Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Samhain, 1918
Title
Samhain, 1918
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1918
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. a 32. SAMHAIN, 1918. Dhá Phinginn a Fhiacha. GUMH SA CHÓMHRAC. As an ndráma Beurla a sgríbh An Sioradánach do thógas an méid seo. “The Rivals” is ainm do'n dráma. Sasanach go bhfuil mórán tailimh 'n-a sheilbh is eadh Rob Aera, agus gíománach do is eadh Dáth. Tá sé ar aigne Roib cómhrac aonfhir a sheasamh, agus tá Dáth ag iarraidh é 'chur de. Cladhaire símplí is eadh Rob; agus mar a mbeadh Lúcás Ó'Trigéir dhá chur chuige ní chuimhnóch sé ar throid i n-ao'-chor. Chun a mhisneach dho chiomeád beó bíonn mionna suathantaisí na bheul de shíor aige. Dáth: Dar a bportús! a mháighistir, níl an Lúcás san beo a chuirfeadh a' troid mise a n-aghaidh mo thoile. Mo sgóladh! cad deurfaidh do mháthair nuair a chlois- fidh sí an sgeul? Rob: Á! a Dháth, dá gcloistá Lúcás! dar spreucha dearga Ifrinn, do chuirfeadh sé sprid ionnat. Dáth: Ba mhó san ná a dhíchioll. Gráin air mar bhúistéir fallsa! dá mbeitheá chun babhta troda a dheunamh anois led' dhóirnibh, nó le maide maith droighin, ní chuirfinn isteach 'na thaobh ort; acht airm faobhair nó teine — ní tháinig éin ní fóghanta riamh asta. Rob: Ná dearmhaid m' onóir, a Dháth, m' onóir; caithfead aire mhaith a thabhairt dom' onóir. Dáth: Tagaim leat ar sin, a Mháighistir; do thabharfainn aire mhaith dom' onóir; ach dar a bportús, do bheinn a' braith air go dtabharfadh m' onóir aire mhaith dhom. Rob: Dar gaethe na gréine, a Dháth, ní chuirfidh duine uasal go bráth a onóir i nguais. Dáth: Acht, led' chead, a Mháighistir, ná fuil sé ceangailte ar an onóir, do réir an áirimh sin, gan duine uasal do chur i nguais go bráth? Feuch a leith, a Mháighistir: measaim gur b'é cara na h-aimhleasa dáríribh an onóir cheudna san. Cuir i gcás, anois, gur duine uasal mise — agus bheirim a bhaodhchas le Dia ná feudfaidh éinne a rádh gur b'eadh — cuireann an onóir a' troid le duine uasal eile me. Troidimíd. Marbhuighim é. Cé 'fhaghann tairbhe as? M' onóir gan amhras. Acht, cuir i gcás gur mise thuiteann. Téidhim-se chun na bpiastí, & dar a bportús, sgeineann m'onóir anonn chun mo namhaide, agus tógann sé suas leis. Rob: Ná bí ag cur éithig ar an onóir; ní dheineann go deimhin, acht téidheann sé san uaigh leat-sa. Dáth: San áit amháin go dtacfadh liom mo ghnó a dheunamh 'na éaghmais. Rob: Dar créachta na laoch, níl ionnat acht cladhaire. Ní gnaoi dhom éisteacht leat. An mian leat go dtabharfainn náire dom shinnsear? Dáth: Ná tóg orm é, a Mháighistir, acht is dóigh liom-sa gur b'í an tslighe is fearr chun gan náire thabhairt d'ár sinnsear — Fanamhaint uatha. Daoine maitha, togha daoine iseadh ár sinnsear; acht ní thoghfinn-se choidhche iad chun coidreamh a dheunamh leo. Rob: A Dháth, anois, eadrainn féin, an dóigh leat go bhfuil puinn conntabhairte sa chómhrac so? Dar saoghal na h-an- spride, nách minic a dheinid daoine cómhrac gan dochar dóibh féin. Dáth: Cianóg, dar a bportús, ní thabharfinn ar do sheans. Bain barr na cluaise dhíom go mbeidh ar an bhfód rómhat chun troda leat bioránach dána neamh- eaglach éigin, & piostal dhá bharraille nó claidheamh géar 'n-a láimh aige. Go saoraidh Dia sinn, cuireann sé crith cos is lámh orm nuair a mhachtnuighim air. Na h-airm dhiabhalta so & cíocras fola ortha, níor thaithneadar riamh liom. Ní dóigh liom go bhfuil i gcoilltibh an domhain, thoir ná thiar, beithidheach allta chómh neamh-truaghach le piostal lán. Rob: Dar mac alla an fhiadhantais, ní chaillfead mo chorráiste. Dar buile 'gus bagairt na ndúl, ní thiocfaidh leat faitchíos 'ná fanntas a chur orm. Feuch an leitir seo: is cuireadh atá tabharta 'gam chun cómhraic í. Tá mo chara, Seán Deimhintheach, chun í bhreith chun mo namhaide uaim. Dáth: Is maith liom nách orm-sa iarrais í 'bhreith chuige. Ní dheunfainn duit é ar an gcapall is feárr id' eachlainn. (É do thógaint na leitire 'n-a láimh). Dar a' bportús, ní deárach * le leitir chneasta í. Tá íoghar na h-urchóide agus crot na mailíse uirthe. Chuirfinn geall go bhfuil bolaithe an phúdair uaithe. (Cuireann sé fé'n a shróin í). Huth! tá, chomh láidir is bheadh ó spaga saighdiúra. Dar a bhfanntas, ní fheadar ná go bpleusgaidh sí. Rob: Sgrios, a bhreilliúcáin. Níl croidhe 'ná cródhacht an dreóilín teaspaigh ionnat. Dáth: Ní deurfad a thuille. Nách dúbhach an sgeul le clos sa bhaile i nDún Pludaigh é! Cé 'neosaidh dod' ghadhar bocht, Fios, go bhfuil a mháighistir go fann? An sean-chapall, Cotach, d'iom- paruigheadh chómh mórdhálach tú, cad a dheunfaidh sé? Búhú! Rob: Ní cabhair duit bheith liom. Ní féidir mé 'bhogadh. Imthigh leat, agus leog dom troid — faid 'bheidh an ríog ionnam chuige. (A Chríoch). Deárach = deallrathach. Gruagach an Tobair. DON DUINE ÓG. A leinbh atá i dtúis do shaoghail Mo theagasg go cruinn, beir leat; An té go dtáinig a chiall re h-aois Cuir-se gach ní 'na chead. Ná sanntuigh ráidhte baois' Ná an dream 'na mbíd acu; Sul a dtiocfaidh an iomad de'n aois Bíodh aithne ar Chríost agat. Ná caith do shaoghal díomhaoin A's ná leig an t-slighe ar ceal Óir an tslat nuair chruadhann le h-aois, Is deacair a sníomh 'na gad. Ad' óige, osguil do mheabhair A's bailigh an fhoghluim leat; Óir an glór nách tuigeann an ceann Is cuma é bheith ann nó as. An glór nách fuintear le gaois A's nách giorra do'n chroidhe 'ná 'on chab Níl ach imtheacht le gaoith Mar imthigheann ó'n ngadhar mbeag, sceamh. Glan-eólas, bailigh go cruinn, A's cuimhnigh gach ní 'na cheart; An glór do bhogann an croidhe Is é thaithneann le Rí na bhFeart. An t-Athair S. Ua Loingsigh, sa Bhrosnaigh, do sholáthruigh. NÓRA CRÍONA. I. Cá bhfuilir a' dul, a Sheáin a' Phíce? A' dul ar an aonach, a Nóra Chríona. Cad deunfair ansan, a Sheáin a Phíce? Ceannó' mé bó, a Nóra Chríona, Cé chrúdhfaidh duit í, a Sheáin a' Phíce? Ná deunfair dom é, a Nóra Chríona Táim ró-thinn, a Sheáin a' Phíce Nára fearr tú go deó, a Nóra Chríona. II. Cá bhfuil do thriall, a Nóra Chríona? Go Corcaig gheóbhad, a Sheáin a' Phíce. Cad é an gnó agat ann, a Nóra Chríona? Ceannó' mé té. a Sheáin a Phíce. Óra' Nóra, a Nóra Chríona, Bí a' cur díot nó gheobha tú sgeimhle, Taoi marbh ag té, a Nóra Chríona. Táim marbh gan é, a Sheáin a' Phíche. III. Corruig do chos, a Nóra Chríona, Is gheobhair tobac i gcóir na h-oidhche, B'fheárr liom a' té, a Sheáin a Phíce, Tá san ró-dhaor, a Nóra Chríona. Óra Nóra, a Nóra Chríona, Bí a' cur díot, &rl. Cailín ó Achadh Tiobraid do chuir chugainn. Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Gur bhriseadar na humaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces” Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Port an Phápa, CORCAIGH. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. A Ghaedheala! Ceannuighidh “ÉADACH na DRUIPSIGHE” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.) Co. Chorcaighe. tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE TOGHA GACHA BÍDH — Plúr, Min, Té is Siúicre; SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don bhfeirm; ÁRAISTÍ IARAINN is stáin don tig. ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.” Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig ó Luimneach. MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT Led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh- air na rudaí seo & iad go maith: Bróga is Stocaí, Léinte is Guaileáin, Lámhainní is Bónaí. T. Ó LOCHLAINN, 19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH. Gheobhaidh do mhac togha na scoluidheachta — I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CHORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. UISGE CEÁRDCHAN. Caibidil a I. Oidhche Shamhna, agus an ghrian ag dul fé dubhairt mo mháthair liom aire mhaith do thabhairt do'n tigh go raghadh sí féin ad' iarraidh uisce go dtí an tobar. Garsún beag a b'eadh mise an tráth san, agus ó cailleadh m'athair tamall roimis sin baintreabhach a b'eadh mo mháthair. Mise an té ab' óige de'n chlainn leis, agus d'á bhrigh sin d'fhanainn istigh i bhfochair mo mháthar chum congnamh agus cuideachta do dheunamh di an fhaid as a bhíodh an chuid eile d'ár dteaghlach ag obair imeasc na gcómharsan ar a bpágh lae. Bean bhreágh shlachtmhar dob' eadh í, ní i dtaobh mise d'á rádh é, agus coimeádaighe tighe críochnamhail leis. Do thóg sí canna, agus d'imthigh léi féin ag portuigheal go dtí an tobar. Do líon sí an canna d'uisce ag an tobar, shoc- ruigh a ciarsúir ar a ceann, d'árduigh sí an canna & tháinig sí thar n-ais fé dhéin an tighe go módhmharach. Díreach agus í ag deunamh ar an dtigh, do shleamhnuigh sí, agus do thuit ar a cliathán. Do chuir sí scread thruaighmhéileach aisti. Do chuala féin an scread is mé istigh sa chistin. Do bhain sé geit an anma asam. Do ritheas amach, agus fuaireas sínte ar an gcasán í is gan cor aiste. Do chabhruigheas léi chum teacht isteach chómh mhaith agus d'fheudas é. Do shuigh sí ar an gcathaoir, agus d'fhan sí mar sín chum go dtáinig an chuid eile isteach um thuitim na h-oidhche. Nuair a tháinig mo dhearbhráthair Seán abhaile d'árduigh sé leis í, & do chuir sé ins an leabaidh í. Do bhí sí sa leabaidh ar feadh coic- thighis nó mar sin — lá go maith agus lá go h-olc. I gceann tréimhse bhig do fuaradh go raibh úsáid a cliatháin caillte aici. Do bhí súil againn ámhthach go dtéarnóghadh sí acht i n-inead feabhus do theacht uirthi is amhlaidh do bhí sí ag dul chum deiridh i n-aghaidh an lae. Caibidil a II. Do bhí fear muinteardha do bhain lem' mháthair go dtugtí Seán Ua Maoilriain air. Do bhí de theisteas air go bhfeic- eadh sé na daoine maithe, & go ngeibheadh sé fios uatha ar gach nídh agus go mór mhór eolas ar leigheas gach galair. Do bhí sé i n-a chómhnuidhe a sé nó a seacht de mhílthibh uainn, agus fé theire thiar thall do cheap mo dhearbhráthair Seán go raghadh fé n-a dhéin le h-ionchas go bhfuighbheadh sé cómhairle uaidh chum fóirthint uirthi. Maidin áirithe d'úllmhuigh sé é féin chum bóthair agus nuair do shrois sé áitreabh Sheáin Uí Mh'riain i meadhon lae, do bhí seisean i n-a shuidhe istigh roimis cois na teine. “Mhaise, Dé bheatha-sa, a Sheáin, a chara mo chroidhe,” ar seisean lem dhear- bhráthair, “is fada ná feacamair tu. Ciannos tá do mháthair?” “Níl sí go ró-mhaith,” arsa mo dhear- bhráthair, agus do chrom sé ar 'á innsint do tríd síos, an tionóisc do bhain di. “Ní gábhadh dhuit a innsint dom,” arsa Seán Ua M'riain, “ná fuil a shár- ios agam air sin. Acht ba chóir,” ar seisean, “go mbeadh fhios ag na leithéid de mhnaoi chiallmhar stuamdha nár cheart di bheith amuigh déigheannach an tráthnóna úd, mar tráth iseadh é atá ana-fhabhrach dóibh chum duine do sciobadh leó. Acht, ciannos tá sí anois?” D'innis mo dhearbhráthair do. “Seadh,” arsa Seán Ua M'riain, “níl sí fuaduighthe aca fós acht tá sí i ngior- racht do; agus mo chómhairle dhuit anois gluaiseacht abhaile trí gach cómhgar chóm tapaidh agus atá sé id' chosaibh agus lán crúsca d'uisce na ceárdchan id' bhaile dúthchais féin do bhreith leat, agus a cliathán a nighe leis an uisge sin. Beidh sí agaibh ar feadh seacht mbliadhan eile ansan.” Caibidil a III. Ní raibh leithéid mo dhearbhráthar Seán is na seacht bparróistíbh mór dtimcheall. Iomáinidhe fuinte fáiscithe feidhmeamhail ar páirc ab' eadh é, agus sclábhaidhe breagh groidhe fairis. Do bhí a leithéid sin de mhisneach aige ná cuirfeadh an riabhach féin eagla air. Mar sin do ghluais sé abhaile go deithinseach. Do chuaidh sé fé dhéin na ceárdchan agus d'iarr sé an t-uisce ar an seana-ghabha. Dubhairt an seana-ghabha go goirgeach leis ná tabharfadh sé dho é; go raibh a fhios aige féin cad fá gur theastuigh sé uaidh, agus gur chuma leis cad d'imtheochadh ar dhaoinibh eile acht nár theastuigh uaidh na daoine maithe do chur 'n-a choinnibh féin. Do bhí mo dhear- bhráthair ag imtheacht leis féin amach as an gceárdchain go mí-cheudfach gan slán ná beannacht d'fhágaint ag aonne; acht pé súil-fheuchaint do thug sé, chonnaic sé an gabha óg ag bagairt air a gan fhios d'á athair, gan gluaiseacht a bhaile go fóil. D'fhan sé amuigh chum gur imthigh an seana-ghabha abhaile. Chuaidh sé isteach annsan arís & d'iarr an t-uisce ar an ngabha óg. Buachaill fearamhail galánta do b'eadh an gabha óg agus dubhairt go bhfuighbheadh agus fáilte a gan fhios dá athair, ach go gcaithfeadh mo dhearbhráthair teacht i n-am mharbh na h-oidhche d'á iar- raidh nuair a bheadh an seana-ghabha i n-a shámh-chodladh d'éis cruaidh-oibre an lae. D'fhág mo dhearbhráthair an cheárdcha go buidheach beannachtach, agus d'imthigh air abhaile. Caibidil a IV. Mar sin do bhí. D'fháisc mo dhear- bhráthair é féin chum bhóthair tamaillín roim mheadhon oidhche nuair a bhí an saoghal go léir n-a chodladh agus do chuaidh sé fé dhéin na ceárdchan. Is é ag deunamh ar an gceárdchain cad do chidfeadh sé ach solus breagh ag teacht amach tríd an bhfuinneoig agus tríd an ndoras agus d'airigh sé fuaim & fothrom dá dheunamh mara bheadh ag gaibhnibh is iad ag obair ar a ndícheall. Nuair a chuimhnigh sé ar an riachtanas do bhí leis an uisce agus go mór mór gurbh í a mháthair féin a bhí ag brath “BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Táid le fághail i ngach sráid bhaile. Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.
