Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lughnasa, 1918
Title
Lughnasa, 1918
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1918
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uim. a 29. LUGHNASA, 1918. Dhá Phinginn a Fhiacha. LIOM-SA AN GLEANN SO. 1. Is áluinn an ball Gleann Aora gach tráth den bhliain, go mór mór san Ear- rach, nuair a bhíon an t-aiteann fé bhláth agus a bhalaith 'á shéideadh ag an ngaoith, ar fuaid an ghleanna. Lá earraigh, do chuaidh Pádraig Dall, píobaire, mac le h-Eóin Mór, amach ar an mbán chun balaith an aitinn do aireachtain agus chun greas ceoil do dheunamh. Do chuir sé lán insa phíb de aon phuth amháin, mar is ar Phádraig a bhí an cliabh láidir agus is aige a bhí an neart análach. Dála gach píbe eile, do dhein píbh Phádraig árdbhéiceach i dtosach. D'imthigh an scread ar fuaid an ghleanna & thar Drom Fearainn siar. Do dhein gach gaothaire den phíb a dhícheal screadaigh feuchaint ciaca is géire 's is aoirde a dheunfadh gleó gur chuir Pádraig cosc leis an gcómhlinnt. Do thosnaigh sé ar phort — “Liom-sa an Gleann so” — port ríbhreágh. Do ghluais an caise ceóil tré bheárnain Charnus & do scaip ar fuaid an ghleanna, dá raide féin i gcoinnibh Dhún Chorrabhile is Dhún Cuach, i gcoinnibh Chill Móna na laoch & Chíoca Salacharaighe. “Liom-sa an gleann so, liom-sa an gleann so,” ars an phíb go h-árd is go h-ualach, agus dar Claidheamh Oscair! ní bhfaigheadh Mac Cruimin féin, dá fheabhas é, píobaireacht ní b'fhearr a dheunamh. Ní raibh aon chuimhneamh ag Pádraig, an uair úd, go mbeadh a chómhnaidhe fós ar an Leitriúch & is beag a bhí coinne ag aonne leis an gcogadh mór úd a dhein scrios ar ghleanntaibh Alban. Is lugha 'ná san a mheas aonne go mbeidís na Caimbeulaigh is gan beann aca ar aonne sa dúthaig agus maig ar bhoinéid aca le mórtas is le móráil. Seanduine ab eadh Pádraig, ach siúd is gurbh eadh, bhí an chos go h-éadrom aige. Ba gheall le ridire é agus an talamh 'á chur de anonn is anall, is é ag freagairt an cheoil le coisimeacht saighdiúra. Do léimeadh an fille beag go tómhaiste siar is aniar ar chómh bhualadh leis an gcoisidheacht, agus ar a gcuma gceudna do léimeadh an sparán le gach coiscéim dá dtugadh an ceól- aidhe. Nuair a bhíodh dachad céim sall tugtha aige, do chasadh sé go mall ar deiseal agus seo anall arís é, agus búclaí a chreasa go gealghléineach fé ghatha na gréine. Tamall soir uaidh, do bhí scata ógánach; an chloch airgthe 'á caitheamh ag cuid aca agus an chuid eile ag gabháil don chabar. Do stadadar den súgra ar chloisint an cheóil dóibh. Do chuireadar úmpa a gcriosana & thánga- dar anoir chun éisteacht leis an bport. Bhí mná an ghleanna ag nighe anairte sa linn ach d'éirighdar as an sliseáil chun comhchrónán is portuigheal do dheunamh leis an bpíb. Bu chúrsaí machtnaimh dóibh uile an port san. Is é thug chun cuimhne dhóibh aimsir na buartha nuair a bhí cosán an ghleanna in a dhraoib le fuil na bhfear, tráth tháinig na Stíobhairt ar eascuaird ann ón Apuinn. Do sháigh an píobaire an mála suas fé'n ascaill aige & do dhein sé úrlár poirt eile — “Bodaigh na mBríogas,” & an méid d'á lucht éisteachta a chuala an seanachas is a thuig an sceul, do tháinig cuimhne dhóibh ar lucht an triúbhais agus ar an gcuma in ar chuir muintir Ghleann Urcaidh briseadh is ruaig ortha i nduthaigh Mharbhairn. Do bhí mac aonair ag Pádraig Dall darab ainm Traolach. Seacht mbliana roime sin dubhairt an Ridire Dubh leis, iaracht do dheunamh ar bheith in a chómhaith de phíobaire len a athair. “Ach, más áil leat san,” ars an Ridire, “ní foláir duit dul go Dún Bheagáin agus tamall do thabhairt i dteannta Mhic Chruimin Mhóir.” Do chuaidh an t-ógánach chun Inis Sciath — tír úd na mór-phluais is an dea'-cheóil — chun teagasc 'fhághail ó Mhac Cruimin. Do bhíodh sé ag gabháil do'n cheól ó mhaidin go dtí árd an tráthnóna agus nuair ná beadh an lánphíb aige, do bhíodh an feadán aige. Do sheasuigheadh sé ar an mBóthar Réidh mar a dtagan an tréanghaoth anall ó Bhata-Inis, treasna Locha Bheag- áin, agus is ann do sheinneadh sé an dea'-cheól, idir phoirt chruinnithe is poirt fháilte, phoirt mhaoidhte is poirt gháire. Bu bheag ná go stadfadh an mhórmhuir d'á gluaiseacht, d'fhonn éisteacht le ceól bínn na píbe sin. Nuair a bhí na seacht mbliana istigh, do bhí an port deacair úd — “Cúmha na Cláirsighe,” go maith ag Traolach agus chuir Mac Cruimin é d'á sheinnim. Do chuir an t-ógánach an fíor-shnas ar an bport, chómh maith is a dheunfadh an máighistir féin é. “Ní beag san, a laocháin!” arsa Mac Cruimin. “Tá agat. Bí ag bogadh abhaile feasta. Do leithéid níor cothuigheadh riamh cois Odha-Locha.” Do thug Traolach a bhóthar air agus is air a bhí an mhóráil is an mór-is-fiú. Ní raibh sé ach gearrathamall thar n-ais sa' ghleann nuair a chuala sé píobaireacht a athar & do bhog leis fé dhéin an cheóil, dála cách. “Ceól é sin, ceart go leór!” ar seisean leis na fearaibh. Do chuaidh sé anonn chun an Daill. Do lean a leasmháthair is an chuideachta é. “Ní gearánta dhuit, 'athair, mar le seanduine,” ar seisean. “An tusa san, a Thraolaigh?” ars an Dall. “Dé bheatha abhaile!” “Thugas fé ndeara,” arsa Traolach, “ná fuil an mheuracht ar foghnamh agat. Sin aicíd a ghabhan le h-aois, is dócha. Ach tá mac annso agat a dhéanfaidh meuracht is ceól nár deineadh a leithéid riamh lasmuich de Inis Sciath!” D'airigh bean Phádraig an chaint mhus- tarach is do thug sí aghaidh ar an ógánach. “A phadhsáin!” ar sise de scread, agus íoghair fuatha is feirge ar ghnúis aici. “Fear é sin! Níl ionnatsa ach scaothairín aindeiseóra gur fada go mbeidh croidhe fir ann. Tú bheith mar ghiolla beag ceóil ag Donncha Dubh is do chómhaith de gharsún mar ghiolla iompair agat, ní dheinean súd píobaire dhíot, a cheamhláin!” “Éist, a chailligh,” ar seisean, & do chrom sé ar gáirídhe fúithe. “Is cuma riamh ciaca garsún nó fear mé. Tá píobaireacht agam ná fuil aige seo, ná ag aonne eile — agus Mac Cruimin féin do chur chuige! Is mó den cháil ná den cheól atá aige siúd. Bhí píobairí ar an Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Tráth bhriseadar na humaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces' Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Calaphort an Phápa, Corcaigh. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, ó MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. ARÁN HOSFORD. Ná h-ith a mhalairt! Sa 62 tigh sa Mheádhon-tSráid Thuaidh, i gCORCAIGH, a deintar. Tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE TOGHA GACHA BÍDH — Plúr, Min, Té is Siúicre; SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don bhfeirm; ÁRAISTÍ IARAINN is stáin don tig. ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.” Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig ó Luimneach. MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh- air na rudaí seo & iad go maith: BRÓGA IS STOCAÍ, LÉINTE IS GUAILEÁIN, LÁMHAINNÍ IS BÓNAÍ. T. Ó LOCHLAINN, 19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH. Gheobhaidh do mhac togha na scoluidheachta — I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CHORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. saoghal sar a rugadh Mac Cruimin agus beidh píobairí ann d'á éis!” “B'fhéidir é, a bhuachaill,” arsa Pádraig Dall. “Ní abróchainn ná go bhfuil deun- tús maitheasa ionat i dtaobh ceóil; ach feiceam é! Má fhaghaim-se cothrom na Féinne, bainfead roinnt den fhorcamás díot, dá sheannda mé!” “Tá go maith,” ars an mac. “Ceap- aimís tráth.” II. Nuair a tháinig lá an chruinnithe, do chuaidh an bheirt phíobaire agus muinntir an ghleanna amach ar an mbán. Pádraig do rinne an chéad bhouta. “Liom-sa an Gleann so” & “Bodaigh na mBríogas,” an dá phort do sheinn sé, agus níorbh' fheárr riamh é chun ceóil ná an lá san. Chomh luath is bhí crúnlua an tarna phort seinnte ag an nDall, do léim Giorsal a bhean, fé dhéin an ógánaigh & do dhein smeach meur fén sróin aige. “Níl a shárú san agat, a staigín!” ar sise. “Fan ort go fóil, a chaile bhuidhe,” ar seisean. Do chuir Traolach a phíb siar uime; píb áluinn nua fé bhrat. Do bhí dealbh cinn broic a rinneadh den órsnáith ar an mbrat. Do shiubhail sé tamall amach ón gcuid- eachtain. Bu dheallrathach an buachaill é gan aonagó; é go córach coiséudrom. Agus do bhaineadh sé searra as gualainn leis, dála gach píobaire fhóghanta. D'fheuchadar mná is cailíní an ghleanna go geanamhail air. B'fhiú le cailín ar bith, feuchaint an tarna h-uair air. Do dhruideadar na fir in a chómhgar. Do bhain sé gearra-thamall de an phíb do chur i bhfearras. Ansan do dhírigh sé ar ríphórt — “Cogadh nó Sith.” “Is cuma liom, 'sis cuma liom Cogadh nó síth, Marbhuightar sa chogadh me Nó crochtar sa tsíth!” “Ó, a Phádraig, 'fhir liom!” arsa Giorsal. “A' gcloisir an port san? Ó, an bith- eamhnach croiche! A Phádraig Dhaill, ní mac é siúd agat ach nathuir nímhe!” Do ghaibh Traolach go h-aicillidhe meidh- reach ar an seamsúr agus tháinig fonn rinnce ar a lucht éisteachta. Dá mbeadh cosa fé Dhún Corrabhile, bu bheag ná go gcromfadh sé ar dhamhsa. Do chuaidh an port sa tsiubhal thar Chill Móna agus siar go ruig Leac na mBan, mar a bhfuil an talamh iath-ghlas. Do dhein fiacha dubha Bhinne Brice árdscreadach & siúd leo an gleann soir is cíocras fola ortha. Do rug an ghaoth an port léi tríd an gcoilll ghiúise is tríd na toir roide go ráinig sí bruach na hAora mar ar imthigh de léim, idir cheól is gaoth, san abhainn isteach. “Is cuma liom riamh cogadh nó síth!” ars an phíb & taidhreamh 'á dheunamh do bhuachaillí an ghleanna. Do chonacadar ansúd, dar leó, na fir ag ullamhú chun bóthair. D'imthighadar leó annsan de mhearchoisighacht treasna réidhe is cnoc. Do chuala na buachaillí an cath 'á bhualadh lastall de'n chnoc. D'airighdar an glaodhach, is an buille, an scread is an leagadh agus na h-Appuinigh 'á gcosgairt ag fir an ghleanna. Do bhí duine de'n lucht éisteachta ag feuchaint go geur ar an bpíobaire. D'iompaigh sé de phreib agus ghlaodhaig sé i leith ar mhac leis. “Rith leat, a mhic liom,” ars seisean, “agus tabhair chugam a' mhiodóg atá istig ar a dtaobhán. Corraig ort! beidh gnó agam dhí, gan mhoill.” D'fheuch an garsún aníos air is sceón ann. D'iompaigh sé i dtreó an tighe & do dhírig ar ghol. Do stad Traolach den phort & tháinig an anáil dos na fearaibh, ar an ngnáth- theacht. Do sheinn sé “Póg do láimh an Rí” & an “Mhiodóg Gheal,” is a lán eile de phortaibh chogaidh. An cheól a cloistí istoidhche ar Árd an Phúca, níorbh' aer- aighe é ná an phíobaireacht do rinne mac Phádraig Dhaill. Tháinig scannra ar mná an ghleanna. Rómhaith a thuigeadar an díobháil a rinne ceól cogaidh go minic. “Eirigh as, a Thraolaigh óig,” arsa bean aca, “agus seinn ríl dúinn.” “Tá go maith, a bhean mhaith,” ar seis- ean, & do stad sé den cheól achrainn. “Seo dhíbh port & níor airigh aonne riamh a shárú.” Do thosnaig sé ar “Rabhadh Dhúnaomhóg.” “Mhaise, mo stór tu!” arsa Pádraig Dall in árd a ghutha. Bu láidire ann an nádúir 'ná an formad & is gearr a chuimhnigh sé ar spíde Ghiorsal. Le linn an phoirt sin do tháinig aníos ón gcaisleán, an Ridire — Donncha Dubh. É ar mhuin donn-eich agus beirt ghiolla ar sodar in a dhiaigh. “Agus annsan duit-se, a phíobaire óig,” ar seisean, “nuair ba chóra duit bheith thíos annsúd mar a bhfuil easba ceóil ar mhnáibh uaisle. Bí ag bogadh leat!” Do bhuail sé buille den laisg ar an gcapall agus d'fheuch sé go dúr ar an gcomhthionól in a thímcheall. “Má tá easba ceóil ortha súd, dein-se feaduighal dóibh,” arsa Traolach go dána. “Ní h-aon-phíobaire tábhairne mise.” Do bhuail an ceann fine buille eile ar an gcapall is d'imthig leis & fraoch feirge air. Do scaip an cothalán. Do dhein an ceólaidhe óg magadh fén a athair is fén a leasmháthair agus do thosnaig ar phort maoidhte is do imthigh leis i dtreó na sráide. Má bhí mór-is-fiú riamh ar óg- ánach is ar mhac an Daill do bhí, agus “BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile. Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.
