Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deire Foghmhair, 1917

Title
Deire Foghmhair, 1917
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1917
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. a 19. DEIRE FOGHMHAIR, 1917. Pinginn a Fhiacha.



An Luibh.
“An Craoibhín Aoibhinn” do scríobh.



Bhí an triúr againn 'nár suidhe ag
caitheamh tobac, an mhaidin sin, taréis
ár mbreicfást d'ithe, agus bhí an teine
do rinneamar ag bun crainn mhóir
ar an machaire an oidhche sin, bhí sí
beo fós.



Do bhíomar ag cur 's ag cúiteamh le
chéile ar luibheannaibh & ar an úsáid do
bhaineadh na h-Indianaigh insna Sléibtibh
Carraigreacha asta. Do dhearbhaigh Diar-
muid do'n bheirt eile againn go raibh
buaidh spesialta i luibh bhig bhuidhe do
tharraing sé amach as a chrios, do chruin-
nigh sé, mar a dubhairt sé, an oidhche
roimhe sin nuair bhíomar chun ár gcampa
do dhéanamh. Adeir na Cosa Dubha,
adubhairt sé, cibé chognas lán a bhéil
de'n luibh sin & an súgh do shlugadh,
go bhfeicfidh sé rudaí iongantacha nach
léir do dhaoinibh eile sul bhéas ceithre
uaire fichead caithte.



“Bhfuil tú cinnte nach bhfuil aon olc
ann?” arsa mise.



“Níl,” ar sé. “Níor bhlasas féin
riamh é acht chonnaic mé Indianach 'ghá
cogaint go minic. Ní dhéanfaidh sé aon
dochar dhuit. Rachaidh mé i mbanaí dhuit
faoi sin. Is í seo an luibh féin, gan
aon amhras, agus is neamh-choitchionnta
an luibh í. Blas anois í nuair atá an
seans agat, ní fheicfidh tú choidhche arís
í, b'éidir.”



“Tabhair 'm lán mo bhéil di mar sin,”
arsa mise, “budh mhaith liom-sa rudaí
iongantacha d'fheiceáil.” Chogan mé cuid
de'n luibh bhuidhe. Bhí blas taithneamhach
uirthi, leath-mhilis agus leath-shearbh san
am céadna, agus nuair bhí sé coganta
agam agus d'fhiafruigh an bheirt eile
dhíom cia an sórt bhlais do bhí uirthi
níor fhéadas a rádh leo i gceart an
searbh nó an milis do bhí sé, mar fuair
mé milse an-mhilis & seirbhe anashearbh
san am céadna insan méid dí do chog-
nas. Shlugas an súgh agus thaithnigh sé
liom.



“Tá sé i n-am dúinn a bheith ag
bogadh anois,” arsa Diarmuid, & níorbh
fhada go rabhamar san dialait.



Casadh lorg mathghamhna mhóir orainn,
agus níor chuimhnigheas tuilleadh ar an
luibh.



Shaoileamar ar dtúis gur lorg nua
do bhí ann, ach taréis é do leanamhaint
ar feadh leith-mhíle dubhairt Diarmuid
go raibh an lorg níos sine 'ná mar
shaoileamar agus go mbudh cheart éirighe
as. Dubhairt an Grádach gur shaoil sé
go raibh an ceart ag Diarmuid, ach bhí
mé féin beag nach cinnte go dtiuc-
fainn suas leis an mathghamhain dá lean-
ainn é gan mhoill, sul thuitfeadh an
tráthnóna orainn.



“Lean é mar sin,” ar siad-san, “ach
ní rachamaoid-ne leat, fanfamaoid san
ngleann so 'ghá chuartú go mion, mar
is cinnte go bhfuil copar ann ó chruth
na gcarraig & ó gach aon chosamhlacht
eile. Muna dtagann tú ar ais chugh-
ainn roimh oidhche rachamaoid ar do thóir.
Má thagann tú suas leis an mathghamhain
tabhair aire dhuit fhéin, mar is beithidheach
áidhbhéal-mhór é do réir lorg a chos.”



“Tá go maith,” arsa mise, & d'fhágas iad.



Do bhí an triúr againn an uair sin ar
turas insna h-áiteachaibh is fiaine insna
Sléibhtibh Móra Carraigeacha. Bhíomar ar
lorg seilge & san am céadna ag féach-
aint go géar an raibh aon chosamhlacht
copair insna carraigeachaibh nó aon chos-
amhlacht óir. Bhí beirt againn ann a raibh
sean-eólas againn ar ar gceird sin —
miotal do lorg ameasg na gcloch, go
mór mhór ór agus copar. Maidir liom
féin, is mó do bhí mé ar lorg seilge
ná an rud eile. D'imthigh na h-uair-
eannta. D'itheas blúire feóla do bhí
agam, agus chuas ar m'aghaidh arís.



Bhí mé imthighthe óm'chomhráidibh ó mhaidin
& bhí an tráthnóna ag teacht. Cibé áit
d'imthigh an mathamhain uaim, ní raibh sé
le fagháil, ná aon ainmhidhe eile, & bhí
ocrus ag teacht orm arís, óir ní raibh
agam ach an beagán bídh sin. Ba dhóigh
liom go raibh mé na mílte & na mílte,
fiche míle b'éidir gcampa nuair bhí
an ghrian ag tuitim. Shaoileas ann sin
go mb'fhearr dham áit fhasgamhail éigin
d'fhagháil, chun an oidhche do chur tharm
ann, go mbeadh solus agam ar maidin
chum mo bhóthar do dhéanamh ar ais go
dtí an áit ar fhágas an bheirt eile.



Tháinig mé anuas dem' chapall agus
sgaoileas é chum beagán féir d'fhagháil
dó féin, taréis an béalmhach do bhaint
as a bhéal agus lainncisí do chur ar a
chosaibh. Chuaidh mé féin ag iarraidh áite
oireamhnaighe le luighe innti go maidin.



Fuaireas sin mar shaoileas — sgealp
carraige a raibh pluais ann ó nádúir.
Bhí an phluais ag dul siar san gcar-
raig, sé nó seacht de shlataibh, agus bhí
sí chomh tirim le h-urlár tighe.



Cruinnigh mé glac brosnaighe & duil-
leóga, & rinne mé leabaidh chompórt-
amhail dam féin leath-slígh isteach san
uaimh, & taréis píopa tobac do chaith-
eamh do tharraing mé an pluid (súsa)
do bhíodh taobh-shiar dem' dhiallaid i
gcómhnuidhe treasna orm, & níorbh fhada
go raibh mé im' throm-chodladh shámh.



Níl fhios agam cia an t-am san oidhche
do dhúisigh mé, ach dhúisigheas de gheit
obann & faitcheas éigin ag bualadh ar
dhorus mo chroidhe. Is é sin an sórt
sgannruighthe is measa san domhan, agus
tá cleachtadh agam-sa ar chontabhairtibh
& ar dhainséar — tá níos mó cleachtadh
agam orra ná mar bhíos ag an gcuid
is mó de na daoinibh. D'fhéach mé go
measardha minic i n-éadan an bháis, &
ba bhréag é a rádh nach mbíodh eagla,
'seadh & mo dhóthain d'eagla orm gach
am, ach níl aon sgannradh a bhainfidh
geit as croidhe an duine mar sgannradh
roimh rud éigin nach feiceann sé agus
nach bhfuil fhios aige féin cad é, mar
gheall ar an dorchadas. Agus bhí sé
chómh dorcha anois nach féadfainn rud
ar bith d'fheicsint. Dá mbeinn fá'n
spéir is dóigh go mbéadh solus éigin
ag teacht ó na réaltaibh. Ach ní rabhas.
Bhíos deich dtroighthe, b'éidir, isteach ó
dhorus na h-uaimhe, agus do bhí béal na
h-uaimhe chómh dorcha le cúl na h-uaimhe,
agus ní raibh fhios agam cia an áit a
raibh an chontabhairt ann, ach amháin go
raibh fhios agam ó'm' chroidhe go raibh
rud éigin, taobh éigin, ar mo thí. Ach
ní raibh fios dada agam, ach sin amháin.



