a mh -."
Níor chríochnuigh sí an focal agus chrom sí ag
crioth le fallsaor agus thuit a dhá láimh síos léi.
D'fheuch Eibhlís uirre agus b'ait léi cad bhí ag
teacht uirre — shíl sí gur dá tachtadh ag an


L. 107


diuc bhí sí — acht cad bheadh taobh leó acht an
Bhainríoghain agus í ag borradh agus ag at mar
bheadh cat i mála.



"Lá breágh, a Bhainríoghain!" arsaigh an
Bhaintighearna, go háimhleasc.



"Táim dá rádh leat," arsaigh an Bhainríoghain
ón a scartacha amach agus ag bualadh iarracht
dá cois ar an talamh, "go gcaithfe tusa nó do
cheann a bheith scriosta as mo radharc i leath an
mhéid aimsire a's a bhainfeadh sé dhe dhuine léim
in a sheasamh dá suidhfeadh sé ar ghriodal
dearg! Bíodh do rogha agat!"



Agus bhí a rogha aici; bhí sí teichte fé raibh
an focal as a beul aici.



"Leanaimís orainn leis an gcluiche," arsaigh
an Bhainríoghain le hEibhlís, agus bhí an iomarca
eagla ar Eibhlís aon rud a rádh acht an Bhain-
ríoghain a leanamhaint go dtí faithche an chróicé.



An dream eile bhí ag imirt an chluiche chuadar
ar scáth na cupóige ón ngréin nuair fuaireadar
an Bhainríoghain imthighthe uatha, acht ar an nómant
a chonnacadar ag casadh í seo chum an chluiche
arís iad. Ní dubhairt an Bhainríoghain aon rud
acht gur mhaith an bhail orra nár fhanadar fén
scáth gur chas sí, go mbeadh a n-anam aici.



An fhaid a bhí an cluiche ar siubhal níor chuaidh
lagadh ar an mBainríoghain acht ag achrann, ag
achrann le gach aoinne eile dhe na himirtheoirí,
agus ag screuchadh amach, "Scuab an ceann de,"
nó "Scuab an ceann dí"! An dream a
daoradh chum a ndí-cheannadh bhíodar gabhtha ag
na saighdiúirí, agus ó's rud é gurb' iad na
saighdiúirí na stuadhanna bhí aca bhí deireadh leis
na stuadhanna i gcionn leath-uair an chluig agus
bhí na himirtheoirí eile go léir gabhtha agus fé


L. 108


ghlas acht amháin an Rí agus an Bhainríoghain agus
Eibhlís.



Stad an Bhainríoghain go hobann agus saothar
uirre, agus d'fhiafhraigh sí dh'Eibhlís a bhfaca sí
riamh an Gárlach Sliogánach.



Dubhairt Eibhlís ná facaidh, agus rud eile ná
raibh a fhios aici cadé an sórt é in aon chor an
Gárlach Sliogánach seo.



"As sin," arsaigh an Bhainríoghain, "a dhéin-
tear an súp."



"Ní fhaca mé ceann aca riamh," arsaigh Eibhlís,
"agus rud eile, níor airigh mé trácht orra."



"Siubail leat, má's eadh," arsaigh an Bhain-
ríoghain, "agus inneosa sé a sceul duit."



Nuair bhíodar ag imtheacht d'airigh Eibhlís an
Rí á rádh go híseal leis an gcuideachta, "Tá
sibh go léir saor arís!"



"Is maith é sin," arsaigh Eibhlís; bhí sí an-
bhuadhartha mar gheall ar an méid d'órduigh an
Bhainríoghain a dhí-cheannadh.



'San imtheacht dóibh casadh Ollphiast orra
agus é in a throm-chodladh 'sa ghréin 'sa chasán
rómpa. (An t-ollphiast so fiolar b'eadh an
leath tosaigh de agus leomhan b'eadh an leath
eile.) "Éirigh, a scraiste díomhaoin!" arsaigh
an Bhainríoghain, "agus teasbáin don bhean
uasal so an Gárlach Sliogánach. Caithfe mise
casadh thar n-ais chum feuchaint i ndiaidh roinnt
dí-cheannadh tá órduighthe agam," agus chuir sí
dhí, agus d'fhág sí Eibhlís agus an Ollphiast
annsin i gcuideachtain a chéile. Ní ró mhaith a
thaithnigh deallramh na hOllphéiste le hEibhlís,
acht mar sin féin chreid sí go mbeadh sé chomh
sábhálta dhí a bheith in a fhochair le bheith i gcuid-
eachtain na Bainríoghna allta sin.


L. 110


Dhúisigh an Ollphiast agus bhain sé stracadh
as a shúile; d'fheuch sé i ndiaidh na Bainríoghna
go raibh sí imthighthe as a radharc, annsin chrom
sé a' scithireacht gáire agus ag caint leis féin.
"A chiallach!" ar sé sin, "nach mór an greann é."



"Cá bhfuil an greann?" arsaigh Eibhlís
"Don Bhainríoghain atá mé ag tagairt,"
arsaigh an Ollphiast; "ní fhuil sí acht ag leigint
uirre; ní bhaineann siad an ceann d'aoinne
annso. Siubhal leat."



"Tá an focal sin i mbeul gach aoinne
annso," arsaigh Eibhlís léi féin, "siubhal leat,
siubhal leat, ag gach aoinne; níor cuireadh an
oiread órduighthe riamh im' shaoghal orm."



Is gairid a chuadar nuair a chonnacadar
tamall uatha agus é in a shuidhe ar stolla
chloiche an Gárlach Sliogánach, é ag feuchaint
go dubhach, dubhrónach, uaigneach, agus gach aon
osnadh as gur dhóigh leat go ndeunfadh dhá leath
dá chroidhe. Bhí an-thruagh ag Eibhlís dó.
D'fhiafhraigh sí den Ollphiast cad a bhain don
duine bocht gur thuit sé chomh mór sin i mbrón.



"Ní fhuil aon chúrsaí bróin aige sin, a inghean
óigh," arsaigh an Ollphiast, "acht is dóigh leis
go bhfuil. Siubhail leat!"



D'imthigheadar leo suas go dtí an áit a
raibh An Gárlach. Bhí a dhá shúil attha ó bheith ag
gol. Níor chuir sé aon fháilte rómpa.



"Teastuigheann ón ngearrchaile seo," arsaigh
an Ollphiast, "fios fáth do scéil agus do chúrsaí
bróin d'fhagháil uait, teastuigheann sin."



"Suidhidh annso im' fhiadhnaise, sibh araon,"
arsaigh an Gárlach, "agus léireo' mé dhí é, acht
ná labharfaidh aoinne agaibh aon fhocal amach as
a bheul go mbeidh deireadh agam-sa lem' sceul."


L. 111


Shuidheadar síos agus níor labhair aoinne aon
fhocal ar feadh roinnt nómantaí.



"Ní fios," arsaigh Eibhlís in a haigne féin,
"caithin a bheidh deireadh leis an sceul maran
rud é go dtosnuigheann sé." Mar sin féin
bhrúghaidh sí fúithe.



I ndeireadh thiar thall chuir an Gárlach osnadh
as, osnadh chomh trom chomh cathach sin gur dhóigh
leat gur aníos as órdóga a chos a tharraing sé
é agus chrom sé ag seanchus dóibh:



"Obhoch! mo chreach a's mo léir, agus mo
chuma lem' shaoghal," ar sé, "bhíosa im' Ghárlach
ceart nádúrtha scaitheamh dem' shaoghal, acht bhí
leas-mháthair agam, agus bhí a leithéid sin de
ghráin aici orm gur ghuidh sí ar Chrom Cruach
sliogán a dheunamh díom," agus stad sé annsin
ar feadh tamaill mhóir eile. Níor labhair aoinne
acht amháin go gcuireadh an Ollphiast gogala
mór garbh as anois agus arís mar d'aireochthá
ag páiréid agus an osnghail mhór throm bhíodh
ag an nGárlach. Is beag a chuirfeadh d'fhiachaibh
ar Eibhlís éirighe in a seasamh agus a buidheachas
a gabháil leis mar gheall ar an sceul deas
taithneamhach bhí sé tar éis a innsint dóibh, acht
mar sin féin cheap sí ná fuighfeadh gan a thuille
bheith aige le n-innsint, agus d'fhan sí mar bhí
aici agus ní dubhairt sí dada.



I gceann i bhfad anonn agus leis an
osnghail ceudna thosnuigh sé arís: "Nuair
bhíomair-ne beag," ar sé sin, "cuireadh ar scoil
sinn 'sa mhuir mhóir. Sean-Ghárlach b'eadh an
t-oide-múinte bhí againn agus ní thugaimís aon
ainm air acht An Sean-Phortán …"



"'De chúis a dtugadh sibh sean-phortán air
nuair nár phortán é?" arsaigh Eibhlís.


