Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Abrán, 1917
Title
Abrán, 1917
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1917
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. a 13. ABRÁN, 1917. Pinginn a Fhiacha. SÉAMAS NA bPLÉASC Bhí fear ar ár mbaile 'na tamall ó shin go dtugtaí Séamas na bPléasc air. Stracaire d'fhear óg dob' eadh é agus é neartmhar, cumasach. Bhíodh triubhas mór leathan air go raibh a shuidheachán síos go dtí a dhá ghlúin nách mór. Bhíodh ana dhúil aige sa tobac ach is annamh a bhíodh aon rud sa phíp aige. Bhíodh a dhá láimh síos i bpócaí a thriubhais aige agus cuma leath-amadáin air. Bhí óin- seamhlthacht bheag ann ach bhí i bhfad níos mó de'n rógaireacht ann ná mar leigeadh sé air. Ní raibh aon fhonn oibre ria ar Shéamas ach bhíodh sé siubhlach ar thigh duin' uasail agus toisc go raibh sé éadtrom. sa cheann ní tugtaí aon nídh le déanamh do ach rud narbh' fhéidir le h-éinne a lot. Bhí an duin' uasal 'na chomhnuighe timpall le trí mhíle amach ó'n mbaile mór, agus thóg sé Séamas mar theacht- aire ar dtúis. Bhí sé mar ghnó aige Séamas dul go dtí an baile mór gach lá le capall ag triall ar arán. Thagadh árd-dhúil ag Séamas s'an arán lae- thannta, ach ní leigeadh eagla dho é dh'ithe ar an mbóthar ar eagla go ruaigfeadh an duin' uasal é. Sé an rud a dheineadh sé annsan ná arán ruadh a thabhairt leis in-inead an aráin ghil. Bhíodh éadach aige chun é chur isteach ann agus chuireadh sé na snaidhmeanna dubha ar an éadach i dtreó agus nárbh fhéidir le h-éinne é a sgaoileadh. Nuair a shroiseadh sé an baile thugadh sé an t-arán do bhean an duin' uasail, agus d'fhanadh sé féin ag féachaint uirthi. Bhíodh deabhadh uirthi-sin b'fhéidir agus nuair a bhuaileadhna snaidh- meanna léi d'éirigheadh mí-fhoidhne uirthi agus bheireadh sí ar an sgian chun é a ghearradh. “Beatha dhuine a thoil, a bhean uasal,” a deireadh Séamas, “do sgian féin, a chroidhe agus t'éadach féin, a chroidhe!” Nuair a bhíodh an t-éadach gearrtha aici agus nuair a chíodh sí an t-arán ruadh dhearmhadadh sí uaisleacht agus deireadh sí cainnt láidir. Nuair a chíodh Séamas an t-arán ruadh leigeadh sé air iongnadh a bheith air. “Is dóich mhai eireadh sé, “bhí sé sin chomh geal le sgilling nuair a chuir sí isteach 'san éadach é.” “Cá bhfuairis an t-arán so,” ar sise leis lá. “Tá comharthaí an tíghe go maith agam,” ar seisean. “Bhí srothán uisce taobh amuich do dhoras ann agus capall bán ceanghailte ag an bhfuinneóig agus ugh- macha air agus bean bheag istigh agus aghaidh shalach uirthi.” “An aithneosá an tigh arís?” ar sise leis. “D'aithneochainn go maith,” ar seisean, “mara mbeadh sí siúd nighte.” D'éirigeadh an bhean uasal ar straidhn ar fad. “Imthigh leat as mo radharc, ní dhéanfadh an saoghal díot ach amadán,” deireadh sí le Séamas. Bhuaileadh Séa- mas an doras amach agus an bheart aráin fé'n oscail aige agus ba ghearr an mhoill air crích a chur air, agus níorbh' fhearr leis 'na 'rán gheal é. Cheap Séamas uair go rabhthas ag baint an iomad saothair as. Dhéin sé cleas. An mhaidean 'na dhiaidh san bhí dhá chaora leis an duin' uasal imthighthe ar an bhfán. Ní raibh aon tuairisc ortha. Dúbhairt Séamas go bhfaghadh sé féin iad dá mbeidís ar uachtar talmhan nó fé'n dtalamh shíos. D'éirigh sé ar maidin agus deineadh lón do i gcóir an lae, agus d'imthigh sé agus tháinig sé arís tráthnóna thiar agus gan aon tuairisg aige ar na caoire. Thug sé seachtmhain mar sin. Annsan dubhairt a mháighistir leis éirighe as. “Bainfead triall eile asta,” ar seisean, “agus tá an diabhal i bpáirt leo mara bhfaghad iad.” Thug Séamas abhaile na caoire an oidhche sin. “Thiar i mBínn Dhiarmada fuaireas iad, a dhuin' uasal,” ar seisean, “agus nár leige Dia dhom iad maran mé tá marbh aca.” Bhí meas mór ar Shéamas annsan. Bhí an croiceann agus a luach aige — saoghal breágh díomhain ar feadh na seachtmhaine, sínte le h-ais na gcaorach istigh i gcoill i n-aice tighe an duin' uasail agus an baodhchas go léir air toisc iad d'fhagháil. Tugadh seachtmhain eile do Shéamas bhocht annsan chun teacht ó'n dtuirse. Bhí cócaire ag an duin' uasal agus cheap Séamas ná raibh sí chomh flaith- eamhail leis féin agus d'fhéadfadh cócaire bheith. Níor thaithnigh sí leis dá bhrígh sin. Cheap sé nárbh' fhearr ann í. Thug sé buataisí an duin' uasail chuige maidin. Nuair a sháidh an duin' uasal a chos i gceann aca is amhlaidh do bhí slisne feola thíos innti. Ní dubhairt sé aon fhocal an chéad mhaidin. Cúpla maidean 'na dhiaidh san tháinig na bróga arís chuige agus bhí slaimice eile feola i gceann aca. Labhair sé le Séamas mar gheall air, “An riabhach cócaire sin, a mháistir,” arsa Séamas, “ach ná h-abair focal. Fairfeadsa í.” “Fair,” ars an duin' uasal go mí- shásta. I gceann cúpla lá tháinig Séamas arís chuige agus feoil istigh i mbróig aige agus píosa eile feola istigh i mbosca stáin a bhíodh sa chistin. “Féach, a dhuin' uasail,” ar seisean, “mara raibh sé aici i bhfolach do'n mbuach- aill stábla sin go mbíonn sí féin agus é féin … um … a dtuigeann tú?” “Um,” arsan duin' uasal, “tuigim. ¬ Cúpla lá 'na dhiaidh san cuireadh an ruaigh ar an gcócaire agus ar an mbuachaill stábla bocht. Chaith Séamas mórán dá shaoghal mar sin ag bhreith an lae leis i gcomhnuidhe fé sgáth na h-óinseamhlthachta. Nuair a bhíodh eagla air go bhfaghfaí amach go raibh sé glic dheineadh sé rud éigin greanmhar chun meas amadáin a tharrac air féin. Bhuaileadh sé amach lá agus an bhróg dheas ar an gcois chlé aige agus visa versa, agus bhíodh na daoine ag tagairt do san go ceann tamaill eile agus do'n amadán a dhein é. Ach ní mhaireann aon nídh ach tamall agus fé dheire fuair an duin' uasal amach ná raibh ann ach amadán iarainn agus d'éirigh sé tuirseach de agus chuir sé uaidh ar fad é. Bhí an saoghal go h-olc agus go h-aindis go ceann tamall ag Séamas. Chuala sé sgéalta móra mar gheall ar Americá agus mheas sé go mbainfeadh sé triaill as. An lá chuaidh sé ar bórd luinge thug sé leis mála prátaí agus soitheach sgadán. Ní fheadarsa an bhfuil aon mheas aca ar amadáin ins na Státaibh már níor chuala olc ná maith conus d'éirig le Séamas ann agus toisc ná raibh aon mheas ar sgláireacht an uair sin níor bhac Séamas le h-aon sgéal a chur abhaile. Imtheacht gé an oileáin a bhí air — imtheacht gan filleadh go brách, agus is truagh fear dá cháil d'imtheacht as an ndúthaigh seo! Mícheál ó Siochfhradha, Sgoil na mBráithre sa Daingean. Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
