Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Abrán, 1918

Teideal
Abrán, 1918
Údar
Údair éagsúla,
Dáta cumtha
1918
Foilsitheoir
An Lóchrann

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. 25. ABRÁN, 1918. Trí Leith-Pinge a Fhiacha.



COMHRÁDH IDIR GEARRCHAILE
SCOILE & A MÁTHAIR ISTOIDHCHE.



Brighid a h-ainm.



Brighid: A Mhamaí, tá an samhradh ag
teacht anois agus bhí cótaí bána ar na
cailíní go léir sa sgoil indiu ach ormsa
amháin.



Máthair: Ara, a Bhrighid, a chroidhe, níl
a fhiacha agam. B'fhéidir dá mbeadh dorn
ubh agam i gcóir lae an aonaig go
dtabharfainn cúpla slat plainín chughat
chun saghas íochtair a dhéanamh duit.



Brighid: A Mhamaí, ná tabharfá cóta
bán chugham i gcóir na laethanta mbroth-
allach sa tsamhradh. Ní fhéadfhainn cor-
ruighe le cóta plainín.



Máthair: Ó, a Bhrighid, a chroidhe, cad
a cheannóch an gráinne té dhúinn. Níl ár
ndóthain istigh againn i gcóir na maidne
fiú amháin, an nóimint so.



Brighid: Well, a Mhamaí, dá bhfaghainn-
se cupa bláthaighe gach aon mhaidean ní
ólfainn aon bhraon té go mbeadh ár
ndóthain airgid againn chun é cheannach.



Máthair: Och, Dia linn, a Bhrighid! cad
a fhéadfainn-se duit. Ní dóigh liom go
bhfuaireas ach dhá ubh indiu.



Brighid: Á, a Mhaimín, bíodh foidhne
agat. Is giorra cabhair Dé ná an doras,
tá 'fhios agat.



Máthair: Ó, tá' fhios agam go maith,
a laogh, ach is anacrach an aimsir atá
againn anois. Ní bheidh sí mar sin i
gcomhnuidhe le congnamh Dé. B'fhéidir
gur rothar a bheadh agat-sa fós.



Brighid: Och! ní fheadar mar gheall
air sin; ach dá mbeadh cóta bán agam
anois ní bheadh pioc eile ag déanamh
buartha dhom.



Máthair: Mhuise mo ghraidhin go deo
thu, a leinbh gan chiall, ach is dócha go
rabhamair go léir ar do nós nuair a
bhíomair féin ag dul chun sgoile.



Brighid: Á! tá 'fhios agam-sa go maith
go dtugadh do mháthair féin cóta éad-
trom chughat i gcóir a' tsamhraidh.



Máthair: Mhuise go deimhin féin ní
thugadh, mar ní bhiodh a fhiacha ag an
mnaoi bhoicht.



Brighid: A Mháthair, anois ná bí chó'
cruaidh sin ar do chailín beag. Geallaim
nuair a raghad-sa ag tuilleamh nach fiacha
cóta a chuirfead chugat ach fiacha mála
plúir.



Máthair: Tá áthas orm an méid sin a
chlos uait, a leinbh. Is dócha go gcaith-
fead iarracht a dhéanamh ar shaghas éigint
a dh'fhághail duit.



Brighid: Ó, go dtugaidh Dia congnamh
dúinn i gcómhnuidhe! Ní baoghal ná go
mbead-sa am chailín mhaith as so amach.



Máthair: A Bhrighid a chroidhe, tá sé
chó' maith agat bheith ag dul a chodladh
anois. Tá sé ag eirghe déanach.



Brighid: Táim ag imtheacht anois dír-
each ach osgail an cnaipe sin annsan ar
mo ghúna.



Máthair: All right, agus ná dearmhaid
do phaidreacha a rádh sar a raghair isteach
san leabaidh.



Brighid: Ó, go deimhin féin ní thabhar-
fad faillighe ionnta san agus iarrfad
ar an Maighdin Mhuire congnamh a thabh-
airt duit chun an gúna a cheannach.



Máthair: Imthigh ort a chodladh anois,
a laogh, agus bí at' shuidhe go moch chun
an teine a dh'adú.



Brighid: Bead am' shuidhe ar a sé ná
bíodh eagla ort; oidhche mhaith dhuit anois,
a Mhamaí. (Pógaid).



Máire Ní Shéagha,
Cill mhic Ciarain, Cathair Saidhbhín.



Óig-bhean do bhí pósta ag drúncaer
seanduine adubhairt mar leanas:



“Mo shlán beo cuirim siar chughat
A bhuachaillín ó Chnoc na bhFiann
Gur bhinne liom do ghlórtha
Ná ceolta na cruinne ar shliabh
Mo shlán beo chun na h-óige
'Gus is brónach atáim 'na diaidh
Is mo mhallacht-sa do'n phósadh
Do thug mór-cheangal orm riamh.”



Dubhairt an seanduine á freagairt:



“A chumainn ná bí ag bruighean liom
Ag coimheasgar ná ag troid de ghnáth
Féach ar Dhómhnall críonna
'S ar a mhuintir atá riamh mar táid
Níor óladar bó ná caora
Ach é go cruinn acu i dtóin a'sparáin
Ach ní chuirfear insa chill leo
Ach bairthlín agus cómhra chláir.”



Seán Ó Conaill, Spúncán.



SGÉALTA Ó BHÓLUS.



Seán Ua Conaill d'eachtruig.



I. — MUINTIR GHÉARÁIN. CONUS A
FUAIREADAR A SLOINNE.



Iasgaire do bhí ann do bhí ag iasgach
ballach agus tráthnóna mar seo bhí sé
ag gabháil aníos as a' bhfaill ag teacht
abhaile tar éis an iasgaigh. Tháinig an
Púca roimis in sa bhfaill. Dhein sé
capall de féin. Chuir sé an t-iasgaire
ag marcaigheacht air féin agus d'imthig
sé leis agus an t-iasgaire ar a dhrom
aige os cionn na faille agus féachaint
a gcuirfeadh sé eagla air. Nuair a bhí
sé cortha dhe leog sé uaidh é gan aon
díoghbháil a dhéanamh do.



An chéad lá eile arís do chuaidh an
t-iasgaire ag iasgach, do bhí eagla air
go mbeadh an Púca roimis, 'na choinnibh
sa bhfaill. Cad a dhein sé ach cíor
dhubháin a chur i sála a dhá chos. Nuair
a bhí sé ag teacht abhaile do tháinig an
Púca roimis arís agus do chuir sé ar
a dhrom é. Ach bhí an t-iasgaire ullamh
do an uair seo. Do cheangal sé an
doruighe ar a cheann is dhein sé srian
de is do thiomáin sé leis é is do chuir
sé na dubhain i gcliatháin an Phúca mar
a bheadh spuir á chomáint leis ins an
gach áit gur mhaith leis féin gabháil chun
gur thraoch sé amach an Púca.



“Táid na geuráin sin ana-gheur agat,”
arsan Púca. “Leig uait mé. Táim
cortha de'n chúrsa.”



An lá na dhiaidh sih chuaidh an t-iasg-
aire arís ag iasgach agus nuair do bhí
sé ag teacht abhaile do tháinig an Púca
roimis.



“Tánn tú annsan arís rómham,” arsan
t-iasgaire.



“Táim,” adubhairt an Púca. “Seo, bí
ar siubhal mar sin,” arsan t-iasgaire.



“A bhfuil na geuráin bheaga gheura agat
do bhí aréir agat,” ars an Púca.



“Tá,” adubhairt an t-iasgaire.



“Imthig ort, ní bheidh aon cháll a thuille
'gam chugat. Ní beil liom a bhfeaca
cheana dhíot,” arsan Púca.



An treibh sin ó shoin, tháinig Muintir
Ghéaráin amach mar shloinne ortha. Tá
Na Géaráin ar an áit sin de'n fhaill ó
shoin a leis.



