An Lóchrann
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.
Uimh 9. NODLAIG 1916. PINGINN A FHIACHA.
An Tiompán.
Sa tsean-aimsir do bhí fear ceoil
ann — fear bocht breagh bog cneasta.
Tiompán an gléas ceoil do bhí aige.
Bhí sé go binn chun ceol a dhéanamh ar
an dtiompán san agus thugadh daoine
mórán airgid do. Bhí an fear ceoil
pósta. Bhí teanga fhada ghéar ag an
mnaoi. Thugadh sí sgriosadh ar an bhfear
go minic leis an dteangain. Bhíodh sé
mí-shásta léi, ach bhí sé foidhneach, agus
ní abruigheadh sé puinn.
Bhíodar ag dul ar aonach lá geimhridh.
Bhí cnoc ar an slígh rómpa — cnoc árd.
Nuair a bhíodar ar an gcnoc tháinig
an sneachta ortha. Tháinig fuacht ar an
mnaoi. Tháinig tuille sneachtaidh agus
chuaidh an fuacht isteach go smior innte.
Theip an siubhal uirthi. Bhí buairt ar an
bhfear. Thóg sé leis í tamall na bhacl-
ainn, ach ní fada go raibh sé traochta.
Chuir sé an bhean fé scáth carraige chun
fothana. Ach bhí an fuacht i ngach áit.
Bhí an bhean i riocht bháis leis an bhfuacht.
Bhí an fear bocht i gcruadhchás. Bhí sé
ag cuardach ruda chun teine a dhéanamh
ach ní raibh san áit ach clocha & sneachta.
Och, och! bhí an scéal go h-olc. Annsan
chuimhnigh sé ar a thiompán. Rug sé air.
D'fhéach sé air… D'fhéach sé ar an
mnaoi… bhris sé an tiompán 'na
smidiríní agus dhein sé teine dhe. Chuir
sé an bhean i n-aice na teine. Tháinig
sí chúichi féin.
Do ghluais an bheirt ortha arís agus
chuadar ar an aonach. Bhí a lán daoine
ar an aonach agus a lán lucht ceoil
& a lán lucht cleas. Bhítheas ag déanamh
airgid go tiugh. Ach ní raibh fear an
tiompáin ag déanamh aon airgid. Bhí
a thiompán dóighte. Ní dubhairt an bhean
aon ní ar dtúis. Ní raibh sí sásta,
ámhthach. Lár an lae bhí sí mí-fhoidhneach.
Tráthnóna, nuair chonnaic sí mná na
bhfear eile agus pócaí airgid aca, do
bhris ar an bhfoidhne aici. Thug sí scrios
ó thalamh do. Dubhairt sí ná raibh aon mhaith
ann — gur ag na mná eile bhí na fir mhaithe.
Níor mhairbh sé í — mar ba cheart. Níor
bhuail sé í — cé gur mhór an fhoidhde aige
é. Ní dubhairt sé puinn. Fear ciúin
dob' eadh é. “Um,” ar seisean, “is
mairg a dhóighfeadh a thiompán leat,” &
do ghluais sé na aonar as an mbaile
amach & an bhóthar mór soir gur ghaibh
sé thar na cnuic, & níor fhill sé uirthi
i gcionn lae ná i gcionn bliadhna ná riamh.
“An Seabhac.”
Ag dul go dtí Aifrionn.
Seághan: Seadh! a Thaidhg, tá an lá
indiu go breágh.
Tadhg: Má tá, a Sheághain, ní ort-sa
a bhuidheachas.
Seághan: Caithimís uain fearg agus
eachtraigh dam mar gheall ar aonach a'
lae indé. Chuala go rugais leat do
sheana-bhó. Ar dhíolais í?
