Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Meadhon Foghmhair, 1917

Title
Meadhon Foghmhair, 1917
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1917
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. 18. MEADHON FOGHMHAIR, 1917. Pinginn a Fhiacha.



LUIBH EOLAS.



Tá áilneacht ar gach taobh dínn fan gacha bóthair.
Má tá an radharc ceart againn chífeam áilneacht fé
gach tor is ar fuaid gacha páirce.



An Caisearbhán.



Amach as an bpréimh is
eadh fhásan bileóga an
Chaisearbháin (taraxacum
officinalis) agus ní bhíon de ghas ar an
luibh ach an gas fada bog ar a bhfásan
an bláth. Dath geal buidhe a bhíon ar an
mbláth & nuair fheóchan, bíon go clúmhach
ar nós an Spuinnc agus gráinne síl ag
bun gacha ribe den chlúmh. Tagan fonn
eitilte ar an ngráinnín sin nuair a
shéidean an ghaoth & bfhéidir go mbíon
cúpla míle de bhóthar idir áit bheirtha
an ghráinne sin & an fód a bheathuighan
clann do!



Bíon bior ar an ngráinne síl & nuair
a thagan an pairisiút anuas as na glinn-
tibh aer, deinean an gráinnín poll sa
talamh do féin mar bíon sé ar a bhior
fé. Ní daingine an “ceangal lae agus
bliana” a chuireadh Fionn ar a churrach
'ná an greim a bheirean an gráinne síl
sin ar an ithir. Fear sainnte is eadh an
Caisearbhán atá de shíor ar lorg tuille
talaimh is triúcha dá chine, & pé fód in
a dtéighean a phréamh fanfaidh ann “le
saoghal na bhfear.”



Tá árd mheas ag na seandaoine ar
an gCaisearbhán mar leigheas ar dhroch-
ghoile & ar ghalar ae. Tá a lán slighe
aca chun é bheirbhiú. Chonnac mná tighe
i gCiarraighe 'á thabhairt dá gclainn mar
dheoch ghlantha na fola i dtosach an ear-
raigh. Tá cúl 'á thabhairt ag Gaedhlaibh
anois le leigheasana den tsórd san; is
milse leó “buidéal na scillinge is trí
leitphinge” a gheibhtar i siopa na bhfuin-
neóg ioldathach. A meon féin ag gach
dream dá dtagan, go bhfóire Dia ortha!
(“Cas-tsearbhán,” a deirtar in áiteana
sa Mhumhain).



An Mismín.



Ar a bhalath bhreágh aithneóch-
thá an Mísmín (mentha).
Tá seacht saghas Mísmín
ann agus is é an áit tais an ball is
annsa leo le chéile, ach aon tsórd amháin
(Mentha Arvensis), agus is maith leis
sin an fód a bhíon tirm. Sin é an
saghas a bhíon sa gháirdín ag daoine mar
ghlasair i gcóir an anbhruithe. Cuirean
sé blas & balath ar an súip. Ní bhíon
ón bhFranncach ach dornlach den Mhísmín,
nó d'aon luibh chumhra mar é, & dhéanfadh
sé anbhruithe girrfhéidh nó anbhruithe circe
dhuit nó saghas ar bith iarfá air, & gan
aon bhlúire feola aige chun an ghnótha!



Bláth ar ghne den chorcuire a bhíon ar
gach saghas Mísmín, ach ní bláth ró bhreágh
é. Ní ar an mbláth a bhíon an Mísmín
ag brath chun líonmhaire do dhul ar a
shórt. Cuirean sé préamhacha ar leith
amach uaidh agus gan de chúram ortha
san ach chun planndaí nua a dhéanamh.
Ní gádh ansan bheith ag brath ar an síol
chun an treibh a bhuanú & d'á bhrigh sin, ní
gádh breághthacht bláth.



Do deineadh trácht ar leigheasanaibh
roinnt blianta ó shin sa tseana-“Lóchrann”
agus bhí so ann “mar leigeas don bhréan-
anáil an mísmín.” D'airigheas muinntir
Chairbre 'á mholadh, leis, mar rud maith
don droch-ghoile.



An Garbhlus.



Tríd an bhfál is tríd an
drisleach a chífeá an Garbh-
lus, ‘Garalus,’ (Gallium
Aparine) ag fás. Tá sé lán de chrúicíní
beaga agus téighid siad in achrann san
uile rud bhíon ag fás i gcomhgar an
luis. Nuair is dóigh leis an Driseóig
gurab í féin is aoirde is is mó le rádh
sa ‘tír chois claidhe’ i dtosach an tsamh-
raidh, preaban an Garbhlus in a sheasamh
& tréis cúpla seachtain bíon an Dris-
eóg bhocht múchta aige & gáir maoidhte
is magaidh ar siubhal aige fúithi. Agus
donas an scéil ar fad, ní fhéadfadh an
Garbhlus aon dul i n-áirde a dhéanamh
mura mbeadh ise bheith mar thaca aige!



Nuair a bhíon an síol aibidh, cuirean
an Garbhlus an duine agus an t-ainmhidhe
do dhéanamh gnótha dho, ag scaipeadh síl.
Beirid siad leó cuid den síol gan
fhios dóibh, é ceangailte i gcasóig duine,
nó i gclúmh an ainmhidhe. Nuair a thagan
an athbhliain bíon craobhacha den Gharbhlus in
áit ná raibh riamh cheana, chun driseóg
agus tor do chrádh.



Ní mhairean an Garbhlus ach ar feadh cúpla
mí. Saoghal gairid suairc a bhíon aige
agus is dóigh gur ar an nDriseóig a
bhíon an t-árd-áthas nuair eugan fear
a ciapaithe.



Seán Tóibín.



CNOCÁINÍN AERACH CILLMHUIRE.



I.



Is buachaillín mise do shiubhluigh a lán
Ar tuairisg na h-áite b'fhearr ionad
I múineadh i n-iomchar i gclú cheart 's i gcáil
I mbeusaibh i dtréithe 's i dtuisgint
Ní h-eol dom aon chúige ná deaghbhaile breágh
Dá bhfeaca im shiubhalthaibh ba shúgaighe le rádh
Is níor luigh riamh mo shúil ar aon dúthaigh
chomh breágh
Leis an áit úd a glaodhtar Cill Mhuire.



Curfá:



Hóró é, hóró é, a bhuachaillín bhreagh,
Hóró é, hóró é tabhair dhom do lámh,
Tá'n jug ar an mbórd is ba chóir do
bheith lán,
Go n-ólfaimíd sláinte Chill Mhuire!



II.



Annsúd a bhíonn túrlac bhinn-cholúir is
faoileáin,
An chéirseach, fraoigh-chearc, agus druide,
Ar ghéagaibh na slaodaibh ag géilleadh fé
bhláth,
Is ba mhéin liom le n-áireamh a bhfuireann
Fuaim aige conairt dá leigint chun fiadhaig,
'Ge uaislibh na cruinne ag marcaigheacht go
dian,
Adharca ann dá séideadh 's na céadta
huzzah,
Ar Chnocáinín Aerach Chill Mhuire.



Curfá.



III.



Annsúd a bhíonn cúinse go súgach ag dáimh,
Mara léightear na h-úghdair ba chlisde,
Spórt agus aoibhneas, rinnce 'gus rás,
Is na ceolta ba bhreághtha dá seinnim,
An gasra grádhmhar ba mhéin liom le rádh,
Ar mhachaire 'n choímheascair ná stríocfadh
dá námhaid,
Sin deire lem ghníomharthaibh ach líontar
chughainn cárt,
Go n-ólafaimíd sláinte Chill Mhuire.



Réice fir go raibh mór-chuid fiacha air,
ní fheictí aon lá eile é ach Dé Domhnaig.
Bhí sé neamh-spleádhach leis an mbáille
an lá san. Do chúm sé an rann so ag
moladh an Domhnaig:



“Sé an Domhnach do thoghfainn mar
lá chun fiach,
Sé an Domhnach do thugann cabhair
agus grásta ó Dhia,
Agus sé mo lom-chreach nach Domh-
nach gach lá sa mbliain!



“Fear Tábhairne,”
Dairbhre.