air níor stad sé ná níor staon sé acht do dhein fíoghair na chroise air féin, agus do dhein sé ortha isteach ceann ar aghaidh. Nuair a tháinig sé comhgarach do'n doras do stadadh de'n obair go léir agus do múchadh an solus agus do bhí an cheárdcha chomh dorcha le tóin an phúca gan solus gan gaibhne. Ní bhíodh aon dúnadh ar dhoras ceárdchan san am san, mar creidtí ná beadh rath na séun ar aonne a ghoidfeadh aon rud as ceárdchain. D'eirigh a mhisneach láith- reach. D'oscail an doras roimis acht nuair do chuaidh isteach do dúnadh an doras i n-a dhiaidh d'aon phléasc amháin. Níor stad sé riamh ná choidhche ámh, acht do dhein sé fé dhéin umair an uisce, agus do líon a chrúsca dhe. Chomh luath agus do bhí an t-uisce gabhtha aige, do mhothuigh sé a mhisneach ag lagú agus faitchíos ag teacht air. Do dhéin sé fíoghair na croise air féin arís, agus d'iarr trócaire agus cabhair ar Dhia & dubhairt i n-a aigne féin go gcaill- feadh an t-anam nó go mbeurfadh an t-uisce go dtí n-a mháthair. Tháinig neart agus misneach dho arís. Do dhein sé ar an ndoras; d'oscail é, agus siúd amach é; agus buaileadh an pléasc cheudna ar an ndoras i n-a dhiaidh aniar mar buaileadh ag dul isteach dho. Siúd amach ar an mbóthar é, agus do ghluais leis fé dhéin a bhaile. Caibidil a V. Do bhí air dul dhá mhíle shlighe go dtí n-a bhaile féin acht i ngiorracht ceathramha mhíle d'á thig féin fuair sé an sceimhle ar fad. Tháinig an duine i n-a dhiaidh aniar san bhóthar agus rug barróg air & choingibh annsan é ar feadh ceathramha uaire an chluig go maith, ag fuirse leis, agus gach iarracht aige chum an chrúsca do sciobadh uaidh, agus mo dhearbhráthair ar a chroidhe-dhíchill ag iarraidh imtheacht uaidh; agus níl aon amhras ná gurbh fhear maith é a choingeobhadh greim chomh fada san air mo dhearbhráthair. Annsan do chualaidh sé an sodar ag teacht. Do labhair an ghuth go feargach agus dubh- airt mo dhearbhráthair do scaoileadh. Do bogadh de annsan, & tháinig sé abhaile; acht níor leog air go ceann i bhfad gur imthigh faic air. Do nigh sé cliathán ár máthar leis an uisce, & i gceann cúpla lá d'eirigh sí as an leabaidh chomh slán folláin as do bhí sí riamh do réir gach deabhraimh. Do mhair sí na seacht mbliadhna, agus annsan fuair sí bás, agus tá súil le Dia agam go bhfuil a h-anam i bflaitheas Dé anocht. Seán Ua Cadhla, Cuilinn Uí Chaoimh, do scríobh síos ó dhuine des na comhursain. AN FIACH DUBH. Mac Crócaigh — Go ndeine Dia trócaire ar anam Risteáird Mhic Crócaigh (“An Fiach Dubh.”) Indé a cailleadh é i nDún Dealgan (31-x-1918). GUTH DO THUG RABHADH. Lá dár chuaidh fear sa Bhlascaod amach le'n a chuid stuic air mhochóirighe na maidne, le linn casadh abhaile dho, labhair an ghuth ag(en) a dhrom agus dubhairt: ‘bádhfar a' bád!’ D'fheuch sé thairis agus ní raibh pioc le feicsint aige, agus dob' ait leis an sceul. Do chuir sé dhe pas eile go tapaidh & ní fada ó bhaile a bhí sé, nuair a dubhairt an ghuth aríst; ‘bádhfar a' bád!’ Tháinig greanúireacht ansan air, agus d'fheuch sé thall is abhus, ach ní raibh pioc air a saoghal le fáil 'ná le feic- sint aige. Do chuir de go diair aríst, ach níorbh' fhada go ndubhairt an ghuth ar a' dtaobh thiar do: ‘Is dó, mhuise, bádh- far a' bád!’ an tríomhadh h-uair níos treise 'ná riamh. Do stop sé suas agus do dhein sé machtnamh cad é an bun a bhí leis a' gcúrsa. Agus do chuimhnigh sé láithreach cad é an bhrigh a bhí leis — fear ó phar- óiste Fionn Trágha a bhí i dtigh a mhuinn- tire ó indé roimis sin go raibh dhá bhó reamhra i n-Inis Mhicilleáin uaidh, agus ba mhaith leis aige iad an uair seo. Bhí bád ag (n)-a athair seo ins an Oileán — seisear mac innte agus an t-athair mar chaptaen uirthe. Do thuig sé láithreach gurbh' amhlaidh a bhíodar ag dul ad' iarraidh na mba, & mar lá tarraic ab'eadh é, gurb shin é an fáth go raibh an ghuth 'á chur i n-Iúl do féin, go raibh an bád le bádha'. Bhí dritháir do le bheith innte agus 'athair is ní raibh buile snámha aca, & ní raibh aon tsnámh- aidhe i n-Duibhneach ab fheárr 'ná é féin. Dubhairt sé leis féin dá mbeadh sé sa bhád — má bádhfaí féin í go sábhálfadh sé na fearaibh. Leis an inntinn sin, do thug sé aghaidh ar chaladh na mbád agus do bhí an bád díreach ullamh glan nuair a ghlaodhaigh sé ar barra? Do chuir abhaile an dritháir agus do chuaidh féin in 'ionad. As go brách leó tríd a' mbágh siar, nú gur bhaineadar amach Inis Mhicilleáin. Níorbh fhéidir aon duine a chur i dtír le tarrac mór & b'éigean dóibh teud a scaoileadh isteach ar bhloc maide, go dtí fear na cloiche. Do cheangail an fear istigh an dá bhó do'n téid, agus do thairigeadar ceann aca ar thaobh den bhád nú go mbeadh an ceann eile insa bhád ó'n dtaobh eile. Shar a raibh san deunta aca, do thairig an bhó eile isteach an bád fé bhráid an tarraic. Do bhris an tarrac ar a' mbád, & do buaileadh a beul fúithe. Do shábháil an fear so gach nduine aca, na ba agus an bád, gníomh iongantach, nár déineadh a leithéid riamh ó shin. Tomás Ó Criomhthain (an fear thiar ar fad) san Oileán Tiar. Tarrac = swell at sea. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. LEABHAIR A THAITHNFIDH LE GAEDHLAIBH, Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla, le fághail uainn-ne. Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg clár na leabhar. Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH. SRÁID DÁSON, a 45, BAILE-ÁTHA-CLIATH. Sranngscéalta mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” IM AR FHEABHAS AN DOMHAIN É SEO: IM C.C.C. Nuair a bheir 'á lorg ar fhear an tsiopa, féach chuige go mbeidh an cómharta san: ‘C.C.C.,’ ar chlúdach gacha bosca: Is ann is féidir é cheannach in a mhórchodaibh sa' 21adh tigh ar CHALA-PHORT NA gCEANNAITHE (Merchant' Quay). I gCORCAIGH. NÍ DEINTEAR AON PHÍOPAÍ EILE IN ÉIRINN ACH PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR AGUS IS FADA FARSAING ATÁ A GCÁIL. Le ceannach i ngach siopa tobac. Cuir a dtuairisc ar lucht a ndéanta — CAPP & MAC PEADAIR Teo. FAICHE SHAIN STIABHNA, ÁTH CLIATH. SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Scriobh chuige. Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill. Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.
CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA ó LÚCÁS DE BÚRCA. LÉINTE FO-LÉINTE STOCAÍ BÓNAÍ CARABHATAÍ de DHÉANTÚS GAEDHAL Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile: SRÁID PÁDRAIG N. a 105, CORCAIGH. (‘LUKE BURKE’) Gach cóir chun tig do dheunamh ÓN ÚRLÁR GO BÁRR AN TIGHE: Adhmad, Táthán agus Slinnte; Áraistí Iarainn, Stóbhana, agus Bácúsa; Dathán, agus an uile shaghas Íle 'gus Ola. Tá le fághail ó ‘CHOMPLUCHT EUSTACE,’ I gCORCAIGH. Scríobh chúca. COIS FARRAIGE THIAR atá an COLÁISTE ATLANTIC. Múintear Sranngscéaluidheacht & Scéaluidheacht-gan-Srainng ann do ógánaigh atá idir a 16 agus a 24. Gheobhair gach eólas ó'n Árd Oide — MUIRIS MAC GEARAILT, CATHAIR SAIBHÍN, I gCIARRAIDHE. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS STÁIN. ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ AGUS BIOTÁILE. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA GAEDHILGE Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim. “MÍ DEM SHAOGHAL,” le Bríd Stac, 3d. “LUIBH-EÓLAS,” le Seán Tóibín, 1½d. “SEAN-AMHRÁIN NA MUMHAN,” Cuid a 2, 3d. Le fághail ó MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann don Ghaedhilgeoir: UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87, i mBAILE ÁTHA CLIATH. AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh an Fear Gnótha. An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair. Na Díoltóirí. Ó Cuill agus a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid ag triall orainn & cuirfimíd cóibeana gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. “IDIR MÚRTHA GARBH-CHLOCH.” Do'n Tóibíneach — Is geall an tigh seo le tigh na marbh — aoinne a cuirtear isteach ann is lead- ránach iad ag teacht as; agus is beag scéal a théigheann thar doras uatha. Ach a ndubhairt siúd — “is fearr súil le glas ná súil le h-uaigh” agus b'fhéidir le Dia go bhfeicfimís Éire arís. Táim tuirseach den tigh seo, a dhritheáir. Seachtain is fiche críochnuithe ann indiu (11-x-1918) ag cuid againn. An díomh- aointeas a bhrisfeadh do chroidhe annso — é sin agus gan aon rud nua a bheith ag tuitim amach aon lá 'ná aon tseachtain ná aon mhí, ach gach rud, dá laighead é, do réir riaghlach agus cluig. Dá mbeadh amhrán agat annso ba mhór an chabhair ó Dhia dhuit é rádh — is ait leis na fallaí annso amhrán Gaedhilge a chlos, dar liom — agus ní thugas féin suaimhneas d'fhear an tighe gur scaoil sé an bheidhlín isteach chugam. Bím ag gabháil di sin; ach sé tubaist an scéil ná fuil ach aoinne 'mháin ar an dáréag atá annso againn d'fhéad- fadh babhta rinnce dhéanamh! Níor cheapas riamh, a' dtuigeann tú leat me, go mbeadh aindisidheacht chos mar sin ag gabháil le h-Éireannaigh. B'fhéidir leis, gurab é an biadh fé ndeara gan giodam a bheith ionainn. Níl cead agam aon ghearán a dhéanamh air, ach deirim an méid seo — 'á mholadh, a' dtuigeann tu, a dhritheáir mo chroidhe — nár bhaoghal go gcuirfeadh an biadh annso aon iarracht de'n teasbach dearg ort, 'ná ní chuirfeadh sé fonn ort bheith ad ghortú féin ag caitheamh trí léim as do chorp! Fuaireas do litir i dtaobh “An Lóchrainn,” ach ní fhuaireas “An Lóchrann” féin ó'n Meitheamh. Is dócha gur cheap Seán Bhuidhe go ndéanfadh sé díobháil anma agus cuirp dom dá léighinn é. Ní dóigh liom go bhféadfainn aon ní ar fóghnamh a scríobh' dhaoibh — fiú 'máin dá mbeadh cead agam é chur amach chughaibh, rud ná fuil. … Tagann olc orm uaireannta nuair a bhíonn an ghrian ag taithneamh agus nuair a chuimh- nighim ar bhéal Chuain a' Daingin agus an Chonair agus Ceann Sléibhe. Olc mo thurus annso, Is m'fhanamhaint i bhfos fé chrádh, Fé ghlasaibh ceangailte docht I nDurham na gclog, am' bhrágha, Mairg gan mise indiu Cois Góilín na tiughchoille bláth; Ag siubhal ar bharraibh na gcnoch, Nó 'g éisteacht le tonndórd na trágha. Suairc do bheadh m'inntinn annsin, Le ceolta ró-bhinne bheadh lán; Deóra, tré áthas, óm ghruadh Do shilfinn anuas ar an mbán. Duairc i nDurham dom 'gCarcar Gallaphoc; 'bhFad ón Daingean dom 'Dir múrtha garbh-chloch. Ní 'nnso b'áil liom bhe' ach Thiar i nDuibhneachaibh — Beannacht dá sár fhearaibh, Grádh dá ingheanachaibh. Beannacht — ón “Seabhac.” FIONN MAC CUMHAILL. Aonne a chuirean suím i scrúdú na sean-sceul, bu mhaith linn go ndeunfadh sé cur síos ar thréithíbh Fhinn, fé mar a thaisbeánaid na sean-laoithe is na sceulta Fiannuidheachta iad. Má dhein- ean aon léighthóir é sin dúinn, beimíd go buidheach de, mar is é dóichí go leanfaidh díospóireacht é — rud atá uainn. Lucht An Lóchrainn. LIOS CEARBHAILL. Bhí fear na chómhnuidhe anaice leis an lios so, pé áit na bhfuil sé, fadó, gurbh ainm do Cearbhall. Aon tráthnóna amháin nuair a bhí sé ag tabhairt na mbó abhaile do chualaidh sé leanbh ag gol astig sa lios … ba ghearr gur chualaidh sé bean 'á rádh leis an leanbh éisteacht, go mbeadh ba Cearbhaill 'á gcrúdhadh anois is go mbeadh bainne a dhóithin aige. Nuair a bhí na cailíní ag crúdhadh na mbó an oidhche sin dubhairt Cearbhall leo gan aon bhraon de'n bhainne a dhortadh agus níor dhoirteadar … Ansan nuair a bhí sé ag tiomáint na mbó thar an lios do chualaidh sé an leanbh ag gol arís. “Á,” arsa 'n bhean, “do stop Cearbhall an bainne ort ach is geárr go mbeidh braon dá chuid fola agat-sa le n-ól.” Nuair a chualaidh Cearbhall an méid sin tháinig sé abhaile, bheir leis ceann des na h-áruistí go raibh an bainne ann agus chuaidh sé go dtí an lios … Do ghlaoidh sé ar an mnaoi astig & dubhairt sé léi go mbeadh bainne a dhóithin ag an leanbh anois … Dhoirt sé an bainne ar an dtalamh ansan … Is tháinig sé abhaile is dubhairt sé leis na cailíní braon bainne a dhortadh gach uair a bheidís ag crudhadh na mbó … Níor thuit aon dro'-ní amach do na dhiaidh sin … Tá Lios Cearbhaill mar ainm ar an lios ó shoin. Nóra Ní Chonchubhair, Sgoil Naomh Eóin ar an gCaislig, Maistear Gaoithe. AN TÚIRNE BEAG. Aonne ar mhaith leis cártaí deasa ar naomhaibh Éireann nó cúntas ar shean-sheampallaibh Chonndae an Dúin bheith aige, scríobhadh sé ag triall ar lucht “An Túirne Bhig” ar lorg liosta. “An Túirne Beag, Árd Ríogh, i mBeul Feirste. Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
