Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feabhra, 1918

Title
Feabhra, 1918
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1918
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. a 23. FEABHRA, 1918. Trí Leith-Phinge a Fhiacha.



AN T-IONGANTAS.



'Seadh, is cóir dom brigh a thabhairt
leis a' bhfocal ‘iongantas’ shar a labharad
annso síos mar gheall air. Ní féidir
iongantas a ghlaodhach ar aon rud atá
feicithe cheana agat nó cloiste, is ionann
san is ná feaca-sa agus nár chuala riamh
an rud go bhfuilim le tagairt do.



Lá go déanach d'fhág cuid mhaith de
mhuinntir an Oileáin seo gurb' ainm do
an Blascaod an baile chuin Daingin Uí
Chúis ag soláthar bídh. Nuair a bhí súil a
bhaile leo ní rabhadar ag teacht. Chuaidh
bád go Dún-Chaoin is ní raibh aon phiuc ann
díobh. Bhí dul trí chéile ar a muintir
annsan & do chuireadar fear & capall
go dtí an Daingean ar a dtuairisg.
Ní rabhadar sa Daingean; ach do thug
an fear a gcúnntas leis, go rabhadar
imthighthe go Tráighlí ag lorg bídh mar
go raibh an Daingean rithte gearra ar
phlúr.



Is maith an cháil a thug na hOileánaigh
ar bhaile Thráighlí. Do fuaireadar uatha
gach a raibh a' teasdabháil uatha. Pé
pusaoil a bhí ar a muintir nuair a
bhíodar ar iarraidh d'imthigh sé dhíobh
nuair a thánadar a bhaile agus rud
aca chúcha. Is feárr súil le glas ná
súil le h-uaigh.



PAIDIR.



Fonn: “Is minic síos me cois na taoide.”



Nuair a chualaidh fear ansa Bhlascaod go mb'éigean
do mhuintir an Oileán dul go malairt cathrach a
soláthar bídh dhein sé amach go raibh tosnú an ghorta
a' druidim le h-Éirinn. Seo mar dubhairt sé:



I.



A Athair-Mhic, a dhealbhuigh
Gach tír is áit,
Táimíd atuirseach, gan fagháil ar bheatha
'gainn,
Ar dhruim Oileáin;
Tá na ceannuighthe a' dul chun lagaireacht
Is do mheath a dtrácht
Ag an saighead malluighthe atá insa bhfairge
Go bhfuil na luing dá mbáth'.



II.



A Dhia ghléigil, go gcuirir staonadh
Leis a gcoímheascar áir,
Ó ná géillim-se a n-ao' chor
Ná gur Chughat-sa tá,
An chine daonna dá n-éirleach
Gan sgíth, gan spás,
Is a súil féin a n-aghaidh an lae Leat,
Chun do chomaraighe dh'fhagháil.



III.



Tá ár n-oileán féinidh a' baint le h-Éirinn,
An tír mhín ghrádhach,
Sé an Blascaod é, agus géillid
Dod' dhlighe gach lá —
Gach n-aon ann do fhéinidh
Gan aon bhaint le cách
Is led' tsaor-thoil go bhféachair-se
Chughainn i dtráth.



Is mó guidhe a cuireadh suas ó bhuail
an cogadh ach cá bhfios le Dia nach le
linn na rann so a thiocfadh an mhaith,
mar nach deireannach í an mhaith a theacht
aon uair.



Tomás Ó Criomhthain,
An Blascaod Mór
(“an fear thiar go léir.”)



“INGHEAN MHANANNÁIN.”



Laoi a bhaineas le n-ár n-aimsir féin.
Liam P. Ó Riain, cct. Uilliam Tempest, Clódóir.
Réal.



Is dána an duine Liam P. Ó Riain.
Ó litriú na bhfocal nGaedhilge go dtí
corruighe diamhair na meanman — ba mhaith
leis cur isteach ortha. Tá litriú dá chuid
féin aige ar an nGaedhilg; agus tá
tuairimí nach gnáthach aige i dtaobh cúrsaí
spriodáltachta & aigneanta an duine.
Níl sa litriú ach rud beag gan tábhacht
i gcomórtas leis na ceisteanna eile
atá sa laoi seo. Sé teagasc an laoi,
nó an fhile cheap é, go bhfuil “Rígheacht
Neimhe 'nár measc” .i. go bhfuil uais-
leacht, laochas, fíor-thuiscint agus domhan
spiorádalta i gcroidhe agus i gcumas
gach duine againn, ach foraoir! gur i
gan fhios dár bhfurmhór atá siad ionainn
— ná tugaimíd de ghnáth aon toradh ortha
ach go ngabhaimíd bóthar na saoghaltachta
& na gnáthaidheachta; agus go bhfuilimíd
chomh mór san scartha le fíor-uaisleacht,
le fíor-laochas, le sás-shaothar spriodálta
go dtug na spridí móra fuath dhúinn
ionnus ná tagaid feasta chun ath-bheirthe
ar an saoghal so toisc ná faghaidís árus
criaidh ionainn-ne ba mhaise dá dtréithe
sár-uaisle. Níl an fhíor-spriodáltacht
san, badh chóir do'n uaisleacht, ins na
gnóthaí atá ar siubhal i nÉirinn ins na
h-aimsearaibh seo — i ngnó na Gaedhilge,
i ngnó na nÓglach, i ngnó na ndaoine atá
ag saothar do Chaitlín Ní Uallacháin. Is
leis an saoghaltacht gnáith na rudaí sin.
Ní de chéimeannaibh uachtair na spride
iad. Tá cuid de'n dá thuiscint ins na
líntí seo sa laoi —



“A Mhic Uí Phlámáis,” do ráidh na
Craoibhín,
“Is tusa tá scúidhte chuig cúmhacht
is saoidheacht.
Nach cóir a bheith sásta le lághacht is
cráibheacht,
Nádúracht is féile na nGaedheal go
bráthach?
Tá fáth is ciall le gach ní san
gcruinne,
Le píopa tobac chomh maith le Sirius.
Ar slígh tá sluasad chomh h-úntach le
cláirsí,
Agus níl sa bhfáidh ach dreatháir an
sclábhaidhe.
Is geal liom Plâtón is Kant is Hégel
Ach tá iomdha feallsamh imeasc tinnc-
éirí.
Do rudaí umhla is dual dúinn dílse,
'S is féidir bheith maordha fá bhóithríní.”



Dubhairt Colm: “Is féidir gan bhréig,
a Chraoibhín,
Ach níl san méid sin ach taobh de'n
fhíre.
Ní 'sna bóithríní a bhíos an mhórdhacht,
Agus níl le fagháil san áit is glór-
mhaire,
Ach 'nár sprioda féin, 'nár méinn
'nár léargus
(Agus ionnta súd tá iolchumhacht níos
maordha) …



Is iomdha ceist éirigheas i n-aigne duine
agus an laoi seo dá léigheamh aige ach
sí an cheist is mó dhíobh ná cad é i
n-ao' chor an méid suime nó cúraim, do
réir teagaisc an fhile, ba cheart do'n
duine chur san rud san go dtugtar “An
Saoghal” air. Tá síor-throid idir “an
saoghal” agus an meon chun uaisleachta
agus chun laochais agus chun aoibhneasa
spriodálta atá istigh 'nár n-anam. Is
dócha go raibh “an saoghal” ag cur an
aoibhneasa san amú ar Eoin Bhaiste féin
nuair a thug sé an fásach uaigneach air
féin. An féidir d'ár n-anam aoibhneas
Neimhe d'aithint an fhaid a bhíonn ár
n-anam i gcorp criaidh?



Tá réabadh roilge déanta ag Liam
P. Ó R. ar rialacha na filidheachta Gaedh-
ilge & ciall nach gnáth aige i bhfoclaibh
seach is mar a bhainid na daoine brigh
asta. Aon duine ar mhaith leis é sin a
dheimhniú faghadh sé an leabhar & léigheadh
sé do shean-Ghaedhilgeóir an laoi seo.
Déarfaidh an sean-Ghaedhilgeóir bréithre
searbha droch-mheasa. Cuirfidh an sean-
duine an mileán go léir ar an nGaedhilg
atá ann. Ní bheidh an ceart ar fad aige.
Ní h-í an Ghaedhilg is mó ná tuigfidh sé
— ach na smaointe nua.