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


CIARRAIDHE.



Nuair a bheir ag taisdeal
in UIBH RÁTHACH ÁLUINN,
cuir fút sa tigh seo



TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH
I gCATHAIR SAIDHBHÍN.



An tig is fearr in Uibh Ráthach.



Labharfar Gaedhilg leat ann.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE



TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;



SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;



ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.



ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.”



Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.



SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.



TROSCÁN TIGHE.



SEÁN Ó CURRÁIN,
sa DAINGEAN.



an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.



AN T-EMPÓRIUM,
le
M. Ó SÚILEABHÁIN AGUS A MHAC,
CILL ÁIRNE.



ÉADATHÓIRÍ MAITHE



Tá le fághail uatha:



Lása Gaedhealach de'n déanamh agus de'n phatrún
is órnáidighe amuich agus saothar lámh is
eadh gach órlach de.



Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt
datha.



Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach
(Muintir Winstanlí agus Mac Gabharnaigh a
dheinean.)



Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr &
flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do deineadh.



Bím
GO GNÓTHACH I GCOMHNAIDHE!



Mar díolaim rothair Ghaedhealacha — “An Piarsach”
agus “An Lúcánia.” Deisighim rothair & mótair
ag TIGH DÚNABÓINNE, Sráid Chúc, i gCORCAIG.



DÓMHNAL Ó SÚILEABHÁIN.



LACHA MHÓR CHORCA DHUIBHNE.



Thugas cuaird ar mo rothar an lá fé
dheire siar ó thuaidh ó Dhaingean Uí Chúise.
Ag filleadh abhaile dhom, tréis Cathair
Sgoilbín do chur díom, do bhain tionósg
beag dom rothar & b'éigean dom túir-
ling chun é do dheisiu. Bhí sgata
fear tamall síos uaim ag an gcrosaire
agus gach duine aca ag stealladh amach
na cainte i n-árd a chinn 's a ghutha. Ba
léir ó na ngothaíbh agus ó'n bhfaobhar do
bhí ar a gcaint gur ceisteanna móra
tábhachtacha éigin do bhí aca 'ghá chur trí
chéile. Do dhruideas ní ba chómhngaraighe
dhóibh agus chuala cuid dá gcaint. Ní
misde dhom a rádh nár baineadh a leithéid
de phreab asam leis na bliantaibh. Ní
foláir nó tá eachtraí míorbhúilteacha ag
tuitim amach sa taobh so dhúthaigh a gan
fhios do'n tsaoghal mór. Seo cuid dár
airigheas.



“Mo sheacht gcéad mallacht ar an
lachain chéadna,” arsa duine aca. “Bhí
tigh breágh nuadh tógtha agam um an
dtaca seo mar mbeadh an mí-ádh lachan
úd do theacht ag triall orm agus do
chur iachaibh orm aistriú ó'n seana-láthair.
Cad é an díoghbháil ach na clocha & an
mortéal bheith bailighthe ullamh agam ar
an seana-láthair. Go mbeiridh an diabhal
leis é mar lacha.”



“Go maithidh Dia dhom é,” arsa an
dara fear, “bhí sé ar bharra mo theangan
‘Ámen’ do rádh leis an nguidhe sin. Tá
mo ghoirtín deas loitithe go deo aige.
Ní shásóch' an saoghal é gan bóithrín a
dhéanamh trí na lár agus —.”



“Dhera, éist do bhéal, a dhuine,” arsa
fear eile. “Nior imthigh seoid ort seochas
ar imthigh orm féin, tá trí bliana ó shoin
ann. Bhí orm dul a chodladh gach oidhche
fan an gheimhridh gan oiread dín os mo
cheann as chosaineóch ar an bhfuacht is ar
an bhfliuchán mé — ní leigfeadh an ropaire
lachan úd dom an díon do chur suas.
Dar an leabhar breac duit, níor lugha
liom an diabhal chugham ná an lacha mhal-
laighthe chéadna.”



Ba mhaith liom fanacht agus tuille a
dh'aireachtaint ach bhí mo rothar deisighthe
agam um an dtaca sin & bhí deabhadh
abhaile orm. Ach le linn dul thársta
dhom do ghlaoidh duine aca amach orm.
“Pé áit arbh as thu, a dhuine uasail,”
ar seisean. “Nár leigidh Dia an lacha
chughat!



Nuair a chualas an focal san chuireas
díom chomh tiubh te is bhí am' sheana-rothar
a dhéanamh. Bhí ag dorchú ar an oidhche
agus ag luigheadú ar mo mhisneach agus
i ndiaidh ar ndiaidh bhí eagla na lachan
ag greamú isteach am' chroidhe. Ar an
slighe abhaile dhom is amhlaidh a bhínn ag
dearcadh thar mo ghualainn gach re neo-
mat le h-eagla go bhfeicfinn an t-éan
mór millteach ag teacht ar mo thóir
agus níor sgar an eagla san liom
gur bhaineas amach príomh-shráid Dhaingin
ghalánta Uí Chúise.



Ba mhaith liom tuille eolais do sholáthar
i dtaobh an éin mhalluighthe seo. Cá bhfuil
a nead aige? Cad na thaobh ná beireann
na pílears air & é do sheoladh anonn go
Flóndras? — ba mhór an sgrios a dhéan-
fadh sé ar na Gearmáinigh bochta. An
bhfuil aon ghaol aige leis an bPréachán
Mór nó an lacha Lochlannach atá ann?
Airighim gur mó is gur milltighe iad
so ná na lachain choitchianta. Do'n te
is fearr a sgríobhfaidh amhrán nó sgéal
ag cur síos ar eachtraíbh na lachan so
tabharfad duais deich sgilling.



An Fiolar.



CAITLÍN TRIALL



Gléas C.



Ní Cnocáinín aitinn is ainm do'n áit seo,
Ach Gleann aoibhinn áluinn, mar a dtaith-
neann an ghrian,
Bíonn coll ann, bíonn cuileann, 's gach bile
dá bhreághthacht,
'S an tslaitín caol cárthain, gan fileadh, gan
fiar,
Bíonn uaisle Clár Banban ag tarraint thar
sáile 'nn,
Cé, fóríor tinn cásmhar, is in aisdear a
dtriall,
Ach anois ó táim scartha lem athair 's lem
mháthair,
Fé thuairim do shláinte! a Chaitlín Triall.



Do shiubhlaigheas go h-Inis is go h-imioll
Cnuic Áine,
Is níor stadas de'n stáir sin go tig
Donnchadh Daoi,
Cill Úird, Cill Mhuire, Cill Choinne, Cill
Átha,
Cill Dara, Cill Atháirne, agus Cuileann
Uí Chaoimh.
Dem' shiubhlaibh níor stadas go Daingean
na gCliar,
Is a tuairisg ní bhfuaireas gur chasas aniar,
Sé chuala ar a' gCarraig mar a stadadh an
Fhiann
Gur “fhuadaig sí an bárr léi ó Chaitlín
Triall.”



Do shiúbhlaigheas cois Féile, cois Léithne,
cois Laoi,
Cois Éirne, cois Brighde 'gus as san go
Teamhair,
An Ruachtach, an Chlaodach, an Bhéileach 's
a' tSnaídhm,
An Gheadach 's an Aoine, an Bheithe 's an
Leamhain,
Go ndeaghas go Gleann Chárrthaigh na sáir-
fhear nár ghann,
Dob' fhial fairsing fáilteach iad a mná 'gus
a gclann,
Am chuardaibh le n-áireamh níor thárlaidh sí
liom,
Agus ólfam a sláinte ó rángamair ann.



Do shiúbhlaigheas cois Fleisge, cois Mainge,
cois Eibhle,
Árdfhearta, na Faidhre 's go hAbhann a' scáil
Cuanta is garbh-chnuic corraithe 's failltheacha
Catharacha, aibhne, loingeas 's báid.
An Dá Chích, Mangarta, Díseart an cheóigh
Cnoc Fírinne an aitis, Cnoc Breasail 's a
tSrón,
Do chuadhas-sa ag eiteall go dtí Sgeilg na
sgeól,
Is a tuairisg níor bhuail liom marbh ná beó.



