Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feabhra, 1918
Title
Feabhra, 1918
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1918
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. a 23. FEABHRA, 1918. Trí Leith-Phinge a Fhiacha. AN T-IONGANTAS. 'Seadh, is cóir dom brigh a thabhairt leis a' bhfocal ‘iongantas’ shar a labharad annso síos mar gheall air. Ní féidir iongantas a ghlaodhach ar aon rud atá feicithe cheana agat nó cloiste, is ionann san is ná feaca-sa agus nár chuala riamh an rud go bhfuilim le tagairt do. Lá go déanach d'fhág cuid mhaith de mhuinntir an Oileáin seo gurb' ainm do an Blascaod an baile chuin Daingin Uí Chúis ag soláthar bídh. Nuair a bhí súil a bhaile leo ní rabhadar ag teacht. Chuaidh bád go Dún-Chaoin is ní raibh aon phiuc ann díobh. Bhí dul trí chéile ar a muintir annsan & do chuireadar fear & capall go dtí an Daingean ar a dtuairisg. Ní rabhadar sa Daingean; ach do thug an fear a gcúnntas leis, go rabhadar imthighthe go Tráighlí ag lorg bídh mar go raibh an Daingean rithte gearra ar phlúr. Is maith an cháil a thug na hOileánaigh ar bhaile Thráighlí. Do fuaireadar uatha gach a raibh a' teasdabháil uatha. Pé pusaoil a bhí ar a muintir nuair a bhíodar ar iarraidh d'imthigh sé dhíobh nuair a thánadar a bhaile agus rud aca chúcha. Is feárr súil le glas ná súil le h-uaigh. PAIDIR. Fonn: “Is minic síos me cois na taoide.” Nuair a chualaidh fear ansa Bhlascaod go mb'éigean do mhuintir an Oileán dul go malairt cathrach a soláthar bídh dhein sé amach go raibh tosnú an ghorta a' druidim le h-Éirinn. Seo mar dubhairt sé: I. A Athair-Mhic, a dhealbhuigh Gach tír is áit, Táimíd atuirseach, gan fagháil ar bheatha 'gainn, Ar dhruim Oileáin; Tá na ceannuighthe a' dul chun lagaireacht Is do mheath a dtrácht Ag an saighead malluighthe atá insa bhfairge Go bhfuil na luing dá mbáth'. II. A Dhia ghléigil, go gcuirir staonadh Leis a gcoímheascar áir, Ó ná géillim-se a n-ao' chor Ná gur Chughat-sa tá, An chine daonna dá n-éirleach Gan sgíth, gan spás, Is a súil féin a n-aghaidh an lae Leat, Chun do chomaraighe dh'fhagháil. III. Tá ár n-oileán féinidh a' baint le h-Éirinn, An tír mhín ghrádhach, Sé an Blascaod é, agus géillid Dod' dhlighe gach lá — Gach n-aon ann do fhéinidh Gan aon bhaint le cách Is led' tsaor-thoil go bhféachair-se Chughainn i dtráth. Is mó guidhe a cuireadh suas ó bhuail an cogadh ach cá bhfios le Dia nach le linn na rann so a thiocfadh an mhaith, mar nach deireannach í an mhaith a theacht aon uair. Tomás Ó Criomhthain, An Blascaod Mór (“an fear thiar go léir.”) “INGHEAN MHANANNÁIN.” Laoi a bhaineas le n-ár n-aimsir féin. Liam P. Ó Riain, cct. Uilliam Tempest, Clódóir. Réal. Is dána an duine Liam P. Ó Riain. Ó litriú na bhfocal nGaedhilge go dtí corruighe diamhair na meanman — ba mhaith leis cur isteach ortha. Tá litriú dá chuid féin aige ar an nGaedhilg; agus tá tuairimí nach gnáthach aige i dtaobh cúrsaí spriodáltachta & aigneanta an duine. Níl sa litriú ach rud beag gan tábhacht i gcomórtas leis na ceisteanna eile atá sa laoi seo. Sé teagasc an laoi, nó an fhile cheap é, go bhfuil “Rígheacht Neimhe 'nár measc” .i. go bhfuil uais- leacht, laochas, fíor-thuiscint agus domhan spiorádalta i gcroidhe agus i gcumas gach duine againn, ach foraoir! gur i gan fhios dár bhfurmhór atá siad ionainn — ná tugaimíd de ghnáth aon toradh ortha ach go ngabhaimíd bóthar na saoghaltachta & na gnáthaidheachta; agus go bhfuilimíd chomh mór san scartha le fíor-uaisleacht, le fíor-laochas, le sás-shaothar spriodálta go dtug na spridí móra fuath dhúinn ionnus ná tagaid feasta chun ath-bheirthe ar an saoghal so toisc ná faghaidís árus criaidh ionainn-ne ba mhaise dá dtréithe sár-uaisle. Níl an fhíor-spriodáltacht san, badh chóir do'n uaisleacht, ins na gnóthaí atá ar siubhal i nÉirinn ins na h-aimsearaibh seo — i ngnó na Gaedhilge, i ngnó na nÓglach, i ngnó na ndaoine atá ag saothar do Chaitlín Ní Uallacháin. Is leis an saoghaltacht gnáith na rudaí sin. Ní de chéimeannaibh uachtair na spride iad. Tá cuid de'n dá thuiscint ins na líntí seo sa laoi — “A Mhic Uí Phlámáis,” do ráidh na Craoibhín, “Is tusa tá scúidhte chuig cúmhacht is saoidheacht. Nach cóir a bheith sásta le lághacht is cráibheacht, Nádúracht is féile na nGaedheal go bráthach? Tá fáth is ciall le gach ní san gcruinne, Le píopa tobac chomh maith le Sirius. Ar slígh tá sluasad chomh h-úntach le cláirsí, Agus níl sa bhfáidh ach dreatháir an sclábhaidhe. Is geal liom Plâtón is Kant is Hégel Ach tá iomdha feallsamh imeasc tinnc- éirí. Do rudaí umhla is dual dúinn dílse, 'S is féidir bheith maordha fá bhóithríní.” Dubhairt Colm: “Is féidir gan bhréig, a Chraoibhín, Ach níl san méid sin ach taobh de'n fhíre. Ní 'sna bóithríní a bhíos an mhórdhacht, Agus níl le fagháil san áit is glór- mhaire, Ach 'nár sprioda féin, 'nár méinn 'nár léargus (Agus ionnta súd tá iolchumhacht níos maordha) … Is iomdha ceist éirigheas i n-aigne duine agus an laoi seo dá léigheamh aige ach sí an cheist is mó dhíobh ná cad é i n-ao' chor an méid suime nó cúraim, do réir teagaisc an fhile, ba cheart do'n duine chur san rud san go dtugtar “An Saoghal” air. Tá síor-throid idir “an saoghal” agus an meon chun uaisleachta agus chun laochais agus chun aoibhneasa spriodálta atá istigh 'nár n-anam. Is dócha go raibh “an saoghal” ag cur an aoibhneasa san amú ar Eoin Bhaiste féin nuair a thug sé an fásach uaigneach air féin. An féidir d'ár n-anam aoibhneas Neimhe d'aithint an fhaid a bhíonn ár n-anam i gcorp criaidh? Tá réabadh roilge déanta ag Liam P. Ó R. ar rialacha na filidheachta Gaedh- ilge & ciall nach gnáth aige i bhfoclaibh seach is mar a bhainid na daoine brigh asta. Aon duine ar mhaith leis é sin a dheimhniú faghadh sé an leabhar & léigheadh sé do shean-Ghaedhilgeóir an laoi seo. Déarfaidh an sean-Ghaedhilgeóir bréithre searbha droch-mheasa. Cuirfidh an sean- duine an mileán go léir ar an nGaedhilg atá ann. Ní bheidh an ceart ar fad aige. Ní h-í an Ghaedhilg is mó ná tuigfidh sé — ach na smaointe nua. An Seabhac. Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
