Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Abrán, 1917

Title
Abrán, 1917
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1917
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. a 13. ABRÁN, 1917. Pinginn a Fhiacha.



SÉAMAS NA bPLÉASC



Bhí fear ar ár mbaile 'na tamall ó
shin go dtugtaí Séamas na bPléasc air.
Stracaire d'fhear óg dob' eadh é agus
é neartmhar, cumasach. Bhíodh triubhas
mór leathan air go raibh a shuidheachán
síos go dtí a dhá ghlúin nách mór. Bhíodh
ana dhúil aige sa tobac ach is annamh
a bhíodh aon rud sa phíp aige. Bhíodh a
dhá láimh síos i bpócaí a thriubhais aige
agus cuma leath-amadáin air. Bhí óin-
seamhlthacht bheag ann ach bhí i bhfad níos
mó de'n rógaireacht ann ná mar leigeadh
sé air.



Ní raibh aon fhonn oibre ria ar
Shéamas ach bhíodh sé siubhlach ar thigh duin'
uasail agus toisc go raibh sé éadtrom.
sa cheann ní tugtaí aon nídh le déanamh
do ach rud narbh' fhéidir le h-éinne a
lot. Bhí an duin' uasal 'na chomhnuighe
timpall le trí mhíle amach ó'n mbaile
mór, agus thóg sé Séamas mar theacht-
aire ar dtúis. Bhí sé mar ghnó aige
Séamas dul go dtí an baile mór gach
lá le capall ag triall ar arán. Thagadh
árd-dhúil ag Séamas s'an arán lae-
thannta, ach ní leigeadh eagla dho é dh'ithe
ar an mbóthar ar eagla go ruaigfeadh
an duin' uasal é. Sé an rud a dheineadh
sé annsan ná arán ruadh a thabhairt leis
in-inead an aráin ghil. Bhíodh éadach aige
chun é chur isteach ann agus chuireadh sé
na snaidhmeanna dubha ar an éadach i
dtreó agus nárbh fhéidir le h-éinne é
a sgaoileadh. Nuair a shroiseadh sé an
baile thugadh sé an t-arán do bhean an
duin' uasail, agus d'fhanadh sé féin ag
féachaint uirthi. Bhíodh deabhadh uirthi-sin
b'fhéidir agus nuair a bhuaileadhna snaidh-
meanna léi d'éirigheadh mí-fhoidhne uirthi
agus bheireadh sí ar an sgian chun é a
ghearradh.



“Beatha dhuine a thoil, a bhean uasal,”
a deireadh Séamas, “do sgian féin, a
chroidhe agus t'éadach féin, a chroidhe!”
Nuair a bhíodh an t-éadach gearrtha aici
agus nuair a chíodh sí an t-arán ruadh
dhearmhadadh sí uaisleacht agus deireadh
sí cainnt láidir. Nuair a chíodh Séamas
an t-arán ruadh leigeadh sé air iongnadh
a bheith air.



“Is dóich mhai eireadh sé, “bhí sé
sin chomh geal le sgilling nuair a chuir
sí isteach 'san éadach é.”



“Cá bhfuairis an t-arán so,” ar sise
leis lá.



“Tá comharthaí an tíghe go maith agam,”
ar seisean. “Bhí srothán uisce taobh
amuich do dhoras ann agus capall bán
ceanghailte ag an bhfuinneóig agus ugh-
macha air agus bean bheag istigh agus
aghaidh shalach uirthi.”



“An aithneosá an tigh arís?” ar sise
leis.



“D'aithneochainn go maith,” ar seisean,
“mara mbeadh sí siúd nighte.”



D'éirigeadh an bhean uasal ar straidhn
ar fad. “Imthigh leat as mo radharc,
ní dhéanfadh an saoghal díot ach amadán,”
deireadh sí le Séamas. Bhuaileadh Séa-
mas an doras amach agus an bheart
aráin fé'n oscail aige agus ba ghearr
an mhoill air crích a chur air, agus níorbh'
fhearr leis 'na 'rán gheal é.



Cheap Séamas uair go rabhthas ag
baint an iomad saothair as. Dhéin sé
cleas. An mhaidean 'na dhiaidh san bhí
dhá chaora leis an duin' uasal imthighthe
ar an bhfán. Ní raibh aon tuairisc ortha.
Dúbhairt Séamas go bhfaghadh sé féin iad
dá mbeidís ar uachtar talmhan nó fé'n
dtalamh shíos. D'éirigh sé ar maidin
agus deineadh lón do i gcóir an lae,
agus d'imthigh sé agus tháinig sé arís
tráthnóna thiar agus gan aon tuairisg
aige ar na caoire. Thug sé seachtmhain
mar sin. Annsan dubhairt a mháighistir
leis éirighe as. “Bainfead triall eile
asta,” ar seisean, “agus tá an diabhal
i bpáirt leo mara bhfaghad iad.” Thug
Séamas abhaile na caoire an oidhche sin.



“Thiar i mBínn Dhiarmada fuaireas
iad, a dhuin' uasal,” ar seisean, “agus
nár leige Dia dhom iad maran mé tá
marbh aca.” Bhí meas mór ar Shéamas
annsan. Bhí an croiceann agus a luach
aige — saoghal breágh díomhain ar feadh na
seachtmhaine, sínte le h-ais na gcaorach
istigh i gcoill i n-aice tighe an duin'
uasail agus an baodhchas go léir air
toisc iad d'fhagháil. Tugadh seachtmhain
eile do Shéamas bhocht annsan chun teacht
ó'n dtuirse.



Bhí cócaire ag an duin' uasal agus
cheap Séamas ná raibh sí chomh flaith-
eamhail leis féin agus d'fhéadfadh cócaire
bheith. Níor thaithnigh sí leis dá bhrígh sin.
Cheap sé nárbh' fhearr ann í. Thug sé
buataisí an duin' uasail chuige maidin.
Nuair a sháidh an duin' uasal a chos i
gceann aca is amhlaidh do bhí slisne
feola thíos innti. Ní dubhairt sé aon
fhocal an chéad mhaidin. Cúpla maidean
'na dhiaidh san tháinig na bróga arís
chuige agus bhí slaimice eile feola i
gceann aca. Labhair sé le Séamas mar
gheall air,



“An riabhach cócaire sin, a mháistir,”
arsa Séamas, “ach ná h-abair focal.
Fairfeadsa í.”



“Fair,” ars an duin' uasal go mí-
shásta.



I gceann cúpla lá tháinig Séamas arís
chuige agus feoil istigh i mbróig aige
agus píosa eile feola istigh i mbosca
stáin a bhíodh sa chistin.



“Féach, a dhuin' uasail,” ar seisean,
“mara raibh sé aici i bhfolach do'n mbuach-
aill stábla sin go mbíonn sí féin agus
é féin … um … a dtuigeann
tú?”



“Um,” arsan duin' uasal, “tuigim. ¬
Cúpla lá 'na dhiaidh san cuireadh an ruaigh
ar an gcócaire agus ar an mbuachaill
stábla bocht.



Chaith Séamas mórán dá shaoghal mar
sin ag bhreith an lae leis i gcomhnuidhe
fé sgáth na h-óinseamhlthachta. Nuair a
bhíodh eagla air go bhfaghfaí amach go raibh
sé glic dheineadh sé rud éigin greanmhar
chun meas amadáin a tharrac air féin.
Bhuaileadh sé amach lá agus an bhróg
dheas ar an gcois chlé aige agus visa
versa, agus bhíodh na daoine ag tagairt
do san go ceann tamaill eile agus do'n
amadán a dhein é.



Ach ní mhaireann aon nídh ach tamall
agus fé dheire fuair an duin' uasal
amach ná raibh ann ach amadán iarainn
agus d'éirigh sé tuirseach de agus chuir
sé uaidh ar fad é. Bhí an saoghal go
h-olc agus go h-aindis go ceann tamall
ag Séamas.



