Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Deire Foghmhair, 1917
Title
Deire Foghmhair, 1917
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1917
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. a 19. DEIRE FOGHMHAIR, 1917. Pinginn a Fhiacha. An Luibh. “An Craoibhín Aoibhinn” do scríobh. Bhí an triúr againn 'nár suidhe ag caitheamh tobac, an mhaidin sin, taréis ár mbreicfást d'ithe, agus bhí an teine do rinneamar ag bun crainn mhóir ar an machaire an oidhche sin, bhí sí beo fós. Do bhíomar ag cur 's ag cúiteamh le chéile ar luibheannaibh & ar an úsáid do bhaineadh na h-Indianaigh insna Sléibtibh Carraigreacha asta. Do dhearbhaigh Diar- muid do'n bheirt eile againn go raibh buaidh spesialta i luibh bhig bhuidhe do tharraing sé amach as a chrios, do chruin- nigh sé, mar a dubhairt sé, an oidhche roimhe sin nuair bhíomar chun ár gcampa do dhéanamh. Adeir na Cosa Dubha, adubhairt sé, cibé chognas lán a bhéil de'n luibh sin & an súgh do shlugadh, go bhfeicfidh sé rudaí iongantacha nach léir do dhaoinibh eile sul bhéas ceithre uaire fichead caithte. “Bhfuil tú cinnte nach bhfuil aon olc ann?” arsa mise. “Níl,” ar sé. “Níor bhlasas féin riamh é acht chonnaic mé Indianach 'ghá cogaint go minic. Ní dhéanfaidh sé aon dochar dhuit. Rachaidh mé i mbanaí dhuit faoi sin. Is í seo an luibh féin, gan aon amhras, agus is neamh-choitchionnta an luibh í. Blas anois í nuair atá an seans agat, ní fheicfidh tú choidhche arís í, b'éidir.” “Tabhair 'm lán mo bhéil di mar sin,” arsa mise, “budh mhaith liom-sa rudaí iongantacha d'fheiceáil.” Chogan mé cuid de'n luibh bhuidhe. Bhí blas taithneamhach uirthi, leath-mhilis agus leath-shearbh san am céadna, agus nuair bhí sé coganta agam agus d'fhiafruigh an bheirt eile dhíom cia an sórt bhlais do bhí uirthi níor fhéadas a rádh leo i gceart an searbh nó an milis do bhí sé, mar fuair mé milse an-mhilis & seirbhe anashearbh san am céadna insan méid dí do chog- nas. Shlugas an súgh agus thaithnigh sé liom. “Tá sé i n-am dúinn a bheith ag bogadh anois,” arsa Diarmuid, & níorbh fhada go rabhamar san dialait. Casadh lorg mathghamhna mhóir orainn, agus níor chuimhnigheas tuilleadh ar an luibh. Shaoileamar ar dtúis gur lorg nua do bhí ann, ach taréis é do leanamhaint ar feadh leith-mhíle dubhairt Diarmuid go raibh an lorg níos sine 'ná mar shaoileamar agus go mbudh cheart éirighe as. Dubhairt an Grádach gur shaoil sé go raibh an ceart ag Diarmuid, ach bhí mé féin beag nach cinnte go dtiuc- fainn suas leis an mathghamhain dá lean- ainn é gan mhoill, sul thuitfeadh an tráthnóna orainn. “Lean é mar sin,” ar siad-san, “ach ní rachamaoid-ne leat, fanfamaoid san ngleann so 'ghá chuartú go mion, mar is cinnte go bhfuil copar ann ó chruth na gcarraig & ó gach aon chosamhlacht eile. Muna dtagann tú ar ais chugh- ainn roimh oidhche rachamaoid ar do thóir. Má thagann tú suas leis an mathghamhain tabhair aire dhuit fhéin, mar is beithidheach áidhbhéal-mhór é do réir lorg a chos.” “Tá go maith,” arsa mise, & d'fhágas iad. Do bhí an triúr againn an uair sin ar turas insna h-áiteachaibh is fiaine insna Sléibhtibh Móra Carraigeacha. Bhíomar ar lorg seilge & san am céadna ag féach- aint go géar an raibh aon chosamhlacht copair insna carraigeachaibh nó aon chos- amhlacht óir. Bhí beirt againn ann a raibh sean-eólas againn ar ar gceird sin — miotal do lorg ameasg na gcloch, go mór mhór ór agus copar. Maidir liom féin, is mó do bhí mé ar lorg seilge ná an rud eile. D'imthigh na h-uair- eannta. D'itheas blúire feóla do bhí agam, agus chuas ar m'aghaidh arís. Bhí mé imthighthe óm'chomhráidibh ó mhaidin & bhí an tráthnóna ag teacht. Cibé áit d'imthigh an mathamhain uaim, ní raibh sé le fagháil, ná aon ainmhidhe eile, & bhí ocrus ag teacht orm arís, óir ní raibh agam ach an beagán bídh sin. Ba dhóigh liom go raibh mé na mílte & na mílte, fiche míle b'éidir gcampa nuair bhí an ghrian ag tuitim. Shaoileas ann sin go mb'fhearr dham áit fhasgamhail éigin d'fhagháil, chun an oidhche do chur tharm ann, go mbeadh solus agam ar maidin chum mo bhóthar do dhéanamh ar ais go dtí an áit ar fhágas an bheirt eile. Tháinig mé anuas dem' chapall agus sgaoileas é chum beagán féir d'fhagháil dó féin, taréis an béalmhach do bhaint as a bhéal agus lainncisí do chur ar a chosaibh. Chuaidh mé féin ag iarraidh áite oireamhnaighe le luighe innti go maidin. Fuaireas sin mar shaoileas — sgealp carraige a raibh pluais ann ó nádúir. Bhí an phluais ag dul siar san gcar- raig, sé nó seacht de shlataibh, agus bhí sí chomh tirim le h-urlár tighe. Cruinnigh mé glac brosnaighe & duil- leóga, & rinne mé leabaidh chompórt- amhail dam féin leath-slígh isteach san uaimh, & taréis píopa tobac do chaith- eamh do tharraing mé an pluid (súsa) do bhíodh taobh-shiar dem' dhiallaid i gcómhnuidhe treasna orm, & níorbh fhada go raibh mé im' throm-chodladh shámh. Níl fhios agam cia an t-am san oidhche do dhúisigh mé, ach dhúisigheas de gheit obann & faitcheas éigin ag bualadh ar dhorus mo chroidhe. Is é sin an sórt sgannruighthe is measa san domhan, agus tá cleachtadh agam-sa ar chontabhairtibh & ar dhainséar — tá níos mó cleachtadh agam orra ná mar bhíos ag an gcuid is mó de na daoinibh. D'fhéach mé go measardha minic i n-éadan an bháis, & ba bhréag é a rádh nach mbíodh eagla, 'seadh & mo dhóthain d'eagla orm gach am, ach níl aon sgannradh a bhainfidh geit as croidhe an duine mar sgannradh roimh rud éigin nach feiceann sé agus nach bhfuil fhios aige féin cad é, mar gheall ar an dorchadas. Agus bhí sé chómh dorcha anois nach féadfainn rud ar bith d'fheicsint. Dá mbeinn fá'n spéir is dóigh go mbéadh solus éigin ag teacht ó na réaltaibh. Ach ní rabhas. Bhíos deich dtroighthe, b'éidir, isteach ó dhorus na h-uaimhe, agus do bhí béal na h-uaimhe chómh dorcha le cúl na h-uaimhe, agus ní raibh fhios agam cia an áit a raibh an chontabhairt ann, ach amháin go raibh fhios agam ó'm' chroidhe go raibh rud éigin, taobh éigin, ar mo thí. Ach ní raibh fios dada agam, ach sin amháin. Do bhí rud éigin anaice liom insan dorchadus, rud éigin nár mhaith, rud éigin do chuirfeadh deireadh liom, b'éidir muna gcuirinn féin deireadh leis-sean. Ach cad é an rud sin? Beithigheach, Indianach, nathair-nimhe? Ní raibh fhios agam, ach thosaigh mé ag déanamh smaointe go deifireach agus ag síneadh amach mo láimhe clé go ciúin chun greim fhagháil ar mo ghunna do bhí áit éigin le mo thaoibh agus san am céadna ag sgaoileadh na sgine móire do bhí sáidhte in mo chrios leathair. Ó! a Dhia na bhfeart! ní raibh mo ghunna le mo thaobh, agus ní raibh an sgian in mo chrios. Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