an dúthaigh ag moladh a mhisnigh is a chuid píobaireachta. I rith na h-oidhche sin, ní dheaghaidh sos ar Phádraig Dall ach ag mallachtaighe ar an mac ná feaca sé riamh in a shúilibh cinn, agus an tráth a thagadh maolú air, do bhí Giorsal ann chun séideadh fé. “Tá an dúthaigh ag gáirídhe fút, a Phádraig Dhaill,” ar sise. “Níl aonne ó Charnus go Crotbhile a mbeidh aon- mheas aige ort a thuille, mar phíobaire.” Do dhírigh Pádraig ar bhouta eile den eascanaighe. Siúd is go raibh sé in a dhall is in a dhuine aosta, ní raibh aon lagachar cainte air, 'ná aon tseunas ann. “Ní éisteóchar leat-sa ná le h-aon- phíobaire eile an fhaid is a bheidh an táthairín sin de mhac leat i láthair! Is é an aithis go deó é, a Phádraig Dhaill, é bheith ar a chumas súd bheith ag fonóid fút-sa,” arsa Giorsal, nuair a bhí ag maolú ar chainnt a fir céile. Do labhair an Dall in árd a chínn is a ghutha, is do mhionnuigh sé dar an gClaidheamh Geal Soluis, & dar Cailleach an Chogaidh, is dar Con Lathurna agus dar Rudaí ba mhó brígh 'ná iad, go mbainfadh sé sásamh fós as siúd. Do bhí sámhán ag teacht ar an mnaoí, is do stad sí den ghríosú. Do chuaidh sos ar an nDall is do thosnaigh sé ar a mhachtnamh. Tréis tamaill do ghlaodhaigh sé ar Ghiorsal. “Ach, a' gcloisir, a bhean?” ar seis- ean. “Tá ceól aige siúd!” “'Amadáin gan rath!” ar sise. “Éist, is ná crádhaigh me! Dá mbu mhac domhsa é siúd, do bhainfinn meur de chrobh leis mar a dheunfainn le coileán gadhair!” “Agus an amhal' a mheasan tú go ndéanfadh san toirmeasc ar a' gceól aige? Féach Alastar Carraige is meur de dhíth air, agus nách maith a dheinean sé píobaireacht?” ars an Dall. “Agus, a ghiolla an lag-mhisnigh,” ar sise, “ná fuil sé chómh saoráideach lámh do lot agus atá meur do mhilleadh?” Ní thug seisean aon fhreagra uirthe. D'fhanadar araon in a dtost ar feadh cúpla neómat. “A Phádraig Dhaill,” ar sise, “nách minic a mharbhuighis-se fiadh? An amhla 'scaoilfir leis siúd a dhein an oiread san magaidh fút?” Níor éist an Dall a thuille léi. D'iompaigh sé uaithe agus siúd leis isteach i seomra eile. Do luigh sé siar ar leabaidh ann is do thuit a chodladh air. III. Ar maidin roimh eirghe lae, do bhí báisteach an-throm ann. Do shéid an ghaoth go fíochmhar tríd an gcoill do chur barraí na gcrann giúise & duil- leabhar na ndair ag déanamh feaduighala. Do bhí árd-tuile san Aora. Do léim sí is do spriúch sí agus géaga crann dá scuabadh chun siubhail aici. D'eirigh Giorsal agus do chuir brat um a ceann. D'oscail sí an doras go ciúin agus siúd amach fén gclagar í. Do chuaidh sí de rith treasna an réidhe agus an feur árd ag breith greama ar thrácht coise uirthe, agus na toir aitinn ag dul i n-achrann in a gúna. Suím ar bith, níor chuir sí sa méid sin; bhí an iomad spéise aici sa ghnó a bhí curtha roímpe aici le deunamh. Do bhí breis den dubh in a croidhe do mhac an Daill chun cuimhneamh ar aon ní eile… Nuair a bhí Giorsal tamall maith imthithe do dhúisig an Dall. Do ghlaodhaigh sé uirthe agus nuair ná fuair freagra, do phreab sé in a shuidhe is do chuir uime go mear. …Do lean an bhean dá ruathar gur shrois sí Drom Tarbh mar ar stad le h-easba análach. Tamall uaithe, bhí caisleán Inbhir Aora agus torann 'á dheunamh ag tonnta an mhórlocha ag a bhun. Do bhí an chailleach oidhche, is í in a lipín bháidhte, sa choill ag gol. Do phreab eilit amach as a gnáthóig, ar chloisint coiscéim an duine dhí, is d'imthigh léi de sciúrd & sceón innti. Bhí radharc ag Giorsal ar an dtigh in a raibh cómhnaidhe ar Thraolach Píobaire. Siúd fén a dhéin í ar a dícheal. Do thúirling splannc ó'n spéir agus mheas Giorsal radharc a súl bheith millte aige. Bhain an tóirthneach macalla a' Beann Bhuidhe agus do dhein na cnoic eile athnasc air. Do bhí breacsholus lae ann. Do dhruid Giorsal le doras & d'árduigh an laiste go réidh. Do shiubhail léi go ciúin chun cúinne an bhotháin mar a raibh an píob- aire óg in a chodladh, agus loinnear na teine ar aghaidh air. “A Phádraig, a chroidhe,” ar sise, fén a h-anáil, “ní deunfar a thuille magaidh fút-sa!” Do sháigh sí lámh i mbrollach a gúna agus do thóg amach scian dubh. Do thug aon fhogha amháin fé chaol deas-láimhe an phíobaire agus do mhill na féitheacha den iaracht san. Do leig Traolach árd- scread is do thug fé bhreith ar a namhaid, ach bhí an lámh gan feidhm & d'imthigh an eascara. Do chuaidh Giorsal de tháinrith treasna Chairn Bháin. Do shéid splannc eile & í ag an ndroichead. Chonnaic sí an t-aibilín dubh ag druidim léi. “An tusa súd, a Phádraig?” ar sise. “'Áirseóir mná!” ar seisean. “Ní h-amhla' atá mo mhac múirneach ar lár agat!” “Ní baoghal do, a laogh,” ar sise. “Ní fiú tracht air. Níl ann ach mil- leadh ar láimh dhailtín. Seo leat, a bhuidhnach, go seinnfir ar maidin dúinn, an ríphort — “Liom-sa an Gleann so!’” “Red Hand,” by Neil Munro. Iar n-a thionntó go Gaedhilg, le cead an ughdair, do Sheán Tóibín. LEABHAIR A THAITHNFIDH LE GAEDHLAIBH, Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla, le fághail uainn-ne. Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg clár na leabhar. Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH. SRÁID DÁSON, a 45, BAILE-ÁTHA-CHLIATH. Sranngscéalta mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” A Ghaedheala! Ceannuighidh “ÉADACH na DRUIPSIGHE” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.) Co. Chorcaighe. ROSC CATHA GAEDHEAL. THE SOLDIERS SONG. — É in a cheart idir cheól is abhrán, agus oireamhnach don phianó. É i nGaedhilg, chomh maith. 1/1 an chóib, per post. WHACK FOL THE DIDDLE. — Abhrán grinn i mBeurla. An file ceadna a dhein. É oireamhnach do cheól an phianó. 1/1 a' chóib. Geobhaidh lucht siopa níos saoire 'ná súd iad. Ó Faoláin & a Mhac, In Uachtar Cé Urmhumhan a 17, Áth Cliath. Ní deintear aon phíopaí eile in Éirinn ach Píopaí Mhic Pheadair agus is fada farsaing atá a gcáil. Le ceannach i ngach siopa tobac. Cuir a dtuairisc ar lucht a ndéanta — Capp & Mac Peadair Teo. FAICHE SHAIN STIABHNA, ÁTH CLIATH. SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Scriobh chuige. Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill. Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.
CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA ó LÚCÁS DE BÚRCA. LÉINTE FO-LÉINTE STOCAÍ BÓNAÍ CARABHATAÍ de DHÉANTÚS GAEDHAL Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile: Sráid Pádraig N. a 105, Corcaigh. (‘LUKE BURKE’) Iarr Clár Choláiste Eoghain Uí Chomhraidhe ar an Rúnaidhe — Brian Ó hUiginn, Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir. Samhradh, 1918 Iúl 8adh go Lughnasa 3adh Lughnasa 5adh go Lughnasa 31adh Nuair a bheir ag taisdeal in UIBH RÁTHACH ÁLUINN, cuir fút sa tigh seo: TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH I gCATHAIR SAIDHBHÍN. An tig is fearr in Uibh Ráthach. Labharfar Gaedhilg leat ann. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS STÁIN. ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ AGUS BIOTÁILE. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA GAEDHILGE Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim. “MÍ DEM SHAOGHAL,” le Bríd Stac, 3d. “LUIBH-EÓLAS,” le Seán Tóibín, 1½d. “SEAN-AMHRÁIN NA MUMHAN,” Cuid a 2, 3d. Le fághail ó Mháire Ní Raghallaigh, 'Sa tsiopa in a bhfuil Paipéir, Leabhair is Tobac ann don Ghaedhilgeoir: UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87, I mBAILE ÁTHA CLIATH. AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. An Fear Gnótha: Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh An Fear Eagair: An Seabhac, Daingean Uí Chúise Na Díoltóirí: Ó Cuill & a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht an Lóchrainn. DUAISEANA. Bheurfam duaiseana (10/— is 5/ —) gach mí go ceann ráithe ar aistí a theasbán- faidh rud mar Mórchúis, nó Fiafruithacht, nó Tormas, nó locht ar bith eile dá mbíon ar dhaoinibh. Iad do bheith i bhfuirm cómhráidh, idir bheirt nó triúr, agus greann is magadh do bheith ionnta. Cuirtar na scríbhinní ag triall ar Fhionán Mac Coluim, Cill Orglan, i gCiarraidhe. LOCH MAIRGE. I ndiaidh J. Passí, sa bhFrainncis. Seachrán slighe d'imthigh ar dhuine bhocht oidhche gheimhridh ar Shléibhtibh Perinní, agus níor stad sé dá shiubhal, i leith is go mbhuailfeadh tigh nó treabh leis, mar a bhfaghadh sé rud éigin le n-ithe. Seal mór de'n oidhche mar sin do, go ráinig sé cábán fá dheoigh. Cábán breágh mór dob eadh é, & cosamhlacht an tsaibhris air. Beirt fhear do bhí annsain, agus is amhlaidh do bhíodar, 'na suidhe chun suipéir maith bídh, go raibh gal te ag eirghe as, & spóla mór feóla dá róstadh leis an dteine acu. Ach bhí an freagra go pras acu i gcomhair an tseachránaí: “Níl aon ní againn duit,” ar siad, agus do ghríosuighdar na gadhair leis. Do ghluais an duine bocht roimis, go raibh sé achar eile suas an cnoc. Is annsain ráinigh sé áitreabh eile, nár chabán bhreágh shaibhir ach bothóg bheag shuarach. D'ionnsuigh sé an dorus agus do chuir é féin i n-úil. “Tar isteach,” ars an guth istigh. Do chuaidh, agus is eadh bhí ann roimis, macaomh beag de thréadaí 'na aonar. Bhí ceapaire beag aráin dá ithe aige, gan biadh gan ann- lan eile, gan fiú spréidh dhe'n teine sa bhothóig aige. “Féach, a dhuine bhoicht,” ars an mac- aomh, “níl agam ach an ceapaire beag aráin seo, agus cé ná beadh mo dhóthain féin ann, do gheóbhair-se é agus fáilte, agus osaidheacht annso go lá.” Chuir sé an deóraí 'na shuidhe ar an suístín, thug a chuid aráin le n-ithe dho, agus d'aduigh teine dho, chun é féin do théidheamh d'éis annró na h-oidhche. “Is fíor 'uit,” ars an duine bocht, “gur shuarach mar lán suipéir agat féin an méid seo; ach nách shin uan maith mór annsain agat. Mairbh é sin, agus íos- aimíd araon é.” Dubhairt an garsún ná leigfeadh eagla dho é, mar nárbh fhios cad é an íde thiubh- radh a mhaighistir air dá marbhuighadh sé an t-uan. “Ná bíodh ceist ort,” ars an duine bocht leis. “Ní dhéanfaidh do mhaighistir aon ní leat, geallaim-se dhuit.” Is annsain do mhairbh an tréadaí beag an t-uan. D'fheanadar & chuiread- ar dá bhruith leis an dteine é, agus nuair bhí sé ullamh do luighdar araon ar é dh'ithe. “Cuir na cnámha go léir isteach sa tseithe it' dhiaidh,” ars an duine bocht; agus do réir mar lom- aidís cnámh do chaithidís uatha é ar an seithe, ach aon chnámh lorgan amháin do choimeád an tréadaí beag aige féin mar abhar feadóige. Nuair ba mhithid leo dul a chodla thug an macaomh a leabaidh do'n duine bhocht, & do chóirigh leabaidh bheag tuighe dho féin. “Cloisfidh tú a lán fothruim fé mhaidin,” ars an duine bocht leis an macaomh; “ach ní gádh dhuit-se aon eagla bheith ort; ní imtheó'igh aon dochar ort.” Dob fhíor a chomhrádh. D'eirigh stuirm an-spianta i gcaitheamh na h-oidhche, agus ba chlos tuairt uathbhásach tímcheall na bothóige, mar is dá mbeadh uisge an domhain bhraonaigh ag tuiteam anuas uirthi. Ó'n nómat go chéile thagadh toran tóirthnighe do chritheadh an talamh, agus lasairneach na gcaor tíntighe le feiscint tríd an ndíon amach; ach ní tháinig eagla ar an macaomh 'ná pioc, ó ghéill sé d'fhocal an duine bhoicht. Is é dhúisigh an duine bocht ar maidin, guth an tréadaí agus “mo ghrádh é m'uanach” aige. Is amhlaidh bhí an t-uan 'na dhei'-bheathaidh, agus é ag diúl a mháthar; ach aon ní amháin, go raibh sé ag imtheacht ar trí cosaibh. Bhí cnámh lorgan d'uireasba air, an cnámh do chosain an tréadaí beag i gcomhair feadóige. Fuair an duine bocht an cnámh, agus do chuir fé'n gcroiceann é, & láithreach bhí an t-uan chomh slán chomh h-iomlán & bhí sé riamh. Do ghabhdar amach annsain go bhfeic- fidís cad é an lot do bhí déanta i ndiaidh na hanfan. Ag druideam anuas dóibh chun na h-áite mar ar chomhnuigh an bheirt fhear ná fóirfeadh an fánaí bocht, is amhlaidh bhí an cábán & ar bhain leis sguabtha leis an dtuile, idir dhuine, & ghadhar, agus bhoin, agus an uile shaghas, & iad go léir báidhte i loch mór doimhinn do bhí d'éis osgailt ann. Riamh ó shoin níor thiormuigh an loch soin, agus go dtí an lá indiu ní leigfeadh faitchíos d'aodhairithibh na dúthaighe mór-thímcheall dul 'na ghoire. Tá sé ráidhte go bhfeic- tear fir agus ba agus gadhair ag teacht amach as an loch oidhche Shain Seáin, agus go ngabhaid siad an t-árd suas do dtí an láthair mar ar sheasaimh an cábán i n-allóid. Tráth annsin dóibh ag caoi- ghol & ag mairgeadh, go gcasaid arís roim lá dá mbáthadh sa loch. Feargus Finnbhéil. LEA'-SCEUL. Ní leór mar thubaist an Seabhac a bheith i bhfad uainn (& gan tuairisc ar bith againn uaidh) gan ‘an flú Spáinneach’ do theacht ar na clódóirí. Táid uile in a luighe. Sin é fé ndeara an mhoill an turus so. Maith- tar dúinn. Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
