Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Iúl, 1917

Title
Iúl, 1917
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1917
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.
Uimh. a 16. IÚL, 1917. Pinginn a Fhiacha.



Sranng Ghrádha.
“An Seabhac” do scríobh.



Fear dárbh ainm Donncha Pheig — bhí sé
ar an mbaile seo agus bhí inghean aige.
Bhí sí na cailín óg. Buairt iseadh cailín
óg d'inghin — go mór mór nuair bhíonn sí
féin & buachaill óg i ngrádh le chéile.
Ní ceart bheith mileánach ar chailíní óga
(ná ar buachaillí) nuair a thagann an
grádh ortha. Ní bhíonn leigheas aca air,
mar tagann sé ortha mar thagann an
bás ar dhaoine — gan iarraidh. Bhí inghean
Dhonncha i ngrádh agus bhí Donncha mile-
ánach uirthi — i n-ionad truagh a bheith aige
dhi. Ní raibh an cailín bocht i ngrádh
riamh roimhe sin & b'shin mar ba dhéine
ghoill sé uirthi, & ní lugha bhí “An Púca,”
leis, i ngrádh. B'é An Púca a bhí i
ngrádh le h-inghin Dhonncha. Buachaill
breagh óg ab eadh An Púca — díol aon
chailín d'fhear. Ach níor gheal le Donncha
é. Níor thaithnigh grádh ná cúirtéireacht
le Donncha cé gur chuala mo mháthair á
rádh go raibh sé chomh dona le h-aoinne
eile é féin nuair a bhí sé óg. Is deac-
air liom é sin a chreideamhaint ámhthach
mar nuair a bhíodh a inghean ag taithighe
cuideachtan gharsúin do dheineadh Donncha
buairt.



Oidhche dá raibh Donncha istigh ag caith-
eamh na pípe ráinig leis féachaint thairis
agus ní fheaca sé Máirín — an inghean.
Tháinig droch-amhras aige.



“Cá bhfuil t'inghean imthighthe, a bhean,”
ar seisean le bean an tighe. Ba dhóigh
leat ná raibh aon phioc de chúram na
h-inghine air féin.



“Bhí sí annsan anois díreach,” ar sí
sin. “Beidh sí isteach ar an nóimeat,
is dócha. Ó! sead, d'iarrais uirthi dul
síos go tigh Bheit d'iarraidh ruaine gabh-
ná,” agus bhí sí ag iarraidh an scéal
a chur amú ar Dhonncha. Bhí droch-amhras
aige sin ar a mhnaoi.



“Gabhná an diail bhuidhe ort!” ar
seisean, agus ní mar mhagadh a bhí sé
ag cainnt. Fuair sé bata agus siúd
leis an doras amach agus faobhar air
nárbh aoibhinn le lucht suirghe. Do ghluais
sé leis siar an bóthar agus ní bhuaileadh
tor leis ná h-iniúchadh sé fé n-a scáth.
Nuair ná fuair sé ar an mbóthar mór
iad cheap sé gur mhaith an áit dóibh
an Bóthairín Caol. Chuarduigh sé an
Bóthairín Caol ach ní fhuair. & bhí néal
feirge ag éirighe air. Chuaidh sé sa
Lios. Ní raibh lucht grádha ná seirce
annsan ach seana-ghabhar liath le Liam
na Giúise adubhairt “Meig geig” nuair
a chonnaic sí Donncha. Droch-bheannacht
a fuair sí ó Dhonncha — “Tu thachtadh go
ndeintear,” ar seisean. Bhí a chuid
feirge imthighthe ó smacht. Scaoil sé
leis féin agus ní fada go raibh sé ar
bog-rith agus é ag cuardach. Fé dheire
cheap sé go raibh gach áit cuarduighthe
aige agus bhí sé ag teacht abhaile an
comhgar tré sna páirceanna. Nuair a
bhí sé ag dul thar claidhe thuit sé anuas
ar an dtaobh eile ag cosaibh na beirte
a bhí sé a lorg.



Dá mhéid 'ghrádh do bhí ag An bPúca
do Mháirín ba mhó go mór a fhuath dá
h-athair & leis sin do thréig sé Máirín.
Tháinig Máirín chun cabhruighthe le na
h-athair.



“Bog díom, a rud gan náire!” arsa
Donncha léi. “Gluais leat abhaile chun
do mháthair,” agus bhí fearg mhór olc ar
an duine. Do chrom Máirín ar ghol go
bog chúichi féin. Thánadar go doras.
Sháidh Donncha roimis isteach í. “Sin í
t'inghean agat,” ar sé, “agus is mór
an chreidiúint duit í!” agus shuidh
sé ar shligh go mbeadh 'fhios agat go
raibh fearg ar fiuchaidh istigh ann & go
gcaithfeadh sé a bhéal a choimeád dúnta
nó phléascfadh sí amach air. Chuathas a
chodla an oidhche sin i dtigh Dhonncha gan
aoinne a labhairt aon fhocal.



As san amach is beag an caoi a fuair
an Púca chun a ghrádh bán d'fheiscint.
Ní leigtí dhi dul amach ach go dtí an
tAifreann agus an uair sin féin bhíodh
faire uirthi. Is amhlaidh do mhéaduigh an
méid sin an galar ortha. Bhíodar á
snaoi le déine an ghrádha. Cheapadar
go bhfaghaidís bás mara mbeadh cead
cainnte aca le chéile. Ní dócha go
bhfaghaidís bás ar fad, ach mar sin féin
ana-dhroch-ghalar iseadh é.



Thosnuigheadar ar oibriú fé rún. Cuir-
eadh Neilín, an drifiúr óg, fé gheasa &
bhíodh sí mar theachtaire aca araon. Ní
raibh a coinnsias ag cur ar Neilín go
ró mhór sa scéal mar aon rud ba mhaith
léi féin riamh is i gan fhios dá h-athair
a dheineadh sí é; agus cé nár thuig sí
scéal Mháirín olc ná maith mar sin féin
ó ba rud é nár thaithnigh le n-a h-athair,
cheap sí gur rud maith é ba cheart a
dhéanamh. Ní baoghal, dá bhrígh sin, go
bhfaghadh a h-athair aon radharc ar na
litreacha lán de ghrádh agus de chrádh
croidhe a thugadh sí ó Mháirín go dtí An
Púca agus ó'n bPúca go dtí Máirín.
Ar feadh na h-aimsire sin go léir bhíodh
airgead na misleán go flúirseach ag
Neilín, pé áit a gheibheadh sí é.



Is mífhoidhneach an rud grádh. Ní fhan-
fadh sé le toil Dhonncha. Cheap an bheirt
ná féadfaidís mairiúint lá eile i
n-éamuis a chéile. Bheartuigheadar ar
éalú le chéile i bhfad i gcéin. Ní raibh
a mhalairt le déanamh. Oidhche amháin
fuair an bheirt radharc ar a chéile. Bhí
sé ana-dhorcha & bhain An Púca a bhróga
dhe agus d'éaluigh sé chun a fuinneoige
sin agus is iongantach an méid cogar-
naighe a dheineadar & iad ag déanamh
ullmhuighthe & socruighthe. Annsan phóg
An Púca Máirín tríd an bhfuinneoig &
d'imthigh sé leis go h-eaglach so doirch-
eacht ag lorg a chuid bróg.



