Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Márta, 1918

Title
Márta, 1918
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1918
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


1½d.
AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. a 24. MÁRTA, 1918. Trí Leith-Phinge a Fhiacha.



AN GORT GEAMHAIR.



Roimis a droch-shaoghal do bhí gort
breagh geamhair ag fás suas go h-álainn
age fear insa Bhlascaod Mór go dtug-
aidís Séamas Mór mar ainm air. Ní
raibh sa bhaile ná insa bhaile ba ghiorra
dho gort ba bhreaghtha fás ná é. Maid-
ean do ghaibh fear desna comharsain siar
chun na trágha a lorg raice. Súil dár
thug sé ar an ngort cad a bheadh ná
é na chosair easair ó bhun go barra.
“Dar diabhail!” ar seisean leis féin,
“tánn tusa curtha bainte 'n-éinfheacht
& ní cóir dom dul abhaile choidhche nó
go mbeidh 'fhios agam cad a dhein cír
tuathail díot.” Do phreab isteach thar
claidhe & do fuair rian chos an chapaill
ann agus an méid ná raibh ithte aige
do bhí sé posálta fé na chosa aige.



B'eo leis an bhfear abhaile & tháinig
go dtí doras Shéamais. Do bhuail an
doras. Do phreab Séamas & d'oscail
do na léine mar do cheap sé gur raic
a bhí braithte aige. “Cad tá ort, a
mhúirnín?” ar seisean. “Tá do ghort na
chosair easair taréis na h-oidhche,” arsan
fear amuich; agus d'fhág an doras is
do chuaidh abhaile gan mhoill, taréis an
méid sin do rádh dho. B'eo le Séamas
an bóthar siar is gan snáth air ach an
léine bhí sa leabaidh air. Níorbh' fhada
siar insa bhóthar a bhí sé nuair a bhí
fear eile a bhí ar thóir raice na choinne.
Dob' ait leis sin an fear 'na gheilt
agus dubhairt 'na aigne féin gur mhór
an náire dho gan stop a bhaint as ón
uair go ráinig sé na threo. Níorbh' fhada
go dtáinig Séamas ar an bhfód agus
d'aithin an fear eile é go maith nuair
a dhruid sé leis. Nuair a thánadar ar
a chéile do chuir sé crúca insa léine,
ach má chuir ba bhearna réidh le Séamas
í leigeant de mhullach a chinn amach agus
as go bráth leis féin mar rugadh é.



“Mo náire shaoghalta é!” arsan fear
eile leis féin, “agus má's ag dul dá
bháth féin do, ba mhór an mhaisiúlacht dó
a léine bheith air.” B'eo leis abhaile go
diair agus do tháinig isteach go dtí
Siubhán, bean Shéamais. “Ara, ní bhuail-
feadh id' choinnibh i n-aon áit ár réice
fir-ne?” “Is réic féin é,” arsan fear
eile. “Sin í a léine agat agus tá sé
féin ar gealtaighe. Is dócha go bhfuil
sé báithte fé'n dtráth so, ach má tá
féin,” ar seisean, “Ní fearra dhuit agat
é ar an imtheacht a bhí fé insan am úd
de mhaidin — é na gheilt & gan splinc
meabhrach 'na cheann.” “Á! nár agra
Dia ort san a rádh,” ar sise, “mar
dá olcas é Séamas b'fhearr é ná bheith
á éamais.”



Seadh, chuaidh fear na léine bhaint de
Shéamas abhaile ach bhí sé ana-mhór tré-
na-chéile i dtaobh na léine bhaint do
le linn bháis do. Do chuir a bhean biadh
chuige ach níor bhuail sé a phus air. “Cad
tá ort?” arsan bhean, “go bhfuileann tú
ag cur suas de'n mbiadh.” Do 'nis sé
dhi tríd is tríd & gurbh é a bhí á chur
féin ó'n mbiadh nár leig sé leis an
léine go dtí an saoghal eile. “Mhuise
mo ghráidhín an bhean bhocht & na páistí!”
ar sise, “cad tá aca le déanamh anois?”
“Mhuise an d — l a fearra dhóibh aca é
siúd,” arsa Pádraig; “mar is fada gan
mórán fuaimint leis an ndailtín céadna;
ach indiu a chuir sé clár binn air,” ar
seisean; “ach an méid seo, a bhean
bheag,” ar seisean, “má tháinig aon duine
riamh ó'n saoghal eile a lorg aon éad-
aigh, chomh siúralta is tá an chluas so ar
mo cheann tiocfaidh Séamas a lorg a
léine orm-sa agus bead féin agus an
léine ag imtheacht aige. Sin é an fáth
agus an t-eagla do chuir mise gan mo
chuid bídh ó chiainibh, a bhean bheag.”



Insa chainnt mar seo do Phádraig agus
di féin do ghaibh slataire garsúna an
doras isteach. “Bhfuil aon scéal nua
'gat?” arsa Pádraig leis. “Níl ach i
dtaobh Shéamais Mhóir,” ar seisean. “Is
dócha go bhfuil ana-bhuairt ar Shiubhán
bhocht.” “Ná'n d — l piuc,” arsan
buachaill, “is uirthi tá an gob. Bhíos
féin istigh nuair ghaibh Séamas isteach
agus gan snáth air. Bhí sise ag gabháil
do nár chuir sé a chuid éadaigh air ag
imtheacht do ar maidin; ach dubhart-sa
go raibh a léine air ach gur bhainis-se
dhe í. Do thiomain sé é féin ná béarfá
fé chré ná fé chlocha a léine féin leat.
Sé mo thuairim go mb'fhearra dhuit bheith
ag faire chughat.”



Do bhí Pádraig ag éisteacht leis an
mbuachaill ag cur an méid sin cainnte
as agus bhí fearg á bhailiú aige dho mar
do cheap sé gur ag stealladh éithigh a
bhí sé chun a thuille anatais a chur air
féin fara mar bhí sé. Leis an inntin
chun socruighthe leis an ngarsún do chuir
a lámh thairis siar chun tlú na teine,
chun stráiméad a thabhairt do'n ngarsún
a chuirfeadh a chúram de'n ndúthaigh; ach
go bhfeacaidh a bhean é & ghreamuigh sí
an tlú sara raibh sé caithte. Do bhí
an garsún amuich gan mhoill agus a
thuile soluis 'na shúile ná raibh ag teacht
isteach ionnta. Fuair Pádraig deimhniú
maith tar éis an gharsúna dh'imtheacht go
raibh Séamas insa bhaile. “Ó mhaise!
nára teacht 'na shláinte dho,” ar seisean.



Tomás Ó Criomhthain,
An Blascaod Mór.



Ó INISMEADHOIN, OILEÁIN ÁRANN.



Is i an tslighe mhaireachtáile atá acab
annseo a bheith ag iasgach is ag saothrú
na bhfataí i gcomhnuidhe. Tá beagán beag
talmhan ag gach uile dhuine. Saothruigh-
eann siad cuid do'n talamh gach uile
bhliain le fataí agus le h-arbhar agus
le go leor torthaí eile agus má bhíonn
mórán do na fataí acab díolann siad
cuid aca agus coinnigheann siad cuid
eile le cur arís. Is sé an leasú a
bhíos acab orra, feamuin. Tá a dó
nó trí do bheithidhigh ag gach uile dhuine
agus muca agus caoirigh. Bíonn siad
ag iasgach san Earrach ó dhubh go dubh
& ins an bhFoghmhar san oidhche. Tá bád
beag ag gach uile dhuine & triúr fear
ins gach bád dhíobh.



Tagann an long gaile faoi dhó san
tseachtain le h-earraí agus tugann sí
na beithidhigh agus an t-iasg go Gaillimh.



Peadar Ua Conceanainn.



SÁRÚ NA GLAS 'GAIBHNIGHE!
“SOME COW.”



