Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Nodlaic, 1916
Title
Nodlaic, 1916
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Lóchrann PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh 9. NODLAIG 1916. PINGINN A FHIACHA. An Tiompán. Sa tsean-aimsir do bhí fear ceoil ann — fear bocht breagh bog cneasta. Tiompán an gléas ceoil do bhí aige. Bhí sé go binn chun ceol a dhéanamh ar an dtiompán san agus thugadh daoine mórán airgid do. Bhí an fear ceoil pósta. Bhí teanga fhada ghéar ag an mnaoi. Thugadh sí sgriosadh ar an bhfear go minic leis an dteangain. Bhíodh sé mí-shásta léi, ach bhí sé foidhneach, agus ní abruigheadh sé puinn. Bhíodar ag dul ar aonach lá geimhridh. Bhí cnoc ar an slígh rómpa — cnoc árd. Nuair a bhíodar ar an gcnoc tháinig an sneachta ortha. Tháinig fuacht ar an mnaoi. Tháinig tuille sneachtaidh agus chuaidh an fuacht isteach go smior innte. Theip an siubhal uirthi. Bhí buairt ar an bhfear. Thóg sé leis í tamall na bhacl- ainn, ach ní fada go raibh sé traochta. Chuir sé an bhean fé scáth carraige chun fothana. Ach bhí an fuacht i ngach áit. Bhí an bhean i riocht bháis leis an bhfuacht. Bhí an fear bocht i gcruadhchás. Bhí sé ag cuardach ruda chun teine a dhéanamh ach ní raibh san áit ach clocha & sneachta. Och, och! bhí an scéal go h-olc. Annsan chuimhnigh sé ar a thiompán. Rug sé air. D'fhéach sé air… D'fhéach sé ar an mnaoi… bhris sé an tiompán 'na smidiríní agus dhein sé teine dhe. Chuir sé an bhean i n-aice na teine. Tháinig sí chúichi féin. Do ghluais an bheirt ortha arís agus chuadar ar an aonach. Bhí a lán daoine ar an aonach agus a lán lucht ceoil & a lán lucht cleas. Bhítheas ag déanamh airgid go tiugh. Ach ní raibh fear an tiompáin ag déanamh aon airgid. Bhí a thiompán dóighte. Ní dubhairt an bhean aon ní ar dtúis. Ní raibh sí sásta, ámhthach. Lár an lae bhí sí mí-fhoidhneach. Tráthnóna, nuair chonnaic sí mná na bhfear eile agus pócaí airgid aca, do bhris ar an bhfoidhne aici. Thug sí scrios ó thalamh do. Dubhairt sí ná raibh aon mhaith ann — gur ag na mná eile bhí na fir mhaithe. Níor mhairbh sé í — mar ba cheart. Níor bhuail sé í — cé gur mhór an fhoidhde aige é. Ní dubhairt sé puinn. Fear ciúin dob' eadh é. “Um,” ar seisean, “is mairg a dhóighfeadh a thiompán leat,” & do ghluais sé na aonar as an mbaile amach & an bhóthar mór soir gur ghaibh sé thar na cnuic, & níor fhill sé uirthi i gcionn lae ná i gcionn bliadhna ná riamh. “An Seabhac.” Ag dul go dtí Aifrionn. Seághan: Seadh! a Thaidhg, tá an lá indiu go breágh. Tadhg: Má tá, a Sheághain, ní ort-sa a bhuidheachas. Seághan: Caithimís uain fearg agus eachtraigh dam mar gheall ar aonach a' lae indé. Chuala go rugais leat do sheana-bhó. Ar dhíolais í? Tadhg: Ná'n diabhal díol a dhuine; is luath sa lá a ghaibh pastaire ceannaghthóra chúgham agus, dar fiadh, cheapas go rabhas saidhbhir lém' ghaige beag gan áird nuair a chonnac a raibh do shlabhraíbh ar sileadh as a phócaíbh, agus ar seisean, “How much for the ould lady?” “Ould lady!” arsa mis'. “Hanam ón riabhach, dar ndóigh, ní seana-lady í sin, ach bó bhreágh phear- sonta!” Bhailigh sé uaim agus d'fhág sé ansan me féin agus mo sheana-bhó bhocht. Ba ghearaid go bhfeaca chúgham duine eile aca, ach a dhuine a chroídhe 'stig dá olcas é an chéad duine ba mheasa an dara rupaire. Níor thairig seisean pingin ná púnt uirthe ach súil-fhéachaint a thabhairt uirthe agus nuair bhí sé ag gabháil thóirsti bhuail sé buille dá mhaide uirthi a bhain fuaim as a creatalach bocht! Go rabhad aige Dia, a Sheághain, má dh'fhan a leath ínnte! Am baisce ná bíodh aon gháirídhe ort, níor mhaith leat a leithéid a dhéanamh léd' bhó-ín féin. “Go n-árduighidh sé siúd chuin siúbhail tú,” arsa mise leis. Thom- áineas liom mo bhó ó pháirc an aonaigh ach níor imthígheamair abhaile gan leath- ghloine. Tá eagla orm go n-íosfhaidh sí a thuilleadh dom' chuid turnapaí beaga orm. Seághan (i dtrithíbh gáirí): Bhís maith do dhóthain do, a Thaidhg, mar níor theip an t-aighneas riamh ort. Is beag an gnó a bheadh ag leath-amadán mar mise go dtí na leithéid sin. Tadhg: Chun na fairrge chuardach ag lorg raice is feárr tusa. Cad a bhuail indé leat? Seághan: Do bhuail rud maith mhaise — do bhuail dóthain mí de phlúr bhreágh — gura fada buan a bheidh an té atá 'á chur chúghainn. Tadhg: Mo ghraidhin go deó an duine galánta! Ní h-é gach aoinne a sgaoíl- fheadh leath-mhála plúir go dtí duine bocht sa tsaoghal so. Seághan: N'fheadar cad a fuair Liam Bacach ar a chuid éisg indé? Tadhg: Do bhuail sé liom go déanach indé & 'muc ar gach malainn leis' mar ná fuair sé ar an iasg ach sé sgillinge. Gan aon bhréag bhí an t-uchlán 'na chroídhe agus é ag síor-rádh go raibh gach aon mhaircréal aca chómh mór lé h-asal. Seághan: Och, ní ceart aon tor a thabhairt ar an sprealairín sin — sé an chnáimhseáil atá 'á bhuanú. Tadhg: Ar mh-anam nár' mhór dúinn géarú sa tsiúbhal mar go bhfuil na daoine 'á ghlaodhach isteach. Seághan: Arú mhaise nach luath é, am- basa go bhfuil díthcéille ortha má's ag iarraidh coimeád suas lé am a' tSasan- aigh atá siad. Tadhg: Fágaim lé h-uadhacht, a Sheághain, go bhfuilir féin chómh h-olc lé h-aoinne chuin rith i ndiaidh Sheághain Bhuídhe. Chuala gur tu an chéad duine a chuir do chlog ag innsint éithigh. Seághan: Chualaís bréag mhaise, pé duine a chúm duit é. 'Sí an ghrian mo chlog sa riamh & ní chuala gur dh'athruigh aoinne riamh í sin muna dtabharfhaidh na Sasanaigh fé. Is dócha gur b'é iaracht atá siad á thabhairt é, na h-amadáin! Tá mo choilleach bocht leis chómh dílis liom féin do am na hÉireann! Ní chuala ag glaodhach neómint níos luatha ná níos deireanaighe é, ach fé mar bhí sé riamh; agus nách aige atá an chiall cheart. Tadhg: Seo, Seo, tá an choróin 'á rádh. Gluais ort, a Sheághain. Bríghid Stac, Scoil Bhaile 'an Fhirtéaraigh. D'iarr fear — bodach baileach bladhm annach — ar sceulaidhe eachtra d'innsint do. “'Seadh má 's eadh,” ars an duine eile, “inneosad.” Do ghabhadar síos an cnoc, lá, Fianna Éireann. Do ghabhadar suas an cnoc, lá, Fianna Éireann. Do ghabhadar síos an cnoc, lá, Fianna Éireann. Do ghabhadar suas an cnoc, lá, Fianna Éireann. Agus mar sin de. Bhris ar an bhpoidhne ag an mbodach agus d'fhiafruigh sé: “Ca' n-a thaobh ná cuireann tú amach as an gcnoc uair éigin dom iad.” “T'anam an riabhal, a staigín,” arsan sceulaidhe, “ar bhain led shínsir riamh i n-Éirinn ní chuirfidís amach as an gcnoc iad.” S. Ó Cadhla