Bhí sé socair aca go dtiocfadh An
Púca ar a trí a chlog an oidhche na
dhiaidh sin agus go n-imtheochadh an bheirt
aca go dtí an baile mór & go mbeidís
i n-am do'n traen ar a seacht a chlog. Ní
raibh 'fhios aca cá raghaidís & ba chuma
leo, leis. Ar eagla ná dúiseochadh sise
i n-am, bhí sí chun cóirdín a cheangal
d'ordóig a coise agus é leigean amach
tríd an bhfuinneoig agus bhainfeadh An
Púca tarrac beag as chun í mhúscailt.



Nuair a tháinig aimsir chodlata an
oidhche bhí chúcha chuaidh Máirín a chodla
chomh maith le lucht an tighe chun ná
beadh aon droch-amhras aca. Níor dhear-
mhad sí an cóirdín. Cheangail sí ceann
de d'ordóig a coise agus chuir sí an
ceann eile dhe ar sileadh amach tríd an
bhfuinneoig.



Bhí an cailín bocht tré na chéile
beagán agus níor locht san uirthi — ní
minic 'na saoghal a bhíonn aon chailín
chun éaluighthe le fear. Fé dheire thuit
a codla uirthi. Pé fada gairid a bhí
sí 'na suan, ní raibh fhios aici; ach do
dhúisigh sí arís. Ní raibh 'fhios aici ar
dtúis cad a mhúscail í ach is gearr
gur mhothuigh sí tarrac ar an gcóirdín.
“Mhuise mo ghrádh go deo thu!” ar sise.
Baineadh tarrac láidir as an gcóirdín.
“Ag teacht, a mhúirnín!” ar sise i gcogar
i dtreo na fuinneoige. D'éirigh sí. Ní
raibh a cos ar an úrlár nuair baineadh



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


CIARRAIDHE.



Nuair a bheir ag taisdeal
in UIBH RÁTHACH ÁLUINN,



cuir fút sa tigh seo



TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH
I gCATHAIR SAIDHBHÍN,



An tig is fearr in Uibh Ráthach.
Labharfar Gaedhilg leat ann.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE



TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;



SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;
ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.



ag “JOHN ATKINS & CO. ltd.”
Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.



SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.
TROSCÁN TIGHE.



SEÁN Ó CURRÁIN,
sa DAINGEAN.



an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.



Tionólfar



AN t-OIREACHTAS
i bPORTLÁIRGE, COIS SIÚIRE,



i mbliana
ón 5adh lá de LUGHNASA
go dtí
an t-11adh lá de LUGHNASA
(1917).



BÍ ANN, A BHRÁTHAIR!



Bím
GO GNÓTHACH I gCOMHNAIDHE!



Mar díolaim rothair Ghaedhealacha — “An Piarsach”
agus “An Lúcánia.” Deisighim rothair & mótair
ag TIGH DÚNABÓINNE, Sráid Chúc, i gCORCAIG.



DÓMHNAL Ó SÚILEABHÁIN.



stathadh eile as an gcórda. “Dia linn!
an bodhar atánn tú?” ar sise arís i
dtreo na fuinneoige; ach do lean an
tarrac ar an gcórda & b'éigean di dul
ar cosabocóid treasna an tseomra.
Chuir sí cogar cráidhte eile amach go
raibh sí ag teacht ach ní raibh sé ráidhte
ar fóghnamh aici nuair tugadh stathadh
eile do'n tsrainng.



“A mhuiricín!” ar sise, “tá sé ag
dul as a mheabhair.” “Íc!” ar sise
nuair teannadh arís é. Chrom sí ar é
scaoileadh. Ní fhéadfadh sa doircheacht.
D'éirigh ar an tarrac. Chuir sí a ceann
sa bhfuinneoig arís. Bhí fearg ag teacht
uirthi. “Bog de'n chóirdín, a mhadáin,”
ar sise. Níor bhog. Stathadh arís é &
thuit sí ar an úrlár leis an dtinneas.
Chrom sí ar screadaigh agus í á rádh
leis dul abhaile, ná raghadh sí leis i nao'
chor “an pleidhce.”



Mar sin a fuair a h-athair í nuair a
rith an duine bocht isteach agus solus
aige agus scannradh air. Chonnaic sé
an córda. Rug se air agus nuair a
bhraith sé an rud á tharrac amuich d'fhéach
sé amach & chonnaic sé cad a bhí ann.
Annsan thug sé stathadh láidir do'n
chórda agus tháinig sé leis go h-obann.
Thosnuigh ceisdiuchán annsan & mara raibh
an teaghlach san go buartha go ceann
tamaill de'n oidhche, glaoidh rascail orm-
sa. Bhí sé díreach a dó a chlog nuair
a chuathas a chodla ann arís. Donncha
d'fhéach ar an gclog. Chuaidh Máirín a
chodla i dteannta a máthar agus chuaidh
Donncha i seomra a inghine agus bata
aige agus a bhróga air agus an córda
amach tríd an bhfuinneoig aige.



Lá ar na mháireach bhí iongna ar na
comharsain. Chonnacadar an Púca agus
súil dhubh aige agus coiscéim bhacaighe
ann. Is amhlaidh do leag an capall é,
dubhairt sé.



Thug Liam na Giúise rud ait eile fé
ndeara agus ní fheadair sé ó thalamh a
domhain cad a dhein é. Bhí dhá fhiacail
imthighthe as an ngabhar liath — “iad tair-
ricthe amach ó'n stúmpa!” a ndubhairt
Liam.



An Inid a bhí chughainn do phós Máirín
iascaire ó Bhaile na nGall go raibh féar
bó aige.



San áit i mbíonn deatach bíonn teine,
San áit i mbíonn teine bíonn teas,
San áit i mbíonn teas bíonn mná,
San áit i mbíonn mná bíonn geab.



Tháinig beirt amadán go dtí áth chun
dul thar abhainn. Bhí tuille ana-mhór san
abhainn. Ghlac eagla duine aca agus
ní thabharfadh sé fé'n áth. Dubhairt an
t-amadán eile á ghríosadh:



“Is minic a chuaidh fear buile thar
tuille 'na lán-rith,”



“Seadh,” arsan chéad amadán, á fhreag-
airt — “agus is minic do chuir tuille
fear buile le fánaidh.”



S. Ó. C., An Rinn.



AN LÚIDÍN BRISTE.