COIS FARRAIGE THIAR atá an COLÁISTE ATLANTIC. Múintear Sranngscéaluidheacht & Scéaluidheacht-gan-Srainng ann do ógánaigh atá idir a 16 agus a 24. Gheobhair gach eólas ó'n Árd Oide — MUIRIS MAC GEARAILT, CATHAIR SAIBHÍN, I gCIARRAIDHE. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS STÁIN. ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ AGUS BIOTÁILE. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. TÉIG FÉ DHÉIN “AN EMPÓRIUM” ar lorg Earraí Gaedhlacha — BÓNAÍ, CARABHATAÍ, LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ AGUS LÍNÉADACH. M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC, CILL ÁIRNE. ARÁN HOSFORD. NÁ h-ITH A MHALAIRT! Sa 62 tigh sa Mheádhon-tSráid Thuaidh, i gCORCAIGH, a deintar. DATHÁN den uile saghas, idir SHNASDATH, SLÁNDATH, agus PÉINT, (“Varnishes, Distemper, and Paint.”) TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH. Gheobhair in aon tsiopa, nó mura bhfaighir, scríobh chun MHUINNTIR ÁRACHTÁIN, Muilionn “Seandúna,” i gCORCAIGH. SEAN-FHOCAIL NA MUIMHNEACH. “An Seabhac” do bhailigh. 73 — Marbhú na Sasanach ort. 74 — Sceimhle chughat. 75 — Go ndeine 'n diabhal dréimire de chnámh do dhroma. 76 — Chugham choidhchinn aniar thu. Adeirtear le duine ná bhíonn fáilte roimh an ngnó a thug é. 77 — Seasamh fada chughat ar chosa laga [i ndoras tighe gan aon truaigh- mhéil]. 78 — Do dhíth is do dhothairne ort. Le drochrud a bheadh ar do thí adéarfá san. Dothairne .i. doghrainn = donas. 79 — Do bhárthan ort féin. .i. An céadna. 80 — Doigh ionnat. Doigh .i. greim tinnis. 81 — Go mbrise 'n diabhal do dhá chois. 82 — Súile dearga chun an té gheobhadh locht ort. 83 — Cloch ar do charn. Ní cuirtear cloch ar charn duine go mbíonn marbh! 84 — B'fhearr liom tu marbh ná bairrle eornan. 85 — Madaruadh ar do dhubhán. Mallacht a tugtar d'iascaire chun ná marbhuigh- eadh sé aon iasc. 86 — Go n-ithe 'n cat thu is go n-ithe 'n diabhal an cat. 87 — Is buan iad clann na míoghrást. 88 — Bíonn uair na h-athchuinghe ann. .i. Uair agus má iarrtar athchuinghe le na linn gheibhtear í pé olc. maith í. 89 — Maisle ort. Maisle = ? masla 90 — Dearg steaimpí chughat. .i. Steaimpí dóighte. Arán a deintear de phrátaí iseadh “steaimpí.” 91 — Sceimeadh is sceimhle chughat. 92 — Cosa gloine fúibh is iad go briste fúibh. Le cearcaibh adeirtear san. Féach leat uimh. 64. “A nDUBHAIRT SIÚD.” Tá roinnt sean-fhocal sa Ghaedhilg i bhfuirm cainnteanna a cuirtear i mbéal- aibh daoine, nó neithe eile seachas daoine. Dá scartaí an rud adubharthas agus ainm an té nó an ruda adubhairt é ní fhágfadh san aon bhrigh sa chainnt. Is amhlaidh a léirigheann ceann aca an ceann eile; agus eatartha araon cuirid siad pictiúir os comhair aigne duine ba dheacair a shárú ar shoiléire is ar bhrigh. 1 — Arsa Cailleach Bhéara le Cailligh Mhuigheo: “An té bhíonn go maith dhuit bí go maith dhó. 2 — Adeireadh an Súisín Triopallach: “Bíodh rud agat féin nó bí 'á uireasbha.” 3 — “Tobac!” arsan madaruadh is é Tráighmór soir. Nuair a bhíonn duine nó rud ag imtheacht le fuinneamh adeirtear é sin. 4 — “Ag réidhteach chuige,” mar adubh- airt Tadhg na Spréach leis an bhfiacail. An fhiacail mí-cheart a bhí tairrigthe aige, tré dhearmhad, ach sin mar shocruigh sé an scéal! 5 — “Chonnac cheana thu,” mar adubh- airt an cat leis an mbainne beirbhighthe. Is mó ocáid go n-abrochthaí é sin. 6 — “Fill orm,” adeir an droch-ghnó. 7 — “Fan socair,” arsan ghaoth. Agus í féin ag séideadh an ruda ar a dícheall. 8 — “Go n-éirghe leat go geal,” mar adubhairt an sweep le n-a mhac. 9 — “Iad araon,” arsan banbh maith. Nuair a fiafrochthaí de dhuine ciaca saghas bídh ab' fhearr leis déarfadh sé mar sin, b'fhéidir. 10 — “Ariú! nach é an fear é an báir- neach,” mar adubhairt an mada- ruadh. Madaruadh a chuaidh ar an dtráigh lá. Chonnaic sé sliogán an bháirnigh éirighthe de'n chloich leis an ngréin. Chuir sé a theanga fé chun é bhaint de'n chloich chun é d'ithe ach d'fháisc an báirneach anuas ar an dteangain agus do choinnibh sé an madaruadh ann gur éirigh an taoide agus gur báthadh é. Deirtear mar sin anois nuair a bhíonn comhacht díoghbhálach ag duine beag suarach. Deirtear mar so leis: (Tuille le teacht). LUIBH-EOLAS. Tá áilneacht ar gach taobh dínn fan gacha bóthair. Má bhíon an radharc ceart againn chífeam áilneacht ins gach tor is ar fuaid gacha páirce. An Feochadán. Aithnighean gach aonne an Feochadán ar a dheilgní géara. Tá a lán saghas de ann ach is é an Feochadán Fiadh (Cnicus lanceolatus) an ceann is breaghtha dhíobh. Gas cruaidh díreach a bhíon air sin agus mar a bheadh mion sciatháin, nó cluasa, fan an ghais ó bhonn go bathas. Tá an gas féin go clúmhach. Dath den ghealchorcuire a bhíon ar an mbláth. Ní baoghal go mbeidh na leanbhaí ag stathadh bláth an Fheochadáin sin. Cos- aint rí mhaith ar lucht fuadaigh is eadh na deilgní cruadha geura. Bláth breágh ríoga is eadh é & is é a thoibh (thoghaibh) na h-Albanaigh mar chraobh náisiúnta. Tá Feochadán eile ann (Cnicus Arvensis) agus d'aithneóthá ar bholath an bhlátha go bhfuil mór chuid meala ann. Bíon ana- chaidhreamh ag na cuileóga leis — “Mo ghrádh thu, 'rud agat.” Tá an Feóchadán Mín (Carduus Nutans) in a lus ana- ghlic. Aon bhláth amháin a bhíon ar bhárr gacha gais agus ar eagla go mbeadh na cuileóga is na beacha ar lorg na meala sara mbíon lá an mhargaidh ann, cuirean sé snátha tímpal an bhlátha. Ceapaid na cuileóga gur nead dubhánalla é agus seachnuighid ar a n-anam é! D'íosaidís na beithidhig an feochadán go sásta mara mbeadh na spíní. Ní bheadh feochadán le feicsint mura mbeadh an éide bhréagh catha a cheap sé dho féin. Níl aon bheann ag an asal ar dheilgní Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk
an fheóchadáin, ámh. Teanga mhaide atá aige sin, is dócha. Imthighean síol an fheóchadán le gaoith amhail a dheinean síol an Chaisearbháin. Tá cóir mhaith aige chun eitilte. ‘Feoth- anán’ a labhartar i gConnachtaibh. Cupóg. Gas láidir righin a bhíon ar an gCupóig Sráide (Rumex obtusifolius) agus bláth glas gan chrot a bhíon uirthe. Bíd na bileoga go bog leathan, agus do deintí úsáid díobh, tráth, chun im do chimeád fionn- fhuar. Iad do leathadh ar an im nuair a bheadh sé meadhta in a phúntaibh. Páipéar a bhíon ann anois in inead na mbileóg san. Comhairle an ‘Department’ é sin, is dócha. Nuair a thagan feocha ar an gCupóig, eirighean sí crón & cróine ar áilneacht is eadh í. “Iarball mada ruaidh” a tug- tar ar an bplannda ansan. Pé fód go lonnuighean an Chupóg ann, fágfaidh sí go bocht é. Téid na préamhacha ana- fhada síos agus saothar thar bárr is eadh an Chupóg do ruagairt as an ngarraidhe. De chine cheart na troda is eadh í agus caithfar buachtain go glan is go h-iomlán uirthe sara n-eugan sí. Ó bheith ag fás sa' chlós nó “ar sráid” an tighe a tugadh Cupóg Sráide uirthe. “Basa sráide” adeirid muinntir Bhaile Mhacóda. An Neanntóg. Gas caol lag a bhíon ar an Neanntóig (Urtica dioica). É cearnógach agus guairí air. Bíd na bileóga garbh agus iad lán de ríbí. Má leagair do lámh ar an Neanntóig go deas réidh déanfair léimt, mar cuirfidh sí nimh ionat, ach má dheinir crotha maith lámh, crotha lámh an fhir tuaithe, léi, ní baoghal duit. Blátha glasa gan aon ró-chrot ortha a bhíon uirthe. Bhí árd-mheas ar an Neanntóig ag seandaoine mar bhiadh a ghlanfadh an fhuil san earrach. Na bileóga óga do bheirbhiú & beagán ime bheith mar ann- lan leó, bfhearr le seandaoine iad san ná aon chabáiste. “Má ithir trí bhéile neanntóg sa Bhealtaine, ní baoghal duit poc tinnis, an bhliain sin.” Daoine a mbíon dathacha ortha, is minic a dheinid an cromán nó an ghuala a bhíon tinn do bhualadh le beart neanntóg, mar deirean comharsa éigin leó gur leigheas é sin. Is eadh, leis, ar feadh gearrath- amaill, ach níor airigheas riamh gur thriail aonne an tarna h-uair é! Nuair a bhíon tigh comhnaithe nó aon áras ag dul chun raga, an feur & an neanntóg a roinean an t-úrlár eadartha. Trácht Seán Ó Coileáin, file, air sin & é ag caoine Thighe Mhólaga: “Neanntóg ruadh ad' úrlár úr Is crónán na n-eas ad' chlúid!” Lonnuighean — cuirean chun comhnaithe. Dathacha — scoilteacha, nó rimitighe. Chun raga — chun olcais. Seán Tóibín. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. AMHRÁN NA STAIGÍNÍ. Fonn: “Raghadsa is Cittí Bhálcaeracht.” Nár sheasgair bhí ár gcaraid in Éirinn Sar a dtáinig an Béarla chughainn, Bhí 'gainn sagairt is easbuig is naomhaibh, Is ba Ghaedhlach a dtréithe siúd; Na capaill ní thuigfeadh ach Gaeluinn Ar fuaid Éireann go léir, dar liúm, Is dá labharfá le ceann acu i mBéarla Do bheadh stailc in a thaobh ann súd. Mo chreach gheur fhada is mo léar-ghoin Dá gcloisfeadh sí Béarla-an mhiúil, Sí a raidfeadh go haibig san aer duit Is raghadh míle de phléisg i ndia' a cúil An t-asailín beannuighthe féinig Do raghadh sé de léim 'n díg Agus raidfeadh is chromfadh in éinfheacht D'fhonn go raghadh fear an Bhéarla 'n draoib. Na ba bochta soineanta féinig Is i nGaeluinn a néidhtí a gcrúdh, Is dá gcloisidís focal de'n Bhéarla Ní dhéanfaidís braon a thabhairt; Lá 's mé 'crúdh na bó báine mé féinig 'Chionn ‘set up’ a rádh léi ar dtúis Do thug sí speach ins sa phlaosg dom Chomáin a raibh d'fhiaclaibh am' béal chun siubhail. Ní raibh ag ár sinnsear ar fad ach amháin Gaeluinn Is ba mhilis a ráidhte siúd Na coilig do ghlaoidís i nGaeluinn Is ba dheas leat go léir í a liúgh; Na cait ar an luich nuair a léimeadh Is i nGaeluinn a néidhtí í bhrúghadh Is ní bhlaisfidís braon bainne a n-ao'chor, Go ndéarfá as Gaeluinn ‘mí-iú.’ Ach tá staigíní anois ar fuaid Éirinn Is ní maith iad a dtréithe siúd, Ní bheannóghaidís le Dia is Muire a n-ao'chor Ach “good moddy” nó “how de dew,” Dá gcloisidís focal de'n nGaeluinn D'fháisgfeadh a mbeul 's a súil, Agus déarfaidís “dat mush be banish compatey Or de counthy 'll be 'aily 'uined.” Ach b'fhéidir le congnamh an Éin-Mhic Go mbeadh againn fós Home Rule Annsan chaithfeadh na staigíní staonadh Is beannachadh i nGaeluinn dúinn; Chun sgoil Gaeluinn' do curfí de phléisg iad Agus 'siad do raghadh ann go ciúin, Is nuair chífí i bhfochair na leanbh ag léigheamh iad Ná déarfadh Éire go léir ‘hurú!’ Ach na staigíní, deirimse féin leo Go gcaithfe siad claonadh dhúinn, Agus Beurla Shasana thréigean Nó dul a' triall ortha féin anonn; Ní bhfuighid siad cead reatha ná léim uainn, Ní bhfuighid siad cead sodair ná siubhail, Is ní bheannóghaimíd dóibh ar an aonach Go mbeidh acu Gaeluinn dúinn. Do scríobhadh so ó bhéal-aithris Thaidhg Uí Chonchubhair, Lios Póil, Ciarraighe. Deir sé gur fhoghlumaigh sé óna úncal é timchioll deich mbliadhna is dachad ó shin. Finghin na Leamhna. LEABHAIR A THAITHNFIDH LE GAEDHLAIBH, Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla, le fághail uainn-ne. Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg clár na leabhar. Labhartar Gaedhilg go fionnmhar i SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH. SRÁID ÍOC. BHAGÓID, a 50, BAILE-ÁTHA-CLIATH. Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” A Ghaedheala! Ceannuighidh “ÉADACH na DRUIPSIGHE” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.) Co. Chorcaighe. ROSC CATHA GAEDHEAL. THE SOLDIERS SONG. — É in a cheart idir cheól is abhrán, agus oireamhnach don phianó. É i nGaedhilg, chomh maith. 1/1 an chóib, per post. WHACK FOL THE DIDDLE. — Abhrán grinn i mBeurla. An file ceadna a dhein. É oireamhnach do cheól an phianó. 1/1 a' chóib. Geobhaidh lucht siopa níos saoire 'ná súd iad. Ó FAOLÁIN & A MHAC, In Uachtar Cé Urmhumhan a 17, ÁTH CLIATH. CARABHATAÍ de'n PHOIPLÍN AR GACH DATH is AR GACH GNÉ DATHA. LIAM Ó hAIMHEIRGÍN, (‘W. Bergin’) a dheinean do lucht siopaithe. Scriobh ag triall air go 62 SRÁID GHRAFTON, in ÁTH CLIATH. NÍ DEINTEAR AON PHÍOPAÍ EILE IN ÉIRINN ACH PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR AGUS IS FADA FARSAING ATÁ A GCÁIL. Le ceannach i ngach siopa tobac. Cuir a dtuairisc ar lucht a ndéanta — CAPP & MAC PEADAIR Teo. FAICHE SHAIN STIABHNA, ÁTH CLIATH. Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill. Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.
CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA ó LÚCÁS DE BÚRCA. LÉINTE FO-LÉINTE STOCAÍ BÓNAÍ CARABHATAÍ de DHÉANTÚS GAEDHAL Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile: SRÁID PÁDRAIG N. A 105, CORCAIGH. (‘LUKE BURKE’) Sinn-ne a dhein SNAOIS CHORCAIGHE ar dtúis agus atá 'á déanamh i gcómhnaidhe. TOBAC CÚMHRA an dá shórt so — “Exhibition Roll” agus Shandon Plug. Má theastuighaen uait aon tobac nó saigréidí do chur chun aonne atá sa chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó cháin, ach leath phúnt, ar a luighead, bheith sa' bheairtín idir thobac is saigréidí. LAMBKIN BROS., 9 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. Gheobhair deaghmhargadh uaim-se i gcomhnaidhe. TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol- fad-sa an postas ar cheithre púint de. PLÚR Gaedhlach. MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min bhuidhe. SIÚICRE agus gach rud eile ar fheabhas. SEÁN MAC CURTÁIN, SRÁID A' tSEANDÚNA, CORCAIGH. Tá agam-sa CULAITHE ÉADAIG do GHARSÚNAIBH. CAIPÍNÍ & HATAÍ den uile shaghas. Earraí Gaedhlacha. MÍCHEÁL Ó NUALÁIN, (‘M. J. NOLAN) An Mheádhon-tSráid Thuaidh agus Sráid an Chaisleáin, CORCAIGH. AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh an Fear Gnótha. An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair. Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, agus c. Is chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur. Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní, &c., do chur. Na Díoltóirí. Ó Cuill agus a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. “AN LÓCHRANN.” Is cruaidh an saoghal é seo ar pháipéirí. Tá daoireacht an pháipéir agus costasaighe na clódóireachta ag teacht go dian na gcoinnibh. Ní dheaghaidh “An Lóchrann” saor ach chomh beag le h-aon pháipéar eile. Tá 150% breise costais anois ar an bpáipéirín seo thar mar bhí air nuair a thosnuigheamair dhá bhliain ó shin. Tá leisce orainn bheith ag innsint ár ngear- ánta do sna léightheóirí ach gur mhaith linn a chur i n-iúl dóibh nach le dúil san airgead atáimíd ag éileamh 1½d. ar an bpáipéar so feasta. Leis na 1½d. féin beimíd ag cailleamhaint timcheall £3 sa mhí ar “An Lóchrann.” Ní fada fhéadfam seasamh leis an gcailleamhaint sin mara dtagaidh lucht airgid i gcabhair orainn gan mhoill agus na sparánta d'oscailt. Mara dtagaidh an chabhair sin orainn gan mhoill mhór ní bheidh le déanamh againn ach “An Lóchrann” a laigheadú agus gan a chur amach ach ceithre leathnacha dhe gach mí. Ba mhór an dochar agus an mí- shlachtmhaire é sin — tá an páipéar so beag a dhóthain cheana féin. Táimíd féin & an clódóir ag déanamh ar ndíchill chun cuma slachtmhar a bheith ar “An Lóchrann.” Ní fios ámhthach cá fhaid a féadfar leanamhaint de, óir is clos dúinn go bhfuiltear taréis Muilinn Pháipéar Bhéal Átha Cláir a dhúnadh ceal adhbhair déanta páipéir. B'fhéidir, dá bhrígh sin, go mbeidh orainn “An Lóchrann” a chlódh ar pháipéar ghallda sara fada. CONCHUBHAR CÁSMHAR. Aithinnsint é seo ar an sgéal durab teideal “Histoire du Bonhomme Maugréant” sa bhFrainn- cis. Tá sgéalta de'n chineál chéadna sa Ghaedhilg againn, agus ní le feabhas an sgéil seo atáim ag á chur chughat, ach d'fhonn go mbeadh tuairim ag do leightheoiríbh, agus go mórmhór ag do lucht sgríobhtha, cad é an saghas innste tugadh air sa bhFrainncis. Soith liom gan ainm an úghdair agam. Feargus Finnbhéil. Bhí san ann uair, fear tuaithe go raibh lán an bhaile bháin de chlainn aige. Conchubhar Cásmhar a tugtí air, agus bhí a dhóthain d'ainm air, mar ní théidheadh stad air ach ag cáiseamh, agus ag cannrán ar an uile shaghas ní. Ba mhinicí i dtigh an tábhairne ná i dtigh an phobail é; má seadh is d'iarraidh a bhuartha chur de bhíodh sé, dá ráidhtibh féin. Lá dá dtug sé sgathamh mór aimsire sa tábhairne, & nár bh'fhonn le n-a bhuarthaibh sgaramhaint leis, tháinig néal ann go dtug sé buille dá bhais insan éadan air féin, agus ar seisean: “Is fearr do raghadh sé chun mo thairbhe dul i leith Dé na glóire ná bheith im' shuidhe annso. Rachad fá n-a dhéin go mbeidh fhios agam cad uime an rath ar dhaoinibh eile i gcomhnuidhe, & an míorath ormsa.” D'eirigh sé ar an bpreib agus do ghluais roimhe, ar thuairisg an bhóthair chun na bhFlaitheas. Bhí sé ag imtheacht agus ag cuardach roimhe, ag casadh agus ag athchasadh, agus thairis sin ní aithristear a sgéala nó go ráinig na Flaithis, le neart saothair agus siubhlóide, agus gur bhuail ar an ndorus: Cnag! Cnag! “Cia tá annsan?” arsa Peadar. “Mise, a naoimh cheannsa, Conchubhar bocht Cásmhar tá fhios agat, go bhfuil lán an bhaile bháin de chlainn agam.” “Agus cad tá uait?” “Tá, go bhfiafrochainn de Dhia na glóire cad uime an rath ar dhaoinibh eile de ghnáth, agus an míorath ormsa,” Tá an Tiarna 'na gháirdín fá láthair, & ní h-áil leis an ceistiúchán. Tabhair do bhóthar ort.” “Féach, a Pheadair mhóir mhaith … duine mór-mhuirir me … Dá mba thoil leatsa é, thusa dheineann na míor- úiltí …” “Seadh arís … fan ámhthach. Ó! is mar sin atá agat, a dhuine bhoicht, féachfad an mbeadh aon nídh oireamhnach agam duit.” Do dhruid Peadar an dorus, ach d'osgail arís gan ró mhoill. “Seo,” ar seisean. “Sin cléibhín agat, agus déanfaidh sé míorúiltí dhuit. Aon uair is maith leat úsáid do dhéanamh de níl agat ach a rádh mar seo leis, ‘A chléibhín, a chléibhín, imir do cheárd,’ agus chífir cad é an brígh tá ann. Agus an túisge bheir sásta dhe ná dearmhaid a rádh mar seo: ‘Leor, leor. Sin dóthain an lae seo.’ Hé 'leith … focal amháin eile. Ní gádh duit bheith ghá theasbáint sin do'n tsaoghal; ná innsint gur uaimse fuairis é. Tuigeann tú!” Is amhlaidh bhí Conchubhar d'iarraidh a dhéanamh amach cia acu ag magadh nó dáiríribh do bhítheas leis, agus níor dhein sé ach crothadh bhaint as a chluasaibh, agus an cléibhín do ghlacadh, gan cuimhneamh ar a bhuidheachas do ghabháil thar a cheann. Dob é b'fhada leis go bhfuair sé é féin san uaigneas, chun triail do bhaint as an mbriocht do múineadh do. Ní túisge chan sé na focail ná siúd an cléibhín ag crónán & ag fiuchadh, agus ag caitheamh builíní aráin & bhricíní éisg thar a bhéal amach. Bhíodar ag teacht, 'na mbuinibh agus 'na sruthaibh, gach saghas aráin agus Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