L. 112


"Thugamair Sean-Phortán air," arsaigh an
Gárlach go feargach, "mar go mbíodh sé ag
portghail dúinn; nach dall atá tú!"



"Ba chóir duit náire bheith ort," arsaigh an
Ollphiast léi, "a leithéid de cheist a chur ar
aon Chríostuidhe beo," agus d'fheuch an bheirt
aca isteach idir an dá shúil ar Eibhlís bhocht, agus
dob' fhearr léi go dtuitfeadh an spéir uirre
nó go sloigfeadh an talamh í, bhí an oiread sin
náire uirre. "Tomáin leat, a dhuine bhoicht!"
arsaigh an Ollphiast leis an nGárlach, "agus ná
caith an lá ar fad ag gabháil dó." Lean sé air:
"'Seadh! chuadhamar go dtí'n scoil 'sa mhuir
mhóir, acht is dócha nach ró mhaith a chreidfí
é …"



"Ní dubhrasa riamh nár chreideas é!" arsaigh
Eibhlís.



"Dubhairt tú!" arsaigh an Gárlach.
"Éist do bheul!" arsaigh an Ollphiast fé
raibh uain ag Eibhlís focal eile a rádh, agus lean
an Gárlach air ag innsint a scéil.



"Fuaireamar an léigheann agus an t-oideachas
is fearr bhí le fagháil — bhíomair ag an scoil
gach aon lá …"



"Chuadhas-sa go dtí an scoil leis," arsaigh
Eibhlís, "agus níorbh' scoil na bprátaí rósta
é; 'sa tslighe nach ceart duit-se bheith ag
maoidheamh as do chuid léighinn agus as do chuid
scolaidheachta."



"An scolaidheacht choitchionta, is dócha!"
arsaigh an Gárlach, le roinnt searbhais, "ní
bhfuair tú aon phioc den scolaidheacht ná den
léigheann ghalánta."



"Fuaireas, mhuise," arsaigh Eibhlís, "d'fhogh-
luimigheas Frainncís agus Ceol."


L. 113


"Agus Nigheachán?" arsaigh an Gárlach.
"Ní headh, Nigheachán," arsaigh Eibhlís, agus
tháinig olc uirre chuige.



"Ó, má's eadh," arsaigh an Gárlach, "níor
scoil ró mhaith bhúr scoil-se," agus theasbáin sé
go raibh áthas air é bheith le rádh aige. "I
dTuarascbháil na scoile a rabhasa bhíodh an méid
seo mar aguisín leis — "Ar Fhrainncís, Ceol,
agus Nigheachán beidh breis díoluigheachta.""



"Ní mórán gádh bhí agat le Nigheachán ná
le haon rud eile thíos fén bhfarraige," arsaigh
Eibhlís.



"Níorbh' acfuinn dom é d'fhoghluim, a
chuigint," arsaigh an Gárlach, go truaighmhéileach,
agus le n-a linn sin chuir sé osnadh as. "Níor
bhac mé le haon rud," ar sé sin, "acht leis an
réim léighinn coitchionta."



"Cad iad na hadhbhair léighinn bhí 'sa réim
sin?" arsaigh Eibhlís.



"Bhí," ar sé, "Saint, Maoidheamh, agus
Sníomh, ar an gceud dul síos; agus annsin
bhí Áirthighe agus gach craobh eile a bhaineann leis
an ealadhain sin mar atá Tomhas, Leamhas, agus
Grabaireacht. Tabhair an leabhar leis gur chruaidh
é an Grabaireacht."



"Níor airigh mé riamh trácht air," arsaigh
Eibhlís. "'Dé rud é, ar son Dia?"



"Ó, Dia linn a's cabhair ó Dhia chughainn!"
arsaigh an Ollphiast, "éist leis an óinseach
gearrchaile adeir nár airigh sí riamh trácht ar
Ghrabaireacht — í sin a bhfuil gob uirre chum
gobaireachta agus soc uirre chum socaireachta -
ar bhfallaing, a chailín! go múinfinn-se dhuit é
agus gan a bheith i bhfad ar a thí."



Is beag a fhonn bhí ar Eibhlís a thuille


L. 114


ceisteanna chur; ní fheadar sí an ar a ceann
nó ar a cosa bhí sí in a seasamh le neart náire:
níor fhág an Ollphiast meas madra aici uirre
féin. D'iompuigh sí ar an nGárlach agus
d'fhiafhraigh sí dhe cad eile bhí sé d'fhoghluim.



Dubhairt sé go raibh sé ag foghluim Feall-
samhanacht, Breallsamhanacht, agus Scithireacht -
"Gach aon Aoine ar feadh uair a chluig tar éis
dinnéir is eadh thagadh Ollamh na Scithireachta
chughainn — Sean-Chnádán b'eadh é, agus bhí fios a
chéirde aige. Bhímís go léir sínte agus i riocht
scoilte orainn le gáire fé mbíodh sé réidh linn.
Bhíodh sé eulaighthe leis fé dtagaimís chughainn
féin. Chaitheadh an-chuid dínn thabhairt don leaba
leis an treighid tar éis a leictiúir sin. An lá
in a dhiaidh sin is eadh bhíodh an Liaigh le hÍce agus
Apotaigéireacht againn; agus chaithimís an
tráthnóna sin ag deunamh Iompódh Cait a
Chroicinn."



"Conus a dhéintí é sin?" arsaigh Eibhlís.
"Ní bhfuighfinn é theasbáint duit anois mé
féin; táim ag teacht ró aosda, agus tá mo
chnámha ró chraptha. Agus is dóigh liom nár
fhoghluim an Ollphiast annso riamh é."



"Ní raibh sé d'uain agam," arsaigh an
Ollphiast, "acht má's eadh chaith mé teurma
i bhfochair Fear Gaile agus Gaisce: sean-
ghliomach b'eadh é."



"Níor chaitheas-sa aon tamall in a fhochair
sin," arsaigh an Gárlach, "acht airighinn ná raibh
aon teora leis chum Meunghail, Sraothartghail,
agus Fail a mhúineadh."



"Ó, nach agam-sa tá a fhios é," arsaigh an
Ollphiast, ag oscailt a bhéil chomh mór a's go
raghadh colamóir siar ann, agus ag cur drana


L. 115


air féin, agus ag cur sraoth as gur dhóigh leat
go ndúiseoch' sé na mairbh a bhí is na reilgeacha.



"Ó, Dia linn, maran snaois é!" arsaigh
Eibhlís, "acht, mo dhearmhad, 'dé an fhaid bhíodh
sibh ag foghluim gach aon lá?"



"Deich n-uaire an chluig an cheud lá; a
leath sin an dara lá; agus a leath sin arís an
tríomhadh lá; agus mar sin de go dtí nár
bhfiú dhúinn suidhe síos chum aon cheacht, bhíodh an
t-am chomh gairid sin."



"Nárbh' ait a leagadh amach Réim na dTráth
dhíbh," arsaigh Eibhlís. "Is dócha go raibh an
sceul in a shosadh agaibh as son amach."



"Chaitheamair an chuid eile dhen aimsir ag
fiadhach piathán," arsaigh an Gárlach.



"Is leor sin i dtaobh an réim léighinn,"
arsaigh an Ollphiast, "is dóigh liom féin go
bhfuil an léigheann ag dul ós cionn meabhrach
oraibh. Béidir go neosfá dhí anois i dtaobh an
caitheamh aimsire bhíodh agaibh."


L. 116


CAIBIDIL A X



RINNCE AN GHLEAMAIGH



Chuir an Gárlach Sliogánach osnadh as agus
chimil sé a lapa mór trasna a dhá shúil. D'fheuch
sé ar Eibhlís agus thug sé iarracht ar labhairt
léi, acht ní bhfuigheadh sé focal a thabhairt leis,
tháinig a leithéid sin de thocht ar a chroidhe. Ba
dhóigh leat go mbrisfeadh a chroidhe in a chliabh


L. 117


nó go dtachtfaí é, 'sa tslighe gur chaith an Oll-
phiast breith air agus cúpla crothadh bhaint as
agus é bhualadh 'sa drom, feuchaint an bhfuigh-
feadh sé a anáil leis. I gcionn tamaill tháinig
sé chuige féin agus tháinig a chaint dó, acht bhí
na deoracha ag rioth anuas le n-a dhá phluc.



