Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Deire Fómhair, 1918
Title
Deire Fómhair, 1918
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1918
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. a 31. DEIRE FÓMHAIR, 1918. Dhá Phinginn a Fhiacha. Creideamh agus Grádh. TOMÁS ÁGHAS DO CHEAP. (Beannacht Dé len a anam!) (ar leanamhaint). Ar maidin an trímhadh lae ó'n lá úd go dtáinig Mac Tomáis ar an gcuaird úd, d'airigheadh an fothram timpall tighe Mhaghnuis: Bhí Maghnus ag dul chun deiridh go tapaidh, agus gan aon tsúil go mair- feadh sé go h-oidhche. Bhí Fionán agus an bhanaltra farra an fhir bhreóite, ag freastail air. Maghnus an cheud duine d'airigh an foth- ram lasmuigh. “Táthar chugainn, 'Fhionáin,” ar seisean. “An airigheann tú coiscéim na ndaoine ag deunamh ar an ndoras?” Do dhruid Fionán anonn chun na fuin- neoige agus d'fheuch sé amach. Chonnaic sé an bhuidhean fear ag gabháil i leith chun an tighe. Bhí Mac Tomáis ar dhuine aca, agus fear éigin deórata len a chois. Bhí fiche saighdiúir agus beirt bháille ann mar aon leó. Bhuail Mac Tomáis & an fear deórata agus beirt saighdiúir an doras isteach gan cuireadh gan cead. Tháinig Fionán aníos as an tseomra chúcha. “Thángamair a d'iarraidh seilbhe na h-áite seo,” arsa Mac Tomáis. “Seo é annso an sirriam, agus tá órdú aige ó'n tighearna talmhan seilbh na h-áite seo do ghlacadh uaibh-se go síochánta nó í 'bhaint díbh ar éigean. Cia aca de'n dá rud is rogha libh?” “Dar ndóigh, ní'l pinginn chíosa ag tighearna ná ag rí ar an áit seo ná fuil díolta roim ré,” arsa Fionán. Do gháir Mac Tomáis. “Ní bhaineann sain linn-ne olc 'ná maith,” ar seisean. “Tá órdú' annso againn ó'n tighearna talmhan seilbh an tighe agus na h-áite seo dh'fhagháil, agus ní bhfuaireamair aon lea'- sgeul uaidh le tabhairt díbh.” “Tá m'athair i mbeulaibh báis,” arsa Fionán, “agus ní fiú dhíbh é 'chaitheamh amach ar an mbán. Leigidh dó féin, ar son Dé, go dtí gur toil le Dia fios do chur air. Geallaim-se dhíbh ná cuirfidh sé a lán moille orraibh. Má threabhann sé go h-oidhche is é a dhícheall é.” “Thug sé an tarcuisne dhomh-sa an lá fé dheireadh,” arsa Mac Tomáis, “agus feuch i leith orm; dá mbéadh sé ag crothadh na gcos an neómat so, ní fhanfaimís le n-a bhás.” Agus níor fhanadar. Do cuireadh muinn- tear an tighe amach ar an mbán gan a lán righnis. Do beireadh leabaidh an fhir bhreóite amach, agus an fear breóite féin. Níor fágadh aon tsaghas troscáin fé iadh an tighe gan caitheamh amach ar an mbuaile. Annsan nuair a bhí gach ní, idir theine agus troscán, bailithe amach aca, do chuireadh glas ar an ndoras, agus do chuir Mac Tomás an eochair chuige 'n-a phóca. Do cailleadh Maghnus Uí Donnchudha an oidhche sin i dtig Mhichíl Uí Mhodhráin, athair Chaitlín. Seachtain ó'n lá sain do bhí Fionán agus Caitlín ag siubhal lámh ar láimh annsúd thíos ar ghainimh na trágha. “Seadh, a Chaitlín,” arsa Fionán, “ní éileochad cóimhlíonadh do gheallamhna anois ort. Do thugais dom an gheallamhaint nuair a bhí macha bó ag m'athair agus agam féin. Tá m'athair i bhfochair a chruithuightheora. Táim-se gan talamh gan tighearnas. Ní'l agam de shaibhreas an tsaoghail acht an neart do chuir Dia im' chuislinn agus an tsláinte do bhronn Sé orm. Caithfidh mé aithris do dheunamh ar an muinntir do theich leó féin as an ndúthaigh seo; acht, a Chaitlín, ní foláir dom an ceart a dheunamh ar dtúis & tusa do scaoileadh —.” “Fóil, fóil, 'Fhionáin,” ar sise. “Ná h-abair an focal, ar son an Aoin-Mhic, nó brisfir mo chroidhe. Is duit-se amháin a thugas mo ghean is mo gheallamhaint, fé mar a thugais-se dhomh-sa. Nuair a bhíos ag tabhairt mo gheallamhna dhuit ní raibh aon fheuchaint dod' thalamh ná dod' tháintibh agam. Pósfad amáireach tú mar a bhfuil ag teacht eadrainn ach do mhaoin shaoghalta a bheith imthithe uait-se. Agus muna mbeir- se mar chéile agam ní phósfad do mhalairt go h-eug dom.” “Acht, a Chaitlín,” arsa Fionán, “cad deurfaidh an saoghal mór acht go bhfuil eugcóir agam 'á dheunamh ort!” “Abradh an saoghal mór a rogha ruda,” ar sise. “Conus a bhéadh eugcóir ann & mise ag toiliú' chuige?” “M'anam tú, a Chaitlín,” arsa Fionán, “tháinig a dhá oiread croidhe dhom ó dubh- raís an focal. Tugann do chainnt misneach dom. Tuigeann tú féin chómh maith liom-sa go caithfidh mé m'aghaidh do thabhairt ar dhúithíbh thar lear go fóil. Chuir m'athair fé gheasaibh me, agus é ag fagháil bháis, gan stríocadh choidhche go dtí go mbeidh seilbh na h-áite 'n-ar rugadh mé thar n-ais agam. Agus, Dia dom' thearmainn, chífar an lá sain sar a fada.” D'imthigh Fionán. Do samhluigheadh do Chaitlín gur imthigh solus an lae agus teas na gréine i n aonfheacht leis, agus gur dhéin carraig leac-oidhre d'á croidhe. Ní bhfuair sí lá d'á sláinte ó'n lá san amach. Ba chosmhail í le lusair a bheadh ag fás go borb agus go bláthmhar ar scáth crainn mhóir. Nuair a baineadh an crann do milleadh an lusair, mar do bhí an fhothain imthithe. Bhí Caitlín d'á snaoidh leis an aimsir. D'imthigh an geal-gháireatas. D'imthigh an luisne. “Poc a bhuail na daoine maithe uirthe,” adeireadh na sean- mhná. Thagadh sceula chúice ó Fhionán go minic D'innseadh sé dhí conus mar a bhí ag eirighe leis thall, go raibh tuarasdal maith dhó, go raibh airgead aige d'á chur i dtaisge go tiugh agus go raibh súil le Dia aige gur ghearr go mbeadh ar a chumas filleadh abhaile go h-Éirinn airís. D'imthigh dhá bhliain ar an gcuma sain. Ní leigeadh Fionán mí thairis gan leitir do sheoladh a bhaile uaidh chun Chaitlín. Sgríobhadh sise chuige chomh maith, acht níor innis sí riamh dó go raibh sí féin ag druidim leis an uaigh. “Cad chuige,” adeireadh sí 'n-a h-aigne féin, “go mbéinn- se ag cur imshníomh' agus buartha air, nuair is córa dhom misneach do chur air. Má innstear dó go bhfuil an galar dóghach dom' bhreith as an saoghal, is amhlaidh a thiocfaidh sé abhaile sar a mbéidh oiread cnuasaithe aige is do shaothróchaidh an Lios do.” Tá cuid de na sean-daoine againn fós gur chuimhin leo tráthnóna & oidhche ghaoithe móire do tháinig i Meadhon Fomhair bliana a 1849. Bhí an lá scallaoideach go leór ó mhaidin, acht níor shéid sé dáiríribh go dtí go raibh an ghrian ag ísliú fé dhéin na farraige. Ansan do ghluais an ghaoth aniar 'dtuaidh, & ní raibh le clos lasmuigh acht luascadh agus lúbadh na gcrann agus fothram na dtonn agus búirth na gaoithe. Nuair a bhí doircheacht na h-oidhche ag teacht, do chonnacthas an long ag deunamh aniar ar bheul Cuain an Daingin, agus í fé Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Tráth bhriseadar na húmaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces' Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Calaphort an Phápa, Corcaigh. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, ó Mhícheál Ó Ríoghardáin & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. ARÁN HOSFORD. NÁ H-ITH A MHALAIRT! Sa 62 tigh sa Mheádhon-tSráid Thuaidh, i gCORCAIGH, a deintar. Tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE TOGHA GACHA BÍDH — Plúr, Min, Té is Siúicre; SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don bhfeirm; ÁRAISTÍ IARAINN is stáin don tig. ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.” Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig ó Luimneach. MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh- air na rudaí seo & iad go maith: Bróga is Stocaí, Léinte is Guaileáin, Lámhainní is Bónaí. T. Ó LOCHLAINN, 19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH. Gheobhaidh do mhac togha na scoluidheachta — I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CHORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. lán-tsiubhal. Ba shoiléir go raibh sí ag teicheadh léi féin chun na fothana. Ráinig léi beul an chuain isteach do chur di gan bárthain gan baoghal. Do feistigheadh go cruinn agus go socair í fé bhun na Rinne Bige dachad slat ó'n bhfaill. An oidhche cheudna sain do bhí gasra beag bailithe i dtig Mhichíl Uí Mhodhráin. Bhí cuid aca ar a nglúnaibh san gcistin & tuilleadh aca thíos ins an tseómra, agus an Choróinn Pháirteach aca d'á rádh. Bhí Caitlín sínte ar an leabaidh, agus ná feadair aoinne le feuchaint uirthe cia acu beo nó marbh a bhí sí. Díreach agus muinntear an tighe ag críochnú' na Coróinneach, d'oscail Caitlín a súile. D'eirigh sí aniar ar a h-uillinn “Airighim coiscéim an duine ag teacht chun an doruis,” ar sise. “Fionán atá ann. Osgluigh an doras do!” Chuir an mhuinntear a chualaidh í cluas le h-éisteacht ortha féin. B'shin a raibh de mhaith dhóibh ann. Níor airigheadar coiscéim duine 'ná fuaim ar bith eile acht torrann na dtonn ar an gCarraig agus búirth na gaoithe móire. “An rámhaill atá ar an gcailín bocht,” arsa a h-athair, i gcogar. “Tair isteach, 'Fhionán, a bhuidheanaigh; tá na mílte fáilte rómhat,” arsa Caitlín. Le linn an fhocail sin do rádh dhí, d'eirigh sí aniar níos aoirde san leabaidh, agus do shín amach a dhá láimh. D'oscluigheadh an doras agus do bhuail isteach ar an úrlár an sagart óg, agus fear eile ar a shálaibh. D'aithnigheadar an lín-tighe go léir é láithreach. Fionán a bhí ann. “Conus tá Caitlín,” ar seisean, “nó an maireann sí?” agus do sháidh sé síos san tseomra. “Míle fáilte rómhat, 'Fhionáin,” arsa Caitlín airís. “Bhíos agh feitheamh go dtiocfá. Fuair an Mhaighdean Bheannuithe cáirde an lae seo dhom.” “Is dócha gurbh' í a stiúraigh ár long-na isteach beul Cuain an Daingin leis,” arsa Fionán. Dhruid sé anonn chun na leabthan. Rug Caitlín barróg air. “Fáiltighim rómhat,” ar sise, “agus fágaim slán is beannacht agat!” Do bhogadar a lámha a ngreim; do chrom a ceann anuas ar a h-ucht. Níor labhair sí a thuilleadh acht imtheacht ar nós na coinnle. “A Chaitlín, a chumainn,” arsa Fionán, “taoi chomh fada ód' cheud-ghrádh anois is tá an réiltean ó'n Spáinn.” Tá cúig bhliana deug ar fhichid ann ó cuireadh sagart d'Órd Naomh Phróinsias, fé ghuidhe na bpobal i bparróisde an Daingin. Sa bhFrainnc d'eug sé. B'é an sagart naomhtha úd — Fionán Ó Donnchadha. Iar n-a scríobhadh do Thomás Ághas i mbliain a 1903, agus é ag múineadh scoile i Lios Póil, i n-aois a 19 mbliana do. Micheál Ua Conchobhair, Oide Scoile, do chuir chugainn. Lucht an Lóchrainn. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. DEIREADH AN UILE MHIAN. Do bhí fear ann fadó agus clochadóir dob' eadh é. Dob' éigean dó oibriú an- dhian, mar ná raibh sé saibhir. Lá brothalach samhraidh, do mhothuigh sé é féin cortha ó'n obair is do shuidh sé ar chloich chun a shuain- eas do ghlacadh, tamal. Thuit sé 'na chodla. Do deineadh taidhreamh do go bhfaigheadh sé aon-ghuidhe bu mhaith leis ach amháin creid- eamhaint go bhfaigheadh sé é. Iar dhúiste dho cia gheóbhadh an treó ach árd-mhaor na cathrach agus carbad ceithre gcapall fé. Bhí an-dheifrigheacht idir sheascaireacht an mhaoir agus crua'-shaoghal an chlochadóra. “Och,” arsa an chlochadóir, “caithfead-sa bheith am' maor.” D'imthigh an aimsir agus do deineadh maor de. Lá áirithe do chuir rí na tíre fios ar a raibh do mhaoraibh 'na dhúthaig chun teacht i gcómhairle chuige. Thánadar. Bhí maor na gcloch ann. Chonaic sé an uraim go léir do tugadh don rí! “Och,” ar seisean, “is aoirde rí 'ná maor, caithfad-sa bheith im' rí!” D'imthigh an aimsir agus do deineadh rí dhe. Lá n-aon, do bhí an rí ag siubhal 'na gháirdín. Bhí an ghrian ag taithneamh go te. Cheap an rí go raibh sé ró-the. D'fheuch sé suas ar an ngréin. “Stad go fóil, má is é do thoil é,” ar seisean. Do shiubhal sé leis & cheap sé go raibh an sgeul socair. Ach ní raibh! Níor leig an ghrian uirthe gur airigh sí é. Do labhair sé airís lé ach ní thug sí aon-toradh air. “Och!” ar seisean, “is treise an ghrian 'ná an rí — caithfead-sa bheith im ghréin!” Do deineadh grian de. Lá, dá raibh sé ar a dhícheal ag taithneamh, d'eirigh neul as an bhfaraige agus do leath sé é féin ós cionn an tailimh go léir, i dtreó gur choisc sé gathana na gréine & nár leig sé dhóibh taithneamh ar an dtalamh. D'eirigh an ghrian ar buile agus adubhairt: “Och, is treise an neul ná an ghrian — caithfead-sa bheith am' neul!” Do deineadh neul de'n chlochadóir agus má deineadh, is é do fuair an sult agus an sásamh as bheith ag ciapadh na ndaoine. Do dhírigh sé ar bheith ag stealladh báistighe anuas ortha, de ló as doiche. Fé dheire d'eirigh an ghaoth & do shéid sí an neul treasna na bhfeirmití. Do tuigeadh do'n chlochadóir gor treise an ghaoth ná an neul, agus tháinig mian do bheith in a ghaoith. Do deineadh gaoth dhe. Do shéid sé go fiann is go feargach. Raob sé crainn as a bpreumhachaibh. Leag sé na tighthe agus d'árduigh sé an fharaige go borb droch-fhuadrach. Bhí cloch mhór mhaith áirithe sa tslighe air agus thug sé iaracht ar í chaitheamh as a shlighe. Theip air. “Och!” ar seisean, “is treise cloch 'ná gaoth; caithfad-sa bheith im' chloich!” Do deineadh cloch de. Lá n-aon, bhuail clochadóir an treó & órd in a láimh aige & dhírigh sé ar bheith ag briseadh na cloiche & bhí ag eirighe leis! Mhothaigh ár mbioránach gur treise clochadóir 'ná cloch & dubhairt sé go gcaithfadh sé bheith in a chlochadóir. Do dhein sé amhlaidh, agus is ansan thug sé fé ndeara go raibh sé mar a bhí sé i dtosach an scéil — gurbh é féin a bhí ann arís. Dhein sé Fíoghar na Croise air féin idir é féin agus aon droch-smaointe a mheallfadh as a “BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile. Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.