Do shiubhlaigheas Cluain Meala 'gus as súd
Portláirge
Tiobraid Áran agus Cathair a' Mhidhe,
Is thíos i mBunmachan seadh d'easgair an
lá orm,
'S ar maidin i mbáireach i gCaiseal do bhíos,
Do sgiúrdas trí Mhalla 'gus as san n' Chluain
'S is ró-bhreágh do dhearcas gach baile 'gus
cuan,



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 3


Ag féachaint cá dteangmhóghainn lem' chailín
chiúin tsuairc,
'S gur líon mo chroidhe d'fhadtuirse ó
d'éaluig sí uaim.



Ar mo chasadh a bhaile go Barra na hAoine,
Cé chasfaidhe sa tslighe orm ach sgathfaire
an cheóil,
Sé dubhairt sé “suidh farainn, taoi marbh
ó'n tsíor-rith,
Nó an misde leat innsint cá bhfuil do
ghnó,”
Sé dubhartsa dá fhreagairt “dob fhada liom
suidhe,
Mo chúrsaí le sealad gurab aindeis le
h-ínnsint,
I ndiaidh mo stuaire ciúin cailce gur thugas
taithneamh mo chroidhe dhi
Is go rachad ar baois mar a bhfaghad teacht
na cóir.



Sé dubhairt an fear cneasda “tair chun
mo thighe-si,
Fan farainn ist oidhche, 's ar maidin seadh
gheobhair
An tuairisg cá mbfhearra dhuit teacht chun
bheith roímpí,
I mBaile na Díseach mar a dtaistealann
slóig
Mar a mbíonn uaisle Clár Banban sealad
ag fiadhach,
Ruadh-phuic dá dtreasgairt agus tamall
eile ag iasgach,
Tá mórán dá caraid i ngradam le ciantaibh,
Is gurb eatorra triallann an fhinne-bhean óg.



Mo chómhairle bheirim feasda dhuit, a fharaire
an aoilchnis,
Ó's duine ar baois tu atá ag rith ar do
nós,
Do shuaimhneas do ghlacadh sa bhaile ar feadh
mí dhuit,
Go sásta ag síol-chur agus sgurtha go fóil
Má fhúig an ainnir thu farradh mar a bhí sí,
Buaireamh ná mairg ná glac-si dá dhruim
sin,
'S a liacht spéirbhean chailce gan fear ins
an tír seo,
Chomh geanamhail gnaoi le Caitlín Óg.



Nuair a thagaim-se abhaile 's mé tuirseach
ó'n mbóthar,
Is dubhach mé ag féachaint ar frathacha an
tighe,
'S is doilbh a bhíonn m'ínntinn i gan fhios
do'n tsaoghal,
'S ar mo leabhaidh nuair a théidhim ní choda-
luighim puinn,
Ach' ag smaoineadh 's ag machtnamh am aigne
féin,
Ar ainnir na gcraobh a bhí bachallach buidhe,
Is go dtabharfainn a bhfeaca de mhaithibh a
tsaoghail seo,
D'fhonn cara mo chléibh a d'fheiscint arís.



Fuaireas cabhair ó Mhícheál Ó Foghludha, timthire na
nDéisi, is ó Chormac Ó Cadhla, chun an abhráin seo
chur i ndiaidh a chéile. Mairisil Ní Mhurthuile do
chuir an ceol i n-órdú. Tá an fonn deallratach le
“Gleann Cam.” Finghin na Leamhna.



IASCAIRE CHILLE hÁIRNE.



Fear do bhí ag iascach ar Loch Léin.
Duine iasachta dob' eadh é. Do bhí iasc-
aire ó Chilláirne fairis sa bhád. Bhíodar
ag teacht tar iascaireacht agus do bhí an
duine deorata ag innsint scéalta móra
iascaireachta do'n duine ó Chilláirne. Do
chreid seisean iad go léir agus do bhí
a bhéal ar leathadh le h-iongantas na
ngníomhartha gaiscidh do dhein an duine
iasachta ar bhreacaibh agus ar bhradánaibh
& ar mhíoltaibh móra. B'aoibhinn leis an
duine iasachta a shaoráidighe a chreideadh
an duine bocht maol na scéalta breághtha
san, agus cheap sé gur mhór an truagh
gan iad a thabhairt do.



“Is dóigh liom,” ar seisean, “gurab é
an cruatan is mó rug riamh orm — lá
bhíos ag siubhal cois trágha san Afraic
Thiar. Do bhí brothal beirithe ann agus
cheapas go raghainn ag snámh. Do bhain-
eas díom. Isteach liom agus shnámhas
tamall amach, ach nuair chasas isteach
arís cad a bheadh idir me féin agus an
talamh ach Searc. Seo chugham é. Thugas
fé éalú. Bhí sé ró luath dhom. Thumas
fé. Thúm seisean fúm-sa. “Táim réidh,”
arsa mise. Thugas me féin suas do Dhia,
ach sin é an uair díreach a chuimhnigheas
ar an sciain a bhí im' póca. D'oscluigh-
eas í. Thug an Searc arís fúm. Chuireas
an scian n-a chab. Leis an siúbhal a bhí
fé do scoilt an scian go heirball é!
Do shaor an scian me.”



Do mhol iascaire Cille hÁirne an scéal
sin go mór. Dubhairt sé gur mhaith an
cuimhneamh an scian úd. “Agus cuireann
san i gcuimhne dhom,” ar seisean, “rud
beag a thárla dhom féin lá dá rabhas
ar an loch so. Bhíos ag iascach bradán.
Ní fhuaireas priocadh go ceann i bhfad.
Tráthnóna thiar d'éirigh an rud i bhfuirm
bradáin. Chuaidh an dubhán i bhfastó ann.
Síos leis. Scaoileas dorú chuige. Aníos
arís leis agus tharraingeas go dlúth air.
Do dhein sé fáinní & lúbanna timcheall
orm féin agus ar an mbád. Bhíos 'á
thraochadh. Tháinig sé i n-aici an bháid
uair. Fuaireas mo ghatha. An mhaidean
chéadna 'seadh chuireas plannda fuinn-
seoige mar chois ann. Chuireas an gatha
'na eirball. Bhain sé cor as féin. Bhain
sé lúbadh as féin. Bhain sé suathadh as
féin. Choimeádas mo ghreim. Annsan do
thúm sé. Tharraing sé tar bórd me.
Síos liom 'na dhiaidh agus greim ar mo
ghatha agam. Siúd linn araon fé'n loch
anonn. Ach bhíos dom bháth, bhíos dom
mhúchadh. Scaoileas uaim an gatha agus
thánag aníos. Bhí an báidín míle go leith uaim!



“Bliain is an lá san díreach — lá breagh
Bealtaine, bhíos as iascach arís ar an loch.
Níorbh' fhada gur éirigh aníos chugam mo
sheana-chara, bradán na bliana roime
sin. Bhí marc maith agam air — an gatha
bhí sáithte na eirball agus fás bliana
tagaithe ar an bplannda fuinnseoige &
duilleabhar nua á chlúdach. Thosnuigheam-
air ar a chéile. An plé bhí bliain roime
sin againn bhí sé arís againn. Bhí sé chomh
láidir le tarbh. Thugas i n-aice an bháid
é. Phreabas. Cheangluigheas an téadán
de'n fhuinnseoig. Siúd leis an mbradán.
Shuidheas i ndeire an bháidín & dheineas an
phíp a dheargadh. Thug an bradán cúrsa
an locha fé thrí. Bhí cubhrán bán le tosach
an bháidín 'na dhiaidh aniar. Tráthnóna thug
sé aghaidh ar bhéal na Leamhna. Síos an
Leamhain linn. Fé dhroichead na Leamhna
linn. Thar Paróiste na Tuaithe linn
agus Cillorglan, gur bhaineamar amach
an fhairrge ag an gCromán. Siúd linn
siar bágh an Daingin, thar na Cealla,
thar Cuan Cromtha, thar Oileán Dairbre
go Ceann Breagha agus gach aon chnag
a bhuaileadh mo bháidín ar ailp fairrge
go measainn go bhpléasgfadh sí. Nuair
bhíos ag an Sceilg cheapas gurbh' fhearr
stad & do ghearras an téadán. D'imthigh
an bradán. Thánag-sa abhaile.”