AN T-EMPÓRIUM, … le … M. Ó Súileabháin & a Mhac, CILL ÁIRNE. Éadathóirí Maithe Tá le fághail uatha: Lása Gaedhealach de'n déanamh & de'n phatrún is órnáidighe amuich agus saothar lámh is eadh gach órlach de. Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt datha. Ciarsúirí de'n Línéadach Cheart Ghaedhealach is a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh. Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath is ar gach gné datha. Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach (Muintir Winstanlí & Mac Gabharnaigh a dheinean.) Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do deineadh. Nuair a bheir ag taisdeal in UIBH RÁTHACH ÁLUINN, — cuir fút sa tigh seo — Tigh Ósta an Ghearaltaigh i gCathair Saidhbhín, An tig is fearr in Uibh Ráthach. Labharfar Gaedhilg leat ann. Síol agus Leasú' don bhfeirm nó don gháirdín. Áthraighe Iarainn agus Stáin. Arán, Min, Plúr, Té agus Biotáile. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. Tá i nDaingean Uí Chúise TOGHA GACHA BÍDH — Plúr, Min, Té is Siúicre; SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don bhfeirm; ÁRAISTÍ IARAINN is stáin don tig. ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.” Is aca bhíon plúr an Ruiséalaig ó Luimneach. An Mhin Choirce is fearr blas agus is mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA. Mícheál Ó Caoimh, a dheinean, I MAGHCHROMTHA. Scríobh chuige. Sean-Fhocail na Muimhneach. “An Seabhac” do bhailigh. Tréithe an Duine. 1 — Duine is a thréithe is deacair iad a scaramhaint ó na chéile. 2 — Ní lia duine ná meon nó 3 — Gach aoinne is a mheon féin aige. 4 — Is ionnan a bheith go maith is a bheith go h-aoibhneach. 5 — Aithnightear duine ar a dhéirc. 6 — Bíonn an rath ar an gcruinneas. 7 — Croidhe gan truaighmhéil ní fhaghann an trócaire. 8 — Níl bog de ach a phluca. nó 9 — Tá an chuid is buige dhe i dtóin a bhríste. Le daoine ná bíonn fial a deirtear é sin. 10 — Gach aoinne ag tarrac uisce chun a mhuilinn féin. nó 11 — Gach dubhán-alla ag tochrais ar a cheirthlín féin. 12 — Ní fachtar maith le mugha is ní fachtar clú le déirc. Le mugha = le neamh-chruinneas, le seans. 13 — Is buaine bládh ná saoghal. Bládh = clú, ainm, oirdhearcas. 14 — Is fada bheidh do ghníomhartha féin baistighthe ort. 15 — Deire do'n díograis. .i. Do'n duine dúthrachtach. Sé is measa díoltar. 16 — An té go mbíonn Éire aige b'fhearr leis Alba aige. 17 — Is mairg a bhíonn go h-olc is a bhíonn go bocht na dhiaidh. Óir bíonn cuimhne fada ag daoine. 18 — Rogha gach inntleachta an mhacánt- acht. 19 — An té dhéanfadh díoghbháil dá chomh- ursain le corp drochaigne, dhéanfadh sé díoghbháil do féin — díoghbháil anma. 20 — A anam féin ar ghualainn gach aoinne. .i. a chúram féin is é é. 21 — Beireann fear sleamhain fiacha leis. Cuireann sé cruadhtan an tsaoghail thairis gan é 'á chlaoidhe féin. 22 — Is dóigh le gadaidhe na gcruach gur bradach é an sluagh. .i. Gur mar é féin a bhíonn gach aoinne. 23 — Is minic a bhíonn ciúin cionntach. 24 — Ní leaghfadh im 'na bhéal. Duine a chuireann cuma neam-urchóideach air féin agus an urchóid na chroidhe. 25 — Béal eiehinn agus croidhe cuilinn. .i. Cainnt bhog agus croidhe cruaidh. 26 — An taobh sleamhain amach agus an taobh cam isteach. 27 — Ná glac duine choidhche ar a thuairisc féin. 28 An té bhíonn siubhaltach bíonn sé scéaltach. Deirtear, leis: 29 — An té bhíonn siubhaltach bíonn sé fagháltach, An té bhíonn fagháltach bíonn sé silteach, An té bhíonn silteach bíonn sé suarach, An té bhíonn suarach bíonn sé bréagach, An té bhíonn bréagach bíonn sé bradach. 30 — Is minic a bhíonn fear náireach éadáileach. .i. Saidhbhir. 31 — An té go bhfuil náire air lasadh sé. .i. an té ná lasfaidh níl cúis náire aige. 32 — Ní tháinig náire ná allus air. .i. Duine gan náire. 33 — Leanann náire agus brón an dubh- áilce. 34 — Taithighe mhéaduigheann toil is tai- thighe mhéaduigheann locht. Deirtear “tarraingeann” chomh maith le “méad- uigheann.” 35 — Tharraingeochadh súgán sneachtaidh é! Nuair a bheadh fonn ar dhuine rud áirighthe a dhéanamh. 36 — Ní bíonn adhall gan airc. 37 — Beatha dhuine a thoil [dá mba gabháil dá thóin sa loch]. Nó: “Beatha, &rl., 's is minic a chuir sé leanbh maith ag gol.” 38 — Is fearr le duine órdlach dá thoil na bannláimhe dá leas. 39 — Ní seirbhe an súghadh ná úmhlaidheacht gan iarraidh. Deirtear leis “Ní seirbhe an mhúnlach, &rl.” 40 — Aigne réidh a réidhtigheann snáth. 41 — Nuair is dóigh le duine é bheith go deas 'seadh bhíonn sé 'na chleas margaidh. 42 — Níorbh' fhearra dhuit bheith id' cheap céille ná id' strae mhargaidh. Bheadh oiread de'n rath ort uaireannta. 43 — An té is ciúine sé is buaine. 44 — An té ghrádhann an baoghal caill- tear ann é. 45 — An fhaid a mhairfidh tú féin mairfidh do bhéas. 46 — An té go dtéigheann sé amach air bheith na mhochóiridhe ní miste dho codladh go h-eadartha. 47 — Duine ag gol is duine ag gáire, Is duine eile ag cailleamhaint a náire. nó Is duine 'na tháinrith chun na h-uagha. 48 — Is duine le Dia an duine bocht súgach. 49 Is treise an dúthchas ná an oileamh- aint. 50 — Gach dalta mar oiltear [is an lacha ar an uisce. 51 — Fé mar mhairis riamh seadh mhairfir choidhche Dá fhaid é an cluiche go deire na scríbe. Leathrann de'n “Peacach 's a' Bás” atá na chainnt choitchinn anois. (Tuille le Teacht.) Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