Bhí lánamha i nDúnchaoin uair 'agus ní
raibh aon chlann aca. Bhí an fear ag cur
turnapaí lá agus ní raibh a dhóthain síl
aige. “Téir' 'n Daingean, a bhean bheag,”
ar seisean, “agus tabhair luach pingne
de shíol abhaile chugham.” D'imthigh sí sin.
Rug sí léi a feidhre brógh — feidhre a
pósta — fé na h-ascail, agus dubhairt sí
ná cuirfeadh sí uirthi iad “a Dhomhnaill,
a chroidhe,” go mbeadh sí i n-aici bhaile
mhóir an Daingin. Tré Mhám Clasach thar
Sliabh an Fhiolar a ghaibh sí & do traochadh
í. Nuair a tháinig sí go barra an Chlas-
aigh d'fhéach sí na ceithre h-áird na tim-
cheall. D'iompuigh sí a dhá súil anáirde
go dtí sna Flaithis agus dubhairt sí:



“A Dhia mhóir naomhtha, nach fada fair-
sin' í Éire. D'imthigh sí uirthi agus aige
Golán na Cille Brice bhuail sí uirthi a
feidhre bróg & bhíodh sí ag gáiridhe chúichi
féin nuair a chloiseadh sí ag gíoscán iad.
Tháinig sí 'n Daingean agus cheannuigh sí
na síolta agus b'ait léi, nuair a bhí sí
ag siubhal na sráide, ná raibh aoinne
ag tabhairt na mbróg fé ndeara. Seo
léi abhaile agus nuair a bhí sí gort ón
nDaingean bhain sí dhi na bróga, bhí sí
ag cur an bhóthair di annsan chomh tapaidh
& d'fhéad sí chun ná béarfadh an oidhche
uirthi. Bhí a cosa ar fad clogtha age
sna clocha. Nuair a bhí sí ag déanamh
suas ar bharra an Chlasaigh bhí an oidhche
ag tuitim agus an bhean bhocht ar bog-
shodar & gan í ag tabhairt aon ana-aire
do sna clocha nuair, slán mar n-innstear
é, bhuail sí a cos ar chloich mhóir & bain-
eadh barra na méire dhi. Sé céad rud
a dhein sí í féin a chaitheamh ar a dhá
glúin agus adubhairt:



“Céad moladh leis an Rí dhil,
Gurab í an lúidín atá dhíomsa,
Is nach é mo bhróigín lae saoire
Atá agam lem' chuimhne.”



Do ghluais sí léi abhaile agus geall le
luige uirthi ag an méir, an bhean bhocht.
Tháinig sí go dtí an tigh. Bhí Domhnall
istigh roimpi go sámh ag ól na pípe,
agus gan aon chuimhne aige ar Mháire
bhocht a bheith ag tuitim leis an ocras.



Arsa Domhnall: “A' bhfuairis, na
síolta?”



Máire: “Fuaireas, a chroidhe 'stigh …
Ar dheinis aon chíste?”



Domhnall: “Níor dheineas, a bhuidh-
eannach.”



Máire: “Ó, an galar san choidhche
ort, ó mhaidin gan chrích istigh, tobac
sa phíp agat & mise is leath-lúidín orm.”



D'fhéach Domhnall síos ar a cois ann-
san & dubhairt sé, ag greadadh a bhas:



“Tabhair buidheacas do'n Rí dhíl,
Nach í cos an chúilín * í.”





Cáit Ní Lubhaing,
Sc. Cheanntragha.



* Cos an chúilín .i. an chos a cuirtear ar an ramhain
ag baint.



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 3


SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH.



“An Seabhac” do bhailigh.



CAINNTEANNA CRÁIBHTHEACHA.



Tá rian creidimh Gaedheal go soiléir
ar a dteangain. Ní raibh aon teanga
eile ag gabháil riamh leis an gcreideamh
ameasc na ndaoine go dtí an lá fé
dheire agus bhí oiread san greama ag
an gcreideamh ortha gur fhág sé rian ar
gach aon rud a bhain leo. Is ar éigean
dá bhrígh sin a bhí aon ócáid ná cúram
ná go mbití ag iarraidh beannachtan nó
cabhrach Dé nó ag gabháil buidheachais leis.



1 — Dia dhuit(nó dhaoibh).



2 — Dia 's Muire dhuit (daoibh).



3 — Dia 's Muire dhuit is Pádraig.



4 — Bail ó Dhia ort(oraibh).



5 — Móra dhuit(daoibh).



6 — Móra is Muire dhuit(dhaoibh).



7 — Go mbeannuighidh Dia dhuit (dhaoibh).



Nuair bhuailid daoine le chéile adeirid na cainnt-
eanna san. Is minic adeirid cuid desna sean-
daoine “dhaoibh” i n-ionad “dhuit” nuair bhuaileann
duine aonair leo. Adeirtear go mbeannuighthear
do'n Aingeal Choimhdeachta a bhíonn fara an duine.
“Dhíbh” adeirtear i n-ionad “dhaoibh.”



8 — Go mbeannuighidh Dia annso isteach.
Adeirtear le linn dul isteach i dtigh.



9 — Dia 'bheatha-sa(it' shláinte).
Adeirtear má bhíonn fáilte roimh an té thagann.



10 — Go mairir-se 'bhfad.



11 — Slán leat(libh). Slán agat(agaibh).



12 — Go dtugaidh Dia lá (oidhche) maith
dhuit(dhaoibh).



13 — Go n-éirighidh do bhóthar (do thurus,
an lá, an oidhche)leat(libh).



14 — Go mbeiridh Dia slán abhaile thu
(sibh).



15 — Go n-éirighidh ádh leat(libh).



16 — [Go dtí do dhá thurus] dul agus
teacht slán.



Le linn bheith ag scaradh le chéile adeir daoine an
chainnt sin leis an té bhíonn ag imteacht.



17 — Aghaidh an uilc i bhfad uainn.



18 — Duine oraibh agus gan aoinne dhíbh.



19 — Mara fearr nára measa.



20 — Nár iarraidh do lámh filig ná uachthar.



Beannacht ar dhuine fhial. Filig & uachtar = leigheas
do láimh thinn.



21 — Gan a fhaid sin de luigheachan bliana
ort(ach an fhaid a bheir it' chodla).



Adeirtear le duine dhéanfadh rud duit.



22 — Go ndearna (nó “ndéinidh”) Dia
trócaire ar a anam





23 — Go dtugaidh Dia an suaimhneas síor-
raidhe dá anam





24 — Go dtugaidh Dia solas (nó sólas)
na bhflaitheas dá anamh.





25 — Go réidhidh Dia an bóthar dá anam.
Guidheanna le h-anam duine bheadh tar éis bháis.



26 — Beannacht Dé le h-anmanna na
marbh.



Guidhe le linn pins snaoise thógaint nó gal tobac.



27 — Dia linn is Muire.



Deirtear nuair leigeann duine sraoth.



28 — Go dtugaidh Dia solas na bhFlaitheas
dúinn.



Le linn solais a lasadh is ceart san a rádh.



29 — Go bhfóiridh Dia orainn.





30 — Go bhféachaidh Dia orainn.





31 — Go réidhidh Dia chughainn



Focail truaighbhéil iad san.



