Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lughnasa, 1917
Title
Lughnasa, 1917
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1917
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. a 17. LUGHNASA, 1917. Pinginn a Fhiacha. DINSAÍ. Daoine ciúine ciallmhara iad furmhór de mhuinntir an tsráid-bhaile seo, ach ar ndóin níor bhaile shaoghalta é, dá luighead le rádh é, gan roinnt daoine ann ar bhfiú leat éisteacht le n-a gcuid eachtraí is amaideachta. An duine is mó go ndéantar trácht air ar an mbaile seo ná buachaill bocht simplidhe dá ngairmthear Dinsaí. Duine neamh- urchóideach deagh-chroidheach atá ann go cinnte, agus níl de locht air ach é bheith 'na leath-amadán. 'San am gcéadna ní bhíonn ag gach aoinne ach an focailín molta dhó, mar is é an duine is luaithe ar an mbaile chun glaodhach ar an sagart nó ar an ndochtúir é, am ar bith a mbí gádh leis. Abair is go bhfuil sé 'na leath-amadán féin, is slachtmhar a thig leis an obair sin a dhéanamh. Níl aon ghádh le páipéar nuadhachta ar an mbaile seo go fóill, 'fhaid is tá Dinsaí ann. Is beag rud a thuiteann amach ann ná bíonn seisean páirteach 'sa ghnó. Níl achrann ná rí-rádh dá dtarluigheann ná bíonn sé sáidhte ann, pé moch déanach an tráth. Is iongantach ar fad mar éirigheann leis teacht suas leó go léir. I dtaobh teachtaireacht an duine bhreóite, ámh, dob' iontuigthe go leór é bheith ar láimh, mar bhí árd-dhúil ag Dinsaí mhacán- ta 'sa bhraoinín, & deirtear go mbíonn fairsinge “d'uisce coisreactha Béal Átha Ubhla” le fagháil tráth buailtear breóite duine go h-obann mar sin. Ag seo scéilín innstear i dtaobh Dinsaí. Lá áirithe dá raibh sé súgach go leór agus é ag cabaireacht istig 'sa tigh tábh- airne chuala Dinsaí fothram neamh-ghnáthach éigint amuich ar an tsráid. Amach leis go faobhrach, agus sceón 'na chroidhe ar eagla go mbeadh tosach teachtaireachta ag duine éigint air. Nuair bhuail sé amach ar an tsráid chonnaic sé an gluaisteán breágh galánta os comhair siopa an ‘Chrumpáin’ amach, agus beirt bhan uasal 'na suidhe istig ann. Do thug Dinsaí léim as a chorp agus anonn leis d'fhailtiú roimis na stróinséarthaibh. Do shnap sé an tsean-phlaidhc dá cheann. “Mhuise, móra dhíbh, a uaisle. Nach sibh- se atá go canta annsan istig díbh féin. Bain bárr na cluaise anuas díom mar a mbeireann sibh bárr buaidh agus deis- eachta ar mhnáibh na cruinne.” Le linn na cainte sin do rádh dhó, bhí sé ag umhlú go talamh dóibh. Ach níor dhein na Púncánaig (sin a bhí ionnta) ach scairteadh ar gháiridhe, mar nár thuigeadar focal uaidh. Le n-a linn sin amach leis an “seófur.” Bhain sé casadh as an ngléas gluaiseachta. Dhruid sé Dinsaí bocht i leath-taoibh go garg. Isteach leis de léim agus as go bráth leó — mo Dhinsaí bhocht annsúd agus gan focal ann, an tsean-phlaidhc 'na láimh aige, & a bhéal ar leathadh. Tháinig a anál chuige de phreib. “Mhuise, ciach is léir oraibh, maran sibh atá go mustarach, agus an spriúnlaitheacht go docht i gcroidhe agaibh.” Díreach agus an gluaisteán ag gabháilt tar droichead aige bun na sráide, do rith madra an dochtúra treasna an bhóthair ar a aghaidh amach. Nuair a bhí gabhtha thairis ag an ngluais- teán, b'shin é an maidrín beag gleóidhte agus é sínte 'na phleist ar lár. Anois, bíodh 'fhios agat, a léightheóir, gur mór le rádh é an dochtúir ar an mbaile seo gainne, & cheap Dinsaí go mbainfeadh sé sásamh anois nó riamh as an masla a bhí curtha air féin aiges na daoinibh gal- ánta. Dar ndóigh níor bheag de bhithiúnt- aigheacht a bhí déanta aca & an madra breágh luachmhar úd an dochtúra 'na chor- pán fuar marbh ar an mbóthar aca. Seo 'na ndiaidh ar cos anáirde fan an bhóthair é, agus gach aon liúgh as a dhúis- eóchadh duine ó mharbhaíbh. “Stadaidh! Stadaidh! Ná feiceann sibh go bhfuil murdal déanta agaibh. Ó mo strios é an maidrín donn gleóidhte! Stadaidh! Stadaidh! adeirim libh.” Ba mhór an sult leis na daoinibh bhí bailighthe ar an tsráid Dinsaí bocht a dh'fheiscint agus é ar cos anáirde i ndiaidh an ghluaisteáin. An tsean-phlaidhc 'na láim i gcomhnuidhe aige. Beinne a chóta giobalaigh ar fol- umhain le gaoith, agus gach re liúgh agus eascaine as. Nuair a tháinig sé chomh fada le corp an mhadra do stad sé. Bhí muinntir an ghluaisteáin as radharc um an dtaca so. I n-ionad aon áird a thabhairt ar an liúirigh, ba dhóigh le duine ortha nár dhein an gleó go léir ach géarú san ngluaiseacht aca! Níor thuig Dinsaí bocht an scéal i n-aon chor. D'fhan sé 'na sheasamh annsan le h-ais an mhadra gur tháinig a anál chuige airíst. Nuair a bhí an saothar curtha dhe aige beagán, chuir sé garsúinín ag triall ar thig an dochtúra leis an scéal mbrón- ach, agus d'fhan sé féin agus chas sé a olagón os cionn an mhadra. Bhí gasra beag daoine bailighthe tímpal air um an dtaca so, agus bhí meascán mearaidhe ag teacht ar Dhinsaí bocht. (Níorbh' é a dhearmhad, ámh, a rádh leis an dteachtaire braoinín beag fuiscí a thabhairt thar n-ais leis, féachaint an mbeadh aon tseans go ndéanfaidís an madra bocht d'aithbheóch- aint — mura mbeadh féin, ní caillfidhe é). Airiú is aige-sin a bhí an truagh do'n mhaidrín sin! Bhí san go maith is ní raibh go h-olc. Bhí ag méadú ar an sluagh, agus bhítheas go gleódhach ar gach taobh de, gurbh' éigin do scread amach i n-árd a ghlóir ar eagla gan aon áird dá chur ann féin a thuille. Aidhe! Nárbh eisean do chuir tús leis an rí-rádh go léir! Bhí na deóra le n-a ghruadhnaibh um an dtaca so le neart bróin do'n ainmhidhe bocht. Leis sin h-airigheadh scread ó gharsúinín. D'fhéach Dinsaí i leith an bhaile, agus cé bheadh chuige ach an dochtúir agus saothar an domhain air. Chuir an radharc san mearathal ceart aigne ar Dhinsaí. Thugadh sé cúpla cois- céim i dtreó an dochtúra nóimeat, agus neómat eile dhó ag druidim ar gcúl airíst nuair a thugadh sé strac-fhéachaint ar chorpán an mhadra, a bhí 'na lúib idir a dhá chois istig. B'fhuirist a dh'fheiscint go raibh sé idir dhá chomhairle. Ba mhaith leis tosach scéil a bheith aige féin, ach san am gcéadna bhí eagla air gur mó suim a bheadh ag an ndochtúir 'sa mhadra ar dtúis ná i n-éinní eile. Dá gcor- ruigheadh sé féin ó'n áit, mar sin, ba ró-dhócha gur ag duine éigint eile a bheadh toradh a chuid saothar-sin. Ba bhréan leis an smuaineamh sin, & d'fhan sé mar a raibh aige. 'Fhaid is bhí na daoine go léir ag faire mar sin ar an ndochtúir, thuit rud greannmhar amach. Buachaill báire é seo a bhí ar an sluagh, agus chonnaic sé go raibh fabhar ar leath-shúil leis go creathánach ag an madra, fé mar bheadh sé ag teacht chuige féin. Cad a dhéan- fadh mo bhioránach ach speach a tharraint ar an madra de phreib. Ach sar a raibh d'uain aige é aimsiú b'shiúd ar a bhon- naibh é an madra ar an dtoirt. Oiread is gíog níor chuir sé as, ach seo chun siubhail é láithreach, agus ní sceimhle go sceimhle an mhaidrín sin & é ag greadadh leis chomh tiugh i nÉirinn is bhí 'na chosaibh é bhreith chun siúbhail. D'éirigh liúgh as a raibh láithreach. D'fhéach Dinsaí anuas san áit 'nar cheart do'n mhadra do bheith. Ní raibh a thásc ná a thuairisc ann. Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