"Is dócha," ar sé, "gur beag ded' shaoghal
a chaith tusa fén bhfarraige" — ("aon phioc,"
arsaigh Eibhlís) — "agus béidir nár cuireadh in
aitheantas gleamaigh riamh tú" — ("d'ith mé p -,"
arsaigh Eibhlís, acht bhain sí siar aiste féin ar an
nómant arís agus dubhairt sí nár cuireadh,
riamh) — "agus mar sin de ní fhuil aon tuigsin
agat cadé an greann bhíonn ag daoine ag
deunamh Rinnce an Ghleamaigh."



"Ní fhuil, mhuise, aon tuigsin," arsaigh Eibhlís.
"A' bhfuighfeá a theasbáint dom cadé an sórt
é?"



"Mar seo," arsaigh an Ollphiast, ag baint
an fhocail as bheul an fhir eile, "caithfidh gach
aoinne seasamh ar aon líne i ndiaidh a chéile ar
an dtráigh …"



"In dhá líne," arsaigh an Gárlach. "Róin,
sliogáin, agus mar sin; agus annsin nuair
bhíonn an glóthach curtha as an tslighe agat …"



"Baineann sé sin roinnt aimsire," arsaigh
an Ollphiast.



"… tosnuigheann an Rinnce; gach aoinne
chum cinn agus i ndiaidh a chúil dhá iarracht …"



"Gach aoinne agus gliomach mar pháirtidhe
aige," arsaigh an Ollphiast.



"Ó, iseadh, dar ndóigh," arsaigh an Gárlach,
"gach aoinne chum cinn agus thar n-ais arís dhá
iarracht agus annsin t'aghaidh a thabhairt ar do
pháirtidhe …"


L. 118


"Annsin déin malairt gleamaigh agus thar
n-ais go dtí t'áit féin arís," arsaigh an Ollphiast.



"Tá a fhios agat annsin," arsaigh an Gárlach,
"go gcaithtear …"



"Na gleamaigh!" arsaigh an Ollphiast, ag
baint an fhocail as a bheul arís agus ag tabhairt
léim as a chabhail in áirde insan aer.



"… Chomh fada amach 'sa bhfarraige a's a
fheudfa tú …"



"Snámh in a ndiaidh annsin," arsaigh an
Ollphiast de screuch.



"Iompó toll thar ceann 'sa bhfarraige
annsin," arsaigh an Gárlach agus é ag pramsáil
thimcheall.



"Malairt gleamaigh arís," arsaigh an Oll-
phiast, ag cur ualfairt as.



"Gach aoinne a theacht i dtír arís annsin,
agus sin deireadh leis an gceud bhobhta de
Rinnce an Ghleamaigh," arsaigh an Gárlach, go
ciúin, mín, macánta, agus shuidh an dá bheathaidheach
a bhí fiadhain allta síos go dubhach dubhrónach
i láthair Eibhlíse agus gan cniug asta acht iad
ag cur na súile isteach tríthe.



"Rinnce an-dheas is eadh é, is dócha," arsaigh
Eibhlís, go scáthmhar (deirim leat gur bhaineadar
preab aiste).



"Ar mhaith leat é d'fheicsin?" arsaigh an
Gárlach.



"Ó, go deimhin, ba mhaith," arsaigh Eibhlís.
"Is eadh, déinimís an cheud bhobhta dhe,"
arsaigh sé leis an Ollphiast. "Is féidir linn é
go dheunamh gan na gleamaigh, dar ndóigh. Cé
imireoch' an port dúinn?"



"Ó, imir-se an port," arsaigh an Ollphiast.
"Tá sé dearmhadtha agam-sa."


L. 119


Seo chum an rinnce an bheirt aca; sheasaighidís
anuas is na hórdóga beaga ar Eibhlís nuair
thagaidís gairid dí, agus bhí a dhá lapa árduighthe
in áirde aca araon agus iad dá gcrothadh chum
a theasbáint go rabhadar ag coimeád istigh leis
an gceol, agus an Gárlach ag gabháil an amhráin
seo go mall, righin, cathach:



"Chodlas féin i dtigh aréir,
Is tuirseach tréith a bhí mo chuisle,
'Sé comhrádh béil bhí aca go léir:
M'inghean féin is a boc ar buile.
Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá!
Tá 'na lá, is ní fhuil 'na mhaidin.
Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá!
Ach solas árd atá 'san ngealaigh.



Éir' id' shuidhe, a fhir a' tighe,
Cuir do bhríste 'mat go tapaidh,
Coinnigh suas cuideachta shuairc
Don chroidhe mhaith mhór go dtiocfaidh an mhaidin.
Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá!
Tá 'na lá, is ní fhuil 'na mhaidin,
Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá!
Ach solas árd atá 'san ngealaigh.



"Ní éireochad im' shuidhe," ar fear an tighe,
"'S ní chuirfead bríste orm ná hata,
Blas ná braon dem' chuid-se dighe
Ní raghaidh in a gcroidhe go dtiocfaidh an
mhaidin."
Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá!
Tá 'na lá, is ní fhuil 'na mhaidin,
Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá!
Ach solas árd atá 'san ngealaigh.


L. 120


Tá mo stocaí i dtigh an óil,
Tá mo bhróga i dtigh an leanna,
Tá mo bha ag dul thar teorainn,
Is ní fhuil bean óg a raghadh dá gcasadh.
Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá!
Tá 'na lá, is ní fhuil 'na mhaidin,
Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá!
Ach solas árd atá 'san ngealaigh.



Tá an baraile ar a cheann,
Is ní fheicim ann acht dríodar deasga.
Tá mo ghiní ar an mbórd
Is bíom ag ól go dtiocfaidh an mhaidin.
Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá!
Tá 'na lá, is ní fhuil 'na mhaidin.
Tá 'na lá! ní fhuil 'na lá!
Ach solas árd atá 'san ngealaigh."



"Táim buidheach dhíbh araon; rinnce iongantach
deas is eadh an rinnce sin," arsaigh Eibhlís,
"acht buidheachas le Dia," ar sí sin léi féin,
"go bhfuil deireadh leis."



"Acht an t-amhrán," ar sí sin, "buaidh sé
sin ar a airigh mé riamh le breághthacht; leig
dom leis; agus maran bhfuil an Gárlach ábalta
ar é rádh go binn "ní fhuil in a lá." Béidir go
mbeadh amhrán eile agaibh, acht ar son Dia ná
déinidh aon rinnce, ní fhágfadh sé puth ionnaibh."



"Ó, i maite, a ghearrchaile, sin é a chuirfeadh
snaidhm is na haedheanna agat mara mbeadh an
lúth ionnat," arsaigh an Ollphiast.



"Is dócha é! Is dócha é!" arsaigh Eibhlís,
"acht cad mar gheall ar amhrán eile?"



"Deurfaidh an Ollphiast amhráin dúinn,"
arsaigh an Gárlach. "Tá a fhios agam go mbídís
aige in a gcairn".


L. 121


Bhain an Ollphiast cúpla casadh as a iarball,
d'oscail sé amach a dhá sciathán, agus chuir sé
scrogal air féin, agus tar éis cúpla casachtach
a chur as chum a scórnach a réidhteach d'iarr sé
ar Eibhlís gloine uisce d'fhagháil dó agus é
leagaint in a fhiadhnuise.



Nuair a bhí an méid sin deunta: "Ní fheadar
mé an bhfuighfe mé tabhairt fé in aon chor," ar
sé sin, "tá na fiacla caillte agam, agus tá
m'anáil ag teacht gairid."



Mar sin féin d'eirigh sé agus tar éis dó
cúpla casachtach eile chur as, thosnuigh sé:



"Maidin bhog dhrúchtmhar
Idir Chaiseal a's Dhúrlas
Go triopalach ciúinmhear
Gabháil im' choinne 'sa ród;
Labhair sé go tláth liom
Den chomhrádh chaoin ghrádhmhar,
'Gus chuir …"



"Tá sé caillte agam, tá sé caillte agam,"
ar sé sin.



"Misneach! misneach!" arsaigh an Gárlach,
"tabhair fé arís, tabhair fé arís, bhí a fhios agam
ná teipfeadh an guth ort."



"Is eadh, deurfa mé ceann eile dhíbh," ars
an Ollphiast.



"A Chomthain mhalluighthe, guidhim-se deacair ort
a's gráin Mhic Dé
A's ar an ngasradh úd bhí ceangailte go dlúth
led' thaoibh,


L. 122


Mar is sibh do dhearbhaigh i láthair Choisdealbhaigh
ar an dtriúr fear séimh
Agus chuir na Conairigh thar na farraigí dtí na
New South Wales.