32 — Go méaduighidh Dia im is bainne
chughaibh.





33 — Go méaduighidh Dia bainne agus a
mháithreacha chughaibh.





34 — Seo sláinte na bó.



Nuair a gheibhtear deoch bhainne is gnáth iad san
a rádh.



35 — Go maithidh Dia dhom é.





36 — Nár agraidh Dia orm é.



Is gnáth san a rádh nuair a bhíonn duine tar éis
rud a dhéanamh agus go dtagann aithreachas air.



37 — Nár chloisidh mo ár namhaid me. sinn.



Adeirtear nuair bhítear ag trácht ar lochtaibh
dhuine eile.



38 — Go mairir is go gcaithir é.



Sin guidhe a tugtar do dhuine go mbíonn culaith
nua éadaigh air.



39 — Go mairidh tú céad (agus bliain
chun aithrighe).



Adéarfaí le duine dhéanfadh áis do dhuine eile.



40 — Bail ó Dhia air.



no



41 — Dia 'á bheannachadh.



Is gnáth a rádh nuair a moltar duine nó rud.



42 — Bail ó Dhia ar an obair.



43 — Dia bheatha grásta Dé.



.I. Fáilte roimh toil Dé.



44 — Sonuachar maith chughat.



Guidhe do dhuine gan pósadh.



45 — Go n-éirighidh bhur bpósadh libh.



guidhe do lánamhain óig.



46 — Nár bheiridh do namhaid ort.



47 — Ná rabhair choidhche gan —



(Pé rud a gheibhtear ó dhuine).



48 — Go rabhad ag Dia!



Saghas mionna é sin.



49 — Dia leat!





50 — Dearna leat!



Focail molta agus gríosuighthe.



51 — Beo samhlófar é.



Adeirtear nuair a bhítear tar éis duine a mholadh.



52 — Sláinte chughat is cabhair is dealbh
go deo ná rabhair.



Guidhe ar son cabhrach a gheobhthá; deirtear leis;



53 — Go bhfágaidh Dia do shláinte agat.





54 — Go mbualidh Dia seans maith chugat.





55 — Faid ar do shaoghal is gan aon phioc
d'easba choidhche.





56 — Faid ar do shaoghal agus laetheannta
geala.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,



Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla
le fághail uainn-ne.



Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH,
SRÁID ÍOCH. BHAGÓID, a 50,
BAILE-ÁTHA-CLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



A Ghaedheala! Ceannuighidh



“ÉADACH na DRUIPSIGHE”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaig na Druipsighe (teo.)
Co. Chorcaighe.



TÁILLIÚREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i n-Éirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA.,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.



RÁSÚIR MHAITHE



don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.



RÁSÚR “COSANTA”



ná gearran an croiceann — 1/- go 21/;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a' bpost.



MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



Gaedhilg agus
Suairceas Saoghail:



I gCOLÁISTE CHAIRBRE



a bheidh, i rith mí
LUGHNASA, 1917.



Cuir tuairisc gacha ní ar



MHÍCHEÁL Ó CUILEANÁIN, O.S.,
Seanachúirt, SCIOBAIRÍN.



Gheobhair deaghmhargadh
uaim-se i gcomhnaidhe.



TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
fad-sa an postas ar cheithre púint de.



PLÚR Gaedhlach.



MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min
bhuidhe.



SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas.



SEÁN MAC CURTÁIN,
SRÁID A' tSEANDÚNA, CORCAIGH.



Peictiúirí Deasa Daithte, Saothar Lámh. Leabhair agus Bróidíneoracht. Faigh an Liosta. “Cuala Press” Dúndroma, Áth Cliath


L. 4


IOL-SCOIL NA MUMHAN
(RING IRISH COLLEGE).



SAMHRADH, 1917.



An Chéad Teurma:
Ó'n dara lá Iúil go 27mhadh.



An Dara Teurma:
Ó'n chéad lá Lughnasa go 29mhadh.



Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus
breaghdha is eadh an Coláisde agus an tigh
comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go
cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige
ann agus na hOidí go toghtha.



PÁDRAIG Ó CADHLA,
An Fear le Scríobhadh.



CARABHATAÍ den PHOIPLÍN
AR GACH DATH is
AR GACH GNÉ DATHA.



LIAM Ó hAIMHEIRGÍN,
(‘W. Bergin’)



A DHEINEAN DO LUCHT SIOPAITHE.



Scriobh ag triall air go



62 SRÁID GHRAFTON,
in ÁTH CLIATH.



A BHEAN A' TIGHE! Cad é an saghas plúir
a bhíon agat?



Is é an PLÚR “EAGLE,” an plúr
is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus
an PLÚR “LION” is
fearr do lucht-aráin-a-dhíol.



Muíntir Mhic 'Ille Sheathanaich a dheinean
i gCorcaig.



GEO. SHAW & SONS,
Muileann Sain Seán, i gCORCAIGH.



COLÁISTE AN DAINGIN



Dhá Théarma —
Mí Iúil agus Mí Lughnasa, 1917.



Tá Coláiste an Daingin i lár
na dúthaighe is Gaedhlaighe
i gCúige Mumhan.



Má's Gaeluinn atá uait
tar 'n Daingean.



Gach eolas le fagháil ó



AN RÚNAIDHE,
Coláiste an Daingin,
Daingean Uí Cúise.



ó
CHOMPLUCHT DONOBHÁIN,
I dTRÁIGHLÍ,



a gheobhair an deaghmhargadh, má
bhíon aon rud mar iad so uait



TROSCÁN TIGHE,
ÁRAISTÍ BÚIRD,
ÁTHRAIGHE STÁIN is IARAINN.
GUAL, AOL,
BRÍCÍ, “SEIMÍN,”



agus gach cóir eile oirean DO LUCHT
TÓGÁLA TEACH.



AN LÓCHRANN.
Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
I gCorcaigh
an Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise . An Fear Eagair.



Cóip gach mí tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain.
Dhá choip gach mí tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain.



Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.



Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
&c., do chur.



Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath
Na Díoltóirí.



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



A SCRÍOBHNÓIRÍ.



Tá súil agam le scríbhinní maithe i
gcóir na nduaiseanna san d'fhógruigheas
mí ó shin .i. an dá chulaith éadaigh (1) do'n
bhuachaill agus (2) do'n chailín is fearr a
scríobhfadh aiste ar



(1) Obair agus saoghal muinntire na
tuaithe agus



(2) Cúntas ar chócaireacht gach saghas
bídh i dtigh tuaithe.



Bíodh na h-aistí agam an 10adh lá
de Iúl.



Agus dar ndóigh gheobhad a lán scéilíní
i dtaobh ainmhidhthe, éanlaithe, &rl., ar an
bpúnt san do chuir “An Fiolar” chugham.



Tá saghas nua eile comórtais anois
agam .i. ceisteanna staire agus litridh-
eachta. Seo iad:



TRÍ CHEIST, TRÍ DHUAIS.



