Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Iúl, 1917
Title
Iúl, 1917
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1917
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. a 16. IÚL, 1917. Pinginn a Fhiacha. Sranng Ghrádha. “An Seabhac” do scríobh. Fear dárbh ainm Donncha Pheig — bhí sé ar an mbaile seo agus bhí inghean aige. Bhí sí na cailín óg. Buairt iseadh cailín óg d'inghin — go mór mór nuair bhíonn sí féin & buachaill óg i ngrádh le chéile. Ní ceart bheith mileánach ar chailíní óga (ná ar buachaillí) nuair a thagann an grádh ortha. Ní bhíonn leigheas aca air, mar tagann sé ortha mar thagann an bás ar dhaoine — gan iarraidh. Bhí inghean Dhonncha i ngrádh agus bhí Donncha mile- ánach uirthi — i n-ionad truagh a bheith aige dhi. Ní raibh an cailín bocht i ngrádh riamh roimhe sin & b'shin mar ba dhéine ghoill sé uirthi, & ní lugha bhí “An Púca,” leis, i ngrádh. B'é An Púca a bhí i ngrádh le h-inghin Dhonncha. Buachaill breagh óg ab eadh An Púca — díol aon chailín d'fhear. Ach níor gheal le Donncha é. Níor thaithnigh grádh ná cúirtéireacht le Donncha cé gur chuala mo mháthair á rádh go raibh sé chomh dona le h-aoinne eile é féin nuair a bhí sé óg. Is deac- air liom é sin a chreideamhaint ámhthach mar nuair a bhíodh a inghean ag taithighe cuideachtan gharsúin do dheineadh Donncha buairt. Oidhche dá raibh Donncha istigh ag caith- eamh na pípe ráinig leis féachaint thairis agus ní fheaca sé Máirín — an inghean. Tháinig droch-amhras aige. “Cá bhfuil t'inghean imthighthe, a bhean,” ar seisean le bean an tighe. Ba dhóigh leat ná raibh aon phioc de chúram na h-inghine air féin. “Bhí sí annsan anois díreach,” ar sí sin. “Beidh sí isteach ar an nóimeat, is dócha. Ó! sead, d'iarrais uirthi dul síos go tigh Bheit d'iarraidh ruaine gabh- ná,” agus bhí sí ag iarraidh an scéal a chur amú ar Dhonncha. Bhí droch-amhras aige sin ar a mhnaoi. “Gabhná an diail bhuidhe ort!” ar seisean, agus ní mar mhagadh a bhí sé ag cainnt. Fuair sé bata agus siúd leis an doras amach agus faobhar air nárbh aoibhinn le lucht suirghe. Do ghluais sé leis siar an bóthar agus ní bhuaileadh tor leis ná h-iniúchadh sé fé n-a scáth. Nuair ná fuair sé ar an mbóthar mór iad cheap sé gur mhaith an áit dóibh an Bóthairín Caol. Chuarduigh sé an Bóthairín Caol ach ní fhuair. & bhí néal feirge ag éirighe air. Chuaidh sé sa Lios. Ní raibh lucht grádha ná seirce annsan ach seana-ghabhar liath le Liam na Giúise adubhairt “Meig geig” nuair a chonnaic sí Donncha. Droch-bheannacht a fuair sí ó Dhonncha — “Tu thachtadh go ndeintear,” ar seisean. Bhí a chuid feirge imthighthe ó smacht. Scaoil sé leis féin agus ní fada go raibh sé ar bog-rith agus é ag cuardach. Fé dheire cheap sé go raibh gach áit cuarduighthe aige agus bhí sé ag teacht abhaile an comhgar tré sna páirceanna. Nuair a bhí sé ag dul thar claidhe thuit sé anuas ar an dtaobh eile ag cosaibh na beirte a bhí sé a lorg. Dá mhéid 'ghrádh do bhí ag An bPúca do Mháirín ba mhó go mór a fhuath dá h-athair & leis sin do thréig sé Máirín. Tháinig Máirín chun cabhruighthe le na h-athair. “Bog díom, a rud gan náire!” arsa Donncha léi. “Gluais leat abhaile chun do mháthair,” agus bhí fearg mhór olc ar an duine. Do chrom Máirín ar ghol go bog chúichi féin. Thánadar go doras. Sháidh Donncha roimis isteach í. “Sin í t'inghean agat,” ar sé, “agus is mór an chreidiúint duit í!” agus shuidh sé ar shligh go mbeadh 'fhios agat go raibh fearg ar fiuchaidh istigh ann & go gcaithfeadh sé a bhéal a choimeád dúnta nó phléascfadh sí amach air. Chuathas a chodla an oidhche sin i dtigh Dhonncha gan aoinne a labhairt aon fhocal. As san amach is beag an caoi a fuair an Púca chun a ghrádh bán d'fheiscint. Ní leigtí dhi dul amach ach go dtí an tAifreann agus an uair sin féin bhíodh faire uirthi. Is amhlaidh do mhéaduigh an méid sin an galar ortha. Bhíodar á snaoi le déine an ghrádha. Cheapadar go bhfaghaidís bás mara mbeadh cead cainnte aca le chéile. Ní dócha go bhfaghaidís bás ar fad, ach mar sin féin ana-dhroch-ghalar iseadh é. Thosnuigheadar ar oibriú fé rún. Cuir- eadh Neilín, an drifiúr óg, fé gheasa & bhíodh sí mar theachtaire aca araon. Ní raibh a coinnsias ag cur ar Neilín go ró mhór sa scéal mar aon rud ba mhaith léi féin riamh is i gan fhios dá h-athair a dheineadh sí é; agus cé nár thuig sí scéal Mháirín olc ná maith mar sin féin ó ba rud é nár thaithnigh le n-a h-athair, cheap sí gur rud maith é ba cheart a dhéanamh. Ní baoghal, dá bhrígh sin, go bhfaghadh a h-athair aon radharc ar na litreacha lán de ghrádh agus de chrádh croidhe a thugadh sí ó Mháirín go dtí An Púca agus ó'n bPúca go dtí Máirín. Ar feadh na h-aimsire sin go léir bhíodh airgead na misleán go flúirseach ag Neilín, pé áit a gheibheadh sí é. Is mífhoidhneach an rud grádh. Ní fhan- fadh sé le toil Dhonncha. Cheap an bheirt ná féadfaidís mairiúint lá eile i n-éamuis a chéile. Bheartuigheadar ar éalú le chéile i bhfad i gcéin. Ní raibh a mhalairt le déanamh. Oidhche amháin fuair an bheirt radharc ar a chéile. Bhí sé ana-dhorcha & bhain An Púca a bhróga dhe agus d'éaluigh sé chun a fuinneoige sin agus is iongantach an méid cogar- naighe a dheineadar & iad ag déanamh ullmhuighthe & socruighthe. Annsan phóg An Púca Máirín tríd an bhfuinneoig & d'imthigh