CIARRAIDHE. Nuair a bheir ag taisdeal in UIBH RÁTHACH ÁLUINN, cuir fút sa tigh seo TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH I gCATHAIR SAIDHBHÍN. An tig is fearr in Uibh Ráthach. Labharfar Gaedhilg leat ann. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS STÁIN. ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ AGUS BIOTÁILE. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE TOGHA GACHA BÍDH — Plúr, Min, Té is Siúicre; SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don bhfeirm; ÁRAISTÍ IARAINN is stáin don tig. ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.” Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig ó Luimneach. SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm. TROSCÁN TIGHE. SEÁN Ó CURRÁIN, sa DAINGEAN. an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad. AN T-EMPÓRIUM, le M. Ó SÚILEABHÁIN AGUS A MHAC, CILL ÁIRNE. ÉADATHÓIRÍ MAITHE Tá le fághail uatha: Lása Gaedhealach de'n déanamh agus de'n phatrún is órnáidighe amuich agus saothar lámh is eadh gach órlach de. Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt datha. Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach (Muintir Winstanlí agus Mac Gabharnaigh a dheinean.) Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr & flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do deineadh. Bím GO GNÓTHACH I GCOMHNAIDHE! Mar díolaim rothair Ghaedhealacha — “An Piarsach” agus “An Lúcánia.” Deisighim rothair & mótair ag TIGH DÚNABÓINNE, Sráid Chúc, i gCORCAIG. DÓMHNAL Ó SÚILEABHÁIN. Dh'óbair go dtuitfeadh an t-anam tur teith as a raibh láithreach le neart gáire nuair thugadar fé ndeara an t-iongnadh agus an alltacht a bhí ar Dhinsaí bhocht. D'iniúch sé an talamh ar gach taobh de, fé mar nárbh' ionntaoibh leis radharc a dhá shúl. Annsan do thochais sé a cheann. Do scrúduigh sé an talamh airíst agus airíst eile, agus tar éis gach scrúdughadh dhíobh san do dhein sé feidhm mhaith dá ingnibh ar chúl a chinn, á thochas. Le n-a linn sin tháinig an dochtúir do láthair, agus ní theastóchadh uait fáidh ná draoi chun a chur i dtuiscint duit go raibh sé ar fiuchadh le feirg. Do thuit an lug ar an lag ar fad aige Dinsaí bocht annsan. Is ar éigean a dh'fhan lúth na ngéag ann. Bhíodh scáth aige roimis an dochtúir i gcomhnuidhe, mar ba dhuine des na daoinibh uaisle é dar ndóigh. Is luaithe a chuimhneóchadh sé ar stró a chur ar tharbh buile ná ar an ndochtúir agus fearg air. Ach a rádh go raibh sé féin tar éis amadán a dhéanamh de! Do rith na smaointe sin chun aigne Dhinsaí chomh luath leis an splannc. Níor dhein sé ach fíoghar na croise do dhéanamh air féin ar an neómat, agus sceinneadh leis abhaile ar a chroidhe-dhícheall. Dá luaithe é an madra ag cur de roimis sin, ba dhá luaithe ná san féin mo bhior- ánach & é ag scéinneadh leis le neart sceimhle agus sgáird. D'fhógair sé soir siar iad, 'na aigne féin, idir madraí is gluaisteáin, mar bhí lán-cheapaithe 'na aigne aige gur diablaidheacht éigint a bhí imeartha air féin aige muinntir an ghluaisteáin mar gheall ar é bheith ag eascanaidhe ortha. Gach aon uair riamh ó shoin, go mbuail- eann an madra úd i dtreó Dinsaí, deineann sé fíoghar na croise air féin. “Suantraighe.” SGÉAL NA LUICHE. Bhí súmaire duin' uasail oidhche tim- cheall aimsir chodlta na shuidhe os comhair na teine. Bhí faluing fhairsing air agus slipéirí agus srón mhór ghorm-dhearg. Bhí buidéal ar an mbórd ag á uilinn agus gloine & suigeár leath-mhúchta ar fhaobhar an bhúird. Bhí cheann an duine cromtha anuas ar a ucht & a dhá láimh ar sileadh síos gach taobh de'n chathaoir agus a dhá chnap-shúil ar leathadh ach gan é d'fheiscint aon ní. I gcionn tamaill do bhog fear na sróna móire agus rug sé ar sgrugall ar an mbuidéal agus rug sé sa láimh eile ar an ngloine. Thug sé béal an ghloine & béal an bhuidéil chun a chéile & do sgaoil isteach sa ghloine taosgán d'fhuisgí chraidhreach (cróidhearg). Ach do bhí na lámha ar crith aige — is dócha gur galar éigin a bhí ar an nduin' uasal — agus do líon sé an gloine go ró-mhór agus thuit braon dein uisge luachmhar beatha ar an úrlár. Annsan chuir sé an gloine chun a bhéil agus do dhoirt sé síos 'na sgórnaigh súgh an tseagail. Thuit a lámha síos leis arís & thuit a cheann ar a ucht agus d'osgail a shúile agus tháinig dath níos dubh-ghuirme fós ar a shróin. Bhí luichín beag i bpoll i gcúinne an tseomra san — luch bheag shuarach, sgáthmhar — & thug sí an gnó go léir fé ndeara. Dhruid sí go béal an phoill agus nuair bhraith sí an ciúineas amuich d'éaluigh sí amach go ciúin agus go h-eaglach. Bhí an dá shúil aici ar an bhfear mór ar eagla go bhfeicfeadh sé í. Dá gcor- ruigheadh cos nó lámh nó méar leis, bhí sí imthighthe le na h-anam isteach sa pholl arís. Níor chorruigh. Dhruid sí amach go mall, mall, diaidh i ndiaidh, agus a dhá súil anáirde aici agus a srón ar an dtalamh ag bolaitheóireacht féachaint an bhfaghadh sí brúsgar aráin nó cáca. Tháinig sí i dtreo an bhúird. Ní fada gur bhuail an braon ar an dtalamh léi. Fuair sí bolaith uaidh. Níorbh é bolaith na gaoithe é! Chuir sí a teanga ann agus thóg sí braon na béal de. Bhí sí á bhlas. Chuaidh an blas tríthi. Bhain sé critheán aisti. Bhí sé láidir. Mar sin féin, chuir sí a pus arís ann agus líob sí chúichi a raibh ar an úrlár de. Ann- san chorruigh an duin' uasal. Bhí an luch bheag san istigh sa pholl arís an fhaid a bheifá ag rádh “Cuit as san!” agus sgannradh an bháis na croidhe roimis an nduin' uasal. Rug an duin' uasal arís ar an mbuid- éal agus do líon gloine eile go creath- ánach; agus ar ádhmharaighe nó ar mhío- ádmharaighe an tsaoghail do dhoirt sé braon eile. Nuair a bhí sé ólta aige & an ciúineas arís ann, bhuail an luichín amach as an bpoll agus dhein sí anonn cruinn díreach ar an áit go