dhriuch féin arís é. D'fhan sé mar a bhí aige go deire a ré. Scéilín é sin do chuala 'á innsint nuair a bhíos sa Bheilg ocht mbliana ó shin. — S. Ó C. AN MÚINEADH. Fan mar atá agat. Más i ndáil na daoirseachta do cruthuigheadh Éire, is cóir dí fanamhaint sa' daoirseacht; más i saoirseacht do saoghaluigheadh í, caithfi' sí filleadh go dáil na Saoirse, luath nó mall. Bogaimís! Seán Ó Cuill. MAIDEAN I mBÉARRA (ar 1/6 ó 'Chló na gCoinneal,' in Áth Cliath). Tá tosnaithe ag an gClólucht so ar rud do dheunamh ar son na Gaedhilge. Leabhar beag abhrán is dán a cheap “Crádh Croidhe Éigeas” ó am go h-am le fiche blian anuas é sin thuas. Tá ainm díleas an fhile leis an abhrán san — “Maidean i mBéarra” le fada. Ní dóigh gur deineadh aon abhrán grádha sa Nua-Ghaedhilg atá in aon-ghaor do bheith chomh breágh le Maidean i mBéarra, agus an t-aon líne amháin a bhí lag ann, tá sé deisithe anois. Is é fonn atá leis ná “A Londonderry Air,” do réir mar léightar sa leabhrán. (Nách breágh ná dein- tar aon dearmhad ar an “London” san!) Ná fuil teidiol ar leith don cheól úd — “Mo shlán le Cúchulainn,” nó rud mar sin? Tá caoine rí-dheas aige ar Phádraig mhaith Ó Laoghaire — an Beurach úd a dhein an oiread san saothair don Ghaedhilg — go ndeine Dia grásta dho. Abhrán a bhfuil buairt croidhe ann is eadh “Sgaradh” agus an dea'-ghuidhe seo in a dheire: Pé treó 'n-a raghair óm amharc-sa, Gan brón 'ná treighid ad' leanamhaint, Is go deó gan deaghailt 'ná sgaramhaint 'Na sgáil ar do rian. Tá roinnt mhaith suilt sa leabhrán, agus go leór magaidh fé lucht scríobhta na dro'-Ghaedhilge go mór mór fé nua-fhilí; cuirean sé Eoghan Ruadh ag cainnt leis an bhfile atá ar chaol-chuid Gaedhilge: Fógair-se an leabhar úd Uí Ghramhna ar gach fear aca, Is foghluim do cheachta féin farra gach lá. Mar le duine atá riamh go láidir ar thaobh símpliú modh scríobhta na Gaedhilge (is ar thaobh “An Leitriú Símplí” féin) níor chleachtaigh an t-Aimhirgíneach féin pioc de an turas so. Tá leitreacha ná labhartar thoir thiar theas 'ná thuaidh dá scríobha' aige — ‘cruinnighthe’: ‘bliadhain’: ‘adhbhar’ agus Gach litir bhreágh bhalbh do bhí i mbrigh Ag druithibh i dTeamhair le linn Chuinn. Tá rann beag grinn aige do sna mion- daoine, ar fhonn “Mháirín Ní Chuileanáin:” Bhí uainín beag ag Máirín Ba bhreágh flíos mar shneachta ló 'S gach áit 'n a dtéigheadh an bháb mhín Bu ghnáth í ag teacht in a treó. Do lean sí isteach sa' Chláiste í — Nár dhána í, gan cead ón mBórd? — Gur sgairt amach ar gháiridhe Gach páistín le gean don spórt. Muran maith leat árd-fhilidheacht de'n tsaghas san sa ghná'-Ghaedhilg, tá sé le fáil agat sa tsean-Ghaedhilg leis, amhail a labharfadh Cormac nó Conn í! Fear bog- shuilt an t-Aimhirgíneach, bail air. S.T.
SEÁN Ó DUIBHIR A' GHLEANNA. Aisdriú ar “After Aughrim's Great Disaster” le Seán Ó Duilleáin, An Currán, Ciarraighe. Tar éis bualadh Eachdhruim chásmhair, 'Ná raibh ár namhaid 'n-a mháighistir, Is tusa ar dtúis do phreab isteach 'S do shnáimh an t-Siona 'nonn, Is trí bhealach cnuic is sléibhte Dheinis treórú dhúinn ar Ghaedhlaibh, Cé bhí machtírí Gallda claon Ar tí ár mbaint de'n tsiubhal. Ar shroisint Tobar a' dáran Níor bhaoghal dúinn díth ná bárthan, Do ghaibh linn Clann Uí Mheádhra, Dhein taisge dhúinn is treó, Thiomáineamair creach rómhainn-ne — Ach sí chreach sinn Creach na Bóinne. A Sheáin Uí Dhuibhir a' Gleanna, Ó chuaidh an lá orainn sa ghleó. B'fhada dhúinn ar thaobh cnuic, Ár leaba cois aibhnte méith-bhric, Geuga láidir cas' daraighe Amháin ár sgáth ó'n síon, Do theas an tsamhraidh ghrianmhair — Ná d'fhuacht an gheimhridh riabhachmhair Níor ghéilleamair — ach ar chlaidhte geur' Ár seasamh is ár ndíon, Gur ghaibh camthaí Liam 'n-ár dtimcheall Níor thug siad caoi dhúinn suidhe seal, Ag cur teínte i sléibhte 's coillthe, Go raibh na scamaill féin tré cheó — Do ghearramair lánaí tríotha, 'S do ghoineamair go croidhe iad, Ach, a Sheáin Uí Dhuibhir a' Ghleanna, Chuaidh an lá orainn sa ghleó. Seo sláinte an Ríogh — ár Rí-na — Cé nách curadh é i gcath ná i mbruigheanta Is sláinte Phádraig Sáirseul, Ár mbile treun gan teimheal, Fé n-a threórú san — ár dtaoiseach, Cabhróghaimíd leis an Laoiseach, Is le claidheamh is sleagh go mbrisfeam cath Ar Shasanaigh an fhill — 'S cé fé chathú dhúinn léi sgaradh, A Sheáin Uí Dhuibhir, a chara, Sí ár nguidhe A Dhia saor Éire 'S ár mbeannacht léi go deo Go raibh a clann bocht díl 's gach tuargan 'S nár mhothuighid choidhch' ár gcruadhtan, A Sheáin Uí Dhuibhir a' Ghleanna, Ó chuaidh an lá orainn sa ghleó. AN SLÉIBHTEÁNACH (Irisleabhar scoile in aghaidh na bliana. Ar 2/- ó Choláiste Chnoic Mhellerí, ins na Déisibh). Bíon crot an-mhaith ar irisleabhraibh scoile, de ghnáth, & tá “An Sléibhteánach” chomh deallrathach le h-aon-cheann d'á bhfaca riamh, agus é geall le bheith chomh Gaedhlach le h-Iris- leabhar Mhuighe Nuadhat. An Ghaedhilg a scríobhaid scoláirí scoile, ní bhíon sí ró- chruinn ach níl an locht san ar na h-aistí Gaedhilge atá sa tSléibhteánach. Trí chinn díobh (ar stair sheanchus Gaedhal) atá ann & blúire filidheachta. An aiste ar Dhómhnal Ua Súileabháin Bheura, tá sí go h-ana- mhaith; ach bfhearr gan an blúire sin de lag-fhilidheacht bheith in a tosach. Tá cúntas Beurla ann ar Fheargal Naomhtha (Feargal an Spéir-eolais) agus rian an chuardaigh air. Ní fhaca aon-chur síos ceart ar Mhaol- mhóg fáidh gur léigheas An Sléibhteánach so. Bíon an-shaoghal ag an aos óg i gcoláiste mar é siúd, ach is truagh ar fad gur ainm- eacha ‘Beurla’ bhíon ortha go léir. Nuair ná bíon ainm Gaedhilge ar Éireannach óg i gColáiste Mhellerí ('ná in aon-choláiste eile), is fada fós go mbeidh an Náisiún go Gaedhlach! An buachaill a bhíon go Gaedhlach, bíon dhá ainm air — a ainm is a shloinne ceart Gaedhilge i measc a charad féin agus an ‘ainm dhleathach Beurla’ ar rollaí is ar leabhraibh eile na scoile! Seán Tóibín. LEABHAIR A THAITHNFIDH LE GAEDHLAIBH, Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla le fághail uainn-ne. Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg … clár na leabhar … Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH, SRÁID DÁSON, a 45, BAILE-ÁTHA-CHLIATH. Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” A Ghaedheala! Ceannuighidh “ÉADACH NA DRUIPSIGHE” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaig na Druipsighe (Teo.) Co. Chorcaighe. ROSC CATHA GAEDHEAL. THE SOLDIERS SONG. — É in a cheart idir cheól is abhrán, agus oireamhnach don phianó. É i nGaedhilg, chomh maith. 1/1 an chóib, per post. WHACK FOL THE DIDDLE. Abhrán grinn i mBeurla. An file ceadna a dhein. É oireamhnach do cheól an phianó. 1/1 a' chóib. Geobhaidh lucht siopa níos saoire 'ná súd iad. Ó FAOLÁIN & A MHAC, In Uachtar Cé Urmhumhan a 17, ÁTH CLIATH. NÍ DEINTEAR AON PHÍOPAÍ EILE IN ÉIRINN ACH PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR agus is fada farsaing atá a gcáil. Le ceannach i ngach siopa tobac. Cuir a dtuairisc ar lucht a ndéanta — CAPP & MAC PEADAIR Teo. FAICHE SHAIN STIABHNA, ÁTH CLIATH. SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Scríobh chuige. Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill. Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.
CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA ó Lúcás De Búrca. LÉINTE FO-LÉINTE STOCAÍ BÓNAÍ CARABHATAÍ de DHÉANTÚS GAEDHAL Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile: SRÁID PÁDRAIG N. A 105 CORCAIGH. (‘Luke Burke’) Gach cóir chun tig do dheunamh ÓN ÚRLÁR GO BÁRR AN TIGHE: Adhmad, Táthán agus Slinnte; Áraistí Iarainn, Stóbhana, agus Bácúsa; Dathán, agus an uile shaghas Íle 'gus Ola. Tá le fághail ó ‘CHOMPLUCHT EUSTACE,’ i gCorcaigh. Scríobh chúca. Nuair a bheir ag taisdeal in UIBH RÁTHACH ÁLUINN, cuir fút sa tigh seo: TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH I GCATHAIR SAIDHBÍN, An tig IS FEARR in Uibh Ráthach. LABHARFAR GAEDHILG LEAT ANN. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. Áthraighe Iarainn agus Stáin. Arán, Min, Plúr, Té Agus Biotáile. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA GAEDHILGE Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse seo .i. an Seabhac agus Fionán Mac Coluim. “MÍ DEM SHAOGHAL,” le Bríd Stac, 3d. “LUIBH-EÓLAS,” le Seán Tóibín, 1½d. “SEAN-AMHRÁIN NA MUMHAN,” Cuid a 2, 3d. Le fághail ó MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, 'Sa tsiopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann don Ghaedhilgeoir: UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87, i mBAILE ÁTHA CLIATH. AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, I gCorgaigh an Fear Gnótha. An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair Na Díoltóirí. Ó Cuill & a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. DUAIS MHAITH. Cara don Ghaedhilg (duine de “Chraoibh na gCúigí” in Áth Cliath) atá tréis púnt airgid do chur chugainn. Duais é sin don té is fearr a scríobhfidh aiste ar “saothrú an lín” ón uair a chuirtar sá' talamh é go ndeintar é 'shníomh. Má bhainean sean- fhocail, nó luinneóga nó sceulta ar bith leis an ngnó, bídís san aiste, leis. Cuiridh na h-aistí chugainn roim Lá 'le Bríde, a scríobhnóirí. Lucht “An Lóchrainn.” GREANAMHRACHT. Ba chóir go stadfadh duine do'n rud a bheadh ag baint a bhuinn uaidh. “Ná bac aoinne ná bíonn ciall sa' Daingean aige,” a deireadh Dómhnall Óg, tar éis trí phúint deich a bheith caithte ar ól aige ann, agus gan neart aige cáithne tobac a chur 'na phíp, lá ar na mháireach. Tuigeadh do go ndeunfadh duine a bheadh ar gealthaigh an gnó in aon áit eile fé'n ngréin, ach sa' Daingean amháin. “Beagán raith ort,” a deireadh an tuatach leis an úghdar, “mar is breágh a bheadh a' saoghal 'na chodladh shámh mar a mbeadh tú!” Chuireadh cuimhneamh an úghdair breis bhráca ar na cnámha aige, rud ná beadh i gceist, dá mbeadh gach nduine mar é féin. Ba mhaith é guidhe na mná so anois, mar tá rud sa bhfaraige ná raibh riamh ann. “Go dtuga' Dia slán ó'n dtráigh thu,” a deireadh bean na déirce d'fháil, siúd is gur go sliabh an fhiolair a bheifeá chuin dul. Do tuigeadh di ach tu 'shaoradh ó'n bhfaraige, ná raibh aon rud eile ba bhaoghal duit. Is maith a mhairfeadh an fear so fé thalamh i Lonndan Shasana ó's na báid aer. “Nár bhreágh a bheith in Ifreann indiu!” a deireadh an fear aosta, nuair a bhíodh dúil mhór sa tobac aige, lá fuar sa chnoc, agus gan dul ar a phíp a dheargadh aige. Tuigeadh do go mbeadh an geatóir thíos a' feitheamh leis go mbeadh sí dearg aige, chuin é leigint amach aríst chuin a bha! Ba mhaith iad so i gcathair ná beadh mórán bídh ínnti an aimsir seo — “Nár chruadh' Dia an saoghal ort, a bhean bheag!” a deireadh a fear le'n a mhnaoí, nuair a bhíodh sí a' portaireacht do'n asal sa dro'- shaoghal agus é 'fraomsáil a' lorg bídh ar fuaid a tighe & gan puinn le'n a gcroidhe féin ach oiread leis an asal. Tomás Ó Criomhthain (an fear thiar ar fhad) san Oileán Tiar. SEÁN PAOR. Ba é Seán Paor so an buachaill dob' fhearr gaisce agus reatha dá raibh is na trí triochaibh ceud ba ghiorra dhó. Ní raibh fear a sháruithe 'ná a dhiongbhála ins na Déisibh. Níl aon pháirc 'ar dhóigh leis tarbh millteach do bheith inte, ná téigheadh sé isteach 'na lár do phrobhadh nirt & luas reatha an tairbh & is minic ‘Muna mbeadh feabhas a reatha Ag dul thar chladhacha Do bheadh a chuid leathair i dteannta,’ mar adubhairt duine éigin, uair dá raibh i dteannta ag tarbh. Aon tarbh riamh do lean an fear so ní tháinig sé ní ba ghiorra dhó 'ná dachad rámhan. Do bhí tarbh an-mhillteach aga athair & aon lá ná bainfeadh sé tuairt as duine nó beathuidheach níorbh' shámh a chodla an oidhche sin & is doichallach droch-mheóntach do bhíodh um thráthnóna, ag treórú a thréide chum a' bhuaile agus ag agairt a fheirge orra. Do bhí mac an Phaoraig & a mheithiol an lá so ag baint phrátaí. 