AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.
Uimh. a 32. SAMHAIN, 1918. Dhá Phinginn a Fhiacha.
GUMH SA CHÓMHRAC.
As an ndráma Beurla a sgríbh An Sioradánach
do thógas an méid seo. “The Rivals” is ainm
do'n dráma.
Sasanach go bhfuil mórán tailimh 'n-a sheilbh is eadh
Rob Aera, agus gíománach do is eadh Dáth.
Tá sé ar aigne Roib cómhrac aonfhir a sheasamh,
agus tá Dáth ag iarraidh é 'chur de.
Cladhaire símplí is eadh Rob; agus mar a mbeadh
Lúcás Ó'Trigéir dhá chur chuige ní chuimhnóch sé ar
throid i n-ao'-chor.
Chun a mhisneach dho chiomeád beó bíonn mionna
suathantaisí na bheul de shíor aige.
Dáth: Dar a bportús! a mháighistir, níl an
Lúcás san beo a chuirfeadh a' troid
mise a n-aghaidh mo thoile. Mo sgóladh!
cad deurfaidh do mháthair nuair a chlois-
fidh sí an sgeul?
Rob: Á! a Dháth, dá gcloistá Lúcás! dar
spreucha dearga Ifrinn, do chuirfeadh
sé sprid ionnat.
Dáth: Ba mhó san ná a dhíchioll. Gráin air
mar bhúistéir fallsa! dá mbeitheá chun
babhta troda a dheunamh anois led'
dhóirnibh, nó le maide maith droighin,
ní chuirfinn isteach 'na thaobh ort; acht
airm faobhair nó teine — ní tháinig éin
ní fóghanta riamh asta.
Rob: Ná dearmhaid m' onóir, a Dháth, m'
onóir; caithfead aire mhaith a thabhairt
dom' onóir.
Dáth: Tagaim leat ar sin, a Mháighistir;
do thabharfainn aire mhaith dom' onóir;
ach dar a bportús, do bheinn a' braith
air go dtabharfadh m' onóir aire mhaith
dhom.
Rob: Dar gaethe na gréine, a Dháth, ní
chuirfidh duine uasal go bráth a onóir
i nguais.
Dáth: Acht, led' chead, a Mháighistir, ná fuil
sé ceangailte ar an onóir, do réir
an áirimh sin, gan duine uasal do chur
i nguais go bráth? Feuch a leith, a
Mháighistir: measaim gur b'é cara na
h-aimhleasa dáríribh an onóir cheudna
san. Cuir i gcás, anois, gur duine
uasal mise — agus bheirim a bhaodhchas
le Dia ná feudfaidh éinne a rádh gur
b'eadh — cuireann an onóir a' troid
le duine uasal eile me. Troidimíd.
Marbhuighim é. Cé 'fhaghann tairbhe as?
M' onóir gan amhras. Acht, cuir i gcás
gur mise thuiteann. Téidhim-se chun na
bpiastí, & dar a bportús, sgeineann
m'onóir anonn chun mo namhaide, agus
tógann sé suas leis.
Rob: Ná bí ag cur éithig ar an onóir; ní
dheineann go deimhin, acht téidheann sé
san uaigh leat-sa.
Dáth: San áit amháin go dtacfadh liom mo
ghnó a dheunamh 'na éaghmais.
Rob: Dar créachta na laoch, níl ionnat
acht cladhaire. Ní gnaoi dhom éisteacht
leat. An mian leat go dtabharfainn
náire dom shinnsear?
Dáth: Ná tóg orm é, a Mháighistir, acht is
dóigh liom-sa gur b'í an tslighe is
fearr chun gan náire thabhairt d'ár
sinnsear — Fanamhaint uatha. Daoine
maitha, togha daoine iseadh ár sinnsear;
acht ní thoghfinn-se choidhche iad chun
coidreamh a dheunamh leo.
Rob: A Dháth, anois, eadrainn féin, an dóigh
leat go bhfuil puinn conntabhairte sa
chómhrac so? Dar saoghal na h-an-
spride, nách minic a dheinid daoine
cómhrac gan dochar dóibh féin.
Dáth: Cianóg, dar a bportús, ní thabharfinn
ar do sheans. Bain barr na cluaise
dhíom go mbeidh ar an bhfód rómhat
chun troda leat bioránach dána neamh-
eaglach éigin, & piostal dhá bharraille
nó claidheamh géar 'n-a láimh aige. Go
saoraidh Dia sinn, cuireann sé crith
cos is lámh orm nuair a mhachtnuighim
air. Na h-airm dhiabhalta so & cíocras
fola ortha, níor thaithneadar riamh liom.
Ní dóigh liom go bhfuil i gcoilltibh an
domhain, thoir ná thiar, beithidheach allta
chómh neamh-truaghach le piostal lán.
Rob: Dar mac alla an fhiadhantais, ní
chaillfead mo chorráiste. Dar buile
'gus bagairt na ndúl, ní thiocfaidh
leat faitchíos 'ná fanntas a chur orm.
Feuch an leitir seo: is cuireadh atá
tabharta 'gam chun cómhraic í. Tá mo
chara, Seán Deimhintheach, chun í bhreith
chun mo namhaide uaim.
Dáth: Is maith liom nách orm-sa iarrais í
'bhreith chuige. Ní dheunfainn duit é
ar an gcapall is feárr id' eachlainn.
(É do thógaint na leitire 'n-a láimh).
Dar a' bportús, ní deárach * le leitir
chneasta í. Tá íoghar na h-urchóide
agus crot na mailíse uirthe. Chuirfinn
geall go bhfuil bolaithe an phúdair
uaithe. (Cuireann sé fé'n a shróin í).
Huth! tá, chomh láidir is bheadh ó spaga
saighdiúra. Dar a bhfanntas, ní fheadar
ná go bpleusgaidh sí.
Rob: Sgrios, a bhreilliúcáin. Níl croidhe
'ná cródhacht an dreóilín teaspaigh
ionnat.
Dáth: Ní deurfad a thuille. Nách dúbhach
an sgeul le clos sa bhaile i nDún
Pludaigh é! Cé 'neosaidh dod' ghadhar
bocht, Fios, go bhfuil a mháighistir go
fann? An sean-chapall, Cotach, d'iom-
paruigheadh chómh mórdhálach tú, cad a
dheunfaidh sé? Búhú!
Rob: Ní cabhair duit bheith liom. Ní féidir
mé 'bhogadh. Imthigh leat, agus leog
dom troid — faid 'bheidh an ríog ionnam
chuige.
(A Chríoch).
Deárach = deallrathach.
Gruagach an Tobair.
DON DUINE ÓG.
A leinbh atá i dtúis do shaoghail
Mo theagasg go cruinn, beir leat;
An té go dtáinig a chiall re h-aois
Cuir-se gach ní 'na chead.
Ná sanntuigh ráidhte baois'
Ná an dream 'na mbíd acu;
Sul a dtiocfaidh an iomad de'n aois
Bíodh aithne ar Chríost agat.
Ná caith do shaoghal díomhaoin
A's ná leig an t-slighe ar ceal
Óir an tslat nuair chruadhann le h-aois,
Is deacair a sníomh 'na gad.
Ad' óige, osguil do mheabhair
A's bailigh an fhoghluim leat;
Óir an glór nách tuigeann an ceann
Is cuma é bheith ann nó as.
An glór nách fuintear le gaois
A's nách giorra do'n chroidhe 'ná 'on chab
Níl ach imtheacht le gaoith
Mar imthigheann ó'n ngadhar mbeag, sceamh.
Glan-eólas, bailigh go cruinn,
A's cuimhnigh gach ní 'na cheart;
An glór do bhogann an croidhe
Is é thaithneann le Rí na bhFeart.
An t-Athair S. Ua Loingsigh, sa Bhrosnaigh,
do sholáthruigh.
NÓRA CRÍONA.
I.
Cá bhfuilir a' dul, a Sheáin a' Phíce?
A' dul ar an aonach, a Nóra Chríona.