Tadhg: Ná'n diabhal díol a dhuine; is
luath sa lá a ghaibh pastaire ceannaghthóra
chúgham agus, dar fiadh, cheapas go rabhas
saidhbhir lém' ghaige beag gan áird nuair
a chonnac a raibh do shlabhraíbh ar sileadh
as a phócaíbh, agus ar seisean, “How
much for the ould lady?” “Ould lady!”
arsa mis'. “Hanam ón riabhach, dar ndóigh,
ní seana-lady í sin, ach bó bhreágh phear-
sonta!” Bhailigh sé uaim agus d'fhág sé
ansan me féin agus mo sheana-bhó bhocht.
Ba ghearaid go bhfeaca chúgham duine
eile aca, ach a dhuine a chroídhe 'stig
dá olcas é an chéad duine ba mheasa
an dara rupaire. Níor thairig seisean
pingin ná púnt uirthe ach súil-fhéachaint
a thabhairt uirthe agus nuair bhí sé ag
gabháil thóirsti bhuail sé buille dá
mhaide uirthi a bhain fuaim as a
creatalach bocht! Go rabhad aige Dia,
a Sheághain, má dh'fhan a leath ínnte! Am
baisce ná bíodh aon gháirídhe ort, níor
mhaith leat a leithéid a dhéanamh léd'
bhó-ín féin. “Go n-árduighidh sé siúd
chuin siúbhail tú,” arsa mise leis. Thom-
áineas liom mo bhó ó pháirc an aonaigh
ach níor imthígheamair abhaile gan leath-
ghloine. Tá eagla orm go n-íosfhaidh sí
a thuilleadh dom' chuid turnapaí beaga
orm.
Seághan (i dtrithíbh gáirí): Bhís maith do
dhóthain do, a Thaidhg, mar níor theip an
t-aighneas riamh ort. Is beag an gnó a
bheadh ag leath-amadán mar mise go dtí
na leithéid sin.
Tadhg: Chun na fairrge chuardach ag
lorg raice is feárr tusa. Cad a bhuail
indé leat?
Seághan: Do bhuail rud maith mhaise —
do bhuail dóthain mí de phlúr bhreágh —
gura fada buan a bheidh an té atá 'á
chur chúghainn.
Tadhg: Mo ghraidhin go deó an duine
galánta! Ní h-é gach aoinne a sgaoíl-
fheadh leath-mhála plúir go dtí duine
bocht sa tsaoghal so.
Seághan: N'fheadar cad a fuair Liam
Bacach ar a chuid éisg indé?
Tadhg: Do bhuail sé liom go déanach
indé & 'muc ar gach malainn leis' mar
ná fuair sé ar an iasg ach sé sgillinge.
Gan aon bhréag bhí an t-uchlán 'na chroídhe
agus é ag síor-rádh go raibh gach aon
mhaircréal aca chómh mór lé h-asal.
Seághan: Och, ní ceart aon tor a
thabhairt ar an sprealairín sin — sé an
chnáimhseáil atá 'á bhuanú.
Tadhg: Ar mh-anam nár' mhór dúinn
géarú sa tsiúbhal mar go bhfuil na
daoine 'á ghlaodhach isteach.
Seághan: Arú mhaise nach luath é, am-
basa go bhfuil díthcéille ortha má's ag
iarraidh coimeád suas lé am a' tSasan-
aigh atá siad.
Tadhg: Fágaim lé h-uadhacht, a Sheághain,
go bhfuilir féin chómh h-olc lé h-aoinne
chuin rith i ndiaidh Sheághain Bhuídhe. Chuala
gur tu an chéad duine a chuir do chlog
ag innsint éithigh.
Seághan: Chualaís bréag mhaise, pé
duine a chúm duit é. 'Sí an ghrian mo
chlog sa riamh & ní chuala gur dh'athruigh
aoinne riamh í sin muna dtabharfhaidh na
Sasanaigh fé. Is dócha gur b'é iaracht
atá siad á thabhairt é, na h-amadáin!
Tá mo choilleach bocht leis chómh dílis
liom féin do am na hÉireann! Ní
chuala ag glaodhach neómint níos luatha
ná níos deireanaighe é, ach fé mar bhí
sé riamh; agus nách aige atá an chiall
cheart.