An té bheadh 'na sheasamh ann agus dheunfadh
machtnamh ar ár gcúis dá pléidhe,
Mar a sheasaigh sí ón a seacht ar maidin go dtí
taréis a naoi,
Chrioth an talamh fúinn le linn na labharacha dá
dtabhairt 'sa mbréig
A's mo ghráidhín-se an t-anam bocht, tá sé
damanta má's fíor í an chléir.



A Bhainríoghain bheannuighthe, a's a Rí na bhFlaitheas
geal, tabhair fuascailt orainn araon,
A's ar an mbanaltra tá 'sa mbaile go dubhach
'nár ndéidh.
Le linn an aifrinn bídhí ag agallamh 'gus ag
guidhe chum Dé
Ar na Conairigh a thabhairt abhaile chughainn ó na
New South Wales."



"Tar slán, tar slán, a fhir an chroidhe mhóir,"
arsaigh an Gárlach, "agus ceud slán leis an
tsean-aimsir; nach é an feall gur cruadhaidh
Dia an saoghal orainn agus gur chuadhamair in
aois. Is eadh, anois, a ghearrchaile, nár cheart
go mbeadh cuideachta éigin ionnat-sa agus go
ndeurfá ceathramha bheag éigin dúinn."



"Tá gach aon rud chomh tré n-a chéile sin
orm le déidheanaighe gur ar éigin a gheobhainn
cuimhneamh ar na focail," arsaigh Eibhlís, "acht
deunfa mé mo dhícheall, dar ndóigh."



D'éirigh sí in a seasamh agus d'umhluigh sí


L. 123


dhóibh araon i ndiaidh a chéile; níor dhein sí
dearmhad ar an méid sin, pé sceul é; chuir
sí a dhá láimhín taobh thiar dá drom, agus chaith
sí a ceann roinnt siar ar a guailne, agus chuir
sí gob uirre féin agus thosnuigh sí:



"Ar maidin moch a ghabhas amach
Ag dul dtí'n scoil dom féin,
Scian a's forc go tabhail im' ghlaic,
A's lonnradh te lem' thaobh.
Ag taisteal dom tré phluide a's gúth,
A's mo chadhp go hárd 'san aer,
Cad a gheobhainn lem' ais ach smeura deas
Agus áirnidhe blasta geur."



"Is ait an tslighe atá an chaint sin agat,"
arsaigh an Gárlach.



"Tá sé chomh ait agus do-gheobhadh sé a bheith,"
arsaigh an Ollphiast, "ní mar sin d'airighinn-se
an t-amhrán sin in aon chor le linn m'óige."



"Níor airigh mise riamh im' shaoghal é," arsaigh
an Gárlach, "agus rud eile dhe, is dóigh liom
gur ráiméis ar fad é."



Ní dubhairt Eibhlís aon rud; shuidh sí síos
agus a haghaidh foilighthe le n-a dhá láimhín aici,
agus é ag rioth léi ná tuitfeadh aon rud amach
i slighe nádúrtha go deo arís.



"Badh mhaith liom," arsaigh an Gárlach, "go
ndeunfadh sí míniughadh éigin dúinn air."



"Ní bhfuighfeadh sí é mhíniughadh dhuit," arsaigh
an Ollphiast. "Abair an cheud cheathramha eile."



"Acht, in ainm Dé!" arsaigh an Gárlach,
"cad a bhí uaithe den scian agus den fhorc?"



"Mar sin a bhailightear smeura dubha anois,
is dócha," arsaigh an Ollphiast.


L. 124


Badh mhaith le hEibhlís go dtosnóchaidís ag
caint ar rud éigin eile, acht ní raibh aon phioc
dá fhonn orra.



"Abair an cheud cheathramha eile," arsaigh an
Ollphiast, "seo mar a thosnuigheann sé: 'Ní
raibh bróg ná stoca, cadhp ná clóc'.'"



Ní bhfuighfeadh Eibhlís bhocht innte féin iad
d'eiteach, ar a shon go raibh a fhios aici go
dtiocfadh na focail go léir bun-os-cionn arís,
agus thosnuigh sí:



"Ní raibh bróg ná stoca, cadhp ná clóc',
Ar áirnidhe dubha Loch Léin;
Agus shuidh an púca ar na smeara dubha,
A's ní raibh sceathóir ann ná caor.
Acht an scian a's an forc bhí agam im' ghlaic
Theastuigheadar go geur uaim féin,
Chum pluide a's gúta an bhóthair bhuig
A bhaint as an sceul go léir."



"Cadé an mhaith dhuit a bheith ag rádh an
ráiméis cainte sin," arsaigh an Gárlach, "maran
rud é go bhfuil tú chum míniughadh éigin a thabhairt
dúinn air. Isí an drabhghail cainte í is aite
agus is mí-thaithneamhaighe d'airigh mé riamh im'
shaoghal beatha í."



"Caith uait í in ainm Dé agus Muire, má's
eadh," arsaigh an Ollphiast, agus deirim leat
gur chaith.



"Ní fheadar," ar sé sin, "a ndeunfaimís
bobhta eile dhe Rinnce an Ghleamaigh, nó béidir
gur mhaith leat go ndeurfadh an Gárlach amhrán
eile dhúinn."



"Ó, amhrán an Ghárlaigh," arsa Eibhlís go
hobann — chomh obann agus chomh sainteamhail sin


L. 125


gur tháinig olc ar an Ollphiast, agus go
ndubhairt sé leis féin agus pus air: "Is
fuiris daoine a shásamh! thoicim, a dhuine úd,
abair 'An tUbhal' dí."



Chuir an Gárlach cúpla osnadh as agus dóbair
go sgoiltfeadh a chroidhe le tulcaí goil ag
tosnughadh an amhrán dhó, dhún sé a dhá shúil,
agus thosnuigh sé ag cur dá chroidhe mar seo:



"Tá scéilín nua 'gam le hinnsint díbh-se,
Cúrsaí spóirt agus comhrádh díghe,
Ubhal breágh gleoite a chuireas im' phóca
'S ná fuaireasa romham ann acht práitín síl.
Obhoch! mo thúirse mar a shileann mo shúile
I ndiaidh an ubhail ud bhí breágh buidhe.
Óigbhean mhúinte bhí t'réis é thabhairt dom,
A's go dtabharfainn chúig phúint ar é a
bhlaiseadh arís.



Shiubhlaigheas Cléire agus Carraige Aonair,
Cuanta Béara bhí romham 'sa tslighe,
Puínte na nGréig' 'gus na Dosaí Maola,
An Fhiadh 'san Laoi taobh amuigh de Bhaoí.
Obhoch! mo thúirse mar a shileann mo shúile
I ndiaidh an ubhail úd bhí breágh buidhe.
Óigbhean mhúinte bhí t'réis é thabhairt dom,
A's go dtabharfainn chúig phúint ar é a
bhlaiseadh arís.



Shiubhaluigheas Cualach mar a bhíos buadhartha,
An Paróiste Thuaidh agus na hAdhraidhe,
'San Oileán Mór is eadh d'innis dom buachaill
Ná fuighfinn a thuairisc go raghainn thar Snaidhm.
Obhoch! mo thúirse mar a shileann mo shúile
I ndiaidh an ubhail úd bhí breágh buidhe.


L. 126


Óigbhean mhúinte bhí t'réis é thabhairt dom,
A's go dtabharfainn chúig phúint ar é a
bhlaiseadh arís.



Shiubhaluigheas Cóbh agus Baile na Móna,
Cathair Tonn Tóime 'gus Inis Seircín,
Thoir ar an gcósta is eadh d'innis dom stróinse
Go raibh sé in a sheó ar shráid Neidín.
Obhoch! mo thúirse mar a shileann mo shúile
I ndiaidh an ubhail úd bhí breágh buidhe,
Óigbhean mhúinte bhí t'réis é thabhairt dom,
A's go dtabharfainn chúig phúint ar é a
bhlaiseadh arís."



"Is eadh, an curfá arís!" arsaigh an Oll-
phiast, agus díreach bhí tosnuighthe ag an nGárlach
nuair d'airigh an chuideachta an adharc dá séideadh
agus ag fógairt go raibh an "Cúirt 'na suidhe."



"Siubhal leat go mear!" arsaigh an Oll-
phiast, ag breith ar láimh ar Eibhlís agus dá
tarraing in a dhiaidh gan fuireach le críochnughadh
an amhráin.



"'Dé an chúirt?" arsaigh Eibhlís nuair a
tháinig a caint dí; acht ní dubhairt an Ollphiast
aon rud acht, "Corruigh ort!" agus chuir sé dhe
chomh mear agus bhí aige. I bhfad siar uatha
d'airigheadar guth brónach an Ghárlaigh Shliogánaigh
ag casadh an churfá:



"Obhoch! mo thúirse mar a shileann mo shúile."


