Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Abrán, 1918
Title
Abrán, 1918
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1918
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. 25. ABRÁN, 1918. Trí Leith-Pinge a Fhiacha. COMHRÁDH IDIR GEARRCHAILE SCOILE & A MÁTHAIR ISTOIDHCHE. Brighid a h-ainm. Brighid: A Mhamaí, tá an samhradh ag teacht anois agus bhí cótaí bána ar na cailíní go léir sa sgoil indiu ach ormsa amháin. Máthair: Ara, a Bhrighid, a chroidhe, níl a fhiacha agam. B'fhéidir dá mbeadh dorn ubh agam i gcóir lae an aonaig go dtabharfainn cúpla slat plainín chughat chun saghas íochtair a dhéanamh duit. Brighid: A Mhamaí, ná tabharfá cóta bán chugham i gcóir na laethanta mbroth- allach sa tsamhradh. Ní fhéadfhainn cor- ruighe le cóta plainín. Máthair: Ó, a Bhrighid, a chroidhe, cad a cheannóch an gráinne té dhúinn. Níl ár ndóthain istigh againn i gcóir na maidne fiú amháin, an nóimint so. Brighid: Well, a Mhamaí, dá bhfaghainn- se cupa bláthaighe gach aon mhaidean ní ólfainn aon bhraon té go mbeadh ár ndóthain airgid againn chun é cheannach. Máthair: Och, Dia linn, a Bhrighid! cad a fhéadfainn-se duit. Ní dóigh liom go bhfuaireas ach dhá ubh indiu. Brighid: Á, a Mhaimín, bíodh foidhne agat. Is giorra cabhair Dé ná an doras, tá 'fhios agat. Máthair: Ó, tá' fhios agam go maith, a laogh, ach is anacrach an aimsir atá againn anois. Ní bheidh sí mar sin i gcomhnuidhe le congnamh Dé. B'fhéidir gur rothar a bheadh agat-sa fós. Brighid: Och! ní fheadar mar gheall air sin; ach dá mbeadh cóta bán agam anois ní bheadh pioc eile ag déanamh buartha dhom. Máthair: Mhuise mo ghraidhin go deo thu, a leinbh gan chiall, ach is dócha go rabhamair go léir ar do nós nuair a bhíomair féin ag dul chun sgoile. Brighid: Á! tá 'fhios agam-sa go maith go dtugadh do mháthair féin cóta éad- trom chughat i gcóir a' tsamhraidh. Máthair: Mhuise go deimhin féin ní thugadh, mar ní bhiodh a fhiacha ag an mnaoi bhoicht. Brighid: A Mháthair, anois ná bí chó' cruaidh sin ar do chailín beag. Geallaim nuair a raghad-sa ag tuilleamh nach fiacha cóta a chuirfead chugat ach fiacha mála plúir. Máthair: Tá áthas orm an méid sin a chlos uait, a leinbh. Is dócha go gcaith- fead iarracht a dhéanamh ar shaghas éigint a dh'fhághail duit. Brighid: Ó, go dtugaidh Dia congnamh dúinn i gcómhnuidhe! Ní baoghal ná go mbead-sa am chailín mhaith as so amach. Máthair: A Bhrighid a chroidhe, tá sé chó' maith agat bheith ag dul a chodladh anois. Tá sé ag eirghe déanach. Brighid: Táim ag imtheacht anois dír- each ach osgail an cnaipe sin annsan ar mo ghúna. Máthair: All right, agus ná dearmhaid do phaidreacha a rádh sar a raghair isteach san leabaidh. Brighid: Ó, go deimhin féin ní thabhar- fad faillighe ionnta san agus iarrfad ar an Maighdin Mhuire congnamh a thabh- airt duit chun an gúna a cheannach. Máthair: Imthigh ort a chodladh anois, a laogh, agus bí at' shuidhe go moch chun an teine a dh'adú. Brighid: Bead am' shuidhe ar a sé ná bíodh eagla ort; oidhche mhaith dhuit anois, a Mhamaí. (Pógaid). Máire Ní Shéagha, Cill mhic Ciarain, Cathair Saidhbhín. Óig-bhean do bhí pósta ag drúncaer seanduine adubhairt mar leanas: “Mo shlán beo cuirim siar chughat A bhuachaillín ó Chnoc na bhFiann Gur bhinne liom do ghlórtha Ná ceolta na cruinne ar shliabh Mo shlán beo chun na h-óige 'Gus is brónach atáim 'na diaidh Is mo mhallacht-sa do'n phósadh Do thug mór-cheangal orm riamh.” Dubhairt an seanduine á freagairt: “A chumainn ná bí ag bruighean liom Ag coimheasgar ná ag troid de ghnáth Féach ar Dhómhnall críonna 'S ar a mhuintir atá riamh mar táid Níor óladar bó ná caora Ach é go cruinn acu i dtóin a'sparáin Ach ní chuirfear insa chill leo Ach bairthlín agus cómhra chláir.” Seán Ó Conaill, Spúncán. SGÉALTA Ó BHÓLUS. Seán Ua Conaill d'eachtruig. I. — MUINTIR GHÉARÁIN. CONUS A FUAIREADAR A SLOINNE. Iasgaire do bhí ann do bhí ag iasgach ballach agus tráthnóna mar seo bhí sé ag gabháil aníos as a' bhfaill ag teacht abhaile tar éis an iasgaigh. Tháinig an Púca roimis in sa bhfaill. Dhein sé capall de féin. Chuir sé an t-iasgaire ag marcaigheacht air féin agus d'imthig sé leis agus an t-iasgaire ar a dhrom aige os cionn na faille agus féachaint a gcuirfeadh sé eagla air. Nuair a bhí sé cortha dhe leog sé uaidh é gan aon díoghbháil a dhéanamh do. An chéad lá eile arís do chuaidh an t-iasgaire ag iasgach, do bhí eagla air go mbeadh an Púca roimis, 'na choinnibh sa bhfaill. Cad a dhein sé ach cíor dhubháin a chur i sála a dhá chos. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile do tháinig an Púca roimis arís agus do chuir sé ar a dhrom é. Ach bhí an t-iasgaire ullamh do an uair seo. Do cheangal sé an doruighe ar a cheann is dhein sé srian de is do thiomáin sé leis é is do chuir sé na dubhain i gcliatháin an Phúca mar a bheadh spuir á chomáint leis ins an gach áit gur mhaith leis féin gabháil chun gur thraoch sé amach an Púca. “Táid na geuráin sin ana-gheur agat,” arsan Púca. “Leig uait mé. Táim cortha de'n chúrsa.” An lá na dhiaidh sih chuaidh an t-iasg- aire arís ag iasgach agus nuair do bhí sé ag teacht abhaile do tháinig an Púca roimis. “Tánn tú annsan arís rómham,” arsan t-iasgaire. “Táim,” adubhairt an Púca. “Seo, bí ar siubhal mar sin,” arsan t-iasgaire. “A bhfuil na geuráin bheaga gheura agat do bhí aréir agat,” ars an Púca. “Tá,” adubhairt an t-iasgaire. “Imthig ort, ní bheidh aon cháll a thuille 'gam chugat. Ní beil liom a bhfeaca cheana dhíot,” arsan Púca. An treibh sin ó shoin, tháinig Muintir Ghéaráin amach mar shloinne ortha. Tá Na Géaráin ar an áit sin de'n fhaill ó shoin a leis. Finghin na Leamhna do scríobh. Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