Ciarraidhe. Nuair a bheir ag taisdeal in UIBH RÁTHACH ÁLUINN, — cuir fút sa tigh seo — TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH I gCATHAIR SAIDHBHÍN, An tigh is fearr in Uibh Ráthach. Labharfar Gaedhilg leat ann. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS STÁIN. Arán, Min, Plúr, Té agus Biotáile. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. Tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE TOGHA GACHA BÍDH — Plúr, Min, Té is Siúicre; SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don bhfeirm; ÁRAISTÍ IARAINN is stáin don tig. ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.” Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig ó Luimneach. SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm. TROSCÁN TIGHE. Seán Ó Curráin, sa DAINGEAN. an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad. AN T-EMPÓRIUM, le M. Ó Súileabháin & a Mhac, CILL ÁIRNE. Éadathóirí Maithe Tá le fághail uatha: Lása Gaedhealach de'n déanamh & de'n phatrún is órnáidighe amuich agus saothar lámh is eadh gach órlach de. Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt datha. Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is o Cheatharlach (Muintir Winstanlí & Mac Gabharnaigh a dheinean.) Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr & flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do deineadh. Bím GO GNÓTHACH I GCOMHNAIDHE! Mar díolaim rothair Ghaedhealacha — “An Piarsach” agus “An Lúcánia.” Deisighim rothair & mótair ag TIGH DÚNABÓINNE, Sráid Chúc, i gCORCAIG. DÓMHNAL Ó SÚILEABHÁIN. Ní bréag a rádh gur éirigh an ghruaig ar mo chionn le teann-eagla nuair fuaireas amach go raibh mé gan arm gan dídion. Tháinig an fuar-allas, fuar-allas na h-eagla amach ar mo chorp, agus níorbh fhéidir liom an rud a thuigsint i dtosach. Ann sin ba léir dam de phreab nach ainmhidhe ach duine do bhí i m'aice agus gur duine do ghoid uaim na h-airm, & mise im' throm-chodladh. Duine gan amhras, ach cia an duine? Ní raibh aon mhaith dham ann, bheith ag smaoineadh ar an gceist. Dá mhéid mo smaointe is amhlaidh ba lúgha m'eólas. Cia an duine do bheadh ann? Bhíomar le sé lá insna sléibthibh seo gan mac máthar d'fheicsint. Ní raibh aon chosamh- lacht go dtáinig aon duine riamh go dtí an áit uaigneach sin 'na ndearna mé mo leabaidh. Ní raibh aon Indianach an taobh so de na sléibhtibh agus dár ndóigh ní bheadh aon duine bán ann. Le na linn sin do chualas an chéad- thorann do chualas ó'n móimid do dhúir- sigh mé, chuala mé rud éigin ag tar- raing anála. Agus bhí sé i bhfogas dam, ach cia'n taobh? Chuir mé cluas orm féin, & d'éist mé go géar arís. Bhí mé cinnte go raibh rud éigin i bhfogas dam, ach, dá bhfaghainn m'anam air, ní fhéadfainn a rád cia an taobh a raibh sé. Shaoileas annsin dá bhfanainn go soc- air mar bhí mé go sáidhfí mo sgian féin ionnam, b'éidir, nó go sgaoilfí peiléar as mo ghunna féin tríom, & go ndéan- fainn léim luath aigeanta go dorus na h-uaimhe & go ndéanfainn iarracht ar cibé rud do bhí amach rómham do leagan agus do threasgairt ar lár. Bhí fhios agam dá mbéinn-se amuigh as an uaimh gur bh'forus dam imtheacht ó cibé tóir do bheadh im' dhiaidh, & dá bhféadainn breith ar mo chapall go mbeinn sábhalta. Ní luaithe smaoin mé air sin 'ná thos- aigheas go ciúin socair mo ghéaga do tharraing féin agus mo chorp do dhíriú diaidh i ndiaidh. D'éirigh liom sin do dhéanamh, ar bhealach. Bhí eagla orm éirghe in mo sheasamh, ach do chrap mé mo chosa fúm agus do thóg mé mo chorp go raibh mé in mo shuidhe. Ann sin thugas léim as mo chorp i dtreó béil na h-uaimhe, & chuireas béic asam do sgannróchadh an t-áirseóir féin, & bhuaileas rómham le mo dhá dhord an dá bhuille is mó do bhuaileas riamh, b'éidir. Rinnce mé an méid sin — & ní chuimh- nighim ar aon rud eile. Bhí an t-iomlán déanta i bprab na súl. Níor bhuail mé aon rud, ach buaileadh mise le rud trom éigin & thuiteas díreach ag béul na pluaise agus d'imthigh mo chiall agus mo chuimhne. Nuair tháinig mo mheabhair dom arís & tháinig mé as an laige do bhí solus an lae ann. Shaoileas mo lámh do chur chun mo chinn. Níor fhéadas. D'osglas mo shúil & d'fheachas mo thimcheall. Bhí mo chuid fola ag trimiú ar m'éadan bhí mo shúile leath-dhúnta aici. Ach níorbh fhada go dtug mé fé deara cá rabhas. Bhí mé ar an talamh i mbéal na h-uaimhe, & chonnaic mé mo chapall sgathamh uaim ag ithe an fhéir do féin chomh síothchánta & dá mba rud é nach tárla aon droch- rud riamh d'á mháighistir. Tháinig laige orm arís, agus nuair d'osglas mo shúile an dara uair chualas glór do bhain preab — preab áthais — as mo chroidhe, mo bheirt charad do bhí ann. Bhíodar crom os mo cionn-sa agus bhí fear aca ag rádh “níl sé marbh fós, ní furus Dubhglas do mharbhadh.” Bhí an fear eile ag glanadh na fola de m'mhalain. Thugadar tarraing dom. Do chuireadar ar mo dhá chois mé. Do dhoirt fear aca braon uisge beatha as a chrúisgín síos in mo sgórnach. Do leigeadar síos mé go socair sámh ar an bhféar arís, & bhí sé ar mo chumas labhairt leó. D'innis mise mo sgéal dóibh tríd síos, agus bhí iongnadh an domhain orra. Chuamar go léir isteach san uaimh in ar buaileadh mé. Ó! a Thighearna, bhí mo ghunna ann sin go díreach insan áit a raibh mé im luighe agus bhí mo chrios le n-a thaoibh & an sgian sáidhte ann fós. Do bhaineas díom é, is dóigh, sul do luigh mé síos. Thosaigheamar ag cuartú ann sin ag súil go bhfuighimís cosmhalacht éigin ar an bhfear do bhuail mé. Chuir Diarmuid béic as. “Sin é é,” ar seisean. Do bhí sgealp cloiche de'n charraig na seasamh amach ó thaoibh na pluaise timchioll troigh ar aoirde ó'n talamh, ar nós láimhe fada. Ní thug mé fá deara é nuair bhíos ag dul isteach, ach b'ait an rud é nach tugas, óir is dóigh gur chuimil mé mo ghuala leis, nach mór. Ann sin nuair dhúisigh- eas go h-obann thugas léim as mo chorp go dorus na pluaise agus tháinig mo cheann i n-aghaidh na cloiche sin do bhí sínte amach ó bhalla na h-uaimhe mar lámh, & thuiteas gan mheabhair. Lasadar cipín-soluis agus chonncadar mo chuid fola ar an gcloich. Maidir leis an anál do chualas, is dóigh gur gráinneóg do bhí ann, óir bhí gráinneóg mhór agus í fillte ina cnapán ag bun na pluaise, acht b'éidir nár chualas aon rud agus gurbh ar mo chluasaibh do bhí sé. “Tá fios fáth' an sgéil agam anois; sin é agaibh toradh na luibhe chomh cinnte agus tá mé beó,” arsa Diarmuid linn, “chonnaic sé, nó shaoil sé go bhfaca sé & gur chuala sé na rudaí sin go léir, agus ní raibh dada ann. Bhí a ghunna agus a sgian le n-a thaoibh, agus muna mbeadh an luibh sin ní shaoilfeadh sé go deó go raibh siad caillte. Agus is í an luibh do rinne é do dhúiseacht mar sin agus do chuir an sgannradh air.” Comh luath & do chuimhnigh mé ar an luibh mhallaighthe sin do bhí fhios agam go raibh an ceart ag Diarmuid. Bhí sé níos mó 'ná mí sul a raibh mo cheann cneasuighthe! Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