AN GÁDH ATÁ LE BÁN-TALAMH DO BHRISEADH. Chun an méid bídh is mó is féidir do sholáthar dos na daoine bochta taobh istigh de'n tréimhse is giorra. Toramhlacht. Thabharfadh acra de ghnáth-thalamh Tonna Coirce, nó 8 dtonnaí Prátaí. Ní bhéadh as acra de'n talamh féarach is fearr ach 5 céad de mhairtfheoil (beó - mheádhta idir seithí agus cnámha agus uile). Biadhmhaireacht. Chothóchadh acra coirce ar feadh seachtmhaine 100 duine Agus acra Prátaí - 220 duine Acra ‘Mairtfheola’ - 8 duine An t-am. Chun barra Coirce d'fhághail tógann sé 5 míosa Chun barra Prátaí d'fhághail tógann sé ó 4 go 6 míosa Chun barra ‘Mairtfheola’ d'fhághail tógann sé 2 bhliadhain Bainne. Ní laghdú a bhíonn ar an mbainne de bhárr curadóireachta ach a mhalairt. 'Siad na ceanntair 'na mbíonn curadóireacht na ceanntair is mó beithidheach in aghaidh an acra ní h-amháin i gcóir ime agus bainne ach i gcóir mairtfheola. Mairtfheoil. Dá mbeadh 10% de'n bhféaracht saidhbhir fé churadóireacht do b'fhéidir níos mó beithidheach fós do bheathú. An Dipeartment um Churadóireacht, I mBaile Átha Cliath, Feabhra, 1917. Fear a' Mhadra. Tímpal le fiche bhliadhain ó shin, do bhí feirmeóir n-a chómhnuidhe i bParóisde Fionntrágha, fear creideamhnach, deagh ghnóthach dob' eadh é. Do bhíodh sé d'iachaibh ar na daoine an uair sin mar atá indiu, leath choróin san mbliadhain do díol as gach gadhar a choimeádaidís. Do bhídís na píléirí a gcómhnuidhe ag gabáil tímpal agus ag seiribheáil na ndaoine go mbíodh gadhair aca, 's ná díolfadh asta. B'fhéidir gur ar maidin go moch nó a lár na h-oidhche a gheobadh duine aca isteach an dorus nuair ná beadh aon choinne leis. Deir siad go raibh an feirmeoir seo maidin bhreágh ag cur aoilig ar pháirc le capall. Ughaim a bhí ar an gcapall aige agus bhí gadhairín beag le na chois acht ambasa ná raibh díolta as, cé gurb árd a choinnibh an buachailín a chluasa. Do bhí an feirmeóir ag bagairt an chapaill leis agus ag cur an bhóthair do, 's é ag bog amhrán do féin. Acht ag casadh an geata isteach do, do chonnaic sé rud éigin a bhain geit as. Do thochais sé a cheann, agus chuir sé mion-chasachtach as. “Ar mh'anam go bhfuil beirthe orm'” ar seisean leis féin. Is amhlaidh do bhí beirt phóilíní ag gabháil chuige an pháirc anuas agus fuad- ar fútha. Do bhí tuisgint mhaith ar Bhéarla ag an bhfear seo acht má bhí ní leigeadh sé air é. Nuair tháinig siad suas chuige labhair duine aca mar seo:— “Good morning,” ars' seisean. “Sin í shuas Cruach Mhárthain,” ars' an feirmeóir. An Póilín: Is that for oats? An Feirmeóir: Ní chaithaim aon bhróg. An Póilín: Ah! you rogue. An Feirmeóir: Ní ithim aon fheóil. An Póilín: How old is the mare? An Feirmeóir: B'fhéidir ná fuil aon bhean agat féin. Do bhagair sé leis an capall ansan mar do shíl sé dá bhfanadh sé ag caint leis an bpíléir aon tamall eile go bhfiafróchadh sé dho ar dhíol sé as an ngadhar. Acht do ghlaoidh an píléir na dhiaigh agus dúbhairt: “Have you a license for that dog?” “Ná'n diabhal stad, go raghad suas amach,” ars' an feirmeóir ag tarrac lé buille do'n mhaide a bhí aige ar an gcapall. B'éigin dos na píléirí imtheacht leó agus bhí an feirmeóir ar a shásdacht. Bíonn gáiridhe go dtí an lá indiu fé an gcleas a dh'imir an fear nár chuaidh riamh ar sgoil ar fhearaibh an Rí. Brighid Ní Chiabháin, Com a' Liaigh, Fionntráigh. Leabhair a Thaithnfidh le Gaedhlaibh, Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla, le fághail uainn-ne. Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg … clár na leabhar … Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i Siopa na Leabhar nGaedhealach. SRÁID ÍOCH. BHAGÓID, a 50, BAILE-ÁTHA-CHLIATH. Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” Táilliúreacht agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i n-Éirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA., 11 Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Chliath. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/- go 10/6. Rásúr “Cosanta” ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-; gheobhair ceann aca san & trí lanna “Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3, tríd a' bpost. CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar 7d. tríd a' bpost. MAC CUILINN, 35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. Gaedhilg agus Suairceas Saoghail: I gColáiste Chairbre a bheidh, i rith mí LUGHNASA, 1917. Cuir tuairisc gacha ní ar MHÍCHEÁL Ó CUILEANÁIN, O.S., Seanachúirt, SCIOBAIRÍN. Le MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann don Ghaedhilgeoir: UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87 i mBAILE ÁTHA CLIATH. Tá CÓISTÍ & MÓTAIR d'á ndeanamh againn-ne. Cuirimíd GLÉAS GÓMA (rubair) FÉ ROTHAÍ CÓISTE gan ró-mhoill. CROS agus a CHLANN MHAC, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), CORCAIGH. A Ghaedheala! Ceannuighidh “Éadach na Druipsighe” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaig na Druipsighe (Teo.) Co. Chorcaighe. Peictiúirí Deasa Daithte, Saothar Lámh. Leabhair agus Bróidíneoracht. Faigh an Liosta. “Cuala Press” Dúndroma, Áth Cliath.