Finghin na Leamhna do scríobh.



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


Beidh
COLÁISTE CHAIRBRE
ar siubhal mar is gnáthach i
gCUAN DOR
I RITH MÍ LUGHNASA;



agus má thoilighean roint mhaith
scoláirí chuige roim ré, beidh
sé ar siubhal, leis, ar feadh
MÍ IÚIL.



Gheóbhthar eolas 'na thaobh ó
MHÍCHEÁL Ó CUILEANÁIN,
Seanachúirt, Sciobairín.



COIS FARRAIGE THIAR
atá an
COLÁISTE ATLANTIC.



Múintear Sranngscéaluidheacht &
Scéaluidheacht-gan-Srainng ann do
ógánaigh atá idir a 16 agus a 24.



Gheobhair gach eólas ó'n Árd Oide —



MUIRIS MAC GEARAILT,
CATHAIR SAIBHÍN, I gCIARRAIDHE.



ARÁN HOSFORD.



NÁ h-ITH A MHALAIRT!



Sa 62 tigh sa Mheádhon-tSráid Thuaidh,
i gCORCAIGH, a deintar.



tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE



TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;



SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;



ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.



ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.”



Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.



MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT



Led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a
dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh-
air na rudaí seo & iad go maith:



Bróga is Stocaí,
Léinte is Guaileáin,
Lámhainní is Bónaí.



T. Ó LOCHLAINN,
19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH.



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —



I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH.



“An Seabhac” do bhailigh.



TRIAID.



Tá cuid mhaith fós sa Ghaedhilg seo
'gainne de'n nós ba ghnáth le nár sinn-
sear a bheith aca sa litridheacht agus sa
chainnt .i. trí neithe éagsamhla d'ainmniú
mar chósmhalóid nó mar theasbánadh ar
thréith éigin a bhíodh go folusach ionnta a
dtriúr cé ná bíodh, de ghnáth, aon bhaint
ná aon ghaol ag na rudaí féin le na
chéile. Dar le duine gurab é a thugann
buadh na géire & buadh na clisteachta
do sna cainnteannaibh seo ná éagsamhlacht
na dtrí neithe agus a laighead bainte a
bhíonn aca le chéile taobh amuich de'n
tréith áirighthe úd is dual dóibh i gcoit-
chionn. Mar is gnáth 'na lán de shean-
fhoclaibh na Gaedhilge, tá ceangal fuama
nó meadrachta sa chuid is mó aca. Rud
eile atá i mór-chuid aca .i. greann agus
comparáid mhagaidh.



1 — Trí neithe ná múintear: guth, féile
ná filidheacht.



2 — Bean bhreagh, capall bán nó tigh ar
árd — trí neithe ná raibh ádhmharach.



Deirtear “bó,” i n-ionad “capall” uaireannta.



3 — Fiacal cón, dealg láibe nó focal
amadáin — na trí neithe is géire
amuich.



4 Gréasaidhe,
Figheadóir, úcaire is muc — an
triúr is salaiche amuich.



5 — Táiliúir, píobaire is gabhar — an
triúr is aeraighe ar domhan.



6 — Táiliúirí, scríbhneoirí is cuit — sin
triúr ná h-oibrigheann gan chruit.



7 — Deire seana-bháid, deire capaill
báin nó deire máighistir scoile.



8 — Airgead úis, cubhar na gcárt, gaol
na gcnámh — trí neithe gan rath.



Ús .i. usury. C. na gc. .i. airgead tighe óil.
G. na gc. .i. pósadh lucht gaoil.



9 — Ná trí glórtha is binne — meilt bhró,
géimreach bhó is béic leinbh.



10 — Trí neithe ná fuil aon ionntaoibh
ionnta — lá breagh sa gheimhreadh,
sláinte duine críona, focal duine
uasail gan scríbhinn.



11 — Trí ruda ná raibh riamh — nead ag
luich i gcluais [.i. clúid] cait,
girrfhiadh i seid con, gé ar gor
i bpluais mhadaruaidh.



12 — Glúin fir, srón con, cíoch mhná — na
na trí neithe is fuaire ar bith.



13 — Na trí beaga is fearr — beag na
curcóige, beag na caorach is beag
na mná.



14 — Trí ruda ná tagann meirg ortha —
— teanga mhná, cruidhte capaill
bhúistéara, agus airgead lucht
carthannachta.



15 — Trí mí-fhoirtiúin i dtigh duine —
báirseach mhná, simné deataigh &
díon tighe ag leigint tríd.



16 — Trí neithe nach ceart d'fhear maoidh-
eamh asta — méid a sparáin, breagh-
thacht a mhná agus milseacht a chuid
leanna.



17 — Trí neithe chomh maith le neithe is
fearr ná iad — claidheamh adhmaid
ag fear meathta, bean ghránna ag
dall, droch-éadach ar dhrúncaer.



18 — Trí neithe chomh maith leis na neithe
is fearr le fagháil — uisce salach
ag múchadh teine, casóg bhréide lá
seacha, arán dubh i n-am gortan.



19 — Trí neithe nach ceart bheith 'á n-easba
— an cat, an simné agus bean an
tighe.



20 — Trí neithe ná réidhtigheann le chéile
— beirt bhan pósta i n-aon tigh, dá
chat os cionn aon luiche, beirt fhear
i ndiaidh aon ógmhná.



21 — “Sílim,” “b'fhearr liom,” “b'fhéidir”
trí ní gan brigh, gan éifeacht.



22 — Trí ní nach féidir a dh'fheiscint —
faobhar, gaoth agus grádh [nó —
f. g. agus drúcht ag tuitim].



23 — Seanduine, anduine nó leanbh — an
triúr is beag mhaith comaoin a chur
ortha.



24 — Lá ó scoil, Domhnach ó Aifreann, lá
ó chéird — trí neithe nach féidir leo
casadh go bráth.



25 — Na trí peata is measa — peata
sagairt, peata bacaigh, peata
muice.



26 — Cumhangrach tighe, cumhangrach croidhe
& cumhangrach corcáin — trí ana-
craí móra.



27 — Na trí breaghtha bréagacha — bean
Domhnaigh, capall samhraidh, bó
aonaigh [nó — cailín Domhnaigh,
gamhain samhraidh, bó aonaigh].



28 — Na trí reatha is mó — rith uisce, rith
teine, rith éithigh.



29 — Súil, glúin, uille —na trí ruda is
usa a ghortú.



30 — Trí trioblóidí mná na Rinne —
páistí, prátaí is trioscar.



Insna Déise atá an Rinn.



31 — Síoladóir tiugh, díonadóir fliuch nó
bean tighe bheadh ag goid [nó —
bean tighe neamh-mianach].



Trí donais iseadh iad.



32 — Trí neithe bhaineas le críneacht —
sainnt, clúmh agus ingne.



33 — Trí neithe bhaineas le sonas — fál,
fascadh agus mochóirghe.



34 — Trí neithe bhaineas le bligeárd —
feirc, feadghal & fiafruightheacht.



35 — Triúr is géire radharc — seabhac ar
chrann, cú i ngleann nó cailín i
lár cruinnithe,



36 — Na trí saoghail is sia — saoghal an
iubhair, saoghal an fhiolair agus
saoghal Caillighe Béara.



37 — Trí shaghas bocht — duine bocht le toil
Dé, duine bocht len a thoil féin &
duine bocht dá mbeadh an saoghal
aige.



38 — Trí neithe chuaidh d'Aristotle a thuis-
cint — intinn na mban, obair na
mbeach agus teacht is imtheacht na
taoide.



“BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Táid le fághail i ngach sráid bhaile.
Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.


L. 3


39 — Trí saghas inchinn — inchinn reatha,
inchinn chloiche, inchinn céireach.