Luibh Eolas. Tá áilneacht ar gach taobh dínn fan gacha bóthair. Má bhíon an radharc ceart againn chífeam áilneacht ins gach tor is ar fuaid gacha páirce. An Feileastrom. Bileóga breághtha fada & déanamh claidhimh ortha a bhíon ar an bhFeileas- trom (iris pseudacorus). Is neamhchoit- ianta an saghas blátha a thagan air. É mar a bheadh trí bhlátha singile ceangailte d'á chéile, & dath geal buidhe ortha. Sa churrach nó cois an tsrutháin 'fhásan an Feileastrom & níl aon tseó ach a mhire is a leathan sé é féin ar fuaid an chur- raigh. I dtosach an tsamhraidh a thagan an bláth air & bíon mar a bheadh máilín tímpal an bhlátha go dtagan an lá chun an bhreághthacht a thaisbeánt. Bainean an Feileastrom preab as na comharsanaibh & cuirean eud ortha lá na taisbeána. Nuair imthighean an bláth fásan sparán trom teann in a inead. Síol a bhíon sa sparán san agus nuair a bhíon an síol aibidh, eirighean an sparán dubh nó crón. Áis mhór do fheirmeóiríbh an Feileastrom, mar deinean sé ceann ana-mhaith ar chruaich féir. Labhartar an ainm ar a lán cuma mar atá — “Feileastrom, ‘Eileas- trom,’ ‘Seilistring,’ &c. Athair Talmhan. Is deas bog mín an bhileóg a bhíon ar an Athair Talmhan (Achillea Millefolium). A lán mionbhláth le chéile is eadh an bláth, agus is mó dath & gné datha a bhíon air. É bán de ghnáth, ach an plannda is giorra dho san, bhféidir gur bláth liathdhearg bheadh air. Is é áit is deise in a bhfaca é 'ná i gceanntar an Bhuirinn, i nDúithe gCais. Bíon gach gné o bhán go dearg ar an Athair Talmhan ansúd. Is mór ag na beachaibh an tAthair Talmhan mar tá flúirse meala ann. Chonac fear i gCill Áirne (i mbliain 1908) 'á bhailiú, mar leigheas ar an eitinn (galar scamhóg), agus dheineadh Mr. Gibson a lán de'n leigheas san do dhaoine bochta i gCathair Luimne. Ní fheadar an bhfuil aonne ag freasdal na mbocht ansúd ó cailleadh an deagh- dhuine sin? Minmhear. Is ann is flúirsighe fhásan an Minmhear (Conium Maculata) in áiteanna i gcomhgar na farraige. Tá a lán plannda den déanamh céadna leis an Minmhear, ach aithneóghair é sin i gcomhnaidhe ar na smóilíní dubh- dhearga a bhíon ar an ngas agus bíon an gas sleamhain. Tá an Minmhear lán de nimh agus seachnuighid na beithíg é, dá bhrí sin. Dá mb'iad na gamhna féin, ní bhainfeadh an méid sin dearmhaid dóibh agus baint leis. Sin buntáiste atá ag an ainmhídhe, de ghnáth, ar an nduine — aithnighean sé an rud go mbíon an nimh ann agus ní aithnighean an duine é! Sa tseanaimsir, bás le nimh a thugaidís Gréagaig do lucht tréasúin a dhéanamh, agus is í nimh a bhíodh aca chuige 'ná nimh an Mhinmheara. Braon de shugh na luibhe sin d'ól Socráid Saoi nuair a daoradh chun báis é. Labhratar ‘Milmhear’ agus ‘Muinmhear,” leis. Marbhdhraighean. Cois claidhe no i gcomh- gar fáil is eadh chífeá an Marbhdhraighean, ‘Mara- ghradhn’ (Agrimonia eupatoria). Ní maith leis iomad fliuchra. Bíon gas righin air & balath deas uaidh. Bíd na blátha go mion. Iad mar a bheadh réilthíní beaga buidhe. Bíon an Marbhdhraighean fé bhláth ar feadh cúpla mí sa tsamhradh, mar an túisce is fheóchan bláithín, oscailean ceann eile amach. Comh-chuma dhó, agus do bhláth an Droighneáin Duibh (Prunus Communis) agus is de sin an ainm — marbh-dhraighean, mar ní bhíon aon dealg air. Dála an Gharbhluis (Gallium Aparine), cuirean an Marbh-dhraighean cách ag obair, ag scaipeadh a chuid síl do. Tá crúicíní chuige sin ag bun an bhlátha. Má scrúd- uighir an bhileóg is mar seo atá: dhá mhion-bhileóig ar aghaidh a chéile amach, dhá cheann eile i bhfad níosa lugha ar aghaidh a chéile amach, & don réir sin suas & bileóg aonair mar cheann ar an sraith. Is samhail do chleite a bheadh fliuch an sagas san bileóige. An Ceallach, fear bile 'gus bláth, i mBaile Bhéacháin a thug an ainm dom (1910). Seán Tóibín. TOMHUS. 'Sna ciantaibh do bhíodh sprid á tais- beáint féin & bhí tomhus aici. Chuirfeadh sí ort é agus mara bhfuightheá freagra thabhairt di marbhófaí tú ar an nóimint dearg sin. Ach bhí fear sa chomharsanacht agus ní bhfaghadh dada buadhchaint air & na theannta soin ní chuirfeadh ‘madra, diabhal ná píléar! eagla air. Chuir sé púnt le fear eile go raghadh sé chun cainnte léi. Iar dtuitim na h-oidhche chuaidh sé fé dhéin an ghleanna mar a raibh sí & ní turus i naistear a thug sé. Tháinig sí roimhigh agus chuir sí an cheist chuige. “Coinneal agus coinnleóir ann agus cá'il a leath-rann sin?” “Cuileann a bhainsí um Shamhain,” ar seisean. “Chuirfeadh sé ceann ar thigh.” Cuir sí aríst í agus sé dubhairt sé “Muileann idir dhá ghleann is é 'tuir- riacadh thall is i bhfus.” Chuir sí an cheist chuige aríst eile. “Á ndéanfá-sa t'áithrighe i n-am,” ar seisean. “Ní bheifeá i t'shamhailt anois.” Dubhairt an scéalaidhe — “Sé do bhí inneamhail di” & dar ndóigh ná raibh? Cruachán. 'Tuirriacadh — i.e., imthigheann sé tháll is i bhfus. Leabhair a Thaithnfidh le Gaedhlaibh, Idir leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla le fághail uainn-ne. Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg clár na leabhar. Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH. SRÁID ÍOCH. BHAGÓID, a 50, BAILE-ÁTHA-CHLIATH. Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” A Ghaedheala! Ceannuighidh “ÉADACH NA DRUIPSIGHE” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaig na Druipsighe (Teo.) Co. Chorcaighe. An Ghramadach Ghaedhilge is fearr le fagháil. CEACHTA CAINNTE GRAMADAIGHE Tá na mílte ann, idir óg & aosta, idir múinteóirí & scoláirí, go bhfuil eólas cruinn ar an nGaedhilg aca i ndiu de bharr na Gramadaighe sin. Seaghán Ó Catháin do scríobh é. 224 LL.; Muíntear Ghuill, Áth Cliath; 2/6 CARABHATAÍ den PHOIPLÍN ar gach dath is ar gach gné datha. Liam Ó hAimheirgín, (‘W. Bergin’) a dheinean do lucht siopaithe. Scriobh ag triall air go 62 Sráid Ghrafton, in Áth Cliath. DÁNTA DIADHA GAEDHEAL. Tá Cualucht Chuilm Cille, i Magh Nuadhat, tréis cnuasacht bheag de Dhántaibh Diadha do chuir in eagar idir cheol agus focail. Ocht ndánta atá sa' leabhrín. TÁ “ADESTE FIDÉLES” ANN. “Tórna” do thionntuig. Bu cheart do lucht ceoil gacha scoile is gacha paróiste roinnt cóib de bheith aca. Leath raol a fhiacha (3d.) Dosaon cóib ar leath choróinn (2/6). Ó Rúnaire Chualucht Chuilm Cille, Magh Nuadhat nó ó Mh. H. Gill, i mBaile Átha Cliath. Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill. Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.
