Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Márta, 1917

Title
Márta, 1917
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1917
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.
Uimh. a 12. MÁRTA, 1917. Pinginn a Fhiacha.



Donnchadh na n-Óspairtí.



Brighid Stac do scsíobh.



[Moladh “Duais an Ridire” do'n aiste seo].



Bhí fear ins an bparróiste seo againn-
ne morán bliadhanta ó shoin & deirtear
go raibh sé ar an té ba ghreannmhaire a
bhí riamh ann. “Donnchadh na nÓspairtí”
a b'ainm do. Glaodhadh an ainm seo air
mar níl aon rud dá'r éirig do riamh
ná gur “Óspairt” a déarfhadh sé. Sí
seo an cheud óspairt a dh'éirigh do —
aon lá amháin nuair a bhí sé 'na gharsún
óg bailigheadh caoíre an chnoic isteach i
mbothán ar an mbaile mar ba ghnáthach,
chuin iad a bhearradh. Bhailig mórán gar-
sún beaga isteach sa bhothán ag féachaint
ar na caoíribh. Bhí Donnchadh 'na measg,
nídh nách iongantach, & mar bhí an mío-ádh
air, léim sé ar dhruim reithe mhóir a bhí
ann agus bhí sé ag marcuídheacht air.
Ba gheárr gur sgaoileadh amach leis na
caoíribh & cuireadh an madra leó chuin
an chnoic. Siúd leis an reithe ag cur
de sna cosa 'náirde. Síos leis i bhfaill
mhóir áird a bhí trí cheud troighthe ar
aoírde agus Donnchadh anáirde air agus
greim daingean aige ar olann an reithe
& d'fhan mar sin go dtáinig an reithe
aníos as an bhfaill arís go saor sábh-
álta. Nuair a tháinig sé fé dhéin an
bhaile 'sé deireadh gach aoinne a bhuail-
eadh leis — “Mhaise, a Dhonnchadh, nách tú
a fuair an seans” ach sé freagra a gheibh-
-idís ná — Dhé! ní raibh ann ach óspairt
is fada go bhfuair éinne marcuídheacht
chómh saor léi.”



Seadh, nuair fhás sé suas 'na fhear
bhíodh na cómharsain ag rádh leis gurbh'
fhearra dho pósadh mar ní raibh aoinne
sa tig ach é féin 'sa mháthair agus bhí
blúire beag talmhan aige. Dúbhairt á
mháthair leis go raibh sí féin críona anois
agus go raibh sé chómh maith aige bean
a sholáthar do féin. Pé 'n-Éirinn é,
d'éirigh leis cleamhnas a dhéanamh agus
ar theacht abhaile dho oidhche an chleamhnais
dúbhairt sé le na mháthair — “Seadh, a
mháthair,” ar seisean, “tá sí fachta ar
deire agam; ach ar mh-anam go bhfuil a
thuilleadh dá duadh lé fághail agam —
dúbhradar liom go gcaithfinn dul go
dtí'n sagart ag triall ar bhilleóig,
n'fheadar an gádh dhom an t-asal a
bhreith liom!”



“Och, Dia linn,” ars' an mháthair ach
ba bheag an mhaitheas di a bheith ag cur
Dhonnchadh ar a' gceart. Ba mhoch ar
mhaidin a bhí sé ag dorus tíghe an &
t-sagairt, ach nuair d'fhiafruigh an sag-
art do cad í ainm a mhná 'sé dúbhairt
sé — “Dar fiadh, a Athair, go bhfuil sí
dearmhadtha agam!” Chaith sé filleadh
abhaile arís chuin an ainm a fhághail agus
seo thar nais leis agus “Nell Farrel,”
“Nell Farrel” ar bhárr a theangan aige i
ó dh'fág sé an tig. Bhí san go maith go
dtí go raibh sé i ngiorracht cúpla ramhan
do thigh an t-sagairt & pé rud d'éirigh
do, shleamhnuig sé & buaileadh ar phleasg
a dhroma ar an mbóthar é. Pé seans a
fuair sé féin, cailleadh “Nell Farrel”
agus chaith sé filleadh air ais. Bhí sé
cráidhte go leór, cé gur dheacair é
chrádh, agus ar seisean le na mháthair —
“Mhaise, ná'r mhaoídh an saoghal orm í
siúd, a mháthair, mar a bhfuil a duadh
fachta ó thalamh agam, & ní bheadh mara
mbeadh tusa!”



Fé dheire thug sé an ainm leis agus
tháinig lá an phósta. Nuair bhíothas 'á
bpósadh, geallaim-se dhuit go raibh gáir-
ídhe agus sult ag an gcóisre. Dúbhairt
Donnchadh leis an sagart iad a phósadh
as Beurla mar nár thuig aoinne do'n
mbeirt aca aon Bhéarla, i slíghe is ná
tuigfidís féin a chéile “is ná beadh an
ceangal ró dhian,” mar adúbhairt Donn-
chadh — “mar” ar seisean leis an sagart.
“Níl aon triaill agam uirthe fós, a
athair.” Ansan nuair adúbhairt an sag-
art — “A Dhonnchadh 'ac Ghearailt an
dtógfaidh tú Neill Ní Fhearghaoil.” “Tóg-
fad agus ní thógfad, athair, 'neosfaidh an
aimsir é sin. Mara n-iomparóchaidh sí
seo í féin, dar ndóigh, a Athair, sgaoil-
fidh mé léi!” A leithéid do lá seoigh
ní rug riamh ortha.



Seadh bhí sé ag déanamh go maith agus
bhí beithídheach breágh uair aige a bhí sé 'a
choimeád mar adhbhar bó. Lá, chonnaic sé
an beithídheach ag cogaint a círe agus
siúd isteach chuin a mháthair é agus míle
murdal aige — go raibh an beithídheach gan
aon fhiacal lastuas agus go gcaithfeadh
sé í dhíol. “Arú, a Dhonnchadh, a chroídhe,”
ars' an mháthair, “ní raibh aon fhiacal
uachtarach ag aon bhuin riamh.”



Lá eile chuaidh sé ar aonach ag díol
seana-chapaill, ach d'fhliuch an lá & bhuail
sé cúpla paca treasna ar mhuin an
chapaill ó'n mbáistigh. Chonnaic sé gach
aoinne síos suas an tsráid ag marcuídh-
eacht ar a gcapallaibh agus ialuití ortha
agus, nídh nách iongantach san, síos, suas
lé Donnchadh d'fhonn a bheith maidir leó
& is mó a bhí 'na dhiaidh is ag féachaint
air 'ná ar an gcuid eile go léir ach dá
mbeadh a sheana-chapall ar fheabhas a'
domhain ní cheannóchadh éinne é nuair a
chnocadar na pacaí air.



Bhí Donnchadh ag dul ar shochraid, lá,
in aonacht le beirt fhear ó'n mbaile.
Bhí an corp sa tsáipéal & nuair a shroich-
eadar an sáipéal chualadar na sagairt
ag cantain laistig mar bhí Aifrionn árd
á rádh. Nuair chualaidh Donnchadh na
h-amhráin aoibhine dúbhairt sé leis na
fearaibh eile —



“Ar mo bhriathar, gur maith atá an
mhuínntir istigh ag luíghe leis an ndeoch!”
Bhí éileamh aige féin ar an ndeoch go
deimhin & is minic a dh'éirigh cineamhaint
do 'na thaobh. Oidhche gheimhridh & é ag
teacht abhaile ó'n mBuailtín níorbh fhéidir
leis treabhadh roimis mar bhí deoch 'á
thraochadh. Do luigh sé cois cruaiche móna
agus níorbh' fhada go raibh sé 'na shámh
chodhladh. Do thosnuig an sneachtadh ar
a bheith ag cáthadh agus do thuit braithlín
gléigeal ar Dhonnchadh. B'é toil Dé go
dtáinig fear na cruaiche go luath ar
maidin. Do ghlaoidh sé ar na cómhar-
sanaibh agus do bhíodar ar a ndícheall
ag iarraidh anam a thabhairt ann. Ar
deire shiar shall d'osgail sé a shúile
agus nuair thug sé ré ndeara an brat
gléigeal a bhí 'na thímcheall —



“A Rí mhóir na nGrásda,” ar seisean,
“an bhfuilim fé chlár ar deire? Arú
cogar, a Aingil, nó 'naoimh, nó pé rud
thu,” ar seisean leis an bhfear ba ghiorra
dho “an bhfeadraís an bhfuil Liam Thaidhg
ó'n mbaile 'gainn-ne ar Neamh agaibh?
Ba mhór an bitheamhnach é.” Do phleasg
a raibh láithreach ar gháirídhe & ba gheárr
gur thuig Donnchadh an sgéal go léir &
chuir sé dhe abhaile go tapaidh.



