Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lughnasa, 1918

Title
Lughnasa, 1918
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1918
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uim. a 29. LUGHNASA, 1918. Dhá Phinginn a Fhiacha.



LIOM-SA AN GLEANN SO.



1.



Is áluinn an ball Gleann Aora gach
tráth den bhliain, go mór mór san Ear-
rach, nuair a bhíon an t-aiteann fé bhláth
agus a bhalaith 'á shéideadh ag an ngaoith,
ar fuaid an ghleanna.



Lá earraigh, do chuaidh Pádraig Dall,
píobaire, mac le h-Eóin Mór, amach
ar an mbán chun balaith an aitinn do
aireachtain agus chun greas ceoil do
dheunamh.



Do chuir sé lán insa phíb de aon
phuth amháin, mar is ar Phádraig a bhí
an cliabh láidir agus is aige a bhí an
neart análach. Dála gach píbe eile, do
dhein píbh Phádraig árdbhéiceach i dtosach.
D'imthigh an scread ar fuaid an ghleanna
& thar Drom Fearainn siar. Do dhein gach
gaothaire den phíb a dhícheal screadaigh
feuchaint ciaca is géire 's is aoirde a
dheunfadh gleó gur chuir Pádraig cosc
leis an gcómhlinnt.



Do thosnaigh sé ar phort — “Liom-sa an
Gleann so” — port ríbhreágh. Do ghluais
an caise ceóil tré bheárnain Charnus &
do scaip ar fuaid an ghleanna, dá raide
féin i gcoinnibh Dhún Chorrabhile is Dhún
Cuach, i gcoinnibh Chill Móna na laoch &
Chíoca Salacharaighe.



“Liom-sa an gleann so, liom-sa an
gleann so,” ars an phíb go h-árd is go
h-ualach, agus dar Claidheamh Oscair! ní
bhfaigheadh Mac Cruimin féin, dá fheabhas
é, píobaireacht ní b'fhearr a dheunamh.



Ní raibh aon chuimhneamh ag Pádraig, an
uair úd, go mbeadh a chómhnaidhe fós ar
an Leitriúch & is beag a bhí coinne ag
aonne leis an gcogadh mór úd a dhein
scrios ar ghleanntaibh Alban. Is lugha
'ná san a mheas aonne go mbeidís na
Caimbeulaigh is gan beann aca ar aonne
sa dúthaig agus maig ar bhoinéid aca le
mórtas is le móráil.



Seanduine ab eadh Pádraig, ach siúd
is gurbh eadh, bhí an chos go h-éadrom
aige. Ba gheall le ridire é agus an
talamh 'á chur de anonn is anall, is é
ag freagairt an cheoil le coisimeacht
saighdiúra. Do léimeadh an fille beag
go tómhaiste siar is aniar ar chómh
bhualadh leis an gcoisidheacht, agus ar a
gcuma gceudna do léimeadh an sparán
le gach coiscéim dá dtugadh an ceól-
aidhe. Nuair a bhíodh dachad céim sall
tugtha aige, do chasadh sé go mall ar
deiseal agus seo anall arís é, agus
búclaí a chreasa go gealghléineach fé
ghatha na gréine.



Tamall soir uaidh, do bhí scata
ógánach; an chloch airgthe 'á caitheamh
ag cuid aca agus an chuid eile ag
gabháil don chabar. Do stadadar den
súgra ar chloisint an cheóil dóibh. Do
chuireadar úmpa a gcriosana & thánga-
dar anoir chun éisteacht leis an bport.
Bhí mná an ghleanna ag nighe anairte sa
linn ach d'éirighdar as an sliseáil chun
comhchrónán is portuigheal do dheunamh
leis an bpíb. Bu chúrsaí machtnaimh
dóibh uile an port san. Is é thug chun
cuimhne dhóibh aimsir na buartha nuair a
bhí cosán an ghleanna in a dhraoib le
fuil na bhfear, tráth tháinig na Stíobhairt
ar eascuaird ann ón Apuinn.



Do sháigh an píobaire an mála suas
fé'n ascaill aige & do dhein sé úrlár
poirt eile — “Bodaigh na mBríogas,” &
an méid d'á lucht éisteachta a chuala
an seanachas is a thuig an sceul, do
tháinig cuimhne dhóibh ar lucht an triúbhais
agus ar an gcuma in ar chuir muintir
Ghleann Urcaidh briseadh is ruaig ortha i
nduthaigh Mharbhairn.



Do bhí mac aonair ag Pádraig Dall
darab ainm Traolach. Seacht mbliana
roime sin dubhairt an Ridire Dubh leis,
iaracht do dheunamh ar bheith in a chómhaith
de phíobaire len a athair.



“Ach, más áil leat san,” ars an
Ridire, “ní foláir duit dul go Dún
Bheagáin agus tamall do thabhairt i
dteannta Mhic Chruimin Mhóir.” Do
chuaidh an t-ógánach chun Inis Sciath —
tír úd na mór-phluais is an dea'-cheóil —
chun teagasc 'fhághail ó Mhac Cruimin.
Do bhíodh sé ag gabháil do'n cheól ó
mhaidin go dtí árd an tráthnóna agus
nuair ná beadh an lánphíb aige, do bhíodh
an feadán aige.



Do sheasuigheadh sé ar an mBóthar
Réidh mar a dtagan an tréanghaoth
anall ó Bhata-Inis, treasna Locha Bheag-
áin, agus is ann do sheinneadh sé an
dea'-cheól, idir phoirt chruinnithe is poirt
fháilte, phoirt mhaoidhte is poirt gháire.
Bu bheag ná go stadfadh an mhórmhuir
d'á gluaiseacht, d'fhonn éisteacht le
ceól bínn na píbe sin.



Nuair a bhí na seacht mbliana istigh,
do bhí an port deacair úd — “Cúmha na
Cláirsighe,” go maith ag Traolach agus
chuir Mac Cruimin é d'á sheinnim. Do
chuir an t-ógánach an fíor-shnas ar
an bport, chómh maith is a dheunfadh an
máighistir féin é.



“Ní beag san, a laocháin!” arsa Mac
Cruimin. “Tá agat. Bí ag bogadh abhaile
feasta. Do leithéid níor cothuigheadh riamh
cois Odha-Locha.”



Do thug Traolach a bhóthar air agus is
air a bhí an mhóráil is an mór-is-fiú.



Ní raibh sé ach gearrathamall thar n-ais
sa' ghleann nuair a chuala sé píobaireacht
a athar & do bhog leis fé dhéin an cheóil,
dála cách.



“Ceól é sin, ceart go leór!” ar
seisean leis na fearaibh.



Do chuaidh sé anonn chun an Daill. Do
lean a leasmháthair is an chuideachta é.



“Ní gearánta dhuit, 'athair, mar le
seanduine,” ar seisean.



“An tusa san, a Thraolaigh?” ars an
Dall. “Dé bheatha abhaile!”



“Thugas fé ndeara,” arsa Traolach,
“ná fuil an mheuracht ar foghnamh agat.
Sin aicíd a ghabhan le h-aois, is dócha.
Ach tá mac annso agat a dhéanfaidh
meuracht is ceól nár deineadh a leithéid
riamh lasmuich de Inis Sciath!”



D'airigh bean Phádraig an chaint mhus-
tarach is do thug sí aghaidh ar an ógánach.



“A phadhsáin!” ar sise de scread,
agus íoghair fuatha is feirge ar ghnúis
aici. “Fear é sin! Níl ionnatsa ach
scaothairín aindeiseóra gur fada go
mbeidh croidhe fir ann. Tú bheith mar
ghiolla beag ceóil ag Donncha Dubh is
do chómhaith de gharsún mar ghiolla
iompair agat, ní dheinean súd píobaire
dhíot, a cheamhláin!”



