Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Deire Fóghmhair, 1916
Title
Deire Fóghmhair, 1916
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uim. 7. DEIRE FÓGHMHAIR, 1916. Pinginn a Fhiacha. Cúnntas Cinn Lae. Leanbh scoile, do scríobh. Márta a 1, 1916. — Lá aonaig an lá indiu. Lá fliuch fuar ag na daoinibh atá ag déanamh cleamhnaistí. Chuala go raibh cleamhnas Phártholáin ó'n mbaile seo briste. Ní haon iongnadh é leis mar i tá a cheann liath le haois. Ní raghadh aon chailín chuige. Ceapann siad gur as a mheabhair atá sé chun bheith ag pósadh an taca so dá shaoghal. Ní raibh aon bhróga orm ag teacht go dtí an Sgoil indiu mar tá siad go giobalach. Fuair mo mhionáinín bás indiu. Rugadh an créatúir amuigh, is dócha gurb é an fuacht do mhairbh é. Márta a 2. — Bhí an lá indiu go ceathach agus go fuar ar feadh an lae. Chuala sgéal Áine Deibhlin indiu. Chuirfeadh sé aon chailín Gaodhlach ag gol. Márta a 3. — Nuair éirigheas ar maidin indiu bhí ana-mhórtas orm nuair a chonnac an cóta breágh lic oidhre ar an dtalamh. Seadh, fuaireas mo chláirín, seo chun na páirce móire me do bhí lán de leac- oidhre. Shuidheas ar an gcláirín agus bhí mórán leac oidhre cruaidh fúm. Go deimhin ní raibh aon choinne agam go mbrisfeadh sé fúm. Seo le fánaidh anuas me agus ana-éirighe anáirde orm. Acht b'fé gur baineadh an teasbach díom: Briseadh an leac oidhre fúm; thuiteas dem chláirín agus is ar éigint a bhí sé ar mo chumas me fhéin do tharrac amach as an uisge. Bhíos go salach agus go fliuch annsan ag teacht a bhaile chun mo mháthar. Márta a 4. — Lá breágh ag na daoinibh atá ag imtheacht go dtí an Sgeilg. Níor phós acht Muiris Ua Ceallaigh & Máire Ní Churráin timcheall na háite seo. Níor imthigh Pártholán, slán beó sinn, uainn an bhliadhain seo leis agus is baoghlach go mbeidh sé againn go bráth. Do cuireadh an ola ar dhuine bocht ó'n mbaile seo indiu. Do tógadh go dtí an ósbuidéal é agus is baoghlach ná mairfidh an fear bocht. Tá lán tighe de leanbhaí óga na dhiaidh gan duine ná daonaidhe sa bhaile a chuirfeadh práta ná meacain ná a dhéanfadh aon tsaghas gnótha eile dhóibh. Márta a 5. — Tá deire leis an Inid indiu agus nílmíd ag gol na dhiaidh. Táimíd marbh ó dhaoine bheith ag cur cleamhnaistí trí na chéile. Bhí ana- spórt ar feadh na hoidhche agam ag déanamh cístí milis. Is maith leis an aos óg an t-am so de'n bhliadhain. Bíonn a súile anáirde acu ag féachaint a bpósfadh aon charaid leo chun go nglaodhfaidhe chun an chóisire iad. Lá ana-fhuar an lá indiu. Ní furuiste do na páistí dealbha teacht go dtí an sgoil gan bhróg ná stoca ar a gcosaibh. Ní furuiste bróga do cheannach anois, tá gach aon nidh chómh daor ó thos- nuigh an cogadh mór so go bhfuil gach aon tír anois sáidhte isteach ann acht Ameireacá amháin. Márta a 6. — Ana-lá againn ar an sgoil indiu, tháinig bacach a' mhála isteach agus é ag amhrán do féin. Nuair do chuadhas a bhaile do bhí sean-bhean trí fichid bliadhain sa chúinne rómham. Ag bailiú giobal do bhí an bhean bhocht. Thug mo mháthair seana-bhríste fada lem athair di agus bhailigh sí léi go dtí tigh éigin eile. Márta a 7. — An chéad rud do dheineas indiu ná braonín té agus ubh lachan do chur síos dom féinidh. An dá uair dhéag d'imthigh an cóisire siar. Nuair a chual- amair é do léimeamair amach as an sgoil mar a léimfeadh giorrfhiadh as a nid. Bhí sé ana-fhuair san tráthnóna. Ceap- amair go mbainfí na cosa dhínn ag dul a bhaile. Chuamair i mball sa tsliabh a bhí lán de bhogach. Ach bé toil Dé gur thánamair as ar shlighe éigint agus do bhí bogach suas go glúinibh orrainn. Márta a 8. — Ba ghaothmhar & ba fhuair é an lá indiu. Bhí Peig Ní Chonchubhair ag innsint sgéalta dhúinn mar gheall ar Mháirín Clamparach & Dómhnall Ceatach. Is mór an chailín seóig í. Ní stadan sí ach ag gáiridhe i gcómhnuidhe. Bhíomair go léir timchioll leath uair na timchioll cois na teine indiu. Ba bhreágh leat bheith ag éisteacht léi ag cur gach aon tsaghas ruda tré na chéile. Is dóigh liom go mbeidh sí ag fanamhaint ó'n sgoil anois. Is go deimhin is go deo leat, beimíd ag gol na diaidh mar cailín ana-phleisiúrach ar fad iseadh í. Márta a 9. — Ba éachtach fuar é an lá indiu. Bhíomair ag