An Seabhac.



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


COIS FARRAIGE THIAR
atá an
COLÁISTE ATLANTIC.



Múintear Sranngscéaluidheacht &
Scéaluidheacht-gan-Srainng ann do
ógánaigh atá idir a 16 agus a 24.



Gheobhair gach eólas ó'n Árd Oide —



MUIRIS MAC GEARAILT,
CATHAIR SAIBHÍN, I gCIARRAIDHE.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



TÉIG FÉ DHÉIN
“AN EMPÓRIUM”
ar lorg Earraí Gaedhlacha —



BÓNAÍ, CARABHATAÍ,
LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ
AGUS LÍNÉADACH.



M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE.



ARÁN HOSFORD.



NÁ h-ITH A MHALAIRT!



Sa 62 tigh sa Mheádhon-tSráid Thuaidh,
i gCORCAIGH, a deintar.



DATHÁN
den uile saghas,
idir
SHNASDATH,
SLÁNDATH, agus
PÉINT,
(“Varnishes, Distemper, and Paint.”)



TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH.



Gheobhair in aon tsiopa, nó mura
bhfaighir, scríobh chun



MHUINNTIR ÁRACHTÁIN,
Muilionn “Seandúna,” i gCORCAIGH.



SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH.



“An Seabhac” do bhailigh.



73 — Marbhú na Sasanach ort.



74 — Sceimhle chughat.



75 — Go ndeine 'n diabhal dréimire de
chnámh do dhroma.



76 — Chugham choidhchinn aniar thu.



Adeirtear le duine ná bhíonn fáilte roimh an
ngnó a thug é.



77 — Seasamh fada chughat ar chosa laga
[i ndoras tighe gan aon truaigh-
mhéil].



78 — Do dhíth is do dhothairne ort.



Le drochrud a bheadh ar do thí adéarfá san.



Dothairne .i. doghrainn = donas.



79 — Do bhárthan ort féin.



.i. An céadna.



80 — Doigh ionnat.



Doigh .i. greim tinnis.



81 — Go mbrise 'n diabhal do dhá chois.



82 — Súile dearga chun an té gheobhadh
locht ort.



83 — Cloch ar do charn.



Ní cuirtear cloch ar charn duine go mbíonn marbh!



84 — B'fhearr liom tu marbh ná bairrle
eornan.



85 — Madaruadh ar do dhubhán.



Mallacht a tugtar d'iascaire chun ná marbhuigh-
eadh sé aon iasc.



86 — Go n-ithe 'n cat thu is go n-ithe 'n
diabhal an cat.



87 — Is buan iad clann na míoghrást.



88 — Bíonn uair na h-athchuinghe ann.



.i. Uair agus má iarrtar athchuinghe le na linn
gheibhtear í pé olc. maith í.



89 — Maisle ort.



Maisle = ? masla



90 — Dearg steaimpí chughat.



.i. Steaimpí dóighte. Arán a deintear de
phrátaí iseadh “steaimpí.”



91 — Sceimeadh is sceimhle chughat.



92 — Cosa gloine fúibh is iad go briste
fúibh.



Le cearcaibh adeirtear san. Féach leat uimh. 64.



“A nDUBHAIRT SIÚD.”



Tá roinnt sean-fhocal sa Ghaedhilg i
bhfuirm cainnteanna a cuirtear i mbéal-
aibh daoine, nó neithe eile seachas daoine.
Dá scartaí an rud adubharthas agus ainm
an té nó an ruda adubhairt é ní fhágfadh
san aon bhrigh sa chainnt. Is amhlaidh a
léirigheann ceann aca an ceann eile;
agus eatartha araon cuirid siad pictiúir
os comhair aigne duine ba dheacair a shárú
ar shoiléire is ar bhrigh.



1 — Arsa Cailleach Bhéara le Cailligh
Mhuigheo: “An té bhíonn go maith
dhuit bí go maith dhó.



2 — Adeireadh an Súisín Triopallach:
“Bíodh rud agat féin nó bí 'á
uireasbha.”



3 — “Tobac!” arsan madaruadh is é
Tráighmór soir.



Nuair a bhíonn duine nó rud ag imtheacht le
fuinneamh adeirtear é sin.



4 — “Ag réidhteach chuige,” mar adubh-
airt Tadhg na Spréach leis an
bhfiacail.



An fhiacail mí-cheart a bhí tairrigthe aige, tré
dhearmhad, ach sin mar shocruigh sé an scéal!



5 — “Chonnac cheana thu,” mar adubh-
airt an cat leis an mbainne
beirbhighthe.



Is mó ocáid go n-abrochthaí é sin.



6 — “Fill orm,” adeir an droch-ghnó.



7 — “Fan socair,” arsan ghaoth.



Agus í féin ag séideadh an ruda ar a dícheall.



8 — “Go n-éirghe leat go geal,” mar
adubhairt an sweep le n-a mhac.



9 — “Iad araon,” arsan banbh maith.



Nuair a fiafrochthaí de dhuine ciaca saghas bídh
ab' fhearr leis déarfadh sé mar sin, b'fhéidir.



10 — “Ariú! nach é an fear é an báir-
neach,” mar adubhairt an mada-
ruadh.



Madaruadh a chuaidh ar an dtráigh lá. Chonnaic
sé sliogán an bháirnigh éirighthe de'n chloich leis an
ngréin. Chuir sé a theanga fé chun é bhaint de'n
chloich chun é d'ithe ach d'fháisc an báirneach anuas ar
an dteangain agus do choinnibh sé an madaruadh ann
gur éirigh an taoide agus gur báthadh é. Deirtear
mar sin anois nuair a bhíonn comhacht díoghbhálach ag
duine beag suarach. Deirtear mar so leis:



(Tuille le teacht).



LUIBH-EOLAS.



Tá áilneacht ar gach taobh dínn fan gacha bóthair.
Má bhíon an radharc ceart againn chífeam áilneacht
ins gach tor is ar fuaid gacha páirce.



An Feochadán.



Aithnighean gach aonne
an Feochadán ar a
dheilgní géara. Tá a
lán saghas de ann ach is é an Feochadán
Fiadh (Cnicus lanceolatus) an ceann is
breaghtha dhíobh. Gas cruaidh díreach a
bhíon air sin agus mar a bheadh mion
sciatháin, nó cluasa, fan an ghais ó bhonn
go bathas. Tá an gas féin go clúmhach.
Dath den ghealchorcuire a bhíon ar an
mbláth. Ní baoghal go mbeidh na leanbhaí
ag stathadh bláth an Fheochadáin sin. Cos-
aint rí mhaith ar lucht fuadaigh is eadh
na deilgní cruadha geura. Bláth breágh
ríoga is eadh é & is é a thoibh (thoghaibh)
na h-Albanaigh mar chraobh náisiúnta.
Tá Feochadán eile ann (Cnicus Arvensis)
agus d'aithneóthá ar bholath an bhlátha go
bhfuil mór chuid meala ann. Bíon ana-
chaidhreamh ag na cuileóga leis — “Mo
ghrádh thu, 'rud agat.” Tá an Feóchadán
Mín (Carduus Nutans) in a lus ana-
ghlic. Aon bhláth amháin a bhíon ar bhárr
gacha gais agus ar eagla go mbeadh na
cuileóga is na beacha ar lorg na meala
sara mbíon lá an mhargaidh ann, cuirean
sé snátha tímpal an bhlátha. Ceapaid na
cuileóga gur nead dubhánalla é agus
seachnuighid ar a n-anam é!



