2d.
AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.
Uimh. a 30. MEADHON FÓMHAIR, 1918. Dhá Phinginn a Fhiacha.
Creideamh agus Grádh.
TOMÁS ÁGHAS DO CHEAP.
(Beannacht Dé len a anam!)
Am' shuidhe anso dhom am' aonar ar
Charraig an Mheannáin. Grian an tsamh-
raidh ag taithneamh go bog brothallach
orm. Tá bágh an Daingin ós mo chomh-
air amach & an t-uisce chomh sleamhain
le h-uisce locha.
Bíogan mo chroidhe ionnam nuair dhear-
caim tharm ar an radharc niamhrach atá
le fagháil ó'n gCarraig seo. An spéir
ghlan sholusmhar ós mo chionn. Na cnoic
ó thuaidh “ag bagairt a gcinn tar druim
a chéile,” agus an fharraige uaim siar go
h-íoghar na spéire. Saoilim gur mar
seo siar thar maoilinn an chnoic seo
do ghaibh Niamh Chinn Óir nuair a bhí sí
ag filleadh ar Thír na n-Óg agus Oisín
ar láimh! Má tá Tír na n-Óg i n-aon
chor ann, is annsúd thiar atá sí mar a
bhfuil na caisleáin bhána * ag eirighe as
an bhfarraige.
Acht bíodh san mar atá sé.
Tá fotharach annsúd ar an dtaobh thall
de ghóilín uaim, iarsma de'n droch-shaoghal.
Is ar an bhfotharaigh úd is mian liom trácht
de'n iarracht so agus ar an sgéal do
bhaineann léi féin agus leis na daoine
a bhí 'n-a gcomhnuidhe ins an áit mar a
bhfuil an fhotharach.
Fotharach tighe muinntire is eadh í. Le
linn an droch-shaoghail do bhí fear de
mhuinntir Dhonnchudha, Maghnus Óg Ó
Donnchudha, 'n-a chomhnuidhe ins an tigh a
bhí ar an láthair gcéadna sain. Fear
creideamhnach carthannach cráibhtheach do
b'eadh Maghnus. Fear fial flaitheamhail.
Fear go raibh meas ag saibhir agus ag
daibhir air. Bhí talamh agus táinte aige,
& nuair do bheir cruadhtan & aindeise an
droch-shaoghail ar a chomhursanaibh is neamh-
dhoicheallach do roinn sé a chuid leo.
Fionán an t-aon mhac leis a bhí gan
pósadh. Bhí sé luaidhte i gcleamhnas le
Caitlín Ní Mhodhráin, cailín grádhmhar
gleoidhte a bhí 'n-a comhnuidhe ins an
tigh úd lastuaidh de'n bhfotharaigh mar a
bhfuil na crainn go tiugh ar a chéile.
Tráthnóna gréine buidhe do bhuail
Fionán suas an casán chun tighe Chaitlín.
Bhí Caitlín féin ag casadh na mbó abhaile
chun a gcrúidhte agus rann beag aici d'á
chanadh:
“Is aoibhinn dona h-éanaibh 'eirigheann
go h-árd,
Is a luighean le 'n-a chéile ar aon
chraoibhín amháin;
Ní mar sin do bhím-se is mo cheud
míle grádh
Acht chom fada ó 'n-a chéile 's tá
an réiltean ó'n Spáinn.”
ar sise. Agus níor bhinne ceól na smól-
aighe ar mhaol-árd chrainn 'ná séis thana-
ghuib na spéir-mhná.
Is ar éigean do bhí an rann críoch-
nuithe aici nuair do bheannuigh Fionán Ó
Donnchudha dhí de dhruim claidhe an
bhóithrín. “Nílimíd abhfad ó chéile anois,
a Chaitlín,” ar seisean, “agus tá súil le
Dia agam nach fada go mbeidh m'athair
'n-a bheatha-shláinte airís, agus annsan
beimíd i bhfochair a chéile go deo an
fhaid' mhairfimíd. Mar a mbeadh an
t-aon obann so do bhuail é do bhéimís
pósta um an dtaca so.”
“Conus tá sé ag caitheamh an lae?”
arsa Caitlín.
“Tá fiabhras na breoidhteachta imthithe
dé,” ar seisean, “acht ní mhúchfadh uisce
na h-abhann an tart atá air. Deir an
bhanaltra gurab é beirbhthean an tinnis
atá ag teacht leis fós.”
Le n-a linn sin d'airigheadar araon an
glaodh. D'fheuchadr siar & chonnacadar
an fear ag deunamh ortha, agus deabhadh
air. Ceann d'fhearaibh oibre Mhaghnuis Uí
Dhonnchudha do bhí ann. D'fhiafruigh Fionán
dé cad a thug aníos é.
“Do thug,” ar sé, “an t-ainsgian úd
Mac Tomáis atá thíos ag an dtigh ag
feithe.amh leat. Tháinigh sé ó chianaibh
beag, & bhí sé cóir máireach † a d'iar-
raidh go leigfí síos san tseomra chun
t'athar é. Dubhairt an bhanaltra go raibh
órduithe aici féin ó'n ndochtúir gan
aoinne do leigeant d'á fheuchaint. Ní
shásóchadh san é, agus bhí sé ag tabhairt
iarracht ar éalú síos i gan fhios dí.
Acht do mhóidigh Máire Ní Luasaigh go
steallfadh sí an t-uisce beirbhthe idir
an dá shúil air mura gclaonfadh sé.”
Bhí Mac Tomáis i mbéal an dorais
ag feitheamh. Do bheannuigh sé d'Fhionán.
Níor leig Fionán air go gcuala sé é.
“Do theastuigh uaim beagán cainnte
do dhéanamh led' athair,” arsa Mac
Tomáis. “Airighim ó'n mbanaltra ná
fuil sé ar foghnamh, acht d'oirfeadh dom
é dh'fheiscint.”
Ní'l aon dul agat air sin,” arsa
Fionán. {Tá m'athair ar a leabaidh le
coigthíos. Bhí sé chomh suarach sain aréir
ná raibh aon tsúil againn go mairfeadh sé
go maidin. B'fhéidir go ndeunfainn-se
do ghnó?”
“Inneósaidh mé dhuit cad é fáth mo
thurais,” arsa Mac Tomáis. “Tá truagh
agam do na dhaoinibh bochta san bpar-
róiste seo atá ag fagháil bháis leis an
ocras. D'fhóirfinn-se ortha dá bhfaghainn
tigh oireamhnach timpall na h-áite seo
go bhfeudfaí biadh d'ullmhú' dhóibh ann.
Ní h-eólach dom aon tigh eile san áit
is oireamhnaighe 'ná an sgioból so atá
agaibh-se. An dóigh leat an leigfeadh
t'athair dúinn teinnteán do dheunamh ann,
agus cúpla coire bídh do bheirbhiú ann i
n-aghaidh an lae, go dtí go n-eireóchaidh
an scamall so dhínn?”
“Dheunfá an rud atá agaibh dh'á
dheunamh i gCeann Trágha?” arsa Fionán.
“Dheunfaimís,” do fhreagair seisean.
“Is 'mó duine san bparróisde a bheadh
sa' tsiorruidheacht indiu mara mbéadh an
fhóirithin a rinneamar ortha.”
Bhí an-fhearg ag eirighe ar Fhionán, acht
do brúigh sé faoi í. “Rachaidh mé ag
triall ar m'athair,” ar seisean, agus
deurfad leis go bhfuilir annso, agus
inneósad dó cad tá uait.”
Fé cheann tamaill bhig do tháinig sé
go doras an tseómra agus do bhagair
chuige ar Mhac Tomáis. “Feuch,” ar
seisean, ba mhaith lem' athair féin
labhairt leat.”
