Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Márta, 1917
Title
Márta, 1917
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1917
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. a 12. MÁRTA, 1917. Pinginn a Fhiacha. Donnchadh na n-Óspairtí. Brighid Stac do scsíobh. [Moladh “Duais an Ridire” do'n aiste seo]. Bhí fear ins an bparróiste seo againn- ne morán bliadhanta ó shoin & deirtear go raibh sé ar an té ba ghreannmhaire a bhí riamh ann. “Donnchadh na nÓspairtí” a b'ainm do. Glaodhadh an ainm seo air mar níl aon rud dá'r éirig do riamh ná gur “Óspairt” a déarfhadh sé. Sí seo an cheud óspairt a dh'éirigh do — aon lá amháin nuair a bhí sé 'na gharsún óg bailigheadh caoíre an chnoic isteach i mbothán ar an mbaile mar ba ghnáthach, chuin iad a bhearradh. Bhailig mórán gar- sún beaga isteach sa bhothán ag féachaint ar na caoíribh. Bhí Donnchadh 'na measg, nídh nách iongantach, & mar bhí an mío-ádh air, léim sé ar dhruim reithe mhóir a bhí ann agus bhí sé ag marcuídheacht air. Ba gheárr gur sgaoileadh amach leis na caoíribh & cuireadh an madra leó chuin an chnoic. Siúd leis an reithe ag cur de sna cosa 'náirde. Síos leis i bhfaill mhóir áird a bhí trí cheud troighthe ar aoírde agus Donnchadh anáirde air agus greim daingean aige ar olann an reithe & d'fhan mar sin go dtáinig an reithe aníos as an bhfaill arís go saor sábh- álta. Nuair a tháinig sé fé dhéin an bhaile 'sé deireadh gach aoinne a bhuail- eadh leis — “Mhaise, a Dhonnchadh, nách tú a fuair an seans” ach sé freagra a gheibh- -idís ná — Dhé! ní raibh ann ach óspairt is fada go bhfuair éinne marcuídheacht chómh saor léi.” Seadh, nuair fhás sé suas 'na fhear bhíodh na cómharsain ag rádh leis gurbh' fhearra dho pósadh mar ní raibh aoinne sa tig ach é féin 'sa mháthair agus bhí blúire beag talmhan aige. Dúbhairt á mháthair leis go raibh sí féin críona anois agus go raibh sé chómh maith aige bean a sholáthar do féin. Pé 'n-Éirinn é, d'éirigh leis cleamhnas a dhéanamh agus ar theacht abhaile dho oidhche an chleamhnais dúbhairt sé le na mháthair — “Seadh, a mháthair,” ar seisean, “tá sí fachta ar deire agam; ach ar mh-anam go bhfuil a thuilleadh dá duadh lé fághail agam — dúbhradar liom go gcaithfinn dul go dtí'n sagart ag triall ar bhilleóig, n'fheadar an gádh dhom an t-asal a bhreith liom!” “Och, Dia linn,” ars' an mháthair ach ba bheag an mhaitheas di a bheith ag cur Dhonnchadh ar a' gceart. Ba mhoch ar mhaidin a bhí sé ag dorus tíghe an & t-sagairt, ach nuair d'fhiafruigh an sag- art do cad í ainm a mhná 'sé dúbhairt sé — “Dar fiadh, a Athair, go bhfuil sí dearmhadtha agam!” Chaith sé filleadh abhaile arís chuin an ainm a fhághail agus seo thar nais leis agus “Nell Farrel,” “Nell Farrel” ar bhárr a theangan aige i ó dh'fág sé an tig. Bhí san go maith go dtí go raibh sé i ngiorracht cúpla ramhan do thigh an t-sagairt & pé rud d'éirigh do, shleamhnuig sé & buaileadh ar phleasg a dhroma ar an mbóthar é. Pé seans a fuair sé féin, cailleadh “Nell Farrel” agus chaith sé filleadh air ais. Bhí sé cráidhte go leór, cé gur dheacair é chrádh, agus ar seisean le na mháthair — “Mhaise, ná'r mhaoídh an saoghal orm í siúd, a mháthair, mar a bhfuil a duadh fachta ó thalamh agam, & ní bheadh mara mbeadh tusa!” Fé dheire thug sé an ainm leis agus tháinig lá an phósta. Nuair bhíothas 'á bpósadh, geallaim-se dhuit go raibh gáir- ídhe agus sult ag an gcóisre. Dúbhairt Donnchadh leis an sagart iad a phósadh as Beurla mar nár thuig aoinne do'n mbeirt aca aon Bhéarla, i slíghe is ná tuigfidís féin a chéile “is ná beadh an ceangal ró dhian,” mar adúbhairt Donn- chadh — “mar” ar seisean leis an sagart. “Níl aon triaill agam uirthe fós, a athair.” Ansan nuair adúbhairt an sag- art — “A Dhonnchadh 'ac Ghearailt an dtógfaidh tú Neill Ní Fhearghaoil.” “Tóg- fad agus ní thógfad, athair, 'neosfaidh an aimsir é sin. Mara n-iomparóchaidh sí seo í féin, dar ndóigh, a Athair, sgaoil- fidh mé léi!” A leithéid do lá seoigh ní rug riamh ortha. Seadh bhí sé ag déanamh go maith agus bhí beithídheach breágh uair aige a bhí sé 'a choimeád mar adhbhar bó. Lá, chonnaic sé an beithídheach ag cogaint a círe agus siúd isteach chuin a mháthair é agus míle murdal aige — go raibh an beithídheach gan aon fhiacal lastuas agus go gcaithfeadh sé í dhíol. “Arú, a Dhonnchadh, a chroídhe,” ars' an mháthair, “ní raibh aon fhiacal uachtarach ag aon bhuin riamh.” Lá eile chuaidh sé ar aonach ag díol seana-chapaill, ach d'fhliuch an lá & bhuail sé cúpla paca treasna ar mhuin an chapaill ó'n mbáistigh. Chonnaic sé gach aoinne síos suas an tsráid ag marcuídh- eacht ar a gcapallaibh agus ialuití ortha agus, nídh nách iongantach san, síos, suas lé Donnchadh d'fhonn a bheith maidir leó & is mó a bhí 'na dhiaidh is ag féachaint air 'ná ar an gcuid eile go léir ach dá mbeadh a sheana-chapall ar fheabhas a' domhain ní cheannóchadh éinne é nuair a chnocadar na pacaí air. Bhí Donnchadh ag dul ar shochraid, lá, in aonacht le beirt fhear ó'n mbaile. Bhí an corp sa tsáipéal & nuair a shroich- eadar an sáipéal chualadar na sagairt ag cantain laistig mar bhí Aifrionn árd á rádh. Nuair chualaidh Donnchadh na h-amhráin aoibhine dúbhairt sé leis na fearaibh eile — “Ar mo bhriathar, gur maith atá an mhuínntir istigh ag luíghe leis an ndeoch!” Bhí éileamh aige féin ar an ndeoch go deimhin & is minic a dh'éirigh cineamhaint do 'na thaobh. Oidhche gheimhridh & é ag teacht abhaile ó'n mBuailtín níorbh fhéidir leis treabhadh roimis mar bhí deoch 'á thraochadh. Do luigh sé cois cruaiche móna agus níorbh' fhada go raibh sé 'na shámh chodhladh. Do thosnuig an sneachtadh ar a bheith ag cáthadh agus do thuit braithlín gléigeal ar Dhonnchadh. B'é toil Dé go dtáinig fear na cruaiche go luath ar maidin. Do ghlaoidh sé ar na cómhar- sanaibh agus do bhíodar ar a ndícheall ag iarraidh anam a thabhairt ann. Ar deire shiar shall d'osgail sé a shúile agus nuair thug sé ré ndeara an brat gléigeal a bhí 'na thímcheall — “A Rí mhóir na nGrásda,” ar seisean, “an bhfuilim fé chlár ar deire? Arú cogar, a Aingil, nó 'naoimh, nó pé rud thu,” ar seisean leis an bhfear ba ghiorra dho “an bhfeadraís an bhfuil Liam Thaidhg ó'n mbaile 'gainn-ne ar Neamh agaibh? Ba mhór an bitheamhnach é.” Do phleasg a raibh láithreach ar gháirídhe & ba gheárr gur thuig Donnchadh an sgéal go léir & chuir sé dhe abhaile go tapaidh. Is greannmhar an deire a cuireadh lem' Dhonnchadh bocht agus is mar seo a thárla sé. San am san bhíodh reithí malluighthe ar chnocaibh na h-áite seo & théigheadh na buachaillí óga suas gach tráthnóna d'fhonn seóig a bheith aca ar na reithíbh & cad a dheinidís — 'ná leac mhór a bhualadh lasmuich ortha féin mar chosaint agus nuair chíodh na reithí iad rithidís fé na ndéin & bhuailidís an leac le na n-adharcaibh agus bhainidís lasrach aiste le bárr oilc. Bhíodh na buachaillí 'sna trithíbh gáirí & na reithí dá mbascadh féin ar an lic go mbídís cortha. Bhí Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