2/6 do'n té is fearr a fhreagrochaidh
aon cheist aca so síos. Céad focal nó
fé na bhun. Scríobhadh fir nó mná nó
cailíní nó buachaillí.



(1) Nuair a bhí Eoghan Rua ag bréagadh
an leinbh do gheall sé dhó:



“An dúbh-bhrat ionnladh Dúnlaing
Óg,
Do cheileadh a ghnúis i gcúmhang-
rach slógh.”



Ciarbh é Dúnlaing Óg agus cad é scéal
an bhrait?



(2) Agus ag tagairt do'n “Sparán
Buidhe” dubhairt Eoghan go raibh sé:



“Ag Maol na mBó, leis, ghaibh
bean fir phósta.
Dá dhruim gur seoladh tóir thar
tuinn.”



Ciarbh é “Maol na mBó?”



(3) Nuair a bhí Eoghan “Cois na Siúire
maidean drúchta” chonnaic sé an spéir-
bhean agus d'fhiafruigh:



“Arbh í an ghailthean ghrinn í do
bhailigh Naois thar sáil i gcéin,
Thug treascairt laoch i gcath na
Craoibhe is ár na gcéad.”



Ciarbh í “an ghailthean” a bhí i gceist
ag Eoghan?



Cuirfead na freagraí is fearr sa
“Lóchrann.” Ná téigheadh aoinne thar
100 focal. Daoine atá go h-oilte ar
Ghaedhilg a scríobh', tá súil agam go
gcuirfid siad suim insna ceisteanna
so agus 'na bhfreagraí. Maran maith
leo scríobh' ar son duaise ná bacaidís
leis an 2/6. Gheófar gnó eile do'n
airgead.



“An Seabhac,”
Fear “An Lóchrann.”



OIDÍ SCOILE & RANGA GAEDHILGE.



Aon áit i bhfuil gasra d'Oidíbh Scoile
agus gur mhaith leo Gaedhilg d'fhoghluim
tagaidís le chéile agus scríobhaidís iar-
ratas le cur go dtí an Comhaltas is
comhgaraighe dóibh de lucht riartha an
Oideachais Cheárdaidheachta; sé sin le
rádh, Comhaltas bhaile móir má tá a
leitéid ann, nó an Comhaltas Conndae
mara bhfuil. Gealladh gach duine aca
leanamaint de'n rang.



S. M. Ó Buachalla, Tigh na Cúirte, i
gCorcaigh, is rúnaidhe do Chomhaltas Cho.
Chorcaighe, agus D. U. Ó Caoindealbháin,
B.E., Halla an Chonntae, i dTráighlí, a
dheineann an gnó san i gCiarraighe.



Guth na Bliana (1/- a' chóib gach ráithe ó
12 Sráid a' Mhuilinn, Peairt, in Albain).
Tá eolas le fághail i n“Guth” an tsamh-
raidh ar Chúige Uladh ná raibh riamh ar
aon-pháipéar in Éirinn. Tá “fear na
linne” ag lochtú na nua-Ghaedhilge atá
ag cuid de lucht scríbhte na Gaedhilge
in Albain! Adeir sé gur chruinne mar
chaint “teanga chineamhail” ná “teanga
náisiúnta,” &c.



Caint bhrionglóideach áluinn “Gaol-
mhulad” le d.m.n.c. Duine a chuaidh ar
lorg a ghráidh bháin: “Dh'fhaighneachd mi
do'n rós cois an tsrutháin luightich am
fac é do choltas; ach tháinig rugha na bu
truime 'na ghruaidh agus, a seachnadh mo
sheallaidh, thúirt é go fóil nach faca.”
Tá an bhrionglóid pas beag ró fhada,
ámh, dom dhóigh-se. Tá aon aiste amháin
ann i mBéarla — “The Celt and His
Leaders” le Ruadhraí Arascainn. Tráchtan
an t-ughdar ar Chúrsaí na Nua-Rúise chomh
maith le cúrsaí a thíre féin agus scéal
na dúithe seo. Tá sár-iaracht ann ag
Domhnal Mac Caluim — “Bruadar air
bárdacht” — & Gaedhilg curtha go deas
aige ar dhán Fraincise — ‘C'est notre
Jour — Tháinig ár lá-ne. I dtaobh catha
Shedan is eadh é — ó.’ ‘En Route’ go dtí
‘An Retour.’



Rud simplidhe le léighe iseadh Gillean
na Sgorra, ach níl sé oireamhnach do
Irisleabhar mar “An Guth.” Dá mbu
blodha de stair cloinne é, bfhiú é chur
fé chló, b'fhéidir, ach is truagh dosaon
leathanach do lot le nua-scéal gan
bhrigh. S. T.



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 5


LUIBH EOLAS.



Tá seoda ar gach taobh dínn fan gacha bóthair. Má
tá an radharc ceart againn chífeam áilneacht fé gach
tor is ar fuaid gacha páirce.



An Neóinín.



Aithnighean gach aonne an
neóinín (bellis perennis).
Bíon fé bhláth i rith na
bliana geall leis, agus fásan go tiugh
ar an bhfaiche nó in aon pháirc ná bíon
ró mhinic in a móinfheur. Ó'n bpréimh
amach is eadh fhásan na bileóga agus
leagaid siad iad féin anuas ar an
dtalamh in a bhfainne tímpal, gan aon
bhileóg aca ag déanamh cumhangais ar
bhileóig eile. Bíon fuighlach aer is sol-
uis ag gach ceann aca ar an gcuma
san agus fásan an plannda beag go
stóinsithe láidir.



Nuair a thagan tráth codlata don
neóinín, dúnan an bláth & chífir ansan
an caipín dearg ar a bharra. Tá teas
sa deirge sin agus cimeádan san an
bláth go deas cúmpórdach go dtagan
tráth gréine arís.



Mo thruagh aon ribe bocht féir a bíon
ag fás i gcomhgar an neóinín, mar leag-
faid na bileóga san iad féin anuas air
& brughfaid siad an t-anam as. Fear
basctha na gcéadta an neóinín. Mar-
bhuighean sé a dtagan fé raon a chuid
bileóg. Ní dheinean sé riamh aon mhuín-
tearthas leis na comharsanaibh.



“Beidh an fód so ar fad fúmsa,”
adeir an tíoránach beag, agus siúd leis
ag bascadh roimis.



Is samhail don náisiún a bhíon mian
sciobtha air an neóinín. Meón impir-
eamhail atá aige. Pé fód ar a leagan
sé cos, ní bhíon sé sásta go n-imrean
bás ar an lucht áitreabhtha.



An t-Eidhneán.



Is minic a cheapfá go
bhfuil cúpla saghas eidh-
neáin sa dúthaig seo ach
ní h-amhail atá ach iomad crota do theacht
ar an aon chineál de atá againn (Hedera
Helix). Nuair a fhásan an t-eidhneán fan
falla nó timpal crainn in a chórda
fhada, bíon iomad beárna agus casadh i
ngach bileóig de, ach nuair fhásan in aon
tor amháin ní bhíon an bhileóg leath chomh
beárnach san.