“Éist, a chailligh,” ar seisean, & do
chrom sé ar gáirídhe fúithe. “Is cuma
riamh ciaca garsún nó fear mé. Tá
píobaireacht agam ná fuil aige seo, ná
ag aonne eile — agus Mac Cruimin féin
do chur chuige! Is mó den cháil ná den
cheól atá aige siúd. Bhí píobairí ar an



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces'
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Calaphort an Phápa, Corcaigh.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,



MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,



ó



MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a
Chua.,



2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.



ARÁN HOSFORD.



Ná h-ith a mhalairt!



Sa 62 tigh sa Mheádhon-tSráid Thuaidh,
i gCORCAIGH, a deintar.



Tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE



TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;



SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;



ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.



ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.”



Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.



MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT



led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a
dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh-
air na rudaí seo & iad go maith:



BRÓGA IS STOCAÍ,
LÉINTE IS GUAILEÁIN,
LÁMHAINNÍ IS BÓNAÍ.



T. Ó LOCHLAINN,



19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH.



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —



I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



saoghal sar a rugadh Mac Cruimin agus
beidh píobairí ann d'á éis!”



“B'fhéidir é, a bhuachaill,” arsa Pádraig
Dall. “Ní abróchainn ná go bhfuil deun-
tús maitheasa ionat i dtaobh ceóil; ach
feiceam é! Má fhaghaim-se cothrom na
Féinne, bainfead roinnt den fhorcamás
díot, dá sheannda mé!”



“Tá go maith,” ars an mac. “Ceap-
aimís tráth.”



II.



Nuair a tháinig lá an chruinnithe, do
chuaidh an bheirt phíobaire agus muinntir
an ghleanna amach ar an mbán. Pádraig
do rinne an chéad bhouta. “Liom-sa an
Gleann so” & “Bodaigh na mBríogas,”
an dá phort do sheinn sé, agus níorbh'
fheárr riamh é chun ceóil ná an lá san.



Chomh luath is bhí crúnlua an tarna
phort seinnte ag an nDall, do léim
Giorsal a bhean, fé dhéin an ógánaigh &
do dhein smeach meur fén sróin aige.



“Níl a shárú san agat, a staigín!”
ar sise.



“Fan ort go fóil, a chaile bhuidhe,”
ar seisean.



Do chuir Traolach a phíb siar uime;
píb áluinn nua fé bhrat. Do bhí dealbh
cinn broic a rinneadh den órsnáith ar
an mbrat.



Do shiubhail sé tamall amach ón gcuid-
eachtain. Bu dheallrathach an buachaill é
gan aonagó; é go córach coiséudrom.
Agus do bhaineadh sé searra as gualainn
leis, dála gach píobaire fhóghanta.



D'fheuchadar mná is cailíní an ghleanna
go geanamhail air. B'fhiú le cailín ar
bith, feuchaint an tarna h-uair air. Do
dhruideadar na fir in a chómhgar. Do
bhain sé gearra-thamall de an phíb do
chur i bhfearras. Ansan do dhírigh sé ar
ríphórt — “Cogadh nó Sith.”



“Is cuma liom, 'sis cuma liom
Cogadh nó síth,
Marbhuightar sa chogadh me
Nó crochtar sa tsíth!”



“Ó, a Phádraig, 'fhir liom!” arsa Giorsal.
“A' gcloisir an port san? Ó, an bith-
eamhnach croiche! A Phádraig Dhaill, ní
mac é siúd agat ach nathuir nímhe!”



Do ghaibh Traolach go h-aicillidhe meidh-
reach ar an seamsúr agus tháinig fonn
rinnce ar a lucht éisteachta. Dá mbeadh
cosa fé Dhún Corrabhile, bu bheag ná go
gcromfadh sé ar dhamhsa. Do chuaidh an
port sa tsiubhal thar Chill Móna agus
siar go ruig Leac na mBan, mar a
bhfuil an talamh iath-ghlas. Do dhein
fiacha dubha Bhinne Brice árdscreadach
& siúd leo an gleann soir is cíocras
fola ortha. Do rug an ghaoth an port
léi tríd an gcoilll ghiúise is tríd na
toir roide go ráinig sí bruach na
hAora mar ar imthigh de léim, idir
cheól is gaoth, san abhainn isteach.



“Is cuma liom riamh
cogadh nó síth!”



ars an phíb & taidhreamh 'á dheunamh do
bhuachaillí an ghleanna. Do chonacadar
ansúd, dar leó, na fir ag ullamhú chun
bóthair. D'imthighadar leó annsan de
mhearchoisighacht treasna réidhe is cnoc.
Do chuala na buachaillí an cath 'á
bhualadh lastall de'n chnoc. D'airighdar
an glaodhach, is an buille, an scread
is an leagadh agus na h-Appuinigh 'á
gcosgairt ag fir an ghleanna. Do bhí
duine de'n lucht éisteachta ag feuchaint
go geur ar an bpíobaire. D'iompaigh
sé de phreib agus ghlaodhaig sé i leith
ar mhac leis.



“Rith leat, a mhic liom,” ars seisean,
“agus tabhair chugam a' mhiodóg atá
istig ar a dtaobhán. Corraig ort! beidh
gnó agam dhí, gan mhoill.”



D'fheuch an garsún aníos air is sceón
ann. D'iompaigh sé i dtreó an tighe &
do dhírig ar ghol.



Do stad Traolach den phort & tháinig
an anáil dos na fearaibh, ar an ngnáth-
theacht. Do sheinn sé “Póg do láimh an
Rí” & an “Mhiodóg Gheal,” is a lán eile
de phortaibh chogaidh. An cheól a cloistí
istoidhche ar Árd an Phúca, níorbh' aer-
aighe é ná an phíobaireacht do rinne
mac Phádraig Dhaill.



Tháinig scannra ar mná an ghleanna.
Rómhaith a thuigeadar an díobháil a rinne
ceól cogaidh go minic.



“Eirigh as, a Thraolaigh óig,” arsa bean
aca, “agus seinn ríl dúinn.”



“Tá go maith, a bhean mhaith,” ar seis-
ean, & do stad sé den cheól achrainn.
“Seo dhíbh port & níor airigh aonne riamh
a shárú.” Do thosnaig sé ar “Rabhadh
Dhúnaomhóg.”



“Mhaise, mo stór tu!” arsa Pádraig
Dall in árd a ghutha. Bu láidire ann
an nádúir 'ná an formad & is gearr
a chuimhnigh sé ar spíde Ghiorsal.



Le linn an phoirt sin do tháinig aníos
ón gcaisleán, an Ridire — Donncha Dubh.
É ar mhuin donn-eich agus beirt ghiolla
ar sodar in a dhiaigh.



“Agus annsan duit-se, a phíobaire
óig,” ar seisean, “nuair ba chóra duit
bheith thíos annsúd mar a bhfuil easba
ceóil ar mhnáibh uaisle. Bí ag bogadh
leat!”



Do bhuail sé buille den laisg ar an
gcapall agus d'fheuch sé go dúr ar an
gcomhthionól in a thímcheall.



“Má tá easba ceóil ortha súd,
dein-se feaduighal dóibh,” arsa Traolach
go dána. “Ní h-aon-phíobaire tábhairne
mise.”



Do bhuail an ceann fine buille eile
ar an gcapall is d'imthig leis & fraoch
feirge air.