40 — Na trí riain is sia fhanas — rian
guail ar muing [?], rian cairte
i gclaidhe [?], rian céachta i gcrích.



41 — Na trí riain is giorra fhanas — rian
éin ar chraoibh, rian bric ar linn,
rian fir ar mhnaoi.



42 — Trí briseadh uisce le fánaidh agus
trí briseadh móna chun reatha [?].



(Tuille le teacht).



LUIBH-EOLAS.



Tá áilneacht ar gach taobh dínn fan gacha bóthair.
Má bhíon an radharc ceart againn chífeam áilneacht
ins gach tor is ar fuaid gacha páirce.



Airgidín na
Luachra.



Ar aon láthair leis an Luach-
air, san áit a bhíon fliuch
iseadh chítear Airgidín na
Luachra (Spiraea Ulmaria). Bíon an gas
cruaidh caol, agus é crón. Tá cuma ana-
dheas ar na bileógaibh; iad dubh-ghlas agus
a gcúl ar ghile an airgid. Bu dheacair
buachtaint ar bhláth an Airgidín le deiseacht
is le cumhracht; é ar dhath an uachtair
bainne, agus é go taidhseach ó thosach go
deire Samhraidh. Is fuiris é leónadh, ámh,
agus imthighan dá chrot an túisce a stathfá
é, agus ní h-aon-leigheas air é chur in
árthach uisce.



Adeir an Colgánach M.R.I.A. go mbainid
muinntir Acla úsáid den Airgidín chun
dathú dubh a dheunamh agus gur mór aca é
mar ‘glanaire’ don mheidir.



Siúd is go mbainean ‘roillsí móra’
leis an Airgidín, níl aon mhil ann agus
na cuileóga a théighan ag triall air a lorg
meala, ní foláir nó is searbh an chúlchaint
a dheinid ag dul abhaile dhóibh, i ndeire an
lae. “Bu dhóigh le duine ar a dheallramh
súd go bhfuil saibhreas aige; ach is é an
sean-sceul é, a chroidhe, ‘fothram cóistí
agus pócaí folamha.’



Seán Tóibín.



Na cheithre Mháire,
Na cheithre bhreághtha,
Na cheithre ómair,



Cheithre bháb,
A thug a cheithre grádh,
Dos na cheithre Dómhnaill,



Cheithre fháinne,
Ar cheithre lámha,
Ar na cheithre dóirne,



Cheithre lá,
Cheithre tráth,
Cheithre phósadh.



Ar n-a chlos do fhear grinn i gCiarraighe
gurab é adubhairt:



“Cheithre pháiste,
Cheithre chrádh,
Cheithre scóladh.”



An Giolla Ruadh.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



SGÉALTA Ó CHAIRBRE.



I. — GIOLLA NA RÁIDHTE SÉIMH.



Bhí Fionn Mac Cumhail ag iasgach lá le
n-a shlait i Loch Fíoruisge, agus má bhí,
tháinig Giolla na Ráidhte Séimh chuige,
& cad do dhein sí leis ach é mhilleadh.
B'éigean do fanamhaint mar a raibh sé
go tráthnóna go dtáinig duine éigin
des na Fiannaibh agus d'inis Fionn do
go raibh sé millthe agus nár fhéad sé
siubhal 'ná dul abhaile, agus d'fhiafraig
an fear eile dhe cad d'imthig air nú
cad do mhill é, agus dubhairt Fionn leis
gur gearr go 'neósadh dho é. Dubhairt
Fionn go gcaithfeadh sé órdóg a láimhe
deise do chogaint sar a mbeadh a fhios
aige, mar nuair a chognoghadh sé órdóg
a láimhe deise bhíodh fios aige, bhí an
méid sin draoidheachta aige.



Do chogain sé í agus is é fios do
fuair sé inti ná gurab í Giolla na
Ráidhte Séimh do mhill é, agus d'fhiafraig
an fear eile dhe an mbeadh sé mar sin
le n-a shaoghal nú an raibh aon leigheas
do.



Bead mar seo, adubhairt Fionn, go
dtagaidh na Fianna go léir am' chabhair.



An bhféadfá innsint dom cá gcomh-
nuighean sí nú cá bhfuil sí adubhairt an
fear eile leis.



Dubhairt Fionn go bhféadfadh; go raibh
sí i gCnoc Cuilinn, san mball san áirithe,
an oiread san troigeana istig sa chnoc
i gcaraig chruaidh.



Thug sé abhaile leis ar a dhrom é agus
bhí sé mar sin ar feadh cúpla lá, gur
chruinnig na Fianna go léir & thugadar
sgéala dá chéile agus do thugadar go
léir a bpiocóidí agus gach aon arm dá
raibh acu leo, agus do rugadar Fionn
leo ar a ndrom, agus do thaispeán sé
an cnoc dóibh, agus dubhairt sé leo
polladh ar an áit sin.



Thosnuigheadar ag polladh, agus bhídís
'á fhiafhraighe d'Fhionn gach nóimeat a'
raibh sí abhfad uatha. Nuair a bhíodar ag
teacht i ngairidh di do chuir sé i n-aon
rang amháin iad, agus dubhairt sé leo
féachaint trí n-a laghracha, mar bhí an
méid sin draoidheachta ag Oisín, nuair
fhéachfadh sé ar aon rud trí n-a laghracha
go dtuitfeadh sé marbh.



Nuair a bhí fhios aige go raibh sí chun
sgeinneamhaint amach, dubhairt sé leo go
léir féachaint cruinn trí n-a laghracha.
Nuair a tháinig sí i ngar d'Oisín, d'fhéach
sé trí n-a laghracha uirthi agus do thuit
sí marbh, agus ansan do stracadar go
léir ó chéile í. D'fhágadar beagán den
anam inti, agus dubhradar léi Fionn do
leigheas. Do leighis sí Fionn chomh maith
'na shláinte agus bhí sé riamh, agus nuair
a bhí sé leighiste aici do mharbhuighdar
amach í, agus dubhradar ná millfeadh sí
aon duine eile go deo airís.



Ínsint é sin ar an Laoi Fiannaigheachta úd Seilg
Sléibhe Cuilinn. Seán Ó Murchadha do thug domhsa é.



Mícheál Ó Cuileanáin.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,



Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla
le fághail uainn-ne.



Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilg go fionnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH,
SRÁID ÍOC. BHAGÓID, a 50,
BAILE-ÁTHA-CLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”



An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



A Ghaedheala! Ceannuighidh



“ÉADACH na DRUIPSIGHE”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.)
Co. Chorcaighe.



ROSC CATHA GAEDHEAL.



THE SOLDIERS SONG. — É in a cheart idir
cheól is abhrán, agus oireamhnach don
phianó. É i nGaedhilg, chomh maith. 1/1
an chóib, per post.



WHACK FOL THE DIDDLE. — Abhrán grinn
i mBeurla. An file ceadna a dhein.
É oireamhnach do cheól an phianó. 1/1 a'
chóib.



Geobhaidh lucht siopa níos saoire 'ná súd iad.



Ó FAOLÁIN & A MHAC,
In Uachtar Cé Urmhumhan a 17, ÁTH CLIATH.



NÍ DEINTEAR AON PHÍOPAÍ
EILE IN ÉIRINN ACH
PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR
AGUS IS FADA FARSAING
ATÁ A GCÁIL.



Le ceannach i ngach siopa tobac.



Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —



CAPP & MAC PEADAIR Teo.
FAICHE SHAIN STIABHNA,
ÁTH CLIATH.



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG



Scriobh chuige.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.


L. 4


CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA
ó
LÚCÁS DE BÚRCA.



LÉINTE
FO-LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
CARABHATAÍ
de DHÉANTÚS
GAEDHAL



Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:



SRÁID PÁDRAIG N. a 105,
CORCAIGH.



