Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Márta, 1918
Title
Márta, 1918
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1918
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
1½d. AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. a 24. MÁRTA, 1918. Trí Leith-Phinge a Fhiacha. AN GORT GEAMHAIR. Roimis a droch-shaoghal do bhí gort breagh geamhair ag fás suas go h-álainn age fear insa Bhlascaod Mór go dtug- aidís Séamas Mór mar ainm air. Ní raibh sa bhaile ná insa bhaile ba ghiorra dho gort ba bhreaghtha fás ná é. Maid- ean do ghaibh fear desna comharsain siar chun na trágha a lorg raice. Súil dár thug sé ar an ngort cad a bheadh ná é na chosair easair ó bhun go barra. “Dar diabhail!” ar seisean leis féin, “tánn tusa curtha bainte 'n-éinfheacht & ní cóir dom dul abhaile choidhche nó go mbeidh 'fhios agam cad a dhein cír tuathail díot.” Do phreab isteach thar claidhe & do fuair rian chos an chapaill ann agus an méid ná raibh ithte aige do bhí sé posálta fé na chosa aige. B'eo leis an bhfear abhaile & tháinig go dtí doras Shéamais. Do bhuail an doras. Do phreab Séamas & d'oscail do na léine mar do cheap sé gur raic a bhí braithte aige. “Cad tá ort, a mhúirnín?” ar seisean. “Tá do ghort na chosair easair taréis na h-oidhche,” arsan fear amuich; agus d'fhág an doras is do chuaidh abhaile gan mhoill, taréis an méid sin do rádh dho. B'eo le Séamas an bóthar siar is gan snáth air ach an léine bhí sa leabaidh air. Níorbh' fhada siar insa bhóthar a bhí sé nuair a bhí fear eile a bhí ar thóir raice na choinne. Dob' ait leis sin an fear 'na gheilt agus dubhairt 'na aigne féin gur mhór an náire dho gan stop a bhaint as ón uair go ráinig sé na threo. Níorbh' fhada go dtáinig Séamas ar an bhfód agus d'aithin an fear eile é go maith nuair a dhruid sé leis. Nuair a thánadar ar a chéile do chuir sé crúca insa léine, ach má chuir ba bhearna réidh le Séamas í leigeant de mhullach a chinn amach agus as go bráth leis féin mar rugadh é. “Mo náire shaoghalta é!” arsan fear eile leis féin, “agus má's ag dul dá bháth féin do, ba mhór an mhaisiúlacht dó a léine bheith air.” B'eo leis abhaile go diair agus do tháinig isteach go dtí Siubhán, bean Shéamais. “Ara, ní bhuail- feadh id' choinnibh i n-aon áit ár réice fir-ne?” “Is réic féin é,” arsan fear eile. “Sin í a léine agat agus tá sé féin ar gealtaighe. Is dócha go bhfuil sé báithte fé'n dtráth so, ach má tá féin,” ar seisean, “Ní fearra dhuit agat é ar an imtheacht a bhí fé insan am úd de mhaidin — é na gheilt & gan splinc meabhrach 'na cheann.” “Á! nár agra Dia ort san a rádh,” ar sise, “mar dá olcas é Séamas b'fhearr é ná bheith á éamais.” Seadh, chuaidh fear na léine bhaint de Shéamas abhaile ach bhí sé ana-mhór tré- na-chéile i dtaobh na léine bhaint do le linn bháis do. Do chuir a bhean biadh chuige ach níor bhuail sé a phus air. “Cad tá ort?” arsan bhean, “go bhfuileann tú ag cur suas de'n mbiadh.” Do 'nis sé dhi tríd is tríd & gurbh é a bhí á chur féin ó'n mbiadh nár leig sé leis an léine go dtí an saoghal eile. “Mhuise mo ghráidhín an bhean bhocht & na páistí!” ar sise, “cad tá aca le déanamh anois?” “Mhuise an d — l a fearra dhóibh aca é siúd,” arsa Pádraig; “mar is fada gan mórán fuaimint leis an ndailtín céadna; ach indiu a chuir sé clár binn air,” ar seisean; “ach an méid seo, a bhean bheag,” ar seisean, “má tháinig aon duine riamh ó'n saoghal eile a lorg aon éad- aigh, chomh siúralta is tá an chluas so ar mo cheann tiocfaidh Séamas a lorg a léine orm-sa agus bead féin agus an léine ag imtheacht aige. Sin é an fáth agus an t-eagla do chuir mise gan mo chuid bídh ó chiainibh, a bhean bheag.” Insa chainnt mar seo do Phádraig agus di féin do ghaibh slataire garsúna an doras isteach. “Bhfuil aon scéal nua 'gat?” arsa Pádraig leis. “Níl ach i dtaobh Shéamais Mhóir,” ar seisean. “Is dócha go bhfuil ana-bhuairt ar Shiubhán bhocht.” “Ná'n d — l piuc,” arsan buachaill, “is uirthi tá an gob. Bhíos féin istigh nuair ghaibh Séamas isteach agus gan snáth air. Bhí sise ag gabháil do nár chuir sé a chuid éadaigh air ag imtheacht do ar maidin; ach dubhart-sa go raibh a léine air ach gur bhainis-se dhe í. Do thiomain sé é féin ná béarfá fé chré ná fé chlocha a léine féin leat. Sé mo thuairim go mb'fhearra dhuit bheith ag faire chughat.” Do bhí Pádraig ag éisteacht leis an mbuachaill ag cur an méid sin cainnte as agus bhí fearg á bhailiú aige dho mar do cheap sé gur ag stealladh éithigh a bhí sé chun a thuille anatais a chur air féin fara mar bhí sé. Leis an inntin chun socruighthe leis an ngarsún do chuir a lámh thairis siar chun tlú na teine, chun stráiméad a thabhairt do'n ngarsún a chuirfeadh a chúram de'n ndúthaigh; ach go bhfeacaidh a bhean é & ghreamuigh sí an tlú sara raibh sé caithte. Do bhí an garsún amuich gan mhoill agus a thuile soluis 'na shúile ná raibh ag teacht isteach ionnta. Fuair Pádraig deimhniú maith tar éis an gharsúna dh'imtheacht go raibh Séamas insa bhaile. “Ó mhaise! nára teacht 'na shláinte dho,” ar seisean. Tomás Ó Criomhthain, An Blascaod Mór. Ó INISMEADHOIN, OILEÁIN ÁRANN. Is i an tslighe mhaireachtáile atá acab annseo a bheith ag iasgach is ag saothrú na bhfataí i gcomhnuidhe. Tá beagán beag talmhan ag gach uile dhuine. Saothruigh- eann siad cuid do'n talamh gach uile bhliain le fataí agus le h-arbhar agus le go leor torthaí eile agus má bhíonn mórán do na fataí acab díolann siad cuid aca agus coinnigheann siad cuid eile le cur arís. Is sé an leasú a bhíos acab orra, feamuin. Tá a dó nó trí do bheithidhigh ag gach uile dhuine agus muca agus caoirigh. Bíonn siad ag iasgach san Earrach ó dhubh go dubh & ins an bhFoghmhar san oidhche. Tá bád beag ag gach uile dhuine & triúr fear ins gach bád dhíobh. Tagann an long gaile faoi dhó san tseachtain le h-earraí agus tugann sí na beithidhigh agus an t-iasg go Gaillimh. Peadar Ua Conceanainn. SÁRÚ NA GLAS 'GAIBHNIGHE! “SOME COW.” Anaice Bhátarlú i stáit Íobha, Meirice, do chonnacsa bó cúpla bliain ó shoin ná fuil a sárú san domhan, deallruighim, chun bainne. In éan bhliain amháin do thug sí uaithe meáchaint 17,500 púnt de bhainne. B'ionann san is timchioll 1,100 púnt ime. 1,475 púnt meáchaint na bó féin. Bó cheithre mblian a b'eadh í nuair a bhíos-sa ag féachaint uirthi. Is de'n stoc Guernsaighe í. F. Mac C. Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