D'eirigh an sean-leomhan 'n-a shuidhe
aniar ins an leabaidh an túisce is
tháinig Mac Tomáis i n-aice na leabthan.
“Tá biadh agaibh le tabhairt do'n
ocrach,” ar seisean, “agus ba mhaith libh
chumaoine do chur ar bhochtaibh na h-áite
Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
Guailneáin
Seandúna.
Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
tráth bhriseadar na húmaí,
is nuair thuigeadar a bhfionntar
ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n ‘Shandon Braces’
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
go ndéanfaid dúinn an gnó!”
Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —
TOMÁS Ó GORMÁIN
Calaphort an Phápa, Corcaigh.
A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid
TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,
ó
Mhícheál Ó Ríoghardáin & a Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.
ARÁN HOSFORD.
Ná h-ith a Mhalairt!
Sa 62 tigh sa Mheádhon-tSráid Thuaidh,
i gCORCAIGH, a deintar.
Tá i nDaingean Uí Chúise
TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;
SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;
ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.
ag “John Atkins & Co. ltd.”
Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.
Má tá báigh cheart agat
led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a
dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh-
air na rudaí seo & iad go maith:
Bróga is Stocaí,
Léinte is Guaileáin,
Lámhainní is Bónaí.
T. Ó Lochlainn,
19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH.
Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —
i gColáiste Cholmáin Chluana
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.
Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.
seo. Táim-se féin agus mo mhac ag
roinnt ár gcoda leó go dtí so. Ní
'ghá mhaoidheamh ortha atáim. Is chuige
sin do thug Dhia an bhreis dúinn. Cuiridh-
se, tusa agus an cumann go bhfuilir ar
a cheann, biadh chun an tighe seo. Roinn-
fidh mo mach go macánta é. — Ní bhéad-sa
ann chun a roinnte.”
“Tá biadh corpordha & biadh spior-
adálta againn-ne le roinnt,” arsa
Mac Tomáis. “Cuirfar biadh annso i
gcóir na ndaoine mbocht ar choingeall
go bhfaghaidh fear léighte & mínithe an
Bhíobla Naomhtha cead a bheith láithreach
le linn roinnte an bhídh.”
“An Bíobla Gallda, an eadh?” arsa
Maghnus.
“Bíobla agus focal Dé,” arsa Mac
Tomáis. An measann tú nách iad na
bréithre ceudna do mhúin Dia do'n chine
daona uile?”
“Ní mise a cháinfidh focal Dé,” arsa
Maghnus, “acht ní thaithneann an chanamh-
aint liom a chur Hannraoi & Beití ar
A bhréithribh. Glan amach as mo radharc,”
ar seisean. “An fhaid is liom-sa an
sgioból san amuigh ní bhfaghair do shrón
a chur ar dtaobh istig de dhoras ann.
Nuair a bhéad-sa imthithe is féidir lem'
mhac a rogha ruda 'dheunamh leat.”
“Beidh sé agam ded' aindeoin,” arsa
Mac Tomáis, “agus —”
Ní bhfuair sé d'uain a thuille 'rádh.
Do beireadh ar chába casóige air, agus
do caitheadh ar bhior a chinn amach ar
an mbán é.
“Bíodh an méid sin agat de bhárr
do thurais!” arsa Fionán.
* “Caisleáin bhána” .i. scamaill bhána.
† “Cóir máireach” .i. ar ais nó ar éigean; le
ceart nó le h-éigceart.
(Tuille le Teacht.)
BROSNA.
Brón tar an uile-bhrón — Éire fé leun;
Áthas thar gach áthas — Éire fé réim.
S. T.
Súil an ridire fáin do leagas-sa ar
ógmhnáibh:
Ba thaithneamh dom shúil iad, ach uain chun
grádha, ní raibh agam.
Southey, file Beurla.
Nuair a bhíon na scadáin lastuaidh,
Bíon Murcha Ruadh lasteas!
(Ó Ghaedhilg na h-Alban).
Ní sítheach ceann fé choróinn.
(‘An t-Európach’) S.T.
Focal 'sa Chúirt.
Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go
mór linn.
Sceulta ó Chairbre.
II. — CEARBHAL Ó DÁLAIGH AGUS
INGHEAN AN RUDAIRE.
B'é an Rudaire Caomhánach an duine
uasal ba mhó cáil i nÉirinn le n-a linn.
Ní raibh aige ach aon inghean amháin & b'í
sin an bhean ba bhreaghtha a bhí i nÉirinn
an uair sin. Chualaidh Cearbhal Ó Dálaigh
trácht uirthi agus dubhairt sé go raghadh
sé fé dhéin a' tighe 'na raibh sí na comh-
nuighe. Bhí de dhraoidheacht ag Cearbhal
go dtabharfadh aon-bhean ba mhaith leis
grádh dho. Dubhradh go raibh ball-searc
aige fé mar bhí ag Diarmuid Ó Duibhne.
Bhí sé ag siubhal roimis go dtáinig sé
chun tighe 'n duine uasail, ach má tháinig
ba bheag an mhaitheas do san. Ní raibh
aon chaoth aige ar an gcailín óg d'fheic-
sint mar bhí sí ró-shaibhir chun feuchaint
ar leithéid Chearbhail.
Bhí buadh gach céird ag Cearbhal. Do
dheunfadh sé aon tsaghas ruda ba mhaith
leis, agus dubhairt sé go dtarai-
geoghadh sé ceárd éigin chuige i gcóir
na h-áite sin, agus is é an cheárd do
tharaig sé chuige ná bheith ag deunamh
bróg, agus ba ghearr go raibh a ainm
suas ar fuaid na dúthaighe le feabhas
a chéirde. Nuair a chuaidh a ainm amach
chomh mór san do tháinig na h-uaisle
go léir chuige ó gach áird, agus níorbh
fhéidir leis teacht suas leis an obair
go léir.
Fé dheire do chualaidh inghean an
Chaomhánaigh mar gheall air, agus do
chuir sí feidhre bróg 'á dheunamh chuige.
Bhí sé sásta leis sin mar 'sé sin do
bhí uaidh ar feadh na h-aimsire agus is
mar gheall air sin do thóg sé an cheárd
san chuige. Thosnuigh sé ag deunamh na
mbróg agus ní gádh a rádh ná raibh sé
i bhfad 'á ndeunamh agus is iad do
bhí deunta go deas. Nuair a bhíodar
deunta aige d'imir sé a chuid draoidh-
eachta ar a mbonnaibh agus do chuir sé
abhaile chúichi iad. Nuair a chonaic sí na
bróga do tháinig iongna ar a croidhe &
ba ró-ghearr an mhoill uirthi iad do chur
ar a cosaibh. Nuair a bhíodar uirthi do
thosnuig sí ag rinnce agus ag damhas
le neart áthais agus níor stad sí
de'n rinnce ar feadh seachtaine agus
ní fheadair sí goidé an áit ba cheart
di fanamhaint.
Aon lá amháin dubhairt sí le n-a
h-athair cuire thabhairt do Chearbhal chun
dinnéir a chaitheamh leó. Do dhein a
h-athair mar adubhairt sí, & do tháinig
Cearbhal go sásta, agus as san amach
bhíodh sé ag teacht go minic chun tighe
'n duine uasail, gur shíl an duine uasal
fé dheire go raibh sé ró-mhuinteardha leis
an inghin. Níor mhór leis dó bheith ag
teacht chun a thighe, ach níor mhaith leis
go dtabharfadh a inghean grádh do dhuine
chomh fonóideach leis.