Do scaip an cothalán. Do dhein an
ceólaidhe óg magadh fén a athair is fén
a leasmháthair agus do thosnaig ar phort
maoidhte is do imthigh leis i dtreó na
sráide. Má bhí mór-is-fiú riamh ar óg-
ánach is ar mhac an Daill do bhí, agus



“BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile.
Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.


L. 3


an dúthaigh ag moladh a mhisnigh is a
chuid píobaireachta.



I rith na h-oidhche sin, ní dheaghaidh sos
ar Phádraig Dall ach ag mallachtaighe ar
an mac ná feaca sé riamh in a shúilibh
cinn, agus an tráth a thagadh maolú air,
do bhí Giorsal ann chun séideadh fé.



“Tá an dúthaigh ag gáirídhe fút, a
Phádraig Dhaill,” ar sise. “Níl aonne
ó Charnus go Crotbhile a mbeidh aon-
mheas aige ort a thuille, mar phíobaire.”



Do dhírigh Pádraig ar bhouta eile den
eascanaighe. Siúd is go raibh sé in a
dhall is in a dhuine aosta, ní raibh aon
lagachar cainte air, 'ná aon tseunas
ann.



“Ní éisteóchar leat-sa ná le h-aon-
phíobaire eile an fhaid is a bheidh an
táthairín sin de mhac leat i láthair! Is
é an aithis go deó é, a Phádraig Dhaill,
é bheith ar a chumas súd bheith ag fonóid
fút-sa,” arsa Giorsal, nuair a bhí ag
maolú ar chainnt a fir céile.



Do labhair an Dall in árd a chínn
is a ghutha, is do mhionnuigh sé dar an
gClaidheamh Geal Soluis, & dar Cailleach
an Chogaidh, is dar Con Lathurna agus
dar Rudaí ba mhó brígh 'ná iad, go
mbainfadh sé sásamh fós as siúd.



Do bhí sámhán ag teacht ar an mnaoí,
is do stad sí den ghríosú. Do chuaidh
sos ar an nDall is do thosnaigh sé ar a
mhachtnamh. Tréis tamaill do ghlaodhaigh
sé ar Ghiorsal.



“Ach, a' gcloisir, a bhean?” ar seis-
ean. “Tá ceól aige siúd!”



“'Amadáin gan rath!” ar sise. “Éist,
is ná crádhaigh me! Dá mbu mhac domhsa
é siúd, do bhainfinn meur de chrobh leis
mar a dheunfainn le coileán gadhair!”



“Agus an amhal' a mheasan tú go
ndéanfadh san toirmeasc ar a' gceól
aige? Féach Alastar Carraige is meur
de dhíth air, agus nách maith a dheinean
sé píobaireacht?” ars an Dall.



“Agus, a ghiolla an lag-mhisnigh,” ar
sise, “ná fuil sé chómh saoráideach lámh
do lot agus atá meur do mhilleadh?”



Ní thug seisean aon fhreagra uirthe.
D'fhanadar araon in a dtost ar feadh
cúpla neómat.



“A Phádraig Dhaill,” ar sise, “nách
minic a mharbhuighis-se fiadh? An amhla
'scaoilfir leis siúd a dhein an oiread
san magaidh fút?”



Níor éist an Dall a thuille léi.
D'iompaigh sé uaithe agus siúd leis
isteach i seomra eile. Do luigh sé
siar ar leabaidh ann is do thuit a
chodladh air.



III.



Ar maidin roimh eirghe lae, do bhí
báisteach an-throm ann. Do shéid an
ghaoth go fíochmhar tríd an gcoill do
chur barraí na gcrann giúise & duil-
leabhar na ndair ag déanamh feaduighala.
Do bhí árd-tuile san Aora. Do léim
sí is do spriúch sí agus géaga crann
dá scuabadh chun siubhail aici.



D'eirigh Giorsal agus do chuir brat
um a ceann. D'oscail sí an doras go
ciúin agus siúd amach fén gclagar í.
Do chuaidh sí de rith treasna an réidhe
agus an feur árd ag breith greama ar
thrácht coise uirthe, agus na toir aitinn
ag dul i n-achrann in a gúna. Suím ar
bith, níor chuir sí sa méid sin; bhí an
iomad spéise aici sa ghnó a bhí curtha
roímpe aici le deunamh. Do bhí breis
den dubh in a croidhe do mhac an Daill
chun cuimhneamh ar aon ní eile…
Nuair a bhí Giorsal tamall maith imthithe
do dhúisig an Dall. Do ghlaodhaigh sé
uirthe agus nuair ná fuair freagra, do
phreab sé in a shuidhe is do chuir uime
go mear.



…Do lean an bhean dá ruathar
gur shrois sí Drom Tarbh mar ar stad
le h-easba análach. Tamall uaithe, bhí
caisleán Inbhir Aora agus torann 'á
dheunamh ag tonnta an mhórlocha ag a
bhun. Do bhí an chailleach oidhche, is í
in a lipín bháidhte, sa choill ag gol.
Do phreab eilit amach as a gnáthóig,
ar chloisint coiscéim an duine dhí, is
d'imthigh léi de sciúrd & sceón innti.
Bhí radharc ag Giorsal ar an dtigh in
a raibh cómhnaidhe ar Thraolach Píobaire.
Siúd fén a dhéin í ar a dícheal. Do
thúirling splannc ó'n spéir agus mheas
Giorsal radharc a súl bheith millte aige.
Bhain an tóirthneach macalla a' Beann
Bhuidhe agus do dhein na cnoic eile
athnasc air.



Do bhí breacsholus lae ann. Do dhruid
Giorsal le doras & d'árduigh an laiste
go réidh. Do shiubhail léi go ciúin chun
cúinne an bhotháin mar a raibh an píob-
aire óg in a chodladh, agus loinnear na
teine ar aghaidh air.



“A Phádraig, a chroidhe,” ar sise, fén
a h-anáil, “ní deunfar a thuille magaidh
fút-sa!”



Do sháigh sí lámh i mbrollach a gúna
agus do thóg amach scian dubh. Do thug
aon fhogha amháin fé chaol deas-láimhe
an phíobaire agus do mhill na féitheacha
den iaracht san. Do leig Traolach árd-
scread is do thug fé bhreith ar a
namhaid, ach bhí an lámh gan feidhm &
d'imthigh an eascara.



Do chuaidh Giorsal de tháinrith treasna
Chairn Bháin. Do shéid splannc eile & í ag
an ndroichead. Chonnaic sí an t-aibilín
dubh ag druidim léi.



“An tusa súd, a Phádraig?” ar
sise. “'Áirseóir mná!” ar seisean.
“Ní h-amhla' atá mo mhac múirneach
ar lár agat!”



“Ní baoghal do, a laogh,” ar sise.
“Ní fiú tracht air. Níl ann ach mil-
leadh ar láimh dhailtín. Seo leat, a
bhuidhnach, go seinnfir ar maidin dúinn,
an ríphort — “Liom-sa an Gleann so!’”



“Red Hand,” by Neil Munro. Iar n-a thionntó
go Gaedhilg, le cead an ughdair, do Sheán Tóibín.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,



Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla,
le fághail uainn-ne.



Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH.



SRÁID DÁSON, a 45,
BAILE-ÁTHA-CHLIATH.



Sranngscéalta mar seo: “Larch, Áth Cliath.”



An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



A Ghaedheala! Ceannuighidh



“ÉADACH na DRUIPSIGHE”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.)
Co. Chorcaighe.



ROSC CATHA GAEDHEAL.



THE SOLDIERS SONG. — É in a cheart idir
cheól is abhrán, agus oireamhnach don
phianó. É i nGaedhilg, chomh maith. 1/1
an chóib, per post.