Is greannmhar an deire a cuireadh
lem' Dhonnchadh bocht agus is mar seo
a thárla sé. San am san bhíodh reithí
malluighthe ar chnocaibh na h-áite seo &
théigheadh na buachaillí óga suas gach
tráthnóna d'fhonn seóig a bheith aca ar
na reithíbh & cad a dheinidís — 'ná leac
mhór a bhualadh lasmuich ortha féin mar
chosaint agus nuair chíodh na reithí iad
rithidís fé na ndéin & bhuailidís an leac
le na n-adharcaibh agus bhainidís lasrach
aiste le bárr oilc. Bhíodh na buachaillí
'sna trithíbh gáirí & na reithí dá mbascadh
féin ar an lic go mbídís cortha. Bhí



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


AN T-EMPÓRIUM,
le
M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE.



ÉADATHÓIRÍ MAITHE



Tá le fághail uatha;



Lása Gaedhealach de'n déanamh & de'n phatrún
is órnáidighe amuich agus saothar lámh is
eadh gach órlach de.



Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt
datha.



Ciarsúirí de'n Línéadach Cheart Ghaedhealach is
a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach
do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh.



Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath
is ar gach gné datha.



Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach
(Muintir Winstanlí & Mac Gabharnaigh a
dheinean.)



Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr
agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do
deineadh.



TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN,
Sráid na nÁirne, CILL ÁIRNE.



Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint
gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa
Tigh Ósta so. Leabaidh, Breicfeast, Dinnéar, Té
agus Freastal ar 5/- sa ló.



BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



Nuair a bheir ag taisdeal
in UIBH RÁTHACH ÁLUINN,
— cuir fút sa tigh seo —



TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH
I gCATHAIR SAIDHBHÍN,



An tig is fearr in Uibh Ráthach.
Labharfar Gaedhilg leat ann.



tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE
TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;



SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;



ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.



ag “JOHN ATKINS & CO. ltd.”



Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.



Donnchadh 'na dhuine chrínna an uair seo
agus nuair chualaidh sé sgéal na reithí
dúbhairt sé gurab' é féin an fear dóibh
sin mar gur fadó a mharcuig sé ceann
aca síos ar thaobh faille. Seo chuin an
chnoic é agus cad a bhéarfadh go gcuir-
feadh gaisgídheach mar é féin leac mar
chosaint air! Dhéanfadh sé snaoís do'n
reithe a b'iongantuíghe ann! Bhí go maith
ach ba gheárr go raibh go h-olc mar sul
a raibh am aige “Dia lem' anam” a rádh
bhí an reithe 'na mhullach & chuir deire le
na laétheannta. Is dócha go ndúbhairt
sé ar an saoghal eile gur óspairt a
dh'éirig do!



PLÚIRÍN NA mBAN DONN ÓG.



Dá dtiocfá liúm-sa go Cúntae Liathdruim,
A phlúirín na mban donn óg,
Bhéarfainn-se mil bheach & méad mar bhiadh
dhuit,
A phlúirín na mban donn óg.
Bhéarfainn aer na long na seol 's na mbád
duit,
Fé bharraí na dtonn is sinn ag filleadh ó'n
dtráigh,
'S ní leigfinn-se aon bhrón choidhche id' dháil
A phlúirín na mban donn óg.



Ní rachaidh mise leat 's níl maith dhuit bheith
am iarraidh,
Dubhairt plúirín na mban donn óg;
Mar ná coinneoch' do ghlórtha beo gan biadh
mé,
Dubhairt plúirín na mban donn óg.
Míle céad fearr liom bheith choidhche gan fhear
Ná bheith ag siubhal an drúchta 'sna bhfásach
leat;
Ní thug mo chroidhe dhuit grádh ná gean,
Dubhairt plúirín na mban donn óg.



Chonnaic mé chugham í tré lár an tsléibh',
Mar réilthean tríd an gceo,
'S do bhí mé 'cainnt 's ag cómhrádh léi,
Go ndeachamair go páirc na mbó.
Shuidheamair-ne síos i lúib an fháil,
Go dtug mé dhi scríobhtha faoi mo láimh
Ná fuil coir dá ndéanfadh sí ná h-íocfainn
a cáin
Do phlúirín na mban donn óg.



Mo chreach is mo chrádh gan mé fáiscthe síos
léi,
Plúirín na mban donn óg,
Fé cheangal grádha go bráth ná scaoilfeadh,
Plúirín na mban donn óg.
Tuille le fagháil go bráth ní iarrfainn —
Ach ag sugradh 's ag gáire 'réir mar ba mhian
linn;
A Dhia! nach cruaidh an cás mara bhfaghaidh
mé mo mhian —
Sí plúirín na mban donn óg.



(Tá deisiú ar an rann deiridh. — “An Seabhac”)



CAOINE GREANNMHAR.



Mo chreach ghéar féin is mo thuirse!
Is minic a thógais-se mo thuise,
Is ní le cámbric é, ná le musling,
Ná le síoda daor ó'n siopa,
Ach le bata droighnighe coille,
Is é do thabhairt dom féin go minic.
A Sheáin Ó!



Mo chreach ghéar féin 's mo ghleó-ghuirt!
Nuair bhinn-sé im' luighe sheoltha,
Do bhíodh an eochair in do phóca,
Is an bainne sa chófra,
Is mo chroidhe-se scólta,
Is ná faghainn aon deor de,
A Sheáin Ó!



Mo chreach ghéar féin is mo dheacair-chreach!
Ní dhéantá-se dada dhom,
Ach ag bruighean ar maidin liom,
Is ag tómhas an bhata liom,
Is d'íosfá baraille,
Dos na prátaí dearga,
Le linn an eadarshuth,
A Sheáin Ó!



Mo chreach ghéar féin is mo chreach!
Sé deir mná óga an bhaile seo 'mach,
Go bhfuilim fhéin óg láidir deas,
Is gur gairid bhead gan fear,
bheirim dóibh mo dhá bhais,
Ná fuil uaim ach seans,
Agus tú d'fhagháil amach,
A Sheáin Ó!



A Sheáin óig 'ic Chraith,
Tabhair uaim é amach,
Is mo dhritheáir Peaid,
D'fháscfadh air an scraith;
Cuiridh air ualach,
Agus greadaidh é do'n tsluasaid,
A Sheáin Ó!



Seán Ó Curráin ó'n Rinn
do sholáthruigh.



Do bhí lánamha nuadh-phósda ann uair
agus do bhídís gach aon lá ag bruíghean
's ag achrann. Do bhí an bhean caoch agus
do bhíodh an fear 'á chasadh léi 's 'á
shíor-rádh dá mbeadh fhios aige féin é sin
ná pósfadh sé í. Bhí an sgeul mar sin
air feadh ibhfad agus gan aon suaineas
ag dul ar an saoghal aca. Aon lá amhain,
nuair bhí sé ag cur 's ag áitheamh 'na coinne
dúbhairt sí leis:—



“Ní mise a bhí caoch acht tusa bhí caoch,
Chionn mise a bhí caoch, a phósadh.”



Ó'n lá san amach níor thagair sé dá
caoiche mar is dócha gur thuig se go raibh
an ceart aici.



Brighid Ní Chiabháin.



GNÓ DO GHAEDHILGEÓIRÍ.