Chuala sé sgéalta móra mar gheall ar
Americá agus mheas sé go mbainfeadh
sé triaill as. An lá chuaidh sé ar bórd
luinge thug sé leis mála prátaí agus
soitheach sgadán. Ní fheadarsa an bhfuil
aon mheas aca ar amadáin ins na Státaibh
már níor chuala olc ná maith conus
d'éirig le Séamas ann agus toisc ná
raibh aon mheas ar sgláireacht an uair
sin níor bhac Séamas le h-aon sgéal a
chur abhaile. Imtheacht gé an oileáin a
bhí air — imtheacht gan filleadh go brách,
agus is truagh fear dá cháil d'imtheacht
as an ndúthaigh seo!



Mícheál ó Siochfhradha,
Sgoil na mBráithre
sa Daingean.



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


AN T-EMPÓRIUM,



… le …



M. Ó Súileabháin & a Mhac,



CILL ÁIRNE.



Éadathóirí Maithe



Tá le fághail uatha:



Lása Gaedhealach de'n déanamh & de'n phatrún
is órnáidighe amuich agus saothar lámh is
eadh gach órlach de.



Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt
datha.



Ciarsúirí de'n Línéadach Cheart Ghaedhealach is
a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach
do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh.



Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath
is ar gach gné datha.



Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach
(Muintir Winstanlí & Mac Gabharnaigh a
dheinean.)



Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr
agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do
deineadh.



Nuair a bheir ag taisdeal
in UIBH RÁTHACH ÁLUINN,



— cuir fút sa tigh seo —



Tigh Ósta an Ghearaltaigh
i gCathair Saidhbhín,



An tig is fearr in Uibh Ráthach.
Labharfar Gaedhilg leat ann.



Síol agus Leasú'
don bhfeirm nó don gháirdín.



Áthraighe Iarainn agus
Stáin.



Arán, Min, Plúr, Té
agus Biotáile.



SEÁN Ó RIADA,



An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



Tá i nDaingean Uí Chúise



TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;



SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;



ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.



ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.”



Is aca bhíon plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.



An Mhin Choirce is fearr blas agus is
mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA.



Mícheál Ó Caoimh, a dheinean,
I MAGHCHROMTHA.



Scríobh chuige.



Sean-Fhocail na
Muimhneach.



“An Seabhac” do bhailigh.



Tréithe an Duine.



1 — Duine is a thréithe is deacair iad
a scaramhaint ó na chéile.



2 — Ní lia duine ná meon





3 — Gach aoinne is a mheon féin aige.



4 — Is ionnan a bheith go maith is a
bheith go h-aoibhneach.



5 — Aithnightear duine ar a dhéirc.



6 — Bíonn an rath ar an gcruinneas.



7 — Croidhe gan truaighmhéil ní fhaghann
an trócaire.



8 — Níl bog de ach a phluca.





9 — Tá an chuid is buige dhe i dtóin
a bhríste.



Le daoine ná bíonn fial a deirtear é sin.



10 — Gach aoinne ag tarrac uisce chun
a mhuilinn féin.





11 — Gach dubhán-alla ag tochrais ar a
cheirthlín féin.



12 — Ní fachtar maith le mugha is ní
fachtar clú le déirc.



Le mugha = le neamh-chruinneas, le seans.



13 — Is buaine bládh ná saoghal.
Bládh = clú, ainm, oirdhearcas.



14 — Is fada bheidh do ghníomhartha féin
baistighthe ort.



15 — Deire do'n díograis.



.i. Do'n duine dúthrachtach. Sé is measa díoltar.



16 — An té go mbíonn Éire aige b'fhearr
leis Alba aige.



17 — Is mairg a bhíonn go h-olc is a
bhíonn go bocht na dhiaidh.



Óir bíonn cuimhne fada ag daoine.



18 — Rogha gach inntleachta an mhacánt-
acht.



19 — An té dhéanfadh díoghbháil dá chomh-
ursain le corp drochaigne, dhéanfadh
sé díoghbháil do féin — díoghbháil
anma.



20 — A anam féin ar ghualainn gach
aoinne.



.i. a chúram féin is é é.



21 — Beireann fear sleamhain fiacha leis.



Cuireann sé cruadhtan an tsaoghail thairis gan é
'á chlaoidhe féin.



22 — Is dóigh le gadaidhe na gcruach gur
bradach é an sluagh.



.i. Gur mar é féin a bhíonn gach aoinne.



23 — Is minic a bhíonn ciúin cionntach.



24 — Ní leaghfadh im 'na bhéal.



Duine a chuireann cuma neam-urchóideach air féin
agus an urchóid na chroidhe.



25 — Béal eiehinn agus croidhe cuilinn.



.i. Cainnt bhog agus croidhe cruaidh.



26 — An taobh sleamhain amach agus an
taobh cam isteach.



27 — Ná glac duine choidhche ar a thuairisc
féin.



28 An té bhíonn siubhaltach bíonn sé
scéaltach.



Deirtear, leis:



29 — An té bhíonn siubhaltach bíonn sé
fagháltach,



An té bhíonn fagháltach bíonn sé
silteach,



An té bhíonn silteach bíonn sé
suarach,



An té bhíonn suarach bíonn sé
bréagach,



An té bhíonn bréagach bíonn sé
bradach.



30 — Is minic a bhíonn fear náireach
éadáileach.



.i. Saidhbhir.



31 — An té go bhfuil náire air lasadh sé.



.i. an té ná lasfaidh níl cúis náire aige.



32 — Ní tháinig náire ná allus air.



.i. Duine gan náire.



33 — Leanann náire agus brón an dubh-
áilce.



34 — Taithighe mhéaduigheann toil is tai-
thighe mhéaduigheann locht.



Deirtear “tarraingeann” chomh maith le “méad-
uigheann.”



35 — Tharraingeochadh súgán sneachtaidh é!



Nuair a bheadh fonn ar dhuine rud áirighthe a
dhéanamh.



36 — Ní bíonn adhall gan airc.



37 — Beatha dhuine a thoil [dá mba gabháil
dá thóin sa loch].



Nó: “Beatha, &rl., 's is minic a chuir sé leanbh
maith ag gol.”



38 — Is fearr le duine órdlach dá thoil
na bannláimhe dá leas.



39 — Ní seirbhe an súghadh ná úmhlaidheacht
gan iarraidh.



Deirtear leis “Ní seirbhe an mhúnlach, &rl.”



40 — Aigne réidh a réidhtigheann snáth.



41 — Nuair is dóigh le duine é bheith go
deas 'seadh bhíonn sé 'na chleas
margaidh.



42 — Níorbh' fhearra dhuit bheith id' cheap
céille ná id' strae mhargaidh.



Bheadh oiread de'n rath ort uaireannta.



43 — An té is ciúine sé is buaine.



44 — An té ghrádhann an baoghal caill-
tear ann é.



45 — An fhaid a mhairfidh tú féin mairfidh
do bhéas.



46 — An té go dtéigheann sé amach air
bheith na mhochóiridhe ní miste dho
codladh go h-eadartha.



47 — Duine ag gol is duine ag gáire,
Is duine eile ag cailleamhaint a
náire.





Is duine 'na tháinrith chun na h-uagha.



48 — Is duine le Dia an duine bocht
súgach.



49 Is treise an dúthchas ná an oileamh-
aint.



50 — Gach dalta mar oiltear [is an lacha
ar an uisce.



51 — Fé mar mhairis riamh seadh mhairfir
choidhche



Dá fhaid é an cluiche go deire na
scríbe.



Leathrann de'n “Peacach 's a' Bás” atá na chainnt
choitchinn anois.



(Tuille le Teacht.)



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 3


AN GÁDH ATÁ LE
BÁN-TALAMH
DO BHRISEADH.