Cad deunfair ansan, a Sheáin a Phíce?
Ceannó' mé bó, a Nóra Chríona,
Cé chrúdhfaidh duit í, a Sheáin a' Phíce?
Ná deunfair dom é, a Nóra Chríona
Táim ró-thinn, a Sheáin a' Phíce
Nára fearr tú go deó, a Nóra Chríona.
II.
Cá bhfuil do thriall, a Nóra Chríona?
Go Corcaig gheóbhad, a Sheáin a' Phíce.
Cad é an gnó agat ann, a Nóra Chríona?
Ceannó' mé té. a Sheáin a Phíce.
Óra' Nóra, a Nóra Chríona,
Bí a' cur díot nó gheobha tú sgeimhle,
Taoi marbh ag té, a Nóra Chríona.
Táim marbh gan é, a Sheáin a' Phíche.
III.
Corruig do chos, a Nóra Chríona,
Is gheobhair tobac i gcóir na h-oidhche,
B'fheárr liom a' té, a Sheáin a Phíce,
Tá san ró-dhaor, a Nóra Chríona.
Óra Nóra, a Nóra Chríona,
Bí a' cur díot, &rl.
Cailín ó Achadh Tiobraid do chuir chugainn.
Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.
Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Gur bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces”
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”
Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —
TOMÁS Ó GORMÁIN
Port an Phápa, CORCAIGH.
A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid
TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,
MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a
Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.
A Ghaedheala! Ceannuighidh
“ÉADACH na DRUIPSIGHE”
Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.
Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.)
Co. Chorcaighe.
tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE
TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;
SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;
ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.
ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.”
Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.
MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT
Led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a
dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh-
air na rudaí seo & iad go maith:
Bróga is Stocaí,
Léinte is Guaileáin,
Lámhainní is Bónaí.
T. Ó LOCHLAINN,
19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH.
Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —
I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.
Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.
UISGE CEÁRDCHAN.
Caibidil a I.
Oidhche Shamhna, agus an ghrian ag dul
fé dubhairt mo mháthair liom aire mhaith
do thabhairt do'n tigh go raghadh sí féin
ad' iarraidh uisce go dtí an tobar.
Garsún beag a b'eadh mise an tráth
san, agus ó cailleadh m'athair tamall
roimis sin baintreabhach a b'eadh mo
mháthair. Mise an té ab' óige de'n
chlainn leis, agus d'á bhrigh sin d'fhanainn
istigh i bhfochair mo mháthar chum congnamh
agus cuideachta do dheunamh di an fhaid
as a bhíodh an chuid eile d'ár dteaghlach
ag obair imeasc na gcómharsan ar a
bpágh lae. Bean bhreágh shlachtmhar dob'
eadh í, ní i dtaobh mise d'á rádh é, agus
coimeádaighe tighe críochnamhail leis. Do
thóg sí canna, agus d'imthigh léi féin ag
portuigheal go dtí an tobar. Do líon
sí an canna d'uisce ag an tobar, shoc-
ruigh a ciarsúir ar a ceann, d'árduigh sí
an canna & tháinig sí thar n-ais fé dhéin
an tighe go módhmharach. Díreach agus í
ag deunamh ar an dtigh, do shleamhnuigh
sí, agus do thuit ar a cliathán. Do
chuir sí scread thruaighmhéileach aisti.
Do chuala féin an scread is mé istigh
sa chistin. Do bhain sé geit an anma
asam. Do ritheas amach, agus fuaireas
sínte ar an gcasán í is gan cor aiste.
Do chabhruigheas léi chum teacht isteach
chómh mhaith agus d'fheudas é. Do shuigh
sí ar an gcathaoir, agus d'fhan sí mar
sín chum go dtáinig an chuid eile isteach
um thuitim na h-oidhche. Nuair a tháinig
mo dhearbhráthair Seán abhaile d'árduigh
sé leis í, & do chuir sé ins an leabaidh
í. Do bhí sí sa leabaidh ar feadh coic-
thighis nó mar sin — lá go maith agus lá
go h-olc. I gceann tréimhse bhig do
fuaradh go raibh úsáid a cliatháin caillte
aici. Do bhí súil againn ámhthach go
dtéarnóghadh sí acht i n-inead feabhus
do theacht uirthi is amhlaidh do bhí sí ag
dul chum deiridh i n-aghaidh an lae.
Caibidil a II.
Do bhí fear muinteardha do bhain lem'
mháthair go dtugtí Seán Ua Maoilriain
air. Do bhí de theisteas air go bhfeic-
eadh sé na daoine maithe, & go ngeibheadh
sé fios uatha ar gach nídh agus go mór
mhór eolas ar leigheas gach galair. Do
bhí sé i n-a chómhnuidhe a sé nó a seacht
de mhílthibh uainn, agus fé theire thiar
thall do cheap mo dhearbhráthair Seán
go raghadh fé n-a dhéin le h-ionchas
go bhfuighbheadh sé cómhairle uaidh chum
fóirthint uirthi. Maidin áirithe d'úllmhuigh
sé é féin chum bóthair agus nuair do
shrois sé áitreabh Sheáin Uí Mh'riain i
meadhon lae, do bhí seisean i n-a shuidhe
istigh roimis cois na teine.
“Mhaise, Dé bheatha-sa, a Sheáin, a
chara mo chroidhe,” ar seisean lem dhear-
bhráthair, “is fada ná feacamair tu.
Ciannos tá do mháthair?”
“Níl sí go ró-mhaith,” arsa mo dhear-
bhráthair, agus do chrom sé ar 'á innsint
do tríd síos, an tionóisc do bhain di.
“Ní gábhadh dhuit a innsint dom,”
arsa Seán Ua M'riain, “ná fuil a shár-
ios agam air sin. Acht ba chóir,” ar
seisean, “go mbeadh fhios ag na leithéid
de mhnaoi chiallmhar stuamdha nár cheart
di bheith amuigh déigheannach an tráthnóna
úd, mar tráth iseadh é atá ana-fhabhrach
dóibh chum duine do sciobadh leó. Acht,
ciannos tá sí anois?”
D'innis mo dhearbhráthair do.
“Seadh,” arsa Seán Ua M'riain, “níl
sí fuaduighthe aca fós acht tá sí i ngior-
racht do; agus mo chómhairle dhuit anois
gluaiseacht abhaile trí gach cómhgar chóm
tapaidh agus atá sé id' chosaibh agus lán
crúsca d'uisce na ceárdchan id' bhaile
dúthchais féin do bhreith leat, agus a
cliathán a nighe leis an uisge sin. Beidh
sí agaibh ar feadh seacht mbliadhan eile
ansan.”
Caibidil a III.
Ní raibh leithéid mo dhearbhráthar Seán
is na seacht bparróistíbh mór dtimcheall.
Iomáinidhe fuinte fáiscithe feidhmeamhail
ar páirc ab' eadh é, agus sclábhaidhe
breagh groidhe fairis. Do bhí a leithéid
sin de mhisneach aige ná cuirfeadh an
riabhach féin eagla air.
Mar sin do ghluais sé abhaile go
deithinseach. Do chuaidh sé fé dhéin na
ceárdchan agus d'iarr sé an t-uisce ar
an seana-ghabha. Dubhairt an seana-ghabha
go goirgeach leis ná tabharfadh sé dho é;
go raibh a fhios aige féin cad fá gur
theastuigh sé uaidh, agus gur chuma leis
cad d'imtheochadh ar dhaoinibh eile acht
nár theastuigh uaidh na daoine maithe do
chur 'n-a choinnibh féin. Do bhí mo dhear-
bhráthair ag imtheacht leis féin amach as
an gceárdchain go mí-cheudfach gan slán
ná beannacht d'fhágaint ag aonne; acht
pé súil-fheuchaint do thug sé, chonnaic sé
an gabha óg ag bagairt air a gan fhios
d'á athair, gan gluaiseacht a bhaile go
fóil. D'fhan sé amuigh chum gur imthigh
an seana-ghabha abhaile. Chuaidh sé isteach
annsan arís & d'iarr an t-uisce ar an
ngabha óg. Buachaill fearamhail galánta
do b'eadh an gabha óg agus dubhairt go
bhfuighbheadh agus fáilte a gan fhios dá
athair, ach go gcaithfeadh mo dhearbhráthair
teacht i n-am mharbh na h-oidhche d'á iar-
raidh nuair a bheadh an seana-ghabha i n-a
shámh-chodladh d'éis cruaidh-oibre an lae.