sé leis go h-eaglach so doirch- eacht ag lorg a chuid bróg. Bhí sé socair aca go dtiocfadh An Púca ar a trí a chlog an oidhche na dhiaidh sin agus go n-imtheochadh an bheirt aca go dtí an baile mór & go mbeidís i n-am do'n traen ar a seacht a chlog. Ní raibh 'fhios aca cá raghaidís & ba chuma leo, leis. Ar eagla ná dúiseochadh sise i n-am, bhí sí chun cóirdín a cheangal d'ordóig a coise agus é leigean amach tríd an bhfuinneoig agus bhainfeadh An Púca tarrac beag as chun í mhúscailt. Nuair a tháinig aimsir chodlata an oidhche bhí chúcha chuaidh Máirín a chodla chomh maith le lucht an tighe chun ná beadh aon droch-amhras aca. Níor dhear- mhad sí an cóirdín. Cheangail sí ceann de d'ordóig a coise agus chuir sí an ceann eile dhe ar sileadh amach tríd an bhfuinneoig. Bhí an cailín bocht tré na chéile beagán agus níor locht san uirthi — ní minic 'na saoghal a bhíonn aon chailín chun éaluighthe le fear. Fé dheire thuit a codla uirthi. Pé fada gairid a bhí sí 'na suan, ní raibh fhios aici; ach do dhúisigh sí arís. Ní raibh 'fhios aici ar dtúis cad a mhúscail í ach is gearr gur mhothuigh sí tarrac ar an gcóirdín. “Mhuise mo ghrádh go deo thu!” ar sise. Baineadh tarrac láidir as an gcóirdín. “Ag teacht, a mhúirnín!” ar sise i gcogar i dtreo na fuinneoige. D'éirigh sí. Ní raibh a cos ar an úrlár nuair baineadh Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
CIARRAIDHE. Nuair a bheir ag taisdeal in UIBH RÁTHACH ÁLUINN, cuir fút sa tigh seo TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH I gCATHAIR SAIDHBHÍN, An tig is fearr in Uibh Ráthach. Labharfar Gaedhilg leat ann. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS STÁIN. ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ AGUS BIOTÁILE. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE TOGHA GACHA BÍDH — Plúr, Min, Té is Siúicre; SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don bhfeirm; ÁRAISTÍ IARAINN is stáin don tig. ag “JOHN ATKINS & CO. ltd.” Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig ó Luimneach. SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm. TROSCÁN TIGHE. SEÁN Ó CURRÁIN, sa DAINGEAN. an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad. Tionólfar AN t-OIREACHTAS i bPORTLÁIRGE, COIS SIÚIRE, i mbliana ón 5adh lá de LUGHNASA go dtí an t-11adh lá de LUGHNASA (1917). BÍ ANN, A BHRÁTHAIR! Bím GO GNÓTHACH I gCOMHNAIDHE! Mar díolaim rothair Ghaedhealacha — “An Piarsach” agus “An Lúcánia.” Deisighim rothair & mótair ag TIGH DÚNABÓINNE, Sráid Chúc, i gCORCAIG. DÓMHNAL Ó SÚILEABHÁIN. stathadh eile as an gcórda. “Dia linn! an bodhar atánn tú?” ar sise arís i dtreo na fuinneoige; ach do lean an tarrac ar an gcórda & b'éigean di dul ar cosabocóid treasna an tseomra. Chuir sí cogar cráidhte eile amach go raibh sí ag teacht ach ní raibh sé ráidhte ar fóghnamh aici nuair tugadh stathadh eile do'n tsrainng. “A mhuiricín!” ar sise, “tá sé ag dul as a mheabhair.” “Íc!” ar sise nuair teannadh arís é. Chrom sí ar é scaoileadh. Ní fhéadfadh sa doircheacht. D'éirigh ar an tarrac. Chuir sí a ceann sa bhfuinneoig arís. Bhí fearg ag teacht uirthi. “Bog de'n chóirdín, a mhadáin,” ar sise. Níor bhog. Stathadh arís é & thuit sí ar an úrlár leis an dtinneas. Chrom sí ar screadaigh agus í á rádh leis dul abhaile, ná raghadh sí leis i nao' chor “an pleidhce.” Mar sin a fuair a h-athair í nuair a rith an duine bocht isteach agus solus aige agus scannradh air. Chonnaic sé an córda. Rug se air agus nuair a bhraith sé an rud á tharrac amuich d'fhéach sé amach & chonnaic sé cad a bhí ann. Annsan thug sé stathadh láidir do'n chórda agus tháinig sé leis go h-obann. Thosnuigh ceisdiuchán annsan & mara raibh an teaghlach san go buartha go ceann tamaill de'n oidhche, glaoidh rascail orm- sa. Bhí sé díreach a dó a chlog nuair a chuathas a chodla ann arís. Donncha d'fhéach ar an gclog. Chuaidh Máirín a chodla i dteannta a máthar agus chuaidh Donncha i seomra a inghine agus bata aige agus a bhróga air agus an córda amach tríd an bhfuinneoig aige. Lá ar na mháireach bhí iongna ar na comharsain. Chonnacadar an Púca agus súil dhubh aige agus coiscéim bhacaighe ann. Is amhlaidh do leag an capall é, dubhairt sé. Thug Liam na Giúise rud ait eile fé ndeara agus ní fheadair sé ó thalamh a domhain cad a dhein é. Bhí dhá fhiacail imthighthe as an ngabhar liath — “iad tair- ricthe amach ó'n stúmpa!” a ndubhairt Liam. An Inid a bhí chughainn do phós Máirín iascaire ó Bhaile na nGall go raibh féar bó aige. San áit i mbíonn deatach bíonn teine, San áit i mbíonn teine bíonn teas, San áit i mbíonn teas bíonn mná, San áit i mbíonn mná bíonn geab. Tháinig beirt amadán go dtí áth chun dul thar abhainn. Bhí tuille ana-mhór san abhainn. Ghlac eagla duine aca agus ní thabharfadh sé fé'n áth. Dubhairt an t-amadán eile á ghríosadh: “Is minic a chuaidh fear buile thar tuille 'na lán-rith,” “Seadh,” arsan chéad amadán, á fhreag- airt — “agus is minic do chuir tuille fear buile le fánaidh.” S. Ó. C., An Rinn. AN LÚIDÍN BRISTE. Bhí lánamha i nDúnchaoin uair 'agus ní raibh aon chlann aca. Bhí an fear ag cur turnapaí lá agus ní raibh a dhóthain síl aige. “Téir' 'n Daingean, a bhean bheag,” ar seisean, “agus tabhair luach pingne de shíol abhaile chugham.” D'imthigh sí sin. Rug