Chun an méid bídh is mó
is féidir do sholáthar dos
na daoine bochta taobh
istigh de'n tréimhse
is giorra.



Toramhlacht.



Thabharfadh acra de ghnáth-thalamh



Tonna Coirce, nó
8 dtonnaí Prátaí.



Ní bhéadh as acra de'n talamh
féarach is fearr ach 5 céad de
mhairtfheoil (beó - mheádhta idir
seithí agus cnámha agus uile).



Biadhmhaireacht.



Chothóchadh acra coirce
ar feadh seachtmhaine 100 duine



Agus acra Prátaí - 220 duine



Acra ‘Mairtfheola’ - 8 duine



An t-am.



Chun barra Coirce
d'fhághail tógann sé 5 míosa



Chun barra Prátaí
d'fhághail tógann sé ó 4 go 6 míosa



Chun barra ‘Mairtfheola’
d'fhághail tógann sé 2 bhliadhain



Bainne.



Ní laghdú a bhíonn ar an mbainne
de bhárr curadóireachta ach a
mhalairt. 'Siad na ceanntair
'na mbíonn curadóireacht na
ceanntair is mó beithidheach in
aghaidh an acra ní h-amháin i gcóir
ime agus bainne ach i gcóir
mairtfheola.



Mairtfheoil.



Dá mbeadh 10% de'n bhféaracht
saidhbhir fé churadóireacht do
b'fhéidir níos mó beithidheach
fós do bheathú.



An Dipeartment um Churadóireacht,
I mBaile Átha Cliath,
Feabhra, 1917.



Fear a' Mhadra.



Tímpal le fiche bhliadhain ó shin, do bhí
feirmeóir n-a chómhnuidhe i bParóisde
Fionntrágha, fear creideamhnach, deagh
ghnóthach dob' eadh é. Do bhíodh sé
d'iachaibh ar na daoine an uair sin mar
atá indiu, leath choróin san mbliadhain
do díol as gach gadhar a choimeádaidís.
Do bhídís na píléirí a gcómhnuidhe ag
gabáil tímpal agus ag seiribheáil na
ndaoine go mbíodh gadhair aca, 's ná
díolfadh asta. B'fhéidir gur ar maidin
go moch nó a lár na h-oidhche a gheobadh
duine aca isteach an dorus nuair ná
beadh aon choinne leis.



Deir siad go raibh an feirmeoir seo
maidin bhreágh ag cur aoilig ar pháirc le
capall. Ughaim a bhí ar an gcapall aige
agus bhí gadhairín beag le na chois acht
ambasa ná raibh díolta as, cé gurb árd
a choinnibh an buachailín a chluasa.



Do bhí an feirmeóir ag bagairt an
chapaill leis agus ag cur an bhóthair do,
's é ag bog amhrán do féin. Acht ag
casadh an geata isteach do, do chonnaic
sé rud éigin a bhain geit as. Do thochais
sé a cheann, agus chuir sé mion-chasachtach
as. “Ar mh'anam go bhfuil beirthe orm'”
ar seisean leis féin.



Is amhlaidh do bhí beirt phóilíní ag
gabháil chuige an pháirc anuas agus fuad-
ar fútha.



Do bhí tuisgint mhaith ar Bhéarla ag an
bhfear seo acht má bhí ní leigeadh sé air
é. Nuair tháinig siad suas chuige labhair
duine aca mar seo:—



“Good morning,” ars' seisean.



“Sin í shuas Cruach Mhárthain,” ars' an
feirmeóir.



An Póilín: Is that for oats?



An Feirmeóir: Ní chaithaim aon bhróg.



An Póilín: Ah! you rogue.



An Feirmeóir: Ní ithim aon fheóil.



An Póilín: How old is the mare?



An Feirmeóir: B'fhéidir ná fuil aon
bhean agat féin.



Do bhagair sé leis an capall ansan
mar do shíl sé dá bhfanadh sé ag caint
leis an bpíléir aon tamall eile go
bhfiafróchadh sé dho ar dhíol sé as an
ngadhar. Acht do ghlaoidh an píléir na
dhiaigh agus dúbhairt: “Have you a
license for that dog?”



“Ná'n diabhal stad, go raghad suas
amach,” ars' an feirmeóir ag tarrac lé
buille do'n mhaide a bhí aige ar an
gcapall.



B'éigin dos na píléirí imtheacht leó
agus bhí an feirmeóir ar a shásdacht.
Bíonn gáiridhe go dtí an lá indiu fé an
gcleas a dh'imir an fear nár chuaidh riamh
ar sgoil ar fhearaibh an Rí.



Brighid Ní Chiabháin,
Com a' Liaigh, Fionntráigh.



Leabhair a Thaithnfidh
le Gaedhlaibh,



Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla,
le fághail uainn-ne.



Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
… clár na leabhar …



Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i



Siopa na Leabhar
nGaedhealach.



SRÁID ÍOCH. BHAGÓID, a 50,
BAILE-ÁTHA-CHLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



Táilliúreacht agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i n-Éirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA.,
11 Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Chliath.



RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.



Rásúr “Cosanta”



ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a' bpost.



MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



Gaedhilg agus
Suairceas Saoghail:



I gColáiste Chairbre



a bheidh, i rith mí
LUGHNASA, 1917.



Cuir tuairisc gacha ní ar



MHÍCHEÁL Ó CUILEANÁIN, O.S.,



Seanachúirt, SCIOBAIRÍN.



Le MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH



An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair
is Tobac ann don Ghaedhilgeoir:



UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87
i mBAILE ÁTHA CLIATH.



Tá CÓISTÍ & MÓTAIR d'á ndeanamh againn-ne.



Cuirimíd GLÉAS GÓMA (rubair)
FÉ ROTHAÍ CÓISTE gan ró-mhoill.



CROS agus a CHLANN MHAC,
18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay),
CORCAIGH.



A Ghaedheala! Ceannuighidh



“Éadach na Druipsighe”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaig na Druipsighe (Teo.)
Co. Chorcaighe.



Peictiúirí Deasa Daithte, Saothar Lámh. Leabhair agus Bróidíneoracht. Faigh an Liosta. “Cuala Press” Dúndroma, Áth Cliath.


L. 4


Iol-Scoil na Mumhan
(RING IRISH COLLEGE).



Samhradh, 1917.



An Chéad Teurma:
Ó'n dara lá Iúil go 27mhadh.



An Dara Teurma:
Ó'n chéad lá Lughnasa go 29mhadh.



Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus
breaghdha is eadh an Coláisde agus an tigh
comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go
cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige
ann agus na hOidí go toghtha.



PÁDRAIG Ó CADHLA,
An Fear le Scríobhadh.



Carabhataí den Phoiplín



ar gach dath is
ar gach gné datha.



Liam Ó hAimheirgín,
(‘W. Bergin’)



a dheinean do lucht siopaithe.



Scriobh ag triall air go



62 Sráid Ghrafton,
in Áth Cliath.



Coláisde na Múmhan.



OSCALÓFAR AN COLÁISDE
I mBÉAL ÁTHA 'N GHAORTHAIGH,



Dia Luain an naomhadh lá de
mhí dheire 'n tSamhraidh, 1917.



Tá gach aon tuairisc i dtaobh an Choláisde le
fagháil ó Liam De Róiste, 28 Sráid Mharlboro,
i gCathair Chorcaighe.



Coláiste an Daingin



Dhá Théarma —
Mí Iúil agus Mí Lughnasa, 1917.



Tá Coláiste an Daingin i lár
na dúthaighe is Gaedhlaighe
i gCúige Mumhan.



Má's Gaeluinn atá uait
tar 'n Daingean.



Gach eolas le fagháil ó



AN RÚNAIDHE,
Coláiste an Daingin,
Daingean Uí Cúise.