COIS FARRAIGE THIAR atá an COLÁISTE ATLANTIC. Múintear Sranngscéaluidheacht & Scéaluidheacht-gan-Srainng ann do ógánaig atá idir a 16 agus a 24. Gheobhair gach eólas ó'n Árd Oide — MUIRIS MAC GEARAILT, CATHAIR SAIBHÍN, I gCIARRAIDHE. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS STÁIN. ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ AGUS BIOTÁILE. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. TÉIG FÉ DHÉIN “AN EMPÓRIUM” ar lorg Earraí Gaedhlacha — BÓNAÍ, CARABHATAÍ, LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ AGUS LÍNÉADACH. M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC, CILL ÁIRNE. ARÁN HOSFORD. NÁ h-ITH A MHALAIRT! Sa 62 tigh sa Mheádhon-tSráid Thuaidh, i gCORCAIGH, a deintar. DATHÁN den uile shaghas, idir SHNASDATH, SLÁNDATH, agus PÉINT, (“Varnishes, Distemper, and Paint”) TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH. Gheobhair in aon tsiopa, nó mura bhfaighir, scríobh chun MHUINNTIR ÁRACHTÁIN, Muilionn “Seandúna,” i gCORCAIGH. SEAN-FHOCAIL NA MUIMHNEACH. “An Seabhac” do bhailigh. 11 — “Arú nach tu an fear agam,” a ndubhairt an madaruadh leis an mbáirneach. 12 — “Tarraingidh ó chéile é,” arsa fear láir a' tsúsa. Triúr a bhí i n-aon leabaidh agus ní raibh an súsa leathan a ndóthain agus bhí an bheirt imeallach 'á tharrang ó n-a chéile. Ba chuma dho'n bhfear láir. Deirtear anois é le rudaí seachas súsa. 13 — Cad dubhairt an Púca sa tor? “Beagán dá chúram bíodh ort.” Nuair a bheadh duine fiafruightheach ad' cheistiú chuirfeá an cheist air — “Cad dubhairt an púca sa tor?” Bheadh an freagra aige féin agus thuigfeadh sé a bhrigh. 14 — “Is mór an ní an neart,” arsan dreoilín nuair a chaith sé an chiaróg leis an bhfaill! [nó ‘nuair a tharraing sé an phiast as an sioc.’] Déarfaí é sin le duine bheadh ag maoidheamh as a ghaisge agus nár mhór le rádh an gaisge. 15 — “Airgead!” a ndubhairt fear na feoirlinge nuair a bhain sé an glór as an lic. 16 — Mar adubhairt an gabhar bacach: “Ní fheadar ciaca is fearr luas nó moilleas.” 17 — “Sin comaoin ort, a fhairrge mhóir,” a ndubhairt an dreoilín nuair a chaith sé a shile sa bhfairrge. Ní deacair a thuiscint cathain a déarfaí é sin le magadh. 18 — “Ní lia ísleán sona ná árdán dona ann,” mar adubhairt an fear agus é ag ithe píobáin an ghanndail. D'fhéadfadh duine an rud céadna a rádh i dtaobh a lán de chúrsaí an tsaoghail. 19 — Is fearr “Seo é” ná “Cá bhfuil sé?” 20 — “Ní gearánta dhom,” a ndubhairt fear na coise briste. D'fhéadfadh duine an rud céadna a rádh i dtaobh a lán de chúrsaí an tsaoghail. 21 — “Is luachmhar an rud an t-anam,” mar adubhairt an táilliúir agus é ag rith ó'n nganndal! 22 — “Arís chughat, a sheana-bhríste, nuair shíleas bheith scartha leat.” Is cosmhail go raibh súil ag an duine adubhairt san le culaith ab'fhearr ach gur mealladh an fear bocht. Is minic gur rud seachas bríste a bhíonn i gceist. 23 — “Téanam ort,” arsan bás le Síle. Agus ní dá deóin a chuaidh Síle i n-éinfheacht leis. 24 — “Mar a chéile dhíbh” mar adubhairt an gabhar le na chosa. Déarfaí san le daoine bheadh cosmhail le chéile 'na ngníomh agus gan a gcáil ar foghnamh. 25 — “Beir i bhfad me.” Bréag, drochscéal, drochnuadhacht. 26 — “Mar a dhéanfadh máthair Sheáin Bháin. Bean ana-mhí-shlachtmhar dob' eadh í. Nuair a bhítear 'á innsint do dhuine cionnus rud a dhéanamh go ceart deirtear le magadh: “Dein mar sin é, mar a dhéanfadh máthair SH. BH.” “Máthair Sheáin Óig,” leis. 27 — “Má mhairimíd beo chífimíd súd,” a ndubhairt an dall. 28 — “Now for it!” mar adubhairt an chailleach agus í ag rith le na scáth. 29 — “More water,” arsan Sasannach & é 'á bháth.' 30 — “Cuir an Domhnach ar cáirde,” mar adubhairt Pádraig. 31 — “Bíonn an fhírinne féin searbh,” arsa Cloch Labhrais ag preabadh. Isna Déisibh atá an chloch san agus buadh promhtha fírinne innte. Chuala sí fírinne éigin nár thaithin léi agus do phléasc sí. 32 — “Cúis gháire chughainn,” mar adubhairt Peadar nuair a fuair sé an t-asal báithte. Agus gur cúis ghuil a bhí ag Peadar ach gur thuig sé nárbh' fhearr gol ná gáire nuair ná raibh leigheas ar an olc. Deirtear leis: 33 — “Aimsir mhaith chughainn,” mar adubh- airt an bhean nuair a fuair sí a fear báithte. Ní h-amhlaidh, is dócha, gur áthas a bhí uirthi. 34 — “A chonách san ar na daoine go bhfuil na ba aca!” a ndubhairt an fear bocht maidin seaca. .i. Níor ghádh do'n duine gan ba dul amach sa bhfuacht. Ní raibh bainne ná im ach chomh beag aige. 35 — “Gluais a mhála is go n-éirighe 'n lá leat,” arsan bacach ar maidin. 36 — “Seadh, tá an méid sin de ghnó an Earraigh déanta 'gam,” a ndubh- airt an fear nuair a chuir sé a bhean. Ní le linn do dhuine a bhean a chur is gnáth dho an chainnt sin a rádh anois ach mar chainnt ghrinn le linn aon choda de ghnó an earraigh a bheith déanta aige. 37 — “Gad ort, a chailligh, beir mac dom.” Cainnt mhagaidh a deirtear ag tagairt do dhuine fheargach bheadh ag iarraidh ar dhuine gnó a dhéanamh ná raibh i nao' chor ar a chumas. (Tuille le teacht). TÁIM SÍNTE AR DO THUAMA. Riobárd Ó Duibhir do chuir an ceol i ngléas. Gléas A. Atáim sínte ar do thuamba, Is do gheobhair ann de shíor mé; Dá mbeadh bárr do dhá lámh agam, Ní sgarfainn leat choidhche. A úbhaillín 's a annsacht, Is am dómhsa luighe leat, Tá boladh fuar na cré orm, Dath na gréine 's na gaoithe. II. Atá cló ar mo chroidhe-si, Tá líonta le grádh dhuit, Lionndubh air taobh thíos de, Comh ciardubh le h-áirne. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk
Is má bhaineann aon nidh dhom, 'S go gclaoidhfeadh an bás me, Beadsa am shídhe-gaoithe Rómhat thíos ar na bánta. III. Nuair is dóigh le mo mhuintir, Go mbímse ar mo leaba, Ar do thuamba seadh bhím sínte, Ó oidhche go maidin; Ag cur síos mo chruadhtain Is ag cruadh-ghol go daingean, Trém' chailín ciúin stuamdha, Do luadhadh liom na leanbh. Ó Thadhg Mac Cárrthaigh, Imleach, sa Phriairacht, buachaill go bhfuil an guth chomh ceolmhar sin aige, go nglaodhann siad ‘An Ceol Sidhe’ air. Ba dheacair é shárú ar bhinneas, idir cheol is focail, dar liom. Finghin na Leamhna. LUIBH-EOLAS. Tá áilneacht ar gach taobh dínn fan gacha bóthair. Má bhíon an radharc ceart againn chífeam áilneacht ins gach tor is ar fuaid gacha páirce. Praiseach Bhuidhe. Ar bhuidheacht a blátha is eadh ainimnighadh an Phraiseach Bhuidhe (Bras- sica). Bláth gur fuiris é ghortú is eadh é, agus feóchan sé an túisce a stathtar é. Gas cruaidh a bhíon ar an bplannda; é sleamhain, uaireanta, ach is minicí dho go guaireach. I measc an arbhair is mó 'chítear an Phraiseach ag fás & is minic a cheapfá gur a síol san a cuireadh in inead síl an choirce. Radharc rí-thaithneamhach an brat mór buidhe úd sa' tsamhradh. Bu dheacair buachtaint air le breaghthacht, ach is anamh a chloisfá feirmeóir 'á mholadh. “Buidheacht agus breaghthacht! Preit! a dhuine, cad tá ort? Tú féin is do bhreaghthacht!” In aimsir an ghorta ('48) nuair a bhí ag teip glan ar Ghaedhlaibh aon ghreim bídh den ghná'-shaghas do sholáthar, d'imthighadar amach fén gcoill is fén ngort is fén dtráigh ag taighde rómpa, d'aimsighadar dhá rud, an Cosáinín (‘Carraigín Moss’) ar an dtráigh & an Phraiseach Bhuidhe sa' ghort. Bu bhiadh ann féin an cúnlach trágha san ach ní raibh fághail air ach ag an duine a bhí cois fharraige. Bu mhaith ar fad é an Phraiseach chun greim beag mine do chur i bhfad, agus bhí raidhse dhe i ngach gort dá raibh coirce ag fás ann riamh. Ladhar de & dorn beag mine, is minic a chimeád sé an bás a' tig Gaedhil. Tá daoine indiu ann & taithneamh aca don Phraisigh de bharr an scéil sin. ‘Praiseach’ (‘Puirseach’) atá mar ainm ar leitin in a lán ball sa Ghaedhaltacht ón uair úd i leith. Den treibh cheudna an Phraiseach Bhuidhe agus an cabáiste. Tá mil ann, ach í bheith chomh fada síos sa bhláth nách féidir le h-aon-bheich í aimsiú. Fágtar ag na buachaillí beaga í — ag na cuileóga is na mionpheiphleacáin. ‘Togha cailín 'is eadh an Phraiseach Bhuidhe, dar leó. Seán Tóibín. LEIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. FÁTHA GÁIRE. Duine bocht a bhí lá ar Dhroichead Phádraig i gCorcaigh agus é ag bailiú pingní ó gach n-aon gur dhéirc leis pinginn a thabhairt do. Agus ba mhór an díol truaighe an duine bocht céadna mar bhí cárta mór ar sile le na ucht agus is é bhí scríobhtha air: “Ar ghrádh Dé tabhair déirc don duine bocht so atá gan RADHARC A SHÚL, gan ÉISTEACHT A CHLUAS ón lá tháinig sé ar an saoghal.” Do bhí duine uasal ag gabháil thairis agus do thuit leathréal uaidh i n-aici an daill bhodhair. D'aimsigh an duine bocht san an píosa airgid láithreach agus do chuir na phóca. Bhí iongna ar an nduine uasal. “Connus a chonnaicís an leath- réal úd,” ar seisean, “má's fíor do'n chárta san ort?” D'fhéach an dall ar an gcárta. “Ó,! h-anam 'on riabhach,” ar seisean, “ní rugas an cárta ceart liom.” “Agus cad a bhí ar an gcárta ceart?” arsan duine uasal. “Bhí, a dhuine,” arsan duine bocht, “gur im' balbhán a rugadh mé agus go bhfuilim fós balbh!” Fear i n-aice na Snadhma go dtárla cúig púint aige. “Dóigh mhuise,” ar seisean, “ní fheadar ciaca dhéanfad, bean d'fhagháil do Sheán (an mac) nó asal maith láidir a cheannach. Tá aimsir na bprátaí chugham. “Tá an saoghal creachta ag an gcogadh so,” mar adubhairt fear an Oileáin nuair a fuair sé fiche púnt ar bhairrle geire. “Chomh daor le dhá ubh ar phinginn,” adeireadh na seandaoine. Slán beó siar leo! “Go lagaidh Dia ár namhaid,” arsan t-Éireannach nuair d'ól sé an piúnt & thug réal dá fhiaca do Shasana.” “Leagadh is leadhbad do'n té chabhrochadh leis,” arsa fear an ghloine bhiotáile & é ag tabhairt scillinge dá fhiacha do Sheán Buidhe. “Amen go dóighte,” arsan t-Éireannach dian a dheineann daoine breoite le gal a phípe tobac ó mhaidin go h-oidhche. “Ariú nach bog atá do chroiceann ort!” a ndubhairt an míol mór nuair a bhuail sé a shrón ar an bhFomhuirín. “Nach cruaidh an saoghal ar dhaoine macánta é,” arsan seabhac leis an sicín & iad ag dul i bhfolach ó'n luing aeir. “Mo bhrón é an t-ocras!” mar adubh- airt an Madraéisc nuair tugadh scilling an púnt i Lonndain air. Cad dubhairt an cat le na bhean “Mí-á-í,” ar seisean “Mí-á-í.” Sbhc. LEABHAIR A THAITHNFIDH LE GAEDHLAIBH, Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla le fághail uainn-ne. Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg clár na leabhar. Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH, SRÁID ÍOCH. BHAGÓID, a 50, BAILE-ÁTHA-CHLIATH. Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” A Ghaedheala! Ceannuighidh “ÉADACH na DRUIPSIGHE” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaig na Druipsighe (teo.) Co. Chorcaighe. ROSC CATHA GAEDHEAL. THE SOLDIERS SONG. — É in a cheart idir cheól is abhrán, agus oireamhnach don phianó. É i nGaedhilg, chomh maith. 1/1 an chóib, per post. WHACK FOL THE DIDDLE. — Abhrán grinn i mBeurla. An file ceadna a dhein. É oireamhnach do cheól an phianó. 1/1 a' chóib. Geobhaidh lucht siopa níos saoire 'ná súd iad. Ó FAOLÁIN & A MHAC, In Uachtar Cé Urmhumhan a 17, ÁTH CLIATH. CARABHATAÍ den PHOIPLÍN AR GACH DATH is AR GACH GNÉ DATHA. LIAM Ó hAIMHEIRGÍN, (‘W. Bergin’) A DHEINEAN DO LUCHT SIOPAITHE. Scriobh ag triall air go 62 SRÁID GHRAFTON, in ÁTH CLIATH. NÍ DEINTEAR AON PHÍOPAÍ EILE IN ÉIRINN ACH PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR agus is fada farsaing atá a gcáil. Le ceannach i ngach siopa tobac. Cuir a dtuairisc ar Lucht a ndéanta — CAPP & MAC PEADAIR Teo. FAICHE SHAIN STIABHNA, ÁTH CLIATH. Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill. Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.
CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA ó LÚCÁS DE BÚRCA. LÉINTE FO-LÉINTE STOCAÍ BÓNAÍ CARABHATAÍ de DHÉANTÚS GAEDHAL Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile: SRÁID PÁDRAIG N. a 105, (‘LUKE BURKE’) CORCAIGH. Sinn-ne a dhein SNAOIS CHORCAIGHE ar dtúis agus atá 'á déanamh i gcómhnaidhe. TOBAC CÚMHRA an dá shórt so — “Exhibition Roll” agus “Shandon Plug.” Má theastuighean uait aon tobac nó saigréidí do chur chun aonne atá sa chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó cháin, ach leath phúnt, ar a luighead, bheith sa' bheairtín idir thobac is saigréidí. LAMBKIN BROS., 9 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. Gheobhair deaghmhargadh uaim-se i gcomhnaidhe. TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol- fad-sa an postas ar cheithre púint de. PLÚR Gaedhlach. MIN Gaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min bhuidhe. SIÚICRE agus gach rud eile ar fheabhas. SEÁN MAC CURTÁIN, SRÁID A' tSEANDÚNA, CORCAIGH. Tá agam-sa CULAITHE ÉADAIG do GHARSÚNAIBH. CAIPÍNÍ & HATAÍ den uile shaghas. Earraí Gaedhlacha. MÍCHEÁL Ó NUALÁIN, (‘M. J. NOLAN) An Mheádhon-tSráid Thuaidh agus Sráid an Chaisleáin, CORCAIGH. AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh An Fear Gnótha. An Seabhac, Daingean Uí Chúise An Fear Eagair. Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is chuige is ceart síntiúisí airgead eile a chur. Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní, &c., do chur. Ó Cuill & a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath Na Díoltóirí. Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. “SIN É MO CHUID-SE.” Do bhí bean i nDúnchaoin fadó. Ana- bhean piseog ab' eadh í. Maidean ana- mhoch, díreach agus an lá ag gealadh do bhí an sagart ag dul abhaile tar éis an Ola a chur ar dhuine éigin a bhí ag dul chun báis. Do bhuail an bhean so leis ag crosaire ceithre rian. Ní fheaca sí i n-ao' chor é. Fear óg dob eadh an sagart & bhí sé ana-cheanamhail ar chlis. Do bhí an bhean ag déanamh cnocáinín de chré ar úmpó gach bóthair aca. Nuair a bhíodh an cnocáinín déanta aici deireadh sí: “Sin é mo chuid-se.” Leig sé dhi féinig nó go raibh an ceann deirineach nach mór críochnaithe aici agus annsan tháinig sé laistiar di agus dubhairt sé: “Sin é mo chuid-se.” Do bhain sé geit aisti. D'úmpuigh sí tímpall air le feirg agus dubhairt sí leis: “Bíodh sé agat, marsin;” agus d'imigh sí uirthi treasna an chlaidhe agus trí sna guirt. D'fhan sé ag féachaint uirthi go h-úntasach nó gur imigh sí as a radharc. Cheap sé gurab amhlaidh a bhí sí as a meabhair agus bheith ag déanamh ruda mar sin chomh moch san ar maidin. Do bhí aon bhó amháin aige agus do dheineadh an cailín aimsire bhí aige cuig- ean uair sa tseachtain fúithi. Nuair a dhein sí an chuigean an tseachtain tar éis na mná a bhualadh leis an sagart ní choimeádfadh an seomra an méid ime bhí aici. Do bhí úna uirthi cad as go dtáinig an t-im. Do rith sí isteach go dtí an sagart agus dubhairt sí leis é. Do chuimhnigh seisean ar an mnaoi bhuail leis ach ní dubhairt sé aon ní na taobh. Dubhairt sé leis an gcailín an méid ime bhíodh aici gach seachtain a choimeád agus an chuid eile a thabhairt do sna córsain. An Domhnach a bhí chughainn do labhair an sagart ón althóir ar an mnaoi agus ar a cuid piseog; agus do chuir sé an sceimhle chomh mór san na croidhe gur éirigh sí as na piseoga an chuid eile dá saoghal. Is amhlaidh a bhíodh sí ag breith an ime ó sna daoine go léir le na cuid pis- eog. Do bhailigheadh sí an chré as na guirt ar éirghe an lae ar maidin agus nuair adubhairt an sagart an mhaidean a bhuail sí leis: “Sin é mo chuid-se,” d'fhág sí aige é. Máire Ní Bhriain, An Mhináird Thiar, Liospóil. CONCHUBHAR CÁSMHAR. (Tuille dhe). Bhí luighe na h-oidhche ann nuair dhúisigh Conchubhar. Do chaith sé cuid dá chnuas- acht óir ar an mbórd; do sgiob leis a chléibhín & a choileach, dar leis, agus dob é an fear mórálach é ag baint a thighe féin amach. Bhí a bhean & an sguaith- ne Cásmhar go léir i mbéal an duiris roimis. “Nár chóir go mbeadh náire ort bheith ag sgilligeadh t'aimsire agus do chuid airgid i dtigh an óil …” “Heit a bhean! Deirimse airgead leat! Ór & diamantaí bhéas agam feasda arís. A leith chugham a chlann ó … an bhfeic- eann sibh an coileach san ar an mbórd … Seadh má seadh; abraidh go léir na focail seo im dhiaidhse, agus chífidh sibh a bhfeicfe sibh: ‘A choiligh Pheadair, a choiligh Pheadair, Can-se dhúinn do phaidir.’” Ba lughaide a ndóchas an cléibhín do chailleamhaint ortha roimis sin, ach mar sin féin do chanadar na focail d'aon ghuth. Sgr-r-r! thula thul! Siúd chun fiantais an coileach ar fuaid an tighe, agus gach aon sgread bháis aige; ach oiread agus cnapóigín óir, ná buadhchloichín dá luigh- ead, níor leig sé as a bhéal. Cheap Conchubhar gurbh é radharc a shúl do baineadh de. Do luighadar ar channrán & ar cháiseamh: “Agus me lán dearbhtha … munab amhlaidh chuaidh na focail amugha arís orm … nó cad é an míádh tá anuas orm” adeireadh sé, agus é ag stathadh a chuid gruaige as a chéile le canncar. Tháinig néal eile ann, go dtug sgiúird i ndiaidh an choiligh, go rug air, agus gur fhastuigh chuige sa chléibhín é. Thug sé an chluas bhodhar dá líntighe, agus d'imthigh ar cosanáirde. Ní mó ná nóimeat do leig sé thairis i dtigh an tábhairne, agus do ghread leis arís gur shroich sé na Flaithis de'n ruthag san, díreach le linn na réilthíní do lasadh; agus ba chuma nó torann tóirthnighe fothram a bhróg adhmuid. Cnag! cnag! cnag! “Ochón!” arsa Peadar; “cia h-é seo ag raobadh an duiris orm?” “Puth … mise, a naoimh cheannsa, Conchubhar bocht Cásmhar, tá fhios agat, go bfuil —” “Ó thusa! Más tú ní fhanann tú led' thuras, a mhinic a thig … agus teacht a leithéid seo de thráth.” “Gaibh mo leath-sgéal, a naoimh mhóir mhaith, ach is i ngioll ar do choileach é. Ní fheadar de'n domhan cad do tháinig air; díreach dáltha do chléibhín, an dtuig- eann tú?” “Mo choileach ineadh? Agus mo chléibhín? Is amhlaidh malairtigheadh ort iad, a dhuine.” “Iad do mhalairtiú!” arsa Conchubhar, agus é ag cuimhneamh air féin. “Má seadh is iad an bheirt feallairí úd …” Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk
“Dubhart leat, ámhthach, gan bheith ghá dteasbáint. Is é is córa thabhairt anois duit … ach ní dhéanfad … fan! Tá rud éigin eile annso agam id' chóir;” agus do shín Peadar chun croiche bhí i leath-taoibh an duiris aige. “Féach!” ar seisean; “sin mála agat, & búnsóg ann. Nuair theastóchas uait smacht do chur ort féin, nó ar charaid leat, níl agat ach a rádh mar seo: ‘Mir, mear, a bhúnsóg mhaith, Amach as an mála.’ Agus chífidh tú an brígh tá innti. Sin a bhfuil le rádh agam leat,” ar sé, agus bhí áiltheoireacht 'na shúil ag dúnadh an duiris do. “Huth! Tuigim anois na bearta go léir,” arsa Conchubhar leis féin. “Ach beadsa suas libhse, a bheirt fheallairí.” Ní raibh aon doitheacha ann ag baint tighe an tábhairne amach, agus a chléibhín, a choileach agus a mhála ar iomchar aige. “Cuir an coileach soin dá róstadh dhom,” ar seisean mar chéad bheannachadh. “Agus a gclaise, a bhean an tighe, ná malairtigh orm é. Agus is féidir leat an teine ghríosadh leis an gcléibhín seo. Dá mbeadh an cúram san dinn chuirfinn i n-iúl duit cad tá sa mhála so agam;” & do leig sé gnúis na h-áiltheoireachta chuige, ag déanamh aithris ar Pheadar. “Táthar chughainn,” ar sise na h-aigne féin; ach do luigh sí le n-a gnó, ag ullamhú an choiligh, gan a leigint uirthi go dtug sí aon ní bun os cionn fá ndeara. Ní mó ná bhí fear an tábhairne go maith istigh leis féin, agus é ar a dhícheall d'iarraidh an tuataigh do chur chun codlata; ní do chlis air de'n chor san. D'ith Conchubhar a chuid, agus ní gan cannrán agus cáiseamh é, mar ba roighin leis do bhí feoil an choiligh. Annsan thug sé pleannc dá dhorn ar an mbórd, agus ar seisean: “Feicimís láithreach an dtuigimíd a chéile. Mo choileach agus mo chléibhín annso chugham, agus san de thaipigean.” “Do choileach & do chléibhín, a dhaidí? Ná fuilir d'éis do choiligh —” “Mo choileach & mo chléibhín adeirim! Agus muna gcloiseann sibh sa chluais sin, tá rud agam-sa chuirfear éisteacht sa dá chluais agaibh. ‘Mir, mear, a bhúnsóg mhaith, Amach as an mála.’” Agus mir, mear! chomh luath leis an splannc, do ghluais búnsóg bhán as an mála, & do dhírigh ar fhear an tábhairne agus ar an mnaoi, dá leadhbadh thíos agus tuas, agus ó gach taobh. D'iompuigh annsain ar Chonchubhar féin, agus thug an leadhbadh céadna dho, gur chuir sí lán an triúir acu ag rinnce ar fuaid an tseomra. “Coisg í arú! coisg í! agus leig dom do choileach agus do chléibhín a thabhairt chughat,” arsa beirt an tábhairne as béal a chéile, agus iad d'iarraidh a gcinn do chosaint ar sgáth a chéile. “Stad oidhe! Taoir ag bualadh do mháighistir! Áth! a bhúnsóg mhallaithe!” adeireadh Conchubhar, agus é á bhrúth féin isteach i gcúinne an fhalla. “An stadfá, adeirim leat! Leor! leor! Sin dóthain an lae seo!” Oiread agus focal de níor thuig an bhúnsóg, ná níor aithin máighistir thar giolla, ach leanamhaint uirthi go fuin- eamhail fonnmhar: mir, mear; clé agus deas; cosain má théidheann leat; “Bhó! bhó! bhó! Olagolagón!” Dob é déine na h-uaillbhéile bhí acu gur shroich sí Peadar isna h-árdaibh, & muna mbeadh a luaithe tháinig sé ní bhéar- fadh sé 'na mbeathaidh ortha. “Mir, mear, a bhúnsóg mhaith, Isteach sa mhálá!” ar seisean, ag teacht isteach do; agus níor thúisge an focal ná an gníomh déanta.” “Faghthar mo choileach agus mo chléibhín dom.” Nuair leagadh ar an mbórd iad do labhair Peadar agus iseadh dubhairt: “Ní bhfuairbhair ach an méid do bhí amuich agaibh, lán an triúir agaibh. Thusa, a mhithilligh mhóir an tábhairne, & do bhean bheag, le nách leor libh daoine shlad, gan foghail do dhéanamh ortha, seachanaigh an bhradghal feasda, nó is baoghal díbh an chnáib i ndiaidh na búnsóige. Id' pháirtse dhe, a dhuine bhoicht Chásmhair, ag a bhfuil lán an bhaile bháin de chlainn agat, agus nách sos duit ach ag lochtú na cinn- eamhna, nó ag lochtú na h-aimsire, chíonn tú anois ná fuile féin gan locht, agus gur mar a chéile dhuit an rath nó an míorath do sheoladh chughat. Bhéarfad thar n-ais uait mo chléibhín, mo choileach agus mo bhúnsóg, agus a mhileán san ort féin agat; ach ná leig i ndearmad feasda an méid seo adeirim leat: Cabhraigh leat féin, & gheobhair cabhair ó neamh!” — sin deireadh mo sgéil as an adhbhar thar lear. Feargus Finnbhéil. DON LEANBH. Gheobhair, gheobhair, gheobhair a pháiste — Gheobhair-se capal is cóiste amáireach, Gheobhair, gheobhair, gheobhair a pháiste — Gheobhair-se bróga is búclaí breaghtha. Ragham, ragham, ragham le chéile — Ragham sa tsamhradh siar go Cléire, Ragham, ragham, ragham na dhéigh sin — Raghad lem' leanbh go Baile 'n Fhirtéirig. Níl leanbh, níl leanbh, níl leanbh chomh séimh leis — Níl a shárú 'de leanbh ar thalamh na hÉireann, Tá a shúile ar lasadh mar lasfadh na réaltha, 'S a bhéal is a leacain mar dhearg na gcaortha Lorga Liath-bhán. NÁ DEARMHAID SO, A CHARA. Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn. Gheobhaidh do mhac togha na scoluidheachta — gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CHORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Scriobh chuige. MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh- air na rudaí seo & iad go maith: Bróga is Stocaí, Léinte is Guaileáin, Lámhainní is Bónaí. T. Ó LOCHLAINN, 19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH. FEIS CHORCAIGHE (fé chúram an Choiste Conndae) I Mí an Mheithimh, 1918, a tionólfar. DUAISEANA. 1 — £10 ar Nua-Scéal 7,000 focal. 2 — £2 ar Abhrán nó Dán. 3 — £2 ar aon déantús i gcóir Aithrise, bíodh in a Dhuan nó in a Phrós. 4 — £2 & £1 ar Chnósacht Sean-Abhrán nár cuireadh fós fé chló. 5 — £1 10 ar Nua-Agallamh Grinn. 6 — £1 10 ar Chnósacht Tomhasana gona bhfreagairt. 7 — £4 ar Nua Dhráma ‘uaire a chloig.’ 8 — £3 don Scoil is feárr sa Ghaedhaltacht. 9 — £3 don Scoil is feárr Lasmuich dhen Ghaedhal- tacht. Do Ghaedhilgeoirí ata in a gcomhnaidhe i gConndae Chorcaighe na duaiseana san. Scríobh chun na Rúnaithe: A. Ó TUAMA agus P. Ó h-ANNRACHÁIN. tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE TOGHA GACHA BÍDH — Plúr, Min, Té is Siúicre; SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don bhfeirm; ÁRAISTÍ IARAINN is stáin don tig. ag “JOHN ATKINS & CO. ltd.” Is aca bhíon Plúr Ruiséalaig ó Luimneach. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk
Tá le fagháil uainn-ne BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID den déanamh Ceilteach agus marc earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca. Tá ÁTRAIGHE ÓIR is ÁTHRAIGHE AIRGID mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca. Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair agus an luachliosta. LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid Gaedhil: sa tSIOPA BAGÚIN atá ag TOMÁS Ó MURCHADHA, (‘T. J. Murphy’) 111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH, ar aghaidh Árdoifige an Phuist anonn. Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CL. MHAC, teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.” Guthán: 7 Cork; i Midleton. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, ó MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA GAEDHILGE Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim. Trí leath-phinginní (1½d.) fiacha gacha leabhair díobh. 1. “Laethanta Geala” (Kerry School- girl's Diary). 2. “Cosa Buidhe Árda” (Easy Songs to Catchy Tunes). 3. “Sean-Amhráin na Mumhan.” 4. “Déanamh an Cleamhnais” (Short Dramatic Sketch). 5. “Cunntas Cinn Lae” le Bríd Stac. Le fághail ó MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann don Ghaedhilgeoir: UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87, i mBAILE ÁTHA CLIATH. OIDHCHE SHAMHNA. Oidhche na h-adhairce thugann na daoine óga ar an oidhche sin, in ionad Oidhche Shamhna, mar téigheann siad ar fuaid tighthe an bhaile an oidhche sin ag lorg airgid. Bíonn adharc ag duine aca & taréis dó séideadh maith fada do bhaint aiste adeireann an duine eile an rann in áird a ghotha. Is iomdha rann ann i gcomhair na h-oidhche sin & ag so ceann díobh im dhiaidh: “Mhungó, mhanga, anocht oidhche Shamhna. Eirigh id' shuidhe, a bhean an tighe, Agus ná luigh ar aon leaba chruaidh gan tuighe. Téighir suas go bearmhail & tair anuas go flaitheamhail Tabhair leat ceapaire aráin agus ime; Coiscéim coiligh d'aoirde ann, léim ghiorrfhiaidh d'im air. Triúr againn sa mhóin, Duine i ndiaidh na lachan agus beirt i ndiaidh na ngéana. Bádhadh m'athair lá cruaidh earraigh, Bádhadh mo mháthair i dtor aitinn. Bainne na gclog ní maith an biadh é, Mara ndeunfadh sé deoch do lucht an fhiabhrais. Thug sé naoi lá agus naoi n-oidhche ar thubán na bhfannsaí iarainn, Go bhfaca mo dhá shúil an cúnach liath thríd; Le neart sainnt' chum an ime dorighne na mná an diabhad air. Tabhair chugham peigin do bhainne righin, mhín, mhilis, A mbeidh leamhnacht in a chiosa, uachtar in a mhullach, É ag teacht 'na chnuic & ag imtheacht in a shléibhtibh; Badh dhóigh leat go dtachtfadh sé tú, Acht mo chreach fhada níor bhaoghal dhuit. Mála na h-ioscaide, mála na gualann Agus an mála ar an taobh thuas de. Innis dúinn an bhfuighbhmíd é a bhean an tighe, Nó mara bhfuighbheann go mbeimíd ag imtheacht Mar atá mná na dtighte so amach ag glaodhach orrainn.” Dá bhfuighbhidís an t-eiteach in aon tigh, do chuirfidís an t-aguisín so leis an rann: “Nár fheice Dia dealbh tú, a bhean an tighe, Ná mórán agat.” Ní lugha an trácht bhíonn ar oidhche Shamhna, sar a dtagann sí, ioná ar lá Nodlag. Bítear ag comhaireamh na míos ar dtúis, annsin na seachtmhainí agus in a dhiaidh sin na laetheanta, ag tarraingt uirre. “An fada uainn anois í? Cia bheidh ag tabhairt cuaird na h-adhairce it fhochair? &rl.” Sin í an chaint d'aireochthá ag na buachaillibh óga abhfad roimh an oidhche sin. An tseachtmhain deigheanach do mhí Deireadh-an-Fhoghmhair do bheadh do chluasa bodhar ag fuaim na n-adharc á séideadh & ag ceol na rann á rádh. Níor dhóigh leat nach long-gail do bheadh ag séideadh ag fágaint an chuain dí, nó fiadhach an tsionnaigh do bheadh amach ar na sléibhtibh. Ag cleachtadh ar na h-adharcaibh iseadh bhíonn na buachaillí óga mar sin, agus ag rádh na rann chum go mbeidís go pras aca. Bíd ag cur faobhair, mar adeurfá. 'Na mbeirt & 'na dtriúr is gnáth leo a gcuaird do thabhairt ar a gcomharsain agus sin í an tseachtmhain i ndeuntar an togha. Fuigh- bheann ceachtar don mbeirt a thástáil ar an adhairc agus an té is fearr agus is sia anáil is é fear na h-adhairce é. Ní mór d'fhear-ráidhte-na-rann guth maith láidir do bheith aige, mar atá an rann cuibheasach leabhair & caithtear é do rádh amach go h-árd & gan aon stad. Adharc bhuabhaill bhíonn ag cuid aca, adharc bhó ag cuid eile, sliogán ag a thuille aca, agus an té ná fuighbheann teacht ar aon cheann díobh sin, is é rud dhéineann sé nach an tón do bhualadh as bhuideul. “Is cuma nó muc duine gan seift,” mar adeir an sean-fhocal, agus is anamh duine óg díobh sin gan seift éigin. Is minic do chonnacas duine óg ag deunamh adhairce don a dhá láimh .i. a dhá órdóig do thabhairt le chéile & ionad follamh do bheith idir a dhá dhearnain & níor dhóigh leat nach adharc cheart do bheadh aige. Is deacair a rádh cad is brigh leis an nós sin nó cathoin do thosnuigh sé, acht dála gach sean-nós eile atá sé ag dul ar ceal. Ní bhíonn aoinne ag imtheacht thimcheall leis an adhairc anois ach amháin na daoine is óige. Ní h-ion- ann agus is na bliantaibh atá imthighte, nuair thugadh sclábhuidhthe agus mic feir- meoirí agus daoine nach iad cuaird na h-adhairce oidhche Shamhna. Do chóirighdís iad féin le tuighe & le málaíbh agus le sean-eudaighibh, chum iad fhéin do chur ó aithne agus spórt do dheunamh. Do théigheadh cuid aca a naoi nó a deich do mhíltíbh ó bhaile & do bhíodh cúpla púnt aca ag casadh. Do chuirfeadh an nós so i gcuimhne do dhuine an chuaird thugadh na filí ar righthibh agus ar thaoiseachaibh Éireann i n-allód, an uair do bhí an tír so fá réir a muintire féin. Nuair thagadh an file go dún an rí, do chumadh sé dán molta don rí agus dá shinsear ríoghdha roimhe, agus do bhíodh a sháth bídh & dighe le faghbháil aige an fheadh ba mhian leis fuireach. Muna bhfuighbheadh é sin, do dheunfadh sé aor nó cáineadh ar an rí agus ar a theaglach & do bhí do mhéid a ngráin ar an aor sin ná h-eiteochaidís file um aon ascaidh dá n-iarrfadh sé. Ba adhbhar mórdhála agus maoidhte le rightibh agus uaislibh na h-aimsire sin a mbíodh do dhantaibh molta aca ó fhilíbh agus ó lucht ealadhan eile agus níorbh fhearr clú ná cáil do bheadh ar dhuine an uair sin ioná clú féile & fairsinge agus flaitheamhlachta, Atá tréith féile na sean-Ghaedheal is na daoinibh gus an lá indiu agus atá sé le feiscint fós i nós na h-adhairce. Áine Ní Cheallaigh, Rinn ó gCuanach. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