D'fhág mo dhearbhráthair an cheárdcha go
buidheach beannachtach, agus d'imthigh air
abhaile.
Caibidil a IV.
Mar sin do bhí. D'fháisc mo dhear-
bhráthair é féin chum bhóthair tamaillín
roim mheadhon oidhche nuair a bhí an
saoghal go léir n-a chodladh agus do
chuaidh sé fé dhéin na ceárdchan.
Is é ag deunamh ar an gceárdchain
cad do chidfeadh sé ach solus breagh ag
teacht amach tríd an bhfuinneoig agus
tríd an ndoras agus d'airigh sé fuaim
& fothrom dá dheunamh mara bheadh ag
gaibhnibh is iad ag obair ar a ndícheall.
Nuair a chuimhnigh sé ar an riachtanas
do bhí leis an uisce agus go mór mór
gurbh í a mháthair féin a bhí ag brath
“BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Táid le fághail i ngach sráid bhaile.
Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.
air níor stad sé ná níor staon sé acht
do dhein fíoghair na chroise air féin,
agus do dhein sé ortha isteach ceann
ar aghaidh. Nuair a tháinig sé comhgarach
do'n doras do stadadh de'n obair go
léir agus do múchadh an solus agus do
bhí an cheárdcha chomh dorcha le tóin an
phúca gan solus gan gaibhne.
Ní bhíodh aon dúnadh ar dhoras ceárdchan
san am san, mar creidtí ná beadh rath
na séun ar aonne a ghoidfeadh aon rud
as ceárdchain. D'eirigh a mhisneach láith-
reach. D'oscail an doras roimis acht
nuair do chuaidh isteach do dúnadh an
doras i n-a dhiaidh d'aon phléasc amháin.
Níor stad sé riamh ná choidhche ámh, acht
do dhein sé fé dhéin umair an uisce,
agus do líon a chrúsca dhe. Chomh luath
agus do bhí an t-uisce gabhtha aige, do
mhothuigh sé a mhisneach ag lagú agus
faitchíos ag teacht air. Do dhéin sé
fíoghair na croise air féin arís, agus
d'iarr trócaire agus cabhair ar Dhia
& dubhairt i n-a aigne féin go gcaill-
feadh an t-anam nó go mbeurfadh an
t-uisce go dtí n-a mháthair. Tháinig
neart agus misneach dho arís. Do dhein
sé ar an ndoras; d'oscail é, agus siúd
amach é; agus buaileadh an pléasc
cheudna ar an ndoras i n-a dhiaidh aniar
mar buaileadh ag dul isteach dho. Siúd
amach ar an mbóthar é, agus do ghluais
leis fé dhéin a bhaile.
Caibidil a V.
Do bhí air dul dhá mhíle shlighe go dtí
n-a bhaile féin acht i ngiorracht ceathramha
mhíle d'á thig féin fuair sé an sceimhle
ar fad. Tháinig an duine i n-a dhiaidh
aniar san bhóthar agus rug barróg air
& choingibh annsan é ar feadh ceathramha
uaire an chluig go maith, ag fuirse leis,
agus gach iarracht aige chum an chrúsca
do sciobadh uaidh, agus mo dhearbhráthair
ar a chroidhe-dhíchill ag iarraidh imtheacht
uaidh; agus níl aon amhras ná gurbh
fhear maith é a choingeobhadh greim chomh
fada san air mo dhearbhráthair. Annsan
do chualaidh sé an sodar ag teacht. Do
labhair an ghuth go feargach agus dubh-
airt mo dhearbhráthair do scaoileadh. Do
bogadh de annsan, & tháinig sé abhaile;
acht níor leog air go ceann i bhfad gur
imthigh faic air. Do nigh sé cliathán ár
máthar leis an uisce, & i gceann cúpla
lá d'eirigh sí as an leabaidh chomh slán
folláin as do bhí sí riamh do réir
gach deabhraimh. Do mhair sí na seacht
mbliadhna, agus annsan fuair sí bás,
agus tá súil le Dia agam go bhfuil a
h-anam i bflaitheas Dé anocht.
Seán Ua Cadhla, Cuilinn Uí Chaoimh, do scríobh síos
ó dhuine des na comhursain.
AN FIACH DUBH.
Mac Crócaigh — Go ndeine Dia trócaire
ar anam Risteáird Mhic Crócaigh (“An
Fiach Dubh.”) Indé a cailleadh é i
nDún Dealgan (31-x-1918).
GUTH DO THUG RABHADH.
Lá dár chuaidh fear sa Bhlascaod amach
le'n a chuid stuic air mhochóirighe na maidne,
le linn casadh abhaile dho, labhair an ghuth
ag(en) a dhrom agus dubhairt: ‘bádhfar
a' bád!’ D'fheuch sé thairis agus ní raibh
pioc le feicsint aige, agus dob' ait
leis an sceul. Do chuir sé dhe pas eile
go tapaidh & ní fada ó bhaile a bhí sé,
nuair a dubhairt an ghuth aríst; ‘bádhfar
a' bád!’ Tháinig greanúireacht ansan air,
agus d'fheuch sé thall is abhus, ach ní raibh
pioc air a saoghal le fáil 'ná le feic-
sint aige. Do chuir de go diair aríst,
ach níorbh' fhada go ndubhairt an ghuth ar
a' dtaobh thiar do: ‘Is dó, mhuise, bádh-
far a' bád!’ an tríomhadh h-uair níos
treise 'ná riamh.
Do stop sé suas agus do dhein sé
machtnamh cad é an bun a bhí leis a'
gcúrsa. Agus do chuimhnigh sé láithreach
cad é an bhrigh a bhí leis — fear ó phar-
óiste Fionn Trágha a bhí i dtigh a mhuinn-
tire ó indé roimis sin go raibh dhá bhó
reamhra i n-Inis Mhicilleáin uaidh, agus ba
mhaith leis aige iad an uair seo. Bhí
bád ag (n)-a athair seo ins an Oileán —
seisear mac innte agus an t-athair mar
chaptaen uirthe.
Do thuig sé láithreach gurbh' amhlaidh a
bhíodar ag dul ad' iarraidh na mba, & mar
lá tarraic ab'eadh é, gurb shin é an fáth
go raibh an ghuth 'á chur i n-Iúl do féin,
go raibh an bád le bádha'. Bhí dritháir
do le bheith innte agus 'athair is ní raibh
buile snámha aca, & ní raibh aon tsnámh-
aidhe i n-Duibhneach ab fheárr 'ná é féin.
Dubhairt sé leis féin dá mbeadh sé sa
bhád — má bádhfaí féin í go sábhálfadh sé
na fearaibh.
Leis an inntinn sin, do thug sé aghaidh
ar chaladh na mbád agus do bhí an bád
díreach ullamh glan nuair a ghlaodhaigh sé
ar barra? Do chuir abhaile an dritháir
agus do chuaidh féin in 'ionad. As go
brách leó tríd a' mbágh siar, nú gur
bhaineadar amach Inis Mhicilleáin. Níorbh
fhéidir aon duine a chur i dtír le tarrac
mór & b'éigean dóibh teud a scaoileadh
isteach ar bhloc maide, go dtí fear na
cloiche. Do cheangail an fear istigh an
dá bhó do'n téid, agus do thairigeadar
ceann aca ar thaobh den bhád nú go
mbeadh an ceann eile insa bhád ó'n
dtaobh eile.