An Seabhac.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,



Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla,
le fághail uainn-ne.



Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilg go fionnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH.



SRÁID ÍOC. BHAGÓID, a 50,
BAILE-ÁTHA-CLIATH.



Sranngscéalta mar seo: “Larch, Áth Cliath.”



An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



A Ghaedheala! Ceannuighidh



“ÉADACH na DRUIPSIGHE”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.)
Co. Chorcaighe.



An Ghramadach Ghaedhilge is fearr le fagháil.



CEACHTA
CAINNTE
GRAMADAIGHE



Tá na mílte ann, idir óg & aosta, idir
múinteóirí & scoláirí, go bhfuil eólas
cruinn ar an nGaedhilg aca i ndiu
de bharr na Gramadaighe sin.



Seaghán Ó Catháin do scríobh é.



224 LL.; Muíntear Ghuill, Áth Cliath; 2/6.



CARABHATAÍ de'n PHOIPLÍN



AR GACH DATH is
AR GACH GNÉ DATHA.



LIAM Ó hAIMHEIRGÍN,
(‘W. Bergin’)
a dheinean do lucht siopaithe.



Scriobh ag triall air go



62 SRÁID GHRAFTON,
in ÁTH CLIATH.



DÁNTA DIADHA GAEDHEAL.



Tá Cualucht Chuilm Cille, i Magh Nuadhat,
tréis cnuasacht bheag de Dhántaibh Diadha
do chuir in eagar idir cheol agus focail.
Ocht ndánta atá sa' leabhrín.



TÁ “ADESTE FIDÉLES” ANN.
“Tórna” do thionntuig.



Bu cheart do lucht ceoil gacha scoile is
gacha paróiste roinnt cóib de bheith aca.



Leath raol a fhiacha (3d.)



Dosaon cóib ar leath choróinn (2/6).



Ó Rúnaire Chualucht Chuilm Cille, Magh Nuadhat

ó Mh. H. Gill, i mBaile Átha Cliath.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.


L. 4


A MHNÁ UAISLE! is saoire (le
25%) a gheobha sibh na rudaí seo im
shiopa-sa 'ná in aon tsiopa eile sa
Mhumhain:



BLÚSANA, GÚNAÍ,
CARABHATA, HATAÍ

CASÓGA CLÚIMH.



Tá luach gacha ruda scríte go soiléir
air. Glaodhaíg chugam nó scríobhaíg.



GEARÓID DE BARRA,
Sráid Phádraig N. a 77, CORCAIGH.



RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.



RÁSÚR “COSANTA”
ná gearsan an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a' bpost.



MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



Sinn-ne a dhein



SNAOIS CHORCAIGHE



ar dtúis agus atá 'á déanamh
i gcómhnaidhe.



TOBAC CÚMHRA
an dá shórt so —



“Exhibition Roll” agus
“Shandon Plug.”



Má theastuighaen uait aon tobac nó
saigréidí do chur chun aonne atá sa
chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó
cháin, ach leath phúnt, ar a luighead,
bheit sa' bheairtín idir thobac is saigréidí.



LAMBKIN BROS.,
9 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



Gheobhair deaghmhargadh
uaim-se i gcomhnaidhe.



TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
fad-sa an postas ar cheithre púint de.



PLÚR Gaedhlach.



MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min
bhuidhe.



SIÚICRE agus gach rud eile ar fheabhas.



SEÁN MAC CURTÁIN,
SRÁID A' tSEANDÚNA, CORCAIGH.



AN LÓCHRANN.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh an Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair.



Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain.



Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain.



Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, agus c. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.



Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
&c., do chur.



Na Díoltóirí.



Ó Cuill agus a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh



Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



FEALLSAMHNACHT.



Níl aon teora le Séamus beag chun
argóna. Tá fios fátha gach doimhin-sgéil
aige, dar leis. Do bhuail sé liom an lá
fé dheire ag bun na Carraige. B'fhuruist
a dh'aithint air go raibh adhbhar argóna aige
agus fonn áitimh air. Leis an bhfuadar
do bhí fé, níor fhan sé le beannú dhom
ach thosnuigh láithreach. “Táim ag innsint
bréige.” ar seisean. “An fíor san?”
Níor thuigeas cad a bhí ar bun aige ach
d'fhonn é shásamh dubhart “Is fíor.” Ach,
foraoir! ní raibh sé sásta; b'fhada buidhe
uaidh é. “Má's fíor,” ar seisean. “Ní
bréag é, & dá bhrígh sin, nílim ag innsint
bréige.” Bhí iarracht de mhearathal ag
teacht orm féin ach do lean sé dhe.
“Mara bhfuilim ag innsint bréige,” ar
seisean, “nílim ag déanamh an rud
adubhart a bhí agam á dhéanamh, & fág-
ann san go bhfuilim ag innsint bréige.
Dá bhrígh sin, má táim ag innsint na
fírinne, táim ag innsint bréige, agus
má táim ag innsint bréige táim ag
innsint na fírinne. Agus teaspáineann
san —”



Ach ar an neómat san, tháinig sgamall
os comhair mo shúl, do dhein an saoghal
bulla-báisín im' thímcheall agus d'imthigh
talamh agus spéir as mo radharc.



Nuair a thánag chugham féin, bhí Séamus
imthighthe an cnoc amach.



An Fiolar.



Bhí saighdiúirí bailighthe timcheall na
teine oidhche tar éis catha. Bhí gach
aoinne ag innsint a ghaisce féin. Thárla
amadán na measc. “Is fearr mo
ghaisce-se ná gaisce aoinne agaibh,” ar
seisean. “Cad a dheinis?” ar siad.
“Bhíos ag gluaiseacht tríd an gcath,”
arsan t-amadán. “Chonnac fear. Thair-
rigeas chugham mo chlaidheamh. Thugas fé.
Bhaineas cos de!” “Cad chuige nár
bhainis an ceann de?” ar siad san.
“N'fhéadfainn é,” arsan t-amadán,
“mar bhí an ceann bainte dhe rómham.”



CÚNNTAS CINN LAE.



Brighid Stac do scríobh.



BEALTAINE.



Dé Máirt (1). — Tá an lá istig buidh-
eachas le Dia. B'aoibhinn an lá é ó
eirighe gréine ar maidin go dul faoi
dhí tráthnóna. Ba mhoch ar maidin a
bhíomair ag cur an bhóthair dínn ag dul
ar sgoil. Ba thaithneamhach iad na guirt
ghlasa fé na mbrataibh bláth agus ba
thaithneamhaighe fós glór uaigneach na
dtonn ag tuitim ar an dtráig agus
sgreadach na bhfaoíleán os a gcionn.
Go deimhin bhí sgáil an tsamhraidh ar
gach rud. Sé uaire a chloig na dhiaidh
sin bhíomair ar an mbóthar céadna ag
filleadh abhaile agus blátha deasa gá
mbailiú againn le h-aghaidh altóra na
Maighdine Muire. Chaitheas cuid mhór
den dtráthnóna ag gabháilt dom leabh-
arthaibh. Is minic a deirtear liom sa
bhaile nuair a bhíonn rud le déanamh &
leabhar im' dhorn agamsa. “Ó mhaise
eireóchaidh an léigheann id' cheann, a
Bhríghid,” agus nuair chonnaic seanduine
ó'n mbaile seo againn-ne, peann luaidhe
agam ó chianaibh sé dúbhairt sé: “Arú
cuir uait agus ná bí ag cur síos ar
do chómharsanaibh. Táid 'na ndreóilíníbh
spóirt sa ‘Lóchrann’ agat. Ní i gcómh-
nuidhe a ritheann le lucht magaidh a
chailín. B'fhearra dhuit aire thabhairt duit
féin.” Do chuireas 'sna chosaibh, geall-
aimse dhuit, mar ní h-aon an-dhóithín
an té seo áirighthe nuair thagann gomh
ar a theangain le h-easbadh tobac, tá's
agat.