Do bhí rud éigin anaice liom insan
dorchadus, rud éigin nár mhaith, rud
éigin do chuirfeadh deireadh liom, b'éidir
muna gcuirinn féin deireadh leis-sean.
Ach cad é an rud sin? Beithigheach,
Indianach, nathair-nimhe? Ní raibh fhios
agam, ach thosaigh mé ag déanamh smaointe
go deifireach agus ag síneadh amach mo
láimhe clé go ciúin chun greim
fhagháil ar mo ghunna do bhí áit éigin
le mo thaoibh agus san am céadna ag
sgaoileadh na sgine móire do bhí sáidhte
in mo chrios leathair.



Ó! a Dhia na bhfeart! ní raibh mo
ghunna le mo thaobh, agus ní raibh an
sgian in mo chrios.



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


Ciarraidhe.



Nuair a bheir ag taisdeal
in UIBH RÁTHACH ÁLUINN,
— cuir fút sa tigh seo —
TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH
I gCATHAIR SAIDHBHÍN,



An tigh is fearr in Uibh Ráthach.
Labharfar Gaedhilg leat ann.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



Arán, Min, Plúr, Té
agus Biotáile.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



Tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE



TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;



SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;
ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.



ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.”



Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.



SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.
TROSCÁN TIGHE.



Seán Ó Curráin,
sa DAINGEAN.



an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.



AN T-EMPÓRIUM,
le
M. Ó Súileabháin & a Mhac,
CILL ÁIRNE.



Éadathóirí Maithe



Tá le fághail uatha:
Lása Gaedhealach de'n déanamh & de'n phatrún
is órnáidighe amuich agus saothar lámh is
eadh gach órlach de.



Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt
datha.



Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is o Cheatharlach
(Muintir Winstanlí & Mac Gabharnaigh a
dheinean.)



Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr &
flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do deineadh.



Bím
GO GNÓTHACH I GCOMHNAIDHE!



Mar díolaim rothair Ghaedhealacha — “An Piarsach”
agus “An Lúcánia.” Deisighim rothair & mótair
ag TIGH DÚNABÓINNE, Sráid Chúc, i gCORCAIG.



DÓMHNAL Ó SÚILEABHÁIN.



Ní bréag a rádh gur éirigh an ghruaig
ar mo chionn le teann-eagla nuair
fuaireas amach go raibh mé gan arm
gan dídion.



Tháinig an fuar-allas, fuar-allas na
h-eagla amach ar mo chorp, agus níorbh
fhéidir liom an rud a thuigsint i dtosach.
Ann sin ba léir dam de phreab nach
ainmhidhe ach duine do bhí i m'aice agus
gur duine do ghoid uaim na h-airm,
& mise im' throm-chodladh. Duine gan
amhras, ach cia an duine?



Ní raibh aon mhaith dham ann, bheith ag
smaoineadh ar an gceist. Dá mhéid mo
smaointe is amhlaidh ba lúgha m'eólas.
Cia an duine do bheadh ann? Bhíomar
le sé lá insna sléibthibh seo gan mac
máthar d'fheicsint. Ní raibh aon chosamh-
lacht go dtáinig aon duine riamh go
dtí an áit uaigneach sin 'na ndearna
mé mo leabaidh. Ní raibh aon Indianach
an taobh so de na sléibhtibh agus dár
ndóigh ní bheadh aon duine bán ann.



Le na linn sin do chualas an chéad-
thorann do chualas ó'n móimid do dhúir-
sigh mé, chuala mé rud éigin ag tar-
raing anála. Agus bhí sé i bhfogas
dam, ach cia'n taobh? Chuir mé cluas
orm féin, & d'éist mé go géar arís.
Bhí mé cinnte go raibh rud éigin i
bhfogas dam, ach, dá bhfaghainn m'anam
air, ní fhéadfainn a rád cia an taobh
a raibh sé.



Shaoileas annsin dá bhfanainn go soc-
air mar bhí mé go sáidhfí mo sgian féin
ionnam, b'éidir, nó go sgaoilfí peiléar
as mo ghunna féin tríom, & go ndéan-
fainn léim luath aigeanta go dorus na
h-uaimhe & go ndéanfainn iarracht ar
cibé rud do bhí amach rómham do leagan
agus do threasgairt ar lár. Bhí fhios
agam dá mbéinn-se amuigh as an uaimh
gur bh'forus dam imtheacht ó cibé tóir
do bheadh im' dhiaidh, & dá bhféadainn breith
ar mo chapall go mbeinn sábhalta.



Ní luaithe smaoin mé air sin 'ná thos-
aigheas go ciúin socair mo ghéaga do
tharraing féin agus mo chorp do dhíriú
diaidh i ndiaidh.



D'éirigh liom sin do dhéanamh, ar
bhealach. Bhí eagla orm éirghe in mo
sheasamh, ach do chrap mé mo chosa fúm
agus do thóg mé mo chorp go raibh mé
in mo shuidhe. Ann sin thugas léim as
mo chorp i dtreó béil na h-uaimhe,
& chuireas béic asam do sgannróchadh
an t-áirseóir féin, & bhuaileas rómham
le mo dhá dhord an dá bhuille is mó
do bhuaileas riamh, b'éidir.



Rinnce mé an méid sin — & ní chuimh-
nighim ar aon rud eile. Bhí an t-iomlán
déanta i bprab na súl. Níor bhuail
mé aon rud, ach buaileadh mise le rud
trom éigin & thuiteas díreach ag béul
na pluaise agus d'imthigh mo chiall agus
mo chuimhne.



Nuair tháinig mo mheabhair dom arís
& tháinig mé as an laige do bhí solus
an lae ann.



Shaoileas mo lámh do chur chun mo
chinn. Níor fhéadas. D'osglas mo shúil
& d'fheachas mo thimcheall. Bhí mo chuid
fola ag trimiú ar m'éadan bhí mo
shúile leath-dhúnta aici. Ach níorbh fhada
go dtug mé fé deara cá rabhas. Bhí
mé ar an talamh i mbéal na h-uaimhe,
& chonnaic mé mo chapall sgathamh uaim
ag ithe an fhéir do féin chomh síothchánta
& dá mba rud é nach tárla aon droch-
rud riamh d'á mháighistir.



Tháinig laige orm arís, agus nuair
d'osglas mo shúile an dara uair chualas
glór do bhain preab — preab áthais — as
mo chroidhe, mo bheirt charad do bhí ann.



Bhíodar crom os mo cionn-sa agus
bhí fear aca ag rádh “níl sé marbh
fós, ní furus Dubhglas do mharbhadh.”
Bhí an fear eile ag glanadh na fola
de m'mhalain. Thugadar tarraing dom.
Do chuireadar ar mo dhá chois mé. Do
dhoirt fear aca braon uisge beatha as
a chrúisgín síos in mo sgórnach. Do
leigeadar síos mé go socair sámh ar
an bhféar arís, & bhí sé ar mo chumas
labhairt leó.



D'innis mise mo sgéal dóibh tríd síos,
agus bhí iongnadh an domhain orra.



Chuamar go léir isteach san uaimh in
ar buaileadh mé. Ó! a Thighearna, bhí
mo ghunna ann sin go díreach insan
áit a raibh mé im luighe agus bhí mo
chrios le n-a thaoibh & an sgian sáidhte
ann fós. Do bhaineas díom é, is dóigh,
sul do luigh mé síos. Thosaigheamar ag
cuartú ann sin ag súil go bhfuighimís
cosmhalacht éigin ar an bhfear do bhuail
mé. Chuir Diarmuid béic as. “Sin é é,”
ar seisean. Do bhí sgealp cloiche de'n
charraig na seasamh amach ó thaoibh na
pluaise timchioll troigh ar aoirde
ó'n talamh, ar nós láimhe fada. Ní thug
mé fá deara é nuair bhíos ag dul
isteach, ach b'ait an rud é nach tugas,
óir is dóigh gur chuimil mé mo ghuala
leis, nach mór. Ann sin nuair dhúisigh-
eas go h-obann thugas léim as mo chorp
go dorus na pluaise agus tháinig mo
cheann i n-aghaidh na cloiche sin do bhí
sínte amach ó bhalla na h-uaimhe mar
lámh, & thuiteas gan mheabhair. Lasadar
cipín-soluis agus chonncadar mo chuid
fola ar an gcloich. Maidir leis an
anál do chualas, is dóigh gur gráinneóg
do bhí ann, óir bhí gráinneóg mhór agus
í fillte ina cnapán ag bun na pluaise,
acht b'éidir nár chualas aon rud agus
gurbh ar mo chluasaibh do bhí sé.