Tadhg: Seo, Seo, tá an choróin 'á
rádh. Gluais ort, a Sheághain.
Bríghid Stac,
Scoil Bhaile 'an Fhirtéaraigh.
D'iarr fear — bodach baileach bladhm
annach — ar sceulaidhe eachtra d'innsint
do.
“'Seadh má 's eadh,” ars an duine
eile, “inneosad.”
Do ghabhadar síos an cnoc, lá,
Fianna Éireann.
Do ghabhadar suas an cnoc, lá,
Fianna Éireann.
Do ghabhadar síos an cnoc, lá,
Fianna Éireann.
Do ghabhadar suas an cnoc, lá,
Fianna Éireann.
Agus mar sin de.
Bhris ar an bhpoidhne ag an mbodach
agus d'fhiafruigh sé: “Ca' n-a thaobh ná
cuireann tú amach as an gcnoc uair
éigin dom iad.”
“T'anam an riabhal, a staigín,” arsan
sceulaidhe, “ar bhain led shínsir riamh i
n-Éirinn ní chuirfidís amach as an gcnoc
iad.”
S. Ó Cadhla
Ciarraidhe.
AN T-EMPÓRIUM,
le
M. Ó Súileabháin & a Mhac,
Cill Áirne.
Éadathóirí Maithe
Tá le fághail uatha;
Lása Gaedhealach de'n déanamh & de'n phatrún
is órnáidighe amuich agus saothar lámh is
eadh gach órlach de.
Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt
datha.
Ciarsúirí de'n Línéadach Cheart Ghaedhealach is
a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach
do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh.
Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath
is ar gach gné datha.
Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach
(Muintir Winstanlí & Mac Gabharnaigh a
dheinean.)
Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr
agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do
deineadh.
TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN,
Sráid na nÁirne, Cill Áirne.
Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint
gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa
Tigh Ósta so. Leabaidh, Breicfeast, Dinnéar, Té
agus Freastal ar 5/— sa ló.
BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe.
SÍOL AGUS LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.
ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.
ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.
SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CIL ÁIRNE.
An Mhin Choirce is fearr blas agus is
mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA
MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean,
i Maghchromtha.
Scríobh chuige.
Nuair a bheir ag taisdeal
in Uibh Ráthach áluinn,
— cuir fút sa tigh seo —
TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH
I GCATHAIR SAIDHBHÍN,
An tigh is fearr in Uibh Ráthach.
Labharfar Gaedhilg leat ann.
I n-Éirinn a Deintear
“Bróga na Laoí.”
Táid le fághail i ngach sráid bhaile.
Sean-Fhocail na
Muimhneach.
“An Seabhac” do bhailigh.
74 — Comhrádh ban ar chléith: comhrádh ná
bíonn réidh.
Má's fíor.
75 — Bean táiliúra is bean tuinncéara,
Sin beirt bhan na réidheann le chéile.
Deirtear san nuair éirigheann achrann idir mhnáibh.
76 — Fiadhnaise an duine bhréagaigh a
bhean,
nó
77 — Fínnéith an ghiolla bhréagaigh a bhean.
78 — Fallaí fuara go-ghní óinseacha,
nó
79 — Fallaí fuara do-ghní bean tighe
ghuagach.
.i. Tigh fuar follamh — ní chuireann sé fonn ar
mhnáibh chun a bheith slachtmhar, críochnamhail.
80 — Inghean na bunóirsighe adhbhar na
h-óinsighe.
Bunóirseach (? ban-amhairseach) .i. bean a bhíodh
ag dul ag sníomh go tighthibh na bhfeirmeoirí. Ní bhíodh
a leithéidí sa bhaile chun gnó tighe a mhúineadh dá
gclainn inghean.
81 — Lot leidhbe gan leasú'.
.i. Lot nárbh' fhéidir a leigheas. Leadhb .i. straoile
mná.
82 — An leanbh bán ag gol 's an glibeach
i dtigh na gcomharsan.