ó
CHOMPLUCHT DONOBHÁIN,
I dTRÁIGHLÍ,



a gheobhair an deaghmhargadh, má
bhíon aon rud mar iad so uait



TROSCÁN TIGHE,
ÁRAISTÍ BÚIRD,
ÁTHRAIGHE STÁIN is IARAINN.
GUAL, AOL,
BRÍCÍ, “SEIMÍN,”



agus gach cóir eile oirean DO LUCHT
TÓGÁLA TEACH.



An Lóchrann.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh … an Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair.



Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain.
Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain.



Scríobh chun an tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.



Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leisan eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
&c., do chur.



ó Cuill & a chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath … Na Díoltóirí.



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
"An lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



Ó'n bhFear Eagair.



Tar éis an méid chainnte adubhairt le
cúpla mí sa cholamhain seo, ní abrochad
mórán an mhí seo 'nois againn.



An duais sin a tharraingeas dhá mhí ó
shin ar son aiste ar bheatha an Dochtúra
Ó h-Iceadha, is do Bhrighid Ní Lonáin
ón Rinn, atáim á mholadh. Ó Tuama ó
Libherpool a thug 10/- dhom.



Tá duaiseanna Choláisde an Daingin
ag dul do



Bhrighid Ní Chiabháin, Com a Liaigh, Fionn-
tráigh.



Eibhlín Ní Mhuircheartaigh, Cillmhica-
Domhnaigh, Fionntráigh.



Duais eile do —



Máire Ní Chróinín, Sc. Céim an Fhiadh,
Co. Chorcaighe.



Fuaireas 18/- ó'n Athr. D. Ó Cathasaigh
i dTráighlí chun duaiseanna.



Fuaireas scríbhinní ó Sheán Ó Curráin,
Bradford; Séamas Ó Caomhain, Dún
Chaoin; T. Ó Criomhthain, an Bloscaod;
Cormac Ó Cadhla, Mainistir Fhearmuighe;
Seán Ó Clúmháin, Móin a' Lín, Luimneach,
&rl. Táim buidheach díobh.



"An Seabhac,”
Fear an Lóchrann.



IRISH MANUFACTURERS' DIRECTORY
AND YEAR BOOK, 1917.



Fuaireamair cóib de'n leabhar eolais
seo. Tar éis scrúdú a dhéanamh air ní
miste linn a rád gur mór an bhreis
tuairisce atá againn ar chúrsaí gnótha
& déantús na hÉireann. Ní ceart d'aon
fhear gnótha ná d'aon fhear poiblidhe i
nÉirinn bheith gan cóib de'n leabhar
tairbheach so.



Compiled & published by Kevin Kenny, 65 Middle
Abbey Street, Baile Átha Cliath. 2/6 fé chlúdach
éadaig. 2/- páipéar.



Do BHÁS anso.



D'éag



NIOCLÁS Ó CIONAOITH



ar an 8adh lá de Mhárta, 1917,
Ag Caisleán an Chumair.



Go ndeinidh Dia trócaire ar a anam.
Amen!



Domhnall na nGeimhleach.



Bhí fear ar thaobh Uibh Ráthaigh fadó i
bparóiste na Faille Móire. Sé ainm
a bhí air Páidín Ó Síodhcháin. Bhí muirear
mhór ghearrchailí air ach ar deire thiar
baisteadh mac dóibh. Bhí Páidín aosta
go maith nuair rugadh an mac agus
dubhairt sé leis féin gur dócha ná mair-
feadh sé féin le h-aon phósadh a dh'fheis-
cint air agus go raibh sé chomh maith
aige baiste maith flaitheamhail a thabhairt
ar an mac. D'imthigh sé lá breagh
foghmhair — é féin agus a chapall agus a
ughaim is a shrathar fhada — agus thug sé
aghaidh ar Chilláirne chun lón i gcóir an
bhaiste a bhreith abhaile leis. Ar a chasadh
abhaile bhí sé breagh súgach, meidhréiseach,
agus áthas an domhain ar an nduine
bocht á innsint do gach aoinne cad é
fios a chúram. Thárluigh duine uasal leis
ar an mbóthar. Bhí an duine uasal ag
fiadhach. Bheannuigheadar féin do n-a
chéile, agus dar ndóigh, d'innis Páidín
a scéal dó. Nuair a bhraith an duine
uasal gur duine bog baoth Páidín rug
sé leis é i gcóir na h-oidhche go dtí n-a
chaisleán féin.



I gcionn tamaill de'n oidhche teasbháin
an duine uasal leaba chodlata do Pháidín
agus dubhairt leis bheith istigh. Do bhain
Páidín do agus chuaidh sé sa leabaidh.
Nuair a bhí Páidín na chodla rug an
duine uasal éadach Pháidín agus a
chapall leis go dtí an roilig. Thóg sé
corp a bhí curtha ann le cúpla lá roime
sin, chuir sé éadach Pháidín ar an gcorp
agus chuir ar dhrom an chapaill é, agus
cos leis ins gach aon ughaim chun ná
tuitfeadh sé. Nuair a bhí sé socruighthe
aige scaoil sé an capall ar a aghaid
abhaile.



Nuair tháinig an capall go dtí an tigh
agus nuair chonnacthas an corp do bhí
pililiú aca. Chuireadar fé chlár é agus
dheineadar é thórramh. B'é lón an bhaiste
an lón tórraimh a bhí aca. Cuireadh é
lá ar n-a mháireach.



Nuair a dhúisigh Páidín agus nuair
'éirigh sé ní raibh a chuid éadaigh le
agháil aige. Bhí sé ag glaodhach is ag
lóraighil ach ní thug aoinne aon tor' air.
Chas sé an bairrlín bán air féin agus
chuaidh sé ar thuairisc an chapaill agus
n stábla. Ní raibh aon rian de'n
apall ná de'n stábla ann agus b'
ongna le Páidín sin. D'fhill sé ar an
caisleán ach má fhill ní raibh an cais-
eán ann roimis ná a thuairisc. Tháinig
cannradh ar Pháidín annsan agus theich
é ón áit agus bhí sé ag iarraidh an
aile a bhaint amach; ach ní leigfeadh
áire dho an bóthar a ghabháil toisg gan
'éadach a bheith air an bairrlín.



Tár éis roinnt laetheannta tháinig sé
i gcomhgar a thighe féin ach toisc na
comharsain go léir a bheith ag obair
insna gortaibh ní leigfeadh náire dho dul
abhaile. Bhí cruach móna leis fein ar
imeall an phortaigh agus chuaidh sé i



Leabhair agus Peictiúirí cun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 5


bhfolach isteach i mbéal na cruaiche go
dtiocfadh an oidhche air. Tar éis na
h-oidhche a thuitim tháinig fear comharsan
is cliabh air chun cliabh móna a ghoid as
cruaich Pháidín. Má seadh ní fada go
raibh siubhal fé agus gach aon scread
aige go raibh púca Pháidín sa phortach.
Do lean Páidín é, ach gach aoinne chíodh
chuige an amhailt theicheadh agus bhídís ag
baint poll an iarta amach. Do bhuail
Páidín cnag ar a dhoras féin ach ba
bheag an tairbhe dho. Is amhlaidh do chuaidh
a raibh istigh ar a dhá nglúin á iarraidh
ar Dhia an suaimhneas siorraidhe a thabh-
airt d'anam Pháidín Uí Shíodhcháin. D'
fhógair Páidín i n-ainm an diabhail iad
san agus bhíodar siúrálta annsan gur
thíos a bhí sé. Fé dheire b'éigean do
imtheacht.



Lá'r na máireach le linn an Aifrinn
do bhí an sagart ag cur Pháidín fé
ghuidhe an phobail nuair do bhuail sé féin
agus a bhairrlín an doras isteach agus
lár an tséipéil aníos chúcha. Deirim-se
leat gur deineadh casán do! Bhí fear
na móna 'ghoid ag breith chuige féin.