(‘LUKE BURKE’)



Sinn-ne a dhein



SNAOIS CHORCAIGHE



ar dtúis agus atá 'á déanamh
i gcómhnaidhe.



TOBAC CÚMHRA
an dá shórt so —



“Exhibition Roll” agus
Shandon Plug.



Má theastuighean uait aon tobac nó
saigréidí do chur chun aonne atá sa
chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó
cháin, ach leath phúnt, ar a luighead,
bheith sa' bheairtín idir thobac
is saigréidí.



LAMBKIN BROS.,
9 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



FEIS CHORCAIGHE
(fé chúram an Choiste Conndae)



I Mí an Mheithimh, 1918, a tionólfar.



DUAISEANA.



1 — £10 ar Nua-Scéal 7,000 focal.



2 — £2 ar abhrán nó Dán.



3 — £2 ar aon déantús i gcóir Aithrise, bíodh in a
Dhuan nó in a Phrós.



4 — £2 & £1 ar Chnósacht Sean-Abhrán nár cuireadh
fós fé chló.



5 — £1 10 ar Nua-Agallamh Grinn.



6 — £1 10 ar Chnósacht Tomhasana gona bhfreagairt.



7 — £4 ar Nua Dhráma ‘uaire a chloig.’



8 — £3 don Scoil is feárr sa Ghaedhaltacht.



9 — £3 don Scoil is feárr Lasmuich dhen Ghaedhal-
tacht.



Do Ghaedhilgeoirí atá in a gcomhnaidhe i gConndae
Chorcaighe na duaiseana san.



Scríobh chun na Rúnaithe:



A. Ó TUAMA agus
P. Ó h-ANNRACHÁIN.



Tá agam-sa



CULAITHE ÉADAIG do GHARSÚNAIBH.



CAIPÍNÍ & HATAÍ den uile shaghas.



Earraí Gaedhlacha.



MÍCHEÁL Ó NUALÁIN,
(‘M. J. NOLAN)



An Mheádhon-tSráid Thuaidh agus
Sráid an Chaisleáin,
CORCAIGH.



AN LÓCHRANN.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh an Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair.



Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, agus c. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.



Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
&c., do chur.



Na Díoltóirí.



Ó Cuill agus a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh



Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimíd 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



“AN SEABHAC.”



Tá “An Seabhac,” fear eagair “An
Lóchrainn,” fé ghlas ag Gallaibh ón
21cd. lá den mhí seo.



Deunfam dícheal ar an lampa beag
so do chimeád ar lasadh go bhfille sé
abhaile. Go mbuadha Dia dho, agus do
gach n-aon atá ag fulang cruadhtain
ar son Chaitlín. S. T.



SÚILLEABHÁIN.



An fáth fá ngairmthear Síol Súilleabháin do
shliocht Eochadha Mhic Mhaoiliughra.



Feacht n-aon dá táinig draoi Albanach
(agus file amhra eisean) ar mhór-chuaird
Éireann. Labhán draoi a ainm. Tháinig
go tigh Eochadha dá ngoirthear Súilleabháin
& do freasdaladh an draoi go sár mhaith
ag Eochaidh agus d'fhuráil iomad maoine
agus maitheasa dho; gidheadh níor ghaibh an
draoi cumhaidh ná ceathre uaidh gur shír
an aon-tsúil a bhí ionna chionn air agus
tug Eochaidh sin do ar grádh a oinigh
agus ar eagla a imdheargtha do'n chlaon-
draoi. Tárla naomh míorbhuilleach a bhfoch-
air Eochadha an tan sin .i. Ruadhán Lothra
agus mar chonnaic an t-athchuingidhe ain-
dleaghthach da h-iarraidh ar Eochaidh adubhairt
Ruadhán: “Is cead liom-sa más cead le
Dia é do shuile-se, a Labháin, do dhul a
gcionn Eochadha & a bhfoghnamh do a n-áit
a shúl féin. Do rinn Dia an feart san
go h-amhra ar impidhe an naoimh. Do-
chuadar súile Labháin a gcionn Eochadha
& d'fhoghnadar do tré thíodhlaicthibh Dé &
Ruadháin; go-naire-sin goirthí Súilleabháin
de & ó'n oineach sin do rinn ainmnighthear
a shliocht 'na dhiaidh .i. Síol Súilleabháin.



[As Scríbhinn i Mainistir na mBráithre mBocht i
gCill Áirne.]



PRÍNTÍSEACH.



Tá ionad do phríntíseach siopa (siopa
eudaig is lóin, &c.) ag Domhnal Ó Buachalla,
Magh Nuadhat. Muimhneach sprideamhail &
Gaedhilg aige an duine ab'fhearra leis.
Scríobh chuige a' Gaedhilg.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



AN DÁ DHRÚNCAER.



Scríobhtha síos ó bhéal aithris Thaidhg Uí Chonchubhair,
Lios Póil, Ciarraighe. Is dóigh gurbh é Muiris Ó
Gríbhghín do mhair i ngleann na Mínáirde ós cionn
cheithre fichid bliain ó shoin a chúm.



An tAthair Paor — sagart na parróiste.



Seán Ó Séagha — drúncaer duine.



Léan — bean phósda Sheáin Uí Shéagha.



Séamus Raol — fear síbín.



Sineud — bean Shéamus Raol.



Máiréad — cómharsa.



Bóthar tuaithe ar maidin go moch.



An Sagart: Nach moch ataoir lasmuigh, a
Sheáin Uí Shéagha,
Is ní maith é do chruth ná de leibhiré;
A 'neósfá conus a chaithis an oidhche
'raer?



Seán Ó Séagha: Ná fuilean tu féin amuigh
chó' moch liom, a Athair Paor,
Is níl aon locht agam-sa ar mo chruth
ná ar mo leibhiré;
Agus pé sligh ar chaitheas-sa an oidhche
araer
Is dó' liom gurb' é sin mo chúram féin.



Sagart: 'S dó' liom-sa, Sheáin, go mbainean
sé led' bhean bhocht Léan
Chó' mór is bainean sé leat féin
An tsligh gur chaithis-se an oidhche 'raer,
Is an chuid eile go léir det' shaoghal.



Seán: I mbriathar féin, a Athair Paor,
Nach gádh dhuit bheith ag tógaint páirt
le Léan
Mar, deas nó clé, go bhfuil sí ábalta
ar a cheart a bhaint amach di féin.



Sagart: 'S dó bhí duine éigint 'á rádh
liom-sa indé
Go bhfuil a croidhe briste ar fad i Léan
Mar go bhfuilean tusa ag caitheamh do
shaoghal agus
Do shlighe bheatha go léir i síbín Shéamuis
Raol.



Seán: Dhera, is dócha gurab í Léan bhí ag
innsint duit ar a' scéal,
Is bí 'c'eall nár 'nis sí aon phioc dá
lochtaí féin
Cé gur mór acu 'baint léi,
Agus thabharfadh a turus ar shíbín
Shéamuis Raol chó' maith le Seán
Ó Séagha.



Sagart: Ní creidim-se, a Sheáin Uí Shéagha,
go bhfuil aon lochtaí móra 'baint le
Léan,
Agus ní chreidim-se go mbacfadh sí le
síbín Shéamuis Raol,
Mara raghadh sí ann at' dhiaidh féin a
d'iarraidh tu thabhairt abhaile léi.



Seán: Arú mhuise, 'Athair Paor, ca bhfuil
na lochtaí móra 'bain t le Seán ach
chó' beag le Léan;
Ach má ólaim anois nó arís mo bhraon
nach é mo thuilleamh féinig é
Agus cad a bhainean san le Léan?



Sagart: Á! a Sheáin! ó'n lá cheanglas tú
le Léan
Tá sí chó' buanamhail ar do thuilleamh is
taoinn tú féin
Is ar ndó ba cheart duit é roinnt léi
agus déanamh leis dá réir.



