Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lughnasa, 1917

Title
Lughnasa, 1917
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1917
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. a 17. LUGHNASA, 1917. Pinginn a Fhiacha.



DINSAÍ.



Daoine ciúine ciallmhara iad furmhór
de mhuinntir an tsráid-bhaile seo, ach
ar ndóin níor bhaile shaoghalta é, dá
luighead le rádh é, gan roinnt daoine
ann ar bhfiú leat éisteacht le n-a gcuid
eachtraí is amaideachta. An duine is
mó go ndéantar trácht air ar an
mbaile seo ná buachaill bocht simplidhe
dá ngairmthear Dinsaí. Duine neamh-
urchóideach deagh-chroidheach atá ann go
cinnte, agus níl de locht air ach é bheith
'na leath-amadán. 'San am gcéadna ní
bhíonn ag gach aoinne ach an focailín
molta dhó, mar is é an duine is luaithe
ar an mbaile chun glaodhach ar an
sagart nó ar an ndochtúir é, am ar
bith a mbí gádh leis. Abair is go bhfuil
sé 'na leath-amadán féin, is slachtmhar
a thig leis an obair sin a dhéanamh. Níl
aon ghádh le páipéar nuadhachta ar an
mbaile seo go fóill, 'fhaid is tá Dinsaí
ann. Is beag rud a thuiteann amach ann
ná bíonn seisean páirteach 'sa ghnó. Níl
achrann ná rí-rádh dá dtarluigheann ná
bíonn sé sáidhte ann, pé moch déanach
an tráth. Is iongantach ar fad mar
éirigheann leis teacht suas leó go léir.
I dtaobh teachtaireacht an duine bhreóite,
ámh, dob' iontuigthe go leór é bheith ar
láimh, mar bhí árd-dhúil ag Dinsaí mhacán-
ta 'sa bhraoinín, & deirtear go mbíonn
fairsinge “d'uisce coisreactha Béal Átha
Ubhla” le fagháil tráth buailtear breóite
duine go h-obann mar sin. Ag seo
scéilín innstear i dtaobh Dinsaí.



Lá áirithe dá raibh sé súgach go leór
agus é ag cabaireacht istig 'sa tigh tábh-
airne chuala Dinsaí fothram neamh-ghnáthach
éigint amuich ar an tsráid. Amach leis
go faobhrach, agus sceón 'na chroidhe ar
eagla go mbeadh tosach teachtaireachta
ag duine éigint air. Nuair bhuail sé
amach ar an tsráid chonnaic sé an
gluaisteán breágh galánta os comhair
siopa an ‘Chrumpáin’ amach, agus beirt
bhan uasal 'na suidhe istig ann. Do thug
Dinsaí léim as a chorp agus anonn leis
d'fhailtiú roimis na stróinséarthaibh. Do
shnap sé an tsean-phlaidhc dá cheann.
“Mhuise, móra dhíbh, a uaisle. Nach sibh-
se atá go canta annsan istig díbh féin.
Bain bárr na cluaise anuas díom mar
a mbeireann sibh bárr buaidh agus deis-
eachta ar mhnáibh na cruinne.” Le linn
na cainte sin do rádh dhó, bhí sé ag
umhlú go talamh dóibh. Ach níor dhein na
Púncánaig (sin a bhí ionnta) ach scairteadh
ar gháiridhe, mar nár thuigeadar focal
uaidh. Le n-a linn sin amach leis an
“seófur.” Bhain sé casadh as an ngléas
gluaiseachta. Dhruid sé Dinsaí bocht i
leath-taoibh go garg. Isteach leis de
léim agus as go bráth leó — mo Dhinsaí
bhocht annsúd agus gan focal ann, an
tsean-phlaidhc 'na láimh aige, & a bhéal
ar leathadh. Tháinig a anál chuige de
phreib. “Mhuise, ciach is léir oraibh,
maran sibh atá go mustarach, agus
an spriúnlaitheacht go docht i gcroidhe
agaibh.” Díreach agus an gluaisteán ag
gabháilt tar droichead aige bun na
sráide, do rith madra an dochtúra
treasna an bhóthair ar a aghaidh amach.
Nuair a bhí gabhtha thairis ag an ngluais-
teán, b'shin é an maidrín beag gleóidhte
agus é sínte 'na phleist ar lár. Anois,
bíodh 'fhios agat, a léightheóir, gur mór
le rádh é an dochtúir ar an mbaile seo
gainne, & cheap Dinsaí go mbainfeadh
sé sásamh anois nó riamh as an masla a
bhí curtha air féin aiges na daoinibh gal-
ánta. Dar ndóigh níor bheag de bhithiúnt-
aigheacht a bhí déanta aca & an madra
breágh luachmhar úd an dochtúra 'na chor-
pán fuar marbh ar an mbóthar aca.
Seo 'na ndiaidh ar cos anáirde fan an
bhóthair é, agus gach aon liúgh as a dhúis-
eóchadh duine ó mharbhaíbh. “Stadaidh!
Stadaidh! Ná feiceann sibh go bhfuil
murdal déanta agaibh. Ó mo strios é
an maidrín donn gleóidhte! Stadaidh!
Stadaidh! adeirim libh.” Ba mhór an
sult leis na daoinibh bhí bailighthe ar an
tsráid Dinsaí bocht a dh'fheiscint agus é
ar cos anáirde i ndiaidh an ghluaisteáin.
An tsean-phlaidhc 'na láim i gcomhnuidhe
aige. Beinne a chóta giobalaigh ar fol-
umhain le gaoith, agus gach re liúgh agus
eascaine as. Nuair a tháinig sé chomh
fada le corp an mhadra do stad sé.
Bhí muinntir an ghluaisteáin as radharc
um an dtaca so. I n-ionad aon áird
a thabhairt ar an liúirigh, ba dhóigh le
duine ortha nár dhein an gleó go léir
ach géarú san ngluaiseacht aca! Níor
thuig Dinsaí bocht an scéal i n-aon chor.



D'fhan sé 'na sheasamh annsan le h-ais
an mhadra gur tháinig a anál chuige
airíst. Nuair a bhí an saothar curtha dhe
aige beagán, chuir sé garsúinín ag triall
ar thig an dochtúra leis an scéal mbrón-
ach, agus d'fhan sé féin agus chas sé a
olagón os cionn an mhadra. Bhí gasra
beag daoine bailighthe tímpal air um an
dtaca so, agus bhí meascán mearaidhe
ag teacht ar Dhinsaí bocht. (Níorbh' é a
dhearmhad, ámh, a rádh leis an dteachtaire
braoinín beag fuiscí a thabhairt thar n-ais
leis, féachaint an mbeadh aon tseans go
ndéanfaidís an madra bocht d'aithbheóch-
aint — mura mbeadh féin, ní caillfidhe é).
Airiú is aige-sin a bhí an truagh do'n
mhaidrín sin! Bhí san go maith is ní
raibh go h-olc. Bhí ag méadú ar an
sluagh, agus bhítheas go gleódhach ar gach
taobh de, gurbh' éigin do scread amach
i n-árd a ghlóir ar eagla gan aon áird
dá chur ann féin a thuille. Aidhe! Nárbh
eisean do chuir tús leis an rí-rádh go
léir! Bhí na deóra le n-a ghruadhnaibh
um an dtaca so le neart bróin
do'n ainmhidhe bocht. Leis sin h-airigheadh
scread ó gharsúinín. D'fhéach Dinsaí i
leith an bhaile, agus cé bheadh chuige ach
an dochtúir agus saothar an domhain air.
Chuir an radharc san mearathal ceart
aigne ar Dhinsaí. Thugadh sé cúpla cois-
céim i dtreó an dochtúra nóimeat, agus
neómat eile dhó ag druidim ar gcúl
airíst nuair a thugadh sé strac-fhéachaint
ar chorpán an mhadra, a bhí 'na lúib idir
a dhá chois istig. B'fhuirist a dh'fheiscint
go raibh sé idir dhá chomhairle. Ba mhaith
leis tosach scéil a bheith aige féin, ach
san am gcéadna bhí eagla air gur mó
suim a bheadh ag an ndochtúir 'sa mhadra
ar dtúis ná i n-éinní eile. Dá gcor-
ruigheadh sé féin ó'n áit, mar sin, ba
ró-dhócha gur ag duine éigint eile a
bheadh toradh a chuid saothar-sin. Ba
bhréan leis an smuaineamh sin, & d'fhan
sé mar a raibh aige.