Bhí sé ag teacht ar feadh tréimhse
eile go bhfuair an duine uasal amach
fé dheire go raibh a inghean ag tabhairt
grádha dho agus dubhairt sé leis lá gan
“BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile.
Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.
teacht fé dhein a thighe féin go brách
airís nú má dheunfadh go gcuirfeadh
sé chun báis é. Chualaidh inghean an
duine uasail cad dubhairt a h-athair
le Cearbhal agus níor thaithn sé go
maith léi.
Dubhairt sí ansan go mbeadh sí suas
le n-a h-athair. Go n-eireóghadh sí oidhche
éigin nuair a bheadh a h-athair 'na chodladh
agus go dtógfadh sí a raibh d'airgead
sa tig, agus go ndeunfadh san í le
n-a saoghal, agus go dtógfadh sí féin
agus Cearbhal an dá chapal is fearr a
bhí sa stábla & go n-imtheochadh sí féin
agus Cearbhal i dteannta chéile. D'inis
sí do Chearbhal cad do bhí ceapaithe aici,
agus is é bhí go lán tsásta.
Aon oidhche amháin nuair a bhí a muinn-
tear 'na gcodladh, d'eirigh sí, agus do
thóg sí a raibh d'airgead sa tig, agus
do chuir sí fios ar Chearbhal, mar bhí sé
ag fanamhaint léi amuigh. Do thógadar
amach na capail, & d'ionntuig Cearbhal
na cruite fútha i dtreo na beadh a
fhios ag an gCaomhánach goidé 'n treo
go ndeighdar. D'imthighdar leó & níor
stadadar go ndeighdar na céadta míle
ó bhaile.
Nuair d'eirig an duine uasal ar
maidin agus nuair fuair sé go raibh
a inghean imthithe, ní raibh aon teora
len' fheirg mar bhí a fhios aige gur
i dteannta Chearbhail do bhí sí imthithe,
& do thug sé na mionna ná stadfadh
sé go deó go mbeadh Cearbhal aige
beó nú marbh.
Thárlaidh go raibh capal ag an nduine
uasal nár bh'fhéidir le h-éinne é chur fé
smacht mar do mharbhoghadh sé an domhan
& a dtiocfadh 'na ghoire. Do fuair an
duine uasal sparán d'airgead & do
chroch sé le muing an chapail é, & do
chuir sé gairmsgoile amach go dtabhar-
fadh sé an sparán d'éinne d'fhéadfadh
smacht do chur ar an gcapal. Sé an
rud do bhí 'na cheann aige — go dtioc-
fadh Cearbhal fé dhéin an chapail nuair
a chloisfeadh sé an ghairmscoile, agus
go bhféadfadh sé breith air ansan agus
é chur chun báis.
Nuair a chualaidh Cearbhal an ráfla
dubhairt sé leis an mnaoi uasail go
raghadh sé féin agus go gcuirfeadh sé
smacht ar an gcapal san.
Dubhairt sise leis gan dul ann ar a
anam mar go gcuirfeadh a h-athair chun
báis é. Ba bheag an mhaitheas di bheith
ag caint leis ó chuir sé n-a cheann é.
D'imthigh sé air & fuair sé na balcais
ba mheasa d'á bhféadfadh sé fhagháil & do
chuir sé uime iad. Fuair sé trí cinn de
sheana-hata í & do chuir sé ar a cheann iad,
& do chuaidh sé fé dhéin tighe an duine
uasail. Nuair a bhí sé ag teacht i ngar
don tigh chonaic sé na daoine go léir,
& an capal ann ag dul ar buile ag
léimrigh agus ag caitheamh a chos.
Nuair a bhí sé ag teacht go dtí
an áit 'na rabhdar do chrom sé ar
phort feaduíola, agus ar gáirí ar
nós amadáin. Bhíodar go léir ag
féachaint air agus chrom cuid acu ar
bheith ag deunamh spóirt air. Níor mhór
leis dóibh.
Bhí sé ag féachaint ar an gcapal ar
feadh tamail & fé dheire do chuaidh sé
fé n-a dhéin. Dubhairt an duine uasal
leó an t-amadán san a chur thar n.-ais
mar ba mhór an truagh é mharbhadh.
Do chuireadar ar gcúl é & d'fhan sé
ann ar feadh tamailín, ach ba ghearr go
ndeighidh sé isteach an tiarna h-uair agus
má chuaidh, do cuireadh thar n.-ais airís é.
Ní raibh ó Chearbhal ach a lámh a chur
ar an gcapal & a chuid draoidheachta
d'imirt air, agus annsan do bheadh sé
chomh macánta le h-uan. Ní fheadair
na daoine a bhí tímpal air é sin
ach shíleadar gur amadán bocht éigin
é a bhí as a mheabhair.
Chuaidh sé isteach an trímhadh uair &
dubhairt an Caomhánach leó ansan leog-
aint do, go rabhdar ciapaithe uaidh agus
nárbh aon chreach mhór a leithéid a mharbhadh.
Do stadadar go léir ag feuchaint air,
mar do shíleadar gach nomad go mbeadh
sé sínte marbh. Ní mar sin do bhí
ámhthaig. Do tháinig sé suas le taobh
an chapail & do chuir sé a lámh air, ach
má dhein, níor chuir an capal cor de
is chuaidh Cearbhal anáirde ar a dhrom.
Tháinig sgéird i súilibh gach nduine
acu nuair a chonacadar an t-amadán
ag marcuidheacht ar a' gcapal, agus
an capal chomh macánta aige agus do
bheadh uan.
Nuair a bhí Cearbhal socruithe i gceart
ins an ialait, do ghearr sé an téad do
bhí ag ceangal an chapail. Do thug sé
na spuir do agus as go brách leis as
a radharc go léir. Níor stad sé go
dtáinig sé mar ar fhág sé an óig-
bhean Do chuir sí fáilte 'gus fiche
roimis, agus do mhaireadar araon go
sásta i dteannta chéile as san amach.
TAGRA
Rudaire = ridire; fonóideach = magamhail; ionn-
tuig = iompuig. Goidé an treó go ndeighdar. Ní
‘goidé an treó do chuadar,’ adubhairt an sceulaidhe;
Sgéird = sgárd.
Seán Ó Murchadha thug an sceul dom.
Mícheál Ó Cuileanáin.
A bhanarthla an Áird-Mhic is a bhláth gheal na
na n-Aingeal
A lilí bhreágh sgéimheamhail, a réilthion na
maidne,
Guidhim-se ort is glaodhaim ort chun plé
dhom lá 'n chatha,
Chun m'anam do threórú go longphort na
bhFlaitheas.
SIN MAR A BHÍON.
Mada ruadh a bhí fé bheul lice lá fuar
fliuch, agus braon mór anuas air.
“Dar so, mhaise, ar seisean, “nuair
a thiocfaidh lá breágh, deunfad-sa tig!”
Tháinig an lá breágh agus bhí an mada ruadh
sínte ar an bhfeur dá ghrianadh féin, agus
leisce air corraighe.
“Dhe, leig dhom,” ar seisean, “cad dob
áil liom-sa de thig?” S. T.
Leabhair a Thaithnfidh
le Gaedhlaibh,
Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla
le fághail uainn-ne.
Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
á lorg duit. Scríobh ar lorg
… clár na leabhar. …
Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i
Siopa na Leabhar
nGaedhealach,
SRÁID DÁSON, a 45,
BAILE-ÁTHA-CHLIATH.
Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “804 Áth Cliath.”
A Ghaedheala! Ceannuighidh
“Éadach na Druipsighe”
Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.
Muileann Éadaig na Druipsighe (Teo.)
Co. Chorcaighe.