dul isteach i sméar- óid teine a bhí sa sgoil againn. Acht nuair a bhí ár lón ithte againn d'eirigh- eamair is dheineamair an “rinnce fada.” Geallaim-se dhuit go rabhamair te ár ndóthain annsan is níor chuamair go dtí an teine a thuille de'n lá. Bhí an Chraobh i Sgoil na mbuachaillí aréir. Ní rabhas ann mar tá an cúrsa ró fhada ó bhaile & áit uaigneach iseadh an bóthar. Dá gcífinn tor nó aon nidh do dhéanfainn púca dhe. Márta a 10. — Lá ana-phléisiúrach againn sa sgoil andiu mar do dhóigh Peig Ní Chonchubhair stoca léi. Do bhain sí dhi a bróga chun a cosa do théidh leis an dteine. Níor mhothuigh sí aon nidh gur las a stoca uirthi. Bhí an cailín bhocht cráidhte ciapaithe annsain, bhíomair go léir ghá dheisiú léi. Tá piscíní ag mo chat. Do chaitheas isteach i mála iad & seo chun siúbhail me & chaitheas iad isteach san abhainn. Bhí gach aon “mhí abha” ag an gcat 'na ndiaidh. Ach i mbhriathar ná raibh aon bhrón ormsa 'na ndiaidh, na rudaí salacha! Márta a 11. — Lá breágh iseadh an lá indiu chun teacht go dtí an sgoil. Bhí an Scrúduightheóir annso go luath ar maidin. Bhí ana-eagla orrainn roimis acht nuair a tháinig sé isteach bhí sé go ciúin, socair linn. Fear ana-bheathuighthe ar fad iseadh é. Is ar éigin a bhí sé ábalta ar theacht isteach an doruis. Bhí hata dubh air agus dhá chóta móra, go deimhin níor bh'fhéidir do'n bhfuacht dul in aice a chroicinn. Ba bhreágh liom dá mbeadh an cogadh ar leath taoibh. Táimíd cráidhte ó iad a bheith ag árdughadh an airgid ar an ngráinnín té is siúicre gach lá. Márta a 12. — Lá ana-olc an lá indiu. Bhí ceathanna móra báisdighe ann sa tráthnóna. Bhíomair ag sileadh, báidhte, nuair shroiseamair an tigh. Ba dhóbair dom sleamhnu ins an abhainn, bhí a leithéid sin de thuile ann. Níl aon droichead ar an abhainn agus áit ana- chonntabharthach iseadh é do stróinséar- aithe. Is dócha go raibh cosa Pheig Ní Chonchubhair bocht leathta shar ar shrois sí an bhaile. Siúbhlann sí cúig mhíle go dtí an sgoil. Is luath ar maidin a chífeá ag teacht anuas an cnoc í nuair a bhíonn mórán des na scoláirí eile na gcodladh. Márta a 13. — Ní raibh breis ar sgoil indiu mar lá margaidh iseadh é. Coim- eádtar na cailíní sa bhaile i bhfeidhil an tighe.
Ciarraidhe. Má théighir go CILL ÁIRNE, cuir fút i dTIG ÓSTA UÍ IFEARNÁIN, KENMARE PLACE. An tig is fearr le Gaedhealaibh. Ní bítear dian san éileamh ann. Tá sé i gcómhgar an stásiúin ach leanamhaint ort i leith na láimhe clé. AN T-EMPÓRIUM, le M. Ó Súileabháin & a Mhac, CILL ÁIRNE. Éadathóirí Maithe Tá le fághail uatha: Lása Gaedhealach de'n déanamh & de'n phatrún is órnáidighe amuich agus saothar lámh is eadh gach órlach de. Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt datha. Ciarsúirí de'n línéadaigh atá oireamhnach do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh. Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath is ar gach gné datha. Bróga is Buataisí o Áth Cliath is ó Cheatharlach (Muintir Winstanlí & Mac Gabharnaigh a dheinean.) Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do deineadh. TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN, Sráid na nÁirne, CILL ÁIRNE. Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa Tigh Ósta so. Leabaidh, Breicfeast, Dinnéar, Té agus Freastal ar 5/- sa ló. BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe. Síol agus Leasú' don bhfeirm nó don gháirdín. Áthraighe Iarainn agus Stáin. Arán, Min, Plúr, Té agus Biotáile. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. An Mhin Choirce is fearr blas agus is mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA. Scríobh chuige. A Ghaedheala! Ceannuighidh róthar Gaedhealach .i. “An Lúcánia” (de dhéantús na hÉireann) ó Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat. Táilliúreacht agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i n-Éirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA., 11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CHLIATH. Do tugadh amach bratacha indiu i gcóir Lae le Pádraig gach aon bhrat bheag dá dhíol ar phingin. Táimíd ag rith go dtí gach aon bhothán ghá ndíol. Go deimhin níl breis ag rith chughainn dá gcean- nach. Táimíd dá ndíol chun teanga na nGaedhal do choimeád suas. Márta a 14. — Lá breágh iseadh an lá indiú ag na daoinibh ag dul go dtí an t-Aifrionn. Bhí ana-spórt againn san tráthnóna ag imirt “Laca Bog” agus ag léimridh ar fuaid na páirce. Márta a 15. — Lá ana-fhliuch ag na daoinibh ag dul go dtí an t-aonach ag díol na muc. Bhí ceó mór ar na cnocaibh, ní fheicfeá duine a chuir- feadh cipín dearg id shúile. Dhíol m'athair muc bhreágh ar sé púint ach im briathar ná raibh sé sásta. Is dócha ná beadh sé sásta dá bhfaghadh sé lán a hata d'ór. Bhíomair ag cócaireacht sa sgoil indiu. Do leig cailín do chuid des na cístíbh deasa dóghadh. Bhíodar chomh dubh leis an súgh, ní fheadar cad do bhí ar a súile ná feacaidh sí iad. Chuaidh mo bheirt dearbhráthar ag foghluim an druma go dtí Maistear Gaoithe is thánadar a bhaile timchioll a deich a chlog go tuir- ach i ndiaidh an lae. Márta a 16. — Bhíomair ag crith leis an bhfuacht ag teacht go dtí an sgoil indiu. Níl aon bhrógha agam acht rudaí stracaithe. Ní bheidís fiú amháin ag an dtinncéir mbocht. Nuair thánamair isteach bhí teine bhreágh dhearg rómhainn go raibh smután dá dhóghadh innti. Dubhairt m'athair liom dá ndíolfadh sé an bollán dubh go dtabharfadh sé pheidhre bróg dearg chúgham. Tá ana-Áthas orm mar ní bhfuaireas riamh bróga dearga. Táim ag guidhe d'oidhche is de mhaidin go ndíolfaidh sé an bollán. (Ní críoch). Sean-Amhráin. Bhfuil an chuid eile de'n rócán so ag aoinne de leightheóirí “An Lochrainn?” Codladh, codladh, circín donn Shin é 'n searrach brídeach, bradach Tríd an gcurrach chughag anall. An madaruadh ag casadh ar an mbuaile, &rl. Deallrochadh an scéal gur madaruadh a bhí ag cainnt le circ agus í os a chionn anáirde agus é sin ag dul timcheall, ag dul timcheall thíos fúithe go dtagadh méadhbhán' na 'ceann agus go dtuiteadh sí anuas chuige. Fear “An Lóchrainn.” Bean fhionn, ba bána ar béal bóthair, do'n té a ghoid mo sparán agus ná tabharfadh dom é. Bean fhionn, ba dubha i lúib coille, do'n té fuair mo sparán & thabharfadh dom é. Sean-Fhocail na Muimhneach. “An Seabhac” do bhailigh. Géanna. 23 — Ní sia gob an ghé ná gob an ghanndail. .i. Ní ceart dlígh do dhéanamh do dhuine seachas a chéile. 24 — Borradh an aon ghé. Borradh = fás. Nuair ná bíonn ann ach gé óg amháin bíonn an biadh go léir aige agus dá bhrigh sin bíonn “borradh an aon ghé” fé. 25 — An áit i mbíonn gé bíonn gann- dal ann. Is an áit i mbíonn bean bíonn clampar ann. Is dóigh gur fear searbhasach éigin a chuir an t-aguisín leis. 26 — Nuair a bhíonn an gé ar gor bíonn an ganndal breóite. 27 — Mar a chéile é — de'n ghé an t-ear- ball. .i. Tá “an t-earball” chomh cionntach leis “an ngé.” “An gé” = dream daoine go mbeadh rud déanta as an tsligh aca. “An t-earball” = duine go mbeadh gaol nó baint aige leis an ngé ach ná beadh ró-pháirteach sa ngníomh. 28 — Nuair a luigheann an gé luigheann siad go léir. Bíonn san amhlaidh ag daoinibh chomh maith le géannaibh agus ar ócáidíbh eile seachas luighe. Éanlaithe Eile. 29 — Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. 30 — Is mór an náire do Mháire Ní Dhálaigh bheith ar deire, bheith ar deire. Sin é adeirid na páistí leis an bpréachán deiridh a bhíonn ag teacht abhaile tráthnóna. Bros- tuigheann an préachán annsan. 31 — Teachtaire a fhiaigh ó'n Áirc. .i. An fiach a chuir Nóá amach agus nár fhill. 32 — Ní h-aon mhoill an fhaoileann nuair éirigheann an scadán. .i. Pé áit éiríghid na scadáin bíonn scata faoileann ann. 33 — Beidh rud ag faoileann fós is faoileann eile gan seóid. Déarfadh duine é sin tar éis an eiteachais d'fhagháil ó dhuine eile. 34 — Más gréagach an phéacóg ní pioc- tar a chnámh. .i. Cé gur breagh an cuma a bhíonn uirthi ní h-aon mhaith a feoil. 35 — Dálta na circe fraoich agus an fraoch. Deirtear nach maith leis an gcirc fraoich an fraoch d'ithe ar eagla ná beadh a dóithin aici dhe ar ball. Deirtear é sin le duine a bhíonn spárálach le rud a bhíonn go flúirseach aige. 36 — Is annamh súd lacha gan dúil i snámh. Duine go mbeadh dúil san ól aige adéarfadh é sin dá bhfiafruightí dhe an ólfadh sé deoch. 37 — Cuireadh an ghealbhain chun arbhair na gcomhursan. Déarfaí é sin le duine a bheadh fial le cuid duine eile.
38 — Tionnlacan an Philibín ó na nid. .i. Tu thionnlacan bóthar eile chun ná feicfeá rud éigin. Nuair a thagann duine i n-aici le nid philibín preabann sí amach agus leigeann uirthi go mbíonn sí leointe, go meallann sí an duine tamall ó'n nid. Deineann cearc fraoich an cleas céadna. 39 — An gobachán i mbéal na cuaiche. Rud ná tuitfidh amach choidhche. Nuair a raghaidh sí 'na béal tuitfidh an t-aer is an talamh ar a chéile, má's fíor. Gobachán = an t-éinín beag a bhíonn i ndiaidh na cuaiche i gcomnaidhe. 40 — Nuair a labharfaidh an chuach ar chrann gan duile. Is thiocfaidh Lá 'le Pádraig roimh Lá 'le Muire, Díol do stoc is ceannuigh lón. “An chuach ar chrann gan duile” = an t-Earrach a bheith chomh h-olc & chomh déidheannach san ná beadh duileabhar ar na crannaibh roimh theacht na cuaiche. 41 — Ní thagann an dá thráigh leis an ngobadán. .i. Ní féidir le duine bheith i dhá n-áit an uair chéadna. Gobadán = éan beag trágha. 42 — “Is mór an ní an neart!” arsan dreoilín nuair a chaith sé an chiaróg leis an bhfaill. 43 — “Sin comaoin ort a fhairrge mhór!! mar adubhairt an dreoilín nuair a chaith sé sileadh sa bhfairrge. magadh fé dhícheall ó dhaoinibh beaga iseadh uimhir 42 agus 43. Fir, Mná, Leanbhaí. Urmhór na sean-fhocal atá ann is ag tagairt do'n duine nó do thréithibh nó do bhéasaibh an duine a deintear úsáid díobh. Is minic ins na sean-fhoclaibh sin ná bíonn trácht thar an duine féin i n-ao' chor, ach thar ainmhidhe éigin nó éan éigin nó rud ar bith eile go bhféadfaí cosamhlacht éigin d'fhagháil ann do thréithibh an duine. Is gunta, géar iad cuid de sna cainnteannaibh san, & dar le duine, is mó an ghéire agus an greann a bhíonn ionnta i dtaobh is nach tagairt chruinn, díreach ar an duine a dheinid. Ach tá roinnt mhór sean-fhocal ann ag tagairt go lom, díreach do'n duine agus ó's iomadach iad tréithe cuirp & aigne duine is mór a bhfuil de shean-ráidhtibh agus do ghnáth chainnteannaibh na dtaobh. Tá oiread san ann díobh gurbh' éigean iad a roinnt na gcodaibh do réir na tagairte atá ionnta. FIR. 1 — Is mairg tigh ná taithighid fir. .i. Ná bíonn ann ach mná. 2 — An fear láidir nuair is maith leis é, Agus an fear lag nuair a fhéadann sé. 3 — Fear graftha, fear fiadhaigh & fear gaoithe. .i. Trí shaghas fear a bhíonn ann. 4. — Níl laoch dá thréine ná faghtar fear a chlóidh. .i. Chun é do chlaoidhe. 5 — Fear beag ar árdán nó fear mór i n-ísleán. Chum comhthrom a dhéanamh. 6 — Is fearr firín i bhfearaibh ná fear i bhfirínibh. 7 — Ní h-iad na fir fhada a bhaineann an foghmhar go léir. 8 — Ní fear é ar aonach ná ar mhargadh ná ar phoball an Aifrinn. Le duine beag suarach adeirtear é sin. 9 — Is minic a bhí fear maith i sean- bhríste. 10 — Is minic a bhí fear fada gan a phaidreacha. .i. Duine taibhseach gan eolas ar a ghnó. 11—Is maith iad na fir go h-am caithte cuid. .i. Go h-am bhidh. Deinid saothar mór ar an mbiadh leis, ach ní moltar é sin. 12 — Fear díomhaoin is buaidhirt é. 13 — Fear óg díomhaoin adhbhar an tsean- duine bhuain. 14 — Is tinn fear coise 's is ocrach fear láimhe. Fear coise = duine bhíonn ag siubhal. Fear láime = duine dheineann obair láimhe. 15 — Ní raibh cuibheasach 'na thigheasach mhaith riamh (nó 'na thaoiseach mhaith). Cuibheasach .i. duine ná bíonn ró dhúthrachtach. 16 — Is minic a thuit fear maith i mbual- taigh. .i. É thuitim aon uair amháin — ní dhéanfadh san drochfhear de dhuine. Ní h-é a locht é, b'féidir. 17 — Is sirriam teallaigh gach fear ar a thinteán féin. 18 — Frighdeoir fir nó raedóir mná. Ní maith iad. 19 — Deire fir a suan is bean 'á faire féin suas. .i. Is tugtha a bhíonn fir do chodla a dhéanamh ná mná. 20 — Bíonn múineadh ar fhear ó bhaois go bás, Is ní bhíonn múineadh ar bhean go lá an bhráith. .i. Lá na breithe. 21 — Is fearr lán duirn d'fhear ná lán gaid do mhnaoi. Chun oibre. MNÁ. 22 — Bean dubh ar tosach an uilc, Bean bhán ar tosach na ngrást, Bean ruadh ar tosach an tsluaigh. 23 — Bean gheal dubh an bhean is breaghtha amuich. 24 — Comhairle mná gan iarraidh ní raibh sé riamh ach sonaidhe. 25 — Is mairg nach comhairlidhe dho bean. 26 — Is mairg ná deineann comhairle deagh-mhná. 27 — Is leath beathadh bean mhaith tighe. 28 — Ní bheadh sí 'na codladh is an líon ar an lochta. .i. Bheadh sí ag sníomh. Le bean dícheallach déarfaí é sin. 29 — Is fearr bean bheag deas ná bean mhór gránna. 30 — Cara mná tighe. Do chomhairligh an Gobán Saor dá mhac pé áit a raghadh sé bheith go mór le bean an tighe. Is mó maith bheadh ar a cumas. 31 — Toghaibh an bhean do réir a dúthchais. .i. Do réir na muinntire tháinig roimpi. (Tuille le Teacht.) Leabhair a Thaithnfidh le Gaedhlaibh, Idir Labhair Ghaedhilge agus Leabhair Bhearla, le fághail uainn-ne. Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg clár na leabhar Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i Siopa na Leabhar nGaedhealach. SRÁID ÍOCH BHAGÓID, a 50. BAILE-ÁTHA-CHLIATH. Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” Cill Chaoi, Condae an Chláir. DEAGHBHIADH agus SEOMRAÍ DEASA. Cuir leitir nó sranngscéala chun INGHEAN UÍ GHRÍOBHTHA, 23 Bóthar na Trágha, Cill Chaoí. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/- go 10/6. Rásúr “Cosanta” ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-; gheobhair ceann aca san & trí lanna “Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3, tríd a' bpost. CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar 7d. tríd a' bpost. MAC CUILINN, 35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. Im ar fheabhas an domhain é seo: IM C.C.C. Nuair a bheir 'á lorg ar fhear an tsiopa, féach chuige go mbeidh an cómharta so ar chlúdach gacha bosca: Is ann is féidir é cheannach in a mhórchodaibh ag an 21adh tigh ar CHALADH NA gCHEANNAITHE (Merchants' Quay), I gCORCAIGH.
DO LUCHT-DRÁMAÍ-A-LÉIRIÚ. Tá gach saghas éide, peribhicí, &c., i gcóir drámaí go mór-mhór i gcóir Drámaí Gaedhealacha le fághail uainn-ne, ar iasacht. Níl 'oiread san de sna rudaí sin ag duine ar bith eile in Éirinn. PÁDRAIG Ó SÚILEABHÁIN & a Chua., ‘Theatrical Outfitters,’ 38 SRÁID MHÓR SHEOIRSE, I gCORCAIGH TÁ CÓISTÍ & MÓTAIR d'á ndeanamh againn-ne. Cuirimíd GLÉAS GÓMA (rubair) FÉ ROTHAÍ CÓISTE gan ró-mhoill. CROS agus a CHLANN MHAC, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), CORCAIGH. A BHEAN A' TIGHE! Cad é an saghas plúir a bhíon agat? Is é an PLÚR “EAGLE,”an plúr is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus an PLÚR “LION” is fearr do lucht-aráin-a-dhíol. Muíntir Mhic 'ille Sheathanaich a dheinean i gCorcaig. GEO. SHAW & SONS, Muileann Sain Seán, i gCORCAIGH. RADHARC DO SHÚL! Féach chuige go bhfuil i gceart. Nuair a bheir i gCorcaigh, glaodhaig isteach ar Ó MANGÁIN, 3 Sráid Phádraig N., Corcaigh. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuidh TÉ, MÍSLEÁN IS SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, ó MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., 2 An Mheadhon-tSráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. Tá 200,000 Barailí Plúir da dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: "Hallinan, Midleton.” Guthán: 7 Cork; 1 Midleton. Leabhair Ghaedhilge agus Leabhair Bhéarla i dtaobh na hÉireann. Le fághail ó CHONCHUBHAR Ó CAOIMH, 70 Sráid Sheoirse, CORCAIGH. I n-Éirinn a Deintear “BRÓGA na LAOÍ.” Táid le fághail i ngach sráid bhaile. An Lóchrann. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh … an Fear Gnótha. An Seabhac, i gCill Áirne … An Fear Eagair. Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain. Dá choip tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain. Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur. Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní, &c., do chur. Ó Cuill & a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh. Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath Na Díoltóirí. Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. DUAISEANNA. Do chuireamar 3/6 an duine ag triall ar na daoine seo do chuir bailiú sean- aimsireachta ag triall orainn. Séamas Ó Caomhánaigh, Dúncaoin, Eibhlín Ní Mhuircheartaigh, Ceanntrágha, Séamas O Caomhánaigh, Rinnbheag, An Daingean, Tomás Ó Criomhthain, An Bloscaod Mór. An tAthair S. Ó Ceallaigh ó'n gCaisleán Nuadh dobhronn urmhór an airgid sin orainn. Nár fheicidh sé lá dealbh go deo. Tá £5 eile againn fós le bronnadh 'na dhuaiseanna ar dhaoinibh óga. An Tighearna Ashbourne (.i. Mac Giolla Brighde) agus Liam Ó Domhnaill do thug san dúinn. Is Fial uatha é agus táimíd buidheach díobh. Anois, a chlann ó, seo chun saothair libh. Aon Chailín nó buachaill ó aon áit a Chuirfidh rud chugham a gheobhaid ósna seandaoine agus gur fiú é chur sa “Lochrann” — tabharfad duais dóibh. Fear “An Lóchrainn” Sgeul an Iasgaire. Bhí iasgaire bocht ann fadó agus is Fad o shoin a bhí agus beidh arís leis. Chuaidh sé amach lá ag iasgach le na bháidín beag, & níor mhairbh sé aon iasc an lá san ná'n lá 'na dhiaidh. Chuaidh sé amach an tríomhadh lá agus d'éirigh fear aníos chuige as an bhfairrge 's dubhairt sé leis: “Má thugann tú annso chugham- sa an cheud duine cloinne bheidh agat, gheobhair do dhóthain éisc le marbhú acht caithfidh tú gheallamhaint dómh-sa go dtabhairfidh tú chúgham-sa do mhac nuair a bheidh sé bliadhain is fiche dh'aos.” “Maith go leór,” adubhairt an t-iasg- aire, “gheobhair é má bhíonn sé agam,” Mar bhí an t-iasgaire seo pósta le roinnt bliadhanta agus ní raibh aoinne cloinne aige. Amáireach a bhí chugainn chuaidh sé amach ag iasgach timcheall an láthair cheudna is ní raibh sé i bhfad ag iasgach nuair a bhí a bháidín lán d'iasc aige. Chuaidh sé abhaile le na chuid éisc & do chuir a bhean ar siubhal é chun tuille mharbhú, an lá ceudna. Thug sé leis abhaile an tarna bhád, agus chuir a bhean ar siubhal arís é a d'iarraidh an tríomhadh báid an lá ceudna. I gcionn sgathaimh bhí seirbhísigh aige ag cur éisc ar salann agus ag tabhairt aire dho. Ba ghearr go raibh sé ábalta ar bhád mór do cheannach agus dhein sé palaís mór chun an éisc do leasughadh agus bhíodh sé ag deunamh trácht mór ar an iasc. Ins an tigín beag bhí sé na chomhnuidhe riamh. Chuaidh sé, lá, ag iasgach. D'éirig an fear aníos chuige as an bhfairrge. “Cad tá uait indiu?” Dubhairt sé leis an iasgaire. “Dubhairt mo bhean liom tig breagh iarraidh ort,” ar seisean. “Téir abhaile agus beidh sé romhat,” adubhairt an fear. Nuair a chuaidh sé abhaile bhí cúirt bhreagh ins an áit a raibh a bhotháinín & nuair a tháinig sé go dtí an tig, níor aithnigh sé é le breagh- thacht na cúirte, go dtí bhfeaca sé a bhean sa dorus. Bhí sé annsan go lán tsaidhbhir & bhí suidheachán amach sa lána agus bhíodh a bhean 'na suidhe ar an suidh- eachán gach aon lá breagh. Bhí an sgeul go maith aige go dtí go raibh a mhac ag tarrac ar bliadhain is fiche dh'aos. Annsan do bhí sé ag dul i ngreannmharacht mar bhí buaidheart aig- nidh air nuair a bhí fhios aige go raibh a mhac le sgaramhaint leis. Bhraith an mac an t-athair ana-dhólásach agus “'Athair” adubhairt sé “caithfir ínnsint domh-sa cad é an bhuaidhirt aigne atá ort.” “Ná bac leis, a mhic,” adubhairt an t-athair, “ní fheudfainn a ínnsint duit.” “Bhuel,” arsa 'n mac, “ní íosfad aon bhéile ar aon bhórd leat go dtí ínnsir dom é.” Sa deire d'innis an t-athair dó focal ar fhocal conus mar a bhí agus cad a bhí le h-imtheacht air. “Ó athair,” arsa 'n mac, “ná biodh aon bhuaidhirt aignidh ort, deunfadsa é sin.” Nuair a bhí an t-am istigh d'imthigh sé leis an athair amach ar an mbáidín agus d'éirig an fear aníos as an uisge. “Maith go leór, tá'n tú ag seasamh let' fhocal,” adubhairt sé ag breith ar an mbuachaill óg & 'á thabhairt síos sa pholl is as leis go deó. Chuaidh an t-athair abhaile go dubhach brónach 's ní chuaidh sé amach ar an bhfairrge go ceann seacht mbliadhan ó'n lá san. Annsan éirigh an fear aníos as an bhfairrge agus a mhac, is dubhairt an mac: “Dé do bheatha annso athair.” Dubhairt an fear leis ann- san: “Ó bhís chómh maith agus do mhac thabhairt chugham-sa an lá poínnteáltha tabhair abhaile anois é agus mairfidh sé in aonar leat go deo 'fís.” Chuaidh an fear abhaile & le bárr Áthais níor mhairbh sé aon iasc an lá san. Do mhair sé féin agus a bhean agus a mhac go lán tsaidhbhir agus go lán tsásta as san amach. “Sin é mo sgeul-sa & má tá breug ann bíodh.” Leabhair agus Peictiúirí cun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