'Sa pháirc ba ghiorra do bhán na mbó is eadh do bhíodar ag obair agus do chonnacadar buachaill beag, mac bain- trighe, ag dul isteach ann ag bailiú bóithreán. Ní túisce do chuaidh 'ná do lean an tarbh é & ní raibh aon fhagháil ag an mbuachaill an claidhe do dheunamh air agus ó ná raibh, anáirde ar mhúchán do bhí i lár na páirce is eadh do chuaidh sé. Nuair ná fuigheadh an tarbh teacht air do chrom sé ag raobadh an phuirt len a chosaibh agus len a adharcaibh; gach aon fhód do bhaineadh sé do chuireadh sé seacht slata siar thar a dhrom é agus é ag búirtheadh mas bheadh leomhan buile. Do bhailigh an dúthaigh go léir thimcheall na gcladhthacha, acht ní leigfeadh scannra an tairbh d'aoinne dul i gcabhair ar an mbuachaillín. Do labhair an Paorach. “Athá an garsún i dteannta,” ar sé, “agus ó ná fuil sé do mhisneach ag aoinne agaibh dul d'ionnsaidhe an tairbh, raghad-sa féin ann.” Ní adubhairt sé a thuille acht a rámhan do shádh síos i dtalamh go dtí an tuille agus an bata do bhriseadh innte. Do bhain sé dhe an- san agus níor fhág sé air acht a léine, a thriubhas agus a stocaí. Do chas sé carbhat aniar thar a chom, rug sé ar bhata na rámhainne 'na dheis & do chuaidh sé do léim thar claidhe, d'ionnsaidhe an tairbh. Nuair do chonnaic an tarbh chuige é do chuaidh sé fá 'na dhéin. D'fhan an Paorach go raibh an tarbh i ngiorracht rámhainne dhó agus innsin do bhog chum reatha. Siúd an tarbh 'na dhiaidh thimcheall na páirce agus gach i ‘le’ casadh agus gach i ‘le’ iompódh aca. Casadh obann dá dtug an Paorach deisiol do bhí an tarbh len a ais & rug greim daingean docht, do-scaoilte ar a earball in a láimh clé. Do lean sé ag gabháil air le bata na rámhainne gur bhris sé a raibh d'easnachaibh in a thaoibh agus do shín an tarbh fá dheoidh. “Athá do réim-se tabhartha,” ar an Paorach, agus ní rinne sé innsin ácht dul isteach fá dhéin an ghuna agus do lámhaigh sé an tarbh chum é do chur ó phian. Áine Ní Lonáin, Coláiste na Rinne. Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk
LEIGHEAS AR GHRÁDH. (Le Dáth De Barra). An t-athair Diarmuid Ó Cathasaigh, Tráighlí, do chuir chugainn. Iar n-a bhaint do a' láimhscríbhinn le Domhnal Mac Cába, Báin Tír. Más duine thu 'n-a bhfuil ort grádh, tar chum Dáth' is gheobha' tú leigheas. Mar is fear bocht cnaoite lag é féin do bhí san bpéin go ró-theinn Ós galar gan náire grádh 'gus tart' 'is tu bheith ceart i gcóir gach ní Aithchim ort, a gráthóir chaoimh, glach roinnt céille is ná bí ad chlaoi. Mar is liaigh gach othar tréis a leighis, scríobhfad roinnt d'á bhfuaireas féin 'Is glac mo chomhairle a dhuine theinn, 'is beir fí mheidhir id' rith is id' léim. Faigh ar dtúis, cheithre h-únsa náire, trí h-únsa meidhir & lea'-phúnt stuidéir, cúig únsa dea'-chomhairle, sé lán plocana de spridí na ceart-chéille, trí lán glaice de dhála cuma-liom, dhá phúnt foighne, brainse beag scorain & seachanta, lea'- phúnt dian-fhuatha ocht bpúint aindísleacht, dhá lán doirn de ghnó thairbheach naoi bpúint nea-shuime, boglán glaice de gheur-ghráin, sé únsa de bhróig fhir do mhair dheich mbliana gan dólás, agus cuideachta gnáth le taistiolach tíre gan breug ar bhárr a ghoib aige. Agus an tan gheóbha tu gach ní dhíobh san, beirbhig iad i mias i Síneach,' sé mí gan chlaochló gan slad ach d'á sír-mheascadh le meur-fhada duine macánta nár innis breug riamh d'á mháighistreás le h-eagla roim a teanga líomhtha. Agus do réir mar a fhiuchfe sé, buain de an cubhar le plaosc caol tanaidhe agus leath é ar chroicionn ghráthóra dro'-fhoighne d'eug go deunach leis an aicíd cheudna. Cuir suas led' chroidhe ansan é chun an teas grádh' do shúgha' as & fág ann é go dtuitfe sé uaidh féin. Má ghnír mo chomhairle & gan mo theagasc do thréigin, beir chomh slán le bradán geal! AN COLM. Tuar goil, a chuilm, do cheól Mo chroidhe ní beó d'á bhrigh Do bhreugais deór óm rosc Truagh nach ad' thost do bhí. A láimhscríbhinn le DL, Mac Cába. CEARC A' PHRUMPA. Cá rabhais ó mhaidean indé ua'm a chirc a' phrumpa, a chirc a' phrumpa? Síos is suas dom féinig, a Sheáin a' chleite, a Sheáin a' chleite. Bhí cearc a' phrumpa lá a soláthar di féin. Chonnaic sí stáca coirce, agus siúd chuige í a' priocadh an choirce. Níorbh' fhada dhi gur thuit sop as an stáca, agus gur bhuail sé thiar sa phrumpa í. Mheas sí go raibh an t-aer sa talamh tuitithe ar a chéile. Siúd léithi sa tsiubhal, agus sgéan buile n-a dhá súil riamh agus choidhche nó gur bhuail an coileach léithi. “Cad é seo anois ort?” ars an coileach. “Tá,” arsa cearc a' phrumpa, “an t-aer sa talamh atá tuitithe ar a chéile.” “Cé dubhairt é sin leat?” ars an coileach. “Mo dhá shúil a chonnaic é, agus mo dhá chluais a chualaidh é, a chroidhe, agus mara mbeadh gurb ar mo phrumpa shiar a buaileadh é bhíos marbh.” Siúd leótha sa tsiubhal, an coileach agus cearc a' phrumpa agus níor stadadar riamh ná choidhche go dtí gur bhuail an chearc bhán leótha. “Cad é seo anois orraibh?” ars an chearc bhán leis an gcoileach. “Tá,” ars an coileach, “an t-aer sa talamh atá tuitithe ar a chéile.” “Cé dubhairt é sin leat?” ars an chearc bhán. “Dubhairt cearc a' phrumpa,” ars an coileach. “Agus cé dubhairt leat-sa é, a chearc a' phrumpa?” ars an chearc bhán. “Mo dhá shúil a chonnaic é, agus mo dhá chluais a chualaidh é, agus mara mbeadh gurb ar mo phrumpa shiar a buaileadh é bhíos marbh. Siúd leótha sa tsiubhal cearc a' phrumpa agus an coileach agus an cearc bhán is do bhuail leó i ndiaidh a chéile an chearc bhuidhe, an préachán, an chruthóg liath, an londubh, an colúr, an lacha agus an turcaoi. Bhí an chaint chéadna acu le gach ceann díobh is do lean gach ceann an chuid eile go dtí gur bhuail an mada ruadh leótha. Do cheistig an mada ruadh iad mar gheall ar an sgannradh a bhí ortha, agus nuair a chualaidh sé uatha connas mar bhíodar go léir i bhfochair a chéile dubhairt sé leis féin ná beadh aon ocras air go ceann seachtmhaine ar a luighead ach bob a dh'imirt ortha. “Tá eolas agam-sa ar áit go