raibh an braon ar an úrlár. Seo chuige í agus do thiormuigh sí an t-úrlár chomh tirim le spúnc, agus annsan chuimil sí leadhb dá teangain timcheall a béil agus a féasóige. Chorruigh an duin' uasal arís. Chuaidh an luch go dtí béal an phoill agus do stad sí annsan agus í ag féachaint anall ar fhear na sróna. Líon an duin' uasal deoch eile agus ó nach ag dul i laighead a bhí an creathán ann, do dhoirt sé sgíobus beag eile ar an úrlár. D'ól sé an gloine & d'imhthigh an bhrígh as arís. Bhí an tsrón ar dhath an chorrcair um an dtaca san aige. Chonnaic an luch bheag an braon ag tuitim. Chuimil sí a teanga dá béal. Rith sí anall. Baineadh leagadh aisti. Cúinne an bhrait úrláir do leag í, is dócha, an créatúir! D'éirigh sí arís & tháinig sí go dtí an braon ar an úrlár agus do líob sí go dúlmhar é. Annsan d'éirigh sí amach ar an úrlár. Do dhein sí babhta rinnce. Annsan chuir sí gíog catha aisti agus d'fhéach sí suas ar an nduin' uasal. “Seadh 'nois!” ar sise, “sgaoil chugham amach annso do sheanadhiabhal cait!” An Seabhac. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk
SEAN-FHOCAIL NA MUIMHNEACH. “An Seabhac” do bhailigh. 57 — Odlaig fé mhaise dhuit. Um Nodlaig adeirtear san. 58 — Gura seacht fearr a bheidh sibh bliain ó indiu. 59 — Go mbeirimíd slán ar an dtráth so arís. 60 — Go dtugaidh Dia ciall duit. Adeirtear le duine ná bíonn glic. 61 — Cúis gháire chughainn, nó 62 — Cúis gháire ó Dhia chughainn. Le linn áthais agus grinn is gnáth é sin a rádh. 63 — Grásta Dé chughainn is bás i nÉirinn. Guidhe cráibhtheach, tírghrádhach. 64 — Cabhair is cáirde is grásta ó Dhia chughainn Cabhair gach lá atáim a iarraidh. 65 — Fé thuairim do shláinte, nó 66 — Sláinte mhaith, nó 67 — Sláinte gan slaghdán chughat, nó 68 — Sláinte an bhradáin chughat — croidhe foláin agus gob fliuch, nó 69 — Saoghal gadhair agus sláinte an bhradáin chughat, nó 70 — Sláinte na bhfear is go mairidh na mná go deo, nó 71 — Siúd ort, nó 72 — Nár dheinidh an braon so díth ná dochar dúinn. Guidheanna le linn óil. 73 — Dia dhá réidhteach! Adeirtear nuair tuiteann droch-ní amach. 74 — Dia linn! nó 75 — Dia lem anam! nó 76 — A Mhuire, is truagh, nó 77 — A Mhuire 'mháthair, nó 78 — Moladh 's buidheachas leat, a Dhia, nó 79 — Dia go deo linn. Focail iongantais iad san. 80 — Beannacht Dé dhuit. Is gnáth san a rádh le duine thugann scéala maithe leis. (Tuille le Teacht.) AN LÁ. Tá an Oidhche go ciúin thar na triúchaibh fós, Ach tá Soillse na nDúl fé smúid na Neól, Tá anfadh obann ag borradh san aer: Mé ag faireadh 'smo rosca le hocras géar! Aithnighim na rianta thiar is toir. Cad chuige na díormaí á riar' abhus? Cad chuige an slógadh ar bhóithre is áird? Ná feiceann tú slóighte i n-órdú ar báin? Och m'anam! tá luisne 'san Oirthir go h-árd! A Bhanba! Misneach! Tá t'fhir is do mhná 'Sa n-anam gan smál i láthair Dé, 'Sa n-airm 'ná lámha le Fáinne an Lae. A Dhóchuis is righin tú i gcroidhe gach Gaedhil. Is tú lóchrann na Saoirse ó Dhaoirse saor. B'fhada de'n Oidhch' tú i nduibheagán sléi' A bhfad ó do mhíntír aoibhinn féin, Do chairid, bhí díl, ag an “leader” Seán Dá mealladh le Soillse an Sphinx ar fán, Tú lag leis an dtreighid ó “leigheas” na n-“úghdar” Ag fealladh ort le bladhman cainnte i gcúirtibh. A chéile chaoin! Ba dhílis tú Lem' thaobh-sa trís an Oidhche dhúbhach. 'S mar spreagtá mo chroidhe de shíor ag rádh Gur fada an oidhche ná stríocann lá. 'S nuair thagadh an t-íompáil lí id'dhreach, Nuair mheathadh na súile soillseadh seal, Nuair ghoileadh an ghaoith do laoi 'sa chnoc, Is do chloisimís caoi na Sidhe mhná amuigh, Do leathadh mo shúil ar ghnúis an Sphinx Ar an bhfalla, 's a crúca i gcúl do chinn. “A Oidhche na Scáth! bhfuil i ndán dom fóirthint?” D'impighinn go h-árd, 's ar fán uait sheó- lainn. 'S do theithinn im' thaidhbhse ar choillte 's chómhngair, 'S mar sceinneadh óm' radharc, mho ghreim! na slóighte, Go dtagadh chugham laoch ná tréigfeadh páirt Ar ais, ná dá mb'éigean féin an bás. 'S mar thagadh sé liom ar dtúis i n'aonar, 'S mar lasadh do shúil a ghnúis nuair léightá! Do thagadh sé síor 'san' oidhch' it' fhéachaint, Do bhailigheadh chughat buidheanta fíor-fhear Féinne. Do ghlacais le leigheas nár leigheas na n-“úghdar” Mar do scaip ar do threighid le radharc ar phúdar — Do leabaidh lag d'fhágais slán gan tláith, 'S tá casta ort t'áilne bláth ar bhláith. A Dhóchuis, taoi id dhúiseacht ó'n ndúbhchod- ladh tréith. Tá do lóchrann ag lonnradh 'sa dúthaigh go léir. Tá gach óigfhear go seasamhach fearamhail faobhrach, Is do thóirse ar lasadh 'ge i dtreasaibh na Féinne. Mo náire ar éinne thréigfeadh páirt 'San ár, chun Éire shaoradh ó námhaid, Mar caithfear brúcht fola de'n mhogall- fhuil d'íodhbairt Má's maith libh sibh folctha i dTobar na Saoirse — Is fásfaidh ó'n fhíor-fhuil caoin bhrat Bláth Is bláthfaidh ó Oidhche na Daoirse An Lá. Sprid na Saoirse. ÁR SEASAMH ORT-SA, A CHARA! Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” & cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn. LEABHAIR A THAITHNFIDH LE GAEDHLAIBH, Idir Leabhair Ghaedhilge agus Leabhair Bhearla, le fághail uainn-ne. Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg clár na leabhar. Labhartar Gaedhilg go fionnmhar i SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH. SRÁID ÍOC. BHAGÓID, a 50, BAILE-ÁTHA-CLIATH. Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” A Ghaedheala! Ceannuighidh “ÉADACH na DRUIPSIGHE” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.) Co. Chorcaighe. An Ghramadach Ghaedhilge is fearr le fagháil. CEACHTA CAINNTE GRAMADAIGHE Tá na mílte ann, idir óg & aosta, idir múinteóirí & scoláirí, go bhfuil eólas cruinn ar an nGaedhilg aca i ndiu de bharr na Gramadaighe sin. Seaghán Ó Catháin do scríobh é. 224 LL.; Muíntear Ghuill, Áth Cliath; 2/6. Gaedhilg agus Suairceas Saoghail: I gCOLÁISTE CHAIRBRE a bheidh, i rith mí LUGHNASA, 1917. Cuir tuairisc gacha ní ar MHÍCHEÁL Ó CUILEANÁIN, O.S., Seanachúirt, SCIOBAIRÍN. Gheobhair deaghmhargadh uaim-se i gcomhnaidhe. TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol- fad-sa an postas ar cheithre púint de. PLÚR Gaedhlach. MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min bhuidhe. SIÚICRE agus gach rud eile ar fheabhas. SEÁN MAC CURTÁIN, SRÁID A' tSEANDÚNA, CORCAIGH. Tá Cóistí & Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill. Cros agus a Chlann mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), CORCAIGH.