Seán: I m'briathar 'Athair is maith is cuimhin
liom é —
Agus a bhfuaireas uaithe 'spré gur
bhainis-si dhíom é go léir,
Is mara mbeadh scillinn bhí im' phóca
féin,
Gur bhaoghlach go mbeimís gan ár ndin-
néar!



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 5


Sagart: Tá deállramh, a Sheáin, nár mhór
í an spré
Mar níor thugais dómhsa ach a' seacht is
raol;
B'éigean dom leath-choróin eile a chur
ann mé féin
D'fhonn an Easpuig a dhéanamh baodhach.



Seán: Dhera mhuise, cad é 'n bhaint a bhí ag
an Easbog leis an sgéal?
Mara mbeadh go bhfuilean tusa beagán
baoth
Ar ndó choimeádfá do chuid airgid agat
féin.



Sagart: Á, a Sheáin, Uí Shéagha ní thugas-sa
do'n Easbog ach a cheart féin —
Rud ná fuaireas-sa uait-se ná ó Léan.
Agus b'fhearra dhuit é thabhairt dómh-sa
féin
Ná é thabhairt ar fhuisgí lobhtha Shéamuis
Raol.



Seán: Tá fhios agam go maith, Athair Paor,
gur bheag leat ar fad é,
Cé ná rabhais thar deich neóimintí, ar a
mhéid, am' cheangal-sa le Léan,
Is gur minic a chaitheas dhá uair déag a
chluig ag baint an fhéir,
Le speil ar beagán faobhair, is ná fagh-
ainn leath a' seacht is raol!



Sagart: An té chraobhscaoilean Dligh na
Naomh
Is as a chaithfe sé a bheatha bhaint é féin
Is mara bhfaghadh sagairt as póstaí ach
seacht is raol,
Ba shuarach é a mbreicfeast ná a
ndinnéar.



Seán: Seadh, 'nois, a Athair Paor, pe 'cu
baint a' choirce é, nó baint an fhéir,
Dúblógha mé dhuit an seacht is raol ach
me scur arís ó Léan.



Sagart: Á, a Sheáin Uí Shéagha, 'á dtabhar-
fá dhom saidhbhreas an tsaoghail is
'óllmhaitheas go léir
Ní scurfainn tus' ó Léan,
Is ní lugha ná fhéadfainn é.



Seán: Arú, a Athair Paor, ar ndó ní le
slabhra ná le téid
Ná le córda reamhar ná caol
A cheanglais-se le Léan,
Ach le beagán ráidhte béil
Agus gan ach gibiris i gcuid aca san
féin.



Sagart: A Sheáin Uí Shéagha, 'á mba le
slabhra nó le téid,
Nó le córda reamhar ná caol,
Do cheanglóinn tu le Léan,
Do scaoilfeá iad tu féin.
Níorbh' eadh ach le ceann de shácrai-
míntí Dé
Agus a bhfuil de shagairt ar a saoghal,
Is fiú amháin an Pápa féin,
Ní fhéadfaidís tú scur anois ó Léan.



Seán: Gabhaim párdún agat, 'Athair Paor,
Ná cloisim Séamus Raol á léigheadh as
na páipéir,
Go bhfuil breitheamhain dlighe gus léighinn
'ghá sgur a n-aghai'n lae;
Agus san ar fuaid a tsaoghail.



Sagart: Á, a Sheáin Uí Shéagha, ní h-í dligh
na mbreitheamhan san dlighe na Naomh
Mar an pósadh déintear in Eaglais
Dé níl aon sgaoileadh air go raghaidh
duine acu 'n chré.



Seán: 'S dó mhuise 'nois, Athair Paor,
liom-sa ní thaithnighim léi,
Agus i gcóir na síorruidheachta agus
an tsaoghail
B'fhearra dhos gach éinne 'gainn imtheacht
do féin
Ná bheith ag bruighean mar bhímíd in
aghaidh an lae.



Sagart: 'S dó, a Sheáin, tá a leigheas san
ar do lámhaibh féin:
Dá n-eireóchthá as an mbraon is fuireach
ó shíbín Shéamuis Raol
Ní bheadh ach gradam is grádh eadraibh
araon.



Seán: Mhuise mo thruagh go muar tu, 'Athair
Paor,
Má's dó leat go bhfaghadh cion ná grádh
sligh i gcroidhe Léan.
Croidhe atá chó' líonta 'mhioscais is de
phlé,
Is bheadh bolg sean-bhó bheadh tar éis na
h-oidhche ar choca féir.



Athair Paor: Ní chreidim-si, a Sheáin Uí
Shéagha, go bhfuil Léan chó' h-olc san
go léir.
Má bhíonn sí 'nis nó 'rís ag plé bíonn
a' chúis aici go léir a saoghal.



Finghin na Leamhna.



(Tuille le Teacht.)



RÓCÁN A DEINEADH AIMSIR AN
LAND LEAGUE.



Atá Lá le Muire chughainn is ná deinidh aon
delay,
Ach bailighidh chughaibh go cúthail bhur gcúntaisí
go léir,
Beidh siad ar a nglúnaibh is piléir a' dul na
súilibh,
Is beidh talmhaintí gan cúntas anois ag
Clannaibh Gaedhal.



Is mó fear maith faoi tharcuisne ag caitheamh
seana-bhróg,
Ag cur bútaisí ar lucht tacsaisí is anois cad
déanfar leó,
Cuirfimíd iad thar fairge is nár chasaid siad
go deó,
Chun ifrinn síos do bheirim iad is go mbuail-
tear iad na threó.



Is mó fear maith faoi tharcuisne do thaithig
im is feoil,
Mórán bó is capaill, is fairsinge go leór,
Gur lucht canntáltha chreach iad is d'fhág a
gcroidhe fé bhrón,
Is deir Captain Rock an faraire go caithfid
glanadh leó.



Tá Gaoidhil ag cur le chéile is a lasadh sop
le fonn,
Ná briseadh aon dro' bhraon ionnaibh is is
gairid uaibh an chabhair,
Tá landlordí go traochta is bainfear díobh
na leabhair,
'Ge Parnell mór ó Éirinn is is baoghal do
Chlannaibh Gall.



Tá Sasanaig ghá labhairt linn go bhfuilmíd
gan chiall,
Go bhfuil arm ins gach baile acu is go bhfuil
an dlighe ró-dhian,
Lucht na ndlighthe bhfalla, go sgioba 'n
diabhal an ceann díobh,
Mar do chrádhdar ró-mhór mh'aigne is do'n
deamhan a bheirim iad.



Tá a rian air seo gur a tigh an óil a ghluais an
chéad lá, is baoghlach. Scríobhas síos na bhéarsaí seo
mórán bliadhan ó shoin ó fhear a bhí ag abhrán i dtraen
an Daingin mara rabhmair araon ag ciorrbhadh na
slighe dhúinn féin le teacht thar seana chúrsaí.



Finghin na Leamhna.



DO CHABHAIR-SE, A CHARA!



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go
mór linn.



Má tá eolas uait ar an nGaedhilg
nó ar chionnos Gaedhilg a mhúineadh,
níl agat ach dul go dtí



COLÁISTE AN DAINGIN



Mí Iúil nó
Mí Lughnasa, so chughainn.



Sé príomh-chuspóir oibre an Choláiste seo ná
eolas ar labhairt na Gaedhilge a thabhairt do'n
lucht foghluma, agus eolas ar chionnos an
chainnt sin a mhúineadh do dhaoinibh eile.



LEABHAIR LE LÉIGHEAMH.



Tosnóirí — “Laethanta Geala,” “Ceachta Beaga”
(I., II., III.), “First Irish Grammar” leis na
Bráithre Críostamhla).



Lucht Teistiméireachta — “Réalta de'n Spéir,”
“Aesop” (I. — VI.), “Eachtra Lomnachtáin,”
“Ceachta Cainnte Gramadaighe.”