D'íosaidís na beithidhig an feochadán
go sásta mara mbeadh na spíní. Ní
bheadh feochadán le feicsint mura mbeadh
an éide bhréagh catha a cheap sé dho féin.
Níl aon bheann ag an asal ar dheilgní



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 3


an fheóchadáin, ámh. Teanga mhaide atá
aige sin, is dócha.



Imthighean síol an fheóchadán le gaoith
amhail a dheinean síol an Chaisearbháin.
Tá cóir mhaith aige chun eitilte. ‘Feoth-
anán’ a labhartar i gConnachtaibh.



Cupóg.



Gas láidir righin a bhíon ar
an gCupóig Sráide (Rumex
obtusifolius) agus bláth glas
gan chrot a bhíon uirthe. Bíd na bileoga
go bog leathan, agus do deintí úsáid
díobh, tráth, chun im do chimeád fionn-
fhuar. Iad do leathadh ar an im nuair a
bheadh sé meadhta in a phúntaibh. Páipéar
a bhíon ann anois in inead na mbileóg
san. Comhairle an ‘Department’ é sin,
is dócha.



Nuair a thagan feocha ar an gCupóig,
eirighean sí crón & cróine ar áilneacht
is eadh í. “Iarball mada ruaidh” a tug-
tar ar an bplannda ansan. Pé fód go
lonnuighean an Chupóg ann, fágfaidh sí
go bocht é. Téid na préamhacha ana-
fhada síos agus saothar thar bárr is eadh
an Chupóg do ruagairt as an ngarraidhe.
De chine cheart na troda is eadh í agus
caithfar buachtain go glan is go h-iomlán
uirthe sara n-eugan sí. Ó bheith ag fás
sa' chlós nó “ar sráid” an tighe a tugadh
Cupóg Sráide uirthe. “Basa sráide”
adeirid muinntir Bhaile Mhacóda.



An Neanntóg.



Gas caol lag a bhíon ar
an Neanntóig (Urtica
dioica). É cearnógach
agus guairí air. Bíd na bileóga garbh
agus iad lán de ríbí. Má leagair do
lámh ar an Neanntóig go deas réidh
déanfair léimt, mar cuirfidh sí nimh ionat,
ach má dheinir crotha maith lámh, crotha
lámh an fhir tuaithe, léi, ní baoghal duit.
Blátha glasa gan aon ró-chrot ortha a
bhíon uirthe.



Bhí árd-mheas ar an Neanntóig ag
seandaoine mar bhiadh a ghlanfadh an
fhuil san earrach. Na bileóga óga do
bheirbhiú & beagán ime bheith mar ann-
lan leó, bfhearr le seandaoine iad san
ná aon chabáiste. “Má ithir trí bhéile
neanntóg sa Bhealtaine, ní baoghal duit
poc tinnis, an bhliain sin.” Daoine a
mbíon dathacha ortha, is minic a dheinid
an cromán nó an ghuala a bhíon tinn
do bhualadh le beart neanntóg, mar
deirean comharsa éigin leó gur leigheas
é sin. Is eadh, leis, ar feadh gearrath-
amaill, ach níor airigheas riamh gur thriail
aonne an tarna h-uair é!



Nuair a bhíon tigh comhnaithe nó aon
áras ag dul chun raga, an feur & an
neanntóg a roinean an t-úrlár eadartha.
Trácht Seán Ó Coileáin, file, air sin &
é ag caoine Thighe Mhólaga:



“Neanntóg ruadh ad' úrlár úr
Is crónán na n-eas ad' chlúid!”



Lonnuighean — cuirean chun comhnaithe.



Dathacha — scoilteacha, nó rimitighe.



Chun raga — chun olcais.



Seán Tóibín.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



AMHRÁN NA STAIGÍNÍ.



Fonn: “Raghadsa is Cittí Bhálcaeracht.”



Nár sheasgair bhí ár gcaraid in Éirinn
Sar a dtáinig an Béarla chughainn,
Bhí 'gainn sagairt is easbuig is naomhaibh,
Is ba Ghaedhlach a dtréithe siúd;
Na capaill ní thuigfeadh ach Gaeluinn
Ar fuaid Éireann go léir, dar liúm,
Is dá labharfá le ceann acu i mBéarla
Do bheadh stailc in a thaobh ann súd.



Mo chreach gheur fhada is mo léar-ghoin
Dá gcloisfeadh sí Béarla-an mhiúil,
Sí a raidfeadh go haibig san aer duit
Is raghadh míle de phléisg i ndia' a cúil
An t-asailín beannuighthe féinig
Do raghadh sé de léim 'n díg
Agus raidfeadh is chromfadh in éinfheacht
D'fhonn go raghadh fear an Bhéarla 'n
draoib.



Na ba bochta soineanta féinig
Is i nGaeluinn a néidhtí a gcrúdh,
Is dá gcloisidís focal de'n Bhéarla
Ní dhéanfaidís braon a thabhairt;
Lá 's mé 'crúdh na bó báine mé féinig
'Chionn ‘set up’ a rádh léi ar dtúis
Do thug sí speach ins sa phlaosg dom
Chomáin a raibh d'fhiaclaibh am' béal chun
siubhail.



Ní raibh ag ár sinnsear ar fad ach amháin
Gaeluinn
Is ba mhilis a ráidhte siúd
Na coilig do ghlaoidís i nGaeluinn
Is ba dheas leat go léir í a liúgh;
Na cait ar an luich nuair a léimeadh
Is i nGaeluinn a néidhtí í bhrúghadh
Is ní bhlaisfidís braon bainne a n-ao'chor,
Go ndéarfá as Gaeluinn ‘mí-iú.’



Ach tá staigíní anois ar fuaid Éirinn
Is ní maith iad a dtréithe siúd,
Ní bheannóghaidís le Dia is Muire a n-ao'chor
Ach “good moddy” nó “how de dew,”
Dá gcloisidís focal de'n nGaeluinn
D'fháisgfeadh a mbeul 's a súil,
Agus déarfaidís “dat mush be banish
compatey
Or de counthy 'll be 'aily 'uined.”



Ach b'fhéidir le congnamh an Éin-Mhic
Go mbeadh againn fós Home Rule
Annsan chaithfeadh na staigíní staonadh
Is beannachadh i nGaeluinn dúinn;
Chun sgoil Gaeluinn' do curfí de phléisg iad
Agus 'siad do raghadh ann go ciúin,
Is nuair chífí i bhfochair na leanbh ag léigheamh
iad
Ná déarfadh Éire go léir ‘hurú!’



Ach na staigíní, deirimse féin leo
Go gcaithfe siad claonadh dhúinn,
Agus Beurla Shasana thréigean
Nó dul a' triall ortha féin anonn;
Ní bhfuighid siad cead reatha ná léim uainn,
Ní bhfuighid siad cead sodair ná siubhail,
Is ní bheannóghaimíd dóibh ar an aonach
Go mbeidh acu Gaeluinn dúinn.



Do scríobhadh so ó bhéal-aithris Thaidhg Uí Chonchubhair,
Lios Póil, Ciarraighe. Deir sé gur fhoghlumaigh sé óna
úncal é timchioll deich mbliadhna is dachad ó shin.



Finghin na Leamhna.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,



Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla,
le fághail uainn-ne.



Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilg go fionnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH.



SRÁID ÍOC. BHAGÓID, a 50,
BAILE-ÁTHA-CLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”



An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



A Ghaedheala! Ceannuighidh



“ÉADACH na DRUIPSIGHE”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.)
Co. Chorcaighe.



ROSC CATHA GAEDHEAL.



THE SOLDIERS SONG. — É in a cheart idir
cheól is abhrán, agus oireamhnach don
phianó. É i nGaedhilg, chomh maith. 1/1
an chóib, per post.



WHACK FOL THE DIDDLE. — Abhrán grinn
i mBeurla. An file ceadna a dhein.
É oireamhnach do cheól an phianó. 1/1 a'
chóib.



Geobhaidh lucht siopa níos saoire 'ná súd iad.



Ó FAOLÁIN & A MHAC,
In Uachtar Cé Urmhumhan a 17, ÁTH CLIATH.