WHACK FOL THE DIDDLE. — Abhrán grinn
i mBeurla. An file ceadna a dhein.
É oireamhnach do cheól an phianó. 1/1 a'
chóib.



Geobhaidh lucht siopa níos saoire 'ná súd iad.



Ó Faoláin & a Mhac,



In Uachtar Cé Urmhumhan a 17, Áth Cliath.



Ní deintear aon phíopaí
eile in Éirinn ach
Píopaí Mhic Pheadair



agus is fada farsaing
atá a gcáil.



Le ceannach i ngach siopa tobac.



Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —



Capp & Mac Peadair Teo.



FAICHE SHAIN STIABHNA,



ÁTH CLIATH.



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG



Scriobh chuige.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.


L. 4


CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA



ó



LÚCÁS DE BÚRCA.



LÉINTE
FO-LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
CARABHATAÍ



de DHÉANTÚS
GAEDHAL



Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:



Sráid Pádraig N. a 105,
Corcaigh.



(‘LUKE BURKE’)



Iarr Clár Choláiste
Eoghain Uí Chomhraidhe



ar an Rúnaidhe —



Brian Ó hUiginn,
Carraig an Chabhaltaigh,
Co. an Chláir.



Samhradh, 1918



Iúl 8adh go Lughnasa 3adh



Lughnasa 5adh go Lughnasa 31adh



Nuair a bheir ag taisdeal
in UIBH RÁTHACH ÁLUINN,
cuir fút sa tigh seo:



TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH
I gCATHAIR SAIDHBHÍN.



An tig is fearr in Uibh Ráthach.



Labharfar Gaedhilg leat ann.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA
GAEDHILGE



Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim.



“MÍ DEM SHAOGHAL,” le Bríd Stac, 3d.



“LUIBH-EÓLAS,” le Seán Tóibín, 1½d.



“SEAN-AMHRÁIN NA MUMHAN,”



Cuid a 2, 3d.



Le fághail ó



Mháire Ní Raghallaigh,



'Sa tsiopa in a bhfuil Paipéir, Leabhair is Tobac
ann don Ghaedhilgeoir:



UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87,



I mBAILE ÁTHA CLIATH.



AN LÓCHRANN.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



An Fear Gnótha:
Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh



An Fear Eagair:
An Seabhac, Daingean Uí Chúise



Na Díoltóirí:



Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh



Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid
ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go
ceann bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht an Lóchrainn.



DUAISEANA.



Bheurfam duaiseana (10/— is 5/ —) gach
mí go ceann ráithe ar aistí a theasbán-
faidh rud mar Mórchúis, nó Fiafruithacht,
nó Tormas, nó locht ar bith eile dá
mbíon ar dhaoinibh.



Iad do bheith i bhfuirm cómhráidh, idir
bheirt nó triúr, agus greann is magadh
do bheith ionnta. Cuirtar na scríbhinní
ag triall ar Fhionán Mac Coluim, Cill
Orglan, i gCiarraidhe.



LOCH MAIRGE.



I ndiaidh J. Passí, sa bhFrainncis.



Seachrán slighe d'imthigh ar dhuine bhocht
oidhche gheimhridh ar Shléibhtibh Perinní, agus
níor stad sé dá shiubhal, i leith is go
mbhuailfeadh tigh nó treabh leis, mar a
bhfaghadh sé rud éigin le n-ithe. Seal
mór de'n oidhche mar sin do, go ráinig
sé cábán fá dheoigh. Cábán breágh mór
dob eadh é, & cosamhlacht an tsaibhris
air. Beirt fhear do bhí annsain, agus
is amhlaidh do bhíodar, 'na suidhe chun
suipéir maith bídh, go raibh gal te ag
eirghe as, & spóla mór feóla dá róstadh
leis an dteine acu. Ach bhí an freagra
go pras acu i gcomhair an tseachránaí:
“Níl aon ní againn duit,” ar siad, agus
do ghríosuighdar na gadhair leis.



Do ghluais an duine bocht roimis,
go raibh sé achar eile suas an cnoc.
Is annsain ráinigh sé áitreabh eile, nár
chabán bhreágh shaibhir ach bothóg bheag
shuarach. D'ionnsuigh sé an dorus agus
do chuir é féin i n-úil. “Tar isteach,”
ars an guth istigh. Do chuaidh, agus is
eadh bhí ann roimis, macaomh beag de
thréadaí 'na aonar. Bhí ceapaire beag
aráin dá ithe aige, gan biadh gan ann-
lan eile, gan fiú spréidh dhe'n teine
sa bhothóig aige.



“Féach, a dhuine bhoicht,” ars an mac-
aomh, “níl agam ach an ceapaire beag
aráin seo, agus cé ná beadh mo dhóthain
féin ann, do gheóbhair-se é agus fáilte,
agus osaidheacht annso go lá.”



Chuir sé an deóraí 'na shuidhe ar an
suístín, thug a chuid aráin le n-ithe dho,
agus d'aduigh teine dho, chun é féin do
théidheamh d'éis annró na h-oidhche.



“Is fíor 'uit,” ars an duine bocht,
“gur shuarach mar lán suipéir agat féin
an méid seo; ach nách shin uan maith mór
annsain agat. Mairbh é sin, agus íos-
aimíd araon é.”



Dubhairt an garsún ná leigfeadh eagla
dho é, mar nárbh fhios cad é an íde thiubh-
radh a mhaighistir air dá marbhuighadh sé
an t-uan. “Ná bíodh ceist ort,” ars
an duine bocht leis. “Ní dhéanfaidh
do mhaighistir aon ní leat, geallaim-se
dhuit.” Is annsain do mhairbh an tréadaí
beag an t-uan. D'fheanadar & chuiread-
ar dá bhruith leis an dteine é, agus
nuair bhí sé ullamh do luighdar araon
ar é dh'ithe. “Cuir na cnámha go léir
isteach sa tseithe it' dhiaidh,” ars an
duine bocht; agus do réir mar lom-
aidís cnámh do chaithidís uatha é ar an
seithe, ach aon chnámh lorgan amháin do
choimeád an tréadaí beag aige féin
mar abhar feadóige. Nuair ba mhithid
leo dul a chodla thug an macaomh a
leabaidh do'n duine bhocht, & do chóirigh
leabaidh bheag tuighe dho féin.



“Cloisfidh tú a lán fothruim fé
mhaidin,” ars an duine bocht leis an
macaomh; “ach ní gádh dhuit-se aon
eagla bheith ort; ní imtheó'igh aon dochar
ort.” Dob fhíor a chomhrádh. D'eirigh
stuirm an-spianta i gcaitheamh na h-oidhche,
agus ba chlos tuairt uathbhásach tímcheall
na bothóige, mar is dá mbeadh uisge
an domhain bhraonaigh ag tuiteam anuas
uirthi. Ó'n nómat go chéile thagadh toran
tóirthnighe do chritheadh an talamh, agus
lasairneach na gcaor tíntighe le feiscint
tríd an ndíon amach; ach ní tháinig eagla
ar an macaomh 'ná pioc, ó ghéill sé
d'fhocal an duine bhoicht. Is é dhúisigh an
duine bocht ar maidin, guth an tréadaí
agus “mo ghrádh é m'uanach” aige. Is
amhlaidh bhí an t-uan 'na dhei'-bheathaidh,
agus é ag diúl a mháthar; ach aon ní
amháin, go raibh sé ag imtheacht ar trí
cosaibh. Bhí cnámh lorgan d'uireasba air,
an cnámh do chosain an tréadaí beag
i gcomhair feadóige. Fuair an duine
bocht an cnámh, agus do chuir fé'n
gcroiceann é, & láithreach bhí an t-uan
chomh slán chomh h-iomlán & bhí sé riamh.