Ranng “Dá Theangtach” — Beirfear ag súil leis
go mbeidh staidéar déanta roim ré aca ar
an gcuid is fearr de litridheacht na nuadh-
Ghaedhilge; agus ar “Leabhar Geograiphe,”
“Leabhar ar Áireamh,” “Algébar,” &rl.



Tá gach eolas le fagháil ó Rúnaidhe,



Coláiste an Daingin, Daingean Uí Chúise.



TÉIG GO
BAILE BHUINNEÁIN
AN AOIBHNIS
an samhradh so chughainn chun
GAEDHILGE 'FHOGHLUIM.



Beidh scoil samhraidh
ann do chách, agus
oidí oilte in a bun.



Scríobh chun an Rúnaidhe, i mBaile Bhuinneáin
Cois Sionann, i gCiarraidhe Luachra.



IOL-SCOIL NA MUMHAN
(RING IRISH COLLEGE).



Samhradh, 1918.



An Chéad Teurma:



Ó'n chéad lá Iúil go 26mhadh.



An Dara Teurma:



Ó'n chéad lá Lughnasa go 29mhadh.



Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus
breaghdha is eadh an Coláisde agus an tigh
comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go
cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige
ann agus na hOidí go toghtha.



PÁDRAIG Ó CADHLA,
An Fear le Scríobhadh.



COLÁISDE NA MUMHAN,
BÉAL ÁTHA 'N GHAORTHAIDH.



Beidh an Coláisde ar
siubhal i mí Iúil agus
i mí na Lughnasa mar
is gnáthach.



Gheobhfar gach tuairisc 'na thaobh ó



LIAM DE RÓISTE,
27 Sr. an Chapaill Bhuidhe,
i gCorcaigh.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 6


Tá le fagháil uainn-ne
BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID
den déanamh Ceilteach agus marc
earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca.



tá ÁTRAIGHE ÓIR is
ÁTHRAIGHE AIRGID
mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha
dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá
an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca.



Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair
agus an luachliosta.



LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC
Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



Tá 200,000 Baraile Plúir da dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”



Guthán: 7 Cork; i Midleton.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,



MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a
Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.



DATHÁN
den uile saghas,
idir
SHNASDATH,
SLÁNDATH, agus
PÉINT,
(“Varnishes, Distemper, and Paint.”)



TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH.



Gheobhair in aon tsiopa, nó mura
bhfaighir, scríobh chun



MUINNTIR ÁRACHTÁIN,
Muilionn “Seandúna,” i gCORCAIGH.



A Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.



“AN LÚCANIA”
(de dhéantús na hÉireann)



ó



Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.



“CAITHEAMH AIMSIRE.”



(Leabhar dán is abhrán le Tórna, Ó Mhuinntir Gill,
in Áth Cliath, ar 2/-).



Tá 105 leathanach sa leabhar san. Ní minic a chímíd
an méid sin páipéir fé abhránaibh Gaedhilge, agus cló
comh maith san ortha.



Tá an t-árd chion ag Tórna ar an
gcamán is ar lucht a láimhseála:



A bhuinneáin an chamáin, an chraobh duit!
Is breágh lem chroidhe ar do ghníomh do
fhéachaint,
Ní h-ionann is goithí buicín an Bhéarla,
Len a dhornán maidí is a bhaitín bréagach.



Minic a chonnac amuigh ar an bPáirc thu
Is do ghreim go daingean i mbarra
camáin ghil
Ag brostú fuirinne in imirt iomána
'S ag traochadh scata fear greanta sa
bháire.



Nuair is chúca léimeann an buachaill
caol dubh
'S a chamán gléasta n-a ghlaic chun
spóirt.



Abhrán gríosaithe ar cheól “Vive la” is eadh
“a ghasra bhreagh so 'en tálfhuil mhóir” agus
do mhuinntir Chláir gil Mhumhan a scríobhadh
é, agus oirean sé thar bárr don saoghal atá
anois ansúd.



'Sé deir an sáirfhear saor gan chluain:
“Beidh deireadh lae le réim na nduairc
'S ní theipfidh táinte tréana Thuamhan
I mbaoghal na ruag 'ná i ngliathaibh
slógh!”
Tá an seana smior san laoch ar luadhail
Don tSacson-trúip ba léir a luas
Is leanfaimíd go h-éag, dar Duach,
An raon go buadhach i ndiaidh ár leogh-
ain!
Dia go deó le slogh na nGaedhal
Dia go deó le comhacht a lámh
Dia dhár seoladh i gcóir an lae
'mbun Brianach cródha ar Éirinn bháin.



Tá duine den tálfhuil mhóir úd Tuamhan dá
chaoineadh ag Tórna — Micheál maith Ciosóg,
beannacht Dé len 'anam, ach ní ró-oireamh-
nach an t-amus é, dar liom. An iomadamh-
lacht focal agus an ró bhladhmann úd do
thaithigh Eoghan Ruadh Ó Súileabháin, ní oirean
sé do mhairbhne na linne seo. Prós is eadh
cuid den mhairbhne seo a rinne Tórna.



Agus táid bantracht dílis na hÉir-
eann at' chaoineadh go dearg-ruisc, &
ag stathadh a gcod' gruaige le corp
anaithe is uaignis det' bhárr.



Caint ‘tar teora amach’ í sin. “B'fearr
liom fuireach go singil fí dheoig go lag,
'Ná ráfla im fhriotal do rithfadh thar teora
amach.” Tá súil agam go ndeunfaidh Tórna
iaracht fós a bheidh go h-oireamhnach do
Mhicheál Cíosóg, fear buanaithe lúth agus
laochas Gaedhal. Agus deurfaidh gach n-aon
“Amen” go dúthrachtach le paidir Thórna
dho:



Dia let anam, a mharcaigh na mbán-
ghlach;
Dia let anam go dtagair san Árus;
Dia let anam is Peadar na páirte
Colm na Cille agus Beinin is Pádraig.



Tá comhairle sa leabhar don uile shaghas
duine. Do bhéithibh é seo:



A shiúr na n-ae ionam, ná creid-se ó
éinne
Nách é an faision Gaedhlach is fearr
mar nós
Mar is é do bhréagfadh an buachaill
caol dubh
Is uaisle tréithe 's is gile meóin.



Agus do mhnáibh tighe i d taobh deuntúisí
Gaedhal é seo:



A mhná na múirne, gabhaidh páirt go
h-umhal liom
'Sa chás so an tsaoghail;
Den déantús dúthchais bíodh adhbhar an
ghúna,
'S an snáth dá réir;
Ná caithidh únsa dá ndearna allmhurach
Dá áilleacht é;
Acht bíodh ar bpúnt-na ag sír-rith cúrsa
Do Ghráinne Mhaéil.



Do lucht fudar-dheabhaidh, de shaghas na
bPúncánach, an chomhairle seo:



Luigh ar an bfeur le seascaireacht shámh;
Cruinnigh is léigh na leabhair is fearr;
Duine gan chéill is taithneamh sa lá,
A rithfeadh le céird go cneadaigh an
bháis.



Tá tuairim Thórna i dtaobh “diúga na
gcáirt,” bun ós cionn ar fad le tuairim
na bhfilí ná mairean.



Caithfam deocha is dramanna uainn
Taithighe tighthe leanna ar cuaird —



Is géire an comhartha d'fhágann
An craos so an óil ar chlár Luirc
'Ná a dtéigheann dá fóirne cráidhte
Thar bóchna, is náire ghabhann.



Abhráin magaidh fé sheóiníní, fé phíléirí,
fé lucht an Abbey Theatre, táid sin sa
leabhar, leis.



Eochaill baile de bhailtibh Éireann,
A leath-taobh Gallda is a leath-taobh
Gaedhlach



'Seadh chonnac an bobbí gurab ainm do
Tingimí
Is é ag druidim im choinnibh go teann.