Iol-Scoil na Mumhan (RING IRISH COLLEGE). Samhradh, 1917. An Chéad Teurma: Ó'n dara lá Iúil go 27mhadh. An Dara Teurma: Ó'n chéad lá Lughnasa go 29mhadh. Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus breaghdha is eadh an Coláisde agus an tigh comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige ann agus na hOidí go toghtha. PÁDRAIG Ó CADHLA, An Fear le Scríobhadh. Carabhataí den Phoiplín ar gach dath is ar gach gné datha. Liam Ó hAimheirgín, (‘W. Bergin’) a dheinean do lucht siopaithe. Scriobh ag triall air go 62 Sráid Ghrafton, in Áth Cliath. Coláisde na Múmhan. OSCALÓFAR AN COLÁISDE I mBÉAL ÁTHA 'N GHAORTHAIGH, Dia Luain an naomhadh lá de mhí dheire 'n tSamhraidh, 1917. Tá gach aon tuairisc i dtaobh an Choláisde le fagháil ó Liam De Róiste, 28 Sráid Mharlboro, i gCathair Chorcaighe. Coláiste an Daingin Dhá Théarma — Mí Iúil agus Mí Lughnasa, 1917. Tá Coláiste an Daingin i lár na dúthaighe is Gaedhlaighe i gCúige Mumhan. Má's Gaeluinn atá uait tar 'n Daingean. Gach eolas le fagháil ó AN RÚNAIDHE, Coláiste an Daingin, Daingean Uí Cúise. ó CHOMPLUCHT DONOBHÁIN, I dTRÁIGHLÍ, a gheobhair an deaghmhargadh, má bhíon aon rud mar iad so uait TROSCÁN TIGHE, ÁRAISTÍ BÚIRD, ÁTHRAIGHE STÁIN is IARAINN. GUAL, AOL, BRÍCÍ, “SEIMÍN,” agus gach cóir eile oirean DO LUCHT TÓGÁLA TEACH. An Lóchrann. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh … an Fear Gnótha. An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair. Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain. Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain. Scríobh chun an tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur. Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean leisan eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní, &c., do chur. ó Cuill & a chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath … Na Díoltóirí. Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis "An lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. Ó'n bhFear Eagair. Tar éis an méid chainnte adubhairt le cúpla mí sa cholamhain seo, ní abrochad mórán an mhí seo 'nois againn. An duais sin a tharraingeas dhá mhí ó shin ar son aiste ar bheatha an Dochtúra Ó h-Iceadha, is do Bhrighid Ní Lonáin ón Rinn, atáim á mholadh. Ó Tuama ó Libherpool a thug 10/- dhom. Tá duaiseanna Choláisde an Daingin ag dul do Bhrighid Ní Chiabháin, Com a Liaigh, Fionn- tráigh. Eibhlín Ní Mhuircheartaigh, Cillmhica- Domhnaigh, Fionntráigh. Duais eile do — Máire Ní Chróinín, Sc. Céim an Fhiadh, Co. Chorcaighe. Fuaireas 18/- ó'n Athr. D. Ó Cathasaigh i dTráighlí chun duaiseanna. Fuaireas scríbhinní ó Sheán Ó Curráin, Bradford; Séamas Ó Caomhain, Dún Chaoin; T. Ó Criomhthain, an Bloscaod; Cormac Ó Cadhla, Mainistir Fhearmuighe; Seán Ó Clúmháin, Móin a' Lín, Luimneach, &rl. Táim buidheach díobh. "An Seabhac,” Fear an Lóchrann. IRISH MANUFACTURERS' DIRECTORY AND YEAR BOOK, 1917. Fuaireamair cóib de'n leabhar eolais seo. Tar éis scrúdú a dhéanamh air ní miste linn a rád gur mór an bhreis tuairisce atá againn ar chúrsaí gnótha & déantús na hÉireann. Ní ceart d'aon fhear gnótha ná d'aon fhear poiblidhe i nÉirinn bheith gan cóib de'n leabhar tairbheach so. Compiled & published by Kevin Kenny, 65 Middle Abbey Street, Baile Átha Cliath. 2/6 fé chlúdach éadaig. 2/- páipéar. Do BHÁS anso. D'éag NIOCLÁS Ó CIONAOITH ar an 8adh lá de Mhárta, 1917, Ag Caisleán an Chumair. Go ndeinidh Dia trócaire ar a anam. Amen! Domhnall na nGeimhleach. Bhí fear ar thaobh Uibh Ráthaigh fadó i bparóiste na Faille Móire. Sé ainm a bhí air Páidín Ó Síodhcháin. Bhí muirear mhór ghearrchailí air ach ar deire thiar baisteadh mac dóibh. Bhí Páidín aosta go maith nuair rugadh an mac agus dubhairt sé leis féin gur dócha ná mair- feadh sé féin le h-aon phósadh a dh'fheis- cint air agus go raibh sé chomh maith aige baiste maith flaitheamhail a thabhairt ar an mac. D'imthigh sé lá breagh foghmhair — é féin agus a chapall agus a ughaim is a shrathar fhada — agus thug sé aghaidh ar Chilláirne chun lón i gcóir an bhaiste a bhreith abhaile leis. Ar a chasadh abhaile bhí sé breagh súgach, meidhréiseach, agus áthas an domhain ar an nduine bocht á innsint do gach aoinne cad é fios a chúram. Thárluigh duine uasal leis ar an mbóthar. Bhí an duine uasal ag fiadhach. Bheannuigheadar féin do n-a chéile, agus dar ndóigh, d'innis Páidín a scéal dó. Nuair a bhraith an duine uasal gur duine bog baoth Páidín rug sé leis é i gcóir na h-oidhche go dtí n-a chaisleán féin. I gcionn tamaill de'n oidhche teasbháin an duine uasal leaba chodlata do Pháidín agus dubhairt leis bheith istigh. Do bhain Páidín do agus chuaidh sé sa leabaidh. Nuair a bhí Páidín na chodla rug an duine uasal éadach Pháidín agus a chapall leis go dtí an roilig. Thóg sé corp a bhí curtha ann le cúpla lá roime sin, chuir sé éadach Pháidín ar an gcorp agus chuir ar dhrom an chapaill é, agus cos leis ins gach aon ughaim chun ná tuitfeadh sé. Nuair a bhí sé socruighthe aige scaoil sé an capall ar a aghaid abhaile. Nuair tháinig an capall go dtí an tigh agus nuair chonnacthas an corp do bhí pililiú aca. Chuireadar fé chlár é agus dheineadar é thórramh. B'é lón an bhaiste an lón tórraimh a bhí aca. Cuireadh é lá ar n-a mháireach. Nuair a dhúisigh Páidín agus nuair 'éirigh sé ní raibh a chuid éadaigh le agháil aige. Bhí sé ag glaodhach is ag lóraighil ach ní thug aoinne aon tor' air. Chas sé an bairrlín bán air féin agus chuaidh sé ar thuairisc an chapaill agus n stábla. Ní raibh aon rian de'n apall ná de'n stábla ann agus b' ongna le Páidín sin. D'fhill sé ar an caisleán ach má fhill ní raibh an cais- eán ann roimis ná a thuairisc. Tháinig cannradh ar Pháidín annsan agus theich é ón áit agus bhí sé ag iarraidh an aile a bhaint amach; ach ní leigfeadh áire dho an bóthar a ghabháil toisg gan 'éadach a bheith air an bairrlín. Tár éis roinnt laetheannta tháinig sé i gcomhgar a thighe féin ach toisc na comharsain go léir a bheith ag obair insna gortaibh ní leigfeadh náire dho dul abhaile. Bhí cruach móna leis fein ar imeall an phortaigh agus chuaidh sé i Leabhair agus Peictiúirí cun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
