Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deire Fómhair, 1918

Title
Deire Fómhair, 1918
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1918
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. a 31. DEIRE FÓMHAIR, 1918. Dhá Phinginn a Fhiacha.



Creideamh agus Grádh.



TOMÁS ÁGHAS DO CHEAP.



(Beannacht Dé len a anam!)



(ar leanamhaint).



Ar maidin an trímhadh lae ó'n lá úd
go dtáinig Mac Tomáis ar an gcuaird
úd, d'airigheadh an fothram timpall tighe
Mhaghnuis: Bhí Maghnus ag dul chun deiridh
go tapaidh, agus gan aon tsúil go mair-
feadh sé go h-oidhche. Bhí Fionán agus
an bhanaltra farra an fhir bhreóite, ag
freastail air.



Maghnus an cheud duine d'airigh an foth-
ram lasmuigh. “Táthar chugainn, 'Fhionáin,”
ar seisean. “An airigheann tú coiscéim
na ndaoine ag deunamh ar an ndoras?”



Do dhruid Fionán anonn chun na fuin-
neoige agus d'fheuch sé amach. Chonnaic
sé an bhuidhean fear ag gabháil i leith chun
an tighe. Bhí Mac Tomáis ar dhuine aca,
agus fear éigin deórata len a chois. Bhí
fiche saighdiúir agus beirt bháille ann mar
aon leó.



Bhuail Mac Tomáis & an fear deórata
agus beirt saighdiúir an doras isteach gan
cuireadh gan cead. Tháinig Fionán aníos
as an tseomra chúcha.



“Thángamair a d'iarraidh seilbhe na
h-áite seo,” arsa Mac Tomáis. “Seo
é annso an sirriam, agus tá órdú aige
ó'n tighearna talmhan seilbh na h-áite seo
do ghlacadh uaibh-se go síochánta nó í 'bhaint
díbh ar éigean. Cia aca de'n dá rud is
rogha libh?”



“Dar ndóigh, ní'l pinginn chíosa ag
tighearna ná ag rí ar an áit seo ná fuil
díolta roim ré,” arsa Fionán.



Do gháir Mac Tomáis. “Ní bhaineann
sain linn-ne olc 'ná maith,” ar seisean.
“Tá órdú' annso againn ó'n tighearna
talmhan seilbh an tighe agus na h-áite seo
dh'fhagháil, agus ní bhfuaireamair aon lea'-
sgeul uaidh le tabhairt díbh.”



“Tá m'athair i mbeulaibh báis,” arsa
Fionán, “agus ní fiú dhíbh é 'chaitheamh amach
ar an mbán. Leigidh dó féin, ar son Dé,
go dtí gur toil le Dia fios do chur air.
Geallaim-se dhíbh ná cuirfidh sé a lán
moille orraibh. Má threabhann sé go
h-oidhche is é a dhícheall é.”



“Thug sé an tarcuisne dhomh-sa an lá fé
dheireadh,” arsa Mac Tomáis, “agus feuch
i leith orm; dá mbéadh sé ag crothadh na
gcos an neómat so, ní fhanfaimís le n-a
bhás.”



Agus níor fhanadar. Do cuireadh muinn-
tear an tighe amach ar an mbán gan a
lán righnis. Do beireadh leabaidh an fhir
bhreóite amach, agus an fear breóite
féin. Níor fágadh aon tsaghas troscáin
fé iadh an tighe gan caitheamh amach
ar an mbuaile. Annsan nuair a bhí
gach ní, idir theine agus troscán, bailithe
amach aca, do chuireadh glas ar an ndoras,
agus do chuir Mac Tomás an eochair chuige
'n-a phóca.



Do cailleadh Maghnus Uí Donnchudha an
oidhche sin i dtig Mhichíl Uí Mhodhráin, athair
Chaitlín.



Seachtain ó'n lá sain do bhí Fionán agus
Caitlín ag siubhal lámh ar láimh annsúd
thíos ar ghainimh na trágha. “Seadh, a
Chaitlín,” arsa Fionán, “ní éileochad
cóimhlíonadh do gheallamhna anois ort. Do
thugais dom an gheallamhaint nuair a bhí
macha bó ag m'athair agus agam féin.
Tá m'athair i bhfochair a chruithuightheora.
Táim-se gan talamh gan tighearnas. Ní'l
agam de shaibhreas an tsaoghail acht an
neart do chuir Dia im' chuislinn agus an
tsláinte do bhronn Sé orm. Caithfidh mé
aithris do dheunamh ar an muinntir do
theich leó féin as an ndúthaigh seo; acht,
a Chaitlín, ní foláir dom an ceart a
dheunamh ar dtúis & tusa do scaoileadh —.”



“Fóil, fóil, 'Fhionáin,” ar sise. “Ná
h-abair an focal, ar son an Aoin-Mhic,
nó brisfir mo chroidhe. Is duit-se amháin
a thugas mo ghean is mo gheallamhaint, fé
mar a thugais-se dhomh-sa. Nuair a bhíos ag
tabhairt mo gheallamhna dhuit ní raibh aon
fheuchaint dod' thalamh ná dod' tháintibh
agam. Pósfad amáireach tú mar a bhfuil
ag teacht eadrainn ach do mhaoin shaoghalta
a bheith imthithe uait-se. Agus muna mbeir-
se mar chéile agam ní phósfad do mhalairt
go h-eug dom.”



“Acht, a Chaitlín,” arsa Fionán, “cad
deurfaidh an saoghal mór acht go bhfuil
eugcóir agam 'á dheunamh ort!”



“Abradh an saoghal mór a rogha ruda,”
ar sise. “Conus a bhéadh eugcóir ann &
mise ag toiliú' chuige?”



“M'anam tú, a Chaitlín,” arsa Fionán,
“tháinig a dhá oiread croidhe dhom ó dubh-
raís an focal. Tugann do chainnt misneach
dom. Tuigeann tú féin chómh maith liom-sa
go caithfidh mé m'aghaidh do thabhairt ar
dhúithíbh thar lear go fóil. Chuir m'athair fé
gheasaibh me, agus é ag fagháil bháis, gan
stríocadh choidhche go dtí go mbeidh seilbh na
h-áite 'n-ar rugadh mé thar n-ais agam.
Agus, Dia dom' thearmainn, chífar an lá
sain sar a fada.”



D'imthigh Fionán. Do samhluigheadh do
Chaitlín gur imthigh solus an lae agus teas
na gréine i n aonfheacht leis, agus gur
dhéin carraig leac-oidhre d'á croidhe.



Ní bhfuair sí lá d'á sláinte ó'n lá san
amach. Ba chosmhail í le lusair a bheadh ag
fás go borb agus go bláthmhar ar scáth
crainn mhóir. Nuair a baineadh an crann
do milleadh an lusair, mar do bhí an
fhothain imthithe. Bhí Caitlín d'á snaoidh leis
an aimsir. D'imthigh an geal-gháireatas.
D'imthigh an luisne. “Poc a bhuail na
daoine maithe uirthe,” adeireadh na sean-
mhná.



Thagadh sceula chúice ó Fhionán go minic
D'innseadh sé dhí conus mar a bhí ag eirighe
leis thall, go raibh tuarasdal maith dhó, go
raibh airgead aige d'á chur i dtaisge go
tiugh agus go raibh súil le Dia aige gur
ghearr go mbeadh ar a chumas filleadh
abhaile go h-Éirinn airís.



D'imthigh dhá bhliain ar an gcuma sain.
Ní leigeadh Fionán mí thairis gan leitir
do sheoladh a bhaile uaidh chun Chaitlín.
Sgríobhadh sise chuige chomh maith, acht níor
innis sí riamh dó go raibh sí féin ag
druidim leis an uaigh. “Cad chuige,”
adeireadh sí 'n-a h-aigne féin, “go mbéinn-
se ag cur imshníomh' agus buartha air, nuair
is córa dhom misneach do chur air. Má
innstear dó go bhfuil an galar dóghach
dom' bhreith as an saoghal, is amhlaidh a
thiocfaidh sé abhaile sar a mbéidh oiread
cnuasaithe aige is do shaothróchaidh an
Lios do.”