A Mhná Uaisle! is saoire (le 25%) a gheobha sibh na rudaí seo im shiopa-sa 'ná in aon tsiopa eile sa Mhumhain: Blúsana, Gúnaí, Carabhata, Hataí nó Casóga Clúimh. Tá luach gacha ruda scríte go soiléir air. Glaodhaíg chugam nó scríobhaíg. GEARÓID DE BARRA, Sráid Phádraig N. a 77, CORCAIGH. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/- go 10/6. Rásúr “Cosanta” ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-; gheobhair ceann aca san & trí lanna “Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3, tríd a' bpost. CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar 7d. tríd a' bpost. MAC CUILINN, 35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. SNAOIS CHORCAIGHE ar dtúis agus atá 'á déanamh i gcómhhnaidhe. TOBAC CÚMHRA an dá shórt so — “Exhibition Roll” agus “Shandon Plug.” Má theastuighean uait aon tobac nó saigréidí do chur chun aonne atá sa chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó cháin, ach leath phúnt, ar a luighead, bheith sa' bheairtín idir thobac is saigréidí. LAMBKIN BROS., 9 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. Gheobhair deaghmhargadh uaim-se i gcomhnaidhe. TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol- fad-sa an postas ar cheithre púint de. PLÚR Gaedhlach. MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min bhuidhe. SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas. SEÁN MAC CURTÁIN, SRÁID A' tSEANDÚNA, CORCAIGH. An Lóchrann. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh an Fear Gnótha. An Seabhac, Daingean Uí Chúise, an Fear Eagair. Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain. Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain. Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur. Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní, &c., do chur. Ó Cuill & a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath Na Díoltóirí. Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. Scríobhnóirí Óga. Is dócha gur toisc laetheannta saoire bheith agaibh nár scríbh ach triúr agaibh chugham le tamall maith. Sid iad an triúr: Eibhlín Bhodhlaorach, Scoil Liospóil, Corcadhuibhne. Sinéad Ní Lubhaing, Scoil Cheann- trágha, Corcadhuibhne. Eibhlín Ní Chríodáin, Clochar na Trócaire, Caisleán Nua. I bpáirt na coda eile 'gaibh, ba mhithid fuadar a theacht fúibh arís. Ba mhaith dhaoibh (agus uaibh) dá ndeineadh sibh aithris ar Bhrighid Stac so 'gainne. Nach breagh slachtmhar an scríobhnóir Gaedhilge í & nach taithneamhach, inléighte an “Cúntas Cinn Lae” é seo ar siubhal sa “Lóchrann” aici. Ní fada go gcuir- feamh amach na leabhar é. Garsún a bhí 'á cheistiúchán ag sagart i dtaobh laetheanta trosgaidh. “Ní cead- uighthe dhúinn aon fheóil a chaitheamh lá trosgaidh, a Sheáinín, ach a' neosfaidh tú dhom cad é an sórd éisg ba cheart a chaitheamh lá trosgaidh?” Do dhein Seáinín machtnamh ar feadh tamaill. “Ar ndóigh, 'sé an trosg ba cheart dhúinn a chaitheamh lá trosgaidh, a Athair,” ar seisean. Níor cheistig an sagart a thuille é. An Fiach Dubh. Do THIOMARGA EOLAIS anso. Liam Ó Guagáin, in Iolscoil na h Éireann in Áth Cliath, atá ag bailiú focal a bhainean le ceárduigheacht agus bu mhaith leis cabhair lucht léighte AN LÓCHRAINN a bheith aige. Má tá aon fhocail agat, a léightheóir, a chara, cuir chun Liam iad, led thoil. Téar- maí a bhainean leis na ceárdaibh seo atá uaidh: Saoirseacht adhmaid, saoirseacht cloiche is slinne, ceárduigheacht luaidhe is iarainn, déanamh na long is déanamh cliabh is ciseán, dathadóireacht lí-dheálbhacht is plástracht. An Gobán Saor. PÓSADH DOB FHEÁRR LIOM NÁ BACFAINN É. Fonn: “An seana-phort Gaedhlach.” I. Is me fiche éigin bliain nó anaice leis, Shamhluigheas gur mhaith an rud pósadh, Ach bheartuigheas go ciallmhar am aigne, Ná bacfainn aon toice comónta. Bhí cailín beag deas ar aon bhaile liom, Bhí sí acfuinneach, lapanta, córach, Ach nuair ná raibh péarlaí na cluasaibh agus hata uirthi — Cheapas go raibh sí comónta. Pósadh dob' fhearr liom ná bacfainn é, B'fheárr liom ná bacfainn a' pósadh, Sé d'fhág me gan eudach, gan airgead, 'S is rud é atá ana chomónta. II. Ní raibh baile sa pharróisde gan cailín deas, Bhí seisear i mbaile nó dhó acu, B'fhuruisde ceann maith a dh'fhághail eatortha, Ach gur shiligheas go rabhdar comónta. Annsan d'imthigheas chun Corcaighe lá Sathairn Agus rugas cúig phúint liom am póca, Mar shamhluigheas gur annsúd do gheóbhainn cailín maith Ná beadh ar aon mhodh comónta. Pósadh dob' fhearr liom, &rl. III. An chéad lána i gCorcaig gur casadh me, Chonnac sgiúirse de chailín bhreágh óg ann, Bhí péarlaí na cluasaibh agus hata uirthi, Agus shíligheas ná raibh sise comónta. Do leanas an ainnir go fonnmhar, Do ghaibh sí trí mórán mhór póirsí, Nó gur stad sí i dtigh mhór i lán 'dhorcha — Is ba dhóigh leat nár'bh' aon tig comónt' é. Pósadh dob' fhearr liom, &rl. IV. Annsan chuir sí ar chathaoir go socair me, Agus d'fhiafruigh sí dhíom a rabhas pósta, Go bpósfadh sí féin me go fonnmhar, Mar gur thuig sí ná rabhas-sa comónta Nuair a dubhart léi ná rabhas, do chuir teachtaire Chun a' tsagairt a theacht chun ár bpósta, Is ní fheadar an domhan má ba shagart é, Cé gur dhóigh leat nár dhuine comónt' é. Pósadh dob' fhearr liom, &rl. V. Ach istoidhche do líon a tigh d'fhearaibh ann Bhí preabairí críonna 'gus 'óg' ann Bhí duine acu d'fhéach ana mhalluighthe Agus ghlaoidhaigh sé orm, ‘spailpín comónta’ Annsan d'fhiafruigh sé arís díom go feargach A b'í a bhean féin a dheineas-sa phósadh Agus thug sé na móide go dtachtfadh me, Ná raibh ionnam ach dailtín comónta. Pósadh dob' fhearr liom, &rl. VI. Annsan ghreamuigh me triúr díobh nó ceath- rar, Is baineadh díom idir casóg is bróga, Bhí mo bhean pósda ag gáiridhe is ag magadh fúm Agus dubhart leo gur bh'obair comónta' í Annsan fuaireadar leithead mór garbh dom Ceangaladh díom é le córda, Is nuair caitheadh amach ar a' bhfleaige me Is dócha gur fhéachas comónta. Pósadh dob' fhearr liom, &rl. Ó Thadhg Ua Conchubhair, Lios Póil. Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