Ciarraidhe. AN T-EMPÓRIUM, le M. Ó Súileabháin & a Mhac, Cill Áirne. Éadathóirí Maithe Tá le fághail uatha; Lása Gaedhealach de'n déanamh & de'n phatrún is órnáidighe amuich agus saothar lámh is eadh gach órlach de. Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt datha. Ciarsúirí de'n Línéadach Cheart Ghaedhealach is a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh. Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath is ar gach gné datha. Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach (Muintir Winstanlí & Mac Gabharnaigh a dheinean.) Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do deineadh. TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN, Sráid na nÁirne, Cill Áirne. Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa Tigh Ósta so. Leabaidh, Breicfeast, Dinnéar, Té agus Freastal ar 5/— sa ló. BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe. SÍOL AGUS LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS STÁIN. ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ AGUS BIOTÁILE. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CIL ÁIRNE. An Mhin Choirce is fearr blas agus is mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean, i Maghchromtha. Scríobh chuige. Nuair a bheir ag taisdeal in Uibh Ráthach áluinn, — cuir fút sa tigh seo — TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH I GCATHAIR SAIDHBHÍN, An tigh is fearr in Uibh Ráthach. Labharfar Gaedhilg leat ann. I n-Éirinn a Deintear “Bróga na Laoí.” Táid le fághail i ngach sráid bhaile. Sean-Fhocail na Muimhneach. “An Seabhac” do bhailigh. 74 — Comhrádh ban ar chléith: comhrádh ná bíonn réidh. Má's fíor. 75 — Bean táiliúra is bean tuinncéara, Sin beirt bhan na réidheann le chéile. Deirtear san nuair éirigheann achrann idir mhnáibh. 76 — Fiadhnaise an duine bhréagaigh a bhean, nó 77 — Fínnéith an ghiolla bhréagaigh a bhean. 78 — Fallaí fuara go-ghní óinseacha, nó 79 — Fallaí fuara do-ghní bean tighe ghuagach. .i. Tigh fuar follamh — ní chuireann sé fonn ar mhnáibh chun a bheith slachtmhar, críochnamhail. 80 — Inghean na bunóirsighe adhbhar na h-óinsighe. Bunóirseach (? ban-amhairseach) .i. bean a bhíodh ag dul ag sníomh go tighthibh na bhfeirmeoirí. Ní bhíodh a leithéidí sa bhaile chun gnó tighe a mhúineadh dá gclainn inghean. 81 — Lot leidhbe gan leasú'. .i. Lot nárbh' fhéidir a leigheas. Leadhb .i. straoile mná. 82 — An leanbh bán ag gol 's an glibeach i dtigh na gcomharsan. Glibeach .i. bean straoileach go mbeadh a glib ar sileadh léi. 83 — Is minic síos droch-bheantighe is le droch-bhainistighe caitheann sí bróga [nó “ní thugann sí leath a dóthain ar an mbórd léi]. .i. Is minic ar an mbóthar í nuair a dhéanfadh bean eile an gnó go léir d'aon iarracht. 84 — Is mór é dóthain droch-mhnátighe dá cuid droch-bhláthaighe féin. Ba maith léi a chur na luighe ar dhuine gur bláthach bhreagh í agus bheadh sí 'gha tathant air. Deirtear le rudaí eile é seachas bláthach. 85 — Níl aon bhean is gnáthaighe droch- bhróga ná bean ghréasaighe. 86 — Is fearr éagan caillighe ná éagan cailín. Éagan .i. duine éaganta (? éag-gunta). Duine gan puinn staidéir ná céille. 87 — An chailleach is sine sí is mine. Is mine .i. is lugha. 88 — Arm caillighe cloch. 89 — Urchar cam i láimh na mná. Is beag díobh gur féidir leo rud a bhualadh le h-urchar. 90 — Is maith leis na mná dealbha an bhláthach. Dealbha .i. bochta. Is maith an rud rud cuibh- easach nuair nach féidir rud níos fearr d'fhagháil. 91 — Bean gan leanbh is fada é a céalacan. Céalacan .i. céadlonga = gan rud d'ithe = ocras. 92 — Bás na céad mhná nó báisteach tar éis dinnéir. Ní h-olc an dá rud iad. Gheobhthaí bean eile & spré léi. Ní déantar a thuille oibre má fhliuchann an tráthnóna. 93 — Bhí Máire go maith ar dtúis ach d'imthigh an fonn san di. Deirtear san le cailín a bhíonn go fuadrach ar dtúis ach go mbuaileann leisce chun na h-oibre í. 94 —Is giorra do mhnaoi leathscéal ná a h-aprún, Ach is usa é chreideamhaint ná dul ag cuardach an scéil. 95 — Ní fhéachfaidh bean siar chun leith- scéal d'fhagháil. 96 — Innis do Mháire i gcogar é Is 'neosaidh Máire do'n phobal é. 97 — Ní luaithe ar an ngaoith ná ar inntin mhná. 98 — Chomh luath le h-inntin mhná idir bheirt fhear. LEANBHAÍ. 99 — Ag gol 's ag gáiridhe mar bhíonn na páistí. 100 — An rud a chíonn an leanbh sé a ghníonn an leanbh. 101 — Bróga sa chliabhán, ladhar sa lathaigh. Díthcéille, bróga ar leanbh ná féadfadh siubhal ná seasamh ach lámhacán. 102 — Buail sa tóin é is seachain sa cheann é. .i. An tsligh chun leanbh mí-iomcharach a smachtú. 103 — Cíos do thighearna nó biadh do leanbh. Dhá rud a caithfear a thabhairt. 104 — Deineann leanbh ciallmhar, gasta Athair súbhach, sólásach, Is deineann leanbh baoth, big-chiall- mhar Máthair dhubhach, dhólásach. 105 — Is mairg nár thóg a laogh féin nó a leanbh. 106 — Is mairg nár thóg leanbh ná laogh dho féin. .i. Is truagh daoine ná bíonn clann aca. 107 — Leanbh gan mháthair, ní binn é a ghol is ní geal é a gháire. 108 — Ní raibh a dhóthain clainne ag fear bocht riamh. 109 — Tabhair rud do leanbh agus tiocfaidh sé arís. 110 — Tabhair rud do'n ghárlach is tiocfaidh sé amáireach. 111 — Feóil a thabhairt do leanbh feoil a bhaint de leanbh. .i. Má tugtar feoil le n-ithe dhóibh ní réidh- tigheann sí leo. 112 — Clann a thógas nó clann a leagas. .i. Clann a chuireann an rath nó an mí-rath ar dhuine. 113 — Grianán tighe teine nó leanbh maith. 114 — Mac an duine shona adhbhar an duine dhona. Nó mar adeir an sean-rann: Is annamh gort gan déise fiadh, Tuigeadh cách ciall mo rainn; Is tearc neach ar a mbí rath, Ná bíonn meath ar chuid dá chlainn. 115 — Is fada cuimhne an tsean-leinbh [nó “an tsean-ghárlaigh.”] 116 — Mealladh an tsean-leinbh. Sean-leanbh = duine go mbeadh gliocas tagaithe le h-aois do. 117 — Glór i gcóitín. Cóitín .i. petticoat. Le duine beag suarach, lagbhrigheach adeirtear san nuair a chuireann sé cainnt bheag dhána as. (Tuille le Teacht.) Peictiúirí Deasa Daithte, Saothar Lámh. Leabhair agus Bróidíneoracht. Faigh an Liosta. “Cuala Press,” Dúndroma, Áth Cliath