Tagan bláth ar an eidhneán a bhíon in
a thor ach ní thagan ar an saghas eile.
Na bileóga is comhgaraighe don bhláth
bíd ar malairt déanamh leis na bileóg-
aibh eile. Bíd go h-oscailte leathan, óir,
bíon gnó ar leith le déanamh aca — iad
do bheith ag bailiú substaint as an aer
chun an bhlátha 'chothú. Ní fhásan aon bhláth
go mbíon go leór soluis agus slighe ag
an bplannda.



Tráth fhásan an t-éidhneán tímpal crainn,
téighean na crúicíní beaga in achrann sa
chrann chun an gas mór a choingeál in a
inead. Ní bhainid na crúicíní sin aon
tsúgh as an gcrann amhail a dheinean an
Drualus (bhiscum album). Cothuighean an
t-eidhneán é féin go dleathach macánta.



Mura ndeinean an t-eidhneán brad-
uighal, is minic a dheinean sé rud chomh
h-olc leis — Eirighean cion ró-mhór aige
ar an gcrann & fáscan sé go ró dhlúth é
gurab é thagan de — bás le tachta theacht
ar an gcrann bocht. Minic nách maith é
an ró chion!



Níl aon tseogh ach an cuma in a fhásan
an t-eidhneán. Tig ar bith ná tugtar
aire dho, bíodh in a chaisleán nó in a
chroiceóig, raghaidh an t-eidhneán in a
chúram — 'á chlúdach, & 'á lot go minic,
ach cad é sin don eidhneán!



Is mór an mhaise ar an ndúthaig seo
a bhfuil den eidhneán ag fás ann. Sólás
dár súil a ghlaise sa gheimhreadh, tráth
'bhíon urmhór na gcrann gan bileóg ar
bith.



Seán Tóibín.



SÉAMAISÍN.



Fonn:



Gléas C.



I.



Ar bhfaca tú mo bhuachaillín, mo bhuachaill
óg, mo Shéamaisín,
Ar bhfaca tú mo bhuachaillín ag gabháil síos
an bóthar?



II.



Níl bróg ar bith ar a dhá choisín, a dhá choisín,
a dhá choisín,
Níl bróg ar bith ar a dhá choisín, ná caipín air
ná stóca.



III.



Ag dul ar scoil thá Séamaisín, mo mhuirnín
is mo bhuachaillín,
Ag dul ar scoil thá Séamaisín,is a leabharín
buidhe 'na phóca.



IV.



Ar a dhruim thá máilín beag, thá máilín beag,
thá máilín beag,
Ar a dhruim thá máilín beag is a lónsín ann
is dócha.



V.



Do rugadh é i Móin a' Lín, ar thaobh an chnuic
i nid éinín!
Do rugadh é i Móin a' Lín in aice le Bun-
Dóighte.



VI.



Ó! grádh mo chroidhe mo bhuachaillín, mo
stóirín Ó, mo Shéamaisín,
Ó! grádh mo chroidhe mo bhuachaillín, ar
maidin is tráthnóna!



Seán Ó Clúmháin, O.S.



Do PHÓSADH anso.



Do pósadh Toirdhealbhac Mac Suibhne, mac do
Sheán Mac Suibhne, ó Corcaigh, ná maireann agus
Muirgheal Ní Mhurchadha, inghean do Nioclás Ó
Murchadha, ó Chorcaigh, ná maireann, Lá 'Le Colm-
cille, an 9 mhadh lá de Mheitheamh, 1917, in Eag-
lais Naoimh Iosep, Bromyard, Sasana. An tAthair
Ághuistín, O.S.F.C., a dhein an pósadh a Gaoluinn
& do léig an t'aifreann, “pro sponsa et sponsa.”
An tAthair Denys Mathieu, O.S.B., do chabhruigh leis.



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta



I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA



MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG
Scriobh chuige.



DATHÁN
den uile saghas,
idir



SHNASDATH,
SLÁNDATH, agus
PÉINT,
(“Varnishes, Distemper, and Paint.”)



TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH.



Gheobhair in aon tsiopa, nó mura
bhfaighir, scríobh chun



MHUINNTIR ÁRACHTÁIN,
Muilionn “Seandúna,” i gCORCAIGH.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,



ó
MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a
Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)



CORCAIGH.



Má tá
TRUCAIL, CÁRR nó CÓISTE
uait,
Nó deisiú le déanamh
ar rothaí, &c., &c.,



Scríobh nó glaodhaig chugainn-ne:



C. Ó CONAILL agus a Chualucht,
SRÁID LIADROM
CORCAIGH.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 6


Tá le fagháil uainn-ne



BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID



den déanamh Ceilteach agus marc
earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca.



Tá ÁTRAIGHE ÓIR is
ÁTHRAIGHE AIRGID



mar atá miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha
dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá
an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca.



Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair
agus an luachliosta.



LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC
TEO.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid
Gaedhil: sa tSIOPA BAGÚIN



atá ag



TOMÁS Ó MURCHADHA,
(‘T. J. Murphy’)
111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH,
ar aghaidh Árdoifige an Phuist anonn.



CEANNUIGH DO CHUID
LEIGHIS,
I SIOPA AN BHÚRCAIGH



.i. Tig na cúinne, idir
SHRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA &
SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE,
I gCORCAIGH.



Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean
a ngnó agus a dheinean
go cruinn é.



le
MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH



An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair
is Tobac ann don Ghaedhilgeoir:



UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87
i mBAILE ÁTHA CLIATH.



LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA
GAEDHILGE



Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim.



Trí leath-phinginní (1½d.) fiacha gacha leabhair díobh.
Dosaen saor tríd a bpost ar Trí Réalacha (1/6).



1. “Laethanta Geala” (Kerry School-
girl's Diary).



2. “Cosa Buidhe Árda” (Easy Songs
to Catchy Tunes).



3. “Sean-Amhráin na Mumhan.”



4. “Déanamh an Chleamhnais” (Short
Dramatic Sketch).



Leanfar de'n sraith so leabhar má gheibhtear céad
(100) duine a chuirfidh síos a n-ainmneacha i gcóir
dosaein de gach ceann & a chuirfidh na fiacha 1/6
chughainn chomh luath is tagann na leabhair chúcha
gach tráth. AN mBEIR-SE AR A gCÉAD SO?



Scríobh go dtí FIONÁN MAC COLUIM,
Cillorglan, Ciarraighe.



COMHACHTA BAN.