Anaice Bhátarlú i stáit Íobha, Meirice,
do chonnacsa bó cúpla bliain ó shoin ná
fuil a sárú san domhan, deallruighim, chun
bainne. In éan bhliain amháin do thug sí
uaithe meáchaint 17,500 púnt de bhainne.
B'ionann san is timchioll 1,100 púnt
ime. 1,475 púnt meáchaint na bó féin.
Bó cheithre mblian a b'eadh í nuair a
bhíos-sa ag féachaint uirthi. Is de'n stoc
Guernsaighe í.



F. Mac C.



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


COIS FARRAIGE THIAR
atá an
COLÁISTE ATLANTIC.



Múintear Sranngscéaluidheacht &
Scéaluidheacht-gan-Srainng ann do
ógánaig atá idir a 16 agus a 24.



Gheobhair gach eólas ó'n Árd Oide —



MUIRIS MAC GEARAILT,
CATHAIR SAIBHÍN, I gCIARRAIDHE.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



TÉIG FÉ DHÉIN



“AN EMPÓRIUM”



ar lorg Earraí Gaedhlacha —



BÓNAÍ, CARABHATAÍ,
LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ
AGUS LÍNÉADACH.



M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE.



ARÁN HOSFORD.



NÁ h-ITH A MHALAIRT!



Sa 62 tigh sa Mheádhon-tSráid Thuaidh,
i gCORCAIGH, a deintar.



DATHÁN
den uile shaghas,
idir



SHNASDATH,
SLÁNDATH, agus
PÉINT,
(“Varnishes, Distemper, and Paint”)



TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH.



Gheobhair in aon tsiopa, nó mura
bhfaighir, scríobh chun



MHUINNTIR ÁRACHTÁIN,
Muilionn “Seandúna,” i gCORCAIGH.




SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH.



“An Seabhac” do bhailigh.



11 — “Arú nach tu an fear agam,” a
ndubhairt an madaruadh leis an
mbáirneach.



12 — “Tarraingidh ó chéile é,” arsa fear
láir a' tsúsa.



Triúr a bhí i n-aon leabaidh agus ní raibh an súsa
leathan a ndóthain agus bhí an bheirt imeallach 'á
tharrang ó n-a chéile. Ba chuma dho'n bhfear láir.
Deirtear anois é le rudaí seachas súsa.



13 — Cad dubhairt an Púca sa tor?
“Beagán dá chúram bíodh ort.”



Nuair a bheadh duine fiafruightheach ad' cheistiú
chuirfeá an cheist air — “Cad dubhairt an púca sa
tor?” Bheadh an freagra aige féin agus thuigfeadh
sé a bhrigh.



14 — “Is mór an ní an neart,” arsan
dreoilín nuair a chaith sé an
chiaróg leis an bhfaill! [nó ‘nuair
a tharraing sé an phiast as an
sioc.’]



Déarfaí é sin le duine bheadh ag maoidheamh as a
ghaisge agus nár mhór le rádh an gaisge.



15 — “Airgead!” a ndubhairt fear na
feoirlinge nuair a bhain sé an
glór as an lic.



16 — Mar adubhairt an gabhar bacach:
“Ní fheadar ciaca is fearr luas
nó moilleas.”



17 — “Sin comaoin ort, a fhairrge mhóir,”
a ndubhairt an dreoilín nuair a
chaith sé a shile sa bhfairrge.



Ní deacair a thuiscint cathain a déarfaí é sin
le magadh.



18 — “Ní lia ísleán sona ná árdán dona
ann,” mar adubhairt an fear agus
é ag ithe píobáin an ghanndail.



D'fhéadfadh duine an rud céadna a rádh i dtaobh
a lán de chúrsaí an tsaoghail.



19 — Is fearr “Seo é” ná “Cá bhfuil
sé?”



20 — “Ní gearánta dhom,” a ndubhairt
fear na coise briste.



D'fhéadfadh duine an rud céadna a rádh i dtaobh
a lán de chúrsaí an tsaoghail.



21 — “Is luachmhar an rud an t-anam,”
mar adubhairt an táilliúir agus é
ag rith ó'n nganndal!



22 — “Arís chughat, a sheana-bhríste, nuair
shíleas bheith scartha leat.”



Is cosmhail go raibh súil ag an duine adubhairt san
le culaith ab'fhearr ach gur mealladh an fear bocht.
Is minic gur rud seachas bríste a bhíonn i gceist.



23 — “Téanam ort,” arsan bás le Síle.



Agus ní dá deóin a chuaidh Síle i n-éinfheacht leis.



24 — “Mar a chéile dhíbh” mar adubhairt
an gabhar le na chosa.



Déarfaí san le daoine bheadh cosmhail le chéile
'na ngníomh agus gan a gcáil ar foghnamh.



25 — “Beir i bhfad me.”



Bréag, drochscéal, drochnuadhacht.



26 — “Mar a dhéanfadh máthair Sheáin
Bháin.



Bean ana-mhí-shlachtmhar dob' eadh í. Nuair a
bhítear 'á innsint do dhuine cionnus rud a dhéanamh go
ceart deirtear le magadh: “Dein mar sin é, mar a
dhéanfadh máthair SH. BH.” “Máthair Sheáin Óig,” leis.



27 — “Má mhairimíd beo chífimíd súd,”
a ndubhairt an dall.



28 — “Now for it!” mar adubhairt an
chailleach agus í ag rith le na scáth.



29 — “More water,” arsan Sasannach &
é 'á bháth.'



30 — “Cuir an Domhnach ar cáirde,” mar
adubhairt Pádraig.



31 — “Bíonn an fhírinne féin searbh,” arsa
Cloch Labhrais ag preabadh.



Isna Déisibh atá an chloch san agus buadh promhtha
fírinne innte. Chuala sí fírinne éigin nár thaithin
léi agus do phléasc sí.



32 — “Cúis gháire chughainn,” mar adubhairt
Peadar nuair a fuair sé an t-asal
báithte.



Agus gur cúis ghuil a bhí ag Peadar ach gur thuig
sé nárbh' fhearr gol ná gáire nuair ná raibh leigheas
ar an olc. Deirtear leis:



33 — “Aimsir mhaith chughainn,” mar adubh-
airt an bhean nuair a fuair sí a
fear báithte.



Ní h-amhlaidh, is dócha, gur áthas a bhí uirthi.



34 — “A chonách san ar na daoine go
bhfuil na ba aca!” a ndubhairt
an fear bocht maidin seaca.



.i. Níor ghádh do'n duine gan ba dul amach sa
bhfuacht. Ní raibh bainne ná im ach chomh beag aige.



35 — “Gluais a mhála is go n-éirighe 'n
lá leat,” arsan bacach ar maidin.



36 — “Seadh, tá an méid sin de ghnó an
Earraigh déanta 'gam,” a ndubh-
airt an fear nuair a chuir sé a
bhean.



Ní le linn do dhuine a bhean a chur is gnáth dho an
chainnt sin a rádh anois ach mar chainnt ghrinn le linn
aon choda de ghnó an earraigh a bheith déanta aige.



37 — “Gad ort, a chailligh, beir mac
dom.”



Cainnt mhagaidh a deirtear ag tagairt do dhuine
fheargach bheadh ag iarraidh ar dhuine gnó a dhéanamh ná
raibh i nao' chor ar a chumas.



(Tuille le teacht).



TÁIM SÍNTE AR DO THUAMA.



Riobárd Ó Duibhir do chuir an ceol
i ngléas.



Gléas A.



Atáim sínte ar do thuamba,
Is do gheobhair ann de shíor mé;
Dá mbeadh bárr do dhá lámh agam,
Ní sgarfainn leat choidhche.
A úbhaillín 's a annsacht,
Is am dómhsa luighe leat,
Tá boladh fuar na cré orm,
Dath na gréine 's na gaoithe.



II.



Atá cló ar mo chroidhe-si,
Tá líonta le grádh dhuit,
Lionndubh air taobh thíos de,
Comh ciardubh le h-áirne.



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 3


Is má bhaineann aon nidh dhom,
'S go gclaoidhfeadh an bás me,
Beadsa am shídhe-gaoithe
Rómhat thíos ar na bánta.