L. 127


CAIBIDIL A XI



"AN CHÚIRT IN A SUIDHE"



Nuair a chasadar, bhí an Rí agus an Bhain-
ríoghain in a suidhe ar a gcathaoir ríoghdha agus
comhthionól mór bailighthe thimcheall orra — scata
mór de gach aon saghas eun beag agus beathaidheach
beag cheithre gcos; an paca cártaí go léir;
bhí an Cuireata annsúd in a sheasamh mar chime
istigh in a lár — a lámha agus a chosa ceangailte
le slabhraí agus saighdiúir in a sheasamh mar
ghárda ar gach taobh de; díreach taobh leis an
Rí bhí an Coinín Gléigeal agus stoc in láimh
leis agus meamram mór páipéir 'sa láimh eile
leis. Bhí mias phrátaí rósta leagtha in áirde
ar bhórd bhí i lár na cúirte. Bhíodar ag
feuchaint chomh breágh chomh plúrach sin gur
gheuraigheadar goile Eibhlís agus gur bhraith sí
an t-ocras ag buadhchain uirre. "Ní fheadar,"
ar sí sin léi féin, "an fada go mbeidh deireadh
leis an triail; b'fhearr liom ná aon rud go
mbeadh deireadh leis agus go roinnfí na
prátaí!" Acht nuair ná raibh aon deallramh
go mbeifí dá roinnt go luath bhuail sí thimcheall
tigh na cúirte dí féin ag tabhairt gach aon rud
fé ndeara.



Ní raibh Eibhlís riamh roimhe seo i dtigh cúirte,
acht ba chuimhin léi gur léigh sí mar gheall air is
na leabhartha, agus bhí mórdháil uirre go raibh
ainm gach aon rud bhí ann aici. "É sin a bhfuil


L. 128


an pheiribhig air sin é an breitheamh," ar sí sin
léi féin.



Acht b'é an Rí an breitheamh agus is amhlaidh
bhí an choróinn leagtha anuas ar an bpeiribhig
aige; deir mé leat gur fheuch sé mí-chompór-
damhail, agus rud eile níor oir an dá chóir dá
chéile a chuigint ná ar aon chor; is amhlaidh
do-righneadar araon amadán de.



"Agus feuch Coiste an Dá Fhear Dheug,"
arsaigh Eibhlís léi féin, "agus an bhfacaidh aoinne
riamh a leithéid" — éin b'eadh cuid aca agus
beathaidhigh bheaga cheithre gcos b'eadh a thuille
aca. "Dia linn a's Muire!" ar sí sin, "níor
mhaith liom go mbeadh coimirche m'anama orra
sin; guagairí beaga gan inchinn iseadh a urmhór."



Bhí an dá fhear dheug so ag scríobhadh ar a
ndícheall le cailc ar shlinnteacha. "Ní fheadar
'sa domhan bhraonach cad atá siad go léir a
dheunamh?" arsaigh Eibhlís leis an Ollphiast,
"dar ndóigh, ní fhuil aon rud le scríobhadh aca
fós nuair nár thosnuigh an triail."



"Tá gach aoinne aca ag scríobhadh a ainm
féin," arsaigh an Ollphiast, "ar eagla go
ndearmhadfaidís iad fé mbeadh deireadh leis an
triail."



"Hutaidís! na dallacháin!" arsaigh Eibhlís,
agus le n-a linn sin do ghlaoidh an Coinín amach
i gcomh-árd a chinn agus a ghutha: "Ciúineas
oraibh i láthair na Cúirte!" Chuir an Rí a
spiacláirí air, agus d'fheuch sé thimcheall feuchaint
cé bhí ag cainnt.



Chonnaic Eibhlís go raibh gach aoinne den dá
fhear dheug ag scríobhadh síos "Dallacháin" ar
na slinnteacha agus ná raibh an oiread a's duine
aca in iúl ar na leitreacha atá ag baint leis


L. 129


an bhfocal d'áireamh go ceart — bhíodar ag
cogarnach agus ag tabhairt uillinn dá chéile.
"Deirim leat," arsaigh Eibhlís léi féin, "go
mbeidh sé deacair an méid bheidh scríobhtha aca-
san a léigheamh fé mbeidh deireadh leis an triail;
acht, dar ndóigh, "an rud a scríobhann an púca
léigheann sé féin é.""



Is cuimhin leat Tadhg bocht, an t-arcluachra
- é sin a chuaidh síos 'sa simné; 'seadh, bhí sé
sin ar dhuine den Choiste agus an blúire cailce
bhí aige ag scríobhadh eachtradh an screuchadh bhí
sé á dheunamh ar an tslinn — raghadh sé go dtí
an ngrinneal ionnat. Ní bhfuighfeadh Eibhlís
foidhneamh a thuille leis, d'eulaigh sí taobh thiar
de Thadhg, agus sciob sí an chailc uaidh gan a
fhios dó. Dhein sí an gnó chomh mear sin ná
raibh a fhios ag Tadhg ó thalamh an domhain cár
imthigh sé. Tar éis dó a bheith dá lorg agus dá
chuardach in gach aon áit chaith sé scríobhadh le
n-a mhéir an chuid eile dhen lá agus bheadh sé
chomh maith dhó bheith díomhaoin; fhliuchadh sé a
mheur, agus an fhaid agus a fhanadh an mheur
fliuch bhíodh saghas éigin breacadh ar an tslinn,
acht dar ndóigh nuair a thirmigheadh sé bhíodh
sé imthighthe arís de.



"Léigh an choir, a Bhollsaire!" arsaigh an Rí.
Do shéid an Coinín Gléigeal an stoc fó thrí
agus d'oscail sé an meamram bhí in a láimh
aige agus léigh sé amach an choir:



"Whereas Prátaí rósta
Bhí ag do bhean phósta,
A Rí onóraigh,
Don mhac ba shine aici,


L. 130


Nuair tháinig an Cuireata
Agus le neart faobhar cuirptheacht'
Ghoid as an teine iad
Gan beann ar do dhlighthe-se."



"Tabhair do bhreath," arsaigh an Rí leis an
gCoiste.



"Fan leat, fan leat!" arsaigh an Coinín,
"tá mórán eile le deunamh
fós fé mbeidh an chúis
pléidhte!"



"Glaoidh ar an gceud
fhínnéith," arsaigh an Rí. Chuir
an Coinín an stoc chum a bhéil
agus shéid sé fó thrí arís é.
"Tagadh an cheud fhínnéith annso
i láthair na cúirte," ar sé sin.



Tomhais cé arbh' é an cheud
fhínnéith? Ní thomhaisfeá go
deo é! Fear Lár na Gealaighe!
Rioth sé isteach 'sa chúirt le
hata mór árd thiar ar chúl a
chinn, cupán té in láimh leis
agus píosa aráin agus ime
'sa láimh eile. "Gabhaim
párdún agat, a Rí onóraigh," ar sé sin, "chionn
a's gur thug mé iad so isteach liom; acht ní
raibh an té ólta agam nuair a cuireadh fios
orm."



"Bhí sé in am agat é bheith ólta agat,"
arsaigh an Rí. "Caithin a thosnuigh tú?"



"An ceathramhadh lá deug de Mhárta, is dóigh
liom," arsaigh Fear Lár na Gealaighe, agus
d'fheuch sé ar an nGirrfhiadh Márta bhí tar éis
é leanamhaint isteach i dTigh na Cúirte é féin


L. 131


agus an luichín, agus iad araon i riocht scoilte
orra le gáire.



"An cúigeamhadh lá deug," arsaigh an Girr-
fhiadh Márta.



"An séamhadh lá deug," arsaigh an luichín.
"Scríobhaidh síos é sin," arsaigh an Rí leis
an gCoiste, agus do scríobh an Coiste síos is
na slinnteacha leis an gcailc an ceathramhadh lá
deug, an cúigeamhadh lá deug, agus an séamhadh
lá deug, agus chuireadar le n-a chéile iad agus


L. 132


dheineadar amach 'dé méid scillingí agus airgead
corr a bhí aca.



"Bain díot do hata," arsaigh an Rí leis.
"Ní liom-sa an hata," arsaigh Fear Lár na
Gealaighe.



"Goidthe tá sé agat má's eadh," arsaigh an
Rí, agus scríobh an Coiste gach aon fhocal de
sin síos.



"Bíonn siad agam le díol," arsaigh sé sin;
"ní fhuil aon hata dem' chuid féin agam. Fear
hataí a dheunamh is eadh mé."