IOL-SCOIL NA MUMHAN (RING IRISH COLLEGE). Samhradh, 1917. An Chéad Teurma: Ó'n dara lá Iúil go 27mhadh. An Dara Teurma: Ó'n chéad lá Lughnasa go 29mhadh. Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus breaghdha is eadh an Coláisde agus an tigh comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige ann agus na hOidí go toghtha. PÁDRAIG Ó CADHLA, An Fear le Scríobhadh. CARABHATAÍ de'n PHOIPLÍN AR GACH DATH is AR GACH GNÉ DATHA. LIAM Ó hAIMHEIRGÍN, (‘W. Bergin’) a dheinean do lucht siopaithe. Scriobh ag triall air go 62 SRÁID GHRAFTON, in ÁTH CLIATH. A BHEAN A' TIGHE! Cad é an saghas plúir a bhíon agat? Is é an PLÚR “EAGLE,” an plúr is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus an PLÚR “LION” is fearr do lucht-aráin-a-dhíol. Muíntir Mhic 'Ille Sheathanaich a dheinean i gCorcaigh. GEO. SHAW & SONS, Muillean Sain Seán, i gCORCAIGH. COLÁISTE AN DAINGIN Dhá Théarma — Mí Iúil agus Mí Lughnasa, 1917. Tá Coláiste an Daingin i lár na dúthaighe is Gaedhlaighe i gCúige Mumhan. Má's Gaeluinn atá uait tar 'n Daingean. Gach eolas le fagháil ó AN RÚNAIDHE, Coláiste an Daingin, Daingean Uí Cúise. ó CHOMPLUCHT DONOBHÁIN, I dTRÁIGHLÍ, a gheobhair an deaghmhargadh, má bhíon aon rud mar iad so uait TROSCÁN TIGHE, ÁRAISTÍ BÚIRD, ÁTHRAIGHE STÁIN is IARAINN. GUAL, AOL, BRÍCÍ, “SEIMÍN,” agus gach eile oirean DO LUCHT TÓGÁLA TEACH. AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh an Fear Gnótha. An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair. Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain. Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain. Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, agus c. Is chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur. Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní, agus c., do chur. Na Díoltóirí. Ó Cuill & a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. DUAISEANNA AGUS SCRÍBHNEÓIREACHT. AN DÁ CHULAITH ÉADAIGH. Táim ag feitheamh le breith an breithimh ar na h-aistí a tháinig isteach, ach tá an clódóir ag liúirigh orm ag iarraidh “an adhbhair cló.” Is baoghal go mbeidh an scéal ón mbreitheamh san déanach do'n uimhir seo. SCÉALTA AR AINMHIDHTHIBH, &rl. Fuaireas roinnt mhaith scéilíní — cuid aca nua agus cuid aca níos sine ná Aesop féin. Seo mar moladh an púnt do roinnt: Duais do Cháit Ní Chiabháin, Ceann Trága (7/6) Duais do Shiobhán Ní Mhuircheartaigh, Ceann Trágha (7/6) Duais do Eibhlín Ní Chríodáin, Cais- leán Nuadh (5/-) Ní fhuaireas an oiread & aon scéal amháin de sna scéilíní céad focal gur thairrigeas duaiseanna ortha mí ó shin. Aon duine nár mhaith leis duais d'iar- ras air scríobh tré ghrádh scríobhtha. Ní dhearna. Mo náire é! Bhfuil aon mhaith i lucht na Gaedhilge ach chun cainnte. Tabharfad mí eile dhóibh. Tá duais an duine aca agam a thabhairt do Eibhlín Ní Mhuircheartaigh, Sc. Cill- mhicandomhnaigh; Máire Ní Chróinín, Sc. Bhéalátha'n- ghaorthaidh; Nóra Ní Ghairbhia, Sc. Cheanntrágha. Daingean Uí Chuíse, “An Seabhac.” 15/7/17. POST DO CHAILÍN. Tá post do chailín aimsire i gCais- leán Mhagh Chróine, Cill Úird, Co. Chor- caighe. Ní mór dí bheith in a Gaedhilgeóir bhlasta. Tá fios an scéil le fághail ó Riobárd Maighnéir, Caisleán Mhagh Chróine, Kilworth. CONAS MAR A CHUIR AN BÉARLA FEAR SA PHOOR HOUSE. I nÓspidéal na mBocht ar Neidín 'seadh fuair Seán Liath Óg bás. Seana-chomhursa dhúinne riamh do b'eadh Seán; agus nuair a chualamar gur cail- leadh é, do cheapamar dul síos go Neidín ar maidin a bhí chughainn d'iarraidh a choirp chun é chur i dteannta a dhaoine féin sa Bhonán. Chuaidh urmhór mhuintir an Bhonáin i n-éinfheacht linn. Bhí mac Sheáin i n-ár measg leis — capall agus trucail aige, agus cloigeann reamhar bodathamhail air. Cormac Liath ó'n nGlas- ghort a ainm, ach ba bheag le rádh 'ge éinne ná tabharfadh Charles J. Sullivan, Greenfield, air. Ní fheadar a raibh fhios aige gur Cormac Bodach ba' mhionca linn a ghlaodh- ach air. Bhí dritheáir Sheáin, Diarmuid Liath, agus bean a mhic sa tsochraid leis, agus cor- áiste aca. Is le na gcois-sean bhíos-sa. Seanduine leathan, córach bhí i nDiarmuid, agus cailín Gaedhealach pléisiúrtha do b'eadh bean a mhic. Is annamh a théigheadh sí as baile gan Diarmuid a bheith mar ghiolla aici. Bhíodar sítheach grádhach le n-a chéile. Bhíomar ag cainnt ar Sheán bhocht is sinn ag teacht 'sa tsochraid. “Nár mheathta an iaracht ag Cormac, a Dhiarmuid,” arsa mise, “léigiont dá athair dul go Tigh na mBocht.” “Ná h-abair ‘Cormac,” a Ghruagaigh,” arsan cailín, “nó marbhochar tú. Abair ‘Charles J. Sullivan, Greenfield!’” “Charles ag an ndiabhal air,” arsa Diarmuid, agus do thug sé stiall do'n chapall a chuir ag rínnce ar an mbóthar í. Nuair chiúinigh sé an capall airís, d'iompuigh sé a leith orm-sa & dubhairt: “do leig, mhuiseadh, a Ghruagaigh, agus dá mbeadh athair eile i mbárach aige — do léigfeadh sé ann é chómh maith — agus athair eile, & athair eile, & athair eile.” “An bréantán salach!” arsa mise. “Ní bréine é, dá dhonacht é,” arsan cailín, “ná an Béarlóir mná ó Bheann- traighe atá pósda aige.” “A cheart féin dos gach éinne, dá mb'é an madra é,” arsa Diarmuid, “ní h-éinne de'n bheirt a chuir sa Phoor House é.” “Agus dar ndóigh, ní h-í an bhochtaineacht a chuir ann é,” arsa mise. “Ní h-í,” arsa Diarmuid, “mar ní raibh sí ann riamh. Bhíodar, agus táid, acfuinneach neamh-spleádhach go leór. Cuireadh 'sa Phoor House é ar a shon san, agus níor chuir aon nidh ann riamh é ach Béarla. Fear greanamhar mí- réasúnta do b'eadh Seán ó thúis. Do shíl sé ná raibh namhaid amuigh ba mhíltighe dhúinn ná an Ghaedhilg: do mheas sé ná raibh aoibhneas níos binne le fagháil 'sa domhan bhraonach so ná Béarlóireacht. Agus b'é chuir lionn dubh riamh 'na chroidhe ná raibh sé i ndán do féin aon bhlúire de'n aoibhneas so do bhlaise, mar fóiríor! ní raibh focal Béarla aige. Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
