Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Samhain, 1916
Title
Samhain, 1916
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uim. 8. SAMHAIN, 1916. Pinginn a Fhiacha. Na Mananna. Is mó áit na mbíonn mo thaisteal & is mó duine a castar orm im' thais- tealaibh, ach ní fearr liom áit na mbéinn 'ná i gClaedig, agus ní fearr liom duine go mbéinn n-a chuideachtain 'ná seana-Shíle. Do phreabas isteach chúiche cúpla lá ó shoin. “Móra dhuit, a Shíle, cionnus 'taoí ó shoin?” “Cé h-é seo atá agam? Airiú! Dé bheatha, a mhaoineach. Ní mór dom 'fheabhas atáim, níl an choisigheacht ar fóghnamh agam le seachtmhain, agus cad é an díoghbháil liom ach go mothuighim mana shiubhail orm & samhluightear dom go bhfuil aistear romham.” “Aililliú! Cad é féin an mana shiubhail?” “Neosfad san duit, a chroidhe. Má thagann mar a bheadh tochas i n-ioscad do choise clé, deirtear go bhfuil mana shiubhail ort agus gur comhartha é go bhfuil aistear romhat.” “Tuigim, ambasa; & má thagann an tochas úd i n-ioscad mo choise deise?” “Ó, comhartha bréagach é sin: nár airighis riamh an seana-rann — Mana shiubhail na coise clé — Ní raibh riamh ná h-éireóch' léi: Mana shiubhail na coise deise — Ní raibh riamh ná beadh n-a coinnibh.” “Ambriathar nár airigheas go dtí anois. Agus 'bhfuil aon mhana eile ann, a Shíle?” “Dhe go dtugaidh Dia ciall duit, tá. Mana athrú leabtha — nuair a bhíonn an tochas ar t'uillinn; mana póige nuair a bhíonn sé ar do bhéal — comhartha é sin go bhfaighir póg ó dhuine éigin, mana dheóir tochas a bheith ar do mhalainn chlé; mana áthais é bheith ar do mhalainn deis.” “Mar sin, bhí ana-thochas ar mo mhal- ainn deis indé, & tá sé tagaithe chun cinn go bhfuil áthas mór orm indiu tusa d'fheiscint!” “Seadh, astóin; agus b'fhéidir go raibh mana óil ort leis agus mana ghreim cnámha?” “Mhaise d'fhéadfaidaís bheith orm i gan fhios dom mar fágaim le h-uadhacht nár airigheas aon teacht thórsta roimis seo.” “Ar bharra do chainncín 'seadh bhíonn an mana óil, & ar do smeigín 'seadh bhíonn an mana ghreim cnámha — sin comh- artha go mbeidh cnámh le piocadh agat amáireach.” “Dé bheatha it' shláinte, a Shíle, tá Gaoluinn agatsa 'ná fuil le fagháil i n-aon leabhar.” “Dhe mo chráidhteacht, táim bodhar aca mar leabhair. An Ghaoluinn sin bhíonn ionnta ní bhfaighim aon bhlas uirthi: ní h-í an t-seana-Ghaoluinn i n-aon chor í.” “'Bhfuil fhios agat cad a dhéanfad? Cuirfead do chainnt féinig i gcló ar an Lóchrann agus léighfidh Crochúr so 'gaibhse dhuit é & annsan b'fhéidir ná déarfá ná bíonn ach droch-Ghaoluinn 'sna leabhair.” “Cuir uait, a rógaire, agus na bí ag magadh fé sheana-mhnaoí mar sin.” “Ní h-aon mhagadh é, a Shíle; fan go bhfeicir. Seadh! tá mana shiubhail orm-sa anois & ní mór dom bheith ag gluaiseacht. Beannacht Dé istigh 's amuigh agaibh.” An Fiach Dubh. An Capaillín Ceannasach. Ag am athair bhí an capaillín ceannasach, Ná feaca-sa a shamhail in ao' bhall; As is minic do chloiseadh an capall san Mar sheana-phort spreagtha, an méid seo — Hagh amach! hó leat, a chapaillín; Hagh amach! hó leat, go sásta; Hagh amach! hó leat, a chapaillín As déanfaimíd gaisge an lá so. Thuigeadh an capall san seanchus; Moladh leis thaithneadh go h-éachtach; Shiubhladh go tapaidh nuair cantaí dhó Hagh hop! a chapaillín ghlé-ghil. Hagh amach! hó leat, &rl. Go deimhin díbh ní fheaca am theasalaibh Chun bráca do tharac nó céachta Caoil-each ná bramach ná stail ar bith A sháróchadh ár gcapaillín féinig. Hagh amach! ho leat, &rl. Orm bhíodh aiteas nuair phreabainn-se Ar mhuin mhín ár gcapaillín bhéasaigh As sinn a' casadh abhaile um eadartha Tar éis dúinn bheith tamall ag saothar. Hagh amach! hó leat, &rl. Is é bhí 'na theachtaire mhaith againn Cneasda ciúin mear-chosach seoltha Gruig aonach nó 'on Aifreann bheanaighthe Is tapaidh do ghreadadh sé bóthar. Hagh amach! hó leat, &rl. Lá dhó ag casadh ón seana-phort, Baineadh droch-phreab as ag mótar, Siúd leis chun reatha ach leagadh é As trucaill 'na bharra den mhóin duibh. Curfá deiridh: Ba shuarach dúinn “hagh hop, a chapaillín” Ná “hagh amach, hó leat, a thréin eich.” Bheith á chanadh mar spreaga do'n chapaillín Níor airigh sé dada d'á éis sin. Lorga Liathbán. Mar a Dhéinid Pólaigh é. Is beag comhacht atá ag Pólaigh i gcúrsaí poiblighe a dtíre féin ach riagh- aluighid a dteaghlach féin ar a gcuma féin. Bean uasal go bhfuil deich mbliana caithte aici i dtír sin na Pólainne d'innis an ní seo thíos dom: Tá de nós ag gach tighearna sa tír sin seirbhíseach leis féin bheith ag freasdal air le linn fleidhe. Bíon Rúisínig mar sheirbhísigh aca chomh minic is a bhíon Pólaigh aca. Bhí fleadh dá caitheamh i gcaisleán le duine des na huaislibh, agus bhí ann idir mhná uaisle is tighearnaí, timcheal trí fichid pearsa ar fad. Bhí bean uasal ar an bhfleidh sin & Rúisíneach a bhí aici mar fhear freasdail. Do ghlaodhaig sí i leith air & do labhair sí cúpla focal leis i dteangain na Rúise. “Gaibh amach,” ar sise, “agus cuir an cóiste i gcóir.” An túisce is a chuala an chuideachta an focal Rúisise, do stadadar dá gcomhrádh. D'fhéach gach duine aca i dtreó na mná uaisle. D'fhanadar in a dtost ar feadh tamaill & iad go léir ag cur na súl tríd an mnaoi a labhair an focal Rúisise. Tréis cúig neomat, do dhírig tigh- earna an chaisleáin ar chomhrádh len a chomharsain arís & dhein gach duine eile mar an gcéadna. D'eirigh an bhean uasal ón mbórd & iompáil líthe innti is do shiubhail sí an doras amach agus a seirbhíseach len a sálaibh. Ní bhfuair sise aon chuireadh chun an chaisleáin sin riamh in a dhiaigh san! Seán Tóibín.