CARABHATAÍ de'n PHOIPLÍN



AR GACH DATH is
AR GACH GNÉ DATHA.



LIAM Ó hAIMHEIRGÍN,
(‘W. Bergin’)
a dheinean do lucht siopaithe.



Scriobh ag triall air go



62 SRÁID GHRAFTON,
in ÁTH CLIATH.



NÍ DEINTEAR AON PHÍOPAÍ
EILE IN ÉIRINN ACH
PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR
AGUS IS FADA FARSAING
ATÁ A GCÁIL.



Le ceannach i ngach siopa tobac.



Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —



CAPP & MAC PEADAIR Teo.
FAICHE SHAIN STIABHNA,
ÁTH CLIATH.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.


L. 4


CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA
ó
LÚCÁS DE BÚRCA.



LÉINTE
FO-LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
CARABHATAÍ
de DHÉANTÚS
GAEDHAL



Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:



SRÁID PÁDRAIG N. A 105,
CORCAIGH.



(‘LUKE BURKE’)



Sinn-ne a dhein



SNAOIS CHORCAIGHE



ar dtúis agus atá 'á déanamh
i gcómhnaidhe.



TOBAC CÚMHRA
an dá shórt so —



“Exhibition Roll” agus
Shandon Plug.



Má theastuighaen uait aon tobac nó
saigréidí do chur chun aonne atá sa
chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó
cháin, ach leath phúnt, ar a luighead,
bheith sa' bheairtín idir thobac
is saigréidí.



LAMBKIN BROS.,
9 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



Gheobhair deaghmhargadh
uaim-se i gcomhnaidhe.



TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
fad-sa an postas ar cheithre púint de.



PLÚR Gaedhlach.



MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min
bhuidhe.



SIÚICRE agus gach rud eile ar fheabhas.



SEÁN MAC CURTÁIN,
SRÁID A' tSEANDÚNA, CORCAIGH.



Tá agam-sa



CULAITHE ÉADAIG do GHARSÚNAIBH.



CAIPÍNÍ & HATAÍ den uile shaghas.



Earraí Gaedhlacha.



MÍCHEÁL Ó NUALÁIN,
(‘M. J. NOLAN)



An Mheádhon-tSráid Thuaidh agus
Sráid an Chaisleáin,
CORCAIGH.



AN LÓCHRANN.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh an Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair.



Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, agus c. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.



Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
&c., do chur.



Na Díoltóirí.



Ó Cuill agus a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh



Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



“AN LÓCHRANN.”



Is cruaidh an saoghal é seo ar pháipéirí.
Tá daoireacht an pháipéir agus costasaighe
na clódóireachta ag teacht go dian na
gcoinnibh. Ní dheaghaidh “An Lóchrann”
saor ach chomh beag le h-aon pháipéar
eile. Tá 150% breise costais anois ar
an bpáipéirín seo thar mar bhí air nuair
a thosnuigheamair dhá bhliain ó shin. Tá
leisce orainn bheith ag innsint ár ngear-
ánta do sna léightheóirí ach gur mhaith linn
a chur i n-iúl dóibh nach le dúil san
airgead atáimíd ag éileamh 1½d. ar an
bpáipéar so feasta. Leis na 1½d. féin
beimíd ag cailleamhaint timcheall £3 sa
mhí ar “An Lóchrann.” Ní fada fhéadfam
seasamh leis an gcailleamhaint sin mara
dtagaidh lucht airgid i gcabhair orainn
gan mhoill agus na sparánta d'oscailt.
Mara dtagaidh an chabhair sin orainn gan
mhoill mhór ní bheidh le déanamh againn
ach “An Lóchrann” a laigheadú agus gan
a chur amach ach ceithre leathnacha dhe gach
mí. Ba mhór an dochar agus an mí-
shlachtmhaire é sin — tá an páipéar so beag
a dhóthain cheana féin.



Táimíd féin & an clódóir ag déanamh
ar ndíchill chun cuma slachtmhar a bheith
ar “An Lóchrann.” Ní fios ámhthach cá
fhaid a féadfar leanamhaint de, óir is
clos dúinn go bhfuiltear taréis Muilinn
Pháipéar Bhéal Átha Cláir a dhúnadh ceal
adhbhair déanta páipéir. B'fhéidir, dá
bhrígh sin, go mbeidh orainn “An Lóchrann”
a chlódh ar pháipéar ghallda sara fada.



CONCHUBHAR CÁSMHAR.



Aithinnsint é seo ar an sgéal durab teideal
“Histoire du Bonhomme Maugréant” sa bhFrainn-
cis. Tá sgéalta de'n chineál chéadna sa Ghaedhilg
againn, agus ní le feabhas an sgéil seo atáim ag á
chur chughat, ach d'fhonn go mbeadh tuairim ag do
leightheoiríbh, agus go mórmhór ag do lucht sgríobhtha,
cad é an saghas innste tugadh air sa bhFrainncis.
Soith liom gan ainm an úghdair agam.



Feargus Finnbhéil.



Bhí san ann uair, fear tuaithe go
raibh lán an bhaile bháin de chlainn
aige. Conchubhar Cásmhar a tugtí air,
agus bhí a dhóthain d'ainm air, mar ní
théidheadh stad air ach ag cáiseamh, agus
ag cannrán ar an uile shaghas ní. Ba
mhinicí i dtigh an tábhairne ná i dtigh
an phobail é; má seadh is d'iarraidh a
bhuartha chur de bhíodh sé, dá ráidhtibh
féin. Lá dá dtug sé sgathamh mór
aimsire sa tábhairne, & nár bh'fhonn le
n-a bhuarthaibh sgaramhaint leis, tháinig
néal ann go dtug sé buille dá bhais
insan éadan air féin, agus ar seisean:



“Is fearr do raghadh sé chun mo thairbhe
dul i leith Dé na glóire ná bheith im'
shuidhe annso. Rachad fá n-a dhéin go
mbeidh fhios agam cad uime an rath ar
dhaoinibh eile i gcomhnuidhe, & an míorath
ormsa.”



D'eirigh sé ar an bpreib agus do
ghluais roimhe, ar thuairisg an bhóthair chun
na bhFlaitheas. Bhí sé ag imtheacht agus
ag cuardach roimhe, ag casadh agus ag
athchasadh, agus thairis sin ní aithristear
a sgéala nó go ráinig na Flaithis, le
neart saothair agus siubhlóide, agus gur
bhuail ar an ndorus: Cnag! Cnag!



“Cia tá annsan?” arsa Peadar.



“Mise, a naoimh cheannsa, Conchubhar
bocht Cásmhar tá fhios agat, go bhfuil
lán an bhaile bháin de chlainn agam.”



“Agus cad tá uait?”



“Tá, go bhfiafrochainn de Dhia na
glóire cad uime an rath ar dhaoinibh
eile de ghnáth, agus an míorath ormsa,”
Tá an Tiarna 'na gháirdín fá láthair,
& ní h-áil leis an ceistiúchán. Tabhair
do bhóthar ort.”



“Féach, a Pheadair mhóir mhaith …
duine mór-mhuirir me … Dá mba
thoil leatsa é, thusa dheineann na míor-
úiltí …”



“Seadh arís … fan ámhthach. Ó!
is mar sin atá agat, a dhuine bhoicht,
féachfad an mbeadh aon nídh oireamhnach
agam duit.”



Do dhruid Peadar an dorus, ach
d'osgail arís gan ró mhoill.



“Seo,” ar seisean. “Sin cléibhín agat,
agus déanfaidh sé míorúiltí dhuit. Aon
uair is maith leat úsáid do dhéanamh de
níl agat ach a rádh mar seo leis, ‘A
chléibhín, a chléibhín, imir do cheárd,’ agus
chífir cad é an brígh tá ann. Agus an
túisge bheir sásta dhe ná dearmhaid a
rádh mar seo:



‘Leor, leor. Sin dóthain an lae seo.’
Hé 'leith … focal amháin eile. Ní
gádh duit bheith ghá theasbáint sin do'n
tsaoghal; ná innsint gur uaimse fuairis
é. Tuigeann tú!”