Do bheartuigh sé suas 'n-a aigne, pé nidh is mar a dhein sé féin, ná beadh a chlann mar sin. Ní leogfadh do dhuine aca a theanga a luasgadh ar fhocal Gaedhilge dá saoradh sé ó'n mbás é. Bhí togha páirtí chun na h-oibre seo 'na mhnaoi phósda aige. Inghean de shórd ceithearnaigh ó phoróisde Bheanntraighe do b'eadh í. Bhí Gaedhilg go líomhtha aici gan amhras, ach ba scorn léi í labhairt ach amháin pé cogarnach nó siosmurnach a bhíodh aici féin & ag Seán i gcúinne cúthail iargcúlach éigin. Ó mhaidin go h-oidhche bhítí dá dheimhniú dos na leanbh- aibh ná raibh sa Ghaedhilg ach drabhuigheall cainnte ná raibh oireamhnach ach do bhac- achaibh, Bhí fuath ag a gclainn di. Bhí droch-mheas ar chaint a n-athar aca, agus i n-ionad sin a chosg ortha, is amhlaidh a bhí mórdháil ar an athair 'na thaobh, agus an mháthair ag gríosú leo. Bhídís ag cáineadh chainnte a n-athar, & ag magadh fúithe! Seo mar a chloisfá go minic ag imirt ar a n-athair iad. “Teidhir suas sa ghort, a bhuachaill, & cas na ba.” “Twist the cows! That's nice talk. How could I twist 'um? Go up an' twist 'um yourself.” “Imthig-se ar scoil indiu, a Chormaic, a gharsúin.” “Tell me go in English and I will.” Fóiríor! Ó bheith ag magadh fé'n dteangain, ba ghearr go rabhadar ag magadh fé fhear labhartha na teangan. Deirtí an Choróin Pháirteach 'sa tigh gach oidhche faid bhí an chlann óg. Deireadh Seán a chuid féin di i nGaedhilg, agus d'fhreagradh an chuid eile i mBéarla í. Ach nuair fhásadar suas ba ghearr go ndubhairt Cormac le na athair nuair a dubhairt sé leis fanamhaint istigh go ndeiridís an Choróin. Ó'n oidhche sin amach ní dubharthas Coróin “na mBacach” ná aon Choróin eile ar an dtinteán sain. Triúr mac & inghean a bhí aige. Geocach péacach do b'eadh an inghean. Dá bhfeicfeá ar shráid Neidín í féin agus a máthair — an inghean seacht nó h-ocht de shlataibh roimh a máthair amach, agus a ceann san aer. 'Seadh 'sdóigh, chuaidh sí go Meirice agus ní chuala gur chuir sí púnt ná sgilling a bhaile uaithe. Do bhí an bheirt mhac óga ar meisge lá ar an gCrois, agus as an meisge do thógadar araon an “Sgilling” — sgilling na daoirse — agus tá siad i n-a saighdiúiríbh dearga anois. I dtaobh an chinn ghabhana úd amach (ag tagairt do Chormac) níor mheonuigh sé puinn chabhartha a thabhairt dá athair riamh. Do chuaidh sé go Meirice ar fhiacha bó a dhíol sé dá athair, mar' dheadh, & chaith sé tréimhse thall. Nuair rug an Sasanach greim ar an mbeirt eile, do chuir a athair iarraidh air. “Cormac” do b'eadh an búiste ag imtheacht, ach rud éigin eile dob' eadh ag teacht é. “Charles J. Sullivan, Greenfield,” arsan cailín. “Annsan,” arsa Diarmuid, ag bagairt a shúl orm-sa, “do phós Cormac bean uasal ó Bheanntraighe agus —” “Bean uasal!” arsan cailín ag bualadh a bas. “Bean uasal gan dabht,” arsa Diar- muid a séideadh fúithe. “Sin í an bhean uasal a chodail amuigh. 'Seadh, mhuise, inghean an Jeabhaltaora ó'n gCrosbhóthar. Is minic do chonnac-sa í siúd ag díol séirdíní agus frún go huilnibh uirthi agus —” “Seadh anois, is dóigh is cuma 'n-a thaobh san. Béarlóir bhreagh 'seadh í, pé sgéal é, & droch-cheann do Sheán dob' eadh í chomh maith — ní h-a' breith bhreithe uirthi é. Do shnuidh sé an fheóil dá chnámha ag obair dóibh, ach níor mhóide a meas air. Bhí a leanbhaí loithte aige ag éisteacht le na dhrabhuigheall Gaedhilge. “Tá eagla orm go bhfuilim 'sa tslighe oraibh,” arsa Seán lá le Cormac. “Sin mar is gnáthach le d'leithéid a bheith,” arsa Cormac. Do éaluigh an sean duine leis go Neidín. “Ní bhead sa tslighe a thuilleadh ortha,” ar sé leis féin. Ní raibh sé i bhfad sa tslighe thall ná i bhfus. Foiríor! mar bhí sé fé chlár ráithe 'na dhiaidh sin. Anois, a Ghruagaigh, nuair bheidh tusa ag rith an Bhéarla síos, mar is clos dom a bhíonn tú, ná dearmhad innsint conas mar chuir sé Seán Liath Óg 'sa Phoor House. Gruagach an Tobair. Bhí Eoghan Ruadh ar aonach lá. Tráth- nóna, ar an mbóthar abhaile dho do bhuail duine leis. “Cad é an saghas aonaigh a bhí ann?” arsan duine. Arsa Eoghan: “Bhí caora is uan ar choróin ann, Réal is púnt ar bhudóig ann, A dhúbailt sin ar bhuin óig ann, Cailín deas ar droch-chóir ann, Raca i gcúl stupóige, An spleadairín & lámh 'na phóca Agus fear an chroidhe mhóir gan feoirling. An gabha atá ar an bhFaithche i n-aice le Cilláirne d'innis. Bhí fiacha ar fhile an Oileáin ag fear siopa sa Daingean uair. Deirtear, má's fíor, gur imthigh cuimhne an tsiopa san as a cheann an chéad turus eile bhí sé sa Daingean. Ghaibh sé síos an tsráid — ó'n dtaobh thall — agus deabhadh air. Chonnaic fear na bhfiach é ámhthach — is deacair do dhuine bocht a chosa bhreith leis. “Ahá, a Sheáin,” arsa fear an tsiopa. “Chím-se thu!” Níor stad fear an Oileáin ach d'fhéach sé siar air. “Dar fia!” ar seisean, “is fearra dhuit ná bheith it' dhall.” Gob Liúrach. Gheobhaidh do mhac togha na scoluidheachta — I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Scriobh chuige. DATHÁN den uile saghas, idir SHNASDATH, SLÁNDATH, agus PÉINT, (“Varnishes, Distemper, and Paint.”) TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH. Gheobhair in aon tsiopa, nó mura bhfaighir, scríobh chun MHUINNTIR ÁRACHTÁIN, Muilionn “Seandúna,” i gCORCAIGH. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. Má tá TRUCAIL, CÁRR nó CÓISTE uait, Nó deisiú le déanamh ar rothaí, &c., &c., Scríobh nó glaodhaig chugainn-ne: C. Ó CONAILL agus a Chualucht, SRÁID LIATH-DHROMA, CORCAIGH. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk
Tá le fagháil uainn-ne BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID den déanamh Ceilteach agus marc earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca. tá ÁTHRAIGHE ÓIR is ÁTHRAIGHE AIRGID mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca. Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair agus an luachliosta. LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid Gaedhil: sa tSIOPA BAGÚIN atá ag TOMÁS Ó MURCHADHA, (‘T. J. Murphy’) 111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH, ar aghaidh Árdoifige an Phuist anonn. CEANNUIGH DO CHUID LEIGHIS, I SIOPA AN BHÚRCAIGH .i. Tig na cúinne, idir SRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA & SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE, I gCORCAIGH. Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean a ngnó agus a dheinean go cruinn é. Le MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhar is Tobac ann don Ghaedhilgeoir: UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87 i mBAILE ÁTHA CLIATH. LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA GAEDHILGE Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim. Trí leath-phinginní (1½d.) fiacha gacha leabhair díobh. Dosaen saor tríd a bpost ar Trí Réalacha (1/6). 1. “Laethanta Geala” (Kerry School- girl's Diary). 2. “Cosa Buidhe Árda” (Easy Songs to Catchy Tunes). 3. “Sean-Amhráin na Mumhan.” 4. “Déanamh an Chleamhnais” (Short Dramatic Sketch). Leanfar de'n sraith so leabhar má gheibhtear céad (100) duine a chuirfidh síos a n-ainmneacha i gcóir dosaein de gach ceann & a chuirfidh na fiacha 1/6 chughainn chomh luath is tagann na leabhair chúcha gach tráth. AN mBEIR-SE AR A gCÉAD SO? Scríobh go dtí FIONÁN MAC COLUIM, Cillorglan, Ciarraighe. CÚRSAÍ CEARC. Cúrsaí cearc dob eadh é ó thúis agus ní chuirfead-sa isteach ná amach ar an scéal, ach mar thárla sé. Seán Bhillí a bhí lá os comhair a thighe féin amach agus é ag liúirigh agus ag caitheamh cadhrán ar na cearca do bhí ar chliathán stáca choirce anáirde & saothar mór á dhéanamh aca ar choirce Sheáin. Cheap Seán gurbh' fhearra dhóibh bheith díomhaoin ná droch- ghnóthach & dubhairt sé é sin go fuinn- eamhail dána leis na cearcaibh. Níor chreideadar san é, ámhthach, agus b'éigean do Sheán aragóint níos fearr a tharrang chuige — cadhráin. Do-chuaidh na cearca ar gcúl. Le na linn sin tháinig duine ar an bhfód. Do bhí hata bog air & treabhs- ar fairsing & bróga srón-árda. Chon- aic sé imreasán Sheáin agus na gcearc. Labhair sé “Sae óltseaip!” ar seisean, “cad tá déanta aca, ar aon tsligh?” “Mo chuid coirce 'na bhrus aca, agus gurab olc an díol ortha é!” arsa Seán agus cadhrán 'na dhorn aige agus a shúil ar an stáca. “Cad iad féin — é? Cearca?” “Seadh, dar ndóithir!” arsa Seán. “Sae?” arsan Púncánach “An mó ubh sa ló a bhíonn aca san?” “Lá bíonn ubh aca,” arsa Seán, “agus lá gan aon ubh.” “Bhal, táid siad cuibheasach mall — táid sin” arsan duine iasacha. “Ní thabhar- faimís biadh dhóibh ar an taobh thall!” “Bhfuil cearca maithe thall agaibh?” arsa Seán. “T' anam i ngeall go bhfuil! Cuimhin liom cearc a bhí agam' shean-mhuinntir i Sasana Nua. B'in cearc ‘éigin.’ Chuaidh sí amach lá & d'ith sí biadh & tháinig sí thar n-ais & rug sí dhá ubh. Chuaidh sí amach an dara lá agus d'ith sí biadh agus tháinig sí thar n-ais agus rug sí dhá ubh, agus chuaidh sí amach an tríomhadh lá agus an ceathramhadh lá agus gach lá go ceann dá lá dhéag go raibh dhá dhos- aon ubh beirthe ag an gcirc sin. Annsan d'éirigh sí as — d'áirimh sí go raibh go leór déanta aici. Do chuaidh sí ar gor agus í gcionn trí seachtmhaine tháinig ceithre dosaein sicíní amach as an dá dhosaon ubh san. Sae, óltseaip!” arsan Púncánach go mórtasach, “cuirfead céad dollar leat ná raibh cearc riamh agaibh- sé sa tír mhall mhío-thapaidh seo a dhéan- fadh san dá gcailleadh sí an t-anam leis;” agus do bhí an Púncánach go maoidhteach. Do ghéill Seán Bhillí d'fheabhas na circe sin an Phúncánaigh. “Dóigh mhuise, sa mhagadh san is eile,” ar seisean, “ba mhaith an circín í & is truagh gan dos- aon dá saghas agam-sa. Ós ag trácht ar chearcaibh dúinn é, is cuimhin liom sean-chearc riabhach a bhí agam' mháthair. Bhí sé de'n donas uirthe, an créatúir, gur bhain an cat an dá shúil aisti lá thug sé fogha fé shicín léi. Siúinéir ab' eadh m'athair. Chuaidh an chearc amach lá mar a mbíodh sé ag gearradh an adhmaid le tuireasc. Tháinig sí mar a raibh carn de mhin an adhmaid. Toisc an chréatúir a bheith caoch, a'dtuigeann tú? Cheap sí gur min bhuidhe a bhí ann. D'ith sí béile mhór de'n mhin adhmaid. Tháinig sí isteach chun neide. Rug sí clár déil ceithre troighthe déag ar faid. —” “Sae, óltsea —” arsan Púncánach. “Agus do chuaidh sí amach an dara lá agus d'ith sí béile de'n mhin adhmaid agus chuaidh sí chun neide, agus rug sí clár déil ceithre troighthe déag ar faid, agus do dhein sí é sin an tríomhadh lá agus an ceathramhadh lá agus gach aon lá go ceann dhá lá dhéag. Annsan do stad sí — bhí an mhin adhmaid go léir ithte. Chuaidh sí ar gor annsan ar an dá chlár déag. Trí seachtmhaine bhí sí ar gor. Dhein sí saothar maith. Cad is dóigh leat a thug sí amach?” “Bhal!” arsan Púncánach, “agus cad a thug sí amach?” “Thug, dar Muiris,” arsa Seán, “thug sí amach dhá bhórd cistineach agus ceithre cathaoireacha súgáin agus curpad agus trucaill asail agus cliabhán leinbh, agus na dteannta san, thug sí —.” “Sae, óltseaip!” arsan Púncánach & chroith sé lámh le Seán: “sin scéal ‘éigin.’ Is truagh síorruighe tusa bheith annso ag caitheamh cadhrán le cearcaibh. Cheart duit bheith id' fhear eagair ar Pháipéar laetheamhail. Dhéanfá maith!” An Seabhac. SLIABH NA mBAN. Fonn: “The Valley of Sliabh na mBan. I. Im' aonar 'seadh bhim gan éinne dom bhuidhin Ins an hall nó le taoibh na trágha. Bhúr gcómhtholán is groidhe & ceól na trágha is binn, Ach ní thógaid mo chroidhe tá tláth, Ag smaoineadh, mo bhrón! ar na laethe fadó, Ar aoibhneas an tsaoighil seo thart, Mar cuimhneóchad go deó, de oidhche 's de ló, Ar mo leanán ar Shliabh na mBan. II. Níor bh'é gur thugas grádh dá scéimh thar mhnáibh Ná dá leacain ar bhláith na rós, A séimh-shúil cé breágh ná a craobh fholt gan cháim Ná dá malain ba bhreághtha snódh. Do léigeadh liom saighead tré na tréithe ró-fhíor, A gáire le grádh do leag mé lag, 'S i gcéin go deó má bhím is léir do bheidh mo chroidhe Lem' leanán ar Shliabh na mBan. III. Tré chaoince 'n chómhtholáin, fé 's na réilt ar an dtráigh 'Seadh do ghlaodhann go h-árd mo chroidhe, A ghrádh, mhíle ghrádh, an bhfeicfead tú go bráth, A Éire an mbeir tláth de shíor? D'oidhche 's de ló ag guidhe bhím, go deó Sara gclaoidhfar mo chlódh fé'n mbán, Mo bhrighdeach bheith gan bhrón, gan chuibhreach, gan cheó Ins an lagán ar Shliabh na mBan. Muiris Ó Catháin d'aistrigh. Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