D'innis Páidín do'n tsagart agus
do'n phobul an scéal go léir agus gur
dócha gurbh é Domhnall na nGeimhleach a
bhuail leis i n-aice Locha Léin agus a
dhein an stáicín áiféis sin de.



Eibhlín Ní Chonchubhair,
Com a Liaigh, Fionntraigh.



Mac an Aodhaire.



Bhí lánamha bhocht fadó ann agus ní
raibh aca acht aon mhac amháin agus ní
raibh sé sin ró mhaith na cheann. Ní raibh
aon tslighe mhaireachtaint ag an lánamhain
so acht a bheith ag obair do fheirmeóir a
bhí i naice leó. Bhí an fear ag féireacht
bha * ag an bhfeirmeóir lá agus chuir a
bhean a mhac lé stán leitean chuige. Bhí
an garsún ag imtheacht leis agus chonnuic
sé a scáth ar an mbóthar. Cheap sé gur
fear é agus bhíodh sé ag caitheamh cuid
don leitin chuige anois is aríst.



Nuair a chuaidh sé ar an ngort go
dtí a athair ní raibh aon leite aige.
D'fhiafruigh a athair de cá raibh an leite
agus dúbhairt sé go dtug sé do fhear
í a bhí ag teacht i n-éinfheacht leis. “Fan
ansan,” arsa an t-athair, “agus ná leig
aon cheann dos na ba soir ná siar nó
go dtiocfadsa. Ní fhanfadh na ba
socair agus nuair ná fanfadh níor dhein
sé ach na cosa bhaint díobh. Ní raibh cos
fé aon bho nuair fhill an t-athair.



Nuair a chonnuic a athair cad a bhí
déanta aige dúbhairt sé leis: “Imthigh
agus ná fill ar an dtigh faid a mhairfir,
agus gura measa amáireach ná indiú
thu.”



D'imthigh an garsún leis agus ní raibh
aon phort aige ins gach aon áit dar
ghaibh sé acht “gura measa amáireach ná
indiú thu.” Bhí sé ag imtheacht leis agus
casadh ar fhear é a bhí ag baint phrátaí.
Stad sé ag caint leis an bhfear agus
dúbhairt sé leis: “Gura measa amáireach
ná indiú thu.” “Á,” arsa an fear, “ná
h-abair é sin, acht abair gura mó amáir-
each againn ná indiú aca.”



D'imthigh an garsún leis aríst agus ní
raibh aon phort ansan aige acht “gura
mó amáireach agaibh ná indiú aca.” Ba
gheárr go raibh sochraid na choinne agus
labhair sé leis an sagart agus dúbhairt
sé leis: “Gura mó amáireach agaibh ná
indiú aca.” “Á,” arsa an sagart, “ná
h-abair é sin, acht abair ‘beannacht Dé
le h-anamnacha na marbh.’” D'imthigh
sé leis aríst agus ní raibh aon phort
ansan aige acht “beannacht Dé le h-anam-
nacha na marbh.”



Chasadh ar fhear é, fé cheann tamaill,
a bhí ag crochadh gadhair agus dúbhairt
sé leis an bhfear: “Beannacht Dé le
h-anamnacha na marbh.” “Á'” arsa an
fear, “ná h-abair é sin, acht abair,
madra á chrochadh le gad.’” D'imthigh
sé leis ansan agus chuaidh sé isteach i
sáipéal. Bhí lánamha a phósad sa
t-sáipéal. Chuaidh sé suas go dtí an
Altóir agus dúbhairt sé ana-árd, “Madra
á chrochadh lé gad.” “Á,” arsa an
sagart, “ná h-abair é sin, acht abair,
‘Go gcuiridh Dia an rath ar an lánamhain
phósta.’”



D'imthigh sé air aríst agus ní raibh
aon phort ansan aige acht “Go gcuiridh
Dia an rath ar an lánamhain phósta.”
Chasadh ar fhear é a bhí ag baint dhá
mholt amach as caire. Labhair sé leis
an bhfear agus dúbhairt sé: “Go gcuiridh
Dia an rath ar an lánamhain phósta.”
“Á,” arsa an fear, “ná h-abair é sin,
acht abair, ‘Tá ceann aca amuigh agus
ní fada go mbeidh an ceann eile.´”



D'imthigh sé leis ansan agus tháinig sé
ar bruach na fairrge. Chonnaic sé bád
beag istigh sa tráig agus beirt fhear
ínnti. Chuaidh sé síos 'an tráig agus
bhí sé ag rádh an tseana-phoirt i gcómhn-
aidhe, “Tá ceann aca amuigh agus ní
fada go mbeidh an ceann eile. Bhí
fíghdóir ar an dtaobh thiar de a bhí ar
leath-shúil, ag éisteacht leis. D'fhiafruigh
sé dhe cad a bhí sé a rádh. “Tá ceann
aca amuigh agus ní fada go mbeidh an
ceann eile,” arsan garsún. Cheap an
íghdóir gur chuige féin a bhí sé. Bheir
é na bhaclainn air agus chaith sé le faill
é agus mhairbh sé é.



Pádraig Ruiséal,
Scoil Smerbhic.



* féireacht bha .i. aodhaireacht bhó.



Bacach le Bean-tighe:



Ní h-aith liomsa an braon geur,
An braon guirt, an braon breun,
An braon indé.
Ach scála de bhraon bhog the,
Agus é fhághail ó bhruinneall,
A mhúirnín!



Gheobhaidh do mhac togha na
scoluidheachta —



I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



Aonrud mar LEACHT AR UAIGH nó



ALTHÓIR don TEAMPALL



San Aolchloch nó sa' Mharmar,
… déanfaidh …



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG



Ar Fheabhas é. Scriobh chuige.



Gheobhair deaghmhargadh
uaim-se i gcomhnaidhe.



TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
fad-sa an postas ar cheithre púint de.



PLÚR Gaedhlach.



MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min
bhuidhe.



SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas.



SEÁN MAC CURTÁIN,



SRÁID A' tSEANDÚNA, CORCAIGH.



A BHEAN A' TIGHE! Cad é an saghas plúir
a bhíon agat?



Is é an PLÚR “EAGLE,” an plúr
is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus
an PLÚR “LION” is
fearr do lucht-aráin-a-dhíol.



Muíntir Mhic 'ille Sheathanaich a dheinean
i gCorcaig.



GEO. SHAW & SONS,



Muileann Sain Seán, i gCORCAIGH.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,
ó
MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.



Má tá
TRUCAIL, CÁRR nó CÓISTE
UAIT,
NO DEISIÚ LE DÉANAMH
AR ROTHAÍ, &C., &C.,



Scríobh nó glaodhaig chugainn-ne:



C. Ó CONAILL agus a Chualacht,
SRÁID LIADROM,
CORCAIGH.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí spóirt o Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 6


Táid so 'á ndéanamh againn-ne —



ÉIDE SAGART,



ÁTHRAIGHE ALTHÓRA
mar chailísí, miasa, &c.



CROISEANA



den déanamh ceilteach in ór nó
airgead geal, agus



BUINN ÓIR
is
AIRGID.



LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor.



Sinn-ne a dhein
SNAOIS CHORCAIGHE
ar dtúis agus atá 'á déanamh
i gcómhhnaidhe.



TOBAC CÚMHRA



an dá shórt so —



“Exhibition Roll” agus
“Shandon Plug.”



Má theastuighean uait aon tobac nó
saigréidí do chur chun aonne atá sa
chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó
cháin, ach leath phúnt, ar a luighead,
bheit sa' bheairtín idir thobac is saigréidí.



LAMBKIN BROS.,
9 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
IS A CHLANN MHAC (Teo.),
CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.



IN AMERICE,



Tá gach saghas earraí Gaedhealacha
ar díol sa tsiopa so, agus is le
Connradh na Gaedhilge é:



‘IRISH INDUSTRIES DEPOT,’
— 624 Madison Avenue, —
in NUA-EABHRACH (NEW YORK).