III.



Nuair is dóigh le mo mhuintir,
Go mbímse ar mo leaba,
Ar do thuamba seadh bhím sínte,
Ó oidhche go maidin;
Ag cur síos mo chruadhtain
Is ag cruadh-ghol go daingean,
Trém' chailín ciúin stuamdha,
Do luadhadh liom na leanbh.



Ó Thadhg Mac Cárrthaigh, Imleach, sa Phriairacht,
buachaill go bhfuil an guth chomh ceolmhar sin aige, go
nglaodhann siad ‘An Ceol Sidhe’ air.



Ba dheacair é shárú ar bhinneas, idir cheol is focail,
dar liom.



Finghin na Leamhna.



LUIBH-EOLAS.



Tá áilneacht ar gach taobh dínn fan gacha bóthair.
Má bhíon an radharc ceart againn chífeam áilneacht
ins gach tor is ar fuaid gacha páirce.



Praiseach Bhuidhe.



Ar bhuidheacht a blátha
is eadh ainimnighadh an
Phraiseach Bhuidhe (Bras-
sica). Bláth gur fuiris é ghortú is eadh
é, agus feóchan sé an túisce a stathtar
é. Gas cruaidh a bhíon ar an bplannda;
é sleamhain, uaireanta, ach is minicí dho
go guaireach.



I measc an arbhair is mó 'chítear an
Phraiseach ag fás & is minic a cheapfá
gur a síol san a cuireadh in inead síl
an choirce. Radharc rí-thaithneamhach an
brat mór buidhe úd sa' tsamhradh. Bu
dheacair buachtaint air le breaghthacht, ach
is anamh a chloisfá feirmeóir 'á mholadh.
“Buidheacht agus breaghthacht! Preit! a
dhuine, cad tá ort? Tú féin is do
bhreaghthacht!”



In aimsir an ghorta ('48) nuair a bhí ag
teip glan ar Ghaedhlaibh aon ghreim bídh
den ghná'-shaghas do sholáthar, d'imthighadar
amach fén gcoill is fén ngort is fén
dtráigh ag taighde rómpa, d'aimsighadar
dhá rud, an Cosáinín (‘Carraigín Moss’) ar
an dtráigh & an Phraiseach Bhuidhe sa' ghort.
Bu bhiadh ann féin an cúnlach trágha san ach
ní raibh fághail air ach ag an duine a bhí
cois fharraige. Bu mhaith ar fad é an
Phraiseach chun greim beag mine do chur
i bhfad, agus bhí raidhse dhe i ngach gort
dá raibh coirce ag fás ann riamh.



Ladhar de & dorn beag mine, is minic
a chimeád sé an bás a' tig Gaedhil. Tá
daoine indiu ann & taithneamh aca don
Phraisigh de bharr an scéil sin. ‘Praiseach’
(‘Puirseach’) atá mar ainm ar leitin in
a lán ball sa Ghaedhaltacht ón uair úd
i leith. Den treibh cheudna an Phraiseach
Bhuidhe agus an cabáiste. Tá mil ann,
ach í bheith chomh fada síos sa bhláth nách
féidir le h-aon-bheich í aimsiú. Fágtar
ag na buachaillí beaga í — ag na cuileóga
is na mionpheiphleacáin. ‘Togha cailín 'is
eadh an Phraiseach Bhuidhe, dar leó.



Seán Tóibín.



LEIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



FÁTHA GÁIRE.



Duine bocht a bhí lá ar Dhroichead
Phádraig i gCorcaigh agus é ag bailiú
pingní ó gach n-aon gur dhéirc leis
pinginn a thabhairt do. Agus ba mhór
an díol truaighe an duine bocht céadna
mar bhí cárta mór ar sile le na ucht
agus is é bhí scríobhtha air:



“Ar ghrádh Dé tabhair déirc don
duine bocht so atá gan



RADHARC A SHÚL,
gan
ÉISTEACHT A CHLUAS



ón lá tháinig sé ar an saoghal.”



Do bhí duine uasal ag gabháil thairis
agus do thuit leathréal uaidh i n-aici an
daill bhodhair. D'aimsigh an duine bocht
san an píosa airgid láithreach agus do
chuir na phóca. Bhí iongna ar an nduine
uasal. “Connus a chonnaicís an leath-
réal úd,” ar seisean, “má's fíor do'n
chárta san ort?” D'fhéach an dall ar
an gcárta. “Ó,! h-anam 'on riabhach,”
ar seisean, “ní rugas an cárta ceart
liom.” “Agus cad a bhí ar an gcárta
ceart?” arsan duine uasal. “Bhí, a
dhuine,” arsan duine bocht, “gur im'
balbhán a rugadh mé agus go bhfuilim
fós balbh!”



Fear i n-aice na Snadhma go dtárla
cúig púint aige. “Dóigh mhuise,” ar
seisean, “ní fheadar ciaca dhéanfad,
bean d'fhagháil do Sheán (an mac) nó
asal maith láidir a cheannach. Tá aimsir
na bprátaí chugham.



“Tá an saoghal creachta ag an gcogadh
so,” mar adubhairt fear an Oileáin nuair
a fuair sé fiche púnt ar bhairrle geire.



“Chomh daor le dhá ubh ar phinginn,”
adeireadh na seandaoine. Slán beó
siar leo!



“Go lagaidh Dia ár namhaid,” arsan
t-Éireannach nuair d'ól sé an piúnt &
thug réal dá fhiaca do Shasana.”



“Leagadh is leadhbad do'n té chabhrochadh
leis,” arsa fear an ghloine bhiotáile & é
ag tabhairt scillinge dá fhiacha do Sheán
Buidhe.



“Amen go dóighte,” arsan t-Éireannach
dian a dheineann daoine breoite le gal
a phípe tobac ó mhaidin go h-oidhche.



“Ariú nach bog atá do chroiceann ort!”
a ndubhairt an míol mór nuair a bhuail sé
a shrón ar an bhFomhuirín.



“Nach cruaidh an saoghal ar dhaoine
macánta é,” arsan seabhac leis an sicín
& iad ag dul i bhfolach ó'n luing aeir.



“Mo bhrón é an t-ocras!” mar adubh-
airt an Madraéisc nuair tugadh scilling
an púnt i Lonndain air.



Cad dubhairt an cat le na bhean
“Mí-á-í,” ar seisean “Mí-á-í.”



Sbhc.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,



Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla
le fághail uainn-ne.



Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH,
SRÁID ÍOCH. BHAGÓID, a 50,
BAILE-ÁTHA-CHLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



A Ghaedheala! Ceannuighidh



“ÉADACH na DRUIPSIGHE”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaig na Druipsighe (teo.)
Co. Chorcaighe.



ROSC CATHA GAEDHEAL.



THE SOLDIERS SONG. — É in a cheart idir
cheól is abhrán, agus oireamhnach don
phianó. É i nGaedhilg, chomh maith. 1/1
an chóib, per post.



WHACK FOL THE DIDDLE. — Abhrán grinn
i mBeurla. An file ceadna a dhein.
É oireamhnach do cheól an phianó. 1/1 a'
chóib.



Geobhaidh lucht siopa níos saoire 'ná súd iad.



Ó FAOLÁIN & A MHAC,
In Uachtar Cé Urmhumhan a 17, ÁTH CLIATH.



CARABHATAÍ den PHOIPLÍN



AR GACH DATH is
AR GACH GNÉ DATHA.



LIAM Ó hAIMHEIRGÍN,
(‘W. Bergin’)



A DHEINEAN DO LUCHT SIOPAITHE.



Scriobh ag triall air go



62 SRÁID GHRAFTON,
in ÁTH CLIATH.



NÍ DEINTEAR AON PHÍOPAÍ
EILE IN ÉIRINN ACH
PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR



agus is fada farsaing
atá a gcáil.



Le ceannach i ngach siopa tobac.



Cuir a dtuairisc ar
Lucht a ndéanta —



CAPP & MAC PEADAIR Teo.
FAICHE SHAIN STIABHNA,
ÁTH CLIATH.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.