Cúnntas Cinn Lae. (Ar leanamhaint). Brighid Stac do scríobh. BEALTAINE. Déardaoin (17). — Bhí an lá indiu go breagh agus bhí ceól aoibhinn na n-éun san aer mór dtímcheall. D'eirigheas moch & níorbh fhada go raibh sguaithne againn ag cur dínn ar sgoil mar is baile mór fairsing Árd-na-Caithne agus tá a lán leanbhaí ag dul ar sgoil as. Tá sé mar bhéas againn gabháil an cómhgar suas a' gort & bítear ár gcosg mar is geall leis an “nDream Aerach” sinn ag cur na gclathach dínn agus 'á leagadh. Ach go h-áirighthe bhí an t-ádh orm féin ar maidin agus níor ghabhas an tslighe sin. Ghaibh an chuid eile ann ámhthach agus b'fhearra dhóibh ná geóbhaidís mar bhí fear a' ghuirt laistigh de'n gclaidhe agus a leithéid sin do thraochadh ní fhuaireadar riamh. Bhí na rudaí beaga ag sgreadaigh & níor mhaith an chuma a bhí ortha nuair thánadar suas liomsa. Bhí mo chliatháin ag pléasgadh lé gáirí fútha. “Cad dubh- airt sé libh, a Phrónsias?” arsa mise lé ceann do's na cailíníbh beaga. “I'll mow ye down like the Germans!” ar sise. Dé hAoine (18). — Chaitheas an lá indiu ar nós gach lae eile. Níor thuit aon ní greannmhar amach indiu ach go deimhin fuaireas freagra ana-ghreannmhar ó chailín beag. D'fhiafruigheas di — “Cé h-iad ár sínnsear?” mar tháinig an focal san isteach san Aithriseóireacht a bhíodar ag rádh — “Na diabhail,” ar sise. Níorbh fheárr liom rud adéarfadh sí mar bhain sí gáire mór maith as an mbuidhin bhig agus “is feárrde dhe'n saoghal gáirí na leanbh,” fé mar deir seana-Mhicheál, “beidh cúis goil luath a ndóithin aca.” Dé Sathairn (19). Tá an lá caithte agus mórán oibre déanta mar is ceart. Bhíos ag obair istigh ó mhaidin agus chuas suas ar an gcnoc tráthnóna. Bhí an fhairrge 'na braitlín gloine gan glór ná fuadar ná buille ach ní raibh aon naomhóg ar a druim mar ní théighid amach in aon chor tráthnóna Dé Sathairn. Bhí Dún-an-Óir uaim síos agus Caisleán Phiaruis uaim siar, Cnoc Bhréanainn soir thuaidh agus Cruach Mhárthain ar m'aghaidh anonn. Go deimhin féin is cáileamhail é an dúthaig seo againn-ne, agus i dtaobh sláinteamhlachta dho — is dóigh liom ná fuil áit eile chomh h-aerach foláin. D'fhanas ar an gnoc go raibh sgáil na h-oidhche ag teacht agus na h-uain bheaga & na caoire ag luighe fé's na clochaibh móra. Do stad glór na gcuileann san aer agus chuaidh éanlaighthe na spéire i bhfeidhil chodhlata dóibh féin & d'fhilleas- sa, leis, abhaile. Dé Domhnaigh (20). — Dul go dtí an Aifrionn an príomh obair a dheineas indiu agus ag teacht ó'n Aifrionn dom féin agus dom' chomrádaithibh thánamair suas lé beirt fhear ó'n mbaile a bhí ag cur síos ar aonach an lae indé, agus d'fhan- amair 'na ndiaidh aniar ag éisteacht leó. “Mhaise, a Sheáin,” arsa duine aca, “an bhfuairis fiacha an tobac féin ar do sheana reithe?” “B'fhéidir,” arsa Tadhg, “go ndéanfadh an méid a fuaireas air siúicre na seacht- aine do Mháire!” “Och Dia linn!” arsa Seán, “bí an donas air.” “Mhaise, dob' fhuiriste dho bheith níos fearr ná an stolaire bó a bhí agatsa,” arsa Tadhg. Chromamair ar gháiridhe & baineadh geit asta nuair a chualadar sinn. “Ná'r leig' an saoghal dúinn sibh,” arsa Tadhg, “má's sibhse atá an- san, is dócha gur ar an bpáipéar a chífear mo chainnt sara fada fé mar bhí sgéal mo “sheana lady” cheana agaibh. Baineadh leathadh as mo shúilibh agus ar mo bhéal nuair léig Pádruig amach as an bpáipéar dham é; ach tá's ag Fiadh ná bead-sa ag foidhneamh libh níosa shia.” Is amhlaidh a bhí Tadhg ag díol bó ar aonach a' Daingin lá agus d'fhiafruigh an ceannuightheóir de — “what do you want for th' oul' lady?” Bhí fearg ar Thadhg. Mise chuir an scéal go dtí an “Lóch- rann” agus leig Tadhg air go raibh fearg air chugham-sa. Dé Luain (21). — Chuamair ar sgoil & chaitheamair an lá go sólásach. Bhí caith- eamh aimsire ana-dheas againn lár a' lae — ‘Cleasa géag is corp’ nó drill. Bhí slis ‘club’ ins gach láimh againn — chuir an mháistreás fios ortha so dhúinn agus bhí cailín ag seinm cheóil & sinn-ne ag oibriú na maidí go tiugh nó go mall do réir an cheóil agus do réir mar a teasbántaí dhúinn. Bhíomair go lúth- gháireach ach bhí áthas eile in ár gcómhair mar níorbh fhada a bhí glaoidhte isteach orainn nuair a tháinig an sagart chun ár bpeictiúirí a dhéanamh. Bhíomair go h-áthasach & seo cúigear, seisear againn ag breith stólanna amach lastuas do'n sgoil. Deineadh na rudaí beaga ar dtúis agus thóg sé ádhbhar aimsire iad a shocrú i gceart. Fé dheire chaith an bhuidhean mhór dul amach agus bhí sult is gáirí againn ach dheineamair iarracht ar na gáirí do chosg faid a bhí sé 'ár ngrafadh. Thóg é na máighistreásaí ar deire agus ba dhóbair go bpléasfadh na rudaí beaga nuair a chonnacadar iad san ag suidhe ar an stól, bhí an oiread san gáiridhe ortha. Is fada linn anois go bhfeicfeam na peictiúirí agus táimíd go h-ana-bhuidheach de'n tsagart a thug lá chómh sultmhar dúinn. Dé Máirt (22). — Ag dul ar sgoil dúinn indiu bhí spórt ar feadh tamaill againn ar an nduímhch mar dúbhramair lé chéile an lá roimis sin go bhfágfaimís an tig beagán níos luaithe ná mar is gnáthach d'fhonn tamaill suilt do bheith againn nuair bheadh maidean bhreagh ann. Chaith gach aoinne dhi a brat 'sa mála bhí rith agus rás againn ach b'éigean dúinn éirghe as i gcionn tamall agus dul fé dhéin na sgoile. I ngiorracht cúpla rámhan do'n sgoil do sgread ceann do's na rudaíbh beaga go raibh a mála caillte. Gheobhaidh do mhac togha na scoluidheachta — I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CHORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Scríobh chuige. MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT Led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh- air na rudaí seo & iad go maith: Bróga is Stocaí, Léinte is Guaileáin, Lámhainní is Bónaí. T. Ó LOCHLAINN, 19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH. BRONNTAISÍ NODLAG! FÁINNÍ is ÓRNÁIDÍ. M. DE RÓISTE, 60 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. Scríobh chuige, nó glaodhaig. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, ó MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & A Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. TÁILLIÚREACHT agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i n-Éirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA., 11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