'Fhaid is bhí na daoine go léir ag
faire mar sin ar an ndochtúir, thuit
rud greannmhar amach. Buachaill báire
é seo a bhí ar an sluagh, agus chonnaic
sé go raibh fabhar ar leath-shúil leis go
creathánach ag an madra, fé mar bheadh
sé ag teacht chuige féin. Cad a dhéan-
fadh mo bhioránach ach speach a tharraint
ar an madra de phreib. Ach sar a raibh
d'uain aige é aimsiú b'shiúd ar a bhon-
naibh é an madra ar an dtoirt. Oiread
is gíog níor chuir sé as, ach seo chun
siubhail é láithreach, agus ní sceimhle go
sceimhle an mhaidrín sin & é ag greadadh
leis chomh tiugh i nÉirinn is bhí 'na chosaibh
é bhreith chun siúbhail. D'éirigh liúgh as a
raibh láithreach. D'fhéach Dinsaí anuas san
áit 'nar cheart do'n mhadra do bheith. Ní
raibh a thásc ná a thuairisc ann.



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


CIARRAIDHE.



Nuair a bheir ag taisdeal
in UIBH RÁTHACH ÁLUINN,
cuir fút sa tigh seo



TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH
I gCATHAIR SAIDHBHÍN.



An tig is fearr in Uibh Ráthach.



Labharfar Gaedhilg leat ann.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE



TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;



SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;



ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.



ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.”



Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.



SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.



TROSCÁN TIGHE.



SEÁN Ó CURRÁIN,
sa DAINGEAN.



an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.



AN T-EMPÓRIUM,
le
M. Ó SÚILEABHÁIN AGUS A MHAC,
CILL ÁIRNE.



ÉADATHÓIRÍ MAITHE



Tá le fághail uatha:



Lása Gaedhealach de'n déanamh agus de'n phatrún
is órnáidighe amuich agus saothar lámh is
eadh gach órlach de.



Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt
datha.



Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach
(Muintir Winstanlí agus Mac Gabharnaigh a
dheinean.)



Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr &
flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do deineadh.



Bím
GO GNÓTHACH I GCOMHNAIDHE!



Mar díolaim rothair Ghaedhealacha — “An Piarsach”
agus “An Lúcánia.” Deisighim rothair & mótair
ag TIGH DÚNABÓINNE, Sráid Chúc, i gCORCAIG.



DÓMHNAL Ó SÚILEABHÁIN.



Dh'óbair go dtuitfeadh an t-anam tur
teith as a raibh láithreach le neart gáire
nuair thugadar fé ndeara an t-iongnadh
agus an alltacht a bhí ar Dhinsaí bhocht.
D'iniúch sé an talamh ar gach taobh de,
fé mar nárbh' ionntaoibh leis radharc a
dhá shúl. Annsan do thochais sé a cheann.
Do scrúduigh sé an talamh airíst agus
airíst eile, agus tar éis gach scrúdughadh
dhíobh san do dhein sé feidhm mhaith dá
ingnibh ar chúl a chinn, á thochas. Le n-a
linn sin tháinig an dochtúir do láthair,
agus ní theastóchadh uait fáidh ná draoi
chun a chur i dtuiscint duit go raibh sé
ar fiuchadh le feirg. Do thuit an lug
ar an lag ar fad aige Dinsaí bocht
annsan. Is ar éigean a dh'fhan lúth na
ngéag ann. Bhíodh scáth aige roimis an
dochtúir i gcomhnuidhe, mar ba dhuine
des na daoinibh uaisle é dar ndóigh.
Is luaithe a chuimhneóchadh sé ar stró a
chur ar tharbh buile ná ar an ndochtúir
agus fearg air. Ach a rádh go raibh sé
féin tar éis amadán a dhéanamh de!
Do rith na smaointe sin chun aigne
Dhinsaí chomh luath leis an splannc. Níor
dhein sé ach fíoghar na croise do dhéanamh
air féin ar an neómat, agus sceinneadh
leis abhaile ar a chroidhe-dhícheall. Dá
luaithe é an madra ag cur de roimis
sin, ba dhá luaithe ná san féin mo bhior-
ánach & é ag scéinneadh leis le neart
sceimhle agus sgáird. D'fhógair sé soir
siar iad, 'na aigne féin, idir madraí is
gluaisteáin, mar bhí lán-cheapaithe 'na
aigne aige gur diablaidheacht éigint a
bhí imeartha air féin aige muinntir an
ghluaisteáin mar gheall ar é bheith ag
eascanaidhe ortha.



Gach aon uair riamh ó shoin, go mbuail-
eann an madra úd i dtreó Dinsaí,
deineann sé fíoghar na croise air féin.



“Suantraighe.”



SGÉAL NA LUICHE.



Bhí súmaire duin' uasail oidhche tim-
cheall aimsir chodlta na shuidhe os comhair
na teine. Bhí faluing fhairsing air agus
slipéirí agus srón mhór ghorm-dhearg. Bhí
buidéal ar an mbórd ag á uilinn agus
gloine & suigeár leath-mhúchta ar fhaobhar
an bhúird. Bhí cheann an duine cromtha
anuas ar a ucht & a dhá láimh ar sileadh
síos gach taobh de'n chathaoir agus a dhá
chnap-shúil ar leathadh ach gan é d'fheiscint
aon ní.



I gcionn tamaill do bhog fear na
sróna móire agus rug sé ar sgrugall
ar an mbuidéal agus rug sé sa láimh
eile ar an ngloine. Thug sé béal an
ghloine & béal an bhuidéil chun a chéile
& do sgaoil isteach sa ghloine taosgán
d'fhuisgí chraidhreach (cróidhearg). Ach do
bhí na lámha ar crith aige — is dócha gur
galar éigin a bhí ar an nduin' uasal —
agus do líon sé an gloine go ró-mhór
agus thuit braon dein uisge luachmhar
beatha ar an úrlár. Annsan chuir sé
an gloine chun a bhéil agus do dhoirt
sé síos 'na sgórnaigh súgh an tseagail.



Thuit a lámha síos leis arís & thuit a
cheann ar a ucht agus d'osgail a shúile
agus tháinig dath níos dubh-ghuirme fós
ar a shróin.



Bhí luichín beag i bpoll i gcúinne an
tseomra san — luch bheag shuarach, sgáthmhar
— & thug sí an gnó go léir fé ndeara.
Dhruid sí go béal an phoill agus nuair
bhraith sí an ciúineas amuich d'éaluigh sí
amach go ciúin agus go h-eaglach. Bhí
an dá shúil aici ar an bhfear mór ar
eagla go bhfeicfeadh sé í. Dá gcor-
ruigheadh cos nó lámh nó méar leis, bhí
sí imthighthe le na h-anam isteach sa pholl
arís. Níor chorruigh. Dhruid sí amach go
mall, mall, diaidh i ndiaidh, agus a dhá
súil anáirde aici agus a srón ar an
dtalamh ag bolaitheóireacht féachaint an
bhfaghadh sí brúsgar aráin nó cáca.
Tháinig sí i dtreo an bhúird. Ní fada
gur bhuail an braon ar an dtalamh léi.
Fuair sí bolaith uaidh. Níorbh é bolaith
na gaoithe é! Chuir sí a teanga ann
agus thóg sí braon na béal de. Bhí sí
á bhlas. Chuaidh an blas tríthi. Bhain sé
critheán aisti. Bhí sé láidir. Mar sin
féin, chuir sí a pus arís ann agus líob
sí chúichi a raibh ar an úrlár de. Ann-
san chorruigh an duin' uasal. Bhí an luch
bheag san istigh sa pholl arís an fhaid
a bheifá ag rádh “Cuit as san!” agus
sgannradh an bháis na croidhe roimis an
nduin' uasal.