Tá feirm ceannaithe ag Gaedheal i
gCundae Thiobraid Árann, agus ní bheidh
ag obair ann aige ach Gaedhilgeóirí.



Gheobhaidh gach duine aca lóistín maith
is togha an bhídh, agus tuarasdal mar
leanas — Treabhadóir, 15/- sa tseachtain;
Cailín Crúidhte Bó, £25 sa bhliain; agus
Cailín Cóirithe Tighe, £20 sa bhliain.



Scríobh chun “Éamonn,” Oifig “An
Lóchrann,” i gCorcaig, agus cuir i n-iúl
do, t'aos is do thréithe.



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 3


SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH.



“An Seabhac” do bhailigh.



83 — Bíonn tuirse na ngaibhne ar na
buachaillí bó.



Agus gan oiread cúise aca. Bíonn daoine
seachas buachaillí bó mar sin.



84 — An t-é bhíonn bacach bíodh 's an t-é
bhíonn tuirseach suidheadh.



85 — Caitheann gach aoinne géilleadh dá
bhacaighe féin.



Agus ní le bacaigheacht siubhail amháin go bhfuil
baint aige sin.



86 — Cis ar chois nó sos do láimh.



Nuair a bhíd tinn. Cis .i.?



87 — Is fearr rith maith ná droch-sheasamh.



I. Is feárr teicheadh ná an cath do dhul ort.



88 — Spor ar an gcois is gan an chos
ann,



Is gan d'anam sa chorp ach mar
bheadh cubhar na h-abhann.



Duine lag ag cur chun gníomh fuinneamhail.



89 — Ag duine féin is fearr fhios cá luigh-
eann an bhróg air.



90 — An t-é gur cumhang leis a bhróg is
beag leis an saoghal.



91 — “Cá raghair, cá ngeobhair?”



Le duine go mbíonn órdóga a chos iompuighthe
amach ó chéile adeirtear san — nó 'siad na cosa
adeir le chéile é!



CRUTH AGUS PEARSA.



92 — Is minic a bhíonn gránna geana-
mhail is dathamhail dona.



93 — Is minic a bhíonn deáthratach caill-
eamhnach.



Deáthratach .i. deallratach.



94 — Is minic a bhíonn breagh bréan.



95 — Bíonn borb fé scéimh.



96 — Is fearr béasa ná breághthacht.



97 — Ní h-í an áilneacht a chuireann an
corcán ar fiuchaidh.



98 — Má's peaca bheith buidhe tá na
mílte damanta.



99 — Má táim buidhe tá croidhe geal
agam.



100 — Ní buidhe ó'n ngréin atá sé ach
buidhe ó'n bpréimh.



.i. ó dhúthchas.



101 — Ní h-iad na fir mhóra a bhaineann
an foghmhar go léir.



102 — B'fhearr liom beag deas ná mór
gránna.



ÓIGE AGUS SEANAOIS.



I — Is breagh an rud an óige do'n té
chuireann í ar foghnamh [nó — “mar
is cóir í.”



2 — Is mó croiceann a chuireann an
óige dhi.



Croiceann .i. athrú.



3 — Mol an óige is tiocfaidh sí.



Aguisín leis sin — “Buail sa tóin í is tuitfidh sí.”



4 — Ní féidir ceann críona a chur ar
cholainn óig.



5 — Ní thagann ciall roim aois.



6 — Bíonn ceann caol ar an óige.



7 — Is mór an óige orainn bheith gan
chiall tamall.



8 — As an óige is usa an tslat a lúbadh.





9 — Nuair a chruadhann an tslat is
deacair í lúbadh.





10 — Nuair fhásann an crann is deacair
é shníomh na ghad.



11 — Is mairg a thugann droich-mheas do'n
óige.



12 — Is mairg ná baineann ceol as an
óige an fhaid a bhíonn sí aige.



13 — Aithrigheach óg seana-dhiabhal aosta.





14 — Duine óg diagaithe adhbhar diabhail
seanduine.



Diagaithe .i. diadha.



15 — Céalacan fada agus díth na mbróg,
A dheineann seanduine de'n duine
óg.



Céalacan .i. céadlonga = bheith i bhfad ar troscadh.



16 — Bíonn duine na leanbh dhá uair.





Óg gach neach i n-aois óige,
Óg arís gach seanóire,
Óg deire aoise an duine,
Deire gach seanaoise óige.



17 — Gol leinbh óig nó ochón seanduine.



Ní mór le rádh iad.



18 — Tosach agus deire an duine ar an
dteine thriallann sé.



19 — Críneacht cinnteacht.



Críneacht .i. críne, aos.



20 — Is mór idir teacht is meath.



21 — Is olc an chomhursa an tseanndacht.



22 — Ní brúighte go dul i n-aois.



23 — Is mairg a mhaireann le bheith críona
nó a cailltear i mbaois na h-óige.



24 — Cos ins an uaig agus cos eile ar a
bruach.



25 — Is fuirist aithne buille an tsean-
duine.



Cé ná bíonn sí láidir buailtear san áit cheart í.



26 — Magadh [nó aighneas] fé sheanóir nó
fonómhaid fé dhuine bocht.



Is náireach iad.



27 — Na ceithre coda d'aois an duine:



Fiche bliadhain ag teacht,
Fiche bliadhain go maith [nó — ar stad]
Fiche bliadhain ag meath,
Fiche bliadhain gan rath.



28 — Na trí saoghail is sia:



Saoghal an Iubhair, saoghal an Iolair
agus saoghal Chaillighe Béara.



29 — Trí bliadhna fál, trí fál each, trí
each marcach, trí marcach iolar, trí
iolar iubhar, trí iubhar crích, trí crích
deire domhain.



30 — Bíonn an óige ar buile.



(Tuille le Teacht.)



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,



Idir Leabhair Ghaedhilge
agus Leabhair Bhearla,
le fághail uainn - ne.



Gach leabhar atá fé chló, tá cólb de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH.
SRÁID ÍOC. BHAGÓID, a 50,
BAILE-ÁTHA-CLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



TÁILLIÚREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i n-Éirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA.,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.



RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.



RÁSÚR “COSANTÁ”
ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca-san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



Gaedhilg agus
Suairceas Saoghail:



I gCOLÁISTE CHAIRBRE



a bheidh, i rith mí
LUGHNASA, 1917.



Cuir tuairisc gacha ní ar



MÍCHEÁL Ó CUILEANÁIN, O.S.,
Seanachúirt, SCIOBAIRÍN.



A Ghaedheala! Ceannuighidh



“ÉADACH na DRUIPSIGHE”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaig na Druipsighe (teo.)
Co. Chorcaighe.



Le MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH



An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair
is Tobac ann don Ghaedhilgeoir:



UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87
i mBAILE ÁTHA CLIATH.



Peictiúirí Deasa Daithte, Saothar Láimh. Leabhair agus Bróidíneoracht. Faigh an Liosta. “Cuala Press” Dúndroma, Áth Cliath


L. 4


IOL-SCOIL NA MUMHAN
(RING IRISH COLLEGE).



Samhradh, 1917.



An Chéad Teurma:
Ó'n dara lá Iúil go 27mhadh.



An Dara Teurma:
Ó'n chéad lá Lughnasa go 29mhadh.



Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus
breaghdha is eadh an Coláisde agus an tigh
comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go
cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige
ann agus na hOidí go toghtha.



PÁDRAIG Ó CADHLA,
An Fear le Scríobhadh.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,



ó



MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a
Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.



DO LUCHT-DRÁMAÍ-A-LÉIRIÚ.



Tá gach saghas éide, peribhicí, &c., i gcóir
drámaí go mór-mhór i gcóir Drámaí
Gaedhealacha le fághail uainn-ne, ar
iasacht. Níl 'oiread san de sna rudaí
sin ag duine ar bith eile in Éirinn.