AN DUINE UASAL. Tá áirighthe bhliadhanta ó shoin anois ann ó ghaibh an fear maith seo chugainn agus is breagh liom a bheith ag breacadh an eachtra a leanan an fear céadna. Lá dar ghluais bád mór ó Dhún Chaoin isteach chugainn agus cé gur minic a ghluais bád dá sórt chugainn nach aon rud fóghanta a bheadh ag teacht aici …Níor mhar sin di seo é mar is sé an duine uasal so a bhí ar bórd aici… compánach in éinfheacht leis …lón mór acu do gach uile shórt. Bhí laethanta saoire ag an scoil an uair sin is bhí cead fachta aige ó'n sagart chun a laethanta a chaitheamh innti. Nuair a bhí sé socair síos chuir sé fógra amach gach nduine beó annsan Oileán a theacht chuige gach tráthnóna & dob é sin an fógra ná fuair an t-eiteach mar bhí morán prócaí cré aige lán de bheóir… Sin mar bhí… Do ghluaiseadar críona agus óg… Do thug deoch do gach nduine beag is mór mar bhí a dheoch féin oireamhnach do gach aon tsórt duine aige… Annsan ba mhaith leis amhrán a chlos & dubhairt sé go raibh deoch le fághail ag gach duine a dhéanfadh aon tsórt grinn do. Bhíodar ar fad mall an uair seo mar bhí támáilteacht a baint leo… Bhí cailín misneamhail ann adubhairt amhrán breágh dho… Do phreab sé is do thug gloine fíona dhi… Nuair a chonnaic cailín eile bárr a saothair fachta aici & amhráin aici féin có' maith léi, do phreab gan tathaint & dubhairt ceann eile í féin & do fuair a tómhas gan mhoill. Do chaith bata a bheith aiges na fearaibh sa deire a stop na seana-bhan ó bheith ag amhrán agus nuair a bhí braon beag caithte acu bhíodh seisear aca in aonacht. Dob é seo an tamall grinn is mó a bhuail riamh leis an nduine uasal Bairéad nó gur chuaidh sé 'n uaig… seisear seana-bhan gach oidhche ag amhrán in aonacht… a gceann liath agus gan fiacal ann. Bhí triúr de Mhuintir Shéagha ó Íbh Ráthach an uair seo ag iasgach nár measg… árd-rinnceóirí a b'eadh iad & portaire breágh duine aca… Níor imthig an bheoir i gan fhios dóibh ach ba threise á thuilleamh iad. Thug an duine uasal so coicthigheas againn… Bhí dhá ní a baint leis, an ghalántacht agus an uaisleacht & iad go soilléir le feiscint na chúntanós. Sin críoch leis an nduine uasal agus ba dhuine uasal féin é. Tomás ó Criomhthain, An Blascaod Mór, Daingean Uí Chúise. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. COMHRÁDH BEIRTE. — “Rhymed Dia- logues in Irish” — (ar 6d. ó Chlólucht Talbóid, in Áth Cliath). Alice Furlong do chur le chéile. “AN CRANN.” Scríobhnóir Gaedhilge ar bith a thugan fé nua-mhachtnamh nó nua-aimsearacht do chur síos ar phár dúinn, tá rud maith 'á dheunamh aige. Ní baoghal ná go dtaithn- fidh a chuid saothair le Gaedhlaibh ach é scríobhadh go símplí agus nós trom tur an Bheurla do sheachaint. Nuair a scríobhan Seumas Ua Creag sa “Crann” ar nithe den tsórt san taithnean an iaracht liom, de ghnáth. Má bhíon teurma in easnamh air ní chuirean sé aon bhuairt air glacadh leis an bhfocal Laidne nó leis an bhfocal Beurla féin. Duine ciallmhar a dheinean é sin: “…Deir- tar go bhfuil meicinism sa philéar a chuireas fórsa úr ann nuair a bhíon sé leath bealaigh air a thuras… Nuair a bheas daichead míle siubhalta aig an cheartris caillfidh sé an fórsa a fuair sé ón ghunna, ach fán am cheudna beidh an fiús atá ann a phóca dóighte asteach go dtí an púdar. Pleusgfidh an púdar & bheirfidh seo fórsa úr don pleusgán a chuirfear giota eile 'ann tosaigh é.” — (“An Crann” — Féil Cholum Cille 1918). Níl aon ró-locht ar an saghas san cainnte, siúd is go bhfeudfí úsáid a dheunamh de fhoclaibh eile atá sa Ghaedhilg riamh. Nuair labhran sé thar an bPreas- áil ámhthach in inead leanamhaint den bhóthar do ghaibh sé cheana i dtaobh teurmaí, deinean sé dearmhad, dar linn, an focal Beurla ‘Conscription’ do bhriseadh & ‘Comhscríobh’ do cheapadh mar Ghaedhilg do! Agus ag tagairt do fhear tuairisce atá ag páipeur éigin nuadhachta deinean sé úsáid de'n bhfocal ceudna mar aistriú ar an bhfocal Beurla ‘chorrespondent’: “… Agus is í an chómhairle ar thuit siad air, de aon ghuth, go gcuirfadh siad a n-aghaidh an ‘Chomhsgríobhtha’ air achan dóigh… Seo an rud adeir an comhsgríbhneóir atá aig an ‘M. G.’ in Éirinn: ‘Tais- beanann iomlán na gcunntas air eolas againn gur mian le Cabinet an Chogaidh an Comhsgríobh a cur i bhféim cib ar bith rud a thiocas de’…” Is maith an dóigh gurbh é an ‘Comhsgríbhneóir' a cuirfidh an ‘Comhsgríobh’ i bhfeidhm! Deinean muinntir “An Chrainn” tag- airt do chúrsaí an chogaidh agus do chúrsaí náisiúntais gach ráithe. An chainnt a dheinid, ní h-é an saghas cainnte a thaithnfadh le Gaedhilgeóirí na Mumhan ámhthach. Ní fhanfadh aon mheas ar pháipeur Gaedhilge sa Mhumhain a labharfadh chomh leamh san i dtaobh cirt (agus i dtaobh namhad) na h-Éireann. Muran féidir do Sheumas Ua Creag & muinntir “An Chrainn” labhairt amach go dána Gaedhlach ar chúrsaí den tsaghas san, bfhearr i bhfad dóibh gan bacaint leo i n-ao' cor. S. T. SGÉAL DO SCRÍOBH TOMÁS ÁGHAS. Tá áthas orainn é bheith le h-innsint againn go bhfuil sgéal fachta do'n “Lóchrann” a cheap an gaisgidheach cródha, Toma Ághas, nuair a bhí sé n-a ógánach i Lios Póil. Beidh sé sa chéad uimhir eile. F. Mac C. Má tá eolas uait ar an nGaedhilg nó ar chionnos Gaedhilg a mhúineadh, níl agat ach dul go dtí COLÁISTE AN DAINGIN Mí Iúil nó Mí Lughnasa so chughainn. Sé príomh-chuspóir