Shar a raibh san deunta aca, do thairig
an bhó eile isteach an bád fé bhráid an
tarraic. Do bhris an tarrac ar a' mbád,
& do buaileadh a beul fúithe. Do shábháil
an fear so gach nduine aca, na ba agus
an bád, gníomh iongantach, nár déineadh
a leithéid riamh ó shin.
Tomás Ó Criomhthain
(an fear thiar ar fad)
san Oileán Tiar.
Tarrac = swell at sea.
LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.
LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,
Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla,
le fághail uainn-ne.
Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.
Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i
SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH.
SRÁID DÁSON, a 45,
BAILE-ÁTHA-CLIATH.
Sranngscéalta mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “4804 Áth Cliath.”
IM AR FHEABHAS
AN DOMHAIN É SEO:
IM C.C.C.
Nuair a bheir 'á lorg ar fhear an tsiopa, féach
chuige go mbeidh an cómharta san: ‘C.C.C.,’ ar
chlúdach gacha bosca:
Is ann is féidir é cheannach in a mhórchodaibh
sa' 21adh tigh
ar CHALA-PHORT NA gCEANNAITHE
(Merchant' Quay).
I gCORCAIGH.
NÍ DEINTEAR AON PHÍOPAÍ
EILE IN ÉIRINN ACH
PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR
AGUS IS FADA FARSAING
ATÁ A GCÁIL.
Le ceannach i ngach siopa tobac.
Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —
CAPP & MAC PEADAIR Teo.
FAICHE SHAIN STIABHNA,
ÁTH CLIATH.
SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG
Scriobh chuige.
Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.
CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA
ó
LÚCÁS DE BÚRCA.
LÉINTE
FO-LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
CARABHATAÍ
de DHÉANTÚS
GAEDHAL
Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:
SRÁID PÁDRAIG N. a 105,
CORCAIGH.
(‘LUKE BURKE’)
Gach cóir chun tig do dheunamh
ÓN ÚRLÁR GO BÁRR
AN TIGHE:
Adhmad, Táthán agus Slinnte;
Áraistí Iarainn, Stóbhana, agus
Bácúsa;
Dathán, agus an uile shaghas Íle
'gus Ola.
Tá le fághail ó
‘CHOMPLUCHT EUSTACE,’
I gCORCAIGH.
Scríobh chúca.
COIS FARRAIGE THIAR
atá an
COLÁISTE ATLANTIC.
Múintear Sranngscéaluidheacht &
Scéaluidheacht-gan-Srainng ann do
ógánaigh atá idir a 16 agus a 24.
Gheobhair gach eólas ó'n Árd Oide —
MUIRIS MAC GEARAILT,
CATHAIR SAIBHÍN, I gCIARRAIDHE.
SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.
ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.
ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.
SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.
LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA
GAEDHILGE
Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim.
“MÍ DEM SHAOGHAL,” le Bríd Stac, 3d.
“LUIBH-EÓLAS,” le Seán Tóibín, 1½d.
“SEAN-AMHRÁIN NA MUMHAN,”
Cuid a 2, 3d.
Le fághail ó
MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann
don Ghaedhilgeoir:
UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87,
i mBAILE ÁTHA CLIATH.
AN LÓCHRANN.
Páipéar don Ghaedhealtacht.
Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh an Fear Gnótha.
An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair.
Na Díoltóirí.
Ó Cuill agus a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath
Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid
ag triall orainn & cuirfimíd cóibeana gach mí go
ceann bliana chun aon áite a déarfar linn.
Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.
“IDIR MÚRTHA GARBH-CHLOCH.”
Do'n Tóibíneach —
Is geall an tigh seo le tigh na marbh —
aoinne a cuirtear isteach ann is lead-
ránach iad ag teacht as; agus is beag
scéal a théigheann thar doras uatha. Ach
a ndubhairt siúd — “is fearr súil le glas
ná súil le h-uaigh” agus b'fhéidir le Dia
go bhfeicfimís Éire arís.
Táim tuirseach den tigh seo, a dhritheáir.
Seachtain is fiche críochnuithe ann indiu
(11-x-1918) ag cuid againn. An díomh-
aointeas a bhrisfeadh do chroidhe annso —
é sin agus gan aon rud nua a bheith ag
tuitim amach aon lá 'ná aon tseachtain
ná aon mhí, ach gach rud, dá laighead é,
do réir riaghlach agus cluig. Dá mbeadh
amhrán agat annso ba mhór an chabhair ó
Dhia dhuit é rádh — is ait leis na fallaí
annso amhrán Gaedhilge a chlos, dar liom
— agus ní thugas féin suaimhneas d'fhear
an tighe gur scaoil sé an bheidhlín isteach
chugam. Bím ag gabháil di sin; ach sé
tubaist an scéil ná fuil ach aoinne 'mháin
ar an dáréag atá annso againn d'fhéad-
fadh babhta rinnce dhéanamh! Níor cheapas
riamh, a' dtuigeann tú leat me, go mbeadh
aindisidheacht chos mar sin ag gabháil le
h-Éireannaigh. B'fhéidir leis, gurab é
an biadh fé ndeara gan giodam a bheith
ionainn. Níl cead agam aon ghearán a
dhéanamh air, ach deirim an méid seo — 'á
mholadh, a' dtuigeann tu, a dhritheáir mo
chroidhe — nár bhaoghal go gcuirfeadh an
biadh annso aon iarracht de'n teasbach
dearg ort, 'ná ní chuirfeadh sé fonn ort
bheith ad ghortú féin ag caitheamh trí léim
as do chorp!
Fuaireas do litir i dtaobh “An Lóchrainn,”
ach ní fhuaireas “An Lóchrann” féin ó'n
Meitheamh. Is dócha gur cheap Seán Bhuidhe
go ndéanfadh sé díobháil anma agus cuirp
dom dá léighinn é. Ní dóigh liom go
bhféadfainn aon ní ar fóghnamh a scríobh'
dhaoibh — fiú 'máin dá mbeadh cead agam
é chur amach chughaibh, rud ná fuil. …
Tagann olc orm uaireannta nuair a bhíonn
an ghrian ag taithneamh agus nuair a chuimh-
nighim ar bhéal Chuain a' Daingin agus an
Chonair agus Ceann Sléibhe.
Olc mo thurus annso,
Is m'fhanamhaint i bhfos fé chrádh,
Fé ghlasaibh ceangailte docht
I nDurham na gclog, am' bhrágha,
Mairg gan mise indiu
Cois Góilín na tiughchoille bláth;
Ag siubhal ar bharraibh na gcnoch,
Nó 'g éisteacht le tonndórd na trágha.
Suairc do bheadh m'inntinn annsin,
Le ceolta ró-bhinne bheadh lán;
Deóra, tré áthas, óm ghruadh
Do shilfinn anuas ar an mbán.
Duairc i nDurham dom
'gCarcar Gallaphoc;
'bhFad ón Daingean dom
'Dir múrtha garbh-chloch.
Ní 'nnso b'áil liom bhe' ach
Thiar i nDuibhneachaibh —
Beannacht dá sár fhearaibh,
Grádh dá ingheanachaibh.
Beannacht —
ón “Seabhac.”
FIONN MAC CUMHAILL.
Aonne a chuirean suím i scrúdú na
sean-sceul, bu mhaith linn go ndeunfadh
sé cur síos ar thréithíbh Fhinn, fé mar
a thaisbeánaid na sean-laoithe is na
sceulta Fiannuidheachta iad. Má dhein-
ean aon léighthóir é sin dúinn, beimíd
go buidheach de, mar is é dóichí go
leanfaidh díospóireacht é — rud atá uainn.
Lucht An Lóchrainn.
LIOS CEARBHAILL.
Bhí fear na chómhnuidhe anaice leis an
lios so, pé áit na bhfuil sé, fadó, gurbh
ainm do Cearbhall. Aon tráthnóna amháin
nuair a bhí sé ag tabhairt na mbó abhaile
do chualaidh sé leanbh ag gol astig sa
lios … ba ghearr gur chualaidh sé bean
'á rádh leis an leanbh éisteacht, go mbeadh
ba Cearbhaill 'á gcrúdhadh anois is go
mbeadh bainne a dhóithin aige.