Rug an duin' uasal arís ar an mbuid-
éal agus do líon gloine eile go creath-
ánach; agus ar ádhmharaighe nó ar mhío-
ádmharaighe an tsaoghail do dhoirt sé
braon eile. Nuair a bhí sé ólta aige
& an ciúineas arís ann, bhuail an luichín
amach as an bpoll agus dhein sí anonn
cruinn díreach ar an áit go raibh an
braon ar an úrlár. Seo chuige í agus
do thiormuigh sí an t-úrlár chomh tirim
le spúnc, agus annsan chuimil sí leadhb
dá teangain timcheall a béil agus a
féasóige. Chorruigh an duin' uasal arís.
Chuaidh an luch go dtí béal an phoill
agus do stad sí annsan agus í ag
féachaint anall ar fhear na sróna.



Líon an duin' uasal deoch eile agus ó
nach ag dul i laighead a bhí an creathán
ann, do dhoirt sé sgíobus beag eile ar
an úrlár. D'ól sé an gloine & d'imhthigh
an bhrígh as arís. Bhí an tsrón ar dhath
an chorrcair um an dtaca san aige.



Chonnaic an luch bheag an braon ag
tuitim. Chuimil sí a teanga dá béal.
Rith sí anall. Baineadh leagadh aisti.
Cúinne an bhrait úrláir do leag í, is
dócha, an créatúir! D'éirigh sí arís &
tháinig sí go dtí an braon ar an úrlár
agus do líob sí go dúlmhar é. Annsan
d'éirigh sí amach ar an úrlár. Do dhein
sí babhta rinnce. Annsan chuir sí gíog
catha aisti agus d'fhéach sí suas ar an
nduin' uasal.



“Seadh 'nois!” ar sise, “sgaoil chugham
amach annso do sheanadhiabhal cait!”



An Seabhac.



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 3


SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH.



“An Seabhac” do bhailigh.



57 — Odlaig fé mhaise dhuit.



Um Nodlaig adeirtear san.



58 — Gura seacht fearr a bheidh sibh bliain
ó indiu.



59 — Go mbeirimíd slán ar an dtráth
so arís.



60 — Go dtugaidh Dia ciall duit.



Adeirtear le duine ná bíonn glic.



61 — Cúis gháire chughainn,





62 — Cúis gháire ó Dhia chughainn.



Le linn áthais agus grinn is gnáth é sin a rádh.



63 — Grásta Dé chughainn is bás i nÉirinn.



Guidhe cráibhtheach, tírghrádhach.



64 — Cabhair is cáirde is grásta ó Dhia
chughainn
Cabhair gach lá atáim a iarraidh.



65 — Fé thuairim do shláinte,





66 — Sláinte mhaith,





67 — Sláinte gan slaghdán chughat,





68 — Sláinte an bhradáin chughat — croidhe
foláin agus gob fliuch,





69 — Saoghal gadhair agus sláinte an
bhradáin chughat,





70 — Sláinte na bhfear is go mairidh na
mná go deo,





71 — Siúd ort,





72 — Nár dheinidh an braon so díth ná
dochar dúinn.



Guidheanna le linn óil.



73 — Dia dhá réidhteach!



Adeirtear nuair tuiteann droch-ní amach.



74 — Dia linn!





75 — Dia lem anam!





76 — A Mhuire, is truagh,





77 — A Mhuire 'mháthair,





78 — Moladh 's buidheachas leat, a Dhia,





79 — Dia go deo linn.



Focail iongantais iad san.




80 — Beannacht Dé dhuit.



Is gnáth san a rádh le duine thugann scéala
maithe leis.



(Tuille le Teacht.)



AN LÁ.



Tá an Oidhche go ciúin thar na triúchaibh fós,
Ach tá Soillse na nDúl fé smúid na Neól,
Tá anfadh obann ag borradh san aer:
Mé ag faireadh 'smo rosca le hocras géar!
Aithnighim na rianta thiar is toir.
Cad chuige na díormaí á riar' abhus?
Cad chuige an slógadh ar bhóithre is áird?
Ná feiceann tú slóighte i n-órdú ar báin?
Och m'anam! tá luisne 'san Oirthir go h-árd!
A Bhanba! Misneach! Tá t'fhir is do mhná
'Sa n-anam gan smál i láthair Dé,
'Sa n-airm 'ná lámha le Fáinne an Lae.



A Dhóchuis is righin tú i gcroidhe gach Gaedhil.
Is tú lóchrann na Saoirse ó Dhaoirse saor.
B'fhada de'n Oidhch' tú i nduibheagán sléi'
A bhfad ó do mhíntír aoibhinn féin,
Do chairid, bhí díl, ag an “leader” Seán
Dá mealladh le Soillse an Sphinx ar fán,
Tú lag leis an dtreighid ó “leigheas” na
n-“úghdar”
Ag fealladh ort le bladhman cainnte i
gcúirtibh.
A chéile chaoin! Ba dhílis tú
Lem' thaobh-sa trís an Oidhche dhúbhach.
'S mar spreagtá mo chroidhe de shíor ag rádh
Gur fada an oidhche ná stríocann lá.
'S nuair thagadh an t-íompáil lí id'dhreach,
Nuair mheathadh na súile soillseadh seal,
Nuair ghoileadh an ghaoith do laoi 'sa chnoc,
Is do chloisimís caoi na Sidhe mhná amuigh,
Do leathadh mo shúil ar ghnúis an Sphinx
Ar an bhfalla, 's a crúca i gcúl do chinn.
“A Oidhche na Scáth! bhfuil i ndán dom
fóirthint?”
D'impighinn go h-árd, 's ar fán uait sheó-
lainn.
'S do theithinn im' thaidhbhse ar choillte 's
chómhngair,
'S mar sceinneadh óm' radharc, mho ghreim!
na slóighte,
Go dtagadh chugham laoch ná tréigfeadh
páirt
Ar ais, ná dá mb'éigean féin an bás.
'S mar thagadh sé liom ar dtúis i n'aonar,
'S mar lasadh do shúil a ghnúis nuair léightá!
Do thagadh sé síor 'san' oidhch' it' fhéachaint,
Do bhailigheadh chughat buidheanta fíor-fhear
Féinne.
Do ghlacais le leigheas nár leigheas na
n-“úghdar”
Mar do scaip ar do threighid le radharc ar
phúdar —
Do leabaidh lag d'fhágais slán gan tláith,
'S tá casta ort t'áilne bláth ar bhláith.
A Dhóchuis, taoi id dhúiseacht ó'n ndúbhchod-
ladh tréith.
Tá do lóchrann ag lonnradh 'sa dúthaigh go
léir.
Tá gach óigfhear go seasamhach fearamhail
faobhrach,
Is do thóirse ar lasadh 'ge i dtreasaibh na
Féinne.



Mo náire ar éinne thréigfeadh páirt
'San ár, chun Éire shaoradh ó námhaid,
Mar caithfear brúcht fola de'n mhogall-
fhuil d'íodhbairt
Má's maith libh sibh folctha i dTobar na
Saoirse —
Is fásfaidh ó'n fhíor-fhuil caoin bhrat Bláth
Is bláthfaidh ó Oidhche na Daoirse An Lá.



Sprid na Saoirse.



ÁR SEASAMH ORT-SA, A CHARA!



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a
bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” & cuir i
n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís
an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,



Idir Leabhair Ghaedhilge
agus Leabhair Bhearla,
le fághail uainn-ne.



Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilg go fionnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH.



SRÁID ÍOC. BHAGÓID, a 50,
BAILE-ÁTHA-CLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”



An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



A Ghaedheala! Ceannuighidh



“ÉADACH na DRUIPSIGHE”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.)
Co. Chorcaighe.