Ní bhíodh aon ‘opal hushes’ ann, taca
an mheadháin lae
'Ná ‘murmuring moonshine’ le feic-
sint sa' spéir
Ach daoine in a mbeathaidh a mhaireadh
go réidh
Gan spridí gan glamour, raidhcsfal
do deal lé.



Mná óga 'mbíon eud ortha chun cailín “an
bhuachaill chaoil dhuibh,” bfhearra dhóibh gan
puinn a rádh!



Dá dtéighinnse ag cúirtéireacht ar
rothar bhréagh nódh
Cad é sin don treud bhan ná bainean
san leó?



Abhrán molta gearrachaile iseadh “Móirín”
ach ní oirean an ceól úd “túral leal lé”
don saghas san abhráin, dar liom. Daoine
a bhíodh ag foghluim na seana Ghaedhilge ó'n
Ollamh Holger Pederson, do thugadar
gean don ghramadaigh!



Muir 'ná tráigh,
Coillte garbh-chnuic 'ná grianáin
Ní mheallaid ár ndualgas dil
Ó'n mBréithir.



Tá cúig chinn de abhránaibh maithe diadha
ann, ach iad a bheith sa' Chrua'-Ghaedhilg.



A bhráthair, mairg an mart
Do Dhia nách tairg tocht;
Dó, as carcair do chlí
Altuig gach ní anocht. a.n.o.ch.t.



Duine ar bith a chuirean leabhar Gaedhilge
fé chló, an aimsir seo, bu chóir bheith buidheach
de, agus más deuntús nua an ní a bhíón sa
leabhar is eadh is móide é buidheachas Gaedhal
don scríobhnóir.



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


Do dhuine gan Ghaedhilg atá an leabhar
so Thórna dá thoirbheart. Ní ró-locht ar
leabhar Gaedhilge an ní sin, bfhéidir, ach
amhail atá dá rádh ag Tórna féin!



Cá mbeadh aer-thaisteal éadrom
Ar inneal an eóin
Cá mbeadh aon-cheart na h-Éireann
Ó Dheire dtí an Cóbh
Cá mbeadh réim an tsoiscéil,
Agus creideamh na Rómha,
Dá leigtí san tsaoghal so
Do lucht ‘maith go leór?’



<c Prós>
Seán Tóibín.



AN ROBÁLAIDHE.



Bhíodh buachaillí ag breith ime go Cor-
caig as so fad ó. Ní raibh aon mhargadh
ime níos giorra do'n áit seo ná Cor-
caigh an uair sin Bheireadh gach duine
trí feircíní ar dhruim capaill leis.
Bhíodh robálaidhe ag faire ortha nuair a
bhídís ag casadh, in áiteannaibh áirithe.



Bhí fear óg ón áit seo ag teacht
abhaile ó Chorcaigh uair áirithe. Do stad
sé tamall in áit éigin 'na mbíodh tigh
ósta ag duine gurbh' ainm do Domhnall
Ó Meádhra. Dubhairt an Domhnall so
leis go raibh robálaidhe ag faire ar an
mbóthar a bhí roimis amach is é féin do
sheachaint air.



Do chuir san an fear ó Uíbh Ráthach
ag cuimhneamh ar sheifteana chun a chuid
airgid do thabhairt slán.



Seo mar do dhéin sé. Fuair sé mám
d'airgead práis is do chuir sé i sparán
é is é fuaighte i bpíosa éadaigh. Chuir
sé an t-airgead mór i bhfolach.



Bhuail an robálaidhe leis is é ar mhuin
capaill is dubhairt leis a sparán thabh-
airt uaidh.



“Níl aon sparán agam,” ars an fear.



“Ná bíodh aon siar ná aniar mar
gheall air,” arsan duine eile ag cur
suas piostoil chuige, “ach caith chugham
do chuid airgid.”



“Seo mar sin is nár fhaghair a
thairbhthe,” arsan fear ó Uíbh Ráthach is
do chaith sé uaidh an sparán i bhfad
thar claidhe. “Téir-si á iarraidh anois
má's fiú leat é,” ar seisean.



Dhein an t-airgead ruadh cliotaráil
mhór is dubhairt an robálaidhe “is fiú
dul thar claidhe aon uair chun sparán
airgid d'fhagháil.



Bhí bromach breágh capaill ag an mbith-
eamhnach is d'fhág sé ar an mbóthar é is
chuaidh sé féin thar chlaidhe ag iarraidh
an sparáin. Níor dhein an fear ó Uíbh
Ráthach ach léimt anuas dá ghroigín féin
is léimt anáirde ar chapall an bhitheamh-
naigh is away leis. Nuair do baineadh
an iallait de'n chapall fuarthas pócaí
astig ann agus mórán airgid buidhe i
dtaisge ionnta. Agus mar bhárr ar an
sgéal do tháinig an sean chapall abhaile
go Spúncán ar shlighe éiginteach tar éis
cúpla lae. Sgéal fíor é sin.



Tomás Ó Fianachta d'innis.



Finghin na Leamhna do scríobh.



“STAIR ÉAMUINN UÍ CHLÉIRE.”



Seán Ó Neachtain do scríobh. Eoghan Ó Neachtain
do chuir i n-eagar. M. H. McGoill agus a Mhac do
chuir amach. 2/6 a fhiacha.



Dhá chéad bliain ó shin seadh bhí Seán
Ó Neachtain ann. Bhí sé ar na fílí móra
a bhí ann len a linn. Ní ar fhilidheacht
amháin a thug Seán aghaidh. Do scríobh
sé startha maithe próis leis. Seo ceann
aca san curtha i n-eagar ag duine eile
dhe treibh Neachtain [níor scar scoláir-
eacht Ghaedhilge fós leo]. Scéal deas
an scéal so ar Éamonn Ó Cléire agus
tá an téx go maith. An té scríobh é
do bhí tuiscint ar an saoghal aige agus
ar chúrsa an duine. Rud eile bhí aige:
bhí greann ann agus chíodh sé greann-
mhaireacht i lár na h-aindise. An uair
sin féin do réir deallraimh bhí ceist na
Gaedhilge & an Bhéarla ag suathadh aigne
daoine. Tá cuid mhaith mhagaidh déanta
ag Seán Ó Neachtain fé sheóiníníbh an lae
sin san “Stair.” Cainnt liteardha na
h-aimsire sin atá sa téx so, ach níl sí
ró-dheacair agus ní gádh do dhuine bheith
'na scoláire ró-mhór chun a léighte go
furus.



An Seabhac.



ÁR RÓISÍN DUBH.



Tá an fhairrge 'na cuimín eadrainn
Gan long ar muir,
Tá an saoghal 'na chogadh craorag
'S an spéir fairis;
Beidh sléibhte na h-Éireann
'S a mbuinn ar crith,
Lá éigin sara dtréigeam
Ár Róisín Dubh.



Tá éirleach á dhéanamh
'Sna tíortha thoir,
Níl aon fhios ag aoinne
Cad is críoch leis sin;
Tá éiclips ar ghréin ann —
Níl soillse 'ci,
Is gealas gréine ar a' dtaobh so
Ar ár Róisín Dubh.



Tá Éire fé dhaorthacht
Le suim anois,
Cé déarfadh ná go mb'fhéidir
Go bhfuil a h-uain istigh;
Ní féidir linn léigheamh
Ar na síonta 'nois,
Ach Aon-mhic, go dtugair saor chughainn
Ár Róisín Dubh.



Tomás Ó Criomhthain,
An Blascaod Mór.



“NAOI nGÁBHADH AN GHIOLLA DHUIBH.”



Mícheál Ó Máille do scríobh, Tomás Ó Máille d'aith-
scríobh agus do chuir i n-eagar. “Comhlucht Oideachais
na h-Éireann” a chuir amach. 2/- a fhiacha.