Beidh COLÁISTE CHAIRBRE ar siubhal mar is gnáthach i gCUAN DOR I RITH MÍ LUGHNASA; agus má thoilighean roint mhaith scoláirí chuige roim ré, beidh sé ar siubhal, leis, ar feadh MÍ IÚIL. Gheóbhthar eolas 'na thaobh ó MHÍCHEÁL Ó CUILEANÁIN, Seanachúirt, Sciobairín. COIS FARRAIGE THIAR atá an COLÁISTE ATLANTIC. Múintear Sranngscéaluidheacht & Scéaluidheacht-gan-Srainng ann do ógánaigh atá idir a 16 agus a 24. Gheobhair gach eólas ó'n Árd Oide — MUIRIS MAC GEARAILT, CATHAIR SAIBHÍN, I gCIARRAIDHE. ARÁN HOSFORD. NÁ h-ITH A MHALAIRT! Sa 62 tigh sa Mheádhon-tSráid Thuaidh, i gCORCAIGH, a deintar. tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE TOGHA GACHA BÍDH — Plúr, Min, Té is Siúicre; SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don bhfeirm; ÁRAISTÍ IARAINN is stáin don tig. ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.” Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig ó Luimneach. MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT Led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh- air na rudaí seo & iad go maith: Bróga is Stocaí, Léinte is Guaileáin, Lámhainní is Bónaí. T. Ó LOCHLAINN, 19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH. Gheobhaidh do mhac togha na scoluidheachta — I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CHORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. SEAN-FHOCAIL NA MUIMHNEACH. “An Seabhac” do bhailigh. TRIAID. Tá cuid mhaith fós sa Ghaedhilg seo 'gainne de'n nós ba ghnáth le nár sinn- sear a bheith aca sa litridheacht agus sa chainnt .i. trí neithe éagsamhla d'ainmniú mar chósmhalóid nó mar theasbánadh ar thréith éigin a bhíodh go folusach ionnta a dtriúr cé ná bíodh, de ghnáth, aon bhaint ná aon ghaol ag na rudaí féin le na chéile. Dar le duine gurab é a thugann buadh na géire & buadh na clisteachta do sna cainnteannaibh seo ná éagsamhlacht na dtrí neithe agus a laighead bainte a bhíonn aca le chéile taobh amuich de'n tréith áirighthe úd is dual dóibh i gcoit- chionn. Mar is gnáth 'na lán de shean- fhoclaibh na Gaedhilge, tá ceangal fuama nó meadrachta sa chuid is mó aca. Rud eile atá i mór-chuid aca .i. greann agus comparáid mhagaidh. 1 — Trí neithe ná múintear: guth, féile ná filidheacht. 2 — Bean bhreagh, capall bán nó tigh ar árd — trí neithe ná raibh ádhmharach. Deirtear “bó,” i n-ionad “capall” uaireannta. 3 — Fiacal cón, dealg láibe nó focal amadáin — na trí neithe is géire amuich. 4 Gréasaidhe, Figheadóir, úcaire is muc — an triúr is salaiche amuich. 5 — Táiliúir, píobaire is gabhar — an triúr is aeraighe ar domhan. 6 — Táiliúirí, scríbhneoirí is cuit — sin triúr ná h-oibrigheann gan chruit. 7 — Deire seana-bháid, deire capaill báin nó deire máighistir scoile. 8 — Airgead úis, cubhar na gcárt, gaol na gcnámh — trí neithe gan rath. Ús .i. usury. C. na gc. .i. airgead tighe óil. G. na gc. .i. pósadh lucht gaoil. 9 — Ná trí glórtha is binne — meilt bhró, géimreach bhó is béic leinbh. 10 — Trí neithe ná fuil aon ionntaoibh ionnta — lá breagh sa gheimhreadh, sláinte duine críona, focal duine uasail gan scríbhinn. 11 — Trí ruda ná raibh riamh — nead ag luich i gcluais [.i. clúid] cait, girrfhiadh i seid con, gé ar gor i bpluais mhadaruaidh. 12 — Glúin fir, srón con, cíoch mhná — na na trí neithe is fuaire ar bith. 13 — Na trí beaga is fearr — beag na curcóige, beag na caorach is beag na mná. 14 — Trí ruda ná tagann meirg ortha — — teanga mhná, cruidhte capaill bhúistéara, agus airgead lucht carthannachta. 15 — Trí mí-fhoirtiúin i dtigh duine — báirseach mhná, simné deataigh & díon tighe ag leigint tríd. 16 — Trí neithe nach ceart d'fhear maoidh- eamh asta — méid a sparáin, breagh- thacht a mhná agus milseacht a chuid leanna. 17 — Trí neithe chomh maith le neithe is fearr ná iad — claidheamh adhmaid ag fear meathta, bean ghránna ag dall, droch-éadach ar dhrúncaer. 18 — Trí neithe chomh maith leis na neithe is fearr le fagháil — uisce salach ag múchadh teine, casóg bhréide lá seacha, arán dubh i n-am gortan. 19 — Trí neithe nach ceart bheith 'á n-easba — an cat, an simné agus bean an tighe. 20 — Trí neithe ná réidhtigheann le chéile — beirt bhan pósta i n-aon tigh, dá chat os cionn aon luiche, beirt fhear i ndiaidh aon ógmhná. 21 — “Sílim,” “b'fhearr liom,” “b'fhéidir” trí ní gan brigh, gan éifeacht. 22 — Trí ní nach féidir a dh'fheiscint — faobhar, gaoth agus grádh [nó — f. g. agus drúcht ag tuitim]. 23 — Seanduine, anduine nó leanbh — an triúr is beag mhaith comaoin a chur ortha. 24 — Lá ó scoil, Domhnach ó Aifreann, lá ó chéird — trí neithe nach féidir leo casadh go bráth. 25 — Na trí peata is measa — peata sagairt, peata bacaigh, peata muice. 26 — Cumhangrach tighe, cumhangrach croidhe & cumhangrach corcáin — trí ana- craí móra. 27 — Na trí breaghtha bréagacha — bean Domhnaigh, capall samhraidh, bó aonaigh [nó — cailín Domhnaigh, gamhain samhraidh, bó aonaigh]. 28 — Na trí reatha is mó — rith uisce, rith teine, rith éithigh. 29 — Súil, glúin, uille —na trí ruda is usa a ghortú. 30 — Trí trioblóidí mná na Rinne — páistí, prátaí is trioscar. Insna Déise atá an Rinn. 31 — Síoladóir tiugh, díonadóir fliuch nó bean tighe bheadh ag goid [nó — bean tighe neamh-mianach]. Trí donais iseadh iad. 32 — Trí neithe bhaineas le críneacht — sainnt, clúmh agus ingne. 33 — Trí neithe bhaineas le sonas — fál, fascadh agus mochóirghe. 34 — Trí neithe bhaineas le bligeárd — feirc, feadghal & fiafruightheacht. 35 — Triúr is géire radharc — seabhac ar chrann, cú i ngleann nó cailín i lár cruinnithe, 36 — Na trí saoghail is sia — saoghal an iubhair, saoghal an fhiolair agus saoghal Caillighe Béara. 37 — Trí shaghas bocht — duine bocht le toil Dé, duine bocht len a thoil féin & duine bocht dá mbeadh an saoghal aige. 38 — Trí neithe chuaidh d'Aristotle a thuis- cint — intinn na mban, obair na mbeach agus teacht is imtheacht na taoide. “BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Táid le fághail i ngach sráid bhaile. Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.