Nuair a bhí na cailíní ag crúdhadh na
mbó an oidhche sin dubhairt Cearbhall leo
gan aon bhraon de'n bhainne a dhortadh
agus níor dhoirteadar … Ansan nuair
a bhí sé ag tiomáint na mbó thar an lios
do chualaidh sé an leanbh ag gol arís.
“Á,” arsa 'n bhean, “do stop Cearbhall
an bainne ort ach is geárr go mbeidh
braon dá chuid fola agat-sa le n-ól.”
Nuair a chualaidh Cearbhall an méid
sin tháinig sé abhaile, bheir leis ceann
des na h-áruistí go raibh an bainne ann
agus chuaidh sé go dtí an lios … Do
ghlaoidh sé ar an mnaoi astig & dubhairt
sé léi go mbeadh bainne a dhóithin ag
an leanbh anois … Dhoirt sé an bainne
ar an dtalamh ansan … Is tháinig sé
abhaile is dubhairt sé leis na cailíní
braon bainne a dhortadh gach uair a
bheidís ag crudhadh na mbó … Níor
thuit aon dro'-ní amach do na dhiaidh sin
… Tá Lios Cearbhaill mar ainm ar an
lios ó shoin.
Nóra Ní Chonchubhair,
Sgoil Naomh Eóin ar an gCaislig,
Maistear Gaoithe.
AN TÚIRNE BEAG. Aonne ar mhaith
leis cártaí deasa ar naomhaibh Éireann
nó cúntas ar shean-sheampallaibh Chonndae
an Dúin bheith aige, scríobhadh sé ag triall
ar lucht “An Túirne Bhig” ar lorg liosta.
“An Túirne Beag, Árd Ríogh, i mBeul
Feirste.
Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
MICHEÁL MHUIRIS.
Seo duine a bhí sa pharróiste seo
fadó agus do shíleadh a lán daoine
gur leath-amadán é ach deireadh a thuille
aca gur cladhaire a bhí ann. Seadh, pé
aca san é, deireadh agus dheineadh sé
rudaí greanamhara. Nuair a bhíodh sceul
uathbhásach á innsint aige deireadh sé —
“Ní chualaidh éinne a leithéid ó bhí ‘Adam’
'na rud beag.’ Bíodh gach aonne ag cur
aindis air chun suilt a bhaint as. Mícheál
Mhuiris ab' ainm do.
Do bhí sé ag teacht go dtí an tAifrionn,
Domhnach, agus do bhí an donus le fiantas
ar an lá — do bhí clagarnach agus gaoth
mhór ag stealladh, splanncacha ag lasadh
na spéireach agus tóirthneach go tiugh in
a ndiaidh,
“Feuch,” arsa Mícheál agus gan fonn
cainnte ar aonne eile a bhí len a chois
“nách ait go léir an rúd é gur anuas
a thagann an t-anfhad agus an droch-uain
agus mórán Éireann díobhála, agus gur
aníos a thagann biadh agus toradh agus
tabharaistí móra an domhain. Tá dear-
mhad ar na daoine a bhíonn ag cur 'na
luighe orainn gur thuas atá neamh agus
Ifrionn thíos.” Do bhí reana-bhean ó'n
mbaile 'á cur lá agus do bí mo Mhícheál
sa tsochraid chómh maith le cách. Do ghaibh
an chóiridhe thar thig tábhairne, agus sin
rud ná'r dhein Mícheál riamh — dul thar
tigh óil gan a dhiúg mar bhí an dúil
mhillteach sa bhraoinín aige. Ní raibh sé
gan cuideachtain, deirim leat. Dhein-
eadar moill istigh mar ná's bhrathadar
an t-am ag sleamhnú uatha ag caitheamh
dighe. Nuair thánghadar amach bhí an chóiridhe
imithe as radharc. “Nách euchtach an deabhadh
atá deunta aca?” arsa duine. “Níor
mhór dóibh sin,” arsa Mícheál, “mar bhí
giorra-radharc ar Pheig bhoicht agus is maith
a dheineadar é gan an oidhche a bheith ag an
seana mhnaoi bhoicht ag dul sall di.”
Bhíodh sé de shíor ag deunamh libhéil ar
leath-amadáin bhochta mar cheap sé ná raibh
duine sa domhan ba ghéire 'ná é féin, agus
dubhairt sé uair —
“'Sé chloisim gach aonne ag rádh le h-aon
amadán a bhuaileann treasna ortha — ‘beidh
Ríoghacht na bhflathas ag an gcreatúir bocht
ar an saoghal eile.’ Tá 'fhios agam-sa go
bhfuil a leithéid d'áit ann ach ambasa nách i
gcóir na n-amadán san é. Ní bheifí ag
ag lot na bpáláisí leó!”
Uair eile bhí sé ag gabháil an bóthar
agus ualach éisc ar a asal aige. Ghaibh
an sagart an bóthar agus dubhairt sé,
nuair chonnaic sé Mícheál ag gabháil dá
mhaide ar an asal bocht — “Mhuise, leig
do'n ainmhidhe beag a thug ár Slánathóir
go Ierúsalem.” “An deamhan mise!”
arsa Mícheál, “b'fhada go sroisfeadh
aonne Ierúsalem dá mb'é m'asal-sa
bheadh aige!”
Brighid Stac,
Baile-n-Fhirteuraigh,
Corca Dhuibhne.
OIDHCHE FHEIL' MÁRTAIN.
Naoi n-oidhche agus oidhche gan áireamh,
Ó Oidhche Shamhna go Oidhche Fheil' Mártain.
Athá sé de nós fá an dtuaith fós &
do bhí ag sínsear Gaedheal ó'n tsean-
aimsir i leith, fuil do dhortadh gach aon
oidhche Fhéile Mártain. Marbhthar cearc
nó coileach nó bárdal nó muc nó beath-
adhach éigin eile an oidhche sin, chum íodh-
bairt fola do dheunamh do Naomh Mártan.
Athá go leor sceultha i dtaobh na h-oidhche
sin agus i dtaobh an naoimh féin ag an
tsean-dhream, sceulta ag cur síos ar mí-
ádh éigin d'imthigh ar dhaoinibh do righne
beagán den nós sin nó thug faillighe ann.
Do bhí fear in a chómhnuidhe i mBaile
na nGall roint bliadhanta ó shoin. Fear
cráibhtheach creidmheach b'eadh é agus ní
dheachaidh an oidhche sin thairis riamh gan
cearc nó coileach do mharbhadh in onóir
do Naomh Mártan. Acht aon uair amháin
do chuaidh an oidhche chum mearbhaill air,
agus nuair d'eirigh sé maidin lá ar na
bhárach do bhí sruth fola ó dhorus an
tseomra síos go dtí dorus na cistean.
Do chuir sin i gcuimhne dhó a dhearmhad
agus níor bhain sé dhó as sin amach.
Dá rángóchadh muc nó seafaid nó aon
bheathadhach eile tinn ar an bhfeirmeoir
thabharfadh sé suas do Naomh Mártan an
beathadhach sin chum é do shlánugadh, acht
do bheadh air é do mharbhadh Oidhche Fhéil'
Mártain. Mara ndeunfadh sé sin adeir-
tear go gcaillfheadh fé furmhór a stoc
nó go dtuitfeadh mí-ádh éigin air féin.
Do bhí bean dosna Brianaigh i gCill an
Iubharthain agus rángaigh muc tinn mar
sin aici uair. Is cuma cad thabharfadh sí
don mhuic ní bhfuighbheadh sí í do leigheas
ná feoil do chur uirre. 'Sa deireadh
thug sí suas do Naomh Mártan an mhuc
& do gheall sí, dá dtiocfadh sí chúiche
féin, í do mharbhadh Oidhche Fhéile Mártain.