sí léi a feidhre brógh — feidhre a pósta — fé na h-ascail, agus dubhairt sí ná cuirfeadh sí uirthi iad “a Dhomhnaill, a chroidhe,” go mbeadh sí i n-aici bhaile mhóir an Daingin. Tré Mhám Clasach thar Sliabh an Fhiolar a ghaibh sí & do traochadh í. Nuair a tháinig sí go barra an Chlas- aigh d'fhéach sí na ceithre h-áird na tim- cheall. D'iompuigh sí a dhá súil anáirde go dtí sna Flaithis agus dubhairt sí: “A Dhia mhóir naomhtha, nach fada fair- sin' í Éire. D'imthigh sí uirthi agus aige Golán na Cille Brice bhuail sí uirthi a feidhre bróg & bhíodh sí ag gáiridhe chúichi féin nuair a chloiseadh sí ag gíoscán iad. Tháinig sí 'n Daingean agus cheannuigh sí na síolta agus b'ait léi, nuair a bhí sí ag siubhal na sráide, ná raibh aoinne ag tabhairt na mbróg fé ndeara. Seo léi abhaile agus nuair a bhí sí gort ón nDaingean bhain sí dhi na bróga, bhí sí ag cur an bhóthair di annsan chomh tapaidh & d'fhéad sí chun ná béarfadh an oidhche uirthi. Bhí a cosa ar fad clogtha age sna clocha. Nuair a bhí sí ag déanamh suas ar bharra an Chlasaigh bhí an oidhche ag tuitim agus an bhean bhocht ar bog- shodar & gan í ag tabhairt aon ana-aire do sna clocha nuair, slán mar n-innstear é, bhuail sí a cos ar chloich mhóir & bain- eadh barra na méire dhi. Sé céad rud a dhein sí í féin a chaitheamh ar a dhá glúin agus adubhairt: “Céad moladh leis an Rí dhil, Gurab í an lúidín atá dhíomsa, Is nach é mo bhróigín lae saoire Atá agam lem' chuimhne.” Do ghluais sí léi abhaile agus geall le luige uirthi ag an méir, an bhean bhocht. Tháinig sí go dtí an tigh. Bhí Domhnall istigh roimpi go sámh ag ól na pípe, agus gan aon chuimhne aige ar Mháire bhocht a bheith ag tuitim leis an ocras. Arsa Domhnall: “A' bhfuairis, na síolta?” Máire: “Fuaireas, a chroidhe 'stigh … Ar dheinis aon chíste?” Domhnall: “Níor dheineas, a bhuidh- eannach.” Máire: “Ó, an galar san choidhche ort, ó mhaidin gan chrích istigh, tobac sa phíp agat & mise is leath-lúidín orm.” D'fhéach Domhnall síos ar a cois ann- san & dubhairt sé, ag greadadh a bhas: “Tabhair buidheacas do'n Rí dhíl, Nach í cos an chúilín * í.” Cáit Ní Lubhaing, Sc. Cheanntragha. * Cos an chúilín .i. an chos a cuirtear ar an ramhain ag baint. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk
SEAN-FHOCAIL NA MUIMHNEACH. “An Seabhac” do bhailigh. CAINNTEANNA CRÁIBHTHEACHA. Tá rian creidimh Gaedheal go soiléir ar a dteangain. Ní raibh aon teanga eile ag gabháil riamh leis an gcreideamh ameasc na ndaoine go dtí an lá fé dheire agus bhí oiread san greama ag an gcreideamh ortha gur fhág sé rian ar gach aon rud a bhain leo. Is ar éigean dá bhrígh sin a bhí aon ócáid ná cúram ná go mbití ag iarraidh beannachtan nó cabhrach Dé nó ag gabháil buidheachais leis. 1 — Dia dhuit(nó dhaoibh). 2 — Dia 's Muire dhuit (daoibh). 3 — Dia 's Muire dhuit is Pádraig. 4 — Bail ó Dhia ort(oraibh). 5 — Móra dhuit(daoibh). 6 — Móra is Muire dhuit(dhaoibh). 7 — Go mbeannuighidh Dia dhuit (dhaoibh). Nuair bhuailid daoine le chéile adeirid na cainnt- eanna san. Is minic adeirid cuid desna sean- daoine “dhaoibh” i n-ionad “dhuit” nuair bhuaileann duine aonair leo. Adeirtear go mbeannuighthear do'n Aingeal Choimhdeachta a bhíonn fara an duine. “Dhíbh” adeirtear i n-ionad “dhaoibh.” 8 — Go mbeannuighidh Dia annso isteach. Adeirtear le linn dul isteach i dtigh. 9 — Dia 'bheatha-sa(it' shláinte). Adeirtear má bhíonn fáilte roimh an té thagann. 10 — Go mairir-se 'bhfad. 11 — Slán leat(libh). Slán agat(agaibh). 12 — Go dtugaidh Dia lá (oidhche) maith dhuit(dhaoibh). 13 — Go n-éirighidh do bhóthar (do thurus, an lá, an oidhche)leat(libh). 14 — Go mbeiridh Dia slán abhaile thu (sibh). 15 — Go n-éirighidh ádh leat(libh). 16 — [Go dtí do dhá thurus] dul agus teacht slán. Le linn bheith ag scaradh le chéile adeir daoine an chainnt sin leis an té bhíonn ag imteacht. 17 — Aghaidh an uilc i bhfad uainn. 18 — Duine oraibh agus gan aoinne dhíbh. 19 — Mara fearr nára measa. 20 — Nár iarraidh do lámh filig ná uachthar. Beannacht ar dhuine fhial. Filig & uachtar = leigheas do láimh thinn. 21 — Gan a fhaid sin de luigheachan bliana ort(ach an fhaid a bheir it' chodla). Adeirtear le duine dhéanfadh rud duit. 22 — Go ndearna (nó “ndéinidh”) Dia trócaire ar a anam nó 23 — Go dtugaidh Dia an suaimhneas síor- raidhe dá anam nó 24 — Go dtugaidh Dia solas (nó sólas) na bhflaitheas dá anamh. nó 25 — Go réidhidh Dia an bóthar dá anam. Guidheanna le h-anam duine bheadh tar éis bháis. 26 — Beannacht Dé le h-anmanna na marbh. Guidhe le linn pins snaoise thógaint nó gal tobac. 27 — Dia linn is Muire. Deirtear nuair leigeann duine sraoth. 28 — Go dtugaidh Dia solas na bhFlaitheas dúinn. Le linn solais a lasadh is ceart san a rádh. 29 — Go bhfóiridh Dia orainn. nó 30 — Go bhféachaidh Dia orainn. nó 31 — Go réidhidh Dia chughainn Focail truaighbhéil iad san. 32 — Go méaduighidh Dia im is bainne chughaibh. nó 33 — Go méaduighidh Dia bainne agus a mháithreacha chughaibh. nó 34 — Seo sláinte na bó. Nuair a gheibhtear deoch bhainne is gnáth iad san a rádh. 35 — Go maithidh Dia dhom é. nó 36 — Nár agraidh Dia orm é. Is gnáth san a rádh nuair a bhíonn duine tar éis rud a dhéanamh agus go dtagann aithreachas air. 37 — Nár chloisidh mo ár namhaid me. sinn. Adeirtear nuair bhítear ag trácht ar lochtaibh dhuine eile. 38 — Go mairir is go gcaithir é. Sin guidhe a tugtar do dhuine go mbíonn culaith nua éadaigh air. 39 — Go mairidh tú céad (agus bliain chun aithrighe). Adéarfaí le duine dhéanfadh áis do dhuine eile. 40 — Bail ó Dhia air. no 41 — Dia 'á bheannachadh. Is gnáth a rádh nuair a moltar duine nó rud. 42 — Bail ó Dhia ar an obair. 