SAOTHAR ÓIR IS AIRGID. Do bhí teist riamh ar Ghaedhlaibh idtaobh a ndeinidís de ghreantacht ar áth- raighe óir is airgid. Níl le fághail ar iarsmaí an tseana-shaoghail san Euróip indiu, a chómh maith de rud i dtaobh órnáide le Cailís Árdacha nó le Crois Chonga. De shaothar Gaedheal iad san idir dhealbh is déanamh & do Ghaedhlaibh atá clú dá mbárr. Dá leanadh an saoghal Gaedhlach de, fé mar a bhí, ní fios cad ná beadh le taisbeáint indiu againn-ne — sliocht Gaedheal — i gcúrsaí deiseachta is dealbhóireachta. Tháinig an ghalldacht, agus an scrios a leanan í. D'eirig Gaedhil, dá n-aimhdheóin, as greantacht an óir is an airgid, & as lí-dhealbhaigheacht is línigheacht de'n tsaghas úd atá i Leabhar Mór Cheannanais. Tá íaracht 'á dhéanamh, ámhthach, le roinnt blian anuas ar a chomh maith san de obair a chur 'á dhéanamh arís. Tá fás mall fé'n ngnó ach ní droch-chomhartha ar fad é sin. Tá gaibhne geala is seódóirí cois laoi — Muintir Aodhgáin, & tá ag éirighe leo go rí-mhaith i dtaobh an tseanacheárd úd Gaedheal do athchur ar bun. Nuair a thosnuigheadar ar an ngnó atá cúig bliana ó shin ann bhí triúr ceárdaighe ag obair aca. Tá cúig duine déag anois aca. Tamall dom sa cheárdchain aca an lá fé dheire agus do chonnac obair a chuir áthas orm, obair a chuir i n-iúl dom go bhfuil an aicilligheacht mheur is an tuig- sint i dtaobh deiseacht is áileacht is dual do Ghaedhlaibh aca-san chomh maith díreach is a bhí ag lucht déanta Chroise Chonga is Choirn Ardacha. Bhí fleasc ollamhnachta len a n-abarthar “mace' 'á dhéanamh ann do Choláiste na h-Iolscoile, i gCorcaigh, & b'fhiú dul tamall maith 'á fheicsint. Airgead an mianach a bhí ann. É mar a bheadh liathróid & cos rí-fhada léi. Fan na liathróide timcheall bhí sraith órnáidí — ainmhithe is ollphiasta thuas, cinn leomhan thíos & comharthaí bailtí móra, &rl., na Muman eadartha istig mar atá: “Caiseal, Tráighlí, Corcach, Urbs intachta manet, Luimneach, Coláiste na h-Iolscoile, An Mhumha.” Bhí flúirse de'n órnáid Cheiltigh in a ‘ribíní’ fan na coise síos agus fan na liathróide timcheall. Bhí mias mhór airgid ann i gcóir preátaí agus í ar fheabhas le greantacht. Deilbh cailín uirthe agus í ag crúdh na mbó, seilg an mhada ruaidh, agus radharc ar ghort gleanna. Deinid Muintir Aodhgáin an uile shaghas áthraigh i gcóir na h-Althóra. Bhí monas- trán nó athrach don Abhlann Naomhtha 'á dhéanamh aca, agus órnáid Cheilteach sa bhfáinne timcheall in ionad na gnáth- órnaide .i. caora fineamhna agus diasa cruithneachtan. Tá ocht gcéad blian ó shin ann ó dhein duine de Chlann Aodhgáin an sár-rud úd — Crois Chonga. Chonnac nuachrois á dhéanamh, agus í ar chómh-chuma leis an seana-cheann. Fíor airgead í. Dhá chrois atá innte agus smailín den dair dhuibh eadartha istigh. Tá an órnaid go rí-mhion uirthe, ar nós na seanchroise. Seana- chailís ana-bhreágh iseadh Cailís Tighe Molaga. I gCorcaigh a deineadh í sin i mbliain a 1620. Tá árthach rí-áluinn, cabórum, déanta aca i gcóir séipéil Uí Ónáin, i gCorcaigh. Ór buidhe ar fad atá sa Chabórum san. Ar an gclúdach cinn atá an saothar is fearr. Tá an clúdach san árdaithe biorach 'na lár agus mar a bheadh dhá chrios treasna ar a chéile anuas ar an mbior. Tá clocha lóghmhara, ar dhath seana-shúghcraobh, anso is ansúd ann. Iad go gleóite gléineach Seódchlocha Chabouchon a deirtear leó san. Grean- tacht Róimhánach-Cheilteach atá ar an gcab- órum agus tá a chomh maith de chailís óir ag gabháil leis. Níl a sárú de dhá áthrach óir, i dtaobh órnáide, in aon teampall sa tír. Is deas bheith ag féachaint ar ghabha geal agus órnáid “árdaithe” 'á dhéanamh aige, & é ag árdú is ag ísliú an phláta le mionbhuillí de chasúr beag. Agus cuirean sé croiceann óir ar rud ar an gcuma so: an t-áthrach (nó pláta nó coínnleóir) do chur isteach i ndabhach beag atá lán de mheascán uisce lena n-abarthar searbán. Dhá shraínng aibhléise (electric) bheith sa dabhach istig. Píosa den bhfíor ór bheith ceangailte den tsraínng is láidire “sruth” & an tsranng eile, an ceann is laige sruth, bheith ag baint leis an rud atá le clúdú. Leighean an aibhléis an t-ór & séidean an sruth an t-ór leighte i dtreó an ruda atá le clúdú. Bíon teine bheag leis an ndabhach chun an searbhán a chimeád teasaidhe, mar ná bíon teas a dóithin san aibhléis chuige, siúd is go mbíon trí bun-chéimeana go leith de neart sa dá shraínng le chéile. Mar seo a gheibhean an ceárdaighe amach ciaca ór ceart nó ór measctha a bhíon aige: braon den searbhán go dtugtar “potasu cianidum” air, a scaoileadh anuas ar an rud. Mura mbíon an mianach ceart ann tagan athrú datha ar an ór. Duine ar bith a bhfuil suím aige i gcúrsaí greantachta & saothar ar ór, ar airgead, nó ar phrás, b' fhiú dho dul d'fhéachaint na ceárdchan san Mhuintir Aodhgáin, Cois laoi. Seán Tóibín.
Ó Bheanntraighe. An duine tosaigh gealach 'na shúilibh, An duine láir brisfear a chos, An duine deirigh bhéarfaidh an púca air. Abair so go tapaidh: Cat breac, broc donn, corr cam cam- earballach, Dhá cheann déag de chataibh breaca, broca donna, Corra cama cam-earballacha. Nó é seo: Tá dhá láir ruadha ar dhá ghruadh an mhóinteáin, Láir aca is ruaidhe ná an ruadh-láir; Sé dubhairt an láir ruadh ba ruaidhe ná an ruadh-láir, Preit! arsan láir ruadh. Preit! arsan ruadh-láir. An seanntigh seo thiar Seanntigh na bhfiach, Bíonn ann seacht seana-chait Ann seacht bhfiadh-chait Ann seacht n-óg-chait Ann seacht mór-chait Seachtmhogha seanga-chat, óg-chat, mór-chat Agus piscín bliana. Mairsile Ní Mhurthuile, Beanntraighe, do sholáthruigh BAILE ÁTHA CLIATH. LEABHAIR A THAITHNFIDH LE GAEDHLAIBH, Idir Leabhair Ghaedhilge agus Leabhair Bhearla, le fághail uainn-ne. Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg …clár na leabhar… Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i Siopa na leabhar …nGaedhealach. Sráid Íoch. Bhagóid, a 50, Baile-Átha-Cliath. Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” Táilliúreacht agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach éarraí a deineadh i n-Éirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA., 11 Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Chliath. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/— go 10/6. RÁSÚR “COSANTA” ná gearran an croiceann — 1/— go 21/—; gheobhair ceann aca san & trí lanna “Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3, tríd a' bpost. CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar 7d. tríd a' bpost. MAC CUILINN, 35 — 36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. IM AR FHEABHAS AN DOMHAIN É SEO: IM C. C. C. Nuair a bheir 'á lorg ar fhear an tsiopa, féach chuige go mbeidh an cómharta so ar chlúdach gacha bosca: The “3 C's” Brand. CHOICEST CREAMERY CCC BUTTER Is ann is féidir é cheannach in a mhórchodaibh ag an 21adh tigh ar CHALADH NA gCEANNAITHE (Merchants' Quay), i gCORCAIGH. Ceachta Cainnte Gramadaighe. Seán Ó Catháin do scríobh. An Ghramadach Ghaedhilge is fearr. 2/6. Muinntear Ghuill, Áth Cliath.
FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuidh TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, ó Mhícheál Ó Ríoghardáin & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. Leabhair Ghaedhilge agus Leabhair Bhéarla i dtaobh na hÉireann. le fághail ó CHONCHUBHAR Ó CAOIMH, 70 Sráid Sheoirse, CORCAIGH. DÓ LUCHT-DRÁMAÍ-A-LÉIRIÚ. Tá gach saghas éide, peribhicí, &c., i gcóir drámaí go mór-mhór i gcóir Drámaí Gaedhealacha le fághail uainn-ne, ar iasacht. Níl 'oiread san de sna rudaí sin ag duine ar bith eile in Éirinn. PÁDRAIG Ó SÚILEABHÁIN & A CHUA. “THEATRICAL OUTFITTERS,” 8 SRÁID MHÓR SHEOIRSE, i gCORCAIGH A Ghaedheala! Ceannuighidh “Éadach na Druipsighe” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaig na Druipsighe (teo.) Co. Chorcaighe. Tá cóistí & mótair d'á ndeanamh againn-ne. Cuirimíd gléas góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill. CROS agus A CHLANN MHAC, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), CORCAIGH. A BHEAN A' TIGHE! Cad é an saghas plúir a bhíon agat? Is é an PLÚR “EAGLE,” an plúr is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus an PLÚR “LION” is fearr do lucht-aráin-a-dhíol. Muíntir Mhic 'Ille Sheathanaich a dheinean i gCorcaigh. GEO. SHAW & SONS. Muileann Sain Seán i gCORCAIGH. Gheobhaidh do mhac togha na seoluidheachta I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CHORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. An Lóchrann. Páipéar don Ghaedhealtacht. An Fear Gnótha: Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh. An Fear Eagair: An Seabhac, i gCill Áirne Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/— sa bhliain. Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/— sa bhliain. Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, & c. Is chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur. Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní &c., do chur. Na Díoltóirí: Ó Cuill & a Chua. 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/— ag triall orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. DUAISEANNA. Siad so a gheobhaidh duaiseanna Choláiste an Daingin an mhí seo: Cáit Ní Chiabháin, Scoil na gCailíní, Ceanntrágha. Mícheál Ó Siochfhradha, Sc. na mBráithre sa Daingean. Eibhlís Ní Ghinneadha, Sc. na gCailíní, Ceanntrágha. Tá trí duaiseanna le fagháil gach mí ag scoláirí scoile Chorca Dhuibhne ar na trí scríbhinní is fearr. Cead aca a rogha ruda (ná fuil i gcló cheana) a scríobh. Tá duais agam á thabhairt do Mháighréad Nic Ghiolla Pádraig, Scoil Cille Mhic Chiarain i nUibh Ráthach, agus do Mháirín Ní Shéaghdha, ó'n scoil chéadna. Seán Ó Séaghdha, file, i gCathair Saidhbhín, do fuair an duais púint as dán diadha a dhéanamh do Bharra Naomhtha. Traos- luighimíd do. NÁ DEARMHADAIDH, A scoláirí scoile, ná fuil ach as so go dtí Lá Coille agaibh chun an aiste sin “ar fhile nó fear ceoil nó duine greannmhar” do scríobh' chun na duaise sin, an culaith eadaigh Rialto, do bhuadh- chaint. Brostuighidh! Tá duaiseanna eile leis le tabhairt má gheibhim an stuif mhaith uaibh. Cad tá oraibh i gConndae Chorcaighe agus Chláir agus Phortláirge agus áiteanna eile? Mise, “An Seabhac.” Tarcuisne tighe an óil, an tarcuisne is mó fuair duine riamh. S. Ó Cadhla. CLEASA LEANBH. Cad tá da ithe 'gat? Arán is cáise. * Cá bhfuil mo chuid-se dhe? D'ith an cat ban é. Cá bhfuil an cat bán? Siúd fé'n sop é. Cá bhfuil an sop? Dhóig an teine é. Cá bhfuil an teine? Mhúch an t-uisge í. Cá bhfuil an t-uisge? D'ól an damh é. Cá bhfuil an damh? Mhairbh an búistéir é. Cá bhfuil an búistéir? Fuair sé bás anuiridh, is cuireadh i mbliana é, agus d'fhág sé le n-a udhacht agam-sa éinne a labharfadh nó a gháir- feadh fiche buille beag a thabhairt do, fiche buille mór, fiche greim siongán a bhaint as croidhe a dhearnan agus fiche preach ghearáin a thabhairt i gclár an éadain do [é ag tabhairt na mbuillí, &rl.] *“Cail” is mar sin a dubhradh “Cá bhfuil.” An bhfeaca tú Diarmuidín? Ghaibh sé siar annso Meanach is sgian aige Is láirín bheag riabhach aige Is é ag deisiughadh a dhiallaite. N'fheadar an mbéarfad air? Béarfad má shiubhlaim Siubhalfad má fhéadaim. Hubandarra, hubandarra, Hubandarra, a Sheoinín. Ó mháthair P. Mac S. RANNA. Nóchobháil* uachtarach, baile gan uaigneas; Nóchobháil íochtarach, baile gan aoibhneas; Nóchobháil a' teampuill, baile ná cáintear I n-aon t-saghas áite. * .i. Nuadhchongbháil. (Táid na ceithre Nóchobhála san láimh leis an Ráth Mhóir i gConndae Chiarraighe. I Nóchobháil a' teampuill do cuireadh Eoghan Rua do réir mar adeireann a lán daoine.) Leaca na Stuaice, Nár mhéaduigh riamh m'ualach; Is fuar an teine ann; Níl bainne aige buaibh ann, Ná cluan chun luighte aca. (Leath-shlighe idir Chnoc na Groidhe agus Baile Ríogh Liam atá leaca na Stuaice. Áit fhuar scéirdeamhail 'seadh é. Bacach éigin ó Cheann Tuirc adubhairt an chainnt sin thuas n-a taobh. Is dócha nár cuireadh aon ró-fháilte roimis chun na Leacan.) Cnuicín na nGamhan — Ní fiú dhom dul ann: Cnoc na h-Eó — Ní bhfaighinn ann ach móin, Agus cead bheith 'á dóghadh: Gleann Gríscín — Mar a mbíonn caillichín a' phruimpín A leogann sinn díomhaoin. (Táid na h-áiteanna san i gCiarraighe Luachra ar an dtaobh thoir de Chill Áirne.) An Fiach Dubh. do sholáthruigh. Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