Dé Céadaoín (2). — Chaitheas an lá indiu
fé mar is gnáthach lá sgoile do chaitheamh,
ag obair go dícheallach, mar, ar nós gach
rud eile mara ndeinimíd Earrach fógh-
anta is deallratach ná beidh deaghfhógh-
mhar againn. Nuair a thána ó scoil is
orm a bhí an t-áthas nuair a chonnac
Cáit ag déanamh an té le h-aghaidh na
mithille a bhí ag baint na móna againn,
mar bhí fhios agam go raghainn ar an
gcurrach in éinfheacht léi. Níor bh'fhada
a bhíos ag ithe mo dhínnéir, deirim-se
leat, agus seo linn araon ar tiomáint
i gcairt asail. Ba dheas an radharc an
sliabh mór fairsing dubh le móin, agus
mitheall fear ar gach rámhan de geall
leis, ag baint 's ag píceáil. Do leath-
amair leithead bán ar phaiste ghlas agus
bhí sé chómh deas le h-aon bhórd nuair a
bhí sé leigithe amach againn. Níor ghádh
glaodh an ath-uair ar na fearaibh mar
go deimhin bhí dúil sa té ag gach aoinne
cu mar is éachtach an buadh atá aige
chun an croídhe do thógaint is d'éad-
tromú. Bhí a sgéal féin ag gach aoinne
an fhaid a bhíodar ag ithe & bhí gáirídhe
is sult aca. Dúbhairt duine aca gur
bhuail bosca mór leis féin & a pháirtighthe
an oídhche roimis sin ar an bhfairrge &
cheapadar go rabhadar saidhbhir & taréis
a nduaidh dá tharrac leó ná raibh ann
ach ‘praiseach mhadra do bhrioscaí lobhtha.’
“Bhí an iomad do'n sgannradh oraibh,”
arsa duine eile, “agus níor cheart aon
ní cóir a bheith ann;” agus seo le gach



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 5


duine is a fhocal féin aige i dtaobh an
bhosca. Nuair a bhí gach aoinne sásta
bhailígheamair suas na h-áraistí agus
thugamair ár mbóthar orainn abhaile.
Is truagh ná tagann lá na móna níos
minicí.



Déardaoin (3). — Is moch ar maidin a
bhíos im' shuidhe agus gach rud déanta
agam nuair eirig an chuid eile ach ní
móide mo bhuidheachas é, a chroidhe, mar
is amhlaidh a cromadh ar gháirídhe fúm,
dá rádh go raibh atharú éigin ag teacht
ar an aimsir is a rádh gur eirigh Bríghid
ar an gcéad duine; ach sé chuir ag
gáirídhe ar fad me nuair dúbhairt mo
dhearbhráthair beag gur dúil sa té a
chuir im' shuidhe me!



Chuadas ar sgoil & is feárrde dem'
lá me mar is mó d'eólas atá agam
anocht ná bhí ar maidin. Is minic a bhíonn
spórt ar scoil, leis, cé gur dóigh le
daoíne ná bíonn. Is mó rud greannmhar
adeir cailíní beaga a bhaineann sgarta
mór gáire amach do phreib ó'n mbuídhin
go léir agus ó'n máighistreás féin.
D'fhiafruígheas féin de chailín an lá fé
dheire cad é an nídh “each bán” — “bhí
Niamh Chínn Óir ag marcuídheacht ar each
bhán.” “Ganndal bán!” ar sise. Nár
bh'iongantach an ganndal é!



Dé hAoíne (4). — Lá breágh ciúin grian-
mhar a b'eadh an lá indiu. Mhaise, is mó
gáire déanta agam ar feadh an tráth-
nóna agus tá sé chómh maith agam an
sgéal a ínnsint chun go mbeadh cúis
gháirídhe ag a thuilleadh. Chuas amach
sa gharraídhe tráthnóna agus chromas ar
ádhbhar Cruínneólais d'fhoghluim. Níorbh
fhada ansan dam go gcuala an ghuth á
rádh: “Mhaise, cad tá ar siúbhal anois
agat?” Seana-Mhícheál a bhí ann — duine
aosta atá ar an mbaile againn ar a
bhfuil mór-chion ag an aos óg agus go
mór mór agam féin. “Tá an leabhar
so ag cur síos ar an ndomhan mór,”
arsa mise agus deir sé go bhfuil an
domhan ar nós liathróide agus go bhfuil
sé ag casadh tímcheall i gcómhnuídhe cé
ná mothuighimíd é.” Dhein sé sgarta
gáire — “Is minic a chuala,” ar seisean,
“go mbíon measgán mearaídhe ar lucht
léighinn. Measann siad an dubh a chur
'na gheal orainn is dócha. Dá mbeadh
an domhan ag casadh tímcheall is mó
barra-thuisle a bainfí asainn agus dá
olcas iad mo sheana chnámha bochta,
bheidís níos measa agam dá mb'fhíor
an leabhar san.”



N'fhéadfainn a thuilleadh a rádh lé
gáirídhe agus bheadh a thuilleadh seóig
agam ach glaodhadh air abhaile mar bhí
a inghean tagaithe ar chuairt chuige.
“Beidh a thuilleadh áithimh againn 'na
thaobh so,” arsa mise & é ag imtheacht.
“Táim sásta,” ar seisean, “agus cuir-
fead geall leat go mbuadhfad ort 'na
thaobh.”



Dé Sathairn (5). — Táim ó mhaidin indiu
ag nígheachán agus ag glanadh, mé féin
agus mo dhriféaracha, mar is gnáthach
linn gach Satharn & tá tuirse orainn
anois. Is minic ó mhaidin atá cainnt
sheana-Mhichíl tairigthe anuas agam & ní
fhéadaim stad do gháiridhe nuair chuimh-
nighim ar an mbarra-thuisle a bainfídhe
asainn do réir Mhichíl. Níorbh' aon nídh
asal bacach Thaidhg Mhóir ansan seachas
sinn. Níor ghaibh sé chúgham ó shoin agus
is fada liom go ngeobhaidh.



Dé Domhnaig (6). — Chuadhas go dtí'n
tAifrionn agus is fada an slíghe atá
óm' bhaile-se go dtí'n séipéal ach ní
sinn-ne a mhothuígheann é mar tá an
óige againn, ach caitheann na seana
mhná an t-asal 's an chairt a bhreith
leó. Bíonn na fir go léir in-aonfhacht
agus is aca san a bhíonn an chuideachta
ag trácht ar ghnóthaibh na seachtaine,
ar an gcogadh agus gach rud eile.
Taréis Aifrinn chuamair ag bádóireacht
& b'aoíbhinn an turus a thugamair ar
bhárr na dtonn & fé bhun na gcnoc.
“Bhí plána ar an muir” fé mar deir
na sean daoine nuair is mian leó a
rádh go raibh sí ar nós gloine, agus
b'é ba bheag linn an fhaid a thugamair
ag luasgadh ar a druim. Thugas an
chuid eile de'n dtráthnóna ag foghlaim
cheacht i gcómhair na seachtaine, chun ná
beadh agam ach súilfhéachaint a thabhairt
ortha gach tráthnóna eile.



Dé Luain (7). — Tá an chéad lá do'n
tseachtain caithte agus a roinnt oibre
déanta ag gach duine. Nuair a bhíomair
ag dul ar sgoil ar maidin bhuail strac-
aire d'fhear linn & é ag féachaint anso
agus ansúd fé mar bheadh sé ag lorg
rud éigin. “An bhfeacabhair m'asal,”
ar seisean. “Cad é an saghas asail
é?” arsa cailín beag, mar bhí trí
nó ceathair d'asalaibh feicithe ar an
mbóthar againn —



“Asal deaghfholáin, deagh-chnámhach,
deagh-sheasamhach
Mairc 'na dhrom ag rian na
sratharach
Cláracha daraighe & mataí tuighe
scotch!”



Chromamair go léir ar gháiridhe agus
is dócha gur bh'amhlaidh a bhí an chainnt
seo chloiste ag an rupaire ó dhuine
éigin eile mar n'fhéadfadh a sheana
phlaosc féin cuimhneamh ar an gcainnt
chómh tiugh.