Ciarraidhe. Má théighir go CILL ÁIRNE, cuir fút i dTIG ÓSTA UÍ IFEARNÁIN, KENMARE PLACE. An tig is fearr le Gaedhealaibh. Ní bítear dian san éileamh ann. Tá sé i gcómhgar an stásiúin ach leanamhaint ort i leith na láimhe clé. AN T-EMPÓRIUM, le M. Ó Súileabháin & a Mhac, CILL ÁIRNE. Éadathóirí Maithe Tá le fághail uatha: Lása Gaedhealach de'n déanamh & de'n phatrún is órnáidighe amuich agus saothar lámh is eadh gach órlach de. Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt datha. Ciarsúirí de'n línéadaigh atá oireamhnach do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh. Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath is ar gach gné datha. Bróga is Buataisí o Áth Cliath is ó Cheatharlach (Muintir Winstanlí & Mac Gabharnaigh a dheinean.) Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do deineadh. TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN, Sráid na nÁirne, CILL ÁIRNE. Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa Tigh Ósta so. Leabaidh, Breicfeast, Dinnéar, Té agus Freastal ar 5/- sa ló. BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe. Síol agus Leasú' don bhfeirm nó don gháirdín. Áthraighe Iarainn agus Stáin. Arán, Min, Plúr, Té agus Biotáile. SEÁN Ó RIADA, an tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. An Mhin Choirce is fearr blas agus is mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA. Scríobh chuige. Nuair a bheir ag taisdeal in UIBH RÁTHACH ÁLUINN, — cuir fút sa tigh seo — Tigh Ósta an Ghearaltaigh i gCathair Saidhbhín, An tig is fearr in Uibh Ráthach. Labharfar Gaedhilg leat ann. Eachtra Sheaghainín. Seannsúirín binn a bhí agam, Do sheinninn siolla leis, 'Gus bhíodh na mná ag leanamhaint Sheaghainín Le fonn súgraidh Do ghaibh ríceach an tslighe, Is do thug sé an ionga dho; Is is seamsúideach a bhíos Ag cur chun na slighe Nár ghabhas riamh roimis sin. Bhí dóthain mic ríogh De chasóigín fhada bhuidhe orm — Acht í bheith gioballach. Do thugas do thigheasach í Bhuail liom thíos Ag cur a chuid ime amach. Do thug sé dhom chleith fhada ghroidhe, Agus maide maith droighín, Is togha 's rogha an tsimitir. Do shiubhlaigheas Conndae an Ríogh Agus Conndae na Midhe Agus County Wicklow, As san síos go tigh Donnchadh Daoi Agus b'fhada liom síos Dul thairis sin ortha. D'ionntuigheas go dian Ar sodar mhaith ghéar Is mo reathaidheacht dá chur i dtuis- gint dom. Sasanaigh bhréana Is madraí maola Am stracadh as a chéile Le fonn súgraidh. Cé gur thugas-sa féin Tamall dem shaoghal Ar sgoil Laidne is léighinn Agus gach brainnse dá ghéire Dá chur i dtuisgint dom, Sé a dtuigfinn d'á mBeurla “For goodness sake Look at the crathur” A deireadh cuid acu. Do ghabhas-sa isteach go tigh 'Gus bhí mo chosa nochtuighthe léim an madra Ó cheann an raca Agus bheir ar lorgain orm. D'eirigh an ainnir Do bhí go cneasda Agus bhuail sí buille do luinithe anuas insa bhathas air 'S is dómhsa nár mhisde sin. Bhíos-sa lá i gCill Áirne Mar bharra ar gach duine acu Cé chífinn tríd an sráid Ach an stróille go raibh mo chuid aige. Do liúigheas is do bhéiceas Ar a raibh ar an mbaile go léir Druideamhaint in aice liom. Sé dubhairt bean aosda Do bhí ag díol éisg ann Gur duine me bhí éadtrom Nó díthcéille Le sealad roimis sin. Sé dubhartsa léi-si Gur thug sí a héitheach Go rabhas féin tuisgionach. Do rith sí anall chugham Agus bheir sí ar cheann orm Is bhain sí stathadh asam Is níor fhág sí splannc agam Le racht ciceanna. Sé dubhairt fear málaí Bhí ag díol prátaí Agus é dá dtómhas Na bpiceannaibh, Gur i dTráighlí A chómhnuigheann an duine sin, Is dá mbeadh ceart le fághail Mar a bhí sa tsráid Riamh roimis sin, Go bhfaghainnse féin Sásamh cruinn Agus díol as na ciceannaibh. Bhíos am bhastún Mar a bheadh gealbhún Do bheadh ar leath shúil Ar a dtaobh thall d'iothlainn. D'éirigh an ríceach Is rith sé am dhiaidh Is do chaith sé cloch liom. Sin é mar d'imthigh orm-sa Is níl aon bhréag ann Ach dearg éitheach ar fad. Fínghín na Leamhna. (Tadhg ó Ceallaigh do aithris dom é seo roinnt bliadhanta ó shoin). Do Bheatha 's Do Shláinte anso. I. — BIADH. Ní fhéadfadh aon rud beo, pé acu duine é nó beithidheach, nó plannda féin, déanamh gan biadh. Is é an biadh a choim- eádann an t-anam ionnta & an neart. Ní h-é an saghas céadna bidh a réidh- tigheann le gach aon ainmhidhe. Tá cuid aca ná hitheann ach feoil, cuid aca a mhaireann ar fad ar luibheannaibh agus cuid eile fós ná blaiseann ach na cuill- eoga beaga a gheibheann siad ag eiteall tríd an aer. Ach an duine, is maith leis roinnt bheag de n-a lán saghasanna bídh. Itheann sé feoil agus iasc, na biadhanna a deintear de bhainne, arbhar, glasraidhe, torthaí crann & torthaí talmhan. Caith- eann an duine a shaoghal fé gach spéir, agus ní h-é an biadh céadna is maith leis a chaitheamh agus é fé fhuacht, thuaidh nó theas, & a chaithfeadh sé dá mbeadh sé ins an chuid is teo de 'n domhan. Ná ní h-é an biadh céadna oireann do gach aon séasúr de'n mbliain. Is maith leis biadh d'ithe chun é féin do neartú, agus chun tinnis a choimeád uaidh. Is fearr a thaithneann biadh leis nuair a bhíonn an biadh blasta, agus ní mór dó biadh do sholáthar is féidir leis a chur tré n-a chabhail gan an iomad duaidh. Níor mhór do dhuine dá réir sin eolas éigin do bheith aige ar an adhbhar do bhíonn ins gach biadh dá gcaitheann sé, agus ar an tairbhe a bhíonn ann chun an cholann do bheathú agus ar an nós is fearr chun é ollamhú do'n mbórd, nó do'n leaba má's duine bhreoite a bhíonn ann. Is mó a bhaineann an t-eolas so le mnáibh ná le fir, óir is iad na mná is mó a dheineann biadh d'ollamhú agus is ortha is mó a bhíonn cúram an tighe. Ní féidir an t-eolas san d'fhághail gan saothar. Tá biadh ag teacht chugainn anois ó gach páirt de'n domhan agus táimíd-ne féin ag seoladh bídh amach thar na fairgí. Ní fuláir do dhuine eolas do bheith aige ar a lán rudaí má's mian leis an biadh is oireaimhnuighe do thoghadh. Ní mór do eolás do bheith aige, leis, ar cholainn an duine agus ar cad a theas- tuigheann uaithe agus ní mór do eolas ar gach aon tslighe atá ann chun biadh d'ollamhú ionnus go mba blasta é, agus go mba fusaide é chur tríd an gcabhail. (Tuille). Peig. Na daoine is lugha ciall i n-Éirinn, Daoine gan Bhéarla gan Ghaoluinn. Peictiúirí Deasa Daithte, Saothar Lámh. Leabhair agus Bróidíneoracht. Faigh an Liosta. “Cuala Press,” Dúndroma, Áth Cliath.