mbeimíd slán sabháltha go lá ann,” ars an mada ruadh leo. D'árduigh sé leis iad go dtí n-a phruais féin. Do chuir sé féin fé amuigh i mbéal na pruaise chum ná feudfadh aon cheann aca gabháil thairis amach i gan fhios do. Bhí sé 'á marbhú agus 'á n-ithe n-a gceann is n-a gceann do dtí gur shocruigh sé leis an gceann deireannach aca. Sin é mo sgeul-sa, agus má tá breug ann bíodh. Prumpa = eirbaillín. Common Noun. MAITH AN tSNAOIS — “SNAOIS CHORCAIGHE.” Sinn-ne a dhein ar dtúis í agus atá 'á deunamh fós. Tobac sár - mhaith an dá shaghas so: “SHANDON PLUG” agus “EXHIBITION ROLL.” Scríobh chugainn-ne: “CUALACHT LAMBCIN,” Sráid Naoimh Pádraig a 9, CORCAIGH. Dhá Leabhar Nua do Ghaedhealaibh. MAIDEAN I MBÉARA & dánta eile. Osborn Ó h-Aimheirgín do sgríobh. Luach — Trí Raolacha (postas 3 ph. eile. AN CHAISE GHARBH. Leabhar Nua-Fhilidheachta. Peadar Ó h-Annracháin do sgríobh. Luach — Trí Raolacha (postas 3 ph. eile). ó “CHLÓ NA gCOINNEALL,” 44 Sráid Dáson, i mBAILE-ÁTHA-CHLIATH. TÁILLIÚIREACHT agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i n-Éirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA., 11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH. NÍ GÁDH BEURLA 'LABHAIRT, ach an uair a raghair ar lorg SAIGRÉIDÍ MAITHE, agus deunfaidh dhá fhocal cúis ansan. Abair “SILK CUT” le cailín an tsiopa. I nDÚNDEALGAN A deintear, agus tá 'á gcaitheamh AR FUAID ÉIREANN. P. Ó CEARBHAILL IS A CHUA. (teor.) Lucht a ndeunta. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
Tá le fagháil uainn-ne BUÍNN ÓIR IS BUÍNN AIRGID den déanamh Ceilteach agus marc earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca. Tá ÁTRAIGHE ÓIR is ÁTHRAIGHE AIRGID mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca. Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair agus an luachliosta. LIAM MAC AODHGÁIN & a Chl.-Mhac Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CL. MHAC, teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.” Guthán: 7 Cork. 1 Midleton. DO FHEAR NA FEIRME É SEO: Tá SÍOLTA, LEASÚ, ÚIRLISÍ, agus BIADH BEITHIDHEACH le fághail, go maith is go saor, sa tsiopa so: ‘SIOPA PLÚIR IS MINE SHRÁID AN RÍ,’ AN 3adh tigh i Sráid an Rí, CORCAIGH. Scríobh indiu & cuir tuairisc a luacha &c. Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i. “AN LÚCANIA” (de dhéantús na hÉireann) ó Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat. MAR OILTEAR. Dráma grinn, “She Stoops to Conquer,” do sgríbh an t-Éirionnach úd Góldsmith san ochtmhadh h-aos deug. Giota as is eadh an méid seo cainnte a leanas. Do theasduig ó mhnaoi tighe turas fada do thabh- airt ó bhaile san oidhche. Bhí caráiste dhá chapall aici, agus na theannta san bhí a peata mic, ógánach, ar muin capaill roimpe amach mar ghiolla turais aici. Níor oir sé do'n mhac go n-eireochadh le n-a mháthair an turas san do thabhairt. Bhí na bóithre go h-olc an uair sin; agus is é rud a dhein an mac ná caráiste a mháthar do thionnlac trí gach bóthar beag ba mheasa ná 'chéile tímpal agus mór-thímpal an tighe, agus é ag leogaint air go rabhadar ag dul ar aghaidh, chun gur chuadar ar lár sa deire i lochán gutaig fé bhun an tighe. Hardcastle — b'é an tarna feara bhí ag an máthair é, agus leasmac do san dob eadh an peata mic, Antoine. Bean Hardcastle (déis eirghe as an lochán di): 'Antoine, táim marbh, bascaithe, brúighte — i n-uadhacht bháis. Ní théar- nóchad choidhche. Dhein an turrain dheir- ionach a fuaramair i gcoinnibh an chlaidhe mo ghnó dhom. Antoine: Ach, a mháthair, nách tú féin fé ndeara é. Bhís bainte ar an dturas so do thabhairt san oidhche, is gan eolas ar órlach de'n tslighe 'gat. Bean: B'fheárr liom ná rud mór go mbeinn sa bhaile arís. Canad is dóigh leat go bhfuilmíd? Antoine: Do réir mo thuairim támaoid ar Réidh na bPlaosc mBriste, tímpal dathad míle ó bhaile. Bean: A Thighearna! an ball is measa sa tír. Ní theasduigheann uainn anois acht foghluidheacht chun deire chur linn. Antoine: Ná bíodh eagla ort, a mháthair. Do crochadh beirt de'n chúigear beith- eamhnach a ghnáthuigheadh an áit seo, agus bfhéidir ná faghadh éinne de'n triúr eile sinn. Ná bíodh eagla ort. Feuch! an fear é sin atá ar cos anáirde 'n-ar ndiaidh? Ní h-eadh; níl ann acht crann. Ná bíodh eagla ort. Bean: Is cinnte go marbhochaidh an t-anaithe me. Antoine: A dtugann tú fé ndeara rud éigin i bhfoirb hata ag corruighe taobh thiar de'n tor? Bean: Ó, Dia linn! Antoine: Níl ann acht bó. Ná bíodh eagla ort. Bean: Mar is maith liom bheith im' beathaidh, chím fear ag déanamh orainn! táim cinnte air. Má chíonn sé sinn beidh ár gcóta bán deunta. Antoine (leis féin): Dar gach mí-ádh! sé mo leas-athair é ag siubhal do féin. (Léithe-se) Foghlaidhe bóthair a's faid maide de phiostal aige. Bitheamhnach gránda gráineamhail. Bean: Go saoraidh Dia sinn, seo chugainn é. Antoine: Folaigh thú féin sa' sgairt sin, agus leog dómhsa cainnt leis. Má tá contabhairt ann cuirfead casachtach bheag asam, agus deurfad ‘hum;’ agus nuair a deurfad ‘hum,’ cúb-sa chugat sa tor. (Hardcastle do theacht i láthair). Hardcastle: Measaim go gcloisim guthana daoine ag iarraidh cabhartha. Ó, a Antoine, an tusa san? Ní raibh súil chómh luath thar n-ais agam leat. An bhfuil do mháthair, agus í siúd a bhí fé n-a cúram, ar láimh na sábhála? Antoine: Go socair, seascair i dtig m'áin- tín. Hum! Bean (ó'n sgairt): Dia linn! Chím gur baoghal dúinn. Hardcastle: Dathad míle i dtrí n-uaire. Tá san an iomad, a bhiorránaigh. Antoine: “Capaill threuna, aistear gearr,” a deir an sean-fhocal, Hum! Bean: 'Más! níl sé ar tí díobhála a dhéanamh do'n garsún. Hardcastle: Ach, do chualadh guth ann so. Cad as go dtáinig sé? Antoine: Mise, athair, a bhí ag caint liom: féin, athair. Hum! Bhíos dhá rádh gur mhaith an ghluaiseacht dathad míle i dtrí uair' an chloig. Hum! Agus ba mhaith, leis. Hum! Tá slaghdán beag orm, agus táim ag casachtaigh. Hum! led' toil, ragham isteach. Hum! Hardcastle: Má bhís ag caint leat féin ní rabhais id fhreagairt féin. Bhí dhá ghuth ann, agus (i n-árd a chinn) caith- fead an ceann eile 'fhághail amach. Bean (ó'n sgairt): Ó! tá sé ag teacht chun Mise d'aimsiú. Antoine: Cad is gádh dhuit dul a thuille, a athair. Hum! Deirim leat go bhfuil an fhírinne agam. Hum! Ar mh'anam go bhfuil. Á! fan. Hum! Hardcastle: Ní fhanfad. Tá sé fánach agat bheith im chimeád, agus tá sé fánach agat bheith a' braith air go gcreidfinn thu. Bean (I do rith chúcha ó'n sgairt): Thighearna! marbhóchaidh sé mo leanbh bán. Seo, a dhuine uasail chóir, agair do dhíoltas orm-sa. Mo chuid airgid, m'anam — bídís go léir agat, acht ar son na trócaire ná dein dochar do leanbh mo cheana anso. Hardcastle: Mar is maith liom bheith im beathaidh — mo bhean! Cad as go dtáinigh sí, nó cad is meón léi? Bean (Í do dhul ar a glúnaibh): Ar son ar imthigh riamh uait, a ghadaidhe uasail, is ná marbh sinn. Bíodh a bhfuil againn agat. Acht amháin go bhfágfair in ár mbeathaidh sinn, béam sásta, agus ní baoghal go gcuirfam an dlighe choidhche ort. Hardcastle: Tá'n bhean as a céill. A Dheóra, airiú, ná h-aithnigheann tú me? Bean: Mar is maith liom an sagart d'fhágh- ail, sé Hardcastle féin atá ann. Do bhain an eagla radharc mo shúl díom. Acht cé mheasfadh tú 'fheiscint san áit so, chómh fada ó bhaile? Hardcastle: Chómh fada ó bhaile! Cá bhfuil do mheabhair, a Dheóra? Níl tú dathadh slat ó dhoras do thighe féin. (Le Antoine) Ceann ded' chuid cleas é seo, a pheata mhíghrástamhail. (Léi-se) Ná h-aithnigheann tú an geata, an crann úbhall, agus nach cuimhin leat an lochán, a ghrádh? Bean: An lochán! beidh cuimhne an locháin agam an fhaid is mhairfead. 'Sé mo thrúig bháis é. (Le Antoine) Agus is tusa, a choileáin gan náire, fé ndeara so go léir. Teasbáinfead-sa dhuit conas magadh deunamh féd' mháthair. Antoine: Dar fiadh, a mháthair, deir an dá pharróiste gur loitis féin mé. Bíodh a thoradh anois agat. Bean: Loitfead níos fearr tú, a chuirpigh. (Í d'á leanamhaint ag iarraidh gabháil air). Hardcastle (ag imtheacht 'n-a ndiaidh do): “Mairthear mar oiltear!” (A Chríoch). Gruagach an Tobair. Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'Mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha. Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
AN MAIDE COILL. Nuair a bhíos im leanbh do chuala sean- chaidhe uair ag trácht ar an mbuadh a bhíonn i maide coill chun duine do chosaint ó phúcaíbh agus ó annspioraidibh agus ó gach droich-ní a bhíonn ar tí lucht an tsiubhal- oidhche. Éinne go mbéadh an maide sin aige d'fhanfadh gach aon droich-ní faid a bhuille amach uaidh. Chun a chur i n-iúil do gach éinne a bhí ag éisteacht leis nách caint gan éifeacht a bhí aige d'innis sé sgéal dúinn i dtaobh fir a bhí ag teacht abhaile i n-am mhairbh na h-oidhche tar éis bheith ag imirt chártaí. Nuair a bhí sé ag gabháil tré áit uaigneach dhorcha de'n bhóthar d'eirigh an bhean chaol árd aníos as an mbóthar chuige. Bhí brat fada bán uirthe, gathana soluis ag spréacharnuig ó'n a dhá súil, is spága de chosaibh fúithe agus iad ar dearg- lasadh. Do dhruid sí chuige isteach agus le gach coiscéim dá dtugadh sí d'airigheadh sé siot agus siosarnach slabhraí. B'é deónú Dé gur ráinig leis maide coill a bheith aige. Thug sé aghaidh uirthe agus bhuail sé buille de'n mhaide uirthe treasna an chinn, Le n-a linn sin do leig sí liúgh aiste agus do shloigh an talamh síos í os comhair a shúl. Nuair d'airigheas an sgéal san tháinig an-dhúil agam i maide coill. B'é an t-iongnadh ar fad a bhí orm cad n-a thaobh ná raibh maide coill ag gach éinne agus a leithéid sin de bhuadh a bheith ann. Dá bhfaghainn mo rogha idir an maide coill & a mbíonn de bhréagánaibh ins na siopaíbh um Nodlaig do thoghfainn an maide. Fóríor! Ní raibh sé ró-fhuraiste an saghas sin maide d'fhághail. Ní raibh aon choll ag fás im' chomhgar. Bhíos i gcruadh-chás mar ná feadar cathain a tiocfadh spioraid nó púca chun me 'fhuadach agus gan neart agam me féin a chosaint ortha! Tar éis cúpla mí do tháinig truagh ag duine éigin dom agus do bhronn sé orm an maide do bhí ag teastáil go géar uaim. Is orm a bhí an t-áthas an lá san. Ba dheas éadtrom an maide é. Ba gheal a bhí an croicean air & ba shleamhain & ba chineálta. Cheapas go raibh saibhreas agam. Do shiúbhlas síos suas agus mo bhaitín agam 'á chasadh 's 'á lúbadh 's 'á bhagairt badh dhóigh le duine gur mhó me ná Dómhnall Ceanneiche. Mo thruagh an spioraid a thiocfadh am' ghoire! Is dóigh liom go rugas an maide liom a chodladh. I gcaitheamh seachtmhaine na dhiaidh san bhí gach éinne bodhar cráidhte agam féin agus agam' mhaide coill. Do thárla go raibh aonach ar an mbaile mór tamaillín 'n-a dhiaidh san agus do chuir m'athair buachaill a bhí aige chun an aonaigh le sé nó seacht de bheithidheachaibh. Níor mhór dómhsa mo mhaide a bhreith liom chun congnamh a thabhairt do — do theastuigh uaim a theasbáint do a dheiseacht agus bhí mo mhaitín chun beithidhigh a chasadh. “Ó, mhuise, a ghrádh an tsaoghail,” arsa an buachaill liom, “t'rom an maide sin, níl aon mhaith sa tslait seo agam chun na mbeitheamhnach so a chomáint, agus níl aon eagla ortha romham.” “B'fhéidir,” arsa mise, “go mbrisfá orm é, nó b'fhéidir ná tabharfá abhaile chugam arís é.” “É sin a bhriseadh an eadh? Mo thruagh mhór thú! ní fhéadfá é sin a bhriseadh, agus tabharfad chugat abhaile arís é, ná bíodh eagla ort.” Do shíneas chuige an maide, agus ní rugas greim air im' láimh riamh ó shin. Nuair tháinigh sé ó'n aonach chuireas tuairisg an mhaide air. “Ó, mhuise! faid ar do shaoghal,” ar seisean, agus go gcuire Dia gach aon rath ort. Ba mhór an t-ádh a bhí liom agus tú bhualadh liom ar maidin indiu. Bheinn marbh anois mara mbeadh do mhaide.” “Cad a mharbhóghadh thú?” arsa mise. “Éist go fóil liom,” ar seisean. “Bhíos ag chur a' bhóthair díom go breágh mear & na beithidhigh go macánta socair chun go dtánga i ngiorracht