Dé Máirt (8). — Bhí an lá indiu go
breágh te — nách ionghantach an teas
atá ann chómh luath. Tá “Scairbhín na
gCuach” ann fós. Bhí cailíní ag dul
ar sgoil indiu gan aon bhrat. Is breágh
luath a bhímíd ag baile gach tráthnóna
ó sgoil ó thosnuig an t-am nuadh ach
caithfimíd eirighe uair a chloig níos
luaithe gach maidin agus ní buidheach
ná beannachtach a bhímíd ar maidin do
dhlighthibh Shasana nár fhág an ghrian mar
uaireadóir againn. “Ní fada go mbain-
fid glaodh an choilig de,” arsa sean
duine sa bhaile seo againn-ne. Tar-
éis sgoile tráthnóna pé súil-fhéachaint
a thugas amach sa bhfuinneóig chonnac
chúgham aníos seana-Mhícheál. Seo liom
amach sa gharraidhe. Dhein sé sgarta
gáire nuair a chonnaic sé an leabhar



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —



I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG



Scriobh chuige.



DATHÁN
den uile saghas,
idir
SHNASDATH,
SLÁNDATH, agus
PÉINT,
(“Varnishes, Distemper, and Paint.”)



TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH.



Gheobhair in aon tsiopa, nó mura
bhfaighir, scríobh chun



MUINNTIR ÁRACHTÁIN,
Muilionn “Seandúna,” i gCORCAIGH.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,



MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a
Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.



Má tá
TRUCAIL, CÁRR nó CÓISTE
uait,



Nó deisiú le déanamh
ar rothaí, &c., &c.,



Scríobh nó glaodhaig chugainn-ne:



C. Ó CONAILL agus a Chualucht,
SRÁID LIADHROM,
CORCAIGH.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 6


Tá le fagháil uainn-ne
BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID
den déanamh Ceilteach agus marc
earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca.



tá ÁTHRAIGHE ÓIR is
ÁTHRAIGHE AIRGID
mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha
dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá
an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca.



Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair
agus an luachliosta.



LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC
Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid



Gaedhil: sa tSIOPA BAGÚIN
atá ag
TOMÁS Ó MURCHADHA,
(‘T. J. Murphy’)
111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH,
ar aghaidh Árdoifige an Phuist anonn.



CEANNUIGH DO CHUID
LEIGHIS,



I SIOPA AN BHÚRCAIGH



.i. Tig na cúinne, idir
SRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA &
SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE,
I gCORCAIGH.



Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean
a ngnó agus a dheinean
go cruinn é.



Le MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH



An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhar
is Tobac ann don Ghaedhilgeoir:



UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87
i mBAILE ÁTHA CLIATH.



LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA
GAEDHILGE



Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim.



Trí leath-phinginní (1½d.) fiacha gacha leabhair díobh.



Dosaen saor tríd a bpost ar Trí Réalacha (1/6).



1. “Laethanta Geala” (Kerry School-
girl's Diary).



2. “Cosa Buidhe Árda” (Easy Songs
to Catchy Tunes).



3. “Sean-Amhráin na Mumhan.”



4. “Déanamh an Chleamhnais” (Short
Dramatic Sketch).



Leanfar de'n sraith so leabhar má gheibhtear céad
(100) duine a chuirfidh síos a n-ainmneacha i gcóir
dosaein de gach ceann & a chuirfidh na fiacha 1/6
chughainn chomh luath is tagann na leabhair chúcha
gach tráth. AN mBEIR-SE AR A gCÉAD SO?



Scríobh go dtí FIONÁN MAC COLUIM,
Cillorglan, Ciarraighe.



ud' im' láimh. “Seadh,” ar seisean, “an
gcreideann tú fós cad a deir an
leabhar san?” “Creidim,” arsa mise,
“mar is foghlumtha na daoíne a sgríobh-
aidh é seo.” “Tá dearmhad ort,” ar
seisean. “Dar ndóigh anois dá mbeadh
an domhan ag casadh tímcheall agus go
seasóchainn-se anso ag bun an gharraidhe
ar maidin agus mo chúl a thabhairt ó
dheas ba cheart go mbeadh mo chúl ó
thuaidh tráthnóna!” Ba ghlic an cuimh-
neamh é seo gan amhras, is dócha go
raibh sé ag machtnamh air seo le cúpla
lá. “Agus dar ndóigh níor thriallais fós
é sin,” arsa mise. Phléasg sé ar gháir-
ridhe arís “triallfad é gan amhras,” ar
seisean. Is mór an lá suilt a dhéan-
fhaidh sé nuair a chífear seana-Mhícheál
a sheasamh ó mhaidin go h-oidhche sa
gharraídhe.



Dé Céadaoin (9). — Tháinig tuairisg ar
scoil indiu go mbeadh sgrúdú i gCoin-
bheint a' Daingin & go gcaithfinn féin
is mo chomrádaí, Nóra, a bheith shíos ann
ar a deich a chlog ar maidin Dé Luain
Is dian dícheallach atáimíd araon ag
obair 'na chómhair lé fada. Seadh, ní
fada lé Conghnamh Dé go mbeidh sé i
leathtaoibh. Chaitheas an tráthnóna so ag
déanamh aithbheódhachtaint ar a bhfuil
foghlumtha agam ar feadh na bliana.



Diardaoín (10). — Tá atharú beag ar
an aimsir indiu. Tá leóithne maith
gaoithe ann ó mhaidin. Ag foghluim is
mó chaitheas an lá. Ar theacht abhaile
dham tráthnóna dúbhairt mo mháthair liom
gur thug mo chearc amach deich sicíní.
Bhí áthas orm 'na thaobh so agus ba dheas
le feiscint na sicíní ar gach dath dubh
bán & breac. I gcionn tamaill bhuail
Síle Thaidhg cúghainn isteach agus dúbhairt
nár thug cearc a chuir sí ar gor amach
ach dhá shicín agus go raibh a cuid ubh
ar an gcuma san ó thug sí iasacht ubh
do Bheití na Claise trí bliana ó shin.
“Rath ná rian níl ar mo chuid cearc
ó'n lá atuirseach úd” arsa mo Shíle
bhocht. Do bhí mo dhritheáir óg ag
éisteacht léi & cladhaire iseadh é — “A
bhfuil fhios agat, a Shíle, cionnas a
leighisfir an scéal san?” ar seisean
“Faigh iasacht ubh ó Bheití anois agus
fillfidh an rath ort.” Mhaise go labharaidh
Dia id' bhéal,” arsa mo Shíle “féach
nár chuímhnígheas riamh air sin.”



Dé h-Aoine (11). — Bhí an lá indiu
fliuch & ní raibh an oiread & is gnáthach
ar sgoil. Léigheamair mórán Staire
agus chuirfeadh na sgéalta a léigheam-
air fíorspioraid Ghaédhealach i gcroídhe
aoinne. Mhaise, nách í ár dtírín a
fhulaing an sladadh agus an léir-sgrios;
ach ní h-aon mhaith a bheith ag teacht
tharais sin anois ach ár ndícheall a
dhéanamh di fé láthair — a teanga bínn
bríoghmhar a choiméad beó ach go h-áirighthe.
Má dhéineam so is beag a' baoghal go
raghaimíd amú ná go gcuirfeam buairt
ár ar máithrín.



Dé Sathairn (12). — Do bhíos féin is
Nóra ar sgoil indiu ar feadh cúpla
uair a'chloig & chuireamair ár leabhartha
lé chéile i gcómhair an Luain. Nuair
thána abhaile bhí rábaire bacaigh suidhte
cois na teineadh agus ní raibh aon
eagla orm ach go bhfanfadh sé ansan
i rith an tráthnóna. Fé dheireadh d'éirig
sé ámhthach agus bhailig sé leis amach.
I gcionn tamaill ghaibh Síle chúghainn
isteach & í ag gaírídhe, rud a b'annamh
léi. “Tá áthas éigin ort” arsa mise
léi, “an amhlaidh atá aon dlús sicíní agat?”
“Mhaise a chroídhe is geall leis do”
ar sise, bhíos ag cur na n-ubh úd a
fuaireas ó Bheití ar gor, nuair a ghaibh
chúgham isteach strapaire do bhacach mhaith
láidir & d'fhiafhruig díom cad a bhíos a
dhéanamh leis na h-uíbhibh. D'inniseas do,
a chroidhe, agus dúbhart leis nár mhór
an rath a bhí orm i dtaobh na gcearc
ach cad is dóigh leat ná go ndúbhairt
sé go raibh buadh aige féin chun na
h-oibre sin agus d'iarr sé orm na
h-uíbhe a thabhairt do lé cur fé'n gcirc
agus bualadh liom thar dorus amach an
fhaid a bheadh sé 'á gcur síos. Dheineas
rud air agus chuala é ag síor — radh:
“Cearca go tiugh & coiligh go fánach.”
Thána isteach nuair bhí a ghnó déanta
aige ach dúbhairt sé liom gan dul i
ngoire na circe go dtí tráthnóna
amáireach!”