Chuir an Bhainríoghain a spiacláirí uirre nuair
d'airigh sí an chaint seo agus chrom sí ag
feuchaint go geur isteach idir an dá shúil ar
Fhear Lár na Gealaighe, agus chaill an fear bocht
sin a ghuth agus a dhath le neart eagla
roimpe.



"Tabhair t'fhínnéidheacht," arsaigh an Rí,
"agus ná bí chomh critheánach sin thimcheall air
nó bainfear an ceann díot."



Deirim leat gur bhain an méid sin cainte
preab as agus gur beag an misneach d'fhág sé
aige chum aon rud a rádh; bhí sé an-chorrshuanach
ann féin, agus níor thóg sé a dhá shúil den
Bhainríoghain; bhí an fear bocht chomh mór sin
tré n-a chéile gur bhain sé meannt as bheul an
chupáin nuair a shíl sé píosa aráin agus ime
d'ithe.



Le n-a linn sin díreach bhraith Eibhlís athrughadh
mór ag teacht uirre féin, rud a chuir tré n-a
chéile í go mór gur thuig sí cadé an brígh bhí
leis: ná raibh sí ag fás arís, agus i dtosach
nuair a bhraith sí an t-athrughadh ag teacht bhí sí
chum an áit d'fhágaint, acht tháinig sí ar
ath-smuaineamh, agus dubhairt sí léi féin go


L. 133


bhfanfadh sí mar a bhí aici an fhaid agus a bheadh
slighe dhí.



"Ná bí im' fháscadh, in ainm Dé," arsaigh an
luichín bhí in a suidhe taobh léi, "is ar éigin atá
mé in iúil ar bhreith ar m'anáil agat."



"'Dé'n leigheas atá agam-sa ort," arsaigh
Eibhlís, go ciúin, cneasta, "táim-se ag fás."



"'Dé chúis duit bheith ag fás annso istigh?"
arsaigh an luichín.



"Dhera, éist do bheul!" arsaigh Eibhlís,
"agus caith uait do dhícéille; ná fuilir-se ag
fás chomh maith liom-sa."



"Má's eadh," arsaigh an luichín, "ní chomh
mí-réasúnta leat-sa é; tá tusa ag rioth ar fad
leat féin." Agus d'éirigh sí dhen stuir sin
agus shiubhail sí trasna go dtí an taobh eile
dhen chúirt.



Níor chuaidh lagadh ar an mBainríoghain ar
feadh na haimsire go léir acht ag cur na súl
tré Fhear Lár na Gealaighe, agus díreach le linn
is an luichín a bheith ag dul trasna na cúirte
dubhairt sí le ceann des na hoifigí liosta des
na daoine thug amhrán uatha ag an Chuirm Ceoil
deireannach bhí aici a thabhairt chúiche. Tháinig a
leithéid sin de chritheán ar Fhear bocht na
Gealaighe gur thuit na bróga dhe.



"Tabhair t'fhínnéidheacht," arsaigh an Rí go
crosta, "nó dar so a's súd bainfear an
ceann díot pé aca eaglach nó neamh-eaglach
tú."



"Dílleachtaidhe bocht is eadh mise, a Rí
onóraigh," arsaigh Fear Lár na Gealaighe, agus é
i riocht tuitim leis an bhfallsaor, "agus is ar
éigin a bhí mé im' shuidhe síos chum an té — ní
raibh mé aon rud le seachtmhain nó mar sin -


L. 134


agus mar gheall ar salaigheacht an ime agus
stailceacht an aráin agus teodhacht an
té …"



"Teodhacht 'dé rud é?" arsaigh an Rí.
"An té ná fuil láidir," arsaigh Fear Lár
na Gealaighe, "ní fuláir dó bheith glic."



"Tá a fhios agam é sin," arsaigh an Rí,
"dar ndóigh, ní dóigh leat gur breall ar fad
mé. Is eadh, tomáin leat!"



"Fear bocht is eadh mé," arsaigh Fear Lár
na Gealaighe, "agus thosnuigh gach aon rud ag
glinneamhaint annsin — acht dubhairt an Girrfhiadh
Márta …"



"Ní dubhairt!" arsaigh an Girrfhiadh Márta
de shnab.



"Dubhairt!" arsaigh Fear Lár na Gealaighe.
"Ná feiceann tú," arsaigh an Rí, "go
dtugann sé an t-éitheach duit agus ná bac a
thuille leis an méid sin den sceul."



"Acht pé sceul é," arsaigh Fear Lár na
Gealaighe, "dubhairt an luichín" — agus d'fheuch
sé taobh thiar de ar an luichín feuchaint an
mbreugnóchadh sí sin é, acht níor dhein, mar bhí
sí in a marbh-chodladh.



"Agus annsin," arsaigh Fear Lár na Gealaighe,
"ghearr mé blúire aráin agus ime …"



"Is eadh, acht cad dubhairt an luichín?"
arsaigh duine den Choiste.



"Ní cuimhin liom anois é," arsaigh Fear Lár
na Gealaighe.



"Caithfe tú cuimhneamh air," arsaigh an Rí,
"nó bainfear an ceann díot."



Thuit an cupán agus an t-arán agus an t-im
amach as lámha an fhir bhoicht, agus chuaidh sé
féin ar a leath-ghlúin. "A Rí ró onóraigh,"


L. 135


ar sé sin, "duine bocht suarach is eadh mise,
agus …"



"Suaramán críochnuighthe is eadh thú," arsaigh
an Rí.



"Tar slán! Tar slán!" arsaigh an criucar,
agus seo é ag bualadh bas ar a dhícheall,
acht ba ghairid an mhoill ar oifigí na cúirte é
chur fé chois agus seo mar a dheineadar é -
ropadar i ndiaidh a chinn isteach i mála é agus
annsin shuidheadar anuas air.



"Is maith liom," arsaigh Eibhlís léi féin, "go
bhfaca mé lem' dhá shúil féin an cleas sin dá
dheunamh. Is minic a léigh mé is na páipéirí go
bualadh bas a chur ar bun nuair bheadh deireadh
le triail i dtigh cúirte, acht go gcuireadh oifigí
na cúirte fé chois é gan mórán moille, acht ní
raibh a fhios agam conus a dhéintí é go dtí
anois."



"Maran bhfeadar tú a thuille i dtaobh an
scéil," arsaigh an Rí, "gheobha tú dul síos."



"Ní bhfuighfinn dul síos a thuille," arsaigh
an fear bocht, "táim im' sheasamh ar an úrlár
ar ndóigh."



"Suidh síos, má's eadh," arsaigh an Rí.
Shil bean an chriucair bualadh bas eile a chur
ar bun, acht bhain an cleas ceudna dí.



"Is eadh," arsaigh Eibhlís in a haigne féin,
"sin deireadh leis an lánamha sin. Béidir go
raghfaí chum cinn níos fearr leis an sceul
anois."



"B'fhearr liom deireadh chur leis an mbraon
té seo," arsaigh Fear Lár na Gealaighe, agus
d'fheuch sé suas ar an mBainríoghain.



"Cuir díot," arsaigh an Rí; agus chuir an


L. 136


fear bocht de chomh mear in Éirinn agus bhí in
a chosa amach as tigh na cúirte, agus níor fhan
sé le n-a bhróga chur air.



"… Agus cas an ceann de leath is
amuigh," arsaigh an Bhainríoghain le duine de
oifigí na cúirte, acht bhí Fear Lár na Gealaighe
curtha dhe fé bhfuair an t-oifigeach dul amach
'sa dorus.



"Glaoidh ar an gceud fhínnéith eile," arsaigh
an Rí.



Is í an duine tháinig acht cócaire na Bain-
tighearna. Bhí boiscín an phiobar in a láimh
aici, agus d'aithin Eibhlís gurb' í bhí ag teacht
fé bhfaca sí in aon chor í, mar thosnuigh gach
aoinne bhí thíos ag an dorus ag sraothartghail
in aoinfheacht.



"Tabhair t'fhínnéidheacht," arsaigh an Rí.
"Ní thabharfadh," arsaigh an cócaire.



D'fheuch an Rí ar an gCoinín Gléigeal agus
dubhairt sé sin go híseal leis, "Caithfe tú an
bhean so a cheistiughadh."



"Má chaithfe mé, caithfe mé, ar ndóigh,"
arsaigh an Rí go dubhsmánta, agus d'fhill sé a
dhá láimh in a chéile agus chuir sé drana air féin
go raibh a dhá shúil geall leis sloigthe siar in a
cheann: "Conus a dhéintear prátaí a rósta?"
ar sé sin.



"Le piobar," ar sí sin.



"Le bláthach," arsaigh an duine taobh thiar dí
agus é mar a bheadh sé ag caint tré n-a chodladh.