Do bhí feabhas ag dul ar an muic as
sin amach agus í ag cur suas feola go
h-iomadamhail, sa tslighe go raibh sí i
n-iúl go maith í do mharbhadh Oidhche Fhéile
Mártain. Acht do bhuaidh neart na sainte
ar an mnaoi agus in áit í do mharbhadh
do Naomh Mártan mar do gheall sí, do
dhíol sí ar an aonach í an tseachtmhain
do bhí in a cionn. Coicthigheas ón lá
sin do chuaidh bó leis an bhfaill uirre
agus coicthigheas uaidh sin arís do chuaidh
seafaid ann laogh léi agá bascadh i
gcorrach. Bliadhain ó'n tSamhain sin
b'fhuiris áireamh do chur ar a stoc.
Má's deacair leis an bhfeirmeoir a
gheallamhaint do chómhlíonadh le Naomh
Mártan, nuair athá a bheathadhach sleamhain
slán arís aige ní h-amhlaidh sin dá chlainn.
Bíonn an t-aos óg ag tnúth le teacht na
h-oidhche sin mar bhíd le Féile na Nodlag,
mar bíonn fleadh an oidhche sin aca agus
feóil agá-róstadh ar bhior. Do bhí feir-
meoir sa pharróiste seo roint bliadhanta
ó shoin, Maitias Ó Briain a ainm. Thárla
molt tinn ar a threud caorach agus thug
sé suas do Naomh Mártan é mar ba
ghnáth.
Níor fhan dada ar an molt in a dhiaidh
sin & is é do bhí go breághdha beathuighthe
MAITH AN tSNAOIS —
“SNAOIS CHORCAIGHE.”
Sinn-ne a dhein ar dtúis í
agus atá 'á deunamh fós.
Tobac sár-mhaith
an dá shórt so:
“Shandon Plug”
agus
“Exhibition Roll.”
Scríobh chugainn-ne:
“CUALACHT LAMBCIN,”
Sráid Naoimh Phádraig a 9,
CORCAIGH.
Dhá leabhar nua do Ghaedhealaibh.
MAIDEAN I mBÉARA & dánta eile.
Osborn Ó h-Aimheirgín do sgríobh.
Luach — Trí Raolacha (postas 3 ph. eile).
AN CHAISE GHARBH.
Leabhar Nua-Fhilidheachta.
Peadar Ó h-Annracháin do sgríobh.
Luach — Trí Raolacha (postas 3 ph. eile).
ó “CHLÓ NA gCOINNEALL,”
44 Sráid Dáson, i mBAILE-ÁTHA-CLIATH.
TÁILLIÚIREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!
Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i nÉirinn.
Ó GLASÁIN IS A CHUA,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.
NÍ GÁDH BEURLA 'LABHAIRT,
ach an uair a raghair ar lorg
SAIGRÉIDÍ MAITHE,
agus deunfaidh dhá fhocal cúis ansan.
Abair
“SILK CUT”
le cailín an tsiopa.
I nDÚNDEALGAN
a deintear, agus tá 'á gcaitheamh
AR FUAID ÉIREANN.
P. Ó CEARBHAILL IS A CHUA.
(teor.)
Lucht a ndeunta.
Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk
Tá le fagháil uainn-ne
BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID
den déanamh Ceilteach agus marc
earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca.
tá ÁTHRAIGHE ÓIR is
ÁTHRAIGHE AIRGID
mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha
dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá
an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca.
Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair
agus an luachliosta.
LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC
Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.
Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag
T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo.
Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.
Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.,”
Guthán: 7 Cork; i Midleton.
DO FHEAR NA FEIRME
É SEO:
Tá
SÍOLTA,
LEASÚ,
ÚIRLISÍ,
agus
BIADH BEITHIDHEACH
le fághail, go maith is go saor, sa
tsiopa so:
‘SIOPA PLÚR IS
MINE SHRÁID AN RÍ,’
AN 3adh tigh i Sráid an Rí,
CORCAIGH.
Scríobh indiu & cuir tuairisc
a luacha &c.
A Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.
“AN LÚCANIA”
(de dhéantús na hÉireann)
ó
Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.
ag teacht ar Oidhche Fhéile Mártain. Acht
b'fhearr leis an molt do dhíol ioná é do
mharbhadh do Naomh Mártan. Fuair an
mac faisnéis ar sin agus adubhairt sé
go mbeadh sé féin suas leis. Do chuaidh
sé amach le crónughadh na h-oidhche agus
do chuaidh sé anáirde ar bhuaic an tighe
agus seo mar adubhairt sé anuas tré
an tsimné: “A Mhaitias Uí Bhriain, an
bhfuil tú istigh?” Do bhí Maitias 'na
shuidhe cois na teineadh agus adubhairt
sé: “Atháim, tháim, a ghrádh, is cia athá
innsin?” Adubhairt an mac arís:
“Mise Naomh Mártan tháinig anocht,
Is mara marbhócha tusa molt an
chinn dhuibh,
Beidh tú id thórramh seachtmhain ó
indiu.”
Do chuir sin sceimhle ar an bhfeirmeoir
agus is gairid an mhoill do bhain sé dhe
an molt do mharbhadh.
Muiris Ó Cuirrín,
In Iolscoil na Mumhan, i Rinn ó gCuanach,
Is na Déisibh.
Fuaireamair sgéal eile, mar é seo
ó Bhrighid Ní Uallacháin, Árd Caorach,
An Currán, Ciarraighe. Seo mar atá
an bheursa a bhainean leis curtha síos ag
Brighid:
“A Chonchubhair Uí Ghairbhighe an gclois-
ean tú an ghuth
Mise Rí an Domhnaig agus bí go
maith liom
Mara marbhuighean tú dhómhsa an
chaora caipíneach dhubh
Beidh tú ar na marbhaibh fé sheachtain
ó indiu.
Lucht “An Lóchrainn.”
AN CHAISE GHARBH, dánta le Peadar
Ó h-Annracháin (ar 1/6 ó Chló-lucht na
gCoinneal, in Áth Cliath). An t-é léigh-
fas an cheud dán beag, léighfe sé an
chuid eile den leabhrán, gan aon-amhras.
Seód ceart iseadh é — teachtaireacht atá
'á chur ag triall ar “Nóra an gheala-
chroidhe.” Ag caint do leis an leabhrán
adeir sé:
Bíodh at' bharra is at' leacain tsíos
Draoidheacht a mheallfaidh go ceart chugham í
Comhacht a lasfaidh an tsearc 'na croidhe
Is a sheólfaidh feasta fé rachmas sínn.
Aisling súl n-oscailte iseadh an t-abhrán
ar cheól ‘Cháit Ní Dhuibhir.’ In a shuidhe
ar thaobh cnoic i gCorca Luighe don bhfile
tráth chuala sé an teachtaireacht ón Naomh-
Bhrug 'a fhógairt — “go mbeidh Gaedhilg
fé réim arís.” Aonne bhfuil aithne aige
ar Pheadar Ó h-Annracháin, tuigfidh gur
ó chroidhe tháinig an focal so:
Beannuighim duit-se, 'Éire, a reultan mo
chroidhe,
Leanbh leat féin mé, ó chaolchois go rinn;
Tá grádh dhuit im chléibh-se — grádh Gaedhlach
glan glinn;
Beannacht ort! go n-eugad ní thréigfad mo
thír.
An chomhairle thugan sé dhúinn ar leathanach
a 19:
… 'É scríobha' ar na fallaibh ar gach taobh
den ród:
“Gráin ar an nGaedhal a ghéilleas do'n
Ghall!”
Tá san 'á theagasc aige féin, idir fhocal
is gníomh le fiche blian anuas.
Níl puinn filidheachta ag baint leis an
abhrán ar fhonn ‘An Mhaidrín Ruaidh,’ ach
tá teagasc maith ann. É in a ‘bhailéid.’
Níl de locht ar “Johnny Bull Crón” ach
an teidiol:
Goid agus creachadh 'gus cam
A's sladadh 'gus feall do chleachtaidís
Chun gurbh' ionann linn diabhal agus Gall
Ach gur bhuaidh an Gall ar chamastuigheal.
