Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Meadhon Fómhair, 1918
Title
Meadhon Fómhair, 1918
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1918
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
2d. AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. a 30. MEADHON FÓMHAIR, 1918. Dhá Phinginn a Fhiacha. Creideamh agus Grádh. TOMÁS ÁGHAS DO CHEAP. (Beannacht Dé len a anam!) Am' shuidhe anso dhom am' aonar ar Charraig an Mheannáin. Grian an tsamh- raidh ag taithneamh go bog brothallach orm. Tá bágh an Daingin ós mo chomh- air amach & an t-uisce chomh sleamhain le h-uisce locha. Bíogan mo chroidhe ionnam nuair dhear- caim tharm ar an radharc niamhrach atá le fagháil ó'n gCarraig seo. An spéir ghlan sholusmhar ós mo chionn. Na cnoic ó thuaidh “ag bagairt a gcinn tar druim a chéile,” agus an fharraige uaim siar go h-íoghar na spéire. Saoilim gur mar seo siar thar maoilinn an chnoic seo do ghaibh Niamh Chinn Óir nuair a bhí sí ag filleadh ar Thír na n-Óg agus Oisín ar láimh! Má tá Tír na n-Óg i n-aon chor ann, is annsúd thiar atá sí mar a bhfuil na caisleáin bhána * ag eirighe as an bhfarraige. Acht bíodh san mar atá sé. Tá fotharach annsúd ar an dtaobh thall de ghóilín uaim, iarsma de'n droch-shaoghal. Is ar an bhfotharaigh úd is mian liom trácht de'n iarracht so agus ar an sgéal do bhaineann léi féin agus leis na daoine a bhí 'n-a gcomhnuidhe ins an áit mar a bhfuil an fhotharach. Fotharach tighe muinntire is eadh í. Le linn an droch-shaoghail do bhí fear de mhuinntir Dhonnchudha, Maghnus Óg Ó Donnchudha, 'n-a chomhnuidhe ins an tigh a bhí ar an láthair gcéadna sain. Fear creideamhnach carthannach cráibhtheach do b'eadh Maghnus. Fear fial flaitheamhail. Fear go raibh meas ag saibhir agus ag daibhir air. Bhí talamh agus táinte aige, & nuair do bheir cruadhtan & aindeise an droch-shaoghail ar a chomhursanaibh is neamh- dhoicheallach do roinn sé a chuid leo. Fionán an t-aon mhac leis a bhí gan pósadh. Bhí sé luaidhte i gcleamhnas le Caitlín Ní Mhodhráin, cailín grádhmhar gleoidhte a bhí 'n-a comhnuidhe ins an tigh úd lastuaidh de'n bhfotharaigh mar a bhfuil na crainn go tiugh ar a chéile. Tráthnóna gréine buidhe do bhuail Fionán suas an casán chun tighe Chaitlín. Bhí Caitlín féin ag casadh na mbó abhaile chun a gcrúidhte agus rann beag aici d'á chanadh: “Is aoibhinn dona h-éanaibh 'eirigheann go h-árd, Is a luighean le 'n-a chéile ar aon chraoibhín amháin; Ní mar sin do bhím-se is mo cheud míle grádh Acht chom fada ó 'n-a chéile 's tá an réiltean ó'n Spáinn.” ar sise. Agus níor bhinne ceól na smól- aighe ar mhaol-árd chrainn 'ná séis thana- ghuib na spéir-mhná. Is ar éigean do bhí an rann críoch- nuithe aici nuair do bheannuigh Fionán Ó Donnchudha dhí de dhruim claidhe an bhóithrín. “Nílimíd abhfad ó chéile anois, a Chaitlín,” ar seisean, “agus tá súil le Dia agam nach fada go mbeidh m'athair 'n-a bheatha-shláinte airís, agus annsan beimíd i bhfochair a chéile go deo an fhaid' mhairfimíd. Mar a mbeadh an t-aon obann so do bhuail é do bhéimís pósta um an dtaca so.” “Conus tá sé ag caitheamh an lae?” arsa Caitlín. “Tá fiabhras na breoidhteachta imthithe dé,” ar seisean, “acht ní mhúchfadh uisce na h-abhann an tart atá air. Deir an bhanaltra gurab é beirbhthean an tinnis atá ag teacht leis fós.” Le n-a linn sin d'airigheadar araon an glaodh. D'fheuchadr siar & chonnacadar an fear ag deunamh ortha, agus deabhadh air. Ceann d'fhearaibh oibre Mhaghnuis Uí Dhonnchudha do bhí ann. D'fhiafruigh Fionán dé cad a thug aníos é. “Do thug,” ar sé, “an t-ainsgian úd Mac Tomáis atá thíos ag an dtigh ag feithe.amh leat. Tháinigh sé ó chianaibh beag, & bhí sé cóir máireach † a d'iar- raidh go leigfí síos san tseomra chun t'athar é. Dubhairt an bhanaltra go raibh órduithe aici féin ó'n ndochtúir gan aoinne do leigeant d'á fheuchaint. Ní shásóchadh san é, agus bhí sé ag tabhairt iarracht ar éalú síos i gan fhios dí. Acht do mhóidigh Máire Ní Luasaigh go steallfadh sí an t-uisce beirbhthe idir an dá shúil air mura gclaonfadh sé.” Bhí Mac Tomáis i mbéal an dorais ag feitheamh. Do bheannuigh sé d'Fhionán. Níor leig Fionán air go gcuala sé é. “Do theastuigh uaim beagán cainnte do dhéanamh led' athair,” arsa Mac Tomáis. “Airighim ó'n mbanaltra ná fuil sé ar foghnamh, acht d'oirfeadh dom é dh'fheiscint.” Ní'l aon dul agat air sin,” arsa Fionán. {Tá m'athair ar a leabaidh le coigthíos. Bhí sé chomh suarach sain aréir ná raibh aon tsúil againn go mairfeadh sé go maidin. B'fhéidir go ndeunfainn-se do ghnó?” “Inneósaidh mé dhuit cad é fáth mo thurais,” arsa Mac Tomáis. “Tá truagh agam do na dhaoinibh bochta san bpar- róiste seo atá ag fagháil bháis leis an ocras. D'fhóirfinn-se ortha dá bhfaghainn tigh oireamhnach timpall na h-áite seo go bhfeudfaí biadh d'ullmhú' dhóibh ann. Ní h-eólach dom aon tigh eile san áit is oireamhnaighe 'ná an sgioból so atá agaibh-se. An dóigh leat an leigfeadh t'athair dúinn teinnteán do dheunamh ann, agus cúpla coire bídh do bheirbhiú ann i n-aghaidh an lae, go dtí go n-eireóchaidh an scamall so dhínn?” “Dheunfá an rud atá agaibh dh'á dheunamh i gCeann Trágha?” arsa Fionán. “Dheunfaimís,” do fhreagair seisean. “Is 'mó duine san bparróisde a bheadh sa' tsiorruidheacht indiu mara mbéadh an fhóirithin a rinneamar ortha.” Bhí an-fhearg ag eirighe ar Fhionán, acht do brúigh sé faoi í. “Rachaidh mé ag triall ar m'athair,” ar seisean, agus deurfad leis go bhfuilir annso, agus inneósad dó cad tá uait.” Fé cheann tamaill bhig do tháinig sé go doras an tseómra agus do bhagair chuige ar Mhac Tomáis. “Feuch,” ar seisean, ba mhaith lem' athair féin labhairt leat.” D'eirigh an sean-leomhan 'n-a shuidhe aniar ins an leabaidh an túisce is tháinig Mac Tomáis i n-aice na leabthan. “Tá biadh agaibh le tabhairt do'n ocrach,” ar seisean, “agus ba mhaith libh chumaoine do chur ar bhochtaibh na h-áite Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