míle do'n bhaile mhór. Tá claidhe ar gach taobh de'n bhóthar san áit cheudna. De phleisg, do léim na beithidhigh isteach i ndíg an bhóthair. Cad a bheadh rómpa i lár an bhóthair ach eas a bhí chómh mór le madra. Do dhéin sí fé'm dhéin & í a sgeamhuigheal. Do thug sí aon léim amháin as a corp chun dul im' sgórnaigh. D'árduigheas an maide 'na coinnibh agus b'é deónú Dé gur aimsigheas í. Do thuit sí fuar marbh ar an mbothar —” “Agus cá bhfuil an maide anois?” arsa mise. “Tá sé ag an sagart,” ar seisean. “Cad ab áil leis an sagart de?” arsa mise. “Cheapas gur mhór an sgrupal maide do shaor duine ó'n mbás a bheith i n-aon áit eile ach áit bheannuithe. Thugas do'n tsagart é agus dubhart leis é chur isteach fé'n altóir; agus dubhairt sé gur mhaith agus gur thairbheach dom' anam an gníomh a dheineas.” “Ach cad a dhéanfad-sa gan mo mhaide,” arsa mise. “Níl aon rud agam chun mé chosaint ar aon droich-ní a bheadh ar mo thí.” “Agus cad é an mhaitheas maide coill chun éin-ní de'n tsaghas san a choimeád uait.” “Nach cuimhin leat an sgéal úd d'innis Dómhnall na Móna dhúinn i dtaobh na spioraide agus conus do shaor an maide coill ó'n mbás é?” “Dhé, rás air — ar muin capaill anáirde! níor innis sé an sgéal san i gceart. B'é mh'athair-se féin a bhí sa chonntabhairt sin agus níor bh'aon mhaide coill a bhí aige an oidhche sin ach sgian coise duibhe.” Chuala tamall maith 'n-a dhiaidh san gur ól mo bhuachaill breis agus a dhóthain uisge beatha agus gur 'fhág sé mo bhaitín n-a dhiaidh i dtigh óil éigin. Maide coill = coll, ‘hazel.’ Cúraoi Mac Dáire. GNÍOMH É SEO: Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Teó., (‘H. JOHNSTON’) Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaigh. CHÓMH BLASTA LE h-AON-ÍM! MARGAIRÍN “LEANDAR” Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX IS A CHLANN MHAC (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL IS A CHLANN MHAC (Teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. SÍOLTA, LEASÚ agus ÚIRLISÍ do'n bhFEIRM. Gleus gearrtha Turnaipí agus DEIGHALTÁIN don UACHTAR BAINNE. Tá ag Ó LUASA & Ó CONAILL, I GCORCAIGH. Scríobh chuca. CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne. Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.
GACH CÓIR SCOILE! Tá againn-ne LEABHAIR don LEABHARLAINN agus LEABHAIR mar DHUAISEANNA. Scríobh chugainn ar lorg eolais: MUINNTIR FHALLAMHAIN (Fallon Bros. Ltd.) Cúirt Dáma a 13 & a 14, in ÁTH CLIATH. Smithfield a 88, i mBealfeirste. Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge. Tá SCÉALUIDHEACHT-GAN- SRAÍNNG d'á múineadh ag togha na múinteóirí I SCOIL UÍ SHÚILEABHÁIN SA ‘MHARDÍOG,’ I gCORCAIGH. Is í an scoil is mó cáil agus is fearr cóir i n-Éirinn. Múintear SRANNG-SCÉALUIDHEACHT ann do chailiní, i gcóir Oifige an Phuist, sa ló nó istoidhche. Scríobh chun an Árd-Oide. TÉIG FÉ DHÉIN “AN EMPÓRIUM” ar lorg Earraí Gaedhlacha — BÓNAÍ, CARABHATAÍ, LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ AGUS LÍNÉADACH. M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC, CILL ÁIRNE. SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm. TROSCÁN TIGHE. SEÁN Ó CURRÁIN, sa DAINGEAN. an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad. EUDACH BUAN-tSEASAMHACH. An Chulaith do-gheobhair uainn-ne, beidh sí go córach dei'-dheunta. Le dachad blian anuas, tá tosach 'á thabhairt againn-ne do dheun- túisí Gaedhal. Níl muilionn in Éirinn 'ná go gceannuighmíd-ne togha na n-earraí ann — eudach ná raghaidh ann, is ná dortfaidh an dath as. DO MHNÁIBH UAISLE — TÁILIÚIRACHT AR 'FHEABHAS. Gach Gúna dár dheinamar riamh, bhí cuma is crot air. Bainean deise ar leith leis na Casógaibh a dheinan na táiliúirí seo againn-ne. Tá ana-chuid eudaigh den tsaghas úd go n-abarthar leis “Saothar Lámh” ar taisbeáint anso. Ní dhortfaidh an ghuirme as an eudach gorm atá le ceannach uainn-ne. Raghaimíd fé bhannaí air, agus is mór an ní é sin, an aimsir seo. Scríobh (nó glaodhaig) chugainn. LIAM Ó CONCHUBHAIR is a Mhac, SRÁID MHÓR SHEÓIRSE, a 40, I GCORCAIGH. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/- go 10/6. RÁSÚR “COSANTA” ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-; gheobhair ceann aca san & trí lanna “Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3, tríd a' bpost. CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar 7d. tríd a' bpost. MAC CUILINN, 35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. WITH THE IRISH IN FRONGOCH. J. W. Brennan-Whitmore, do scríobh. Tá cúntas cruinn so leabhar so i dtaobh an tsaoghail & an chaithimh aimsire bhiodh ag na buachaillí ó Éirinn a bhí fé smacht Gall i bhFrongoch taréis Eirighe Amach bliana a 1916. Tá morán sgeul brónach, agus morán sgeul grinn chómh maith, d'á innsint ag an ughdar, agus is cliste an peann atá aige chun snas a chur ar sgeul, pé aca brónach nó meidhreach é. Cuireann sé síos go h-an-mhaith ar gach iar- racht dá dtugadh fé chuid des na buachaillí a sciobadh isteach san arm, agus ar an slighe gur cuireadh cosg leis an obair sin. Tá peictiúirí maithe sa leabhar. 2/6 glan, a luach. 2/10, tríd an bpost. An dara cur amach de seo: A CHRONICLE OF JAILS. Darrell Figgis do scríobh. 1/- glan, a luach. 1/3, tríd an bpost. ó ‘CHLÓ-LUCHT TALBÓID,’ Sráid Talbóid a 89, in ÁTH CLIATH. TÁ FEÓIL RÓ-DHAOR. NÁ BAC Í! Ceannaigh lea'-bharaille den IASC LEASAITHE (macarael) ó PHÁDRAIG Ó DUBHÁIN, Sa DAINGEAN, I gCIARRAIDHE. Scríobh chuige. In ÁIRCÉID NA MUMHAN gheobhair LÁMHAINNÍ OLNA de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh. Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón, dubh, glaschaorach, geal agus donn. Tá EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint ar gach cúntúir sa' tsiopa: ÁIRCÉID NA MUMHAN Le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’ I gCORCAIGH. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail. Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services