An Ghramadach Ghaedhilge is fearr le fagháil.



CEACHTA
CAINNTE
GRAMADAIGHE



Tá na mílte ann, idir óg & aosta, idir
múinteóirí & scoláirí, go bhfuil eólas
cruinn ar an nGaedhilg aca i ndiu
de bharr na Gramadaighe sin.



Seaghán Ó Catháin do scríobh é.



224 LL.; Muíntear Ghuill, Áth Cliath; 2/6.



Gaedhilg agus
Suairceas Saoghail:



I gCOLÁISTE CHAIRBRE



a bheidh, i rith mí
LUGHNASA, 1917.



Cuir tuairisc gacha ní ar



MHÍCHEÁL Ó CUILEANÁIN, O.S.,
Seanachúirt, SCIOBAIRÍN.



Gheobhair deaghmhargadh
uaim-se i gcomhnaidhe.



TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
fad-sa an postas ar cheithre púint de.



PLÚR Gaedhlach.



MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min
bhuidhe.



SIÚICRE agus gach rud eile ar fheabhas.



SEÁN MAC CURTÁIN,
SRÁID A' tSEANDÚNA, CORCAIGH.



Tá Cóistí & Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros agus a Chlann mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), CORCAIGH.


L. 4


IOL-SCOIL NA MUMHAN
(RING IRISH COLLEGE).



Samhradh, 1917.



An Chéad Teurma:



Ó'n dara lá Iúil go 27mhadh.



An Dara Teurma:



Ó'n chéad lá Lughnasa go 29mhadh.



Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus
breaghdha is eadh an Coláisde agus an tigh
comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go
cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige
ann agus na hOidí go toghtha.



PÁDRAIG Ó CADHLA,
An Fear le Scríobhadh.



CARABHATAÍ de'n PHOIPLÍN



AR GACH DATH is
AR GACH GNÉ DATHA.



LIAM Ó hAIMHEIRGÍN,
(‘W. Bergin’)
a dheinean do lucht siopaithe.



Scriobh ag triall air go



62 SRÁID GHRAFTON,
in ÁTH CLIATH.



A BHEAN A' TIGHE! Cad é an saghas plúir
a bhíon agat?



Is é an PLÚR “EAGLE,” an plúr
is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus
an PLÚR “LION” is
fearr do lucht-aráin-a-dhíol.



Muíntir Mhic 'Ille Sheathanaich a dheinean
i gCorcaigh.



GEO. SHAW & SONS,
Muillean Sain Seán, i gCORCAIGH.



COLÁISTE AN DAINGIN



Dhá Théarma —



Mí Iúil agus Mí Lughnasa, 1917.



Tá Coláiste an Daingin i lár
na dúthaighe is Gaedhlaighe
i gCúige Mumhan.



Má's Gaeluinn atá uait
tar 'n Daingean.



Gach eolas le fagháil ó



AN RÚNAIDHE,
Coláiste an Daingin,
Daingean Uí Cúise.



ó
CHOMPLUCHT DONOBHÁIN,
I dTRÁIGHLÍ,



a gheobhair an deaghmhargadh, má
bhíon aon rud mar iad so uait



TROSCÁN TIGHE,



ÁRAISTÍ BÚIRD,



ÁTHRAIGHE STÁIN is IARAINN.



GUAL, AOL,



BRÍCÍ, “SEIMÍN,”



agus gach eile oirean DO LUCHT
TÓGÁLA TEACH.



AN LÓCHRANN.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh an Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair.



Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain.



Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain.



Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, agus c. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.



Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
agus c., do chur.



Na Díoltóirí.



Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh



Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



DUAISEANNA AGUS
SCRÍBHNEÓIREACHT.



AN DÁ CHULAITH ÉADAIGH.



Táim ag feitheamh le breith an breithimh
ar na h-aistí a tháinig isteach, ach tá an
clódóir ag liúirigh orm ag iarraidh “an
adhbhair cló.” Is baoghal go mbeidh an
scéal ón mbreitheamh san déanach do'n
uimhir seo.



SCÉALTA AR AINMHIDHTHIBH, &rl.



Fuaireas roinnt mhaith scéilíní — cuid
aca nua agus cuid aca níos sine ná
Aesop féin. Seo mar moladh an púnt
do roinnt:



Duais do Cháit Ní Chiabháin, Ceann
Trága (7/6)



Duais do Shiobhán Ní Mhuircheartaigh,
Ceann Trágha (7/6)



Duais do Eibhlín Ní Chríodáin, Cais-
leán Nuadh (5/-)



Ní fhuaireas an oiread & aon scéal
amháin de sna scéilíní céad focal gur
thairrigeas duaiseanna ortha mí ó shin.
Aon duine nár mhaith leis duais d'iar-
ras air scríobh tré ghrádh scríobhtha. Ní
dhearna. Mo náire é! Bhfuil aon mhaith
i lucht na Gaedhilge ach chun cainnte.
Tabharfad mí eile dhóibh.



Tá duais an duine aca agam a
thabhairt do



Eibhlín Ní Mhuircheartaigh, Sc. Cill-
mhicandomhnaigh;



Máire Ní Chróinín, Sc. Bhéalátha'n-
ghaorthaidh;



Nóra Ní Ghairbhia, Sc. Cheanntrágha.



Daingean Uí Chuíse, “An Seabhac.”
15/7/17.



POST DO CHAILÍN.



Tá post do chailín aimsire i gCais-
leán Mhagh Chróine, Cill Úird, Co. Chor-
caighe. Ní mór dí bheith in a Gaedhilgeóir
bhlasta. Tá fios an scéil le fághail ó
Riobárd Maighnéir, Caisleán Mhagh Chróine,
Kilworth.



CONAS MAR A CHUIR AN BÉARLA
FEAR SA PHOOR HOUSE.



I nÓspidéal na mBocht ar Neidín 'seadh
fuair Seán Liath Óg bás.



Seana-chomhursa dhúinne riamh do b'eadh
Seán; agus nuair a chualamar gur cail-
leadh é, do cheapamar dul síos go Neidín
ar maidin a bhí chughainn d'iarraidh a choirp
chun é chur i dteannta a dhaoine féin
sa Bhonán.



Chuaidh urmhór mhuintir an Bhonáin i
n-éinfheacht linn.



Bhí mac Sheáin i n-ár measg leis — capall
agus trucail aige, agus cloigeann reamhar
bodathamhail air. Cormac Liath ó'n nGlas-
ghort a ainm, ach ba bheag le rádh 'ge éinne
ná tabharfadh Charles J. Sullivan, Greenfield,
air. Ní fheadar a raibh fhios aige gur
Cormac Bodach ba' mhionca linn a ghlaodh-
ach air.



Bhí dritheáir Sheáin, Diarmuid Liath, agus
bean a mhic sa tsochraid leis, agus cor-
áiste aca. Is le na gcois-sean bhíos-sa.
Seanduine leathan, córach bhí i nDiarmuid,
agus cailín Gaedhealach pléisiúrtha do
b'eadh bean a mhic. Is annamh a théigheadh
sí as baile gan Diarmuid a bheith mar
ghiolla aici. Bhíodar sítheach grádhach le
n-a chéile.



Bhíomar ag cainnt ar Sheán bhocht is
sinn ag teacht 'sa tsochraid.



“Nár mheathta an iaracht ag Cormac,
a Dhiarmuid,” arsa mise, “léigiont dá
athair dul go Tigh na mBocht.”



“Ná h-abair ‘Cormac,” a Ghruagaigh,”
arsan cailín, “nó marbhochar tú. Abair
‘Charles J. Sullivan, Greenfield!’”



“Charles ag an ndiabhal air,” arsa
Diarmuid, agus do thug sé stiall do'n
chapall a chuir ag rínnce ar an mbóthar í.