LUIBH EOLAS. Tá áilneacht ar gach taobh dínn fan gacha bóthair. Má tá an radharc ceart againn chífeam áilneacht fé gach tor is ar fuaid gacha páirce. An Spúnnc. Tá luibheana ann & tagan an bláth ortha sara dtagan aon bhileóg. Ortha san atá an Spúnnc, nó an Bhileóg Spuinnc (tus- silago farfara). Is minic a chítear bláth buidhe an Spuinnc roim Lá Le Bríde. Ar ghas clúmhach a fhásan sé, agus aon pháirt den ghas ná bíon clúmh air, bíon mar a bheadh dhá chroiceann air. Ní mór an clúdach láidir don Spúnnc, mar is le linn annró is garbhshíona a thagan fonn fáis air agus tá an clúmh aige ‘ar eagla na h-eagla.’ Tá dath crón dearg ar an gcroiceann úd & tugan an dath san teas don ghas & cabhruigh- ean san leis chun teacht saor ó anaithe na cruaghaoithe. Sara dtagan an bláth ar an Spúnnc, bíon a cheann fé aige (ach ní le náire 'ná le scáthamhlacht é). Deinean ribí glasa an chinn ribí buidhe an bhlátha do chosaint ar an sioc is ar an sneachta. Tagan an chuileóg nó an corramhíol ar cuaird chun an bhlátha bhuidhe órdha agus nuair a bhíon deire ag an gcuil ann, tagan feocha ar an mbláth & in inead na buidheachta, tagan liathacht. Tá an óige imthithe & tráth seanaoise tagaithe. An síol beag atá ag bun gacha ribe den clúmh gheal, beirean an ghaoth chun siubhail é agus tá an ribe clúimh aige mar shaghas ‘paraisiúta.’ Is minic a théighean an síol beag san i bhfad i gcéin, agus dála a lán mac eile, ní bhíon aon scéala ag á mháthair uaidh a thuile. Mairean an Spúnnc gan aon rabairne 'ná ró-chaitheamh bheith ar siubhal aige. Ní chaithean sé a neart le breághthacht bláth. Cuirean sé scar mór dá chuid fuinnimh ins na préamhachaibh, agus tá neart don phréimh ansan piacáin do chur aníos ansúd is ansúd is déinean planndaí nua dhíobh. Dá n-imthigheadh an síol úd ‘an pharaisiúta’ in ainm an donais is an mhí-áidh leis féin, tá neart don seana-phlannda clann do chur ar an saoghal ar chuma eile. Ní bhíon aon ró-ionntaibh aige as an mac fáin úd 'imthighean le gaoith is le h-aer an tsaoghail. Buachalán Buidhe. Plannda é seo, An Buachalán Buachalán Buidhe (Senecio jacobaea), & tá balath gránda ar fad uaidh. Táid na bileóga ar deise an domhain, ámh, i dtaobh cuma agus déanamh; iad go beárnach órnáideach, i bhfad ró- órnáideach do phlannda garbh mór. Pé áit in a bhfaighean sé greim, is deacair é ruagairt as. Bailighean sé chuige féin a mbíon de mhaitheas sa chré, agus má bhíon tosach cúpla blian aige, crádhan sé an croidhe sa bhfeirmeoir. An file úd a bhris a chos sa pháircín agus a scaoil mallacht anuas ar an bpáircín ansan, do thuig sé an féith scriosadóra atá sa Bhuachalán: “A Pháircín na Druinne, gan rath ort! Ná raibh ort go brách aon-chrí! Is nár fhasaidh aon luibh 'ná aon bhláth ort Ach Buachailí árda buidhe! Tá dligh ceaptha ag lucht déanta dlighe don tír seo & mar olc ar an mBuachalán a cheapadar é. Tá neart don Choiste Cúndae an dligh chur i bhfeidhm ar aonne go mbíon aon ghas den Bhuachalán ag fás ar an bhfeirm aige. Níor airigheas gur cuireadh an dligh sin i bhfeidhm in aon áit riamh ach i Loch gCarman. Dá gcuirtí i bhfeidhm coitianta é, tá fhiós agam-sa cúpla barúntacht in Iarthar na hÉireann agus do gearrfí príosún ar feadh a saoghail ar lucht an fhearainn sin. Bhí tiarna talmhan ann, tráth, agus bhí gráin aige ar an mBuachalán. An lá théigheadh sé ag bailiú an chíosa, mo mhairg an tineóntaidhe ná beadh an uile bhlúire dhe gearrtha aige! Bhí fuath ag an dtiarna talmhan san don uile dhuine a bhí in a thímpal, chomh maith díreach is a bhí aige don bhuachalán. Do cuireadh reacht talmhan i bhfeidhm agus bhí neart dos na tineóntaithibh a gcuid tailimh do cheannach & dhein cuid aca é. An chéad uair eile a chuaidh sé siúd ag bailiú cíosa, connaic sé ana-lear Buachalán ag fás ar thalamh duine den dream a cheannaigh. Duine ab eadh é, leis, ná raibh aon mhisneach 'ná sprideamhlacht riamh ann. “'Dé an chúis nár ghearrais an rud san, a shúmaire?” ars an tiarna. “Ó! bhíodh an dl. agat anois!” ars an tineónaidhe. “Níl aon bheann againn ort!” Do luigh an focal san chomh dian ar an dtiarna talmhan gur buaileadh breoite é agus cailleadh leath-bhliain in a dhiagh san é. An Buachalán Buide bu thrúig báis do! Tá san mar abhar maoidhte ag an mBuachalán. Tá cúpla ainm eile ar an mBuachalán i nDeasmhain — geósadán agus gaosadán. Tá saghas de ann, leis, len a n-abarthar ‘buachalán ná h-eascuirean.’ Glúnlus. Luibhín a bhíon fé bhláth i rith na bliana is eadh an Glún- lus (Senecio Vulgharis). Den treibh chéadna é féin is an Buachalán Buidhe, siúd is ná fuil aon ró-dheallramh aca le chéile, ach amháin sa chuma a bhíon ar an mbláth. Is milis leis na h-éin é, go mór mór le h-éanlaithe a bhíon i mbraighdeanas; is é an t-aonsóluiste amháin a' bhíon aca, na rudaí bochta truagha! Gas bog lag a bhíon ar an nGlúnlus agus gas cruaidh láidir ar an mBuachalán. ‘Grúnlus’ adeirtear i gCairbhre. Seán Tóibín. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Teó. (‘H. JOHNSTON’) Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Gur bhriseadar na humaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces” Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Calaphort an Phápa, CORCAIGH. CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM! MARGAIRÍN “LEANDAR” Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA Agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX is a chlann mhac (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL is a chlann mhac (teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. Togha gacha bídh i gcór na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.