gach saghas éisg, dá leathadh ar fuaid an bháin, gur sgannraigh Conchubhar bocht, & ná feadair cos leis cad do dhéanfadh lámh leis, nó gur thug sé chun a chuimhne fá dheoidh na focail a bhí le rádh aige: “Leor, leor. Sin dóthain an lae seo!” Agus do stad an sruth. Ba ghearr go raibh sé 'na shuidhe ar charraig, ag ithe uaidh, agus gan de chás air ach cionnus an díth do sheachaint; bulóga bána agus ceapairí ruadha aige, agus briosgaí misle; gach cineál éisg dá gcomhnuidheann i muir nó i gcaol tsruth, ó'n snáithidín go dtí an mbradán feárna, & iad uile ag snámh 'na gcuid anbhuirthe annsúd i n-a fhiadhnuise. Ba ghoile ba bheag do'n duine croidhe, agus bhí sé ag déanamh a dhíthill ortha. Ar ball, ámhthach, bhí an ceann dá throsáil aige, agus é ag cáiseamh & ag cann- rán fá na fhiaclaibh. Easnamh éigin air. “Fuighealach le n-ithe agus gan diúir le n-ól.” Thóg sé a cheann ag rádh na bhfocal san do. Cá mbeadh sé an uair sin ach ar aghaidh duiris an tábhairne amach, agus do ghaibh sé isteach, lom díreach. “Tómhas de'n fhíon is fearr istigh, agus dhá ghloine,” ar seisean, agus do luigh sé súil ar fhear an tighe, ba mhinic 'na chuibhreann. “Agus má's maith leat béile maith éisg, tá dóthain meith- ealach annso dhe. Ach aon nídh amháin! Gach a bhfuil le feiscint agat ní gádh dhuit bheith ghá innsint do'n phobal. Tuigeann tú! A chléibhín, a chléibhín, imir do cheárd!” Siúd arís an cléibhín ag crónán, agus ag fiuchadh, agus annsan ag caitheamh builíní aráin & bricíní éisg amach ar an mbórd, anuas ar na cathaoirachaibh, & ar fuaid an úrláir, amach go béal an duiris amháin. “Bailigh iad!” arsa Conchubhar; “bailigh suas, agus ná bíodh ceist ort. Nuair bhéas an méid sin ídithe tá tuilleadh le teacht.” Dá bhfeicthá fear an tábhairne & bean an tábhairne, agus iad ag sodar le miasaibh. Ach tríd an saothar go léir, agus iad idir bhás agus dícheall, adeiridís le n-a chéile ós íseal: “Dá bhfaghmís an cléibhín ar fad do theanntú, is breágh mar oir- feadh sé dár gceard bheatha.” Do shaoileadar ar dtúis bheith ag baint ó Chonchubhar, go 'neosadh sé dhóibh cá bhfaghfaí teacht suas le n-a leithéid eile d'áis; ach do chosain seisean a rún do féin, gan oiread & gaoth an fhocail do leigint tar a bhéal. Bhíodar, ámhthach, ag taosgadh na dighe chuige le dúthracht, nó gur thuit a chodla air i ndeireadh na dála. Is annsan do shleamhnaigh bean an tábhairne isteach sa chistin, mar a bhfuair sí cléibhín de'n déanamh céadna, agus gainní go flúirseach ceangailte dhe, ó ba indé roimis sin do tháinig sé fá n-a lán éisg. Ar dul siar na lámha deise agus teacht aniar na lámha cléithe bhí sé i bhfiadhnaise Chonchubhair, agus an cléibhín míorúilteach go cúthail i bhfolach aici. Nuair tháinig Conchubhar as a chodla d'árduigh sé leis a chléibhín, dar leis, agus thug aghaidh ar an mbaile. Is amhlaidh bhí a bhean nuair tháinig sé, & pota mór praisge dá leigint amach aici, sguaithne de leanbhaíbh amplacha tímcheall uirthi, agus iad uile, beag & mór, ag cannrán agus ag cáiseamh, mar ba dhual athar dóibh. Agus na cnapshúile … bhí fhios ag Conchubhar cad é an sgeimhle bhí 'na chóir, tar éis na h-oidhche thabhairt amuich; agus d'fhonn tosach cainnte bheith aige féin, bhain sé casadh as a chléibhín ag cur na tairsinge isteach de, agus ar seisean: “Goile maith agaibh ar maidin, a chlann ó! Agus a shásamh annso agamsa dhíbh! An bhfeiceann sibh an cléibhín sin? Seadh má seadh! Abraidh go léir na focail seo im' dhiaidhse, agus chífidh sibh iong- antas: A chléibhín, a chléibhín, imir do cheárd.” Do chanadar uile na focail, mar shúil leis an iongantas, ach sin a raibh de mhaith dhóibh ann. Ní raibh de cheárd fogh- lumtha ag an gcléibhín sin ach bheith 'na chléibhín, agus fuireach mar sin. Chuaidh soin thar a thuisgint ar Chonchubhar. Thug sé cúrsa & athchúrsa mór thímcheall an bhúird, ag breathnú an chléibhín ó gach taobh; agus a leithéid de channrán agus de cháiseamh níor airigheadh riamh roimis sin uaidh. Ní fheadair an bhean agus an chlann cia acu ba cheart dóibh géilleadh dá ngean guil nó dá ngean gáire, ach mheasadar gur as a mheabhair a bhí sé. “Fan! fan!” ar seisean de phreib. “Tá balaith an éisg fós uaidh! An bhfaghann sibh é?” Agus do bhí leis, go stalcuithe, ach sin a dtáinig uaidh. “Arbh'fhéidir nách é mo cheann féin é?” ar seisean i ndeireadh thiar. “Nó an amhlaidh le h-aon chinneamhaint …?” Ba bheag an tosadh bhí ar ghlaodh mná ná leinbh aige, agus é ag cur de chun tighe an tábhairne, féachaint arbh ann d'imeóch aon dearmhad air. “Dícéille! a dhuine,” ar sise; “ná feicir féin ná fuil cliabh ná ciseán annso againn. Ní fuláir nó is amhlaidh a dhearmhadais an briocht.” “Ní ar domhan is dearbhtha ná é,” ar seisean. Do líon sí amach gloine de'n chuid dob fhearr chuige, agus do bhog sé an bóthar athuair fá dhéin na bhFlaitheas; agus is air nárbh fhada an mhoill dul ann de'n iarracht san. Do bhuail ar an mbaschrann: Cnag! Cnag! “Cia tá annsan?” arsa Peadar. “Mise, a naoimh cheannsa, Conchubhar bocht Cásmhar tá fhios agat, go bhfuil lán an bhaile bháin de chlainn agam.” “Dar liom, a fhir mhaith, gur indé fóireach cheana thú.” “Indé, a naoimh cheannsa, ach i dtaobh do chléibhín, sin é bhí le rádh agam — ní fheadar de'n tsaoghal cad a tháinig air, Gheobhaidh do mhac togha na scoluidheachta — I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Scriobh chuige. MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT Led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh- air na rudaí seo & iad go maith: Bróga is Stocaí, Léinte is Guaileáin, Lámhainní is Bónaí. T. Ó LOCHLAINN, 19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH. FEIS CHORCAIGHE (fé chúram an Choiste Conndae) I Mí an Mheithimh, 1918, a tionólfar. DUAISEANA. 1 — £10 ar Nua-Scéal 7,000 focal. 2 — £2 ar abhrán nó Dán. 3 — £2 ar aon déantús i gcóir Aithrise, bíodh in a Dhuan nó in a Phrós. 4 — £2 & £1 ar Chnósacht Sean-Abhrán nár cuireadh fós fé chló. 5 — £1 10 ar Nua-Agallamh Grinn. 6 — £1 10 ar Chnósacht Tomhasana gona bhfreagairt. 7 — £4 ar Nua Dhráma ‘uaire a chloig.’ 8 — £3 don Scoil is feárr sa Ghaedhaltacht. 9 — £3 don Scoil is feárr Lasmuich dhen Ghaedhal- tacht. Do Ghaedhilgeoirí atá in a gcomhnaidhe i gConndae Chorcaighe na duaiseana san. Scríobh chun na Rúnaithe: A. Ó TUAMA agus P. Ó h-ANNRACHÁIN. Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i. “AN LÚCANIA” (de dhéantús na hÉireann) ó Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat. TÁILLIÚIREACHT agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i nÉirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA, 11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk
Tá le fagháil uainn-ne BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID den déanamh Ceilteach agus marc earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca. tá ÁTHRAIGHE ÓIR is ÁTHRAIGHE AIRGID mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca. Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair agus an luachliosta. LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid Gaedhil: sa tSIOPA BAGÚIN atá ag TOMÁS Ó MURCHADHA, (‘T. J. Murphy’) 111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH, ar aghaidh Árdoifige an Phuist anonn. Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.” Guthán: 7 Cork; i Midleton. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA GAEDHILGE Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim. Trí leath-phinginní (1½d.) fiacha gacha leabhair díobh. 1. “Laethanta Geala” (Kerry School- girl's Diary). 2. “Cosa Buidhe Árda” (Easy Songs to Catchy Tunes). 3. “Sean-Amhráin na Mumhan.” 4. “Déanamh an Chleamhnais” (Short Dramatic Sketch). 5. “Cunntas Cinn Lae” le Bríd Stac. Le fághail ó MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann don Ghaedhilgeoir: UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87, i mBAILE ÁTHA CLIATH. ní fonn leis — má's air atá an locht — oidhe! mhuise …” “Seadh, ná bac san leis. Féachfad an mbeadh aon ní eile oireamhnach agam.” Do dhruid Peadar an dorus, ach tháinig arís gan ró mhoill. “Féach, sin coileach agat; coileach adeirim. Níl agat ach a rádh mar seo leis: ‘A choiligh Pheadair, a choiligh Pheadair, Can-se dhúinn do phaidir,’ & chífidh tú céard thuitfeas amach … Hé 'leith! Focal eile! Ní gádh dhuit bheith ghá theasbáint sin do'n tsaoghal …” “Mise! Ach, nílimse chomh baoth agus tá a dheallramh orm.” “Ná bheith ghá innsint gur mise thug duit é — tuigean tú. Ní 'na ndosaonaibh atá a leithéidí sin agam le roinnt;” agus do dhún Peadar an dorus gan fuireach le n-a thuille beannachtan. Nuair bhraith Conchubhar go raibh sé i na aonar arís ar an mbóthar, cá mbeadh sé ach ar aghaidh duiris an tábhairne amach; agus isteach leis, lom díreach. “— Nó cár ghabhais chughainn, a Dhaidí Chásmhair, agus do choileach breágh crón i dtóin do chléibh agat,” do ráidh bean an tábhairne, dá bréithribh bladartha. “Thánag ó áit ná fuil leithéid an choiligh sin 'na ndosaonaibh ann le roinnt,” ar seisean, go h-aireach air féin, agus é san am gcéadna ag leigint a chos fá'n mbórd. Níor ceileach an braon dob fhearr air, oiread agus ba mhaith leis de, nó go raib mana molta a choiligh ag teacht 'na thochas air. ‘A choiligh Pheadair, a choiligh Pheadair, Can-se dhúinn do phaidir!’” Siúd an coileach ag greadadh a sgiathán, & ag glaodhach; agus ba gheall le fuaim stuic a ghlaodh ghlan cheolmhar: Cocococú! agus le gach siolla de'n ghuth do shileadh cith de chnapógaibh óir, agus de bhuadh- chlochaibh beaga taithneamhacha ó na ghob. Ní thug Conchubhar cuireadh d'aoinne chúcha, munab ionann & toradh an chléibhín, ach é féin dá mbailiú isteach na hata chuige, agus an tsúil dá bagairt aige. Má seadh, thug fear an tábhairne agus bean an tábhairne cead súl dá chéile, dob ionann agus a rádh, “is truagh gan an coileach le h-ais an chléibhín againn.” “Sláinte mhaith, a Dhaidí Chásmhair; agus ól uait!” agus do druideadh an deoch leis nó gur thuit a chodla arís air. Annsan d'ionnsuigh sise an coileach go cneasda múirneach, & “Socair a ghrian- áin, socair a ghrianáin” aici; agus níor stad go raibh sé go seasgair istigh i gcróitín na gcearc aici, & a mhacsamh- ail de choileach phéacach crón ó'n gcróitín istigh sa chléibhín thar a cheann. (Tuille le Teacht.) CLANN. TÓIBÍN. — De dheóin Dé, do rugadh inghean, Lá Coille, do Shiobhán Ní Shúileabháin, bean chéile Sheáin Tóibín, i mBaile an Teampaill, Cois Laoi. Siobhán a h-ainm. COMHRÁDH TRÍR. Seo cainnt a thárla idir thriúr cailíní beaga cois na teine againn-ne an oidhche fé dheire. Áine — Cailín beag a bhfuil árd dhúil sa léigheann aici. Síle — Cailín díomhaoin gur chuma léi dá gcuirthí fé theine gach sgoil i nÉirinn. Peigí — Comrádaí eile. Áine: Cheapas ná tiocfadh sibh in ao' chor & bhíos ag dul ag glaodhach orraibh anois díreach. Peigí: Is measa dham í seo a bhogadh ó'n dteine ná an “Charraig Dhubh,” tá oiread san leisge uirithi Síle: Ní aon leisge a bhí orm ach bhíos ag feitheamh go lasfainn an lampa sar a n-imthighinn amach mar tá dathacha im' shean-mháthair & ní fhéadann sí corraighe. Ní raibh aoinne eile istig. Áine: Is beag d'easba na gcos a bhí uirthi Dé Domhnaig nuair a bhís ag tabhairt an uibh leat chun na n-úbhall a cheannach. Dá bhfeictheá-sa, a Pheigí, an choisigheacht a tháinig dí siúd. Síle: Ní locht san uirthi mar ní raibh ann ach an t-aon ubh & cad a dhéanfadh sí ar maidin? Áine: Ná fuil na cearca ag breith ach mar sin agaibh, a Shíle. Síle: Tá siad 'na stad le breis is coicthíos anois. Ní bhíonn ach an t-aon ubh gach re lá againn uatha. Peigí: Och! go bhfóiridh Dia orainn! Cad iad mar shaghas cearc atá agaibh i n-ao' chor? B'fhéidir gur an iomarca bídh atá agaibh á thabhairit dóibh. Áine (ag sgartadh gáirídhe): “Forcible feeding!” Ní maith é mhuise. Na cearca bochta! níl min le fághail aca & táthar ag cur bídh eile dá n-aindeóin ortha. Ní h-iongnadh ar “strike” iad. Peigí: Do fuair mo mháthair-se rud éigin i dTigh-an-Uachtair chuin iad a chur ag breith agus táid cuibhseach ó shin againn. Áine (ag gáirídhe arís): “Forcible laying” é sin & beidh na cearca loitithe ar fad agaibh-se, a Pheigí. Mhuise go deimhin féin is ait an saoghal é. Tá na cearca bochta féin ag fághail a ndóithin de'n chogadh. Peigí: Is dóigh liom gur beag do'n gcainnt sin a bheadh agaibh mara mbeadh gurbh' é amáireach an Satharn & is dóigh libh ná tiocfaidh an Luan go deo — Luan leabhartha agus léighinn, mar adeir Síle. Síle: Is maith atá fhios againn go dtiocfaidh ach is beag an doicheall atá agamsa roim an Luan — Áine: Cad na thaobh san? Síle: “Luan na muc,” céad fáilte roimis! Peigí: Is fíor dhuit — agus beir id' bhean tighe go breágh dhuit féin nuair a bheam-ne sa chruadhtan. Mhaise nách leat atá'n t-ádh, a bhreis ar dhaoine eile. Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
