Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Meadhon Foghmhair, 1917
Title
Meadhon Foghmhair, 1917
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1917
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. 18. MEADHON FOGHMHAIR, 1917. Pinginn a Fhiacha. LUIBH EOLAS. Tá áilneacht ar gach taobh dínn fan gacha bóthair. Má tá an radharc ceart againn chífeam áilneacht fé gach tor is ar fuaid gacha páirce. An Caisearbhán. Amach as an bpréimh is eadh fhásan bileóga an Chaisearbháin (taraxacum officinalis) agus ní bhíon de ghas ar an luibh ach an gas fada bog ar a bhfásan an bláth. Dath geal buidhe a bhíon ar an mbláth & nuair fheóchan, bíon go clúmhach ar nós an Spuinnc agus gráinne síl ag bun gacha ribe den chlúmh. Tagan fonn eitilte ar an ngráinnín sin nuair a shéidean an ghaoth & bfhéidir go mbíon cúpla míle de bhóthar idir áit bheirtha an ghráinne sin & an fód a bheathuighan clann do! Bíon bior ar an ngráinne síl & nuair a thagan an pairisiút anuas as na glinn- tibh aer, deinean an gráinnín poll sa talamh do féin mar bíon sé ar a bhior fé. Ní daingine an “ceangal lae agus bliana” a chuireadh Fionn ar a churrach 'ná an greim a bheirean an gráinne síl sin ar an ithir. Fear sainnte is eadh an Caisearbhán atá de shíor ar lorg tuille talaimh is triúcha dá chine, & pé fód in a dtéighean a phréamh fanfaidh ann “le saoghal na bhfear.” Tá árd mheas ag na seandaoine ar an gCaisearbhán mar leigheas ar dhroch- ghoile & ar ghalar ae. Tá a lán slighe aca chun é bheirbhiú. Chonnac mná tighe i gCiarraighe 'á thabhairt dá gclainn mar dheoch ghlantha na fola i dtosach an ear- raigh. Tá cúl 'á thabhairt ag Gaedhlaibh anois le leigheasana den tsórd san; is milse leó “buidéal na scillinge is trí leitphinge” a gheibhtar i siopa na bhfuin- neóg ioldathach. A meon féin ag gach dream dá dtagan, go bhfóire Dia ortha! (“Cas-tsearbhán,” a deirtar in áiteana sa Mhumhain). An Mismín. Ar a bhalath bhreágh aithneóch- thá an Mísmín (mentha). Tá seacht saghas Mísmín ann agus is é an áit tais an ball is annsa leo le chéile, ach aon tsórd amháin (Mentha Arvensis), agus is maith leis sin an fód a bhíon tirm. Sin é an saghas a bhíon sa gháirdín ag daoine mar ghlasair i gcóir an anbhruithe. Cuirean sé blas & balath ar an súip. Ní bhíon ón bhFranncach ach dornlach den Mhísmín, nó d'aon luibh chumhra mar é, & dhéanfadh sé anbhruithe girrfhéidh nó anbhruithe circe dhuit nó saghas ar bith iarfá air, & gan aon bhlúire feola aige chun an ghnótha! Bláth ar ghne den chorcuire a bhíon ar gach saghas Mísmín, ach ní bláth ró bhreágh é. Ní ar an mbláth a bhíon an Mísmín ag brath chun líonmhaire do dhul ar a shórt. Cuirean sé préamhacha ar leith amach uaidh agus gan de chúram ortha san ach chun planndaí nua a dhéanamh. Ní gádh ansan bheith ag brath ar an síol chun an treibh a bhuanú & d'á bhrigh sin, ní gádh breághthacht bláth. Do deineadh trácht ar leigheasanaibh roinnt blianta ó shin sa tseana-“Lóchrann” agus bhí so ann “mar leigeas don bhréan- anáil an mísmín.” D'airigheas muinntir Chairbre 'á mholadh, leis, mar rud maith don droch-ghoile. An Garbhlus. Tríd an bhfál is tríd an drisleach a chífeá an Garbh- lus, ‘Garalus,’ (Gallium Aparine) ag fás. Tá sé lán de chrúicíní beaga agus téighid siad in achrann san uile rud bhíon ag fás i gcomhgar an luis. Nuair is dóigh leis an Driseóig gurab í féin is aoirde is is mó le rádh sa ‘tír chois claidhe’ i dtosach an tsamh- raidh, preaban an Garbhlus in a sheasamh & tréis cúpla seachtain bíon an Dris- eóg bhocht múchta aige & gáir maoidhte is magaidh ar siubhal aige fúithi. Agus donas an scéil ar fad, ní fhéadfadh an Garbhlus aon dul i n-áirde a dhéanamh mura mbeadh ise bheith mar thaca aige! Nuair a bhíon an síol aibidh, cuirean an Garbhlus an duine agus an t-ainmhidhe do dhéanamh gnótha dho, ag scaipeadh síl. Beirid siad leó cuid den síol gan fhios dóibh, é ceangailte i gcasóig duine, nó i gclúmh an ainmhidhe. Nuair a thagan an athbhliain bíon craobhacha den Gharbhlus in áit ná raibh riamh cheana, chun driseóg agus tor do chrádh. Ní mhairean an Garbhlus ach ar feadh cúpla mí. Saoghal gairid suairc a bhíon aige agus is dóigh gur ar an nDriseóig a bhíon an t-árd-áthas nuair eugan fear a ciapaithe. Seán Tóibín. CNOCÁINÍN AERACH CILLMHUIRE. I. Is buachaillín mise do shiubhluigh a lán Ar tuairisg na h-áite b'fhearr ionad I múineadh i n-iomchar i gclú cheart 's i gcáil I mbeusaibh i dtréithe 's i dtuisgint Ní h-eol dom aon chúige ná deaghbhaile breágh Dá bhfeaca im shiubhalthaibh ba shúgaighe le rádh Is níor luigh riamh mo shúil ar aon dúthaigh chomh breágh Leis an áit úd a glaodhtar Cill Mhuire. Curfá: Hóró é, hóró é, a bhuachaillín bhreagh, Hóró é, hóró é tabhair dhom do lámh, Tá'n jug ar an mbórd is ba chóir do bheith lán, Go n-ólfaimíd sláinte Chill Mhuire! II. Annsúd a bhíonn túrlac bhinn-cholúir is faoileáin, An chéirseach, fraoigh-chearc, agus druide, Ar ghéagaibh na slaodaibh ag géilleadh fé bhláth, Is ba mhéin liom le n-áireamh a bhfuireann Fuaim aige conairt dá leigint chun fiadhaig, 'Ge uaislibh na cruinne ag marcaigheacht go dian, Adharca ann dá séideadh 's na céadta huzzah, Ar Chnocáinín Aerach Chill Mhuire. Curfá. III. Annsúd a bhíonn cúinse go súgach ag dáimh, Mara léightear na h-úghdair ba chlisde, Spórt agus aoibhneas, rinnce 'gus rás, Is na ceolta ba bhreághtha dá seinnim, An gasra grádhmhar ba mhéin liom le rádh, Ar mhachaire 'n choímheascair ná stríocfadh dá námhaid, Sin deire lem ghníomharthaibh ach líontar chughainn cárt, Go n-ólafaimíd sláinte Chill Mhuire. Réice fir go raibh mór-chuid fiacha air, ní fheictí aon lá eile é ach Dé Domhnaig. Bhí sé neamh-spleádhach leis an mbáille an lá san. Do chúm sé an rann so ag moladh an Domhnaig: “Sé an Domhnach do thoghfainn mar lá chun fiach, Sé an Domhnach do thugann cabhair agus grásta ó Dhia, Agus sé mo lom-chreach nach Domh- nach gach lá sa mbliain! “Fear Tábhairne,” Dairbhre. Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