ROSC CATHA GAEDHEAL.
THE SOLDIERS SONG. — É in a cheart idir
cheól is abhrán, agus oireamhnach don
phianó. É i nGaedhilg, chomh maith. 1/1
an chóib, per post.
WHACK FOL THE DIDDLE. — Abhrán grinn
i mBeurla. An file ceadna a dhein.
É oireamhnach do cheól an phianó. 1/1 a'
chóib.
Geobhaidh lucht siopa níos saoire 'ná súd iad.
Ó FAOLÁIN & A MHAC,
In Uachtar Cé Urmhumhan a 17, ÁTH CLIATH.
Ní deintear aon phíopaí
eile in Éirinn ach
PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR
agus is fada farsaing
atá a gcáil.
Le ceannach i ngach siopa tobac.
Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —
Capp & Mac Peadair Teo.
FAICHE SHAIN STIABHNA,
ÁTH CLIATH.
Seán Ó Conaill,
Sráid an Rí, i gCORCAIG
Scriobh chuige.
Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.
CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA
ó
Lúcás De Búrca.
LÉINTE
FO-LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
CARABHATAÍ
de DHÉANTÚS
GAEDHAL
Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:
Sráid Pádraig N. a 105,
CORCAIGH.
(‘Luke Burke’)
Gach cóir chun tig do dheunamh
Ón Úrlár go Bárr
an Tighe:
Adhmad, Táthán agus Slinnte;
Áraistí Iarainn, Stóbhana, agus
Bácúsa;
Dathán, agus an uile shaghas Íle
'gus Ola.
Tá le fághail ó
‘Chomplucht Eustace,’
i gCorcaigh.
Scríobh chúca.
Nuair a bheir ag taisdeal
in UIBH RÁTHACH ÁLUINN,
cuir fút sa tigh seo:
Tigh Ósta an Ghearaltaigh
i gCathair Saidhbhín,
An tig IS FEARR in Uibh Ráthach.
LABHARFAR GAEDHILG LEAT ANN.
Síol agus Leasú'
don bhfeirm nó don gháirdín.
Áthraighe Iarainn agus
Stáin.
Arán, Min, Plúr, Té
agus Biotáile.
SEÁN Ó RIADA,
an tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.
Leabhair Bheaga Bhlasda na
Gaedhilge
Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim.
“MÍ DEM SHAOGHAL,” le Bríd Stac, 3d.
“LUIBH-EÓLAS,” le Seán Tóibín, 1½d.
“SEAN-AMHRÁIN NA MUMHAN,”
Cuid a 2, 3d.
Le fághail ó
Mháire Ní Raghallaigh,
'Sa tsiopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac
ann don Ghaedhilgeoir:
UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE A 87,
i mBaile Átha Cliath.
An Lóchrann.
Páipéar don Ghaedhealtacht.
Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh an Fear Gnótha. … An Fear Gnótha.
An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair
Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath … Na Díoltóirí.
Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid
ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go
ceann bliana chun aon áite a déarfar linn.
Sinn-ne — Lucht an Lóchrainn.
DUIT FÉIN, B'FHÉIDIR.
Níl go leór cóib den LÓCHRANN dá
chur fé chló an aimsir seo, de dheascaibh
ganna-chúise páipéir. Nuair a bheidh
léighte agat, a chara, tabhair do chóib
le léighte do Ghaedhilgeóir eile, led' thoil.
Más ón oifig anso a gheibhir do chóib
bu mhór an chabhair dúinn sceula 'fhághail
uait chó' luath is bhíon an bhlian istigh. Is
minic a bhíon orainn scríobha' trí h-uaire
sara bhfreagran cuid dár lucht léighte
sinn. Ceataighe mór dúinn é sin, óir
níl aon-ghasra cléireach san oifig seo.
Nuair a bhíon deire le h-obair an lae,
iseadh dhírighmíd ar ghnóthaí AN LÓCHRAINN
agus sceul dian orainn bheith ag scríobha
arís is arís eile. Má tá aon leitir nó
cárta agat uainn gan freagairt, a chara,
scríobh indiu led' thoil.
TRAIDHIN ÉISG.
Fadó, bhíodh an t-iasg ana-raidhseamhail
is do bhaineadh na daoine mórán úsáid
as. B'fhánach an góilín ná bíodh iomarga
daoine ar a bhruach um Nollaig ag feith-
eamh leis na bádaibh & is iad a bhíodh go
sásta sgilligeach ag filleadh a bhaile dhóibh
agus braisile colamóirí ag gach aon aca.
Dheineadh na daoine íle sholuis as an
iasg fadó agus do spárálaidís mórán
airgid ar an gcuma san. ‘Traidhin’
a ghlaodhdís ar an íle a deintí as an
gcolamóir. Seo mar dheinidís í:
Do bhainidís as an iasg agus do
shábhálaidís na h-aodhanna & leachaidís i
gcorcán iad. Nuair a bhíodh an traidhin
go léir leachta asta do scagaidís í
chun go mbíodh sí deas glan aca. Bhíodh
bacla geatairí feóchta lomtha tirim aca
le h-ais na teine agus chuiridís cúpla
ceann díobh so ar lasadh istig i sleagán
íle agus dheineadh san solus na h-oidhche
dhóibh.
In inead geatairí do bhíodh bunach ón
líon aca, uaireanta, chun é sháthadh san
íle. ‘Sráileóga’ do thugaidís ar an
mbunach so agus bhíodh siad so aca in
inead na mbuaiceas atá anois ann.
D'fhillidís an bunach ar a chéile i bhfuirm
buaicis. Bhíodh sé cho' maith le h-aon
lampa.
Sin é an solus do bhíodh ag na sean-
daoine anso fadó.
Máire Bárbair,
Scoil Doire 'n Chairn.
AN LEATH-SCEUL.
[Mion-chomhrádh idir bheirt gharsún scoile].
Garsún in a shuidhe & é ag deunamh obair scoile
sa bhaile. Garsún eile do theacht isteach chuige.
Seán: Ca' na thaobh ná tagan tú amach?
Mícheál: Caithfead é seo a dheunamh ar
dtúis. Ná fuil 'fhios agat cad dubh-
rathas linn ar scoil indiu?
Seán: Airiú, nách minic cheana a dubhradh
san linn! Nach seana-phort é sin aige
gach aon mhaidean.
Mícheál: Tá's agam san ach measaim go
bhfuil sé dáiríribh an turas so.
Seán: Dhe, eirig as! caith uait é! Tá an
liathróid nua againn amu' agus tá na
buachaillí go léir ann. Aonne amháin
atá i n-easnamh orrainn.
Mícheál: Abair leó fanamhaint nómat &
béadsa amach chúca.
Seán: Ní deurfad. Teunam ort anois
díreach.
Mícheál: Féach, a Sheáin, a bhfeacaís an
tslat nua a thug an máighistir abhaile
leis ó'n gcathair indé.
Seán: Ní fhaca — ach tuigim anois thú —
eagla na slaite atá ort!
Mícheál: B'fhéidir go bhfuil an ceart agat,
a Sheáin, agus b'fhéidir go mbeadh an
eagla cheudna ortsa amáireach.
Seán: Airiú, eirig as, adeirim leat! agus
má tá an sgannra go léir ort, ná
feudfá lea'-sceul éigin do ghabháil
leis.
Mícheál: Is baoghlach go bhfuilid na leath-
sceultha go léir de glán-mheabhair aige
fé'n am so, cad é an ceann atá agat-
sa i gcóir na maidne?