Do ghabhdar amach annsain go bhfeic-
fidís cad é an lot do bhí déanta i
ndiaidh na hanfan. Ag druideam anuas
dóibh chun na h-áite mar ar chomhnuigh an
bheirt fhear ná fóirfeadh an fánaí bocht,
is amhlaidh bhí an cábán & ar bhain leis
sguabtha leis an dtuile, idir dhuine, &
ghadhar, agus bhoin, agus an uile shaghas,
& iad go léir báidhte i loch mór doimhinn
do bhí d'éis osgailt ann. Riamh ó shoin
níor thiormuigh an loch soin, agus go
dtí an lá indiu ní leigfeadh faitchíos
d'aodhairithibh na dúthaighe mór-thímcheall
dul 'na ghoire. Tá sé ráidhte go bhfeic-
tear fir agus ba agus gadhair ag teacht
amach as an loch oidhche Shain Seáin, agus
go ngabhaid siad an t-árd suas do dtí
an láthair mar ar sheasaimh an cábán i
n-allóid. Tráth annsin dóibh ag caoi-
ghol & ag mairgeadh, go gcasaid arís
roim lá dá mbáthadh sa loch.



Feargus Finnbhéil.



LEA'-SCEUL.



Ní leór mar thubaist an Seabhac a bheith i
bhfad uainn (& gan tuairisc ar bith againn
uaidh) gan ‘an flú Spáinneach’ do theacht ar
na clódóirí. Táid uile in a luighe. Sin é
fé ndeara an mhoill an turus so. Maith-
tar dúinn.



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 5


AN DUINE UASAL.



Tá áirighthe bhliadhanta ó shoin anois
ann ó ghaibh an fear maith seo chugainn
agus is breagh liom a bheith ag breacadh
an eachtra a leanan an fear céadna.



Lá dar ghluais bád mór ó Dhún Chaoin
isteach chugainn agus cé gur minic a
ghluais bád dá sórt chugainn nach aon
rud fóghanta a bheadh ag teacht aici
…Níor mhar sin di seo é mar is
sé an duine uasal so a bhí ar bórd
aici… compánach in éinfheacht leis
…lón mór acu do gach uile shórt.
Bhí laethanta saoire ag an scoil an uair
sin is bhí cead fachta aige ó'n sagart
chun a laethanta a chaitheamh innti.



Nuair a bhí sé socair síos chuir sé
fógra amach gach nduine beó annsan
Oileán a theacht chuige gach tráthnóna
& dob é sin an fógra ná fuair an
t-eiteach mar bhí morán prócaí cré aige
lán de bheóir… Sin mar bhí…
Do ghluaiseadar críona agus óg…
Do thug deoch do gach nduine beag is
mór mar bhí a dheoch féin oireamhnach
do gach aon tsórt duine aige…
Annsan ba mhaith leis amhrán a chlos &
dubhairt sé go raibh deoch le fághail
ag gach duine a dhéanfadh aon tsórt
grinn do.



Bhíodar ar fad mall an uair seo
mar bhí támáilteacht a baint leo…
Bhí cailín misneamhail ann adubhairt
amhrán breágh dho… Do phreab
sé is do thug gloine fíona dhi…
Nuair a chonnaic cailín eile bárr a
saothair fachta aici & amhráin aici féin
có' maith léi, do phreab gan tathaint &
dubhairt ceann eile í féin & do fuair
a tómhas gan mhoill. Do chaith bata a
bheith aiges na fearaibh sa deire a stop
na seana-bhan ó bheith ag amhrán agus
nuair a bhí braon beag caithte acu bhíodh
seisear aca in aonacht. Dob é seo an
tamall grinn is mó a bhuail riamh leis
an nduine uasal Bairéad nó gur chuaidh
sé 'n uaig… seisear seana-bhan
gach oidhche ag amhrán in aonacht…
a gceann liath agus gan fiacal ann.



Bhí triúr de Mhuintir Shéagha ó Íbh
Ráthach an uair seo ag iasgach nár
measg… árd-rinnceóirí a b'eadh
iad & portaire breágh duine aca…
Níor imthig an bheoir i gan fhios dóibh
ach ba threise á thuilleamh iad.



Thug an duine uasal so coicthigheas
againn… Bhí dhá ní a baint leis,
an ghalántacht agus an uaisleacht & iad
go soilléir le feiscint na chúntanós.



Sin críoch leis an nduine uasal agus
ba dhuine uasal féin é.



Tomás ó Criomhthain,
An Blascaod Mór,
Daingean Uí Chúise.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



COMHRÁDH BEIRTE. — “Rhymed Dia-
logues in Irish” — (ar 6d. ó Chlólucht
Talbóid, in Áth Cliath). Alice Furlong
do chur le chéile.



“AN CRANN.”



Scríobhnóir Gaedhilge ar bith a thugan
fé nua-mhachtnamh nó nua-aimsearacht do
chur síos ar phár dúinn, tá rud maith 'á
dheunamh aige. Ní baoghal ná go dtaithn-
fidh a chuid saothair le Gaedhlaibh ach é
scríobhadh go símplí agus nós trom
tur an Bheurla do sheachaint. Nuair a
scríobhan Seumas Ua Creag sa “Crann”
ar nithe den tsórt san taithnean an
iaracht liom, de ghnáth. Má bhíon teurma
in easnamh air ní chuirean sé aon bhuairt
air glacadh leis an bhfocal Laidne nó
leis an bhfocal Beurla féin. Duine
ciallmhar a dheinean é sin: “…Deir-
tar go bhfuil meicinism sa philéar a
chuireas fórsa úr ann nuair a bhíon sé
leath bealaigh air a thuras… Nuair
a bheas daichead míle siubhalta aig an
cheartris caillfidh sé an fórsa a fuair
sé ón ghunna, ach fán am cheudna beidh
an fiús atá ann a phóca dóighte asteach
go dtí an púdar. Pleusgfidh an púdar
& bheirfidh seo fórsa úr don pleusgán
a chuirfear giota eile 'ann tosaigh é.” —
(“An Crann” — Féil Cholum Cille 1918).



Níl aon ró-locht ar an saghas san
cainnte, siúd is go bhfeudfí úsáid a
dheunamh de fhoclaibh eile atá sa Ghaedhilg
riamh. Nuair labhran sé thar an bPreas-
áil ámhthach in inead leanamhaint den
bhóthar do ghaibh sé cheana i dtaobh
teurmaí, deinean sé dearmhad, dar
linn, an focal Beurla ‘Conscription’
do bhriseadh & ‘Comhscríobh’ do cheapadh
mar Ghaedhilg do! Agus ag tagairt
do fhear tuairisce atá ag páipeur
éigin nuadhachta deinean sé úsáid de'n
bhfocal ceudna mar aistriú ar an bhfocal
Beurla ‘chorrespondent’: “… Agus
is í an chómhairle ar thuit siad air, de
aon ghuth, go gcuirfadh siad a n-aghaidh
an ‘Chomhsgríobhtha’ air achan dóigh…
Seo an rud adeir an comhsgríbhneóir
atá aig an ‘M. G.’ in Éirinn: ‘Tais-
beanann iomlán na gcunntas air eolas
againn gur mian le Cabinet an Chogaidh
an Comhsgríobh a cur i bhféim cib ar
bith rud a thiocas de’…” Is maith
an dóigh gurbh é an ‘Comhsgríbhneóir'
a cuirfidh an ‘Comhsgríobh’ i bhfeidhm!