PÁDRAIG Ó SÚILEABHÁIN & a Chua.,
‘Theatrical Outfitters,’
38 SRÁID MHÓR SHEOIRSE, I gCORCAIGH



Má tá
TRUCAIL, CÁRR nó CÓISTE
uait,



Nó deisiú le déanamh
ar rothaí, &c., &c.,



Scríobh nó glaodhaig chugainn-ne:



C. Ó CONAILL agus a Chualucht,
SRÁID LIADROM,
CORCAIGH.



A bhean a' tighe! Cad é an saghas plúir
a bhíon agat?



Is é an PLÚR “EAGLE,” an plúr
is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus
an PLÚR “LION” is
fearr do lucht-aráin-a-dhíol.



Muíntir Mhic 'Ille Sheathanaich a dheinean
i gCorcaig.



GEO. SHAW & SONS,
Muileann Sain Seán, i gCORCAIGH.



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —



I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



AN LÓCHRANN.
Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh
an Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise An Fear Eagair.



Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain.
Dhá choip gach mí, tríd an bpost ar 3/- sa bhliain.



Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.



Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
&c., do chur.



Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath
Na Díoltóirí.



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



“AN LÓCHRANN.”



Sé seo an dara uimhir déag de'n
“Lóchrann” nua. Tá bliain curtha againn
dínn. Níor mhaith an bhliain í seo imthighthe
chun cúrsaí cló ná litridheachta — bliain
chorruighthe, bhuartha ab eadh í ameasc
Gaedheal; agus i gcúrsaí cló — bliain
chostasamhail ab eadh í. Ach beidh áthas
ar ár léightheoirí a chlos d'aindeoin na
ndeacraí sin gur éirigh go maith leis
“An Lóchrann.” Táimíd ag breith greama
ar an nGaeltacht — Gaeltacht Mumhan go
h-áirighthe agus ameasc an aosa óig go
mór mór. Dhá chúis fé ndeara an dá
rud san .i. do'n Ghaeltacht agus ó'n
nGaeltacht iseadh cuirtear “An Lóchrann”
amach; agus siad an t-aos óg is mó
foghluim sa Ghaedhilg, agus a léighean an
Gheadhilg dá muinntir, sa Ghaeltacht.
Agus ní sa Ghaeltacht amháin atá “An i
Lóchrann” dá léigheamh. Tá sé ag dul
go dtí bailtí móra na hÉireann agus
ameasc lucht foghluma na Gaedhilge ar
fuaid na tíre.



Tá tairbhe dá dhéanamh do'n Ghaedhilg
ag “An Lóchrann” mar mheasamair a
bheadh. Tá suim ag teacht i léightheóir-
eacht na Gaedhilge dá bharr. Níl aon
chló eile Ghaedhilge ag dul go dtí an
Ghaeltacht taobh amuich de leabhraibh scoile.



Dar linn, ón méid litreacha a gheibh-
imíd ag traoslú dhúinn agus 'ár moladh,
go bhfuil meas ar an bpáipéar beag so.
Go raibh maith ag lucht ár ngríosuighthe —
is mór an misneach orainn an focal
maith. Ach bíodh sé mar tá sé, nílimíd-
ne féin sásta ar fad fós leis “An
Lóchrann” agus beam ó mhí go mí ag
iarraidh feabhas a chur air. Tá feabhas
tagaithe orainn le bliain féin.



I gcúrsaí airgid ní gearánta dhúinn.
Níl fiacha ar bith orainn d'aindeoin an
chogaidh seo d'árduigh fiacha an pháipéir,
&rl., thar meodhon. Bíodh a lán dá
bhaochas san ar na cáirde fiala thug
airgead dúinn i dtosach chun ráithe nó
ceithre mhí a chur dínn. Mara mbeadh
iad san ní éireochadh i nao'chor linn. Ní
h-aon dóithín páipéar a chur i gcló an
aimsir seo agus páipéar slachtmhar,
Gaelach a chur ann mar atá sa
“Lochrann.”



Ní mór dúinn leis ár mbaochas a
ghabháil leis na daoine atá ag fógairt
a gcuid earraí nár bpáipéar-na. Sin
iad ár bhpríomh-sheasamh. Tá rud aca
san agus againn-ne á dhéanam ná dear-
nadh fós i nÉirinn — fógairt earraí, &rl.,
as Gaedhilg amháin.



Agus ar son na léightheóirí agus ar
ár son féin ba maith linn moladh thabhairt
d'ár gclódóirí .i. Cló-lucht Seandúna i
gCorcaigh, ar a shlachtmhaire agus a
fheabhas a dheinid cló “An Lóchrann.”
Táid siad san chomh h-imnidheach i dtaobh
an pháipéirín seo agus táimíd féin.



Do scríobhamair athchuinghe bheag mí ó
shin 'á iarraidh ar na daoine a bhíodh ag
díol as cóibeanna de'n “Lóchrann” le
cur go dtí scoileanna áirighthe — 'á iarraidh
ortha leanamhaint de sin. Scríobhaidís
chugainn gan mhoill.



Tá rud eile againn á iarraidh .i.
beagán duaiseanna le bronnadh gach mí
ar na leanbhaí scoile. Tá roinnt bheag
againn ach níl leath ár ndhóthana. Aoinne
fhéachfaidh ar an liosta so thíos tuigfidh
an tairbhe a dheineann duais bheag ameasc
na ndaoine óga.



Cuirtear litreacha i dtaobh cóibeanna
de'n “Lóchrann” go dtí —



SEÁN TÓIBÍN,
Baile an Teampaill, Corcaigh,



agus i dtaobh duaiseanna agus scríobh-
nóireachta go dtí —



“AN SEABHAC,”
Daingean Uí Chúise.



SCRÍOBHNÓIRÍ.



Fuaireas le mí os ná daoine seo mar
leanas:—



* Cáit Ní Lubhaing, Sc. Cheanntrágha,
ceithre scéalta.



Sinéad Ní Lubhaing, Sc. Cheanntrágha,
trí scéalta.



Cáit Ní Chiabháin, Sc. Cheanntrágha,
trí scéalta.



* Cáit Ní Mhaoileóin, Sc. Cheanntrágha,
dhá scéal.



Brighid Ní Chiabháin, Sc. Cheanntrágha,
dhá scéal.



Eibhlín Ní Chonchubhair, Sc. Cheann-
trágha, scéal.



Eibhlín Ní Mhuircheartaigh, Sc. Chill-
mhic a' Domhnaigh, scéal.



* Séamas Ó Caomhain, Sc. Dhúnchaoin,
dhá scéal.



Brighid Ní Chathain, Sc. an Bhloscaed,
scéal.



* Tomás Gaoithín, Sc. an Bhloscaed,
scéal.



Seán Súilleabháin, Sc. Liospóil,
scéal.



Seán Ó Súilleabháin, Sc. Liospóil,
scéal.



Mícheál Ó Muircheartaigh, Sc. Smer-
bhic, scéal.



Éamonn Ó Muircheartaigh, Sc. Smer-
bhic, scéal.



Seosamh Ó Domhnaill, Sc. Smerbhic,
scéal.



Míceál Ó Muircheartaigh, Sc. Smer-
bhic, scéal.



Seán Mac Gearailt, Sc. Smerbhic,
sceal.



* Pádraig Ruiséal, Sc. Smerbhic,
scéal.



Maighréad Ní Shúilleabháin, Sc. Chill-
mhic Ciarain, scéal.



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 5


* Máire Ní Shéaghdha, Sc. Cillmhic
Ciarain, scéal.



Gobnait Ní Shéaghdha, Sc. Chillmhic
Ciarain, aiste.



Brighid Ní Shúilleabháin, Sc. Chillmhic
Ciarain, aiste.



Scoláirí scoile iad san ar fad. Ó
Chorca Dhuibhne iad uile ach an ceathrar
deiridh. Ó Uibh Ráthach an ceathrar san.
Ní fheadar an bhfuil aon scoláirí scoile
i n-aon áit eile i nÉirinn ach i gCiarr-
aighe? Má tá is beag an phreab atá
ionnta — nó b'fhéidir ná fuil aoinne aca
a chuireann aon phreab ionnta. An
amhlaidh gur fearr an sprid atá i nOidí
Scoile iarthair Chiarraighe ná mar tá i
nOidí Chorcaighe, Chláir a's na nDéise?