Is amhlaidh bhí Conchubhar d'iarraidh a
dhéanamh amach cia acu ag magadh nó
dáiríribh do bhítheas leis, agus níor dhein
sé ach crothadh bhaint as a chluasaibh, agus
an cléibhín do ghlacadh, gan cuimhneamh
ar a bhuidheachas do ghabháil thar a cheann.
Dob é b'fhada leis go bhfuair sé é féin
san uaigneas, chun triail do bhaint as
an mbriocht do múineadh do. Ní túisge
chan sé na focail ná siúd an cléibhín ag
crónán & ag fiuchadh, agus ag caitheamh
builíní aráin & bhricíní éisg thar a bhéal
amach. Bhíodar ag teacht, 'na mbuinibh
agus 'na sruthaibh, gach saghas aráin agus



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 5


gach saghas éisg, dá leathadh ar fuaid
an bháin, gur sgannraigh Conchubhar bocht,
& ná feadair cos leis cad do dhéanfadh
lámh leis, nó gur thug sé chun a chuimhne
fá dheoidh na focail a bhí le rádh aige:
“Leor, leor. Sin dóthain an lae seo!”
Agus do stad an sruth.



Ba ghearr go raibh sé 'na shuidhe ar
charraig, ag ithe uaidh, agus gan de chás
air ach cionnus an díth do sheachaint;
bulóga bána agus ceapairí ruadha aige,
agus briosgaí misle; gach cineál éisg
dá gcomhnuidheann i muir nó i gcaol
tsruth, ó'n snáithidín go dtí an mbradán
feárna, & iad uile ag snámh 'na gcuid
anbhuirthe annsúd i n-a fhiadhnuise.



Ba ghoile ba bheag do'n duine croidhe,
agus bhí sé ag déanamh a dhíthill ortha.
Ar ball, ámhthach, bhí an ceann dá throsáil
aige, agus é ag cáiseamh & ag cann-
rán fá na fhiaclaibh. Easnamh éigin air.
“Fuighealach le n-ithe agus gan diúir le
n-ól.” Thóg sé a cheann ag rádh na
bhfocal san do. Cá mbeadh sé an uair
sin ach ar aghaidh duiris an tábhairne
amach, agus do ghaibh sé isteach, lom
díreach. “Tómhas de'n fhíon is fearr
istigh, agus dhá ghloine,” ar seisean, agus
do luigh sé súil ar fhear an tighe, ba
mhinic 'na chuibhreann. “Agus má's maith
leat béile maith éisg, tá dóthain meith-
ealach annso dhe. Ach aon nídh amháin!
Gach a bhfuil le feiscint agat ní gádh
dhuit bheith ghá innsint do'n phobal.
Tuigeann tú!



A chléibhín, a chléibhín, imir do cheárd!”
Siúd arís an cléibhín ag crónán, agus
ag fiuchadh, agus annsan ag caitheamh
builíní aráin & bricíní éisg amach ar
an mbórd, anuas ar na cathaoirachaibh,
& ar fuaid an úrláir, amach go béal
an duiris amháin.



“Bailigh iad!” arsa Conchubhar; “bailigh
suas, agus ná bíodh ceist ort. Nuair
bhéas an méid sin ídithe tá tuilleadh
le teacht.”



Dá bhfeicthá fear an tábhairne & bean
an tábhairne, agus iad ag sodar le
miasaibh.



Ach tríd an saothar go léir, agus iad
idir bhás agus dícheall, adeiridís le n-a
chéile ós íseal: “Dá bhfaghmís an cléibhín
ar fad do theanntú, is breágh mar oir-
feadh sé dár gceard bheatha.”



Do shaoileadar ar dtúis bheith ag
baint ó Chonchubhar, go 'neosadh sé dhóibh
cá bhfaghfaí teacht suas le n-a leithéid
eile d'áis; ach do chosain seisean a rún
do féin, gan oiread & gaoth an fhocail
do leigint tar a bhéal. Bhíodar, ámhthach,
ag taosgadh na dighe chuige le dúthracht,
nó gur thuit a chodla air i ndeireadh
na dála.



Is annsan do shleamhnaigh bean an
tábhairne isteach sa chistin, mar a bhfuair
sí cléibhín de'n déanamh céadna, agus
gainní go flúirseach ceangailte dhe, ó
ba indé roimis sin do tháinig sé fá n-a
lán éisg. Ar dul siar na lámha deise
agus teacht aniar na lámha cléithe bhí sé
i bhfiadhnaise Chonchubhair, agus an cléibhín
míorúilteach go cúthail i bhfolach aici.
Nuair tháinig Conchubhar as a chodla
d'árduigh sé leis a chléibhín, dar leis,
agus thug aghaidh ar an mbaile.



Is amhlaidh bhí a bhean nuair tháinig sé,
& pota mór praisge dá leigint amach
aici, sguaithne de leanbhaíbh amplacha
tímcheall uirthi, agus iad uile, beag &
mór, ag cannrán agus ag cáiseamh, mar
ba dhual athar dóibh. Agus na cnapshúile
… bhí fhios ag Conchubhar cad é an
sgeimhle bhí 'na chóir, tar éis na h-oidhche
thabhairt amuich; agus d'fhonn tosach
cainnte bheith aige féin, bhain sé casadh
as a chléibhín ag cur na tairsinge isteach
de, agus ar seisean:



“Goile maith agaibh ar maidin, a chlann
ó! Agus a shásamh annso agamsa dhíbh!
An bhfeiceann sibh an cléibhín sin? Seadh
má seadh! Abraidh go léir na focail
seo im' dhiaidhse, agus chífidh sibh iong-
antas: A chléibhín, a chléibhín, imir do
cheárd.”



Do chanadar uile na focail, mar shúil
leis an iongantas, ach sin a raibh de
mhaith dhóibh ann. Ní raibh de cheárd fogh-
lumtha ag an gcléibhín sin ach bheith 'na
chléibhín, agus fuireach mar sin. Chuaidh
soin thar a thuisgint ar Chonchubhar. Thug
sé cúrsa & athchúrsa mór thímcheall an
bhúird, ag breathnú an chléibhín ó gach
taobh; agus a leithéid de channrán agus
de cháiseamh níor airigheadh riamh roimis
sin uaidh. Ní fheadair an bhean agus an
chlann cia acu ba cheart dóibh géilleadh
dá ngean guil nó dá ngean gáire, ach
mheasadar gur as a mheabhair a bhí sé.



“Fan! fan!” ar seisean de phreib.
“Tá balaith an éisg fós uaidh! An
bhfaghann sibh é?”



Agus do bhí leis, go stalcuithe, ach
sin a dtáinig uaidh.



“Arbh'fhéidir nách é mo cheann féin é?”
ar seisean i ndeireadh thiar. “Nó an
amhlaidh le h-aon chinneamhaint …?”



Ba bheag an tosadh bhí ar ghlaodh mná
ná leinbh aige, agus é ag cur de chun
tighe an tábhairne, féachaint arbh ann
d'imeóch aon dearmhad air.



“Dícéille! a dhuine,” ar sise; “ná
feicir féin ná fuil cliabh ná ciseán
annso againn. Ní fuláir nó is amhlaidh
a dhearmhadais an briocht.”



“Ní ar domhan is dearbhtha ná é,” ar
seisean.



Do líon sí amach gloine de'n chuid
dob fhearr chuige, agus do bhog sé an
bóthar athuair fá dhéin na bhFlaitheas;
agus is air nárbh fhada an mhoill dul
ann de'n iarracht san. Do bhuail ar
an mbaschrann: Cnag! Cnag!



“Cia tá annsan?” arsa Peadar.



“Mise, a naoimh cheannsa, Conchubhar
bocht Cásmhar tá fhios agat, go bhfuil
lán an bhaile bháin de chlainn agam.”



“Dar liom, a fhir mhaith, gur indé
fóireach cheana thú.”