CUARDACH. An cuardach is deacaire do rinne duine riamh an cuardach so á dhéanamh agam-sa le leath-uair a chluig. Ag cuardach a bhíos san áit ná féadaim faic d'fheiscint bíodh as gur ana ath- chumair dom shúilibh é. Ag cuardach am inchinn do bhíos féachaint a bhfuighinn aon rud oireamhnach do lucht léighte “An Lóchrainn.” Sin a raibh dá bhárr agam, ámhthach. Níl cúinne dem inchinn a chuard- aigheas ná gur choraig rud beag ann go leisgeamhail agus gur dhein chómharthaí chugham ag moladh dhom gluaiseacht liom in áit éigin eile as san. Clann agus teachtairí na leisge na rudaí beaga úd. Ní h-aon mhaitheas bheith leo san nuair a gheibhean siad greim i n-inchinn an duine. Ní h-eol domh-sa leigheas do'n ghalar so fhágan siad 'na ndiaidh. Sin é anois leath uair eile den chlog imthighthe uaim ad iaraidh ínsint duit fáth mo thoisg & gan breis déanta ar fóghnamh agam. Scéal don “Lóchrann,” an eadh, airiú? Go breagh bog; go breagh bog, a bhuach- aill. Níl ann & ní bheidh. Amhrán nó dán nó laoi, má's eadh? Is fada óm' mheamh- air do chodail an fhilidheacht le sealad a gharsúin mhacánta an “Lóchrainn.” Chod- laigheadh sí uaireanta anso agam, ach deinim amach anois gur ag magadh fúm a bhíodh sí. Cheapainn uaireannta nuair a bhíodh sí go muinteardha liom go bhfanfadh sí mar chéile agam tar éis tamaill. Ach mo mhairg, as mo chúig céad deacair, mar ní céile chneasda an fhilidheacht san dom feasda. Is minic a mheall sí sin duine cheana is baoghalach. Bhíos féin tráthnóna ag suirighe léi trí bliana ó shoin chun an fhóghmhair seo chughainn, cuir i gcás, agus bhuail sí bob orm. Ba ghnáth léi roimhe sin breith ar mo pheann agus é stiúrú dhom agus ranna de shórd éigin do chuma dhom agus ansan d'imthigheadh léi. Ach an tráthnóna so áirighthe chuireas me féin i dtreo chun pas suirigheachta léi agus leig sí uirthe go ndéanfadh sí a cuid féin de'n ghnó. Dhein leis! Stiúraig sí mo pheann tamal. D'imthig sí uaim i gan fhios dom an oidhche sin agus d'fhág sí a rian 'na diaidh. Ar eagla ná creidfeá me cuirfead síos anso dhuit an ‘dán’ do bhí am leabhar tar éis na h-iarachta san. Léig é, muna bhfuilir at' chodladh fé'n am so, agus ansan ní baoghal go mbeir at thuirsiú féin feasda am brosdú-sa chun rudaí deasa do cheapa don “Lóchrann.” D'á n-imirigheadh aon rud cleas mar sin ort-sa bheadh ciall agat, & do thabharfá saoire dhot' pheann fé mar dheineas tar éis h-oidhche sin. Sin é anois agat é, ach ar t'anam ná cuir sa “Lóchrann” é. AN DÁN! “Dé Luain, 13-9-'15.” “Báisdeach bhog a titim ar bhilleogaibh na gcrann amuigh am' gháirdín. Gan gaoth á séide soir ná siar ná ódheas ná ó thuaidh. I dtosach oidhche tar éis lae fóghmhair agus gnó an lae críochnaighthe Tá an coirce do cáthadh indiu curtha i gcrích agus tá an chruithneacht i málaibh go slán fé dhíon. Tá an tuighe curtha igcocaíbh san ioth- lainn Tá an bháisdeach ag titim ar na bill- eógaibh Tá na ba curtha don tuar cois an róid agus fanfaid ann go maidean. Tá na gamhna sa chlais ghlais agus iad ar a sástacht, agus tá na caorig ar an leacain Tá críoch curtha le gnó an lae agus tá an bháisdeach ag titim go bog agus cuirean san sásamh i gcroidhthe na ndaoine do bhí ag obair ar feadh an lae. Bhí deallramh báisdighe sa spéir indiu ach níor thit braon tá sí a titim anois agus is deas lem chluais an fhuaim a dheineann sí ag sileadh ar na billeógaibh am gháirdín agus ag sileadh ó bhilleóig go chéile gan gaoth á cur soir ná siar ach í sileadh anuas díreach. Lá Fóghmhair eile críochnuighthe & beagán eile déanta i gcómhair an Gheimhridh. Lá eile dem shaoghal caithte; lá eile níos giorra do bhruach na h-uaighe Ciúineas am thímpal, ach sileadh na mbraon amuigh ó bhilleógaibh glasa anuas ar a chéile ag déanamh sórd fuama a thaithnean lem' chluais Maith mar a thárla, b'fhéidir, gur mar a chaitheas é chaitheas an lá i bhfeidhil arbhair tamall ó ghleo na sráide. Is ciúin an uain í agus an bháisdeach 'na braonaibh boga ag titim amuigh. A bhfuil éinne eile ar mh'aithne anocht fé mar atáim anso ag éisteacht & ag scríobh agus ag machtnamh agus an t-adhbhar céadna acu dá gcimeád ag obair? Is aoibhinn an saoghal é. Tá gadhar amuigh sa iothlainn ag amhastraig, agus ní amhstraighean sé go h-árd ná go minic. Is dócha go bhfuil sé ag eisteacht leis an mbáisdig mbuig ag titim, agus go bhfuil sé sásta leis an saoghal atá aige féin ag bun coca tuighe. I dtosach oidhche Fhoghmhair agus an bháis- deach ag titim go bog amuigh am' gháirdín Buidheachas le Dia.” Cad é do mheas ar sin mar dán, a mhic ó, na n-arán? Tá báisdeach ag titim anocht arís, ach ní baoghal dos na billeógaibh do nig na braonacha an oidhche úd. Táid na gcré fad ó. Tá an chruithneacht ithte. Ní fheadar cad d'imthig ar an ngadhar, ná ar aon rud eile díobh san, ach amháin mo pheann. D'ith an mheirg é sin. Agus ansan cuirean tusa teachtaire chugham ar lorg sgéil nó dáin! Níl agam ach má gheibhean tú leigheas dom, chun na rudaí beaga san d'fhág an leisge mar shíol am inchinn 'na diaidh do chur chun fáin, b'fhéidir go ndéan- fainn iaracht eile uair éigin airís. Ach go dtí go dtagan an leigheas is fearr scaoile liom. Lorga Liathbhán. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. Tigh “An Bhata Droighin Éille” (‘H. JOHNSTON’) Teó. Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe. GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Tráth bhriseadar na húmaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces' Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Calaphort an Phápa, Corcaigh. Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX IS A CHLANN MHAC (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL IS A CHLANN MHAC (teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. CEANNUIGH DO CHUID LEIGHIS, I SIOPA AN BHÚRCAIGH .i. Tig na cúinne, idir SHRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA & SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE, I gCORCAIGH. Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean a ngnó agus a dheinean go cruinn é. Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.