Táim buidheach de sna daoine seo
leanas a chuir scéalta, bhéarsaí agus
sean-fhocail chugham — Brian Mac Cathbhar-
raigh, Corcaigh; Mícheál Ó Cuileanáin,
Scibirín; Tomás Ó Criomhthain, An Blos-
caod; agus Mícheál Ó Nialláin, Cúl re
Coill, Co. Mhuigheo. Go raibh míle maith
agaibh, a cháirde.



Na daoine go bhfuil * os comhair a
n-ainmeacha do moladh duais dóibh.



LITIR.



Tháinig litir chugham ó dhuine éigin a
dhearmhad a ainm, a ionad comhnaidhthe
agus marc Oifig an Phósta a chur ar a
litir. Nuair a leighisfidh sé an dearmhad
mór san scríobhfad-sa chuige.



“An Seabhac,”
Fear an Lóchrann.



AN BHEIRT BHACACH.



Beirt bhacach do bhíodh ag gabháil ó thigh
go tigh ag iarraidh déirce. Duine aca
agus lámh leis gan tapa. An duine
eile aca agus é bacach.



Thangadar lá i dteannta a chéile chun
an tighe chéadna. Bhí dothal aca roimis
a chéile. Bhíodh fáilte roimh gach naon
aca sa tigh ach mheasadar ná beadh a
ndóithin slighe ná córach dóibh araon.



“Mhaise nach leathlámhach an aimsir í,
a Dhiarmuid?” ars an duine bacach leis
an nduine eile.



“Níl ach síos agus suas, síos agus
suas, a mhic ó!” arsa Diarmuid.



D'airig fear an tighe an chaint. Tháinig
sé amach agus ghlaoidh sé isteach ar an
mbeirt. Bhí a ndóithin le nithe dhóibh
araon. Níor ghádh an dothal.



Cormac Ó Cadhlaigh,
Do fuair ón Ath. Peadar Ó Laoghaire, 8/10/1912.



Do PHÓSADH anso.



Do phós an tAthair Aodh Ó Néill an dís seo:



SEÁN TÓIBÍN,
o Bhaile an Teampaill, Cois Laoi, agus
SIOBHÁN NÍ SHÚILEABHÁIN,
ó Pharóiste na Tuaithe, Cois Leamhna.



A' Gaedhilg do dhein, ar an 19adh lá de mhí
Feabhra, i gCorcaigh Mhóir Mumhan.



DÁ mBA MHEON LIBH.



Insan leabhar úd, “Amhráin Thomáis Ruaidh,” tá
amhrán darab líne tosaigh:—



“Cuimhnigh mar tháinig Maois gan aon spleadh-
chas.” Uimhir a X. atá ar an amhrán. Dhá bhéarsa,
dhe atá ann. Tá an t-amhrán céadna ag muintir
Chairbre ach 'mháin an leath-rann tosaigh do bheith
i n-easnamh air. Seo mar atá sé ag muintir
Chairbre do réir mar chuala é dhá aithris. Níl aon
tuairisg ar Thomás Ruadh acu.



Mícheál Ó Cuileanáin.



I.



Dá mba mheon libh liom éisteacht do labhar-
fainn le héifeacht,
Ar chúrsa gach n-aon atá dealbh.
Is gur fada dár ngaoltaibh fí ghlasaibh gan
réiteach,
Gan suairceas, gan féasta, gan ceannas.
Anois leagam na méith-phuic is tréigfid
a mbeatha
Sliocht Chailbhin an éithigh ní méin liom a
gceasna,
Na madraí craosacha, caithfidh siad géil-
leadh —
Tá dualgas an tsaoghail seo acu caithte.



II.



Ná tuigig ná géillig, ná creidig ó éinne
Go leanfaidh an réim seo 'cu ach tamall;
Gur b'iad sliocht Liútair an éithigh is Chailbhin
bhuidhe chraosaigh
Do dhlúth-cheangail Gaedhil bhochta i
nglasaibh.
Tá an deachmhadh ortha buaidhte cé gur muar
é mar bheatha
Agus cuirfear 'en tsaoghal iad 'ndiaigh
chéile dhíbh geallaim
Gach diúlthaightheoir craosach do Mhuire ná
géillean
Go bhfuil aon bhrígh 'ci ach mar aon bhean
ar thalamh.



III.



Tá drochad na Banndan n-ar deineadh an
feall ann,
Fí riaghlacha fallsa le fada
Ach is gearr go mbeidh rabhgairt (?ruagairt)
ar na multhacháin ramhra
Agus ár bpící le faobhar glan ghá leagadh.
Tá parathais 'na dteampall agus feam air
chun talaimh,
Tá Ó Conaill ag fiadhach ar na diabhlaibh
le fada,
Dá mbeadh íntleacht ag saor mhaith ba mhór
é a luach saothair
Chuirfeadh bhfuaimeint gan baoghal air,
le prapa.



IV.



Tá mo chroidhe 'stig go léanmhar nách ughdar
me ar chléirceas
Chun cruaidh-dhlighthe 'n tsaoghail seo do
thabhairt,
Gur b'é Domhnal an tréan-fhear gan madraí
gan faol-choin
Thug lá sladaig gan faeiseamh ar Ghallaibh.
Tá Inis Eoghnáin suas 's a bhuachaillí i
n-acfuinn,
Ag briseadh na Bóinne gur b'iad a rug
ceól thríd a' mbaile *
Mise Domhnal bhur mbráthair ghá ínsint gan
spleádhchas
Go dtabharfad daoibh sásamh n-ar cail-
leadh.



* Is dócha gur i gcuimhneamh lae Bhriseadh na Bóinne
do rugadar ceól leo.



Ar maidin:—



“Éirigh, a Raighrí.”
“Táim ag éirghe. Tá cos liom im'bríste
is nár chuireadh an chos eile choidhche ann má
thugaim aon bhliadhain eile dhíbh-se.”



(Idir mháighistir is buachaill aimsire thárla an
chainnt sin).



Aonrud mar LEACHT AR UAIGH nó
ALTHÓIR don TEAMPALL



San Aolchloch nó sa' Mharmar,
déanfaidh



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG
Ar Fheabhas é. Scriobh chuige.



COLÁISDE na MÚMHAN.



OSCALÓFAR AN COLÁISDE
i mBÉAL ÁTHA 'N GHAORTHAIGH,
Dia Luain an naomhadh lá de
mhí dheire 'n tSamhraidh, 1917.



Tá gach aon tuairisc i dtaobh an Choláisde le
fagháil ó Liam De Róiste, 28 Sráid Mharlboro,
i gCathair Chorcaighe.



COLÁISTE AN DAINGIN



Dhá Théarma —
Mí Iúil agus Mí Lughnasa, 1917.



Tá Coláiste an Daingin i lár
na dúthaighe is Gaedhlaighe
i gCúige Mumhan.



Má's Gaeluinn atá uait
tar 'n Daingean.



Gach eolas le fagháil ó



AN RÚNAIDHE,
Coláiste an Daingin,
Dainghean Uí Chúise.



Gaedhil is eadh sinn-ne, is ní náir linn é.



Geobhair deaghmhargadh
uainn-ne i gcomhnaidhe.



TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
faimídne an postas ar cheithre púint de.



PLÚR Gaedhlach.
MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min
bhuidhe.
SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas.



S. & T. MAC CURTÁIN,
Sráid a' tSeandúna & Sráid Thomáis Dáibhios,
CORCAIGH.



Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, teo.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”
Guthán: 7 Cork; i Midleton.



Tá CÓISTÍ & MÓTAIR d'á ndeanamh againn-ne.



Cuirimíd GLÉAS GÓMA (rubair)
FÉ ROTHAÍ CÓISTE gan ró-mhoill.



CROS agus a CHLANN MHAC,
18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay),
CORCAIGH.



I n-Éirinn a Deintear



“BRÓGA NA LAOÍ.”