Glibeach .i. bean straoileach go mbeadh a glib ar
sileadh léi.
83 — Is minic síos droch-bheantighe is le
droch-bhainistighe caitheann sí bróga
[nó “ní thugann sí leath a dóthain ar
an mbórd léi].
.i. Is minic ar an mbóthar í nuair a dhéanfadh
bean eile an gnó go léir d'aon iarracht.
84 — Is mór é dóthain droch-mhnátighe dá
cuid droch-bhláthaighe féin.
Ba maith léi a chur na luighe ar dhuine gur bláthach
bhreagh í agus bheadh sí 'gha tathant air. Deirtear le
rudaí eile é seachas bláthach.
85 — Níl aon bhean is gnáthaighe droch-
bhróga ná bean ghréasaighe.
86 — Is fearr éagan caillighe ná éagan
cailín.
Éagan .i. duine éaganta (? éag-gunta). Duine
gan puinn staidéir ná céille.
87 — An chailleach is sine sí is mine.
Is mine .i. is lugha.
88 — Arm caillighe cloch.
89 — Urchar cam i láimh na mná.
Is beag díobh gur féidir leo rud a bhualadh le
h-urchar.
90 — Is maith leis na mná dealbha an
bhláthach.
Dealbha .i. bochta. Is maith an rud rud cuibh-
easach nuair nach féidir rud níos fearr d'fhagháil.
91 — Bean gan leanbh is fada é a
céalacan.
Céalacan .i. céadlonga = gan rud d'ithe = ocras.
92 — Bás na céad mhná nó báisteach tar
éis dinnéir.
Ní h-olc an dá rud iad. Gheobhthaí bean eile &
spré léi. Ní déantar a thuille oibre má fhliuchann
an tráthnóna.
93 — Bhí Máire go maith ar dtúis ach
d'imthigh an fonn san di.
Deirtear san le cailín a bhíonn go fuadrach ar
dtúis ach go mbuaileann leisce chun na h-oibre í.
94 —Is giorra do mhnaoi leathscéal ná
a h-aprún,
Ach is usa é chreideamhaint ná dul
ag cuardach an scéil.
95 — Ní fhéachfaidh bean siar chun leith-
scéal d'fhagháil.
96 — Innis do Mháire i gcogar é
Is 'neosaidh Máire do'n phobal é.
97 — Ní luaithe ar an ngaoith ná ar
inntin mhná.
98 — Chomh luath le h-inntin mhná idir
bheirt fhear.
LEANBHAÍ.
99 — Ag gol 's ag gáiridhe mar bhíonn na
páistí.
100 — An rud a chíonn an leanbh sé a
ghníonn an leanbh.
101 — Bróga sa chliabhán, ladhar sa lathaigh.
Díthcéille, bróga ar leanbh ná féadfadh siubhal
ná seasamh ach lámhacán.
102 — Buail sa tóin é is seachain sa cheann é.
.i. An tsligh chun leanbh mí-iomcharach a smachtú.
103 — Cíos do thighearna nó biadh do leanbh.
Dhá rud a caithfear a thabhairt.
104 — Deineann leanbh ciallmhar, gasta
Athair súbhach, sólásach,
Is deineann leanbh baoth, big-chiall-
mhar
Máthair dhubhach, dhólásach.
105 — Is mairg nár thóg a laogh féin nó a
leanbh.
106 — Is mairg nár thóg leanbh ná laogh dho
féin.
.i. Is truagh daoine ná bíonn clann aca.
107 — Leanbh gan mháthair, ní binn é a ghol
is ní geal é a gháire.
108 — Ní raibh a dhóthain clainne ag fear
bocht riamh.
109 — Tabhair rud do leanbh agus tiocfaidh
sé arís.
110 — Tabhair rud do'n ghárlach is tiocfaidh
sé amáireach.
111 — Feóil a thabhairt do leanbh feoil a
bhaint de leanbh.