Seán: Ó, deurfad gur scríobhas é agus
gur fhágas ar an gclár é im'dhiaidh, go
dtáinig m'athair isteach & go bhfeaca
sé é agus gur dhearg sé a phíopa leis
gan cuimhneamh ar cad a bhí aige.
Mícheál: Go deimhin, a Sheáin, is sine go
mór an leath-sceul san 'ná t-athair
féin.
Seán: Acha dhe! is cuma mar gheall air
sin! Ní h-é aos an scéil i n-ao'chor
ach an tslighe go n-ínnsean tú é. Má
fheuchann tú suas go macánta idir an
dá shúil air agus má labhrann tú go
bog síbhialta creidfidh sé go maith thú
— agus mura gcreidean féin beidh an
oiread meas aige ort de bhárr na
gcleas ná faighe' sé 'na chroidhe thú
bhualadh.
Mícheál (ag eirghe): Seo má seadh! Duine
bog-chroidhe is eadh é — tá's agam san.
Táim tuirseach de seo ar aon tslighe
(é do chaitheamh an leabhair uaidh). Ciaca
páirc? (iad araon dhul amach).
S. Mac Mch.
“AN FÍOR-ÉIREANNACH.”
Do cuireadh deich scillinge ag trial
orainn chun cóibeana den “Lóchrann”
do chimeád leis an nGaedhaltacht. Mar
chuimhne ar irisleabhar a bhí sa Mhumhain,
lea'-cheud blian ó shin an síntiús san.
“An Fíor-Éireannach u bu theidiol do.
(I dTiobraid Árann do cuirtí cló air,
dar linn. An raibh aon tseód Gaedhilge
riamh ann gur fiú ath-chló 'dheunamh air?”)
LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.
Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk
Mairbhne.
Do chomhnaigh Próinseus Sigerson i mbaile an
Sceilg tímpal ceud go leith blian ó shin. Tá sé
curtha ann — sa tsean-Mhainistir. Fuair Seumus
Dubh an mairbhne binn seo, fiche blian ó shin ó Sheán
Chrócháin Ua Broin atá in a chomhnaighe sa tSnaidhm.
Seanchaidhe rí-mhaith an Seán san. Ní fheadair aonne
anois ciaca Diarmuid na Bolgaidhe nó file de
Mhuinntir Murchadha ó Oileán Dairbhre do chum
an mairbhne seo. Tá tionntó Beurla air, in a
leabhar, ag Seoirse Sigerson, Dochtúir-le-léigheann.
AR BÁS PHRÓINSÉIS SIGERSON.
I.
Sa Mhainnistir thiar fé éag, fé chlúid, fé
leac
Tá'n marcach 's an biadhtach riamh fuair clú
'gus meas;
Ba mhinic an t-Iarla ag triall air, is sluagh
'n-a theacht —
Le clú do riar sé iarthar Mumhan ar fad.
II.
Ar fad, a bhile, do rugais barr féile 's clú,
Ó bhun na Snaidhme go h-imeall Bhaoi Bhéara
anonn.
Ó'n Laoi go Life, ó'n tSionainn go h-Abha
na gcolúr;
Is ó Chill Choinne go h-imeall Loch Cé na
long.
III.
I Loch Cé na long is dubhach tá béithe is fir
Ar fuaid na Mumhan is a súile i n-éinfeacht
fliuch.
Do scéigh an tSiúir, dar liúm, is do phléasg
na cnoic;
An Sgeilg do liúig le buadhairt, is d'éag
na fir.
IV.
I ó éag na fir is dubh 'sis brónach chím
An Tarbh, an Scairbh, an teach úd mór Uí
Dhuinn;
Go Beag-Inis bhig ní thigid seóil i dtír
'Is i nDairbhre istigh ag sileadh na ndeor go
fuigheach.
V.
Is fuigheach do sgreadaid fé athtuirse árd
is caoin'
I mBaile na Sgealg mar a sgaiptí leis lán
de'n fhíon.
An plúr-fhear ceannais do b'fhairsing a lán
de'n tsaill
An biadhtach leabhair, dá sgaipeadh le clú 's
le tigheas.
VI.
Le clú is le tigheas do sgaoil sé saor a
chuid —
An mhin, an t-im, an cíor, an síod' 's an
mhil.
Láimh le h-Íosa chífear saor ó choir
Proinnsias críona a dhíoladh déirc n-a thig.
VII.
Déirc i n-a thig ba mhinic a bhíodh le fághail,
Mias de'n mhin, agus cuid de'n im n-a lár
Éadach cnis do'n té do bhíodh in a ghádh,
Spola na saílle, agus cuid de'n líon do
b'fhearr.
VIII.
Do b'fhearr thú 'ná a lán aca dá bhfeacathas
fós,
A sheabhaic áluinn do tháinig ó Shigerson
Mór;
Ní raibh cáim ort ód' mháthair de'n fhuil
Chonallaigh chóir
A rábaire an áthais do bhronnadh an t-ór.
IX.
Ór glan go leór ar na bochtaibh do riar
Ceann-treóir agus comhairleóir na bpobul
laistiar.
Ní raibh duine ó'n gCóbh thoir go Daingean
na gcliar
Cé gur mór do bhí beo aca ná leanfadh do
riar.
X.
An riar carthannach do leanais ó aois go
bás;
Do b'fhairsing i dtigh an tábhairne thu ag
díol a lán.
An acfuinn 'gus an ana-bhruid do bhí in do
láimh
'Gus is easnamh do'n Eaglais tú bheith sínte
ar lár.
XI.
Sínte ar lár atáir, mo thruagh, mo chreach!
Ceann-uraid na dtáinte ó'n Ráth go
Ruachtaigh theas
Pobul Uibh Ráthaigh, 's é áireamh trí h-uair'
thar n-ais.
A bhile gan cháim, is a rábaire uasail flaith.
XII.
Flaith gléigeal na daonachta agus marcach
na gcliar.
Nár eitig siúd éinne, is a dhorus nár
iadhaidh,
Tá éiclips ar Ghaedhealaibh ó cailleadh ar
dtriath.
Mo dhian-chrádh do chaoin-chnámha bheith sa
Mhainistir thiar.
TAGRA.
Abha na gcolúr — abha bheag atá i nDúthalla: Sluagh
'n a teacht — in a theannta: Beag-Inis bheag — oileán
atá in aice dhairbhre (‘Valentia’): Teach Uí Dhuinn —
oileán in Inbhear Sceine, tamal ó'n Neidín.
MO MHAC ÓG.
Le Liam Beárnach Ó Súiliobháin, San Ramon,
ins na Phillipíní.
Fonn: “An tseana-chaoir' adarcach.”
I.
Bróigíní dearga, stoicíní uaithne,
Órdóigíní beaga 'gus lúidíní suarach'
Méiríní dea'-chúmtha, troigíní uaisle,
Colpaí teanna 'gus ceathramhna buacach.
Luinneog:
Sé mo leanbh é, sé mo laogh é
Sé mo leanbh é ag banalthra ghléigeal.
II.
Rosga glan-ghormach is eudan mar ómar,
Cluaisíní clúdaithe i ngruaig' dhath na
h-eórna —
Sin é 'guibh mo leanbh go ceannasach córach,
Mise go h-árd-chroidheach 's a mháthair go
módhmharach.
Sé mo leanbh é, &rl.
III.
I gcathair Sebhille do rugadh a mháthair,
Tá mór-chuid dá cine 'na sagairt is bráithre,
Fuil uasal Hidalgos 'na cuisleana Spáin-
neach,
Ó Andalú Tia i measg na n-ubhall ngráineach.
Sé mo leanbh é, &rl.
IV.