"Beir ar scrogal ar an luch sin," arsaigh
an Bhainríoghain de scread. "Cas an ceann
dí! Cuir leath is amuigh dhen dorus í! Cuir
'sa mála í! Bain miotóg aiste! Strac an
fheusóg dí!"


L. 138


Ar feadh scaithimh bhí tigh na cúirte in aon
dhiúra-dheabhra amháin d'iarraidh breith ar an luch
chum í chur leat is amuigh dhen dorus, agus
nuair bhí gach aoinne socair síos arís bhí an
cócaire teichte.



"Is cuma é!" arsaigh an Rí. "Buidheachas
le Dia go bhfuilmíd réidh léi siúd, pé sceul
é. Glaoidh ar an gceud fhínnéith eile." Agus
d'iompuigh sé ar an mBainríoghain agus dubhairt
go híseal léi: "A chuid den tsaoghal! caithfe
tusa an cheud fhínnéith eile a cheistiughadh. Tá
meabhrán im' cheann-sa aca!"



Bhí Eibhlís ag feuchaint ar an gCoinín agus é
a' tútáil leis an bpáipeur in a raibh ainmeacha
na bhfínnithe. "Is beag fínnéidheacht atá fuighte
fós aca," ar sí sin léi féin. Bhí an-dhúil aici
a fheicsin cé hé an cheud duine eile ar a
nglaofaí, agus deirim leat gur baineadh preab
aiste nuair a glaodhadh amach a hainm féin.


L. 139


CAIBIDIL A XII



FÍNNÉIDHEACHT EIBHLÍS



"Táim annso!" ar
sí sin, ag éirighe in a
seasamh go hobann, agus
níor chuimhnigh sí riamh ar
an méid bhí tar éis dul
innte ó tháinig sí isteach
'sa chúirt. Ar a héirighe
in a seasamh dí agus
leis an bhfuinneamh bhí
léi nár bhuail íochtar a
gúna ar chinn an dháreug
agus leagadh gach aoinne
riamh aca síos i lár na
cúirte, síos ar chinn na
ndaoine go léir bhí
gairid do bhosca an
Choiste. Eachtradh b'eadh feuchaint orra le
n-a gcinn fútha agus a gcosa in áirde. Chuir
sé i gcuimhne dh'Eibhlís ciotarainn a bhain dí féin
'sa mbaile seachtmhain roimhe sin nuair a leag
sí báisín a raibh bric órdha ann agus dhortadh
iad go léir ar fuaid an tighe.



"Ó, gabhaim párdún agaibh!" ar sí sin, agus
d'aithneoch' aoinne ar a caint go raibh an-chathughadh
uirre. Chrom sí dá bpiocadh suas. Bhí a fhios
aici in slighe éigin gurb' shin é an ceart — go
raibh sé chomh ceart aici iad sin a bhailiughadh



D'fhan sé in a shuidhe suas
díreach agus a bheul ar
leathadh aige


L. 140


agus a bhí sé dhí na bric órdha a bhailiughadh — shíl
sí go bhfuighfidís bás maran gcuirfí thar n-ais
arís 'sa mbosca iad.



"Ní bhfuighfear dul chum cinn leis an
dtriail," arsaigh an Rí, "go mbeidh gach aoinne
den Choiste thar n-ais in a áit féin — gach aoinne
riamh den dáreug," ar sé sin, ag feuchaint go
geur ar Eibhlís.



D'fheuch Eibhlís ar an áit a raibh an Coiste,
agus cad a bheadh ná an t-arcluachra agus a
cheann fé agus a iarball san aer aige agus
corruighe beag dá bhaint aige as anois agus
arís. Ar éigin a bhí ann corruighe. Is amhlaidh
a chuir Eibhlís isteach bun ós cionn é.



Rug sí ar iarball air agus shocruigh sí in a
cheart arís é: "Acht is cuma é ar ndóigh," ar
sí sin, "ní measa den chúis bhí dá pléidhe a
iarball a bheith in áirde aige, le hé a bheith
fé."



Nuair bhí an Coiste tar éis teacht chúcha féin
roinnt agus pé mhéid ciall a bhí aca cruin-
nighthe le n-a chéile arís agus gach aoinne aca
agus a shlinn agus a phíosa cailce féin aige
chromadar ag scríobhadh síos cúntas ar an
gciotarainn a bhain dóibh, gach aoinne acht an
t-arcluachra bocht: bhí sé sin ró thré n-a chéile
aon rud a scríobhadh. D'fhan sé in a shuidhe suas
díreach agus a bheul ar leathadh aige ag feuchaint
in áirde ar fhraightheacha an tighe.



"An bhfuil a fhios agat-sa aon rud i dtaobh
an scéil seo táimíd do phléidhe?" arsaigh an Rí
le hEibhlís.



"Dada go Dia," arsaigh Eibhlís.
"Dada a chuigint ná ar aon chor?" arsaigh
an Rí.


L. 141


"Dada go Dia, adeir mé leat," arsaigh
Eibhlís.



"Éist leis sin," arsaigh an Rí leis an
gCoiste, "sin rud an-éifeachtamhail." Bhí an
Coiste ag tosnughadh díreach ar na focail seo
a scríobhadh síos ar a gcuid slinnte aca nuair a
labhair an Coinín Gléigeal: "Mí-éifeachtamhail,
a mheas tú a rádh, le toil do mhór-uaisleachta,"
ar sé sin go hurramach, acht mar sin féin bhí
sé ag dranghail, agus ag bagairt ar an Rígh le
linn na cainte dhó.



"Ó, 'seadh, mí-éifeachtamhail, ar ndóigh, mheas
mé a rádh," arsaigh an Rí d'urchar, agus annsin
lean sé air ag caint leis féin agus ag cur na
bhfocal — an-éifeachtamhail — mí-éifeachtamhail -
mí-éifeachtamhail — an-éifeachtamhail, tré n-a
chéile mar a bheadh sé d'iarraidh a dheunamh amach
ciaca an focal ceart.



Scríobh cuid den Choiste "an-éifeachtamhail,"
agus cuid eile "mí-éifeachtamhail." Bhí Eibhlís
ag feuchaint isteach thar a nguailne, agus
chonnaic sí gur mar sin a bhí: "Acht is cuma
é, dar ndóigh," ar sí sin léi féin.



An fhaid a's a bhí an Coiste ag scríobhadh bhí
an Rí ag scríobhadh in leabhairín beag póca bhí
aige. "Ciúineas!" ar sé sin d'urchar, agus
léigh sé amach as a leabhar: "Riaghal a dó a's
dá fhichead. — Caithfidh gach aoinne bhfuil breis is
míle ar aoirde ann an Chúirt d'fhágaint."



D'fheuch gach aoinne ar Eibhlís.
"Ní fhuil míle ar aoirde ionnam-sa," arsaigh
Eibhlís.



"Tá," arsaigh an Rí.



"Tá, geall le dhá mhíle," arsaigh an Bhain-
ríoghain.


L. 142


"Ní fhágfa mé an áit seo, pé sceul é,"
arsaigh Eibhlís, "rud eile, ní riaghal coitchionta
é sin; anois díreach a cheap tú é."



"Sé an riaghal is sia 'sa leabhar é," arsaigh
an Rí.



"Dá mb'é, badh ceart go mba Riaghal a
hAon é," arsaigh Eibhlís.



D'iompuigh an Rí ar dhath an fhalla agus dhún
sé a leabhairín. "Tugaidh bhúr mbreath," ar sé
sin go critheánach leis an gCoiste.



"Tá fínnéidheacht eile 'sa sceul," arsaigh an
Coinín Gléigeal, ag éirighe in a sheasamh go
hobann. "Anois díreach fuaireadh an páipeur
so caithte ar an úrlár."



"Cad atá scríobhtha ann?" arsaigh an Bhain-
ríoghain.



"Níor oscail mé fós é," arsaigh an Coinín,
"acht badh dhóigh liom gur leitir é a scríobh an
cime seo chum duine éigin."



"'Dé'n seoladh tá uirre?" arsaigh duine
dhen Choiste.



"Ní fhuil aon seoladh uirre," arsaigh an
Coinín, "ní fhuil aon rud a chuigint scríobhtha
leath is amuigh uirre." Bhí sé ag oscailt an
pháipéir le linn na cainte dhó: "Ní leitir in
aon chor é," ar sé sin, "tar éis gach aon rud;
roinnt filidheachta tá ann."



"An é scríobhadh an chime seo tá ann?"
arsaigh duine eile dhen Choiste.