MICHEÁL MHUIRIS. Seo duine a bhí sa pharróiste seo fadó agus do shíleadh a lán daoine gur leath-amadán é ach deireadh a thuille aca gur cladhaire a bhí ann. Seadh, pé aca san é, deireadh agus dheineadh sé rudaí greanamhara. Nuair a bhíodh sceul uathbhásach á innsint aige deireadh sé — “Ní chualaidh éinne a leithéid ó bhí ‘Adam’ 'na rud beag.’ Bíodh gach aonne ag cur aindis air chun suilt a bhaint as. Mícheál Mhuiris ab' ainm do. Do bhí sé ag teacht go dtí an tAifrionn, Domhnach, agus do bhí an donus le fiantas ar an lá — do bhí clagarnach agus gaoth mhór ag stealladh, splanncacha ag lasadh na spéireach agus tóirthneach go tiugh in a ndiaidh, “Feuch,” arsa Mícheál agus gan fonn cainnte ar aonne eile a bhí len a chois “nách ait go léir an rúd é gur anuas a thagann an t-anfhad agus an droch-uain agus mórán Éireann díobhála, agus gur aníos a thagann biadh agus toradh agus tabharaistí móra an domhain. Tá dear- mhad ar na daoine a bhíonn ag cur 'na luighe orainn gur thuas atá neamh agus Ifrionn thíos.” Do bhí reana-bhean ó'n mbaile 'á cur lá agus do bí mo Mhícheál sa tsochraid chómh maith le cách. Do ghaibh an chóiridhe thar thig tábhairne, agus sin rud ná'r dhein Mícheál riamh — dul thar tigh óil gan a dhiúg mar bhí an dúil mhillteach sa bhraoinín aige. Ní raibh sé gan cuideachtain, deirim leat. Dhein- eadar moill istigh mar ná's bhrathadar an t-am ag sleamhnú uatha ag caitheamh dighe. Nuair thánghadar amach bhí an chóiridhe imithe as radharc. “Nách euchtach an deabhadh atá deunta aca?” arsa duine. “Níor mhór dóibh sin,” arsa Mícheál, “mar bhí giorra-radharc ar Pheig bhoicht agus is maith a dheineadar é gan an oidhche a bheith ag an seana mhnaoi bhoicht ag dul sall di.” Bhíodh sé de shíor ag deunamh libhéil ar leath-amadáin bhochta mar cheap sé ná raibh duine sa domhan ba ghéire 'ná é féin, agus dubhairt sé uair — “'Sé chloisim gach aonne ag rádh le h-aon amadán a bhuaileann treasna ortha — ‘beidh Ríoghacht na bhflathas ag an gcreatúir bocht ar an saoghal eile.’ Tá 'fhios agam-sa go bhfuil a leithéid d'áit ann ach ambasa nách i gcóir na n-amadán san é. Ní bheifí ag ag lot na bpáláisí leó!” Uair eile bhí sé ag gabháil an bóthar agus ualach éisc ar a asal aige. Ghaibh an sagart an bóthar agus dubhairt sé, nuair chonnaic sé Mícheál ag gabháil dá mhaide ar an asal bocht — “Mhuise, leig do'n ainmhidhe beag a thug ár Slánathóir go Ierúsalem.” “An deamhan mise!” arsa Mícheál, “b'fhada go sroisfeadh aonne Ierúsalem dá mb'é m'asal-sa bheadh aige!” Brighid Stac, Baile-n-Fhirteuraigh, Corca Dhuibhne. OIDHCHE FHEIL' MÁRTAIN. Naoi n-oidhche agus oidhche gan áireamh, Ó Oidhche Shamhna go Oidhche Fheil' Mártain. Athá sé de nós fá an dtuaith fós & do bhí ag sínsear Gaedheal ó'n tsean- aimsir i leith, fuil do dhortadh gach aon oidhche Fhéile Mártain. Marbhthar cearc nó coileach nó bárdal nó muc nó beath- adhach éigin eile an oidhche sin, chum íodh- bairt fola do dheunamh do Naomh Mártan. Athá go leor sceultha i dtaobh na h-oidhche sin agus i dtaobh an naoimh féin ag an tsean-dhream, sceulta ag cur síos ar mí- ádh éigin d'imthigh ar dhaoinibh do righne beagán den nós sin nó thug faillighe ann. Do bhí fear in a chómhnuidhe i mBaile na nGall roint bliadhanta ó shoin. Fear cráibhtheach creidmheach b'eadh é agus ní dheachaidh an oidhche sin thairis riamh gan cearc nó coileach do mharbhadh in onóir do Naomh Mártan. Acht aon uair amháin do chuaidh an oidhche chum mearbhaill air, agus nuair d'eirigh sé maidin lá ar na bhárach do bhí sruth fola ó dhorus an tseomra síos go dtí dorus na cistean. Do chuir sin i gcuimhne dhó a dhearmhad agus níor bhain sé dhó as sin amach. Dá rángóchadh muc nó seafaid nó aon bheathadhach eile tinn ar an bhfeirmeoir thabharfadh sé suas do Naomh Mártan an beathadhach sin chum é do shlánugadh, acht do bheadh air é do mharbhadh Oidhche Fhéil' Mártain. Mara ndeunfadh sé sin adeir- tear go gcaillfheadh fé furmhór a stoc nó go dtuitfeadh mí-ádh éigin air féin. Do bhí bean dosna Brianaigh i gCill an Iubharthain agus rángaigh muc tinn mar sin aici uair. Is cuma cad thabharfadh sí don mhuic ní bhfuighbheadh sí í do leigheas ná feoil do chur uirre. 'Sa deireadh thug sí suas do Naomh Mártan an mhuc & do gheall sí, dá dtiocfadh sí chúiche féin, í do mharbhadh Oidhche Fhéile Mártain. Do bhí feabhas ag dul ar an muic as sin amach agus í ag cur suas feola go h-iomadamhail, sa tslighe go raibh sí i n-iúl go maith í do mharbhadh Oidhche Fhéile Mártain. Acht do bhuaidh neart na sainte ar an mnaoi agus in áit í do mharbhadh do Naomh Mártan mar do gheall sí, do dhíol sí ar an aonach í an tseachtmhain do bhí in a cionn. Coicthigheas ón lá sin do chuaidh bó leis an bhfaill uirre agus coicthigheas uaidh sin arís do chuaidh seafaid ann laogh léi agá bascadh i gcorrach. Bliadhain ó'n tSamhain sin b'fhuiris áireamh do chur ar a stoc. Má's deacair leis an bhfeirmeoir a gheallamhaint do chómhlíonadh le Naomh Mártan, nuair athá a bheathadhach sleamhain slán arís aige ní h-amhlaidh sin dá chlainn. Bíonn an t-aos óg ag tnúth le teacht na h-oidhche sin mar bhíd le Féile na Nodlag, mar bíonn