AN SEANDUINE GORTACH. Bhí fear ann fadó shoin agus ní rabh aige ach aon mhac amháin. Lá amháin dubhairt an t-athair leis gur mhithid do bheith a pósú (I) feasta & dubhairt sé sin gur chuma leis. Bhí teach comhursan i ngar do agus bhí cailín deas ann & chuaidh sé insin agus fuair sé í agus pósú iad. Nuair a bhí siad seachtmhain pósta bhí an fear óg ag éirghe íongan- tach bocht (2) agus ní rabh fhios ag na daoine go cé (3) an fáth. Bhí col-ceath- air go (4) táilliúr aige ar an bhaile. Lá amháin nuair a bhí sé ag dul an bóthar casú (5) leis an táilliúr. “Bhail,” arsa an táilliúr, “tá tú ag éirghe íongantach bocht & cé an fáth” “Seo é an fáth,” ar seisean. “Ní bhíonn dhá fhata (6) ithte agam ag mo shuipéar gac oidhche go n-abruigheann an sean-duine — “Síos chun na muc na fataí seo,” agus bíonn carn go fataí déantaí aige féin thart ar (7) an teallach agus nuair a fhaghann sé mise in mo chodla itheann sé féin & a bhean iad.” “Is íongan- tach an fear é sin,” arsa an táilliúr, “ach múinfidh mise é. Téigh thusa anois & ceannaigh adhbhar bríste & racha mise chun an tighe le aghaidh (8) an bríste a dhéanú.” “Tá go maith,” ar seisean, is dh'imtigh sé agus cheannaigh sé adhbhar an bhríste agus thánaig an táilliúr leis an bríste a dhéanú. Nuair a bhí an suipéar réidh san oidhche cuiriú na fataí ar an bhórd agus thoisigh (9) an táilliúr agus an fear eile ag ithe. Bhí carn mór fataí déantaí thart ar (7) an tealleach ag an sean-duine. Ní rabh ach dhá fhataí ithte ag an táilliúir nuair a dubhairt an sean duine “Síos chun na muc na fataí seo.” “Níl mise sáthach go fóil,” arsa an táilliúr, “agus aon duine atá sáthach tá cead aige stopú.” “Tá mise sáthach tá mo bhean sáthach agus duine gan náire nach bhfuil sáthach,” arsa an sean-duine. “Níl mise sáthach,” arsa an táilliúr. Bhí an táilliúr ag ithe go rabh sé sáthach agus annsin stop sé. Bhrúigh siad na fataí síos ag na muca. “Cé tá na fataí seo ag déanú innseo sa teallach,” arsa an táilliúr, agus chaith sé síos chun na muc iad. Chuaidh siad a chodla. Ní rabh siad a bhfad in a gcodla nuair a dubhairt an sean-duine “A sheanbhean, má tá grádh Dé ionnat éirigh agus déan naigín prasain (10) dom, tá ocras íongantach orm.” Tá go maith,” ar sise, “ach tá an t-uisge taobh amuich agus tiocfaidh mise ag an fhuinneoig & abaireochaidh mise “Seo” agus abaireochaidh tusa “Seadh, seadh, a mhúirnín.” D'imthigh an bhean amach. Bhí an táilliúr ag éisteach le gach nidh dhíobh seo & nuair a dubhairt an bhean “Seo” dubhairt an táilliúr “Seadh, seadh, a mhúirnín,” & glac sé an prasan agus d'ól sé é. Nuair a thánaig an bhean isteach d'fhiafruigh an fear di go cé (3) an fáth nach dtug sí an prasan do. Dubhairt sise go dtug agus dubhairt seisean nach dtug. “Is é an táilliúr a d'ól é mar sin,” arsa an bhean. “Déan pota leite dhom,” ar seisean. Rinn an bhean an leite & d'fhág sí é ag taobh na teine. Thánaig an táilliúr anuas as an seomra. “Cé atá tu ag déanú in do shuidhe an t-am seo go h-oidhche,” ar seisean. “Seadh,” ar sise, “tá garraidhe cabaiste annsin amuigh agam & caithfidh mé a faire mar tá caoire a teacht air.” “Tá an oidhche íongantach fuar,” arsa an táilliúr, “tá mo dhá chois mar phíosa lic oidhre,” agus amach le na chosa chun na teine & tiom- puigh sé an pota leite. Nuair a bhí sé te airís chuaidh sé a chodla athuair. D'inis an bhean do'n fhear an rud a rinn an táilliúr. “Déan cáicín dom agus cuir faoi an luaith é & ní fheicfidh sé é,” ar seisean. Rinn an bhean an cáicín agus chuir sí faoi an luaith é. Thánaig an tálliúr anuas. “Níl mise anán (II) codla cor a bith san oidhche,” ar seisean, “agus éirighim go minic chun mo phíopa do lasú.” Thóig sé an tlú agus bhí sé ar siubhal leis an tlú agus leis an luaith gur bhrís sé an cáicín in na céad píosa. Nuair a chuaidh an táilliúr suas chun a sheomhra d'innis an bhean do'n sean-duine gur bhris sé an cáicín & nach rabh tada dho le fagháil. “Téigh amach & tarbh [? tabhair] isteach tor cabaiste chugam,” ar seisean. “Ní racha mise amach an t-am seo go'n (12) oidhche le aghaidh tor cabaiste dhuit. Téigh amach tu féin ma's maith leat.” D'eirigh an sean-fhear & chuaidh sé amach. Bhí an táilliúr ag éisteach leo agus thánaig sé anuas as an seomra. Fuair sé maide mór. Chuaidh sé amach agus fuair sé an sean-duine amuich sa gharr- aidhe i lár an chabaiste. Thoisigh (9) sé gá bhualú & a rádh “tá an bhean bhocht in na suidhe ar feadh h-oidhche a faire an chabaiste seo & tá tusa gá réabú & gá ithe. “Ó, ná buail mé! mise atá ann, mise atá ann.” “Seadh, seadh,” arsan táilliúr, “tusa tá ann & bíodh sin agat.” Bhí an táilliúr gá bhualú go rabh sé turseach. Thánaig siad isteach annsin agus bíodh geall nach ndubhairt an sean-duine as sin amach — “Síos chun na muc na fataí seo” go rabh a sáith ithte ag gach aon duine. Seán Mac Giollabháin, Acaill Bheag. (1) Pósadh. (2) .I. Tanaidhe. (3) .1. Cad é. (4) De. (5) Casadh. (6) .I. Práta. (7) Ar fuaid (8) Chun. (9) Thosnuigh. (10)? (11) Ní féidir liom. (12) De'n. IRISLEABHAIR. Guth na Bliadhna. Tá aiste bhríoghmhar i “nguth” an fhomhair — “an cogadh agus an guth taghaidh,” in a dheinean A.M.E. taighde ar a laige is atá comhacht na ndaoine i ngnóthaí stáit na hEuróipe. An guth a thugaid le linn “toghaidh,” níl ann ach rud gan feidhm — “Tha é foill- seachadh nach eil sa ghuth taghaidh ach díomhanas lághach, coltach ri ballcluich a bheirear do chloinn!” Tá tionntó ana-dheas déanta ag A.M.E., leis, ar ghearrascéal Fraincise le Pierre Loti — “Uaigh an Laoich.” Tá a lán aim- sire dá caitheamh gan tairbhe ag T. D. Mac Dómhnaill ag gabháil don “Cumunn Gaidhealach.” The Scottish Review. Tráchtan an fear eagair go neambalbh, i mBéarla, ar cúrsaí na hÉireann & ar an éirghe amach. “Who fears to speak of Easter Week” is teidiol don aiste. Tá cur síos a thaithnfidh le Gaedhlaibh ag R. Grierson ar an Stíúbhart úd — Íarla Bothwell, an fear a ghríosaig na spáinnig chun teacht go hÉirinn san seachtamha aois déag. Béarla ar fad atá sa Review san. S. T. Aonrud mar LEACHT AR UAIGH nó ALTHÓIR don TEAMPALL San Aolchloch nó sa' Mharmar, …déanfaidh… SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Ar Fheabhas é. Scriobh chuige. SLIGHE BHEATHA MHAITH DOD' MHAC! Cuir chúgham-sa é agus múinfead dó conas bheith in a sheolaidhe scéala-gan- sraínng Fé cheann ráithe nó leathbhliana. Scríobh ar lorg an réimleabhráin. TOMÁS Ó SÚILEABHÁIN (Ó Uibh Ráthach) “SCHOOL OF WIRELESS TELEGRAPHY,” CORCAIG. Gaedhil is eadh sinn-ne, is ní náir linn é. Geobhair deaghmhargadh uainn-ne i gcomhnaidhe. TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol- faimídne an postas ar cheithre púint de. PLÚR GAEDHLACH. MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min bhuidhe. SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas. S. & T. Mac Curtáin, Sráid a' tSeandúna & Sráid Thomáis Dáibhios, CORCAIGH Tá 200,000 Barailí Plúir da dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CHl. MHAC, teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.” Guthán: 7 Cork; i Midleton. RADHARC DO SHÚL! Féach chuige go bhfuil i gceart. Nuair a bheir i gCorcaigh, glaodhaigh isteach ar Ó MANGÁIN, 3 Sráid Phádraig N., Corcaigh Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH. Táid so 'á ndéanamh againn-ne — Éide Sagart, Áthraighe Althóra mar chailísí, miasa, & c. CROISEANA den déanamh CEILTEACH in ór nó airgead geal, agus PAIDRÍNÍ. LIAM MAC AODHGÁIN & a Chl.