"Ní hé, mhuise," arsaigh an Coinín, "agus
sin é taobh is aite dhen sceul." (D'fheuch an
Coiste an-thré n-a chéile; bhí an sceul ag dul
'sa mhuilleann orra.)



"Is dócha gur dhein sé aithris ar scríobhadh
dhuine éigin eile," arsaigh an Rí.


L. 143


"Le toil do mhór-uaisleachta," arsaigh an
Cuireata, "níor scríobhas-sa é, agus ní fhuil
aon chruthughadh aca gur scríobhas; ní fhuil aon
ainm leis."



"Marar chuiris t'ainm leis, is amhlaidh is
measa tá an sceul," arsaigh an Rí. "Bhí tú
ar tí achrann éigin a chur ar bun ráidhte 's
nár chuir tú t'ainm leis mar a dheunfadh aon
duine macánta."



Bhí an-bhualadh bas anois ann don Rígh.
B'iad so na focail b'fháigheamhla dubhairt sé indiu.



"Ná daorann san é?" arsaigh an Bhain-
ríoghain, "agus baintear …"



"Ní fíor san," arsaigh Eibhlís, "agus rud
eile dhe, ní fheadar sibh in aon chor cad dó tá
an fhilidheacht so ag tagairt."



"Leigh dúinn í," arsaigh an Rí.



Chuir an Coinín air a spiacláirí. "Cá
dtosnó' mé, a Rí onóraigh?" ar sé sin.



"Tosnuigh i dtosach," arsaigh an Rí go faid-
cheannach, "agus léigh leat siar go deireadh;
do-gheobha tú stad annsin."



Ní raibh focal as aoinne i dTigh na Cúirte
an fhaid agus a bhí an Coinín ag léigheamh an
mhéid seo im' dhiaidh:



"Dubhradar liom go rabhais léi,
Agus gur thrácht tú ar mo láimh;
Mhol sí sin go hárd mo cháil,
Acht amháin ná feudfainn snámh.



Chuir sé sin an sceula chúcha
Ná rabhasa t'réis éirighe.
Agus, Dia linn! anois cad a dheunfa tú,
Má chuireann sí an sceul chum crí'.


L. 144


Thugas-sa a haon dí sin,
Dó san a thugadar a dó;
A trí nó a ceathair thugaise dhúinn;
Agus, feuch! nárbh' olc an dóigh.



Ba liom-sa féin iad san go léir,
A's chasadar orm arís;
Acht tháinig sí chugham istoidhche aréir,
Dá rádh go rabhadar i ndísc.



Má's rud é go milleánfar mise ná í
I dtaobh na gcúrsaí so.
A bhfuascailt go léir tá ort-sa, a chroidhe!
Nó is giorra dhúinn, "uth!" ná puth.



Im' thuairim-se is tusa féin
Tháinig idir í a's me
A's chuir é siúd chomh fada i gcéin
Gan bean ná spré aige."



"Tá crochadh na mílte 'sa bhfínnéidheacht san,"
arsaigh an Rí, ag tógaint a leabhair amach as a
phóca arís; "seo-igí, a Choiste, tugaidh …"



"Feuch," arsaigh Eibhlís (agus ní raibh pioc
eagla uirre labhairt leo, chuaidh sí chomh mór
sin i méid ó tháinig sí isteach 'sa Chúirt).
"Feuch," ar sí sin, "tabharfa mé raol d'aoinne
a bhainfidh meabhair as an gcaint sin. Ní
chreidim go bhfuil ciall ná meabhair le baint as."



Scríobh gach aoinne dhen Choiste síos ar a
shlinn féin: "Deir sí ná creideann sí go
bhfuil ciall ná meabhair le baint as," acht níor
thug aoinne aca fé n-a mhíniughadh.



"Maran bhfuil ciall ná meabhair ann,"
arsaigh an Rí, "ag lorg meacain i bhfail muice


L. 145


'seadh bheith d'iarraidh ciall ná meabhair a bhaint
as, agus ní gábhadh dul in a thrioblóid, acht,
fan leat anois go bhfeicimíd," agus d'oscail sé
amach an páipeur, leag sé ar a ghlúine chuige
é, dhún sé súil leis: "Is dóigh liom tar éis
gach aon rud go bhfuil ciall éigin leis — "acht
amháin ná feudfainn snámh" — ní fhuil snámh
agat-sa, an bhfuil?" ar sé sin leis an gCuireata.



Bhain an Cuireata bocht crochadh as a cheann
agus is é bhí ag feuchaint go cásmhar. "Ar
dhóigh leat orm go mbeadh?" arsa mo dhuine
bocht. (Do b'fhuiris d'aoinne a rádh ná beadh
snámh ag cárta).



"Tá san go maith agus ní fhuil go holc,"
arsaigh an Rí, agus chrom sé ag meabhrughadh na
cainte leis: "'Mhol sí sin go hárd mo cháil'
- mo cháil-se é sin, dar ndóigh — 'má chuireann
sí an sceul chum crí'' — duit-se a thagrann sé
sin, a laogh!" ar sé sin leis an mBainríoghain
- "'Thugas-sa a haon dí sin, dó san a thugadar
a dó' — sin mar d'imthigh na prátaí rósta, ar
dhóigh …"



"Is eadh," arsaigh Eibhlís, "acht léigh leat:
"A's chasadar orm arís …'"



"Is eadh, ar ndóigh," arsaigh an Rí, "agus
dá chomhartha san féin sin iad annsin ar an
mbórd iad. Ní fhuil aon rud níos soiléire
ná san. Agus feuch leat arís — 'Tháinig idir í
is mé' — agus, dar ndóigh, a chuid den tsaoghal!
níor tháinig aoinne riamh eadrainn."



"Níor tháinig riamh," ar sí sin, ag breith ar
bhuideul an duibh bhí taoibh léi agus dá chaitheamh
le binib leis an arcluachra. (Bhí Tadhg bocht
tar éis éirighe as a bheith ag scríobhadh le n-a
mhéir ó's rud é nár fhan aon scríobhadh ar an


L. 146


tslinn chomh luath agus a thirmigh sé; acht
thosnuigh sé anois ag scríobhadh ar a dhícheall
báis leis an dubh bhí ag rioth anuas le n-a phluc.)



"Tugtar an bhreath!" arsaigh an Rí.
"Ná tugtar, ná tugtar!" arsaigh an Bhain-
ríoghain. "Gearrtar an pionós an cheud uair
- agus annsin tugtar an bhreath."



"Dícéille, a bhean!" arsaigh Eibhlís, "ar
airigh aoinne riamh a leithéid de ghnó? …"



"Éist do bheul!" arsaigh an Bhainríoghain,
agus deallramh an áibhirseora uirre.



"Ní éisteochad!" arsaigh Eibhlís.



"Scuabtar an ceann dí!" arsaigh an Bhain-
ríoghain i gcomh-árd a cinn agus a gutha. Níor
chorruigh aoinne.



"'Dé'n beann atá ag aoinne oraibh-se,"
arsaigh Eibhlís. (Bhí sí chomh mór agus bhí sí riamh
anois.) "Cad atá ionnaibh acht paca cártaí?"
ar sí sin.



D'éirigh an paca go léir in áirde 'san aer
ós a ceann mar saithe beach agus tháinigheadar
anuas 'sa mulla uirre; leig sí screuch aiste
agus thug sí iarracht ar í féin a chosaint orra,
agus dhúisigh sí as a codladh. Bhí sí in a luighe
ar an mbán, a ceann leagtha ar bheinn a
deirbhshéir, agus í sin dá cosaint ar na
cuileoga bhí ag teacht thimcheall ar a haghaidh dá
crádh.



"Dúisigh, a Eibhlís, a leinbh, is fada an
codladh bhí agat," arsaigh a deirbhshiúr léi.



"Ó, bhí taidhreamh iongantach agam!" arsaigh
Eibhlís, agus d'innis sí dá deirbhshiúr chomh maith
agus a fuair sí cuimhneamh orra na heachtraí
go léir ó thósach go deireadh, gach aon rud mar
atá léighte agat-sa 'sa leabhar so; agus nuair


L. 147


bhí deireadh aici leis thóg a deirbhshiúr in áirde
ar a baclainn chúiche í, agus phóg sí í agus
adubhairt: "B'iongantach an taidhreamh é gan
dabht; rioth leat isteach anois, a bhuidheanach,
chum do chuid té. Tá sé ag éirighe déidheanach."
D'éirigh Eibhlís in a seasamh agus rioth sí léi,
agus ní bhfuighfeadh sí a chur as a haigne na
heachtraí go léir a thaidhrigheadh dí, ní nach
iongnadh.



EACHTRADH EIBHLÍS GO NUIGE SEO.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services