L. 4


CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA
ó
LÚCÁS DE BÚRCA.



LÉINTE
FO-LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
CARABHATAÍ



de DHÉANTÚS
GAEDHAL



Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:



SRÁID PÁDRAIG N. a 105,
(‘LUKE BURKE’) CORCAIGH.



Sinn-ne a dhein
SNAOIS CHORCAIGHE



ar dtúis agus atá 'á déanamh
i gcómhnaidhe.



TOBAC CÚMHRA
an dá shórt so —



“Exhibition Roll” agus
“Shandon Plug.”



Má theastuighean uait aon tobac nó
saigréidí do chur chun aonne atá sa
chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó
cháin, ach leath phúnt, ar a luighead,
bheith sa' bheairtín idir thobac
is saigréidí.



LAMBKIN BROS.,
9 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



Gheobhair deaghmhargadh
uaim-se i gcomhnaidhe.



TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
fad-sa an postas ar cheithre púint de.



PLÚR Gaedhlach.
MIN Gaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min
bhuidhe.
SIÚICRE agus gach rud eile ar fheabhas.



SEÁN MAC CURTÁIN,
SRÁID A' tSEANDÚNA, CORCAIGH.



Tá agam-sa
CULAITHE ÉADAIG do GHARSÚNAIBH.
CAIPÍNÍ & HATAÍ den uile shaghas.



Earraí Gaedhlacha.



MÍCHEÁL Ó NUALÁIN,
(‘M. J. NOLAN)



An Mheádhon-tSráid Thuaidh agus
Sráid an Chaisleáin,
CORCAIGH.



AN LÓCHRANN.
Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh
An Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise
An Fear Eagair.



Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is
chuige is ceart síntiúisí airgead eile a chur.



Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
&c., do chur.



Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath
Na Díoltóirí.



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



“SIN É MO CHUID-SE.”



Do bhí bean i nDúnchaoin fadó. Ana-
bhean piseog ab' eadh í. Maidean ana-
mhoch, díreach agus an lá ag gealadh do
bhí an sagart ag dul abhaile tar éis an
Ola a chur ar dhuine éigin a bhí ag dul
chun báis. Do bhuail an bhean so leis ag
crosaire ceithre rian. Ní fheaca sí i
n-ao' chor é. Fear óg dob eadh an
sagart & bhí sé ana-cheanamhail ar chlis.
Do bhí an bhean ag déanamh cnocáinín
de chré ar úmpó gach bóthair aca. Nuair
a bhíodh an cnocáinín déanta aici deireadh
sí: “Sin é mo chuid-se.” Leig sé dhi
féinig nó go raibh an ceann deirineach
nach mór críochnaithe aici agus annsan
tháinig sé laistiar di agus dubhairt sé:
“Sin é mo chuid-se.” Do bhain sé geit
aisti. D'úmpuigh sí tímpall air le feirg
agus dubhairt sí leis: “Bíodh sé agat,
marsin;” agus d'imigh sí uirthi treasna
an chlaidhe agus trí sna guirt. D'fhan
sé ag féachaint uirthi go h-úntasach nó
gur imigh sí as a radharc. Cheap sé
gurab amhlaidh a bhí sí as a meabhair
agus bheith ag déanamh ruda mar sin
chomh moch san ar maidin.



Do bhí aon bhó amháin aige agus do
dheineadh an cailín aimsire bhí aige cuig-
ean uair sa tseachtain fúithi. Nuair a
dhein sí an chuigean an tseachtain tar
éis na mná a bhualadh leis an sagart
ní choimeádfadh an seomra an méid ime
bhí aici. Do bhí úna uirthi cad as go
dtáinig an t-im. Do rith sí isteach go
dtí an sagart agus dubhairt sí leis é.
Do chuimhnigh seisean ar an mnaoi bhuail
leis ach ní dubhairt sé aon ní na taobh.
Dubhairt sé leis an gcailín an méid
ime bhíodh aici gach seachtain a choimeád
agus an chuid eile a thabhairt do sna
córsain.



An Domhnach a bhí chughainn do labhair
an sagart ón althóir ar an mnaoi agus
ar a cuid piseog; agus do chuir sé an
sceimhle chomh mór san na croidhe gur
éirigh sí as na piseoga an chuid eile
dá saoghal.



Is amhlaidh a bhíodh sí ag breith an ime
ó sna daoine go léir le na cuid pis-
eog. Do bhailigheadh sí an chré as na
guirt ar éirghe an lae ar maidin agus
nuair adubhairt an sagart an mhaidean
a bhuail sí leis: “Sin é mo chuid-se,”
d'fhág sí aige é.



Máire Ní Bhriain,
An Mhináird Thiar, Liospóil.



CONCHUBHAR CÁSMHAR.
(Tuille dhe).



Bhí luighe na h-oidhche ann nuair dhúisigh
Conchubhar. Do chaith sé cuid dá chnuas-
acht óir ar an mbórd; do sgiob leis a
chléibhín & a choileach, dar leis, agus dob
é an fear mórálach é ag baint a thighe
féin amach. Bhí a bhean & an sguaith-
ne Cásmhar go léir i mbéal an duiris
roimis.



“Nár chóir go mbeadh náire ort bheith
ag sgilligeadh t'aimsire agus do chuid
airgid i dtigh an óil …”



“Heit a bhean! Deirimse airgead leat!
Ór & diamantaí bhéas agam feasda arís.
A leith chugham a chlann ó … an bhfeic-
eann sibh an coileach san ar an mbórd
… Seadh má seadh; abraidh go léir na
focail seo im dhiaidhse, agus chífidh sibh a
bhfeicfe sibh:



‘A choiligh Pheadair, a choiligh Pheadair,
Can-se dhúinn do phaidir.’”



Ba lughaide a ndóchas an cléibhín do
chailleamhaint ortha roimis sin, ach mar
sin féin do chanadar na focail d'aon
ghuth.



Sgr-r-r! thula thul! Siúd chun fiantais
an coileach ar fuaid an tighe, agus gach
aon sgread bháis aige; ach oiread agus
cnapóigín óir, ná buadhchloichín dá luigh-
ead, níor leig sé as a bhéal. Cheap
Conchubhar gurbh é radharc a shúl do
baineadh de. Do luighadar ar channrán
& ar cháiseamh: “Agus me lán dearbhtha
… munab amhlaidh chuaidh na focail
amugha arís orm … nó cad é an
míádh tá anuas orm” adeireadh sé, agus
é ag stathadh a chuid gruaige as a chéile
le canncar.



Tháinig néal eile ann, go dtug sgiúird
i ndiaidh an choiligh, go rug air, agus gur
fhastuigh chuige sa chléibhín é. Thug sé an
chluas bhodhar dá líntighe, agus d'imthigh
ar cosanáirde. Ní mó ná nóimeat do
leig sé thairis i dtigh an tábhairne, agus
do ghread leis arís gur shroich sé na
Flaithis de'n ruthag san, díreach le linn
na réilthíní do lasadh; agus ba chuma
nó torann tóirthnighe fothram a bhróg
adhmuid.



Cnag! cnag! cnag!



“Ochón!” arsa Peadar; “cia h-é seo
ag raobadh an duiris orm?”



“Puth … mise, a naoimh cheannsa,
Conchubhar bocht Cásmhar, tá fhios agat,
go bfuil —”



“Ó thusa! Más tú ní fhanann tú led'
thuras, a mhinic a thig … agus teacht
a leithéid seo de thráth.”



“Gaibh mo leath-sgéal, a naoimh mhóir
mhaith, ach is i ngioll ar do choileach é.
Ní fheadar de'n domhan cad do tháinig
air; díreach dáltha do chléibhín, an dtuig-
eann tú?”



“Mo choileach ineadh? Agus mo
chléibhín? Is amhlaidh malairtigheadh ort
iad, a dhuine.”