DO BHEATHA 'S DO SHLÁINTE
ANSO.



1. — BIADH (Tuille dhe).



Is breagh an biadh leite mhin-choirce
& an buachaill nó an cailín a gheobhadh
pláta dhi ag dul ar sgoil dóibh ar
maidin agus leath phiúnt leanamhnachta
le caitheamh léi ní bheadh ocras ortha
go cionn tamaill. Is féidir do dhaoinibh
tuaithe an biadh sin a bheith aca, ach is
deacair do dhaoinibh bochta ar na bailte
móra é sin, ná aon bhiadh foghanta eile,
do sholáthar an aimsir seo.



Daoine a dheineann obair chruaidh ní
mór dóibh feoil d'ithe, ach tá a lán
daoine a itheann an iomarca feola, &
tugann san droch ghoile dhóibh. Mairt-
fheoil an biadh is fearr, ach tá sí trom,
doleaghtha, agus ní oireann sí ach do
dhaoinibh a dheineann obair throm chor-
porda. Is éadtroime & is so leaghtha
an chaor-fheoil ná í agus is oireamhnuighe
í do dhuine tinn. Do bhí na Gaedhil an-
cheanamhail ar mhuic-fheoil fadó. Is biadh
í nach mór d'ollamhughadh go maith do'n
mbórd mar bíonn síol an ghalair innte
uaireannta. Is maith an biadh í do aim-
sir fhuar mar tá teas innte. Tá teas
ins gach saghas feola, agus tá sé de
chomhacht aca leis go ngríosann siad
duine chun oibre. Is biadh maith leis
laoigh-fheoil, uan-fheoil, sicíní & an sórt
san, ach táid bog & mórán uisge ionnta.



Ba cheart go mbeadh mórán éisg dá
chaitheamh i nÉirinn nuair atá an fhairge
mór thimcheall orainn; agus iasg flúir-
seach ins na h-aibhnibh & ins na lochaibh
leis. Tá iasg maith chomh tairbheach mar
bhiadh le feoil ach gan an teas ná an i
gríosughadh bheith ann. Mar gheall ar sin
ní shásuigheann sé daoine chomh maith le
feoil. Dá thúisge a caithtear iasg tar
éis breith air iseadh is fearr é. Nuair
ná fuil mórán geire ins an iasg is
fearr roinnt ime nó biadh éigin eile a
mbeadh geir ann d'ithe leis.



Tá cáise chomh-maith mar bhiadh le
mairt-fheoil, & deintear i nÉirinn anois
í, ach tá sí doleaghtha, agus mar gheall
ar sin ní féidir mórán di d'ithe.



Tá mórán tráchta ar phrátaí le tamall
anois, agus is biadh iad do bhraithfimís
uainn go mear; ach ba shuarach an béile
bidhe iad gan feoil nó iasc nó im n-a
bhfochair. Uisge is eadh trí cearthamhna
de'n phráta, agus stailc is eadh urmhór
na coda eile dhe.



Tá cabáiste, leitís agus torthaí eile
folláin mar glanann siad an fhuil agus
an croiceann. Ní mór iad do chaitheamh
sul a nimthigheann an úire asta. Tá
torthai crann go maith le n-ithe. Tugaid
congnamh chun an biadh eile do leaghadh.
Ní ceart iad d'ithe gan beirbhiughadh muna
bhfuil diad lán aibidh. Leite mhín-choirce,
uibhe cearc, anairte, arán is im is fearr
do leanbhai atá ag fás chun feola do
chur ortha agus iad do neartughadh. Ní
gádh biadh do chaitheamh thar trí h-uaire
sa lo, agus ba mhaith an rud é chaitheamh
ar an uair chéadna gach lá. Ní chuireann
muintir na hÉireann leath a ndóthain
spéise i mbiadh. Ní féidir d'aoinne
bheith n-a shláinte ná obair mhaith a
dhéanamh gan a dhóthain bidhe do chaitheamh
de bhiadh folláin.



(Tuille). Peig.



AMHRÁN NA mBRÓG.



Do cheannuig fear óg pheidhre bróg faiseanta dho
féin is do chuir sé i bhfolach ar bhruach abhann iad.
tháinig cailín de'n áit ortha is bheir sí léi iad bhí
"ailliliú pilliliú creachadh me” ag an bhfear óg
nuair ná fuair sé na bróga roimis mar ar chuir sé
iad. Deineadhan t-abhrán so mar gheall ar a' gcúrsa.



Siar chun Ráththiaraigh do thriallasar maidin,
Agus d'fhágas mo bhróga cois feorain sa
Scairbh,
Do bhíodar chomh nódh 'gam de óg-sgoth an
leathair,
'S beidh an drúcht so am sgóladh mar is
dócha ná casfaid.



Níor bh'í seithe Dún Pádraig do ráinig na
n-íochtar,
Ach an buffaló ó'n Spáin, is é dh'fhagháil ar
a raímhre.
Bhí uachtar de'n calf skin líneáltha le síoda,
Chomh sleamhain leis an áirne, is níor ghádh
dhóibh bris' choidhche.



A Sheáin óig Uí Bhraoin, an fíor é nó an
dóigh leat,
Nó a gcloiseann tu an gíodlam a' dul
timchioll thar mo bhróga,
Táid siad dá shíor-innsint gurbh óig-bhean
a thóg iad,
Is ná cuardóchá-sa an tír dóibh, ó'n Snaidhm
go dtí Bólus.



A bhráthair na ndriólan is brónach mar nidh
liom,
Mar d'fhágais do bhróga cois feorain na
taoide,
Gur ghaibh cúcha óig-bhean is go dtóg sí le
grinn iad,
'S go rabhdar chomh gleóite 's gur mheón léi
a gcur uímpe.



Má bhís-se léi páirteach 'na págh í níor
dhíolais
Is ba lag léi le rádh ná le n-áireamh a
gcoimeád choidhche
S' amhla a chualaidh sí go raibh rás mór ar
thráigh thuaidh na h-Aoine
Is do bhíodar an lá san go sásda uirthi ag
rinnce.



Nuair bhuaidh sí an bálsan is sásta do bhí sí
D'eirigh sí ar a háboc (?) dresálta mór
dtimchioll,
Ó Chathair Íbh Ráthaigh thug sí an bárr léi go.
h-Ínse,
Is bhí sa Daingean lá 'r na mhárach ag ceann
cláir ag ól fíonta.



Annsan goideadh na bróga ins an ól uaithe.
istoidhche,
Agus bhí sí chomh brónach gur stróic sí a raibh
uímpe,
Chuala sí gur stróire ó Thigh Móire do rínnc
léi,
Do fhuadaigh na bróga chun parróisde Dhún
Chaoin siar.



Annsan d'éirigh si amáireach, go cráidhte is
ag caoi-ghol,
Is do ghaibh chun Ceann Trágha siar, mar ba
ghnáthach le flít bheith,
Bhíodar díoltha ag an ngárda sar ar ráinig
sí timchioll,
Le captaen an árrthaigh is fuair mála d'ór
buidhe ortha.



Muiris Ua Cinnéide,
Sráid Eóin, Daingean,
a d' aithris.



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


Feirmeóireacht.



Dómhnall Bán agus a bhean 'n-a suidhe
cois na teine istoidhche, agus cómhursa
dhóibh Tadhg Ó' Urdail 'n-a dteannta.
Feirmeóirí is eadh Dómhnall agus Tadhg.
Leanbhaí Dhómhnaill sa tseomra dtaobh
shíos díobh. Teine agus bórd agus solas
sa tseomra, agus na leanbhaí go gleodhach
ag foghluim amhráin as “An Lóchrann.”



Dómhnall: Nách gleodhach atá na páisdí
sin, a Mháire. B'fhearra dhuit dul síos
agus a rádh leo an clisiam a chur uatha
nó go gcuirfead gach éan duine aca suas
a chodladh.