“Indé, a naoimh cheannsa, ach i dtaobh
do chléibhín, sin é bhí le rádh agam — ní
fheadar de'n tsaoghal cad a tháinig air,



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —



I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG



Scriobh chuige.



MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT



Led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a
dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh-
air na rudaí seo & iad go maith:



Bróga is Stocaí,
Léinte is Guaileáin,
Lámhainní is Bónaí.



T. Ó LOCHLAINN,
19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH.



FEIS CHORCAIGHE
(fé chúram an Choiste Conndae)



I Mí an Mheithimh, 1918, a tionólfar.



DUAISEANA.



1 — £10 ar Nua-Scéal 7,000 focal.



2 — £2 ar abhrán nó Dán.



3 — £2 ar aon déantús i gcóir Aithrise, bíodh in a
Dhuan nó in a Phrós.



4 — £2 & £1 ar Chnósacht Sean-Abhrán nár cuireadh
fós fé chló.



5 — £1 10 ar Nua-Agallamh Grinn.



6 — £1 10 ar Chnósacht Tomhasana gona bhfreagairt.



7 — £4 ar Nua Dhráma ‘uaire a chloig.’



8 — £3 don Scoil is feárr sa Ghaedhaltacht.



9 — £3 don Scoil is feárr Lasmuich dhen Ghaedhal-
tacht.



Do Ghaedhilgeoirí atá in a gcomhnaidhe i gConndae
Chorcaighe na duaiseana san.



Scríobh chun na Rúnaithe:



A. Ó TUAMA agus
P. Ó h-ANNRACHÁIN.



Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.



“AN LÚCANIA”
(de dhéantús na hÉireann)



ó



Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.



TÁILLIÚIREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i nÉirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 6


Tá le fagháil uainn-ne
BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID
den déanamh Ceilteach agus marc
earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca.



tá ÁTHRAIGHE ÓIR is
ÁTHRAIGHE AIRGID
mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha
dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá
an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca.



Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair
agus an luachliosta.



LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC
Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid
Gaedhil: sa tSIOPA BAGÚIN
atá ag



TOMÁS Ó MURCHADHA,
(‘T. J. Murphy’)
111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH,
ar aghaidh Árdoifige an Phuist anonn.



Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”
Guthán: 7 Cork; i Midleton.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,



MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a
Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.



LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA
GAEDHILGE



Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim.



Trí leath-phinginní (1½d.) fiacha gacha leabhair díobh.



1. “Laethanta Geala” (Kerry School-
girl's Diary).



2. “Cosa Buidhe Árda” (Easy Songs
to Catchy Tunes).



3. “Sean-Amhráin na Mumhan.”



4. “Déanamh an Chleamhnais” (Short
Dramatic Sketch).



5. “Cunntas Cinn Lae” le Bríd Stac.



Le fághail ó
MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann
don Ghaedhilgeoir:



UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87,
i mBAILE ÁTHA CLIATH.



ní fonn leis — má's air atá an locht —
oidhe! mhuise …”



“Seadh, ná bac san leis. Féachfad an
mbeadh aon ní eile oireamhnach agam.”



Do dhruid Peadar an dorus, ach tháinig
arís gan ró mhoill.



“Féach, sin coileach agat; coileach
adeirim. Níl agat ach a rádh mar seo
leis:



‘A choiligh Pheadair, a choiligh Pheadair,
Can-se dhúinn do phaidir,’



& chífidh tú céard thuitfeas amach …
Hé 'leith! Focal eile! Ní gádh dhuit bheith
ghá theasbáint sin do'n tsaoghal …”



“Mise! Ach, nílimse chomh baoth agus
tá a dheallramh orm.”



“Ná bheith ghá innsint gur mise thug
duit é — tuigean tú. Ní 'na ndosaonaibh
atá a leithéidí sin agam le roinnt;”
agus do dhún Peadar an dorus gan
fuireach le n-a thuille beannachtan.



Nuair bhraith Conchubhar go raibh sé i
na aonar arís ar an mbóthar, cá mbeadh
sé ach ar aghaidh duiris an tábhairne
amach; agus isteach leis, lom díreach.



“— Nó cár ghabhais chughainn, a Dhaidí
Chásmhair, agus do choileach breágh crón
i dtóin do chléibh agat,” do ráidh bean
an tábhairne, dá bréithribh bladartha.



“Thánag ó áit ná fuil leithéid an
choiligh sin 'na ndosaonaibh ann le roinnt,”
ar seisean, go h-aireach air féin, agus é
san am gcéadna ag leigint a chos fá'n
mbórd. Níor ceileach an braon dob
fhearr air, oiread agus ba mhaith leis
de, nó go raib mana molta a choiligh
ag teacht 'na thochas air.



‘A choiligh Pheadair, a choiligh Pheadair,
Can-se dhúinn do phaidir!’”



Siúd an coileach ag greadadh a sgiathán,
& ag glaodhach; agus ba gheall le fuaim
stuic a ghlaodh ghlan cheolmhar: Cocococú!
agus le gach siolla de'n ghuth do shileadh
cith de chnapógaibh óir, agus de bhuadh-
chlochaibh beaga taithneamhacha ó na ghob.
Ní thug Conchubhar cuireadh d'aoinne chúcha,
munab ionann & toradh an chléibhín, ach é
féin dá mbailiú isteach na hata chuige,
agus an tsúil dá bagairt aige.



Má seadh, thug fear an tábhairne agus
bean an tábhairne cead súl dá chéile,
dob ionann agus a rádh, “is truagh gan
an coileach le h-ais an chléibhín againn.”



“Sláinte mhaith, a Dhaidí Chásmhair; agus
ól uait!” agus do druideadh an deoch
leis nó gur thuit a chodla arís air.
Annsan d'ionnsuigh sise an coileach go
cneasda múirneach, & “Socair a ghrian-
áin, socair a ghrianáin” aici; agus níor
stad go raibh sé go seasgair istigh i
gcróitín na gcearc aici, & a mhacsamh-
ail de choileach phéacach crón ó'n gcróitín
istigh sa chléibhín thar a cheann.



(Tuille le Teacht.)



CLANN.



TÓIBÍN. — De dheóin Dé, do rugadh inghean, Lá
Coille, do Shiobhán Ní Shúileabháin, bean chéile
Sheáin Tóibín, i mBaile an Teampaill, Cois
Laoi. Siobhán a h-ainm.



COMHRÁDH TRÍR.



Seo cainnt a thárla idir thriúr cailíní
beaga cois na teine againn-ne an oidhche
fé dheire.



Áine — Cailín beag a bhfuil árd dhúil
sa léigheann aici.



Síle — Cailín díomhaoin gur chuma léi
dá gcuirthí fé theine gach sgoil i nÉirinn.



Peigí — Comrádaí eile.



Áine: Cheapas ná tiocfadh sibh in ao'
chor & bhíos ag dul ag glaodhach orraibh
anois díreach.



Peigí: Is measa dham í seo a bhogadh
ó'n dteine ná an “Charraig Dhubh,” tá
oiread san leisge uirithi



Síle: Ní aon leisge a bhí orm ach bhíos
ag feitheamh go lasfainn an lampa sar
a n-imthighinn amach mar tá dathacha im'
shean-mháthair & ní fhéadann sí corraighe.
Ní raibh aoinne eile istig.



Áine: Is beag d'easba na gcos a
bhí uirthi Dé Domhnaig nuair a bhís ag
tabhairt an uibh leat chun na n-úbhall a
cheannach. Dá bhfeictheá-sa, a Pheigí, an
choisigheacht a tháinig dí siúd.



Síle: Ní locht san uirthi mar ní raibh
ann ach an t-aon ubh & cad a dhéanfadh
sí ar maidin?



Áine: Ná fuil na cearca ag breith
ach mar sin agaibh, a Shíle.



Síle: Tá siad 'na stad le breis is
coicthíos anois. Ní bhíonn ach an t-aon
ubh gach re lá againn uatha.