“Iad do mhalairtiú!” arsa Conchubhar,
agus é ag cuimhneamh air féin. “Má
seadh is iad an bheirt feallairí úd …”



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 5


“Dubhart leat, ámhthach, gan bheith ghá
dteasbáint. Is é is córa thabhairt anois
duit … ach ní dhéanfad … fan! Tá
rud éigin eile annso agam id' chóir;”
agus do shín Peadar chun croiche bhí i
leath-taoibh an duiris aige.



“Féach!” ar seisean; “sin mála agat,
& búnsóg ann. Nuair theastóchas uait
smacht do chur ort féin, nó ar charaid
leat, níl agat ach a rádh mar seo:



‘Mir, mear, a bhúnsóg mhaith,
Amach as an mála.’



Agus chífidh tú an brígh tá innti. Sin a
bhfuil le rádh agam leat,” ar sé, agus
bhí áiltheoireacht 'na shúil ag dúnadh an
duiris do.



“Huth! Tuigim anois na bearta go
léir,” arsa Conchubhar leis féin. “Ach
beadsa suas libhse, a bheirt fheallairí.”



Ní raibh aon doitheacha ann ag baint
tighe an tábhairne amach, agus a chléibhín,
a choileach agus a mhála ar iomchar aige.



“Cuir an coileach soin dá róstadh
dhom,” ar seisean mar chéad bheannachadh.
“Agus a gclaise, a bhean an tighe, ná
malairtigh orm é. Agus is féidir leat
an teine ghríosadh leis an gcléibhín seo.
Dá mbeadh an cúram san dinn chuirfinn
i n-iúl duit cad tá sa mhála so agam;”
& do leig sé gnúis na h-áiltheoireachta
chuige, ag déanamh aithris ar Pheadar.



“Táthar chughainn,” ar sise na h-aigne
féin; ach do luigh sí le n-a gnó, ag
ullamhú an choiligh, gan a leigint uirthi
go dtug sí aon ní bun os cionn fá
ndeara. Ní mó ná bhí fear an tábhairne
go maith istigh leis féin, agus é ar a
dhícheall d'iarraidh an tuataigh do chur
chun codlata; ní do chlis air de'n chor
san.



D'ith Conchubhar a chuid, agus ní gan
cannrán agus cáiseamh é, mar ba roighin
leis do bhí feoil an choiligh. Annsan thug
sé pleannc dá dhorn ar an mbórd, agus
ar seisean:



“Feicimís láithreach an dtuigimíd a
chéile. Mo choileach agus mo chléibhín
annso chugham, agus san de thaipigean.”



“Do choileach & do chléibhín, a dhaidí?
Ná fuilir d'éis do choiligh —”



“Mo choileach & mo chléibhín adeirim!
Agus muna gcloiseann sibh sa chluais
sin, tá rud agam-sa chuirfear éisteacht
sa dá chluais agaibh.



‘Mir, mear, a bhúnsóg mhaith,
Amach as an mála.’”



Agus mir, mear! chomh luath leis an
splannc, do ghluais búnsóg bhán as an
mála, & do dhírigh ar fhear an tábhairne
agus ar an mnaoi, dá leadhbadh thíos
agus tuas, agus ó gach taobh. D'iompuigh
annsain ar Chonchubhar féin, agus thug an
leadhbadh céadna dho, gur chuir sí lán
an triúir acu ag rinnce ar fuaid an
tseomra.



“Coisg í arú! coisg í! agus leig
dom do choileach agus do chléibhín a
thabhairt chughat,” arsa beirt an tábhairne
as béal a chéile, agus iad d'iarraidh a
gcinn do chosaint ar sgáth a chéile.



“Stad oidhe! Taoir ag bualadh do
mháighistir! Áth! a bhúnsóg mhallaithe!”
adeireadh Conchubhar, agus é á bhrúth féin
isteach i gcúinne an fhalla. “An stadfá,
adeirim leat! Leor! leor! Sin dóthain
an lae seo!”



Oiread agus focal de níor thuig an
bhúnsóg, ná níor aithin máighistir thar
giolla, ach leanamhaint uirthi go fuin-
eamhail fonnmhar: mir, mear; clé agus
deas; cosain má théidheann leat; “Bhó!
bhó! bhó! Olagolagón!”



Dob é déine na h-uaillbhéile bhí acu
gur shroich sí Peadar isna h-árdaibh, &
muna mbeadh a luaithe tháinig sé ní bhéar-
fadh sé 'na mbeathaidh ortha.



“Mir, mear, a bhúnsóg mhaith,
Isteach sa mhálá!”



ar seisean, ag teacht isteach do; agus
níor thúisge an focal ná an gníomh
déanta.”



“Faghthar mo choileach agus mo chléibhín
dom.” Nuair leagadh ar an mbórd iad
do labhair Peadar agus iseadh dubhairt:



“Ní bhfuairbhair ach an méid do bhí
amuich agaibh, lán an triúir agaibh. Thusa,
a mhithilligh mhóir an tábhairne, & do bhean
bheag, le nách leor libh daoine shlad, gan
foghail do dhéanamh ortha, seachanaigh an
bhradghal feasda, nó is baoghal díbh an
chnáib i ndiaidh na búnsóige. Id' pháirtse
dhe, a dhuine bhoicht Chásmhair, ag a bhfuil
lán an bhaile bháin de chlainn agat, agus
nách sos duit ach ag lochtú na cinn-
eamhna, nó ag lochtú na h-aimsire, chíonn
tú anois ná fuile féin gan locht, agus
gur mar a chéile dhuit an rath nó an
míorath do sheoladh chughat. Bhéarfad thar
n-ais uait mo chléibhín, mo choileach agus
mo bhúnsóg, agus a mhileán san ort féin
agat; ach ná leig i ndearmad feasda
an méid seo adeirim leat: Cabhraigh
leat féin, & gheobhair cabhair ó neamh!”
— sin deireadh mo sgéil as an adhbhar
thar lear.



Feargus Finnbhéil.



DON LEANBH.



Gheobhair, gheobhair, gheobhair a pháiste —
Gheobhair-se capal is cóiste amáireach,
Gheobhair, gheobhair, gheobhair a pháiste —
Gheobhair-se bróga is búclaí breaghtha.



Ragham, ragham, ragham le chéile —
Ragham sa tsamhradh siar go Cléire,
Ragham, ragham, ragham na dhéigh sin —
Raghad lem' leanbh go Baile 'n Fhirtéirig.



Níl leanbh, níl leanbh, níl leanbh chomh séimh
leis —
Níl a shárú 'de leanbh ar thalamh na hÉireann,
Tá a shúile ar lasadh mar lasfadh na réaltha,
'S a bhéal is a leacain mar dhearg na gcaortha



Lorga Liath-bhán.



NÁ DEARMHAID SO, A CHARA.



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go
mór linn.



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —



gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA



MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG
Scriobh chuige.



MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT



led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a
dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh-
air na rudaí seo & iad go maith:



Bróga is Stocaí,
Léinte is Guaileáin,
Lámhainní is Bónaí.



T. Ó LOCHLAINN,
19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH.



FEIS CHORCAIGHE
(fé chúram an Choiste Conndae)



I Mí an Mheithimh, 1918, a tionólfar.



DUAISEANA.



1 — £10 ar Nua-Scéal 7,000 focal.
2 — £2 ar Abhrán nó Dán.
3 — £2 ar aon déantús i gcóir Aithrise, bíodh in a
Dhuan nó in a Phrós.
4 — £2 & £1 ar Chnósacht Sean-Abhrán nár cuireadh
fós fé chló.
5 — £1 10 ar Nua-Agallamh Grinn.
6 — £1 10 ar Chnósacht Tomhasana gona bhfreagairt.
7 — £4 ar Nua Dhráma ‘uaire a chloig.’
8 — £3 don Scoil is feárr sa Ghaedhaltacht.
9 — £3 don Scoil is feárr Lasmuich dhen Ghaedhal-
tacht.



Do Ghaedhilgeoirí ata in a gcomhnaidhe i gConndae
Chorcaighe na duaiseana san.