Tá cuid de na sean-daoine againn fós
gur chuimhin leo tráthnóna & oidhche ghaoithe
móire do tháinig i Meadhon Fomhair bliana
a 1849. Bhí an lá scallaoideach go
leór ó mhaidin, acht níor shéid sé dáiríribh
go dtí go raibh an ghrian ag ísliú fé dhéin
na farraige. Ansan do ghluais an ghaoth
aniar 'dtuaidh, & ní raibh le clos lasmuigh
acht luascadh agus lúbadh na gcrann agus
fothram na dtonn agus búirth na gaoithe.



Nuair a bhí doircheacht na h-oidhche ag
teacht, do chonnacthas an long ag deunamh
aniar ar bheul Cuain an Daingin, agus í fé



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na húmaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.



“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces'
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN



Calaphort an Phápa, Corcaigh.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,
ó
Mhícheál Ó Ríoghardáin & a Chua.,



2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)



CORCAIGH.



ARÁN HOSFORD.



NÁ H-ITH A MHALAIRT!



Sa 62 tigh sa Mheádhon-tSráid Thuaidh,
i gCORCAIGH, a deintar.



Tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE



TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;



SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;



ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.



ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.”



Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.



MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT



led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a
dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh-
air na rudaí seo & iad go maith:



Bróga is Stocaí,
Léinte is Guaileáin,
Lámhainní is Bónaí.



T. Ó LOCHLAINN,
19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH.



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —



I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA



MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



lán-tsiubhal. Ba shoiléir go raibh sí ag
teicheadh léi féin chun na fothana. Ráinig
léi beul an chuain isteach do chur di gan
bárthain gan baoghal. Do feistigheadh go
cruinn agus go socair í fé bhun na Rinne
Bige dachad slat ó'n bhfaill.



An oidhche cheudna sain do bhí gasra beag
bailithe i dtig Mhichíl Uí Mhodhráin. Bhí cuid
aca ar a nglúnaibh san gcistin & tuilleadh
aca thíos ins an tseómra, agus an Choróinn
Pháirteach aca d'á rádh. Bhí Caitlín sínte
ar an leabaidh, agus ná feadair aoinne
le feuchaint uirthe cia acu beo nó marbh
a bhí sí.



Díreach agus muinntear an tighe ag
críochnú' na Coróinneach, d'oscail Caitlín
a súile. D'eirigh sí aniar ar a h-uillinn
“Airighim coiscéim an duine ag teacht chun
an doruis,” ar sise. “Fionán atá ann.
Osgluigh an doras do!”



Chuir an mhuinntear a chualaidh í cluas le
h-éisteacht ortha féin. B'shin a raibh de
mhaith dhóibh ann. Níor airigheadar coiscéim
duine 'ná fuaim ar bith eile acht torrann
na dtonn ar an gCarraig agus búirth na
gaoithe móire.



“An rámhaill atá ar an gcailín bocht,”
arsa a h-athair, i gcogar.



“Tair isteach, 'Fhionán, a bhuidheanaigh;
tá na mílte fáilte rómhat,” arsa Caitlín.



Le linn an fhocail sin do rádh dhí, d'eirigh
sí aniar níos aoirde san leabaidh, agus
do shín amach a dhá láimh. D'oscluigheadh
an doras agus do bhuail isteach ar an
úrlár an sagart óg, agus fear eile ar
a shálaibh. D'aithnigheadar an lín-tighe go
léir é láithreach. Fionán a bhí ann.



“Conus tá Caitlín,” ar seisean, “nó
an maireann sí?” agus do sháidh sé síos
san tseomra.



“Míle fáilte rómhat, 'Fhionáin,” arsa
Caitlín airís. “Bhíos agh feitheamh go
dtiocfá. Fuair an Mhaighdean Bheannuithe
cáirde an lae seo dhom.”



“Is dócha gurbh' í a stiúraigh ár long-na
isteach beul Cuain an Daingin leis,” arsa
Fionán. Dhruid sé anonn chun na leabthan.



Rug Caitlín barróg air. “Fáiltighim
rómhat,” ar sise, “agus fágaim slán is
beannacht agat!”



Do bhogadar a lámha a ngreim; do
chrom a ceann anuas ar a h-ucht. Níor
labhair sí a thuilleadh acht imtheacht ar nós
na coinnle.



“A Chaitlín, a chumainn,” arsa Fionán,
“taoi chomh fada ód' cheud-ghrádh anois is
tá an réiltean ó'n Spáinn.”



Tá cúig bhliana deug ar fhichid ann ó
cuireadh sagart d'Órd Naomh Phróinsias,
fé ghuidhe na bpobal i bparróisde an
Daingin. Sa bhFrainnc d'eug sé. B'é an
sagart naomhtha úd — Fionán Ó Donnchadha.



Iar n-a scríobhadh do Thomás Ághas i mbliain a 1903,
agus é ag múineadh scoile i Lios Póil, i n-aois a 19
mbliana do. Micheál Ua Conchobhair, Oide Scoile,
do chuir chugainn.



Lucht an Lóchrainn.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



DEIREADH AN UILE MHIAN.



Do bhí fear ann fadó agus clochadóir
dob' eadh é. Dob' éigean dó oibriú an-
dhian, mar ná raibh sé saibhir. Lá brothalach
samhraidh, do mhothuigh sé é féin cortha ó'n
obair is do shuidh sé ar chloich chun a shuain-
eas do ghlacadh, tamal. Thuit sé 'na chodla.
Do deineadh taidhreamh do go bhfaigheadh sé
aon-ghuidhe bu mhaith leis ach amháin creid-
eamhaint go bhfaigheadh sé é. Iar dhúiste
dho cia gheóbhadh an treó ach árd-mhaor na
cathrach agus carbad ceithre gcapall fé.
Bhí an-dheifrigheacht idir sheascaireacht an
mhaoir agus crua'-shaoghal an chlochadóra.
“Och,” arsa an chlochadóir, “caithfead-sa
bheith am' maor.”



D'imthigh an aimsir agus do deineadh
maor de. Lá áirithe do chuir rí na tíre
fios ar a raibh do mhaoraibh 'na dhúthaig
chun teacht i gcómhairle chuige. Thánadar.
Bhí maor na gcloch ann. Chonaic sé an
uraim go léir do tugadh don rí! “Och,”
ar seisean, “is aoirde rí 'ná maor,
caithfad-sa bheith im' rí!” D'imthigh an
aimsir agus do deineadh rí dhe.



Lá n-aon, do bhí an rí ag siubhal 'na
gháirdín. Bhí an ghrian ag taithneamh go te.
Cheap an rí go raibh sé ró-the. D'fheuch sé
suas ar an ngréin. “Stad go fóil, má is
é do thoil é,” ar seisean. Do shiubhal sé
leis & cheap sé go raibh an sgeul socair.
Ach ní raibh! Níor leig an ghrian uirthe gur
airigh sí é. Do labhair sé airís lé ach ní
thug sí aon-toradh air. “Och!” ar seisean,
“is treise an ghrian 'ná an rí — caithfead-sa
bheith im ghréin!” Do deineadh grian de.
Lá, dá raibh sé ar a dhícheal ag taithneamh,
d'eirigh neul as an bhfaraige agus do leath
sé é féin ós cionn an tailimh go léir, i
dtreó gur choisc sé gathana na gréine &
nár leig sé dhóibh taithneamh ar an dtalamh.
D'eirigh an ghrian ar buile agus adubhairt:
“Och, is treise an neul ná an ghrian —
caithfead-sa bheith am' neul!” Do deineadh
neul de'n chlochadóir agus má deineadh, is
é do fuair an sult agus an sásamh as bheith
ag ciapadh na ndaoine. Do dhírigh sé ar
bheith ag stealladh báistighe anuas ortha, de
ló as doiche. Fé dheire d'eirigh an ghaoth
& do shéid sí an neul treasna na bhfeirmití.
Do tuigeadh do'n chlochadóir gor treise an
ghaoth ná an neul, agus tháinig mian do
bheith in a ghaoith. Do deineadh gaoth dhe.
Do shéid sé go fiann is go feargach. Raob
sé crainn as a bpreumhachaibh. Leag sé na
tighthe agus d'árduigh sé an fharaige go
borb droch-fhuadrach. Bhí cloch mhór mhaith
áirithe sa tslighe air agus thug sé iaracht
ar í chaitheamh as a shlighe. Theip air.