fleadh an oidhche sin aca agus feóil agá-róstadh ar bhior. Do bhí feir- meoir sa pharróiste seo roint bliadhanta ó shoin, Maitias Ó Briain a ainm. Thárla molt tinn ar a threud caorach agus thug sé suas do Naomh Mártan é mar ba ghnáth. Níor fhan dada ar an molt in a dhiaidh sin & is é do bhí go breághdha beathuighthe MAITH AN tSNAOIS — “SNAOIS CHORCAIGHE.” Sinn-ne a dhein ar dtúis í agus atá 'á deunamh fós. Tobac sár-mhaith an dá shórt so: “Shandon Plug” agus “Exhibition Roll.” Scríobh chugainn-ne: “CUALACHT LAMBCIN,” Sráid Naoimh Phádraig a 9, CORCAIGH. Dhá leabhar nua do Ghaedhealaibh. MAIDEAN I mBÉARA & dánta eile. Osborn Ó h-Aimheirgín do sgríobh. Luach — Trí Raolacha (postas 3 ph. eile). AN CHAISE GHARBH. Leabhar Nua-Fhilidheachta. Peadar Ó h-Annracháin do sgríobh. Luach — Trí Raolacha (postas 3 ph. eile). ó “CHLÓ NA gCOINNEALL,” 44 Sráid Dáson, i mBAILE-ÁTHA-CLIATH. TÁILLIÚIREACHT agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i nÉirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA, 11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH. NÍ GÁDH BEURLA 'LABHAIRT, ach an uair a raghair ar lorg SAIGRÉIDÍ MAITHE, agus deunfaidh dhá fhocal cúis ansan. Abair “SILK CUT” le cailín an tsiopa. I nDÚNDEALGAN a deintear, agus tá 'á gcaitheamh AR FUAID ÉIREANN. P. Ó CEARBHAILL IS A CHUA. (teor.) Lucht a ndeunta. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk
Tá le fagháil uainn-ne BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID den déanamh Ceilteach agus marc earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca. tá ÁTHRAIGHE ÓIR is ÁTHRAIGHE AIRGID mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca. Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair agus an luachliosta. LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.,” Guthán: 7 Cork; i Midleton. DO FHEAR NA FEIRME É SEO: Tá SÍOLTA, LEASÚ, ÚIRLISÍ, agus BIADH BEITHIDHEACH le fághail, go maith is go saor, sa tsiopa so: ‘SIOPA PLÚR IS MINE SHRÁID AN RÍ,’ AN 3adh tigh i Sráid an Rí, CORCAIGH. Scríobh indiu & cuir tuairisc a luacha &c. A Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i. “AN LÚCANIA” (de dhéantús na hÉireann) ó Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat. ag teacht ar Oidhche Fhéile Mártain. Acht b'fhearr leis an molt do dhíol ioná é do mharbhadh do Naomh Mártan. Fuair an mac faisnéis ar sin agus adubhairt sé go mbeadh sé féin suas leis. Do chuaidh sé amach le crónughadh na h-oidhche agus do chuaidh sé anáirde ar bhuaic an tighe agus seo mar adubhairt sé anuas tré an tsimné: “A Mhaitias Uí Bhriain, an bhfuil tú istigh?” Do bhí Maitias 'na shuidhe cois na teineadh agus adubhairt sé: “Atháim, tháim, a ghrádh, is cia athá innsin?” Adubhairt an mac arís: “Mise Naomh Mártan tháinig anocht, Is mara marbhócha tusa molt an chinn dhuibh, Beidh tú id thórramh seachtmhain ó indiu.” Do chuir sin sceimhle ar an bhfeirmeoir agus is gairid an mhoill do bhain sé dhe an molt do mharbhadh. Muiris Ó Cuirrín, In Iolscoil na Mumhan, i Rinn ó gCuanach, Is na Déisibh. Fuaireamair sgéal eile, mar é seo ó Bhrighid Ní Uallacháin, Árd Caorach, An Currán, Ciarraighe. Seo mar atá an bheursa a bhainean leis curtha síos ag Brighid: “A Chonchubhair Uí Ghairbhighe an gclois- ean tú an ghuth Mise Rí an Domhnaig agus bí go maith liom Mara marbhuighean tú dhómhsa an chaora caipíneach dhubh Beidh tú ar na marbhaibh fé sheachtain ó indiu. Lucht “An Lóchrainn.” AN CHAISE GHARBH, dánta le Peadar Ó h-Annracháin (ar 1/6 ó Chló-lucht na gCoinneal, in Áth Cliath). An t-é léigh- fas an cheud dán beag, léighfe sé an chuid eile den leabhrán, gan aon-amhras. Seód ceart iseadh é — teachtaireacht atá 'á chur ag triall ar “Nóra an gheala- chroidhe.” Ag caint do leis an leabhrán adeir sé: Bíodh at' bharra is at' leacain tsíos Draoidheacht a mheallfaidh go ceart chugham í Comhacht a lasfaidh an tsearc 'na croidhe Is a sheólfaidh feasta fé rachmas sínn. Aisling súl n-oscailte iseadh an t-abhrán ar cheól ‘Cháit Ní Dhuibhir.’ In a shuidhe ar thaobh cnoic i gCorca Luighe don bhfile tráth chuala sé an teachtaireacht ón Naomh- Bhrug 'a fhógairt — “go mbeidh Gaedhilg fé réim arís.” Aonne bhfuil aithne aige ar Pheadar Ó h-Annracháin, tuigfidh gur ó chroidhe tháinig an focal so: Beannuighim duit-se, 'Éire, a reultan mo chroidhe, Leanbh leat féin mé, ó chaolchois go rinn; Tá grádh dhuit im chléibh-se — grádh Gaedhlach glan glinn; Beannacht ort! go n-eugad ní thréigfad mo thír. An chomhairle thugan sé dhúinn ar leathanach a 19: … 'É scríobha' ar na fallaibh ar gach taobh den ród: “Gráin ar an nGaedhal a ghéilleas do'n Ghall!” Tá san 'á theagasc aige féin, idir fhocal is gníomh le fiche blian anuas. Níl puinn filidheachta ag baint leis an abhrán ar fhonn ‘An Mhaidrín Ruaidh,’ ach tá teagasc maith ann. É in a ‘bhailéid.’ Níl de locht ar “Johnny Bull Crón” ach an teidiol: Goid agus creachadh 'gus cam A's sladadh 'gus feall do chleachtaidís Chun gurbh' ionann linn diabhal agus Gall Ach gur bhuaidh an Gall ar chamastuigheal. Iaracht rí bhreágh is eadh “Ros Cairbre.” É ar an ndul gceudna le Machtnamh úd Sheáin Uí Choileáin, agus gan puinn sa bhreis ag an sean-fhile ar an bhfile nua. A sheana-chlocha liatha chím Lem' ais, an cuimhin libh an lá Nuair mhair go súbhach suairc sa chíll Manaigh do scríobhadh duain a's dáin. Is tu Ros ailithir fós, 'S beir go deó fé áird-mheas Mairfidh do stair agus do cháil Nuair mheathfidh an t-ál dhein do chreach. Tá roint de stair-sheanchus Chairbre fighte ins na rannaibh. Mar sin is fearr a buanóchar stair agus taithnfidh sé le h-eólaigh Chairbre. Deuntús thar bárr iseadh ‘Dán molta an Earraigh’ agus ‘Teacht na Cuaiche’: Mothuighim-se nua-anam Am' chorraighe gach maidean Ó tháinig an t-Éarrach so chughainn. Nuair a thagadh an chuach Dár ngleann-na ar bhruach na h-Aidhlean. Tá so mar nós ag an bhfile — an chainnt do chur ar dhul ná bíon soiléir nó díreach — mar atá: ‘A's leanfad go n-eugad díot, 'Éire, go díl’; ‘do sheanchus léigh- eas-sa go treunmhar nuair bhís;’ ‘a's eireochaidh gan spleadhachas do Sheán Buidhe na Gaedhil,’ &c. Locht mór é sin, dar liom, nuair a deintar ró-mhinic é. Ní eile atá ann nách gádh — an file do dheunamh tagartha d'á chéird féin go minic: ‘chun eachtraí an lae sin do léir-chur go slachtmhar síos’ (lch. a 11); ‘d'aimsigheas mo leabhar is bhreacas roint rann’ (lch. a 19); ‘do chuirfinn mo rann i gcéill’ (lch. a 23); ‘a's mar a gcúmfainn gan bac na dánta’ lch. a 34). Tá reumh-fhocal is nóta is litir is a lán fothraim mar sin sa leabhrán, gan gádh ar domhan leis. Is dóigh gur as na leabhraibh a chuir Connradh na Gaedhilge fé chló d'fhoghluimigh an fear eagair, (Mac Uí L.) an nós san. Tá an-chuid mion-eolais gan bhlas i reumh-fhoclaibh na leabhar úd. Sampla rí-mhaith ar reumh-rádh oireamhnach iseadh an ceann do scríobh an t-Aimhir- gíneach i “Maidean i mBearra” (le Cló- lucht na gCoinneal, leis). Na daoine do thóg ortha féin leabhar dán do chur fé chló sa dro'-shaoghal so, tá gníomh don Ghaedhilg deunta aca. Go n-eirighe' leó go geal! S. T. TUSA IS SINN-NE. Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn. Min Mhaghchromtha. An Mhin Choirce is fearr blas agus is mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha. Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
BRUIGHEAN AN BHACAIG LE CÁIT Ó bhéal-aithris Thaidhg Uí Chonchubhair, Lios Póil, Ciarraighe. An Bacach: Tá an bacach bocht ag beannú' dhuit, a mhnaoi chríona, Is go mbeannuighe na h-Aingil agus na naoimh duit fé mar bheannuighim-se ó chroidhe dhuit. Cáit: Ní mór a shuím a chuirim ad'bheannachadh mar ní thagan sí ó chroidhe uait, Níl sé ach ar bharra do theangan agus a mhalairt it' inntinn. Bacach: Bí sibhialta anois, a dhaltha, is ná bac an achumhlacht, Cuir do shíntiús chugam go tapaidh, mar caithfead dul indiu go Baile Mhúirne. Cáit: Mhuise greada chugat, a bhacaig, marab ionnat atá an tighearnamh- lacht, Agus nár chás liomsa dá mbeitheá marbh sara sroistheá Baile Mhúirne. Bacach: A chaillichín chruaidh chasta, gan carthanacht ná daonacht, Is geárr go raghair abhaile is ní maith é t'inead ann is baoghlach. Cáit: Leig dod' ghlamaireacht, a challaire an éithig, nó caithfead an teine dhearg leat, mara mbeir amu' de phléisg uaim. Bacach (ag láimhseáil a mhaide croise dho): A bhfeicean tu an chroisín! B'fhéidir dá bhfaghfá iarracht de sa mhaoil, go mbeifeá tamall ag osnuighil & ar feadh seachtaine ag cneadaighil. Cáit: Dá bhfeicinnse ar fuaid a' tighe aon phíce, nó aon airm eile go mbeadh puinnt' air, Is fadó bheadh sé tríd' chroidhe agam, is ansan bhéarfadh Lúsifear chuige féin síos tú! Bacach: Mhuise, a chaillichín ghránda bhuidhe, is fadó bheadh mo lapa ad' mhaoil & tú tarraicthe ar fuaid a' tighe, Ach 'eagla go dtógfainn uait an gríos, is go sgapfainn é ar fuaid Chiarraighe. Cáit: Nach mé atá a' fághail an ghreada uait istig am bothán féin, is gan cómhursa i ngiorracht fead agam 'á nglaodhainn (ag caitheamh teine leis) Seo ladhar de'n luaith dhearg duit sa phlaosg & b'fhéidir i dteannta bheith bacach go mbeifeá caoc (Liúirean an bacach) Bacach: A chaillichín dro' chroidhe, tá mo shúile agat caoch gan bhrigh — Seo iarracht do'n chroisín dá tharrac ort sa mhaoil — B'fhé go gcuirfeadh sé tu 'n chill, agus b'fheárr do'n dúthaigh tú bheith thíos. Cáit (ag béicig): A bhacaig ghránda bhradaig, tá mo cheann agat 'na phraisig — is níl agam dochtúir ná sagart — ná fear am charaid a dhéanfadh tusa' thachtadh — is a thabharfadh dos na mucaibh thu le stracadh (Tuiteann sí ar an urlár). An Bacach (nuair chíonn sé sínte í): I mbriath- ar, a chaillchín an standup, go bhfuil- ean tú ag crothadh na gcos, Is má bhíon aon ní ort, b'fhé go bhfagh- ainn-se 'at' bhárr a' chroch — Ach cuirfe mé dhíom go grod — b'fhé ná feicfeadh éinne mé anso. (É d'imteacht). (Mac na baintrighe, Mícheál a ainm, do theacht isteach tar éis tamaill. Chíon sé a mháthair sínte). Mícheál: Dhera, a mháthair ghrádhmhar gheal cad d'imthig ó ghabhas amach, go bhfuilean tu rómham at' chnap agus braoinín fola a' teacht as do mhala ghleóite dheas. Cáit: A Mhichíl a rúnaig, ceann de bhacaig Bháile Mhúirne do shocruig liúmsa — Cuir díot, a stóraig, agus glaodhaig ar na cómhursain —agus tugaig thar n-ais arís an stócach — go ndéanfad é bheirbhiú' 's a scóladh! Mícheál: Ara, a mháthair, mara bhfuil fé ach a' t-aon chos, cad chuige go nglaodh- fainn —ná tabharfainn liom mé féin é, gan congnamh ó éinne? Cáit: 'Re, a Mhíchil a chroidhe, ní mór dhuit ceathrar ar a luighead d'fhearaibh móra groidhe — Is má gheibheann sé a dhrom le claidhe, le na mhaide is le na chroisín, beidh sé dian ortha é chur síos. Mícheál: 'Sdó' mhuise, beadsa na dhiaidh ar séirse is ní ghlaodhfad ar éinne — Caithfe sé casadh liom agus beagán baochas! (Imthighean). (Ar an mbóthar do Mhícheál. É do theacht suas leis an mbacach). Mícheál: Deallruighean tú ana dheabhadh bheith ort, a bhacaig — ná tógfá an bóthar fada is gan tú féin a chur chun alluis, lá breágh aoibhinn Ear- raigh. Bacach: I mbriathar, a gharsúin mhilis ghleóite, dá mbeifeá-sa ó indé gan aon ní ithe 'ná ól, go mbeadh ort deabhadh do dhóthain, féachaint ca' bhfaghfá smut de chísde nó cúpla róstar. Mícheál: Is mór a náire dos na