CIARRAIDHE. Nuair a bheir ag taisdeal in UIBH RÁTHACH ÁLUINN, cuir fút sa tigh seo TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH I gCATHAIR SAIDHBHÍN. An tig is fearr in Uibh Ráthach. Labharfar Gaedhilg leat ann. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS STÁIN. ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ AGUS BIOTÁILE. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE TOGHA GACHA BÍDH — Plúr, Min, Té is Siúicre; SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don bhfeirm; ÁRAISTÍ IARAINN is stáin don tig. ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.” Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig ó Luimneach. SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm. TROSCÁN TIGHE. SEÁN Ó CURRÁIN, sa DAINGEAN. an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad. AN T-EMPÓRIUM, le M. Ó SÚILEABHÁIN AGUS A MHAC, CILL ÁIRNE. ÉADATHÓIRÍ MAITHE Tá le fághail uatha: Lása Gaedhealach de'n déanamh agus de'n phatrún is órnáidighe amuich agus saothar lámh is eadh gach órlach de. Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt datha. Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach (Muintir Winstanlí agus Mac Gabharnaigh a dheinean.) Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr & flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do deineadh. Bím GO GNÓTHACH I GCOMHNAIDHE! Mar díolaim rothair Ghaedhealacha — “An Piarsach” agus “An Lúcánia.” Deisighim rothair & mótair ag TIGH DÚNABÓINNE, Sráid Chúc, i gCORCAIG. DÓMHNAL Ó SÚILEABHÁIN. LACHA MHÓR CHORCA DHUIBHNE. Thugas cuaird ar mo rothar an lá fé dheire siar ó thuaidh ó Dhaingean Uí Chúise. Ag filleadh abhaile dhom, tréis Cathair Sgoilbín do chur díom, do bhain tionósg beag dom rothar & b'éigean dom túir- ling chun é do dheisiu. Bhí sgata fear tamall síos uaim ag an gcrosaire agus gach duine aca ag stealladh amach na cainte i n-árd a chinn 's a ghutha. Ba léir ó na ngothaíbh agus ó'n bhfaobhar do bhí ar a gcaint gur ceisteanna móra tábhachtacha éigin do bhí aca 'ghá chur trí chéile. Do dhruideas ní ba chómhngaraighe dhóibh agus chuala cuid dá gcaint. Ní misde dhom a rádh nár baineadh a leithéid de phreab asam leis na bliantaibh. Ní foláir nó tá eachtraí míorbhúilteacha ag tuitim amach sa taobh so dhúthaigh a gan fhios do'n tsaoghal mór. Seo cuid dár airigheas. “Mo sheacht gcéad mallacht ar an lachain chéadna,” arsa duine aca. “Bhí tigh breágh nuadh tógtha agam um an dtaca seo mar mbeadh an mí-ádh lachan úd do theacht ag triall orm agus do chur iachaibh orm aistriú ó'n seana-láthair. Cad é an díoghbháil ach na clocha & an mortéal bheith bailighthe ullamh agam ar an seana-láthair. Go mbeiridh an diabhal leis é mar lacha.” “Go maithidh Dia dhom é,” arsa an dara fear, “bhí sé ar bharra mo theangan ‘Ámen’ do rádh leis an nguidhe sin. Tá mo ghoirtín deas loitithe go deo aige. Ní shásóch' an saoghal é gan bóithrín a dhéanamh trí na lár agus —.” “Dhera, éist do bhéal, a dhuine,” arsa fear eile. “Nior imthigh seoid ort seochas ar imthigh orm féin, tá trí bliana ó shoin ann. Bhí orm dul a chodladh gach oidhche fan an gheimhridh gan oiread dín os mo cheann as chosaineóch ar an bhfuacht is ar an bhfliuchán mé — ní leigfeadh an ropaire lachan úd dom an díon do chur suas. Dar an leabhar breac duit, níor lugha liom an diabhal chugham ná an lacha mhal- laighthe chéadna.” Ba mhaith liom fanacht agus tuille a dh'aireachtaint ach bhí mo rothar deisighthe agam um an dtaca sin & bhí deabhadh abhaile orm. Ach le linn dul thársta dhom do ghlaoidh duine aca amach orm. “Pé áit arbh as thu, a dhuine uasail,” ar seisean. “Nár leigidh Dia an lacha chughat! Nuair a chualas an focal san chuireas díom chomh tiubh te is bhí am' sheana-rothar a dhéanamh. Bhí ag dorchú ar an oidhche agus ag luigheadú ar mo mhisneach agus i ndiaidh ar ndiaidh bhí eagla na lachan ag greamú isteach am' chroidhe. Ar an slighe abhaile dhom is amhlaidh a bhínn ag dearcadh thar mo ghualainn gach re neo- mat le h-eagla go bhfeicfinn an t-éan mór millteach ag teacht ar mo thóir agus níor sgar an eagla san liom gur bhaineas amach príomh-shráid Dhaingin ghalánta Uí Chúise. Ba mhaith liom tuille eolais do sholáthar i dtaobh an éin mhalluighthe seo. Cá bhfuil a nead aige? Cad na thaobh ná beireann na pílears air & é do sheoladh anonn go Flóndras? — ba mhór an sgrios a dhéan- fadh sé ar na Gearmáinigh bochta. An bhfuil aon ghaol aige leis an bPréachán Mór nó an lacha Lochlannach atá ann? Airighim gur mó is gur milltighe iad so ná na lachain choitchianta. Do'n te is fearr a sgríobhfaidh amhrán nó sgéal ag cur síos ar eachtraíbh na lachan so tabharfad duais deich sgilling. An Fiolar. CAITLÍN TRIALL Gléas C. Ní Cnocáinín aitinn is ainm do'n áit seo, Ach Gleann aoibhinn áluinn, mar a dtaith- neann an ghrian, Bíonn coll ann, bíonn cuileann, 's gach bile dá bhreághthacht, 'S an tslaitín caol cárthain, gan fileadh, gan fiar, Bíonn uaisle Clár Banban ag tarraint thar sáile 'nn, Cé, fóríor tinn cásmhar, is in aisdear a dtriall, Ach anois ó táim scartha lem athair 's lem mháthair, Fé thuairim do shláinte! a Chaitlín Triall. Do shiubhlaigheas go h-Inis is go h-imioll Cnuic Áine, Is níor stadas de'n stáir sin go tig Donnchadh Daoi, Cill Úird, Cill Mhuire, Cill Choinne, Cill Átha, Cill Dara, Cill Atháirne, agus Cuileann Uí Chaoimh. Dem' shiubhlaibh níor stadas go Daingean na gCliar, Is a tuairisg ní bhfuaireas gur chasas aniar, Sé chuala ar a' gCarraig mar a stadadh an Fhiann Gur “fhuadaig sí an bárr léi ó Chaitlín Triall.” Do shiúbhlaigheas cois Féile, cois Léithne, cois Laoi, Cois Éirne, cois Brighde 'gus as san go Teamhair, An Ruachtach, an Chlaodach, an Bhéileach 's a' tSnaídhm, An Gheadach 's an Aoine, an Bheithe 's an Leamhain, Go ndeaghas go Gleann Chárrthaigh na sáir- fhear nár ghann, Dob' fhial fairsing fáilteach iad a mná 'gus a gclann, Am chuardaibh le n-áireamh níor thárlaidh sí liom, Agus ólfam a sláinte ó rángamair ann. Do shiúbhlaigheas cois Fleisge, cois Mainge, cois Eibhle, Árdfhearta, na Faidhre 's go hAbhann a' scáil Cuanta is garbh-chnuic corraithe 's failltheacha Catharacha, aibhne, loingeas 's báid. An Dá Chích, Mangarta, Díseart an cheóigh Cnoc Fírinne an aitis, Cnoc Breasail 's a tSrón, Do chuadhas-sa ag eiteall go dtí Sgeilg na sgeól, Is a tuairisg níor bhuail liom marbh ná beó. Do shiubhlaigheas Cluain Meala 'gus as súd Portláirge Tiobraid Áran agus Cathair a' Mhidhe, Is thíos i mBunmachan seadh d'easgair an lá orm, 'S ar maidin i mbáireach i gCaiseal do bhíos, Do sgiúrdas trí Mhalla 'gus as san n' Chluain 'S is ró-bhreágh do dhearcas gach baile 'gus cuan, Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk
Ag féachaint cá dteangmhóghainn lem' chailín chiúin tsuairc, 'S gur líon mo chroidhe d'fhadtuirse ó d'éaluig sí uaim. Ar mo chasadh a bhaile go Barra na hAoine, Cé chasfaidhe sa tslighe orm ach sgathfaire an cheóil, Sé dubhairt sé “suidh farainn, taoi marbh ó'n tsíor-rith, Nó an misde leat innsint cá bhfuil do ghnó,” Sé dubhartsa dá fhreagairt “dob fhada liom suidhe, Mo chúrsaí le sealad gurab aindeis le h-ínnsint, I ndiaidh mo stuaire ciúin cailce gur thugas taithneamh mo chroidhe dhi Is go rachad ar baois mar a bhfaghad teacht na cóir. Sé dubhairt an fear cneasda “tair chun mo thighe-si, Fan farainn ist oidhche, 's ar maidin seadh gheobhair An tuairisg cá mbfhearra dhuit teacht chun bheith roímpí, I mBaile na Díseach mar a dtaistealann slóig Mar a mbíonn uaisle Clár Banban sealad ag fiadhach, Ruadh-phuic dá dtreasgairt agus tamall eile ag iasgach, Tá mórán dá caraid i ngradam le ciantaibh, Is gurb eatorra triallann an fhinne-bhean óg. Mo chómhairle bheirim feasda dhuit, a fharaire an aoilchnis, Ó's duine ar baois tu atá ag rith ar do nós, Do shuaimhneas do ghlacadh sa bhaile ar feadh mí dhuit, Go sásta ag síol-chur agus sgurtha go fóil Má fhúig an ainnir thu farradh mar a bhí sí, Buaireamh ná mairg ná glac-si dá dhruim sin, 'S a liacht spéirbhean chailce gan fear ins an tír seo, Chomh geanamhail gnaoi le Caitlín Óg. Nuair a thagaim-se abhaile 's mé tuirseach ó'n mbóthar, Is dubhach mé ag féachaint ar frathacha an tighe, 'S is doilbh a bhíonn m'ínntinn i gan fhios do'n tsaoghal, 'S ar mo leabhaidh nuair a théidhim ní choda- luighim puinn, Ach' ag smaoineadh 's ag machtnamh am aigne féin, Ar ainnir na gcraobh a bhí bachallach buidhe, Is go dtabharfainn a bhfeaca de mhaithibh a tsaoghail seo, D'fhonn cara mo chléibh a d'fheiscint arís. Fuaireas cabhair ó Mhícheál Ó Foghludha, timthire na nDéisi, is ó Chormac Ó Cadhla, chun an abhráin seo chur i ndiaidh a chéile. Mairisil Ní Mhurthuile do chuir an ceol i n-órdú. Tá an fonn deallratach le “Gleann Cam.” Finghin na Leamhna. IASCAIRE CHILLE hÁIRNE. Fear do bhí ag iascach ar Loch Léin. Duine iasachta dob' eadh é. Do bhí iasc- aire ó Chilláirne fairis sa bhád. Bhíodar ag teacht tar iascaireacht agus do bhí an duine deorata ag innsint scéalta móra iascaireachta do'n duine ó Chilláirne. Do chreid seisean iad go léir agus do bhí a bhéal ar leathadh le h-iongantas na ngníomhartha gaiscidh do dhein an duine iasachta ar bhreacaibh agus ar bhradánaibh & ar mhíoltaibh móra. B'aoibhinn leis an duine iasachta a shaoráidighe a chreideadh an duine bocht maol na scéalta breághtha san, agus cheap sé gur mhór an truagh gan iad a thabhairt do. “Is dóigh liom,” ar seisean, “gurab é an cruatan is mó rug riamh orm — lá bhíos ag siubhal cois trágha san Afraic Thiar. Do bhí brothal beirithe ann agus cheapas go raghainn ag snámh. Do bhain- eas díom. Isteach liom agus shnámhas tamall amach, ach nuair chasas isteach arís cad a bheadh idir me féin agus an talamh ach Searc. Seo chugham é. Thugas fé éalú. Bhí sé ró luath dhom. Thumas fé. Thúm seisean fúm-sa. “Táim réidh,” arsa mise. Thugas me féin suas do Dhia, ach sin é an uair díreach a chuimhnigheas ar an sciain a bhí im' póca. D'oscluigh- eas í. Thug an Searc arís fúm. Chuireas an scian n-a chab. Leis an siúbhal a bhí fé do scoilt an scian go heirball é! Do shaor an scian me.” Do mhol iascaire Cille hÁirne an scéal sin go mór. Dubhairt sé gur mhaith an cuimhneamh an scian úd. “Agus cuireann san i gcuimhne dhom,” ar seisean, “rud beag a thárla dhom féin lá dá rabhas ar an loch so. Bhíos ag iascach bradán. Ní fhuaireas priocadh go ceann i bhfad. Tráthnóna thiar d'éirigh an rud i bhfuirm bradáin. Chuaidh an dubhán i bhfastó ann. Síos leis. Scaoileas dorú chuige. Aníos arís leis agus tharraingeas go dlúth air. Do dhein sé fáinní & lúbanna timcheall orm féin agus ar an mbád. Bhíos 'á thraochadh. Tháinig sé i n-aici an bháid uair. Fuaireas mo ghatha. An mhaidean chéadna 'seadh chuireas plannda fuinn- seoige mar chois ann. Chuireas an gatha 'na eirball. Bhain sé cor as féin. Bhain sé lúbadh as féin. Bhain sé suathadh as féin. Choimeádas mo ghreim. Annsan do thúm sé. Tharraing sé tar bórd me. Síos liom 'na dhiaidh agus greim ar mo ghatha agam. Siúd linn araon fé'n loch anonn. Ach bhíos dom bháth, bhíos dom mhúchadh. Scaoileas uaim an gatha agus thánag aníos. Bhí an báidín míle go leith uaim! “Bliain is an lá san díreach — lá breagh Bealtaine, bhíos as iascach arís ar an loch. Níorbh' fhada gur éirigh aníos chugam mo sheana-chara, bradán na bliana roime sin. Bhí marc maith agam air — an gatha bhí sáithte na eirball agus fás bliana tagaithe ar an bplannda fuinnseoige & duilleabhar nua á chlúdach. Thosnuigheam- air ar a chéile. An plé bhí bliain roime sin againn bhí sé arís againn. Bhí sé chomh láidir le tarbh. Thugas i n-aice an bháid é. Phreabas. Cheangluigheas an téadán de'n fhuinnseoig. Siúd leis an mbradán. Shuidheas i ndeire an bháidín & dheineas an phíp a dheargadh. Thug an bradán cúrsa an locha fé thrí. Bhí cubhrán bán le tosach an bháidín 'na dhiaidh aniar. Tráthnóna thug sé aghaidh ar bhéal na Leamhna. Síos an Leamhain linn. Fé dhroichead na Leamhna linn. Thar Paróiste na Tuaithe linn agus Cillorglan, gur bhaineamar amach an fhairrge ag an gCromán. Siúd linn siar bágh an Daingin, thar na Cealla, thar Cuan Cromtha, thar Oileán Dairbre go Ceann Breagha agus gach aon chnag a bhuaileadh mo bháidín ar ailp fairrge go measainn go bhpléasgfadh sí. Nuair bhíos ag an Sceilg cheapas gurbh' fhearr stad & do ghearras an téadán. D'imthigh an bradán. Thánag-sa abhaile.” An Seabhac. LEABHAIR A THAITHNFIDH LE GAEDHLAIBH, Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla, le fághail uainn-ne. Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg clár na leabhar. Labhartar Gaedhilg go fionnmhar i SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH. SRÁID ÍOC. BHAGÓID, a 50, BAILE-ÁTHA-CLIATH. Sranngscéalta mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” A Ghaedheala! Ceannuighidh “ÉADACH na DRUIPSIGHE” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.) Co. Chorcaighe. An Ghramadach Ghaedhilge is fearr le fagháil. CEACHTA CAINNTE GRAMADAIGHE Tá na mílte ann, idir óg & aosta, idir múinteóirí & scoláirí, go bhfuil eólas cruinn ar an nGaedhilg aca i ndiu de bharr na Gramadaighe sin. Seaghán Ó Catháin do scríobh é. 224 LL.; Muíntear Ghuill, Áth Cliath; 2/6. CARABHATAÍ de'n PHOIPLÍN AR GACH DATH is AR GACH GNÉ DATHA. LIAM Ó hAIMHEIRGÍN, (‘W. Bergin’) a dheinean do lucht siopaithe. Scriobh ag triall air go 62 SRÁID GHRAFTON, in ÁTH CLIATH. DÁNTA DIADHA GAEDHEAL. Tá Cualucht Chuilm Cille, i Magh Nuadhat, tréis cnuasacht bheag de Dhántaibh Diadha do chuir in eagar idir cheol agus focail. Ocht ndánta atá sa' leabhrín. TÁ “ADESTE FIDÉLES” ANN. “Tórna” do thionntuig. Bu cheart do lucht ceoil gacha scoile is gacha paróiste roinnt cóib de bheith aca. Leath raol a fhiacha (3d.) Dosaon cóib ar leath choróinn (2/6). Ó Rúnaire Chualucht Chuilm Cille, Magh Nuadhat nó ó Mh. H. Gill, i mBaile Átha Cliath. Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill. Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.
A MHNÁ UAISLE! is saoire (le 25%) a gheobha sibh na rudaí seo im shiopa-sa 'ná in aon tsiopa eile sa Mhumhain: BLÚSANA, GÚNAÍ, CARABHATA, HATAÍ nó CASÓGA CLÚIMH. Tá luach gacha ruda scríte go soiléir air. Glaodhaíg chugam nó scríobhaíg. GEARÓID DE BARRA, Sráid Phádraig N. a 77, CORCAIGH. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/- go 10/6. RÁSÚR “COSANTA” ná gearsan an croiceann — 1/- go 21/-; gheobhair ceann aca san & trí lanna “Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3, tríd a' bpost. CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar 7d. tríd a' bpost. MAC CUILINN, 35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. Sinn-ne a dhein SNAOIS CHORCAIGHE ar dtúis agus atá 'á déanamh i gcómhnaidhe. TOBAC CÚMHRA an dá shórt so — “Exhibition Roll” agus “Shandon Plug.” Má theastuighaen uait aon tobac nó saigréidí do chur chun aonne atá sa chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó cháin, ach leath phúnt, ar a luighead, bheit sa' bheairtín idir thobac is saigréidí. LAMBKIN BROS., 9 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. Gheobhair deaghmhargadh uaim-se i gcomhnaidhe. TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol- fad-sa an postas ar cheithre púint de. PLÚR Gaedhlach. MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min bhuidhe. SIÚICRE agus gach rud eile ar fheabhas. SEÁN MAC CURTÁIN, SRÁID A' tSEANDÚNA, CORCAIGH. AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh an Fear Gnótha. An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair. Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain. Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain. Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, agus c. Is chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur. Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní, &c., do chur. Na Díoltóirí. Ó Cuill agus a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. FEALLSAMHNACHT. Níl aon teora le Séamus beag chun argóna. Tá fios fátha gach doimhin-sgéil aige, dar leis. Do bhuail sé liom an lá fé dheire ag bun na Carraige. B'fhuruist a dh'aithint air go raibh adhbhar argóna aige agus fonn áitimh air. Leis an bhfuadar do bhí fé, níor fhan sé le beannú dhom ach thosnuigh láithreach. “Táim ag innsint bréige.” ar seisean. “An fíor san?” Níor thuigeas cad a bhí ar bun aige ach d'fhonn é shásamh dubhart “Is fíor.” Ach, foraoir! ní raibh sé sásta; b'fhada buidhe uaidh é. “Má's fíor,” ar seisean. “Ní bréag é, & dá bhrígh sin, nílim ag innsint bréige.” Bhí iarracht de mhearathal ag teacht orm féin ach do lean sé dhe. “Mara bhfuilim ag innsint bréige,” ar seisean, “nílim ag déanamh an rud adubhart a bhí agam á dhéanamh, & fág- ann san go bhfuilim ag innsint bréige. Dá bhrígh sin, má táim ag innsint na fírinne, táim ag innsint bréige, agus má táim ag innsint bréige táim ag innsint na fírinne. Agus teaspáineann san —” Ach ar an neómat san, tháinig sgamall os comhair mo shúl, do dhein an saoghal bulla-báisín im' thímcheall agus d'imthigh talamh agus spéir as mo radharc. Nuair a thánag chugham féin, bhí Séamus imthighthe an cnoc amach. An Fiolar. Bhí saighdiúirí bailighthe timcheall na teine oidhche tar éis catha. Bhí gach aoinne ag innsint a ghaisce féin. Thárla amadán na measc. “Is fearr mo ghaisce-se ná gaisce aoinne agaibh,” ar seisean. “Cad a dheinis?” ar siad. “Bhíos ag gluaiseacht tríd an gcath,” arsan t-amadán. “Chonnac fear. Thair- rigeas chugham mo chlaidheamh. Thugas fé. Bhaineas cos de!” “Cad chuige nár bhainis an ceann de?” ar siad san. “N'fhéadfainn é,” arsan t-amadán, “mar bhí an ceann bainte dhe rómham.” CÚNNTAS CINN LAE. Brighid Stac do scríobh. BEALTAINE. Dé Máirt (1). — Tá an lá istig buidh- eachas le Dia. B'aoibhinn an lá é ó eirighe gréine ar maidin go dul faoi dhí tráthnóna. Ba mhoch ar maidin a bhíomair ag cur an bhóthair dínn ag dul ar sgoil. Ba thaithneamhach iad na guirt ghlasa fé na mbrataibh bláth agus ba thaithneamhaighe fós glór uaigneach na dtonn ag tuitim ar an dtráig agus sgreadach na bhfaoíleán os a gcionn. Go deimhin bhí sgáil an tsamhraidh ar gach rud. Sé uaire a chloig na dhiaidh sin bhíomair ar an mbóthar céadna ag filleadh abhaile agus blátha deasa gá mbailiú againn le h-aghaidh altóra na Maighdine Muire. Chaitheas cuid mhór den dtráthnóna ag gabháilt dom leabh- arthaibh. Is minic a deirtear liom sa bhaile nuair a bhíonn rud le déanamh & leabhar im' dhorn agamsa. “Ó mhaise eireóchaidh an léigheann id' cheann, a Bhríghid,” agus nuair chonnaic seanduine ó'n mbaile seo againn-ne, peann luaidhe agam ó chianaibh sé dúbhairt sé: “Arú cuir uait agus ná bí ag cur síos ar do chómharsanaibh. Táid 'na ndreóilíníbh spóirt sa ‘Lóchrann’ agat. Ní i gcómh- nuidhe a ritheann le lucht magaidh a chailín. B'fhearra dhuit aire thabhairt duit féin.” Do chuireas 'sna chosaibh, geall- aimse dhuit, mar ní h-aon an-dhóithín an té seo áirighthe nuair thagann gomh ar a theangain le h-easbadh tobac, tá's agat. Dé Céadaoín (2). — Chaitheas an lá indiu fé mar is gnáthach lá sgoile do chaitheamh, ag obair go dícheallach, mar, ar nós gach rud eile mara ndeinimíd Earrach fógh- anta is deallratach ná beidh deaghfhógh- mhar againn. Nuair a thána ó scoil is orm a bhí an t-áthas nuair a chonnac Cáit ag déanamh an té le h-aghaidh na mithille a bhí ag baint na móna againn, mar bhí fhios agam go raghainn ar an gcurrach in éinfheacht léi. Níor bh'fhada a bhíos ag ithe mo dhínnéir, deirim-se leat, agus seo linn araon ar tiomáint i gcairt asail. Ba dheas an radharc an sliabh mór fairsing dubh le móin, agus mitheall fear ar gach rámhan de geall leis, ag baint 's ag píceáil. Do leath- amair leithead bán ar phaiste ghlas agus bhí sé chómh deas le h-aon bhórd nuair a bhí sé leigithe amach againn. Níor ghádh glaodh an ath-uair ar na fearaibh mar go deimhin bhí dúil sa té ag gach aoinne cu mar is éachtach an buadh atá aige chun an croídhe do thógaint is d'éad- tromú. Bhí a sgéal féin ag gach aoinne an fhaid a bhíodar ag ithe & bhí gáirídhe is sult aca. Dúbhairt duine aca gur bhuail bosca mór leis féin & a pháirtighthe an oídhche roimis sin ar an bhfairrge & cheapadar go rabhadar saidhbhir & taréis a nduaidh dá tharrac leó ná raibh ann ach ‘praiseach mhadra do bhrioscaí lobhtha.’ “Bhí an iomad do'n sgannradh oraibh,” arsa duine eile, “agus níor cheart aon ní cóir a bheith ann;” agus seo le gach Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