Peigí: Och! go bhfóiridh Dia orainn!
Cad iad mar shaghas cearc atá agaibh
i n-ao' chor? B'fhéidir gur an iomarca
bídh atá agaibh á thabhairit dóibh.



Áine (ag sgartadh gáirídhe): “Forcible
feeding!” Ní maith é mhuise. Na cearca
bochta! níl min le fághail aca & táthar
ag cur bídh eile dá n-aindeóin ortha.
Ní h-iongnadh ar “strike” iad.



Peigí: Do fuair mo mháthair-se rud
éigin i dTigh-an-Uachtair chuin iad a chur
ag breith agus táid cuibhseach ó shin
againn.



Áine (ag gáirídhe arís): “Forcible
laying” é sin & beidh na cearca loitithe
ar fad agaibh-se, a Pheigí. Mhuise go
deimhin féin is ait an saoghal é. Tá na
cearca bochta féin ag fághail a ndóithin
de'n chogadh.



Peigí: Is dóigh liom gur beag do'n
gcainnt sin a bheadh agaibh mara mbeadh
gurbh' é amáireach an Satharn & is dóigh
libh ná tiocfaidh an Luan go deo — Luan
leabhartha agus léighinn, mar adeir Síle.



Síle: Is maith atá fhios againn go
dtiocfaidh ach is beag an doicheall atá
agamsa roim an Luan —



Áine: Cad na thaobh san?



Síle: “Luan na muc,” céad fáilte
roimis!



Peigí: Is fíor dhuit — agus beir id'
bhean tighe go breágh dhuit féin nuair a
bheam-ne sa chruadhtan. Mhaise nách leat
atá'n t-ádh, a bhreis ar dhaoine eile.



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


Is beag an mhaitheas dómh-sa ná dhuit-se,
Áine, muca a bheith againn mar ní dein-
tear bean tighe aon uair dínn. Ach a
Shíle cuimhnig orainn-ne má dheineann tú
císte ubhall ná aon nídh mar é.



Síle: Ná bíodh eagla orraibh, a chroidhe.



Áine: Is dóigh liomsa nách fada, a
Shíle, a bheir-se ag casadh le seana
“Dombey” fé mar bheimíd-ne mar is
tú an cailín óg anois tá's agat. Tá
maide na leitean agat anois, a chailín.



Síle: B'fheárr liom go mb'fhíor dhuit
é ach tá an iomad dúil sa sgoláireacht
ag mo mháthair agus fágfaidh sí ar
sgoil choidhche mé; ach dá mbeadh fhios
aici mo dhúil-se sna leabharthaibh is fadó
a bheadh deire mo laetheannta sgoile
feicthe agam.



Peigí: Ó, a Shíle, tá'n tú níos fearr
ná mise ach tú bheith díomhaoin. Cleas-
aidhe iseadh thú. Ní h-aon easba meabhrach
atá ort-sa fé mar adeir an Mháighistreás.



Síle: Mhuise cad é an mío-ádh a thug
isteach sa chúigmhadh buidhin mé i n-aon-
chor. Is minic an Mháighistreás 'á rádh
liom go gcuirfeadh sí siar sa cheath-
ramhadh buidhin arís mé ach tá eagla
orm ná cuirfidh.



Áine: Éist anois mar is tusa bheadh
go dúbhach brónach dá gcuirthí siar tú, a
chroidhe, ná dubhrais cheana go mbeadh
náire ort a bheith sa cheathramhadh buidhin
anois toisg tú bhéith chómh mór.



Síle: Mhuise, Áine, tá sgéal agam
le h-innsint duit a chuirfidh ag gáirí
thu, tá sé ráidhte le Síle cheana agam.
An lá úd a bhís istig ó sgoil d'innis
an mháighistreás sgéal “Aodha Ruaidh Uí
Dhómhnaill” dúinn le linn an Stair a
bheith ar siubhal & mar is gnáthach liom
féin cheapas go mbeadh leath-uair a chlog
bhreágh agam agus is beag do chluais a
thugas do'n Máighistreás, go maithidh Dia
dham é —



Áine: Tuigim. Leigeann tusa ort
mhuise ana-ghrádh a bheith d'Éirinn agat
agus dá mbeadh d'éisteóchthá le sgéal
Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill.



Peigí: Leig di, a Áine, mar is fiú
dhuit éisteacht leis an sgéal. Lean ort,
a Shíle.



Síle: Seadh nuair a bhí an sgéal críoch-
nuighthe aici cad is dóigh leat ná go
ndubhairt sí linn an sgéal san a sgríobhadh
aige baile an oidhche sin.



Áine: Há! há! sin ó mar a thiocfadh
sí siúd suas leat, a Shíle. Cad a dheinis
ansan?



Síle: Bhí mearbhall orm le méid an
gheit a baineadh asam. Seo ag cuimhneamh
mé féachaint a raibh an choigeann le
déanamh l'ar na bháireach nó an raibh
aoinne le cur go raghadh mo mháthair
'on t-sochraid ná aon nídh a choimeád-
fadh istig ó sgoil mé. Ní raibh. Seadh
thánga abhaile ach go h-áirighthe an tráth-
nóna san.



Áine (ag gáirídhe): Is mór an obair
ná'r imthighis chun an chnuic!



Síle: Chuimhnigheas go mb'fhéidir go
mbeadh an sgéal ag mo shean-athair
mar is mó sgéal breágh aige. “A Dhaidí
chríona,” arsa mise, “a mbeadh sgéal
‘Aodha Ruaidh’ agat a ínseóchthá dham mar
caithfead é sgríobhadh.” “Eoghan Ruadh,”
ar seisean, “agus ní Aodh Ruadh.”
“Seadh go díreach,” arsa mise mar
cheapas nár thugas an ainm féin im'
chluasaibh liom. “Tá go maith, mhuise,”
ar seisean. Bhíos ag léimeadh le h-áthas
agus seo liom ag sgríobhadh chómh tiugh
is bhí seisean ag cainnt agus bhí trí
leathanacha sgríbhte agam nuair bhí an
sgéal críochnuighthe. Marar mholas mo
shean-athair ní lá fós é. Tháinig la's
na mháireach & sgríobhas amach ar mo
pháipéar sgoile é chómh maith le cách.
Bhí san go maith go dtí gur ghaibh an
mháighistreás chúgham agus do leath mo
shúile orm nuair a phléasg sí ar gháirídhe.
Léig sí do'n mbuidhinn go léir é & seo
gach aoinne ag liúighrig 'sag gáirídhe.
Ach chun sgéal geárr a dhéanamh do
b'éigean dam an scéal d'innsint tríd
síos agus ba mhó ná san na gáirídhe a
bhí ortha. Is amhlaidh a bhí sgéal fada
sgríbhte agam ar Eoghan Ruadh — buachaill
aimsire greannmhar a bhí ag sagart
parróiste annso fadó.



Áine agus Síle (sna trithíbh gáirí): Ó
mhuise, a Pheig, tá ár gcroidhthe briste
ó bheith ag gáirídhe fút.



Áine: Ó gan aon bhréag tá'n tú
féin chómh greannmhar le “Eoghan Ruadh,”
a Shíle.



Síle: Is fada atáim mhuise. Ach deirim-
se leat go bhfuil mo shúile osgailte dham
& teastuigheann san uaim. Ní dubhart
pioc do lem' shean-athair, ach gur mhol
an mháighistreas go h-árd mo sgéal, mé
féin, agus an té thug dam é. Bhí an
duine bocht go h-áthasach.



Peigí: Ó téanam ort abhaile nó ní
fhágfaidh tú aon anam ionainn le gáirídhe.



Áine: Nách ort atá an deabhadh. Nách
feárr libh-se bheith ag gáirídhe ná ag
foghluim cheachta.



Síle: Is fíor dhuit, a Áine, bean-
nuighim uaim na ceachta ach go h-áirighthe;
go saoraidh Dia sinn ortha! Bead sa
ag glanadh prátaí amáireach i nGort a'
Gheárrtha.