bhfolach isteach i mbéal na cruaiche go dtiocfadh an oidhche air. Tar éis na h-oidhche a thuitim tháinig fear comharsan is cliabh air chun cliabh móna a ghoid as cruaich Pháidín. Má seadh ní fada go raibh siubhal fé agus gach aon scread aige go raibh púca Pháidín sa phortach. Do lean Páidín é, ach gach aoinne chíodh chuige an amhailt theicheadh agus bhídís ag baint poll an iarta amach. Do bhuail Páidín cnag ar a dhoras féin ach ba bheag an tairbhe dho. Is amhlaidh do chuaidh a raibh istigh ar a dhá nglúin á iarraidh ar Dhia an suaimhneas siorraidhe a thabh- airt d'anam Pháidín Uí Shíodhcháin. D' fhógair Páidín i n-ainm an diabhail iad san agus bhíodar siúrálta annsan gur thíos a bhí sé. Fé dheire b'éigean do imtheacht. Lá'r na máireach le linn an Aifrinn do bhí an sagart ag cur Pháidín fé ghuidhe an phobail nuair do bhuail sé féin agus a bhairrlín an doras isteach agus lár an tséipéil aníos chúcha. Deirim-se leat gur deineadh casán do! Bhí fear na móna 'ghoid ag breith chuige féin. D'innis Páidín do'n tsagart agus do'n phobul an scéal go léir agus gur dócha gurbh é Domhnall na nGeimhleach a bhuail leis i n-aice Locha Léin agus a dhein an stáicín áiféis sin de. Eibhlín Ní Chonchubhair, Com a Liaigh, Fionntraigh. Mac an Aodhaire. Bhí lánamha bhocht fadó ann agus ní raibh aca acht aon mhac amháin agus ní raibh sé sin ró mhaith na cheann. Ní raibh aon tslighe mhaireachtaint ag an lánamhain so acht a bheith ag obair do fheirmeóir a bhí i naice leó. Bhí an fear ag féireacht bha * ag an bhfeirmeóir lá agus chuir a bhean a mhac lé stán leitean chuige. Bhí an garsún ag imtheacht leis agus chonnuic sé a scáth ar an mbóthar. Cheap sé gur fear é agus bhíodh sé ag caitheamh cuid don leitin chuige anois is aríst. Nuair a chuaidh sé ar an ngort go dtí a athair ní raibh aon leite aige. D'fhiafruigh a athair de cá raibh an leite agus dúbhairt sé go dtug sé do fhear í a bhí ag teacht i n-éinfheacht leis. “Fan ansan,” arsa an t-athair, “agus ná leig aon cheann dos na ba soir ná siar nó go dtiocfadsa. Ní fhanfadh na ba socair agus nuair ná fanfadh níor dhein sé ach na cosa bhaint díobh. Ní raibh cos fé aon bho nuair fhill an t-athair. Nuair a chonnuic a athair cad a bhí déanta aige dúbhairt sé leis: “Imthigh agus ná fill ar an dtigh faid a mhairfir, agus gura measa amáireach ná indiú thu.” D'imthigh an garsún leis agus ní raibh aon phort aige ins gach aon áit dar ghaibh sé acht “gura measa amáireach ná indiú thu.” Bhí sé ag imtheacht leis agus casadh ar fhear é a bhí ag baint phrátaí. Stad sé ag caint leis an bhfear agus dúbhairt sé leis: “Gura measa amáireach ná indiú thu.” “Á,” arsa an fear, “ná h-abair é sin, acht abair gura mó amáir- each againn ná indiú aca.” D'imthigh an garsún leis aríst agus ní raibh aon phort ansan aige acht “gura mó amáireach agaibh ná indiú aca.” Ba gheárr go raibh sochraid na choinne agus labhair sé leis an sagart agus dúbhairt sé leis: “Gura mó amáireach agaibh ná indiú aca.” “Á,” arsa an sagart, “ná h-abair é sin, acht abair ‘beannacht Dé le h-anamnacha na marbh.’” D'imthigh sé leis aríst agus ní raibh aon phort ansan aige acht “beannacht Dé le h-anam- nacha na marbh.” Chasadh ar fhear é, fé cheann tamaill, a bhí ag crochadh gadhair agus dúbhairt sé leis an bhfear: “Beannacht Dé le h-anamnacha na marbh.” “Á'” arsa an fear, “ná h-abair é sin, acht abair, madra á chrochadh le gad.’” D'imthigh sé leis ansan agus chuaidh sé isteach i sáipéal. Bhí lánamha a phósad sa t-sáipéal. Chuaidh sé suas go dtí an Altóir agus dúbhairt sé ana-árd, “Madra á chrochadh lé gad.” “Á,” arsa an sagart, “ná h-abair é sin, acht abair, ‘Go gcuiridh Dia an rath ar an lánamhain phósta.’” D'imthigh sé air aríst agus ní raibh aon phort ansan aige acht “Go gcuiridh Dia an rath ar an lánamhain phósta.” Chasadh ar fhear é a bhí ag baint dhá mholt amach as caire. Labhair sé leis an bhfear agus dúbhairt sé: “Go gcuiridh Dia an rath ar an lánamhain phósta.” “Á,” arsa an fear, “ná h-abair é sin, acht abair, ‘Tá ceann aca amuigh agus ní fada go mbeidh an ceann eile.´” D'imthigh sé leis ansan agus tháinig sé ar bruach na fairrge. Chonnaic sé bád beag istigh sa tráig agus beirt fhear ínnti. Chuaidh sé síos 'an tráig agus bhí sé ag rádh an tseana-phoirt i gcómhn- aidhe, “Tá ceann aca amuigh agus ní fada go mbeidh an ceann eile. Bhí fíghdóir ar an dtaobh thiar de a bhí ar leath-shúil, ag éisteacht leis. D'fhiafruigh sé dhe cad a bhí sé a rádh. “Tá ceann aca amuigh agus ní fada go mbeidh an ceann eile,” arsan garsún. Cheap an íghdóir gur chuige féin a bhí sé. Bheir é na bhaclainn air agus chaith sé le faill é agus mhairbh sé é. Pádraig Ruiséal, Scoil Smerbhic. * féireacht bha .i. aodhaireacht bhó. Bacach le Bean-tighe: Ní h-aith liomsa an braon geur, An braon guirt, an braon breun, An braon indé. Ach scála de bhraon bhog the, Agus é fhághail ó bhruinneall, A mhúirnín! Gheobhaidh do mhac togha na scoluidheachta — I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CHORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. Aonrud mar LEACHT AR UAIGH nó ALTHÓIR don TEAMPALL San Aolchloch nó sa' Mharmar, … déanfaidh … SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Ar Fheabhas é. Scriobh chuige. Gheobhair deaghmhargadh uaim-se i gcomhnaidhe. TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol- fad-sa an postas ar cheithre púint de. PLÚR Gaedhlach. MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min bhuidhe. SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas. SEÁN MAC CURTÁIN, SRÁID A' tSEANDÚNA, CORCAIGH. A BHEAN A' TIGHE! Cad é an saghas plúir a bhíon agat? Is é an PLÚR “EAGLE,” an plúr is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus an PLÚR “LION” is fearr do lucht-aráin-a-dhíol. Muíntir Mhic 'ille Sheathanaich a dheinean i gCorcaig. GEO. SHAW & SONS, Muileann Sain Seán, i gCORCAIGH. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, ó MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. Má tá TRUCAIL, CÁRR nó CÓISTE UAIT, NO DEISIÚ LE DÉANAMH AR ROTHAÍ, &C., &C., Scríobh nó glaodhaig chugainn-ne: C. Ó CONAILL agus a Chualacht, SRÁID LIADROM, CORCAIGH. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí spóirt o Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