cómhursain má taoi'n tú ó indé gan aon ní ithe 'ná ól — T'anam liúmsa anois agus gheóbhair do dhótháin de Mhinion Cups & fuighleach feóla. Bacach: A gharsúin, ná cloisean tú ná fuil sé ádhmharach filleadh nuair chuirean duine chun bóthair, Tá bean mhuinnteardha agam ansan thoir i mBaile na Móna agus nuair shroisfead í sin gheóbhad mo dhóthain. Mícheál: Is fearra dhuit fille' liom — chífir go bhfuil gnó dhíot — Mara bhfillir let' thoil liom, fillfir at' i ndeoin liom! Bacach: Dhera, 'oilithrigh garsúin ná fuil fiú na feasóige ort, ná tógfadh sé deichneabhar 'od' shaghas-sa mise bhaint de'n bhóthar. Mícheál (ag breith ar chuislinn air): Tá greim anois ar chuislinn ort — ní leigfead órlach eile 't' shrón leat, Beidh a' t-aon chos sin fút briste mara gcasfair ar a' neóimit! Bacach: Ara, bog dem chuislinn, a chreut- úirín bhreóite —Seo cnuga beag den mhaide dhuit! B'fhéidir go gcoimeád- fadh sé socair go fóil tú! (Ní Críoch). AOIBHNEAS CILL ÁIRNE. Ná tabhair Prospect Hall liom ná bárr Achadeó, Is ná tabhair liom Cill Áirne mar a mbíodh mo shinnsir rómham, Mar a mbíonn an t-ubhall is an t-áirne, 'S an Leamhain ag bun na páirce, Agus radharc breágh glan ó'n dtáirsigh Ar bhárr loch' an spóirt. File gan ainm. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Teó. (‘H. JOHNSTON’) Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe. CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM! MARGAIRÍN “LEANDAR” Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA Agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX is a chlann mhac (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL is a chlann mhac (teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. SÍOLTA, LEASÚ, agus ÚIRLISÍ, don bhFEIRM. Gleus gearrtha Turnaipí agus DEIGHALTÁIN don UACHTAR BAINNE. Tá ag Ó LUASA & Ó CONAILL, I gCORCAIGH. Scríobh chuca. CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne. Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.
GACH CÓIR SCOILE! tá againn-ne LEABHAIR don LEABHARLAINN agus LEABHAIR mar DHUAISEANNA. Scríobh chugainn ar lorg eolais: MUINNTIR FHALLAMHAIN (Fallon Bros. Ltd.) Cúirt a 13 & a 14, in ÁTH CLIATH. Smithfield a 86, i mBealfeirste. Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge. Tá SCÉALUIDHEACHT-GAN- SRAÍNNG d'á múineadh ag togha na múinteóirí I SCOIL UÍ SHUILEABHÁIN SA ‘MHARDÍOG,’ I gCORCAIGH. Is í an scoil is mó cáil agus is fearr cóir i n-Éirinn. Múintear SRANNG-SCÉALUIDHEACHT ann do chailiní, i gcóir Oifige an Phuist, sa ló nó istoidhche. Scríobh chun an Árd-Oide. TÉIG FÉ DHÉIN “AN EMPÓRIUM” ar lorg Earraí Gaedhlacha — BÓNAÍ, CARABHATAÍ, LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ AGUS LÍNÉADACH. M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC, CILL ÁIRNE. SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm. TROSCÁN TIGHE. SEÁN Ó CURRÁIN, sa DAINGEAN. an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad. EUDACH BUAN-tSEASAMHACH. An Chulaith do-gheobhair uainn-ne, beidh sí go córach dei'-dheunta. Le dachad blian anuas, tá tosach 'á thabhairt againn-ne do dheun- túisí Gaedhal. Níl muilionn in Éirinn 'ná go gceannuighmíd-ne togha na n-earraí ann — eudach ná raghaidh ann, is ná dortfaidh an dath as. DO MHNÁIBH UAISLE — TÁILIÚIRACHT AR 'FHEABHAS. Gach Gúna dár dheinamar riamh, bhí cuma is crot air. Bainean deise ar leith leis na Casógaibh a dheinan na táiliúirí seo againn-ne. Tá ana-chuid eudaigh den tsaghas úd go n-abarthar leis “Saothar Lámh” ar taisbeáint anso. Ní dhortfaidh an ghuirme as an eudach gorm atá le ceannach uainn-ne. Raghaimíd fé bhannaí air, agus is mór an ní é sin, an aimsir seo. Scríobh (nó glaodhaig) chugainn. LIAM Ó CONCHUBHAIR is a Mhac, SRÁID MHÓR SHEÓIRSE, a 40, I gCORCAIGH. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/- go 10/6. RÁSÚR “COSANTA” ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-; gheobhair ceann aca san & trí lanna “Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3, tríd a' bpost. CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar 7d. tríd a' bpost. MAC CUILINN, 35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. WITH THE IRISH IN FRONGOCH. J. W. Brennan-Whitmore, do scríobh. Tá cúntas cruinn so leabhar so i dtaobh an tsaoghail & an chaithimh aimsire bhiodh ag na buachaillí ó Éirinn a bhí fé smacht Gall i bhFrongoch taréis Eirighe Amach bliana a 1916. Tá morán sgeul brónach, agus morán sgeul grinn chomh maith, d'á innsint ag an ughdar, agus is cliste an peann atá aige chun snas a chur ar sgeul, pé aca brónach nó meidhreach é. Cuireann sé síos go h-an-mhaith ar gach iar- racht dá dtugadh fé chuid des na buachaillí a sciobadh isteach san airm, agus as an slighe gur cuireadh cosg leis an obair sin. Tá peictiúirí maithe sa leabhar. 2/6 glan, a luach. 2/10, tríd an bpost. An dara cur amach de seo: A CHRONICLE OF JAILS. Darrell Figgis do scríobh. 1/- glan, a luach. 1/3, tríd an bpost. ó ‘CHLÓ-LUCHT TALBÓID,’ Sráid Talbóid a 89, in ÁTH CLIATH. TÁ FEÓIL RÓ-DHAOR. NÁ BAC Í! Ceannaigh leath-bharaille den IASC LEASAITHE (macarael) ó PHÁDRAIG Ó DUBHÁIN, Sa DAINGEAN, I gCIARRAIDHE. Scríobh chuige. In ÁIRCÉID NA MUMHAN gheobhair LÁMHAINNÍ OLNA de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh. Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón, dubh, glaschaorach, geal agus donn. Tá EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint ar gach cúntúir sa' tsiopa: ÁIRCÉID NA MUMHAN le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’ I gCORCAIGH. Togha gacha bídh i gcór na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services