-Mhac Teo., 32 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor. Ceannuigh STALCA SILVERSPRING agus “Gorm” Silverspring. I nGleann Maghair, i gCorcaigh, a deintear. Sinn-ne a dhein SNAOIS CHORCAIGHE ar dtúis agus atá 'á déanamh i gcómhnaidhe. TOBAC CÚMHRA an dá shórt so — “Exhibition Roll” agus “Shandon Plug.” Má theastuighean uait aon tobac nó saigréidí do chur chun aoinne atá sa chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó cháin, ach leath phúnt, ar a luighead, bheit sa' bheairtín idir thobac is saigréidí. LAMBKIN BROS., 9 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. Aon rud i bhfuirm Éadaigh do Fhearaibh …tá ag… SÉAMUS Ó h-AODHA, 10 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh. Troscán Tighe agus gach cóir leabthan! Tá flúirse de sna h-Earraí a deintear in Éirinn le fághail uaim-se ar an bpinginn is lúgha. M. Ó RIAIN, Siopa Oluir, 36, 37 Sráid an Rí, CORCAIGH. NA CEARCA. Connus iad do choimeád a' breith sa Gheímhreadh. Ní bheireann seana-chearca puinn ubh sa Gheímhreadh. Ach na siciní do tháinig amach san earrach, ba cheart go mbeidís sin ag breith ó'n Samhain amach. Ní bhéarfaid ámhthach, mara bhfaghaidh siad teindeáil cheart. Ní mór cóir mhaith do thabhairt dóibh de ló & d'oidhche. Istoidhche caithfid tigh cluthmhar do bheith aca. Ní dhéanfaidh tigh múchta an gnó. I dteannta é bheith cluthmhar caithfidh aer i ndóithin do bheith aca. Caithfidh an bia gheobhaidh siad ar maidin bheith te. Níor mhór dóibh, 'n-a theannta san, fothain éigin do dhéanamh dóibh ar aghaidh na gréine i gcás go gcaithfidís an droch lá ann. Ba cheart brúscar móna do chaitheamh ann, agus lán doirn nó dhó d'arbhar do chrothadh tríd nó fe'n mbrúscar. Do chuirfeadh san fonn scríobadh ortha. Coimeádann so gnóthach iad; coimeádann sé te iad; agus rud eile, coimeádann sé gan dul i reimhre iad, agus mar sin gan cur suas de bhreith. Is minic a chím-se cearca, i n-áiteann- aibh ná bíonn an cúram ceart leo, 'n-a seasamh ar sgáth o'n mbáisdig fé thoraibh, fé charraigeachaibh, no cois fhallaí cró na mbó. Tá sé fánach bheith ag braith ar uíbh ó chearcaibh bochta a bhíonn leathte leis an bhfuacht mar sin. Sa tráth so de'n bhliain ní bhíonn pias- taí ná cuileanna le fághail aca, agus ní mór bia éigin áirighthe do thabhairt 'n-a n-ionad dóibh. Sé an rud is feárr a dhéanamh ná bainne géar do chur tríd an min dóibh. Is olc an rud an iomad mine buidhe do thabhairt do chearcaibh. Ramhruigheann sí iad. Is feárr roinnt phollard do thabhairt dóibh i n-ionad chuid de'n mhin; agus gan a dhearmhad glasraí mar atá cabáiste, neanntóga, nó caisearbhán do mheasgadh tríd an mbia dhóibh. Eibhlín Ní Dhubhghaill. Ó Chairbre. Chuaidh Seán Ó Coileáin an file síos amach fad ó & do bhuail sé uime fear eile dar b'ainm Seán Ó Muláin (Ó Maoláin). “Do labhair Seán Ó Muláin & dubhairt sé: “Ól deoch uaim, a Sheáin Uí Choileáin, pe 'cu coileáin nú madaí thu.” “Ólfad cheana, a Sheáin Uí Mhuláin, pe 'cu bulláin nú tarbhaí thu,” d'fhreagair an Coileánach.” (Madaí & taraí: béim-ghuth ar an gcéad tsiollab. Canamhaint na tíre síos amach). Casadh fear doicheallach diúltach ar Bhacach Ó Dálaigh, lá agus dubhairt sé: “A Bhacaigh Uí Dhálaigh, is mór ataoi fásta.” “Má seadh is fada ód' chlár-sa é,” arsa Bacach Ó Dálaigh. Do bheatha 's Do Shláinte ANSO. I. — BIADH (tuille dhe). Bíonn an cholann ag obair coitchiannta lá agus oidhche ar feadh na h-aimsire bhímíd ar an saoghal so. Nuair bhímíd n-ár gcodladh féin, bíonn mórán dá dhéanamh ag an gcolainn, agus is as an mbiadh d'ithimíd a bhíonn sí ag obair i gcomhnuidhe. Is iongantach an rud colann an duine, moladh le Dia a cheap í ar dtúis. Níl aon inneal ar an saoghal a dheineann an oiread oibre léi, agus ins an obair di, bíonn sí dá caitheamh féin, nidh nach iongna. D'réir mar a chaitheann sí í féin ní mór ath- nuadhchant a dhéanamh uirthi, agus is leis an mbiadh a deintear é sin. Tá gnó eile de bhiadh leis .i. chun an teas atá ins an gcolainn do choimeád innte. Dá mbeadh aon bhiadh amháin againn go mbeadh gach nidh ann a theastóchadh ó'n gcolainn chun feoil agus cnámh a chur uirthi ar dtúis, agus ansan chun í choimeád suas agus teas agus neart do choimeád innte, níor ghádh dhúinn ach an t-aon bhiadh amháin sin do chaitheamh. Tá a leithéid sin de bhiadh ann; is é an bainne é, agus go mbíonn an leanbh bliain d'aos bíonn a dhóthain bidh ins an mbainne gan aon rud eile do bhlas, agus bheadh dóthain an duine fásta ann leis dá n-óladh sé timcheal galún sa ló dhe. Ach is fearr le daoinibh níos lugha 'ná san de'n mbainne d'ól, agus biadh eile do chaitheamh i n-a inead. Is follus, dá réir sin, gur ab é an bainne an biadh is fearr & is folláine dá bhfuil ann. Ach an bainne do bhaint as a chéile chífear gur ab é atá ann ná uisge, adhbhar feola, adhbhar teasa & mianaig ar a dtugtar salainn. Near- tuigheann na mianaig seo na féitheacha. Bíonn an t-uisge ós na féitheachaibh leis i n-inead an méid a bhíonn ag teacht coitchiannta as na scamhógaibh, as an gcroiceann & ar na dubháin. Dá mhéid bainne a chaithimíd iseadh is fearr dár sláinte é. Is iad na biadhanna is fearr chun feoil do chur suas ná gealacán ubh, cáise, piseánach, pónaire, gráinfheileog & cruithneacht. Tá adhbhar teasa ionnta leis, ach is fearr chun feola iad ná chun teasa. Geir, siúicre agus stalca is fearr chun teasa. Tá an gheir le fághail i n-im, i bhfeoil mhéith agus i mbiadh de'n tsórt san. Tá isteach is amach le sé púint di ins an gcolainn daonna agus is leis an ngeir nó leis an mblonog san a choimeádaimíd amach an fuacht. Bíonn sí mar bheadh braithlín ar gach cuid de'n cholainn ag coimeád an fhuachta amach. Tá an-chuid stalca i bprátaí, i rís agus i mbiadh do'n tsaghas san. (Tuille). Peig. Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuigh do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