Táid le fághail i ngach sráid bhaile.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 6


Táid so 'á ndéanamh againn-ne —



ÉIDE SAGART,
ÁTHRAIGHE ALTHÓRA
mar chailísí, miasa, &c.



CROISEANA
den déanamh CEILTEACH in ór nó
airgead geal, agus



BUINN ÓIR
is
AIRGID.



LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC
Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor.



Píanó Ceart Gaedhlach ar £32!



Tá píanacha 'á n-déanamh in Éirinn
anois, ag



Pigott & Co. Ltd., Luimneacb, Ath Cliath
is CORCAIGH.



Sinn-ne a dhein
SNAOIS CHORCAIGHE
ar dtúis agus atá 'á déanamh
i gcómhnaidhe.



TOBAC CÚMHRA
an dá shórt so —
“Exhibition Roll” agus
“Shandon Plug.”



Má theastuighean uait aon tobac nó
saigréidí do chur chun aonne atá sa
chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó
cháin, ach leath phúnt, ar a luighead,
bheit sa 'bheairtín idir thobac is saigréidí.



LAMBKIN BROS.,
9 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



An Mhin Choirce is fearr blas agus is
mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA



MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean,
I MAGHCHROMTHA.



Scríobh chuige.



IN AMERICE,



Tá gach saghas earraí Gaedhealacha
ar díol sa tsiopa so, agus is le
Connradh na Gaedhilge é:



‘Irish Industries Depot,’
624 Madison Avenue,
in NUA-EABHRACH (NEW YORK).



AG DÍOL ÉISG.



Ansa tsean-aimsir do bhí sé 'teas-
dabháil ó fhear ó'n Oileán dul a' díol
éisg leasaighthe go dtí an baile mór.
Do bhuail chuige cheithre cléibheanna, do
chuir i mbád iad, do chuir an Bealach
amach do, do chuir a dtír a nDún Chaoin
iad. Ansan do leig sé a bhaile an bád
thar nais. Do réidhtigh sé le fear ar a'
dtír amuich chuin an ualaigh a thabhairt
go dtí an baile mór. Do fuair sé an
fear go tapaidh, do thug a chapall agus
a chairt leis, d'fháisgeadar a n-ualach
agus dob' 'eo leó a' ciorrú an bhóthair
go Daingean Uí Chúis.



Ar shroisint an bhaile mhóir dóibh, do
thairgigheadar a' capall go dtí dorus
tighe an tábhairne, do chuadar isteach, do
bhí deoch aca. Do bhuaileadar amach
ansan. Do leagadar na cléibheanna &
do chromadar ar bheith a díol an éisg.
Gach nduine a thugadh iarracht do'n iasg
leis, nuair a bhíodh sé a díol an airgid
do bhíodh tréit aige & do bhíodh braon
eile aige fear an éisc a dhíol. Ba mhór
iad na beaganna a dteannta chéile aca
— insa tslighe sa deire nach mór ná gur
chuma leó díolta nú gan díol an t-iasc.
Fé dheire an lae do bhí fear an éisc
agus a ghiolla ar na stártha & d'fhan
an chuid eile do'n iasg gan díol an lá
san. Dob éigeant d'fhear a tighe é chur
isteach, an capall a sgur agus biadh a
thabhairt do. D'fhanadar ag ól agus a
ragairne go dtí n-a h-aon a chlog ins
an oidhche.



Amáireach nuair a mhúscail an bheirt
as pé tunuar [t-ionnfhuar] beag a dhin-
eadar, b'eo amach leó ar a sráid, agus
do bhíodar síos suas dóibh féin ar feadh
a bhfad mar ná raibh aon tigh oscailte
go ceann a bhfad do'n mhaidin. Nuair
a bhí na tighthe á oscailt, dubhairt fear
an oileáin leis an bhfear eile teacht
isteach go mbeadh deoch aca. Dubhairt
a fear eile go mb'fhearr leis féin
greim ná bolagam i dtúis a lae. Dubh-
airt an chéad fhear go mb'fheárr leis
féin deoch ar an uain seo ná a raibh
de bhiadh in Éirinn. Do bhí an bheirt
aca gabháil dá chéile ar a' gcuma so,
gach nduine aca a d'iarraidh an tarna
duine do thabhairt leis mar ar mhaith
leis féin dul. Níorbh' fhada a bhíodar
mar sin an t-am gur thuiteadar chuin
achrainn le n-a chéile agus ba ró-ghearr
go raibh tuargaint agus fuil eatorra.
Nuair a tháinig na daoine suas do
chosanuigheadar & do chuireadar ó n-a
chéile iad, d'fhiafraigh na daoine dhóibh
cad a chuir ar a chéile iad. D'inns-
eadar an réasún glan díreach dóibh.
Do mhol fear a tábhairne an sgéal le
fear na dighe agus do mhol fear an
ósta an sgéal le fear an bhídh. Níor
ró-fhada go raibh an t-achrann a dul i
gcruadhacht eatorra & gan mór-mhoill
do thug an ceathrar fé chéile & gan
mór-aimsir a chaitheamh do bhí fuil mhairt
bainte as a chéile aca agus do bheadh
a thuille mara mbeadh gur tháinig na
póilíní suas agus d'árduigheadar mo
cheathrar go dtí an bhairric leo gan
mhoill.



Nuair a chuaidh an fead fiaigh tríd an
mbaile mór do chuaidh daoine láithreach
a leigeant mhuintir a Daingin amach
ach d'fhan an bheirt bhocht eile istig go
h-eadartha lár na mháireach. Leigeadh
amach iad nuair a bhí an t-am ceart
ann. Ní mór na tighthe a bhí oscailte
le na linn, ach nuair a bhí, dob' eo
isteach iad agus ní go tigh a bhídh dob'
annsa le h-aon duine aca dul an uair
seo, mar ná raibh ocras ar aoinne aca
an uair seo ach íota.



Nuair a bhí a sáith ólta aca, dubhairt
fear Dhún-Chaoin leis a bhfear eile go
raibh sé a n-am aca a bheith a'baint a
tighe amach feasda agus nach fuláir ná
raibh bean ná clann ná cúram na dhiaidh
féin. D'fhreagair fear an Oileáin é
agus mar ná ceileann meisge rún,
dubhairt leis go raibh an bhean ba bhreaghtha
a bhí insa cheanntar aige féin ach go
dócha ná raibh sí anois aige mar go raibh
sí sguabtha chuin siubhail aige fear maith
éigin eile ó dh'fhág sé féin an baile,
mar gur dhícheall do iad a choimeád
amach agus é ar a bhfód. “Mhuise fé
mar taoinn tú is amhlaidh is cóir thu
bheith,” arsa fear Dhún Chaoin, “agus má
tá an bhean chómh sgéimheamhail agus deir-
eann tá é is náireach an gnó dhuit a
bheith chomh leadaránach uaithe.” “T'anam
an fiabhal ná fuileann tu féin gachar
uair agus nóimit chómh fada liom amuigh,”
arsa fear an Oileáin. “Níl aon dathamh-
lacht am mhnaoi-se,” arsan fear eile,
“agus ní mór a' faire ar í sgiobadh
uam.” “Tuille dho'n tubaist ort,” arsa
fear an Oileáin, “agus ba mhór an
truagh dá mbeadh aon áird uirri í bheith
ceangailte leat mar nach mór do radharc
súl ionnat féin ach oiread.”



Tar éis an méid seo cainnte, do
phreabadar amach as a dtigh agus níor
stadadar nú gur bhaineadar amach an
chéad tigh tábhairne gur chuadar an chéad
oidhche ann agus go raibh an capall istigh
ann. Dubhairt an fear leo go raibh
táille bheag tuitithe ortha i dtaobh an
chapaill agus go gcaithfí é dhíol. Ba
dheacair do fhear bocht an chapaill san a
dhéanamh agus gan feóirling a bheárrtha
aige. “Tá airgead le fear an Oileáin
agamsa,” arsa fear an tighe, “mar do
dhíolas an méid do'n iasg d'fhan gan
díol.” “Mhuise, buadh agus beannacht
leat!” arsa fear an Oileáin agus do
dhíol sé as an gcapall gan mhoill.