Nár fhaghaimíd-ne bás chun go bhfeicfimíd
cóir air,
Claidheamh geal 'na dhorn 's é ar chaol-each
go seólta,
Faoi bhrat uaithne 'r leathadh, ag tabhairt
scrios agus leonadh
Ar chasógaibh dearga fallsa Rí Seóirse.
Sé mo leanbh é, &rl.
Bhí aithne mhaith ar Liam Beárnach agam. Tá sé ins
na Phillipinnibh le mórán de bhliantaibh. Tá bean
ó'n áit go dtugann sé Andalú Tia air mar mhnaoi
phósta aige agus chím ó'n abhrán so go bhfuil mac óg
aca. Ní fheadar ná go bhfuil adhbhar De Valéra II
ann. Ubhall gráineach — pomegranate.
An Gruagach.
LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.
MAITH AN tSNAOIS —
“SNAOIS CHORCAIGHE.”
Sinn-ne a dhein ar dtúis í
agus atá 'á deunamh fós.
Tobac sár - mhaith
an dá shaghas so:
“SHAN DON PLUG”
agus
“EXHIBITION ROLL.”
Scríobh chugainn-ne:
“CUALACHT LAMBCIN,”
Sráid Naoimh Pádraig a 9,
CORCAIGH.
Dhá Leabhar Nua do Ghaedhealaibh.
Maidean i mBéara & dánta eile.
Osborn Ó h-Aimheirgín do sgríobh.
Luach — trí Raolacha (postas 3 ph. eile.
An Chaise Gharbh.
Leabhar Nua-Fhilidheachta.
Peadar Ó h-Annracháin do sgríobh.
Luach — trí Raolacha (postas 3 ph. eile).
ó “CHLÓ NA gCOINNEALL,”
44 Sráid Dáson, i mBAILE-ÁTHA-CLIATH.
TÁILLIÚIREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!
Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i n-Éirinn.
Ó GLASÁIN IS A CHUA.,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.
Ní gádh Beurla 'labhairt,
ach an uair a raghair ar lorg
SAIGRÉIDÍ MAITHE,
agus deunfaidh dhá fhocal cúis ansan.
Abair
“SILK CUT”
Le cailín an tsiopa
I nDÚNDEALGAN
a deintear, agus tá 'á gcaitheamh
AR FUAID ÉIREANN.
P. Ó Cearbhaill is a Chua. (Teor.)
Lucht a ndeunta.
Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
Tá le fagháil uainn-ne
BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID
den déanamh Ceilteach agus marc
earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca.
Tá ÁTRAIGHE ÓIR is
ÁTHRAIGHE AIRGID
mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha
dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá
an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca.
Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair
agus an luachliosta.
LIAM MAC AODHGÁIN & a CHL.-MHAC Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.
Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag
T. Ó hAILEANÁIN & A CL. MHAC, Teo.
Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.
Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”
Guthán: 7 Cork; 1 Midleton.
Do Fhear na Feirme
é seo:
Tá
SÍOLTA,
LEASÚ,
ÚIRLISÍ,
agus
BIADH BEITHIDHEACH
le fághail, go maith is go saor, sa
tsiopa so:
‘SIOPA PLÚIR IS
MINE SHRÁID AN RÍ,’
AN 3adh tigh i Sráid an Rí,
Corcaigh.
Scríobh indiu & cuir tuairisc
a luacha &c.
Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.
“AN LÚCANIA”
(de dhéantús na hÉireann)
ó
Dhomhnall Ó Buachalla Magh Nuadhat.
TAIDHREAMH.
Ag taidhreamh dom an oidhche fé dheire,
cheapas go rabhas istigh i bpáirc Feise
Colmáin i Mainistir Fhearmuighe & mar
bu ghnáthach nuair a bhíodh an fheis sin
ann bhí an gleó is an fothramh céadna
ar siubhal am' thimpal.
Bhí árdán annso 's annsúd ar fuaid
na páirce, an ceól 's an rinnce ar
siubhal ar cheann acu, an sgéaluidheacht
is an abhránuidheacht ar cheann eile acu,
agus mar sin dóibh … na breitheamhna
ag déanamh a ndíchill chun an duais
do bhronnadh ar an té a b'fhearr dos
na h-iomaitheóiríbh agus gach iomaitheóir
ag déanamh a dhíchill chun an duais do
thuilleamh do féin … an sluagh ag
dul ó árdán go h-árdán ag féachaint
ar na rinnceóiribh & ag éisteacht leis
an abhránuidheacht agus an sgéaluidheacht,
& anois is arís ag dul ins na trithíbh
nuair a chidhfidís buachaill beag 'á shochrú
féin ar chathaoir na sgéaluidheachta mar
a dheanfadh seanchuidhe de'n tsean-
aimsir chun ceann des na sean-sgéalta
d'innsint.
Bhí an obair 's an caitheamh-aimsire
ag dul ar aghaidh ar an gcuma san
nuair ar leagadh do shúl, do stad an
gleó agus an fothram go léir agus ar
feadh tamaill ní raibh focal thar cogar
le cloisint ó éinne. Bhí iongna orm
mar ní raibh ,fhios agam cad fé ndear
an t-atharú a theacht chomh h-obann sin
ar an bhFeis.
Fé dheire do thugas fé ndeara go
raibh na daoine ag bailiú mór-thímpal
árdáin mhóir do bhí i gcúinne na páirce
… Sar a raibh uain agam cuimhneamh
ar cad bu cheart dom a dhéanamh do
thosnuigheadar na daoine ag liúirigh agus
ag bualadh bos agus do leanadar de
i dtreó gur cheapas ná stadfaidís go
deo … Nuair do stadadh den liúirigh
's den bhualadh bas sa deire do dheineas
cómhgar chomh maith is d'fhéadas fé dhéin
na h-áite 'na raibh an gleó, & geallaimse
dhíbh ná raibh aon iongna orm go dtáinig
stad ar obair na Feise nuair do chonnac
an t-Athair Peadar féin in a sheasamh
anáirde ar an árdán … Is ar éigin bhí
cluas le h-éisteacht curtha agam orm
féin nuair do thosnuigh sé ag cainnt is
dubhairt sé rud mar seo:
A mhuinntir Feise Colmáin tá súil
agam ná beidh sibh i bhfeirg liom i
dtaobh bheith chomh déanach sa ló ag teacht
annso, ag cur cosg le h-obair na feise
is ag cur an spóirt 's an chaitheamh-
aimsire a bhí ar siubhal agaibh ar leath-
taoibh … Is fadó andiu do bheinn
annso mara mbeadh an tuirse a bhí orm
tar éis an lae oibre do chuireas díom
ag Feis Chuallacht Mhuire i gCorcaigh
indé —
“Feis Cuallacht Mhuire,” arsa mise
am aigne féin. 'Sé mo thuairim go
bhfuil dearmhad 'á dhéanamh ag an Athair
Peadar ar ainm na Feise … Sin
Feis na Mumhan go bhfuil sé a thagairt
di … Níor airigheas riamh trácht ar
aon fheis ar tugadh sin mar ainm uirthi
… Le linn na cainnte sin am aigne
féin cheapas gur ghlaodhaigh an t-Athair
Peadar orm teacht aníos chuige …
Do dhúisigheas … Is orm bhí an
t-uaigneas nuair a fuaireas amach gur
ag taidhreamh a bhíos is ná bíonn aon
fheiseannna ann anois mar do bhíodh ar
fuaid na h-Éireann tráth.
Pádraig Ó Nuatáin,
Corcaigh.
DÁNUIGHEACHT.
Píosa cómhráidh i gcóir leanbhaí. Iar n-a aistriú
ó'n bhFrainncis.