Guailneáin Seandúna. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht tráth bhriseadar na húmaí, is nuair thuigeadar a bhfionntar ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n ‘Shandon Braces’ Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Calaphort an Phápa, Corcaigh. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, ó Mhícheál Ó Ríoghardáin & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. ARÁN HOSFORD. Ná h-ith a Mhalairt! Sa 62 tigh sa Mheádhon-tSráid Thuaidh, i gCORCAIGH, a deintar. Tá i nDaingean Uí Chúise TOGHA GACHA BÍDH — Plúr, Min, Té is Siúicre; SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don bhfeirm; ÁRAISTÍ IARAINN is stáin don tig. ag “John Atkins & Co. ltd.” Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig ó Luimneach. Má tá báigh cheart agat led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh- air na rudaí seo & iad go maith: Bróga is Stocaí, Léinte is Guaileáin, Lámhainní is Bónaí. T. Ó Lochlainn, 19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH. Gheobhaidh do mhac togha na scoluidheachta — i gColáiste Cholmáin Chluana MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CHORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. seo. Táim-se féin agus mo mhac ag roinnt ár gcoda leó go dtí so. Ní 'ghá mhaoidheamh ortha atáim. Is chuige sin do thug Dhia an bhreis dúinn. Cuiridh- se, tusa agus an cumann go bhfuilir ar a cheann, biadh chun an tighe seo. Roinn- fidh mo mach go macánta é. — Ní bhéad-sa ann chun a roinnte.” “Tá biadh corpordha & biadh spior- adálta againn-ne le roinnt,” arsa Mac Tomáis. “Cuirfar biadh annso i gcóir na ndaoine mbocht ar choingeall go bhfaghaidh fear léighte & mínithe an Bhíobla Naomhtha cead a bheith láithreach le linn roinnte an bhídh.” “An Bíobla Gallda, an eadh?” arsa Maghnus. “Bíobla agus focal Dé,” arsa Mac Tomáis. An measann tú nách iad na bréithre ceudna do mhúin Dia do'n chine daona uile?” “Ní mise a cháinfidh focal Dé,” arsa Maghnus, “acht ní thaithneann an chanamh- aint liom a chur Hannraoi & Beití ar A bhréithribh. Glan amach as mo radharc,” ar seisean. “An fhaid is liom-sa an sgioból san amuigh ní bhfaghair do shrón a chur ar dtaobh istig de dhoras ann. Nuair a bhéad-sa imthithe is féidir lem' mhac a rogha ruda 'dheunamh leat.” “Beidh sé agam ded' aindeoin,” arsa Mac Tomáis, “agus —” Ní bhfuair sé d'uain a thuille 'rádh. Do beireadh ar chába casóige air, agus do caitheadh ar bhior a chinn amach ar an mbán é. “Bíodh an méid sin agat de bhárr do thurais!” arsa Fionán. * “Caisleáin bhána” .i. scamaill bhána. † “Cóir máireach” .i. ar ais nó ar éigean; le ceart nó le h-éigceart. (Tuille le Teacht.) BROSNA. Brón tar an uile-bhrón — Éire fé leun; Áthas thar gach áthas — Éire fé réim. S. T. Súil an ridire fáin do leagas-sa ar ógmhnáibh: Ba thaithneamh dom shúil iad, ach uain chun grádha, ní raibh agam. Southey, file Beurla. Nuair a bhíon na scadáin lastuaidh, Bíon Murcha Ruadh lasteas! (Ó Ghaedhilg na h-Alban). Ní sítheach ceann fé choróinn. (‘An t-Európach’) S.T. Focal 'sa Chúirt. Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn. Sceulta ó Chairbre. II. — CEARBHAL Ó DÁLAIGH AGUS INGHEAN AN RUDAIRE. B'é an Rudaire Caomhánach an duine uasal ba mhó cáil i nÉirinn le n-a linn. Ní raibh aige ach aon inghean amháin & b'í sin an bhean ba bhreaghtha a bhí i nÉirinn an uair sin. Chualaidh Cearbhal Ó Dálaigh trácht uirthi agus dubhairt sé go raghadh sé fé dhéin a' tighe 'na raibh sí na comh- nuighe. Bhí de dhraoidheacht ag Cearbhal go dtabharfadh aon-bhean ba mhaith leis grádh dho. Dubhradh go raibh ball-searc aige fé mar bhí ag Diarmuid Ó Duibhne. Bhí sé ag siubhal roimis go dtáinig sé chun tighe 'n duine uasail, ach má tháinig ba bheag an mhaitheas do san. Ní raibh aon chaoth aige ar an gcailín óg d'fheic- sint mar bhí sí ró-shaibhir chun feuchaint ar leithéid Chearbhail. Bhí buadh gach céird ag Cearbhal. Do dheunfadh sé aon tsaghas ruda ba mhaith leis, agus dubhairt sé go dtarai- geoghadh sé ceárd éigin chuige i gcóir na h-áite sin, agus is é an cheárd do tharaig sé chuige ná bheith ag deunamh bróg, agus ba ghearr go raibh a ainm suas ar fuaid na dúthaighe le feabhas a chéirde. Nuair a chuaidh a ainm amach chomh mór san do tháinig na h-uaisle go léir chuige ó gach áird, agus níorbh fhéidir leis teacht suas leis an obair go léir. Fé dheire do chualaidh inghean an Chaomhánaigh mar gheall air, agus do chuir sí feidhre bróg 'á dheunamh chuige. Bhí sé sásta leis sin mar 'sé sin do bhí uaidh ar feadh na h-aimsire agus is mar gheall air sin do thóg sé an cheárd san chuige. Thosnuigh sé ag deunamh na mbróg agus ní gádh a rádh ná raibh sé i bhfad 'á ndeunamh agus is iad do bhí deunta go deas. Nuair a bhíodar deunta aige d'imir sé a chuid draoidh- eachta ar a mbonnaibh agus do chuir sé abhaile chúichi iad. Nuair a chonaic sí na bróga do tháinig iongna ar a croidhe & ba ró-ghearr an mhoill uirthi iad do chur ar a cosaibh. Nuair a bhíodar uirthi do thosnuig sí ag rinnce agus ag damhas le neart áthais agus níor stad sí de'n rinnce ar feadh seachtaine agus ní fheadair sí goidé an áit ba cheart di fanamhaint. Aon lá amháin dubhairt sí le n-a h-athair cuire thabhairt do Chearbhal chun dinnéir a chaitheamh leó. Do dhein a h-athair mar adubhairt sí, & do tháinig Cearbhal go sásta, agus as san amach bhíodh sé ag teacht go minic chun tighe 'n duine uasail, gur shíl an duine uasal fé dheire go raibh sé ró-mhuinteardha leis an inghin. Níor mhór leis dó bheith ag teacht chun a thighe, ach níor mhaith leis go dtabharfadh a inghean grádh do dhuine chomh fonóideach leis. Bhí sé ag teacht ar feadh tréimhse eile go bhfuair an duine uasal amach fé dheire go raibh a inghean ag tabhairt grádha dho agus dubhairt sé leis lá gan “BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile. Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.