Iaracht rí bhreágh is eadh “Ros Cairbre.”
É ar an ndul gceudna le Machtnamh úd
Sheáin Uí Choileáin, agus gan puinn sa
bhreis ag an sean-fhile ar an bhfile nua.
A sheana-chlocha liatha chím
Lem' ais, an cuimhin libh an lá
Nuair mhair go súbhach suairc sa chíll
Manaigh do scríobhadh duain a's dáin.
Is tu Ros ailithir fós,
'S beir go deó fé áird-mheas
Mairfidh do stair agus do cháil
Nuair mheathfidh an t-ál dhein do chreach.
Tá roint de stair-sheanchus Chairbre fighte
ins na rannaibh. Mar sin is fearr a
buanóchar stair agus taithnfidh sé le
h-eólaigh Chairbre. Deuntús thar bárr
iseadh ‘Dán molta an Earraigh’ agus
‘Teacht na Cuaiche’:
Mothuighim-se nua-anam
Am' chorraighe gach maidean
Ó tháinig an t-Éarrach so chughainn.
Nuair a thagadh an chuach
Dár ngleann-na ar bhruach na h-Aidhlean.
Tá so mar nós ag an bhfile — an chainnt
do chur ar dhul ná bíon soiléir nó díreach
— mar atá: ‘A's leanfad go n-eugad
díot, 'Éire, go díl’; ‘do sheanchus léigh-
eas-sa go treunmhar nuair bhís;’ ‘a's
eireochaidh gan spleadhachas do Sheán
Buidhe na Gaedhil,’ &c. Locht mór é sin,
dar liom, nuair a deintar ró-mhinic é.
Ní eile atá ann nách gádh — an file do
dheunamh tagartha d'á chéird féin go minic:
‘chun eachtraí an lae sin do léir-chur go
slachtmhar síos’ (lch. a 11); ‘d'aimsigheas
mo leabhar is bhreacas roint rann’ (lch. a
19); ‘do chuirfinn mo rann i gcéill’ (lch.
a 23); ‘a's mar a gcúmfainn gan bac
na dánta’ lch. a 34).
Tá reumh-fhocal is nóta is litir is a
lán fothraim mar sin sa leabhrán, gan
gádh ar domhan leis. Is dóigh gur as na
leabhraibh a chuir Connradh na Gaedhilge fé
chló d'fhoghluimigh an fear eagair, (Mac Uí L.)
an nós san. Tá an-chuid mion-eolais gan
bhlas i reumh-fhoclaibh na leabhar úd.
Sampla rí-mhaith ar reumh-rádh oireamhnach
iseadh an ceann do scríobh an t-Aimhir-
gíneach i “Maidean i mBearra” (le Cló-
lucht na gCoinneal, leis). Na daoine
do thóg ortha féin leabhar dán do chur
fé chló sa dro'-shaoghal so, tá gníomh
don Ghaedhilg deunta aca. Go n-eirighe'
leó go geal! S. T.
TUSA IS SINN-NE.
Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go
mór linn.
Min Mhaghchromtha. An Mhin Choirce is fearr blas agus is mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha.
Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
BRUIGHEAN AN BHACAIG LE CÁIT
Ó bhéal-aithris Thaidhg Uí Chonchubhair,
Lios Póil, Ciarraighe.
An Bacach: Tá an bacach bocht ag beannú'
dhuit, a mhnaoi chríona,
Is go mbeannuighe na h-Aingil agus na
naoimh duit fé mar bheannuighim-se ó
chroidhe dhuit.
Cáit: Ní mór a shuím a chuirim ad'bheannachadh
mar ní thagan sí ó chroidhe uait,
Níl sé ach ar bharra do theangan agus a
mhalairt it' inntinn.
Bacach: Bí sibhialta anois, a dhaltha, is ná
bac an achumhlacht,
Cuir do shíntiús chugam go tapaidh,
mar caithfead dul indiu go Baile
Mhúirne.
Cáit: Mhuise greada chugat, a bhacaig,
marab ionnat atá an tighearnamh-
lacht,
Agus nár chás liomsa dá mbeitheá
marbh sara sroistheá Baile Mhúirne.
Bacach: A chaillichín chruaidh chasta, gan
carthanacht ná daonacht,
Is geárr go raghair abhaile is ní maith
é t'inead ann is baoghlach.
Cáit: Leig dod' ghlamaireacht, a challaire
an éithig, nó caithfead an teine
dhearg leat, mara mbeir amu' de
phléisg uaim.
Bacach (ag láimhseáil a mhaide croise dho):
A bhfeicean tu an chroisín! B'fhéidir
dá bhfaghfá iarracht de sa mhaoil,
go mbeifeá tamall ag osnuighil &
ar feadh seachtaine ag cneadaighil.
Cáit: Dá bhfeicinnse ar fuaid a' tighe
aon phíce, nó aon airm eile go
mbeadh puinnt' air,
Is fadó bheadh sé tríd' chroidhe agam,
is ansan bhéarfadh Lúsifear chuige
féin síos tú!
Bacach: Mhuise, a chaillichín ghránda bhuidhe,
is fadó bheadh mo lapa ad' mhaoil &
tú tarraicthe ar fuaid a' tighe,
Ach 'eagla go dtógfainn uait an gríos,
is go sgapfainn é ar fuaid Chiarraighe.
Cáit: Nach mé atá a' fághail an ghreada
uait istig am bothán féin, is gan
cómhursa i ngiorracht fead agam 'á
nglaodhainn
(ag caitheamh teine leis)
Seo ladhar de'n luaith dhearg duit sa
phlaosg & b'fhéidir i dteannta bheith
bacach go mbeifeá caoc
(Liúirean an bacach)
Bacach: A chaillichín dro' chroidhe, tá mo
shúile agat caoch gan bhrigh —
Seo iarracht do'n chroisín dá tharrac
ort sa mhaoil —
B'fhé go gcuirfeadh sé tu 'n chill, agus
b'fheárr do'n dúthaigh tú bheith thíos.
Cáit (ag béicig): A bhacaig ghránda bhradaig,
tá mo cheann agat 'na phraisig — is
níl agam dochtúir ná sagart — ná
fear am charaid a dhéanfadh tusa'
thachtadh — is a thabharfadh dos na
mucaibh thu le stracadh
(Tuiteann sí ar an urlár).
An Bacach (nuair chíonn sé sínte í): I mbriath-
ar, a chaillchín an standup, go bhfuil-
ean tú ag crothadh na gcos,
Is má bhíon aon ní ort, b'fhé go bhfagh-
ainn-se 'at' bhárr a' chroch —
Ach cuirfe mé dhíom go grod — b'fhé ná
feicfeadh éinne mé anso.
(É d'imteacht).
(Mac na baintrighe, Mícheál a ainm, do theacht
isteach tar éis tamaill. Chíon sé
a mháthair sínte).
Mícheál: Dhera, a mháthair ghrádhmhar gheal
cad d'imthig ó ghabhas amach, go
bhfuilean tu rómham at' chnap agus
braoinín fola a' teacht as do mhala
ghleóite dheas.
Cáit: A Mhichíl a rúnaig, ceann de bhacaig
Bháile Mhúirne do shocruig liúmsa —
Cuir díot, a stóraig, agus glaodhaig
ar na cómhursain —agus tugaig thar
n-ais arís an stócach — go ndéanfad
é bheirbhiú' 's a scóladh!
Mícheál: Ara, a mháthair, mara bhfuil fé ach
a' t-aon chos, cad chuige go nglaodh-
fainn —ná tabharfainn liom mé féin
é, gan congnamh ó éinne?
Cáit: 'Re, a Mhíchil a chroidhe, ní mór dhuit
ceathrar ar a luighead d'fhearaibh
móra groidhe —
Is má gheibheann sé a dhrom le claidhe,
le na mhaide is le na chroisín, beidh
sé dian ortha é chur síos.