duine is a fhocal féin aige i dtaobh an bhosca. Nuair a bhí gach aoinne sásta bhailígheamair suas na h-áraistí agus thugamair ár mbóthar orainn abhaile. Is truagh ná tagann lá na móna níos minicí. Déardaoin (3). — Is moch ar maidin a bhíos im' shuidhe agus gach rud déanta agam nuair eirig an chuid eile ach ní móide mo bhuidheachas é, a chroidhe, mar is amhlaidh a cromadh ar gháirídhe fúm, dá rádh go raibh atharú éigin ag teacht ar an aimsir is a rádh gur eirigh Bríghid ar an gcéad duine; ach sé chuir ag gáirídhe ar fad me nuair dúbhairt mo dhearbhráthair beag gur dúil sa té a chuir im' shuidhe me! Chuadas ar sgoil & is feárrde dem' lá me mar is mó d'eólas atá agam anocht ná bhí ar maidin. Is minic a bhíonn spórt ar scoil, leis, cé gur dóigh le daoíne ná bíonn. Is mó rud greannmhar adeir cailíní beaga a bhaineann sgarta mór gáire amach do phreib ó'n mbuídhin go léir agus ó'n máighistreás féin. D'fhiafruígheas féin de chailín an lá fé dheire cad é an nídh “each bán” — “bhí Niamh Chínn Óir ag marcuídheacht ar each bhán.” “Ganndal bán!” ar sise. Nár bh'iongantach an ganndal é! Dé hAoíne (4). — Lá breágh ciúin grian- mhar a b'eadh an lá indiu. Mhaise, is mó gáire déanta agam ar feadh an tráth- nóna agus tá sé chómh maith agam an sgéal a ínnsint chun go mbeadh cúis gháirídhe ag a thuilleadh. Chuas amach sa gharraídhe tráthnóna agus chromas ar ádhbhar Cruínneólais d'fhoghluim. Níorbh fhada ansan dam go gcuala an ghuth á rádh: “Mhaise, cad tá ar siúbhal anois agat?” Seana-Mhícheál a bhí ann — duine aosta atá ar an mbaile againn ar a bhfuil mór-chion ag an aos óg agus go mór mór agam féin. “Tá an leabhar so ag cur síos ar an ndomhan mór,” arsa mise agus deir sé go bhfuil an domhan ar nós liathróide agus go bhfuil sé ag casadh tímcheall i gcómhnuídhe cé ná mothuighimíd é.” Dhein sé sgarta gáire — “Is minic a chuala,” ar seisean, “go mbíon measgán mearaídhe ar lucht léighinn. Measann siad an dubh a chur 'na gheal orainn is dócha. Dá mbeadh an domhan ag casadh tímcheall is mó barra-thuisle a bainfí asainn agus dá olcas iad mo sheana chnámha bochta, bheidís níos measa agam dá mb'fhíor an leabhar san.” N'fhéadfainn a thuilleadh a rádh lé gáirídhe agus bheadh a thuilleadh seóig agam ach glaodhadh air abhaile mar bhí a inghean tagaithe ar chuairt chuige. “Beidh a thuilleadh áithimh againn 'na thaobh so,” arsa mise & é ag imtheacht. “Táim sásta,” ar seisean, “agus cuir- fead geall leat go mbuadhfad ort 'na thaobh.” Dé Sathairn (5). — Táim ó mhaidin indiu ag nígheachán agus ag glanadh, mé féin agus mo dhriféaracha, mar is gnáthach linn gach Satharn & tá tuirse orainn anois. Is minic ó mhaidin atá cainnt sheana-Mhichíl tairigthe anuas agam & ní fhéadaim stad do gháiridhe nuair chuimh- nighim ar an mbarra-thuisle a bainfídhe asainn do réir Mhichíl. Níorbh' aon nídh asal bacach Thaidhg Mhóir ansan seachas sinn. Níor ghaibh sé chúgham ó shoin agus is fada liom go ngeobhaidh. Dé Domhnaig (6). — Chuadhas go dtí'n tAifrionn agus is fada an slíghe atá óm' bhaile-se go dtí'n séipéal ach ní sinn-ne a mhothuígheann é mar tá an óige againn, ach caitheann na seana mhná an t-asal 's an chairt a bhreith leó. Bíonn na fir go léir in-aonfhacht agus is aca san a bhíonn an chuideachta ag trácht ar ghnóthaibh na seachtaine, ar an gcogadh agus gach rud eile. Taréis Aifrinn chuamair ag bádóireacht & b'aoíbhinn an turus a thugamair ar bhárr na dtonn & fé bhun na gcnoc. “Bhí plána ar an muir” fé mar deir na sean daoine nuair is mian leó a rádh go raibh sí ar nós gloine, agus b'é ba bheag linn an fhaid a thugamair ag luasgadh ar a druim. Thugas an chuid eile de'n dtráthnóna ag foghlaim cheacht i gcómhair na seachtaine, chun ná beadh agam ach súilfhéachaint a thabhairt ortha gach tráthnóna eile. Dé Luain (7). — Tá an chéad lá do'n tseachtain caithte agus a roinnt oibre déanta ag gach duine. Nuair a bhíomair ag dul ar sgoil ar maidin bhuail strac- aire d'fhear linn & é ag féachaint anso agus ansúd fé mar bheadh sé ag lorg rud éigin. “An bhfeacabhair m'asal,” ar seisean. “Cad é an saghas asail é?” arsa cailín beag, mar bhí trí nó ceathair d'asalaibh feicithe ar an mbóthar againn — “Asal deaghfholáin, deagh-chnámhach, deagh-sheasamhach Mairc 'na dhrom ag rian na sratharach Cláracha daraighe & mataí tuighe scotch!” Chromamair go léir ar gháiridhe agus is dócha gur bh'amhlaidh a bhí an chainnt seo chloiste ag an rupaire ó dhuine éigin eile mar n'fhéadfadh a sheana phlaosc féin cuimhneamh ar an gcainnt chómh tiugh. Dé Máirt (8). — Bhí an lá indiu go breágh te — nách ionghantach an teas atá ann chómh luath. Tá “Scairbhín na gCuach” ann fós. Bhí cailíní ag dul ar sgoil indiu gan aon bhrat. Is breágh luath a bhímíd ag baile gach tráthnóna ó sgoil ó thosnuig an t-am nuadh ach caithfimíd eirighe uair a chloig níos luaithe gach maidin agus ní buidheach ná beannachtach a bhímíd ar maidin do dhlighthibh Shasana nár fhág an ghrian mar uaireadóir againn. “Ní fada go mbain- fid glaodh an choilig de,” arsa sean duine sa bhaile seo againn-ne. Tar- éis sgoile tráthnóna pé súil-fhéachaint a thugas amach sa bhfuinneóig chonnac chúgham aníos seana-Mhícheál. Seo liom amach sa gharraidhe. Dhein sé sgarta gáire nuair a chonnaic sé an leabhar Gheobhaidh do mhac togha na scoluidheachta — I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CHORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Scriobh chuige. DATHÁN den uile saghas, idir SHNASDATH, SLÁNDATH, agus PÉINT, (“Varnishes, Distemper, and Paint.”) TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH. Gheobhair in aon tsiopa, nó mura bhfaighir, scríobh chun MUINNTIR ÁRACHTÁIN, Muilionn “Seandúna,” i gCORCAIGH. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. Má tá TRUCAIL, CÁRR nó CÓISTE uait, Nó deisiú le déanamh ar rothaí, &c., &c., Scríobh nó glaodhaig chugainn-ne: C. Ó CONAILL agus a Chualucht, SRÁID LIADHROM, CORCAIGH. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk
Tá le fagháil uainn-ne BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID den déanamh Ceilteach agus marc earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca. tá ÁTHRAIGHE ÓIR is ÁTHRAIGHE AIRGID mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca. Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair agus an luachliosta. LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid Gaedhil: sa tSIOPA BAGÚIN atá ag TOMÁS Ó MURCHADHA, (‘T. J. Murphy’) 111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH, ar aghaidh Árdoifige an Phuist anonn. CEANNUIGH DO CHUID LEIGHIS, I SIOPA AN BHÚRCAIGH .i. Tig na cúinne, idir SRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA & SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE, I gCORCAIGH. Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean a ngnó agus a dheinean go cruinn é. Le MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhar is Tobac ann don Ghaedhilgeoir: UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87 i mBAILE ÁTHA CLIATH. LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA GAEDHILGE Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim. Trí leath-phinginní (1½d.) fiacha gacha leabhair díobh. Dosaen saor tríd a bpost ar Trí Réalacha (1/6). 1. “Laethanta Geala” (Kerry School- girl's Diary). 2. “Cosa Buidhe Árda” (Easy Songs to Catchy Tunes). 3. “Sean-Amhráin na Mumhan.” 4. “Déanamh an Chleamhnais” (Short Dramatic Sketch). Leanfar de'n sraith so leabhar má gheibhtear céad (100) duine a chuirfidh síos a n-ainmneacha i gcóir dosaein de gach ceann & a chuirfidh na fiacha 1/6 chughainn chomh luath is tagann na leabhair chúcha gach tráth. AN mBEIR-SE AR A gCÉAD SO? Scríobh go dtí FIONÁN MAC COLUIM, Cillorglan, Ciarraighe. ud' im' láimh. “Seadh,” ar seisean, “an gcreideann tú fós cad a deir an leabhar san?” “Creidim,” arsa mise, “mar is foghlumtha na daoíne a sgríobh- aidh é seo.” “Tá dearmhad ort,” ar seisean. “Dar ndóigh anois dá mbeadh an domhan ag casadh tímcheall agus go seasóchainn-se anso ag bun an gharraidhe ar maidin agus mo chúl a thabhairt ó dheas ba cheart go mbeadh mo chúl ó thuaidh tráthnóna!” Ba ghlic an cuimh- neamh é seo gan amhras, is dócha go raibh sé ag machtnamh air seo le cúpla lá. “Agus dar ndóigh níor thriallais fós é sin,” arsa mise. Phléasg sé ar gháir- ridhe arís “triallfad é gan amhras,” ar seisean. Is mór an lá suilt a dhéan- fhaidh sé nuair a chífear seana-Mhícheál a sheasamh ó mhaidin go h-oidhche sa gharraídhe. Dé Céadaoin (9). — Tháinig tuairisg ar scoil indiu go mbeadh sgrúdú i gCoin- bheint a' Daingin & go gcaithfinn féin is mo chomrádaí, Nóra, a bheith shíos ann ar a deich a chlog ar maidin Dé Luain Is dian dícheallach atáimíd araon ag obair 'na chómhair lé fada. Seadh, ní fada lé Conghnamh Dé go mbeidh sé i leathtaoibh. Chaitheas an tráthnóna so ag déanamh aithbheódhachtaint ar a bhfuil foghlumtha agam ar feadh na bliana. Diardaoín (10). — Tá atharú beag ar an aimsir indiu. Tá leóithne maith gaoithe ann ó mhaidin. Ag foghluim is mó chaitheas an lá. Ar theacht abhaile dham tráthnóna dúbhairt mo mháthair liom gur thug mo chearc amach deich sicíní. Bhí áthas orm 'na thaobh so agus ba dheas le feiscint na sicíní ar gach dath dubh bán & breac. I gcionn tamaill bhuail Síle Thaidhg cúghainn isteach agus dúbhairt nár thug cearc a chuir sí ar gor amach ach dhá shicín agus go raibh a cuid ubh ar an gcuma san ó thug sí iasacht ubh do Bheití na Claise trí bliana ó shin. “Rath ná rian níl ar mo chuid cearc ó'n lá atuirseach úd” arsa mo Shíle bhocht. Do bhí mo dhritheáir óg ag éisteacht léi & cladhaire iseadh é — “A bhfuil fhios agat, a Shíle, cionnas a leighisfir an scéal san?” ar seisean “Faigh iasacht ubh ó Bheití anois agus fillfidh an rath ort.” Mhaise go labharaidh Dia id' bhéal,” arsa mo Shíle “féach nár chuímhnígheas riamh air sin.” Dé h-Aoine (11). — Bhí an lá indiu fliuch & ní raibh an oiread & is gnáthach ar sgoil. Léigheamair mórán Staire agus chuirfeadh na sgéalta a léigheam- air fíorspioraid Ghaédhealach i gcroídhe aoinne. Mhaise, nách í ár dtírín a fhulaing an sladadh agus an léir-sgrios; ach ní h-aon mhaith a bheith ag teacht tharais sin anois ach ár ndícheall a dhéanamh di fé láthair — a teanga bínn bríoghmhar a choiméad beó ach go h-áirighthe. Má dhéineam so is beag a' baoghal go raghaimíd amú ná go gcuirfeam buairt ár ar máithrín. Dé Sathairn (12). — Do bhíos féin is Nóra ar sgoil indiu ar feadh cúpla uair a'chloig & chuireamair ár leabhartha lé chéile i gcómhair an Luain. Nuair thána abhaile bhí rábaire bacaigh suidhte cois na teineadh agus ní raibh aon eagla orm ach go bhfanfadh sé ansan i rith an tráthnóna. Fé dheireadh d'éirig sé ámhthach agus bhailig sé leis amach. I gcionn tamaill ghaibh Síle chúghainn isteach & í ag gaírídhe, rud a b'annamh léi. “Tá áthas éigin ort” arsa mise léi, “an amhlaidh atá aon dlús sicíní agat?” “Mhaise a chroídhe is geall leis do” ar sise, bhíos ag cur na n-ubh úd a fuaireas ó Bheití ar gor, nuair a ghaibh chúgham isteach strapaire do bhacach mhaith láidir & d'fhiafhruig díom cad a bhíos a dhéanamh leis na h-uíbhibh. D'inniseas do, a chroidhe, agus dúbhart leis nár mhór an rath a bhí orm i dtaobh na gcearc ach cad is dóigh leat ná go ndúbhairt sé go raibh buadh aige féin chun na h-oibre sin agus d'iarr sé orm na h-uíbhe a thabhairt do lé cur fé'n gcirc agus bualadh liom thar dorus amach an fhaid a bheadh sé 'á gcur síos. Dheineas rud air agus chuala é ag síor — radh: “Cearca go tiugh & coiligh go fánach.” Thána isteach nuair bhí a ghnó déanta aige ach dúbhairt sé liom gan dul i ngoire na circe go dtí tráthnóna amáireach!” Mo Shíle bhocht! Do mholas léithe an sgéal, ach tá gáirídhe ag teacht orm ó shin nuair a chuímhníghim ar an ropaire bacaigh úd. Is fada liom go dtiocfaidh an tráthnóna amáireach. Dé Dómhnaigh (13). — Lá ceóbharánach bog. Taréis teacht ó'n Aifrionn chuas féin agus mo chomrádaithe fé dhéin na trágha & thugamair turus ar Dhún an Óir — an áit cháileamhail aérach ar bhruach na mara mar ar doirteadh fuil na sár fhear Gaedheal is Spáineach san mbliain 1580. Do shuidheamair síos ar bhárr na haille agus dheineamair mórán cainnte ar an gcath úd nuair a caitheadh leis na faillteachaibh fiaine na fir thréana. Ar theacht abhaile dham dúbhradh liom go raibh an spórt caillte agam mar gur anois díreach a bhí Síle imthighthe amach, & mara dtug sí íde béil do'n mbacach ní lá fós é, mar — fé mar thuigfeadh aoinne go mbeadh aon ádhbhar céille aige — ní raibh ubh lé fagháil fé'n gcirc nuair chuaidh Síle chúiche, bhíodar árd- uighthe leis ag an “mbacach maith láidir!” Slán mar a n-ínnstear é. Dé Luain (14). — Tá an sgrúdú thar- ainn' buidheachas lé Dia, agus is dóigh linn féin, ach go h-áirighthe, gur éirigh linn go maith. Bhíos féin agus Nóra in éinfeacht ag dul 'sa teacht ó'n nDaingean agus mara raibh spórt is cuideachta againn araon ní lá fós é. Cairt asail a bhí againn agus Nóra ag tiomáint. Bhí an t-asal chómh dúr san go rabhamair traochta aige. Ag Bun Calaith do stad sé ar fad, do thug Nóra stiall sa drom do agus cad a dhein sé ná é féin a chaitheamh ar an dtalamh ar fad. I gcionn nóimite, a chroídhe, bhí mná an Chalaith bailighthe tím- cheall orainn & b'é toil Dé ná feacaidh aon phílear sinn — sa phríosún a chaithfimís Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