Nuair chiúinigh sé an capall airís,
d'iompuigh sé a leith orm-sa & dubhairt:
“do leig, mhuiseadh, a Ghruagaigh, agus
dá mbeadh athair eile i mbárach aige —
do léigfeadh sé ann é chómh maith — agus
athair eile, & athair eile, & athair eile.”



“An bréantán salach!” arsa mise.



“Ní bréine é, dá dhonacht é,” arsan
cailín, “ná an Béarlóir mná ó Bheann-
traighe atá pósda aige.”



“A cheart féin dos gach éinne, dá
mb'é an madra é,” arsa Diarmuid,
“ní h-éinne de'n bheirt a chuir sa
Phoor House é.”



“Agus dar ndóigh, ní h-í an bhochtaineacht
a chuir ann é,” arsa mise.



“Ní h-í,” arsa Diarmuid, “mar ní
raibh sí ann riamh. Bhíodar, agus táid,
acfuinneach neamh-spleádhach go leór.
Cuireadh 'sa Phoor House é ar a shon
san, agus níor chuir aon nidh ann riamh
é ach Béarla. Fear greanamhar mí-
réasúnta do b'eadh Seán ó thúis. Do
shíl sé ná raibh namhaid amuigh ba mhíltighe
dhúinn ná an Ghaedhilg: do mheas sé ná
raibh aoibhneas níos binne le fagháil 'sa
domhan bhraonach so ná Béarlóireacht.
Agus b'é chuir lionn dubh riamh 'na
chroidhe ná raibh sé i ndán do féin
aon bhlúire de'n aoibhneas so do bhlaise,
mar fóiríor! ní raibh focal Béarla aige.



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 5


Do bheartuigh sé suas 'n-a aigne, pé nidh
is mar a dhein sé féin, ná beadh a
chlann mar sin. Ní leogfadh do dhuine
aca a theanga a luasgadh ar fhocal
Gaedhilge dá saoradh sé ó'n mbás é.
Bhí togha páirtí chun na h-oibre seo 'na
mhnaoi phósda aige. Inghean de shórd
ceithearnaigh ó phoróisde Bheanntraighe do
b'eadh í. Bhí Gaedhilg go líomhtha aici
gan amhras, ach ba scorn léi í labhairt
ach amháin pé cogarnach nó siosmurnach
a bhíodh aici féin & ag Seán i gcúinne
cúthail iargcúlach éigin. Ó mhaidin go
h-oidhche bhítí dá dheimhniú dos na leanbh-
aibh ná raibh sa Ghaedhilg ach drabhuigheall
cainnte ná raibh oireamhnach ach do bhac-
achaibh, Bhí fuath ag a gclainn di. Bhí
droch-mheas ar chaint a n-athar aca, agus
i n-ionad sin a chosg ortha, is amhlaidh a
bhí mórdháil ar an athair 'na thaobh, agus
an mháthair ag gríosú leo. Bhídís ag
cáineadh chainnte a n-athar, & ag magadh
fúithe! Seo mar a chloisfá go minic
ag imirt ar a n-athair iad.



“Teidhir suas sa ghort, a bhuachaill, &
cas na ba.”



“Twist the cows! That's nice talk.
How could I twist 'um? Go up an'
twist 'um yourself.”



“Imthig-se ar scoil indiu, a Chormaic,
a gharsúin.”



“Tell me go in English and I will.”



Fóiríor! Ó bheith ag magadh fé'n
dteangain, ba ghearr go rabhadar ag
magadh fé fhear labhartha na teangan.
Deirtí an Choróin Pháirteach 'sa tigh gach
oidhche faid bhí an chlann óg. Deireadh
Seán a chuid féin di i nGaedhilg, agus
d'fhreagradh an chuid eile i mBéarla í.
Ach nuair fhásadar suas ba ghearr go
ndubhairt Cormac le na athair nuair a
dubhairt sé leis fanamhaint istigh go
ndeiridís an Choróin.



Ó'n oidhche sin amach ní dubharthas
Coróin “na mBacach” ná aon Choróin
eile ar an dtinteán sain. Triúr mac
& inghean a bhí aige. Geocach péacach
do b'eadh an inghean. Dá bhfeicfeá ar
shráid Neidín í féin agus a máthair —
an inghean seacht nó h-ocht de shlataibh
roimh a máthair amach, agus a ceann san
aer. 'Seadh 'sdóigh, chuaidh sí go Meirice
agus ní chuala gur chuir sí púnt ná
sgilling a bhaile uaithe. Do bhí an bheirt
mhac óga ar meisge lá ar an gCrois,
agus as an meisge do thógadar araon
an “Sgilling” — sgilling na daoirse —
agus tá siad i n-a saighdiúiríbh dearga
anois. I dtaobh an chinn ghabhana úd
amach (ag tagairt do Chormac) níor
mheonuigh sé puinn chabhartha a thabhairt
dá athair riamh. Do chuaidh sé go Meirice
ar fhiacha bó a dhíol sé dá athair, mar'
dheadh, & chaith sé tréimhse thall. Nuair
rug an Sasanach greim ar an mbeirt
eile, do chuir a athair iarraidh air.
“Cormac” do b'eadh an búiste ag
imtheacht, ach rud éigin eile dob' eadh
ag teacht é.



“Charles J. Sullivan, Greenfield,” arsan
cailín.



“Annsan,” arsa Diarmuid, ag bagairt
a shúl orm-sa, “do phós Cormac bean
uasal ó Bheanntraighe agus —”



“Bean uasal!” arsan cailín ag bualadh
a bas.



“Bean uasal gan dabht,” arsa Diar-
muid a séideadh fúithe.



“Sin í an bhean uasal a chodail amuigh.
'Seadh, mhuise, inghean an Jeabhaltaora ó'n
gCrosbhóthar. Is minic do chonnac-sa í
siúd ag díol séirdíní agus frún go
huilnibh uirthi agus —”



“Seadh anois, is dóigh is cuma 'n-a
thaobh san. Béarlóir bhreagh 'seadh í, pé
sgéal é, & droch-cheann do Sheán dob'
eadh í chomh maith — ní h-a' breith bhreithe
uirthi é. Do shnuidh sé an fheóil dá
chnámha ag obair dóibh, ach níor mhóide a
meas air. Bhí a leanbhaí loithte aige ag
éisteacht le na dhrabhuigheall Gaedhilge.



“Tá eagla orm go bhfuilim 'sa tslighe
oraibh,” arsa Seán lá le Cormac.



“Sin mar is gnáthach le d'leithéid
a bheith,” arsa Cormac.



Do éaluigh an sean duine leis go
Neidín.



“Ní bhead sa tslighe a thuilleadh ortha,”
ar sé leis féin. Ní raibh sé i bhfad sa
tslighe thall ná i bhfus. Foiríor! mar bhí
sé fé chlár ráithe 'na dhiaidh sin. Anois,
a Ghruagaigh, nuair bheidh tusa ag rith an
Bhéarla síos, mar is clos dom a bhíonn
tú, ná dearmhad innsint conas mar chuir
sé Seán Liath Óg 'sa Phoor House.



Gruagach an Tobair.



Bhí Eoghan Ruadh ar aonach lá. Tráth-
nóna, ar an mbóthar abhaile dho do bhuail
duine leis.



“Cad é an saghas aonaigh a bhí ann?”
arsan duine.



Arsa Eoghan:



“Bhí caora is uan ar choróin ann,
Réal is púnt ar bhudóig ann,
A dhúbailt sin ar bhuin óig ann,
Cailín deas ar droch-chóir ann,
Raca i gcúl stupóige,
An spleadairín & lámh 'na phóca
Agus fear an chroidhe mhóir gan
feoirling.



An gabha atá ar an bhFaithche i n-aice
le Cilláirne d'innis.