Mícheál: 'Sdó' mhuise, beadsa na dhiaidh ar
séirse is ní ghlaodhfad ar éinne —
Caithfe sé casadh liom agus beagán
baochas! (Imthighean).
(Ar an mbóthar do Mhícheál. É do theacht suas
leis an mbacach).
Mícheál: Deallruighean tú ana dheabhadh
bheith ort, a bhacaig — ná tógfá an
bóthar fada is gan tú féin a chur
chun alluis, lá breágh aoibhinn Ear-
raigh.
Bacach: I mbriathar, a gharsúin mhilis ghleóite,
dá mbeifeá-sa ó indé gan aon ní
ithe 'ná ól, go mbeadh ort deabhadh
do dhóthain, féachaint ca' bhfaghfá
smut de chísde nó cúpla róstar.
Mícheál: Is mór a náire dos na cómhursain
má taoi'n tú ó indé gan aon ní ithe
'ná ól —
T'anam liúmsa anois agus gheóbhair do
dhótháin de Mhinion Cups & fuighleach
feóla.
Bacach: A gharsúin, ná cloisean tú ná fuil
sé ádhmharach filleadh nuair chuirean
duine chun bóthair,
Tá bean mhuinnteardha agam ansan
thoir i mBaile na Móna agus nuair
shroisfead í sin gheóbhad mo dhóthain.
Mícheál: Is fearra dhuit fille' liom — chífir
go bhfuil gnó dhíot —
Mara bhfillir let' thoil liom, fillfir at'
i ndeoin liom!
Bacach: Dhera, 'oilithrigh garsúin ná fuil
fiú na feasóige ort, ná tógfadh sé
deichneabhar 'od' shaghas-sa mise bhaint
de'n bhóthar.
Mícheál (ag breith ar chuislinn air): Tá greim
anois ar chuislinn ort — ní leigfead
órlach eile 't' shrón leat,
Beidh a' t-aon chos sin fút briste mara
gcasfair ar a' neóimit!
Bacach: Ara, bog dem chuislinn, a chreut-
úirín bhreóite —Seo cnuga beag den
mhaide dhuit! B'fhéidir go gcoimeád-
fadh sé socair go fóil tú!
(Ní Críoch).
AOIBHNEAS CILL ÁIRNE.
Ná tabhair Prospect Hall liom ná bárr
Achadeó,
Is ná tabhair liom Cill Áirne mar a mbíodh
mo shinnsir rómham,
Mar a mbíonn an t-ubhall is an t-áirne,
'S an Leamhain ag bun na páirce,
Agus radharc breágh glan ó'n dtáirsigh
Ar bhárr loch' an spóirt.
File gan ainm.
Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.
Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.
TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Teó.
(‘H. JOHNSTON’)
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.
Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe.
CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM!
MARGAIRÍN
“LEANDAR”
Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag
Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA
Agus a gCualucht.
Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.
Tá le fághail uainn-ne —
TÉ BLASTA CÚMHRA.
Ceannuigh púnt de mar shompla.
SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.
BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.
Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.
Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —
SÉAMUS Ó NÉILL
is a chlann mhac (teo.),
CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.
SÍOLTA,
LEASÚ, agus
ÚIRLISÍ,
don bhFEIRM.
Gleus gearrtha Turnaipí agus
DEIGHALTÁIN
don UACHTAR BAINNE.
Tá ag
Ó LUASA & Ó CONAILL,
I gCORCAIGH.
Scríobh chuca.
CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne.
Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.
GACH CÓIR SCOILE!
tá againn-ne
LEABHAIR don LEABHARLAINN
agus
LEABHAIR mar DHUAISEANNA.
Scríobh chugainn ar lorg eolais:
MUINNTIR FHALLAMHAIN
(Fallon Bros. Ltd.)
Cúirt a 13 & a 14,
in ÁTH CLIATH.
Smithfield a 86, i mBealfeirste.
Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.
Tá
SCÉALUIDHEACHT-GAN-
SRAÍNNG
d'á múineadh
ag togha na
múinteóirí
I SCOIL UÍ SHUILEABHÁIN
SA ‘MHARDÍOG,’
I gCORCAIGH.
Is í an scoil is mó cáil agus
is fearr cóir i n-Éirinn.
Múintear
SRANNG-SCÉALUIDHEACHT
ann do chailiní, i gcóir Oifige
an Phuist, sa ló nó istoidhche.
Scríobh chun an Árd-Oide.
TÉIG FÉ DHÉIN
“AN EMPÓRIUM”
ar lorg Earraí Gaedhlacha —
BÓNAÍ, CARABHATAÍ,
LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ
AGUS LÍNÉADACH.
M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE.
SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.
TROSCÁN TIGHE.
SEÁN Ó CURRÁIN,
sa DAINGEAN.
an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.
EUDACH
BUAN-tSEASAMHACH.
An Chulaith do-gheobhair uainn-ne,
beidh sí go córach dei'-dheunta.
Le dachad blian anuas, tá tosach
'á thabhairt againn-ne do dheun-
túisí Gaedhal. Níl muilionn in
Éirinn 'ná go gceannuighmíd-ne
togha na n-earraí ann — eudach ná
raghaidh ann, is ná dortfaidh
an dath as.
DO MHNÁIBH UAISLE —
TÁILIÚIRACHT AR 'FHEABHAS.
Gach Gúna dár dheinamar riamh,
bhí cuma is crot air.
Bainean deise ar leith leis na
Casógaibh a dheinan na táiliúirí
seo againn-ne.
Tá ana-chuid eudaigh den tsaghas
úd go n-abarthar leis “Saothar
Lámh” ar taisbeáint anso.
Ní dhortfaidh an ghuirme as an
eudach gorm atá le ceannach
uainn-ne. Raghaimíd fé bhannaí
air, agus is mór an ní é sin,
an aimsir seo.
Scríobh (nó glaodhaig) chugainn.
LIAM Ó CONCHUBHAIR
is a Mhac,
SRÁID MHÓR SHEÓIRSE, a 40,
I gCORCAIGH.
RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.
RÁSÚR “COSANTA”
ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.
CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a' bpost.
MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.
WITH THE IRISH IN FRONGOCH.
J. W. Brennan-Whitmore, do scríobh.
Tá cúntas cruinn so leabhar so i dtaobh
an tsaoghail & an chaithimh aimsire bhiodh ag na
buachaillí ó Éirinn a bhí fé smacht Gall i
bhFrongoch taréis Eirighe Amach bliana a 1916.
Tá morán sgeul brónach, agus morán sgeul
grinn chomh maith, d'á innsint ag an ughdar,
agus is cliste an peann atá aige chun snas a
chur ar sgeul, pé aca brónach nó meidhreach é.
Cuireann sé síos go h-an-mhaith ar gach iar-
racht dá dtugadh fé chuid des na buachaillí a
sciobadh isteach san airm, agus as an slighe
gur cuireadh cosg leis an obair sin. Tá
peictiúirí maithe sa leabhar.
2/6 glan, a luach. 2/10, tríd an bpost.
An dara cur amach de seo:
A CHRONICLE OF JAILS.
Darrell Figgis do scríobh.
1/- glan, a luach. 1/3, tríd an bpost.
ó
‘CHLÓ-LUCHT TALBÓID,’
Sráid Talbóid a 89, in ÁTH CLIATH.
TÁ FEÓIL RÓ-DHAOR.
NÁ BAC Í!
Ceannaigh leath-bharaille den
IASC LEASAITHE
(macarael)
ó
PHÁDRAIG Ó DUBHÁIN,
Sa DAINGEAN,
I gCIARRAIDHE.
Scríobh chuige.
In
ÁIRCÉID NA MUMHAN
gheobhair
LÁMHAINNÍ OLNA
de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh.
Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón,
dubh, glaschaorach, geal agus donn.
Tá EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint
ar gach cúntúir sa' tsiopa:
ÁIRCÉID NA MUMHAN
le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’
I gCORCAIGH.
Togha gacha bídh i gcór na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.
Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk