Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Samhain, 1916

Title
Samhain, 1916
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uim. 8. SAMHAIN, 1916. Pinginn a Fhiacha.



Na Mananna.



Is mó áit na mbíonn mo thaisteal &
is mó duine a castar orm im' thais-
tealaibh, ach ní fearr liom áit na
mbéinn 'ná i gClaedig, agus ní fearr
liom duine go mbéinn n-a chuideachtain
'ná seana-Shíle. Do phreabas isteach
chúiche cúpla lá ó shoin.



“Móra dhuit, a Shíle, cionnus 'taoí ó
shoin?”



“Cé h-é seo atá agam? Airiú!
Dé bheatha, a mhaoineach. Ní mór dom
'fheabhas atáim, níl an choisigheacht ar
fóghnamh agam le seachtmhain, agus cad
é an díoghbháil liom ach go mothuighim
mana shiubhail orm & samhluightear dom
go bhfuil aistear romham.”



“Aililliú! Cad é féin an mana
shiubhail?”



“Neosfad san duit, a chroidhe. Má
thagann mar a bheadh tochas i n-ioscad
do choise clé, deirtear go bhfuil mana
shiubhail ort agus gur comhartha é go
bhfuil aistear romhat.”



“Tuigim, ambasa; & má thagann an
tochas úd i n-ioscad mo choise deise?”



“Ó, comhartha bréagach é sin: nár
airighis riamh an seana-rann —



Mana shiubhail na coise clé —
Ní raibh riamh ná h-éireóch' léi:
Mana shiubhail na coise deise —
Ní raibh riamh ná beadh n-a coinnibh.”



“Ambriathar nár airigheas go dtí anois.
Agus 'bhfuil aon mhana eile ann, a Shíle?”



“Dhe go dtugaidh Dia ciall duit, tá.
Mana athrú leabtha — nuair a bhíonn an
tochas ar t'uillinn; mana póige nuair
a bhíonn sé ar do bhéal — comhartha é sin
go bhfaighir póg ó dhuine éigin, mana
dheóir tochas a bheith ar do mhalainn chlé;
mana áthais é bheith ar do mhalainn deis.”



“Mar sin, bhí ana-thochas ar mo mhal-
ainn deis indé, & tá sé tagaithe chun
cinn go bhfuil áthas mór orm indiu tusa
d'fheiscint!”



“Seadh, astóin; agus b'fhéidir go raibh
mana óil ort leis agus mana ghreim
cnámha?”



“Mhaise d'fhéadfaidaís bheith orm i gan
fhios dom mar fágaim le h-uadhacht nár
airigheas aon teacht thórsta roimis seo.”



“Ar bharra do chainncín 'seadh bhíonn
an mana óil, & ar do smeigín 'seadh
bhíonn an mana ghreim cnámha — sin comh-
artha go mbeidh cnámh le piocadh agat
amáireach.”



“Dé bheatha it' shláinte, a Shíle, tá
Gaoluinn agatsa 'ná fuil le fagháil i
n-aon leabhar.”



“Dhe mo chráidhteacht, táim bodhar aca
mar leabhair. An Ghaoluinn sin bhíonn
ionnta ní bhfaighim aon bhlas uirthi: ní
h-í an t-seana-Ghaoluinn i n-aon chor í.”



“'Bhfuil fhios agat cad a dhéanfad?
Cuirfead do chainnt féinig i gcló ar
an Lóchrann agus léighfidh Crochúr so
'gaibhse dhuit é & annsan b'fhéidir ná
déarfá ná bíonn ach droch-Ghaoluinn 'sna
leabhair.”



“Cuir uait, a rógaire, agus na bí ag
magadh fé sheana-mhnaoí mar sin.”



“Ní h-aon mhagadh é, a Shíle; fan go
bhfeicir. Seadh! tá mana shiubhail orm-sa
anois & ní mór dom bheith ag gluaiseacht.
Beannacht Dé istigh 's amuigh agaibh.”



An Fiach Dubh.



An Capaillín Ceannasach.



Ag am athair bhí an capaillín ceannasach,
Ná feaca-sa a shamhail in ao' bhall;
As is minic do chloiseadh an capall san
Mar sheana-phort spreagtha, an méid seo —



Hagh amach! hó leat, a chapaillín;
Hagh amach! hó leat, go sásta;
Hagh amach! hó leat, a chapaillín
As déanfaimíd gaisge an lá so.



Thuigeadh an capall san seanchus;
Moladh leis thaithneadh go h-éachtach;
Shiubhladh go tapaidh nuair cantaí dhó
Hagh hop! a chapaillín ghlé-ghil.



Hagh amach! hó leat, &rl.



Go deimhin díbh ní fheaca am theasalaibh
Chun bráca do tharac nó céachta
Caoil-each ná bramach ná stail ar bith
A sháróchadh ár gcapaillín féinig.



Hagh amach! ho leat, &rl.



Orm bhíodh aiteas nuair phreabainn-se
Ar mhuin mhín ár gcapaillín bhéasaigh
As sinn a' casadh abhaile um eadartha
Tar éis dúinn bheith tamall ag saothar.



Hagh amach! hó leat, &rl.



Is é bhí 'na theachtaire mhaith againn
Cneasda ciúin mear-chosach seoltha
Gruig aonach nó 'on Aifreann bheanaighthe
Is tapaidh do ghreadadh sé bóthar.



Hagh amach! hó leat, &rl.



Lá dhó ag casadh ón seana-phort,
Baineadh droch-phreab as ag mótar,
Siúd leis chun reatha ach leagadh é
As trucaill 'na bharra den mhóin duibh.



Curfá deiridh:



Ba shuarach dúinn “hagh hop, a chapaillín”
Ná “hagh amach, hó leat, a thréin eich.”
Bheith á chanadh mar spreaga do'n chapaillín
Níor airigh sé dada d'á éis sin.



Lorga Liathbán.



Mar a Dhéinid Pólaigh é.



Is beag comhacht atá ag Pólaigh i
gcúrsaí poiblighe a dtíre féin ach riagh-
aluighid a dteaghlach féin ar a gcuma
féin.



Bean uasal go bhfuil deich mbliana
caithte aici i dtír sin na Pólainne
d'innis an ní seo thíos dom:



Tá de nós ag gach tighearna sa
tír sin seirbhíseach leis féin bheith ag
freasdal air le linn fleidhe. Bíon
Rúisínig mar sheirbhísigh aca chomh minic
is a bhíon Pólaigh aca.



Bhí fleadh dá caitheamh i gcaisleán le
duine des na huaislibh, agus bhí ann
idir mhná uaisle is tighearnaí, timcheal
trí fichid pearsa ar fad.



Bhí bean uasal ar an bhfleidh sin &
Rúisíneach a bhí aici mar fhear freasdail.
Do ghlaodhaig sí i leith air & do labhair
sí cúpla focal leis i dteangain na
Rúise.



“Gaibh amach,” ar sise, “agus cuir an
cóiste i gcóir.”



An túisce is a chuala an chuideachta
an focal Rúisise, do stadadar dá
gcomhrádh. D'fhéach gach duine aca i
dtreó na mná uaisle. D'fhanadar in
a dtost ar feadh tamaill & iad go
léir ag cur na súl tríd an mnaoi a
labhair an focal Rúisise.



Tréis cúig neomat, do dhírig tigh-
earna an chaisleáin ar chomhrádh len a
chomharsain arís & dhein gach duine eile
mar an gcéadna.



D'eirigh an bhean uasal ón mbórd &
iompáil líthe innti is do shiubhail sí an
doras amach agus a seirbhíseach len a
sálaibh.



Ní bhfuair sise aon chuireadh chun an
chaisleáin sin riamh in a dhiaigh san!



Seán Tóibín.


L. 2


Ciarraidhe.



Má théighir go CILL ÁIRNE, cuir fút i
dTIG ÓSTA UÍ IFEARNÁIN,
KENMARE PLACE.



An tig is fearr le Gaedhealaibh.
Ní bítear dian san éileamh ann.



Tá sé i gcómhgar an stásiúin ach leanamhaint
ort i leith na láimhe clé.



AN T-EMPÓRIUM,
le
M. Ó Súileabháin & a Mhac,
CILL ÁIRNE.



Éadathóirí Maithe



Tá le fághail uatha:



Lása Gaedhealach de'n déanamh & de'n phatrún
is órnáidighe amuich agus saothar lámh is
eadh gach órlach de.



Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt
datha.



Ciarsúirí de'n línéadaigh atá oireamhnach
do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh.



Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath
is ar gach gné datha.



Bróga is Buataisí o Áth Cliath is ó Cheatharlach
(Muintir Winstanlí & Mac Gabharnaigh a
dheinean.)



Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr
agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do
deineadh.



TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN,
Sráid na nÁirne, CILL ÁIRNE.



Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint
gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa
Tigh Ósta so. Leabaidh, Breicfeast, Dinnéar, Té
agus Freastal ar 5/- sa ló.
BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe.



Síol agus Leasú'
don bhfeirm nó don gháirdín.



Áthraighe Iarainn agus
Stáin.



Arán, Min, Plúr, Té
agus Biotáile.



SEÁN Ó RIADA,
an tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



An Mhin Choirce is fearr blas agus is
mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA.
Scríobh chuige.



Nuair a bheir ag taisdeal
in UIBH RÁTHACH ÁLUINN,
— cuir fút sa tigh seo —



Tigh Ósta an Ghearaltaigh
i gCathair Saidhbhín,



An tig is fearr in Uibh Ráthach.
Labharfar Gaedhilg leat ann.



Eachtra Sheaghainín.



Seannsúirín binn a bhí agam,
Do sheinninn siolla leis,
'Gus bhíodh na mná ag leanamhaint Sheaghainín



Le fonn súgraidh



Do ghaibh ríceach an tslighe,
Is do thug sé an ionga dho;
Is is seamsúideach a bhíos
Ag cur chun na slighe



Nár ghabhas riamh roimis sin.



Bhí dóthain mic ríogh
De chasóigín fhada bhuidhe orm —
Acht í bheith gioballach.
Do thugas do thigheasach í
Bhuail liom thíos



Ag cur a chuid ime amach.



Do thug sé dhom chleith fhada ghroidhe,
Agus maide maith droighín,



Is togha 's rogha an tsimitir.



Do shiubhlaigheas Conndae an Ríogh
Agus Conndae na Midhe



Agus County Wicklow,



As san síos go tigh Donnchadh Daoi
Agus b'fhada liom síos



Dul thairis sin ortha.



D'ionntuigheas go dian
Ar sodar mhaith ghéar



Is mo reathaidheacht dá chur i dtuis-
gint dom.



Sasanaigh bhréana
Is madraí maola
Am stracadh as a chéile



Le fonn súgraidh.



Cé gur thugas-sa féin
Tamall dem shaoghal
Ar sgoil Laidne is léighinn
Agus gach brainnse dá ghéire



Dá chur i dtuisgint dom,



Sé a dtuigfinn d'á mBeurla
“For goodness sake
Look at the crathur”



A deireadh cuid acu.



Do ghabhas-sa isteach go tigh
'Gus bhí mo chosa nochtuighthe
léim an madra
Ó cheann an raca



Agus bheir ar lorgain orm.



D'eirigh an ainnir
Do bhí go cneasda
Agus bhuail sí buille do luinithe
anuas insa bhathas air



'S is dómhsa nár mhisde sin.



Bhíos-sa lá i gCill Áirne
Mar bharra ar gach duine acu
Cé chífinn tríd an sráid



Ach an stróille go raibh mo chuid aige.



Do liúigheas is do bhéiceas
Ar a raibh ar an mbaile go léir



Druideamhaint in aice liom.



Sé dubhairt bean aosda
Do bhí ag díol éisg ann
Gur duine me bhí éadtrom
Nó díthcéille



Le sealad roimis sin.



Sé dubhartsa léi-si
Gur thug sí a héitheach



Go rabhas féin tuisgionach.



Do rith sí anall chugham
Agus bheir sí ar cheann orm
Is bhain sí stathadh asam
Is níor fhág sí splannc agam



Le racht ciceanna.



Sé dubhairt fear málaí
Bhí ag díol prátaí
Agus é dá dtómhas



Na bpiceannaibh,



Gur i dTráighlí



A chómhnuigheann an duine sin,



Is dá mbeadh ceart le fághail
Mar a bhí sa tsráid



Riamh roimis sin,



Go bhfaghainnse féin
Sásamh cruinn



Agus díol as na ciceannaibh.



Bhíos am bhastún
Mar a bheadh gealbhún
Do bheadh ar leath shúil



Ar a dtaobh thall d'iothlainn.



D'éirigh an ríceach
Is rith sé am dhiaidh



Is do chaith sé cloch liom.



Sin é mar d'imthigh orm-sa
Is níl aon bhréag ann



Ach dearg éitheach ar fad.



Fínghín na Leamhna.
(Tadhg ó Ceallaigh do aithris dom é seo
roinnt bliadhanta ó shoin).



Do Bheatha 's Do Shláinte
anso.



I. — BIADH.



Ní fhéadfadh aon rud beo, pé acu
duine é nó beithidheach, nó plannda féin,
déanamh gan biadh. Is é an biadh a choim-
eádann an t-anam ionnta & an neart.
Ní h-é an saghas céadna bidh a réidh-
tigheann le gach aon ainmhidhe. Tá cuid
aca ná hitheann ach feoil, cuid aca a
mhaireann ar fad ar luibheannaibh agus
cuid eile fós ná blaiseann ach na cuill-
eoga beaga a gheibheann siad ag eiteall
tríd an aer. Ach an duine, is maith leis
roinnt bheag de n-a lán saghasanna bídh.
Itheann sé feoil agus iasc, na biadhanna
a deintear de bhainne, arbhar, glasraidhe,
torthaí crann & torthaí talmhan. Caith-
eann an duine a shaoghal fé gach spéir,
agus ní h-é an biadh céadna is maith
leis a chaitheamh agus é fé fhuacht, thuaidh
nó theas, & a chaithfeadh sé dá mbeadh sé
ins an chuid is teo de 'n domhan. Ná ní
h-é an biadh céadna oireann do gach
aon séasúr de'n mbliain. Is maith leis
biadh d'ithe chun é féin do neartú, agus
chun tinnis a choimeád uaidh. Is fearr a
thaithneann biadh leis nuair a bhíonn an
biadh blasta, agus ní mór dó biadh
do sholáthar is féidir leis a chur
tré n-a chabhail gan an iomad duaidh.
Níor mhór do dhuine dá réir sin eolas
éigin do bheith aige ar an adhbhar do
bhíonn ins gach biadh dá gcaitheann sé,
agus ar an tairbhe a bhíonn ann chun an
cholann do bheathú agus ar an nós is
fearr chun é ollamhú do'n mbórd, nó
do'n leaba má's duine bhreoite a bhíonn
ann. Is mó a bhaineann an t-eolas so
le mnáibh ná le fir, óir is iad na
mná is mó a dheineann biadh d'ollamhú
agus is ortha is mó a bhíonn cúram an
tighe. Ní féidir an t-eolas san d'fhághail
gan saothar. Tá biadh ag teacht chugainn
anois ó gach páirt de'n domhan agus
táimíd-ne féin ag seoladh bídh amach thar
na fairgí. Ní fuláir do dhuine eolas
do bheith aige ar a lán rudaí má's mian
leis an biadh is oireaimhnuighe do thoghadh.
Ní mór do eolás do bheith aige, leis, ar
cholainn an duine agus ar cad a theas-
tuigheann uaithe agus ní mór do eolas
ar gach aon tslighe atá ann chun biadh
d'ollamhú ionnus go mba blasta é, agus
go mba fusaide é chur tríd an gcabhail.



(Tuille). Peig.



Na daoine is lugha ciall i n-Éirinn,
Daoine gan Bhéarla gan Ghaoluinn.



Peictiúirí Deasa Daithte, Saothar Lámh. Leabhair agus Bróidíneoracht. Faigh an Liosta. “Cuala Press,” Dúndroma, Áth Cliath.


L. 3


SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH.



“An Seabhac” do bhailigh.



32 — Is uaisle banaltra ná banógarlach.



.i. is uaisle máthair ná bean gan leanbh.



33 — Tabhair do ghrádh dod' mhnaoi agus
do rún dod' mháthair.
Verb. sap.



34 — Ná bac aoinne ná bíonn buidheachas
na mban air.



.i. an duine nach annsa le mnáibh is dona
an fear é.



35 — an fhaid is beo í an bhean mairfidh
an spiagaidheacht 'na súil.
Spiagaidheacht .i. dúil i ndathannaibh agus i
maiseamhlacht éadaigh.



36 — Bíonn tinneas a clainne ar an
máthair i gcomhnaidhe.



37 — B'fhearr liom bean na fiche seift
ná bean na fiche púnt.





38 — B'fhearr liom bean 'na léine ná
bean eile is spré léi.



.i. Is fearr bean tslachtmhar, ghasta a phósadh
gan spré ná straoile mná go mbeadh airgead
aici.



39 — Níl aoinne go mbeadh budóg aige
ná faghadh stupóg a chrúdhfadh í.



.i. aoinne go mbeadh bó aige gheobhadh sé bean
a phósfadh é.



40 — Ní fearr bréithre diana, dána do
mhnaoi
Ná í bheith ciallmhar, riaghalta, mánla,
mín.



41 — Ní h-í an bhreaghthacht a chuireann
an corcán ar fiuchadh.



42 — Is olc an bhean bheo ná cuirfeadh
bean mharbh.



.i. Dob' olc í an dara bean a bheadh ag fear
ná cuirfeadh cuimhne na céad mhná as a cheann.



43 — Cailín Domhnaigh nó gamhain samh-
raidh.



Bíd go breagh, ach b'fhéidir gur bláth bréige
bheadh ortha!



44 — Trí ghníomh ó mhnaoi: com seang,
toll reamhar & meanma uallach.



45 — Is fearrde bean leanbh ach is misde
dhi beirt.



.i. Beirt d'aon toirrcheas.



46 — Díogh gach dighe an mheadhg má's sean
Agus díogh gach ní an chárthann glas,
Agus a ndíogh go léir droich-bhean!



47 — Is fearr dul ag fiafruighe na trágha
ná dul ag fiafruighe na droch-mhná.



48 — Is measa na mná ná an t-ól
Is seachain go deo a gcleachtadh san.
leathrann é sin d'amhrán “A dhuine bí ciúin
go fóil”.



49 — An áit i mbíonn gé bíonn ganndal
ann,
'S an áit i mbíonn bean bíonn
clampar ann.



50 — An áit i mbíonn bó bíonn bean
'S an ait i mbíonn bean bíonn
bodhaire.



51 — Bean mar mhuic, bean mar chirc,
bean mar chaora.



Muc = ceanndána, cearc = guagach, caora =
cneasta — trí shaghas ban.



52 — Comhairle thabhairt do mhnaoi bhuirb
nó buille ribe ar iarann fhuar.



.i. Saothar gan toradh.



53 — Is deacair taobh a thabhairt leis na
mnáibh.



.i. óir táid siad, 'san uile ní, go h-olc!



54 — Ní daoi go mnaoi droch-mhéine.
Daoi = duine dúr.



55 — Ní dheaghaidh aoinne riamh amach ar
inntinn mhná.



.i. Níor thuig aoinne riamh é.



56 — Tar éis na mionn is fearr na mná.



.i. Bíd siad go maith tar éis tocht na feirge
agus na cainnte a chur díobh. Mionn = dearbhú',
móid.



57 — Smachtuigheann gach aoinne an bhean
mhíneáireach ach an té go mbíonn sí
aige.



Deir gach fear go míneochadh sé féin í dá
mbadh aige bheadh sí. Míneáireach .i. dána, droch-
mhiotalach, canncarach, ceanndána.



58 — Is mairg a bhíonn fé ghad ag á
mhnaoi,
Is gan aoinne ar an dtalamh is
measa ná í.



Deirtear leis “fé ghádh.”



59 — Is dána bean ná muc 's is dána
muc ná an diabhal!



60 — Do bhuaidh an bhean ar an muic &
do bhuaidh an mhuc ar an aonach.



61 — Bean mhic is máthair chéile mar
bheadh cat is luch ar aghaidh a chéile.



62 — Iarr ar mhnaoi é uair nó dhó is
mara dtagaid leat tar leo.



Níorbh' aon mhaith leanamhaint siar ar an argóint
mara ngéillidís ar dtúis. Deirtear leis:



63 — Abair leo focal nó dhó is mara
dtagaid leat tar leo.



64 — Fead glaice ag mnaoi nó cearc
ag glaodhach.



Nó ar chuma eile:



65 — Sin dhá rud nár órduigh Críost —
Bean ag feadghail nó cearc ag
glaodhach.



66 — Coileach bán ar chearcaibh nó file
mná i mbaile. [Deirtear le
“biorrbaire mná(?)”].



Ní maith ceachtar aca.



67 — Beirt bhan nó scata géanna.



Mar a chéile iad chun ghleoidh, má's fíor.



68 — Díothúghadh a cine bean bheag ghránna.



Ní bhíonn an chlann go deas.



69 — Bean óg gan náire nó gáire gan
éifeacht.



Dhá rud nach maith.



70 — Bean ar meisce bean i n-aisce.



Bíonn sí gan aon mhaith ná aon chreideamhaint.
Sin é tuairim na bhfear.



71 — Cad é an díoghbháil liom bean ar
meisce ach stráille fir!



Sin é tuairim na mban ar an scéal.



72 — Dubhairt bean liom go ndubhairt
bean léi.



Le ráflaí gan bunadhas adeirtear é sin.
Cuirtear leis, leis:



Dubhairt bean go ndubhairt bean léi,
Gur innis bean di go gcuala sí bean 'á rádh
gur, &rl.



73 — Comhrádh ban.



.i. Cainnt gan áird.



(Tuille le Teacht.)



Baile Átha Cliath.



Leabhair a Thaithnfidh
le Gaedhlaibh,



Idir Leabhair Ghaedhilge
agus Leabhair Bhearla,
le fághail uainn-ne.



Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i



Siopa na Leabhar
nGaedhealach.



SRÁID ÍOCH. BHAGÓID, a 50,
BAILE-ÁTHA-CHLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



Táilliúreacht agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i n-Éirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA.,
11 Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Chliath.



RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.



Rásúr “Cosanta”



ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a' bpost.



MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



Im ar fheabhas
an domhain é seo:



IM C.C.C.



Nuair a bheir 'á lorg
ar fhear an tsiopa,
féach chuige go mbeidh
an cómharta so ar
chlúdach gacha bosca:



Is ann is féidir é cheannach
in a mhórchodaibh ag



an 21adh tigh



ar CHALADH NA gCEANNAITHE
(Merchants' Quay),
I gCORCAIGH.


L. 4


FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH.



DO LUCHT-DRÁMAÍ-A-LÉIRIÚ.



Tá gach saghas éide, peribhicí, &c., i gcóir
drámaí go mór-mhór i gcóir Drámaí
Gaedhealacha le fághail uainn-ne, ar
iasacht. Níl 'oiread san de sna rudaí
sin ag duine ar bith eile in Éirinn.



PÁDRAIG Ó SÚILEABHÁIN & a Chua.



‘Theatrical Outfitters,’



38 SRÁID MHÓR SHEOIRSE, i gCORCAIGH



Tá CÓISTÍ & MÓTAIR d'á ndeanamh againn-ne.



Cuirimíd GLÉAS GÓMA (rubair)
FÉ ROTHAÍ CÓISTE gan ró-mhoill.



CROS agus a CHLANN MHAC,
18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay),
CORCAIGH.



A BHEAN A' TIGHE! Cad é an saghas plúir
a bhíon agat?



Is é an PLÚR “EAGLE,” an plúr
is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus
an PLÚR “LION” is
fearr do lucht-aráin-a-dhíol.



Muíntir Mhic 'ille Sheathanaich a dheinean
i gCorcaig.



Geo. Shaw & Sons,
Muileann Sain Seán, i gCORCAIGH.



Radharc do shúl!



Féach chuige go bhfuil i gceart. Nuair
a bheir i gCorcaigh, glaodhaig isteach ar
Ó MANGÁIN,
3 Sráid Phádraig N., Corcaigh.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuidh



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,



MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,



MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.



Tá 200,000 Barailí Plúir da dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, teo.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: "Hallinan, Midleton.”



Guthán: 7 Cork; 1 Midleton.



Leabhair Ghaedhilge agus
Leabhair Bhéarla i dtaobh na hÉireann.



Le fághail ó



CHONCHUBHAR Ó CAOIMH,
70 Sráid Sheoirse, CORCAIGH.



I n-Éirinn a Deintear



“BRÓGA na LAOÍ.”



Táid le fághail i ngach sráid bhaile.



An Lóchrann.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh
An Fear Gnótha.



an Seabhac, i gCill Áirne
An fear Eagair.



Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain.
Dhá choip 3/-



Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.



Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
&c., do chur.



Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath
na díoltóirí.



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht an Lóchrainn.



DUAISEANNA.



Tá sgéala maithe agam i dtaobh
duaiseanna an mhí so. Fuaireas £4 10
ó mhuinntir Choláisde an Daingin chun
trí duaiseanna a thabhairt gach mí do
leanbhaí scoile Chorca Dhuibhne. Is fial
an iarracht ó lucht an Choláisde é agus
táim buidheach ó chroidhe dhíobh. Tá súil
agam go ngríosochaidh an deagh-shompla
san na Coláistí eile chun beart dá
leithéid a dhéanamh.



Tabharfar 7/6 gach mí as airgead an
Choláiste 'na dhuaiseannaibh do'n triúr
scoláirí scoile is fearr a dhéanfaidh
scríobh' do'n “Lóchrann.” Is féidir leó é
scríobh' ó'n seana-mhuinntir nó é cheapadh
as a gceann féin. Ní thabharfar duais
d'aon rud nach fiú a chur i gcló. Ní
bhfaghaidh aoinne ach scoláirí scoile na
duaiseainna so. Siad so a gheobhaidh
duaiseanna an mhí seo:



1. Brighid Stac, Scoil Chailíní Bhaile
an Fhirtéaraigh, 3/6.



2. Pádraig Ó Séaghdha, Scoil Bhuach-
aillí Bhaile an Fhirtéaraigh, 2/6.



3. Eibhlís Stac, Scoil Chailíní Bhaile
an Fhirtéaraigh, 2/-.



Seo duaiseanna eile na míosa:



1. Duais 3/6 do Seán Mac Giollabháin,
Acaill Bheag, Co. Mhuigheo. Dhá
scéal deasa do chuir Seán ag
triall orainn.



2. Duais 5/- do Mháire Ní Shéaghdha,
Scoil Chille Mhic Ciarain i nUibh
Ráthach. Sí Máire do scríobh
an “Cúntas Cinn Lae” seo sa
“Lóchrann.” Seoirse Rúdha, i
mBlá' Chliath do chuir an duais
sin chughainn.



3. Duais 3/6 do “Sheana-Liam,” i
gCorcaigh.



4. Duais 2/6 do Shiobhán Ní Chléirigh,
Baile Móir, Daingean Uí Chúise.



5. Duais 2/6 do Shéamus Ó Caomháin,
Dúnchaoin.



Duais Speisialta.



Féach air seo:



An gearrchaile nó an garsún fé bhun
a 17 is fearr a scríobhfaidh cúntas ar
aon duine greannmhar nó file nó ceol-
tóir dár airigh trácht riamh air, tá adhbhar
culaithe nua de'n éadhach “Rialto” le
fagháil aici nó aige.



An té gur leis na City Woollen Mills
i mBlá Cliath — Seon Mac an Ridire,
atá ag bronnadh na duaise sin.



Bíodh na páipéir sgríbhte agus curtha
chun “an Lóchrann” roim Lá Coille &
“Duais an Ridire” sgríbhte ar chúinne
ortha.



Tá súil agam go mbeidh comórtas
dian eadraibh ag saothrú na duaise sin,
a óga.



Cúpla mí ó shin do thairrig an tAthair
Séamas Ó Floinn duais púint do'n té
is fearr dhéanfadh dán ar Bharra Naomhtha,
chun dul leis an bhfonn o Pé 'n Éirinn í.”
Níl fachta ag an Athair Ó Floinn ach trí
dánta agus tá ceann aca san is gan
aon ainm leis. Aoinne eile go bhfuil dán
sgríobhtha aige cuireadh sé chuige é go
Tigh Eglinton, Bóthar na Laoi, Corcaigh,
roim deire na Samhna.



Fuaireas cuid mhaith scríbhinní le mí,
gura fada buan na scríbhneoirí. Leanaidh
ar an bhfuadar san atá fúibh, a lucht
na bpeann; le taithighe thagann bárr
feabhasa. Léighidh na comórtasaí sin
romham arís, a óga, & annsan—oibrighidh.



Mise,
“An Seabhac,”
Fear “An Lóchrainn.”



Ceartú.



Sa liosta úd daoine a thug cabhair
dúinn chun “An Lóchrann” do ath-chur
ar bun, bhí so ainn: “Séamus Ó Cathasa,
Corcaigh.” Is é bu cheart bheith ann ná
Séamus Ó Casaide, B.A., Corcaigh. Is
oth linn gur deineadh an dearmhad san.



Cois Taobh a' Chuain.



Duine gan ainm ro chan.



Tá leagan de'n phort san “Complete Petrie
Collection” agus leagan eile dhe in “Old Irish
Folk Music” ag Dochtúir Seódhach.



1.
Cois taobh a' chuain, agus me go huaigneach,
Go faon-lag suanmhar sínte,
Is mé ag feuchaint uaim, sa spéir ó thuaidh,
Ag éigheamh do fhuaim na taoide
Trím 'aisling dom, gur dhearcas long,
Ag téacht go túpach timchioll,
Na reathaibh siúbhail, ar bhárr na dtonn,
Agus ainnir shúgach ínnti.



II.
Do bheannuigh dúinn, an bhríghdeach óg,
Bha bhlasta mhúinte, bhí ar bórd
De ráidhte míne breághtha caoine
Dob áille linn ná cúmplacht ceoil
“Cois na daíbhche, síos, do gheóbham,
Beidh nár dtimchioll fíon is beoir
Go dúnach fáiltheach clúmhail tláchtmhar
Mar bhí againn i dtúis ár n-óig.”



Leabhair agus Peictiúirí cun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 5


III.
Aitchím féin ort, a ainnir mhaordha,
T'ainm saor dom ínnsint,
Nó an tu an spéir bhean gheal-dubh Hélen
Do tharraing éacht na Traoithe,
Nó an éinne dhe'n triúr thu, do phléidh an
t ubhall,
Ar shléibhtibh fhuara Ída,
A thug aonach long na nGréagach chughainn,
A' déanamh conncais ríoghachta.



IV.
Maran aithnid me, ar sí go tláth,
Beartuigh laoi dhom síos ar phár,
Má's maith leat innsint, ceap an tslighe
seo,
Tarraing líne scríobhtha i bpáirt
Cuir dhá “ó” agus “n” na lár,
“R” na dheóidh, is ainm cháidh,
Coll ar a bhun sa bhfoghail gur thuit
Faigh a fhoghluim sin, is táthuigh.



V.
Tá a fhoghluim sin de mheabhair agam
Le fághail gur tusa Onóra
an phlannda chúmhartha, anall ó Lúnndain,
A tháinig chughainn thar bóchna,
An chrobhaire ghil, nár fhoghluim clis,
Acht modhamhlacht ó thúis a hóige
Is do sháruigh sinn is na táinte linn
Do chonnaic an bhríghdeach mhódhmhar.



VI.
Ar leathan-bhrat sróil dob eól di scríobh
Ar mhachaire gleóidh nó cómhrac claidheamh
loingeas luatha ar bhárr na gcuanta
Feirr-chait, ruadh-phuic, sionnaigh, laoigh,
Marcaigh na ndéidh ar eachaibh groidhe
Sgata dubh-fhiach agus cearca fraoigh
Ar an nglas-choill chraobhaigh mar a ngnáth-
uighid éanlaith
Ar bhárr na gcraobh ag gárthaigh.



VII.
Cá'r ba ionghantach siúd arís,
Ba bhreágh a súil a cruth 's a gnaoi
Bachallach, peurlach, buidhe cas, dréimreach
Mar caointsliabh beag ar thaobh na laoi
Sé mo bhrón gan sinn, ar bórd na taoide
Nó i gcóistíbh ríogh na Spáinne
'S a n-aindeóin a tsaoghail go bpósfainn í
'Gus ólaim a míle sláinte.



Fínghín na Leamhna.



Ó MO LAOGH, MO CHAILÍN.



Seán Ua Coileán do chan.



Fonn: “An smachtín crón” (Complete Petrie
Collection, uimir 1582).



I.
Tráth 'gus mé ar mearaighe,
Ag siúbhal liom féin i nGarraidhe,
Do dhearcas uaim i nglas-choill,
Stuaire chailín óig.



Ba ghlionndrach éin ar chrannaíbh,
Puic is bruic ar stró,
Is éisg ag téacht i nglaisíbh,
Ag éisteacht le n-a glór.



Curfá.



Ó mo laogh, mo chailín,
Mo shuairc-bhean bhreágh an gheal-chínn,
Grádh mo chroidhe mo chailín,
Ciúin-tais, bhanamail óg.



II.
Ba bhúclach, peurlach, cas-bhuidhe,
A dlúth-fholt léi go h-alt síos,
Ba thiugh mar fheur an teas-mhí
A lomra-flíos an óir.
Bhí luisne na gcaor Na geal-ghnaoi,
Is gile na géis' n-a snódh,
Glaise n-a claon-roisg bheadaidhe,
'S ba dheirge a gruadh ná 'n rós.



III.
Do dhruideas léi gan stad puinn,
Dem baíll do leigeas mo hat' dhíom,
Is d'fhiosruig mé go tais-tím,
De'n chaoin-bhean chneasda chóir —
An tú Hélen tséimh an bhean-rí,
Thug ár na Trae ar leomhain,
Nó Déirdre mhaordha, bean Naois,
Le n-ar thuit na céadta i mbrón.



IV.
An tú Aoise chlaon an bhean tsidhe,
Chlaoidh Clann Lir le h-ealadhain,
Nó Medéa thréig a daidín,
Is chuaidh do'n Ghréig ar bórd;
Nó Ío bhí ar sealaidheacht
Na cumann cléibh ag Jove,
Nó Clíodhna dhíogadh cannaidhe,
Is do bhíodh ist oidhche ar stró?



V.
D'fhreagair me an gheal-chíoch
Is dúbhairt nárbh' éinn' thar lear í,
Ach d'fhlaithibh uaisle sean-Ghaoidheal,
De shíolrach Éibhir Mhóir,
Gur fada do bhí a maith-bhuidhin
'Na ríghthe Mumhan i gcoróinn,
Go trúipeach, treudach, deagh-chaoi
Go tigheacht na nGall thar Bóinn.



VI.
A réilthion cháidh do shlad sínn
Táim led' ghrádh go lag-bhrígheach,
Leigheas beag dáil dom aicíd
Nó bead go bráth i mbrón:
Dá dtighir go tigheas na gceannaidhe
Do gheobhthá branndaidhe is beoir
Diúgadh lionn, 's ar théadaibh
Tiúin de'n “Smachtín crón.”



Curfá:



Ó mo laogh, &rl.



Amhrán é sin do chúm an file léigheanta tír-
grádhach Gaedhlach Seán Ua Coileán do chómhnuigh &
do mhúin scoil i nGarraidhe i gCairbre is ata
curtha le céad bliadhan i roilig na cille mine.



Midhe Ros a tugtar anois ar an nGarraidhe.



Pádraig Ó Conaill,
Bréan Tráigh.



AN BHRUID.



Bhí Buachaill aimsire ann agus oidhche
Sathairn tharraing sé chuige a bhróg. Bhí
cloch innte le seachtmhain acht ní leogfadh
an bhruid do í bhanit aiste ná feuchaint i
n-a diaidh. D'innis sé don mháighistreas é
— “Níor dheineas aon tsuím di” ar sé.
Níor dhein sí aon rud acht a thuarasdal
do chóimhreamh amach chuige.



“Is deocair a rádh,” ar sise, “dá mbeadh
a' chloch i gcois an chapaill go mbainfeá
aiste í, tráth is nár bhainis as do bhróig
féin í.” Is mairg a bheadh ag briseadh a
chroidhe.



S. Ó Cadhla.



Aonrud mar LEACHT AR UAIGH nó
ALTHÓIR don TEAMPALL



San Aolchloch nó sa' Mharmar,
déanfaidh



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG



Ar Fheabhas é. Scriobh chuige.



SLIGHE BHEATHA
MHAITH DOD' MHAC!



Cuir chúgham-sa é
agus múinfead dó
conas bheith in a



SHEOLAIDHE
SCÉALA-GAN-
SRAÍNNG



Fé cheann ráithe nó
leathbhliana.



Scríobh ar lorg an réimleabhráin.



TOMÁS Ó SÚILEABHÁIN



(Ó Uibh Ráthach)



“SCHOOL OF WIRELESS
TELEGRAPHY,”



CORCAIG.



Ó SCANNLÁIN is a Chlann Mhac,



Lucht Urudhais ar thighthe is ar thalamh.



Reiceadóirí agus Fir-inid do lucht fearainn.



Seomraí Ceanta ag 16 & 17 Sráid Chook,
CORCAIGH.



Gaedhil is eadh sinn-ne, is ní nár linn é.



Geobhair deaghmhargadh
uainn-ne i gcomhnaidhe.



TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
faimídne an postas ar cheithre púint de.



PLÚR Gaedhlach.
MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min
bhuidhe.
SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas.



S. & T. MAC CURTÁIN,



Sráid a' tSeandúna & Sráid Thomáis Dáibhios,
CORCAIGH.



Earraí Gaedhealacha do Ghaedhlaibh!



Léinte. Lámhainní. Carabhata.
Stocaí “Guailneáin.” Bróga.
Caipíní agus Hataí.



ó TH. Ó LOCHLAINN,



19 Sráid na Páirliméide, Baile Átha Cliath.


L. 6


Fógraí ó Chorcaigh.



Táid so 'á ndéanamh againn-ne —



Éide Sagart,
Áthraighe Althóra



mar chailísí, miasa, &c.



Croiseana
den déanamh CEILTEACH in ór nó
airgead geal, agus



Páidríní.



Liam Mac Aodhgáin & a chl.-mhac Teo.,



32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor.



Ceannuigh



STALCA SILVERSPRING
agus
“GORM” SILVERSPRING.



I nGleann Maighir, i gCorcaigh,
a deintear.



Coláiste
Cholmáin Naomhtha
atá ag
Mainistir Fhear Muighe
(FERMOY),
I gCÚNDAE CHORCAIGH.



Ag seo líon na nduaiseann a bhuaidh
scoláirí an Choláiste, i mbliana
(scrúdú na meadhon-scol):



BUINN, mar chomharthaí
feabhais 3 cinn



MÓR-DHUAISEANA, len a
n-abarthar “Exhibitions” 7 gcinn



LEABHAR-DHUAISEANA 10 gcinn



DUAISEANNA ar scriobhadh
na dteangacha 5 cinn



An t-iomlán 25
duaiseana



An t-é atá ar lorg gacha eolas i
dtaoibh an Choláiste scriobhadh sé ag
triall ar an Athair Tomás Tóibín,
Uachtarán, agus beidh freagra aige
aige gan ró-mhoill.



Aon rud i bhfuirm Éadaigh do Fhearaibh
tá ag
Séamus ó h-Aodha,
10 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.



Troscán Tighe agus
Gach Cóir Leabthan!



Tá flúirse de sna h-earraí a
deintear in Éirinn le fághail
uaim-se ar an bpinginn is lúgha.



M. Ó RIAIN, Siopa Oluir,
36, 37 Sráid an Rí, CORCAIGH.



Abhrán a' tSean-bhaitsilléir.



Fonn: “An Buachaill Caol Dubh,” nó
“Sliabh na mBan.”



I.
Ní fheadar in Éirinn goidé mar shaoghal é,
Ní thuigeann éinne é i gcóir ná i gceart,
Mar dá nib' é an tincéar é, ná an bacach
féinig,
Nó an táilliúr aerach — gheibhid siad bean
Ní drúncaer me ná ropaire éithigh,
Agus feall níor dhéineas riamh ar neach,
Cé gur mór í m'éirim it is quite plain now
Gur lochtaí éigin a dhein mé lat.



II.
I dtúis mo shaoghail dom bhíos beagán aerach
Is ar na cómhursain taobh liom ní bhfaghainn
aon bhlas,
Is mo mháthair féinig dá rádh 'n-aghaidh an
lae liom
That 'twas with the agent I should make
the match.
Bhí Tadhg Ó Héaluighe ar a' mbaile taobh
liom
Chomh maith le héin-fhear i gcáil 's i raith.
He'd give me Mary agus deighleáil spré
léi —
Is ní raibh her écals insa pharróisde ar fad.



III.
Ach Nuair a bhí m'éirim ar inghean an Agent
'Ge Máire Ní Éaluighe ní raibh aon tseans,
Agus Seán Ó Céirín a chuir sí le sgéala
I told him plainly gan teacht thar nais.
Annsan d'imthigheas féinig go dtí an t-Agent
To know if he'd take me am chliamhain isteach
Ach ar an ngunna ghlaoidh sé in a terrible
rage too
Is mara mbeadh m'fheabhus de racer, I'd be
surely shot.



IV.
Bliadhanta Na dhéidh sin bhí inghean eile ag
hÉalaighe
Cé ná raibh sí a n-ao' chor chomh maith le
Moll;
Ach shíligheas féinig nár bheag dhom sméide
Nuair a gheobhainn mar chéile í & foirtiún
maith.
Chuireas Father Brady ainn le sgéala
Is ná h-iarrfainn aon rud léi dubh ná geal;
Ach b'é a rádh go léir leis “that I was
getting grey now
Is ná pósfadh Kate mé dá mba liom Éire
ar fad.”



V.
Nuair a chuala an méid sin ó'n sagart
Naomhtha
On my oath it made me cromadh ar ghol
Annsan chuardaigheas gach éinne chuir riamh
chúgham sgéala
Is ó éinne a n-ao' chor ní bhfaghainn aon
tor'.
Anois táim am aonar is a' dul san aos
leis
Gan wife ná baby do réidhteóchadh beart,
Ach go bhfuil inghean tinncéir ann ná fuair
fós éinne
And if she don't take me — I must stop.



Tadhg Ua Conchubhair,
Liospóil, Tráighlí,
do aithris.



Gleann Fleisge na mbitheamhnac;
Baile Mhúirne na mbacach.



Aifreann a' Domhnaig ná leog uait,
Pé fluich fuar a bheadh an mhaidin,
Ar eagla ná mairfeá Dia Luain
A's gurbh í an uaigh do leabhaidh.



Cúnntas Cinn Lae.



Leanbh scoile do scríobh.



Márta a 17. — Sé seo Lá le Pádraig
agus táid ribíní uaithne dá gcaitheamh
ag na cailíní ar a ngruaig & ag na
buachaillí ar a gcasóga nó ar a gcaipíní.
Ag óg is críonna, fir is mná tá an
tseamróigín dílis dá caitheamh le h-onóir
do Phádraig Naomhtha.



Tá seana-bhean dá cur indiu a bhí
cúig bliadhna is céad d'aois. Bhíos ar
an dtórramh aréir agus bhí an oiread
daoine ag gol na diaidh is do bheadh i
ndiaidh duine ná beadh ach fiche mbliadhan
mar is dócha ná raibh bean i gCiarraighe
a b'fheárr ná í. Is dócha gurb é sin an
chúis go bhfuair sí saoghal chomh fada.



Márta a 18. — Lá aonaigh beithidheach
an lá indiu, & tá sé go breágh ciúin.
Coimeádtar na cailíní ag baile ag
tabhairt aire do'n tigh gach aon lá
aonaigh. Nuair a bhíonn a máithreacha
sa Chathair ní ag tabhairt aire do'n tigh
a bhíonn cuid acu mhuise ach ag imirt
agus ag stolladh a chéile.



Dhíol mh'athair an bollán dubh. Cheapas
go léimfinn an tigh le h-áthas nuair a
chuala é, bhí an oiread san fuath agam
do. Is mó uair a rith sé im dhiaidh &
is mó cloch a chaitheas leis. An rud
míráireach, tá sé imthighthe uainn anois.
Tá mo pheidhre bróg dearg agam-sa
dá bhárr, pé 'n Éirinn é.



Márta a 19. — Lá breágh gréine an lá
indiu. Ba bhreágh leat bheith ag éisteacht
le cantain na n-éan. Fuaireas dreoilín
beag marbh sa lathaigh indiu i ndiaidh
seabhaic ghránda. Ó mhuise, dá mbeadh
greim agam-sa ar an seabhac san do
stracfainn as a chéile é.



Márta a 20. — Dia hAoine an lá
indiu. Tá deire na seachtmhaine ag teacht
chughainn. Indiu gheibheann na seandaoine
an choróin. Tá beirt sheanbhan na gcómh-
nuidhe in aice na sgoile, Síle is Cáit.
Tá ana-ghrádh acu do Rí Shasana. Glaodh-
ann siad uan duine uasal” air. Murchadh
an ainm a thugann siad ar an gCaiser.



Márta a 21. — Lá breágh gréine an lá
indiu ach níl deire an tsneachtaidh leachta
fós. Bhíomair ag caitheamh liathróidí sneacht-
aidh le n-a chéile i rith an lae. Ní fhéadfá
cosruighe annso ná annsúd ná go mbeadh
plaosg sneachtaidh it dhiaidh.



Chualamair go raibh an sagart parróisde
ana-bhreoite ar fad. Tá ana-bhrón orrainn
go deimhin, mar sagart ana-mhaith iseadh é,
go mór mhór dos na seandaoinibh.



Márta a 22. — Bhí brat bán sneachtaidh
ar an dtalamh indiu. Ba dhóigh leat gur
bairlín a leathadh air. Bhí gach aon áit
chómh geal gléigeal. Bhíomair ag déanamh
fear is ban den tsneachta ar feadh an
lae. Dheineamair fear mór de is nuair
a bhí sé déanta chuireas seana-hata lem
athair ar a cheann. Dhearbhuigh gach aoinne
a bhí ag gabháil an tslighe gur cheapadar
gur sprid a bhí ann, i slighe 's gur
chuireas mórán de'n bhaile tré na chéile
mar gheall ar an bhfear sneachtaidh.


L. 7


Márta a 23.—Is breágh an rud é bheith
ag dul ar sgoil. Nuair a bhíonn duine
óg ní cheapann sé go mbeidh sé liath
go deó. Ach go bhfóiridh Dia orrainn !
tiocfaidh an lá orrainn go mbeimíd chómh
liath le Conchubhar Duilleach.



Chuaidh bacach siar an bóthar indiu. Bhí
cóta fada air agus saghas seana-hata
ar a cheann. Bhí a bhróga caithte is ní
raibh faic ar a shálaibh. Lóipíní stocaidhe
do bhí air. Bhí a chosa tinn ó bheith ag
siubhal an bhóthair.



Chuala go raibh an fear bocht pósta
leis, ach gur imthigh an bhean uaidh, lá
breágh gréine. Níl éinne aige anois ach
gadhairín beag. Is dócha ná beidh sé sin
leis i bhfad aige mar tá sé bacach ins
na cosa deiridh.



Ní haon iongnadh dos na bochtaibh bheith
cráidhte ó'n saoghal, ag siubhal rómpa
ó mhaidin go hoidhche chun iad féin do
choimeád na mbeathaidh ar shlighe éigin.



Márta a 24. — Bhí an lá indiu go ciúin
socair ann féin.



Tháinig Seághan a' Phíopa isteach chughainn
chun a phíopa do dheargadh. Nuair a bhí
sé chun é lasadh níor bhraith sé aon nidh
gur las barra na féaróige aige. Ó
mhuise, cheapas go mbrisfinn mo chroidhe
ag gáiridhe is chuirfeá fód móna siar
béal Páidín leis an ngáire go léir do
dhein sé.



Nuair do bhí sé chun dul a bhaile ní
raibh aon tuairisg ar a hata mar do
chuir Séamuisín i bhfolach é. Bhí sé ag
rith annso is annsúd ag stracadh gach
aon nidh as a chéile is é 'á chuardach
ar stealladh. Fuar sé seana-chaipín lem
athair sa deire is do bhailigh sé leis a
bhaile. Chuadhmair tamall den tslighe in
éinfheacht leis is leigeamair orrainn go
raibh ana-bhuadhairt orrainn i dtaobh a
hata.



Nuair do thánga thar nais go dtí an
tig ní raibh aon tuairisg ar an leanbh
óg. Seo suas is síos liom. “Cad
a dhéanfad a n-ao' chor,” dúbhairt am
aigne féin. Beidh mo mháthair annso ar
nóimeat na baise is gan aon ruainne
de'n leanbh roimpe.” Do ritheas amach
is cheapas gur chuala béic leinbh. Ritheas
síos an póirsín is do chonnac an ceann
bán thíos uaim. Is orm bhí an t-áthas.
Do thugas a bhaile é go háirithe is do
nigheas is do ghlanas é is do chuireas
a chodladh san gcliabhán annsan é.



Márta a 25. — Lá breágh an lá indiu
buidheachas le Dia. D'oirfeadh sé dos
na daoinibh leis chun na bprátaí do chur.



Nuair a thánga a bhaile bhí gamhainín óg
díreach tar éis é bhreith. Bhí an créatúir
ag béicigh is ní fhéadfadh sé éirghe in ao'
chor.



Márta a 26. — Bhí an lá indiu go fuar,
fliuch, gaothmhar. Cia do thiocfadh isteach
ach Tadhg Ó Cathasaigh. Bladar ar domh-
ain aige, a mhic ó. D'iarr sé orm
braoinín té a thabhairt do is do thugas.
Dúbhairt sé annsan uibhín do chur síos.
Do bhíos ag cur uibh circe síos dho.
“Ara níl aon mhaith in ubh circe, b'fhearr
liom ubh gé ná aon ubh eile.” Dúbhart
leis ná féadfainn é mar bhí mo mháthair
chun iad a chur fé ghé. “Ó mhuise,
a chailín deas, cuir síos ceann dom.
Bíonn siad san go léir na ngluagair.
Brostuig a chroidhe nó beidh do mháthair
annso.”



“Is greannmhar an rud do dhéanfainn
go deimhin bheith ag goid ubh ó m' mháthair.
Ól do chupán té dhuit féin is déin in
eughmais na n-ubh.” D'ól.



Márta a 27. — Bhí an lá indiu ana-
bhreágh ar fad. Is fada nár tháinig aon
lá chómh breágh leis.



Dhein Máiréad Ní Chonchubhair bacach
di féin aimsir súgraidh ar sgoil indiu.
Fuair sí cúpla ciarsúr is cheangail sí
timcheall a cinn iad. Fuair sí brat dubh
is dhein sí gúna dhi. Annsoin fuair sí
mála is chuir sí cúpla cadhrán astig
ann chun a leigint uirthi gur ag bailiú
mine a bhí sí. Bhailigh sí le chéile mórán
giobal is do dhein sí leanbh díobh, mar
dh'eadh. D'imthig sí amach is do chloisfeá
sinn-ne míle ó bhaile ag bualadh bas is
ag liúirigh na di aidh. Seadh, chuaidh sí
isteach go dtí sgoil an mhaighistir is bhí
sí ag iarraidh déirce ar a dícheall.
Thug an maighistir cúpla pingin di mar
go deimhin is go dearbhtha cheap sé gurbh
í Méinín Cobthuaigh a bhí ann, sin seana-
bhean a bhíonn ag díol caintíní. Chaith sí
di a cuid giobal annsan is bhí sí
ag briseadh a croidhe ag gáiridhe fé'n
máighistir.



Márta a 28. — Is dóigh liom ná fuil
éinne ar sgoil indiu nuair ná fuil Peig
Ní Chonchubhar ann. Is dócha gur choinnimh
an gála & an bháisdeach í. Bhí mo shúile
tinn ó bheith ag féachaint suas an cnoc,
is mo mhairg! dá mbeinn ag féachaint go
deó ní fheicfin Peig a teacht. Gheall sí
dhom féin is do Bhrighid Ní Shúilliobháin
go 'neosadh sí sgéal dúinn mar gheall
ar Mhainics ó Chorcaig.



Márta a 29. — Do bhí ana oidhche spóirt
againn ar an Sgoil Ghaedhilge aréir. Bhí
“Caismirt na gCearc” ar siubhal againn.
Do dheineas-sa páirt Sheáin Fhada. Bhí
cóta fada orm & cáibín de sheana-hata
ar mo cheann. Do bhí Peig Ní Chonchubhair
mar bhean agam & ní misde a rádh ná
go raibh sí néata. Bhí seicéad bán uirthi
agus gúna gorm & aprúinín deas is a
gruaig déanta suas le racaí. Bhí rinnce
ar siubhal i ndeire na hoidhche is bhailig
na daoine leo a bhaile timcheall a deich
a chlog agus iad ana-shásta leo féin.



Márta a 30. — Chuala indiu go raibh
Peig Ní Shéaghdha chun máighistir rinnce
do phósadh. Tá cuireadh agam féin is
ag Brighid Ní Shúilliobháin dá fhághail chun
an phósta. Is fada go mbeidh mise ná
Brighid ag pósadh. Tá súil agam go
mbeidh aimsir bhreágh ag Peig bhocht an
chuid eile dá saoghal. Mhuise mo cheol
tu, a Pheig, ní dhéanfainn domhat díot
ná go bhfaghfá stráiméad maith d'fhear!
Beidh Peig ábalta ar step do rinnce
chómh maith leis mar bíonn sí ag múineadh
step dómhsa ach ní fhéadfainn é fhoghluim
uaithi go deo. Deir sí liom ná fuil
puinn rinnce am chosaibh agus nách aon
mhaitheas dom a bheith ghá fhoghluim.
An Chríoch.



Máire Ní Shéaghdha,
Sg. Cill Mhic Ciarain,
Cathair Saidhbhín.




Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn



H. JOHNSTON,



TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Teo.,



Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



Píanó Ceart Gaedhlach ar £32!



Tá píanacha 'á n-déanamh in Éirinn
anois, ag
Pigott & Co. Ltd.,
Luimneach, Ath Cliath
is Corcaigh.



Guailneáin.
Seandúna.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.
"Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces”
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
"Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Port an Phápa, CORCAIGH.



CHÓMH-BLASTA LE hAON-ÍM!
Margairín
“Leandar”



Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag
Ó Dubhdaill, Ó Mathúna
Agus a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.



Le Gaedheal an Siopa So:



The Fountain Book Shop
67 & 68 Sráid a' Chapaill Bhuidhe,
CORCAIGH.



Gach leabhar a theastuighean ó lucht scoile is
o Ghaedhilgeoirí tá le fághail ann. Labharfar
Gaedhilg leat. Liam Ruiséal, fear an tsiopa.



A Ghaedheala! Ceannuighidh



“Éadach na Druipsighe”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaig na Druipsighe (Teo.)
Co. Chorcaighe.


L. 8


Cromaill.



Nuair do bhí Cromaill in aois a dhá
bhliadhain agus fiche, bhí sé na Chatailiceach
maith, mar ba dh' é sin an creideamh a
bhí ag na Sasanaigh le linn na h-uaire
sin. Bhí sé glaoidhte chum a bheith 'na
shagart, agus ar an adhbhar san chuaidh
sé 'dtí an Róimh agus chuaidh sé imeasc
na mac leighinn ba léigheanta, agus ins
an Choláiste do b'aoirde a bhí ann.