Leabhar i gcomhair buachaillí an leabhar
beag deas so dar linn; agus dar linn
leis, gur i gcomhair buachaillí a bheadh ag
foghluim na Gaedhilge ar scoil a thug an
t-eagarthóir an aire dho a thug, mar is
fada ná feacamair téx gur tugadh oir-
ead cóirighthe air & tá tugtha air seo.
Tá dhá fhoclóir ann, innsint chomhgarach
Bhéarla ar chuid de, ceistiú, & sompla
maith fada as an dtéx i litriú símplí
air chun an glór Connachtach do theas-
báint. Sin úsáid chiallmhar le baint as
an Litriú Símplí.



An Seabhac.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.



TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Teó.
(‘H. JOHNSTON’)
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Gur bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.



“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces”
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Port an Phápa, CORCAIGH.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
is a chlann mhac (teo.),
CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.



CEANNUIGH DO CHUID
LEIGHIS,



I SIOPA AN BHÚRCAIGH



.i. Tig na cúinne, idir
SRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA &
SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE,
I gCORCAIGH.



Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean
a ngnó agus a dheinean
go cruinn é.



CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne.
Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.


L. 8


GACH CÓIR SCOILE!



tá againn-ne
LEABHAIR don LEABHARLAINN
agus
LEABHAIR mar DHUAISEANNA.



Scríobh chugainn ar lorg eolais:



MUINNTIR FHALLAMHAIN
(Fallon Bros. Ltd.)
Cúirt a 13 & a 14,
in ÁTH CLIATH.



Smithfield a 86, i mBealfeirste.



Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.




SCÉALUIDHEACHT-GAN-
SRAÍNNG
d'á múineadh
ag togha na
múinteóirí
I SCOIL UÍ SHÚILLEABHÁIN
SA ‘MHARDÍOG,’
I gCORCAIGH.



Is í an scoil is mó cáil agus
is fearr cóir i n-Éirinn.



Múintear
SRANNG-SCÉALUIDHEACHT
ann do chailiní, i gcóir Oifige
an Phuist, sa ló nó istoidhche.



Scríobh chun an Árd-Oide.



TÉIG FÉ DHÉIN
“AN EMPÓRIUM”
ar lorg Earraí Gaedhlacha —



BÓNAÍ, CARABHATAÍ,
LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ
AGUS LÍNÉADACH.



M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE.



SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.



TROSCÁN TIGHE.



SEÁN Ó CURRÁIN,
sa DAINGEAN.



an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.



DO'N bhFEIRMEÓIR.



Tá an t-ocras ag druidim le muinn-
tir na mbailte móra is na gcathrach
idir fhearaibh is mhná is leanbhaí. An
biadh a bheidh uatha, is tú amháin a
fhéadfaidh é sholáthar dóibh. Do
tógadh stoc, nach misde do mhuinn-
tir na hÉireann bheith mórálach as,
ar an dtalamh féaraigh, ach anois tá
géar-ghádh le tuille cruithneachtan,
eórnan, coirce agus prátaí, agus
ní mór tuille talmhan a bhrise chuige.
Más eól duit aon phlean chun breis
a bhaint as an dtalamh cuir i bhfeidhm
láithreach é. A bhfuil de thalamh féar-
aigh agat le spáráil dein é a threabhadh,
agus ní h-amháin san ach féach chuige
le neart saothrú go dtabharfaidh gach
aon acra talmhan a treabhfar an bara
is mó is féidir a thabhairt.



Díolan curadóireacht an feirmeóir go
maith, ach lasmuich dhe sin ar fad, má
bhrisean tú talamh chun baraí, beidh
cion fir 'a dhéanamh agat chun fir &
mná na hÉireann & do ghaolta féin
a chosaint ar an ngorta agus ar an
ngannachúise.



Tabharfhaidh an Coiste Conntae, nó
Múinteóir Feirmeóireachta na Con-
tae, comhairle dhuit i dtaobh cad is
fearra dhuit a dhéanamh láithreach.
Tá do dhaoine muinnteardha sa bhaile
mhór ag braith ort chun an Fhomhair.
Ná teip ortha!



Tá cóibeanna de'n achuinge seo le fághail ó'n
DEPARTMENT UM CHURADÓIREACHT,
i mBaile Átha Cliath.



K.A.A.



LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA
GAEDHILGE



Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim.



Trí leath-phinginní (1½d.) fiacha gacha leabhair díobh.



1. “Laethanta Geala” (Kerry School-
girl's Diary).



2. “Cosa Buidhe Árda” (Easy Songs
to Catchy Tunes).



3. “Sean-Amhráin na Mumhan.”



4. “Déanamh an Chleamhnais” (Short
Dramatic Sketch).



5. “Cunntas Cinn Lae” le Bríd Stac.



Le fághail ó
MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann
don Ghaedhilgeoir:



UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87,
i mBAILE ÁTHA CLIATH.



RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.



RÁSÚR “COSANTA”
ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a' bpost.



MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
do mhúineadh:



“Scéalta don Aos Óg,” 2d.



“Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d.



“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6



Gaedhil a bhfuil Trácht ortha:



Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Wolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.



Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —



“Saints and Sinners (Dr. Hyde),



“Humours of Irish Life (C. L. Graves, M.A.),



“Irish Orators and Oratory” (Prof. Kettle),



“Irish Poetry” (A. P. Graves, M.A.),



“Selections from Thomas Davis”
(T. W. Rolleston, M. A.).



“Songs of Myself and Lyrics”
(Thomas Mac Donagh), 4/6.



Poetical Works of Joseph M. Plunkett, 3/6.



Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:



“The Educational Co. of Ireland,”
89 Sráid Talbóid, Áth Cliath.



IS MÍORÚILTEACH NA LEIGHEASANA
DO BHUAIBH IAD SO:



LEIGHEAS UÍ DHOMHNAIL
ar bhuinneach laogh, 5/- a' buidéal.



‘Kural,’ ar leiceacht bo, 5/- a' bosca. Níl
aon teora leis chun ba do neartú.



‘Kuranzo,’ ar ghalar teangan bo, 4/6 a'
buidéal. Leighisean in aon lá amháin.



‘Murraine,’ ar bhruiliochán, 3/6 a' buidéal.
Leighisfidh an taom is measa taobh istigh
de naoi n-uaire a' chloig.



‘Kuraline,’ ar bhruinne dhearg, 4/- a' buid-
éal. Beidh an bhó i gceart taobh istigh de
sé uaire a' chloig.



‘Ringool,’ ar bhorraphéist, 2/6 a' buidéal.



‘Hoosaline,’ ar chasachtaigh nó ar mhúchadh, 4/6



Gheobhair ó



UA DÓMHNAIL, Siopa Leighis Bó is Beithigheach,
An Eamhain, MIDHE; nó ó



THOMÁS MAC MÁTHUNA,
An Scairbh, CO. AN CHLÁIR.



Má léighir Béarla,
LÉIGH LEABHAIR MHAITHE.



“Poets and Poetry of Munster,” by James Clar-
ence Mangan; 3/- agus postas 4d.



Tá Béarla is Gaedhilg ann.



“Knocknagow,” by C. J. Kickham; 4/- agus
postas 5d.



“In Dark and Evil Days,” by F. Sheehy-Skeffing-
ton; 3/6 agus postas 5d.



“The Red Spy,” by D. M. Lenihan; scéal ar
cogadh Gaedhal ar son tailimh is treabhachais
é sin; 3/6 agus postas 5d.



“Convict No. 25,” by James Murphy; scéal ar
ruagairt Ghaedhal ó thalamh na Midhe; 3/6 &
postas 5d.



Scríobh ar lorg liosta agus tuille eolais.



SÉAMUS Ó DUBHTHAIGH & A CHUA.,
Sráid Westmoreland a' 38, ÁTH CLIATH.



Togha gacha bídh i gcór na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services