Mo Shíle bhocht! Do mholas léithe an
sgéal, ach tá gáirídhe ag teacht orm ó
shin nuair a chuímhníghim ar an ropaire
bacaigh úd. Is fada liom go dtiocfaidh
an tráthnóna amáireach.



Dé Dómhnaigh (13). — Lá ceóbharánach
bog. Taréis teacht ó'n Aifrionn chuas
féin agus mo chomrádaithe fé dhéin na
trágha & thugamair turus ar Dhún an
Óir — an áit cháileamhail aérach ar bhruach
na mara mar ar doirteadh fuil na sár
fhear Gaedheal is Spáineach san mbliain
1580. Do shuidheamair síos ar bhárr na
haille agus dheineamair mórán cainnte
ar an gcath úd nuair a caitheadh leis
na faillteachaibh fiaine na fir thréana.
Ar theacht abhaile dham dúbhradh liom go
raibh an spórt caillte agam mar gur
anois díreach a bhí Síle imthighthe amach,
& mara dtug sí íde béil do'n mbacach
ní lá fós é, mar — fé mar thuigfeadh
aoinne go mbeadh aon ádhbhar céille
aige — ní raibh ubh lé fagháil fé'n gcirc
nuair chuaidh Síle chúiche, bhíodar árd-
uighthe leis ag an “mbacach maith láidir!”
Slán mar a n-ínnstear é.



Dé Luain (14). — Tá an sgrúdú thar-
ainn' buidheachas lé Dia, agus is dóigh
linn féin, ach go h-áirighthe, gur éirigh
linn go maith. Bhíos féin agus Nóra
in éinfeacht ag dul 'sa teacht ó'n
nDaingean agus mara raibh spórt is
cuideachta againn araon ní lá fós é.
Cairt asail a bhí againn agus Nóra ag
tiomáint. Bhí an t-asal chómh dúr san
go rabhamair traochta aige. Ag Bun
Calaith do stad sé ar fad, do thug
Nóra stiall sa drom do agus cad a
dhein sé ná é féin a chaitheamh ar an
dtalamh ar fad. I gcionn nóimite, a
chroídhe, bhí mná an Chalaith bailighthe tím-
cheall orainn & b'é toil Dé ná feacaidh
aon phílear sinn — sa phríosún a chaithfimís



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


an oidhche! Dheineamair beagán siopad-
óireachta tráthnóna agus, mo léir! ní
chuímhneóchthá ar chogadh go raghfá isteach
sna siopaí — tá lucht na siopaithe chómh
cruínn ag tómhas na misleáin & gach
rud eile dá shuaraíghe. Dá thapamhlacht
a chuirfeá an dorus amach díot b'eadh
b'fhearra dhuit é mar do liathfaidís tú
ag cnáimhseáil mar dh'eadh gur ortha féin
atá an cruatan go léir. Níor eirigh
aon challshaoth dúinn ag teacht abhaile —
bhí ceól san asal ag an gcoirce a
thugamair do.



Dé Máirt (15). — Ba mhoch ar maidin
a bhíomair in ár suídheachánaibh sa sgoil
agus taréis cúntais a thabhairt do'n
máighistreás ar obair an laé indé
chuamair ag déanamh ár ngnáthoibre.
Do bhí an sagart óg indhiu ar scoil
againn ag éisteacht leis an dTeagasg
Críostáidhe, agus is maith a thuig sé
an Ghaédhilg leis. Is bínn linn é
theacht ár bhfiosrughadh, tá sé chuin ár
bpeictiúirí do tharrac lá breágh éigin
agus beidh ana-lá againn. Tá súil
againn go dtiocfaidh lá aoíbhinn sara
fada.



Dé Céadaoín (16). — Ag dul ar sgoil
indiu dúinn bhí an cladach lán d'iasg
& b'áthasach bhí na h-iasgairí taréis na
h-oídhche fada ar bhárr na dtonn mar
anois bhí rud éigin aca dá bhárr cé
gur minic a bhíonn an oídhche tugtha in
aistear aca gan bhreac de bhárr a
nduaidh. Bhí cairteacha dá líonadh go
tiugh lé h-iasg ag fuirinn gach báid &
is mall a bhí na capaill ag tarrac a
gcairteacha trom-ualaig ag tabhairt a
n-aghaidh ar an nDaingean. Chaitheam-
air-ne ár n-aghaidh a thabhairt ar an
sgoil leis agus bhí leisge orainn ag
fágaint na h-áite ann a raibh cuideachta
is cainnt is caitheamh aimsire. Caitheam-
air an chuid eile do'n lá mar is
gnáthach.



(Tuille le Teacht.)



AN BHÓ MHAOL.



Tá Tadhg Ó Cruimín & a bhean, Peig
Liath, 'n-a gcómhnuidhe cois na hAoine.
Fear símplidhe macánta iseadh Tadhg;
acht ní h-amhlaidh do Pheig: rud cann-
carach, mí-shásta iseadh í.



Bhí bó le díol ag Tadhg ar aonach an
t-ochmhadh lá d'Eanair — bó mhaol gurab
ainm di Bléin-fhionn. Bhí an aimsir an-
fhuar, agus bhí leisge ar Thadhg dul chun
bóthair.



Ní mar sin do Pheig, ní raibh éan
leisge uirthe. Do phreab sí 'n-a suidhe
i ndeire na h-oidhche, do aduigh sí an
teine, agus do chroch sí an citiol dubh
ós a cionn.



An san do ghlaoidh sí ar Thadhg go
h-airthinneach:



“Bí id' shuidhe láithreach, a Thaidhg. Tá
an treighdín ana-íseal, & is dóigh liom
go bhfuil breacadh an lae chúghainn.”



“Ná bodhair sinn led' threighdín,” arsa
Tadhg, “fan go nglaodhaidh an seana-coíl-
each? mar an tubaist cos a chorróchad-
sa ó'n doras chun go gcloisead a
glaodhach é.”



“Ní bheidh sin mar leath-sgéal a bhfad
agat,” arsa Peig, a breith ar an ursail
agus ag tabhairt ropadh dhí do'n tseana
choileach a bhí ag míogarnaidh ar an
maide treasna ós a cionn. Do chaith
an t-anacróir bocht anuas ar an úrlár
é féin, do chroich sé a sgíathain & do
ghlaoidh sé.



“'Sin ruagairt ar na daoine matha
'gat,” arsa Peig, “ní gádh dhuit éan
eagla bheith anois ort rómpa. Bí ag
ithe cannta de'n arán san faid a bhead
a' leogaint scála té amach chúghat.”



“Dar ndóig,” arsa Tadhg, “níor fhiuch
an t-uisge i n-ao'-chor fós, agus i 'n-a
éaghmais sin ní'l am ag an dté bheith
tarraice.”



“A gcloistí na cúinnsí seo aige: nách
é an duine uasal é! Seo dhuit í, agus
go seinnidh sí ort; tá sí te tarraicthe
a dóthain duit. Dá mb'áil leat leagaint
dom í bheith ar bogadh ó réir duit, acht
ní leogfá. Nách galánta atámaoid. Cá
bhfuarthas an fholaidheacht?”



Níor mhór an fhoghail do chuir Tadhg ar
fhéasta Pheig. Do chuir sé téad leis
an mBléin-fhinn, do bhuail sé a mhaide
fé'n oscail, agus siúd ar siúbhal béal
na h-otrann amach é.