Bhí fiacha ar fhile an Oileáin ag fear
siopa sa Daingean uair. Deirtear, má's
fíor, gur imthigh cuimhne an tsiopa san as
a cheann an chéad turus eile bhí sé sa
Daingean. Ghaibh sé síos an tsráid — ó'n
dtaobh thall — agus deabhadh air. Chonnaic
fear na bhfiach é ámhthach — is deacair do
dhuine bocht a chosa bhreith leis. “Ahá, a
Sheáin,” arsa fear an tsiopa. “Chím-se
thu!” Níor stad fear an Oileáin ach
d'fhéach sé siar air. “Dar fia!” ar
seisean, “is fearra dhuit ná bheith it'
dhall.”



Gob Liúrach.



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —



I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG



Scriobh chuige.



DATHÁN



den uile saghas,
idir



SHNASDATH,
SLÁNDATH, agus
PÉINT,



(“Varnishes, Distemper, and Paint.”)



TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH.



Gheobhair in aon tsiopa, nó mura
bhfaighir, scríobh chun



MHUINNTIR ÁRACHTÁIN,



Muilionn “Seandúna,” i gCORCAIGH.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,



MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a
Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.



Má tá
TRUCAIL, CÁRR nó CÓISTE
uait,



Nó deisiú le déanamh
ar rothaí, &c., &c.,



Scríobh nó glaodhaig chugainn-ne:



C. Ó CONAILL agus a Chualucht,
SRÁID LIATH-DHROMA,
CORCAIGH.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 6


Tá le fagháil uainn-ne
BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID
den déanamh Ceilteach agus marc
earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca.



tá ÁTHRAIGHE ÓIR is
ÁTHRAIGHE AIRGID
mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha
dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá
an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca.



Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair
agus an luachliosta.



LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC
Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid



Gaedhil: sa tSIOPA BAGÚIN
atá ag
TOMÁS Ó MURCHADHA,
(‘T. J. Murphy’)
111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH,
ar aghaidh Árdoifige an Phuist anonn.



CEANNUIGH DO CHUID
LEIGHIS,



I SIOPA AN BHÚRCAIGH



.i. Tig na cúinne, idir
SRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA &
SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE,
I gCORCAIGH.



Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean
a ngnó agus a dheinean
go cruinn é.



Le MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH



An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhar
is Tobac ann don Ghaedhilgeoir:



UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87
i mBAILE ÁTHA CLIATH.



LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA
GAEDHILGE



Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim.



Trí leath-phinginní (1½d.) fiacha gacha leabhair díobh.



Dosaen saor tríd a bpost ar Trí Réalacha (1/6).



1. “Laethanta Geala” (Kerry School-
girl's Diary).



2. “Cosa Buidhe Árda” (Easy Songs
to Catchy Tunes).



3. “Sean-Amhráin na Mumhan.”



4. “Déanamh an Chleamhnais” (Short
Dramatic Sketch).



Leanfar de'n sraith so leabhar má gheibhtear céad
(100) duine a chuirfidh síos a n-ainmneacha i gcóir
dosaein de gach ceann & a chuirfidh na fiacha 1/6
chughainn chomh luath is tagann na leabhair chúcha
gach tráth. AN mBEIR-SE AR A gCÉAD SO?



Scríobh go dtí FIONÁN MAC COLUIM,
Cillorglan, Ciarraighe.



CÚRSAÍ CEARC.



Cúrsaí cearc dob eadh é ó thúis agus
ní chuirfead-sa isteach ná amach ar an
scéal, ach mar thárla sé. Seán Bhillí a
bhí lá os comhair a thighe féin amach agus
é ag liúirigh agus ag caitheamh cadhrán
ar na cearca do bhí ar chliathán stáca
choirce anáirde & saothar mór á dhéanamh
aca ar choirce Sheáin. Cheap Seán gurbh'
fhearra dhóibh bheith díomhaoin ná droch-
ghnóthach & dubhairt sé é sin go fuinn-
eamhail dána leis na cearcaibh. Níor
chreideadar san é, ámhthach, agus b'éigean
do Sheán aragóint níos fearr a tharrang
chuige — cadhráin. Do-chuaidh na cearca
ar gcúl.



Le na linn sin tháinig duine ar an
bhfód. Do bhí hata bog air & treabhs-
ar fairsing & bróga srón-árda. Chon-
aic sé imreasán Sheáin agus na gcearc.
Labhair sé “Sae óltseaip!” ar seisean,
“cad tá déanta aca, ar aon tsligh?”



“Mo chuid coirce 'na bhrus aca, agus
gurab olc an díol ortha é!” arsa Seán
agus cadhrán 'na dhorn aige agus a shúil
ar an stáca.



“Cad iad féin — é? Cearca?”



“Seadh, dar ndóithir!” arsa Seán.



“Sae?” arsan Púncánach “An mó ubh
sa ló a bhíonn aca san?”



“Lá bíonn ubh aca,” arsa Seán, “agus
lá gan aon ubh.”



“Bhal, táid siad cuibheasach mall — táid
sin” arsan duine iasacha. “Ní thabhar-
faimís biadh dhóibh ar an taobh thall!”



“Bhfuil cearca maithe thall agaibh?”
arsa Seán.



“T' anam i ngeall go bhfuil! Cuimhin
liom cearc a bhí agam' shean-mhuinntir i
Sasana Nua. B'in cearc ‘éigin.’ Chuaidh
sí amach lá & d'ith sí biadh & tháinig
sí thar n-ais & rug sí dhá ubh. Chuaidh
sí amach an dara lá agus d'ith sí biadh
agus tháinig sí thar n-ais agus rug sí
dhá ubh, agus chuaidh sí amach an tríomhadh
lá agus an ceathramhadh lá agus gach lá
go ceann dá lá dhéag go raibh dhá dhos-
aon ubh beirthe ag an gcirc sin. Annsan
d'éirigh sí as — d'áirimh sí go raibh go
leór déanta aici. Do chuaidh sí ar gor
agus í gcionn trí seachtmhaine tháinig
ceithre dosaein sicíní amach as an dá
dhosaon ubh san. Sae, óltseaip!” arsan
Púncánach go mórtasach, “cuirfead céad
dollar leat ná raibh cearc riamh agaibh-
sé sa tír mhall mhío-thapaidh seo a dhéan-
fadh san dá gcailleadh sí an t-anam
leis;” agus do bhí an Púncánach go
maoidhteach.



Do ghéill Seán Bhillí d'fheabhas na circe
sin an Phúncánaigh. “Dóigh mhuise, sa
mhagadh san is eile,” ar seisean, “ba
mhaith an circín í & is truagh gan dos-
aon dá saghas agam-sa. Ós ag trácht
ar chearcaibh dúinn é, is cuimhin liom
sean-chearc riabhach a bhí agam' mháthair.
Bhí sé de'n donas uirthe, an créatúir,
gur bhain an cat an dá shúil aisti lá
thug sé fogha fé shicín léi. Siúinéir ab'
eadh m'athair. Chuaidh an chearc amach lá
mar a mbíodh sé ag gearradh an adhmaid
le tuireasc. Tháinig sí mar a raibh carn
de mhin an adhmaid. Toisc an chréatúir
a bheith caoch, a'dtuigeann tú? Cheap sí
gur min bhuidhe a bhí ann. D'ith sí béile
mhór de'n mhin adhmaid. Tháinig sí isteach
chun neide. Rug sí clár déil ceithre
troighthe déag ar faid. —”



“Sae, óltsea —” arsan Púncánach.



“Agus do chuaidh sí amach an dara lá
agus d'ith sí béile de'n mhin adhmaid
agus chuaidh sí chun neide, agus rug sí
clár déil ceithre troighthe déag ar faid,
agus do dhein sí é sin an tríomhadh lá
agus an ceathramhadh lá agus gach aon
lá go ceann dhá lá dhéag. Annsan do
stad sí — bhí an mhin adhmaid go léir
ithte. Chuaidh sí ar gor annsan ar an
dá chlár déag. Trí seachtmhaine bhí sí
ar gor. Dhein sí saothar maith. Cad is
dóigh leat a thug sí amach?”



“Bhal!” arsan Púncánach, “agus cad
a thug sí amach?”