43 — Dia bheatha grásta Dé. .I. Fáilte roimh toil Dé. 44 — Sonuachar maith chughat. Guidhe do dhuine gan pósadh. 45 — Go n-éirighidh bhur bpósadh libh. guidhe do lánamhain óig. 46 — Nár bheiridh do namhaid ort. 47 — Ná rabhair choidhche gan — (Pé rud a gheibhtear ó dhuine). 48 — Go rabhad ag Dia! Saghas mionna é sin. 49 — Dia leat! nó 50 — Dearna leat! Focail molta agus gríosuighthe. 51 — Beo samhlófar é. Adeirtear nuair a bhítear tar éis duine a mholadh. 52 — Sláinte chughat is cabhair is dealbh go deo ná rabhair. Guidhe ar son cabhrach a gheobhthá; deirtear leis; 53 — Go bhfágaidh Dia do shláinte agat. nó 54 — Go mbualidh Dia seans maith chugat. nó 55 — Faid ar do shaoghal is gan aon phioc d'easba choidhche. nó 56 — Faid ar do shaoghal agus laetheannta geala. LEABHAIR A THAITHNFIDH LE GAEDHLAIBH, Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla le fághail uainn-ne. Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg clár na leabhar. Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH, SRÁID ÍOCH. BHAGÓID, a 50, BAILE-ÁTHA-CLIATH. Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” A Ghaedheala! Ceannuighidh “ÉADACH na DRUIPSIGHE” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaig na Druipsighe (teo.) Co. Chorcaighe. TÁILLIÚREACHT agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i n-Éirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA., 11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/- go 10/6. RÁSÚR “COSANTA” ná gearran an croiceann — 1/- go 21/; gheobhair ceann aca san & trí lanna “Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3, tríd a' bpost. CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar 7d. tríd a' bpost. MAC CUILINN, 35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. Gaedhilg agus Suairceas Saoghail: I gCOLÁISTE CHAIRBRE a bheidh, i rith mí LUGHNASA, 1917. Cuir tuairisc gacha ní ar MHÍCHEÁL Ó CUILEANÁIN, O.S., Seanachúirt, SCIOBAIRÍN. Gheobhair deaghmhargadh uaim-se i gcomhnaidhe. TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol- fad-sa an postas ar cheithre púint de. PLÚR Gaedhlach. MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min bhuidhe. SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas. SEÁN MAC CURTÁIN, SRÁID A' tSEANDÚNA, CORCAIGH. Peictiúirí Deasa Daithte, Saothar Lámh. Leabhair agus Bróidíneoracht. Faigh an Liosta. “Cuala Press” Dúndroma, Áth Cliath
IOL-SCOIL NA MUMHAN (RING IRISH COLLEGE). SAMHRADH, 1917. An Chéad Teurma: Ó'n dara lá Iúil go 27mhadh. An Dara Teurma: Ó'n chéad lá Lughnasa go 29mhadh. Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus breaghdha is eadh an Coláisde agus an tigh comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige ann agus na hOidí go toghtha. PÁDRAIG Ó CADHLA, An Fear le Scríobhadh. CARABHATAÍ den PHOIPLÍN AR GACH DATH is AR GACH GNÉ DATHA. LIAM Ó hAIMHEIRGÍN, (‘W. Bergin’) A DHEINEAN DO LUCHT SIOPAITHE. Scriobh ag triall air go 62 SRÁID GHRAFTON, in ÁTH CLIATH. A BHEAN A' TIGHE! Cad é an saghas plúir a bhíon agat? Is é an PLÚR “EAGLE,” an plúr is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus an PLÚR “LION” is fearr do lucht-aráin-a-dhíol. Muíntir Mhic 'Ille Sheathanaich a dheinean i gCorcaig. GEO. SHAW & SONS, Muileann Sain Seán, i gCORCAIGH. COLÁISTE AN DAINGIN Dhá Théarma — Mí Iúil agus Mí Lughnasa, 1917. Tá Coláiste an Daingin i lár na dúthaighe is Gaedhlaighe i gCúige Mumhan. Má's Gaeluinn atá uait tar 'n Daingean. Gach eolas le fagháil ó AN RÚNAIDHE, Coláiste an Daingin, Daingean Uí Cúise. ó CHOMPLUCHT DONOBHÁIN, I dTRÁIGHLÍ, a gheobhair an deaghmhargadh, má bhíon aon rud mar iad so uait TROSCÁN TIGHE, ÁRAISTÍ BÚIRD, ÁTHRAIGHE STÁIN is IARAINN. GUAL, AOL, BRÍCÍ, “SEIMÍN,” agus gach cóir eile oirean DO LUCHT TÓGÁLA TEACH. AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, I gCorcaigh an Fear Gnótha. An Seabhac, Daingean Uí Chúise . An Fear Eagair. Cóip gach mí tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain. Dhá choip gach mí tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain. Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur. Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní, &c., do chur. Ó Cuill & a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath Na Díoltóirí. Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. A SCRÍOBHNÓIRÍ. Tá súil agam le scríbhinní maithe i gcóir na nduaiseanna san d'fhógruigheas mí ó shin .i. an dá chulaith éadaigh (1) do'n bhuachaill agus (2) do'n chailín is fearr a scríobhfadh aiste ar (1) Obair agus saoghal muinntire na tuaithe agus (2) Cúntas ar chócaireacht gach saghas bídh i dtigh tuaithe. Bíodh na h-aistí agam an 10adh lá de Iúl. Agus dar ndóigh gheobhad a lán scéilíní i dtaobh ainmhidhthe, éanlaithe, &rl., ar an bpúnt san do chuir “An Fiolar” chugham. Tá saghas nua eile comórtais anois agam .i. ceisteanna staire agus litridh- eachta. Seo iad: TRÍ CHEIST, TRÍ DHUAIS. 