Bhí triúr dritheár ar a mbaile seo
beagán blianta ó shin, & bhíodar pósta.
D'imthig na mná bhí acu go Corcaigh
ag díol bláthaighe. Tháinig bean siopa
chúcha. Dh'fhiafhruig sí dhíobh cionnus a
bhíodar á dhíol. Nuair d'ínnseadar di,
dubhairt sí go raibh sé chómh saor leis
an bhfíon acu. “Ar chualaís, a Cháit,”
arsa Máire, “cad dubhairt an bhean ó
chianaibh. Nuair a bheidh an bhláthach díoltha
againn, raghaimíd ag ól.” Nuair a bhí
an bhláthach díoltha acu, chuireadar na
capaill sa stábla. Chuadar isteach ag
ól an fhíona. Ar ball nuair a bhíodar
ag díol as an bhfíon, ní dhíolfadh airg-
ead na bláthaighe as. Do ritheadar amach
sa tsráid ag buala bas & ag lógóir-
eacht. Sheasamh duine acu i n-aice tighe
ósda, agus dubhairt sí go bhfágfadh sí
fé'n “bhfear i n-áirde” iad, ach cé bhí
shuas sa bhfuinneóig ach fear a tighe.
Chuir sé an seirbhíseach cúichi féach cad
é an gnó a bhí aici do'n mháistir, dubh-
airt sí léi, nách máistir ná máistreás
bhí uaithe, ach fágaim fé'n “fear i
n-áirde” iad. Cheap fear a' tighe gurb
é féin an “fear i n-áirde,” agus tháinigh
sé anuas chun cainnte léi, & nuair innis
sí an sgéal do, thug sé cúig púint di
& dhíol sé sin as an bhfíon do'n triúr
acu. Ghléasadar suas a gcapaill i
gcomhair an bhóthair chun teacht abhaile.
Nuair a ghluaiseadar chun bóthair ní
bhéarfadh an ghaoth bhíodh na ndiaidh ortha,
agus thiocfaidís suas leis an ngaoith a
bhéadh rómpa gur thánadar i dtaobh
thoir do “Bhealach Oisín.” Thánadar amach
as na trucaillíbh, & do shiubhluigheadar
suas an Bealach. Nuair a thánadar go
barra an Bhealaigh, chonnaic an chéad
bhean leath-shobhairn ar thaobh an bhóthair,
& do chuir sí chun é thógaint. Chonnaic
an tarna bhean í, agus do thug sí a
lámh léi, agus do chaith sí amach ar an
mbóthar í, ar bhior a cínn. Bhí an trí-
mhadh bean ag féachaint ortha agus do
dhein sí an cleas céadna leis an tarna
bean. Thosnuig an triúr ban ar bheith ag
troid mar gheall ar an leath-shobhairn.
Bhíodar ag gabháilt ar a chéile go dtí
gur thánadar go bun an bhealaigh. Do
bhuail duine uasal annsan leó, d'ínns-
eadar a sgéal do. Is é an socrú a
dhein sé eatartha — an bhean is mó a
dhéanfadh amadán dá fear, nuair a
raghadh sí abhaile, an leath-shobhairn a bheith
aici. Nuair a tháinig bean Thaidhg abhaile,
bhí Tadhg bocht na shuidhe sa chúinne le
h-ais na teine, agus na h-aosóga ag
rith ar fuaid an tighe. D'fhiafruigh sí
de na h-aosóga cá raibh a n-athair.



“A Mhuire Mháthair na bhFlaitheas!”
arsa Tadhg. “Cad tá ort, a Mháire, ná
feicean tú mise annso.”



“Cuir uait do chainnt,” arsa Máire,
“ar ndóichir ní tusa Tadhg.”



D'áitigh sí suas air é, nách é bhí ann.
Dhimthigh an fear bocht amach sa gháirdín
leis féin. Nuair a cheap sé nár bh'é
Tadhg é, tháinig smaoíneamh eile dho, &
dubhairt sé, “más mé Tadhg aithneochaidh
an gadhar mé.” Do rith sé isteach ó'n
ngáirdín. Bhí a leithéid do dheabhadh ag
teacht air gur leagadh sa doras é, agus
bheir an gadhar ar chois air. D'fhill sé
arís go dtí an gáirdín, dubhairt sé nár
bh'é séin Tadhg.



An tarna bean nuair chuaidh sí abhaile,
d'fhiafhruig sí de'n bhfear cionnus gur
chuir sé na fiacha ar fad suas ó imthigh
sí. Dubhairt an fear nár chuir sé aon
fhiacha suas “Is agam-sa tá a fhios sin,”
ars' an bhean, ach níl aon dul uaidh
againn ach leogaint ort bás d'fhághailt.
Bhí Seáin bocht marbh ar maidin amáir-
each, agus bhíodar á thórramh ach ní raibh
aon bhuairt ar Thadhg, cheap sé nárbh aon
dritheáir do é. I gcionn tamall de'n
oidhche amach dubhairt bean Dhónaill leis,
go raghaidís abhaile gurbh fhearra dho dul
a codhla tamall do'n oidhche is ná féad-
fadh sé an oidhche ar fad a thabhairt suas
& do ghlaodhfadh sí féin air ar maidin
go moch chun dul go dtí an tsochraidh
Tháinig sé i n-éinfheacht léi agus nuair
a fuair sí na chodladh é, thóg sí a chuid
éadaigh uaidh. Ar maidin amáireach nuair
bhí an tsochraidh ag gabháilt thar tigh aige
rith sí suas chun na leabthan chuige ag
triall air, agus dubhairt sí leis bheith na
shuidhe gur mhór an náire dho bheith na
chodladh & sochraid a dhritheár ag imtheacht
thar ceann an tighe. Do léim sé na
shuidhe & dubhairt sé léi a chuid éadaigh
a thabhairt do. Dubhairt sí go raibh a
chuid éadaigh air. Dubhairt sé ná raibh
“A Mhuire Mháthair,” ar sí ná feiceann
tú do chuid éadaigh ort. Is geárr go
mbeidh tú chómh imthighthe le Seán. Chreid
an fear bocht í, agus rith sé amach,
agus nuair chonnaic na daoine an fear
nochtaighthe do ritheadar ar fad leo
féinig. Nuair a chualadh an fear marbh
an glór d'fhéach sé amach tré clúdach
na cómhran. Is dócha ná raibh an siúnta
ró mhaith air. Nuair a chonnaic sé a
dhritheáir nochtaithe, bhí a fhios aige go
raibh cleas éigint ar siubhal. Do bhuail.
sé cic ar an gclúdach, agus léim sé
amach as an gcomhrain, & chuadar ar fad
abhaile. Dubhairt an duine uasail gur
bhuaidh bean Dhónaill an leath-shobhairn,
mar gur mó i bhfad an náire a bhí air
tar éis cleas a mhná, ná a bhí ar an
mbeirt eile.



Sin é mo sgéal-sa agus má tá breág
annso bíodh.



Máirghéad Ní Ghiolla Pádruig,
Sg. Chillmhic Ciarainn.



“AR SCÁTH A CHÉILE.”



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a
bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” & cuir i
n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís
an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn.



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


AN BHEAN CHAOL.



“Would you strike the father of my
children?”



Sid iad na focail a chuala ag bréab-
aire mná dh'á rádh ar bholg na sráide
ar Neidín an lá fé dheire.