GACH CÓIR SCOILE! tá againn-ne LEABHAIR don LEABHARLAINN agus LEABHAIR mar DHUAISEANNA. Scríobh chugainn ar lorg eolais: MUINNTIR FHALLAMHAIN (Fallon Bros. Ltd.) Cúirt Dáma a 13 & a 14, in ÁTH CLIATH. Smithfield a 88, i mBealfeirste. Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge. Tá SCÉALUIDHEACHT-GAN- SRAÍNNG d'á múineadh ag togha na múinteóirí I SCOIL UÍ SHÚILEABHÁIN SA ‘MHARDÍOG,’ I gCORCAIGH. Is í an scoil is mó cáil agus is fearr cóir i n-Éirinn. Múintear SRANNG-SCÉALUIDHEACHT ann do chailiní, i gcóir Oifige an Phuist, sa ló nó istoidhche. Scríobh chun an Árd-Oide. ó CHOMPLUCHT DONOBHÁIN, I dTRÁIGHLÍ, a gheobhair an deaghmhargadh, má bhíon aon rud mar iad so uait TROSCÁN TIGHE, ÁRAISTÍ BÚIRD, ÁTHRAIGHE STÁIN is IARAINN. GUAL, AOL, BRÍCÍ, “TÁTHÁN” (Cement), agus gach cóir eile oirean DO LUCHT TÓGÁLA TEACH. SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm. TROSCÁN TIGHE. Seán Ó Curráin, sa DAINGEAN. an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad. “DÁLTA REITHE SHEÁIN NA BUILE.” Duine do'n treibh Conallach dob' eadh Seán Ó Conaill — go dtugtaoi mar leas ainm “Seán na Buile” air. Bhí cion ceathrair do ghnáth aicíd an Éireannaigh ar iomchur ag Seán, dob' é sin “dúil a chait,” 'san ólachán. Fóróir ní raibh sé de ghustal ar Sheán a thart a shásamh go minic, ní lugha ná bhí sé ar a chumas gnó aonaigh fhagháil ach go fíor annamh; mar ná raibh aige ach feur aon bhó & cúpla caora ar leacain chnuic i n-iarthar Oileán Dairbhre. Lá dos na laetheanta do chuimhnig sé ar chleas a thabharfadh gnó aonaigh do, agus do chuirfeadh máthair a chéile bun os cion le h-asachán an mháthair-céile úd fadó, adubhairt “gur beag uirthi gaige gan éifeacht a raghadh go dtí an t-aonach gan gnó.” Bé an cleas é ná an reithe a bhreith go dtí an t-aonach, & an oiread fiacha a lorg air & ná cuimhneoch aon cheann- uightheóir ar é a cheannach. Do theip ar a bhean cosg a chuir leis, cé gur spreag sí go gunta, cruinn, cialmhar do go raibh an lomra áiseamhail chun balcais a chuir ar na páisdí, agus air eirighe gréine lá an aonaigh d'árduigh Seán an reithe leis ar bhraighdeán fé dhéin an aonaigh. Ní nárbh iongnadh níor chuaidh an rab ar malairt láimhe. Ar mhaolú na gréine tráthnóna do thugadar araon aghaidh ar a mbaile — an reithe a siolartaigh leis an ocras; agus Seán súgach go maith. Do tháinig aonach & aonach eile agus dobh' é an cleas ceudna é, i dtreo is go raibh eolas maith ar an mbóthar ag an reithe; agus togha 's rogha na h-aithne ag gach ceannuightheoir air féin agus ar a mháisdir. Sa deireadh thiar thall do bhuail leath-amadán ceannuightheora leis do thug breith a bhéil féin do ar an reithe. Nuair a chonnaic Seán go raibh an margadh deunta; agus é sgartha leis an aon leath-sgéal amháin aonaigh do bhí aige; do chrom sé ar lógóireacht. D'fhiafhruigh an ceannuightheoir de cad é fáth a chumha. D'innis Seán an sgéal so roimhráidhte dho focal ar fhocal? “Ó! má's mar sin é,” ars an ceannuightheoir, “bíodh sé agat arís agus fáilte.” Acht ní raghadh Seán in dhiaidh a fhocail, mar cé go raibh sé óltach, bhí sé neamhsprion- luighthe. B'é crích an sgéil gur óladar araon sláinte an reithe. Peca chuir san aon fhaid ar a shaoghal nó nár chuir níl sé ar mo chumas a rádh; ach tá fhios agam go maith ná fuil tásg ná tuairisg air le fada, agus rud is measa ná san féin tá Seán Ó Conaill bocht féin a tabhairt an fhéir i roilig na Cille Móire. Micheál Ua Murchadha, Na Teinnte, Oileán Dairbhre. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/- go 10/6. RÁSÚR “COSANTA” ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-; gheobhair ceann aca san & trí lanna “Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3, tríd a' bpost. CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar 7d. tríd a' bpost. MAC CUILINN, 35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge DO MHÚINEADH: “Scéalta don Aos Óg, 2d. “Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d. “Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” — iad go daithte is go hoireamhnach ar gach chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6 Gaedhil a bhfuil Trácht ortha: Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, an Sáirséalach, Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh Colmcille, Uolf Tone, Naomh Bréandán, An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach garm — £3 an beart. Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar — “Saints and Sinners (Dr. Hyde), “Humours of Irish Life (C. L. Graves, M.A), “Irish Orators and Oratory” (Prof. Kettle), “Irish Poetry” (A. P. Graves, M.A.), “Selections from Thomas Davis” (T. W. Rolleston, M.A.). “Songs of Myself and Lyrics” (Thomas Mac Donagh), 4/6. Poetical Works of Joseph M. Plunkett, 3/6. Cuir cárta ag triall orainn ar lorg leabhráin eolais: “The Educational Co. of Ireland,” 89 Sráid Talbóid, Áth Cliath. IS MÍORÚILTEACH NA LEIGHEASANA DO BHUAIBH IAD SO: LEIGHEAS UÍ DHOMHNAIL ar bhuinneach laogh, 5/- a' buidéal. ‘Kural,’ ar leiceacht bo, 5/- a' bosca. Níl aon teora leis chun ba do neartú. ‘Kuranzo,’ ar ghalar teangan bo, 4/6 a' buidéal. Leighisean in aon lá amháin. ‘Murraine,’ ar bhruiliochán, 3/6 a' buidéal. Leighisfidh an taom is measa taobh istigh de naoi n-uaire a' chloig. ‘Kuraline,’ ar bhruinne dhearg, 4/- a' buid- éal. Beidh an bhó i gceart taobh istigh de sé uaire a' chloig. ‘Ringool,’ ar bhorraphéist, 2/6 a' buidéal. ‘Hoosaline,’ ar chasachtaigh nó ar mhúchadh , 4/6 Gheobhair ó UA DÓMHNAIL, Siopa Leighis Bó is Beithigheach, An Eamhain, MIDHE; nó ó THOMÁS MAC MÁTHUNA, An Scairbh, CO. AN CHLÁIR. Má léighir Béarla, LÉIGH LEABHAIR MHAITHE. “Poets and Poetry of Munster,” by James Clar- ence Mangan; 3/- agus postas 4d. Ta Béarla is Gaedhilg ann. “Knocknagow,” by C. J. Kickham; 4/- agus postas 5d. “In Dark and Evil Days,” by F. Sheehy-Skeffing- ton; 3/6 agus postas 5d. “The Red Spy,” by D. M. Lenihan; scéal ar cogadh Gaedhal ar son tailimh is treabhachais é sin; 3/6 agus postas 5d. “Convict No. 25,” by James Murphy; scéal ar ruagairt Ghaedhal ó thalamh na Midhe; 3/6 & postas 5d. Scríobh ar lorg liosta agus tuille eolais. SÉAMUS Ó DUBHTHAIGH & A CHUA., Sráid Westmoreland a' 38, ÁTH CLIATH. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services