AN T-EMPÓRIUM, le M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC, CILL ÁIRNE. ÉADATHÓIRÍ MAITHE Tá le fághail uatha; Lása Gaedhealach de'n déanamh & de'n phatrún is órnáidighe amuich agus saothar lámh is eadh gach órlach de. Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt datha. Ciarsúirí de'n Línéadach Cheart Ghaedhealach is a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh. Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath is ar gach gné datha. Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach (Muintir Winstanlí & Mac Gabharnaigh a dheinean.) Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do deineadh. TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN, Sráid na nÁirne, CILL ÁIRNE. Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa Tigh Ósta so. Leabaidh, Breicfeast, Dinnéar, Té agus Freastal ar 5/- sa ló. BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS STÁIN. ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ AGUS BIOTÁILE. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. Nuair a bheir ag taisdeal in UIBH RÁTHACH ÁLUINN, — cuir fút sa tigh seo — TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH I gCATHAIR SAIDHBHÍN, An tig is fearr in Uibh Ráthach. Labharfar Gaedhilg leat ann. tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE TOGHA GACHA BÍDH — Plúr, Min, Té is Siúicre; SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don bhfeirm; ÁRAISTÍ IARAINN is stáin don tig. ag “JOHN ATKINS & CO. ltd.” Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig ó Luimneach. Donnchadh 'na dhuine chrínna an uair seo agus nuair chualaidh sé sgéal na reithí dúbhairt sé gurab' é féin an fear dóibh sin mar gur fadó a mharcuig sé ceann aca síos ar thaobh faille. Seo chuin an chnoic é agus cad a bhéarfadh go gcuir- feadh gaisgídheach mar é féin leac mar chosaint air! Dhéanfadh sé snaoís do'n reithe a b'iongantuíghe ann! Bhí go maith ach ba gheárr go raibh go h-olc mar sul a raibh am aige “Dia lem' anam” a rádh bhí an reithe 'na mhullach & chuir deire le na laétheannta. Is dócha go ndúbhairt sé ar an saoghal eile gur óspairt a dh'éirig do! PLÚIRÍN NA mBAN DONN ÓG. Dá dtiocfá liúm-sa go Cúntae Liathdruim, A phlúirín na mban donn óg, Bhéarfainn-se mil bheach & méad mar bhiadh dhuit, A phlúirín na mban donn óg. Bhéarfainn aer na long na seol 's na mbád duit, Fé bharraí na dtonn is sinn ag filleadh ó'n dtráigh, 'S ní leigfinn-se aon bhrón choidhche id' dháil A phlúirín na mban donn óg. Ní rachaidh mise leat 's níl maith dhuit bheith am iarraidh, Dubhairt plúirín na mban donn óg; Mar ná coinneoch' do ghlórtha beo gan biadh mé, Dubhairt plúirín na mban donn óg. Míle céad fearr liom bheith choidhche gan fhear Ná bheith ag siubhal an drúchta 'sna bhfásach leat; Ní thug mo chroidhe dhuit grádh ná gean, Dubhairt plúirín na mban donn óg. Chonnaic mé chugham í tré lár an tsléibh', Mar réilthean tríd an gceo, 'S do bhí mé 'cainnt 's ag cómhrádh léi, Go ndeachamair go páirc na mbó. Shuidheamair-ne síos i lúib an fháil, Go dtug mé dhi scríobhtha faoi mo láimh Ná fuil coir dá ndéanfadh sí ná h-íocfainn a cáin Do phlúirín na mban donn óg. Mo chreach is mo chrádh gan mé fáiscthe síos léi, Plúirín na mban donn óg, Fé cheangal grádha go bráth ná scaoilfeadh, Plúirín na mban donn óg. Tuille le fagháil go bráth ní iarrfainn — Ach ag sugradh 's ag gáire 'réir mar ba mhian linn; A Dhia! nach cruaidh an cás mara bhfaghaidh mé mo mhian — Sí plúirín na mban donn óg. (Tá deisiú ar an rann deiridh. — “An Seabhac”) CAOINE GREANNMHAR. Mo chreach ghéar féin is mo thuirse! Is minic a thógais-se mo thuise, Is ní le cámbric é, ná le musling, Ná le síoda daor ó'n siopa, Ach le bata droighnighe coille, Is é do thabhairt dom féin go minic. A Sheáin Ó! Mo chreach ghéar féin 's mo ghleó-ghuirt! Nuair bhinn-sé im' luighe sheoltha, Do bhíodh an eochair in do phóca, Is an bainne sa chófra, Is mo chroidhe-se scólta, Is ná faghainn aon deor de, A Sheáin Ó! Mo chreach ghéar féin is mo dheacair-chreach! Ní dhéantá-se dada dhom, Ach ag bruighean ar maidin liom, Is ag tómhas an bhata liom, Is d'íosfá baraille, Dos na prátaí dearga, Le linn an eadarshuth, A Sheáin Ó! Mo chreach ghéar féin is mo chreach! Sé deir mná óga an bhaile seo 'mach, Go bhfuilim fhéin óg láidir deas, Is gur gairid bhead gan fear, bheirim dóibh mo dhá bhais, Ná fuil uaim ach seans, Agus tú d'fhagháil amach, A Sheáin Ó! A Sheáin óig 'ic Chraith, Tabhair uaim é amach, Is mo dhritheáir Peaid, D'fháscfadh air an scraith; Cuiridh air ualach, Agus greadaidh é do'n tsluasaid, A Sheáin Ó! Seán Ó Curráin ó'n Rinn do sholáthruigh. Do bhí lánamha nuadh-phósda ann uair agus do bhídís gach aon lá ag bruíghean 's ag achrann. Do bhí an bhean caoch agus do bhíodh an fear 'á chasadh léi 's 'á shíor-rádh dá mbeadh fhios aige féin é sin ná pósfadh sé í. Bhí an sgeul mar sin air feadh ibhfad agus gan aon suaineas ag dul ar an saoghal aca. Aon lá amhain, nuair bhí sé ag cur 's ag áitheamh 'na coinne dúbhairt sí leis:— “Ní mise a bhí caoch acht tusa bhí caoch, Chionn mise a bhí caoch, a phósadh.” Ó'n lá san amach níor thagair sé dá caoiche mar is dócha gur thuig se go raibh an ceart aici. Brighid Ní Chiabháin. GNÓ DO GHAEDHILGEÓIRÍ. Tá feirm ceannaithe ag Gaedheal i gCundae Thiobraid Árann, agus ní bheidh ag obair ann aige ach Gaedhilgeóirí. Gheobhaidh gach duine aca lóistín maith is togha an bhídh, agus tuarasdal mar leanas — Treabhadóir, 15/- sa tseachtain; Cailín Crúidhte Bó, £25 sa bhliain; agus Cailín Cóirithe Tighe, £20 sa bhliain. Scríobh chun “Éamonn,” Oifig “An Lóchrann,” i gCorcaig, agus cuir i n-iúl do, t'aos is do thréithe. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk
SEAN-FHOCAIL NA MUIMHNEACH. “An Seabhac” do bhailigh. 83 — Bíonn tuirse na ngaibhne ar na buachaillí bó. Agus gan oiread cúise aca. Bíonn daoine seachas buachaillí bó mar sin. 84 — An t-é bhíonn bacach bíodh 's an t-é bhíonn tuirseach suidheadh. 85 — Caitheann gach aoinne géilleadh dá bhacaighe féin. Agus ní le bacaigheacht siubhail amháin go bhfuil baint aige sin. 86 — Cis ar chois nó sos do láimh. Nuair a bhíd tinn. Cis .i.? 87 — Is fearr rith maith ná droch-sheasamh. I. Is feárr teicheadh ná an cath do dhul ort. 88 — Spor ar an gcois is gan an chos ann, Is gan d'anam sa chorp ach mar bheadh cubhar na h-abhann. Duine lag ag cur chun gníomh fuinneamhail. 89 — Ag duine féin is fearr fhios cá luigh- eann an bhróg air. 90 — An t-é gur cumhang leis a bhróg is beag leis an saoghal. 91 — “Cá raghair, cá ngeobhair?” Le duine go mbíonn órdóga a chos iompuighthe amach ó chéile adeirtear san — nó 'siad na cosa adeir le chéile é! CRUTH AGUS PEARSA. 92 — Is minic a bhíonn gránna geana- mhail is dathamhail dona. 93 — Is minic a bhíonn deáthratach caill- eamhnach. Deáthratach .i. deallratach. 94 — Is minic a bhíonn breagh bréan. 95 — Bíonn borb fé scéimh. 96 — Is fearr béasa ná breághthacht. 97 — Ní h-í an áilneacht a chuireann an corcán ar fiuchaidh. 98 — Má's peaca bheith buidhe tá na mílte damanta. 99 — Má táim buidhe tá croidhe geal agam. 100 — Ní buidhe ó'n ngréin atá sé ach buidhe ó'n bpréimh. .i. ó dhúthchas. 101 — Ní h-iad na fir mhóra a bhaineann an foghmhar go léir. 102 — B'fhearr liom beag deas ná mór gránna. ÓIGE AGUS SEANAOIS. I — Is breagh an rud an óige do'n té chuireann í ar foghnamh [nó — “mar is cóir í.” 2 — Is mó croiceann a chuireann an óige dhi. Croiceann .i. athrú. 3 — Mol an óige is tiocfaidh sí. Aguisín leis sin — “Buail sa tóin í is tuitfidh sí.” 4 — Ní féidir ceann críona a chur ar cholainn óig. 5 — Ní thagann ciall roim aois. 6 — Bíonn ceann caol ar an óige. 7 — Is mór an óige orainn bheith gan chiall tamall. 8 — As an óige is usa an tslat a lúbadh. Nó 9 — Nuair a chruadhann an tslat is deacair í lúbadh. Nó 10 — Nuair fhásann an crann is deacair é shníomh na ghad. 11 — Is mairg a thugann droich-mheas do'n óige. 12 — Is mairg ná baineann ceol as an óige an fhaid a bhíonn sí aige. 13 — Aithrigheach óg seana-dhiabhal aosta. Nó 14 — Duine óg diagaithe adhbhar diabhail seanduine. Diagaithe .i. diadha. 15 — Céalacan fada agus díth na mbróg, A dheineann seanduine de'n duine óg. Céalacan .i. céadlonga = bheith i bhfad ar troscadh. 16 — Bíonn duine na leanbh dhá uair. Nó Óg gach neach i n-aois óige, Óg arís gach seanóire, Óg deire aoise an duine, Deire gach seanaoise óige. 17 — Gol leinbh óig nó ochón seanduine. Ní mór le rádh iad. 18 — Tosach agus deire an duine ar an dteine thriallann sé. 19 — Críneacht cinnteacht. Críneacht .i. críne, aos. 20 — Is mór idir teacht is meath. 21 — Is olc an chomhursa an tseanndacht. 22 — Ní brúighte go dul i n-aois. 23 — Is mairg a mhaireann le bheith críona nó a cailltear i mbaois na h-óige. 24 — Cos ins an uaig agus cos eile ar a bruach. 25 — Is fuirist aithne buille an tsean- duine. Cé ná bíonn sí láidir buailtear san áit cheart í. 26 — Magadh [nó aighneas] fé sheanóir nó fonómhaid fé dhuine bocht. Is náireach iad. 27 — Na ceithre coda d'aois an duine: Fiche bliadhain ag teacht, Fiche bliadhain go maith [nó — ar stad] Fiche bliadhain ag meath, Fiche bliadhain gan rath. 28 — Na trí saoghail is sia: Saoghal an Iubhair, saoghal an Iolair agus saoghal Chaillighe Béara. 29 — Trí bliadhna fál, trí fál each, trí each marcach, trí marcach iolar, trí iolar iubhar, trí iubhar crích, trí crích deire domhain. 30 — Bíonn an óige ar buile. (Tuille le Teacht.) LEABHAIR A THAITHNFIDH LE GAEDHLAIBH, Idir Leabhair Ghaedhilge agus Leabhair Bhearla, le fághail uainn - ne. Gach leabhar atá fé chló, tá cólb de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg clár na leabhar. Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH. SRÁID ÍOC. BHAGÓID, a 50, BAILE-ÁTHA-CLIATH. Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” TÁILLIÚREACHT agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i n-Éirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA., 11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/- go 10/6. RÁSÚR “COSANTÁ” ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-; gheobhair ceann aca-san & trí lanna “Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3, tríd a' bpost. MAC CUILINN, 35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. Gaedhilg agus Suairceas Saoghail: I gCOLÁISTE CHAIRBRE a bheidh, i rith mí LUGHNASA, 1917. Cuir tuairisc gacha ní ar MÍCHEÁL Ó CUILEANÁIN, O.S., Seanachúirt, SCIOBAIRÍN. A Ghaedheala! Ceannuighidh “ÉADACH na DRUIPSIGHE” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaig na Druipsighe (teo.) Co. Chorcaighe. Le MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann don Ghaedhilgeoir: UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87 i mBAILE ÁTHA CLIATH. Peictiúirí Deasa Daithte, Saothar Láimh. Leabhair agus Bróidíneoracht. Faigh an Liosta. “Cuala Press” Dúndroma, Áth Cliath