Nuair do bhí an capall gabhtha agus
deich sgillinne díolta as d'óladar féin
a leabhair-dhóthain & as go bráth leo Bun
Calaith siar. Do bhíodar ag imtheacht go
fuinneamhail go dtí gur shroicheadar
gallán na Cille Brice. “Stop go fóil,”
arsa fear an Oileáin, “tá rud dear-
mhadta agam.” “Má seadh,” arsan fear
eile, “ní fhanfadsa leat.” “Bí ag
bogadh leat siar,” ar seisean, “agus
beadsa chughat.” “An diabhal stad a
dhéanfad,” arsa fear Dhún Chaoin, “nó
go mbainfead amach an bhean mhór bhreágh
úd a dh'fhágais ad dhiaidh, ó'n uair ná fuil



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


aon bheann agat féin uirri.” “Bíodh an
diabhal agat féin agus aici féin!” ar
an fear eile.



B'in iad scartha ó chéile iad gan
mhoill. Bhí annscurnach na h-oidhche ann
an uair seo agus do bain sé raithneach
as an seana-chapall agus i n-ionad
gabháil an cómhngar sé áit gur thug sé
aghaidh ná Mám na Gaoithe ó thuaidh.
D'ól a dhóthain i dtigh tábhairne ar a'
mBuailtín, do chuir beirt fhear isteach
'n chairt é, agus do sgaoileadar chuin
siúbhail é. Do tháinig an capall 'n
bhuaile am éigin san oidhche agus é féin
sínte siar sa chairt agus gan ann ach
a dé.



Tá an fear nár bheannuigh Pádraig
fós uaim agus gan é aige baile agus
níor bh'fhearr ann é ach oiread. Nuair a
shroich sé an Daingean d'ól a dhóthain gan
mhoill mar 'sé a rug ann é ar nós cách.
I lár na h-oidhche siar sé an rud a rith
'na aigne ná go mbeadh an bhean mhór
bhreágh a bhí 'na dhiaidh ag an dtigh ag
daltín Dhún Chaoin uaidh. Do phreab
amach as a leabaidh agus do chuir do
ins na cosa an bóthar aníos. Nuair bhí
sé i bhfaid a bhóthair do bhí breis dá
mheamhair a' teacht do agus ciall chean-
naigh fachta aige. Nuair a bhain sé amach
Dún Chaoin bhí sé moch sa mhaidin agus
na speabhraidí imthighthe.



Tar éis fiacha an éisg bheith ólta aige
fear an éisg agus pádh an chapaill aige
fear an chapaill crochfaí iad araon i
ngioll le pingin ruadh.



Sin críoch ar an ndream gan chrích.



Tomás Ua Criomhthain,
An Blascaod Mór.



(Sin go fírinneach mar thuit an scéal amach agus
ní mar atá sa “Baile seo 'Gainne!” — Fr. an L.)



Ó CHÚ. AN CHLÁIR.



Do chuir mo shean-athair an cailín
aimsire amach, lá, féachaint cad é an
poinnte go raibh an ghaoth ag séideadh as,
mar bhí air an chruithneacht a cháthadh an lá
san. Ar theacht isteach do'n chailín, seo
mar adubhairt sí — “Tá sí anoir is aniar
agus as gach uile áird agus cuid mhaith
ag tóin an tighe dhi.”



Bhí bean bheag ar m'aithne agus seo
mar d'fhreagair sí bean eile bhíodh ag
casadh a h-aoise léi agus ag rádh, “Mhaise,
a Bhrighidín, a chroidhe, is dóich go bhfuil
aois mhór agath anois?” “Dá mbeadh
t'aois amach as m'aois, is beag an aois a
bheadh agam,” arsa Brighdín.



Bí Osgar mór eatorra agus a shúiste
mór-fhada aige,
“Nár briseadh a ghad a's nár sgaoileadh
riamh fós.”



Bhí lánamha pósta 'n-ár gcómharsanacht
agus seo mar adéarfadh an bhean nuair
éireóch' aon cheo beag eatorra: “Eadrainn
féin araon, bíodh, a Sheáinín Uí Chatháin.
Claidhe d'ór do thuitfidh ar d'fhiadhnaise-se,
agus an t-am a bheidh sé ag tuitim nár
dheinidh sé dochar ná díoghbháil duit-se ná
domh-sa, a Sheáinín Uí Chatháin.”



An t-Ath. Béarnárd Ó Cuanaigh,
An Mhainistir, Clevedon, Somerset.



RÚN UILC.



Bhí garsún ag dul go dtí an t-Aifreann
maidin Domhnaigh agus ag deunamh isteach
ar an sráidín do mar a raibh an séipéal
chonnaic capall ar thaobh an bhóthair agus
í ag síneadh agus á searradh féin d'iarraidh
teacht ar an gcoirce bhí ag fás ar an
dtaobh istigh de chlaidhe an bhóthair. D'fhair
sé í ar feadh tamaill, acht mar bhí an
claidhe árd leathan do theip uirthi aon
bheulóg do shroisint. Do dhein an garsún
fe n-a géin agus dubhairt: “Dar fiadh
taoir cionntach, a chailín,” agus san am
gceudna do láimhseáil an tsrian do thóg
leis í agus do chuir isteach sa phóna í.



Ní fheacaig aonne é. D'fhan an sceul
mar sin go dtí tamall tar éis an
Aifrinn chum gur theasduigh a chapall
ó'n sagart. Chuir sé duine á h-iarraidh
acht is geairid gur fhill an teachtaire
gan capall ná tuairisc uirthi. Do com-
áineadh teachtairí eile ar a tuairisc ins
gach aon bhóthar, comhgar is casán dá raibh
timcheall an tsráidín acht d'fhilleadar
san mar a'gceudna gan aon tuairisc
uirthi. An fhaid do bhiodar ag cur 's
ag cúiteamh feuchaint cad do b'fhearr a
dheunamh do fuaradh amach go raibh sí sa
phóna. Do chuir an sagairt teachtaireacht
láithreach go dtí an bóinéir feuchaint
cérbh é an mac mallachtan do chuir a
chapall sa phóna. Dubhairt an póinéir
gur bhé a leithéid sin de gharsún acht ná
raibh sé féin aige baile nuair do chuir
sé sa phóna í. Do chuir an sagart fios
ar an ngarsún láithreach.



“A chuirpthigh,” ars' an sagart, “an
tusa a chuir mo chapall sa phóna?”



“Is me, cheana,” ars' an garsún.



“Ca' na thaobh duit a leithéid sin do
dheunamh?” ars' an sagairt.



“Ó, tu féin fe ndear,” ars an garsún.
“Nár thugais-se seanmóin sa tséipéal so
uait caoigthigheas an Domhnaigh seo agus
ná dubhraís dá mbeadh duine ar aigne
aon choir ná droch-bheart do dheunamh acht
san am gceudna gan aon chaoi bheith aige
an droc-bheart do chur chun cinn go raibh
sé díreach chomh cionntach agus dá ndeineadh
sé an choir.”



“'Seadh,” ars an sagart, “acht ciannos
a bhaineann an sceul lem' chapall sa?”



“Inneosad-sa dhuit,” ars an garsún,
“do fuaireas do chapall ar thaobh an
bhóthair agus í ag deunamh a croidhe díthchill
a d'iarraidh teacht ar an gcoirce bhí ag
fás i dtaobh istigh 'e'n chlaidhe agus do
réir do sheanmóna bhí an capall chomh
cionntach agus dá dtéigheadh sí isteach
sa ghort.”



“Do thuigis an tseanmóin go ró-mhaith,
a bhuachaill,” ars an sagart.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn.



H. JOHNSTON,
TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Teo.,
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar



Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces'
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Port an Phápa, CORCAIGH.



CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
“LEANDAR”



Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag
Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA
Agus a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne, &
é chomh saor le h-aon rud
a gheobhfá i gCorcaig nó
i mBaile Átha Cliath.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
IS A CHLANN MHAC (teo.),



CIONN tSÁILE,
Co. Chorcaighe.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 8


AN DARADAOL AGUS
AN CHIARÓG.