39 — Trí saghas inchinn — inchinn reatha, inchinn chloiche, inchinn céireach. 40 — Na trí riain is sia fhanas — rian guail ar muing [?], rian cairte i gclaidhe [?], rian céachta i gcrích. 41 — Na trí riain is giorra fhanas — rian éin ar chraoibh, rian bric ar linn, rian fir ar mhnaoi. 42 — Trí briseadh uisce le fánaidh agus trí briseadh móna chun reatha [?]. (Tuille le teacht). LUIBH-EOLAS. Tá áilneacht ar gach taobh dínn fan gacha bóthair. Má bhíon an radharc ceart againn chífeam áilneacht ins gach tor is ar fuaid gacha páirce. Airgidín na Luachra. Ar aon láthair leis an Luach- air, san áit a bhíon fliuch iseadh chítear Airgidín na Luachra (Spiraea Ulmaria). Bíon an gas cruaidh caol, agus é crón. Tá cuma ana- dheas ar na bileógaibh; iad dubh-ghlas agus a gcúl ar ghile an airgid. Bu dheacair buachtaint ar bhláth an Airgidín le deiseacht is le cumhracht; é ar dhath an uachtair bainne, agus é go taidhseach ó thosach go deire Samhraidh. Is fuiris é leónadh, ámh, agus imthighan dá chrot an túisce a stathfá é, agus ní h-aon-leigheas air é chur in árthach uisce. Adeir an Colgánach M.R.I.A. go mbainid muinntir Acla úsáid den Airgidín chun dathú dubh a dheunamh agus gur mór aca é mar ‘glanaire’ don mheidir. Siúd is go mbainean ‘roillsí móra’ leis an Airgidín, níl aon mhil ann agus na cuileóga a théighan ag triall air a lorg meala, ní foláir nó is searbh an chúlchaint a dheinid ag dul abhaile dhóibh, i ndeire an lae. “Bu dhóigh le duine ar a dheallramh súd go bhfuil saibhreas aige; ach is é an sean-sceul é, a chroidhe, ‘fothram cóistí agus pócaí folamha.’ Seán Tóibín. Na cheithre Mháire, Na cheithre bhreághtha, Na cheithre ómair, Cheithre bháb, A thug a cheithre grádh, Dos na cheithre Dómhnaill, Cheithre fháinne, Ar cheithre lámha, Ar na cheithre dóirne, Cheithre lá, Cheithre tráth, Cheithre phósadh. Ar n-a chlos do fhear grinn i gCiarraighe gurab é adubhairt: “Cheithre pháiste, Cheithre chrádh, Cheithre scóladh.” An Giolla Ruadh. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. SGÉALTA Ó CHAIRBRE. I. — GIOLLA NA RÁIDHTE SÉIMH. Bhí Fionn Mac Cumhail ag iasgach lá le n-a shlait i Loch Fíoruisge, agus má bhí, tháinig Giolla na Ráidhte Séimh chuige, & cad do dhein sí leis ach é mhilleadh. B'éigean do fanamhaint mar a raibh sé go tráthnóna go dtáinig duine éigin des na Fiannaibh agus d'inis Fionn do go raibh sé millthe agus nár fhéad sé siubhal 'ná dul abhaile, agus d'fhiafraig an fear eile dhe cad d'imthig air nú cad do mhill é, agus dubhairt Fionn leis gur gearr go 'neósadh dho é. Dubhairt Fionn go gcaithfeadh sé órdóg a láimhe deise do chogaint sar a mbeadh a fhios aige, mar nuair a chognoghadh sé órdóg a láimhe deise bhíodh fios aige, bhí an méid sin draoidheachta aige. Do chogain sé í agus is é fios do fuair sé inti ná gurab í Giolla na Ráidhte Séimh do mhill é, agus d'fhiafraig an fear eile dhe an mbeadh sé mar sin le n-a shaoghal nú an raibh aon leigheas do. Bead mar seo, adubhairt Fionn, go dtagaidh na Fianna go léir am' chabhair. An bhféadfá innsint dom cá gcomh- nuighean sí nú cá bhfuil sí adubhairt an fear eile leis. Dubhairt Fionn go bhféadfadh; go raibh sí i gCnoc Cuilinn, san mball san áirithe, an oiread san troigeana istig sa chnoc i gcaraig chruaidh. Thug sé abhaile leis ar a dhrom é agus bhí sé mar sin ar feadh cúpla lá, gur chruinnig na Fianna go léir & thugadar sgéala dá chéile agus do thugadar go léir a bpiocóidí agus gach aon arm dá raibh acu leo, agus do rugadar Fionn leo ar a ndrom, agus do thaispeán sé an cnoc dóibh, agus dubhairt sé leo polladh ar an áit sin. Thosnuigheadar ag polladh, agus bhídís 'á fhiafhraighe d'Fhionn gach nóimeat a' raibh sí abhfad uatha. Nuair a bhíodar ag teacht i ngairidh di do chuir sé i n-aon rang amháin iad, agus dubhairt sé leo féachaint trí n-a laghracha, mar bhí an méid sin draoidheachta ag Oisín, nuair fhéachfadh sé ar aon rud trí n-a laghracha go dtuitfeadh sé marbh. Nuair a bhí fhios aige go raibh sí chun sgeinneamhaint amach, dubhairt sé leo go léir féachaint cruinn trí n-a laghracha. Nuair a tháinig sí i ngar d'Oisín, d'fhéach sé trí n-a laghracha uirthi agus do thuit sí marbh, agus ansan do stracadar go léir ó chéile í. D'fhágadar beagán den anam inti, agus dubhradar léi Fionn do leigheas. Do leighis sí Fionn chomh maith 'na shláinte agus bhí sé riamh, agus nuair a bhí sé leighiste aici do mharbhuighdar amach í, agus dubhradar ná millfeadh sí aon duine eile go deo airís. Ínsint é sin ar an Laoi Fiannaigheachta úd Seilg Sléibhe Cuilinn. Seán Ó Murchadha do thug domhsa é. Mícheál Ó Cuileanáin. LEABHAIR A THAITHNFIDH LE GAEDHLAIBH, Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla le fághail uainn-ne. Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg clár na leabhar. Labhartar Gaedhilg go fionnmhar i SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH, SRÁID ÍOC. BHAGÓID, a 50, BAILE-ÁTHA-CLIATH. Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” A Ghaedheala! Ceannuighidh “ÉADACH na DRUIPSIGHE” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.) Co. Chorcaighe. ROSC CATHA GAEDHEAL. THE SOLDIERS SONG. — É in a cheart idir cheól is abhrán, agus oireamhnach don phianó. É i nGaedhilg, chomh maith. 1/1 an chóib, per post. WHACK FOL THE DIDDLE. — Abhrán grinn i mBeurla. An file ceadna a dhein. É oireamhnach do cheól an phianó. 1/1 a' chóib. Geobhaidh lucht siopa níos saoire 'ná súd iad. Ó FAOLÁIN & A MHAC, In Uachtar Cé Urmhumhan a 17, ÁTH CLIATH. NÍ DEINTEAR AON PHÍOPAÍ EILE IN ÉIRINN ACH PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR AGUS IS FADA FARSAING ATÁ A GCÁIL. Le ceannach i ngach siopa tobac. Cuir a dtuairisc ar lucht a ndéanta — CAPP & MAC PEADAIR Teo. FAICHE SHAIN STIABHNA, ÁTH CLIATH. SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Scriobh chuige. Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill. Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.
CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA ó LÚCÁS DE BÚRCA. LÉINTE FO-LÉINTE STOCAÍ BÓNAÍ CARABHATAÍ de DHÉANTÚS GAEDHAL Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile: SRÁID PÁDRAIG N. a 105, CORCAIGH. (‘LUKE BURKE’) Sinn-ne a dhein SNAOIS CHORCAIGHE ar dtúis agus atá 'á déanamh i gcómhnaidhe. TOBAC CÚMHRA an dá shórt so — “Exhibition Roll” agus Shandon Plug. Má theastuighean uait aon tobac nó saigréidí do chur chun aonne atá sa chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó cháin, ach leath phúnt, ar a luighead, bheith sa' bheairtín idir thobac is saigréidí. LAMBKIN BROS., 9 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. FEIS CHORCAIGHE (fé chúram an Choiste Conndae) I Mí an Mheithimh, 1918, a tionólfar. DUAISEANA. 1 — £10 ar Nua-Scéal 7,000 focal. 2 — £2 ar abhrán nó Dán. 3 — £2 ar aon déantús i gcóir Aithrise, bíodh in a Dhuan nó in a Phrós. 4 — £2 & £1 ar Chnósacht Sean-Abhrán nár cuireadh fós fé chló. 5 — £1 10 ar Nua-Agallamh Grinn. 6 — £1 10 ar Chnósacht Tomhasana gona bhfreagairt. 7 — £4 ar Nua Dhráma ‘uaire a chloig.’ 8 — £3 don Scoil is feárr sa Ghaedhaltacht. 9 — £3 don Scoil is feárr Lasmuich dhen Ghaedhal- tacht. Do Ghaedhilgeoirí atá in a gcomhnaidhe i gConndae Chorcaighe na duaiseana san. Scríobh chun na Rúnaithe: A. Ó TUAMA agus P. Ó h-ANNRACHÁIN. Tá agam-sa CULAITHE ÉADAIG do GHARSÚNAIBH. CAIPÍNÍ & HATAÍ den uile shaghas. Earraí Gaedhlacha. MÍCHEÁL Ó NUALÁIN, (‘M. J. NOLAN) An Mheádhon-tSráid Thuaidh agus Sráid an Chaisleáin, CORCAIGH. AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh an Fear Gnótha. An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair. Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, agus c. Is chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur. Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní, &c., do chur. Na Díoltóirí. Ó Cuill agus a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall orainn agus cuirfimíd 12 chóip gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. “AN SEABHAC.” Tá “An Seabhac,” fear eagair “An Lóchrainn,” fé ghlas ag Gallaibh ón 21cd. lá den mhí seo. Deunfam dícheal ar an lampa beag so do chimeád ar lasadh go bhfille sé abhaile. Go mbuadha Dia dho, agus do gach n-aon atá ag fulang cruadhtain ar son Chaitlín. S. T. SÚILLEABHÁIN. An fáth fá ngairmthear Síol Súilleabháin do shliocht Eochadha Mhic Mhaoiliughra. Feacht n-aon dá táinig draoi Albanach (agus file amhra eisean) ar mhór-chuaird Éireann. Labhán draoi a ainm. Tháinig go tigh Eochadha dá ngoirthear Súilleabháin & do freasdaladh an draoi go sár mhaith ag Eochaidh agus d'fhuráil iomad maoine agus maitheasa dho; gidheadh níor ghaibh an draoi cumhaidh ná ceathre uaidh gur shír an aon-tsúil a bhí ionna chionn air agus tug Eochaidh sin do ar grádh a oinigh agus ar eagla a imdheargtha do'n chlaon- draoi. Tárla naomh míorbhuilleach a bhfoch- air Eochadha an tan sin .i. Ruadhán Lothra agus mar chonnaic an t-athchuingidhe ain- dleaghthach da h-iarraidh ar Eochaidh adubhairt Ruadhán: “Is cead liom-sa más cead le Dia é do shuile-se, a Labháin, do dhul a gcionn Eochadha & a bhfoghnamh do a n-áit a shúl féin. Do rinn Dia an feart san go h-amhra ar impidhe an naoimh. Do- chuadar súile Labháin a gcionn Eochadha & d'fhoghnadar do tré thíodhlaicthibh Dé & Ruadháin; go-naire-sin goirthí Súilleabháin de & ó'n oineach sin do rinn ainmnighthear a shliocht 'na dhiaidh .i. Síol Súilleabháin. [As Scríbhinn i Mainistir na mBráithre mBocht i gCill Áirne.] PRÍNTÍSEACH. Tá ionad do phríntíseach siopa (siopa eudaig is lóin, &c.) ag Domhnal Ó Buachalla, Magh Nuadhat. Muimhneach sprideamhail & Gaedhilg aige an duine ab'fhearra leis. Scríobh chuige a' Gaedhilg. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. AN DÁ DHRÚNCAER. Scríobhtha síos ó bhéal aithris Thaidhg Uí Chonchubhair, Lios Póil, Ciarraighe. Is dóigh gurbh é Muiris Ó Gríbhghín do mhair i ngleann na Mínáirde ós cionn cheithre fichid bliain ó shoin a chúm. An tAthair Paor — sagart na parróiste. Seán Ó Séagha — drúncaer duine. Léan — bean phósda Sheáin Uí Shéagha. Séamus Raol — fear síbín. Sineud — bean Shéamus Raol. Máiréad — cómharsa. Bóthar tuaithe ar maidin go moch. An Sagart: Nach moch ataoir lasmuigh, a Sheáin Uí Shéagha, Is ní maith é do chruth ná de leibhiré; A 'neósfá conus a chaithis an oidhche 'raer? Seán Ó Séagha: Ná fuilean tu féin amuigh chó' moch liom, a Athair Paor, Is níl aon locht agam-sa ar mo chruth ná ar mo leibhiré; Agus pé sligh ar chaitheas-sa an oidhche araer Is dó' liom gurb' é sin mo chúram féin. Sagart: 'S dó' liom-sa, Sheáin, go mbainean sé led' bhean bhocht Léan Chó' mór is bainean sé leat féin An tsligh gur chaithis-se an oidhche 'raer, Is an chuid eile go léir det' shaoghal. Seán: I mbriathar féin, a Athair Paor, Nach gádh dhuit bheith ag tógaint páirt le Léan Mar, deas nó clé, go bhfuil sí ábalta ar a cheart a bhaint amach di féin. Sagart: 'S dó bhí duine éigint 'á rádh liom-sa indé Go bhfuil a croidhe briste ar fad i Léan Mar go bhfuilean tusa ag caitheamh do shaoghal agus Do shlighe bheatha go léir i síbín Shéamuis Raol. Seán: Dhera, is dócha gurab í Léan bhí ag innsint duit ar a' scéal, Is bí 'c'eall nár 'nis sí aon phioc dá lochtaí féin Cé gur mór acu 'baint léi, Agus thabharfadh a turus ar shíbín Shéamuis Raol chó' maith le Seán Ó Séagha. Sagart: Ní creidim-se, a Sheáin Uí Shéagha, go bhfuil aon lochtaí móra 'baint le Léan, Agus ní chreidim-se go mbacfadh sí le síbín Shéamuis Raol, Mara raghadh sí ann at' dhiaidh féin a d'iarraidh tu thabhairt abhaile léi. Seán: Arú mhuise, 'Athair Paor, ca bhfuil na lochtaí móra 'bain t le Seán ach chó' beag le Léan; Ach má ólaim anois nó arís mo bhraon nach é mo thuilleamh féinig é Agus cad a bhainean san le Léan? Sagart: Á! a Sheáin! ó'n lá cheanglas tú le Léan Tá sí chó' buanamhail ar do thuilleamh is taoinn tú féin Is ar ndó ba cheart duit é roinnt léi agus déanamh leis dá réir. Seán: I m'briathar 'Athair is maith is cuimhin liom é — Agus a bhfuaireas uaithe 'spré gur bhainis-si dhíom é go léir, Is mara mbeadh scillinn bhí im' phóca féin, Gur bhaoghlach go mbeimís gan ár ndin- néar! Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