Máire: “An Lóchrann” atá aca. Thug-
adar ó'n sgoil aréir é, agus táid siad
a foghluim amhráin éigin atá ann a
thaithneann leo.



Dómhnall: Abair leo mar a n-éistid
siad go loisgfead é. Ní sheasóchadh
ceann iarainn leo gach oidhche Shathairn
agus Dhomhnaig ó tháinig “An Lóchrann”
céadna amach. Ní fheadar cad é an sult
a gheibhid siad ann.



Máire (gáiridhe): A gcloiseann tú é,
a Thaidhg? Agus nuair a chuaidh na
leanbhaí a chodladh aréir, do fuair sé
féin “An Lóchrann,” agus d'fhan sé ann-
san gur léigh sé ó chúinne go cúinne é.
Ní h'é sin amháin, acht d'fhanas féin ag
éisteacht leis, i gcás gur beag ná raibh
sé glaodh an choiligh nuair a chuamair a
chodladh.



Tadhg: Cloisim an sgéal céadna in
sgach éan bhall. Deir Seán ach Diarmuda
go mb'fhusa leis déanamh gan tobac ná
bheith i n-éaghmais an pháipéir; agus nuair
a bhíos ag gabháil anoir a bóthar ó chianaibh
do bhuail an sagart umam, agus “An
Lóchrann” fíllte 'n-a láimh aige.



Máire: Cad deir an Gruagach leis na
feirmeóiríbh an mí seo, a Dhómhnaill?



Dómhnall: Ní deir sé pioc. Ní'l
focal ó'n nGruagach ann, a Thaidhg.



Tadhg: Nách greanamhar é sin; cad
imthig air ní fheadar!



Dómhnall: Cad imthigheann ar a
leithéid? Leásaidheacht a theacht air
b'fhéidir, nó braon san mbreis d'ól.



Máire: Éist, a Dhómhnaill; ní fheadarís
ná gur breoidhte a bhí an duine bocht.
Bhí an aimsir ana dhian le tamall.



Tadhg: Thuitfeach amach, a Mháire. Is
maith an rud a leath-sgeul do ghabháil
pé sgeul é.



Dómhnall: Ó, is furaiste le Máire
leath-sgeul d'fhághail do'n Ghruagach. Ó
dubhairt sé gur ghalánta feirmeóireacht
ná éan tslighe bheatha eile tá Máire ar
a thaobh, agus beidh. Is olc a labhrann
sí chun bean fhir a' tábhairne ar an
gcrosbhóthar ó shoin, agus dubhairt sí an
san aréir, agus mé a' léigheadh “An
Lóchrainn” di, gur cheart do'n dochtúir
a hata do bhaint dá cheann di le
h-urraim di.



Máire: Ná bac an cladhaire sin, a
Thaidhg. Ní dubhairt a leithéid; acht ó
chuir sé chuige anois me déarfad go
bhfuil sé chómh ceart ag an seana dhochtúir
urraim do thaispeáint dómhsa agus tá
sé ag Dómhnall urraim do thaispeáint
do bhean an dochtúra.



Dómhnall: Go mór-mór nuair ná fuil
innte acht seana leastar díomhaoin — sin
é ghlaodhais an lá fé dheire uirthe, a
Mháire.



Máire: Pé nidh ghlaodhas uirthe, tá
cuid de chaint an Ghruagaigh ag teacht
chun críche go tiugh, dá mhéid de mhagadh
a bhí agat-sa ghá dhéanamh de tá rátha ó
soin ann.



Tadhg: Im baisge gur fíor san duit,
a Mháire. Is mór an fear é an feirm-
eóir sa tír indiu. Is mó páipéar lán
de thuairisg ar a chuid oibre. Is beag
de thrácht ar thighthibh tábhairne, ar lucht
dlighe, ná ar dhochtúiríbh. Is beag is fiú
anois iad. Is maith d'fhéadfamís déanamh
'n-a n-éaghmais. Badh thairbhaighe marbh.
ná beo iad.



Máire: Faire fút, a Thaidhg. Níor
mhaith liom éinne do mharbhú dá mbeadh
leigheas air, agus gheobhmíd go léir ár
ndóithin le congnamh Dé.



Dómhnall: An fíor, a Thaidhg, go bhfuil
Clanna Gaodhal i gcontabhairt mar a
chloisimíd?



Tadhg: Deir an sagart go bhfuilid, a
Dhómhnaill. Do bhíos ag caint leis, mar
a dubhart leat, ar mo theacht isteach.
Deir sé ná fuil an iomarca bídh sa
domhain i n-aon chor, agus dá mbeadh an
t-síothcháin féin anois againn go mbeadh
an bia gann. Deir sé go bhfuil cuid
mór do loingeas an domhain ag fritháil
ar an armáil sa bhaile agus thar lear;
agus go bhfuil mórán loingeas dá
mbáthadh. De dheasgaibh na nidhthe seo,
deir sé gur b'olc a féadfar bia a
ndóithin do sholáthar dos na daoinibh go
mbeiridh an fóghmhar orainn, agus as san
amach go gcaithfimíd maireachtaint asainn
féin.



Dómhnall: Agus a ndeir sé gur féidir
dúinn é sin a dhéanamh?



Tadhg: I nÉirinn is féidir. Ní'l puinn
daoine againn anois le cothú, agus tá
mórán tailimh againn. Má's toil le Dia
an rath do chur ar obair an fheirmeóra,
beidh gach nidh go maith.



Dómhnall: Agus i dtaobh Shasana?



Tadhg: Ní déarfadh sé éin nidh mar
gheall ar sin.



Dómhnall: A sgiobfaidh siad uainn an
biadh, an dóigh leat?



Tadhg: Ní dóigh — acht cá bhfuil Máire?



Dómhnall: D'éaluig sí síos chun na
leanbh, nuair a chualaig sí ag caint ar
an mbia sinn.



Tadhg: Ní dóig, a Dhómhnaill — acht is
mithid dom bheith ag dul abhaile, nó ní
bheadh i n-am chun na Coróineach.



Gruagach an Tobair.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn.



H. JOHNSTON,
TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Teo.,



Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.
"Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces'
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
"Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Port an Phápa, CORCAIGH.



Chómh -blasta le h-aon -ím!



MARGAIRÍN
“LEANDAR”



Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag
Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA
Agus a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX IS A CHLANN MHAC (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid



Gaedhil: sa tSIOPA BAGÚIN



… atá ag …



TOMÁS Ó MURCHADHA,
(‘T. J. Murphy’)



111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH,



ar aghaidh Árdoifige an Phuist anonn.



I n-Éirinn a Deintear



“BRÓGA NA LAOÍ.”



Táid le fághail i ngach sráid bhaile.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail o Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 8


PETITION BACAIGH.



Go mbeannuighidh Dia, Muire agus
Pádraig, agus Colm Cille mac Feidhlime,
Peadar na n-eochrach, Eóin baiste, an
Dá Aspal Déag, agus Dia mór na
glóire annso! Dar an leabhar baistíghe,
a óig-bhean a' tighe seo, tá gnúis deigh-
mhná agat, agus tá tú go maith, agus go
maith ba chóir duit a bheith, agus gur
ó'n maitheas a tháihig tú. Tá dúil agat
i nDia, agus dúil ag Dia ionnat. Tháinig
mise ag iarraidh cuid na h-uaire seo
rt, agus cuid na h-uaire nach bhfeacaidh
mé go fóill, in ímpidhe ar Dhia mhór na
glóire, agus Mhuire baintíghearna a' Rígh,
an t-ochtmhadh bean déag d'Á bhanntracht,
do d'chúmhdach ar chonách, ar thubaiste
agus ar ghalar ghránda na bliadhna-sa.
Bhéarfaidh mise mo bheannacht duit, a's
gurab í sin a' beannacht — aireachas in
ionad suidhe agus spláir duit. An uair
a bhias breith dá thabhairt, agus ceird dá
fhuascailt, s'anam gléigeal go raibh ar
dheas-láimh Mhuire Bhaintíghearna, a agrann
do leas-sa, nó meirtne do shláinte, le
d'fhéachaint ar a' díocuir a's ar a'
deacair, agus ar na greamanna dubha
dochracha bhíos ag lagadh agus ag neimh-
neartadh na gCríostuidhe.