SEAN-FHOCAIL NA MUIMHNEACH. “An Seabhac” do bhailigh. 32 — Is uaisle banaltra ná banógarlach. .i. is uaisle máthair ná bean gan leanbh. 33 — Tabhair do ghrádh dod' mhnaoi agus do rún dod' mháthair. Verb. sap. 34 — Ná bac aoinne ná bíonn buidheachas na mban air. .i. an duine nach annsa le mnáibh is dona an fear é. 35 — an fhaid is beo í an bhean mairfidh an spiagaidheacht 'na súil. Spiagaidheacht .i. dúil i ndathannaibh agus i maiseamhlacht éadaigh. 36 — Bíonn tinneas a clainne ar an máthair i gcomhnaidhe. 37 — B'fhearr liom bean na fiche seift ná bean na fiche púnt. nó 38 — B'fhearr liom bean 'na léine ná bean eile is spré léi. .i. Is fearr bean tslachtmhar, ghasta a phósadh gan spré ná straoile mná go mbeadh airgead aici. 39 — Níl aoinne go mbeadh budóg aige ná faghadh stupóg a chrúdhfadh í. .i. aoinne go mbeadh bó aige gheobhadh sé bean a phósfadh é. 40 — Ní fearr bréithre diana, dána do mhnaoi Ná í bheith ciallmhar, riaghalta, mánla, mín. 41 — Ní h-í an bhreaghthacht a chuireann an corcán ar fiuchadh. 42 — Is olc an bhean bheo ná cuirfeadh bean mharbh. .i. Dob' olc í an dara bean a bheadh ag fear ná cuirfeadh cuimhne na céad mhná as a cheann. 43 — Cailín Domhnaigh nó gamhain samh- raidh. Bíd go breagh, ach b'fhéidir gur bláth bréige bheadh ortha! 44 — Trí ghníomh ó mhnaoi: com seang, toll reamhar & meanma uallach. 45 — Is fearrde bean leanbh ach is misde dhi beirt. .i. Beirt d'aon toirrcheas. 46 — Díogh gach dighe an mheadhg má's sean Agus díogh gach ní an chárthann glas, Agus a ndíogh go léir droich-bhean! 47 — Is fearr dul ag fiafruighe na trágha ná dul ag fiafruighe na droch-mhná. 48 — Is measa na mná ná an t-ól Is seachain go deo a gcleachtadh san. leathrann é sin d'amhrán “A dhuine bí ciúin go fóil”. 49 — An áit i mbíonn gé bíonn ganndal ann, 'S an áit i mbíonn bean bíonn clampar ann. 50 — An áit i mbíonn bó bíonn bean 'S an ait i mbíonn bean bíonn bodhaire. 51 — Bean mar mhuic, bean mar chirc, bean mar chaora. Muc = ceanndána, cearc = guagach, caora = cneasta — trí shaghas ban. 52 — Comhairle thabhairt do mhnaoi bhuirb nó buille ribe ar iarann fhuar. .i. Saothar gan toradh. 53 — Is deacair taobh a thabhairt leis na mnáibh. .i. óir táid siad, 'san uile ní, go h-olc! 54 — Ní daoi go mnaoi droch-mhéine. Daoi = duine dúr. 55 — Ní dheaghaidh aoinne riamh amach ar inntinn mhná. .i. Níor thuig aoinne riamh é. 56 — Tar éis na mionn is fearr na mná. .i. Bíd siad go maith tar éis tocht na feirge agus na cainnte a chur díobh. Mionn = dearbhú', móid. 57 — Smachtuigheann gach aoinne an bhean mhíneáireach ach an té go mbíonn sí aige. Deir gach fear go míneochadh sé féin í dá mbadh aige bheadh sí. Míneáireach .i. dána, droch- mhiotalach, canncarach, ceanndána. 58 — Is mairg a bhíonn fé ghad ag á mhnaoi, Is gan aoinne ar an dtalamh is measa ná í. Deirtear leis “fé ghádh.” 59 — Is dána bean ná muc 's is dána muc ná an diabhal! 60 — Do bhuaidh an bhean ar an muic & do bhuaidh an mhuc ar an aonach. 61 — Bean mhic is máthair chéile mar bheadh cat is luch ar aghaidh a chéile. 62 — Iarr ar mhnaoi é uair nó dhó is mara dtagaid leat tar leo. Níorbh' aon mhaith leanamhaint siar ar an argóint mara ngéillidís ar dtúis. Deirtear leis: 63 — Abair leo focal nó dhó is mara dtagaid leat tar leo. 64 — Fead glaice ag mnaoi nó cearc ag glaodhach. Nó ar chuma eile: 65 — Sin dhá rud nár órduigh Críost — Bean ag feadghail nó cearc ag glaodhach. 66 — Coileach bán ar chearcaibh nó file mná i mbaile. [Deirtear le “biorrbaire mná(?)”]. Ní maith ceachtar aca. 67 — Beirt bhan nó scata géanna. Mar a chéile iad chun ghleoidh, má's fíor. 68 — Díothúghadh a cine bean bheag ghránna. Ní bhíonn an chlann go deas. 69 — Bean óg gan náire nó gáire gan éifeacht. Dhá rud nach maith. 70 — Bean ar meisce bean i n-aisce. Bíonn sí gan aon mhaith ná aon chreideamhaint. Sin é tuairim na bhfear. 71 — Cad é an díoghbháil liom bean ar meisce ach stráille fir! Sin é tuairim na mban ar an scéal. 72 — Dubhairt bean liom go ndubhairt bean léi. Le ráflaí gan bunadhas adeirtear é sin. Cuirtear leis, leis: Dubhairt bean go ndubhairt bean léi, Gur innis bean di go gcuala sí bean 'á rádh gur, &rl. 73 — Comhrádh ban. .i. Cainnt gan áird. (Tuille le Teacht.) Baile Átha Cliath. Leabhair a Thaithnfidh le Gaedhlaibh, Idir Leabhair Ghaedhilge agus Leabhair Bhearla, le fághail uainn-ne. Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg clár na leabhar. Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i Siopa na Leabhar nGaedhealach. SRÁID ÍOCH. BHAGÓID, a 50, BAILE-ÁTHA-CHLIATH. Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” Táilliúreacht agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i n-Éirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA., 11 Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Chliath. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/- go 10/6. Rásúr “Cosanta” ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-; gheobhair ceann aca san & trí lanna “Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3, tríd a' bpost. CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar 7d. tríd a' bpost. MAC CUILINN, 35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. Im ar fheabhas an domhain é seo: IM C.C.C. Nuair a bheir 'á lorg ar fhear an tsiopa, féach chuige go mbeidh an cómharta so ar chlúdach gacha bosca: Is ann is féidir é cheannach in a mhórchodaibh ag an 21adh tigh ar CHALADH NA gCEANNAITHE (Merchants' Quay), I gCORCAIGH.
FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH. DO LUCHT-DRÁMAÍ-A-LÉIRIÚ. Tá gach saghas éide, peribhicí, &c., i gcóir drámaí go mór-mhór i gcóir Drámaí Gaedhealacha le fághail uainn-ne, ar iasacht. Níl 'oiread san de sna rudaí sin ag duine ar bith eile in Éirinn. PÁDRAIG Ó SÚILEABHÁIN & a Chua. ‘Theatrical Outfitters,’ 38 SRÁID MHÓR SHEOIRSE, i gCORCAIGH Tá CÓISTÍ & MÓTAIR d'á ndeanamh againn-ne. Cuirimíd GLÉAS GÓMA (rubair) FÉ ROTHAÍ CÓISTE gan ró-mhoill. CROS agus a CHLANN MHAC, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), CORCAIGH. A BHEAN A' TIGHE! Cad é an saghas plúir a bhíon agat? Is é an PLÚR “EAGLE,” an plúr is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus an PLÚR “LION” is fearr do lucht-aráin-a-dhíol. Muíntir Mhic 'ille Sheathanaich a dheinean i gCorcaig. Geo. Shaw & Sons, Muileann Sain Seán, i gCORCAIGH. Radharc do shúl! Féach chuige go bhfuil i gceart. Nuair a bheir i gCorcaigh, glaodhaig isteach ar Ó MANGÁIN, 3 Sráid Phádraig N., Corcaigh. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuidh TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. Tá 200,000 Barailí Plúir da dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: "Hallinan, Midleton.” Guthán: 7 Cork; 1 Midleton. Leabhair Ghaedhilge agus Leabhair Bhéarla i dtaobh na hÉireann. Le fághail ó CHONCHUBHAR Ó CAOIMH, 70 Sráid Sheoirse, CORCAIGH. I n-Éirinn a Deintear “BRÓGA na LAOÍ.” Táid le fághail i ngach sráid bhaile. An Lóchrann. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh An Fear Gnótha. an Seabhac, i gCill Áirne An fear Eagair. Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain. Dhá choip 3/- Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. is chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur. Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní, &c., do chur. Ó Cuill & a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath na díoltóirí. Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht an Lóchrainn. DUAISEANNA. Tá sgéala maithe agam i dtaobh duaiseanna an mhí so. Fuaireas £4 10 ó mhuinntir Choláisde an Daingin chun trí duaiseanna a thabhairt gach mí do leanbhaí scoile Chorca Dhuibhne. Is fial an iarracht ó lucht an Choláisde é agus táim buidheach ó chroidhe dhíobh. Tá súil agam go ngríosochaidh an deagh-shompla san na Coláistí eile chun beart dá leithéid a dhéanamh. Tabharfar 7/6 gach mí as airgead an Choláiste 'na dhuaiseannaibh do'n triúr scoláirí scoile is fearr a dhéanfaidh scríobh' do'n “Lóchrann.” Is féidir leó é scríobh' ó'n seana-mhuinntir nó é cheapadh as a gceann féin. Ní thabharfar duais d'aon rud nach fiú a chur i gcló. Ní bhfaghaidh aoinne ach scoláirí scoile na duaiseainna so. Siad so a gheobhaidh duaiseanna an mhí seo: 1. Brighid Stac, Scoil Chailíní Bhaile an Fhirtéaraigh, 3/6. 2. Pádraig Ó Séaghdha, Scoil Bhuach- aillí Bhaile an Fhirtéaraigh, 2/6. 3. Eibhlís Stac, Scoil Chailíní Bhaile an Fhirtéaraigh, 2/-. Seo duaiseanna eile na míosa: 1. Duais 3/6 do Seán Mac Giollabháin, Acaill Bheag, Co. Mhuigheo. Dhá scéal deasa do chuir Seán ag triall orainn. 2. Duais 5/- do Mháire Ní Shéaghdha, Scoil Chille Mhic Ciarain i nUibh Ráthach. Sí Máire do scríobh an “Cúntas Cinn Lae” seo sa “Lóchrann.” Seoirse Rúdha, i mBlá' Chliath do chuir an duais sin chughainn. 3. Duais 3/6 do “Sheana-Liam,” i gCorcaigh. 4. Duais 2/6 do Shiobhán Ní Chléirigh, Baile Móir, Daingean Uí Chúise. 5. Duais 2/6 do Shéamus Ó Caomháin, Dúnchaoin. Duais Speisialta. Féach air seo: An gearrchaile nó an garsún fé bhun a 17 is fearr a scríobhfaidh cúntas ar aon duine greannmhar nó file nó ceol- tóir dár airigh trácht riamh air, tá adhbhar culaithe nua de'n éadhach “Rialto” le fagháil aici nó aige. An té gur leis na City Woollen Mills i mBlá Cliath — Seon Mac an Ridire, atá ag bronnadh na duaise sin. Bíodh na páipéir sgríbhte agus curtha chun “an Lóchrann” roim Lá Coille & “Duais an Ridire” sgríbhte ar chúinne ortha. Tá súil agam go mbeidh comórtas dian eadraibh ag saothrú na duaise sin, a óga. Cúpla mí ó shin do thairrig an tAthair Séamas Ó Floinn duais púint do'n té is fearr dhéanfadh dán ar Bharra Naomhtha, chun dul leis an bhfonn o Pé 'n Éirinn í.” Níl fachta ag an Athair Ó Floinn ach trí dánta agus tá ceann aca san is gan aon ainm leis. Aoinne eile go bhfuil dán sgríobhtha aige cuireadh sé chuige é go Tigh Eglinton, Bóthar na Laoi, Corcaigh, roim deire na Samhna. Fuaireas cuid mhaith scríbhinní le mí, gura fada buan na scríbhneoirí. Leanaidh ar an bhfuadar san atá fúibh, a lucht na bpeann; le taithighe thagann bárr feabhasa. Léighidh na comórtasaí sin romham arís, a óga, & annsan—oibrighidh. Mise, “An Seabhac,” Fear “An Lóchrainn.” Ceartú. Sa liosta úd daoine a thug cabhair dúinn chun “An Lóchrann” do ath-chur ar bun, bhí so ainn: “Séamus Ó Cathasa, Corcaigh.” Is é bu cheart bheith ann ná Séamus Ó Casaide, B.A., Corcaigh. Is oth linn gur deineadh an dearmhad san. Cois Taobh a' Chuain. Duine gan ainm ro chan. Tá leagan de'n phort san “Complete Petrie Collection” agus leagan eile dhe in “Old Irish Folk Music” ag Dochtúir Seódhach. 1. Cois taobh a' chuain, agus me go huaigneach, Go faon-lag suanmhar sínte, Is mé ag feuchaint uaim, sa spéir ó thuaidh, Ag éigheamh do fhuaim na taoide Trím 'aisling dom, gur dhearcas long, Ag téacht go túpach timchioll, Na reathaibh siúbhail, ar bhárr na dtonn, Agus ainnir shúgach ínnti. II. Do bheannuigh dúinn, an bhríghdeach óg, Bha bhlasta mhúinte, bhí ar bórd De ráidhte míne breághtha caoine Dob áille linn ná cúmplacht ceoil “Cois na daíbhche, síos, do gheóbham, Beidh nár dtimchioll fíon is beoir Go dúnach fáiltheach clúmhail tláchtmhar Mar bhí againn i dtúis ár n-óig.” Leabhair agus Peictiúirí cun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