“Thug, dar Muiris,” arsa Seán, “thug
sí amach dhá bhórd cistineach agus ceithre
cathaoireacha súgáin agus curpad agus
trucaill asail agus cliabhán leinbh, agus
na dteannta san, thug sí —.”



“Sae, óltseaip!” arsan Púncánach &
chroith sé lámh le Seán: “sin scéal
‘éigin.’ Is truagh síorruighe tusa bheith
annso ag caitheamh cadhrán le cearcaibh.
Cheart duit bheith id' fhear eagair ar
Pháipéar laetheamhail. Dhéanfá maith!”



An Seabhac.



SLIABH NA mBAN.



Fonn: “The Valley of Sliabh na mBan.



I.



Im' aonar 'seadh bhim gan éinne dom bhuidhin
Ins an hall nó le taoibh na trágha.
Bhúr gcómhtholán is groidhe & ceól na trágha
is binn,
Ach ní thógaid mo chroidhe tá tláth,
Ag smaoineadh, mo bhrón! ar na laethe
fadó,
Ar aoibhneas an tsaoighil seo thart,
Mar cuimhneóchad go deó, de oidhche 's de ló,
Ar mo leanán ar Shliabh na mBan.



II.



Níor bh'é gur thugas grádh dá scéimh thar
mhnáibh
Ná dá leacain ar bhláith na rós,
A séimh-shúil cé breágh ná a craobh fholt gan
cháim
Ná dá malain ba bhreághtha snódh.
Do léigeadh liom saighead tré na tréithe
ró-fhíor,
A gáire le grádh do leag mé lag,
'S i gcéin go deó má bhím is léir do bheidh
mo chroidhe
Lem' leanán ar Shliabh na mBan.



III.



Tré chaoince 'n chómhtholáin, fé 's na réilt
ar an dtráigh
'Seadh do ghlaodhann go h-árd mo chroidhe,
A ghrádh, mhíle ghrádh, an bhfeicfead tú go
bráth,
A Éire an mbeir tláth de shíor?
D'oidhche 's de ló ag guidhe bhím, go deó
Sara gclaoidhfar mo chlódh fé'n mbán,
Mo bhrighdeach bheith gan bhrón, gan chuibhreach,
gan cheó
Ins an lagán ar Shliabh na mBan.



Muiris Ó Catháin d'aistrigh.



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


LUIBH EOLAS.



Tá áilneacht ar gach taobh dínn fan gacha bóthair.
Má tá an radharc ceart againn chífeam áilneacht fé
gach tor is ar fuaid gacha páirce.



An Spúnnc.



Tá luibheana ann & tagan
an bláth ortha sara dtagan
aon bhileóg. Ortha san atá
an Spúnnc, nó an Bhileóg Spuinnc (tus-
silago farfara). Is minic a chítear bláth
buidhe an Spuinnc roim Lá Le Bríde.
Ar ghas clúmhach a fhásan sé, agus aon
pháirt den ghas ná bíon clúmh air, bíon
mar a bheadh dhá chroiceann air. Ní mór
an clúdach láidir don Spúnnc, mar is
le linn annró is garbhshíona a thagan
fonn fáis air agus tá an clúmh aige
‘ar eagla na h-eagla.’ Tá dath crón
dearg ar an gcroiceann úd & tugan
an dath san teas don ghas & cabhruigh-
ean san leis chun teacht saor ó anaithe
na cruaghaoithe.



Sara dtagan an bláth ar an Spúnnc,
bíon a cheann fé aige (ach ní le náire
'ná le scáthamhlacht é). Deinean ribí
glasa an chinn ribí buidhe an bhlátha do
chosaint ar an sioc is ar an sneachta.
Tagan an chuileóg nó an corramhíol ar
cuaird chun an bhlátha bhuidhe órdha agus
nuair a bhíon deire ag an gcuil ann,
tagan feocha ar an mbláth & in inead
na buidheachta, tagan liathacht. Tá an
óige imthithe & tráth seanaoise tagaithe.
An síol beag atá ag bun gacha ribe
den clúmh gheal, beirean an ghaoth chun
siubhail é agus tá an ribe clúimh aige
mar shaghas ‘paraisiúta.’ Is minic a
théighean an síol beag san i bhfad i
gcéin, agus dála a lán mac eile, ní
bhíon aon scéala ag á mháthair uaidh a
thuile.



Mairean an Spúnnc gan aon rabairne
'ná ró-chaitheamh bheith ar siubhal aige. Ní
chaithean sé a neart le breághthacht bláth.
Cuirean sé scar mór dá chuid fuinnimh
ins na préamhachaibh, agus tá neart don
phréimh ansan piacáin do chur aníos ansúd
is ansúd is déinean planndaí nua dhíobh.
Dá n-imthigheadh an síol úd ‘an pharaisiúta’
in ainm an donais is an mhí-áidh leis féin,
tá neart don seana-phlannda clann do
chur ar an saoghal ar chuma eile. Ní
bhíon aon ró-ionntaibh aige as an mac
fáin úd 'imthighean le gaoith is le h-aer
an tsaoghail.



Buachalán
Buidhe.



Plannda é seo, An Buachalán
Buachalán Buidhe (Senecio jacobaea), &
tá balath gránda ar fad uaidh.
Táid na bileóga ar deise an
domhain, ámh, i dtaobh cuma agus déanamh;
iad go beárnach órnáideach, i bhfad ró-
órnáideach do phlannda garbh mór. Pé
áit in a bhfaighean sé greim, is deacair
é ruagairt as. Bailighean sé chuige féin
a mbíon de mhaitheas sa chré, agus má
bhíon tosach cúpla blian aige, crádhan sé
an croidhe sa bhfeirmeoir. An file úd
a bhris a chos sa pháircín agus a scaoil
mallacht anuas ar an bpáircín ansan,
do thuig sé an féith scriosadóra atá sa
Bhuachalán:



“A Pháircín na Druinne, gan rath ort!
Ná raibh ort go brách aon-chrí!
Is nár fhasaidh aon luibh 'ná aon bhláth
ort
Ach Buachailí árda buidhe!



Tá dligh ceaptha ag lucht déanta dlighe
don tír seo & mar olc ar an mBuachalán
a cheapadar é. Tá neart don Choiste
Cúndae an dligh chur i bhfeidhm ar aonne
go mbíon aon ghas den Bhuachalán ag
fás ar an bhfeirm aige. Níor airigheas
gur cuireadh an dligh sin i bhfeidhm in
aon áit riamh ach i Loch gCarman. Dá
gcuirtí i bhfeidhm coitianta é, tá fhiós
agam-sa cúpla barúntacht in Iarthar na
hÉireann agus do gearrfí príosún ar
feadh a saoghail ar lucht an fhearainn sin.



Bhí tiarna talmhan ann, tráth, agus bhí
gráin aige ar an mBuachalán. An lá
théigheadh sé ag bailiú an chíosa, mo
mhairg an tineóntaidhe ná beadh an uile
bhlúire dhe gearrtha aige! Bhí fuath ag
an dtiarna talmhan san don uile dhuine
a bhí in a thímpal, chomh maith díreach is
a bhí aige don bhuachalán. Do cuireadh
reacht talmhan i bhfeidhm agus bhí neart
dos na tineóntaithibh a gcuid tailimh do
cheannach & dhein cuid aca é. An chéad
uair eile a chuaidh sé siúd ag bailiú
cíosa, connaic sé ana-lear Buachalán
ag fás ar thalamh duine den dream a
cheannaigh. Duine ab eadh é, leis, ná
raibh aon mhisneach 'ná sprideamhlacht
riamh ann.



“'Dé an chúis nár ghearrais an rud
san, a shúmaire?” ars an tiarna.



“Ó! bhíodh an dl. agat anois!” ars
an tineónaidhe. “Níl aon bheann againn
ort!”



Do luigh an focal san chomh dian ar an
dtiarna talmhan gur buaileadh breoite é
agus cailleadh leath-bhliain in a dhiagh san
é. An Buachalán Buide bu thrúig báis
do! Tá san mar abhar maoidhte ag an
mBuachalán.