“Tá fios fáth' an sgéil agam anois;
sin é agaibh toradh na luibhe chomh cinnte
agus tá mé beó,” arsa Diarmuid linn,
“chonnaic sé, nó shaoil sé go bhfaca sé
& gur chuala sé na rudaí sin go léir,
agus ní raibh dada ann. Bhí a ghunna
agus a sgian le n-a thaoibh, agus muna
mbeadh an luibh sin ní shaoilfeadh sé go
deó go raibh siad caillte. Agus is í
an luibh do rinne é do dhúiseacht mar
sin agus do chuir an sgannradh air.”



Comh luath & do chuimhnigh mé ar an
luibh mhallaighthe sin do bhí fhios agam go
raibh an ceart ag Diarmuid.



Bhí sé níos mó 'ná mí sul a raibh mo
cheann cneasuighthe!



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 3


Luibh Eolas.



Tá áilneacht ar gach taobh dínn fan gacha bóthair.
Má bhíon an radharc ceart againn chífeam áilneacht
ins gach tor is ar fuaid gacha páirce.



An Feileastrom.



Bileóga breághtha fada
& déanamh claidhimh ortha
a bhíon ar an bhFeileas-
trom (iris pseudacorus). Is neamhchoit-
ianta an saghas blátha a thagan air. É
mar a bheadh trí bhlátha singile ceangailte
d'á chéile, & dath geal buidhe ortha. Sa
churrach nó cois an tsrutháin 'fhásan an
Feileastrom & níl aon tseó ach a mhire
is a leathan sé é féin ar fuaid an chur-
raigh. I dtosach an tsamhraidh a thagan
an bláth air & bíon mar a bheadh máilín
tímpal an bhlátha go dtagan an lá chun
an bhreághthacht a thaisbeánt. Bainean an
Feileastrom preab as na comharsanaibh
& cuirean eud ortha lá na taisbeána.



Nuair imthighean an bláth fásan sparán
trom teann in a inead. Síol a bhíon sa
sparán san agus nuair a bhíon an síol
aibidh, eirighean an sparán dubh nó crón.
Áis mhór do fheirmeóiríbh an Feileastrom,
mar deinean sé ceann ana-mhaith ar
chruaich féir. Labhartar an ainm ar a lán
cuma mar atá — “Feileastrom, ‘Eileas-
trom,’ ‘Seilistring,’ &c.



Athair Talmhan.



Is deas bog mín an
bhileóg a bhíon ar an
Athair Talmhan (Achillea
Millefolium). A lán mionbhláth le chéile
is eadh an bláth, agus is mó dath & gné
datha a bhíon air. É bán de ghnáth, ach
an plannda is giorra dho san, bhféidir
gur bláth liathdhearg bheadh air. Is é áit
is deise in a bhfaca é 'ná i gceanntar
an Bhuirinn, i nDúithe gCais. Bíon gach
gné o bhán go dearg ar an Athair
Talmhan ansúd.



Is mór ag na beachaibh an tAthair
Talmhan mar tá flúirse meala ann.



Chonac fear i gCill Áirne (i mbliain
1908) 'á bhailiú, mar leigheas ar an
eitinn (galar scamhóg), agus dheineadh
Mr. Gibson a lán de'n leigheas san
do dhaoine bochta i gCathair Luimne.
Ní fheadar an bhfuil aonne ag freasdal
na mbocht ansúd ó cailleadh an deagh-
dhuine sin?



Minmhear.



Is ann is flúirsighe fhásan an
Minmhear (Conium Maculata)
in áiteanna i gcomhgar na
farraige. Tá a lán plannda den déanamh
céadna leis an Minmhear, ach aithneóghair
é sin i gcomhnaidhe ar na smóilíní dubh-
dhearga a bhíon ar an ngas agus bíon
an gas sleamhain.



Tá an Minmhear lán de nimh agus
seachnuighid na beithíg é, dá bhrí sin.
Dá mb'iad na gamhna féin, ní bhainfeadh
an méid sin dearmhaid dóibh agus baint
leis. Sin buntáiste atá ag an ainmhídhe,
de ghnáth, ar an nduine — aithnighean sé
an rud go mbíon an nimh ann agus ní
aithnighean an duine é! Sa tseanaimsir,
bás le nimh a thugaidís Gréagaig do lucht
tréasúin a dhéanamh, agus is í nimh a
bhíodh aca chuige 'ná nimh an Mhinmheara.
Braon de shugh na luibhe sin d'ól Socráid
Saoi nuair a daoradh chun báis é.
Labhratar ‘Milmhear’ agus ‘Muinmhear,”
leis.



Marbhdhraighean.



Cois claidhe no i gcomh-
gar fáil is eadh chífeá an
Marbhdhraighean, ‘Mara-
ghradhn’ (Agrimonia eupatoria). Ní maith
leis iomad fliuchra. Bíon gas righin air
& balath deas uaidh. Bíd na blátha go
mion. Iad mar a bheadh réilthíní beaga
buidhe. Bíon an Marbhdhraighean fé bhláth
ar feadh cúpla mí sa tsamhradh, mar
an túisce is fheóchan bláithín, oscailean
ceann eile amach. Comh-chuma dhó, agus
do bhláth an Droighneáin Duibh (Prunus
Communis) agus is de sin an ainm —
marbh-dhraighean, mar ní bhíon aon dealg
air.



Dála an Gharbhluis (Gallium Aparine),
cuirean an Marbh-dhraighean cách ag obair,
ag scaipeadh a chuid síl do. Tá crúicíní
chuige sin ag bun an bhlátha. Má scrúd-
uighir an bhileóg is mar seo atá: dhá
mhion-bhileóig ar aghaidh a chéile amach,
dhá cheann eile i bhfad níosa lugha ar
aghaidh a chéile amach, & don réir sin suas
& bileóg aonair mar cheann ar an sraith.
Is samhail do chleite a bheadh fliuch an
sagas san bileóige. An Ceallach, fear
bile 'gus bláth, i mBaile Bhéacháin a thug
an ainm dom (1910).



Seán Tóibín.



TOMHUS.



'Sna ciantaibh do bhíodh sprid á tais-
beáint féin & bhí tomhus aici. Chuirfeadh
sí ort é agus mara bhfuightheá freagra
thabhairt di marbhófaí tú ar an nóimint
dearg sin. Ach bhí fear sa chomharsanacht
agus ní bhfaghadh dada buadhchaint air &
na theannta soin ní chuirfeadh ‘madra,
diabhal ná píléar! eagla air. Chuir sé
púnt le fear eile go raghadh sé chun
cainnte léi. Iar dtuitim na h-oidhche
chuaidh sé fé dhéin an ghleanna mar a
raibh sí & ní turus i naistear a thug sé.
Tháinig sí roimhigh agus chuir sí an cheist
chuige.



“Coinneal agus coinnleóir ann agus
cá'il a leath-rann sin?”



“Cuileann a bhainsí um Shamhain,” ar
seisean. “Chuirfeadh sé ceann ar thigh.”



Cuir sí aríst í agus sé dubhairt sé
“Muileann idir dhá ghleann is é 'tuir-
riacadh thall is i bhfus.”



Chuir sí an cheist chuige aríst eile.



“Á ndéanfá-sa t'áithrighe i n-am,” ar
seisean. “Ní bheifeá i t'shamhailt anois.”



Dubhairt an scéalaidhe — “Sé do bhí
inneamhail di” & dar ndóigh ná raibh?