III. Aitchím féin ort, a ainnir mhaordha, T'ainm saor dom ínnsint, Nó an tu an spéir bhean gheal-dubh Hélen Do tharraing éacht na Traoithe, Nó an éinne dhe'n triúr thu, do phléidh an t ubhall, Ar shléibhtibh fhuara Ída, A thug aonach long na nGréagach chughainn, A' déanamh conncais ríoghachta. IV. Maran aithnid me, ar sí go tláth, Beartuigh laoi dhom síos ar phár, Má's maith leat innsint, ceap an tslighe seo, Tarraing líne scríobhtha i bpáirt Cuir dhá “ó” agus “n” na lár, “R” na dheóidh, is ainm cháidh, Coll ar a bhun sa bhfoghail gur thuit Faigh a fhoghluim sin, is táthuigh. V. Tá a fhoghluim sin de mheabhair agam Le fághail gur tusa Onóra an phlannda chúmhartha, anall ó Lúnndain, A tháinig chughainn thar bóchna, An chrobhaire ghil, nár fhoghluim clis, Acht modhamhlacht ó thúis a hóige Is do sháruigh sinn is na táinte linn Do chonnaic an bhríghdeach mhódhmhar. VI. Ar leathan-bhrat sróil dob eól di scríobh Ar mhachaire gleóidh nó cómhrac claidheamh loingeas luatha ar bhárr na gcuanta Feirr-chait, ruadh-phuic, sionnaigh, laoigh, Marcaigh na ndéidh ar eachaibh groidhe Sgata dubh-fhiach agus cearca fraoigh Ar an nglas-choill chraobhaigh mar a ngnáth- uighid éanlaith Ar bhárr na gcraobh ag gárthaigh. VII. Cá'r ba ionghantach siúd arís, Ba bhreágh a súil a cruth 's a gnaoi Bachallach, peurlach, buidhe cas, dréimreach Mar caointsliabh beag ar thaobh na laoi Sé mo bhrón gan sinn, ar bórd na taoide Nó i gcóistíbh ríogh na Spáinne 'S a n-aindeóin a tsaoghail go bpósfainn í 'Gus ólaim a míle sláinte. Fínghín na Leamhna. Ó MO LAOGH, MO CHAILÍN. Seán Ua Coileán do chan. Fonn: “An smachtín crón” (Complete Petrie Collection, uimir 1582). I. Tráth 'gus mé ar mearaighe, Ag siúbhal liom féin i nGarraidhe, Do dhearcas uaim i nglas-choill, Stuaire chailín óig. Ba ghlionndrach éin ar chrannaíbh, Puic is bruic ar stró, Is éisg ag téacht i nglaisíbh, Ag éisteacht le n-a glór. Curfá. Ó mo laogh, mo chailín, Mo shuairc-bhean bhreágh an gheal-chínn, Grádh mo chroidhe mo chailín, Ciúin-tais, bhanamail óg. II. Ba bhúclach, peurlach, cas-bhuidhe, A dlúth-fholt léi go h-alt síos, Ba thiugh mar fheur an teas-mhí A lomra-flíos an óir. Bhí luisne na gcaor Na geal-ghnaoi, Is gile na géis' n-a snódh, Glaise n-a claon-roisg bheadaidhe, 'S ba dheirge a gruadh ná 'n rós. III. Do dhruideas léi gan stad puinn, Dem baíll do leigeas mo hat' dhíom, Is d'fhiosruig mé go tais-tím, De'n chaoin-bhean chneasda chóir — An tú Hélen tséimh an bhean-rí, Thug ár na Trae ar leomhain, Nó Déirdre mhaordha, bean Naois, Le n-ar thuit na céadta i mbrón. IV. An tú Aoise chlaon an bhean tsidhe, Chlaoidh Clann Lir le h-ealadhain, Nó Medéa thréig a daidín, Is chuaidh do'n Ghréig ar bórd; Nó Ío bhí ar sealaidheacht Na cumann cléibh ag Jove, Nó Clíodhna dhíogadh cannaidhe, Is do bhíodh ist oidhche ar stró? V. D'fhreagair me an gheal-chíoch Is dúbhairt nárbh' éinn' thar lear í, Ach d'fhlaithibh uaisle sean-Ghaoidheal, De shíolrach Éibhir Mhóir, Gur fada do bhí a maith-bhuidhin 'Na ríghthe Mumhan i gcoróinn, Go trúipeach, treudach, deagh-chaoi Go tigheacht na nGall thar Bóinn. VI. A réilthion cháidh do shlad sínn Táim led' ghrádh go lag-bhrígheach, Leigheas beag dáil dom aicíd Nó bead go bráth i mbrón: Dá dtighir go tigheas na gceannaidhe Do gheobhthá branndaidhe is beoir Diúgadh lionn, 's ar théadaibh Tiúin de'n “Smachtín crón.” Curfá: Ó mo laogh, &rl. Amhrán é sin do chúm an file léigheanta tír- grádhach Gaedhlach Seán Ua Coileán do chómhnuigh & do mhúin scoil i nGarraidhe i gCairbre is ata curtha le céad bliadhan i roilig na cille mine. Midhe Ros a tugtar anois ar an nGarraidhe. Pádraig Ó Conaill, Bréan Tráigh. AN BHRUID. Bhí Buachaill aimsire ann agus oidhche Sathairn tharraing sé chuige a bhróg. Bhí cloch innte le seachtmhain acht ní leogfadh an bhruid do í bhanit aiste ná feuchaint i n-a diaidh. D'innis sé don mháighistreas é — “Níor dheineas aon tsuím di” ar sé. Níor dhein sí aon rud acht a thuarasdal do chóimhreamh amach chuige. “Is deocair a rádh,” ar sise, “dá mbeadh a' chloch i gcois an chapaill go mbainfeá aiste í, tráth is nár bhainis as do bhróig féin í.” Is mairg a bheadh ag briseadh a chroidhe. S. Ó Cadhla. Aonrud mar LEACHT AR UAIGH nó ALTHÓIR don TEAMPALL San Aolchloch nó sa' Mharmar, déanfaidh SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Ar Fheabhas é. Scriobh chuige. SLIGHE BHEATHA MHAITH DOD' MHAC! Cuir chúgham-sa é agus múinfead dó conas bheith in a SHEOLAIDHE SCÉALA-GAN- SRAÍNNG Fé cheann ráithe nó leathbhliana. Scríobh ar lorg an réimleabhráin. TOMÁS Ó SÚILEABHÁIN (Ó Uibh Ráthach) “SCHOOL OF WIRELESS TELEGRAPHY,” CORCAIG. Ó SCANNLÁIN is a Chlann Mhac, Lucht Urudhais ar thighthe is ar thalamh. Reiceadóirí agus Fir-inid do lucht fearainn. Seomraí Ceanta ag 16 & 17 Sráid Chook, CORCAIGH. Gaedhil is eadh sinn-ne, is ní nár linn é. Geobhair deaghmhargadh uainn-ne i gcomhnaidhe. TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol- faimídne an postas ar cheithre púint de. PLÚR Gaedhlach. MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min bhuidhe. SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas. S. & T. MAC CURTÁIN, Sráid a' tSeandúna & Sráid Thomáis Dáibhios, CORCAIGH. Earraí Gaedhealacha do Ghaedhlaibh! Léinte. Lámhainní. Carabhata. Stocaí “Guailneáin.” Bróga. Caipíní agus Hataí. ó TH. Ó LOCHLAINN, 19 Sráid na Páirliméide, Baile Átha Cliath.