Tá le fagháil uainn-ne BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID den déanamh Ceilteach agus marc earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca. Tá ÁTRAIGHE ÓIR is ÁTHRAIGHE AIRGID mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca. Scríobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair agus an luachliosta. LIAM MAC AODHGÁIN & a CHL.-MHAC TEO., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid Gaedhil: sa tSIOPA BAGÚIN … atá ag … TOMÁS Ó MURCHADHA, (‘T. J. Murphy’) 111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH, ar aghaidh Árdoifige an Phuist anonn. Ceannuigh do chuid leighis, i SIOPA AN BHÚRCAIGH .i. Tig na cúinne, idir SHRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA & SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE, I gCORCAIGH. Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean a ngnó agus a dheinean go cruinn é. Le Máire Ní Raghallaigh An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann don Ghaedhilgeoir: UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87 i mBAILE ÁTHA CLIATH. LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA GAEDHILGE Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim. Trí leath-phinginní (1½d.) fiacha gacha leabhair díobh. Dosaen saor tríd a bpost ar Trí Réalacha (1/6). 1. “Laethanta Geala” (Kerry School- girl's Diary). 2. “Cosa Buidhe Árda” (Easy Songs to Catchy Tunes). 3. “Sean-Amhráin na Mumhan.” 4. “Déanamh an Chleamhnais” (Short Dramatic Sketch). Leanfar de'n sraith so leabhar má gheibhtear céad (100) duine a chuirfidh síos a n-ainmneacha i gcóir dosaein de gach ceann & chuirfidh na fiacha 1/6 chughainn chomh luath is tagann na leabhair chúcha gach tráth. AN mBEIR-SE AR A gCÉAD SO? Scríobh go dtí FIONÁN MAC COLUIM, Cillorglan, Ciarraighe. aici. Chrom sí ar ghol go fuidheach agus cad na thaobh ná déanfadh “dar ndóigh, bhí leath-raol istigh i mboiscín ann chun leabhair do cheannach!” Níorbh fhéidir í chur 'na h-éisteacht & d'fhill sí thar nais agus cailín beag eile lé na cois agus ní ar sgoil a thánadar an lá san. Ag teacht abhaile tráthnóna ní raibh aon ní ar siubhal againn ach an bheirt a chas abhaile, ach cad a phreabfadh amach as an móinfhéar ar thaobh an bhóthair ach an bheirt agus a súile dearg ó bheith ag gol. D'innseadar an sgéal tríd síos. Fuaireadar an mála i gcionn abhfad & níor bh'ail leó dul ar sgoil mar cheap- adar go raibh sé ró dhéanach & bhí eagla ortha casadh abhaile mar gheóbhaidís an bata. Is fada a chuimhneóchaidh siad ar sgéal an mhála, na créatúirí, agus an lá fada samhraidh a chaitheadar ag gol sa mhóinfhéar! Dé Céadaoin (23). — Níor thuit aon nídh greannmhar amach indiu ach a bhfuil fhios agaibh cad tá i mbéal gach aoinne indiu? Easba siúicre. Tá formhór na dtighthe ar an mbaile seo gan aon tsiúicre & gan é lé fagháil in aon áit. Nách dona an sgéal é! Caithfear fuath a thabhairt do'n dtae anois & ní thaithnigheann san linn, rud nách orainn. Déardaoin (24). — Is moch ar maidin a bhí beirt seana-bhan ó'n mbaile chúgham isteach ag cur fios ar shiúicre liom. Dúbhradar a iarraidh ar bhean a' tsiopa “aon phúnt amháin féin, ar son Dé; a thabhairt dúinn.” Ag teacht ó sgoil dam tráthnóna chuas go dtí'n siopa agus d'inniseas do'n siopadóir an cruatan na raibh na seana-mhná bochta agus cé gur dheacair léi iad d'eiteach ní fhéad- fadh sí oiread is dhéanfadh cupán tae a thabhairt dóibh & is iad a bhí go cráidhte nuair a thána chúcha lé na gcuid airgid arís. (Tuille le Teacht.) GIOTAÍ. Leag ar an gclaidhe duailín lín, mairfidh sé trí bhliana. Trí dhuailín lín, aois madaidh. Trí aois madaidh, aois capaill, Trí aois capaill, aois fir Trí aois fir, aois fiadha Trí aois fiadha, aois iolair Trí aois iolair, aois eitrighe Trí aois eitrighe, aois crainn iubhair Trí chrainn iubhair, a mhairfeadh ó thús Go deireadh an domhain. Nuair a shuidh an Fhiann i gCruimlinn, bhí dhá theach deug ann & dhá theine deug is gach teach agus céad in aghaidh gach teaghlaigh. S. Mac Eoinín, Connachtach, a dubhairt linn. GNÍOMH É SEO: Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” & cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn. PÓRTIA GONA A LEANNÁNAIBH. Sliocht de'n dráma len a abarthar An Ceannaidhe ó Bhenásia — “The Merchant of Venice” le Uilliam Séicspéir, fear béarla. D'fhág athair Phórtia le huadhacht gan ise do phósadh duine ar bith ach an t-é thoghfadh an cófrín ceart de thrí chófríní. An t-é thabharfadh fén dtoghadh bheadh air bheith sásta leis an gcoinghíll a ghaibh leis .i. gan pósadh go deo mura dtoghadh sé an cófrin ceart — an cóifrín a bhronnfadh air Pórtia agus a cuid spré. Pórtia. — Mo fhocal duit, a Nerisa, ach go bhfuilim cortha den tsaoghal! Nerisa. — Bheifeá leis, a óigbhean — dá mbeadh oiread den aindise ort & atá den rath; ach dar ndó, chomh h-olc bás le breis is bás den ghonta! Dom dhóigh féin, ba mhór an ní do dhuine bheith eadartha istigh — idir lucht na raidhse & lucht an dealbhais. Is luaithe thagan liathadh ar mhuíntir na flúirse 'ná ar an muíntir 'bhfuil déanamh-a-ngnó de mhaitheasaí an tsaoghail aca. Pórtia. — Agat atá an chaint a bhfuil deabhramh léi! Nerisa. — Bfhearr í, daoine 'á creid- eamhaint agus go ndéanfaidís dá réir. Pórtia. — Is fearr mar a thuiange daoine feabhas na comhairle 'ná mar a thuigid conas an chomhairle chur i bhfeidhm. Dá bhféadtaí déanamh d'réir comhairle i gcomhnaighe, bheadh pálás in inead botháin ag an uile dhuine bocht. Maith an teag- ascthóir a dheinean d'réir a theagaisc féin! B'fhuiriste dhómhsa comhairle a thabhairt do dhathad duine 'ná mé féin do dhéanamh d'réir na comhairle sin. Bíon an inchinn ag ceapadh comhairle don fhuil, ach nuair a thagan an fhearg, ní chuimhnighean an fhuil ar aon bhlúire de chomhairle an lae roimis sin. Giorr- fiadh is eadh an óige agus téidhean de léim thar an leac-ar-tingeal a dheinean an seana-fhiagaidhe — an stuaim. Ach ní chabhróghaidh an chaint seo liomsa chun fear chéile a thoghadh, ach, dar nó, níl togha 'ná rogha sa scéal agamsa! Níl cead agam glacadh leis an t-é thaith- nean liom 'ná cead agam diúltadh don t-é ná taithnean. Inghean in a beathaidh is a h-athair fén bhfód agus toil na h-inghine sin dá cosc ag toil an athar úd! Is bocht an scéal agam é — gan cead glactha 'ná cead diúltha agam! Nerisa. — Duine maith riamh ab eadh t'athair agus is minic a thagan smaoin- eamh maith ciallmhar dá leithéid roim bás dó. An cranncur so na dtrí gcófríní — cófrín óir is cóifrín airgid is cófrín luadha — a cheap sé dhuitse ní baoghal ná go raghaidh chun tairbhe dhuit. Ní thoghfaidh aonne an cófrín ceart ach an t-é bhfuil geala ghrádh aige dhuit. Níl blúire dá mhearthail sin orm. Ach, cad é do mheas ar na leanánaibh seo atá at' iaraidh mar mhnaoi chéile? Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