Do bhíos im sheasamh ag feitheamh le
Cairbre a bhí ag cur ceiridhe le na Chapall
Maide agus do bhí braisile do dhaoinibh
tuatha ag coimheascar le chéile ar a' sráid,
& má bhí tart ortha ní le h-easpa dighe é.



Bhí a bhformhór i n-achrann 'na chéile agus
iad ag útamáil anonn 'sanall ar fuid an
bhóthair. Fé dheire do fuair duine aca
iaracht ar a mhaide d'árdach agus do bhí
sé ar tí buille a thabhairt do dhuine
éigin ná raibh radharc agam air; ach do
phreab scaoinse de mhnaoi leabhair is
gúna stracthe uimpe anonn chuige agus
do chuir sí a lámh chlé 'na charabhat agus
do rug sí ar a mhaide le na láimh eile.



“You ruffian,” ar sí, “would you strike
the father of my children?”



“Badh mhaith liom,” arsa mise im aigne
féin, “an gníomhaidhe athar úd d'fheic-
sint.” Ní raibh moill ró fhada orm, mar
ba ghearr gur rith garsún beag is bliocht
an ocrais air aníos ó'n “gcúinne” chucha,
agus do bhéic sé ar a mháthair:



“H-anam an diabhal, mam,” ar sé,
“ti you the peelers.”



Do dheighil an bhraisile daoine ó chéile
láithreach agus do shághadar thall 's abhus
iad féin, agus ansan do chonnac an gníomh-
aidhe.



Bhí greim ar chába aici air, agus í dá
bhreac-tharrac 'na diaidh trasna na sráide
Badh ísle go mór é ná ise; ach ní dhéan-
fadh san beag é, mar bhí sí 'na bíoma
cnámhach is ritheacha fada cos fúithe. Siúd
is gur feirmóir é ní bréid ná plainín do
bhí uimis ach giobail bheaga de'n chrúca.
Sa droch-úsaid do fuair sé sa choímheas-
car do stracadh an leath-scéal léine do
bhí air — ní raibh innte ach an giota beag
so ar a dtugtar “Tammy” i mBéarla —
dtaobh amuigh dá bheist, agus do bhí a
chleatrach bhocht chlúmach ruis.



“Siublaidh,” arsa Cairbre, “is ná bí
a' féachaint ar raicíníbh óil mar sin.”



Do phreabas na dhiaidh, ach feadh an
bhóthair abhaile níor fhéadas cuimhne fhir
an Tammy a chur as mo cheann. Mar
d'aithnigheas láithreach é. Fiche bliadhan
ó shoin do bhíos féin & é 'nár gcómhur-
sanaibh ag a chéile, agus coidreamh mór
eadrainn.



Cé chreidfadh a chífeadh anois é ar
chluais ag mnaoi gur minic do dhírig sé
liathróid i mbáire comórtais i Neidín?
Ní thuiseadh éinne dho gur minic do cuir-
eadh gallúnach fé bhórd i dtigh Dhiarmuid
Bháin sa Ghaortha Ghorm do chun rinnce
air. Ach do cuireadh, agus ba mhaith an
díol air é, mar dob é an rinnceoir
dob fhearr a bhí sa dá pharóiste é.



Bhí sé so ghluaiste, agus dob fhoruiste
é mhealladh. Do shíleamar go léir go
raibh sé féin agus Máire Bhán le pósadh,
agus ba mhór iad ag a chéile gan amhras.



Cailín deas Gaolach dob eadh Máire,
gur bh'eol di líon agus olann do chur i
gcrích.



Ach do chonnaic sé ceithearnach an ghúna
stracthe ar phátrún Loch 'Ac Coinnleáin
& do dhearmhaid sé Máire. Bhí a mháthair
leis ar thaobh na mná caoile.



“Dein cleamhnas le Máire,” ars an
tathair, “is inghean fhir mhachánta í, agus
déanfaidh sí bean mhaith dhuit.”



“Ná bac é,” ars an mháthair. “Is fearra
dhuit an Bhean Chaol. Beidh Béarla ag
do chlainn, agus meas ort féin i dtaobh
tú bheith mar chéile aici. Tá céad go
leith púnt aici agus foluigheacht 'na
theannta innte.



Do cheangail sé leis an ngalántacht
agus leis an aindeise i n-aonfheacht é
féin. Do bhí sé mar a bheadh seirbhíseach
'na thigh féin. 'Sí an ceithearnach do
dhíoladh & do cheannuigheadh, ach is eisean
do dheineadh gach éan ní eile. Ní bheadh
sé ar mhargadh ná ar aonach léithe muna
mbeadh go n-oireadh sé dhí chun na bó
nó na muice do chasadh. Gach a raibh sa
tsaoghal aca is do'n mhnaoi d'ainmnigheadh
na comharsain iad, dá mb'iad na páisdidhe
iad. Tim-Ellen, Dan-Ellen agus mar sin,
atá, agus a bheidh, go deo ortha. Níl éan
chuid ag an athair díobh. “The Father of
My Children,” ar sí — díreach mar a déar-
fadh sí banaltra mo leanbh nó asal mo
leanbh, nó — acht tá Cairbre imthighthe uaim.
Tá an machtnamh so mall.



An múineadh:



Na tréig an cailín Gaolach ar son
bhréabaire an tseangachuirp: ní deas do
dhuine bheith 'na sheirbhíseach na thigh féin.



Gruagach an Tobair.



GÁIRE NA mBAN.



Curfá —



Óró ró! na cailíní,
'S buachaillí óga fearamhla,
Rinnce 's ceol is ragairne,
Is áileacht is gáire na mban.



Rinnce 's ceol bíodh againn-ne
Gliogar is spóirt is ragairne
Buailimís ceol go fearamhail
Is gealaimís croidhthe na mban.



Curfá — Óró ro!



Síos is suas an macha linn,
'Nonn 's anall 's isteach arís,
Tugaimís cuaird is casadh
Is blaisimís beola na mban.



Curfá — Óró ró!



Seinimís duan is canaimís,
Caithimís suas ár mbrata,
Cé'n duine bheadh duairc fé mhairg
Nuair chífeadh sé gáire na mban.



Curfá — Óró ró!



[Sliocht as “Tír na nÓg.”]



CLANN ÓG.



Ó Cadhlaigh. — Clann óg san Ghrianán, Gráinseach
Mhainistir Fhearmuighe, i dtigh Chormaic Uí Chadhlaigh,
M.A., leanbh inghine do rug a bhean Ester Níc Chormaic
an deichmhadh lá fichead de Bhealtaine. Máire Áine
ainm an leinbh. An tAthair Mícheál Ó Cadhlaigh, i
gCorcaigh, & Máire Ní Chadhlaigh do sheasaimh chun
baistí léi.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.



Tigh “An Bhata Droighin Éille”
(‘H. JOHNSTON’) Teó.
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na húmaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar



Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces'
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san



Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Calaphort an Phápa, Corcaigh.



CHÓMH BLASTA LE h-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
“LEANDAR”



Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag



Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA
Agus a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.




BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
IS A CHLANN MHAC (teo.),
CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services