“Och!” ar seisean, “is treise cloch 'ná
gaoth; caithfad-sa bheith im' chloich!”



Do deineadh cloch de. Lá n-aon, bhuail
clochadóir an treó & órd in a láimh aige
& dhírigh sé ar bheith ag briseadh na cloiche
& bhí ag eirighe leis! Mhothaigh ár mbioránach
gur treise clochadóir 'ná cloch & dubhairt
sé go gcaithfadh sé bheith in a chlochadóir.
Do dhein sé amhlaidh, agus is ansan thug sé
fé ndeara go raibh sé mar a bhí sé i dtosach
an scéil — gurbh é féin a bhí ann arís. Dhein
sé Fíoghar na Croise air féin idir é féin
agus aon droch-smaointe a mheallfadh as a



“BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile.
Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.


L. 3


dhriuch féin arís é. D'fhan sé mar a bhí aige
go deire a ré.



Scéilín é sin do chuala 'á innsint nuair a bhíos sa
Bheilg ocht mbliana ó shin. — S. Ó C.



AN MÚINEADH.



Fan mar atá agat. Más i ndáil na
daoirseachta do cruthuigheadh Éire, is cóir
dí fanamhaint sa' daoirseacht; más i
saoirseacht do saoghaluigheadh í, caithfi' sí
filleadh go dáil na Saoirse, luath nó mall.
Bogaimís!



Seán Ó Cuill.



MAIDEAN I mBÉARRA (ar 1/6 ó 'Chló
na gCoinneal,' in Áth Cliath). Tá tosnaithe
ag an gClólucht so ar rud do dheunamh ar
son na Gaedhilge. Leabhar beag abhrán is
dán a cheap “Crádh Croidhe Éigeas” ó am
go h-am le fiche blian anuas é sin thuas.
Tá ainm díleas an fhile leis an abhrán
san — “Maidean i mBéarra” le fada.
Ní dóigh gur deineadh aon abhrán grádha
sa Nua-Ghaedhilg atá in aon-ghaor do bheith
chomh breágh le Maidean i mBéarra, agus
an t-aon líne amháin a bhí lag ann, tá sé
deisithe anois. Is é fonn atá leis ná
“A Londonderry Air,” do réir mar
léightar sa leabhrán. (Nách breágh ná dein-
tar aon dearmhad ar an “London” san!)
Ná fuil teidiol ar leith don cheól úd —
“Mo shlán le Cúchulainn,” nó rud mar
sin?



Tá caoine rí-dheas aige ar Phádraig
mhaith Ó Laoghaire — an Beurach úd a dhein
an oiread san saothair don Ghaedhilg — go
ndeine Dia grásta dho. Abhrán a bhfuil
buairt croidhe ann is eadh “Sgaradh” agus
an dea'-ghuidhe seo in a dheire:



Pé treó 'n-a raghair óm amharc-sa,
Gan brón 'ná treighid ad' leanamhaint,
Is go deó gan deaghailt 'ná sgaramhaint
'Na sgáil ar do rian.



Tá roinnt mhaith suilt sa leabhrán, agus
go leór magaidh fé lucht scríobhta na
dro'-Ghaedhilge go mór mór fé nua-fhilí;
cuirean sé Eoghan Ruadh ag cainnt leis an
bhfile atá ar chaol-chuid Gaedhilge:



Fógair-se an leabhar úd Uí Ghramhna ar gach
fear aca,
Is foghluim do cheachta féin farra gach lá.



Mar le duine atá riamh go láidir ar thaobh
símpliú modh scríobhta na Gaedhilge (is ar
thaobh “An Leitriú Símplí” féin) níor
chleachtaigh an t-Aimhirgíneach féin pioc de
an turas so. Tá leitreacha ná labhartar
thoir thiar theas 'ná thuaidh dá scríobha'
aige — ‘cruinnighthe’: ‘bliadhain’: ‘adhbhar’
agus



Gach litir bhreágh bhalbh do bhí i mbrigh
Ag druithibh i dTeamhair le linn Chuinn.



Tá rann beag grinn aige do sna mion-
daoine, ar fhonn “Mháirín Ní Chuileanáin:”



Bhí uainín beag ag Máirín
Ba bhreágh flíos mar shneachta ló
'S gach áit 'n a dtéigheadh an bháb mhín
Bu ghnáth í ag teacht in a treó.
Do lean sí isteach sa' Chláiste í —
Nár dhána í, gan cead ón mBórd? —
Gur sgairt amach ar gháiridhe
Gach páistín le gean don spórt.



Muran maith leat árd-fhilidheacht de'n
tsaghas san sa ghná'-Ghaedhilg, tá sé le
fáil agat sa tsean-Ghaedhilg leis, amhail a
labharfadh Cormac nó Conn í! Fear bog-
shuilt an t-Aimhirgíneach, bail air. S.T.



<c Fil>
SEÁN Ó DUIBHIR A' GHLEANNA.



Aisdriú ar “After Aughrim's Great Disaster”
le Seán Ó Duilleáin, An Currán, Ciarraighe.



Tar éis bualadh Eachdhruim chásmhair,
'Ná raibh ár namhaid 'n-a mháighistir,
Is tusa ar dtúis do phreab isteach
'S do shnáimh an t-Siona 'nonn,
Is trí bhealach cnuic is sléibhte
Dheinis treórú dhúinn ar Ghaedhlaibh,
Cé bhí machtírí Gallda claon
Ar tí ár mbaint de'n tsiubhal.
Ar shroisint Tobar a' dáran
Níor bhaoghal dúinn díth ná bárthan,
Do ghaibh linn Clann Uí Mheádhra,
Dhein taisge dhúinn is treó,
Thiomáineamair creach rómhainn-ne —
Ach sí chreach sinn Creach na Bóinne.
A Sheáin Uí Dhuibhir a' Gleanna,
Ó chuaidh an lá orainn sa ghleó.



B'fhada dhúinn ar thaobh cnuic,
Ár leaba cois aibhnte méith-bhric,
Geuga láidir cas' daraighe
Amháin ár sgáth ó'n síon,
Do theas an tsamhraidh ghrianmhair —
Ná d'fhuacht an gheimhridh riabhachmhair
Níor ghéilleamair — ach ar chlaidhte geur'
Ár seasamh is ár ndíon,
Gur ghaibh camthaí Liam 'n-ár dtimcheall
Níor thug siad caoi dhúinn suidhe seal,
Ag cur teínte i sléibhte 's coillthe,
Go raibh na scamaill féin tré cheó —
Do ghearramair lánaí tríotha,
'S do ghoineamair go croidhe iad,
Ach, a Sheáin Uí Dhuibhir a' Ghleanna,
Chuaidh an lá orainn sa ghleó.



Seo sláinte an Ríogh — ár Rí-na —
Cé nách curadh é i gcath ná i mbruigheanta
Is sláinte Phádraig Sáirseul,
Ár mbile treun gan teimheal,
Fé n-a threórú san — ár dtaoiseach,
Cabhróghaimíd leis an Laoiseach,
Is le claidheamh is sleagh go mbrisfeam cath
Ar Shasanaigh an fhill —
'S cé fé chathú dhúinn léi sgaradh,
A Sheáin Uí Dhuibhir, a chara,
Sí ár nguidhe A Dhia saor Éire
'S ár mbeannacht léi go deo
Go raibh a clann bocht díl 's gach tuargan
'S nár mhothuighid choidhch' ár gcruadhtan,
A Sheáin Uí Dhuibhir a' Ghleanna,
Ó chuaidh an lá orainn sa ghleó.