Pórtia. — Abair leat iad in a nduine is in a nduine, & cloisfir mo thuairim- se do gach n-aon díobh. Féadfair féin éirim do bhaint as an dtuairim ansan. Nerisa. — Seadh, má's eadh! Cad is dóigh leat don phrionnsa Napólach úd? Pórtia. — Tá bramach ansan agat! Níor thrácht sé sin riamh ar aon rud ach ar an gcapall san aige, agus mar mhaoidheamh aige gurab é féin a dheinean gaibhneacht do! Nerisa. — Agus cad deirir le Cúnt an Pháláis? Pórtia. — Is gruamach an duine é sin. Bíon mallaí de shíor air. Ba dhóigh leat air gurab port a bhíon aige 'ná: “Glac liom nó ná glac — is ró-chuma liom!” Scéalta suilt, ní bhainid gáire as. Bhus oighre ar Eireaclítus, fear cáinte is fear caointe ná slógh, fós é! Tá iomad den dúire ann, mar le fear óg. B'fhearra liom bheith pósta ag cléiteach nó ag plaosc-gona-dhá chnámh 'ná ag éinne den dís sin. Dia dom chúmhdach ortha araon! Nerisa. — Cad is dóigh leat don tigh- earna Franncach, Monsieur Le Bon? Pórtia. — Ós é Dia a rinne, abraimís gur fear é! Tuigim nách ceart dom bheith ag fonóid. Tuigim gur peaca an magadh — ach maidir leis an nduine sin, is measa de fhear capall é ná an Napólach úd! agus is measa chun mallaí feirge é 'ná an Cúnt. Tá tréithe fiche fear sa duine sin! Má dheinean an smólach siolla ceoil, siúd ag rinnce é; agus do throidfeadh sé len a scáil féin! Céile is fiche bheadh agam dá bpósainn an duine sin! Do mhaithfinn dó dá dtugadh sé tarcuisne dhom, ach dá dtugadh sé grádh iomlán a chroidhe dhom, ní dhéan- fainn aon chúiteamh ann leis. Nerisa. — Agus cad deirir le Falcon- bridge, an barún óg ó Shasana? Pórtia. — Ní abraim aon ní leis, mar is eol duit. Ní thuigimse é is ní thuigean sé me. Níl Laidean aige 'ná Frainncis 'ná Iodáilis & tá fhios agatsa, luighead mo chuidse den Bhéarla. Is dathamhail an duine é — ach cia an mhaith bheith ag caint le balbhán? Agus is ait liom ar fad a chuid éadaig — ón Iodáil a tháinig an chasóg san aige, ón bhFrainnc a tháinig a leathantriús, tháinig a bháiréad ón nGearmáin agus a chuid béas o gach áird den domhan mhór! Nerisa. — Agus cad is dóigh leat don mhórmhaor Albanach? Pórtia. — Gur duine é 'bhfuil foighne ró mhór aige agus grádh dá chomharsain in a chroidhe istig. Bhuail an Sasanach dorn fén gcluais air agus in ionad é aisíoc leis lom láithreach is amhla gheall sé go ndéanfadh sé fós é agus dhein se margadh leis an bhFranncach, fé ainm is fé sheula, go mbeadh cabhair an Fhrainnc- aigh aige chuige!! Nerisa. — Conas a thaithnean an Gear- mánach óg úd leat? Pórtia. — Go h-olc ar maidin, tráth bhíon a chiall aige agus go rí-olc um thráthnóna nuair a bhíon sé ar meisce. An tráth is fearr é, ní measa 'ná cách é & an tráth is measa é, ní fearr puinn 'ná ainmhidhe é. An greim is chruadha dá mbéarfaidh go deo orm, bfhearra liom bheith in eughmais siúd, 'ná bheith ag brath ar a chiall ar a chabhair 'ná ar a chomhairle! Nerisa. — Ach má thoilighean sé tabhairt fen dtoghadh & más é an cófrín ceart a aimsighean, ní fhéadfair diúlta dho. Pórtia. — Má's eadh — agus ar eagla na h-eagla, cuir-se gloine den bhfíon Ríneach ar an gcófrín gan rath, & dá mbé an deamhan féin bheadh sa chófrín sin do thoghfadh sé siúd é ar son an ghloine fíona san! Ba dhona an scéal agam é, bheith pósta ag súghachán gur measa é 'ná sponga! Nerisa. — Ní baoghal duit aonne dhíobh san, a óigbhean uasal. Tá curtha in iúl aca dhomha go bhfuil socair aca filleadh abhaile agus gan a thuille cur-isteach a dhéanamh orainn anso ma taoi-se chun leanamhaint de sna riaghlacha a dhein d'athair i dtaobh na dtrí gcófríní. Pórtia. — Má mhairim beo chomh fada le Sibilla, bás maighdine a gheobhadh, dála Dhiana, sara bpósad ar aon chuma eile ach d'réir mar órduigh m'athair dom. Is breágh liom iad súd a bheith ag bailiú leo. Is mór an ní an méid sin tuig- siona bheith ionnta! I bhfad uaim is fearra liom iad agus go mbuadha' Dia siar is óthuaidh leó! Nerisa. — Ní fheadar, óigbhean uasal, an cuimhin leat fear léigheanta airm a tháinig anso tráth i dteannta Mharcusa De Mont- ferrat? Pórtia. — Iseadh, 'seadh! is cuimhin liom. Basánó ab ainm do, is dóigh liom. Nerisa. — Dob eadh, a bhean uasal, agus dá bhfaca-sa am' shúilibh cinn d'fhearaibh breághtha riamh b'é b'oireamhnaighe mar chéile do mhnaoi uasail! Pórtia. — Is maith is cuimhin liom é agus ní miste é mholadh! Fear Freasdail (do theacht isteach). — Tá an seisear duine uasal úd chun slán fhágaint agat, a óigbhean uasal; agus tá scéala t'réis teacht ó dhuine uasal eile — Mac Rí Mhorocó. Beidh sé anso anocht, adeir sé. Pórtia. — Dá bhféadainn fáiltiú roimis sin leis an oiread san tola & a chuirim beanacht leó so, ba mhait é a theacht … Seo leat, a Nerisa — bogaimís linn. Ní túisce an geata amach do chuid aca so 'ná siúd chúgainn isteach duine eile aca! Seán Tóibín. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Teo., (‘H. JOHNSTON,’) Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Tráth bhriseadar na húmaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. "Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces' Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach "Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Calaphort an Phápa, Corcaigh. CHÓMH -BLASTA LE h-AON -ÍM! MARGAIRÍN “LEANDAR” Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA Agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX IS A CHLANN MHAC (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolas — SÉAMUS Ó NÉILL IS A CHLANN MHAC (Teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh i Luimnigh.