Cruachán.



'Tuirriacadh — i.e., imthigheann sé tháll is i bhfus.



Leabhair a Thaithnfidh
le Gaedhlaibh,



Idir leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla
le fághail uainn-ne.



Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i
SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH.



SRÁID ÍOCH. BHAGÓID, a 50,
BAILE-ÁTHA-CHLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



A Ghaedheala! Ceannuighidh
“ÉADACH NA DRUIPSIGHE”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaig na Druipsighe (Teo.)
Co. Chorcaighe.



An Ghramadach Ghaedhilge is fearr le fagháil.



CEACHTA
CAINNTE
GRAMADAIGHE



Tá na mílte ann, idir óg & aosta, idir
múinteóirí & scoláirí, go bhfuil eólas
cruinn ar an nGaedhilg aca i ndiu
de bharr na Gramadaighe sin.



Seaghán Ó Catháin do scríobh é.



224 LL.; Muíntear Ghuill, Áth Cliath; 2/6



CARABHATAÍ den PHOIPLÍN



ar gach dath is
ar gach gné datha.



Liam Ó hAimheirgín,
(‘W. Bergin’)
a dheinean do lucht siopaithe.



Scriobh ag triall air go



62 Sráid Ghrafton,
in Áth Cliath.



DÁNTA DIADHA GAEDHEAL.



Tá Cualucht Chuilm Cille, i Magh Nuadhat,
tréis cnuasacht bheag de Dhántaibh Diadha
do chuir in eagar idir cheol agus focail.
Ocht ndánta atá sa' leabhrín.



TÁ “ADESTE FIDÉLES” ANN.
“Tórna” do thionntuig.



Bu cheart do lucht ceoil gacha scoile is
gacha paróiste roinnt cóib de bheith aca.



Leath raol a fhiacha (3d.)
Dosaon cóib ar leath choróinn (2/6).



Ó Rúnaire Chualucht Chuilm Cille, Magh Nuadhat

ó Mh. H. Gill, i mBaile Átha Cliath.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí
cóiste gan ró-mhoill. Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.


L. 4


A Mhná Uaisle! is saoire (le
25%) a gheobha sibh na rudaí seo im
shiopa-sa 'ná in aon tsiopa eile sa
Mhumhain:
Blúsana, Gúnaí,
Carabhata, Hataí

Casóga Clúimh.
Tá luach gacha ruda scríte go soiléir
air. Glaodhaíg chugam nó scríobhaíg.
GEARÓID DE BARRA,
Sráid Phádraig N. a 77, CORCAIGH.



RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.



Rásúr “Cosanta”



ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a' bpost.



MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.
SNAOIS CHORCAIGHE
ar dtúis agus atá 'á déanamh
i gcómhhnaidhe.



TOBAC CÚMHRA



an dá shórt so —



“Exhibition Roll” agus
“Shandon Plug.”



Má theastuighean uait aon tobac nó
saigréidí do chur chun aonne atá sa
chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó
cháin, ach leath phúnt, ar a luighead,
bheith sa' bheairtín idir thobac is saigréidí.



LAMBKIN BROS.,
9 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.
Gheobhair deaghmhargadh
uaim-se i gcomhnaidhe.



TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
fad-sa an postas ar cheithre púint de.



PLÚR Gaedhlach.



MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min
bhuidhe.



SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas.



SEÁN MAC CURTÁIN,



SRÁID A' tSEANDÚNA, CORCAIGH.



An Lóchrann.
Páipéar don Ghaedhealtacht.
Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh
an Fear Gnótha.
An Seabhac, Daingean Uí Chúise,
an Fear Eagair.
Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain.
Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain.



Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.



Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
&c., do chur.
Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath
Na Díoltóirí.



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.
Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



Scríobhnóirí Óga.
Is dócha gur toisc laetheannta saoire
bheith agaibh nár scríbh ach triúr agaibh
chugham le tamall maith. Sid iad an
triúr:
Eibhlín Bhodhlaorach, Scoil Liospóil,
Corcadhuibhne.
Sinéad Ní Lubhaing, Scoil Cheann-
trágha, Corcadhuibhne.
Eibhlín Ní Chríodáin, Clochar na
Trócaire, Caisleán Nua.
I bpáirt na coda eile 'gaibh, ba
mhithid fuadar a theacht fúibh arís. Ba
mhaith dhaoibh (agus uaibh) dá ndeineadh
sibh aithris ar Bhrighid Stac so 'gainne.
Nach breagh slachtmhar an scríobhnóir
Gaedhilge í & nach taithneamhach, inléighte
an “Cúntas Cinn Lae” é seo ar siubhal
sa “Lóchrann” aici. Ní fada go gcuir-
feamh amach na leabhar é.
Garsún a bhí 'á cheistiúchán ag sagart
i dtaobh laetheanta trosgaidh. “Ní cead-
uighthe dhúinn aon fheóil a chaitheamh lá
trosgaidh, a Sheáinín, ach a' neosfaidh tú
dhom cad é an sórd éisg ba cheart a
chaitheamh lá trosgaidh?”
Do dhein Seáinín machtnamh ar feadh
tamaill. “Ar ndóigh, 'sé an trosg ba
cheart dhúinn a chaitheamh lá trosgaidh, a
Athair,” ar seisean.
Níor cheistig an sagart a thuille é.
An Fiach Dubh.
Do THIOMARGA EOLAIS anso.
Liam Ó Guagáin, in Iolscoil na h Éireann
in Áth Cliath, atá ag bailiú focal a bhainean
le ceárduigheacht agus bu mhaith leis cabhair
lucht léighte AN LÓCHRAINN a bheith aige.
Má tá aon fhocail agat, a léightheóir, a
chara, cuir chun Liam iad, led thoil. Téar-
maí a bhainean leis na ceárdaibh seo atá
uaidh: Saoirseacht adhmaid, saoirseacht
cloiche is slinne, ceárduigheacht luaidhe
is iarainn, déanamh na long is déanamh
cliabh is ciseán, dathadóireacht lí-dheálbhacht
is plástracht.
An Gobán Saor.
PÓSADH DOB FHEÁRR LIOM NÁ
BACFAINN É.
Fonn: “An seana-phort Gaedhlach.”
I.
Is me fiche éigin bliain nó anaice leis,
Shamhluigheas gur mhaith an rud pósadh,
Ach bheartuigheas go ciallmhar am aigne,
Ná bacfainn aon toice comónta.
Bhí cailín beag deas ar aon bhaile liom,
Bhí sí acfuinneach, lapanta, córach,
Ach nuair ná raibh péarlaí na cluasaibh agus
hata uirthi —
Cheapas go raibh sí comónta.



Pósadh dob' fhearr liom ná bacfainn é,
B'fheárr liom ná bacfainn a' pósadh,
Sé d'fhág me gan eudach, gan airgead,
'S is rud é atá ana chomónta.
II.
Ní raibh baile sa pharróisde gan cailín deas,
Bhí seisear i mbaile nó dhó acu,
B'fhuruisde ceann maith a dh'fhághail eatortha,
Ach gur shiligheas go rabhdar comónta.
Annsan d'imthigheas chun Corcaighe lá Sathairn
Agus rugas cúig phúint liom am póca,
Mar shamhluigheas gur annsúd do gheóbhainn
cailín maith
Ná beadh ar aon mhodh comónta.



Pósadh dob' fhearr liom, &rl.



III.
An chéad lána i gCorcaig gur casadh me,
Chonnac sgiúirse de chailín bhreágh óg ann,
Bhí péarlaí na cluasaibh agus hata uirthi,
Agus shíligheas ná raibh sise comónta.
Do leanas an ainnir go fonnmhar,
Do ghaibh sí trí mórán mhór póirsí,
Nó gur stad sí i dtigh mhór i lán 'dhorcha —
Is ba dhóigh leat nár'bh' aon tig comónt' é.



Pósadh dob' fhearr liom, &rl.