Bean tighe 'na párlús féin. Stróinseur fir do
theacht isteach agus a bheith ag féachaint 'na thímpal.
An Bhean: Seadh!
An Stróinseur: Seadh, istóin!
An Bh: Cé h-é tusa, led' thoil?
An S: Nách cuma dhuit-se sin!
An Bh: A leithéid de dhánuigheacht istigh
am thigh féin! Conus a tháinghís isteach
anso?
An S: Ó, fuaireas slighe chun teacht isteach.
An Bh: Cé osgail mo dhoras duit?
An S: Cá bhfios domh-sa aon ní mar gheall
ar do dhoras.
An Bh: Nách isteach an doras a tháinghís!
An S: Má bhí sé ar osgailt ní dóichighe rud
ná gurb eadh.
An Bh: Cad é an gnó atá agat am thigh-se?
An S: Ní innsin mo ghnó do gach éinne
fhiafruigheann díom é.
An Bh: Baineann sé liom-sa fios fhagháil
cad do thug isteach am thigh-se thu. Níl
cead agat a bheith anso in ao'chor, a
dhuine,
An S: Nílim-se ag iarraidh cead ort, a
An Bh: Chím gur dro'-dhuine ceart tu.
Gheobhad na póilíní chun tú chur amach
as mo thigh.
An S: Ní thiocfaidh aon phóilíní 'n fhaid a
bhead-sa anso.
An Bh: Taoi ag dul amach mar sin.
An S: Ná feiceann tú go bhfuil mo chúl
leis an ndoras. Ní gnáth le duine
gluaiseacht i ndiaidh a chúil, dar ndó.
(Chíon sé bosca mísleán is cuirean a
lámh isteach ann). Féadfad ceann aca
so thógaint is dócha.
An Bh: An bhfuilir ag dul amach nó an
mbeidh orm duine fhághail chun tu chur
amach?
An S: Ó! fan fada. Bog breágh anois.
Nílim réidh leis an dtigh seo fós.
An Bh: Nílir … réidh … leis an dtigh
seo. Cad tá le déanamh agat sa ti'
seo?
An S: Teastuigheann do mhaidrín uaim,
istóin.
An Bh Mo mhaidrín! mo pheata beag!
Caper!
An S: Seadh, ach ní ag peataireacht leis
a bhead-sa. An marbhuigheann sé
franncaigh?
An Bh: An amhla mheasan tú go ndíol-
fainn Caper?
An S: Gheobhad é … díol nó gan díol
… mar tá gnó agam de.
Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha.
Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
An Bh: Tá ceapaithe agat é ghuid, a dhuine
mhalluithe; nár cóir go mbeadh náire
ort!
An S: Tá caint agat. Deinim rudaí mar
is maith liom féin. Níor ínnsis fós an
marbhóchadh do ghadhrín franncaigh.
An Bh: Níl aon fhranncaigh sa ti' seo, a
dhuine.
An S: Mara marbhóch sé franncaigh ní
bheinn 'á chothú.
An Bh: Ní bhfaghair mo mhaidrín chun frann-
caig do mharbhú, nó chun aon ní eile.
Go deimhin ba dheas an gnó bheadh ag
mo pheata beag.
An S: Níl aon ghnó agam anso a thuille,
máiseadh; más peata gan mhaith mar
sin é ní móide go marbhóch' sé frann-
caigh dom. Bead ag cur díom (é
d'imtheacht ag feadghail).
Leanbh do theacht isteach: 'Dé an gnó bhí ag
an bhfear san, a Mhamaí.
An Bh: Theastuigh uaidh Caper do ghuid
uainn, a chroidhe. (An stróinseur do
theacht arís). Cad do thug anois thu?
Dubhart leat ná raibh aon chead agat
teacht anso isteach.
An S (É do chromadh ar thoitín do chaitheamh):
Deinim rudaí gan cead. An mbeadh
cipín soluis agat?
An Bh: Cuirfead an dlighe i bhfeidhim ort;
féach mara ndéanfad!
An S: Níl aon bheann agam ar an ndlighe.
An Bh: Ní bheidh tú mar sin, b'fhéidir. Díol-
fair as an obair seo. Fan go dtioc-
faidh m'fhear-sa abhaile!
An S: Labhair socair, a bhean. Cogar …
An bhfuil cat … maith … mór agat
a mharbhóch franncaigh?
An Bh: Is dána an duine thu. Ní bhfagha tú
cat ná madra ná aon tsaghas eile sa
ti' seo. Bí ag imtheacht! Taoi ag cur
sgannra ar mo leanbh bheag (leis an
leanbh. Ná bíodh eagla ort, a chroidhe
… Ní leogfad dó lámh a chur ort
… Éist a chuid!)
An S: Ní bheadh aon ghnó agam de'n pháisde
sin. Tá leanbh trí mblian agam-sa a
chuirfeadh poll tríthi sin len a buille
duirn.
An Bh: Táim dá rádh leat glanadh amach as
mo thigh-se nó is duit is measa é!
An S: Níl aon mheas agam ar do thigh-se,
Níl aon mheas agam ort féin,
Níl aon mheas agam ar do leanbh,
Níl aon mhaith ad' mhaidrín ná ad' chat
nuair ná marbhóchaidís franncaigh.
(é do dheunamh smeach meur fén a sróin).
Preit! a bhean. Fástuím ó thuaidh!
Leanbh: Gearánfa' mé lem athair tú — fear
gránda.
An Bh: Is tú an duine is gránda do bhuail
liom riamh. Fág mo thigh, a chlaidhre.
An S: Dá mbeinn chomh gránda leat-sa, do
bháthfainn mé féin san abhainn nó sa
loch. Ní bheinn ag féachaint orm féin
sa státhán gach lá agus croiceann chomh
buidhe … (An bhean do bhreith ar
chathaoir agus í d'á ionnsuighe. Í do
chur ruaig air an doras amach).
Seoirse Brianach Ó Séagha,
mainistir na féile.
Is maith linn an chuma in a bhfuil san curtha le
chéile, siúd is gur abhar baoth go leór atá ann. Tá
súil againn go bhfaighmíd iarracht eile ó'n scriobh-
nóir ceudna.
Ba mhaith linn go leanfadh ár scríobhnóirí, idir óg
is aosta, den tsaghas san ní, go fóil; agus chun iad
do ghríosú bheurfam dhá dhuais gach mí ar phíosaí a
bheidh ar aon dul leis sin tuas.
FOCAIL SEANN-REACHTA.
(4) Gheobhair láir bhán Dhomhnail nár gheallas fós
duit, &c.
An Domhnal úd atá i gceist agat, a
chara, b'é “Domhnal na nGeimhleach” é —
fear a bhí fé dhraoidheacht tímpal Locha
Léin fadó, agus b'í “an láir bhán,” an
láir a bhí ag an nDomhnal ceudna.
“Ná h-iarrfadh lón 'ná feur,” mar do
bhí sí fé dhraoidheacht, leis.
Do thigeadh Domhnal agus a láir bhán
ag fiadhach le n-a chonairt ar uair a dó
dheug gach oidhche ar na sléibhtibh mór-
thímpal an locha agus is fiadh a bhíodh 'á
fiadhach aige coitianta.
Do cloistí uaill a chonairte & 'adhairce
mór-thímpal an cheanntair sin go h-amh-
scarnach an lae.
Liam Ó Conail,
Lána Róláin, Corcaigh.
Dómhnal Ó Donnchadha, nó “Dómhnal
na nGeimhleach,” a bhí 'na chómhnuidhe san
áit in a bhfuil Loch Léin anois. Taoiseach
dob eadh Dómhnal agus do cuireadh fé
dhraoidheacht é féin & a mhuinntir (nuair
do scéigh an tobar ortha agus deineadh
loch de), agus táid siad thíos fé'n loch
ó shin.