Scríobh chun na Rúnaithe:



A. Ó TUAMA agus
P. Ó h-ANNRACHÁIN.



tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE



TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;



SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;



ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.



ag “JOHN ATKINS & CO. ltd.”
Is aca bhíon Plúr Ruiséalaig
ó Luimneach.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 6


Tá le fagháil uainn-ne
BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID



den déanamh Ceilteach agus marc
earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca.



Tá ÁTRAIGHE ÓIR is
ÁTHRAIGHE AIRGID



mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha
dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá
an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca.



Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair
agus an luachliosta.



LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC
Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid
Gaedhil: sa tSIOPA BAGÚIN
atá ag
TOMÁS Ó MURCHADHA,
(‘T. J. Murphy’)
111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH,
ar aghaidh Árdoifige an Phuist anonn.



Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN & a CL. MHAC, teo.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”
Guthán: 7 Cork; i Midleton.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid
TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,



ó
MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a
Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)



CORCAIGH.



LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA
GAEDHILGE



Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim.



Trí leath-phinginní (1½d.) fiacha gacha leabhair díobh.



1. “Laethanta Geala” (Kerry School-
girl's Diary).



2. “Cosa Buidhe Árda” (Easy Songs
to Catchy Tunes).



3. “Sean-Amhráin na Mumhan.”



4. “Déanamh an Cleamhnais” (Short
Dramatic Sketch).



5. “Cunntas Cinn Lae” le Bríd Stac.



Le fághail ó



MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann
don Ghaedhilgeoir:



UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87,
i mBAILE ÁTHA CLIATH.



OIDHCHE SHAMHNA.



Oidhche na h-adhairce thugann na daoine
óga ar an oidhche sin, in ionad Oidhche
Shamhna, mar téigheann siad ar fuaid
tighthe an bhaile an oidhche sin ag lorg
airgid. Bíonn adharc ag duine aca &
taréis dó séideadh maith fada do bhaint
aiste adeireann an duine eile an rann
in áird a ghotha. Is iomdha rann ann i
gcomhair na h-oidhche sin & ag so ceann
díobh im dhiaidh:



“Mhungó, mhanga, anocht oidhche Shamhna.
Eirigh id' shuidhe, a bhean an tighe,
Agus ná luigh ar aon leaba chruaidh gan
tuighe.
Téighir suas go bearmhail & tair anuas
go flaitheamhail
Tabhair leat ceapaire aráin agus ime;
Coiscéim coiligh d'aoirde ann, léim
ghiorrfhiaidh d'im air.
Triúr againn sa mhóin,
Duine i ndiaidh na lachan agus beirt
i ndiaidh na ngéana.
Bádhadh m'athair lá cruaidh earraigh,
Bádhadh mo mháthair i dtor aitinn.
Bainne na gclog ní maith an biadh é,
Mara ndeunfadh sé deoch do lucht an
fhiabhrais.
Thug sé naoi lá agus naoi n-oidhche ar
thubán na bhfannsaí iarainn,
Go bhfaca mo dhá shúil an cúnach liath
thríd;
Le neart sainnt' chum an ime dorighne
na mná an diabhad air.
Tabhair chugham peigin do bhainne righin,
mhín, mhilis,
A mbeidh leamhnacht in a chiosa, uachtar
in a mhullach,
É ag teacht 'na chnuic & ag imtheacht in
a shléibhtibh;
Badh dhóigh leat go dtachtfadh sé tú,
Acht mo chreach fhada níor bhaoghal dhuit.
Mála na h-ioscaide, mála na gualann
Agus an mála ar an taobh thuas de.
Innis dúinn an bhfuighbhmíd é a bhean an
tighe,
Nó mara bhfuighbheann go mbeimíd ag
imtheacht
Mar atá mná na dtighte so amach ag
glaodhach orrainn.”



Dá bhfuighbhidís an t-eiteach in aon
tigh, do chuirfidís an t-aguisín so leis
an rann:



“Nár fheice Dia dealbh tú, a bhean an
tighe,
Ná mórán agat.”



Ní lugha an trácht bhíonn ar oidhche
Shamhna, sar a dtagann sí, ioná ar lá
Nodlag. Bítear ag comhaireamh na míos
ar dtúis, annsin na seachtmhainí agus in
a dhiaidh sin na laetheanta, ag tarraingt
uirre. “An fada uainn anois í? Cia
bheidh ag tabhairt cuaird na h-adhairce it
fhochair? &rl.” Sin í an chaint d'aireochthá
ag na buachaillibh óga abhfad roimh an
oidhche sin. An tseachtmhain deigheanach
do mhí Deireadh-an-Fhoghmhair do bheadh
do chluasa bodhar ag fuaim na n-adharc
á séideadh & ag ceol na rann á rádh.
Níor dhóigh leat nach long-gail do bheadh
ag séideadh ag fágaint an chuain dí,
nó fiadhach an tsionnaigh do bheadh amach
ar na sléibhtibh. Ag cleachtadh ar na
h-adharcaibh iseadh bhíonn na buachaillí óga
mar sin, agus ag rádh na rann chum
go mbeidís go pras aca. Bíd ag cur
faobhair, mar adeurfá. 'Na mbeirt &
'na dtriúr is gnáth leo a gcuaird do
thabhairt ar a gcomharsain agus sin í an
tseachtmhain i ndeuntar an togha. Fuigh-
bheann ceachtar don mbeirt a thástáil ar
an adhairc agus an té is fearr agus is
sia anáil is é fear na h-adhairce é.
Ní mór d'fhear-ráidhte-na-rann guth maith
láidir do bheith aige, mar atá an rann
cuibheasach leabhair & caithtear é do rádh
amach go h-árd & gan aon stad. Adharc
bhuabhaill bhíonn ag cuid aca, adharc bhó
ag cuid eile, sliogán ag a thuille aca,
agus an té ná fuighbheann teacht ar aon
cheann díobh sin, is é rud dhéineann sé
nach an tón do bhualadh as bhuideul.
“Is cuma nó muc duine gan seift,”
mar adeir an sean-fhocal, agus is anamh
duine óg díobh sin gan seift éigin.
Is minic do chonnacas duine óg ag
deunamh adhairce don a dhá láimh .i. a
dhá órdóig do thabhairt le chéile & ionad
follamh do bheith idir a dhá dhearnain &
níor dhóigh leat nach adharc cheart do
bheadh aige.



Is deacair a rádh cad is brigh leis
an nós sin nó cathoin do thosnuigh sé,
acht dála gach sean-nós eile atá sé
ag dul ar ceal. Ní bhíonn aoinne ag
imtheacht thimcheall leis an adhairc anois
ach amháin na daoine is óige. Ní h-ion-
ann agus is na bliantaibh atá imthighte,
nuair thugadh sclábhuidhthe agus mic feir-
meoirí agus daoine nach iad cuaird na
h-adhairce oidhche Shamhna. Do chóirighdís
iad féin le tuighe & le málaíbh agus
le sean-eudaighibh, chum iad fhéin do chur
ó aithne agus spórt do dheunamh. Do
théigheadh cuid aca a naoi nó a deich do
mhíltíbh ó bhaile & do bhíodh cúpla púnt
aca ag casadh.



Do chuirfeadh an nós so i gcuimhne
do dhuine an chuaird thugadh na filí ar
righthibh agus ar thaoiseachaibh Éireann i
n-allód, an uair do bhí an tír so fá
réir a muintire féin. Nuair thagadh an
file go dún an rí, do chumadh sé dán
molta don rí agus dá shinsear ríoghdha
roimhe, agus do bhíodh a sháth bídh & dighe
le faghbháil aige an fheadh ba mhian leis
fuireach. Muna bhfuighbheadh é sin, do
dheunfadh sé aor nó cáineadh ar an rí
agus ar a theaglach & do bhí do mhéid a
ngráin ar an aor sin ná h-eiteochaidís
file um aon ascaidh dá n-iarrfadh sé.
Ba adhbhar mórdhála agus maoidhte le
rightibh agus uaislibh na h-aimsire sin a
mbíodh do dhantaibh molta aca ó fhilíbh
agus ó lucht ealadhan eile agus níorbh
fhearr clú ná cáil do bheadh ar dhuine
an uair sin ioná clú féile & fairsinge
agus flaitheamhlachta, Atá tréith féile
na sean-Ghaedheal is na daoinibh gus an
lá indiu agus atá sé le feiscint fós
i nós na h-adhairce.