2/6 do'n té is fearr a fhreagrochaidh aon cheist aca so síos. Céad focal nó fé na bhun. Scríobhadh fir nó mná nó cailíní nó buachaillí. (1) Nuair a bhí Eoghan Rua ag bréagadh an leinbh do gheall sé dhó: “An dúbh-bhrat ionnladh Dúnlaing Óg, Do cheileadh a ghnúis i gcúmhang- rach slógh.” Ciarbh é Dúnlaing Óg agus cad é scéal an bhrait? (2) Agus ag tagairt do'n “Sparán Buidhe” dubhairt Eoghan go raibh sé: “Ag Maol na mBó, leis, ghaibh bean fir phósta. Dá dhruim gur seoladh tóir thar tuinn.” Ciarbh é “Maol na mBó?” (3) Nuair a bhí Eoghan “Cois na Siúire maidean drúchta” chonnaic sé an spéir- bhean agus d'fhiafruigh: “Arbh í an ghailthean ghrinn í do bhailigh Naois thar sáil i gcéin, Thug treascairt laoch i gcath na Craoibhe is ár na gcéad.” Ciarbh í “an ghailthean” a bhí i gceist ag Eoghan? Cuirfead na freagraí is fearr sa “Lóchrann.” Ná téigheadh aoinne thar 100 focal. Daoine atá go h-oilte ar Ghaedhilg a scríobh', tá súil agam go gcuirfid siad suim insna ceisteanna so agus 'na bhfreagraí. Maran maith leo scríobh' ar son duaise ná bacaidís leis an 2/6. Gheófar gnó eile do'n airgead. “An Seabhac,” Fear “An Lóchrann.” OIDÍ SCOILE & RANGA GAEDHILGE. Aon áit i bhfuil gasra d'Oidíbh Scoile agus gur mhaith leo Gaedhilg d'fhoghluim tagaidís le chéile agus scríobhaidís iar- ratas le cur go dtí an Comhaltas is comhgaraighe dóibh de lucht riartha an Oideachais Cheárdaidheachta; sé sin le rádh, Comhaltas bhaile móir má tá a leitéid ann, nó an Comhaltas Conndae mara bhfuil. Gealladh gach duine aca leanamaint de'n rang. S. M. Ó Buachalla, Tigh na Cúirte, i gCorcaigh, is rúnaidhe do Chomhaltas Cho. Chorcaighe, agus D. U. Ó Caoindealbháin, B.E., Halla an Chonntae, i dTráighlí, a dheineann an gnó san i gCiarraighe. Guth na Bliana (1/- a' chóib gach ráithe ó 12 Sráid a' Mhuilinn, Peairt, in Albain). Tá eolas le fághail i n“Guth” an tsamh- raidh ar Chúige Uladh ná raibh riamh ar aon-pháipéar in Éirinn. Tá “fear na linne” ag lochtú na nua-Ghaedhilge atá ag cuid de lucht scríbhte na Gaedhilge in Albain! Adeir sé gur chruinne mar chaint “teanga chineamhail” ná “teanga náisiúnta,” &c. Caint bhrionglóideach áluinn “Gaol- mhulad” le d.m.n.c. Duine a chuaidh ar lorg a ghráidh bháin: “Dh'fhaighneachd mi do'n rós cois an tsrutháin luightich am fac é do choltas; ach tháinig rugha na bu truime 'na ghruaidh agus, a seachnadh mo sheallaidh, thúirt é go fóil nach faca.” Tá an bhrionglóid pas beag ró fhada, ámh, dom dhóigh-se. Tá aon aiste amháin ann i mBéarla — “The Celt and His Leaders” le Ruadhraí Arascainn. Tráchtan an t-ughdar ar Chúrsaí na Nua-Rúise chomh maith le cúrsaí a thíre féin agus scéal na dúithe seo. Tá sár-iaracht ann ag Domhnal Mac Caluim — “Bruadar air bárdacht” — & Gaedhilg curtha go deas aige ar dhán Fraincise — ‘C'est notre Jour — Tháinig ár lá-ne. I dtaobh catha Shedan is eadh é — ó.’ ‘En Route’ go dtí ‘An Retour.’ Rud simplidhe le léighe iseadh Gillean na Sgorra, ach níl sé oireamhnach do Irisleabhar mar “An Guth.” Dá mbu blodha de stair cloinne é, bfhiú é chur fé chló, b'fhéidir, ach is truagh dosaon leathanach do lot le nua-scéal gan bhrigh. S. T. Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
LUIBH EOLAS. Tá seoda ar gach taobh dínn fan gacha bóthair. Má tá an radharc ceart againn chífeam áilneacht fé gach tor is ar fuaid gacha páirce. An Neóinín. Aithnighean gach aonne an neóinín (bellis perennis). Bíon fé bhláth i rith na bliana geall leis, agus fásan go tiugh ar an bhfaiche nó in aon pháirc ná bíon ró mhinic in a móinfheur. Ó'n bpréimh amach is eadh fhásan na bileóga agus leagaid siad iad féin anuas ar an dtalamh in a bhfainne tímpal, gan aon bhileóg aca ag déanamh cumhangais ar bhileóig eile. Bíon fuighlach aer is sol- uis ag gach ceann aca ar an gcuma san agus fásan an plannda beag go stóinsithe láidir. Nuair a thagan tráth codlata don neóinín, dúnan an bláth & chífir ansan an caipín dearg ar a bharra. Tá teas sa deirge sin agus cimeádan san an bláth go deas cúmpórdach go dtagan tráth gréine arís. Mo thruagh aon ribe bocht féir a bíon ag fás i gcomhgar an neóinín, mar leag- faid na bileóga san iad féin anuas air & brughfaid siad an t-anam as. Fear basctha na gcéadta an neóinín. Mar- bhuighean sé a dtagan fé raon a chuid bileóg. Ní dheinean sé riamh aon mhuín- tearthas leis na comharsanaibh. “Beidh an fód so ar fad fúmsa,” adeir an tíoránach beag, agus siúd leis ag bascadh roimis. Is samhail don náisiún a bhíon mian sciobtha air an neóinín. Meón impir- eamhail atá aige. Pé fód ar a leagan sé cos, ní bhíon sé sásta go n-imrean bás ar an lucht áitreabhtha. An t-Eidhneán. Is minic a cheapfá go bhfuil cúpla saghas eidh- neáin sa dúthaig seo ach ní h-amhail atá ach iomad crota do theacht ar an aon chineál de atá againn (Hedera Helix). Nuair a fhásan an t-eidhneán fan falla nó timpal crainn in a chórda fhada, bíon iomad beárna agus casadh i ngach bileóig de, ach nuair fhásan in aon tor amháin ní bhíon an bhileóg leath chomh beárnach san. Tagan bláth ar an eidhneán a bhíon in a thor ach ní thagan ar an saghas eile. Na bileóga is comhgaraighe don bhláth bíd ar malairt déanamh leis na bileóg- aibh eile. Bíd go h-oscailte leathan, óir, bíon gnó ar leith le déanamh aca — iad do bheith ag