GACH CÓIR SCOILE! TÁ AGAINN-NE LEABHAIR don LEABHARLAINN agus LEABHAIR mar DHUAISEANNA. Scríobh chugainn ar lorg eolais: MUINNTIR FHALLAMHAIN (Fallon Bros. Ltd.) Cúirt Dáma a 13 & a 14, in ÁTH CLIATH. Smithfield a 88, i mBealfeirste. Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge. Tá SCÉALUIDHEACHT-GAN- SRAÍNNG d'á múineadh ag togha na múinteóirí I SCOIL UÍ SHÚILEABHÁIN sa ‘Mhardíog,’ I gCORCAIGH. Is í an scoil is mó cáil agus is fearr cóir i n-Éirinn. Múintear SRANNG-SCÉALUIDHEACHT ann do chailiní, i gcóir Oifige an Phuist, sa ló nó istoidhche. Scríobh chun an Árd-Oide. ó CHOMPLUCHT DONOBHÁIN, I dTRÁIGHLÍ, a gheobhair an deaghmhargadh, má bhíon aon rud mar iad so uait TROSCÁN TIGHE, ÁRAISTÍ BÚIRD, ÁTHRAIGHE STÁIN is IARAINN. GUAL, AOL, BRÍCÍ, “TÁTHÁN” (Cement), agus gach cóir eile oirean DO LUCHT TÓGÁLA TEACH. An Mhin Choirce is fearr blas agus is mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean, I MAGHCHROMTHA. Scríobh chuige. DO BHEATHA 'S DO SHLÁINTE ANSO. II. — FUITHIN. (Ar leanamhaint). Is beag duine a mbíonn caoi aige ar a thigh féin a thógáil ón dtalamh díreach mar ba mhaith leis é bheith. Caitheann ár nurmhór, agus go mór mhór an chuid againn atá ins na bailtibh, bheith sásta le tigh ar chíos; agus is minic ar an gcuma san féin ná bíonn ár rogha tighe againn, ach glacadh le h-aon sórt tighe bhíonn le fagháil. Mar sin féin, tá sé ar a chumas ag an uile dhuine mórán a dhéanamh chun slacht & deise a chur ar a thigh & é chur ó bheith n-a dhíobháil sláinte do'n dream a chomhnuigheann ann. Is fusa tigh a dhéanamh ar an tuaith ná ar an mbaile mór, mar is mó rud bhíonn ag teastáil ó thigh sa mbaile mór ná bíonn ó thigh na tuaithe i n-éan chor. Is deacair slighe do thighthibh d'fhagháil ar an mbaile mór agus dá bhrigh sin bíd siad brúighte ar a chéile. Tá aer agus solus fairsing ar an dtuaith ach is minic gur deacair iad d'fhagháil ins an gcathair. Ar an dtuaith is fuiris bhásta & salachar a chur ó bheith n-a gconntabhairt sláinte do lucht an tighe, ach is an-dheacair é sin a dhéanamh ar an mbaile mór. Tá aer na cathrach lán de nimh, agus ní fhéadfadh daoine maireachtain ann gan bheith ag síor-choimheascar leis an nimh sin. Leis an síor-choimheascar féin ní cuirtear fé chois é. Marbhuigheann an chathair na daoine. Is í an tuath a choth- uigheann an chathair le daoine agus is anamh a chífá ar an gcathair mac mic an chéad dhuine tháinig ann ó'n dtuaith. An méid díobh ná marbhuigheann an chathair casaidh ar an dtuaith arís nó imthighid go dtí tíorthaibh iasachta. Is mó gléas a theastuigheann ó thig cath- arach chun an nimh go léir do choim- eád amach ó sna daoinibh, agus ní bhíonn na gléasa san ó thigh na tuaithe i n-éan chor. Ní h-é an saghas céadna tighe bhíonn ó mhuinntir na hÉireann agus ó mhuinn- tir Shasana agus n-a dhiaig sin is ar mhuinntir Shasana is mó bhímíd ag aithris ag déanamh tighe dhúinn. Mar ní h-í an aigne chéadna tá ag Gaedhil agus ag Sasanaig ná ní h-é an saoghal céadna is maith leo ná bhí aca riamh. Agus tá sé tabhratha fé ndeara ag a lán ó'n uair a chaithid Gaedhil uatha an saghas tighe be ghnáth leo bheith aca, agus ó'n uair a ghlacaid an saghas tighe bhíonn ag Sasanaig go dtosnuighid ar a dtréithibh féin do thréigeann & claoidhe le béasa na Sasanach. Agus ní dóigh liom go n-abróchadh aoinne gur maith é sin. (Tuille le teacht). Peig. Má tá TRUCAIL, CÁRR nó CÓISTE uait, Nó deisiú le déanamh ar rothaí, &c., &c., Scríobh nó glaodhaig chugainn-ne: C. Ó CONAILL agus a Chualucht, SRÁID LIADROM, CORCAIGH. Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge do mhúineadh: “Scéalta don Aos Óg,” 2d. “Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½., 3½d., 4½d. “Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” — iad go daithte is go hoireamhnach ar gach chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6 Gaedhil a bhfuil Trácht ortha: Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach, Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh Colmcille, Uolf Tone, Naomh Bréandán, An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach garm — £3 an beart. LEABHAIR IAD SO A THAITHNFIDH LEAT — “Every Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar — Cuir cárta ag triall orainn ar lorg leabhráin eolais: “The Educational Co. of Ireland,” 89 Sráid Talbóid, Áth Cliath. BÍODH PÍOPA MAITH GAEDHLACH AGAT. Tá … PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR Le ceannach i ngach siopa tobac. Cuir a dtuairisc ar lucht a ndéanta — CAPP & MAC PEADAIR Teo. FAICHE SHAIN STIABHNA, ÁTH CLIATH. Má léighir Béarla, LÉIGH LEABHAIR MHAITHE. “Poets and Poetry of Munster,” by James Clar- ence Mangan; 3/- agus postas 4d. Tá Béarla is Gaedhilg ann. “Knocknagow,” by C. J. Kickham; 4/- agus postas 5d. “In dark and Evil Days,” by F. Sheehy-Skeffing- ton; 3/6 agus postas 5d. “The Red Spy,” by D. M. Lenihan; scéal ar cogadh Gaedhal ar son tailimh is treabhachais é sin; 3/6 agus postas 5d. “Convict No. 25,” by James Murphy; scéal ar ruagairt Ghaedhal ó thalamh na Midhe; 3/6 & postas 5d. Scríobh ar lorg liosta agus tuille eolais. SÉAMUS Ó DUBHTHAIGH & A CHUA., Sráid Westmoreland a' 38, ÁTH CLIATH. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services