IV.
Annsan chuir sí ar chathaoir go socair me,
Agus d'fhiafruigh sí dhíom a rabhas pósta,
Go bpósfadh sí féin me go fonnmhar,
Mar gur thuig sí ná rabhas-sa comónta
Nuair a dubhart léi ná rabhas, do chuir
teachtaire
Chun a' tsagairt a theacht chun ár bpósta,
Is ní fheadar an domhan má ba shagart é,
Cé gur dhóigh leat nár dhuine comónt' é.



Pósadh dob' fhearr liom, &rl.



V.
Ach istoidhche do líon a tigh d'fhearaibh ann
Bhí preabairí críonna 'gus 'óg' ann
Bhí duine acu d'fhéach ana mhalluighthe
Agus ghlaoidhaigh sé orm, ‘spailpín comónta’
Annsan d'fhiafruigh sé arís díom go feargach
A b'í a bhean féin a dheineas-sa phósadh
Agus thug sé na móide go dtachtfadh me,
Ná raibh ionnam ach dailtín comónta.



Pósadh dob' fhearr liom, &rl.



VI.
Annsan ghreamuigh me triúr díobh nó ceath-
rar,
Is baineadh díom idir casóg is bróga,
Bhí mo bhean pósda ag gáiridhe is ag magadh
fúm
Agus dubhart leo gur bh'obair comónta' í
Annsan fuaireadar leithead mór garbh dom
Ceangaladh díom é le córda,
Is nuair caitheadh amach ar a' bhfleaige me
Is dócha gur fhéachas comónta.



Pósadh dob' fhearr liom, &rl.



Ó Thadhg Ua Conchubhair,
Lios Póil.



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 5


Cúnntas Cinn Lae.
(Ar leanamhaint).



Brighid Stac do scríobh.
BEALTAINE.



Déardaoin (17). — Bhí an lá indiu go
breagh agus bhí ceól aoibhinn na n-éun
san aer mór dtímcheall. D'eirigheas moch
& níorbh fhada go raibh sguaithne againn
ag cur dínn ar sgoil mar is baile mór
fairsing Árd-na-Caithne agus tá a lán
leanbhaí ag dul ar sgoil as. Tá sé mar
bhéas againn gabháil an cómhgar suas a'
gort & bítear ár gcosg mar is geall
leis an “nDream Aerach” sinn ag cur
na gclathach dínn agus 'á leagadh. Ach
go h-áirighthe bhí an t-ádh orm féin ar
maidin agus níor ghabhas an tslighe sin.
Ghaibh an chuid eile ann ámhthach agus
b'fhearra dhóibh ná geóbhaidís mar bhí fear
a' ghuirt laistigh de'n gclaidhe agus a
leithéid sin do thraochadh ní fhuaireadar
riamh. Bhí na rudaí beaga ag sgreadaigh
& níor mhaith an chuma a bhí ortha nuair
thánadar suas liomsa. Bhí mo chliatháin
ag pléasgadh lé gáirí fútha. “Cad dubh-
airt sé libh, a Phrónsias?” arsa mise lé
ceann do's na cailíníbh beaga. “I'll mow
ye down like the Germans!” ar sise.



Dé hAoine (18). — Chaitheas an lá indiu
ar nós gach lae eile. Níor thuit aon ní
greannmhar amach indiu ach go deimhin
fuaireas freagra ana-ghreannmhar ó chailín
beag. D'fhiafruigheas di — “Cé h-iad ár
sínnsear?” mar tháinig an focal san
isteach san Aithriseóireacht a bhíodar ag
rádh — “Na diabhail,” ar sise. Níorbh
fheárr liom rud adéarfadh sí mar bhain
sí gáire mór maith as an mbuidhin bhig
agus “is feárrde dhe'n saoghal gáirí
na leanbh,” fé mar deir seana-Mhicheál,
“beidh cúis goil luath a ndóithin aca.”



Dé Sathairn (19). Tá an lá caithte
agus mórán oibre déanta mar is ceart.
Bhíos ag obair istigh ó mhaidin agus chuas
suas ar an gcnoc tráthnóna. Bhí an
fhairrge 'na braitlín gloine gan glór
ná fuadar ná buille ach ní raibh aon
naomhóg ar a druim mar ní théighid amach
in aon chor tráthnóna Dé Sathairn. Bhí
Dún-an-Óir uaim síos agus Caisleán
Phiaruis uaim siar, Cnoc Bhréanainn soir
thuaidh agus Cruach Mhárthain ar m'aghaidh
anonn. Go deimhin féin is cáileamhail é
an dúthaig seo againn-ne, agus i dtaobh
sláinteamhlachta dho — is dóigh liom ná
fuil áit eile chomh h-aerach foláin.
D'fhanas ar an gnoc go raibh sgáil na
h-oidhche ag teacht agus na h-uain bheaga
& na caoire ag luighe fé's na clochaibh
móra. Do stad glór na gcuileann san
aer agus chuaidh éanlaighthe na spéire i
bhfeidhil chodhlata dóibh féin & d'fhilleas-
sa, leis, abhaile.



Dé Domhnaigh (20). — Dul go dtí an
Aifrionn an príomh obair a dheineas indiu
agus ag teacht ó'n Aifrionn dom féin
agus dom' chomrádaithibh thánamair suas
lé beirt fhear ó'n mbaile a bhí ag cur
síos ar aonach an lae indé, agus d'fhan-
amair 'na ndiaidh aniar ag éisteacht leó.
“Mhaise, a Sheáin,” arsa duine aca, “an
bhfuairis fiacha an tobac féin ar do
sheana reithe?”



“B'fhéidir,” arsa Tadhg, “go ndéanfadh
an méid a fuaireas air siúicre na seacht-
aine do Mháire!”



“Och Dia linn!” arsa Seán, “bí an
donas air.”



“Mhaise, dob' fhuiriste dho bheith níos
fearr ná an stolaire bó a bhí agatsa,”
arsa Tadhg. Chromamair ar gháiridhe &
baineadh geit asta nuair a chualadar
sinn. “Ná'r leig' an saoghal dúinn
sibh,” arsa Tadhg, “má's sibhse atá an-
san, is dócha gur ar an bpáipéar a
chífear mo chainnt sara fada fé mar bhí
sgéal mo “sheana lady” cheana agaibh.
Baineadh leathadh as mo shúilibh agus ar
mo bhéal nuair léig Pádruig amach as
an bpáipéar dham é; ach tá's ag Fiadh
ná bead-sa ag foidhneamh libh níosa shia.”
Is amhlaidh a bhí Tadhg ag díol bó ar
aonach a' Daingin lá agus d'fhiafruigh an
ceannuightheóir de — “what do you want
for th' oul' lady?” Bhí fearg ar Thadhg.
Mise chuir an scéal go dtí an “Lóch-
rann” agus leig Tadhg air go raibh
fearg air chugham-sa.



Dé Luain (21). — Chuamair ar sgoil &
chaitheamair an lá go sólásach. Bhí caith-
eamh aimsire ana-dheas againn lár a'
lae — ‘Cleasa géag is corp’ nó drill.
Bhí slis ‘club’ ins gach láimh againn —
chuir an mháistreás fios ortha so dhúinn
agus bhí cailín ag seinm cheóil & sinn-ne
ag oibriú na maidí go tiugh nó go mall
do réir an cheóil agus do réir mar
a teasbántaí dhúinn. Bhíomair go lúth-
gháireach ach bhí áthas eile in ár gcómhair
mar níorbh fhada a bhí glaoidhte isteach
orainn nuair a tháinig an sagart chun
ár bpeictiúirí a dhéanamh. Bhíomair go
h-áthasach & seo cúigear, seisear againn
ag breith stólanna amach lastuas do'n
sgoil. Deineadh na rudaí beaga ar
dtúis agus thóg sé ádhbhar aimsire iad
a shocrú i gceart. Fé dheire chaith an
bhuidhean mhór dul amach agus bhí sult is
gáirí againn ach dheineamair iarracht ar
na gáirí do chosg faid a bhí sé 'ár
ngrafadh. Thóg é na máighistreásaí ar
deire agus ba dhóbair go bpléasfadh na
rudaí beaga nuair a chonnacadar iad
san ag suidhe ar an stól, bhí an oiread
san gáiridhe ortha. Is fada linn anois
go bhfeicfeam na peictiúirí agus táimíd
go h-ana-bhuidheach de'n tsagart a thug
lá chómh sultmhar dúinn.