“Siúbhlaig a ghrádh ghil
'Gus go n-eirigh an lá linn,”
ar sé leis an mbuin maoil.



Nuair a bhí sé ag cur an sgailt síos
ó'n dtig de, do chualaidh sé Peig ag
glaodhach go géar 'n-a dhiaidh. “Níl aon
ghnó chúgham-sa abhaile agat, mar a mbeidh
aon phúnt déag slán id phóca ar an
Maoil.”



“Tá go maith,” arsa Tadhg, agus do
bhailig sé leis. Do thug sé an lá go
léir 'n-a sheasamh ar an aonach léi, ach
dá mbeadh sé ann ó shoin, ní bhfaghadh sé
aon phúnt déag slán uirthe. Fé dheire
do sgaoil sé uaidh ar deich bpúint cúig
déag í, agus do cheap sé gan dabht ná
beadh Peig ró-mhór amuigh leis mar ghiúll
ar aon choróin amháin. Ar a shon san is
dócha ná raibh sé gan eagla, mar d'ól
sé piúnt nó dhó chun misnig do thabh-
airt do sul ar thug sé a aghaidh ar an
mbothán — agus ar Pheig. Bhí an oidhche
ag tuitim nuair a shroich sé an baile.
Bhí Peig sa doras roimis.



Peig: “Seadh, ar dhíolais an Mhaol?”



Tadhg: “Do dhíolas.”



Peig: “Do fuarais an méid adubh-
art uirthe”?



Tadhg: “Is beag ná fuaras. Ní theas
duigheann de acht coróin. Seo dhuit an
t-airghead.”



Peig: “Ní theasduigheann de acht
coróin! A amadáin (ag bualadh a bas)



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.



TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Ltd.
(‘H. JOHNSTON’)
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Gur bhriseadar na húmaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.



“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces”
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Calaphort an Phápa, CORCAIGH.



CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
“LEANDAR”



Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag



Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA
Agus a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.




BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
is a chlann mhac (teo.),
CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.



Togha gacha bídh i gcór na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 8


GACH CÓIR SCOILE!



tá againn-ne
LEABHAIR don LEABHARLAINN
agus
LEABHAIR mar DHUAISEANNA.



Scríobh chugainn ar lorg eolais:



MUINNTIR FHALLAMHAIN
(Fallon Bros. Ltd.)
Cúirt a 13 & a 14,
in ÁTH CLIATH.



Smithfield a 86, i mBealfeirste.



Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.




SCÉALUIDHEACHT-GAN-
SRAÍNNG
d'á múineadh
ag togha na
múinteóirí
I SCOIL UÍ SHÚILEABHÁIN
SA ‘MHARDÍOG,’
I gCORCAIGH.



Is í an scoil is mó cáil agus
is fearr cóir i n-Éirinn.



Múintear
SRANNG-SCÉALUIDHEACHT
ann do chailiní, i gcóir Oifige
an Phuist, sa ló nó istoidhche.



Scríobh chun an Árd-Oide.



ó
CHOMPLUCHT DONOBHÁIN,
I dTRÁIGHLÍ,



a gheobhair an deaghmhargadh, má
bhíon aon rud mar iad so uait



TROSCÁN TIGHE,



ÁRAISTÍ BÚIRD,



ÁTHRAIGHE STÁIN is IARAINN.



GUAL, AOL,



BRÍCÍ, “SEIMÍN,”



agus gach eile oirean DO LUCHT
TÓGÁLA TEACH.



An Mhin Choirce is fearr blas agus is
mó substaint — MIN MAGHCHROMTHA



MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean,
I MAGHCHROMTHA.



Scríobh chuige.



Ó, mo bhléin-fhionn chaithiseach,
A bhí chómh tairbheach,
Is nár dhoirt riamh a bainne orm,
Do thug a lacht go fairseag dom,
Í sguabtha uaim ag spadalach,
Is coróin gheal i n-earnamh air.”



Tadhg: “Cuir uait do chuid ranna
is bíodh ciall agat. Do dheineas-sa mo
dhíchioll, agus níor bhfiú a thuille í. Do
chaitheas an lá im sheasamh léi, acht nuair
a fhéachadh na ceannuightheoirí in-a béal,
é deiridís go léir, — ‘That ould lady
has no grinders,’ agus bhí an ceart
aca.”



Peig: “Bhí an ceart aca! gcloistí
an leadhb. Is dócha gur b'é féin a
thaisbeáin na fiacla dhóibh. Ní chuirfinn
thairis é. A shímpleoir cad na thaobh ná
dúbhraís leo nár le h-aois a bhíodar
caithte aici, ach gur b'é cruadhas agus
bochtaineacht an tailimh ar ar togadh í
fé ndeara dóibh maolughadh.”



Tadhg: (agus misneach na bíotaille
ann). “Airiú a ropaire, an amhlaidh a
mheasann tú gur chóir dom éitheach
d'innsint? Is maith atá 's agat go
bhfuil sí gach éan lá de sheacht mbliana
déag. Nách cuimhin leat gur b'é an lá
céadna a chuaidh a bhean abhaile chun a
máthar ód' dhearbhráthair Éamonn a
cheannuighmar 'na laogh í.”



Peig: “Ná bí im bodhradh led' chuid
seanachuis, a ghraigín. Mar a mbeadh
na dathacha so, ní bheinn ag braith ort
chun í dhíol. Tá'n tú ag labhairt chómh
dána is dá mbeadh an taon phúnt
déag shíos id phóca 'gat. A ruidín
spriúnlaighthe, ar bhiorán buidhe do shín
finn an tlúth fan na malan leat.”



Tadhg: “B'fhearra dhuit é thriail. (ag
breith ar an ndrol). Má thugann tú
fé barra méire a leogaint orm, chómh
siurálta is tá Peig Gheanncach mar
ainm ort cloisfear ar dhá thaobh an
ghleanna ag béicidh tu. Nách maith é
mo bhuidheachas déis mo lae sa bhfuacht
ar thaobh sráide, is tusa id stupóigín
smeartha go seascair sa chúinne ann
so.”



Peig: (ag caitheamh na h-ursal uaithe,
ag bualadh a bas agus ag gol). “Chómh
siúrálta is tá Tadhg mar ainm ort,
tabharfad sa suas do'n tsagart Dé
Domhnaig tú, a mhuirdréir.”



Tadhg: “Agus do'n Phápa, a chaillichín,
más maith leat é.”



Maighréad Ní Shúileabháin,
Sgoil Cillmhic Ciarain,
Uibh Ráthach.



FOCAL 'SA CHÚIRT.



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a
bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” & cuir i
n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís
an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn.



Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.



“AN LÚCÁNIA”
(de dhéantús na hÉireann)



ó



Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.



Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
do mhúineadh:



“Scéalta don Aos Óg,” 2d.



“Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d.



“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6



Gaedhil a bhfuil Trácht ortha:



Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Wolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.



Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —



Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:



“The Educational Co. of Ireland,”
89 Sráid Talbóid, Áth Cliath.



TÁILLIÚREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i nÉirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.



BÍODH PÍOPA MAITH
GAEDHLACH AGAT.




PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR
le ceannach i ngach siopa tobac.



Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —



CAPP & MAC PEADAIR Teo.
FAICHE SHAIN STIABHNA,
ÁTH CLIATH.



Má léighir Béarla,
LÉIGH LEABHAIR MHAITHE.



Tá Béarla is Gaedhilg ann.



“Knocknagow,” by C. J. Kickham; 4/- agus
postas 5d.



“In Dark and Evil Days,” by F. Sheehy-Skeffing-
ton; 3/6 agus postas 5d.



“The Red Spy,” by D. M. Lenihan; scéal ar
cogadh Gaedhal ar son tailimh is treabhachais
é sin; 3/6 agus postas 5d.



“Convict No. 25,” by James Murphy; scéal ar
ruagairt Ghaedhal ó thalamh na Midhe; 3/6 &
postas 5d.



Scríobh ar lorg liosta agus tuille eolais.



SÉAMUS Ó DUBHTHAIGH & A CHUA.,
Sráid Westmoreland a' 38, ÁTH CLIATH.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services