Do dhéanfad-sa turua speeisialta ar
do shon ag Séipéal Mhuire na gcoinneal
ag Teorma Cruaiche Phádraig, ag seacha
Bó Báine, ag leac Sant Donnchadha,
turus Thobair Íosa, turus Thobair Bhríghde
agus turus Thobair Rígh an Dómhnaigh, agus
turus Thobair Eóin Bhaiste, ó 'sé is
fearr ná an t-iomlán, geallaim a's
luighim a's mhóidighim do Dhia! A óig-
bhean a tíge seo, ná saoil-se gur
bulsgaire no ballsgaire mise; ná saoil
gur preab-chaoinlín atá faoi mo sháil-se
annso; ní h-eadh ar aon chor, acht duine
bocht martaraigh atá ionam, a chfuil oct
gcnámha déag de m'chnámha sa talamh le
seacht mbliadhna, a's an chuid eile ag
iarraidh Devotion ort-sa.



A luibh dhíbeartha na gorta, a agrann
soillse na Tríonóide a's a bhanoglach
Mhuire Bhaintíghearna, go deimhin do
shiubhail mise aontuighe Mumhan agus
margaidhe Laighean, Uaisle Buitléaracha
agus maithe Caomhánach, agus ní fheaca
mé shíos ná thuas, thoir ná thiar, cailín
óg i bhfad san, ba dheise caol coise bárr
boise a's déad fiacal ná thú féin. Éirigh
id' shuidhe, a chroidhe gan churadhas, a lám
an oinigh, a's a bhuime na mbocht, tabhair
coiscéim do'n Athair, a's coiscéim do'n
Mhac, agus ar an dtríomhadh coiscéim
bheidh tú ag an doras.



Ná saoil-se gur de'n mhuinntir
imthigheas amugha, nó thigeas i mbáireach
mise, no thógas lúb a' phota, no fiú na
círe. Tá baramhail agam féin nách bhfuil
rud ar bith le fághail annso acht solus
lae agus an t-uisge. Óir féach an bhfuil
rud beag éigin de'n tobac fireann
fiarach agat, a chireadh anuiridh a's a
buineadh i mbliadhna, so-dheargtha, dó-
mh úchta, ar mhórán deataigh a's ar bheagán
luaith. Ní h-é an truis é, ní h-é an
trais é, ní h-é an bolcán é, ní h-é an
súghán é, acht sé smior cúmhra an oileáin
é, bhainfeadh géim as is chuirfeadh fonn
feis' ar dhuine mharbh. Dearc, thusa, ar
amuirín bhocht mhartaraidh, 'tá gan cur
earraigh, buain fóghmhair, bliocht samhraidh
nó comhnuidhe geimhridh.



Acht fiche mála de mhálaighibh agam
féin, agus béal gach mála aca fosgailte:
darab ainm mála na úighe, mála na
tóighe, mála an mhuinéil, mála an tslin-
néin (tslinneáin), bolg a' tsoluis, an
piolluire, an siolluire, agus Brian buidhe,
an mála beag 's a' mála mór, mála na
h-iosguide, mála na h-asguille, mála
na taoibhe a's mála na tóna, mála na
gcluas, an giolcuire, an giortuire, an
Satchel, an slaiséir a's an slis.mhála,
an priocuire, pórtmantel, Receiver,
buidéala a's come quick, léim ar
guailinn a's a' Butter Box.



Éirigh suas a óig-bhean a' tighe, nár
lomaidh Dia do lámh 's nár chrádhaidh
Dia do chroidhe, a's ná raibh ort an galar
buidhe, a's nár caillidh tú go bráth fear
a' tighe, no go raibh fear eile agat le
h-aghaidh luighe, a's nár thugaidh an giolla
ghuillín tú féin leis mar thug sé an
téilín ó'n chirc bhuidhe. An rud is fearr
do chí Dia agat ar talamh, 'fághail buail-
eadh d'uibheacha cearc, no léim ghirrfiadh
d'ím, cúl cáise nó lár cáca, cúl crústa,
píosa spóla, scála mine, sliseóg lín,
tancard díghe, ubhall glas, gas lusa,l
póirsin potáto, píoba tobac, cibé do
nioc, no rud ar bhith is feárr ná an
diúltadh, go gcuiridh Dia id' chroidhe a
thabhairt domh-sa.



[Ó Láimhscríbhinn Egerton 129, 11, 'san British
Museum.]



D. Ó Súilleabhái, Lonndain,
do sholáthruigh.



AN LÁNAMHA.



“Ar ghluais aon scéal nua aniar leat
a Bháitéir?” Sidí díreach an cheist a
chuir lánamha nua-phosta orm gceanntar
a' Daingin agus mé ag gabháil aniar —
Ógánach de Mhuinntir an Duirn agus
bean de Mhuinntir Chráidhteacháin do phos
um Inid. Do ghabhas isteach chun cith a
leigint tharm agus is amhlaidh a fuaireas
iad — fear a' tighe agus teine aige i
gceann de'n tigh agus an bhean agus
teine aici féin ag an mbinn eile. D'fhia-
fruigheadar díom an raibh aon scéal nua
agam. “Tá, mhuise,” arsa mise, “an
rud is iongantaighe chonnac le fada —
fear a' tighe agus bean a' tighe agus dhá
theine 'ca i dhá gceann a' tighe.” Annsan
chuireas díom go tapaidh.



“Bháitear” d'innis d' Eibhlís Ní Fhoghludha.



NÁ DEARMHAID SO, A CHARA.



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a
bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” & cuir i
n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN,” a chonaicís
an fógra. Cabhróghaidh san go mor linn.



FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CLIATH, &rl.



Ghaedhala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.



“AN LÚCÁNIA”
(de dhéantús na hÉireann)



ó



Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.



Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
do mhúineadh:



“Scéalta don Aos Óg,” 2d.
“Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½., 3½d., 4½d.
“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6



Gaedhil a bhfuil Trácht ortha:



Peictiúiri dhíobh so — Meadhbh,An Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Uolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.



LEABHAIR IAD SO A THAITHNFIDH LEAT — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —



Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:



“The Educational Co. of Ireland,”
89 Sráid Talbóid, Áth Cliath.



Tá árd-teist ar



MHUINTIR HILLIARD (Teo.)
CÍLL ÁIRNE,



De bhárr an chuma in a gcabhruighid
le déantúisí na hÉireann. Ní gádh
earraí thar lear do cheannach, agus



SEOGH EARRAÍ
GAEDHEALACHA



Le fághail in a dtigh sin. An siopa éadaigh is mó agus is fearr
i gCiarraidhe.



Tig a 6 & a 7 sa' tSráid Mhóir,
CÍLL ÁIRNE.



Earraí Gaedhealacha do Ghaedhlaibh!



Léinte. Lámhainní. Carabhata.
Stocaí “Guailneáin.” Bróga.
Caipíní agus Hataí.



ó TH. Ó LOCHLAINN,
19 Sráid na Páirliméide, Baile Átha Cliath.



BÍODH PÍOPA MAITH
GAEDHLACH AGAT.



Tá …



PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR



Le ceannach i ngach siopa tobac.



Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —



CAPP & MAC PEADAIR Teo.



FAICHE SHAIN STIABHNA,
ÁTH CLIATH.



Ceachta Cainnte Gramadaighe. Seán Ó Catháin do scríobh. An Ghramadach Ghaedhilge is fearr. 2/6. Muinntear Ghuill, Áth Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services