teacht fé dhein a thighe féin go brách airís nú má dheunfadh go gcuirfeadh sé chun báis é. Chualaidh inghean an duine uasail cad dubhairt a h-athair le Cearbhal agus níor thaithn sé go maith léi. Dubhairt sí ansan go mbeadh sí suas le n-a h-athair. Go n-eireóghadh sí oidhche éigin nuair a bheadh a h-athair 'na chodladh agus go dtógfadh sí a raibh d'airgead sa tig, agus go ndeunfadh san í le n-a saoghal, agus go dtógfadh sí féin agus Cearbhal an dá chapal is fearr a bhí sa stábla & go n-imtheochadh sí féin agus Cearbhal i dteannta chéile. D'inis sí do Chearbhal cad do bhí ceapaithe aici, agus is é bhí go lán tsásta. Aon oidhche amháin nuair a bhí a muinn- tear 'na gcodladh, d'eirigh sí, agus do thóg sí a raibh d'airgead sa tig, agus do chuir sí fios ar Chearbhal, mar bhí sé ag fanamhaint léi amuigh. Do thógadar amach na capail, & d'ionntuig Cearbhal na cruite fútha i dtreo na beadh a fhios ag an gCaomhánach goidé 'n treo go ndeighdar. D'imthighdar leó & níor stadadar go ndeighdar na céadta míle ó bhaile. Nuair d'eirig an duine uasal ar maidin agus nuair fuair sé go raibh a inghean imthithe, ní raibh aon teora len' fheirg mar bhí a fhios aige gur i dteannta Chearbhail do bhí sí imthithe, & do thug sé na mionna ná stadfadh sé go deó go mbeadh Cearbhal aige beó nú marbh. Thárlaidh go raibh capal ag an nduine uasal nár bh'fhéidir le h-éinne é chur fé smacht mar do mharbhoghadh sé an domhan & a dtiocfadh 'na ghoire. Do fuair an duine uasal sparán d'airgead & do chroch sé le muing an chapail é, & do chuir sé gairmsgoile amach go dtabhar- fadh sé an sparán d'éinne d'fhéadfadh smacht do chur ar an gcapal. Sé an rud do bhí 'na cheann aige — go dtioc- fadh Cearbhal fé dhéin an chapail nuair a chloisfeadh sé an ghairmscoile, agus go bhféadfadh sé breith air ansan agus é chur chun báis. Nuair a chualaidh Cearbhal an ráfla dubhairt sé leis an mnaoi uasail go raghadh sé féin agus go gcuirfeadh sé smacht ar an gcapal san. Dubhairt sise leis gan dul ann ar a anam mar go gcuirfeadh a h-athair chun báis é. Ba bheag an mhaitheas di bheith ag caint leis ó chuir sé n-a cheann é. D'imthigh sé air & fuair sé na balcais ba mheasa d'á bhféadfadh sé fhagháil & do chuir sé uime iad. Fuair sé trí cinn de sheana-hata í & do chuir sé ar a cheann iad, & do chuaidh sé fé dhéin tighe an duine uasail. Nuair a bhí sé ag teacht i ngar don tigh chonaic sé na daoine go léir, & an capal ann ag dul ar buile ag léimrigh agus ag caitheamh a chos. Nuair a bhí sé ag teacht go dtí an áit 'na rabhdar do chrom sé ar phort feaduíola, agus ar gáirí ar nós amadáin. Bhíodar go léir ag féachaint air agus chrom cuid acu ar bheith ag deunamh spóirt air. Níor mhór leis dóibh. Bhí sé ag féachaint ar an gcapal ar feadh tamail & fé dheire do chuaidh sé fé n-a dhéin. Dubhairt an duine uasal leó an t-amadán san a chur thar n.-ais mar ba mhór an truagh é mharbhadh. Do chuireadar ar gcúl é & d'fhan sé ann ar feadh tamailín, ach ba ghearr go ndeighidh sé isteach an tiarna h-uair agus má chuaidh, do cuireadh thar n.-ais airís é. Ní raibh ó Chearbhal ach a lámh a chur ar an gcapal & a chuid draoidheachta d'imirt air, agus annsan do bheadh sé chomh macánta le h-uan. Ní fheadair na daoine a bhí tímpal air é sin ach shíleadar gur amadán bocht éigin é a bhí as a mheabhair. Chuaidh sé isteach an trímhadh uair & dubhairt an Caomhánach leó ansan leog- aint do, go rabhdar ciapaithe uaidh agus nárbh aon chreach mhór a leithéid a mharbhadh. Do stadadar go léir ag feuchaint air, mar do shíleadar gach nomad go mbeadh sé sínte marbh. Ní mar sin do bhí ámhthaig. Do tháinig sé suas le taobh an chapail & do chuir sé a lámh air, ach má dhein, níor chuir an capal cor de is chuaidh Cearbhal anáirde ar a dhrom. Tháinig sgéird i súilibh gach nduine acu nuair a chonacadar an t-amadán ag marcuidheacht ar a' gcapal, agus an capal chomh macánta aige agus do bheadh uan. Nuair a bhí Cearbhal socruithe i gceart ins an ialait, do ghearr sé an téad do bhí ag ceangal an chapail. Do thug sé na spuir do agus as go brách leis as a radharc go léir. Níor stad sé go dtáinig sé mar ar fhág sé an óig- bhean Do chuir sí fáilte 'gus fiche roimis, agus do mhaireadar araon go sásta i dteannta chéile as san amach. TAGRA Rudaire = ridire; fonóideach = magamhail; ionn- tuig = iompuig. Goidé an treó go ndeighdar. Ní ‘goidé an treó do chuadar,’ adubhairt an sceulaidhe; Sgéird = sgárd. Seán Ó Murchadha thug an sceul dom. Mícheál Ó Cuileanáin. A bhanarthla an Áird-Mhic is a bhláth gheal na na n-Aingeal A lilí bhreágh sgéimheamhail, a réilthion na maidne, Guidhim-se ort is glaodhaim ort chun plé dhom lá 'n chatha, Chun m'anam do threórú go longphort na bhFlaitheas. SIN MAR A BHÍON. Mada ruadh a bhí fé bheul lice lá fuar fliuch, agus braon mór anuas air. “Dar so, mhaise, ar seisean, “nuair a thiocfaidh lá breágh, deunfad-sa tig!” Tháinig an lá breágh agus bhí an mada ruadh sínte ar an bhfeur dá ghrianadh féin, agus leisce air corraighe. “Dhe, leig dhom,” ar seisean, “cad dob áil liom-sa de thig?” S. T. Leabhair a Thaithnfidh le Gaedhlaibh, Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla le fághail uainn-ne. Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh á lorg duit. Scríobh ar lorg … clár na leabhar. … Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i Siopa na Leabhar nGaedhealach, SRÁID DÁSON, a 45, BAILE-ÁTHA-CHLIATH. Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “804 Áth Cliath.” A Ghaedheala! Ceannuighidh “Éadach na Druipsighe” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaig na Druipsighe (Teo.) Co. Chorcaighe. ROSC CATHA GAEDHEAL. THE SOLDIERS SONG. — É in a cheart idir cheól is abhrán, agus oireamhnach don phianó. É i nGaedhilg, chomh maith. 1/1 an chóib, per post. WHACK FOL THE DIDDLE. — Abhrán grinn i mBeurla. An file ceadna a dhein. É oireamhnach do cheól an phianó. 1/1 a' chóib. Geobhaidh lucht siopa níos saoire 'ná súd iad. Ó FAOLÁIN & A MHAC, In Uachtar Cé Urmhumhan a 17, ÁTH CLIATH. Ní deintear aon phíopaí eile in Éirinn ach PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR agus is fada farsaing atá a gcáil. Le ceannach i ngach siopa tobac. Cuir a dtuairisc ar lucht a ndéanta — Capp & Mac Peadair Teo. FAICHE SHAIN STIABHNA, ÁTH CLIATH. Seán Ó Conaill, Sráid an Rí, i gCORCAIG Scriobh chuige. Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill. Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.
CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA ó Lúcás De Búrca. LÉINTE FO-LÉINTE STOCAÍ BÓNAÍ CARABHATAÍ de DHÉANTÚS GAEDHAL Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile: Sráid Pádraig N. a 105, CORCAIGH. (‘Luke Burke’) Gach cóir chun tig do dheunamh Ón Úrlár go Bárr an Tighe: Adhmad, Táthán agus Slinnte; Áraistí Iarainn, Stóbhana, agus Bácúsa; Dathán, agus an uile shaghas Íle 'gus Ola. Tá le fághail ó ‘Chomplucht Eustace,’ i gCorcaigh. Scríobh chúca. Nuair a bheir ag taisdeal in UIBH RÁTHACH ÁLUINN, cuir fút sa tigh seo: Tigh Ósta an Ghearaltaigh i gCathair Saidhbhín, An tig IS FEARR in Uibh Ráthach. LABHARFAR GAEDHILG LEAT ANN. Síol agus Leasú' don bhfeirm nó don gháirdín. Áthraighe Iarainn agus Stáin. Arán, Min, Plúr, Té agus Biotáile. SEÁN Ó RIADA, an tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. Leabhair Bheaga Bhlasda na Gaedhilge Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim. “MÍ DEM SHAOGHAL,” le Bríd Stac, 3d. “LUIBH-EÓLAS,” le Seán Tóibín, 1½d. “SEAN-AMHRÁIN NA MUMHAN,” Cuid a 2, 3d. Le fághail ó Mháire Ní Raghallaigh, 'Sa tsiopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann don Ghaedhilgeoir: UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE A 87, i mBaile Átha Cliath. An Lóchrann. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh an Fear Gnótha. … An Fear Gnótha. An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair Ó Cuill & a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath … Na Díoltóirí. Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht an Lóchrainn. DUIT FÉIN, B'FHÉIDIR. Níl go leór cóib den LÓCHRANN dá chur fé chló an aimsir seo, de dheascaibh ganna-chúise páipéir. Nuair a bheidh léighte agat, a chara, tabhair do chóib le léighte do Ghaedhilgeóir eile, led' thoil. Más ón oifig anso a gheibhir do chóib bu mhór an chabhair dúinn sceula 'fhághail uait chó' luath is bhíon an bhlian istigh. Is minic a bhíon orainn scríobha' trí h-uaire sara bhfreagran cuid dár lucht léighte sinn. Ceataighe mór dúinn é sin, óir níl aon-ghasra cléireach san oifig seo. Nuair a bhíon deire le h-obair an lae, iseadh dhírighmíd ar ghnóthaí AN LÓCHRAINN agus sceul dian orainn bheith ag scríobha arís is arís eile. Má tá aon leitir nó cárta agat uainn gan freagairt, a chara, scríobh indiu led' thoil. TRAIDHIN ÉISG. Fadó, bhíodh an t-iasg ana-raidhseamhail is do bhaineadh na daoine mórán úsáid as. B'fhánach an góilín ná bíodh iomarga daoine ar a bhruach um Nollaig ag feith- eamh leis na bádaibh & is iad a bhíodh go sásta sgilligeach ag filleadh a bhaile dhóibh agus braisile colamóirí ag gach aon aca. Dheineadh na daoine íle sholuis as an iasg fadó agus do spárálaidís mórán airgid ar an gcuma san. ‘Traidhin’ a ghlaodhdís ar an íle a deintí as an gcolamóir. Seo mar dheinidís í: Do bhainidís as an iasg agus do shábhálaidís na h-aodhanna & leachaidís i gcorcán iad. Nuair a bhíodh an traidhin go léir leachta asta do scagaidís í chun go mbíodh sí deas glan aca. Bhíodh bacla geatairí feóchta lomtha tirim aca le h-ais na teine agus chuiridís cúpla ceann díobh so ar lasadh istig i sleagán íle agus dheineadh san solus na h-oidhche dhóibh. In inead geatairí do bhíodh bunach ón líon aca, uaireanta, chun é sháthadh san íle. ‘Sráileóga’ do thugaidís ar an mbunach so agus bhíodh siad so aca in inead na mbuaiceas atá anois ann. D'fhillidís an bunach ar a chéile i bhfuirm buaicis. Bhíodh sé cho' maith le h-aon lampa. Sin é an solus do bhíodh ag na sean- daoine anso fadó. Máire Bárbair, Scoil Doire 'n Chairn. AN LEATH-SCEUL. [Mion-chomhrádh idir bheirt gharsún scoile]. Garsún in a shuidhe & é ag deunamh obair scoile sa bhaile. Garsún eile do theacht isteach chuige. Seán: Ca' na thaobh ná tagan tú amach? Mícheál: Caithfead é seo a dheunamh ar dtúis. Ná fuil 'fhios agat cad dubh- rathas linn ar scoil indiu? Seán: Airiú, nách minic cheana a dubhradh san linn! Nach seana-phort é sin aige gach aon mhaidean. Mícheál: Tá's agam san ach measaim go bhfuil sé dáiríribh an turas so. Seán: Dhe, eirig as! caith uait é! Tá an liathróid nua againn amu' agus tá na buachaillí go léir ann. Aonne amháin atá i n-easnamh orrainn. Mícheál: Abair leó fanamhaint nómat & béadsa amach chúca. Seán: Ní deurfad. Teunam ort anois díreach. Mícheál: Féach, a Sheáin, a bhfeacaís an tslat nua a thug an máighistir abhaile leis ó'n gcathair indé. Seán: Ní fhaca — ach tuigim anois thú — eagla na slaite atá ort! Mícheál: B'fhéidir go bhfuil an ceart agat, a Sheáin, agus b'fhéidir go mbeadh an eagla cheudna ortsa amáireach. Seán: Airiú, eirig as, adeirim leat! agus má tá an sgannra go léir ort, ná feudfá lea'-sceul éigin do ghabháil leis. Mícheál: Is baoghlach go bhfuilid na leath- sceultha go léir de glán-mheabhair aige fé'n am so, cad é an ceann atá agat- sa i gcóir na maidne? Seán: Ó, deurfad gur scríobhas é agus gur fhágas ar an gclár é im'dhiaidh, go dtáinig m'athair isteach & go bhfeaca sé é agus gur dhearg sé a phíopa leis gan cuimhneamh ar cad a bhí aige. Mícheál: Go deimhin, a Sheáin, is sine go mór an leath-sceul san 'ná t-athair féin. Seán: Acha dhe! is cuma mar gheall air sin! Ní h-é aos an scéil i n-ao'chor ach an tslighe go n-ínnsean tú é. Má fheuchann tú suas go macánta idir an dá shúil air agus má labhrann tú go bog síbhialta creidfidh sé go maith thú — agus mura gcreidean féin beidh an oiread meas aige ort de bhárr na gcleas ná faighe' sé 'na chroidhe thú bhualadh. Mícheál (ag eirghe): Seo má seadh! Duine bog-chroidhe is eadh é — tá's agam san. Táim tuirseach de seo ar aon tslighe (é do chaitheamh an leabhair uaidh). Ciaca páirc? (iad araon dhul amach). S. Mac Mch. “AN FÍOR-ÉIREANNACH.” Do cuireadh deich scillinge ag trial orainn chun cóibeana den “Lóchrann” do chimeád leis an nGaedhaltacht. Mar chuimhne ar irisleabhar a bhí sa Mhumhain, lea'-cheud blian ó shin an síntiús san. “An Fíor-Éireannach u bu theidiol do. (I dTiobraid Árann do cuirtí cló air, dar linn. An raibh aon tseód Gaedhilge riamh ann gur fiú ath-chló 'dheunamh air?”) LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk
Mairbhne. Do chomhnaigh Próinseus Sigerson i mbaile an Sceilg tímpal ceud go leith blian ó shin. Tá sé curtha ann — sa tsean-Mhainistir. Fuair Seumus Dubh an mairbhne binn seo, fiche blian ó shin ó Sheán Chrócháin Ua Broin atá in a chomhnaighe sa tSnaidhm. Seanchaidhe rí-mhaith an Seán san. Ní fheadair aonne anois ciaca Diarmuid na Bolgaidhe nó file de Mhuinntir Murchadha ó Oileán Dairbhre do chum an mairbhne seo. Tá tionntó Beurla air, in a leabhar, ag Seoirse Sigerson, Dochtúir-le-léigheann. AR BÁS PHRÓINSÉIS SIGERSON. I. Sa Mhainnistir thiar fé éag, fé chlúid, fé leac Tá'n marcach 's an biadhtach riamh fuair clú 'gus meas; Ba mhinic an t-Iarla ag triall air, is sluagh 'n-a theacht — Le clú do riar sé iarthar Mumhan ar fad. II. Ar fad, a bhile, do rugais barr féile 's clú, Ó bhun na Snaidhme go h-imeall Bhaoi Bhéara anonn. Ó'n Laoi go Life, ó'n tSionainn go h-Abha na gcolúr; Is ó Chill Choinne go h-imeall Loch Cé na long. III. I Loch Cé na long is dubhach tá béithe is fir Ar fuaid na Mumhan is a súile i n-éinfeacht fliuch. Do scéigh an tSiúir, dar liúm, is do phléasg na cnoic; An Sgeilg do liúig le buadhairt, is d'éag na fir. IV. I ó éag na fir is dubh 'sis brónach chím An Tarbh, an Scairbh, an teach úd mór Uí Dhuinn; Go Beag-Inis bhig ní thigid seóil i dtír 'Is i nDairbhre istigh ag sileadh na ndeor go fuigheach. V. Is fuigheach do sgreadaid fé athtuirse árd is caoin' I mBaile na Sgealg mar a sgaiptí leis lán de'n fhíon. An plúr-fhear ceannais do b'fhairsing a lán de'n tsaill An biadhtach leabhair, dá sgaipeadh le clú 's le tigheas. VI. Le clú is le tigheas do sgaoil sé saor a chuid — An mhin, an t-im, an cíor, an síod' 's an mhil. Láimh le h-Íosa chífear saor ó choir Proinnsias críona a dhíoladh déirc n-a thig. VII. Déirc i n-a thig ba mhinic a bhíodh le fághail, Mias de'n mhin, agus cuid de'n im n-a lár Éadach cnis do'n té do bhíodh in a ghádh, Spola na saílle, agus cuid de'n líon do b'fhearr. VIII. Do b'fhearr thú 'ná a lán aca dá bhfeacathas fós, A sheabhaic áluinn do tháinig ó Shigerson Mór; Ní raibh cáim ort ód' mháthair de'n fhuil Chonallaigh chóir A rábaire an áthais do bhronnadh an t-ór. IX. Ór glan go leór ar na bochtaibh do riar Ceann-treóir agus comhairleóir na bpobul laistiar. Ní raibh duine ó'n gCóbh thoir go Daingean na gcliar Cé gur mór do bhí beo aca ná leanfadh do riar. X. An riar carthannach do leanais ó aois go bás; Do b'fhairsing i dtigh an tábhairne thu ag díol a lán. An acfuinn 'gus an ana-bhruid do bhí in do láimh 'Gus is easnamh do'n Eaglais tú bheith sínte ar lár. XI. Sínte ar lár atáir, mo thruagh, mo chreach! Ceann-uraid na dtáinte ó'n Ráth go Ruachtaigh theas Pobul Uibh Ráthaigh, 's é áireamh trí h-uair' thar n-ais. A bhile gan cháim, is a rábaire uasail flaith. XII. Flaith gléigeal na daonachta agus marcach na gcliar. Nár eitig siúd éinne, is a dhorus nár iadhaidh, Tá éiclips ar Ghaedhealaibh ó cailleadh ar dtriath. Mo dhian-chrádh do chaoin-chnámha bheith sa Mhainistir thiar. TAGRA. Abha na gcolúr — abha bheag atá i nDúthalla: Sluagh 'n a teacht — in a theannta: Beag-Inis bheag — oileán atá in aice dhairbhre (‘Valentia’): Teach Uí Dhuinn — oileán in Inbhear Sceine, tamal ó'n Neidín. MO MHAC ÓG. Le Liam Beárnach Ó Súiliobháin, San Ramon, ins na Phillipíní. Fonn: “An tseana-chaoir' adarcach.” I. Bróigíní dearga, stoicíní uaithne, Órdóigíní beaga 'gus lúidíní suarach' Méiríní dea'-chúmtha, troigíní uaisle, Colpaí teanna 'gus ceathramhna buacach. Luinneog: Sé mo leanbh é, sé mo laogh é Sé mo leanbh é ag banalthra ghléigeal. II. Rosga glan-ghormach is eudan mar ómar, Cluaisíní clúdaithe i ngruaig' dhath na h-eórna — Sin é 'guibh mo leanbh go ceannasach córach, Mise go h-árd-chroidheach 's a mháthair go módhmharach. Sé mo leanbh é, &rl. III. I gcathair Sebhille do rugadh a mháthair, Tá mór-chuid dá cine 'na sagairt is bráithre, Fuil uasal Hidalgos 'na cuisleana Spáin- neach, Ó Andalú Tia i measg na n-ubhall ngráineach. Sé mo leanbh é, &rl. IV. Nár fhaghaimíd-ne bás chun go bhfeicfimíd cóir air, Claidheamh geal 'na dhorn 's é ar chaol-each go seólta, Faoi bhrat uaithne 'r leathadh, ag tabhairt scrios agus leonadh Ar chasógaibh dearga fallsa Rí Seóirse. Sé mo leanbh é, &rl. Bhí aithne mhaith ar Liam Beárnach agam. Tá sé ins na Phillipinnibh le mórán de bhliantaibh. Tá bean ó'n áit go dtugann sé Andalú Tia air mar mhnaoi phósta aige agus chím ó'n abhrán so go bhfuil mac óg aca. Ní fheadar ná go bhfuil adhbhar De Valéra II ann. Ubhall gráineach — pomegranate. An Gruagach. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. MAITH AN tSNAOIS — “SNAOIS CHORCAIGHE.” Sinn-ne a dhein ar dtúis í agus atá 'á deunamh fós. Tobac sár - mhaith an dá shaghas so: “SHAN DON PLUG” agus “EXHIBITION ROLL.” Scríobh chugainn-ne: “CUALACHT LAMBCIN,” Sráid Naoimh Pádraig a 9, CORCAIGH. Dhá Leabhar Nua do Ghaedhealaibh. Maidean i mBéara & dánta eile. Osborn Ó h-Aimheirgín do sgríobh. Luach — trí Raolacha (postas 3 ph. eile. An Chaise Gharbh. Leabhar Nua-Fhilidheachta. Peadar Ó h-Annracháin do sgríobh. Luach — trí Raolacha (postas 3 ph. eile). ó “CHLÓ NA gCOINNEALL,” 44 Sráid Dáson, i mBAILE-ÁTHA-CLIATH. TÁILLIÚIREACHT agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i n-Éirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA., 11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH. Ní gádh Beurla 'labhairt, ach an uair a raghair ar lorg SAIGRÉIDÍ MAITHE, agus deunfaidh dhá fhocal cúis ansan. Abair “SILK CUT” Le cailín an tsiopa I nDÚNDEALGAN a deintear, agus tá 'á gcaitheamh AR FUAID ÉIREANN. P. Ó Cearbhaill is a Chua. (Teor.) Lucht a ndeunta. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