Deinean muinntir “An Chrainn” tag-
airt do chúrsaí an chogaidh agus do
chúrsaí náisiúntais gach ráithe. An chainnt
a dheinid, ní h-é an saghas cainnte a
thaithnfadh le Gaedhilgeóirí na Mumhan
ámhthach. Ní fhanfadh aon mheas ar pháipeur
Gaedhilge sa Mhumhain a labharfadh chomh
leamh san i dtaobh cirt (agus i dtaobh
namhad) na h-Éireann. Muran féidir
do Sheumas Ua Creag & muinntir “An
Chrainn” labhairt amach go dána Gaedhlach
ar chúrsaí den tsaghas san, bfhearr i
bhfad dóibh gan bacaint leo i n-ao' cor.



S. T.



SGÉAL DO SCRÍOBH TOMÁS ÁGHAS.



Tá áthas orainn é bheith le h-innsint
againn go bhfuil sgéal fachta do'n
“Lóchrann” a cheap an gaisgidheach
cródha, Toma Ághas, nuair a bhí sé
n-a ógánach i Lios Póil. Beidh sé sa
chéad uimhir eile.



F. Mac C.



Má tá eolas uait ar an nGaedhilg
nó ar chionnos Gaedhilg a mhúineadh,
níl agat ach dul go dtí



COLÁISTE AN DAINGIN



Mí Iúil nó Mí Lughnasa so chughainn.



Sé príomh-chuspóir oibre an Choláiste seo ná
eolas ar labhairt na Gaedhilge a thabhairt do'n
lucht foghluma, agus eolas ar chionnos an
chainnt sin a mhúineadh do dhaoinibh eile.



LEABHAIR LE LÉIGHEAMH.



Tosnóirí — “Laethanta Geala,” “Ceachta Beaga”
(I., II., III.), “First Irish Grammar” leis na
Bráithre Críostamhla).



Lucht Teistiméireachta — “Realta de'n Spéir,”
“Aesop” (I. — VI.), “Eachtra Lomnachtáin,”
“Ceachta Cainnte Gramadaighe.”



Ranng “Dá Theangtach” — Beifear ag súil leis
go mbeidh staidéar déanta roim ré aca ar
an gcuid is fearr de litridheacht na nuadh-
Ghaedhilge; agus ar “Leabhar Geograiphe,”
“Leabhar ar Áireamh,” “Algébar,” &rl.



Tá gach eolas le fagháil ó Rúnaidhe,



Colaiste an Daingin, Daingean Uí Chúise.



MAITH AN TSNAOIS —



“SNAOIS CHORCAIGHE.”



Sinn-ne a dhein ar dtúis í
agus atá 'á deunamh fós.



Tobac sár-mhaith
an dá shaghas so:



“SHANDON PLUG”



agus



“EXHIBITION ROLL.”



Scríobh chugainn-ne:



“CUALACHT LAMBCIN,”



Sráid Naoimh Pádraig a 9,



CORCAIGH.



NÍ GÁDH BEURLA 'LABHAIRT,



ach an uair a raghair ar lorg



SAIGRÉIDÍ MAITHE,



agus deunfaidh dhá fhocal cúis ansan.



Abair



“SILK CUT”



le cailín an tsiopa.



I nDÚNDEALGAN



a deintear, agus tá 'á gcaitheamh



AR FUAID ÉIREANN.



P. Ó CEARBHAILL IS A CHUA.



(Teor.)



lucht a ndeunta.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 6


Tá le fagháil uainn-ne



BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID



den déanamh Ceilteach agus marc
earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca.



Tá ÁTRAIGHE ÓIR is
ÁTHRAIGHE AIRGID



mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha
dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá
an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca.



Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair
agus an luachliosta.



LIAM MAC AODHGÁIN & a Chl.-mhac Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH



Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”
Guthán: 7 Cork; i Midleton.



DO FHEAR NA FEIRME
É SEO:





SÍOLTA,
LEASÚ,
ÚIRLISÍ,
agus
BIADH BEITHIDHEACH



le fághail, go maith is go saor, sa
tsiopa so:



‘SIOPA PLÚIR IS
MINE SHRÁID AN RÍ,’



AN 3adh tigh i Sráid an Rí,



CORCAIGH.



Scríobh indiu & cuir tuairisc
a luacha &c.



Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.



“AN LÚCANIA”



(de dhéantús na hÉireann)



ó



DHOMHNALL Ó BUACHALLA, MAGH NUADHAT.



AN DÁ DHRÚNCAER



(ar leanamhaint).



Ó bhéal aithris Thaidhg Uí Chonchubhair, Lios Póil,
I gCorca Dhuibhne.



An tAthair Paor — sagart na parróiste.
Sean ó Séagha drúncaer duine.
Léan — bean phósda Sheáin Uí Shéagha.
Séamus Raol — fear síbín.
Sineud — bean Shéamuis Raol.
Máiréad — cómharsa.



An tAthair Paor: Éist anois, a Sheáin Uí
Shéagha & éist-si leis, a Mháireud,
Mar níl sonas, rath, ná seun, in aon
áit go mbeidh sgallaeracht bhorb
gheur
Ach clampar, feall, is claon agus
aincisí eile an tsaoghail —
'Nois tá eadraibh deisciobal Dé, is
má 'néann sibh dá réir, beidh oraibh
rathamhnachas sa tsaoghal agus gheobha
sibh righeacht na Naomh nuair a ragha
sibh fé na dhéin —



Anois tosnó' mé leat-sa, a Sheumais
Raol, agus le Seán Ó Séagha agus
a ndéanfa sibh mar déarfad é?



Seumas Raol: Is dócha go ndeunfam
Athair Paor, mara mbíon an sgeul
ró chrosta go léir.



Sagart: Ní bhei' sé crosda docht ná geur
ach bei' sé sonuidhe, rathmhar, séimh —
Eirighidh as an mbraon ar a bhfuil
rómhaibh anois d'bhúr saoghal.



Seumas Raol: Mhuise, ná tosnófá leis
na mná ar dtúis, 'Athair Paor,
Is measa chun an óil go mór iad ná
mise is Seán Ó Séagha.



Leun: Tá 'fhios agat, a Sheumais Raol,
ná raibh éinne 'n thriúr againn-ne
ar meisge ar a dtáinig fós 'ár
saoghal —
Is anois, 'Athair Paor, tógfaimíd an
chros uait, má iarran tú orainn é,
agus tógadh na fir í chó' maith linn
féin.



Sagart: Ana mhaith, a Mhaireud, dubhart ó
chianaibh le Seán Ó Séagha ná chuala
aon dro'-ní riamh at' dhéidh
Agus a dtógfa sibh, a Sheumais Raol
agus a Sheáin Uí Shéagha, a' chros fé
mar deir Máireud?



Seumas Raol: Is dó', Athair Paor, tháinig
chugam-sa indé, deich ndosaen buid-
eul de fhuisgí mhilis dhaor,
Agus 'á mbeidís sin díolta agam thóg-
faimís a' chros láithreach uait, mé
féin is Seán Ó Séagha.



Sineud: Go siúráltha, a Sheumais Raol,
mara dtógan sibh an chros fé mar
deir Máireud,
Beidh dúthaig éiginteach eile agam-sa
& aige Leun, is ní bheimíd a gconn-
tabhairt ár n-anama libh araon.



Seán Ó Séagha: Ara, a Sheumais, tá sé chó'
maith againn an chros a thógaint fé
mar deir an tAthair Paor,
Cad do dheunfá anao'chor dá n-imtheóch'
Sineud & go siúráltha ní mhairfinn-se
i ndiaidh Leun.