Áine Ní Cheallaigh,
Rinn ó gCuanach.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


CUARDACH.



An cuardach is deacaire do rinne
duine riamh an cuardach so á dhéanamh
agam-sa le leath-uair a chluig. Ag
cuardach a bhíos san áit ná féadaim
faic d'fheiscint bíodh as gur ana ath-
chumair dom shúilibh é. Ag cuardach am
inchinn do bhíos féachaint a bhfuighinn aon
rud oireamhnach do lucht léighte “An
Lóchrainn.” Sin a raibh dá bhárr agam,
ámhthach. Níl cúinne dem inchinn a chuard-
aigheas ná gur choraig rud beag ann go
leisgeamhail agus gur dhein chómharthaí
chugham ag moladh dhom gluaiseacht liom
in áit éigin eile as san. Clann agus
teachtairí na leisge na rudaí beaga úd.
Ní h-aon mhaitheas bheith leo san nuair a
gheibhean siad greim i n-inchinn an duine.
Ní h-eol domh-sa leigheas do'n ghalar
so fhágan siad 'na ndiaidh. Sin é anois
leath uair eile den chlog imthighthe uaim
ad iaraidh ínsint duit fáth mo thoisg &
gan breis déanta ar fóghnamh agam.



Scéal don “Lóchrann,” an eadh, airiú?
Go breagh bog; go breagh bog, a bhuach-
aill. Níl ann & ní bheidh. Amhrán nó dán
nó laoi, má's eadh? Is fada óm' mheamh-
air do chodail an fhilidheacht le sealad a
gharsúin mhacánta an “Lóchrainn.” Chod-
laigheadh sí uaireanta anso agam, ach
deinim amach anois gur ag magadh fúm
a bhíodh sí. Cheapainn uaireannta nuair a
bhíodh sí go muinteardha liom go bhfanfadh
sí mar chéile agam tar éis tamaill. Ach
mo mhairg, as mo chúig céad deacair,
mar ní céile chneasda an fhilidheacht san
dom feasda. Is minic a mheall sí sin
duine cheana is baoghalach. Bhíos féin
tráthnóna ag suirighe léi trí bliana ó
shoin chun an fhóghmhair seo chughainn, cuir
i gcás, agus bhuail sí bob orm. Ba
ghnáth léi roimhe sin breith ar mo pheann
agus é stiúrú dhom agus ranna de
shórd éigin do chuma dhom agus ansan
d'imthigheadh léi.



Ach an tráthnóna so áirighthe chuireas
me féin i dtreo chun pas suirigheachta
léi agus leig sí uirthe go ndéanfadh sí
a cuid féin de'n ghnó. Dhein leis!
Stiúraig sí mo pheann tamal. D'imthig
sí uaim i gan fhios dom an oidhche sin
agus d'fhág sí a rian 'na diaidh. Ar
eagla ná creidfeá me cuirfead síos
anso dhuit an ‘dán’ do bhí am leabhar
tar éis na h-iarachta san. Léig é, muna
bhfuilir at' chodladh fé'n am so, agus
ansan ní baoghal go mbeir at thuirsiú
féin feasda am brosdú-sa chun rudaí
deasa do cheapa don “Lóchrann.” D'á
n-imirigheadh aon rud cleas mar sin
ort-sa bheadh ciall agat, & do thabharfá
saoire dhot' pheann fé mar dheineas tar
éis h-oidhche sin. Sin é anois agat é,
ach ar t'anam ná cuir sa “Lóchrann” é.



AN DÁN!



“Dé Luain, 13-9-'15.”



“Báisdeach bhog a titim ar bhilleogaibh
na gcrann amuigh am' gháirdín.



Gan gaoth á séide soir ná siar ná
ódheas ná ó thuaidh.



I dtosach oidhche tar éis lae fóghmhair
agus gnó an lae críochnaighthe



Tá an coirce do cáthadh indiu curtha
i gcrích agus tá an chruithneacht i
málaibh go slán fé dhíon.



Tá an tuighe curtha igcocaíbh san ioth-
lainn



Tá an bháisdeach ag titim ar na bill-
eógaibh



Tá na ba curtha don tuar cois an
róid agus fanfaid ann go maidean.



Tá na gamhna sa chlais ghlais agus iad
ar a sástacht, agus tá na caorig ar
an leacain



Tá críoch curtha le gnó an lae agus
tá an bháisdeach ag titim go bog
agus cuirean san sásamh i gcroidhthe
na ndaoine do bhí ag obair ar feadh
an lae.



Bhí deallramh báisdighe sa spéir indiu
ach níor thit braon tá sí a titim
anois agus is deas lem chluais an
fhuaim a dheineann sí ag sileadh ar
na billeógaibh am gháirdín agus ag
sileadh ó bhilleóig go chéile gan gaoth
á cur soir ná siar ach í sileadh anuas
díreach.



Lá Fóghmhair eile críochnuighthe & beagán
eile déanta i gcómhair an Gheimhridh.



Lá eile dem shaoghal caithte; lá eile
níos giorra do bhruach na h-uaighe



Ciúineas am thímpal, ach sileadh na
mbraon amuigh ó bhilleógaibh glasa
anuas ar a chéile ag déanamh sórd
fuama a thaithnean lem' chluais



Maith mar a thárla, b'fhéidir, gur mar
a chaitheas é chaitheas an lá i bhfeidhil
arbhair tamall ó ghleo na sráide.



Is ciúin an uain í agus an bháisdeach
'na braonaibh boga ag titim amuigh.



A bhfuil éinne eile ar mh'aithne anocht
fé mar atáim anso ag éisteacht &
ag scríobh agus ag machtnamh agus
an t-adhbhar céadna acu dá gcimeád
ag obair?



Is aoibhinn an saoghal é. Tá gadhar
amuigh sa iothlainn ag amhastraig,
agus ní amhstraighean sé go h-árd
ná go minic. Is dócha go bhfuil sé
ag eisteacht leis an mbáisdig mbuig
ag titim, agus go bhfuil sé sásta
leis an saoghal atá aige féin ag bun
coca tuighe.



I dtosach oidhche Fhoghmhair agus an bháis-
deach ag titim go bog amuigh am'
gháirdín
Buidheachas le Dia.”



Cad é do mheas ar sin mar dán, a
mhic ó, na n-arán?



Tá báisdeach ag titim anocht arís, ach
ní baoghal dos na billeógaibh do nig na
braonacha an oidhche úd. Táid na gcré
fad ó. Tá an chruithneacht ithte. Ní
fheadar cad d'imthig ar an ngadhar, ná
ar aon rud eile díobh san, ach amháin mo
pheann. D'ith an mheirg é sin.



Agus ansan cuirean tusa teachtaire
chugham ar lorg sgéil nó dáin! Níl
agam ach má gheibhean tú leigheas dom,
chun na rudaí beaga san d'fhág an
leisge mar shíol am inchinn 'na diaidh
do chur chun fáin, b'fhéidir go ndéan-
fainn iaracht eile uair éigin airís. Ach
go dtí go dtagan an leigheas is fearr
scaoile liom.



Lorga Liathbhán.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.



Tigh “An Bhata Droighin Éille”
(‘H. JOHNSTON’) Teó.
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na húmaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar



Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces'
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Calaphort an Phápa, Corcaigh.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX IS A CHLANN MHAC (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
IS A CHLANN MHAC (teo.),
CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.



CEANNUIGH DO CHUID
LEIGHIS,
I SIOPA AN BHÚRCAIGH



.i. Tig na cúinne, idir
SHRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA &
SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE,
I gCORCAIGH.



Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean
a ngnó agus a dheinean
go cruinn é.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 8


GACH CÓIR SCOILE!



tá againn-ne
LEABHAIR don LEABHARLAINN
agus
LEABHAIR mar DHUAISEANNA.



Scríobh chugainn ar lorg eolais:



MUINNTIR FHALLAMHAIN
(Fallon Bros. Ltd.)



Cúirt Dáma a 13 & a 14,
in ÁTH CLIATH.



Smithfield a 88, i mBealfeirste.
Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.




SCÉALUIDHEACHT-GAN-
SRAÍNNG



d'á múineadh
ag togha na
múinteóirí



I SCOIL UÍ SHÚILEABHÁIN
SA ‘MHARDÍOG,’
I gCORCAIGH.



Is í an scoil is mó cáil agus
is fearr cóir i n-Éirinn.



Múintear
SRANNG-SCÉALUIDHEACHT



ann do chailiní, i gcóir Oifige
an Phuist, sa ló nó istoidhche.



Scríobh chun an Árd-Oide.



ó
CHOMPLUCHT DONOBHÁIN,
I dTRÁIGHLÍ,



a gheobhair an deaghmhargadh, má
bhíon aon rud mar iad so uait



TROSCÁN TIGHE,
ÁRAISTÍ BÚIRD,
ÁTHRAIGHE STÁIN is IARAINN.
GUAL, AOL,
BRÍCÍ, “TÁTHÁN” (Cement),



agus gach cóir eile oirean DO LUCHT
TÓGÁLA TEACH.



SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.
TROSCÁN TIGHE.



Seán Ó Curráin,
sa DAINGEAN.



an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.



“DÁLTA REITHE SHEÁIN NA
BUILE.”



Duine do'n treibh Conallach dob' eadh
Seán Ó Conaill — go dtugtaoi mar leas
ainm “Seán na Buile” air. Bhí cion
ceathrair do ghnáth aicíd an Éireannaigh
ar iomchur ag Seán, dob' é sin “dúil
a chait,” 'san ólachán. Fóróir ní raibh sé
de ghustal ar Sheán a thart a shásamh go
minic, ní lugha ná bhí sé ar a chumas gnó
aonaigh fhagháil ach go fíor annamh; mar
ná raibh aige ach feur aon bhó & cúpla
caora ar leacain chnuic i n-iarthar Oileán
Dairbhre.



Lá dos na laetheanta do chuimhnig sé
ar chleas a thabharfadh gnó aonaigh do,
agus do chuirfeadh máthair a chéile bun
os cion le h-asachán an mháthair-céile
úd fadó, adubhairt “gur beag uirthi
gaige gan éifeacht a raghadh go dtí an
t-aonach gan gnó.”



Bé an cleas é ná an reithe a bhreith
go dtí an t-aonach, & an oiread fiacha
a lorg air & ná cuimhneoch aon cheann-
uightheóir ar é a cheannach.



Do theip ar a bhean cosg a chuir leis,
cé gur spreag sí go gunta, cruinn,
cialmhar do go raibh an lomra áiseamhail
chun balcais a chuir ar na páisdí, agus
air eirighe gréine lá an aonaigh d'árduigh
Seán an reithe leis ar bhraighdeán fé
dhéin an aonaigh.



Ní nárbh iongnadh níor chuaidh an rab
ar malairt láimhe. Ar mhaolú na gréine
tráthnóna do thugadar araon aghaidh ar
a mbaile — an reithe a siolartaigh leis
an ocras; agus Seán súgach go maith.



Do tháinig aonach & aonach eile agus
dobh' é an cleas ceudna é, i dtreo is
go raibh eolas maith ar an mbóthar ag
an reithe; agus togha 's rogha na h-aithne
ag gach ceannuightheoir air féin agus ar
a mháisdir. Sa deireadh thiar thall do
bhuail leath-amadán ceannuightheora leis
do thug breith a bhéil féin do ar an
reithe. Nuair a chonnaic Seán go raibh
an margadh deunta; agus é sgartha
leis an aon leath-sgéal amháin aonaigh
do bhí aige; do chrom sé ar lógóireacht.
D'fhiafhruigh an ceannuightheoir de cad é
fáth a chumha. D'innis Seán an sgéal so
roimhráidhte dho focal ar fhocal? “Ó!
má's mar sin é,” ars an ceannuightheoir,
“bíodh sé agat arís agus fáilte.” Acht
ní raghadh Seán in dhiaidh a fhocail, mar
cé go raibh sé óltach, bhí sé neamhsprion-
luighthe. B'é crích an sgéil gur óladar
araon sláinte an reithe. Peca chuir
san aon fhaid ar a shaoghal nó nár
chuir níl sé ar mo chumas a rádh; ach
tá fhios agam go maith ná fuil tásg
ná tuairisg air le fada, agus rud is
measa ná san féin tá Seán Ó Conaill
bocht féin a tabhairt an fhéir i roilig na
Cille Móire.



Micheál Ua Murchadha,
Na Teinnte,
Oileán Dairbhre.




LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.



RÁSÚR “COSANTA”
ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a' bpost.



MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
DO MHÚINEADH:



“Scéalta don Aos Óg, 2d.
“Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d.
“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6



Gaedhil a bhfuil Trácht ortha:



Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, an Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Uolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.



Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —



“Saints and Sinners (Dr. Hyde),
“Humours of Irish Life (C. L. Graves, M.A),
“Irish Orators and Oratory” (Prof. Kettle),
“Irish Poetry” (A. P. Graves, M.A.),
“Selections from Thomas Davis”
(T. W. Rolleston, M.A.).



“Songs of Myself and Lyrics”
(Thomas Mac Donagh), 4/6.



Poetical Works of Joseph M. Plunkett, 3/6.



Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:



“The Educational Co. of Ireland,”
89 Sráid Talbóid, Áth Cliath.



IS MÍORÚILTEACH NA LEIGHEASANA
DO BHUAIBH IAD SO:



LEIGHEAS UÍ DHOMHNAIL



ar bhuinneach laogh, 5/- a' buidéal.
‘Kural,’ ar leiceacht bo, 5/- a' bosca. Níl
aon teora leis chun ba do neartú.



‘Kuranzo,’ ar ghalar teangan bo, 4/6 a'
buidéal. Leighisean in aon lá amháin.



‘Murraine,’ ar bhruiliochán, 3/6 a' buidéal.
Leighisfidh an taom is measa taobh istigh
de naoi n-uaire a' chloig.



‘Kuraline,’ ar bhruinne dhearg, 4/- a' buid-
éal. Beidh an bhó i gceart taobh istigh de
sé uaire a' chloig.



‘Ringool,’ ar bhorraphéist, 2/6 a' buidéal.



‘Hoosaline,’ ar chasachtaigh nó ar mhúchadh , 4/6



Gheobhair ó



UA DÓMHNAIL, Siopa Leighis Bó is Beithigheach,
An Eamhain, MIDHE; nó ó



THOMÁS MAC MÁTHUNA,
An Scairbh, CO. AN CHLÁIR.



Má léighir Béarla,
LÉIGH LEABHAIR MHAITHE.



“Poets and Poetry of Munster,” by James Clar-
ence Mangan; 3/- agus postas 4d.
Ta Béarla is Gaedhilg ann.



“Knocknagow,” by C. J. Kickham; 4/- agus
postas 5d.



“In Dark and Evil Days,” by F. Sheehy-Skeffing-
ton; 3/6 agus postas 5d.



“The Red Spy,” by D. M. Lenihan; scéal ar
cogadh Gaedhal ar son tailimh is treabhachais
é sin; 3/6 agus postas 5d.



“Convict No. 25,” by James Murphy; scéal ar
ruagairt Ghaedhal ó thalamh na Midhe; 3/6 &
postas 5d.



Scríobh ar lorg liosta agus tuille eolais.



SÉAMUS Ó DUBHTHAIGH & A CHUA.,
Sráid Westmoreland a' 38, ÁTH CLIATH.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services