Bhí daradaol agus ciaróg i n-aon tigh
agus réidhtigheadar cleamhnas le chéile.
B'é an margadh a bhí eatortha go raghadh
an chiaróg ag bailiú agus go bhfanfadh
an daradaol cois na teine ag ullamhú
an bhídh. Lá dá raibh an chiaróg lasmuich
ag soláthar, dhein an daradaol císte &
do leag ar lic an tinnteáin é. Nuair
a bhí taobh de'n chíste bruithte chuaidh an
daradaol á iompódh, ach do thuit an
ceapaire anuas air agus do dóghadh é.



Ar theacht isteach do'n chiaróig, fuair
sí marbh fé'n gceapaire é, & do chrom
sí ar lógóireacht.



“Cad d'éirig dhuit-se?” ars an luichín.



“Ochón ó,” ar sise, “ann daradaol a
dóghadh agus an chiaróg ag lógóireacht.
Ochón ó!”



“Dona go leór,” ars an luichín, “bead-
sa ag gol 's ag ochlán.” D'airigh an
duirisín í.



“Cad é an donas san ortsa?” ars
an duirisín.



“Tá,” ars an luichín, “an daradaol a
dóghadh, an chiaróg ag lógóireacht, & an
luichín ag gol 's ag ochlán.”



“Má 'seadh,” ars an duirisín, “bead-
sa ag iadhamh 's ag gíosgán.”



“Cad é seo anois ortsa?” ars an
toirín spíonán.



“Tá,” ars an duirisín, “an daradaol
a dóghadh, an chiaróg ag lógóireacht, an
luichín ag gol 's ochlán, agus mise ag
iadhamh 's ag gíosgán.”



“Bead-sa ag lomadh 's ag críonadh,”
ars an toirín spíonán. Chonnaic an
chruaichín mhóna é.



“Cad é an fuadar so fútsa?” ars
an chruaichín mhóna.



“Tá,” ars an toirín spíonán, “an
daradaol a dóghadh, 's an chiaróg ag
lógóireacht, an luichín ag gol 's ag och-
lán, an duirisín ag iadhamh 's ag gíos-
gán, agus an toirín spíonán ag lomadh
's ag críonadh.”



“Bead-sa ag tarrac na síne,” ars
an chruaichín mhóna. Chonnaic an goirtín
eorna an chruachín mhóna ag tarrac na
síne.



“Cad chuige dhuit-se bheith ag tarrac
na síne, a chruaichín mhóna?” ars an
goirtín eorna.



“Cúis mhaith;” ars an chruaichín mhóna.
“An daradaol a dóghadh, 's an chiaróg
ag lógóireacht, an luichín ag gol 's ag
ochlán, an duirisín ag iadhamh 's ag gíos-
gán, an toirín spíonán ag lomadh 's ag
críonadh, 's an chruaichín mhóna ag tarrac
na síne.”



“Seadh,” ars an goirtín eorna, “is
mithid domhsa bheith ag cromadh 's ag
buidheachtaint.”



“Cad é cúis duit-se bheith ag cromadh
's ag buidheachtaint?” ars an girrfhiadh
leis an ngoirtín eorna.




“Mo dhóthain de chúis,” ars an goirtín
eorna, “an daradaol a dóghadh, 's an
chiaróg ag lógóireacht, an luichín ag gol
's ag ochlán, 's an duirisín ag iadhamh 's
ag gíosgán, an toirín spíonán ag lomadh
's ag críonadh, 's an chruaichín mhóna ag
tarrac na síne, agus mise ag cromadh
's ag buidheachtaint.”



“Má's mar sin é,?” ars an girrfhiadh,
“bead-sa ag imtheacht fiadhain i measg
na gcoillte.”



Chonnaic an láir bhán an girrfhiadh ag
imtheacht fiadhain i meisg na gcoillte.



“Cad leis go bhfuilir ag imtheacht ar
buile ar fuaid na gcoillte?” ars an
láir bhán.



Dubhairt an girrfhiadh léi cad a thuit
amach.



“Ambasa,” ars an láir bhán, “ach go
mbádhfadsa mé féin sa díg seo.”



Chonnaic an gréasaidhe an láir bhán 'á
bádh féin sa díg.



“Cad é an chiall duit-se bheith ad'
bhádh féin sa díg?” ar seisean léi.



“Ó,” ars an láir bhán, “an daradaol
a dóghadh, 's an chiaróg ag lóghóireacht,
an luichín ag gol 's ag ochlán, 's an
duirisín ag iadhamh 's ag gíosgán, an
toirín spíonán ag lomadh 's ag críonadh,
an chruaichín mhóna ag tarrac na síne,
an goirtín eorna ag cromadh 's ag
buidheachtaint, an girrfhiadh ag imtheacht
fiadhain i measg na gcoillte, & mise
am' bhádh féin sa díg seo.”



“Tá an donas déanta,” ars an gréas-
aidhe, “cuirfeadsa an meanaithe im' ór-
dóig & tabharfad fuil mo chroidhe aiste.”
Agus do dhein.



Gurab é mo sgéal ó thúis go deire —
an daradaol a dóghadh, an chiaróg ag
lógóireacht, an luichín ag gol 's ag och-
lán, 's an duirisín ag iadhamh 's ag gíos-
gán, agus an toirín spíonán ag lomadh
's ag críonadh, 's an chruaichín mhóna ag
tarrac na síne, an goirtín eorna ag
cromadh 's ag buidheachtaint, an girr-
fhiadh ag imtheacht fiadhain i measg na
gcoillte, an láir bhán 'á bádh féin sa
díg seo, agus an gréasaidhe chuir an
meanaithe i n-a órdóig gur thug sé fuil
a chroidhe aisti.



Eibhlís Ní Fhoghludha, ó Luimnigh,
do fuair i gCorca Dhuibhne.



Nótaí. — Ag iadhamh = ag dúnadh. Ag tarrac na
síne = ag leigint na droch-aimsire tríthe.




“Mana cladhairt (?) ar do leacain chlé
Níor tháinig riamh gan duine léi.”



DON LÉIGHTHEOIR.



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a
bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” & cuir i
n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís
an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn.



FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CLIATH, &rl.



A Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.



“An Lúcánia”
(de dhéantús na hÉireann
ó
Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.



Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
do mhúineadh:



“Scéalta don Aos Óg,” 2d.
“Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d.
“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II., III., IV., 4/-, 4/6, 4/6, 4/6



GAEDHIL A BHFUIL TRÁCHT ORTHA:
Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Uolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.



LEABHAIR IAD SO A THAITHNFIDH LEAT — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —



Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:



“The Educational Co. of Ireland,”
89 Sráid Talbóid, Áth Cliath.



Tá árd-teist ar
MHUINTIR HILLIARD (teo.)
CÍLL ÁIRNE,



De bhárr an chuma in a gcabhruighid
le déantúisí na hÉireann. Ní gádh
earraí thar lear do cheannach, agus



SEOGH EARRAÍ
GAEDHEALACHA



Le fághail in a dtigh sin. An siopa
éadaigh is mó agus is fearr
i gCiarraidhe.



Tig a 6 & a 7 sa' tSráid Mhóir,
CÍLL ÁIRNE.



Earraí Gaedhealacha do Ghaedhlaibh!
Léinte. Lámhainní. Carabhata.
Stocaí “Guailneáin.” Bróga.
Caipíní agus Hataí,



ó TH. Ó LOCHLAINN,
19 Sráid na Páirliméide, Baile Átha Cliath.



BÍODH PÍOPA MAITH
GAEDHLACH AGAT.




PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR
le ceannach i ngach siopa tobac.



Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —



CAPP & MAC PEADAIR Teo.
FAICHE SHAIN STIABHNA,
ÁTH CLIATH.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.



Ceachta Cainnte Gramadaighe. Seán Ó Catháin do scríobh. An Ghramadach Ghaedhilge is fearr. 2/6 Muinntear Ghuill, Áth Cliath.









19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services