Seumas Raol: Is dócha go mbeadh an sgeul
go h-aindhis agam, a Sheáin Uí Shéagha,
dá n-imtheóch' Sineud —
Agus anois, 'Athair, tógfaimíd an chros
uait agus cuirfimíd thar n-ais arís
na buidéil.



Sagart: Seadh, téiridh go léir ar bhúr
nglúnaibh agus abraidh na focail a
déarfad féin:



‘Anois ar a bhfuil rómham dem'
shaoghal,
‘Le congnamh Rí na Naomh,
‘Ní raghaidh am' beul,
‘Fuisgí saor ná daor,
‘Ná brannda dearg ná baodh,
‘Ná aon tsaghas fíon’ ná lionn ón
nGréig,
‘Ná aon ní thagan as an soilleur.‘



Seadh, eirighidh ar fad anois & téidheadh
gach éinne agaibh i bhfeidhil a ghnótha
féin,
Beiridh mo bheannacht libh agus beann-
acht Dé.



(A Chríoch).



Finghin na Leamhna.



GILE NA GILE.



“…An líric sin le h-Aodhgan Ó
Rathaille — ‘Gile na Gile‘ is í an líric
is fearr dá scríobhadh sa Ghaedhilg 'nó in
aon teangain eile sa tseachtmhadh aois
deug — aois úd na líricí. Ní fheadar
conas is fearr an líric sin do mholadh
mura n-abrainn gur gile gacha gile í.
Tá cúpla ní eile sa Ghaedhilg a bhfuil
deallramh aca léi ach lasmuich de'n
Ghaedhilg níl aon ní in aon ghaor do
bheith chomh h-iongantach léi.



Dhein Suinburne, file Beurla, a lán
líricí. Táid ar fheabhas aige. Ní fheud-
fadh aon fhile Beurla iad a dheunamh níb
fhearr. Is mór ag lucht Beurla saothar
an fhile sin & is mór ag lucht litríochta
na h-Euróipe é. Ach nuair a chuirim-se
líricí Suinburne i gcomórtas le “Gile
na Gile,” is trom agus is dúr liom
an chainnt atá ionnta. Easba ceóil a
bhraithim ortha.



Corp-lár na Gile is eadh an líric
seo Aodhgáin Uí Ráthaille. Ceól breagh
fuamach na gcimbal atá innte, agus
‘dath’ fíor-áluinn ar an uile fhocal
di — criostal gacha criostail í, gan
aon-amhras. Tá binneas agus mire
rí-iongantach innte. Tá luathacht sa
Ghaedhilg ná fuil in aon teangain eile,
dar liom & ‘Gile na Gile’ an cruthú
& an deimhin atá agam air sin! Ní líric
go luathacht. Is gadh tapamhlacht chun
filidheacht de shaghas na lírice. Í do
ghluaiseacht léi go tapaidh mín amhail
ghluaisean píosa ceóil le Mozart.”



Domhnal Ó Corcora (is ughdar do
“A Munster Twilight”) adubhairt an
méid sin tuas a' Beurla, tráth, & is
fiú do Ghaedhlaibh é léighe is é mheabhrú
chun lucht cáinte na Gaedhilge do chur
in a gcomhnaidhe. Is mór an ní, dar
liom, daoine mar Dhomhnal Ó Corcora
bheith ag scrúdú na Gaedhilge chomh mion
san agus toradh a saothair bheith dá
scaoileadh chugainn chun lucht an ain-
eólais, lucht na gcoláistí móra Beurla,
do phleanncadh leis.



Seán Tóibín



GILE NA GILE.



Aodhgán Ó Rathaille do rinne.



Gile na gile do chonnarc ar slighe in
uaigneas:
Criostal an chriostail a guirm-roisc sinn-
uaine;
Binneas an bhinnis a friotal nár chríon-
ghruama;
Deirge is finne do fionnadh 'n a gríos-
ghruanaibh.



Tá an líric sin go h-iomlán i nGuth na mBárd
(Tórna); ar lea'-raol ó Connradh na Gaedhilge, i
mBaile Átha Cliath.



Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha.



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuigh do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


CRÉ DÉAN SUIFT.



A' laimhscribhinn do rinne Eoghan Tóibín ceud blian ó shin, agus atá ag na bráithre bochta i gCill Áirne,
do bhaineamar so. Cleas-rann is eadh é. Má léighir treasna é gan an dá phúnc (:) ad' chosc, tá caint an
Déin agat (nó a brigh). Má léighir síos in a dhá cholumhain é, tá malairt brigh ann. S. T.



Is é mo chreideamh-sa: creideamh na nua Ghall



Creideamh na Rómha: ní cóir i bhfus ná thall



Ní náireach don tréada: mar a bhfuil an Rí na gceann



An Pápa mar aodaire: is fann 's is díth don dream



Mar a ngréastar an althóir: go bráth ní maith an íobhairt



Is beannuighthe an seannós: ithe aráin is ól fíona



Is bréine ná an madra: an té leanann dá dhligh sin



An té thréigeas an tAifreann: atá caitlici agus críonna.



FAGHAM ARÍS AN CRÚISCÍN IS
BÍODH SÉ LÁN.



Gléas C.



Mícheál Ó Foghludha do chuir an ceól i ngléas.



I.



Do chuaidh an dá Sheán is mo Sheán-sa (go)
dtí'n aonach
Do adhnadar sparainn is ba dheacair í
'réidhteach
Do bhriseadar plaoisc agus cinn a chéile
Is go b'í bean an tabhairne do chosain mo
phláitín féinig
'Gus fagham arís an crúiscín is bíodh
sé lán.



Curfá:



Fagham arís an crúiscín
Sláinte geal mo mhúirnín
Is cuma liom an cúilín dubh nó bán.



II.



Chuireas-sa mo bhean go Caiseal ag díol
ubhla
An dá dhiabhal leithphinge thug sí abhaile
chugham-sa
Nach mise an truagh Mhuire ag siubhal na
dúithche
Ar lorg an tseansgibe 'gus an baile ró-
chumhang di.
'Gus fagham arís an crúiscín is bíodh
sé lán.



III.



Fágaim-se mo bheannacht ag muinntir an
tighe seo
Do réir mar atá siad idir óg agus críona
Mar ní bheinn-se cortha de na gcuideachtain
choidhche
Go bhfásadh an cuileann trí mhullach an tsean
tighe seo
'Gus fagham arís an crúiscín is bíodh
sé lán.



Tadhg Ó Murchadha.



Do fuair ó Ghearóid Tóibín i n-aice an Choinigéir
i nDún Garbhán.



Ár seasamh ort-sa, a chara!



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go
mór linn.



Ó Loch Long.



Ní rathmhar an gnó na ba do chóm-
reamh Dé h-Aoine, dar le Gaedhilgeoirí
na h-Alban. Dá ndeintí é, thiocfadh
“Ruith na h-Aoine” (snaoi nó seargadh)
ar na beithidhigh. D'feudfí toirmeasc do
dheunamh ar an mí-ádh san ach é seo a
rádh: “Áireamh na h-Aoine air caoraich
an bhaile úd thall!” Agus dro'-ghuidhe
é seo: “Áireamh na h-Aoine ort!”



Creidtar go marbuighid na fiacha dubha
a máthair féin. De sin an droch-fhriotal
so: “bás an fhithich ort!”



Dubhairt duine, tráth, le Ridire na
Spleadh: A' bhfacais riamh damh chomh mór
leis an ndamh san?



Chonnac, ars an Ridire, damh bu mhó
'ná an damh san; tá damh agam féin
in Éirinn, agus tá sé chomh mór san
go sroisean adharc leis an spéir nuair
a bhíon sé in a luighe, agus adharc is
eadh í go bhfuil a lán casadh innte; tá
ceud cor innte. A Rí! d'fheudfainn a
rádh go bhfuil míle cor innte.