GACH CÓIR SCOILE! tá againn-ne LEABHAIR don LEABHARLAINN agus LEABHAIR mar DHUAISEANNA. Scríobh chugainn ar lorg eolais: MUINNTIR FHALLAMHAIN (Fallon Bros. Ltd.) Cúirt a 13 & a 14, in ÁTH CLIATH. Smithfield a 86, i mBealfeirste. Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge. Tá SCÉALUIDHEACHT-GAN- SRAÍNNG d'á múineadh ag togha na múinteóirí I SCOIL UÍ SHUILEABHÁIN SA ‘MHARDÍOG,’ I gCORCAIGH. Is í an scoil is mó cáil agus is fearr cóir i n-Éirinn. Múintear SRANNG-SCÉALUIDHEACHT ann do chailiní, i gcóir Oifige an Phuist, sa ló nó istoidhche. Scríobh chun an Árd-Oide. BROSTAIG! nó BEIR DÉANACH. An Tarna Séasún — Ó Lughnasa 6adh go M. Fómhair iad. COLÁISTE EOGHAIN UÍ CHOMHRAIDHE Carraig a' Chabhaltaigh, i gCondae an Chláir. Gheobhair gach eolas ó'n Rúnaire — Brian Ó hUigín, Coláiste Uí Chomhraidhe, Carraig a' Chabhaltaigh. An Mhin Choirce is fearr blas agus is mó substaint — MIN MAGHCHROMTHA MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean, I MAGHCHROMTHA. Scríobh chuige. MAIDIN LUAIN CINGCÍSE. (Amhrán cumhaidh ar an Eirghe-amach i Loch gCarmain sa mbliain 1798. Mícheál Ó Longáin, C.C.T.) I. Maidean Luain Cingcíse Do labhair an síothbhra in sa ghleann, Do bhailigheadar na cága Chun ádhbhacht do dhéanamh ann; Do chruinnigheamair 'na dtímchioll Is do lasamair na soillse, Is do thógamair ceo draoidheachta Go h-aoibhinn ós a gcionn. II. Is iomdhó baile margaidh Agus cathair aoibhinn cheoil, Agus cúirt aiges na Sasanaig Chun seasamh ann 'n-ár gcóir; Beir sgéala cruinn a bhaile uain, Dé Domhnaig go dtí an tAifreann Gur chun sléibhe do cuireadh chun reatha sinn Chun seasamh ann faoi bhrón. III. Dá bhfeicfeá-sa an buachaill Is an cailín ceann buidhe cas Do bhíodh ag imtheacht suas Ar thuairisg na bhfear; Beir sgéala cruinn dóibh uaim-se Go bhfuil Captaen Lambert fuarlag Ar thaobh a' tsléibhe go h-uaigneach, Gan tuamba air ná leac. IV. Cá bhfuilid na Muímhnigh Nó an fíor go mairid beó, Ná cruinnighid siad n-ár dtimchioll Agus cabhrú linn san ngleo? Mar is deacair púirt do stríocadh Na clanna búir do dhíbirt Ó n-ár mbailtí dúthchais dílis Bhí ag ar sinnsear riamh rómhainn. V. Do tháinig aníos ó Chonnacht chugainn Céad is míle laoch, An oiread céadna ó Ulaidh chughainn I bhfuirm cheart 's i bhfaobhar; Suaimhneas lae níor tugadh dóibh Chun gur bhuaileamair bualadh is fiche ortha, Sé mo léan mar shileadh fuil as cuirp Ár bhfear i ndeire an lae. VI. Beir sgéala suas chun Mumhan uaim A rúin dhil 's a stóir, Agus innis ann faoi chumha dhóibh Go bhfuil an sgiúirse n-ár gcóir; Mar is mó leanbh fireann fionn geal Agus ainnir mhilis mhúinte, Agus óig-fhear clisde lúthmhar 'San úir uainn a' feódh. VII. Mo leun ar an Mumhain nár eirigh Nuair d'adhnamair an gleó, Faoi airm ghreanta greinnmhar I bhfaghairt acu 'n-ár gcóir; Do fhágadar go teinn sinn Agus neart ár namhad 'nár dtimchioll, Ach grádh mo chroidhe na Laighnig Siad d'adhain an teine leó. Ó Roibeárd Ua Raoghalla, An Scairbh, i bParóiste na Dromod, Íbh Ráthach, do fuaireas é seo. Dubhairt sé gurbh' iad “an síothbhra” agus “na cága” an ceann- urraid agus na taoisigh do bhí ar an arm Gaedhlach. Amhrán uaigneach iseadh é — goltraighe ceart. Fingin na Leamhna. A Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i. “AN LÚCÁNIA” (de dhéantús na hÉireann) ó Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat. Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge do mhúineadh: “Scéalta don Aos Óg,” 2d. “Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d. “Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” — iad go daithte is go hoireamhnach ar gach chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6 Gaedhil a bhfuil Trácht ortha: Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach, Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh Colmcille, Wolf Tone, Naomh Bréandán, An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach garm — £3 an beart. Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar — Cuir cárta ag triall orainn ar lorg leabhráin eolais: “The Educational Co. of Ireland,” 89 Sráid Talbóid, Áth Cliath. TÁILLIÚREACHT agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i nÉirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA, 11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH. BÍODH PÍOPA MAITH GAEDHLACH AGAT. Tá PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR le ceannach i ngach siopa tobac. Cuir a dtuairisc ar lucht a ndéanta — CAPP & MAC PEADAIR Teo. FAICHE SHAIN STIABHNA, ÁTH CLIATH. Má léighir Béarla, LÉIGH LEABHAIR MHAITHE. “Poets and Poetry of Munster,” by James Clar- ence Mangan; 3/- agus postas 4d. Tá Béarla is Gaedhilg ann. “Knocknagow,” by C. J. Kickham; 4/- agus postas 5d. “In Dark and Evil Days,” by F. Sheehy-Skeffing- ton; 3/6 agus postas 5d. “The Red Spy,” by D. M. Lenihan; scéal ar cogadh Gaedhal ar son tailimh is treabhachais é sin; 3/6 agus postas 5d. “Convict No. 25,” by James Murphy; scéal ar ruagairt Ghaedhal ó thalamh na Midhe; 3/6 & postas 5d. Scríobh ar lorg liosta agus tuille eolais. SÉAMUS Ó DUBHTHAIGH & A CHUA., Sráid Westmoreland a' 38, ÁTH CLIATH. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail. Ceachta Cainnte Gramadaighe. Seán Ó Catháin do scríobh. An Ghramadach Ghaedhilge is fearr. 2/6. Muinntear Ghuill, Áth Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services