Táid so 'á ndéanamh againn-ne — ÉIDE SAGART, ÁTHRAIGHE ALTHÓRA mar chailísí, miasa, &c. CROISEANA den déanamh ceilteach in ór nó airgead geal, agus BUINN ÓIR is AIRGID. LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor. Sinn-ne a dhein SNAOIS CHORCAIGHE ar dtúis agus atá 'á déanamh i gcómhhnaidhe. TOBAC CÚMHRA an dá shórt so — “Exhibition Roll” agus “Shandon Plug.” Má theastuighean uait aon tobac nó saigréidí do chur chun aonne atá sa chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó cháin, ach leath phúnt, ar a luighead, bheit sa' bheairtín idir thobac is saigréidí. LAMBKIN BROS., 9 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL IS A CHLANN MHAC (Teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. IN AMERICE, Tá gach saghas earraí Gaedhealacha ar díol sa tsiopa so, agus is le Connradh na Gaedhilge é: ‘IRISH INDUSTRIES DEPOT,’ — 624 Madison Avenue, — in NUA-EABHRACH (NEW YORK). DO BHEATHA 'S DO SHLÁINTE ANSO. 1. — BIADH (Tuille dhe). Is breagh an biadh leite mhin-choirce & an buachaill nó an cailín a gheobhadh pláta dhi ag dul ar sgoil dóibh ar maidin agus leath phiúnt leanamhnachta le caitheamh léi ní bheadh ocras ortha go cionn tamaill. Is féidir do dhaoinibh tuaithe an biadh sin a bheith aca, ach is deacair do dhaoinibh bochta ar na bailte móra é sin, ná aon bhiadh foghanta eile, do sholáthar an aimsir seo. Daoine a dheineann obair chruaidh ní mór dóibh feoil d'ithe, ach tá a lán daoine a itheann an iomarca feola, & tugann san droch ghoile dhóibh. Mairt- fheoil an biadh is fearr, ach tá sí trom, doleaghtha, agus ní oireann sí ach do dhaoinibh a dheineann obair throm chor- porda. Is éadtroime & is so leaghtha an chaor-fheoil ná í agus is oireamhnuighe í do dhuine tinn. Do bhí na Gaedhil an- cheanamhail ar mhuic-fheoil fadó. Is biadh í nach mór d'ollamhughadh go maith do'n mbórd mar bíonn síol an ghalair innte uaireannta. Is maith an biadh í do aim- sir fhuar mar tá teas innte. Tá teas ins gach saghas feola, agus tá sé de chomhacht aca leis go ngríosann siad duine chun oibre. Is biadh maith leis laoigh-fheoil, uan-fheoil, sicíní & an sórt san, ach táid bog & mórán uisge ionnta. Ba cheart go mbeadh mórán éisg dá chaitheamh i nÉirinn nuair atá an fhairge mór thimcheall orainn; agus iasg flúir- seach ins na h-aibhnibh & ins na lochaibh leis. Tá iasg maith chomh tairbheach mar bhiadh le feoil ach gan an teas ná an i gríosughadh bheith ann. Mar gheall ar sin ní shásuigheann sé daoine chomh maith le feoil. Dá thúisge a caithtear iasg tar éis breith air iseadh is fearr é. Nuair ná fuil mórán geire ins an iasg is fearr roinnt ime nó biadh éigin eile a mbeadh geir ann d'ithe leis. Tá cáise chomh-maith mar bhiadh le mairt-fheoil, & deintear i nÉirinn anois í, ach tá sí doleaghtha, agus mar gheall ar sin ní féidir mórán di d'ithe. Tá mórán tráchta ar phrátaí le tamall anois, agus is biadh iad do bhraithfimís uainn go mear; ach ba shuarach an béile bidhe iad gan feoil nó iasc nó im n-a bhfochair. Uisge is eadh trí cearthamhna de'n phráta, agus stailc is eadh urmhór na coda eile dhe. Tá cabáiste, leitís agus torthaí eile folláin mar glanann siad an fhuil agus an croiceann. Ní mór iad do chaitheamh sul a nimthigheann an úire asta. Tá torthai crann go maith le n-ithe. Tugaid congnamh chun an biadh eile do leaghadh. Ní ceart iad d'ithe gan beirbhiughadh muna bhfuil diad lán aibidh. Leite mhín-choirce, uibhe cearc, anairte, arán is im is fearr do leanbhai atá ag fás chun feola do chur ortha agus iad do neartughadh. Ní gádh biadh do chaitheamh thar trí h-uaire sa lo, agus ba mhaith an rud é chaitheamh ar an uair chéadna gach lá. Ní chuireann muintir na hÉireann leath a ndóthain spéise i mbiadh. Ní féidir d'aoinne bheith n-a shláinte ná obair mhaith a dhéanamh gan a dhóthain bidhe do chaitheamh de bhiadh folláin. (Tuille). Peig. AMHRÁN NA mBRÓG. Do cheannuig fear óg pheidhre bróg faiseanta dho féin is do chuir sé i bhfolach ar bhruach abhann iad. tháinig cailín de'n áit ortha is bheir sí léi iad bhí "ailliliú pilliliú creachadh me” ag an bhfear óg nuair ná fuair sé na bróga roimis mar ar chuir sé iad. Deineadhan t-abhrán so mar gheall ar a' gcúrsa. Siar chun Ráththiaraigh do thriallasar maidin, Agus d'fhágas mo bhróga cois feorain sa Scairbh, Do bhíodar chomh nódh 'gam de óg-sgoth an leathair, 'S beidh an drúcht so am sgóladh mar is dócha ná casfaid. Níor bh'í seithe Dún Pádraig do ráinig na n-íochtar, Ach an buffaló ó'n Spáin, is é dh'fhagháil ar a raímhre. Bhí uachtar de'n calf skin líneáltha le síoda, Chomh sleamhain leis an áirne, is níor ghádh dhóibh bris' choidhche. A Sheáin óig Uí Bhraoin, an fíor é nó an dóigh leat, Nó a gcloiseann tu an gíodlam a' dul timchioll thar mo bhróga, Táid siad dá shíor-innsint gurbh óig-bhean a thóg iad, Is ná cuardóchá-sa an tír dóibh, ó'n Snaidhm go dtí Bólus. A bhráthair na ndriólan is brónach mar nidh liom, Mar d'fhágais do bhróga cois feorain na taoide, Gur ghaibh cúcha óig-bhean is go dtóg sí le grinn iad, 'S go rabhdar chomh gleóite 's gur mheón léi a gcur uímpe. Má bhís-se léi páirteach 'na págh í níor dhíolais Is ba lag léi le rádh ná le n-áireamh a gcoimeád choidhche S' amhla a chualaidh sí go raibh rás mór ar thráigh thuaidh na h-Aoine Is do bhíodar an lá san go sásda uirthi ag rinnce. Nuair bhuaidh sí an bálsan is sásta do bhí sí D'eirigh sí ar a háboc (?) dresálta mór dtimchioll, Ó Chathair Íbh Ráthaigh thug sí an bárr léi go. h-Ínse, Is bhí sa Daingean lá 'r na mhárach ag ceann cláir ag ól fíonta. Annsan goideadh na bróga ins an ól uaithe. istoidhche, Agus bhí sí chomh brónach gur stróic sí a raibh uímpe, Chuala sí gur stróire ó Thigh Móire do rínnc léi, Do fhuadaigh na bróga chun parróisde Dhún Chaoin siar. Annsan d'éirigh si amáireach, go cráidhte is ag caoi-ghol, Is do ghaibh chun Ceann Trágha siar, mar ba ghnáthach le flít bheith, Bhíodar díoltha ag an ngárda sar ar ráinig sí timchioll, Le captaen an árrthaigh is fuair mála d'ór buidhe ortha. Muiris Ua Cinnéide, Sráid Eóin, Daingean, a d' aithris. Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