AN SLÉIBHTEÁNACH (Irisleabhar scoile
in aghaidh na bliana. Ar 2/- ó Choláiste
Chnoic Mhellerí, ins na Déisibh). Bíon crot
an-mhaith ar irisleabhraibh scoile, de ghnáth,
& tá “An Sléibhteánach” chomh deallrathach
le h-aon-cheann d'á bhfaca riamh, agus é
geall le bheith chomh Gaedhlach le h-Iris-
leabhar Mhuighe Nuadhat. An Ghaedhilg a
scríobhaid scoláirí scoile, ní bhíon sí ró-
chruinn ach níl an locht san ar na h-aistí
Gaedhilge atá sa tSléibhteánach. Trí chinn
díobh (ar stair sheanchus Gaedhal) atá ann
& blúire filidheachta. An aiste ar Dhómhnal
Ua Súileabháin Bheura, tá sí go h-ana-
mhaith; ach bfhearr gan an blúire sin de
lag-fhilidheacht bheith in a tosach. Tá cúntas
Beurla ann ar Fheargal Naomhtha (Feargal
an Spéir-eolais) agus rian an chuardaigh
air. Ní fhaca aon-chur síos ceart ar Mhaol-
mhóg fáidh gur léigheas An Sléibhteánach so.



Bíon an-shaoghal ag an aos óg i gcoláiste
mar é siúd, ach is truagh ar fad gur ainm-
eacha ‘Beurla’ bhíon ortha go léir. Nuair
ná bíon ainm Gaedhilge ar Éireannach óg
i gColáiste Mhellerí ('ná in aon-choláiste
eile), is fada fós go mbeidh an Náisiún
go Gaedhlach! An buachaill a bhíon go
Gaedhlach, bíon dhá ainm air — a ainm is a
shloinne ceart Gaedhilge i measc a charad
féin agus an ‘ainm dhleathach Beurla’ ar
rollaí is ar leabhraibh eile na scoile!



Seán Tóibín.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,



Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla
le fághail uainn-ne.



Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
… clár na leabhar …



Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH,
SRÁID DÁSON, a 45,
BAILE-ÁTHA-CHLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”



An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



A Ghaedheala! Ceannuighidh



“ÉADACH NA DRUIPSIGHE”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaig na Druipsighe (Teo.)
Co. Chorcaighe.



ROSC CATHA GAEDHEAL.



THE SOLDIERS SONG. — É in a cheart idir
cheól is abhrán, agus oireamhnach don
phianó. É i nGaedhilg, chomh maith. 1/1
an chóib, per post.



WHACK FOL THE DIDDLE. Abhrán grinn
i mBeurla. An file ceadna a dhein.
É oireamhnach do cheól an phianó. 1/1 a'
chóib.



Geobhaidh lucht siopa níos saoire 'ná súd iad.



Ó FAOLÁIN & A MHAC,



In Uachtar Cé Urmhumhan a 17, ÁTH CLIATH.



NÍ DEINTEAR AON PHÍOPAÍ
EILE IN ÉIRINN ACH
PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR
agus is fada farsaing
atá a gcáil.



Le ceannach i ngach siopa tobac.



Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —



CAPP & MAC PEADAIR Teo.
FAICHE SHAIN STIABHNA,
ÁTH CLIATH.



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG



Scríobh chuige.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.


L. 4


CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA



ó



Lúcás De Búrca.



LÉINTE
FO-LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
CARABHATAÍ
de DHÉANTÚS
GAEDHAL



Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:



SRÁID PÁDRAIG N. A 105
CORCAIGH.



(‘Luke Burke’)



Gach cóir chun tig do dheunamh



ÓN ÚRLÁR GO BÁRR
AN TIGHE:



Adhmad, Táthán agus Slinnte;



Áraistí Iarainn, Stóbhana, agus
Bácúsa;



Dathán, agus an uile shaghas Íle
'gus Ola.



Tá le fághail ó



‘CHOMPLUCHT EUSTACE,’
i gCorcaigh.



Scríobh chúca.



Nuair a bheir ag taisdeal
in UIBH RÁTHACH ÁLUINN,
cuir fút sa tigh seo:



TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH
I GCATHAIR SAIDHBÍN,



An tig IS FEARR in Uibh Ráthach.



LABHARFAR GAEDHILG LEAT ANN.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



Áthraighe Iarainn agus
Stáin.



Arán, Min, Plúr, Té
Agus Biotáile.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA
GAEDHILGE



Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. an Seabhac agus Fionán Mac Coluim.



“MÍ DEM SHAOGHAL,” le Bríd Stac, 3d.



“LUIBH-EÓLAS,” le Seán Tóibín, 1½d.



“SEAN-AMHRÁIN NA MUMHAN,”
Cuid a 2, 3d.



Le fághail ó
MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,



'Sa tsiopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac
ann don Ghaedhilgeoir:



UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87,
i mBAILE ÁTHA CLIATH.



AN LÓCHRANN.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
I gCorgaigh an Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair



Na Díoltóirí.



Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh



Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid
ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go
ceann bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



DUAIS MHAITH.



Cara don Ghaedhilg (duine de “Chraoibh
na gCúigí” in Áth Cliath) atá tréis púnt
airgid do chur chugainn. Duais é sin don
té is fearr a scríobhfidh aiste ar “saothrú
an lín” ón uair a chuirtar sá' talamh é go
ndeintar é 'shníomh. Má bhainean sean-
fhocail, nó luinneóga nó sceulta ar bith
leis an ngnó, bídís san aiste, leis. Cuiridh
na h-aistí chugainn roim Lá 'le Bríde, a
scríobhnóirí.



Lucht “An Lóchrainn.”



GREANAMHRACHT.



Ba chóir go stadfadh duine do'n rud
a bheadh ag baint a bhuinn uaidh. “Ná
bac aoinne ná bíonn ciall sa' Daingean
aige,” a deireadh Dómhnall Óg, tar éis
trí phúint deich a bheith caithte ar ól aige
ann, agus gan neart aige cáithne tobac
a chur 'na phíp, lá ar na mháireach. Tuigeadh
do go ndeunfadh duine a bheadh ar gealthaigh
an gnó in aon áit eile fé'n ngréin, ach sa'
Daingean amháin.



“Beagán raith ort,” a deireadh an tuatach
leis an úghdar, “mar is breágh a bheadh a'
saoghal 'na chodladh shámh mar a mbeadh
tú!” Chuireadh cuimhneamh an úghdair breis
bhráca ar na cnámha aige, rud ná beadh i
gceist, dá mbeadh gach nduine mar é féin.



Ba mhaith é guidhe na mná so anois, mar
tá rud sa bhfaraige ná raibh riamh ann.
“Go dtuga' Dia slán ó'n dtráigh thu,” a
deireadh bean na déirce d'fháil, siúd is
gur go sliabh an fhiolair a bheifeá chuin dul.
Do tuigeadh di ach tu 'shaoradh ó'n bhfaraige,
ná raibh aon rud eile ba bhaoghal duit.



Is maith a mhairfeadh an fear so fé
thalamh i Lonndan Shasana ó's na báid aer.
“Nár bhreágh a bheith in Ifreann indiu!” a
deireadh an fear aosta, nuair a bhíodh dúil
mhór sa tobac aige, lá fuar sa chnoc,
agus gan dul ar a phíp a dheargadh aige.
Tuigeadh do go mbeadh an geatóir thíos a'
feitheamh leis go mbeadh sí dearg aige,
chuin é leigint amach aríst chuin a bha!



Ba mhaith iad so i gcathair ná beadh
mórán bídh ínnti an aimsir seo —



“Nár chruadh' Dia an saoghal ort, a bhean
bheag!” a deireadh a fear le'n a mhnaoí, nuair
a bhíodh sí a' portaireacht do'n asal sa dro'-
shaoghal agus é 'fraomsáil a' lorg bídh ar
fuaid a tighe & gan puinn le'n a gcroidhe
féin ach oiread leis an asal.



Tomás Ó Criomhthain
(an fear thiar ar fhad)
san Oileán Tiar.



SEÁN PAOR.