an oidhche! Dheineamair beagán siopad- óireachta tráthnóna agus, mo léir! ní chuímhneóchthá ar chogadh go raghfá isteach sna siopaí — tá lucht na siopaithe chómh cruínn ag tómhas na misleáin & gach rud eile dá shuaraíghe. Dá thapamhlacht a chuirfeá an dorus amach díot b'eadh b'fhearra dhuit é mar do liathfaidís tú ag cnáimhseáil mar dh'eadh gur ortha féin atá an cruatan go léir. Níor eirigh aon challshaoth dúinn ag teacht abhaile — bhí ceól san asal ag an gcoirce a thugamair do. Dé Máirt (15). — Ba mhoch ar maidin a bhíomair in ár suídheachánaibh sa sgoil agus taréis cúntais a thabhairt do'n máighistreás ar obair an laé indé chuamair ag déanamh ár ngnáthoibre. Do bhí an sagart óg indhiu ar scoil againn ag éisteacht leis an dTeagasg Críostáidhe, agus is maith a thuig sé an Ghaédhilg leis. Is bínn linn é theacht ár bhfiosrughadh, tá sé chuin ár bpeictiúirí do tharrac lá breágh éigin agus beidh ana-lá againn. Tá súil againn go dtiocfaidh lá aoíbhinn sara fada. Dé Céadaoín (16). — Ag dul ar sgoil indiu dúinn bhí an cladach lán d'iasg & b'áthasach bhí na h-iasgairí taréis na h-oídhche fada ar bhárr na dtonn mar anois bhí rud éigin aca dá bhárr cé gur minic a bhíonn an oídhche tugtha in aistear aca gan bhreac de bhárr a nduaidh. Bhí cairteacha dá líonadh go tiugh lé h-iasg ag fuirinn gach báid & is mall a bhí na capaill ag tarrac a gcairteacha trom-ualaig ag tabhairt a n-aghaidh ar an nDaingean. Chaitheam- air-ne ár n-aghaidh a thabhairt ar an sgoil leis agus bhí leisge orainn ag fágaint na h-áite ann a raibh cuideachta is cainnt is caitheamh aimsire. Caitheam- air an chuid eile do'n lá mar is gnáthach. (Tuille le Teacht.) AN BHÓ MHAOL. Tá Tadhg Ó Cruimín & a bhean, Peig Liath, 'n-a gcómhnuidhe cois na hAoine. Fear símplidhe macánta iseadh Tadhg; acht ní h-amhlaidh do Pheig: rud cann- carach, mí-shásta iseadh í. Bhí bó le díol ag Tadhg ar aonach an t-ochmhadh lá d'Eanair — bó mhaol gurab ainm di Bléin-fhionn. Bhí an aimsir an- fhuar, agus bhí leisge ar Thadhg dul chun bóthair. Ní mar sin do Pheig, ní raibh éan leisge uirthe. Do phreab sí 'n-a suidhe i ndeire na h-oidhche, do aduigh sí an teine, agus do chroch sí an citiol dubh ós a cionn. An san do ghlaoidh sí ar Thadhg go h-airthinneach: “Bí id' shuidhe láithreach, a Thaidhg. Tá an treighdín ana-íseal, & is dóigh liom go bhfuil breacadh an lae chúghainn.” “Ná bodhair sinn led' threighdín,” arsa Tadhg, “fan go nglaodhaidh an seana-coíl- each? mar an tubaist cos a chorróchad- sa ó'n doras chun go gcloisead a glaodhach é.” “Ní bheidh sin mar leath-sgéal a bhfad agat,” arsa Peig, a breith ar an ursail agus ag tabhairt ropadh dhí do'n tseana choileach a bhí ag míogarnaidh ar an maide treasna ós a cionn. Do chaith an t-anacróir bocht anuas ar an úrlár é féin, do chroich sé a sgíathain & do ghlaoidh sé. “'Sin ruagairt ar na daoine matha 'gat,” arsa Peig, “ní gádh dhuit éan eagla bheith anois ort rómpa. Bí ag ithe cannta de'n arán san faid a bhead a' leogaint scála té amach chúghat.” “Dar ndóig,” arsa Tadhg, “níor fhiuch an t-uisge i n-ao'-chor fós, agus i 'n-a éaghmais sin ní'l am ag an dté bheith tarraice.” “A gcloistí na cúinnsí seo aige: nách é an duine uasal é! Seo dhuit í, agus go seinnidh sí ort; tá sí te tarraicthe a dóthain duit. Dá mb'áil leat leagaint dom í bheith ar bogadh ó réir duit, acht ní leogfá. Nách galánta atámaoid. Cá bhfuarthas an fholaidheacht?” Níor mhór an fhoghail do chuir Tadhg ar fhéasta Pheig. Do chuir sé téad leis an mBléin-fhinn, do bhuail sé a mhaide fé'n oscail, agus siúd ar siúbhal béal na h-otrann amach é. “Siúbhlaig a ghrádh ghil 'Gus go n-eirigh an lá linn,” ar sé leis an mbuin maoil. Nuair a bhí sé ag cur an sgailt síos ó'n dtig de, do chualaidh sé Peig ag glaodhach go géar 'n-a dhiaidh. “Níl aon ghnó chúgham-sa abhaile agat, mar a mbeidh aon phúnt déag slán id phóca ar an Maoil.” “Tá go maith,” arsa Tadhg, agus do bhailig sé leis. Do thug sé an lá go léir 'n-a sheasamh ar an aonach léi, ach dá mbeadh sé ann ó shoin, ní bhfaghadh sé aon phúnt déag slán uirthe. Fé dheire do sgaoil sé uaidh ar deich bpúint cúig déag í, agus do cheap sé gan dabht ná beadh Peig ró-mhór amuigh leis mar ghiúll ar aon choróin amháin. Ar a shon san is dócha ná raibh sé gan eagla, mar d'ól sé piúnt nó dhó chun misnig do thabh- airt do sul ar thug sé a aghaidh ar an mbothán — agus ar Pheig. Bhí an oidhche ag tuitim nuair a shroich sé an baile. Bhí Peig sa doras roimis. Peig: “Seadh, ar dhíolais an Mhaol?” Tadhg: “Do dhíolas.” Peig: “Do fuarais an méid adubh- art uirthe”? Tadhg: “Is beag ná fuaras. Ní theas duigheann de acht coróin. Seo dhuit an t-airghead.” Peig: “Ní theasduigheann de acht coróin! A amadáin (ag bualadh a bas) Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Ltd. (‘H. JOHNSTON’) Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Gur bhriseadar na húmaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces” Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Calaphort an Phápa, CORCAIGH. CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM! MARGAIRÍN “LEANDAR” Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA Agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX is a chlann mhac (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL is a chlann mhac (teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. Togha gacha bídh i gcór na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.