oibre an Choláiste seo ná eolas ar labhairt na Gaedhilge a thabhairt do'n lucht foghluma, agus eolas ar chionnos an chainnt sin a mhúineadh do dhaoinibh eile. LEABHAIR LE LÉIGHEAMH. Tosnóirí — “Laethanta Geala,” “Ceachta Beaga” (I., II., III.), “First Irish Grammar” leis na Bráithre Críostamhla). Lucht Teistiméireachta — “Realta de'n Spéir,” “Aesop” (I. — VI.), “Eachtra Lomnachtáin,” “Ceachta Cainnte Gramadaighe.” Ranng “Dá Theangtach” — Beifear ag súil leis go mbeidh staidéar déanta roim ré aca ar an gcuid is fearr de litridheacht na nuadh- Ghaedhilge; agus ar “Leabhar Geograiphe,” “Leabhar ar Áireamh,” “Algébar,” &rl. Tá gach eolas le fagháil ó Rúnaidhe, Colaiste an Daingin, Daingean Uí Chúise. MAITH AN TSNAOIS — “SNAOIS CHORCAIGHE.” Sinn-ne a dhein ar dtúis í agus atá 'á deunamh fós. Tobac sár-mhaith an dá shaghas so: “SHANDON PLUG” agus “EXHIBITION ROLL.” Scríobh chugainn-ne: “CUALACHT LAMBCIN,” Sráid Naoimh Pádraig a 9, CORCAIGH. NÍ GÁDH BEURLA 'LABHAIRT, ach an uair a raghair ar lorg SAIGRÉIDÍ MAITHE, agus deunfaidh dhá fhocal cúis ansan. Abair “SILK CUT” le cailín an tsiopa. I nDÚNDEALGAN a deintear, agus tá 'á gcaitheamh AR FUAID ÉIREANN. P. Ó CEARBHAILL IS A CHUA. (Teor.) lucht a ndeunta. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk
Tá le fagháil uainn-ne BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID den déanamh Ceilteach agus marc earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca. Tá ÁTRAIGHE ÓIR is ÁTHRAIGHE AIRGID mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca. Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair agus an luachliosta. LIAM MAC AODHGÁIN & a Chl.-mhac Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.” Guthán: 7 Cork; i Midleton. DO FHEAR NA FEIRME É SEO: Tá SÍOLTA, LEASÚ, ÚIRLISÍ, agus BIADH BEITHIDHEACH le fághail, go maith is go saor, sa tsiopa so: ‘SIOPA PLÚIR IS MINE SHRÁID AN RÍ,’ AN 3adh tigh i Sráid an Rí, CORCAIGH. Scríobh indiu & cuir tuairisc a luacha &c. Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i. “AN LÚCANIA” (de dhéantús na hÉireann) ó DHOMHNALL Ó BUACHALLA, MAGH NUADHAT. AN DÁ DHRÚNCAER (ar leanamhaint). Ó bhéal aithris Thaidhg Uí Chonchubhair, Lios Póil, I gCorca Dhuibhne. An tAthair Paor — sagart na parróiste. Sean ó Séagha drúncaer duine. Léan — bean phósda Sheáin Uí Shéagha. Séamus Raol — fear síbín. Sineud — bean Shéamuis Raol. Máiréad — cómharsa. An tAthair Paor: Éist anois, a Sheáin Uí Shéagha & éist-si leis, a Mháireud, Mar níl sonas, rath, ná seun, in aon áit go mbeidh sgallaeracht bhorb gheur Ach clampar, feall, is claon agus aincisí eile an tsaoghail — 'Nois tá eadraibh deisciobal Dé, is má 'néann sibh dá réir, beidh oraibh rathamhnachas sa tsaoghal agus gheobha sibh righeacht na Naomh nuair a ragha sibh fé na dhéin — Anois tosnó' mé leat-sa, a Sheumais Raol, agus le Seán Ó Séagha agus a ndéanfa sibh mar déarfad é? Seumas Raol: Is dócha go ndeunfam Athair Paor, mara mbíon an sgeul ró chrosta go léir. Sagart: Ní bhei' sé crosda docht ná geur ach bei' sé sonuidhe, rathmhar, séimh — Eirighidh as an mbraon ar a bhfuil rómhaibh anois d'bhúr saoghal. Seumas Raol: Mhuise, ná tosnófá leis na mná ar dtúis, 'Athair Paor, Is measa chun an óil go mór iad ná mise is Seán Ó Séagha. Leun: Tá 'fhios agat, a Sheumais Raol, ná raibh éinne 'n thriúr againn-ne ar meisge ar a dtáinig fós 'ár saoghal — Is anois, 'Athair Paor, tógfaimíd an chros uait, má iarran tú orainn é, agus tógadh na fir í chó' maith linn féin. Sagart: Ana mhaith, a Mhaireud, dubhart ó chianaibh le Seán Ó Séagha ná chuala aon dro'-ní riamh at' dhéidh Agus a dtógfa sibh, a Sheumais Raol agus a Sheáin Uí Shéagha, a' chros fé mar deir Máireud? Seumas Raol: Is dó', Athair Paor, tháinig chugam-sa indé, deich ndosaen buid- eul de fhuisgí mhilis dhaor, Agus 'á mbeidís sin díolta agam thóg- faimís a' chros láithreach uait, mé féin is Seán Ó Séagha. Sineud: Go siúráltha, a Sheumais Raol, mara dtógan sibh an chros fé mar deir Máireud, Beidh dúthaig éiginteach eile agam-sa & aige Leun, is ní bheimíd a gconn- tabhairt ár n-anama libh araon. Seán Ó Séagha: Ara, a Sheumais, tá sé chó' maith againn an chros a thógaint fé mar deir an tAthair Paor, Cad do dheunfá anao'chor dá n-imtheóch' Sineud & go siúráltha ní mhairfinn-se i ndiaidh Leun. Seumas Raol: Is dócha go mbeadh an sgeul go h-aindhis agam, a Sheáin Uí Shéagha, dá n-imtheóch' Sineud — Agus anois, 'Athair, tógfaimíd an chros uait agus cuirfimíd thar n-ais arís na buidéil. Sagart: Seadh, téiridh go léir ar bhúr nglúnaibh agus abraidh na focail a déarfad féin: ‘Anois ar a bhfuil rómham dem' shaoghal, ‘Le congnamh Rí na Naomh, ‘Ní raghaidh am' beul, ‘Fuisgí saor ná daor, ‘Ná brannda dearg ná baodh, ‘Ná aon tsaghas fíon’ ná lionn ón nGréig, ‘Ná aon ní thagan as an soilleur.‘ Seadh, eirighidh ar fad anois & téidheadh gach éinne agaibh i bhfeidhil a ghnótha féin, Beiridh mo bheannacht libh agus beann- acht Dé. (A Chríoch). Finghin na Leamhna. GILE NA GILE. “…An líric sin le h-Aodhgan Ó Rathaille — ‘Gile na Gile‘ is í an líric is fearr dá scríobhadh sa Ghaedhilg 'nó in aon teangain eile sa tseachtmhadh aois deug — aois úd na líricí. Ní fheadar conas is fearr an líric sin do mholadh mura n-abrainn gur gile gacha gile í. Tá cúpla ní eile sa Ghaedhilg a bhfuil deallramh aca léi ach lasmuich de'n Ghaedhilg níl aon ní in aon ghaor do bheith chomh h-iongantach léi. Dhein Suinburne, file Beurla, a lán líricí. Táid ar fheabhas aige. Ní fheud- fadh aon fhile Beurla iad a dheunamh níb fhearr. Is mór ag lucht Beurla saothar an fhile sin & is mór ag lucht litríochta na h-Euróipe é. Ach nuair a chuirim-se líricí Suinburne i gcomórtas le “Gile na Gile,” is trom agus is dúr liom an chainnt atá ionnta. Easba ceóil a bhraithim ortha. Corp-lár na Gile is eadh an líric seo Aodhgáin Uí Ráthaille. Ceól breagh fuamach na gcimbal atá innte, agus ‘dath’ fíor-áluinn ar an uile fhocal di — criostal gacha criostail í, gan aon-amhras. Tá binneas agus mire rí-iongantach innte. Tá luathacht sa Ghaedhilg ná fuil in aon teangain eile, dar liom & ‘Gile na Gile’ an cruthú & an deimhin atá agam air sin! Ní líric go luathacht. Is gadh tapamhlacht chun filidheacht de shaghas na lírice. Í do ghluaiseacht léi go tapaidh mín amhail ghluaisean píosa ceóil le Mozart.” Domhnal Ó Corcora (is ughdar do “A Munster Twilight”) adubhairt an méid sin tuas a' Beurla, tráth, & is fiú do Ghaedhlaibh é léighe is é mheabhrú chun lucht cáinte na Gaedhilge do chur in a gcomhnaidhe. Is mór an ní, dar liom, daoine mar Dhomhnal Ó Corcora bheith ag scrúdú na Gaedhilge chomh mion san agus toradh a saothair bheith dá scaoileadh chugainn chun lucht an ain- eólais, lucht na gcoláistí móra Beurla, do phleanncadh leis. Seán Tóibín GILE NA GILE. Aodhgán Ó Rathaille do rinne. Gile na gile do chonnarc ar slighe in uaigneas: Criostal an chriostail a guirm-roisc sinn- uaine; Binneas an bhinnis a friotal nár chríon- ghruama; Deirge is finne do fionnadh 'n a gríos- ghruanaibh. Tá an líric sin go h-iomlán i nGuth na mBárd (Tórna); ar lea'-raol ó Connradh na Gaedhilge, i mBaile Átha Cliath. Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha. Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuigh do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
CRÉ DÉAN SUIFT. A' laimhscribhinn do rinne Eoghan Tóibín ceud blian ó shin, agus atá ag na bráithre bochta i gCill Áirne, do bhaineamar so. Cleas-rann is eadh é. Má léighir treasna é gan an dá phúnc (:) ad' chosc, tá caint an Déin agat (nó a brigh). Má léighir síos in a dhá cholumhain é, tá malairt brigh ann. S. T. Is é mo chreideamh-sa: creideamh na nua Ghall Creideamh na Rómha: ní cóir i bhfus ná thall Ní náireach don tréada: mar a bhfuil an Rí na gceann An Pápa mar aodaire: is fann 's is díth don dream Mar a ngréastar an althóir: go bráth ní maith an íobhairt Is beannuighthe an seannós: ithe aráin is ól fíona Is bréine ná an madra: an té leanann dá dhligh sin An té thréigeas an tAifreann: atá caitlici agus críonna. FAGHAM ARÍS AN CRÚISCÍN IS BÍODH SÉ LÁN. Gléas C. Mícheál Ó Foghludha do chuir an ceól i ngléas. I. Do chuaidh an dá Sheán is mo Sheán-sa (go) dtí'n aonach Do adhnadar sparainn is ba dheacair í 'réidhteach Do bhriseadar plaoisc agus cinn a chéile Is go b'í bean an tabhairne do chosain mo phláitín féinig 'Gus fagham arís an crúiscín is bíodh sé lán. Curfá: Fagham arís an crúiscín Sláinte geal mo mhúirnín Is cuma liom an cúilín dubh nó bán. II. Chuireas-sa mo bhean go Caiseal ag díol ubhla An dá dhiabhal leithphinge thug sí abhaile chugham-sa Nach mise an truagh Mhuire ag siubhal na dúithche Ar lorg an tseansgibe 'gus an baile ró- chumhang di. 'Gus fagham arís an crúiscín is bíodh sé lán. III. Fágaim-se mo bheannacht ag muinntir an tighe seo Do réir mar atá siad idir óg agus críona Mar ní bheinn-se cortha de na gcuideachtain choidhche Go bhfásadh an cuileann trí mhullach an tsean tighe seo 'Gus fagham arís an crúiscín is bíodh sé lán. Tadhg Ó Murchadha. Do fuair ó Ghearóid Tóibín i n-aice an Choinigéir i nDún Garbhán. Ár seasamh ort-sa, a chara! Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn. Ó Loch Long. Ní rathmhar an gnó na ba do chóm- reamh Dé h-Aoine, dar le Gaedhilgeoirí na h-Alban. Dá ndeintí é, thiocfadh “Ruith na h-Aoine” (snaoi nó seargadh) ar na beithidhigh. D'feudfí toirmeasc do dheunamh ar an mí-ádh san ach é seo a rádh: “Áireamh na h-Aoine air caoraich an bhaile úd thall!” Agus dro'-ghuidhe é seo: “Áireamh na h-Aoine ort!” Creidtar go marbuighid na fiacha dubha a máthair féin. De sin an droch-fhriotal so: “bás an fhithich ort!” Dubhairt duine, tráth, le Ridire na Spleadh: A' bhfacais riamh damh chomh mór leis an ndamh san? Chonnac, ars an Ridire, damh bu mhó 'ná an damh san; tá damh agam féin in Éirinn, agus tá sé chomh mór san go sroisean adharc leis an spéir nuair a bhíon sé in a luighe, agus adharc is eadh í go bhfuil a lán casadh innte; tá ceud cor innte. A Rí! d'fheudfainn a rádh go bhfuil míle cor innte. Ach, a Ridire, nuair eirighan an damh an fada in áirde a théighan an adharc? “Ó,” arsa Ridire na Spleadh, “nuair eirighan sé tagan casadh eile san adharc.” Nuair a bhíon sceul thar teora amach 'á innsint ag duine, agus nuair a bhítear 'á cheistiú in a thaobh, innsean sé an sceul arís ar chuma eile. Is ansan adeirtar leis: “Chaidh anis car eile ann an adharc an daimh.” — Sin casadh eile ar adharc an daimh. Sa “deó gréine” do léigheas iad san. Tá a lán sceul ann ar “Ridire nan Spleadh” — Ridire na sceul éithigh, R. an scaileuthain. Sean Tóibín. AN PÓTAIRE SÚGACH (Aisdriú ar “The Charms of the Bottle.”) Nuair a ghabhaimse amach san oidhche bíonn mo bhean bheag na h-aonar, Is dírigheann sí ar phlé liom 's ar chaismirt, Téidheann go dtí sna chómhursain d'fhonn a sgéil d'innsint, Chun mise a dhíbirt ón mbaile — Téidheadh sí sa donas is deineadh sí a dícheall, An áit seo ní fhágfad, mo jaicéad go líonfad, Is go n-ólfa' mé sláinte mo bhuidéilín fíona, Agus díolfad as, in aindeóin a maireann. Tadhg Dhiarmuda. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” (‘H. JOHNSTON’) Teó. Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaigh. CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM! MARGAIRÍN “LEANDAR” Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA Agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX is a chlann mhac (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL is a chlann mhac (teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. SÍOLTA, LEASÚ agus ÚIRLISÍ do'n bhFEIRM. Gleus gearrtha Turnaipí agus DEIGHALTÁIN don UAHTAR BAINNE. Tá ag Ó LUASA & Ó CONAILL, i gCORCAIGH. Scríobh chuca. CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne. Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.