FEIRMEOIREACHT. Ba mhaith linn a chur i n-iúil do dhaoinibh óga gur uasal an obair í feirmóireacht; gur mór an meas ba cheart dúinn go léir a bheith againn uirthe; & gur gheal an lá do dhuine óg an lá do thóg sé léi mar shlighe bheatha. Tháimíd a rádh an méid seo, mar cloistear dúinn go bhfuil daoine i nÉirinn agus gur dóigh leo ná fuil feirmóireacht galánta a dóithin dóibh. Tagann sé seo ó dhroch-thabhairt-suas. Is dóigh leis na daoinibh seo gur galánta go mór fear dlighe, dochtúir, fear siopa, nó fear tábhairne ná feirmeóir. Is mór é a ndearmhad. Is fíor gur minic a bhaili- ghid lucht dlighe, droch-dhochtúirí, & lucht siopaithe airgead. Acht a ndeineann san galánta iad? Cá bhfuaradar é? Is é airgead a gcómhursan atá aca. Ní daoine tairbheach sa tír iad so. Is fíor go bhfuil cuid aca úsáideach sa tír; acht níl siad tairbheach. Ní mhéaduighid siad saidhbhreas na tíre: is amhlaidh a shlad- aid siad é. Is iad a gcomhursain a chothuighean iad. Ní mar sin do'n fheirmóir. Fear tair- bheach sa tír is eadh é. Dá mb'é an bhodach is mó do cruthnuigheadh riamh é, deineann sé maitheas do'n tír agus dá chómhursain gach bliadhain a ghabhann thairis. Má théidheann sé i saidhbhre trí fheabhas a chuid oibre méaduigheann sé saidhbhreas na tíre. Na ba do thóg sé agus do dhíol sé, na capaill, na muca ramhra, na barraí, an t-im, an olann — tagann airgead chúghainn thar farraige ortha go léir, agus gabhann an t-airgead ó láimh go láimh sa tír ag déanamh maitheasa in sgach áit go ngabhann sé. An méid de thoradh an tailimh ná cuirtear thar farraige is é is mó a mhéaduigheann saidhbhreas na tíre, agus is é is tairbhighe; mar cothuigheann sé ár ndaoine féin a bhíonn ag déanamh oibre thairbheach eile — cothuigheann sé lucht céirde a dheineann nidhthe atá riachtanach dúinn féin, nó lucht tiúsgail a dheineann nidhthe a díoltar thar lear. Agus cad as go dtagann an t-air- gead so go léir? A dtagann sé as póca na gcómhursan mar a thagann sé chun fear na dlighe le camastuíl, nó mar a thagann sé chun fear a' tabhairne le gliocas atá níos spriúnlaighthe ná camastuíl? Ní thagann; acht tagann gach éan phingin de as an dtalamh. Tagann sé as tobar ná raghaidh choídhche i ndísc. Tá an talamh lán de. Ní amháin fé thalamh, acht tá sé ins gach é'bhall; tá sé sa bhféar ghlas; tá sé sa bhfraoch, sa bhfionnán, ar thaobh na gcnoc. Na bláthana gleoidhte a thugann pléisiúr dúinn sa tsamhradh le na gcocáin iol- dathacha — ní h-iad a ndathamhlacht ná a ndeise an tairbhe amháin atá ionnta: táid siad lán d'airgead. Gruagach an Tobair. Eochaill. Tá leagan de'n bhfonn ag Dochtúir Seodhach san “Old Irish Folk Songs” (uimhir 680) & leagan eile san “Complete Petrie Collection” (uimhir 1418).
Maidean Domhnaigh, is mé 'dul go hEochail, Do casadh an óig-bhean orm sa' tslighe; Bhí sgáil 'na leacain ar dath an róisí, 'S ba bhinne a glór ná na ceolta sidhe. Do leogas mo lámh thar a brághaid le mórtas, Agus d'iarras póigín ar stór mo chroidhe; Sé dúbhairt sí “fan, agus ná stoll mo chlóca, Is gan fios do ghnótha aig bean do thighe. Seo mo lámh duit, ná fuilim pósta, 'S gur buachaill óg me, thug searc dod' ghnaoi, Is dá dtiocfá liomsa thar n-ais go hEochaill, Do thógfainn an ceó is an brón ded' chroidhe. Chuirfinn high caul cap i gceart 's i gcóir ort, Gúna, clóca, agus capuisín; Bheadh siopa dramann, go mbeadh braindí 's beóir ann, Is ba dheas do chóiste ar an mbóthar mín. Níl ach uair bheag ó fhágas Eochaill, Is dob ait a' gnó dhom filleadh arís, Mar is cailín beag me, atá ar mearthal bóthair, Ag lorg eolais go Ceapach Chuinn; Do bheadh mo mhuintir i bhfeirg mhóir liom, Is ní bhfaghainn aon fhóirithint ó'm cháir- dibh gaoil, Sgaoilfeá a bhaile me gan luach na mbróg 'gam, Is ní gheóbhfá an bóthar so go deó arís. Fuaireas an chuid is mó dhe seo ó Sheán Ó Conaill, Bólus, i nÍbh Ráthach. Fínghín na Leamhna. THE MOTHER AND OTHER TALES. Cuireadh cóib de'n leabhar deas so chugainn. Sé leabhar é ná an t-aistriú Béarla do dhein an t-Athair Tomás Mc Gearailt ar “An Mháthair” .i. an leabhair deiridh a scríobh an Piarsach. Tá an t-aistriú ana-chomhgarach do Ghaedhilg an Phiarsaigh, agus do dhaoine ná fuil Gaedhilg aca is féidir leo aigne uasal an Phiarsaigh agus meon na leanbh nGaedhlach a mheas & a thuiscint tríd an aistriú maith so an Athar Tomás. Tá réamfhocal ann do scríobh Helena Concannon, M. E. Is fiú a léigheadh ar a thaithneamhaighe agus ar a dhoimhne. “The Mother and Other Tales,” Dundealgan Press, 2/6; postas, 3d. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. H. JOHNSTON, TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Teo., Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Píanó Ceart Gaedhlach ar £32! Tá pianacha 'á n-déanamh in Éirinn anois, ag Pigott & Co. Ltd., Luimneach, Ath Cliath is CORCAIGH. GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Tráth bhriseadar na humaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces' Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Port an Phápa, Corcaigh. CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM! MARGAIRÍN “LEANDAR” Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA Agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Le Gaedheal an Siopa So: The Fountain Book Shop 67 & 68 Sráid a' Chapaill Bhuidhe, …CORCAIGH… Gach leabhar a theastuighean ó lucht scoile is ó Ghaedhilgeoirí tá le fághail ann. Labharfar Gaedhilg leat. Liam Ruiséal, fear an tsiopa Tá le fághail uainn-ne — Té Blasta Cúmhra. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX is a chlann mhac (Teo.) 10 i Sráid Phádraig N.; Corcaigh. Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.