IOL-SCOIL NA MUMHAN (RING IRISH COLLEGE). Samhradh, 1917. An Chéad Teurma: Ó'n dara lá Iúil go 27mhadh. An Dara Teurma: Ó'n chéad lá Lughnasa go 29mhadh. Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus breaghdha is eadh an Coláisde agus an tigh comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige ann agus na hOidí go toghtha. PÁDRAIG Ó CADHLA, An Fear le Scríobhadh. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, ó MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. DO LUCHT-DRÁMAÍ-A-LÉIRIÚ. Tá gach saghas éide, peribhicí, &c., i gcóir drámaí go mór-mhór i gcóir Drámaí Gaedhealacha le fághail uainn-ne, ar iasacht. Níl 'oiread san de sna rudaí sin ag duine ar bith eile in Éirinn. PÁDRAIG Ó SÚILEABHÁIN & a Chua., ‘Theatrical Outfitters,’ 38 SRÁID MHÓR SHEOIRSE, I gCORCAIGH Má tá TRUCAIL, CÁRR nó CÓISTE uait, Nó deisiú le déanamh ar rothaí, &c., &c., Scríobh nó glaodhaig chugainn-ne: C. Ó CONAILL agus a Chualucht, SRÁID LIADROM, CORCAIGH. A bhean a' tighe! Cad é an saghas plúir a bhíon agat? Is é an PLÚR “EAGLE,” an plúr is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus an PLÚR “LION” is fearr do lucht-aráin-a-dhíol. Muíntir Mhic 'Ille Sheathanaich a dheinean i gCorcaig. GEO. SHAW & SONS, Muileann Sain Seán, i gCORCAIGH. Gheobhaidh do mhac togha na scoluidheachta — I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CHORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh an Fear Gnótha. An Seabhac, Daingean Uí Chúise An Fear Eagair. Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain. Dhá choip gach mí, tríd an bpost ar 3/- sa bhliain. Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur. Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní, &c., do chur. Ó Cuill & a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath Na Díoltóirí. Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. “AN LÓCHRANN.” Sé seo an dara uimhir déag de'n “Lóchrann” nua. Tá bliain curtha againn dínn. Níor mhaith an bhliain í seo imthighthe chun cúrsaí cló ná litridheachta — bliain chorruighthe, bhuartha ab eadh í ameasc Gaedheal; agus i gcúrsaí cló — bliain chostasamhail ab eadh í. Ach beidh áthas ar ár léightheoirí a chlos d'aindeoin na ndeacraí sin gur éirigh go maith leis “An Lóchrann.” Táimíd ag breith greama ar an nGaeltacht — Gaeltacht Mumhan go h-áirighthe agus ameasc an aosa óig go mór mór. Dhá chúis fé ndeara an dá rud san .i. do'n Ghaeltacht agus ó'n nGaeltacht iseadh cuirtear “An Lóchrann” amach; agus siad an t-aos óg is mó foghluim sa Ghaedhilg, agus a léighean an Gheadhilg dá muinntir, sa Ghaeltacht. Agus ní sa Ghaeltacht amháin atá “An i Lóchrann” dá léigheamh. Tá sé ag dul go dtí bailtí móra na hÉireann agus ameasc lucht foghluma na Gaedhilge ar fuaid na tíre. Tá tairbhe dá dhéanamh do'n Ghaedhilg ag “An Lóchrann” mar mheasamair a bheadh. Tá suim ag teacht i léightheóir- eacht na Gaedhilge dá bharr. Níl aon chló eile Ghaedhilge ag dul go dtí an Ghaeltacht taobh amuich de leabhraibh scoile. Dar linn, ón méid litreacha a gheibh- imíd ag traoslú dhúinn agus 'ár moladh, go bhfuil meas ar an bpáipéar beag so. Go raibh maith ag lucht ár ngríosuighthe — is mór an misneach orainn an focal maith. Ach bíodh sé mar tá sé, nílimíd- ne féin sásta ar fad fós leis “An Lóchrann” agus beam ó mhí go mí ag iarraidh feabhas a chur air. Tá feabhas tagaithe orainn le bliain féin. I gcúrsaí airgid ní gearánta dhúinn. Níl fiacha ar bith orainn d'aindeoin an chogaidh seo d'árduigh fiacha an pháipéir, &rl., thar meodhon. Bíodh a lán dá bhaochas san ar na cáirde fiala thug airgead dúinn i dtosach chun ráithe nó ceithre mhí a chur dínn. Mara mbeadh iad san ní éireochadh i nao'chor linn. Ní h-aon dóithín páipéar a chur i gcló an aimsir seo agus páipéar slachtmhar, Gaelach a chur ann mar atá sa “Lochrann.” Ní mór dúinn leis ár mbaochas a ghabháil leis na daoine atá ag fógairt a gcuid earraí nár bpáipéar-na. Sin iad ár bhpríomh-sheasamh. Tá rud aca san agus againn-ne á dhéanam ná dear- nadh fós i nÉirinn — fógairt earraí, &rl., as Gaedhilg amháin. Agus ar son na léightheóirí agus ar ár son féin ba maith linn moladh thabhairt d'ár gclódóirí .i. Cló-lucht Seandúna i gCorcaigh, ar a shlachtmhaire agus a fheabhas a dheinid cló “An Lóchrann.” Táid siad san chomh h-imnidheach i dtaobh an pháipéirín seo agus táimíd féin. Do scríobhamair athchuinghe bheag mí ó shin 'á iarraidh ar na daoine a bhíodh ag díol as cóibeanna de'n “Lóchrann” le cur go dtí scoileanna áirighthe — 'á iarraidh ortha leanamhaint de sin. Scríobhaidís chugainn gan mhoill. Tá rud eile againn á iarraidh .i. beagán duaiseanna le bronnadh gach mí ar na leanbhaí scoile. Tá roinnt bheag againn ach níl leath ár ndhóthana. Aoinne fhéachfaidh ar an liosta so thíos tuigfidh an tairbhe a dheineann duais bheag ameasc na ndaoine óga. Cuirtear litreacha i dtaobh cóibeanna de'n “Lóchrann” go dtí — SEÁN TÓIBÍN, Baile an Teampaill, Corcaigh, agus i dtaobh duaiseanna agus scríobh- nóireachta go dtí — “AN SEABHAC,” Daingean Uí Chúise. SCRÍOBHNÓIRÍ. Fuaireas le mí os ná daoine seo mar leanas:— * Cáit Ní Lubhaing, Sc. Cheanntrágha, ceithre scéalta. Sinéad Ní Lubhaing, Sc. Cheanntrágha, trí scéalta. Cáit Ní Chiabháin, Sc. Cheanntrágha, trí scéalta. * Cáit Ní Mhaoileóin, Sc. Cheanntrágha, dhá scéal. Brighid Ní Chiabháin, Sc. Cheanntrágha, dhá scéal. Eibhlín Ní Chonchubhair, Sc. Cheann- trágha, scéal. Eibhlín Ní Mhuircheartaigh, Sc. Chill- mhic a' Domhnaigh, scéal. * Séamas Ó Caomhain, Sc. Dhúnchaoin, dhá scéal. Brighid Ní Chathain, Sc. an Bhloscaed, scéal. * Tomás Gaoithín, Sc. an Bhloscaed, scéal. Seán Súilleabháin, Sc. Liospóil, scéal. Seán Ó Súilleabháin, Sc. Liospóil, scéal. Mícheál Ó Muircheartaigh, Sc. Smer- bhic, scéal. Éamonn Ó Muircheartaigh, Sc. Smer- bhic, scéal. Seosamh Ó Domhnaill, Sc. Smerbhic, scéal. Míceál Ó Muircheartaigh, Sc. Smer- bhic, scéal. Seán Mac Gearailt, Sc. Smerbhic, sceal. * Pádraig Ruiséal, Sc. Smerbhic, scéal. Maighréad Ní Shúilleabháin, Sc. Chill- mhic Ciarain, scéal. Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