bailiú substaint as an aer chun an bhlátha 'chothú. Ní fhásan aon bhláth go mbíon go leór soluis agus slighe ag an bplannda. Tráth fhásan an t-éidhneán tímpal crainn, téighean na crúicíní beaga in achrann sa chrann chun an gas mór a choingeál in a inead. Ní bhainid na crúicíní sin aon tsúgh as an gcrann amhail a dheinean an Drualus (bhiscum album). Cothuighean an t-eidhneán é féin go dleathach macánta. Mura ndeinean an t-eidhneán brad- uighal, is minic a dheinean sé rud chomh h-olc leis — Eirighean cion ró-mhór aige ar an gcrann & fáscan sé go ró dhlúth é gurab é thagan de — bás le tachta theacht ar an gcrann bocht. Minic nách maith é an ró chion! Níl aon tseogh ach an cuma in a fhásan an t-eidhneán. Tig ar bith ná tugtar aire dho, bíodh in a chaisleán nó in a chroiceóig, raghaidh an t-eidhneán in a chúram — 'á chlúdach, & 'á lot go minic, ach cad é sin don eidhneán! Is mór an mhaise ar an ndúthaig seo a bhfuil den eidhneán ag fás ann. Sólás dár súil a ghlaise sa gheimhreadh, tráth 'bhíon urmhór na gcrann gan bileóg ar bith. Seán Tóibín. SÉAMAISÍN. Fonn: Gléas C. I. Ar bhfaca tú mo bhuachaillín, mo bhuachaill óg, mo Shéamaisín, Ar bhfaca tú mo bhuachaillín ag gabháil síos an bóthar? II. Níl bróg ar bith ar a dhá choisín, a dhá choisín, a dhá choisín, Níl bróg ar bith ar a dhá choisín, ná caipín air ná stóca. III. Ag dul ar scoil thá Séamaisín, mo mhuirnín is mo bhuachaillín, Ag dul ar scoil thá Séamaisín,is a leabharín buidhe 'na phóca. IV. Ar a dhruim thá máilín beag, thá máilín beag, thá máilín beag, Ar a dhruim thá máilín beag is a lónsín ann is dócha. V. Do rugadh é i Móin a' Lín, ar thaobh an chnuic i nid éinín! Do rugadh é i Móin a' Lín in aice le Bun- Dóighte. VI. Ó! grádh mo chroidhe mo bhuachaillín, mo stóirín Ó, mo Shéamaisín, Ó! grádh mo chroidhe mo bhuachaillín, ar maidin is tráthnóna! Seán Ó Clúmháin, O.S. Do PHÓSADH anso. Do pósadh Toirdhealbhac Mac Suibhne, mac do Sheán Mac Suibhne, ó Corcaigh, ná maireann agus Muirgheal Ní Mhurchadha, inghean do Nioclás Ó Murchadha, ó Chorcaigh, ná maireann, Lá 'Le Colm- cille, an 9 mhadh lá de Mheitheamh, 1917, in Eag- lais Naoimh Iosep, Bromyard, Sasana. An tAthair Ághuistín, O.S.F.C., a dhein an pósadh a Gaoluinn & do léig an t'aifreann, “pro sponsa et sponsa.” An tAthair Denys Mathieu, O.S.B., do chabhruigh leis. Gheobhaidh do mhac togha na scoluidheachta I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CHORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Scriobh chuige. DATHÁN den uile saghas, idir SHNASDATH, SLÁNDATH, agus PÉINT, (“Varnishes, Distemper, and Paint.”) TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH. Gheobhair in aon tsiopa, nó mura bhfaighir, scríobh chun MHUINNTIR ÁRACHTÁIN, Muilionn “Seandúna,” i gCORCAIGH. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, ó MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. Má tá TRUCAIL, CÁRR nó CÓISTE uait, Nó deisiú le déanamh ar rothaí, &c., &c., Scríobh nó glaodhaig chugainn-ne: C. Ó CONAILL agus a Chualucht, SRÁID LIADROM CORCAIGH. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk
Tá le fagháil uainn-ne BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID den déanamh Ceilteach agus marc earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca. Tá ÁTRAIGHE ÓIR is ÁTHRAIGHE AIRGID mar atá miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca. Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair agus an luachliosta. LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC TEO., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid Gaedhil: sa tSIOPA BAGÚIN atá ag TOMÁS Ó MURCHADHA, (‘T. J. Murphy’) 111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH, ar aghaidh Árdoifige an Phuist anonn. CEANNUIGH DO CHUID LEIGHIS, I SIOPA AN BHÚRCAIGH .i. Tig na cúinne, idir SHRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA & SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE, I gCORCAIGH. Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean a ngnó agus a dheinean go cruinn é. le MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann don Ghaedhilgeoir: UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87 i mBAILE ÁTHA CLIATH. LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA GAEDHILGE Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim. Trí leath-phinginní (1½d.) fiacha gacha leabhair díobh. Dosaen saor tríd a bpost ar Trí Réalacha (1/6). 1. “Laethanta Geala” (Kerry School- girl's Diary). 2. “Cosa Buidhe Árda” (Easy Songs to Catchy Tunes). 3. “Sean-Amhráin na Mumhan.” 