Dé Máirt (22). — Ag dul ar sgoil
dúinn indiu bhí spórt ar feadh tamaill
againn ar an nduímhch mar dúbhramair lé
chéile an lá roimis sin go bhfágfaimís
an tig beagán níos luaithe ná mar is
gnáthach d'fhonn tamaill suilt do bheith
againn nuair bheadh maidean bhreagh ann.
Chaith gach aoinne dhi a brat 'sa mála bhí
rith agus rás againn ach b'éigean dúinn
éirghe as i gcionn tamall agus dul
fé dhéin na sgoile. I ngiorracht cúpla
rámhan do'n sgoil do sgread ceann do's
na rudaíbh beaga go raibh a mála caillte.



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —
I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG
Scríobh chuige.



MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT



Led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a
dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh-
air na rudaí seo & iad go maith:



Bróga is Stocaí,
Léinte is Guaileáin,
Lámhainní is Bónaí.



T. Ó LOCHLAINN,
19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH.



BRONNTAISÍ
NODLAG!



FÁINNÍ is ÓRNÁIDÍ.



M. DE RÓISTE,
60 Sráid Phádraig N., CORCAIGH.
Scríobh chuige, nó glaodhaig.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid
TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,
ó
MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & A Chua.,



2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.



TÁILLIÚREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i n-Éirinn.
Ó GLASÁIN IS A CHUA.,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 6


Tá le fagháil uainn-ne
BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID
den déanamh Ceilteach agus marc
earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca.



Tá ÁTRAIGHE ÓIR is
ÁTHRAIGHE AIRGID
mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha
dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá
an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca.



Scríobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair
agus an luachliosta.



LIAM MAC AODHGÁIN & a CHL.-MHAC TEO.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid



Gaedhil: sa tSIOPA BAGÚIN



… atá ag …



TOMÁS Ó MURCHADHA,
(‘T. J. Murphy’)



111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH,



ar aghaidh Árdoifige an Phuist anonn.



Ceannuigh do chuid
leighis,
i SIOPA AN BHÚRCAIGH
.i. Tig na cúinne, idir
SHRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA &
SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE,
I gCORCAIGH.



Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean
a ngnó agus a dheinean
go cruinn é.



Le
Máire Ní Raghallaigh



An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair
is Tobac ann don Ghaedhilgeoir:
UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87
i mBAILE ÁTHA CLIATH.



LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA
GAEDHILGE



Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim.



Trí leath-phinginní (1½d.) fiacha gacha leabhair díobh.
Dosaen saor tríd a bpost ar Trí Réalacha (1/6).



1. “Laethanta Geala” (Kerry School-
girl's Diary).



2. “Cosa Buidhe Árda” (Easy Songs
to Catchy Tunes).



3. “Sean-Amhráin na Mumhan.”



4. “Déanamh an Chleamhnais” (Short
Dramatic Sketch).



Leanfar de'n sraith so leabhar má gheibhtear céad
(100) duine a chuirfidh síos a n-ainmneacha i gcóir
dosaein de gach ceann & chuirfidh na fiacha 1/6
chughainn chomh luath is tagann na leabhair chúcha
gach tráth. AN mBEIR-SE AR A gCÉAD SO?



Scríobh go dtí FIONÁN MAC COLUIM,
Cillorglan, Ciarraighe.



aici. Chrom sí ar ghol go fuidheach agus
cad na thaobh ná déanfadh “dar ndóigh,
bhí leath-raol istigh i mboiscín ann chun
leabhair do cheannach!” Níorbh fhéidir í
chur 'na h-éisteacht & d'fhill sí thar nais
agus cailín beag eile lé na cois agus
ní ar sgoil a thánadar an lá san.



Ag teacht abhaile tráthnóna ní raibh
aon ní ar siubhal againn ach an bheirt
a chas abhaile, ach cad a phreabfadh amach
as an móinfhéar ar thaobh an bhóthair ach
an bheirt agus a súile dearg ó bheith ag
gol. D'innseadar an sgéal tríd síos.
Fuaireadar an mála i gcionn abhfad &
níor bh'ail leó dul ar sgoil mar cheap-
adar go raibh sé ró dhéanach & bhí eagla
ortha casadh abhaile mar gheóbhaidís an
bata. Is fada a chuimhneóchaidh siad ar
sgéal an mhála, na créatúirí, agus an
lá fada samhraidh a chaitheadar ag gol
sa mhóinfhéar!



Dé Céadaoin (23). — Níor thuit aon nídh
greannmhar amach indiu ach a bhfuil fhios
agaibh cad tá i mbéal gach aoinne indiu?
Easba siúicre. Tá formhór na dtighthe
ar an mbaile seo gan aon tsiúicre &
gan é lé fagháil in aon áit. Nách dona
an sgéal é! Caithfear fuath a thabhairt
do'n dtae anois & ní thaithnigheann san
linn, rud nách orainn.



Déardaoin (24). — Is moch ar maidin a
bhí beirt seana-bhan ó'n mbaile chúgham
isteach ag cur fios ar shiúicre liom.
Dúbhradar a iarraidh ar bhean a' tsiopa
“aon phúnt amháin féin, ar son Dé; a
thabhairt dúinn.” Ag teacht ó sgoil dam
tráthnóna chuas go dtí'n siopa agus
d'inniseas do'n siopadóir an cruatan
na raibh na seana-mhná bochta agus cé
gur dheacair léi iad d'eiteach ní fhéad-
fadh sí oiread is dhéanfadh cupán tae a
thabhairt dóibh & is iad a bhí go cráidhte
nuair a thána chúcha lé na gcuid airgid
arís.
(Tuille le Teacht.)



GIOTAÍ.
Leag ar an gclaidhe duailín lín, mairfidh
sé trí bhliana.



Trí dhuailín lín, aois madaidh.
Trí aois madaidh, aois capaill,
Trí aois capaill, aois fir
Trí aois fir, aois fiadha
Trí aois fiadha, aois iolair
Trí aois iolair, aois eitrighe
Trí aois eitrighe, aois crainn iubhair
Trí chrainn iubhair, a mhairfeadh ó thús
Go deireadh an domhain.



Nuair a shuidh an Fhiann i gCruimlinn,
bhí dhá theach deug ann & dhá theine deug
is gach teach agus céad in aghaidh gach
teaghlaigh.



S. Mac Eoinín, Connachtach,
a dubhairt linn.



GNÍOMH É SEO:
Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a
bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” & cuir i
n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís
an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn.



PÓRTIA
GONA A LEANNÁNAIBH.



Sliocht de'n dráma len a abarthar An Ceannaidhe
ó Bhenásia — “The Merchant of Venice” le
Uilliam Séicspéir, fear béarla.



D'fhág athair Phórtia le huadhacht gan ise do phósadh
duine ar bith ach an t-é thoghfadh an cófrín ceart de
thrí chófríní. An t-é thabharfadh fén dtoghadh bheadh
air bheith sásta leis an gcoinghíll a ghaibh leis .i. gan
pósadh go deo mura dtoghadh sé an cófrin ceart —
an cóifrín a bhronnfadh air Pórtia agus a cuid spré.



Pórtia. — Mo fhocal duit, a Nerisa,
ach go bhfuilim cortha den tsaoghal!



Nerisa. — Bheifeá leis, a óigbhean — dá
mbeadh oiread den aindise ort & atá
den rath; ach dar ndó, chomh h-olc bás
le breis is bás den ghonta! Dom dhóigh
féin, ba mhór an ní do dhuine bheith
eadartha istigh — idir lucht na raidhse &
lucht an dealbhais. Is luaithe thagan
liathadh ar mhuíntir na flúirse 'ná ar
an muíntir 'bhfuil déanamh-a-ngnó de
mhaitheasaí an tsaoghail aca.



Pórtia. — Agat atá an chaint a bhfuil
deabhramh léi!