DÁNTA GRÁDHA. Tá flúirse abhrán grádha againn i nGaedhilg an lae indiu. Tá an chuid is mó dhíobh ar fheabhas. Deirid lucht cáinte go moltar an ainnir nó an spéirbhean ró mhór ionnta, go moltar a ceannacha is a déanamh is a creat. Tá saghas eile filidheachta ann a bhain ean le grádh agus gan aon taithighe ag Gaedhilgeóirí an lae indiu uirthe. Ins na seanalámhscríbhinní a gheibhtar í. Ní raibh aon fhios ag an bpobal Gaedhlach an saghas úd bheith ann chomh h-iomad- amhail sin gur aimsigh Tomás Ó Raithile é. Tá tiomarga deas dán in aon leabhar anois aige & “Dánta Grádha” is teidiol dó. Tá réamhrádh sa leabhar ag Robin Flower, réamhrádh a bhfuil toradh na taighde is na scoluidheachta go soiléir ann. Níl de locht ar an réamhrádh san, ach é bheith i mBéarla. Uaisle Gaedheal do rinne na dánta grádha san — Gearóid Iarla, Maghnus Ó Domhnall ceann fine, An Feiritéarach, Iarla Earra Gaidheal, agus Caimbéalach Gleanna Urcaidh. Tá rian an tsaoghail páláis go soiléir ar na dánta. Trácht- aid na filí ar ghrádh ar chuma ná tráchtan Eoghan Ruadh Ó Súileabháin 'ná Seán Clárach Mac Domhnaill air. Grádh lucht caisleán is eadh é — ‘amour cour- tois” na sean-Fhranncach. Is gnáth leis na filí nua dul d'éagaibh le neart a ngrádha do ainnir na ngorm- rosc, ach ní h-amhailsin dá lán díobh súd a rinne dánta grádha an seachtamha aoise déag. An focal úd Rosalind, oirean sé do aos grádha na h-uaire úd: “Do cailleadh a lán fear tréan, Is do chreimigh na cnuimh a gcuirp, Ach ní h-é an grádh bheir an íde sin ortha!” Tá bog-shult sa mhéid seo: Daoine ag magadh fútha féin D'á rádh go mbíd i bpéin bháis D'á bhagar go rachaid d'éag — Iongna an gléas meallta ar mhnáibh! Níor eirigh ró-gheal le Cuchonnacht Ó Cléirig, file, in a chúrsaí grádha ach níor luigh san ró-mhór air: Do chongaibh mé m'fheoil is m'fhuil Do ghrádh aindre an chuirp mar ghréis Ithim mórán, do ním suan I ngach ceol is buan mo spéis! Soilbhir go leor! Buidheacht na gruaige an áilneacht is mó go bhfuil trácht uirthe ins na dántaibh. Is iongantach an taithneamh is an t-aoibh- neas do shúil an fhile an saghas úd gruaige: Do chas an cúl tláth buidhe Timcheall an mhuinéil dírigh. Ó, a fholt géag ghlan buidhe búidh Duine éadmhar, ní h-ionrúin. D'á rosc mall, d'á folt mar ór. Agus seo mar a thugaid mná comhairle d'á chéile i dtaobh grádha na bhfear: Ná creid a gcogar 's a rún Ná creid glac dhluth a lámh Ná creid a bpóg ar a mbia blas — Ó'n a searc nílim slán! Daoine a raibh ceárd na filidheachta in iomlán aca a rinne na dánta san. Níl de chaint ionnta ach an méid a dheinean an gnó. Is iongna mar a sheachnuighdar iomadamhlacht focal agus leadrán. Gach n-aon gur ionmhuin leis teanga na Gaedhilge, tá sé fé chomaoin ag Tomás Ó Raithille as ucht an chnósacht deas so de “Dhánta Grádha.” Dánta Grádha, iar n-a mbaint as láimhscribhinní Gaedhilge an seachtamha aoise d'éag do Thomás Ó Raithile, M.E. 1/6 (agus postas). Brún agus Ó Nualáin, in Áth Cliath atá 'á dhíol. Ba dheas an bronntanas Nodlag é. Seán Tóibín. Eibhlín A Rúin. Fonn: “Erin, the tear. I. Le grádh dhuit níl radharc am' chionn Eibhlín a rúin. Bheith trácht ort is aoibhneas liúm, Eibhlín a rúin. Mo rós, mo lil, mo chaor is tú, Mo chuid d'á bhfuil 'sa' tsaoghal is tú, Rún mo chroidhe is mo chléibh is tú, Eibhlín a rúin. II. Do sheólfainn na gamhna leat Eibhlín, &rl. Do sheólfainn na gamhna leat, Eibhlín, &rl. Do sheólfainn na gamhna leat, Amach fé sna gleannta leat, Le súil go mbeinn i gcleamhnas leat, Eibhlín a rúin. III. Do raghainnse thar sáile leat, Eibhlín, &rl. Do raghainnse thar sáile leat, Eibhlín, &rl. Do raghainnse thar sáile leat, Do'n Fhrainnc nó do'n Spáinn leat, Le súil go mbeinn páirteach leat, Eibhlín a rúin. IV. A dtiocfair nó a bhfanfaidh tú? Eibhlín, &rl. A dtiocfair nó a bhfanfaidh tú? Eibhlín, &rl. Tiocfaidh mé 's ní fhanfaidh mé, Éalóghaidh mé, is leanfad tu, Grádh mo chroidhe i nganfhios tu! Arsa Eibhlín a rúin. V. Céad míle fáilte rómhat! Eibhlín a rúin. Céad míle fáilte rómhat! Eibhlín a rúin. Céad míle fáilte rómhat! Fáilte 'gus fiche rómhat! Naoi gcéad míle fáilte rómhat! Eibhlín a rúin. Seán Ua Duilleáin do sholáthruigh, I gConndae an Chláir. Ná dearmhaid so, a chara. Nuair a bheir ag scrí chun lucht siopa nó ag caint leo, cuir in-iúl dóibh, le d'thoil, gur sa “Lóchrann,” a chonnaicís an fógra aca. FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CHLIATH, & rl. A Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i. “An Lúcánia” (de dhéantús na hÉireann) ó DHOMHNALL Ó BUACHALLA, MAGH NUADHAT. Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge do mhúineadh: “Scéalta don Aos óg,” 2d. “Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d. “Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” — iad go daithte is go hoireamhnach ar gach chuma. I., II., III., IV. 4/—, 4/6, 4/6, 4/6 Gaedhil a bhfuil Trácht ortha: Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach, Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh Colmcille, Uolf Tone, Naomh Bréandán, An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach garm — £3 an beart. Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar — Cuir cárta ag triall orainn ar lorg leabhráin eolais: “The Educational Co. of Ireland,” 89 Sráid Talbóid, Áth Cliath. Tá árd-teist ar Mhuintir Hilliard (teo.) Cíll Áirne, De bhárr an chuma in a gcabhruighid le déantúisí na hÉireann. Ní gádh earraí thar lear do cheannach, agus Seogh Earraí Gaedhealacha Le fághail in a dtigh sin. An siopa éadaigh is mó agus is fearr i gCiarraidhe. Tig a 6 & a 7 sa' tSráid Mhóir, Cíll Áirne. Earraí Gaedhealacha do Ghaedhlaibh! Léinte, Lámhainní. Carabhata. Stocaí, “Guailneáin.” Bróga. Caipíní agus Hataí, ó Th. Ó Lochlainn, 19 Sráid na Páirliméide, Baile Átha Cliath. Bíodh Píopa maith Gaedhlach agat. Tá Píopaí Mhic Pheadair le ceannach i ngach siopa tobac. Cuir a dtuairisc ar lucht a ndéanta — Capp & Mac Peadair Teo. FAICHE SHAIN STIABHNA, ÁTH CLIATH. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services