Bhí láir bhán aige a bhí chómh luath san
go mbeireadh sí ar an ngaoith a bhíodh
roimpe & ná beireadh an ghaoth a bhíodh
'na diaidh uirthi. Deir seandaoine go
dtagan sé maidean lae Bealtaine uair
ins na seacht mbliana go bárr an uisce
& é ag marcuidheacht ar an láir .bháin &
go siubhluighean sé mór — thímpal an locha,
agus go dtéidhean sé síos arís.
Bríghid Ní Uallacháin.
(5) Gheobhadh tú an fáinne thug fionn sa tsnám
leis, &c. (Na Bearta Cruadha).
Bhí Fionn Mac Cómhaill lá ag fiadhach
len a dhá choin, Bran agus Sceólbhán.
D'eirigh rómpa fiadh bán agus d'imthigh
an dá choin 'na dhiaidh trí sliabh Guilinn
ó thuaidh go dtánadar go bruach locha.
D'imthigh an fiadh as a radharc ansan,
ach do chonaic Fionn bean ar bruach an
locha ag gol agus d'fhiaruigh sé dhi cad
é fáth a goil.
Dubhairt sise gur fáinne do chaill sí
sa loch agus cuir sí geasa draoidheachta
air an fáinne d'fháil di. Chuaidh sé sa'
tsnámh & fuair sé é — nó mar dubhairt
an file:
<Fil.>
Ar shíneadh an fháinne don laoch
Sar a dtáinigh sé go bruach,
Dhein seanóir críona liath
De Rí na bhFiann go tirm cruaidh.
<Prós>
Agus sa riocht san is eadh fuair na
Fianna é nuair a chuadar 'á chuardach.
Bríghid Ní Uallacháin,
Árd Caorach, Uibh Ráthach.
Do bronnadh duais an duine ar an
dís sin thuas. Fuaireamar freagra maith
ó Mhuiris Midheach, Lios Mór, leis, ach níl
slighe anois do.
Lucht “An Lóchrainn.”
LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.
Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.
Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.
Tigh “An Bhata Droighin Éille”
(‘H. JOHNSTON’) Teó.
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.
Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaigh.
CHÓMH BLASTA Le h-AON-ÍM!
Margairín
“Leandar”
Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag
Ó Dubhdaill, Ó Mathúna
Agus a gCualucht.
Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.
Tá le fághail uainn-ne —
Té Blasta Cúmhra.
Ceannuigh púnt de mar shompla.
SIMCOX IS A CHLANN MHAC (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
Corcaigh.
BIADH DONN DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.
Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.
Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —
SÉAMUS Ó NÉILL
IS A CHLANN MHAC (Teo.)
CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.
SÍOLTA,
LEASÚ agus
ÚIRLISÍ
do'n bhFEIRM.
Gleus gearrtha Turnaipí agus
DEIGHALTÁIN
don UACHTAR BAINNE.
Tá ag
Ó LUASA & Ó CONAILL,
i gCorcaigh.
Scríobh chuca
CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne.
Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.
Gach Cóir Scoile!
tá againn-ne
Leabhair don Leabharlainn
agus
Leabhair mar Dhuaiseanna.
Scríobh chugainn ar lorg eolais:
MUINNTIR FHALLAMHAIN
(Fallon Bros. Ltd.)
Cúirt Dáma a 13 & a 14,
in Áth Cliath.
Smithfield a 88, i mBealfeirste.
Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.
Tá …
SCÉALUIDHEACHT-GAN-
SRAÍNNG
d'á múineadh
ag togha na
múinteóirí
i Scoil Uí Shúileabháin
sa ‘Mhardíog,’
i gCorcaigh.
Is í an scoil is mó cáil agus
is fearr cóir i n-Éirinn.
Múintear
SRANNG-SCÉALUIDHEACHT
ann do chailíní, i gcóir Oifige
an Phuist, sa ló nó istoidhche.
Scríobh chun an Árd-Oide.
TÉIG FÉ DHÉIN
“AN EMPÓRIUM”
ar lorg Earraí Gaedhlacha —
Bónaí, Carabhataí,
Léinte, Ciairsiúraí
agus línéadach.
M. Ó Súileabháin & a mhac,
CILL ÁIRNE.
SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.
TROSCÁN TIGHE.
Seán Ó Curráin,
sa DAINGEAN.
an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.
EUDACH
BUAN-tSEASAMHACH.
An Chulaith do-gheobhair uainn-ne,
beidh sí go córach dei'-dheunta.
Le dachad blian anuas, tá tosach
'á thabhairt againn-ne do dheun-
túisí Gaedhal. Níl muilionn in
Éirinn 'ná go gceannuighmíd-ne
togha na n-earraí ann — eudach ná
raghaidh ann, is ná dortfaidh
an dath as.
DO MHNÁIBH UAISLE —
TÁILIÚIRACHT AR 'FHEABHAS.
Gach Gúna dár dheinamar riamh,
bhí cuma is crot air.
Bainean deise ar leith leis na
Casógaibh a dheinan na táiliúirí
seo againn-ne.
Tá ana-chuid eudaigh den tsaghas
úd go n-abarthar leis “Saothar
Lámh” ar taisbeáint anso.
Ní dhortfaidh an ghuirme as an
eudach gorm atá le ceannach
uainn-ne. Raghaimíd fé bhannaí
air, agus is mór an ní é sin,
an aimsir seo.
Scríobh (nó glaodhaig) chugainn.
LIAM Ó CONCHUBHAIR
is a Mhac,
SRÁID MHÓR SHEÓIRSE, a 40,
i gCorcaigh.
RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.
Rásúr “Cosanta”
ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a bpost.
CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a bpost.
MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.
WITH THE IRISH IN FRONGOCH
J. W. Brennan-Whitmore do scríobh.
Tá cúntas cruinn so leabhar so i dtaobh
an tsaoghail & an chaithimh aimsire bhíodh ag na
buachaillí ó Éirinn a bhí fé smacht Gall i
bhFrongoch taréis Eirighe Amach bliana a 1916.
Tá morán sgeul brónach, agus morán sgeul
grinn chomh maith, d'á innsint ag an ughdar,
agus is cliste an peann atá aige chun snas a
chur ar sgeul, pé aca brónach nó meidhreach é.
Cuireann sé síos go h-an-mhaith ar gach iar-
racht dá dtugadh fé chuid des na buachaillí a
sciobadh isteach san arm, agus ar an slighe
gur cuireadh cosg leis an obair sin. Tá
peictiúirí maithe sa leabhar.
2/6 glan, a luach. 2/10, tríd an bpost.
An dara cur amach de seo:
A CHRONICLE OF JAILS.
Darrell Figgis do scríobh.
1/- glan, a luach. 1/3 an bpost.
‘Chló-lucht Talbóid,’
Sráid Talbóid a 89, in ÁTH CLIATH.
Tá Feóil Ró-Dhaor.
Ná bac í!
Ceannaigh lea'-bharaille den
IASC LEASAITHE
(macarael)
ó
Phádraig Ó Dubháin,
Sa DAINGEAN,
I gCIARRAIDHE.
Scríobh chuige.
In
ÁIRCÉID NA MUMHAN
gheobhair
Lámhainní Olna
de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh.
Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón,
dubh, glaschaorach, geal agus donn.
Tá EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint
ar gach cúntúir sa' tsiopa:
ÁIRCÉID NA MUMHAN
Le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson.’
I gCORCAIGH.
Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.
Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.
Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clochualucht Dúndealgain, Dundalk.