Ba é Seán Paor so an buachaill dob'
fhearr gaisce agus reatha dá raibh is na
trí triochaibh ceud ba ghiorra dhó. Ní
raibh fear a sháruithe 'ná a dhiongbhála
ins na Déisibh. Níl aon pháirc 'ar dhóigh
leis tarbh millteach do bheith inte, ná
téigheadh sé isteach 'na lár do phrobhadh
nirt & luas reatha an tairbh & is minic



‘Muna mbeadh feabhas a reatha
Ag dul thar chladhacha
Do bheadh a chuid leathair i dteannta,’



mar adubhairt duine éigin, uair dá raibh
i dteannta ag tarbh. Aon tarbh riamh
do lean an fear so ní tháinig sé ní
ba ghiorra dhó 'ná dachad rámhan.



Do bhí tarbh an-mhillteach aga athair &
aon lá ná bainfeadh sé tuairt as duine
nó beathuidheach níorbh' shámh a chodla an
oidhche sin & is doichallach droch-mheóntach
do bhíodh um thráthnóna, ag treórú a
thréide chum a' bhuaile agus ag agairt
a fheirge orra. Do bhí mac an Phaoraig
& a mheithiol an lá so ag baint phrátaí.
'Sa pháirc ba ghiorra do bhán na mbó
is eadh do bhíodar ag obair agus do
chonnacadar buachaill beag, mac bain-
trighe, ag dul isteach ann ag bailiú
bóithreán. Ní túisce do chuaidh 'ná do
lean an tarbh é & ní raibh aon fhagháil
ag an mbuachaill an claidhe do dheunamh
air agus ó ná raibh, anáirde ar mhúchán
do bhí i lár na páirce is eadh do chuaidh
sé. Nuair ná fuigheadh an tarbh teacht
air do chrom sé ag raobadh an phuirt
len a chosaibh agus len a adharcaibh; gach
aon fhód do bhaineadh sé do chuireadh sé
seacht slata siar thar a dhrom é agus é
ag búirtheadh mas bheadh leomhan buile.
Do bhailigh an dúthaigh go léir thimcheall
na gcladhthacha, acht ní leigfeadh scannra
an tairbh d'aoinne dul i gcabhair ar
an mbuachaillín. Do labhair an Paorach.
“Athá an garsún i dteannta,” ar sé,
“agus ó ná fuil sé do mhisneach ag
aoinne agaibh dul d'ionnsaidhe an tairbh,
raghad-sa féin ann.” Ní adubhairt sé a
thuille acht a rámhan do shádh síos i
dtalamh go dtí an tuille agus an bata
do bhriseadh innte. Do bhain sé dhe an-
san agus níor fhág sé air acht a léine,
a thriubhas agus a stocaí. Do chas sé
carbhat aniar thar a chom, rug sé ar
bhata na rámhainne 'na dheis & do chuaidh
sé do léim thar claidhe, d'ionnsaidhe an
tairbh. Nuair do chonnaic an tarbh chuige
é do chuaidh sé fá 'na dhéin. D'fhan an
Paorach go raibh an tarbh i ngiorracht
rámhainne dhó agus innsin do bhog chum
reatha. Siúd an tarbh 'na dhiaidh thimcheall
na páirce agus gach i ‘le’ casadh agus
gach i ‘le’ iompódh aca. Casadh obann dá
dtug an Paorach deisiol do bhí an tarbh
len a ais & rug greim daingean docht,
do-scaoilte ar a earball in a láimh clé.
Do lean sé ag gabháil air le bata na
rámhainne gur bhris sé a raibh d'easnachaibh
in a thaoibh agus do shín an tarbh fá dheoidh.
“Athá do réim-se tabhartha,” ar an Paorach,
agus ní rinne sé innsin ácht dul isteach fá
dhéin an ghuna agus do lámhaigh sé an tarbh
chum é do chur ó phian.



Áine Ní Lonáin, Coláiste na Rinne.



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 5


LEIGHEAS AR GHRÁDH.



(Le Dáth De Barra).



An t-athair Diarmuid Ó Cathasaigh, Tráighlí, do
chuir chugainn. Iar n-a bhaint do a' láimhscríbhinn
le Domhnal Mac Cába, Báin Tír.



Más duine thu 'n-a bhfuil ort grádh, tar
chum Dáth' is gheobha' tú leigheas.
Mar is fear bocht cnaoite lag é féin do
bhí san bpéin go ró-theinn
Ós galar gan náire grádh 'gus tart' 'is tu
bheith ceart i gcóir gach ní
Aithchim ort, a gráthóir chaoimh, glach roinnt
céille is ná bí ad chlaoi.
Mar is liaigh gach othar tréis a leighis,
scríobhfad roinnt d'á bhfuaireas féin
'Is glac mo chomhairle a dhuine theinn, 'is
beir fí mheidhir id' rith is id' léim.



Faigh ar dtúis, cheithre h-únsa náire, trí
h-únsa meidhir & lea'-phúnt stuidéir, cúig
únsa dea'-chomhairle, sé lán plocana de
spridí na ceart-chéille, trí lán glaice
de dhála cuma-liom, dhá phúnt foighne,
brainse beag scorain & seachanta, lea'-
phúnt dian-fhuatha ocht bpúint aindísleacht,
dhá lán doirn de ghnó thairbheach naoi
bpúint nea-shuime, boglán glaice de
gheur-ghráin, sé únsa de bhróig fhir do
mhair dheich mbliana gan dólás, agus
cuideachta gnáth le taistiolach tíre gan
breug ar bhárr a ghoib aige.



Agus an tan gheóbha tu gach ní dhíobh san,
beirbhig iad i mias i Síneach,' sé mí gan
chlaochló gan slad ach d'á sír-mheascadh le
meur-fhada duine macánta nár innis breug
riamh d'á mháighistreás le h-eagla roim a
teanga líomhtha.



Agus do réir mar a fhiuchfe sé, buain de
an cubhar le plaosc caol tanaidhe agus
leath é ar chroicionn ghráthóra dro'-fhoighne
d'eug go deunach leis an aicíd cheudna.
Cuir suas led' chroidhe ansan é chun an
teas grádh' do shúgha' as & fág ann é
go dtuitfe sé uaidh féin. Má ghnír mo
chomhairle & gan mo theagasc do thréigin,
beir chomh slán le bradán geal!



AN COLM.



Tuar goil, a chuilm, do cheól
Mo chroidhe ní beó d'á bhrigh
Do bhreugais deór óm rosc
Truagh nach ad' thost do bhí.



A láimhscríbhinn le DL, Mac Cába.



CEARC A' PHRUMPA.



Cá rabhais ó mhaidean indé ua'm
a chirc a' phrumpa, a chirc a' phrumpa?
Síos is suas dom féinig,
a Sheáin a' chleite, a Sheáin a' chleite.



Bhí cearc a' phrumpa lá a soláthar di
féin. Chonnaic sí stáca coirce, agus siúd
chuige í a' priocadh an choirce. Níorbh' fhada
dhi gur thuit sop as an stáca, agus gur
bhuail sé thiar sa phrumpa í. Mheas sí go
raibh an t-aer sa talamh tuitithe ar a
chéile.



Siúd léithi sa tsiubhal, agus sgéan buile
n-a dhá súil riamh agus choidhche nó gur bhuail
an coileach léithi.



“Cad é seo anois ort?” ars an coileach.



“Tá,” arsa cearc a' phrumpa, “an t-aer
sa talamh atá tuitithe ar a chéile.”



“Cé dubhairt é sin leat?” ars an coileach.
“Mo dhá shúil a chonnaic é, agus mo dhá
chluais a chualaidh é, a chroidhe, agus mara
mbeadh gurb ar mo phrumpa shiar a buaileadh
é bhíos marbh.”



Siúd leótha sa tsiubhal, an coileach agus
cearc a' phrumpa agus níor stadadar riamh
ná choidhche go dtí gur bhuail an chearc bhán
leótha.



“Cad é seo anois orraibh?” ars an
chearc bhán leis an gcoileach.



“Tá,” ars an coileach, “an t-aer sa
talamh atá tuitithe ar a chéile.”



“Cé dubhairt é sin leat?” ars an
chearc bhán.



“Dubhairt cearc a' phrumpa,” ars an
coileach.



“Agus cé dubhairt leat-sa é, a chearc a'
phrumpa?” ars an chearc bhán.



“Mo dhá shúil a chonnaic é, agus mo dhá
chluais a chualaidh é, agus mara mbeadh
gurb ar mo phrumpa shiar a buaileadh é bhíos
marbh.