Tá cúpla ainm eile ar an mBuachalán
i nDeasmhain — geósadán agus gaosadán.
Tá saghas de ann, leis, len a n-abarthar
‘buachalán ná h-eascuirean.’



Glúnlus.



Luibhín a bhíon fé bhláth i rith
na bliana is eadh an Glún-
lus (Senecio Vulgharis). Den
treibh chéadna é féin is an Buachalán
Buidhe, siúd is ná fuil aon ró-dheallramh
aca le chéile, ach amháin sa chuma a bhíon
ar an mbláth. Is milis leis na h-éin
é, go mór mór le h-éanlaithe a bhíon i
mbraighdeanas; is é an t-aonsóluiste
amháin a' bhíon aca, na rudaí bochta
truagha! Gas bog lag a bhíon ar an
nGlúnlus agus gas cruaidh láidir ar
an mBuachalán. ‘Grúnlus’ adeirtear i
gCairbhre.



Seán Tóibín.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.



TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Teó.
(‘H. JOHNSTON’)
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Gur bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar



Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces”
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Calaphort an Phápa, CORCAIGH.



CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
“LEANDAR”



Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag



Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA
Agus a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
is a chlann mhac (teo.),
CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.



Togha gacha bídh i gcór na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 8


GACH CÓIR SCOILE!



tá againn-ne



LEABHAIR don LEABHARLAINN
agus
LEABHAIR mar DHUAISEANNA.



Scríobh chugainn ar lorg eolais:



MUINNTIR FHALLAMHAIN
(Fallon Bros. Ltd.)
Cúirt a 13 & a 14,
in ÁTH CLIATH.



Smithfield a 86, i mBealfeirste.



Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.




SCÉALUIDHEACHT-GAN-
SRAÍNNG
d'á múineadh
ag togha na
múinteóirí
I SCOIL UÍ SHUILEABHÁIN
SA ‘MHARDÍOG,’
I gCORCAIGH.



Is í an scoil is mó cáil agus
is fearr cóir i n-Éirinn.



Múintear
SRANNG-SCÉALUIDHEACHT
ann do chailiní, i gcóir Oifige
an Phuist, sa ló nó istoidhche.



Scríobh chun an Árd-Oide.



BROSTAIG!

BEIR DÉANACH.



An Tarna Séasún —



Ó Lughnasa 6adh go M. Fómhair iad.



COLÁISTE
EOGHAIN UÍ CHOMHRAIDHE
Carraig a' Chabhaltaigh,
i gCondae an Chláir.



Gheobhair gach eolas ó'n Rúnaire —



Brian Ó hUigín, Coláiste Uí Chomhraidhe,
Carraig a' Chabhaltaigh.



An Mhin Choirce is fearr blas agus is
mó substaint — MIN MAGHCHROMTHA



MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean,
I MAGHCHROMTHA.



Scríobh chuige.



MAIDIN LUAIN CINGCÍSE.



(Amhrán cumhaidh ar an Eirghe-amach i Loch gCarmain
sa mbliain 1798. Mícheál Ó Longáin, C.C.T.)



I.



Maidean Luain Cingcíse
Do labhair an síothbhra in sa ghleann,
Do bhailigheadar na cága
Chun ádhbhacht do dhéanamh ann;
Do chruinnigheamair 'na dtímchioll
Is do lasamair na soillse,
Is do thógamair ceo draoidheachta
Go h-aoibhinn ós a gcionn.



II.



Is iomdhó baile margaidh
Agus cathair aoibhinn cheoil,
Agus cúirt aiges na Sasanaig
Chun seasamh ann 'n-ár gcóir;
Beir sgéala cruinn a bhaile uain,
Dé Domhnaig go dtí an tAifreann
Gur chun sléibhe do cuireadh chun reatha sinn
Chun seasamh ann faoi bhrón.



III.



Dá bhfeicfeá-sa an buachaill
Is an cailín ceann buidhe cas
Do bhíodh ag imtheacht suas
Ar thuairisg na bhfear;
Beir sgéala cruinn dóibh uaim-se
Go bhfuil Captaen Lambert fuarlag
Ar thaobh a' tsléibhe go h-uaigneach,
Gan tuamba air ná leac.



IV.



Cá bhfuilid na Muímhnigh
Nó an fíor go mairid beó,
Ná cruinnighid siad n-ár dtimchioll
Agus cabhrú linn san ngleo?
Mar is deacair púirt do stríocadh
Na clanna búir do dhíbirt
Ó n-ár mbailtí dúthchais dílis
Bhí ag ar sinnsear riamh rómhainn.



V.



Do tháinig aníos ó Chonnacht chugainn
Céad is míle laoch,
An oiread céadna ó Ulaidh chughainn
I bhfuirm cheart 's i bhfaobhar;
Suaimhneas lae níor tugadh dóibh
Chun gur bhuaileamair bualadh is fiche ortha,
Sé mo léan mar shileadh fuil as cuirp
Ár bhfear i ndeire an lae.



VI.



Beir sgéala suas chun Mumhan uaim
A rúin dhil 's a stóir,
Agus innis ann faoi chumha dhóibh
Go bhfuil an sgiúirse n-ár gcóir;
Mar is mó leanbh fireann fionn geal
Agus ainnir mhilis mhúinte,
Agus óig-fhear clisde lúthmhar
'San úir uainn a' feódh.



VII.



Mo leun ar an Mumhain nár eirigh
Nuair d'adhnamair an gleó,
Faoi airm ghreanta greinnmhar
I bhfaghairt acu 'n-ár gcóir;
Do fhágadar go teinn sinn
Agus neart ár namhad 'nár dtimchioll,
Ach grádh mo chroidhe na Laighnig
Siad d'adhain an teine leó.



Ó Roibeárd Ua Raoghalla, An Scairbh, i bParóiste
na Dromod, Íbh Ráthach, do fuaireas é seo. Dubhairt
sé gurbh' iad “an síothbhra” agus “na cága” an ceann-
urraid agus na taoisigh do bhí ar an arm Gaedhlach.
Amhrán uaigneach iseadh é — goltraighe ceart.



Fingin na Leamhna.



A Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.



“AN LÚCÁNIA”
(de dhéantús na hÉireann)



ó



Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.



Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
do mhúineadh:



“Scéalta don Aos Óg,” 2d.



“Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d.



“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6



Gaedhil a bhfuil Trácht ortha:



Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Wolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.



Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —



Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:



“The Educational Co. of Ireland,”
89 Sráid Talbóid, Áth Cliath.



TÁILLIÚREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i nÉirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.



BÍODH PÍOPA MAITH
GAEDHLACH AGAT.




PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR
le ceannach i ngach siopa tobac.



Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —



CAPP & MAC PEADAIR Teo.
FAICHE SHAIN STIABHNA,
ÁTH CLIATH.



Má léighir Béarla,
LÉIGH LEABHAIR MHAITHE.



“Poets and Poetry of Munster,” by James Clar-
ence Mangan; 3/- agus postas 4d.



Tá Béarla is Gaedhilg ann.



“Knocknagow,” by C. J. Kickham; 4/- agus
postas 5d.



“In Dark and Evil Days,” by F. Sheehy-Skeffing-
ton; 3/6 agus postas 5d.



“The Red Spy,” by D. M. Lenihan; scéal ar
cogadh Gaedhal ar son tailimh is treabhachais
é sin; 3/6 agus postas 5d.



“Convict No. 25,” by James Murphy; scéal ar
ruagairt Ghaedhal ó thalamh na Midhe; 3/6 &
postas 5d.



Scríobh ar lorg liosta agus tuille eolais.



SÉAMUS Ó DUBHTHAIGH & A CHUA.,
Sráid Westmoreland a' 38, ÁTH CLIATH.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.



Ceachta Cainnte Gramadaighe. Seán Ó Catháin do scríobh. An Ghramadach Ghaedhilge is fearr. 2/6. Muinntear Ghuill, Áth Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services