Sagart: Tá deállramh, a Sheáin, nár mhór í an spré Mar níor thugais dómhsa ach a' seacht is raol; B'éigean dom leath-choróin eile a chur ann mé féin D'fhonn an Easpuig a dhéanamh baodhach. Seán: Dhera mhuise, cad é 'n bhaint a bhí ag an Easbog leis an sgéal? Mara mbeadh go bhfuilean tusa beagán baoth Ar ndó choimeádfá do chuid airgid agat féin. Sagart: Á, a Sheáin, Uí Shéagha ní thugas-sa do'n Easbog ach a cheart féin — Rud ná fuaireas-sa uait-se ná ó Léan. Agus b'fhearra dhuit é thabhairt dómh-sa féin Ná é thabhairt ar fhuisgí lobhtha Shéamuis Raol. Seán: Tá fhios agam go maith, Athair Paor, gur bheag leat ar fad é, Cé ná rabhais thar deich neóimintí, ar a mhéid, am' cheangal-sa le Léan, Is gur minic a chaitheas dhá uair déag a chluig ag baint an fhéir, Le speil ar beagán faobhair, is ná fagh- ainn leath a' seacht is raol! Sagart: An té chraobhscaoilean Dligh na Naomh Is as a chaithfe sé a bheatha bhaint é féin Is mara bhfaghadh sagairt as póstaí ach seacht is raol, Ba shuarach é a mbreicfeast ná a ndinnéar. Seán: Seadh, 'nois, a Athair Paor, pe 'cu baint a' choirce é, nó baint an fhéir, Dúblógha mé dhuit an seacht is raol ach me scur arís ó Léan. Sagart: Á, a Sheáin Uí Shéagha, 'á dtabhar- fá dhom saidhbhreas an tsaoghail is 'óllmhaitheas go léir Ní scurfainn tus' ó Léan, Is ní lugha ná fhéadfainn é. Seán: Arú, a Athair Paor, ar ndó ní le slabhra ná le téid Ná le córda reamhar ná caol A cheanglais-se le Léan, Ach le beagán ráidhte béil Agus gan ach gibiris i gcuid aca san féin. Sagart: A Sheáin Uí Shéagha, 'á mba le slabhra nó le téid, Nó le córda reamhar ná caol, Do cheanglóinn tu le Léan, Do scaoilfeá iad tu féin. Níorbh' eadh ach le ceann de shácrai- míntí Dé Agus a bhfuil de shagairt ar a saoghal, Is fiú amháin an Pápa féin, Ní fhéadfaidís tú scur anois ó Léan. Seán: Gabhaim párdún agat, 'Athair Paor, Ná cloisim Séamus Raol á léigheadh as na páipéir, Go bhfuil breitheamhain dlighe gus léighinn 'ghá sgur a n-aghai'n lae; Agus san ar fuaid a tsaoghail. Sagart: Á, a Sheáin Uí Shéagha, ní h-í dligh na mbreitheamhan san dlighe na Naomh Mar an pósadh déintear in Eaglais Dé níl aon sgaoileadh air go raghaidh duine acu 'n chré. Seán: 'S dó mhuise 'nois, Athair Paor, liom-sa ní thaithnighim léi, Agus i gcóir na síorruidheachta agus an tsaoghail B'fhearra dhos gach éinne 'gainn imtheacht do féin Ná bheith ag bruighean mar bhímíd in aghaidh an lae. Sagart: 'S dó, a Sheáin, tá a leigheas san ar do lámhaibh féin: Dá n-eireóchthá as an mbraon is fuireach ó shíbín Shéamuis Raol Ní bheadh ach gradam is grádh eadraibh araon. Seán: Mhuise mo thruagh go muar tu, 'Athair Paor, Má's dó leat go bhfaghadh cion ná grádh sligh i gcroidhe Léan. Croidhe atá chó' líonta 'mhioscais is de phlé, Is bheadh bolg sean-bhó bheadh tar éis na h-oidhche ar choca féir. Athair Paor: Ní chreidim-si, a Sheáin Uí Shéagha, go bhfuil Léan chó' h-olc san go léir. Má bhíonn sí 'nis nó 'rís ag plé bíonn a' chúis aici go léir a saoghal. Finghin na Leamhna. (Tuille le Teacht.) RÓCÁN A DEINEADH AIMSIR AN LAND LEAGUE. Atá Lá le Muire chughainn is ná deinidh aon delay, Ach bailighidh chughaibh go cúthail bhur gcúntaisí go léir, Beidh siad ar a nglúnaibh is piléir a' dul na súilibh, Is beidh talmhaintí gan cúntas anois ag Clannaibh Gaedhal. Is mó fear maith faoi tharcuisne ag caitheamh seana-bhróg, Ag cur bútaisí ar lucht tacsaisí is anois cad déanfar leó, Cuirfimíd iad thar fairge is nár chasaid siad go deó, Chun ifrinn síos do bheirim iad is go mbuail- tear iad na threó. Is mó fear maith faoi tharcuisne do thaithig im is feoil, Mórán bó is capaill, is fairsinge go leór, Gur lucht canntáltha chreach iad is d'fhág a gcroidhe fé bhrón, Is deir Captain Rock an faraire go caithfid glanadh leó. Tá Gaoidhil ag cur le chéile is a lasadh sop le fonn, Ná briseadh aon dro' bhraon ionnaibh is is gairid uaibh an chabhair, Tá landlordí go traochta is bainfear díobh na leabhair, 'Ge Parnell mór ó Éirinn is is baoghal do Chlannaibh Gall. Tá Sasanaig ghá labhairt linn go bhfuilmíd gan chiall, Go bhfuil arm ins gach baile acu is go bhfuil an dlighe ró-dhian, Lucht na ndlighthe bhfalla, go sgioba 'n diabhal an ceann díobh, Mar do chrádhdar ró-mhór mh'aigne is do'n deamhan a bheirim iad. Tá a rian air seo gur a tigh an óil a ghluais an chéad lá, is baoghlach. Scríobhas síos na bhéarsaí seo mórán bliadhan ó shoin ó fhear a bhí ag abhrán i dtraen an Daingin mara rabhmair araon ag ciorrbhadh na slighe dhúinn féin le teacht thar seana chúrsaí. Finghin na Leamhna. DO CHABHAIR-SE, A CHARA! Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn. Má tá eolas uait ar an nGaedhilg nó ar chionnos Gaedhilg a mhúineadh, níl agat ach dul go dtí COLÁISTE AN DAINGIN Mí Iúil nó Mí Lughnasa, so chughainn. Sé príomh-chuspóir oibre an Choláiste seo ná eolas ar labhairt na Gaedhilge a thabhairt do'n lucht foghluma, agus eolas ar chionnos an chainnt sin a mhúineadh do dhaoinibh eile. LEABHAIR LE LÉIGHEAMH. Tosnóirí — “Laethanta Geala,” “Ceachta Beaga” (I., II., III.), “First Irish Grammar” leis na Bráithre Críostamhla). Lucht Teistiméireachta — “Réalta de'n Spéir,” “Aesop” (I. — VI.), “Eachtra Lomnachtáin,” “Ceachta Cainnte Gramadaighe.” Ranng “Dá Theangtach” — Beirfear ag súil leis go mbeidh staidéar déanta roim ré aca ar an gcuid is fearr de litridheacht na nuadh- Ghaedhilge; agus ar “Leabhar Geograiphe,” “Leabhar ar Áireamh,” “Algébar,” &rl. Tá gach eolas le fagháil ó Rúnaidhe, Coláiste an Daingin, Daingean Uí Chúise. TÉIG GO BAILE BHUINNEÁIN AN AOIBHNIS an samhradh so chughainn chun GAEDHILGE 'FHOGHLUIM. Beidh scoil samhraidh ann do chách, agus oidí oilte in a bun. Scríobh chun an Rúnaidhe, i mBaile Bhuinneáin Cois Sionann, i gCiarraidhe Luachra. IOL-SCOIL NA MUMHAN (RING IRISH COLLEGE). Samhradh, 1918. An Chéad Teurma: Ó'n chéad lá Iúil go 26mhadh. An Dara Teurma: Ó'n chéad lá Lughnasa go 29mhadh. Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus breaghdha is eadh an Coláisde agus an tigh comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige ann agus na hOidí go toghtha. PÁDRAIG Ó CADHLA, An Fear le Scríobhadh. COLÁISDE NA MUMHAN, BÉAL ÁTHA 'N GHAORTHAIDH. Beidh an Coláisde ar siubhal i mí Iúil agus i mí na Lughnasa mar is gnáthach. Gheobhfar gach tuairisc 'na thaobh ó LIAM DE RÓISTE, 27 Sr. an Chapaill Bhuidhe, i gCorcaigh. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk
Tá le fagháil uainn-ne BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID den déanamh Ceilteach agus marc earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca. tá ÁTRAIGHE ÓIR is ÁTHRAIGHE AIRGID mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca. Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair agus an luachliosta. LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. Tá 200,000 Baraile Plúir da dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.” Guthán: 7 Cork; i Midleton. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. DATHÁN den uile saghas, idir SHNASDATH, SLÁNDATH, agus PÉINT, (“Varnishes, Distemper, and Paint.”) TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH. Gheobhair in aon tsiopa, nó mura bhfaighir, scríobh chun MUINNTIR ÁRACHTÁIN, Muilionn “Seandúna,” i gCORCAIGH. A Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i. “AN LÚCANIA” (de dhéantús na hÉireann) ó Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat. “CAITHEAMH AIMSIRE.” (Leabhar dán is abhrán le Tórna, Ó Mhuinntir Gill, in Áth Cliath, ar 2/-). Tá 105 leathanach sa leabhar san. Ní minic a chímíd an méid sin páipéir fé abhránaibh Gaedhilge, agus cló comh maith san ortha. Tá an t-árd chion ag Tórna ar an gcamán is ar lucht a láimhseála: A bhuinneáin an chamáin, an chraobh duit! Is breágh lem chroidhe ar do ghníomh do fhéachaint, Ní h-ionann is goithí buicín an Bhéarla, Len a dhornán maidí is a bhaitín bréagach. Minic a chonnac amuigh ar an bPáirc thu Is do ghreim go daingean i mbarra camáin ghil Ag brostú fuirinne in imirt iomána 'S ag traochadh scata fear greanta sa bháire. Nuair is chúca léimeann an buachaill caol dubh 'S a chamán gléasta n-a ghlaic chun spóirt. Abhrán gríosaithe ar cheól “Vive la” is eadh “a ghasra bhreagh so 'en tálfhuil mhóir” agus do mhuinntir Chláir gil Mhumhan a scríobhadh é, agus oirean sé thar bárr don saoghal atá anois ansúd. 'Sé deir an sáirfhear saor gan chluain: “Beidh deireadh lae le réim na nduairc 'S ní theipfidh táinte tréana Thuamhan I mbaoghal na ruag 'ná i ngliathaibh slógh!” Tá an seana smior san laoch ar luadhail Don tSacson-trúip ba léir a luas Is leanfaimíd go h-éag, dar Duach, An raon go buadhach i ndiaidh ár leogh- ain! Dia go deó le slogh na nGaedhal Dia go deó le comhacht a lámh Dia dhár seoladh i gcóir an lae 'mbun Brianach cródha ar Éirinn bháin. Tá duine den tálfhuil mhóir úd Tuamhan dá chaoineadh ag Tórna — Micheál maith Ciosóg, beannacht Dé len 'anam, ach ní ró-oireamh- nach an t-amus é, dar liom. An iomadamh- lacht focal agus an ró bhladhmann úd do thaithigh Eoghan Ruadh Ó Súileabháin, ní oirean sé do mhairbhne na linne seo. Prós is eadh cuid den mhairbhne seo a rinne Tórna. Agus táid bantracht dílis na hÉir- eann at' chaoineadh go dearg-ruisc, & ag stathadh a gcod' gruaige le corp anaithe is uaignis det' bhárr. Caint ‘tar teora amach’ í sin. “B'fearr liom fuireach go singil fí dheoig go lag, 'Ná ráfla im fhriotal do rithfadh thar teora amach.” Tá súil agam go ndeunfaidh Tórna iaracht fós a bheidh go h-oireamhnach do Mhicheál Cíosóg, fear buanaithe lúth agus laochas Gaedhal. Agus deurfaidh gach n-aon “Amen” go dúthrachtach le paidir Thórna dho: Dia let anam, a mharcaigh na mbán- ghlach; Dia let anam go dtagair san Árus; Dia let anam is Peadar na páirte Colm na Cille agus Beinin is Pádraig. Tá comhairle sa leabhar don uile shaghas duine. Do bhéithibh é seo: A shiúr na n-ae ionam, ná creid-se ó éinne Nách é an faision Gaedhlach is fearr mar nós Mar is é do bhréagfadh an buachaill caol dubh Is uaisle tréithe 's is gile meóin. Agus do mhnáibh tighe i d taobh deuntúisí Gaedhal é seo: A mhná na múirne, gabhaidh páirt go h-umhal liom 'Sa chás so an tsaoghail; Den déantús dúthchais bíodh adhbhar an ghúna, 'S an snáth dá réir; Ná caithidh únsa dá ndearna allmhurach Dá áilleacht é; Acht bíodh ar bpúnt-na ag sír-rith cúrsa Do Ghráinne Mhaéil. Do lucht fudar-dheabhaidh, de shaghas na bPúncánach, an chomhairle seo: Luigh ar an bfeur le seascaireacht shámh; Cruinnigh is léigh na leabhair is fearr; Duine gan chéill is taithneamh sa lá, A rithfeadh le céird go cneadaigh an bháis. Tá tuairim Thórna i dtaobh “diúga na gcáirt,” bun ós cionn ar fad le tuairim na bhfilí ná mairean. Caithfam deocha is dramanna uainn Taithighe tighthe leanna ar cuaird — Is géire an comhartha d'fhágann An craos so an óil ar chlár Luirc 'Ná a dtéigheann dá fóirne cráidhte Thar bóchna, is náire ghabhann. Abhráin magaidh fé sheóiníní, fé phíléirí, fé lucht an Abbey Theatre, táid sin sa leabhar, leis. Eochaill baile de bhailtibh Éireann, A leath-taobh Gallda is a leath-taobh Gaedhlach 'Seadh chonnac an bobbí gurab ainm do Tingimí Is é ag druidim im choinnibh go teann. Ní bhíodh aon ‘opal hushes’ ann, taca an mheadháin lae 'Ná ‘murmuring moonshine’ le feic- sint sa' spéir Ach daoine in a mbeathaidh a mhaireadh go réidh Gan spridí gan glamour, raidhcsfal do deal lé. Mná óga 'mbíon eud ortha chun cailín “an bhuachaill chaoil dhuibh,” bfhearra dhóibh gan puinn a rádh! Dá dtéighinnse ag cúirtéireacht ar rothar bhréagh nódh Cad é sin don treud bhan ná bainean san leó? Abhrán molta gearrachaile iseadh “Móirín” ach ní oirean an ceól úd “túral leal lé” don saghas san abhráin, dar liom. Daoine a bhíodh ag foghluim na seana Ghaedhilge ó'n Ollamh Holger Pederson, do thugadar gean don ghramadaigh! Muir 'ná tráigh, Coillte garbh-chnuic 'ná grianáin Ní mheallaid ár ndualgas dil Ó'n mBréithir. Tá cúig chinn de abhránaibh maithe diadha ann, ach iad a bheith sa' Chrua'-Ghaedhilg. A bhráthair, mairg an mart Do Dhia nách tairg tocht; Dó, as carcair do chlí Altuig gach ní anocht. a.n.o.ch.t. Duine ar bith a chuirean leabhar Gaedhilge fé chló, an aimsir seo, bu chóir bheith buidheach de, agus más deuntús nua an ní a bhíón sa leabhar is eadh is móide é buidheachas Gaedhal don scríobhnóir. Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
Do dhuine gan Ghaedhilg atá an leabhar so Thórna dá thoirbheart. Ní ró-locht ar leabhar Gaedhilge an ní sin, bfhéidir, ach amhail atá dá rádh ag Tórna féin! Cá mbeadh aer-thaisteal éadrom Ar inneal an eóin Cá mbeadh aon-cheart na h-Éireann Ó Dheire dtí an Cóbh Cá mbeadh réim an tsoiscéil, Agus creideamh na Rómha, Dá leigtí san tsaoghal so Do lucht ‘maith go leór?’