CASFAM ARAON NA GÉANNA RÓMHAINN. Fonn: “Mo chraoibhín aoibhinn áluinn óg.” I. Tráthnóinín saoire ar bhuidheachtaint na gréine, Do dhearcas an spéir bhean bhéasach óg, Ag taisdeal am choinnibh trí imeall na sléibhte, Bhí lasadh na gcaor 'na gné 's na snódh. Ba chamarsach triopallach fionna-chas néata, Ag casadh 's ag filleadh le hiomradh céile A bearta na ndualaibh ag tuitim go féar léi 'S í ag casadh na ngéanna ó'n ngaortha ar neóin. II. Do dhruideas 'na coinnibh go h-innealtha éasga, 'S do bheannuigheas go séimh do'n réil- thin óg. D'fhiosras di-si: An ngeóbhadh liom mar chéile Nó “bhfuil ceangladh cléir ort le héin-fhear beó Má thigeann tu liomsa gheóbhair fairsing a's féile Cion agus urraim thar a maireann de bhéithibh Mise 'gus tusa ag súgradh le chéile Agus casfam araon na géanna rómhainn.” III. Sé dubhairt sí, am' fhreaghradh: “Ní oir- eann do sgéal dom, Imthig, a réice agus déin-se do ghnó; Níl eólas agamsa ar do shaidhbhreas saoghalta, A's ní chreidfinnse bréithre baotha ót' shórd; Dá n-imthighinn go dealbh gan talamh gan tréadtha Bheadh mo mhathair a's mh'athair ag cais- mirt 's ag plé liom, Triall-se ort a bhaile chomh tapaidh a's 'fhéadfair Agus casfaidh me féin na géanna rómham. IV. Bheurfad eolas duit feasta ar mo shaidhbhreas saoghalta, Suidh annso taobh liom féin go fóil; Beidh do bhólacht go fairsing is do bha boga ag géimrigh, Tighthe deas aoltha déanta ad' chóir; Beidh do sheisreach capall ag branar 's ag raobadh, Gasra d'fhearaibh ag grafadh na sléibhte, Mise 'gus tusa a' bhalcaeracht le chéile, Agus casfam araon na géanna rómhainin. V. Ní slighe dhuit chun martha bheith ag rac- aireacht éithigh A's mé fhágaint at' dhéidh i léan 's i mbrón, A's gur bhaoghal duit na flaithis do dheasgaibh mé thréigion, Dá ndéanthá-sa bréag ar sgéal dá shórd; Do bheadh mallacht na n-easbol 's na n-aingeal go léir ort Mo mháthar is mh'athar is na hEaglaise naomhtha Ghom chlaonúghadh le cleasaibh chun peacaidh do dhéanamh Ag casadh araon na ngéanna rómhainn. VI. Ní slighe dhom chun martha bheith ag rac- aireacht éithigh As go bhféadfaidh tu féinig feuchaint rómhat Go ragham go dtí an sagart chun mar gadh dhéanamh As ceangal ó'n gcléir bheith orrainn féin go deo; Ní le súil go bhfaghainn rachmus ná ana- chuid spré leat, Acht taithneann do phearsa, do mhaise a's do mhéinn liom, Is ró gheárr a mhairfead, mo cheasna mara réidhfir — Agus casfam araon na géanna rómhainn. M Ó Briain PAIDREACHA. 1. Paidir le rá i dosàch drohid. Socharuid aingil, easbuig agus nuív hàcht i goingí w' anama i nrohad flahas Dé. 2. I nayig a Troum-ly. Anna máhir Wiri agus Muiri máhir Iosa, Elísh dáivireach máhir Oin Baishti, cuirim an triúr san 'dir mi agus galar na leapa, 'dirmi [? agus] múcha, bá, ná bas ná bás doracha na híhi. Téam er chumaruív Chroish na meaun ó gach aunsprid har mo hív, á iaruig er a Groish gur ciàsam [? ciàsag] Críost hàcht 'dir mi 'gus a troum-ly amucht agus blien ó anucht, le cônav Dé. 3. Er dul do leabuig duit. Luíghim le Dia agus go luíghi Dia liúm. Gläim Dia mar àhir 'gus Muiri mar wáhir, flahas Dé mar ghúhig, agus diúlhím don Airshóir. Rér Dé go nini- míd, beaha na näv go dilimíd, ceó na naingcal go gloishimíd, agus solus shíory na vlahas go vicimíd, is amen. 4. Er dul do leabuig duit. Luíghim sa leabuig sho mar a luíhad san ueg, 'gus dinim m' wishdin go crueg leat, a Ghia; asblóid iaruim ort, ó a Hiarna Iosa Críost; a Wiri Veanuihi, a Wayidean ró-ghlórwar, túir rayarc 'om er do hayileach wuar-chóchtach, solus na