.i. Má tugtar feoil le n-ithe dhóibh ní réidh-
tigheann sí leo.
112 — Clann a thógas nó clann a leagas.
.i. Clann a chuireann an rath nó an mí-rath ar
dhuine.
113 — Grianán tighe teine nó leanbh maith.
114 — Mac an duine shona adhbhar an duine
dhona.
Nó mar adeir an sean-rann:
Is annamh gort gan déise fiadh,
Tuigeadh cách ciall mo rainn;
Is tearc neach ar a mbí rath,
Ná bíonn meath ar chuid dá chlainn.
115 — Is fada cuimhne an tsean-leinbh [nó
“an tsean-ghárlaigh.”]
116 — Mealladh an tsean-leinbh.
Sean-leanbh = duine go mbeadh gliocas tagaithe
le h-aois do.
117 — Glór i gcóitín.
Cóitín .i. petticoat. Le duine beag suarach,
lagbhrigheach adeirtear san nuair a chuireann sé
cainnt bheag dhána as.
(Tuille le Teacht.)
Peictiúirí Deasa Daithte, Saothar Lámh. Leabhair agus Bróidíneoracht. Faigh an Liosta. “Cuala Press,” Dúndroma, Áth Cliath
SAOTHAR ÓIR IS AIRGID.
Do bhí teist riamh ar Ghaedhlaibh idtaobh
a ndeinidís de ghreantacht ar áth-
raighe óir is airgid. Níl le fághail
ar iarsmaí an tseana-shaoghail san
Euróip indiu, a chómh maith de rud i
dtaobh órnáide le Cailís Árdacha nó le
Crois Chonga. De shaothar Gaedheal iad
san idir dhealbh is déanamh & do Ghaedhlaibh
atá clú dá mbárr. Dá leanadh an saoghal
Gaedhlach de, fé mar a bhí, ní fios cad
ná beadh le taisbeáint indiu againn-ne
— sliocht Gaedheal — i gcúrsaí deiseachta
is dealbhóireachta.
Tháinig an ghalldacht, agus an scrios a
leanan í. D'eirig Gaedhil, dá n-aimhdheóin,
as greantacht an óir is an airgid, & as
lí-dhealbhaigheacht is línigheacht de'n tsaghas
úd atá i Leabhar Mór Cheannanais. Tá
íaracht 'á dhéanamh, ámhthach, le roinnt blian
anuas ar a chomh maith san de obair a
chur 'á dhéanamh arís. Tá fás mall fé'n
ngnó ach ní droch-chomhartha ar fad é sin.
Tá gaibhne geala is seódóirí cois laoi —
Muintir Aodhgáin, & tá ag éirighe leo
go rí-mhaith i dtaobh an tseanacheárd úd
Gaedheal do athchur ar bun. Nuair a
thosnuigheadar ar an ngnó atá cúig bliana
ó shin ann bhí triúr ceárdaighe ag obair
aca. Tá cúig duine déag anois aca.
Tamall dom sa cheárdchain aca an lá
fé dheire agus do chonnac obair a chuir
áthas orm, obair a chuir i n-iúl dom go
bhfuil an aicilligheacht mheur is an tuig-
sint i dtaobh deiseacht is áileacht is
dual do Ghaedhlaibh aca-san chomh maith
díreach is a bhí ag lucht déanta Chroise
Chonga is Choirn Ardacha. Bhí fleasc
ollamhnachta len a n-abarthar “mace' 'á
dhéanamh ann do Choláiste na h-Iolscoile,
i gCorcaigh, & b'fhiú dul tamall maith 'á
fheicsint. Airgead an mianach a bhí ann.
É mar a bheadh liathróid & cos rí-fhada
léi. Fan na liathróide timcheall bhí sraith
órnáidí — ainmhithe is ollphiasta thuas, cinn
leomhan thíos & comharthaí bailtí móra,
&rl., na Muman eadartha istig mar atá:
“Caiseal, Tráighlí, Corcach, Urbs intachta
manet, Luimneach, Coláiste na h-Iolscoile,
An Mhumha.” Bhí flúirse de'n órnáid
Cheiltigh in a ‘ribíní’ fan na coise síos
agus fan na liathróide timcheall.