Nerisa. — Bfhearr í, daoine 'á creid-
eamhaint agus go ndéanfaidís dá réir.



Pórtia. — Is fearr mar a thuiange
daoine feabhas na comhairle 'ná mar a
thuigid conas an chomhairle chur i bhfeidhm.
Dá bhféadtaí déanamh d'réir comhairle i
gcomhnaighe, bheadh pálás in inead botháin
ag an uile dhuine bocht. Maith an teag-
ascthóir a dheinean d'réir a theagaisc
féin! B'fhuiriste dhómhsa comhairle a
thabhairt do dhathad duine 'ná mé féin
do dhéanamh d'réir na comhairle sin.



Bíon an inchinn ag ceapadh comhairle
don fhuil, ach nuair a thagan an fhearg,
ní chuimhnighean an fhuil ar aon bhlúire
de chomhairle an lae roimis sin. Giorr-
fiadh is eadh an óige agus téidhean de
léim thar an leac-ar-tingeal a dheinean
an seana-fhiagaidhe — an stuaim.



Ach ní chabhróghaidh an chaint seo liomsa
chun fear chéile a thoghadh, ach, dar nó,
níl togha 'ná rogha sa scéal agamsa!
Níl cead agam glacadh leis an t-é thaith-
nean liom 'ná cead agam diúltadh don
t-é ná taithnean. Inghean in a beathaidh
is a h-athair fén bhfód agus toil na
h-inghine sin dá cosc ag toil an athar
úd! Is bocht an scéal agam é — gan
cead glactha 'ná cead diúltha agam!



Nerisa. — Duine maith riamh ab eadh
t'athair agus is minic a thagan smaoin-
eamh maith ciallmhar dá leithéid roim
bás dó. An cranncur so na dtrí
gcófríní — cófrín óir is cóifrín airgid
is cófrín luadha — a cheap sé dhuitse ní
baoghal ná go raghaidh chun tairbhe dhuit.
Ní thoghfaidh aonne an cófrín ceart ach
an t-é bhfuil geala ghrádh aige dhuit.
Níl blúire dá mhearthail sin orm. Ach,
cad é do mheas ar na leanánaibh seo
atá at' iaraidh mar mhnaoi chéile?



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


Pórtia. — Abair leat iad in a nduine
is in a nduine, & cloisfir mo thuairim-
se do gach n-aon díobh. Féadfair féin
éirim do bhaint as an dtuairim ansan.



Nerisa. — Seadh, má's eadh! Cad is
dóigh leat don phrionnsa Napólach úd?



Pórtia. — Tá bramach ansan agat!
Níor thrácht sé sin riamh ar aon rud
ach ar an gcapall san aige, agus mar
mhaoidheamh aige gurab é féin a dheinean
gaibhneacht do!



Nerisa. — Agus cad deirir le Cúnt
an Pháláis?



Pórtia. — Is gruamach an duine é sin.
Bíon mallaí de shíor air. Ba dhóigh
leat air gurab port a bhíon aige 'ná:
“Glac liom nó ná glac — is ró-chuma
liom!” Scéalta suilt, ní bhainid gáire
as. Bhus oighre ar Eireaclítus, fear
cáinte is fear caointe ná slógh, fós
é! Tá iomad den dúire ann, mar le
fear óg. B'fhearra liom bheith pósta ag
cléiteach nó ag plaosc-gona-dhá chnámh
'ná ag éinne den dís sin. Dia dom
chúmhdach ortha araon!



Nerisa. — Cad is dóigh leat don tigh-
earna Franncach, Monsieur Le Bon?



Pórtia. — Ós é Dia a rinne, abraimís
gur fear é! Tuigim nách ceart dom
bheith ag fonóid. Tuigim gur peaca an
magadh — ach maidir leis an nduine sin, is
measa de fhear capall é ná an Napólach
úd! agus is measa chun mallaí feirge
é 'ná an Cúnt. Tá tréithe fiche fear
sa duine sin! Má dheinean an smólach
siolla ceoil, siúd ag rinnce é; agus do
throidfeadh sé len a scáil féin! Céile
is fiche bheadh agam dá bpósainn an
duine sin! Do mhaithfinn dó dá dtugadh
sé tarcuisne dhom, ach dá dtugadh sé
grádh iomlán a chroidhe dhom, ní dhéan-
fainn aon chúiteamh ann leis.



Nerisa. — Agus cad deirir le Falcon-
bridge, an barún óg ó Shasana?



Pórtia. — Ní abraim aon ní leis, mar
is eol duit. Ní thuigimse é is ní
thuigean sé me. Níl Laidean aige 'ná
Frainncis 'ná Iodáilis & tá fhios agatsa,
luighead mo chuidse den Bhéarla. Is
dathamhail an duine é — ach cia an mhaith
bheith ag caint le balbhán? Agus is ait
liom ar fad a chuid éadaig — ón Iodáil
a tháinig an chasóg san aige, ón bhFrainnc
a tháinig a leathantriús, tháinig a bháiréad
ón nGearmáin agus a chuid béas o gach
áird den domhan mhór!



Nerisa. — Agus cad is dóigh leat don
mhórmhaor Albanach?



Pórtia. — Gur duine é 'bhfuil foighne
ró mhór aige agus grádh dá chomharsain
in a chroidhe istig. Bhuail an Sasanach
dorn fén gcluais air agus in ionad é
aisíoc leis lom láithreach is amhla gheall
sé go ndéanfadh sé fós é agus dhein se
margadh leis an bhFranncach, fé ainm is
fé sheula, go mbeadh cabhair an Fhrainnc-
aigh aige chuige!!



Nerisa. — Conas a thaithnean an Gear-
mánach óg úd leat?



Pórtia. — Go h-olc ar maidin, tráth
bhíon a chiall aige agus go rí-olc um
thráthnóna nuair a bhíon sé ar meisce.
An tráth is fearr é, ní measa 'ná cách
é & an tráth is measa é, ní fearr puinn
'ná ainmhidhe é. An greim is chruadha dá
mbéarfaidh go deo orm, bfhearra liom
bheith in eughmais siúd, 'ná bheith ag brath
ar a chiall ar a chabhair 'ná ar a chomhairle!



Nerisa. — Ach má thoilighean sé tabhairt
fen dtoghadh & más é an cófrín ceart
a aimsighean, ní fhéadfair diúlta dho.



Pórtia. — Má's eadh — agus ar eagla
na h-eagla, cuir-se gloine den bhfíon
Ríneach ar an gcófrín gan rath, & dá
mbé an deamhan féin bheadh sa chófrín
sin do thoghfadh sé siúd é ar son an
ghloine fíona san! Ba dhona an scéal
agam é, bheith pósta ag súghachán gur
measa é 'ná sponga!



Nerisa. — Ní baoghal duit aonne dhíobh
san, a óigbhean uasal. Tá curtha in iúl
aca dhomha go bhfuil socair aca filleadh
abhaile agus gan a thuille cur-isteach a
dhéanamh orainn anso ma taoi-se chun
leanamhaint de sna riaghlacha a dhein
d'athair i dtaobh na dtrí gcófríní.



Pórtia. — Má mhairim beo chomh fada le
Sibilla, bás maighdine a gheobhadh, dála
Dhiana, sara bpósad ar aon chuma eile
ach d'réir mar órduigh m'athair dom. Is
breágh liom iad súd a bheith ag bailiú
leo. Is mór an ní an méid sin tuig-
siona bheith ionnta! I bhfad uaim is
fearra liom iad agus go mbuadha' Dia
siar is óthuaidh leó!



Nerisa. — Ní fheadar, óigbhean uasal, an
cuimhin leat fear léigheanta airm a tháinig
anso tráth i dteannta Mharcusa De Mont-
ferrat?



Pórtia. — Iseadh, 'seadh! is cuimhin liom.
Basánó ab ainm do, is dóigh liom.



Nerisa. — Dob eadh, a bhean uasal, agus
dá bhfaca-sa am' shúilibh cinn d'fhearaibh
breághtha riamh b'é b'oireamhnaighe mar
chéile do mhnaoi uasail!