Feirmeóireacht. Dómhnall Bán agus a bhean 'n-a suidhe cois na teine istoidhche, agus cómhursa dhóibh Tadhg Ó' Urdail 'n-a dteannta. Feirmeóirí is eadh Dómhnall agus Tadhg. Leanbhaí Dhómhnaill sa tseomra dtaobh shíos díobh. Teine agus bórd agus solas sa tseomra, agus na leanbhaí go gleodhach ag foghluim amhráin as “An Lóchrann.” Dómhnall: Nách gleodhach atá na páisdí sin, a Mháire. B'fhearra dhuit dul síos agus a rádh leo an clisiam a chur uatha nó go gcuirfead gach éan duine aca suas a chodladh. Máire: “An Lóchrann” atá aca. Thug- adar ó'n sgoil aréir é, agus táid siad a foghluim amhráin éigin atá ann a thaithneann leo. Dómhnall: Abair leo mar a n-éistid siad go loisgfead é. Ní sheasóchadh ceann iarainn leo gach oidhche Shathairn agus Dhomhnaig ó tháinig “An Lóchrann” céadna amach. Ní fheadar cad é an sult a gheibhid siad ann. Máire (gáiridhe): A gcloiseann tú é, a Thaidhg? Agus nuair a chuaidh na leanbhaí a chodladh aréir, do fuair sé féin “An Lóchrann,” agus d'fhan sé ann- san gur léigh sé ó chúinne go cúinne é. Ní h'é sin amháin, acht d'fhanas féin ag éisteacht leis, i gcás gur beag ná raibh sé glaodh an choiligh nuair a chuamair a chodladh. Tadhg: Cloisim an sgéal céadna in sgach éan bhall. Deir Seán ach Diarmuda go mb'fhusa leis déanamh gan tobac ná bheith i n-éaghmais an pháipéir; agus nuair a bhíos ag gabháil anoir a bóthar ó chianaibh do bhuail an sagart umam, agus “An Lóchrann” fíllte 'n-a láimh aige. Máire: Cad deir an Gruagach leis na feirmeóiríbh an mí seo, a Dhómhnaill? Dómhnall: Ní deir sé pioc. Ní'l focal ó'n nGruagach ann, a Thaidhg. Tadhg: Nách greanamhar é sin; cad imthig air ní fheadar! Dómhnall: Cad imthigheann ar a leithéid? Leásaidheacht a theacht air b'fhéidir, nó braon san mbreis d'ól. Máire: Éist, a Dhómhnaill; ní fheadarís ná gur breoidhte a bhí an duine bocht. Bhí an aimsir ana dhian le tamall. Tadhg: Thuitfeach amach, a Mháire. Is maith an rud a leath-sgeul do ghabháil pé sgeul é. Dómhnall: Ó, is furaiste le Máire leath-sgeul d'fhághail do'n Ghruagach. Ó dubhairt sé gur ghalánta feirmeóireacht ná éan tslighe bheatha eile tá Máire ar a thaobh, agus beidh. Is olc a labhrann sí chun bean fhir a' tábhairne ar an gcrosbhóthar ó shoin, agus dubhairt sí an san aréir, agus mé a' léigheadh “An Lóchrainn” di, gur cheart do'n dochtúir a hata do bhaint dá cheann di le h-urraim di. Máire: Ná bac an cladhaire sin, a Thaidhg. Ní dubhairt a leithéid; acht ó chuir sé chuige anois me déarfad go bhfuil sé chómh ceart ag an seana dhochtúir urraim do thaispeáint dómhsa agus tá sé ag Dómhnall urraim do thaispeáint do bhean an dochtúra. Dómhnall: Go mór-mór nuair ná fuil innte acht seana leastar díomhaoin — sin é ghlaodhais an lá fé dheire uirthe, a Mháire. Máire: Pé nidh ghlaodhas uirthe, tá cuid de chaint an Ghruagaigh ag teacht chun críche go tiugh, dá mhéid de mhagadh a bhí agat-sa ghá dhéanamh de tá rátha ó soin ann. Tadhg: Im baisge gur fíor san duit, a Mháire. Is mór an fear é an feirm- eóir sa tír indiu. Is mó páipéar lán de thuairisg ar a chuid oibre. Is beag de thrácht ar thighthibh tábhairne, ar lucht dlighe, ná ar dhochtúiríbh. Is beag is fiú anois iad. Is maith d'fhéadfamís déanamh 'n-a n-éaghmais. Badh thairbhaighe marbh. ná beo iad. Máire: Faire fút, a Thaidhg. Níor mhaith liom éinne do mharbhú dá mbeadh leigheas air, agus gheobhmíd go léir ár ndóithin le congnamh Dé. Dómhnall: An fíor, a Thaidhg, go bhfuil Clanna Gaodhal i gcontabhairt mar a chloisimíd? Tadhg: Deir an sagart go bhfuilid, a Dhómhnaill. Do bhíos ag caint leis, mar a dubhart leat, ar mo theacht isteach. Deir sé ná fuil an iomarca bídh sa domhain i n-aon chor, agus dá mbeadh an t-síothcháin féin anois againn go mbeadh an bia gann. Deir sé go bhfuil cuid mór do loingeas an domhain ag fritháil ar an armáil sa bhaile agus thar lear; agus go bhfuil mórán loingeas dá mbáthadh. De dheasgaibh na nidhthe seo, deir sé gur b'olc a féadfar bia a ndóithin do sholáthar dos na daoinibh go mbeiridh an fóghmhar orainn, agus as san amach go gcaithfimíd maireachtaint asainn féin. Dómhnall: Agus a ndeir sé gur féidir dúinn é sin a dhéanamh? Tadhg: I nÉirinn is féidir. Ní'l puinn daoine againn anois le cothú, agus tá mórán tailimh againn. Má's toil le Dia an rath do chur ar obair an fheirmeóra, beidh gach nidh go maith. Dómhnall: Agus i dtaobh Shasana? Tadhg: Ní déarfadh sé éin nidh mar gheall ar sin. Dómhnall: A sgiobfaidh siad uainn an biadh, an dóigh leat? Tadhg: Ní dóigh — acht cá bhfuil Máire? Dómhnall: D'éaluig sí síos chun na leanbh, nuair a chualaig sí ag caint ar an mbia sinn. Tadhg: Ní dóig, a Dhómhnaill — acht is mithid dom bheith ag dul abhaile, nó ní bheadh i n-am chun na Coróineach. Gruagach an Tobair. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. H. JOHNSTON, TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Teo., Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Tráth bhriseadar na humaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. "Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces' Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach "Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Port an Phápa, CORCAIGH. Chómh -blasta le h-aon -ím! MARGAIRÍN “LEANDAR” Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA Agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX IS A CHLANN MHAC (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid Gaedhil: sa tSIOPA BAGÚIN … atá ag … TOMÁS Ó MURCHADHA, (‘T. J. Murphy’) 111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH, ar aghaidh Árdoifige an Phuist anonn. I n-Éirinn a Deintear “BRÓGA NA LAOÍ.” Táid le fághail i ngach sráid bhaile. Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail o Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.