Fógraí ó Chorcaigh. Táid so 'á ndéanamh againn-ne — Éide Sagart, Áthraighe Althóra mar chailísí, miasa, &c. Croiseana den déanamh CEILTEACH in ór nó airgead geal, agus Páidríní. Liam Mac Aodhgáin & a chl.-mhac Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor. Ceannuigh STALCA SILVERSPRING agus “GORM” SILVERSPRING. I nGleann Maighir, i gCorcaigh, a deintear. Coláiste Cholmáin Naomhtha atá ag Mainistir Fhear Muighe (FERMOY), I gCÚNDAE CHORCAIGH. Ag seo líon na nduaiseann a bhuaidh scoláirí an Choláiste, i mbliana (scrúdú na meadhon-scol): BUINN, mar chomharthaí feabhais 3 cinn MÓR-DHUAISEANA, len a n-abarthar “Exhibitions” 7 gcinn LEABHAR-DHUAISEANA 10 gcinn DUAISEANNA ar scriobhadh na dteangacha 5 cinn An t-iomlán 25 duaiseana An t-é atá ar lorg gacha eolas i dtaoibh an Choláiste scriobhadh sé ag triall ar an Athair Tomás Tóibín, Uachtarán, agus beidh freagra aige aige gan ró-mhoill. Aon rud i bhfuirm Éadaigh do Fhearaibh tá ag Séamus ó h-Aodha, 10 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh. Troscán Tighe agus Gach Cóir Leabthan! Tá flúirse de sna h-earraí a deintear in Éirinn le fághail uaim-se ar an bpinginn is lúgha. M. Ó RIAIN, Siopa Oluir, 36, 37 Sráid an Rí, CORCAIGH. Abhrán a' tSean-bhaitsilléir. Fonn: “An Buachaill Caol Dubh,” nó “Sliabh na mBan.” I. Ní fheadar in Éirinn goidé mar shaoghal é, Ní thuigeann éinne é i gcóir ná i gceart, Mar dá nib' é an tincéar é, ná an bacach féinig, Nó an táilliúr aerach — gheibhid siad bean Ní drúncaer me ná ropaire éithigh, Agus feall níor dhéineas riamh ar neach, Cé gur mór í m'éirim it is quite plain now Gur lochtaí éigin a dhein mé lat. II. I dtúis mo shaoghail dom bhíos beagán aerach Is ar na cómhursain taobh liom ní bhfaghainn aon bhlas, Is mo mháthair féinig dá rádh 'n-aghaidh an lae liom That 'twas with the agent I should make the match. Bhí Tadhg Ó Héaluighe ar a' mbaile taobh liom Chomh maith le héin-fhear i gcáil 's i raith. He'd give me Mary agus deighleáil spré léi — Is ní raibh her écals insa pharróisde ar fad. III. Ach Nuair a bhí m'éirim ar inghean an Agent 'Ge Máire Ní Éaluighe ní raibh aon tseans, Agus Seán Ó Céirín a chuir sí le sgéala I told him plainly gan teacht thar nais. Annsan d'imthigheas féinig go dtí an t-Agent To know if he'd take me am chliamhain isteach Ach ar an ngunna ghlaoidh sé in a terrible rage too Is mara mbeadh m'fheabhus de racer, I'd be surely shot. IV. Bliadhanta Na dhéidh sin bhí inghean eile ag hÉalaighe Cé ná raibh sí a n-ao' chor chomh maith le Moll; Ach shíligheas féinig nár bheag dhom sméide Nuair a gheobhainn mar chéile í & foirtiún maith. Chuireas Father Brady ainn le sgéala Is ná h-iarrfainn aon rud léi dubh ná geal; Ach b'é a rádh go léir leis “that I was getting grey now Is ná pósfadh Kate mé dá mba liom Éire ar fad.” V. Nuair a chuala an méid sin ó'n sagart Naomhtha On my oath it made me cromadh ar ghol Annsan chuardaigheas gach éinne chuir riamh chúgham sgéala Is ó éinne a n-ao' chor ní bhfaghainn aon tor'. Anois táim am aonar is a' dul san aos leis Gan wife ná baby do réidhteóchadh beart, Ach go bhfuil inghean tinncéir ann ná fuair fós éinne And if she don't take me — I must stop. Tadhg Ua Conchubhair, Liospóil, Tráighlí, do aithris. Gleann Fleisge na mbitheamhnac; Baile Mhúirne na mbacach. Aifreann a' Domhnaig ná leog uait, Pé fluich fuar a bheadh an mhaidin, Ar eagla ná mairfeá Dia Luain A's gurbh í an uaigh do leabhaidh. Cúnntas Cinn Lae. Leanbh scoile do scríobh. Márta a 17. — Sé seo Lá le Pádraig agus táid ribíní uaithne dá gcaitheamh ag na cailíní ar a ngruaig & ag na buachaillí ar a gcasóga nó ar a gcaipíní. Ag óg is críonna, fir is mná tá an tseamróigín dílis dá caitheamh le h-onóir do Phádraig Naomhtha. Tá seana-bhean dá cur indiu a bhí cúig bliadhna is céad d'aois. Bhíos ar an dtórramh aréir agus bhí an oiread daoine ag gol na diaidh is do bheadh i ndiaidh duine ná beadh ach fiche mbliadhan mar is dócha ná raibh bean i gCiarraighe a b'fheárr ná í. Is dócha gurb é sin an chúis go bhfuair sí saoghal chomh fada. Márta a 18. — Lá aonaigh beithidheach an lá indiu, & tá sé go breágh ciúin. Coimeádtar na cailíní ag baile ag tabhairt aire do'n tigh gach aon lá aonaigh. Nuair a bhíonn a máithreacha sa Chathair ní ag tabhairt aire do'n tigh a bhíonn cuid acu mhuise ach ag imirt agus ag stolladh a chéile. Dhíol mh'athair an bollán dubh. Cheapas go léimfinn an tigh le h-áthas nuair a chuala é, bhí an oiread san fuath agam do. Is mó uair a rith sé im dhiaidh & is mó cloch a chaitheas leis. An rud míráireach, tá sé imthighthe uainn anois. Tá mo pheidhre bróg dearg agam-sa dá bhárr, pé 'n Éirinn é. Márta a 19. — Lá breágh gréine an lá indiu. Ba bhreágh leat bheith ag éisteacht le cantain na n-éan. Fuaireas dreoilín beag marbh sa lathaigh indiu i ndiaidh seabhaic ghránda. Ó mhuise, dá mbeadh greim agam-sa ar an seabhac san do stracfainn as a chéile é. Márta a 20. — Dia hAoine an lá indiu. Tá deire na seachtmhaine ag teacht chughainn. Indiu gheibheann na seandaoine an choróin. Tá beirt sheanbhan na gcómh- nuidhe in aice na sgoile, Síle is Cáit. Tá ana-ghrádh acu do Rí Shasana. Glaodh- ann siad uan duine uasal” air. Murchadh an ainm a thugann siad ar an gCaiser. Márta a 21. — Lá breágh gréine an lá indiu ach níl deire an tsneachtaidh leachta fós. Bhíomair ag caitheamh liathróidí sneacht- aidh le n-a chéile i rith an lae. Ní fhéadfá cosruighe annso ná annsúd ná go mbeadh plaosg sneachtaidh it dhiaidh. Chualamair go raibh an sagart parróisde ana-bhreoite ar fad. Tá ana-bhrón orrainn go deimhin, mar sagart ana-mhaith iseadh é, go mór mhór dos na seandaoinibh. Márta a 22. — Bhí brat bán sneachtaidh ar an dtalamh indiu. Ba dhóigh leat gur bairlín a leathadh air. Bhí gach aon áit chómh geal gléigeal. Bhíomair ag déanamh fear is ban den tsneachta ar feadh an lae. Dheineamair fear mór de is nuair a bhí sé déanta chuireas seana-hata lem athair ar a cheann. Dhearbhuigh gach aoinne a bhí ag gabháil an tslighe gur cheapadar gur sprid a bhí ann, i slighe 's gur chuireas mórán de'n bhaile tré na chéile mar gheall ar an bhfear sneachtaidh.