* Máire Ní Shéaghdha, Sc. Cillmhic Ciarain, scéal. Gobnait Ní Shéaghdha, Sc. Chillmhic Ciarain, aiste. Brighid Ní Shúilleabháin, Sc. Chillmhic Ciarain, aiste. Scoláirí scoile iad san ar fad. Ó Chorca Dhuibhne iad uile ach an ceathrar deiridh. Ó Uibh Ráthach an ceathrar san. Ní fheadar an bhfuil aon scoláirí scoile i n-aon áit eile i nÉirinn ach i gCiarr- aighe? Má tá is beag an phreab atá ionnta — nó b'fhéidir ná fuil aoinne aca a chuireann aon phreab ionnta. An amhlaidh gur fearr an sprid atá i nOidí Scoile iarthair Chiarraighe ná mar tá i nOidí Chorcaighe, Chláir a's na nDéise? Táim buidheach de sna daoine seo leanas a chuir scéalta, bhéarsaí agus sean-fhocail chugham — Brian Mac Cathbhar- raigh, Corcaigh; Mícheál Ó Cuileanáin, Scibirín; Tomás Ó Criomhthain, An Blos- caod; agus Mícheál Ó Nialláin, Cúl re Coill, Co. Mhuigheo. Go raibh míle maith agaibh, a cháirde. Na daoine go bhfuil * os comhair a n-ainmeacha do moladh duais dóibh. LITIR. Tháinig litir chugham ó dhuine éigin a dhearmhad a ainm, a ionad comhnaidhthe agus marc Oifig an Phósta a chur ar a litir. Nuair a leighisfidh sé an dearmhad mór san scríobhfad-sa chuige. “An Seabhac,” Fear an Lóchrann. AN BHEIRT BHACACH. Beirt bhacach do bhíodh ag gabháil ó thigh go tigh ag iarraidh déirce. Duine aca agus lámh leis gan tapa. An duine eile aca agus é bacach. Thangadar lá i dteannta a chéile chun an tighe chéadna. Bhí dothal aca roimis a chéile. Bhíodh fáilte roimh gach naon aca sa tigh ach mheasadar ná beadh a ndóithin slighe ná córach dóibh araon. “Mhaise nach leathlámhach an aimsir í, a Dhiarmuid?” ars an duine bacach leis an nduine eile. “Níl ach síos agus suas, síos agus suas, a mhic ó!” arsa Diarmuid. D'airig fear an tighe an chaint. Tháinig sé amach agus ghlaoidh sé isteach ar an mbeirt. Bhí a ndóithin le nithe dhóibh araon. Níor ghádh an dothal. Cormac Ó Cadhlaigh, Do fuair ón Ath. Peadar Ó Laoghaire, 8/10/1912. Do PHÓSADH anso. Do phós an tAthair Aodh Ó Néill an dís seo: SEÁN TÓIBÍN, o Bhaile an Teampaill, Cois Laoi, agus SIOBHÁN NÍ SHÚILEABHÁIN, ó Pharóiste na Tuaithe, Cois Leamhna. A' Gaedhilg do dhein, ar an 19adh lá de mhí Feabhra, i gCorcaigh Mhóir Mumhan. DÁ mBA MHEON LIBH. Insan leabhar úd, “Amhráin Thomáis Ruaidh,” tá amhrán darab líne tosaigh:— “Cuimhnigh mar tháinig Maois gan aon spleadh- chas.” Uimhir a X. atá ar an amhrán. Dhá bhéarsa, dhe atá ann. Tá an t-amhrán céadna ag muintir Chairbre ach 'mháin an leath-rann tosaigh do bheith i n-easnamh air. Seo mar atá sé ag muintir Chairbre do réir mar chuala é dhá aithris. Níl aon tuairisg ar Thomás Ruadh acu. Mícheál Ó Cuileanáin. I. Dá mba mheon libh liom éisteacht do labhar- fainn le héifeacht, Ar chúrsa gach n-aon atá dealbh. Is gur fada dár ngaoltaibh fí ghlasaibh gan réiteach, Gan suairceas, gan féasta, gan ceannas. Anois leagam na méith-phuic is tréigfid a mbeatha Sliocht Chailbhin an éithigh ní méin liom a gceasna, Na madraí craosacha, caithfidh siad géil- leadh — Tá dualgas an tsaoghail seo acu caithte. II. Ná tuigig ná géillig, ná creidig ó éinne Go leanfaidh an réim seo 'cu ach tamall; Gur b'iad sliocht Liútair an éithigh is Chailbhin bhuidhe chraosaigh Do dhlúth-cheangail Gaedhil bhochta i nglasaibh. Tá an deachmhadh ortha buaidhte cé gur muar é mar bheatha Agus cuirfear 'en tsaoghal iad 'ndiaigh chéile dhíbh geallaim Gach diúlthaightheoir craosach do Mhuire ná géillean Go bhfuil aon bhrígh 'ci ach mar aon bhean ar thalamh. III. Tá drochad na Banndan n-ar deineadh an feall ann, Fí riaghlacha fallsa le fada Ach is gearr go mbeidh rabhgairt (?ruagairt) ar na multhacháin ramhra Agus ár bpící le faobhar glan ghá leagadh. Tá parathais 'na dteampall agus feam air chun talaimh, Tá Ó Conaill ag fiadhach ar na diabhlaibh le fada, Dá mbeadh íntleacht ag saor mhaith ba mhór é a luach saothair Chuirfeadh bhfuaimeint gan baoghal air, le prapa. IV. Tá mo chroidhe 'stig go léanmhar nách ughdar me ar chléirceas Chun cruaidh-dhlighthe 'n tsaoghail seo do thabhairt, Gur b'é Domhnal an tréan-fhear gan madraí gan faol-choin Thug lá sladaig gan faeiseamh ar Ghallaibh. Tá Inis Eoghnáin suas 's a bhuachaillí i n-acfuinn, Ag briseadh na Bóinne gur b'iad a rug ceól thríd a' mbaile * Mise Domhnal bhur mbráthair ghá ínsint gan spleádhchas Go dtabharfad daoibh sásamh n-ar cail- leadh. * Is dócha gur i gcuimhneamh lae Bhriseadh na Bóinne do rugadar ceól leo. Ar maidin:— “Éirigh, a Raighrí.” “Táim ag éirghe. Tá cos liom im'bríste is nár chuireadh an chos eile choidhche ann má thugaim aon bhliadhain eile dhíbh-se.” (Idir mháighistir is buachaill aimsire thárla an chainnt sin). Aonrud mar LEACHT AR UAIGH nó ALTHÓIR don TEAMPALL San Aolchloch nó sa' Mharmar, déanfaidh SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Ar Fheabhas é. Scriobh chuige. COLÁISDE na MÚMHAN. OSCALÓFAR AN COLÁISDE i mBÉAL ÁTHA 'N GHAORTHAIGH, Dia Luain an naomhadh lá de mhí dheire 'n tSamhraidh, 1917. Tá gach aon tuairisc i dtaobh an Choláisde le fagháil ó Liam De Róiste, 28 Sráid Mharlboro, i gCathair Chorcaighe. COLÁISTE AN DAINGIN Dhá Théarma — Mí Iúil agus Mí Lughnasa, 1917. Tá Coláiste an Daingin i lár na dúthaighe is Gaedhlaighe i gCúige Mumhan. Má's Gaeluinn atá uait tar 'n Daingean. Gach eolas le fagháil ó AN RÚNAIDHE, Coláiste an Daingin, Dainghean Uí Chúise. Gaedhil is eadh sinn-ne, is ní náir linn é. Geobhair deaghmhargadh uainn-ne i gcomhnaidhe. TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol- faimídne an postas ar cheithre púint de. PLÚR Gaedhlach. MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min bhuidhe. SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas. S. & T. MAC CURTÁIN, Sráid a' tSeandúna & Sráid Thomáis Dáibhios, CORCAIGH. Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.” Guthán: 7 Cork; i Midleton. Tá CÓISTÍ & MÓTAIR d'á ndeanamh againn-ne. Cuirimíd GLÉAS GÓMA (rubair) FÉ ROTHAÍ CÓISTE gan ró-mhoill. CROS agus a CHLANN MHAC, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), CORCAIGH. I n-Éirinn a Deintear “BRÓGA NA LAOÍ.” Táid le fághail i ngach sráid bhaile. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk
Táid so 'á ndéanamh againn-ne — ÉIDE SAGART, ÁTHRAIGHE ALTHÓRA mar chailísí, miasa, &c. CROISEANA den déanamh CEILTEACH in ór nó airgead geal, agus BUINN ÓIR is AIRGID. LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor. Píanó Ceart Gaedhlach ar £32! Tá píanacha 'á n-déanamh in Éirinn anois, ag Pigott & Co. Ltd., Luimneacb, Ath Cliath is CORCAIGH. Sinn-ne a dhein SNAOIS CHORCAIGHE ar dtúis agus atá 'á déanamh i gcómhnaidhe. TOBAC CÚMHRA an dá shórt so — “Exhibition Roll” agus “Shandon Plug.” Má theastuighean uait aon tobac nó saigréidí do chur chun aonne atá sa chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó cháin, ach leath phúnt, ar a luighead, bheit sa 'bheairtín idir thobac is saigréidí. LAMBKIN BROS., 9 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. An Mhin Choirce is fearr blas agus is mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean, I MAGHCHROMTHA. Scríobh chuige. IN AMERICE, Tá gach saghas earraí Gaedhealacha ar díol sa tsiopa so, agus is le Connradh na Gaedhilge é: ‘Irish Industries Depot,’ 624 Madison Avenue, in NUA-EABHRACH (NEW YORK). AG DÍOL ÉISG. Ansa tsean-aimsir do bhí sé 'teas- dabháil ó fhear ó'n Oileán dul a' díol éisg leasaighthe go dtí an baile mór. Do bhuail chuige cheithre cléibheanna, do chuir i mbád iad, do chuir an Bealach amach do, do chuir a dtír a nDún Chaoin iad. Ansan do leig sé a bhaile an bád thar nais. Do réidhtigh sé le fear ar a' dtír amuich chuin an ualaigh a thabhairt go dtí an baile mór. Do fuair sé an fear go tapaidh, do thug a chapall agus a chairt leis, d'fháisgeadar a n-ualach agus dob' 'eo leó a' ciorrú an bhóthair go Daingean Uí Chúis. Ar shroisint an bhaile mhóir dóibh, do thairgigheadar a' capall go dtí dorus tighe an tábhairne, do chuadar isteach, do bhí deoch aca. Do bhuaileadar amach ansan. Do leagadar na cléibheanna & do chromadar ar bheith a díol an éisg. Gach nduine a thugadh iarracht do'n iasg leis, nuair a bhíodh sé a díol an airgid do bhíodh tréit aige & do bhíodh braon eile aige fear an éisc a dhíol. Ba mhór iad na beaganna a dteannta chéile aca — insa tslighe sa deire nach mór ná gur chuma leó díolta nú gan díol an t-iasc. Fé dheire an lae do bhí fear an éisc agus a ghiolla ar na stártha & d'fhan an chuid eile do'n iasg gan díol an lá san. Dob éigeant d'fhear a tighe é chur isteach, an capall a sgur agus biadh a thabhairt do. D'fhanadar ag ól agus a ragairne go dtí n-a h-aon a chlog ins an oidhche. Amáireach nuair a mhúscail an bheirt as pé tunuar [t-ionnfhuar] beag a dhin- eadar, b'eo amach leó ar a sráid, agus do bhíodar síos suas dóibh féin ar feadh a bhfad mar ná raibh aon tigh oscailte go ceann a bhfad do'n mhaidin. Nuair a bhí na tighthe á oscailt, dubhairt fear an oileáin leis an bhfear eile teacht isteach go mbeadh deoch aca. Dubhairt a fear eile go mb'fhearr leis féin greim ná bolagam i dtúis a lae. Dubh- airt an chéad fhear go mb'fheárr leis féin deoch ar an uain seo ná a raibh de bhiadh in Éirinn. Do bhí an bheirt aca gabháil dá chéile ar a' gcuma so, gach nduine aca a d'iarraidh an tarna duine do thabhairt leis mar ar mhaith leis féin dul. Níorbh' fhada a bhíodar mar sin an t-am gur thuiteadar chuin achrainn le n-a chéile agus ba ró-ghearr go raibh tuargaint agus fuil eatorra. Nuair a tháinig na daoine suas do chosanuigheadar & do chuireadar ó n-a chéile iad, d'fhiafraigh na daoine dhóibh cad a chuir ar a chéile iad. D'inns- eadar an réasún glan díreach dóibh. Do mhol fear a tábhairne an sgéal le fear na dighe agus do mhol fear an ósta an sgéal le fear an bhídh. Níor ró-fhada go raibh an t-achrann a dul i gcruadhacht eatorra & gan mór-mhoill do thug an ceathrar fé chéile & gan mór-aimsir a chaitheamh do bhí fuil mhairt bainte as a chéile aca agus do bheadh a thuille mara mbeadh gur tháinig na póilíní suas agus d'árduigheadar mo cheathrar go dtí an bhairric leo gan mhoill. Nuair a chuaidh an fead fiaigh tríd an mbaile mór do chuaidh daoine láithreach a leigeant mhuintir a Daingin amach ach d'fhan an bheirt bhocht eile istig go h-eadartha lár na mháireach. Leigeadh amach iad nuair a bhí an t-am ceart ann. Ní mór na tighthe a bhí oscailte le na linn, ach nuair a bhí, dob' eo isteach iad agus ní go tigh a bhídh dob' annsa le h-aon duine aca dul an uair seo, mar ná raibh ocras ar aoinne aca an uair seo ach íota. Nuair a bhí a sáith ólta aca, dubhairt fear Dhún-Chaoin leis a bhfear eile go raibh sé a n-am aca a bheith a'baint a tighe amach feasda agus nach fuláir ná raibh bean ná clann ná cúram na dhiaidh féin. D'fhreagair fear an Oileáin é agus mar ná ceileann meisge rún, dubhairt leis go raibh an bhean ba bhreaghtha a bhí insa cheanntar aige féin ach go dócha ná raibh sí anois aige mar go raibh sí sguabtha chuin siubhail aige fear maith éigin eile ó dh'fhág sé féin an baile, mar gur dhícheall do iad a choimeád amach agus é ar a bhfód. “Mhuise fé mar taoinn tú is amhlaidh is cóir thu bheith,” arsa fear Dhún Chaoin, “agus má tá an bhean chómh sgéimheamhail agus deir- eann tá é is náireach an gnó dhuit a bheith chomh leadaránach uaithe.” “T'anam an fiabhal ná fuileann tu féin gachar uair agus nóimit chómh fada liom amuigh,” arsa fear an Oileáin. “Níl aon dathamh- lacht am mhnaoi-se,” arsan fear eile, “agus ní mór a' faire ar í sgiobadh uam.” “Tuille dho'n tubaist ort,” arsa fear an Oileáin, “agus ba mhór an truagh dá mbeadh aon áird uirri í bheith ceangailte leat mar nach mór do radharc súl ionnat féin ach oiread.” Tar éis an méid seo cainnte, do phreabadar amach as a dtigh agus níor stadadar nú gur bhaineadar amach an chéad tigh tábhairne gur chuadar an chéad oidhche ann agus go raibh an capall istigh ann. Dubhairt an fear leo go raibh táille bheag tuitithe ortha i dtaobh an chapaill agus go gcaithfí é dhíol. Ba dheacair do fhear bocht an chapaill san a dhéanamh agus gan feóirling a bheárrtha aige. “Tá airgead le fear an Oileáin agamsa,” arsa fear an tighe, “mar do dhíolas an méid do'n iasg d'fhan gan díol.” “Mhuise, buadh agus beannacht leat!” arsa fear an Oileáin agus do dhíol sé as an gcapall gan mhoill. Nuair do bhí an capall gabhtha agus deich sgillinne díolta as d'óladar féin a leabhair-dhóthain & as go bráth leo Bun Calaith siar. Do bhíodar ag imtheacht go fuinneamhail go dtí gur shroicheadar gallán na Cille Brice. “Stop go fóil,” arsa fear an Oileáin, “tá rud dear- mhadta agam.” “Má seadh,” arsan fear eile, “ní fhanfadsa leat.” “Bí ag bogadh leat siar,” ar seisean, “agus beadsa chughat.” “An diabhal stad a dhéanfad,” arsa fear Dhún Chaoin, “nó go mbainfead amach an bhean mhór bhreágh úd a dh'fhágais ad dhiaidh, ó'n uair ná fuil Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