4. “Déanamh an Chleamhnais” (Short Dramatic Sketch). Leanfar de'n sraith so leabhar má gheibhtear céad (100) duine a chuirfidh síos a n-ainmneacha i gcóir dosaein de gach ceann & a chuirfidh na fiacha 1/6 chughainn chomh luath is tagann na leabhair chúcha gach tráth. AN mBEIR-SE AR A gCÉAD SO? Scríobh go dtí FIONÁN MAC COLUIM, Cillorglan, Ciarraighe. COMHACHTA BAN. Bhí triúr dritheár ar a mbaile seo beagán blianta ó shin, & bhíodar pósta. D'imthig na mná bhí acu go Corcaigh ag díol bláthaighe. Tháinig bean siopa chúcha. Dh'fhiafhruig sí dhíobh cionnus a bhíodar á dhíol. Nuair d'ínnseadar di, dubhairt sí go raibh sé chómh saor leis an bhfíon acu. “Ar chualaís, a Cháit,” arsa Máire, “cad dubhairt an bhean ó chianaibh. Nuair a bheidh an bhláthach díoltha againn, raghaimíd ag ól.” Nuair a bhí an bhláthach díoltha acu, chuireadar na capaill sa stábla. Chuadar isteach ag ól an fhíona. Ar ball nuair a bhíodar ag díol as an bhfíon, ní dhíolfadh airg- ead na bláthaighe as. Do ritheadar amach sa tsráid ag buala bas & ag lógóir- eacht. Sheasamh duine acu i n-aice tighe ósda, agus dubhairt sí go bhfágfadh sí fé'n “bhfear i n-áirde” iad, ach cé bhí shuas sa bhfuinneóig ach fear a tighe. Chuir sé an seirbhíseach cúichi féach cad é an gnó a bhí aici do'n mháistir, dubh- airt sí léi, nách máistir ná máistreás bhí uaithe, ach fágaim fé'n “fear i n-áirde” iad. Cheap fear a' tighe gurb é féin an “fear i n-áirde,” agus tháinigh sé anuas chun cainnte léi, & nuair innis sí an sgéal do, thug sé cúig púint di & dhíol sé sin as an bhfíon do'n triúr acu. Ghléasadar suas a gcapaill i gcomhair an bhóthair chun teacht abhaile. Nuair a ghluaiseadar chun bóthair ní bhéarfadh an ghaoth bhíodh na ndiaidh ortha, agus thiocfaidís suas leis an ngaoith a bhéadh rómpa gur thánadar i dtaobh thoir do “Bhealach Oisín.” Thánadar amach as na trucaillíbh, & do shiubhluigheadar suas an Bealach. Nuair a thánadar go barra an Bhealaigh, chonnaic an chéad bhean leath-shobhairn ar thaobh an bhóthair, & do chuir sí chun é thógaint. Chonnaic an tarna bhean í, agus do thug sí a lámh léi, agus do chaith sí amach ar an mbóthar í, ar bhior a cínn. Bhí an trí- mhadh bean ag féachaint ortha agus do dhein sí an cleas céadna leis an tarna bean. Thosnuig an triúr ban ar bheith ag troid mar gheall ar an leath-shobhairn. Bhíodar ag gabháilt ar a chéile go dtí gur thánadar go bun an bhealaigh. Do bhuail duine uasal annsan leó, d'ínns- eadar a sgéal do. Is é an socrú a dhein sé eatartha — an bhean is mó a dhéanfadh amadán dá fear, nuair a raghadh sí abhaile, an leath-shobhairn a bheith aici. Nuair a tháinig bean Thaidhg abhaile, bhí Tadhg bocht na shuidhe sa chúinne le h-ais na teine, agus na h-aosóga ag rith ar fuaid an tighe. D'fhiafruigh sí de na h-aosóga cá raibh a n-athair. “A Mhuire Mháthair na bhFlaitheas!” arsa Tadhg. “Cad tá ort, a Mháire, ná feicean tú mise annso.” “Cuir uait do chainnt,” arsa Máire, “ar ndóichir ní tusa Tadhg.” D'áitigh sí suas air é, nách é bhí ann. Dhimthigh an fear bocht amach sa gháirdín leis féin. Nuair a cheap sé nár bh'é Tadhg é, tháinig smaoíneamh eile dho, & dubhairt sé, “más mé Tadhg aithneochaidh an gadhar mé.” Do rith sé isteach ó'n ngáirdín. Bhí a leithéid do dheabhadh ag teacht air gur leagadh sa doras é, agus bheir an gadhar ar chois air. D'fhill sé arís go dtí an gáirdín, dubhairt sé nár bh'é séin Tadhg. An tarna bean nuair chuaidh sí abhaile, d'fhiafhruig sí de'n bhfear cionnus gur chuir sé na fiacha ar fad suas ó imthigh sí. Dubhairt an fear nár chuir sé aon fhiacha suas “Is agam-sa tá a fhios sin,” ars' an bhean, ach níl aon dul uaidh againn ach leogaint ort bás d'fhághailt. Bhí Seáin bocht marbh ar maidin amáir- each, agus bhíodar á thórramh ach ní raibh aon bhuairt ar Thadhg, cheap sé nárbh aon dritheáir do é. I gcionn tamall de'n oidhche amach dubhairt bean Dhónaill leis, go raghaidís abhaile gurbh fhearra dho dul a codhla tamall do'n oidhche is ná féad- fadh sé an oidhche ar fad a thabhairt suas & do ghlaodhfadh sí féin air ar maidin go moch chun dul go dtí an tsochraidh Tháinig sé i n-éinfheacht léi agus nuair a fuair sí na chodladh é, thóg sí a chuid éadaigh uaidh. Ar maidin amáireach nuair bhí an tsochraidh ag gabháilt thar tigh aige rith sí suas chun na leabthan chuige ag triall air, agus dubhairt sí leis bheith na shuidhe gur mhór an náire dho bheith na chodladh & sochraid a dhritheár ag imtheacht thar ceann an tighe. Do léim sé na shuidhe & dubhairt sé léi a chuid éadaigh a thabhairt do. Dubhairt sí go raibh a chuid éadaigh air. Dubhairt sé ná raibh “A Mhuire Mháthair,” ar sí ná feiceann tú do chuid éadaigh ort. Is geárr go mbeidh tú chómh imthighthe le Seán. Chreid an fear bocht í, agus rith sé amach, agus nuair chonnaic na daoine an fear nochtaighthe do ritheadar ar fad leo féinig. Nuair a chualadh an fear marbh an glór d'fhéach sé amach tré clúdach na cómhran. Is dócha ná raibh an siúnta ró mhaith air. Nuair a chonnaic sé a dhritheáir nochtaithe, bhí a fhios aige go raibh cleas éigint ar siubhal. Do bhuail. sé cic ar an gclúdach, agus léim sé amach as an gcomhrain, & chuadar ar fad abhaile. Dubhairt an duine uasail gur bhuaidh bean Dhónaill an leath-shobhairn, mar gur mó i bhfad an náire a bhí air tar éis cleas a mhná, ná a bhí ar an mbeirt eile. Sin é mo sgéal-sa agus má tá breág annso bíodh. Máirghéad Ní Ghiolla Pádruig, Sg. Chillmhic Ciarainn. “AR SCÁTH A CHÉILE.” Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” & cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn. Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