Márta a 23.—Is breágh an rud é bheith ag dul ar sgoil. Nuair a bhíonn duine óg ní cheapann sé go mbeidh sé liath go deó. Ach go bhfóiridh Dia orrainn ! tiocfaidh an lá orrainn go mbeimíd chómh liath le Conchubhar Duilleach. Chuaidh bacach siar an bóthar indiu. Bhí cóta fada air agus saghas seana-hata ar a cheann. Bhí a bhróga caithte is ní raibh faic ar a shálaibh. Lóipíní stocaidhe do bhí air. Bhí a chosa tinn ó bheith ag siubhal an bhóthair. Chuala go raibh an fear bocht pósta leis, ach gur imthigh an bhean uaidh, lá breágh gréine. Níl éinne aige anois ach gadhairín beag. Is dócha ná beidh sé sin leis i bhfad aige mar tá sé bacach ins na cosa deiridh. Ní haon iongnadh dos na bochtaibh bheith cráidhte ó'n saoghal, ag siubhal rómpa ó mhaidin go hoidhche chun iad féin do choimeád na mbeathaidh ar shlighe éigin. Márta a 24. — Bhí an lá indiu go ciúin socair ann féin. Tháinig Seághan a' Phíopa isteach chughainn chun a phíopa do dheargadh. Nuair a bhí sé chun é lasadh níor bhraith sé aon nidh gur las barra na féaróige aige. Ó mhuise, cheapas go mbrisfinn mo chroidhe ag gáiridhe is chuirfeá fód móna siar béal Páidín leis an ngáire go léir do dhein sé. Nuair do bhí sé chun dul a bhaile ní raibh aon tuairisg ar a hata mar do chuir Séamuisín i bhfolach é. Bhí sé ag rith annso is annsúd ag stracadh gach aon nidh as a chéile is é 'á chuardach ar stealladh. Fuar sé seana-chaipín lem athair sa deire is do bhailigh sé leis a bhaile. Chuadhmair tamall den tslighe in éinfheacht leis is leigeamair orrainn go raibh ana-bhuadhairt orrainn i dtaobh a hata. Nuair do thánga thar nais go dtí an tig ní raibh aon tuairisg ar an leanbh óg. Seo suas is síos liom. “Cad a dhéanfad a n-ao' chor,” dúbhairt am aigne féin. Beidh mo mháthair annso ar nóimeat na baise is gan aon ruainne de'n leanbh roimpe.” Do ritheas amach is cheapas gur chuala béic leinbh. Ritheas síos an póirsín is do chonnac an ceann bán thíos uaim. Is orm bhí an t-áthas. Do thugas a bhaile é go háirithe is do nigheas is do ghlanas é is do chuireas a chodladh san gcliabhán annsan é. Márta a 25. — Lá breágh an lá indiu buidheachas le Dia. D'oirfeadh sé dos na daoinibh leis chun na bprátaí do chur. Nuair a thánga a bhaile bhí gamhainín óg díreach tar éis é bhreith. Bhí an créatúir ag béicigh is ní fhéadfadh sé éirghe in ao' chor. Márta a 26. — Bhí an lá indiu go fuar, fliuch, gaothmhar. Cia do thiocfadh isteach ach Tadhg Ó Cathasaigh. Bladar ar domh- ain aige, a mhic ó. D'iarr sé orm braoinín té a thabhairt do is do thugas. Dúbhairt sé annsan uibhín do chur síos. Do bhíos ag cur uibh circe síos dho. “Ara níl aon mhaith in ubh circe, b'fhearr liom ubh gé ná aon ubh eile.” Dúbhart leis ná féadfainn é mar bhí mo mháthair chun iad a chur fé ghé. “Ó mhuise, a chailín deas, cuir síos ceann dom. Bíonn siad san go léir na ngluagair. Brostuig a chroidhe nó beidh do mháthair annso.” “Is greannmhar an rud do dhéanfainn go deimhin bheith ag goid ubh ó m' mháthair. Ól do chupán té dhuit féin is déin in eughmais na n-ubh.” D'ól. Márta a 27. — Bhí an lá indiu ana- bhreágh ar fad. Is fada nár tháinig aon lá chómh breágh leis. Dhein Máiréad Ní Chonchubhair bacach di féin aimsir súgraidh ar sgoil indiu. Fuair sí cúpla ciarsúr is cheangail sí timcheall a cinn iad. Fuair sí brat dubh is dhein sí gúna dhi. Annsoin fuair sí mála is chuir sí cúpla cadhrán astig ann chun a leigint uirthi gur ag bailiú mine a bhí sí. Bhailigh sí le chéile mórán giobal is do dhein sí leanbh díobh, mar dh'eadh. D'imthig sí amach is do chloisfeá sinn-ne míle ó bhaile ag bualadh bas is ag liúirigh na di aidh. Seadh, chuaidh sí isteach go dtí sgoil an mhaighistir is bhí sí ag iarraidh déirce ar a dícheall. Thug an maighistir cúpla pingin di mar go deimhin is go dearbhtha cheap sé gurbh í Méinín Cobthuaigh a bhí ann, sin seana- bhean a bhíonn ag díol caintíní. Chaith sí di a cuid giobal annsan is bhí sí ag briseadh a croidhe ag gáiridhe fé'n máighistir. Márta a 28. — Is dóigh liom ná fuil éinne ar sgoil indiu nuair ná fuil Peig Ní Chonchubhar ann. Is dócha gur choinnimh an gála & an bháisdeach í. Bhí mo shúile tinn ó bheith ag féachaint suas an cnoc, is mo mhairg! dá mbeinn ag féachaint go deó ní fheicfin Peig a teacht. Gheall sí dhom féin is do Bhrighid Ní Shúilliobháin go 'neosadh sí sgéal dúinn mar gheall ar Mhainics ó Chorcaig. Márta a 29. — Do bhí ana oidhche spóirt againn ar an Sgoil Ghaedhilge aréir. Bhí “Caismirt na gCearc” ar siubhal againn. Do dheineas-sa páirt Sheáin Fhada. Bhí cóta fada orm & cáibín de sheana-hata ar mo cheann. Do bhí Peig Ní Chonchubhair mar bhean agam & ní misde a rádh ná go raibh sí néata. Bhí seicéad bán uirthi agus gúna gorm & aprúinín deas is a gruaig déanta suas le racaí. Bhí rinnce ar siubhal i ndeire na hoidhche is bhailig na daoine leo a bhaile timcheall a deich a chlog agus iad ana-shásta leo féin. Márta a 30. — Chuala indiu go raibh Peig Ní Shéaghdha chun máighistir rinnce do phósadh. Tá cuireadh agam féin is ag Brighid Ní Shúilliobháin dá fhághail chun an phósta. Is fada go mbeidh mise ná Brighid ag pósadh. Tá súil agam go mbeidh aimsir bhreágh ag Peig bhocht an chuid eile dá saoghal. Mhuise mo cheol tu, a Pheig, ní dhéanfainn domhat díot ná go bhfaghfá stráiméad maith d'fhear! Beidh Peig ábalta ar step do rinnce chómh maith leis mar bíonn sí ag múineadh step dómhsa ach ní fhéadfainn é fhoghluim uaithi go deo. Deir sí liom ná fuil puinn rinnce am chosaibh agus nách aon mhaitheas dom a bheith ghá fhoghluim. An Chríoch. Máire Ní Shéaghdha, Sg. Cill Mhic Ciarain, Cathair Saidhbhín. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn H. JOHNSTON, TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Teo., Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Píanó Ceart Gaedhlach ar £32! Tá píanacha 'á n-déanamh in Éirinn anois, ag Pigott & Co. Ltd., Luimneach, Ath Cliath is Corcaigh. Guailneáin. Seandúna. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Tráth bhriseadar na humaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. "Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces” Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach "Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Port an Phápa, CORCAIGH. CHÓMH-BLASTA LE hAON-ÍM! Margairín “Leandar” Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH ag Ó Dubhdaill, Ó Mathúna Agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Le Gaedheal an Siopa So: The Fountain Book Shop 67 & 68 Sráid a' Chapaill Bhuidhe, CORCAIGH. Gach leabhar a theastuighean ó lucht scoile is o Ghaedhilgeoirí tá le fághail ann. Labharfar Gaedhilg leat. Liam Ruiséal, fear an tsiopa. A Ghaedheala! Ceannuighidh “Éadach na Druipsighe” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaig na Druipsighe (Teo.) Co. Chorcaighe.