Tá le fagháil uainn-ne BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID den déanamh Ceilteach agus marc earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca. Tá ÁTRAIGHE ÓIR is ÁTHRAIGHE AIRGID mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca. Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair agus an luachliosta. LIAM MAC AODHGÁIN & a CHL.-MHAC Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & A CL. MHAC, Teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.” Guthán: 7 Cork; 1 Midleton. Do Fhear na Feirme é seo: Tá SÍOLTA, LEASÚ, ÚIRLISÍ, agus BIADH BEITHIDHEACH le fághail, go maith is go saor, sa tsiopa so: ‘SIOPA PLÚIR IS MINE SHRÁID AN RÍ,’ AN 3adh tigh i Sráid an Rí, Corcaigh. Scríobh indiu & cuir tuairisc a luacha &c. Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i. “AN LÚCANIA” (de dhéantús na hÉireann) ó Dhomhnall Ó Buachalla Magh Nuadhat. TAIDHREAMH. Ag taidhreamh dom an oidhche fé dheire, cheapas go rabhas istigh i bpáirc Feise Colmáin i Mainistir Fhearmuighe & mar bu ghnáthach nuair a bhíodh an fheis sin ann bhí an gleó is an fothramh céadna ar siubhal am' thimpal. Bhí árdán annso 's annsúd ar fuaid na páirce, an ceól 's an rinnce ar siubhal ar cheann acu, an sgéaluidheacht is an abhránuidheacht ar cheann eile acu, agus mar sin dóibh … na breitheamhna ag déanamh a ndíchill chun an duais do bhronnadh ar an té a b'fhearr dos na h-iomaitheóiríbh agus gach iomaitheóir ag déanamh a dhíchill chun an duais do thuilleamh do féin … an sluagh ag dul ó árdán go h-árdán ag féachaint ar na rinnceóiribh & ag éisteacht leis an abhránuidheacht agus an sgéaluidheacht, & anois is arís ag dul ins na trithíbh nuair a chidhfidís buachaill beag 'á shochrú féin ar chathaoir na sgéaluidheachta mar a dheanfadh seanchuidhe de'n tsean- aimsir chun ceann des na sean-sgéalta d'innsint. Bhí an obair 's an caitheamh-aimsire ag dul ar aghaidh ar an gcuma san nuair ar leagadh do shúl, do stad an gleó agus an fothram go léir agus ar feadh tamaill ní raibh focal thar cogar le cloisint ó éinne. Bhí iongna orm mar ní raibh ,fhios agam cad fé ndear an t-atharú a theacht chomh h-obann sin ar an bhFeis. Fé dheire do thugas fé ndeara go raibh na daoine ag bailiú mór-thímpal árdáin mhóir do bhí i gcúinne na páirce … Sar a raibh uain agam cuimhneamh ar cad bu cheart dom a dhéanamh do thosnuigheadar na daoine ag liúirigh agus ag bualadh bos agus do leanadar de i dtreó gur cheapas ná stadfaidís go deo … Nuair do stadadh den liúirigh 's den bhualadh bas sa deire do dheineas cómhgar chomh maith is d'fhéadas fé dhéin na h-áite 'na raibh an gleó, & geallaimse dhíbh ná raibh aon iongna orm go dtáinig stad ar obair na Feise nuair do chonnac an t-Athair Peadar féin in a sheasamh anáirde ar an árdán … Is ar éigin bhí cluas le h-éisteacht curtha agam orm féin nuair do thosnuigh sé ag cainnt is dubhairt sé rud mar seo: A mhuinntir Feise Colmáin tá súil agam ná beidh sibh i bhfeirg liom i dtaobh bheith chomh déanach sa ló ag teacht annso, ag cur cosg le h-obair na feise is ag cur an spóirt 's an chaitheamh- aimsire a bhí ar siubhal agaibh ar leath- taoibh … Is fadó andiu do bheinn annso mara mbeadh an tuirse a bhí orm tar éis an lae oibre do chuireas díom ag Feis Chuallacht Mhuire i gCorcaigh indé — “Feis Cuallacht Mhuire,” arsa mise am aigne féin. 'Sé mo thuairim go bhfuil dearmhad 'á dhéanamh ag an Athair Peadar ar ainm na Feise … Sin Feis na Mumhan go bhfuil sé a thagairt di … Níor airigheas riamh trácht ar aon fheis ar tugadh sin mar ainm uirthi … Le linn na cainnte sin am aigne féin cheapas gur ghlaodhaigh an t-Athair Peadar orm teacht aníos chuige … Do dhúisigheas … Is orm bhí an t-uaigneas nuair a fuaireas amach gur ag taidhreamh a bhíos is ná bíonn aon fheiseannna ann anois mar do bhíodh ar fuaid na h-Éireann tráth. Pádraig Ó Nuatáin, Corcaigh. DÁNUIGHEACHT. Píosa cómhráidh i gcóir leanbhaí. Iar n-a aistriú ó'n bhFrainncis. Bean tighe 'na párlús féin. Stróinseur fir do theacht isteach agus a bheith ag féachaint 'na thímpal. An Bhean: Seadh! An Stróinseur: Seadh, istóin! An Bh: Cé h-é tusa, led' thoil? An S: Nách cuma dhuit-se sin! An Bh: A leithéid de dhánuigheacht istigh am thigh féin! Conus a tháinghís isteach anso? An S: Ó, fuaireas slighe chun teacht isteach. An Bh: Cé osgail mo dhoras duit? An S: Cá bhfios domh-sa aon ní mar gheall ar do dhoras. An Bh: Nách isteach an doras a tháinghís! An S: Má bhí sé ar osgailt ní dóichighe rud ná gurb eadh. An Bh: Cad é an gnó atá agat am thigh-se? An S: Ní innsin mo ghnó do gach éinne fhiafruigheann díom é. An Bh: Baineann sé liom-sa fios fhagháil cad do thug isteach am thigh-se thu. Níl cead agat a bheith anso in ao'chor, a dhuine, An S: Nílim-se ag iarraidh cead ort, a An Bh: Chím gur dro'-dhuine ceart tu. Gheobhad na póilíní chun tú chur amach as mo thigh. An S: Ní thiocfaidh aon phóilíní 'n fhaid a bhead-sa anso. An Bh: Taoi ag dul amach mar sin. An S: Ná feiceann tú go bhfuil mo chúl leis an ndoras. Ní gnáth le duine gluaiseacht i ndiaidh a chúil, dar ndó. (Chíon sé bosca mísleán is cuirean a lámh isteach ann). Féadfad ceann aca so thógaint is dócha. An Bh: An bhfuilir ag dul amach nó an mbeidh orm duine fhághail chun tu chur amach? An S: Ó! fan fada. Bog breágh anois. Nílim réidh leis an dtigh seo fós. An Bh: Nílir … réidh … leis an dtigh seo. Cad tá le déanamh agat sa ti' seo? An S: Teastuigheann do mhaidrín uaim, istóin. An Bh Mo mhaidrín! mo pheata beag! Caper! An S: Seadh, ach ní ag peataireacht leis a bhead-sa. An marbhuigheann sé franncaigh? An Bh: An amhla mheasan tú go ndíol- fainn Caper? An S: Gheobhad é … díol nó gan díol … mar tá gnó agam de. Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha. Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