Seán Tóibín. AN ROBÁLAIDHE. Bhíodh buachaillí ag breith ime go Cor- caig as so fad ó. Ní raibh aon mhargadh ime níos giorra do'n áit seo ná Cor- caigh an uair sin Bheireadh gach duine trí feircíní ar dhruim capaill leis. Bhíodh robálaidhe ag faire ortha nuair a bhídís ag casadh, in áiteannaibh áirithe. Bhí fear óg ón áit seo ag teacht abhaile ó Chorcaigh uair áirithe. Do stad sé tamall in áit éigin 'na mbíodh tigh ósta ag duine gurbh' ainm do Domhnall Ó Meádhra. Dubhairt an Domhnall so leis go raibh robálaidhe ag faire ar an mbóthar a bhí roimis amach is é féin do sheachaint air. Do chuir san an fear ó Uíbh Ráthach ag cuimhneamh ar sheifteana chun a chuid airgid do thabhairt slán. Seo mar do dhéin sé. Fuair sé mám d'airgead práis is do chuir sé i sparán é is é fuaighte i bpíosa éadaigh. Chuir sé an t-airgead mór i bhfolach. Bhuail an robálaidhe leis is é ar mhuin capaill is dubhairt leis a sparán thabh- airt uaidh. “Níl aon sparán agam,” ars an fear. “Ná bíodh aon siar ná aniar mar gheall air,” arsan duine eile ag cur suas piostoil chuige, “ach caith chugham do chuid airgid.” “Seo mar sin is nár fhaghair a thairbhthe,” arsan fear ó Uíbh Ráthach is do chaith sé uaidh an sparán i bhfad thar claidhe. “Téir-si á iarraidh anois má's fiú leat é,” ar seisean. Dhein an t-airgead ruadh cliotaráil mhór is dubhairt an robálaidhe “is fiú dul thar claidhe aon uair chun sparán airgid d'fhagháil. Bhí bromach breágh capaill ag an mbith- eamhnach is d'fhág sé ar an mbóthar é is chuaidh sé féin thar chlaidhe ag iarraidh an sparáin. Níor dhein an fear ó Uíbh Ráthach ach léimt anuas dá ghroigín féin is léimt anáirde ar chapall an bhitheamh- naigh is away leis. Nuair do baineadh an iallait de'n chapall fuarthas pócaí astig ann agus mórán airgid buidhe i dtaisge ionnta. Agus mar bhárr ar an sgéal do tháinig an sean chapall abhaile go Spúncán ar shlighe éiginteach tar éis cúpla lae. Sgéal fíor é sin. Tomás Ó Fianachta d'innis. Finghin na Leamhna do scríobh. “STAIR ÉAMUINN UÍ CHLÉIRE.” Seán Ó Neachtain do scríobh. Eoghan Ó Neachtain do chuir i n-eagar. M. H. McGoill agus a Mhac do chuir amach. 2/6 a fhiacha. Dhá chéad bliain ó shin seadh bhí Seán Ó Neachtain ann. Bhí sé ar na fílí móra a bhí ann len a linn. Ní ar fhilidheacht amháin a thug Seán aghaidh. Do scríobh sé startha maithe próis leis. Seo ceann aca san curtha i n-eagar ag duine eile dhe treibh Neachtain [níor scar scoláir- eacht Ghaedhilge fós leo]. Scéal deas an scéal so ar Éamonn Ó Cléire agus tá an téx go maith. An té scríobh é do bhí tuiscint ar an saoghal aige agus ar chúrsa an duine. Rud eile bhí aige: bhí greann ann agus chíodh sé greann- mhaireacht i lár na h-aindise. An uair sin féin do réir deallraimh bhí ceist na Gaedhilge & an Bhéarla ag suathadh aigne daoine. Tá cuid mhaith mhagaidh déanta ag Seán Ó Neachtain fé sheóiníníbh an lae sin san “Stair.” Cainnt liteardha na h-aimsire sin atá sa téx so, ach níl sí ró-dheacair agus ní gádh do dhuine bheith 'na scoláire ró-mhór chun a léighte go furus. An Seabhac. ÁR RÓISÍN DUBH. Tá an fhairrge 'na cuimín eadrainn Gan long ar muir, Tá an saoghal 'na chogadh craorag 'S an spéir fairis; Beidh sléibhte na h-Éireann 'S a mbuinn ar crith, Lá éigin sara dtréigeam Ár Róisín Dubh. Tá éirleach á dhéanamh 'Sna tíortha thoir, Níl aon fhios ag aoinne Cad is críoch leis sin; Tá éiclips ar ghréin ann — Níl soillse 'ci, Is gealas gréine ar a' dtaobh so Ar ár Róisín Dubh. Tá Éire fé dhaorthacht Le suim anois, Cé déarfadh ná go mb'fhéidir Go bhfuil a h-uain istigh; Ní féidir linn léigheamh Ar na síonta 'nois, Ach Aon-mhic, go dtugair saor chughainn Ár Róisín Dubh. Tomás Ó Criomhthain, An Blascaod Mór. “NAOI nGÁBHADH AN GHIOLLA DHUIBH.” Mícheál Ó Máille do scríobh, Tomás Ó Máille d'aith- scríobh agus do chuir i n-eagar. “Comhlucht Oideachais na h-Éireann” a chuir amach. 2/- a fhiacha. Leabhar i gcomhair buachaillí an leabhar beag deas so dar linn; agus dar linn leis, gur i gcomhair buachaillí a bheadh ag foghluim na Gaedhilge ar scoil a thug an t-eagarthóir an aire dho a thug, mar is fada ná feacamair téx gur tugadh oir- ead cóirighthe air & tá tugtha air seo. Tá dhá fhoclóir ann, innsint chomhgarach Bhéarla ar chuid de, ceistiú, & sompla maith fada as an dtéx i litriú símplí air chun an glór Connachtach do theas- báint. Sin úsáid chiallmhar le baint as an Litriú Símplí. An Seabhac. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Teó. (‘H. JOHNSTON’) Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe. GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Gur bhriseadar na humaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces” Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Port an Phápa, CORCAIGH. Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX is a chlann mhac (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL is a chlann mhac (teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. CEANNUIGH DO CHUID LEIGHIS, I SIOPA AN BHÚRCAIGH .i. Tig na cúinne, idir SRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA & SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE, I gCORCAIGH. Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean a ngnó agus a dheinean go cruinn é. CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne. Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.