AN BHEAN CHAOL. “Would you strike the father of my children?” Sid iad na focail a chuala ag bréab- aire mná dh'á rádh ar bholg na sráide ar Neidín an lá fé dheire. Do bhíos im sheasamh ag feitheamh le Cairbre a bhí ag cur ceiridhe le na Chapall Maide agus do bhí braisile do dhaoinibh tuatha ag coimheascar le chéile ar a' sráid, & má bhí tart ortha ní le h-easpa dighe é. Bhí a bhformhór i n-achrann 'na chéile agus iad ag útamáil anonn 'sanall ar fuid an bhóthair. Fé dheire do fuair duine aca iaracht ar a mhaide d'árdach agus do bhí sé ar tí buille a thabhairt do dhuine éigin ná raibh radharc agam air; ach do phreab scaoinse de mhnaoi leabhair is gúna stracthe uimpe anonn chuige agus do chuir sí a lámh chlé 'na charabhat agus do rug sí ar a mhaide le na láimh eile. “You ruffian,” ar sí, “would you strike the father of my children?” “Badh mhaith liom,” arsa mise im aigne féin, “an gníomhaidhe athar úd d'fheic- sint.” Ní raibh moill ró fhada orm, mar ba ghearr gur rith garsún beag is bliocht an ocrais air aníos ó'n “gcúinne” chucha, agus do bhéic sé ar a mháthair: “H-anam an diabhal, mam,” ar sé, “ti you the peelers.” Do dheighil an bhraisile daoine ó chéile láithreach agus do shághadar thall 's abhus iad féin, agus ansan do chonnac an gníomh- aidhe. Bhí greim ar chába aici air, agus í dá bhreac-tharrac 'na diaidh trasna na sráide Badh ísle go mór é ná ise; ach ní dhéan- fadh san beag é, mar bhí sí 'na bíoma cnámhach is ritheacha fada cos fúithe. Siúd is gur feirmóir é ní bréid ná plainín do bhí uimis ach giobail bheaga de'n chrúca. Sa droch-úsaid do fuair sé sa choímheas- car do stracadh an leath-scéal léine do bhí air — ní raibh innte ach an giota beag so ar a dtugtar “Tammy” i mBéarla — dtaobh amuigh dá bheist, agus do bhí a chleatrach bhocht chlúmach ruis. “Siublaidh,” arsa Cairbre, “is ná bí a' féachaint ar raicíníbh óil mar sin.” Do phreabas na dhiaidh, ach feadh an bhóthair abhaile níor fhéadas cuimhne fhir an Tammy a chur as mo cheann. Mar d'aithnigheas láithreach é. Fiche bliadhan ó shoin do bhíos féin & é 'nár gcómhur- sanaibh ag a chéile, agus coidreamh mór eadrainn. Cé chreidfadh a chífeadh anois é ar chluais ag mnaoi gur minic do dhírig sé liathróid i mbáire comórtais i Neidín? Ní thuiseadh éinne dho gur minic do cuir- eadh gallúnach fé bhórd i dtigh Dhiarmuid Bháin sa Ghaortha Ghorm do chun rinnce air. Ach do cuireadh, agus ba mhaith an díol air é, mar dob é an rinnceoir dob fhearr a bhí sa dá pharóiste é. Bhí sé so ghluaiste, agus dob fhoruiste é mhealladh. Do shíleamar go léir go raibh sé féin agus Máire Bhán le pósadh, agus ba mhór iad ag a chéile gan amhras. Cailín deas Gaolach dob eadh Máire, gur bh'eol di líon agus olann do chur i gcrích. Ach do chonnaic sé ceithearnach an ghúna stracthe ar phátrún Loch 'Ac Coinnleáin & do dhearmhaid sé Máire. Bhí a mháthair leis ar thaobh na mná caoile. “Dein cleamhnas le Máire,” ars an tathair, “is inghean fhir mhachánta í, agus déanfaidh sí bean mhaith dhuit.” “Ná bac é,” ars an mháthair. “Is fearra dhuit an Bhean Chaol. Beidh Béarla ag do chlainn, agus meas ort féin i dtaobh tú bheith mar chéile aici. Tá céad go leith púnt aici agus foluigheacht 'na theannta innte. Do cheangail sé leis an ngalántacht agus leis an aindeise i n-aonfheacht é féin. Do bhí sé mar a bheadh seirbhíseach 'na thigh féin. 'Sí an ceithearnach do dhíoladh & do cheannuigheadh, ach is eisean do dheineadh gach éan ní eile. Ní bheadh sé ar mhargadh ná ar aonach léithe muna mbeadh go n-oireadh sé dhí chun na bó nó na muice do chasadh. Gach a raibh sa tsaoghal aca is do'n mhnaoi d'ainmnigheadh na comharsain iad, dá mb'iad na páisdidhe iad. Tim-Ellen, Dan-Ellen agus mar sin, atá, agus a bheidh, go deo ortha. Níl éan chuid ag an athair díobh. “The Father of My Children,” ar sí — díreach mar a déar- fadh sí banaltra mo leanbh nó asal mo leanbh, nó — acht tá Cairbre imthighthe uaim. Tá an machtnamh so mall. An múineadh: Na tréig an cailín Gaolach ar son bhréabaire an tseangachuirp: ní deas do dhuine bheith 'na sheirbhíseach na thigh féin. Gruagach an Tobair. GÁIRE NA mBAN. Curfá — Óró ró! na cailíní, 'S buachaillí óga fearamhla, Rinnce 's ceol is ragairne, Is áileacht is gáire na mban. Rinnce 's ceol bíodh againn-ne Gliogar is spóirt is ragairne Buailimís ceol go fearamhail Is gealaimís croidhthe na mban. Curfá — Óró ro! Síos is suas an macha linn, 'Nonn 's anall 's isteach arís, Tugaimís cuaird is casadh Is blaisimís beola na mban. Curfá — Óró ró! Seinimís duan is canaimís, Caithimís suas ár mbrata, Cé'n duine bheadh duairc fé mhairg Nuair chífeadh sé gáire na mban. Curfá — Óró ró! [Sliocht as “Tír na nÓg.”] CLANN ÓG. Ó Cadhlaigh. — Clann óg san Ghrianán, Gráinseach Mhainistir Fhearmuighe, i dtigh Chormaic Uí Chadhlaigh, M.A., leanbh inghine do rug a bhean Ester Níc Chormaic an deichmhadh lá fichead de Bhealtaine. Máire Áine ainm an leinbh. An tAthair Mícheál Ó Cadhlaigh, i gCorcaigh, & Máire Ní Chadhlaigh do sheasaimh chun baistí léi. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. Tigh “An Bhata Droighin Éille” (‘H. JOHNSTON’) Teó. Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Tráth bhriseadar na húmaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces' Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Calaphort an Phápa, Corcaigh. CHÓMH BLASTA LE h-AON-ÍM! MARGAIRÍN “LEANDAR” Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA Agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX is a chlann mhac (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL IS A CHLANN MHAC (teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services