GACH CÓIR SCOILE! tá againn-ne LEABHAIR don LEABHARLAINN agus LEABHAIR mar DHUAISEANNA. MUINNTIR FHALLAMHAIN (Fallon Bros. Ltd.) Cúirt Dáma a 13 & a 14, in Áth Cliath. Smithfield a 88, i mBealfeirste. Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge. Tá… Scéaluidheacht-gan- Sraínng d'á múineadh ag togha na múinteóirí I Scoil Uí Shúileabháin sa ‘Mhardíog,’ I gCorcaigh. Is í an scoil is mó cáil agus is fearr cóir i n-Éirinn. Múintear Sranng-Scéaluidheacht ann do chailiní, i gcóir Oifige an Phuist, sa ló nó istoidhche. Scríobh chun an Árd-Oide. TÉIG FÉ DHÉIN “AN EMPÓRIUM” ar lorg Earraí Gaedhlacha — BÓNAÍ, CARABHATAÍ, LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ AGUS LÍNÉADACH. M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC, CILL ÁIRNE. SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm. TROSCÁN TIGHE. SEÁN Ó CURRÁIN, sa DAINGEAN. an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad. EUDACH BUAN-TSEASAMHACH. An Chulaith do-gheobhair uainn-ne, beidh sí go córach dei'-dheunta. Le dachad blian anuas, tá tosach 'á thabhairt againn-ne do dheun- túisí Gaedhal. Níl muilionn in Éirinn 'ná go gceannuighmíd-ne togha na n-earraí ann — eudach ná raghaidh ann, is ná dortfaidh an dath as. DO MHNÁIBH UAISLE — TÁILIÚIRACHT AR 'FHEABHAS. Gach Gúna dar dheinamar riamh, bhí cuma is crot air. Bainean deise ar leith leis na Casógaibh a dheinan na táiliúirí seo againn-ne. Tá ana-chuid eudaigh den tsaghas úd go n-abarthar leis “Saothar Lámh” ar taisbeáint anso. Ní dhortfaidh an ghuirme as an eudach gorm atá le ceannach uainn-ne. Raghaimíd fé bhannaí air, agus is mór an ní é sin, an aimsir seo. Scríobh (nó glaodhaig) chugainn. LIAM Ó CONCHUBHAIR is a Mhac, SRÁID MHÓR SHEÓIRSE, a 40, i gCORCAIGH. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/- go 10/6. RÁSÚR “COSANTA” ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-; gheobhair ceann aca san & trí lanna “Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3, tríd a' bpost. CUIRFEAD FAOBHAR AR sheana-rásúr duit ar 7d. tríd a' bpost. MAC CUILINN, 35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. WITH THE IRISH IN FRONGOCH. J. W. Brennan-Whitmore, do scríobh. Tá cúntas cruinn so leabhar so i dtaobh an tsaoghail & an chaithimh aimsire bhiodh ag na buachaillí ó Éirinn a bhí fé smacht Gall i bhFrongoch taréis Eirighe Amach bliana a 1916. Tá morán sgeul brónach, agus morán sgeul grinn chómh maith, d'a innsint ag an ughdar, agus is cliste an peann atá aige chun snas a chur ar sgeul, pé aca brónach nó meidhreach é. Cuireann sé síos go h-an-mhaith ar gach iar- racht dá dtugadh fé chuid des na buachaillí a sciobadh isteach san arm, agus ar an slighe gur cuireadh cosg leis an obair sin. Tá peictiúirí maithe sa leabhar. 2/6 glan, a luach. 2/10, tríd an bpost. An dara cur amach de seo: A CHRONICLE OF JAILS. Darrell Figgis do scríobh. 1/— glan, a luach. 1/3, tríd an bpost. ó ‘CHLÓ-LUCHT TALBÓID,’ Sráid Talbóid a 89, in Áth Cliath. IS MÍORÚILTEACH NA LEIGHEASANA DO BHUAIBH IAD SO: LEIGHEAS UÍ DHOMHNAIL ar bhuinneach laogh, 5/— a' buidéal. ‘Kural,’ ar leiceacht bo, 5/— a' bosca. Níl aon teora leis chun ba do neartú. ‘Kuranzo,’ ar ghalar teangan bo, 4/6 a' buidéal. Leighisean in aon lá amháin. ‘Murraine,’ ar bhruiliochán, 3/6 a' buidéal. Leighisfidh an taom is measa taobh istigh de sé n-uaire a' chloig. ‘Kuraline,’ ar bhruinne dhearg, 4/- a' buid- éal. Beidh an bhó i gceart taobh istigh de sé uaire a' chloig. ‘Ringool,’ ar bhorraphéist, 2/6 a' buidéal. ‘Hoosaline,’ ar chasachtaigh nó ar mhúchadh, 4/6 Gheobhair ó UA DÓMHNAIL, Siopa Leighis Bó is Beithigheach, An Eamhain, Midhe; nó ó THOMÁS MAC MÁTHUNA, An Scairbh, CO. AN CHLÁIR. In ÁIRCÉID NA MUMHAN gheobhair LÁMHAINNÍ OLNA de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh. Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón, dubh, glaschaorach, geal agus donn. Tá EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint ar gach cúntúir sa' tsiopa: ÁIRCÉID NA MUMHAN le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’ I gCORCAIGH. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail. Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh. Cló-bhuailfimíd-ne leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services