Is beag an mhaitheas dómh-sa ná dhuit-se, Áine, muca a bheith againn mar ní dein- tear bean tighe aon uair dínn. Ach a Shíle cuimhnig orainn-ne má dheineann tú císte ubhall ná aon nídh mar é. Síle: Ná bíodh eagla orraibh, a chroidhe. Áine: Is dóigh liomsa nách fada, a Shíle, a bheir-se ag casadh le seana “Dombey” fé mar bheimíd-ne mar is tú an cailín óg anois tá's agat. Tá maide na leitean agat anois, a chailín. Síle: B'fheárr liom go mb'fhíor dhuit é ach tá an iomad dúil sa sgoláireacht ag mo mháthair agus fágfaidh sí ar sgoil choidhche mé; ach dá mbeadh fhios aici mo dhúil-se sna leabharthaibh is fadó a bheadh deire mo laetheannta sgoile feicthe agam. Peigí: Ó, a Shíle, tá'n tú níos fearr ná mise ach tú bheith díomhaoin. Cleas- aidhe iseadh thú. Ní h-aon easba meabhrach atá ort-sa fé mar adeir an Mháighistreás. Síle: Mhuise cad é an mío-ádh a thug isteach sa chúigmhadh buidhin mé i n-aon- chor. Is minic an Mháighistreás 'á rádh liom go gcuirfeadh sí siar sa cheath- ramhadh buidhin arís mé ach tá eagla orm ná cuirfidh. Áine: Éist anois mar is tusa bheadh go dúbhach brónach dá gcuirthí siar tú, a chroidhe, ná dubhrais cheana go mbeadh náire ort a bheith sa cheathramhadh buidhin anois toisg tú bhéith chómh mór. Síle: Mhuise, Áine, tá sgéal agam le h-innsint duit a chuirfidh ag gáirí thu, tá sé ráidhte le Síle cheana agam. An lá úd a bhís istig ó sgoil d'innis an mháighistreás sgéal “Aodha Ruaidh Uí Dhómhnaill” dúinn le linn an Stair a bheith ar siubhal & mar is gnáthach liom féin cheapas go mbeadh leath-uair a chlog bhreágh agam agus is beag do chluais a thugas do'n Máighistreás, go maithidh Dia dham é — Áine: Tuigim. Leigeann tusa ort mhuise ana-ghrádh a bheith d'Éirinn agat agus dá mbeadh d'éisteóchthá le sgéal Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill. Peigí: Leig di, a Áine, mar is fiú dhuit éisteacht leis an sgéal. Lean ort, a Shíle. Síle: Seadh nuair a bhí an sgéal críoch- nuighthe aici cad is dóigh leat ná go ndubhairt sí linn an sgéal san a sgríobhadh aige baile an oidhche sin. Áine: Há! há! sin ó mar a thiocfadh sí siúd suas leat, a Shíle. Cad a dheinis ansan? Síle: Bhí mearbhall orm le méid an gheit a baineadh asam. Seo ag cuimhneamh mé féachaint a raibh an choigeann le déanamh l'ar na bháireach nó an raibh aoinne le cur go raghadh mo mháthair 'on t-sochraid ná aon nídh a choimeád- fadh istig ó sgoil mé. Ní raibh. Seadh thánga abhaile ach go h-áirighthe an tráth- nóna san. Áine (ag gáirídhe): Is mór an obair ná'r imthighis chun an chnuic! Síle: Chuimhnigheas go mb'fhéidir go mbeadh an sgéal ag mo shean-athair mar is mó sgéal breágh aige. “A Dhaidí chríona,” arsa mise, “a mbeadh sgéal ‘Aodha Ruaidh’ agat a ínseóchthá dham mar caithfead é sgríobhadh.” “Eoghan Ruadh,” ar seisean, “agus ní Aodh Ruadh.” “Seadh go díreach,” arsa mise mar cheapas nár thugas an ainm féin im' chluasaibh liom. “Tá go maith, mhuise,” ar seisean. Bhíos ag léimeadh le h-áthas agus seo liom ag sgríobhadh chómh tiugh is bhí seisean ag cainnt agus bhí trí leathanacha sgríbhte agam nuair bhí an sgéal críochnuighthe. Marar mholas mo shean-athair ní lá fós é. Tháinig la's na mháireach & sgríobhas amach ar mo pháipéar sgoile é chómh maith le cách. Bhí san go maith go dtí gur ghaibh an mháighistreás chúgham agus do leath mo shúile orm nuair a phléasg sí ar gháirídhe. Léig sí do'n mbuidhinn go léir é & seo gach aoinne ag liúighrig 'sag gáirídhe. Ach chun sgéal geárr a dhéanamh do b'éigean dam an scéal d'innsint tríd síos agus ba mhó ná san na gáirídhe a bhí ortha. Is amhlaidh a bhí sgéal fada sgríbhte agam ar Eoghan Ruadh — buachaill aimsire greannmhar a bhí ag sagart parróiste annso fadó. Áine agus Síle (sna trithíbh gáirí): Ó mhuise, a Pheig, tá ár gcroidhthe briste ó bheith ag gáirídhe fút. Áine: Ó gan aon bhréag tá'n tú féin chómh greannmhar le “Eoghan Ruadh,” a Shíle. Síle: Is fada atáim mhuise. Ach deirim- se leat go bhfuil mo shúile osgailte dham & teastuigheann san uaim. Ní dubhart pioc do lem' shean-athair, ach gur mhol an mháighistreas go h-árd mo sgéal, mé féin, agus an té thug dam é. Bhí an duine bocht go h-áthasach. Peigí: Ó téanam ort abhaile nó ní fhágfaidh tú aon anam ionainn le gáirídhe. Áine: Nách ort atá an deabhadh. Nách feárr libh-se bheith ag gáirídhe ná ag foghluim cheachta. Síle: Is fíor dhuit, a Áine, bean- nuighim uaim na ceachta ach go h-áirighthe; go saoraidh Dia sinn ortha! Bead sa ag glanadh prátaí amáireach i nGort a' Gheárrtha. Áine: Beadsa ag aodhaireacht. Peigí: Beadsa leis ag aodhaireacht. Seo bímís ag bogadh, a Shíle. Síle: Tá sé 'nam. Áine: Tagaidh arís istoidhche amáireach. Peigí: Tiocfam. Oidhche mhaith agat. Áine: Go n-éirghe an oidhche libh. Brighid Stac. DON LÉIGHTHEOIR. Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Ltd. (‘H. JOHNSTON’) Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe. GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Gur bhriseadar na humaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces” Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Port an Phápa, CORCAIGH. Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX is a chlann mhac (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL is a chlann mhac (teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. CEANNUIGH DO CHUID LEIGHIS, I SIOPA AN BHÚRCAIGH .i. Tig na cúinne, idir SRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA & SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE, I gCORCAIGH. Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean a ngnó agus a dheinean go cruinn é. Togha gacha bídh i gcór na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.