Siúd leótha sa tsiubhal cearc a' phrumpa
agus an coileach agus an cearc bhán is do
bhuail leó i ndiaidh a chéile an chearc bhuidhe,
an préachán, an chruthóg liath, an londubh, an
colúr, an lacha agus an turcaoi. Bhí an
chaint chéadna acu le gach ceann díobh is
do lean gach ceann an chuid eile go dtí
gur bhuail an mada ruadh leótha.



Do cheistig an mada ruadh iad mar
gheall ar an sgannradh a bhí ortha, agus
nuair a chualaidh sé uatha connas mar
bhíodar go léir i bhfochair a chéile dubhairt
sé leis féin ná beadh aon ocras air go
ceann seachtmhaine ar a luighead ach bob a
dh'imirt ortha.



“Tá eolas agam-sa ar áit go mbeimíd
slán sabháltha go lá ann,” ars an mada
ruadh leo.



D'árduigh sé leis iad go dtí n-a phruais
féin. Do chuir sé féin fé amuigh i mbéal
na pruaise chum ná feudfadh aon cheann
aca gabháil thairis amach i gan fhios do. Bhí
sé 'á marbhú agus 'á n-ithe n-a gceann is n-a
gceann do dtí gur shocruigh sé leis an
gceann deireannach aca.



Sin é mo sgeul-sa, agus má tá breug
ann bíodh.



Prumpa = eirbaillín.



Common Noun.



MAITH AN tSNAOIS —



“SNAOIS CHORCAIGHE.”



Sinn-ne a dhein ar dtúis í
agus atá 'á deunamh fós.



Tobac sár - mhaith
an dá shaghas so:



“SHANDON PLUG”
agus
“EXHIBITION ROLL.”



Scríobh chugainn-ne:



“CUALACHT LAMBCIN,”
Sráid Naoimh Pádraig a 9,
CORCAIGH.



Dhá Leabhar Nua do Ghaedhealaibh.



MAIDEAN I MBÉARA & dánta eile.



Osborn Ó h-Aimheirgín do sgríobh.



Luach — Trí Raolacha (postas 3 ph. eile.



AN CHAISE GHARBH.



Leabhar Nua-Fhilidheachta.



Peadar Ó h-Annracháin do sgríobh.



Luach — Trí Raolacha (postas 3 ph. eile).



ó “CHLÓ NA gCOINNEALL,”
44 Sráid Dáson, i mBAILE-ÁTHA-CHLIATH.



TÁILLIÚIREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i n-Éirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA.,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.



NÍ GÁDH BEURLA 'LABHAIRT,
ach an uair a raghair ar lorg
SAIGRÉIDÍ MAITHE,
agus deunfaidh dhá fhocal cúis ansan.



Abair



“SILK CUT”



le cailín an tsiopa.



I nDÚNDEALGAN
A deintear, agus tá 'á gcaitheamh
AR FUAID ÉIREANN.



P. Ó CEARBHAILL IS A CHUA.
(teor.)



Lucht a ndeunta.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 6


Tá le fagháil uainn-ne



BUÍNN ÓIR IS BUÍNN AIRGID
den déanamh Ceilteach agus marc
earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca.



Tá ÁTRAIGHE ÓIR is
ÁTHRAIGHE AIRGID
mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha
dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá
an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca.



Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair
agus an luachliosta.



LIAM MAC AODHGÁIN & a Chl.-Mhac Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN & a CL. MHAC, teo.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”
Guthán: 7 Cork. 1 Midleton.



DO FHEAR NA FEIRME
É SEO:




SÍOLTA,
LEASÚ,
ÚIRLISÍ,
agus
BIADH BEITHIDHEACH
le fághail, go maith is go saor, sa
tsiopa so:



‘SIOPA PLÚIR IS
MINE SHRÁID AN RÍ,’
AN 3adh tigh i Sráid an Rí,
CORCAIGH.



Scríobh indiu & cuir tuairisc
a luacha &c.



Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.



“AN LÚCANIA”



(de dhéantús na hÉireann)



ó



Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.



MAR OILTEAR.



Dráma grinn, “She Stoops to Conquer,” do
sgríbh an t-Éirionnach úd Góldsmith san ochtmhadh
h-aos deug. Giota as is eadh an méid seo cainnte
a leanas.



Do theasduig ó mhnaoi tighe turas fada do thabh-
airt ó bhaile san oidhche. Bhí caráiste dhá chapall aici,
agus na theannta san bhí a peata mic, ógánach, ar
muin capaill roimpe amach mar ghiolla turais aici.
Níor oir sé do'n mhac go n-eireochadh le n-a mháthair
an turas san do thabhairt. Bhí na bóithre go h-olc
an uair sin; agus is é rud a dhein an mac ná
caráiste a mháthar do thionnlac trí gach bóthar beag
ba mheasa ná 'chéile tímpal agus mór-thímpal an
tighe, agus é ag leogaint air go rabhadar ag dul ar
aghaidh, chun gur chuadar ar lár sa deire i lochán
gutaig fé bhun an tighe.



Hardcastle — b'é an tarna feara bhí ag an máthair
é, agus leasmac do san dob eadh an peata mic,
Antoine.



Bean Hardcastle (déis eirghe as an lochán
di): 'Antoine, táim marbh, bascaithe,
brúighte — i n-uadhacht bháis. Ní théar-
nóchad choidhche. Dhein an turrain dheir-
ionach a fuaramair i gcoinnibh an chlaidhe
mo ghnó dhom.



Antoine: Ach, a mháthair, nách tú féin fé
ndeara é. Bhís bainte ar an dturas
so do thabhairt san oidhche, is gan eolas
ar órlach de'n tslighe 'gat.



Bean: B'fheárr liom ná rud mór go mbeinn
sa bhaile arís. Canad is dóigh leat go
bhfuilmíd?



Antoine: Do réir mo thuairim támaoid
ar Réidh na bPlaosc mBriste, tímpal
dathad míle ó bhaile.



Bean: A Thighearna! an ball is measa sa
tír. Ní theasduigheann uainn anois acht
foghluidheacht chun deire chur linn.



Antoine: Ná bíodh eagla ort, a mháthair.
Do crochadh beirt de'n chúigear beith-
eamhnach a ghnáthuigheadh an áit seo, agus
bfhéidir ná faghadh éinne de'n triúr eile
sinn. Ná bíodh eagla ort. Feuch! an
fear é sin atá ar cos anáirde 'n-ar
ndiaidh? Ní h-eadh; níl ann acht crann.
Ná bíodh eagla ort.



Bean: Is cinnte go marbhochaidh an t-anaithe
me.



Antoine: A dtugann tú fé ndeara rud
éigin i bhfoirb hata ag corruighe taobh
thiar de'n tor?



Bean: Ó, Dia linn!



Antoine: Níl ann acht bó. Ná bíodh eagla
ort.



Bean: Mar is maith liom bheith im' beathaidh,
chím fear ag déanamh orainn! táim
cinnte air. Má chíonn sé sinn beidh ár
gcóta bán deunta.



Antoine (leis féin): Dar gach mí-ádh! sé
mo leas-athair é ag siubhal do féin.
(Léithe-se) Foghlaidhe bóthair a's faid
maide de phiostal aige. Bitheamhnach
gránda gráineamhail.



Bean: Go saoraidh Dia sinn, seo chugainn é.



Antoine: Folaigh thú féin sa' sgairt sin,
agus leog dómhsa cainnt leis. Má
tá contabhairt ann cuirfead casachtach
bheag asam, agus deurfad ‘hum;’
agus nuair a deurfad ‘hum,’ cúb-sa
chugat sa tor.



(Hardcastle do theacht i láthair).



Hardcastle: Measaim go gcloisim guthana
daoine ag iarraidh cabhartha. Ó, a
Antoine, an tusa san? Ní raibh súil
chómh luath thar n-ais agam leat. An
bhfuil do mháthair, agus í siúd a bhí fé
n-a cúram, ar láimh na sábhála?



Antoine: Go socair, seascair i dtig m'áin-
tín. Hum!