Bhí mias mhór airgid ann i gcóir preátaí
agus í ar fheabhas le greantacht. Deilbh
cailín uirthe agus í ag crúdh na mbó,
seilg an mhada ruaidh, agus radharc ar
ghort gleanna.
Deinid Muintir Aodhgáin an uile shaghas
áthraigh i gcóir na h-Althóra. Bhí monas-
trán nó athrach don Abhlann Naomhtha 'á
dhéanamh aca, agus órnáid Cheilteach sa
bhfáinne timcheall in ionad na gnáth-
órnaide .i. caora fineamhna agus diasa
cruithneachtan.
Tá ocht gcéad blian ó shin ann ó dhein
duine de Chlann Aodhgáin an sár-rud
úd — Crois Chonga. Chonnac nuachrois á
dhéanamh, agus í ar chómh-chuma leis an
seana-cheann. Fíor airgead í. Dhá chrois
atá innte agus smailín den dair dhuibh
eadartha istigh. Tá an órnaid go rí-mhion
uirthe, ar nós na seanchroise. Seana-
chailís ana-bhreágh iseadh Cailís Tighe
Molaga. I gCorcaigh a deineadh í sin
i mbliain a 1620. Tá árthach rí-áluinn,
cabórum, déanta aca i gcóir séipéil
Uí Ónáin, i gCorcaigh. Ór buidhe ar fad
atá sa Chabórum san. Ar an gclúdach
cinn atá an saothar is fearr. Tá an
clúdach san árdaithe biorach 'na lár agus
mar a bheadh dhá chrios treasna ar a chéile
anuas ar an mbior. Tá clocha lóghmhara,
ar dhath seana-shúghcraobh, anso is ansúd
ann. Iad go gleóite gléineach Seódchlocha
Chabouchon a deirtear leó san. Grean-
tacht Róimhánach-Cheilteach atá ar an gcab-
órum agus tá a chomh maith de chailís óir ag
gabháil leis. Níl a sárú de dhá áthrach óir,
i dtaobh órnáide, in aon teampall sa tír.
Is deas bheith ag féachaint ar ghabha
geal agus órnáid “árdaithe” 'á dhéanamh
aige, & é ag árdú is ag ísliú an phláta
le mionbhuillí de chasúr beag. Agus
cuirean sé croiceann óir ar rud ar
an gcuma so: an t-áthrach (nó pláta
nó coínnleóir) do chur isteach i ndabhach
beag atá lán de mheascán uisce
lena n-abarthar searbán. Dhá shraínng
aibhléise (electric) bheith sa dabhach istig.
Píosa den bhfíor ór bheith ceangailte
den tsraínng is láidire “sruth” & an
tsranng eile, an ceann is laige sruth,
bheith ag baint leis an rud atá le
clúdú. Leighean an aibhléis an t-ór &
séidean an sruth an t-ór leighte i dtreó
an ruda atá le clúdú. Bíon teine bheag
leis an ndabhach chun an searbhán a chimeád
teasaidhe, mar ná bíon teas a dóithin
san aibhléis chuige, siúd is go mbíon
trí bun-chéimeana go leith de neart sa
dá shraínng le chéile.
Mar seo a gheibhean an ceárdaighe
amach ciaca ór ceart nó ór measctha
a bhíon aige: braon den searbhán go
dtugtar “potasu cianidum” air, a
scaoileadh anuas ar an rud. Mura
mbíon an mianach ceart ann tagan
athrú datha ar an ór.
Duine ar bith a bhfuil suím aige i
gcúrsaí greantachta & saothar ar ór, ar
airgead, nó ar phrás, b' fhiú dho dul
d'fhéachaint na ceárdchan san Mhuintir
Aodhgáin, Cois laoi.
Seán Tóibín.
FzzzzzFil.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11