PETITION BACAIGH. Go mbeannuighidh Dia, Muire agus Pádraig, agus Colm Cille mac Feidhlime, Peadar na n-eochrach, Eóin baiste, an Dá Aspal Déag, agus Dia mór na glóire annso! Dar an leabhar baistíghe, a óig-bhean a' tighe seo, tá gnúis deigh- mhná agat, agus tá tú go maith, agus go maith ba chóir duit a bheith, agus gur ó'n maitheas a tháihig tú. Tá dúil agat i nDia, agus dúil ag Dia ionnat. Tháinig mise ag iarraidh cuid na h-uaire seo rt, agus cuid na h-uaire nach bhfeacaidh mé go fóill, in ímpidhe ar Dhia mhór na glóire, agus Mhuire baintíghearna a' Rígh, an t-ochtmhadh bean déag d'Á bhanntracht, do d'chúmhdach ar chonách, ar thubaiste agus ar ghalar ghránda na bliadhna-sa. Bhéarfaidh mise mo bheannacht duit, a's gurab í sin a' beannacht — aireachas in ionad suidhe agus spláir duit. An uair a bhias breith dá thabhairt, agus ceird dá fhuascailt, s'anam gléigeal go raibh ar dheas-láimh Mhuire Bhaintíghearna, a agrann do leas-sa, nó meirtne do shláinte, le d'fhéachaint ar a' díocuir a's ar a' deacair, agus ar na greamanna dubha dochracha bhíos ag lagadh agus ag neimh- neartadh na gCríostuidhe. Do dhéanfad-sa turua speeisialta ar do shon ag Séipéal Mhuire na gcoinneal ag Teorma Cruaiche Phádraig, ag seacha Bó Báine, ag leac Sant Donnchadha, turus Thobair Íosa, turus Thobair Bhríghde agus turus Thobair Rígh an Dómhnaigh, agus turus Thobair Eóin Bhaiste, ó 'sé is fearr ná an t-iomlán, geallaim a's luighim a's mhóidighim do Dhia! A óig- bhean a tíge seo, ná saoil-se gur bulsgaire no ballsgaire mise; ná saoil gur preab-chaoinlín atá faoi mo sháil-se annso; ní h-eadh ar aon chor, acht duine bocht martaraigh atá ionam, a chfuil oct gcnámha déag de m'chnámha sa talamh le seacht mbliadhna, a's an chuid eile ag iarraidh Devotion ort-sa. A luibh dhíbeartha na gorta, a agrann soillse na Tríonóide a's a bhanoglach Mhuire Bhaintíghearna, go deimhin do shiubhail mise aontuighe Mumhan agus margaidhe Laighean, Uaisle Buitléaracha agus maithe Caomhánach, agus ní fheaca mé shíos ná thuas, thoir ná thiar, cailín óg i bhfad san, ba dheise caol coise bárr boise a's déad fiacal ná thú féin. Éirigh id' shuidhe, a chroidhe gan churadhas, a lám an oinigh, a's a bhuime na mbocht, tabhair coiscéim do'n Athair, a's coiscéim do'n Mhac, agus ar an dtríomhadh coiscéim bheidh tú ag an doras. Ná saoil-se gur de'n mhuinntir imthigheas amugha, nó thigeas i mbáireach mise, no thógas lúb a' phota, no fiú na círe. Tá baramhail agam féin nách bhfuil rud ar bith le fághail annso acht solus lae agus an t-uisge. Óir féach an bhfuil rud beag éigin de'n tobac fireann fiarach agat, a chireadh anuiridh a's a buineadh i mbliadhna, so-dheargtha, dó- mh úchta, ar mhórán deataigh a's ar bheagán luaith. Ní h-é an truis é, ní h-é an trais é, ní h-é an bolcán é, ní h-é an súghán é, acht sé smior cúmhra an oileáin é, bhainfeadh géim as is chuirfeadh fonn feis' ar dhuine mharbh. Dearc, thusa, ar amuirín bhocht mhartaraidh, 'tá gan cur earraigh, buain fóghmhair, bliocht samhraidh nó comhnuidhe geimhridh. Acht fiche mála de mhálaighibh agam féin, agus béal gach mála aca fosgailte: darab ainm mála na úighe, mála na tóighe, mála an mhuinéil, mála an tslin- néin (tslinneáin), bolg a' tsoluis, an piolluire, an siolluire, agus Brian buidhe, an mála beag 's a' mála mór, mála na h-iosguide, mála na h-asguille, mála na taoibhe a's mála na tóna, mála na gcluas, an giolcuire, an giortuire, an Satchel, an slaiséir a's an slis.mhála, an priocuire, pórtmantel, Receiver, buidéala a's come quick, léim ar guailinn a's a' Butter Box. Éirigh suas a óig-bhean a' tighe, nár lomaidh Dia do lámh 's nár chrádhaidh Dia do chroidhe, a's ná raibh ort an galar buidhe, a's nár caillidh tú go bráth fear a' tighe, no go raibh fear eile agat le h-aghaidh luighe, a's nár thugaidh an giolla ghuillín tú féin leis mar thug sé an téilín ó'n chirc bhuidhe. An rud is fearr do chí Dia agat ar talamh, 'fághail buail- eadh d'uibheacha cearc, no léim ghirrfiadh d'ím, cúl cáise nó lár cáca, cúl crústa, píosa spóla, scála mine, sliseóg lín, tancard díghe, ubhall glas, gas lusa,l póirsin potáto, píoba tobac, cibé do nioc, no rud ar bhith is feárr ná an diúltadh, go gcuiridh Dia id' chroidhe a thabhairt domh-sa. [Ó Láimhscríbhinn Egerton 129, 11, 'san British Museum.] D. Ó Súilleabhái, Lonndain, do sholáthruigh. AN LÁNAMHA. “Ar ghluais aon scéal nua aniar leat a Bháitéir?” Sidí díreach an cheist a chuir lánamha nua-phosta orm gceanntar a' Daingin agus mé ag gabháil aniar — Ógánach de Mhuinntir an Duirn agus bean de Mhuinntir Chráidhteacháin do phos um Inid. Do ghabhas isteach chun cith a leigint tharm agus is amhlaidh a fuaireas iad — fear a' tighe agus teine aige i gceann de'n tigh agus an bhean agus teine aici féin ag an mbinn eile. D'fhia- fruigheadar díom an raibh aon scéal nua agam. “Tá, mhuise,” arsa mise, “an rud is iongantaighe chonnac le fada — fear a' tighe agus bean a' tighe agus dhá theine 'ca i dhá gceann a' tighe.” Annsan chuireas díom go tapaidh. “Bháitear” d'innis d' Eibhlís Ní Fhoghludha. NÁ DEARMHAID SO, A CHARA. Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” & cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN,” a chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go mor linn. FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CLIATH, &rl. Ghaedhala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i. “AN LÚCÁNIA” (de dhéantús na hÉireann) ó Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat. Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge do mhúineadh: “Scéalta don Aos Óg,” 2d. “Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½., 3½d., 4½d. “Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” — iad go daithte is go hoireamhnach ar gach chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6 Gaedhil a bhfuil Trácht ortha: Peictiúiri dhíobh so — Meadhbh,An Sáirséalach, Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh Colmcille, Uolf Tone, Naomh Bréandán, An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach garm — £3 an beart. LEABHAIR IAD SO A THAITHNFIDH LEAT — “Every Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar — Cuir cárta ag triall orainn ar lorg leabhráin eolais: “The Educational Co. of Ireland,” 89 Sráid Talbóid, Áth Cliath. Tá árd-teist ar MHUINTIR HILLIARD (Teo.) CÍLL ÁIRNE, De bhárr an chuma in a gcabhruighid le déantúisí na hÉireann. Ní gádh earraí thar lear do cheannach, agus SEOGH EARRAÍ GAEDHEALACHA Le fághail in a dtigh sin. An siopa éadaigh is mó agus is fearr i gCiarraidhe. Tig a 6 & a 7 sa' tSráid Mhóir, CÍLL ÁIRNE. Earraí Gaedhealacha do Ghaedhlaibh! Léinte. Lámhainní. Carabhata. Stocaí “Guailneáin.” Bróga. Caipíní agus Hataí. ó TH. Ó LOCHLAINN, 19 Sráid na Páirliméide, Baile Átha Cliath. BÍODH PÍOPA MAITH GAEDHLACH AGAT. Tá … PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR Le ceannach i ngach siopa tobac. Cuir a dtuairisc ar lucht a ndéanta — CAPP & MAC PEADAIR Teo. FAICHE SHAIN STIABHNA, ÁTH CLIATH. Ceachta Cainnte Gramadaighe. Seán Ó Catháin do scríobh. An Ghramadach Ghaedhilge is fearr. 2/6. Muinntear Ghuill, Áth Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services