In sa Choláiste mór so do bhí Éireannach.
Déiseach do b'eadh é. Do bhíodh sé féin
agus Cromaill i gcomhnuidhe ag cur ar
a chéile agus ag formad le chéile. Do
bhuaidh sé ar Chromaill i ngach triaill go
b'é deireadh a bhí ar Chromaill gur chaill
sé a dhóchas ar fad agus do theip glan
air. Ba é an Déiseach a rug an chraobh
leis san triaill seo.



Thugadh an bóthar do Chromaill tamall
'na dhiaidh sin. Do bhí sé ro-dhroc-bhéasach
& é díomhaoin droch-mhaitheasach. D'imthig
sé leis abhaile agus dubhairt sé cibé
rud ba chóir dó go mbeadh sé suas
leis na Catailicigh agus go mór mhór
leis an mbuachaill ó Dhúthaigh Déiseach.
Do iompuigh sé ón gcreidheamh Catail-
iceach agus tháinig sé go h-Éirinn agus
thosnuig sé ag deunamh an léir-sgrios.
An té nár thuit le faobhar claidheamh
thuit le gorta agus le h-annró.



In nDéise Múmhan stad sé dén léir-
sgríos. Is amhlaidh d'órduigh sé dá chuid
saighdúirí a raibh ann idir fhear, bean
agus páiste do thabhairt le chéile agus
iad do chur ar a leithéid sin de áit.
Innsan dúbhairt sé leo iad do chur ar
árthach mhór agus iad do bhreith amach
go beul Cuain Dúngarbháin, agus do
dheineadar san. “Fanaigí innso,” ar
sé, “go gcaillfear leis an ocras sibh,
nó neactar acu, seunaigí an creidh-
eamh Catailiceach is iompuigí i nbhur
Sasanaigh.” Well, do bhíodar insúd &
an tart is an t-ocras ag buadhchain
ortha ach ba chuma leo. Bh'fhearr leo an
bás sin d'fhulaing — dá chruaidheacht — ná
Críost, moladh go deo leis, do seunadh.



Fé dheire, do shocraigh Cromaill — an
fealltóir maslathach — ar an árthach a chur
trí theine, agus a raibh innte do loscadh
'na mbeathaidh. Lar na bháiréach chuaidh
sé anáirde ar Chnocán beag le h-ais
Cluain Coscran, féuchaint a gcasfaidhe
aoinne leis. Ar a theacht anuas dó,
do chonnaich sé fear bocht, bacach, beag
& é ag briseadh chloch — Tomáisín a tug-
taoí air. Chuireadar caint ar a chéile.



“Is maith mar thárla,” arsa Cromaill,
“do bhíos ag lorg duine chum rud
éigint do dhéunamh dom agus ní gan
dada atá a shaothar uaim.”



“Dérd é sin?” ar Tomáisín.



“Thabhairfinn lán do dhá ladhar de ór
dhuit,” ar Cromaill, “nach an t-árthach
san amuigh a chur tré theine.



Ní dhéanfainn choidhche,” arsa Tomáisín,
“aon rud dá shórt.”



“Tabharfaidh mé an corcán san duit,”
ar Cromaill, “má déinir é,” & d'oscail
sé an corcán, & cad do bhéadh sé acht
lán dé ór buidhe.



“Ní h-aon mhaith dhuit,” arsa Tomáisín.
“Ní dhíolfadh sé a chuigint mé.”



Níor mhaith le Cromaill a thuille dó
fhúileáirt dó, agus do bhí sé ag imtheacht
nuair do tháinig beart na sainte ar an
bhfirín.



“Go réidh leat,” arsa Tomáisín,” dheun-
fainn duit é ar an gcorcán agus lán
mo dhá ladhar.”



“Tá go maith,” ar Cromaill, “ach déan
do ghnó ar dtúis.”



D'imthig Tomáisín & amach leis insan
mbád beag 'dtí an árthach. Ba ghairid
go raibh an t-árthach le feiscint in aon
lasair amháin. Do chuaidh sí go léir trí
theine agus 'na dhiaidh sin tháinig gála
do shéid agus do sgaip in gach ait í.



Tá na daoine a bhí innte ag fuireach,
fós in áit fé leith, leath amuigh de
Gheataí na bhFláitheas. Gach ré Aoine
tagann an Tíghearna chúcha agus sé róis
bhána & rós dearg Aige, agus labhrann
Sé leo:



“Chomh siúrálta agus gheobhaidh sibh bhur
saoirse beidh na Sasanaigh go léir sgaipthe
ar fuid na tíre, mar luachán ar criathar,
nó ceobharán lá gaoithe, agus bíodh na
bláthanna san agaibh mar shúil agus mar
chomhartha go dtiocfaidh na focail sin
chum críche.”



Thá muintear Thomáisín 'sa tír fós &
cuid mhaith talmhan acu. Thá a n-áit
o Chluan Coscaran go lug na nDéise.
Tháid ana-mhaith sa saoghal. Daoine ana-
mhóra iseadh iad.



Siubhán Ní Sheaain.



Féachaidh rómhaibh a fheirmeóirí
na Gaedhaltachta.



Níl aon nidh níos cinnte ná go dtuit-
fidh luach na mbollán nuair a bheidhmíd
ag druidim le deire an chogaidh. Ar a
shon go bhfuil na bolláin ádhbhairín níos
feárr anois ar na haontaighibh ná na
colna, ní mar sin a bheidh an sgéal ar
ball. Beidh éiliomh mór ar lolaigheach-
aibh chómh luath is stopfaidh an cogadh
is b'fheárr do fheirmeoir bheith i dtaobh
le beithidhigh boinionna an uair sin. Níor
mhisde do gach duine agaibh go bhfuil an
chaoi aige bheith dá bpiocadh san suas nó
dá gcoimeád 'na gceann is 'na gceann
as so amach. Má bhíonn bhúr stoc a
leath n-a mbolláin & a leath boineann
agaibh beidh sibh ar thaobh na sábhála.



Seana-Thadhgh.



Do'n Léightheóir.



Nuair a bheir ag scrí chun lucht siopa nó ag
caint leo, cuir in-iúl dóibh, le d'thoil, gur
sa “Lóchrann,” a chonnaicís an fógra aca.



FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CHLIATH, &rl.



A Ghaedheala! Ceannuighidh róthar Gaedhealach .i.



“An Lúcánia”
(de dhéantús na hÉireann)
ó
Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.



Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
do mhúineadh:



“Scéalta don aos Óg,” 2d.
“Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d.,3½d.,4½d.
“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II-., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6



Gaedhil a bhfuil Trácht ortha:



Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Uolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.



Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —



“Saints and Sinners (Dr. Hyde),
“Humours of Irish Life (C. L. Graves, M.A),
“Irish Orators and Oratory” (Prof. Kettle),
“Irish Poetry” (A. P. Graves, M.A.),
“Selections from Thomas Davis”
(T. W. Rolleston, M.A.).
“Songs of Myself and Lyrics”
(Thomas Mac Donagh), 4/6.
Poetical Works of Joseph M. Plunkett, 3/6.



Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:



“The Educational Co. of Ireland,”
89 sráid Talbóid, Áth Cliath.



Tá árd-teist ar
MHUINTIR HILLIARD (teo.)
Cíll Áirne,



De bhárr an chuma in a gcabhruighid
le déantúisí na hÉireann. Ní gádh
earraí thar lear do cheannach, agus



Seogh Earraí
Gaedhealacha



Le fághail in a dtigh sin. An siopa
éadaigh is mó agus is fearr
i gCiarraidhe.



Tig a 6 & a 7 sa' tSráid Mhóir,
CÍLL ÁIRNE.



Múinteóir: “Cad é ao Ghramadach Ghaedhilge
is fearr?”



Fear an Eolais: “Ní deacair an cheist sin
d'fhreagairt; is é



CEACHTA
CAINNTE
GRAMADAIGHE



Is binne Gaedhealg
Is cirte Gramadach
Is usa Múineadh



d'á bhfuil de Ghramadachaibh Ghaedhilge
againn i ndiu."



Molaid na h-ughdair é; molaid na páipéir é;
molaid na múinteóirí; agus
molaid na scoláirí féin é.



LEATH-CHORÓINN A FHIACHA.



MUINNTIR GHUILL & A MAC,
50 Sráid Uach. Uí Chonaill, ÁTH CLIATH.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services