Pórtia. — Is maith is cuimhin liom é agus
ní miste é mholadh!



Fear Freasdail (do theacht isteach). —
Tá an seisear duine uasal úd chun slán
fhágaint agat, a óigbhean uasal; agus tá
scéala t'réis teacht ó dhuine uasal eile
— Mac Rí Mhorocó. Beidh sé anso anocht,
adeir sé.



Pórtia. — Dá bhféadainn fáiltiú roimis
sin leis an oiread san tola & a chuirim
beanacht leó so, ba mhait é a theacht …
Seo leat, a Nerisa — bogaimís linn. Ní
túisce an geata amach do chuid aca so
'ná siúd chúgainn isteach duine eile aca!
Seán Tóibín.



Scáth ó'n nGréin,



nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.



TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Teo.,
(‘H. JOHNSTON,’)



Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na húmaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.
"Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces'
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
"Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Calaphort an Phápa, Corcaigh.



CHÓMH -BLASTA LE h-AON -ÍM!



MARGAIRÍN
“LEANDAR”



Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag
Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA
Agus a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX IS A CHLANN MHAC (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolas —
SÉAMUS Ó NÉILL
IS A CHLANN MHAC (Teo.),
CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh i Luimnigh.


L. 8


GACH CÓIR SCOILE!
TÁ AGAINN-NE
LEABHAIR don LEABHARLAINN
agus
LEABHAIR mar DHUAISEANNA.



Scríobh chugainn ar lorg eolais:
MUINNTIR FHALLAMHAIN
(Fallon Bros. Ltd.)
Cúirt Dáma a 13 & a 14,
in ÁTH CLIATH.
Smithfield a 88, i mBealfeirste.
Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.




SCÉALUIDHEACHT-GAN-
SRAÍNNG



d'á múineadh
ag togha na múinteóirí



I SCOIL UÍ SHÚILEABHÁIN
sa ‘Mhardíog,’
I gCORCAIGH.



Is í an scoil is mó cáil agus
is fearr cóir i n-Éirinn.



Múintear
SRANNG-SCÉALUIDHEACHT



ann do chailiní, i gcóir Oifige
an Phuist, sa ló nó istoidhche.



Scríobh chun an Árd-Oide.



ó
CHOMPLUCHT DONOBHÁIN,
I dTRÁIGHLÍ,



a gheobhair an deaghmhargadh, má
bhíon aon rud mar iad so uait



TROSCÁN TIGHE,
ÁRAISTÍ BÚIRD,
ÁTHRAIGHE STÁIN is IARAINN.
GUAL, AOL,
BRÍCÍ, “TÁTHÁN” (Cement),
agus gach cóir eile oirean DO LUCHT
TÓGÁLA TEACH.



An Mhin Choirce is fearr blas agus is
mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA



MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean,
I MAGHCHROMTHA.



Scríobh chuige.



DO BHEATHA 'S DO SHLÁINTE
ANSO.



II. — FUITHIN.



(Ar leanamhaint).



Is beag duine a mbíonn caoi aige ar
a thigh féin a thógáil ón dtalamh díreach
mar ba mhaith leis é bheith. Caitheann
ár nurmhór, agus go mór mhór an chuid
againn atá ins na bailtibh, bheith sásta
le tigh ar chíos; agus is minic ar an
gcuma san féin ná bíonn ár rogha tighe
againn, ach glacadh le h-aon sórt tighe
bhíonn le fagháil. Mar sin féin, tá sé
ar a chumas ag an uile dhuine mórán
a dhéanamh chun slacht & deise a chur
ar a thigh & é chur ó bheith n-a dhíobháil
sláinte do'n dream a chomhnuigheann ann.
Is fusa tigh a dhéanamh ar an tuaith ná
ar an mbaile mór, mar is mó rud bhíonn
ag teastáil ó thigh sa mbaile mór ná
bíonn ó thigh na tuaithe i n-éan chor. Is
deacair slighe do thighthibh d'fhagháil ar an
mbaile mór agus dá bhrigh sin bíd siad
brúighte ar a chéile. Tá aer agus solus
fairsing ar an dtuaith ach is minic gur
deacair iad d'fhagháil ins an gcathair.
Ar an dtuaith is fuiris bhásta & salachar
a chur ó bheith n-a gconntabhairt sláinte
do lucht an tighe, ach is an-dheacair é
sin a dhéanamh ar an mbaile mór. Tá
aer na cathrach lán de nimh, agus ní
fhéadfadh daoine maireachtain ann gan
bheith ag síor-choimheascar leis an nimh
sin. Leis an síor-choimheascar féin ní
cuirtear fé chois é. Marbhuigheann an
chathair na daoine. Is í an tuath a choth-
uigheann an chathair le daoine agus is
anamh a chífá ar an gcathair mac mic
an chéad dhuine tháinig ann ó'n dtuaith.
An méid díobh ná marbhuigheann an
chathair casaidh ar an dtuaith arís nó
imthighid go dtí tíorthaibh iasachta. Is
mó gléas a theastuigheann ó thig cath-
arach chun an nimh go léir do choim-
eád amach ó sna daoinibh, agus ní bhíonn
na gléasa san ó thigh na tuaithe i n-éan
chor.



Ní h-é an saghas céadna tighe bhíonn
ó mhuinntir na hÉireann agus ó mhuinn-
tir Shasana agus n-a dhiaig sin is ar
mhuinntir Shasana is mó bhímíd ag aithris
ag déanamh tighe dhúinn. Mar ní h-í an
aigne chéadna tá ag Gaedhil agus ag
Sasanaig ná ní h-é an saoghal céadna
is maith leo ná bhí aca riamh.



Agus tá sé tabhratha fé ndeara ag
a lán ó'n uair a chaithid Gaedhil uatha
an saghas tighe be ghnáth leo bheith aca,
agus ó'n uair a ghlacaid an saghas tighe
bhíonn ag Sasanaig go dtosnuighid ar a
dtréithibh féin do thréigeann & claoidhe
le béasa na Sasanach. Agus ní dóigh
liom go n-abróchadh aoinne gur maith é
sin.
(Tuille le teacht).
Peig.



Má tá
TRUCAIL, CÁRR nó CÓISTE
uait,
Nó deisiú le déanamh
ar rothaí, &c., &c.,



Scríobh nó glaodhaig chugainn-ne:



C. Ó CONAILL agus a Chualucht,
SRÁID LIADROM,
CORCAIGH.



Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
do mhúineadh:



“Scéalta don Aos Óg,” 2d.
“Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½., 3½d., 4½d.
“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6



Gaedhil a bhfuil Trácht ortha:



Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Uolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.



LEABHAIR IAD SO A THAITHNFIDH LEAT — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —



Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:



“The Educational Co. of Ireland,”
89 Sráid Talbóid, Áth Cliath.



BÍODH PÍOPA MAITH
GAEDHLACH AGAT.



Tá …



PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR



Le ceannach i ngach siopa tobac.



Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —



CAPP & MAC PEADAIR Teo.



FAICHE SHAIN STIABHNA,
ÁTH CLIATH.



Má léighir Béarla,
LÉIGH LEABHAIR MHAITHE.



“Poets and Poetry of Munster,” by James Clar-
ence Mangan; 3/- agus postas 4d.
Tá Béarla is Gaedhilg ann.
“Knocknagow,” by C. J. Kickham; 4/- agus
postas 5d.
“In dark and Evil Days,” by F. Sheehy-Skeffing-
ton; 3/6 agus postas 5d.
“The Red Spy,” by D. M. Lenihan; scéal ar
cogadh Gaedhal ar son tailimh is treabhachais
é sin; 3/6 agus postas 5d.
“Convict No. 25,” by James Murphy; scéal ar
ruagairt Ghaedhal ó thalamh na Midhe; 3/6 &
postas 5d.
Scríobh ar lorg liosta agus tuille eolais.



SÉAMUS Ó DUBHTHAIGH & A CHUA.,
Sráid Westmoreland a' 38, ÁTH CLIATH.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.




















19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services