aon bheann agat féin uirri.” “Bíodh an diabhal agat féin agus aici féin!” ar an fear eile. B'in iad scartha ó chéile iad gan mhoill. Bhí annscurnach na h-oidhche ann an uair seo agus do bain sé raithneach as an seana-chapall agus i n-ionad gabháil an cómhngar sé áit gur thug sé aghaidh ná Mám na Gaoithe ó thuaidh. D'ól a dhóthain i dtigh tábhairne ar a' mBuailtín, do chuir beirt fhear isteach 'n chairt é, agus do sgaoileadar chuin siúbhail é. Do tháinig an capall 'n bhuaile am éigin san oidhche agus é féin sínte siar sa chairt agus gan ann ach a dé. Tá an fear nár bheannuigh Pádraig fós uaim agus gan é aige baile agus níor bh'fhearr ann é ach oiread. Nuair a shroich sé an Daingean d'ól a dhóthain gan mhoill mar 'sé a rug ann é ar nós cách. I lár na h-oidhche siar sé an rud a rith 'na aigne ná go mbeadh an bhean mhór bhreágh a bhí 'na dhiaidh ag an dtigh ag daltín Dhún Chaoin uaidh. Do phreab amach as a leabaidh agus do chuir do ins na cosa an bóthar aníos. Nuair bhí sé i bhfaid a bhóthair do bhí breis dá mheamhair a' teacht do agus ciall chean- naigh fachta aige. Nuair a bhain sé amach Dún Chaoin bhí sé moch sa mhaidin agus na speabhraidí imthighthe. Tar éis fiacha an éisg bheith ólta aige fear an éisg agus pádh an chapaill aige fear an chapaill crochfaí iad araon i ngioll le pingin ruadh. Sin críoch ar an ndream gan chrích. Tomás Ua Criomhthain, An Blascaod Mór. (Sin go fírinneach mar thuit an scéal amach agus ní mar atá sa “Baile seo 'Gainne!” — Fr. an L.) Ó CHÚ. AN CHLÁIR. Do chuir mo shean-athair an cailín aimsire amach, lá, féachaint cad é an poinnte go raibh an ghaoth ag séideadh as, mar bhí air an chruithneacht a cháthadh an lá san. Ar theacht isteach do'n chailín, seo mar adubhairt sí — “Tá sí anoir is aniar agus as gach uile áird agus cuid mhaith ag tóin an tighe dhi.” Bhí bean bheag ar m'aithne agus seo mar d'fhreagair sí bean eile bhíodh ag casadh a h-aoise léi agus ag rádh, “Mhaise, a Bhrighidín, a chroidhe, is dóich go bhfuil aois mhór agath anois?” “Dá mbeadh t'aois amach as m'aois, is beag an aois a bheadh agam,” arsa Brighdín. Bí Osgar mór eatorra agus a shúiste mór-fhada aige, “Nár briseadh a ghad a's nár sgaoileadh riamh fós.” Bhí lánamha pósta 'n-ár gcómharsanacht agus seo mar adéarfadh an bhean nuair éireóch' aon cheo beag eatorra: “Eadrainn féin araon, bíodh, a Sheáinín Uí Chatháin. Claidhe d'ór do thuitfidh ar d'fhiadhnaise-se, agus an t-am a bheidh sé ag tuitim nár dheinidh sé dochar ná díoghbháil duit-se ná domh-sa, a Sheáinín Uí Chatháin.” An t-Ath. Béarnárd Ó Cuanaigh, An Mhainistir, Clevedon, Somerset. RÚN UILC. Bhí garsún ag dul go dtí an t-Aifreann maidin Domhnaigh agus ag deunamh isteach ar an sráidín do mar a raibh an séipéal chonnaic capall ar thaobh an bhóthair agus í ag síneadh agus á searradh féin d'iarraidh teacht ar an gcoirce bhí ag fás ar an dtaobh istigh de chlaidhe an bhóthair. D'fhair sé í ar feadh tamaill, acht mar bhí an claidhe árd leathan do theip uirthi aon bheulóg do shroisint. Do dhein an garsún fe n-a géin agus dubhairt: “Dar fiadh taoir cionntach, a chailín,” agus san am gceudna do láimhseáil an tsrian do thóg leis í agus do chuir isteach sa phóna í. Ní fheacaig aonne é. D'fhan an sceul mar sin go dtí tamall tar éis an Aifrinn chum gur theasduigh a chapall ó'n sagart. Chuir sé duine á h-iarraidh acht is geairid gur fhill an teachtaire gan capall ná tuairisc uirthi. Do com- áineadh teachtairí eile ar a tuairisc ins gach aon bhóthar, comhgar is casán dá raibh timcheall an tsráidín acht d'fhilleadar san mar a'gceudna gan aon tuairisc uirthi. An fhaid do bhiodar ag cur 's ag cúiteamh feuchaint cad do b'fhearr a dheunamh do fuaradh amach go raibh sí sa phóna. Do chuir an sagairt teachtaireacht láithreach go dtí an bóinéir feuchaint cérbh é an mac mallachtan do chuir a chapall sa phóna. Dubhairt an póinéir gur bhé a leithéid sin de gharsún acht ná raibh sé féin aige baile nuair do chuir sé sa phóna í. Do chuir an sagart fios ar an ngarsún láithreach. “A chuirpthigh,” ars' an sagart, “an tusa a chuir mo chapall sa phóna?” “Is me, cheana,” ars' an garsún. “Ca' na thaobh duit a leithéid sin do dheunamh?” ars' an sagairt. “Ó, tu féin fe ndear,” ars an garsún. “Nár thugais-se seanmóin sa tséipéal so uait caoigthigheas an Domhnaigh seo agus ná dubhraís dá mbeadh duine ar aigne aon choir ná droch-bheart do dheunamh acht san am gceudna gan aon chaoi bheith aige an droc-bheart do chur chun cinn go raibh sé díreach chomh cionntach agus dá ndeineadh sé an choir.” “'Seadh,” ars an sagart, “acht ciannos a bhaineann an sceul lem' chapall sa?” “Inneosad-sa dhuit,” ars an garsún, “do fuaireas do chapall ar thaobh an bhóthair agus í ag deunamh a croidhe díthchill a d'iarraidh teacht ar an gcoirce bhí ag fás i dtaobh istigh 'e'n chlaidhe agus do réir do sheanmóna bhí an capall chomh cionntach agus dá dtéigheadh sí isteach sa ghort.” “Do thuigis an tseanmóin go ró-mhaith, a bhuachaill,” ars an sagart. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. H. JOHNSTON, TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Teo., Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Tráth bhriseadar na humaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces' Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Port an Phápa, CORCAIGH. CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM! MARGAIRÍN “LEANDAR” Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA Agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX is a chlann mhac (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne, & é chomh saor le h-aon rud a gheobhfá i gCorcaig nó i mBaile Átha Cliath. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL IS A CHLANN MHAC (teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.