An Bh: Tá ceapaithe agat é ghuid, a dhuine mhalluithe; nár cóir go mbeadh náire ort! An S: Tá caint agat. Deinim rudaí mar is maith liom féin. Níor ínnsis fós an marbhóchadh do ghadhrín franncaigh. An Bh: Níl aon fhranncaigh sa ti' seo, a dhuine. An S: Mara marbhóch sé franncaigh ní bheinn 'á chothú. An Bh: Ní bhfaghair mo mhaidrín chun frann- caig do mharbhú, nó chun aon ní eile. Go deimhin ba dheas an gnó bheadh ag mo pheata beag. An S: Níl aon ghnó agam anso a thuille, máiseadh; más peata gan mhaith mar sin é ní móide go marbhóch' sé frann- caigh dom. Bead ag cur díom (é d'imtheacht ag feadghail). Leanbh do theacht isteach: 'Dé an gnó bhí ag an bhfear san, a Mhamaí. An Bh: Theastuigh uaidh Caper do ghuid uainn, a chroidhe. (An stróinseur do theacht arís). Cad do thug anois thu? Dubhart leat ná raibh aon chead agat teacht anso isteach. An S (É do chromadh ar thoitín do chaitheamh): Deinim rudaí gan cead. An mbeadh cipín soluis agat? An Bh: Cuirfead an dlighe i bhfeidhim ort; féach mara ndéanfad! An S: Níl aon bheann agam ar an ndlighe. An Bh: Ní bheidh tú mar sin, b'fhéidir. Díol- fair as an obair seo. Fan go dtioc- faidh m'fhear-sa abhaile! An S: Labhair socair, a bhean. Cogar … An bhfuil cat … maith … mór agat a mharbhóch franncaigh? An Bh: Is dána an duine thu. Ní bhfagha tú cat ná madra ná aon tsaghas eile sa ti' seo. Bí ag imtheacht! Taoi ag cur sgannra ar mo leanbh bheag (leis an leanbh. Ná bíodh eagla ort, a chroidhe … Ní leogfad dó lámh a chur ort … Éist a chuid!) An S: Ní bheadh aon ghnó agam de'n pháisde sin. Tá leanbh trí mblian agam-sa a chuirfeadh poll tríthi sin len a buille duirn. An Bh: Táim dá rádh leat glanadh amach as mo thigh-se nó is duit is measa é! An S: Níl aon mheas agam ar do thigh-se, Níl aon mheas agam ort féin, Níl aon mheas agam ar do leanbh, Níl aon mhaith ad' mhaidrín ná ad' chat nuair ná marbhóchaidís franncaigh. (é do dheunamh smeach meur fén a sróin). Preit! a bhean. Fástuím ó thuaidh! Leanbh: Gearánfa' mé lem athair tú — fear gránda. An Bh: Is tú an duine is gránda do bhuail liom riamh. Fág mo thigh, a chlaidhre. An S: Dá mbeinn chomh gránda leat-sa, do bháthfainn mé féin san abhainn nó sa loch. Ní bheinn ag féachaint orm féin sa státhán gach lá agus croiceann chomh buidhe … (An bhean do bhreith ar chathaoir agus í d'á ionnsuighe. Í do chur ruaig air an doras amach). Seoirse Brianach Ó Séagha, mainistir na féile. Is maith linn an chuma in a bhfuil san curtha le chéile, siúd is gur abhar baoth go leór atá ann. Tá súil againn go bhfaighmíd iarracht eile ó'n scriobh- nóir ceudna. Ba mhaith linn go leanfadh ár scríobhnóirí, idir óg is aosta, den tsaghas san ní, go fóil; agus chun iad do ghríosú bheurfam dhá dhuais gach mí ar phíosaí a bheidh ar aon dul leis sin tuas. FOCAIL SEANN-REACHTA. (4) Gheobhair láir bhán Dhomhnail nár gheallas fós duit, &c. An Domhnal úd atá i gceist agat, a chara, b'é “Domhnal na nGeimhleach” é — fear a bhí fé dhraoidheacht tímpal Locha Léin fadó, agus b'í “an láir bhán,” an láir a bhí ag an nDomhnal ceudna. “Ná h-iarrfadh lón 'ná feur,” mar do bhí sí fé dhraoidheacht, leis. Do thigeadh Domhnal agus a láir bhán ag fiadhach le n-a chonairt ar uair a dó dheug gach oidhche ar na sléibhtibh mór- thímpal an locha agus is fiadh a bhíodh 'á fiadhach aige coitianta. Do cloistí uaill a chonairte & 'adhairce mór-thímpal an cheanntair sin go h-amh- scarnach an lae. Liam Ó Conail, Lána Róláin, Corcaigh. Dómhnal Ó Donnchadha, nó “Dómhnal na nGeimhleach,” a bhí 'na chómhnuidhe san áit in a bhfuil Loch Léin anois. Taoiseach dob eadh Dómhnal agus do cuireadh fé dhraoidheacht é féin & a mhuinntir (nuair do scéigh an tobar ortha agus deineadh loch de), agus táid siad thíos fé'n loch ó shin. Bhí láir bhán aige a bhí chómh luath san go mbeireadh sí ar an ngaoith a bhíodh roimpe & ná beireadh an ghaoth a bhíodh 'na diaidh uirthi. Deir seandaoine go dtagan sé maidean lae Bealtaine uair ins na seacht mbliana go bárr an uisce & é ag marcuidheacht ar an láir .bháin & go siubhluighean sé mór — thímpal an locha, agus go dtéidhean sé síos arís. Bríghid Ní Uallacháin. (5) Gheobhadh tú an fáinne thug fionn sa tsnám leis, &c. (Na Bearta Cruadha). Bhí Fionn Mac Cómhaill lá ag fiadhach len a dhá choin, Bran agus Sceólbhán. D'eirigh rómpa fiadh bán agus d'imthigh an dá choin 'na dhiaidh trí sliabh Guilinn ó thuaidh go dtánadar go bruach locha. D'imthigh an fiadh as a radharc ansan, ach do chonaic Fionn bean ar bruach an locha ag gol agus d'fhiaruigh sé dhi cad é fáth a goil. Dubhairt sise gur fáinne do chaill sí sa loch agus cuir sí geasa draoidheachta air an fáinne d'fháil di. Chuaidh sé sa' tsnámh & fuair sé é — nó mar dubhairt an file:
Ar shíneadh an fháinne don laoch Sar a dtáinigh sé go bruach, Dhein seanóir críona liath De Rí na bhFiann go tirm cruaidh.