Cromaill. Nuair do bhí Cromaill in aois a dhá bhliadhain agus fiche, bhí sé na Chatailiceach maith, mar ba dh' é sin an creideamh a bhí ag na Sasanaigh le linn na h-uaire sin. Bhí sé glaoidhte chum a bheith 'na shagart, agus ar an adhbhar san chuaidh sé 'dtí an Róimh agus chuaidh sé imeasc na mac leighinn ba léigheanta, agus ins an Choláiste do b'aoirde a bhí ann. In sa Choláiste mór so do bhí Éireannach. Déiseach do b'eadh é. Do bhíodh sé féin agus Cromaill i gcomhnuidhe ag cur ar a chéile agus ag formad le chéile. Do bhuaidh sé ar Chromaill i ngach triaill go b'é deireadh a bhí ar Chromaill gur chaill sé a dhóchas ar fad agus do theip glan air. Ba é an Déiseach a rug an chraobh leis san triaill seo. Thugadh an bóthar do Chromaill tamall 'na dhiaidh sin. Do bhí sé ro-dhroc-bhéasach & é díomhaoin droch-mhaitheasach. D'imthig sé leis abhaile agus dubhairt sé cibé rud ba chóir dó go mbeadh sé suas leis na Catailicigh agus go mór mhór leis an mbuachaill ó Dhúthaigh Déiseach. Do iompuigh sé ón gcreidheamh Catail- iceach agus tháinig sé go h-Éirinn agus thosnuig sé ag deunamh an léir-sgrios. An té nár thuit le faobhar claidheamh thuit le gorta agus le h-annró. In nDéise Múmhan stad sé dén léir- sgríos. Is amhlaidh d'órduigh sé dá chuid saighdúirí a raibh ann idir fhear, bean agus páiste do thabhairt le chéile agus iad do chur ar a leithéid sin de áit. Innsan dúbhairt sé leo iad do chur ar árthach mhór agus iad do bhreith amach go beul Cuain Dúngarbháin, agus do dheineadar san. “Fanaigí innso,” ar sé, “go gcaillfear leis an ocras sibh, nó neactar acu, seunaigí an creidh- eamh Catailiceach is iompuigí i nbhur Sasanaigh.” Well, do bhíodar insúd & an tart is an t-ocras ag buadhchain ortha ach ba chuma leo. Bh'fhearr leo an bás sin d'fhulaing — dá chruaidheacht — ná Críost, moladh go deo leis, do seunadh. Fé dheire, do shocraigh Cromaill — an fealltóir maslathach — ar an árthach a chur trí theine, agus a raibh innte do loscadh 'na mbeathaidh. Lar na bháiréach chuaidh sé anáirde ar Chnocán beag le h-ais Cluain Coscran, féuchaint a gcasfaidhe aoinne leis. Ar a theacht anuas dó, do chonnaich sé fear bocht, bacach, beag & é ag briseadh chloch — Tomáisín a tug- taoí air. Chuireadar caint ar a chéile. “Is maith mar thárla,” arsa Cromaill, “do bhíos ag lorg duine chum rud éigint do dhéunamh dom agus ní gan dada atá a shaothar uaim.” “Dérd é sin?” ar Tomáisín. “Thabhairfinn lán do dhá ladhar de ór dhuit,” ar Cromaill, “nach an t-árthach san amuigh a chur tré theine. Ní dhéanfainn choidhche,” arsa Tomáisín, “aon rud dá shórt.” “Tabharfaidh mé an corcán san duit,” ar Cromaill, “má déinir é,” & d'oscail sé an corcán, & cad do bhéadh sé acht lán dé ór buidhe. “Ní h-aon mhaith dhuit,” arsa Tomáisín. “Ní dhíolfadh sé a chuigint mé.” Níor mhaith le Cromaill a thuille dó fhúileáirt dó, agus do bhí sé ag imtheacht nuair do tháinig beart na sainte ar an bhfirín. “Go réidh leat,” arsa Tomáisín,” dheun- fainn duit é ar an gcorcán agus lán mo dhá ladhar.” “Tá go maith,” ar Cromaill, “ach déan do ghnó ar dtúis.” D'imthig Tomáisín & amach leis insan mbád beag 'dtí an árthach. Ba ghairid go raibh an t-árthach le feiscint in aon lasair amháin. Do chuaidh sí go léir trí theine agus 'na dhiaidh sin tháinig gála do shéid agus do sgaip in gach ait í. Tá na daoine a bhí innte ag fuireach, fós in áit fé leith, leath amuigh de Gheataí na bhFláitheas. Gach ré Aoine tagann an Tíghearna chúcha agus sé róis bhána & rós dearg Aige, agus labhrann Sé leo: “Chomh siúrálta agus gheobhaidh sibh bhur saoirse beidh na Sasanaigh go léir sgaipthe ar fuid na tíre, mar luachán ar criathar, nó ceobharán lá gaoithe, agus bíodh na bláthanna san agaibh mar shúil agus mar chomhartha go dtiocfaidh na focail sin chum críche.” Thá muintear Thomáisín 'sa tír fós & cuid mhaith talmhan acu. Thá a n-áit o Chluan Coscaran go lug na nDéise. Tháid ana-mhaith sa saoghal. Daoine ana- mhóra iseadh iad. Siubhán Ní Sheaain. Féachaidh rómhaibh a fheirmeóirí na Gaedhaltachta. Níl aon nidh níos cinnte ná go dtuit- fidh luach na mbollán nuair a bheidhmíd ag druidim le deire an chogaidh. Ar a shon go bhfuil na bolláin ádhbhairín níos feárr anois ar na haontaighibh ná na colna, ní mar sin a bheidh an sgéal ar ball. Beidh éiliomh mór ar lolaigheach- aibh chómh luath is stopfaidh an cogadh is b'fheárr do fheirmeoir bheith i dtaobh le beithidhigh boinionna an uair sin. Níor mhisde do gach duine agaibh go bhfuil an chaoi aige bheith dá bpiocadh san suas nó dá gcoimeád 'na gceann is 'na gceann as so amach. Má bhíonn bhúr stoc a leath n-a mbolláin & a leath boineann agaibh beidh sibh ar thaobh na sábhála. Seana-Thadhgh. Do'n Léightheóir. Nuair a bheir ag scrí chun lucht siopa nó ag caint leo, cuir in-iúl dóibh, le d'thoil, gur sa “Lóchrann,” a chonnaicís an fógra aca. FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CHLIATH, &rl. A Ghaedheala! Ceannuighidh róthar Gaedhealach .i. “An Lúcánia” (de dhéantús na hÉireann) ó Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat. Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge do mhúineadh: “Scéalta don aos Óg,” 2d. “Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d.,3½d.,4½d. “Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” — iad go daithte is go hoireamhnach ar gach chuma. I., II-., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6 Gaedhil a bhfuil Trácht ortha: Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach, Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh Colmcille, Uolf Tone, Naomh Bréandán, An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach garm — £3 an beart. Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar — “Saints and Sinners (Dr. Hyde), “Humours of Irish Life (C. L. Graves, M.A), “Irish Orators and Oratory” (Prof. Kettle), “Irish Poetry” (A. P. Graves, M.A.), “Selections from Thomas Davis” (T. W. Rolleston, M.A.). “Songs of Myself and Lyrics” (Thomas Mac Donagh), 4/6. Poetical Works of Joseph M. Plunkett, 3/6. Cuir cárta ag triall orainn ar lorg leabhráin eolais: “The Educational Co. of Ireland,” 89 sráid Talbóid, Áth Cliath. Tá árd-teist ar MHUINTIR HILLIARD (teo.) Cíll Áirne, De bhárr an chuma in a gcabhruighid le déantúisí na hÉireann. Ní gádh earraí thar lear do cheannach, agus Seogh Earraí Gaedhealacha Le fághail in a dtigh sin. An siopa éadaigh is mó agus is fearr i gCiarraidhe. Tig a 6 & a 7 sa' tSráid Mhóir, CÍLL ÁIRNE. Múinteóir: “Cad é ao Ghramadach Ghaedhilge is fearr?” Fear an Eolais: “Ní deacair an cheist sin d'fhreagairt; is é CEACHTA CAINNTE GRAMADAIGHE Is binne Gaedhealg Is cirte Gramadach Is usa Múineadh d'á bhfuil de Ghramadachaibh Ghaedhilge againn i ndiu." Molaid na h-ughdair é; molaid na páipéir é; molaid na múinteóirí; agus molaid na scoláirí féin é. LEATH-CHORÓINN A FHIACHA. MUINNTIR GHUILL & A MAC, 50 Sráid Uach. Uí Chonaill, ÁTH CLIATH. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services