Áine: Beadsa ag aodhaireacht.



Peigí: Beadsa leis ag aodhaireacht.
Seo bímís ag bogadh, a Shíle.



Síle: Tá sé 'nam.



Áine: Tagaidh arís istoidhche amáireach.



Peigí: Tiocfam. Oidhche mhaith agat.



Áine: Go n-éirghe an oidhche libh.



Brighid Stac.



DON LÉIGHTHEOIR.



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go
mór linn.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.



TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Ltd.
(‘H. JOHNSTON’)
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Gur bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.



“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces”
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Port an Phápa, CORCAIGH.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
is a chlann mhac (teo.),
CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.



CEANNUIGH DO CHUID
LEIGHIS,



I SIOPA AN BHÚRCAIGH



.i. Tig na cúinne, idir
SRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA &
SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE,
I gCORCAIGH.



Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean
a ngnó agus a dheinean
go cruinn é.



Togha gacha bídh i gcór na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 8


GACH CÓIR SCOILE!



tá againn-ne
LEABHAIR don LEABHARLAINN
agus
LEABHAIR mar DHUAISEANNA.



Scríobh chugainn ar lorg eolais:



MUINNTIR FHALLAMHAIN
(Fallon Bros. Ltd.)
Cúirt a 13 & a 14,
in ÁTH CLIATH.



Smithfield a 86, i mBealfeirste.



Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.




SCÉALUIDHEACHT-GAN-
SRAÍNNG
d'á múineadh
ag togha na
múinteóirí
I SCOIL UÍ SHÚILEABHÁIN
SA ‘MHARDÍOG,’
I gCORCAIGH.



Is í an scoil is mó cáil agus
is fearr cóir i n-Éirinn.



Múintear
SRANNG-SCÉALUIDHEACHT
ann do chailiní, i gcóir Oifige
an Phuist, sa ló nó istoidhche.



Scríobh chun an Árd-Oide.



ó
CHOMPLUCHT DONOBHÁIN,
I dTRÁIGHLÍ,



a gheobhair an deaghmhargadh, má
bhíon aon rud mar iad so uait



TROSCÁN TIGHE,



ÁRAISTÍ BÚIRD,



ÁTHRAIGHE STÁIN is IARAINN.



GUAL, AOL,



BRÍCÍ, “TÁTHÁN” (Cement),



agus gach eile oirean DO LUCHT
TÓGÁLA TEACH.



SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.



TROSCÁN TIGHE.



SEÁN Ó CURRÁIN,
sa DAINGEAN.



an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.



CLÁR FEISE ÍBH RÁTHAIGH.



Tionólfar i gCathair Saidhbhín,
Dé Sathairn, an 29adh de Mheithiomh, 1918.



(ar leanamhaint).



9. Dealg Teamhrach do'n chailín scoile is
feárr adéarfaidh sean-abhrán Gaeluinne.
Coróinn do'n chailín tánaiste.



10. Dsna. 6/- & 4/- do gharsúnaibh scoile
ar an rud céadna.



11. Giní do'n bhuidhin scoile is feárr chun
abhránuidheachta in éinfheacht. Gan níos mó
ná dáréag in aon bhuidhin.



12. 16/- do'n cheathrar .i. beirt bhuachaillí
is beirt chailíní, is feárr a rinncfidh ríl (nó
port) ceathrair.



13. Corn airgid ach é bhuadhachtaint trí
h-uaire ag Feis Íbh Ráthaigh do'n rinnctheoir
fé bhun 25 bliadhna is feárr sa bharúntacht.



14. Tarrac na téide. 16/- do'n ochtar
garsún scoile is treise. Gan éinne acu a
bheith thar 15 bl. d'aois.



15. Uaireadóir do'n gharsún scoile fé
bhun 15 bl. is feárr chun léimt reatha.



16. Uaireadóir do'n gharsún fé bhun 15
is fearr chun léimt áird.



17. Dealg Teamhrach do'n chailín scoile
is feárr chun léimt luasgaig tré théid.



COINGHÍLL.



Ní fuláir do gach duine go dteasduigheann
uaidh dul ag iomaidheacht a ainm chur isteach
chun Rúnaidhe na Feise, Cathair Saidhbhín,
roimré. Ní bhronnfar aon duais i gcomór-
tas ná beidh triúr ar a laighead astig air
ná aon tarna duais mara mbíonn cúigear
san iomaidheacht. Scríobhtar i dtaobh cúrsaí
na Feise seo go dtí Muiris Ó Cléirigh,
Connradh na Gaedhilge, Cathair Saidhbhín.



WITH THE IRISH IN FRONGOCH



(le J. Brennan Whitmore, ar 2/6 ó Chló-
lucht Talbóid, in Áth Cliath). Tá árd-
sodar i ndiaigh Sheáin Mistéil 'á dhéanamh
an aimsir seo i dtaobh irisleabhar príosún.
Sid é thuas an tríomha ceann d'ár cuireadh
fé chló le bliain. Níl aon bhreith ag aon
scríobhnóir aca ar Sheán mhaith Mistéil, ní
gádh a rádh.



Cur síor mar a dhéanfadh fear tuairisce
do pháipear nódhachta is eadh é sin thuas.
Níl aon ní ann ach an ní a bhainean le
saoghal na sárfhear a bhí i ngéibhionn ar
son Chaitlín. Mar sin is fearr é, bfhéidir.
D'fhulaingighdar súd a lán, gan aon agó
agus níor chúb duine ar bith aca roim
cos-ar-bolg 'ná lámh láidir. Níl aon ró
locht ar an leabhar, muran locht é breis
mion-eolais bheith ann. Ba mhaith linn, ámh,
dá luadhtí ainm an ógánaigh go raibh an
Ghearmánais aige, agus ainm an tsáirfhir
ó Chairbre a chuireadh eolas amach chun
an tsaoghail mhóir, in aindeoin díchil Gall.
Áis mhór go deo do sna príosúnaigh
ab eadh an Ghaedhilg. S. T.



CEIST.



Cad é an focal is sia 'sa Ghaeluinn?
Tabharfaimíd duais do'n duine gheibheann
amach dúinn é roim an chéad lá de'n mhí
seo chughainn.



MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.



RÁSÚR “COSANTA”
ná gearsan an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a' bpost.



MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
do mhúineadh:



“Scéalta don Aos Óg,” 2d.



“Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d.



“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6



Gaedhil a bhfuil Trácht ortha:



Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Wolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.



Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —



“Saints and Sinners (Dr. Hyde),



“Humours of Irish Life (C. L. Graves, M.A.),



“Irish Orators and Oratory” (Prof. Kettle),



“Irish Poetry” (A. P. Graves, M.A.),



“Selections from Thomas Davis”
(T. W. Rolleston, M. A.).



“Songs of Myself and Lyrics”
(Thomas Mac Donagh), 4/6.



Poetical Works of Joseph M. Plunkett, 3/6.



Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:



“The Educational Co. of Ireland,”
89 Sráid Talbóid, Áth Cliath.



CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
“LEANDAR”



Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag



Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA
Agus a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.



Má léighir Béarla,
LÉIGH LEABHAIR MHAITHE.



“Poets and Poetry of Munster,” by James Clar-
ence Mangan; 3/- agus postas 4d.



Tá Béarla is Gaedhilg ann.



“Knocknagow,” by C. J. Kickham; 4/- agus
postas 5d.



“In Dark and Evil Days,” by F. Sheehy-Skeffing-
ton; 3/6 agus postas 5d.



“The Red Spy,” by D. M. Lenihan; scéal ar
cogadh Gaedhal ar son tailimh is treabhachais
é sin; 3/6 agus postas 5d.



“Convict No. 25,” by James Murphy; scéal ar
ruagairt Ghaedhal ó thalamh na Midhe; 3/6 &
postas 5d.



Scríobh ar lorg liosta agus tuille eolais.



SÉAMUS Ó DUBHTHAIGH & A CHUA.,
Sráid Westmoreland a' 38, ÁTH CLIATH.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services