Bean (ó'n sgairt): Dia linn! Chím gur
baoghal dúinn.



Hardcastle: Dathad míle i dtrí n-uaire.
Tá san an iomad, a bhiorránaigh.



Antoine: “Capaill threuna, aistear gearr,”
a deir an sean-fhocal, Hum!



Bean: 'Más! níl sé ar tí díobhála a dhéanamh
do'n garsún.



Hardcastle: Ach, do chualadh guth ann so.
Cad as go dtáinig sé?



Antoine: Mise, athair, a bhí ag caint liom:
féin, athair. Hum! Bhíos dhá rádh gur
mhaith an ghluaiseacht dathad míle i dtrí
uair' an chloig. Hum! Agus ba mhaith,
leis. Hum! Tá slaghdán beag orm,
agus táim ag casachtaigh. Hum! led'
toil, ragham isteach. Hum!



Hardcastle: Má bhís ag caint leat féin
ní rabhais id fhreagairt féin. Bhí dhá
ghuth ann, agus (i n-árd a chinn) caith-
fead an ceann eile 'fhághail amach.



Bean (ó'n sgairt): Ó! tá sé ag teacht chun
Mise d'aimsiú.



Antoine: Cad is gádh dhuit dul a thuille, a
athair. Hum! Deirim leat go bhfuil
an fhírinne agam. Hum! Ar mh'anam
go bhfuil. Á! fan. Hum!



Hardcastle: Ní fhanfad. Tá sé fánach
agat bheith im chimeád, agus tá sé
fánach agat bheith a' braith air go
gcreidfinn thu.



Bean (I do rith chúcha ó'n sgairt):
Thighearna! marbhóchaidh sé mo leanbh
bán. Seo, a dhuine uasail chóir, agair
do dhíoltas orm-sa. Mo chuid airgid,
m'anam — bídís go léir agat, acht ar
son na trócaire ná dein dochar do
leanbh mo cheana anso.



Hardcastle: Mar is maith liom bheith im
beathaidh — mo bhean! Cad as go
dtáinigh sí, nó cad is meón léi?



Bean (Í do dhul ar a glúnaibh): Ar son ar
imthigh riamh uait, a ghadaidhe uasail, is
ná marbh sinn. Bíodh a bhfuil againn
agat. Acht amháin go bhfágfair in ár
mbeathaidh sinn, béam sásta, agus ní
baoghal go gcuirfam an dlighe choidhche
ort.



Hardcastle: Tá'n bhean as a céill. A
Dheóra, airiú, ná h-aithnigheann tú me?



Bean: Mar is maith liom an sagart d'fhágh-
ail, sé Hardcastle féin atá ann. Do
bhain an eagla radharc mo shúl díom.
Acht cé mheasfadh tú 'fheiscint san áit
so, chómh fada ó bhaile?



Hardcastle: Chómh fada ó bhaile! Cá
bhfuil do mheabhair, a Dheóra? Níl tú
dathadh slat ó dhoras do thighe féin.
(Le Antoine) Ceann ded' chuid cleas
é seo, a pheata mhíghrástamhail. (Léi-se)
Ná h-aithnigheann tú an geata, an
crann úbhall, agus nach cuimhin leat an
lochán, a ghrádh?



Bean: An lochán! beidh cuimhne an locháin
agam an fhaid is mhairfead. 'Sé mo
thrúig bháis é. (Le Antoine) Agus is
tusa, a choileáin gan náire, fé ndeara
so go léir. Teasbáinfead-sa dhuit
conas magadh deunamh féd' mháthair.



Antoine: Dar fiadh, a mháthair, deir an dá
pharróiste gur loitis féin mé. Bíodh
a thoradh anois agat.



Bean: Loitfead níos fearr tú, a chuirpigh.
(Í d'á leanamhaint ag iarraidh gabháil
air).



Hardcastle (ag imtheacht 'n-a ndiaidh do):
“Mairthear mar oiltear!”



(A Chríoch).



Gruagach an Tobair.



Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'Mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha.



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


AN MAIDE COILL.



Nuair a bhíos im leanbh do chuala sean-
chaidhe uair ag trácht ar an mbuadh a bhíonn
i maide coill chun duine do chosaint ó
phúcaíbh agus ó annspioraidibh agus ó gach
droich-ní a bhíonn ar tí lucht an tsiubhal-
oidhche. Éinne go mbéadh an maide sin
aige d'fhanfadh gach aon droich-ní faid a
bhuille amach uaidh. Chun a chur i n-iúil do
gach éinne a bhí ag éisteacht leis nách caint
gan éifeacht a bhí aige d'innis sé sgéal
dúinn i dtaobh fir a bhí ag teacht abhaile i
n-am mhairbh na h-oidhche tar éis bheith ag
imirt chártaí. Nuair a bhí sé ag gabháil
tré áit uaigneach dhorcha de'n bhóthar d'eirigh
an bhean chaol árd aníos as an mbóthar
chuige. Bhí brat fada bán uirthe, gathana
soluis ag spréacharnuig ó'n a dhá súil, is
spága de chosaibh fúithe agus iad ar dearg-
lasadh. Do dhruid sí chuige isteach agus le
gach coiscéim dá dtugadh sí d'airigheadh sé
siot agus siosarnach slabhraí. B'é deónú
Dé gur ráinig leis maide coill a bheith
aige. Thug sé aghaidh uirthe agus bhuail sé
buille de'n mhaide uirthe treasna an chinn,
Le n-a linn sin do leig sí liúgh aiste agus
do shloigh an talamh síos í os comhair a shúl.



Nuair d'airigheas an sgéal san tháinig
an-dhúil agam i maide coill. B'é an
t-iongnadh ar fad a bhí orm cad n-a thaobh
ná raibh maide coill ag gach éinne agus
a leithéid sin de bhuadh a bheith ann. Dá
bhfaghainn mo rogha idir an maide coill
& a mbíonn de bhréagánaibh ins na siopaíbh
um Nodlaig do thoghfainn an maide.
Fóríor! Ní raibh sé ró-fhuraiste an saghas
sin maide d'fhághail. Ní raibh aon choll ag
fás im' chomhgar. Bhíos i gcruadh-chás mar
ná feadar cathain a tiocfadh spioraid nó
púca chun me 'fhuadach agus gan neart
agam me féin a chosaint ortha!



Tar éis cúpla mí do tháinig truagh ag
duine éigin dom agus do bhronn sé orm
an maide do bhí ag teastáil go géar uaim.
Is orm a bhí an t-áthas an lá san. Ba dheas
éadtrom an maide é. Ba gheal a bhí an
croicean air & ba shleamhain & ba chineálta.
Cheapas go raibh saibhreas agam. Do
shiúbhlas síos suas agus mo bhaitín agam 'á
chasadh 's 'á lúbadh 's 'á bhagairt badh dhóigh le
duine gur mhó me ná Dómhnall Ceanneiche.
Mo thruagh an spioraid a thiocfadh am' ghoire!
Is dóigh liom go rugas an maide liom a
chodladh. I gcaitheamh seachtmhaine na dhiaidh
san bhí gach éinne bodhar cráidhte agam
féin agus agam' mhaide coill.



Do thárla go raibh aonach ar an mbaile
mór tamaillín 'n-a dhiaidh san agus do chuir
m'athair buachaill a bhí aige chun an aonaigh
le sé nó seacht de bheithidheachaibh. Níor
mhór dómhsa mo mhaide a bhreith liom chun
congnamh a thabhairt do — do theastuigh uaim
a theasbáint do a dheiseacht agus bhí mo
mhaitín chun beithidhigh a chasadh.



“Ó, mhuise, a ghrádh an tsaoghail,” arsa
an buachaill liom, “t'rom an maide sin,
níl aon mhaith sa tslait seo agam chun
na mbeitheamhnach so a chomáint, agus níl
aon eagla ortha romham.” “B'fhéidir,” arsa
mise, “go mbrisfá orm é, nó b'fhéidir ná
tabharfá abhaile chugam arís é.” “É sin a
bhriseadh an eadh? Mo thruagh mhór thú! ní
fhéadfá é sin a bhriseadh, agus tabharfad
chugat abhaile arís é, ná bíodh eagla ort.”