GACH CÓIR SCOILE! tá againn-ne LEABHAIR don LEABHARLAINN agus LEABHAIR mar DHUAISEANNA. Scríobh chugainn ar lorg eolais: MUINNTIR FHALLAMHAIN (Fallon Bros. Ltd.) Cúirt a 13 & a 14, in ÁTH CLIATH. Smithfield a 86, i mBealfeirste. Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge. Tá SCÉALUIDHEACHT-GAN- SRAÍNNG d'á múineadh ag togha na múinteóirí I SCOIL UÍ SHÚILEABHÁIN SA ‘MHARDÍOG,’ I gCORCAIGH. Is í an scoil is mó cáil agus is fearr cóir i n-Éirinn. Múintear SRANNG-SCÉALUIDHEACHT ann do chailiní, i gcóir Oifige an Phuist, sa ló nó istoidhche. Scríobh chun an Árd-Oide. ó CHOMPLUCHT DONOBHÁIN, I dTRÁIGHLÍ, a gheobhair an deaghmhargadh, má bhíon aon rud mar iad so uait TROSCÁN TIGHE, ÁRAISTÍ BÚIRD, ÁTHRAIGHE STÁIN is IARAINN. GUAL, AOL, BRÍCÍ, “SEIMÍN,” agus gach eile oirean DO LUCHT TÓGÁLA TEACH. An Mhin Choirce is fearr blas agus is mó substaint — MIN MAGHCHROMTHA MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean, I MAGHCHROMTHA. Scríobh chuige. Ó, mo bhléin-fhionn chaithiseach, A bhí chómh tairbheach, Is nár dhoirt riamh a bainne orm, Do thug a lacht go fairseag dom, Í sguabtha uaim ag spadalach, Is coróin gheal i n-earnamh air.” Tadhg: “Cuir uait do chuid ranna is bíodh ciall agat. Do dheineas-sa mo dhíchioll, agus níor bhfiú a thuille í. Do chaitheas an lá im sheasamh léi, acht nuair a fhéachadh na ceannuightheoirí in-a béal, é deiridís go léir, — ‘That ould lady has no grinders,’ agus bhí an ceart aca.” Peig: “Bhí an ceart aca! gcloistí an leadhb. Is dócha gur b'é féin a thaisbeáin na fiacla dhóibh. Ní chuirfinn thairis é. A shímpleoir cad na thaobh ná dúbhraís leo nár le h-aois a bhíodar caithte aici, ach gur b'é cruadhas agus bochtaineacht an tailimh ar ar togadh í fé ndeara dóibh maolughadh.” Tadhg: (agus misneach na bíotaille ann). “Airiú a ropaire, an amhlaidh a mheasann tú gur chóir dom éitheach d'innsint? Is maith atá 's agat go bhfuil sí gach éan lá de sheacht mbliana déag. Nách cuimhin leat gur b'é an lá céadna a chuaidh a bhean abhaile chun a máthar ód' dhearbhráthair Éamonn a cheannuighmar 'na laogh í.” Peig: “Ná bí im bodhradh led' chuid seanachuis, a ghraigín. Mar a mbeadh na dathacha so, ní bheinn ag braith ort chun í dhíol. Tá'n tú ag labhairt chómh dána is dá mbeadh an taon phúnt déag shíos id phóca 'gat. A ruidín spriúnlaighthe, ar bhiorán buidhe do shín finn an tlúth fan na malan leat.” Tadhg: “B'fhearra dhuit é thriail. (ag breith ar an ndrol). Má thugann tú fé barra méire a leogaint orm, chómh siurálta is tá Peig Gheanncach mar ainm ort cloisfear ar dhá thaobh an ghleanna ag béicidh tu. Nách maith é mo bhuidheachas déis mo lae sa bhfuacht ar thaobh sráide, is tusa id stupóigín smeartha go seascair sa chúinne ann so.” Peig: (ag caitheamh na h-ursal uaithe, ag bualadh a bas agus ag gol). “Chómh siúrálta is tá Tadhg mar ainm ort, tabharfad sa suas do'n tsagart Dé Domhnaig tú, a mhuirdréir.” Tadhg: “Agus do'n Phápa, a chaillichín, más maith leat é.” Maighréad Ní Shúileabháin, Sgoil Cillmhic Ciarain, Uibh Ráthach. FOCAL 'SA CHÚIRT. Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” & cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn. Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i. “AN LÚCÁNIA” (de dhéantús na hÉireann) ó Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat. Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge do mhúineadh: “Scéalta don Aos Óg,” 2d. “Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d. “Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” — iad go daithte is go hoireamhnach ar gach chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6 Gaedhil a bhfuil Trácht ortha: Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach, Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh Colmcille, Wolf Tone, Naomh Bréandán, An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach garm — £3 an beart. Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar — Cuir cárta ag triall orainn ar lorg leabhráin eolais: “The Educational Co. of Ireland,” 89 Sráid Talbóid, Áth Cliath. TÁILLIÚREACHT agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i nÉirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA, 11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH. BÍODH PÍOPA MAITH GAEDHLACH AGAT. Tá PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR le ceannach i ngach siopa tobac. Cuir a dtuairisc ar lucht a ndéanta — CAPP & MAC PEADAIR Teo. FAICHE SHAIN STIABHNA, ÁTH CLIATH. Má léighir Béarla, LÉIGH LEABHAIR MHAITHE. Tá Béarla is Gaedhilg ann. “Knocknagow,” by C. J. Kickham; 4/- agus postas 5d. “In Dark and Evil Days,” by F. Sheehy-Skeffing- ton; 3/6 agus postas 5d. “The Red Spy,” by D. M. Lenihan; scéal ar cogadh Gaedhal ar son tailimh is treabhachais é sin; 3/6 agus postas 5d. “Convict No. 25,” by James Murphy; scéal ar ruagairt Ghaedhal ó thalamh na Midhe; 3/6 & postas 5d. Scríobh ar lorg liosta agus tuille eolais. SÉAMUS Ó DUBHTHAIGH & A CHUA., Sráid Westmoreland a' 38, ÁTH CLIATH. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services