Ach, a Ridire, nuair eirighan an damh
an fada in áirde a théighan an adharc?



“Ó,” arsa Ridire na Spleadh, “nuair
eirighan sé tagan casadh eile san adharc.”



Nuair a bhíon sceul thar teora amach 'á
innsint ag duine, agus nuair a bhítear 'á
cheistiú in a thaobh, innsean sé an sceul
arís ar chuma eile. Is ansan adeirtar
leis: “Chaidh anis car eile ann an adharc
an daimh.” — Sin casadh eile ar adharc an
daimh.



Sa “deó gréine” do léigheas iad san. Tá a lán
sceul ann ar “Ridire nan Spleadh” — Ridire na
sceul éithigh, R. an scaileuthain.



Sean Tóibín.



AN PÓTAIRE SÚGACH



(Aisdriú ar “The Charms of the Bottle.”)



Nuair a ghabhaimse amach san oidhche bíonn
mo bhean bheag na h-aonar,
Is dírigheann sí ar phlé liom 's ar chaismirt,
Téidheann go dtí sna chómhursain d'fhonn a
sgéil d'innsint,
Chun mise a dhíbirt ón mbaile —
Téidheadh sí sa donas is deineadh sí a
dícheall,
An áit seo ní fhágfad, mo jaicéad go
líonfad,
Is go n-ólfa' mé sláinte mo bhuidéilín
fíona,
Agus díolfad as, in aindeóin a maireann.



Tadhg Dhiarmuda.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna,



Bréagáin Leanbh, is



Madaí Dorn.



TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”



(‘H. JOHNSTON’) Teó.



Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaigh.



CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
“LEANDAR”



Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH



ag



Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA



Agus a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)



10 Sráid Phádraig N.,



CORCAIGH.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL



is a chlann mhac (teo.),



CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.



SÍOLTA,
LEASÚ agus
ÚIRLISÍ
do'n bhFEIRM.



Gleus gearrtha Turnaipí agus



DEIGHALTÁIN



don UAHTAR BAINNE.



Tá ag



Ó LUASA & Ó CONAILL,



i gCORCAIGH.



Scríobh chuca.



CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne.



Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.


L. 8


GACH CÓIR SCOILE!



tá againn-ne



LEABHAIR don LEABHARLAINN



agus



LEABHAIR mar DHUAISEANNA.



MUINNTIR FHALLAMHAIN



(Fallon Bros. Ltd.)



Cúirt Dáma a 13 & a 14,



in Áth Cliath.



Smithfield a 88, i mBealfeirste.



Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.



Tá…



Scéaluidheacht-gan-
Sraínng



d'á múineadh
ag togha na
múinteóirí



I Scoil Uí Shúileabháin



sa ‘Mhardíog,’



I gCorcaigh.



Is í an scoil is mó cáil agus
is fearr cóir i n-Éirinn.



Múintear



Sranng-Scéaluidheacht



ann do chailiní, i gcóir Oifige
an Phuist, sa ló nó istoidhche.



Scríobh chun an Árd-Oide.



TÉIG FÉ DHÉIN



“AN EMPÓRIUM”



ar lorg Earraí Gaedhlacha —



BÓNAÍ, CARABHATAÍ,
LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ
AGUS LÍNÉADACH.



M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE.



SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.



TROSCÁN TIGHE.



SEÁN Ó CURRÁIN,
sa DAINGEAN.



an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.



EUDACH
BUAN-TSEASAMHACH.



An Chulaith do-gheobhair uainn-ne,
beidh sí go córach dei'-dheunta.



Le dachad blian anuas, tá tosach
'á thabhairt againn-ne do dheun-
túisí Gaedhal. Níl muilionn in
Éirinn 'ná go gceannuighmíd-ne
togha na n-earraí ann — eudach ná
raghaidh ann, is ná dortfaidh
an dath as.



DO MHNÁIBH UAISLE —
TÁILIÚIRACHT AR 'FHEABHAS.



Gach Gúna dar dheinamar riamh,
bhí cuma is crot air.



Bainean deise ar leith leis na
Casógaibh a dheinan na táiliúirí
seo againn-ne.



Tá ana-chuid eudaigh den tsaghas
úd go n-abarthar leis “Saothar
Lámh” ar taisbeáint anso.



Ní dhortfaidh an ghuirme as an
eudach gorm atá le ceannach
uainn-ne. Raghaimíd fé bhannaí
air, agus is mór an ní é sin,
an aimsir seo.



Scríobh (nó glaodhaig) chugainn.



LIAM Ó CONCHUBHAIR
is a Mhac,
SRÁID MHÓR SHEÓIRSE, a 40,



i gCORCAIGH.



RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.



RÁSÚR “COSANTA”
ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



CUIRFEAD FAOBHAR AR sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a' bpost.



MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



WITH THE IRISH IN FRONGOCH.



J. W. Brennan-Whitmore, do scríobh.



Tá cúntas cruinn so leabhar so i dtaobh
an tsaoghail & an chaithimh aimsire bhiodh ag na
buachaillí ó Éirinn a bhí fé smacht Gall i
bhFrongoch taréis Eirighe Amach bliana a 1916.



Tá morán sgeul brónach, agus morán sgeul
grinn chómh maith, d'a innsint ag an ughdar,
agus is cliste an peann atá aige chun snas a
chur ar sgeul, pé aca brónach nó meidhreach é.



Cuireann sé síos go h-an-mhaith ar gach iar-
racht dá dtugadh fé chuid des na buachaillí a
sciobadh isteach san arm, agus ar an slighe
gur cuireadh cosg leis an obair sin. Tá
peictiúirí maithe sa leabhar.



2/6 glan, a luach. 2/10, tríd an bpost.



An dara cur amach de seo:



A CHRONICLE OF JAILS.



Darrell Figgis do scríobh.



1/— glan, a luach. 1/3, tríd an bpost.



ó



‘CHLÓ-LUCHT TALBÓID,’
Sráid Talbóid a 89, in Áth Cliath.



IS MÍORÚILTEACH NA LEIGHEASANA
DO BHUAIBH IAD SO:



LEIGHEAS UÍ DHOMHNAIL



ar bhuinneach laogh, 5/— a' buidéal.



‘Kural,’ ar leiceacht bo, 5/— a' bosca. Níl
aon teora leis chun ba do neartú.



‘Kuranzo,’ ar ghalar teangan bo, 4/6 a'
buidéal. Leighisean in aon lá amháin.



‘Murraine,’ ar bhruiliochán, 3/6 a' buidéal.



Leighisfidh an taom is measa taobh istigh de
sé n-uaire a' chloig.



‘Kuraline,’ ar bhruinne dhearg, 4/- a' buid-
éal. Beidh an bhó i gceart taobh istigh de
sé uaire a' chloig.



‘Ringool,’ ar bhorraphéist, 2/6 a' buidéal.



‘Hoosaline,’ ar chasachtaigh nó ar mhúchadh, 4/6



Gheobhair ó



UA DÓMHNAIL, Siopa Leighis Bó is Beithigheach,



An Eamhain, Midhe; nó ó



THOMÁS MAC MÁTHUNA,



An Scairbh, CO. AN CHLÁIR.



In



ÁIRCÉID NA MUMHAN



gheobhair



LÁMHAINNÍ OLNA



de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh.



Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón,
dubh, glaschaorach, geal agus donn.



Tá EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint
ar gach cúntúir sa' tsiopa:



ÁIRCÉID NA MUMHAN



le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’



I gCORCAIGH.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.



Cló-bhuailfimíd-ne leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services