GACH CÓIR SCOILE! tá againn-ne LEABHAIR don LEABHARLAINN agus LEABHAIR mar DHUAISEANNA. Scríobh chugainn ar lorg eolais: MUINNTIR FHALLAMHAIN (Fallon Bros. Ltd.) Cúirt a 13 & a 14, in ÁTH CLIATH. Smithfield a 86, i mBealfeirste. Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge. Tá SCÉALUIDHEACHT-GAN- SRAÍNNG d'á múineadh ag togha na múinteóirí I SCOIL UÍ SHÚILLEABHÁIN SA ‘MHARDÍOG,’ I gCORCAIGH. Is í an scoil is mó cáil agus is fearr cóir i n-Éirinn. Múintear SRANNG-SCÉALUIDHEACHT ann do chailiní, i gcóir Oifige an Phuist, sa ló nó istoidhche. Scríobh chun an Árd-Oide. TÉIG FÉ DHÉIN “AN EMPÓRIUM” ar lorg Earraí Gaedhlacha — BÓNAÍ, CARABHATAÍ, LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ AGUS LÍNÉADACH. M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC, CILL ÁIRNE. SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm. TROSCÁN TIGHE. SEÁN Ó CURRÁIN, sa DAINGEAN. an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad. DO'N bhFEIRMEÓIR. Tá an t-ocras ag druidim le muinn- tir na mbailte móra is na gcathrach idir fhearaibh is mhná is leanbhaí. An biadh a bheidh uatha, is tú amháin a fhéadfaidh é sholáthar dóibh. Do tógadh stoc, nach misde do mhuinn- tir na hÉireann bheith mórálach as, ar an dtalamh féaraigh, ach anois tá géar-ghádh le tuille cruithneachtan, eórnan, coirce agus prátaí, agus ní mór tuille talmhan a bhrise chuige. Más eól duit aon phlean chun breis a bhaint as an dtalamh cuir i bhfeidhm láithreach é. A bhfuil de thalamh féar- aigh agat le spáráil dein é a threabhadh, agus ní h-amháin san ach féach chuige le neart saothrú go dtabharfaidh gach aon acra talmhan a treabhfar an bara is mó is féidir a thabhairt. Díolan curadóireacht an feirmeóir go maith, ach lasmuich dhe sin ar fad, má bhrisean tú talamh chun baraí, beidh cion fir 'a dhéanamh agat chun fir & mná na hÉireann & do ghaolta féin a chosaint ar an ngorta agus ar an ngannachúise. Tabharfhaidh an Coiste Conntae, nó Múinteóir Feirmeóireachta na Con- tae, comhairle dhuit i dtaobh cad is fearra dhuit a dhéanamh láithreach. Tá do dhaoine muinnteardha sa bhaile mhór ag braith ort chun an Fhomhair. Ná teip ortha! Tá cóibeanna de'n achuinge seo le fághail ó'n DEPARTMENT UM CHURADÓIREACHT, i mBaile Átha Cliath. K.A.A. LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA GAEDHILGE Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim. Trí leath-phinginní (1½d.) fiacha gacha leabhair díobh. 1. “Laethanta Geala” (Kerry School- girl's Diary). 2. “Cosa Buidhe Árda” (Easy Songs to Catchy Tunes). 3. “Sean-Amhráin na Mumhan.” 4. “Déanamh an Chleamhnais” (Short Dramatic Sketch). 5. “Cunntas Cinn Lae” le Bríd Stac. Le fághail ó MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann don Ghaedhilgeoir: UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87, i mBAILE ÁTHA CLIATH. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/- go 10/6. RÁSÚR “COSANTA” ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-; gheobhair ceann aca san & trí lanna “Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3, tríd a' bpost. CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar 7d. tríd a' bpost. MAC CUILINN, 35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge do mhúineadh: “Scéalta don Aos Óg,” 2d. “Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d. “Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” — iad go daithte is go hoireamhnach ar gach chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6 Gaedhil a bhfuil Trácht ortha: Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach, Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh Colmcille, Wolf Tone, Naomh Bréandán, An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach garm — £3 an beart. Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar — “Saints and Sinners (Dr. Hyde), “Humours of Irish Life (C. L. Graves, M.A.), “Irish Orators and Oratory” (Prof. Kettle), “Irish Poetry” (A. P. Graves, M.A.), “Selections from Thomas Davis” (T. W. Rolleston, M. A.). “Songs of Myself and Lyrics” (Thomas Mac Donagh), 4/6. Poetical Works of Joseph M. Plunkett, 3/6. Cuir cárta ag triall orainn ar lorg leabhráin eolais: “The Educational Co. of Ireland,” 89 Sráid Talbóid, Áth Cliath. IS MÍORÚILTEACH NA LEIGHEASANA DO BHUAIBH IAD SO: LEIGHEAS UÍ DHOMHNAIL ar bhuinneach laogh, 5/- a' buidéal. ‘Kural,’ ar leiceacht bo, 5/- a' bosca. Níl aon teora leis chun ba do neartú. ‘Kuranzo,’ ar ghalar teangan bo, 4/6 a' buidéal. Leighisean in aon lá amháin. ‘Murraine,’ ar bhruiliochán, 3/6 a' buidéal. Leighisfidh an taom is measa taobh istigh de naoi n-uaire a' chloig. ‘Kuraline,’ ar bhruinne dhearg, 4/- a' buid- éal. Beidh an bhó i gceart taobh istigh de sé uaire a' chloig. ‘Ringool,’ ar bhorraphéist, 2/6 a' buidéal. ‘Hoosaline,’ ar chasachtaigh nó ar mhúchadh, 4/6 Gheobhair ó UA DÓMHNAIL, Siopa Leighis Bó is Beithigheach, An Eamhain, MIDHE; nó ó THOMÁS MAC MÁTHUNA, An Scairbh, CO. AN CHLÁIR. Má léighir Béarla, LÉIGH LEABHAIR MHAITHE. “Poets and Poetry of Munster,” by James Clar- ence Mangan; 3/- agus postas 4d. Tá Béarla is Gaedhilg ann. “Knocknagow,” by C. J. Kickham; 4/- agus postas 5d. “In Dark and Evil Days,” by F. Sheehy-Skeffing- ton; 3/6 agus postas 5d. “The Red Spy,” by D. M. Lenihan; scéal ar cogadh Gaedhal ar son tailimh is treabhachais é sin; 3/6 agus postas 5d. “Convict No. 25,” by James Murphy; scéal ar ruagairt Ghaedhal ó thalamh na Midhe; 3/6 & postas 5d. Scríobh ar lorg liosta agus tuille eolais. SÉAMUS Ó DUBHTHAIGH & A CHUA., Sráid Westmoreland a' 38, ÁTH CLIATH. Togha gacha bídh i gcór na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services