AN DARADAOL AGUS AN CHIARÓG. Bhí daradaol agus ciaróg i n-aon tigh agus réidhtigheadar cleamhnas le chéile. B'é an margadh a bhí eatortha go raghadh an chiaróg ag bailiú agus go bhfanfadh an daradaol cois na teine ag ullamhú an bhídh. Lá dá raibh an chiaróg lasmuich ag soláthar, dhein an daradaol císte & do leag ar lic an tinnteáin é. Nuair a bhí taobh de'n chíste bruithte chuaidh an daradaol á iompódh, ach do thuit an ceapaire anuas air agus do dóghadh é. Ar theacht isteach do'n chiaróig, fuair sí marbh fé'n gceapaire é, & do chrom sí ar lógóireacht. “Cad d'éirig dhuit-se?” ars an luichín. “Ochón ó,” ar sise, “ann daradaol a dóghadh agus an chiaróg ag lógóireacht. Ochón ó!” “Dona go leór,” ars an luichín, “bead- sa ag gol 's ag ochlán.” D'airigh an duirisín í. “Cad é an donas san ortsa?” ars an duirisín. “Tá,” ars an luichín, “an daradaol a dóghadh, an chiaróg ag lógóireacht, & an luichín ag gol 's ag ochlán.” “Má 'seadh,” ars an duirisín, “bead- sa ag iadhamh 's ag gíosgán.” “Cad é seo anois ortsa?” ars an toirín spíonán. “Tá,” ars an duirisín, “an daradaol a dóghadh, an chiaróg ag lógóireacht, an luichín ag gol 's ochlán, agus mise ag iadhamh 's ag gíosgán.” “Bead-sa ag lomadh 's ag críonadh,” ars an toirín spíonán. Chonnaic an chruaichín mhóna é. “Cad é an fuadar so fútsa?” ars an chruaichín mhóna. “Tá,” ars an toirín spíonán, “an daradaol a dóghadh, 's an chiaróg ag lógóireacht, an luichín ag gol 's ag och- lán, an duirisín ag iadhamh 's ag gíos- gán, agus an toirín spíonán ag lomadh 's ag críonadh.” “Bead-sa ag tarrac na síne,” ars an chruaichín mhóna. Chonnaic an goirtín eorna an chruachín mhóna ag tarrac na síne. “Cad chuige dhuit-se bheith ag tarrac na síne, a chruaichín mhóna?” ars an goirtín eorna. “Cúis mhaith;” ars an chruaichín mhóna. “An daradaol a dóghadh, 's an chiaróg ag lógóireacht, an luichín ag gol 's ag ochlán, an duirisín ag iadhamh 's ag gíos- gán, an toirín spíonán ag lomadh 's ag críonadh, 's an chruaichín mhóna ag tarrac na síne.” “Seadh,” ars an goirtín eorna, “is mithid domhsa bheith ag cromadh 's ag buidheachtaint.” “Cad é cúis duit-se bheith ag cromadh 's ag buidheachtaint?” ars an girrfhiadh leis an ngoirtín eorna. “Mo dhóthain de chúis,” ars an goirtín eorna, “an daradaol a dóghadh, 's an chiaróg ag lógóireacht, an luichín ag gol 's ag ochlán, 's an duirisín ag iadhamh 's ag gíosgán, an toirín spíonán ag lomadh 's ag críonadh, 's an chruaichín mhóna ag tarrac na síne, agus mise ag cromadh 's ag buidheachtaint.” “Má's mar sin é,?” ars an girrfhiadh, “bead-sa ag imtheacht fiadhain i measg na gcoillte.” Chonnaic an láir bhán an girrfhiadh ag imtheacht fiadhain i meisg na gcoillte. “Cad leis go bhfuilir ag imtheacht ar buile ar fuaid na gcoillte?” ars an láir bhán. Dubhairt an girrfhiadh léi cad a thuit amach. “Ambasa,” ars an láir bhán, “ach go mbádhfadsa mé féin sa díg seo.” Chonnaic an gréasaidhe an láir bhán 'á bádh féin sa díg. “Cad é an chiall duit-se bheith ad' bhádh féin sa díg?” ar seisean léi. “Ó,” ars an láir bhán, “an daradaol a dóghadh, 's an chiaróg ag lóghóireacht, an luichín ag gol 's ag ochlán, 's an duirisín ag iadhamh 's ag gíosgán, an toirín spíonán ag lomadh 's ag críonadh, an chruaichín mhóna ag tarrac na síne, an goirtín eorna ag cromadh 's ag buidheachtaint, an girrfhiadh ag imtheacht fiadhain i measg na gcoillte, & mise am' bhádh féin sa díg seo.” “Tá an donas déanta,” ars an gréas- aidhe, “cuirfeadsa an meanaithe im' ór- dóig & tabharfad fuil mo chroidhe aiste.” Agus do dhein. Gurab é mo sgéal ó thúis go deire — an daradaol a dóghadh, an chiaróg ag lógóireacht, an luichín ag gol 's ag och- lán, 's an duirisín ag iadhamh 's ag gíos- gán, agus an toirín spíonán ag lomadh 's ag críonadh, 's an chruaichín mhóna ag tarrac na síne, an goirtín eorna ag cromadh 's ag buidheachtaint, an girr- fhiadh ag imtheacht fiadhain i measg na gcoillte, an láir bhán 'á bádh féin sa díg seo, agus an gréasaidhe chuir an meanaithe i n-a órdóig gur thug sé fuil a chroidhe aisti. Eibhlís Ní Fhoghludha, ó Luimnigh, do fuair i gCorca Dhuibhne. Nótaí. — Ag iadhamh = ag dúnadh. Ag tarrac na síne = ag leigint na droch-aimsire tríthe. “Mana cladhairt (?) ar do leacain chlé Níor tháinig riamh gan duine léi.” DON LÉIGHTHEOIR. Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” & cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn. FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CLIATH, &rl. A Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i. “An Lúcánia” (de dhéantús na hÉireann ó Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat. Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge do mhúineadh: “Scéalta don Aos Óg,” 2d. “Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d. “Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” — iad go daithte is go hoireamhnach ar gach chuma. I., II., III., IV., 4/-, 4/6, 4/6, 4/6 GAEDHIL A BHFUIL TRÁCHT ORTHA: Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach, Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh Colmcille, Uolf Tone, Naomh Bréandán, An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach garm — £3 an beart. LEABHAIR IAD SO A THAITHNFIDH LEAT — “Every Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar — Cuir cárta ag triall orainn ar lorg leabhráin eolais: “The Educational Co. of Ireland,” 89 Sráid Talbóid, Áth Cliath. Tá árd-teist ar MHUINTIR HILLIARD (teo.) CÍLL ÁIRNE, De bhárr an chuma in a gcabhruighid le déantúisí na hÉireann. Ní gádh earraí thar lear do cheannach, agus SEOGH EARRAÍ GAEDHEALACHA Le fághail in a dtigh sin. An siopa éadaigh is mó agus is fearr i gCiarraidhe. Tig a 6 & a 7 sa' tSráid Mhóir, CÍLL ÁIRNE. Earraí Gaedhealacha do Ghaedhlaibh! Léinte. Lámhainní. Carabhata. Stocaí “Guailneáin.” Bróga. Caipíní agus Hataí, ó TH. Ó LOCHLAINN, 19 Sráid na Páirliméide, Baile Átha Cliath. BÍODH PÍOPA MAITH GAEDHLACH AGAT. Tá PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR le ceannach i ngach siopa tobac. Cuir a dtuairisc ar lucht a ndéanta — CAPP & MAC PEADAIR Teo. FAICHE SHAIN STIABHNA, ÁTH CLIATH. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail. Ceachta Cainnte Gramadaighe. Seán Ó Catháin do scríobh. An Ghramadach Ghaedhilge is fearr. 2/6 Muinntear Ghuill, Áth Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services