GACH CÓIR SCOILE! tá againn-ne LEABHAIR don LEABHARLAINN agus LEABHAIR mar DHUAISEANNA. Scríobh chugainn ar lorg eolais: MUINNTIR FHALLAMHAIN (Fallon Bros. Ltd.) Cúirt a 13 & a 14, in ÁTH CLIATH. Smithfield a 86, i mBealfeirste. Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge. Tá SCÉALUIDHEACHT-GAN- SRAÍNNG d'á múineadh ag togha na múinteóirí I SCOIL UÍ SHÚILEABHÁIN SA ‘MHARDÍOG,’ I gCORCAIGH. Is í an scoil is mó cáil agus is fearr cóir i n-Éirinn. Múintear SRANNG-SCÉALUIDHEACHT ann do chailiní, i gcóir Oifige an Phuist, sa ló nó istoidhche. Scríobh chun an Árd-Oide. ó CHOMPLUCHT DONOBHÁIN, I dTRÁIGHLÍ, a gheobhair an deaghmhargadh, má bhíon aon rud mar iad so uait TROSCÁN TIGHE, ÁRAISTÍ BÚIRD, ÁTHRAIGHE STÁIN is IARAINN. GUAL, AOL, BRÍCÍ, “TÁTHÁN” (Cement), agus gach eile oirean DO LUCHT TÓGÁLA TEACH. SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm. TROSCÁN TIGHE. SEÁN Ó CURRÁIN, sa DAINGEAN. an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad. CLÁR FEISE ÍBH RÁTHAIGH. Tionólfar i gCathair Saidhbhín, Dé Sathairn, an 29adh de Mheithiomh, 1918. (ar leanamhaint). 9. Dealg Teamhrach do'n chailín scoile is feárr adéarfaidh sean-abhrán Gaeluinne. Coróinn do'n chailín tánaiste. 10. Dsna. 6/- & 4/- do gharsúnaibh scoile ar an rud céadna. 11. Giní do'n bhuidhin scoile is feárr chun abhránuidheachta in éinfheacht. Gan níos mó ná dáréag in aon bhuidhin. 12. 16/- do'n cheathrar .i. beirt bhuachaillí is beirt chailíní, is feárr a rinncfidh ríl (nó port) ceathrair. 13. Corn airgid ach é bhuadhachtaint trí h-uaire ag Feis Íbh Ráthaigh do'n rinnctheoir fé bhun 25 bliadhna is feárr sa bharúntacht. 14. Tarrac na téide. 16/- do'n ochtar garsún scoile is treise. Gan éinne acu a bheith thar 15 bl. d'aois. 15. Uaireadóir do'n gharsún scoile fé bhun 15 bl. is feárr chun léimt reatha. 16. Uaireadóir do'n gharsún fé bhun 15 is fearr chun léimt áird. 17. Dealg Teamhrach do'n chailín scoile is feárr chun léimt luasgaig tré théid. COINGHÍLL. Ní fuláir do gach duine go dteasduigheann uaidh dul ag iomaidheacht a ainm chur isteach chun Rúnaidhe na Feise, Cathair Saidhbhín, roimré. Ní bhronnfar aon duais i gcomór- tas ná beidh triúr ar a laighead astig air ná aon tarna duais mara mbíonn cúigear san iomaidheacht. Scríobhtar i dtaobh cúrsaí na Feise seo go dtí Muiris Ó Cléirigh, Connradh na Gaedhilge, Cathair Saidhbhín. WITH THE IRISH IN FRONGOCH (le J. Brennan Whitmore, ar 2/6 ó Chló- lucht Talbóid, in Áth Cliath). Tá árd- sodar i ndiaigh Sheáin Mistéil 'á dhéanamh an aimsir seo i dtaobh irisleabhar príosún. Sid é thuas an tríomha ceann d'ár cuireadh fé chló le bliain. Níl aon bhreith ag aon scríobhnóir aca ar Sheán mhaith Mistéil, ní gádh a rádh. Cur síor mar a dhéanfadh fear tuairisce do pháipear nódhachta is eadh é sin thuas. Níl aon ní ann ach an ní a bhainean le saoghal na sárfhear a bhí i ngéibhionn ar son Chaitlín. Mar sin is fearr é, bfhéidir. D'fhulaingighdar súd a lán, gan aon agó agus níor chúb duine ar bith aca roim cos-ar-bolg 'ná lámh láidir. Níl aon ró locht ar an leabhar, muran locht é breis mion-eolais bheith ann. Ba mhaith linn, ámh, dá luadhtí ainm an ógánaigh go raibh an Ghearmánais aige, agus ainm an tsáirfhir ó Chairbre a chuireadh eolas amach chun an tsaoghail mhóir, in aindeoin díchil Gall. Áis mhór go deo do sna príosúnaigh ab eadh an Ghaedhilg. S. T. CEIST. Cad é an focal is sia 'sa Ghaeluinn? Tabharfaimíd duais do'n duine gheibheann amach dúinn é roim an chéad lá de'n mhí seo chughainn. MAC CUILINN, 35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/- go 10/6. RÁSÚR “COSANTA” ná gearsan an croiceann — 1/- go 21/-; gheobhair ceann aca san & trí lanna “Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3, tríd a' bpost. CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar 7d. tríd a' bpost. MAC CUILINN, 35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge do mhúineadh: “Scéalta don Aos Óg,” 2d. “Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d. “Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” — iad go daithte is go hoireamhnach ar gach chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6 Gaedhil a bhfuil Trácht ortha: Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach, Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh Colmcille, Wolf Tone, Naomh Bréandán, An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach garm — £3 an beart. Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar — “Saints and Sinners (Dr. Hyde), “Humours of Irish Life (C. L. Graves, M.A.), “Irish Orators and Oratory” (Prof. Kettle), “Irish Poetry” (A. P. Graves, M.A.), “Selections from Thomas Davis” (T. W. Rolleston, M. A.). “Songs of Myself and Lyrics” (Thomas Mac Donagh), 4/6. Poetical Works of Joseph M. Plunkett, 3/6. Cuir cárta ag triall orainn ar lorg leabhráin eolais: “The Educational Co. of Ireland,” 89 Sráid Talbóid, Áth Cliath. CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM! MARGAIRÍN “LEANDAR” Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA Agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Má léighir Béarla, LÉIGH LEABHAIR MHAITHE. “Poets and Poetry of Munster,” by James Clar- ence Mangan; 3/- agus postas 4d. Tá Béarla is Gaedhilg ann. “Knocknagow,” by C. J. Kickham; 4/- agus postas 5d. “In Dark and Evil Days,” by F. Sheehy-Skeffing- ton; 3/6 agus postas 5d. “The Red Spy,” by D. M. Lenihan; scéal ar cogadh Gaedhal ar son tailimh is treabhachais é sin; 3/6 agus postas 5d. “Convict No. 25,” by James Murphy; scéal ar ruagairt Ghaedhal ó thalamh na Midhe; 3/6 & postas 5d. Scríobh ar lorg liosta agus tuille eolais. SÉAMUS Ó DUBHTHAIGH & A CHUA., Sráid Westmoreland a' 38, ÁTH CLIATH. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services