Do shíneas chuige an maide, agus ní
rugas greim air im' láimh riamh ó shin.



Nuair tháinigh sé ó'n aonach chuireas
tuairisg an mhaide air.



“Ó, mhuise! faid ar do shaoghal,” ar
seisean, agus go gcuire Dia gach aon rath
ort. Ba mhór an t-ádh a bhí liom agus
tú bhualadh liom ar maidin indiu. Bheinn
marbh anois mara mbeadh do mhaide.”



“Cad a mharbhóghadh thú?” arsa mise.



“Éist go fóil liom,” ar seisean. “Bhíos
ag chur a' bhóthair díom go breágh mear &
na beithidhigh go macánta socair chun go
dtánga i ngiorracht míle do'n bhaile mhór.
Tá claidhe ar gach taobh de'n bhóthar san áit
cheudna. De phleisg, do léim na beithidhigh
isteach i ndíg an bhóthair. Cad a bheadh
rómpa i lár an bhóthair ach eas a bhí chómh
mór le madra. Do dhéin sí fé'm dhéin
& í a sgeamhuigheal. Do thug sí aon léim
amháin as a corp chun dul im' sgórnaigh.
D'árduigheas an maide 'na coinnibh agus
b'é deónú Dé gur aimsigheas í. Do thuit
sí fuar marbh ar an mbothar —”



“Agus cá bhfuil an maide anois?”
arsa mise.



“Tá sé ag an sagart,” ar seisean.



“Cad ab áil leis an sagart de?”
arsa mise.



“Cheapas gur mhór an sgrupal maide
do shaor duine ó'n mbás a bheith i n-aon
áit eile ach áit bheannuithe. Thugas do'n
tsagart é agus dubhart leis é chur isteach
fé'n altóir; agus dubhairt sé gur mhaith
agus gur thairbheach dom' anam an gníomh
a dheineas.”



“Ach cad a dhéanfad-sa gan mo mhaide,”
arsa mise. “Níl aon rud agam chun mé
chosaint ar aon droich-ní a bheadh ar mo thí.”



“Agus cad é an mhaitheas maide coill
chun éin-ní de'n tsaghas san a choimeád
uait.”



“Nach cuimhin leat an sgéal úd d'innis
Dómhnall na Móna dhúinn i dtaobh na
spioraide agus conus do shaor an maide
coill ó'n mbás é?”



“Dhé, rás air — ar muin capaill anáirde!
níor innis sé an sgéal san i gceart. B'é
mh'athair-se féin a bhí sa chonntabhairt sin
agus níor bh'aon mhaide coill a bhí aige an
oidhche sin ach sgian coise duibhe.”



Chuala tamall maith 'n-a dhiaidh san gur
ól mo bhuachaill breis agus a dhóthain uisge
beatha agus gur 'fhág sé mo bhaitín n-a
dhiaidh i dtigh óil éigin.



Maide coill = coll, ‘hazel.’



Cúraoi Mac Dáire.



GNÍOMH É SEO:



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go
mór linn.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.



TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Teó.,
(‘H. JOHNSTON’)



Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaigh.



CHÓMH BLASTA LE h-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
“LEANDAR”



Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag



Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA
agus a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX IS A CHLANN MHAC (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
IS A CHLANN MHAC (Teo.),



CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.



SÍOLTA,
LEASÚ agus
ÚIRLISÍ
do'n bhFEIRM.



Gleus gearrtha Turnaipí agus
DEIGHALTÁIN
don UACHTAR BAINNE.



Tá ag
Ó LUASA & Ó CONAILL,
I GCORCAIGH.



Scríobh chuca.



CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne.
Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.


L. 8


GACH CÓIR SCOILE!



Tá againn-ne
LEABHAIR don LEABHARLAINN
agus
LEABHAIR mar DHUAISEANNA.



Scríobh chugainn ar lorg eolais:



MUINNTIR FHALLAMHAIN
(Fallon Bros. Ltd.)
Cúirt Dáma a 13 & a 14,
in ÁTH CLIATH.



Smithfield a 88, i mBealfeirste.



Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.





SCÉALUIDHEACHT-GAN-
SRAÍNNG
d'á múineadh
ag togha na
múinteóirí
I SCOIL UÍ SHÚILEABHÁIN



SA ‘MHARDÍOG,’
I gCORCAIGH.



Is í an scoil is mó cáil agus
is fearr cóir i n-Éirinn.



Múintear



SRANNG-SCÉALUIDHEACHT



ann do chailiní, i gcóir Oifige
an Phuist, sa ló nó istoidhche.



Scríobh chun an Árd-Oide.



TÉIG FÉ DHÉIN



“AN EMPÓRIUM”



ar lorg Earraí Gaedhlacha —



BÓNAÍ, CARABHATAÍ,
LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ
AGUS LÍNÉADACH.



M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE.



SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.



TROSCÁN TIGHE.



SEÁN Ó CURRÁIN,
sa DAINGEAN.



an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.



EUDACH
BUAN-tSEASAMHACH.



An Chulaith do-gheobhair uainn-ne,
beidh sí go córach dei'-dheunta.



Le dachad blian anuas, tá tosach
'á thabhairt againn-ne do dheun-
túisí Gaedhal. Níl muilionn in
Éirinn 'ná go gceannuighmíd-ne
togha na n-earraí ann — eudach ná
raghaidh ann, is ná dortfaidh
an dath as.



DO MHNÁIBH UAISLE —
TÁILIÚIRACHT AR 'FHEABHAS.



Gach Gúna dár dheinamar riamh,
bhí cuma is crot air.



Bainean deise ar leith leis na
Casógaibh a dheinan na táiliúirí
seo againn-ne.



Tá ana-chuid eudaigh den tsaghas
úd go n-abarthar leis “Saothar
Lámh” ar taisbeáint anso.



Ní dhortfaidh an ghuirme as an
eudach gorm atá le ceannach
uainn-ne. Raghaimíd fé bhannaí
air, agus is mór an ní é sin,
an aimsir seo.



Scríobh (nó glaodhaig) chugainn.



LIAM Ó CONCHUBHAIR
is a Mhac,
SRÁID MHÓR SHEÓIRSE, a 40,
I GCORCAIGH.



RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.



RÁSÚR “COSANTA”
ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a' bpost.



MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



WITH THE IRISH IN FRONGOCH.



J. W. Brennan-Whitmore, do scríobh.



Tá cúntas cruinn so leabhar so i dtaobh
an tsaoghail & an chaithimh aimsire bhiodh ag na
buachaillí ó Éirinn a bhí fé smacht Gall i
bhFrongoch taréis Eirighe Amach bliana a 1916.



Tá morán sgeul brónach, agus morán sgeul
grinn chómh maith, d'á innsint ag an ughdar,
agus is cliste an peann atá aige chun snas a
chur ar sgeul, pé aca brónach nó meidhreach é.



Cuireann sé síos go h-an-mhaith ar gach iar-
racht dá dtugadh fé chuid des na buachaillí a
sciobadh isteach san arm, agus ar an slighe
gur cuireadh cosg leis an obair sin. Tá
peictiúirí maithe sa leabhar.



2/6 glan, a luach. 2/10, tríd an bpost.



An dara cur amach de seo:



A CHRONICLE OF JAILS.



Darrell Figgis do scríobh.



1/- glan, a luach. 1/3, tríd an bpost.



ó



‘CHLÓ-LUCHT TALBÓID,’



Sráid Talbóid a 89, in ÁTH CLIATH.



TÁ FEÓIL RÓ-DHAOR.



NÁ BAC Í!



Ceannaigh lea'-bharaille den



IASC LEASAITHE



(macarael)



ó



PHÁDRAIG Ó DUBHÁIN,
Sa DAINGEAN,
I gCIARRAIDHE.



Scríobh chuige.



In
ÁIRCÉID NA MUMHAN
gheobhair
LÁMHAINNÍ OLNA
de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh.
Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón,
dubh, glaschaorach, geal agus donn.



Tá EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint
ar gach cúntúir sa' tsiopa:



ÁIRCÉID NA MUMHAN
Le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’
I gCORCAIGH.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services