Agus sa riocht san is eadh fuair na Fianna é nuair a chuadar 'á chuardach. Bríghid Ní Uallacháin, Árd Caorach, Uibh Ráthach. Do bronnadh duais an duine ar an dís sin thuas. Fuaireamar freagra maith ó Mhuiris Midheach, Lios Mór, leis, ach níl slighe anois do. Lucht “An Lóchrainn.” LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. Tigh “An Bhata Droighin Éille” (‘H. JOHNSTON’) Teó. Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaigh. CHÓMH BLASTA Le h-AON-ÍM! Margairín “Leandar” Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH ag Ó Dubhdaill, Ó Mathúna Agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Tá le fághail uainn-ne — Té Blasta Cúmhra. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX IS A CHLANN MHAC (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., Corcaigh. BIADH DONN DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL IS A CHLANN MHAC (Teo.) CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. SÍOLTA, LEASÚ agus ÚIRLISÍ do'n bhFEIRM. Gleus gearrtha Turnaipí agus DEIGHALTÁIN don UACHTAR BAINNE. Tá ag Ó LUASA & Ó CONAILL, i gCorcaigh. Scríobh chuca CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne. Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.
Gach Cóir Scoile! tá againn-ne Leabhair don Leabharlainn agus Leabhair mar Dhuaiseanna. Scríobh chugainn ar lorg eolais: MUINNTIR FHALLAMHAIN (Fallon Bros. Ltd.) Cúirt Dáma a 13 & a 14, in Áth Cliath. Smithfield a 88, i mBealfeirste. Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge. Tá … SCÉALUIDHEACHT-GAN- SRAÍNNG d'á múineadh ag togha na múinteóirí i Scoil Uí Shúileabháin sa ‘Mhardíog,’ i gCorcaigh. Is í an scoil is mó cáil agus is fearr cóir i n-Éirinn. Múintear SRANNG-SCÉALUIDHEACHT ann do chailíní, i gcóir Oifige an Phuist, sa ló nó istoidhche. Scríobh chun an Árd-Oide. TÉIG FÉ DHÉIN “AN EMPÓRIUM” ar lorg Earraí Gaedhlacha — Bónaí, Carabhataí, Léinte, Ciairsiúraí agus línéadach. M. Ó Súileabháin & a mhac, CILL ÁIRNE. SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm. TROSCÁN TIGHE. Seán Ó Curráin, sa DAINGEAN. an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad. EUDACH BUAN-tSEASAMHACH. An Chulaith do-gheobhair uainn-ne, beidh sí go córach dei'-dheunta. Le dachad blian anuas, tá tosach 'á thabhairt againn-ne do dheun- túisí Gaedhal. Níl muilionn in Éirinn 'ná go gceannuighmíd-ne togha na n-earraí ann — eudach ná raghaidh ann, is ná dortfaidh an dath as. DO MHNÁIBH UAISLE — TÁILIÚIRACHT AR 'FHEABHAS. Gach Gúna dár dheinamar riamh, bhí cuma is crot air. Bainean deise ar leith leis na Casógaibh a dheinan na táiliúirí seo againn-ne. Tá ana-chuid eudaigh den tsaghas úd go n-abarthar leis “Saothar Lámh” ar taisbeáint anso. Ní dhortfaidh an ghuirme as an eudach gorm atá le ceannach uainn-ne. Raghaimíd fé bhannaí air, agus is mór an ní é sin, an aimsir seo. Scríobh (nó glaodhaig) chugainn. LIAM Ó CONCHUBHAIR is a Mhac, SRÁID MHÓR SHEÓIRSE, a 40, i gCorcaigh. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/- go 10/6. Rásúr “Cosanta” ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-; gheobhair ceann aca san & trí lanna “Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3, tríd a bpost. CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar 7d. tríd a bpost. MAC CUILINN, 35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. WITH THE IRISH IN FRONGOCH J. W. Brennan-Whitmore do scríobh. Tá cúntas cruinn so leabhar so i dtaobh an tsaoghail & an chaithimh aimsire bhíodh ag na buachaillí ó Éirinn a bhí fé smacht Gall i bhFrongoch taréis Eirighe Amach bliana a 1916. Tá morán sgeul brónach, agus morán sgeul grinn chomh maith, d'á innsint ag an ughdar, agus is cliste an peann atá aige chun snas a chur ar sgeul, pé aca brónach nó meidhreach é. Cuireann sé síos go h-an-mhaith ar gach iar- racht dá dtugadh fé chuid des na buachaillí a sciobadh isteach san arm, agus ar an slighe gur cuireadh cosg leis an obair sin. Tá peictiúirí maithe sa leabhar. 2/6 glan, a luach. 2/10, tríd an bpost. An dara cur amach de seo: A CHRONICLE OF JAILS. Darrell Figgis do scríobh. 1/- glan, a luach. 1/3 an bpost. ‘Chló-lucht Talbóid,’ Sráid Talbóid a 89, in ÁTH CLIATH. Tá Feóil Ró-Dhaor. Ná bac í! Ceannaigh lea'-bharaille den IASC LEASAITHE (macarael) ó Phádraig Ó Dubháin, Sa DAINGEAN, I gCIARRAIDHE. Scríobh chuige. In ÁIRCÉID NA MUMHAN gheobhair Lámhainní Olna de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh. Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón, dubh, glaschaorach, geal agus donn. Tá EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint ar gach cúntúir sa' tsiopa: ÁIRCÉID NA MUMHAN Le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson.’ I gCORCAIGH. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail. Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clochualucht Dúndealgain, Dundalk.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services