suílshi, rayarc na Trionóidi, grásda na foyingi i nay' na hiàgóra. Gläim im chauir tu, a Wayidean ghlórwar, a wáhir Dé agus a rélhan an óluish, a wauríon veanuihi, freaguir is fóir orom, is fwayig ód' leanav dom cuírean den ghlóiri. Cros na naingil sa leabuig a luíhad, 'gus brän dá ngrásduiv er lár a chruí agùm; bratàch na vlahas go leattar am hímpal, tógáil cheó na beacuí díom-sa. 5. I nayig tingish fiacal. Nuer a chíhig duini an chiàd glimshe den ghealàch nó, teacht er do ghlúiniv agus a reá: Ar nàhir atá er neav. Go meanuihar doit, a Wiri, ty lán do ghrásda, tá'n Tiarna at ochuir, is beanuihi 'dir vnáiv hu is beanuihi tora do vruingi Íosa. Glóir agus onórú don Ahir agus don Wac agus don Sprid Näv, mar a ví er dúish, mar atá fós, mar a veg le säl na säl. Amen. Aharáluim suas iad-so a nonóir do Ghia agus do Wiri's do wan- näv na fiacuili. Peg Ní Ghonochú, Caruig an Aymuid, d'inish; Fear Heasana do hláhir. Aonrud mar LEACHT AR UAIGH nó ALTHÓIR don TEAMPALL San Aolchloch nó sa' Mharmar, déanfaidh SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Ar Fheabhas é. Scriobh chuige. SLIGHE BHEATHA MHAITH DOD' MHAC! Cuir chúgham-sa é agus múinfead dó conas bheith in a SHEOLAIDHE SCÉALA-GAN- SRAÍNNG Fé cheann ráithe nó leathbhliana. Scríobh ar lorg an réimleabhráin. TOMÁS Ó SÚILEABHÁIN (Ó Uibh Ráthach) “SCHOOL OF WIRELESS TELEGRAPHY,” CORCAIG. Ó SCANNLÁIN is a Chlann Mhac, Lucht Urudhais ar thighthe is ar thalamh. Reiceadóirí agus Fir-inid do lucht fearainn. Seomraí Ceanta ag 16 & 17 Sráid Chook, Corcaigh. Gaedhil is eadh sinn-ne, is ní nár linn é. Geobhair deaghmhargadh uainn-ne i gcomhnaidhe. TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol- faimídne an postas ar cheithre púint de. PLÚR Gaedhlach. MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min bhuidhe. SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas. SEÁN & TOMÁS MAC CURTÁIN, Sráid a' tSeandúna & Sráid Thomáis Dáibhios, CORCAIGH. Earraí Gaedhealacha do Ghaedhlaibh! Léinte. Lámhainní. Carabhata. Stocaí “Guailneáin” Bróga. Caipíní agus Hataí. ó TH. Ó LOCHLAINN, 19 Sráid na Páirliméide, Baile Átha Cliath. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht Comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar Chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
Fógraí ó Chorcaigh. Táid so 'á ndéanamh againn-ne — Éide Sagart, Áthraighe Althóra mar chailísí, miasa, &c. Croiseana den déanamh CEILTEACH in ór nó airgead geal, agus Paidríní. Liam Mac Aodhgáin & a chl.-mhac Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor. Ceannuigh Stalc Silverspring agus “gorm” Silverspring. I ngleann Maighir, i gCorcaigh, a deintear. Coláiste Cholmáin Naomhtha atá ag Mainistir Fhear Muighe (FERMOY), I gCÚNDAE CHORCAIGHE. Ag seo líon na nduaiseann a bhuaidh scoláirí an Choláiste, i mbliana (scrúdú na meadhon-scol): BUINN, mar chomharthaí feabhais 3 cinn MÓR-DHUAISEANA, len a n-abarthar “Exhibitions” 7 gcinn LEABHAR-DHUAISEANA 10 gcinn DUAISEANNA ar scriobhadh na dteangacha 5 cinn An t-iomlán 25 duaiseana An t-é atá ar lorg gacha eolas i dtaoibh an Choláiste scriobhadh sé ag triall ar An Athair Tomás Tóibín, Uachtarán, agus beidh freagra aige aige gan ró-mhoill. Aon rud i bhfuirm Éadaigh do Fhearaibh tá ag Séamus ó h-Aodha, 10 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh. Troscán Tighe agus Gach Cóir Leabthan! Tá flúirse de sna h-earraí a deintear in Éirinn le fághail uaim-se ar an bpinginn is lúgha. M. Ó RIAIN, Siopa Oluir, 36, 37 Sráid an Rí, CORCAIGH. RIDIRE NA gCLEAS. Bhí fear aon fad ó, is minic a bhí agus beidh go deo. Ní raibh aige acht aon mhac amháin agus do bhí sé ana cheanamhail air ó cailleadh a mháthair. Tháinig sé seo — Ridire na gCleas — chuige isteach tráthnóna agus d'iarr sé lóistín dó féin agus d'on dáréag do bhí i n-éinfeacht leis. Dubhairt fear an tighe go bhfaghadh agus fáilte. D'ollamhuigh sé suipéar breágh dhóibh chomh maith a's bhí sé aige, agus nuair a bhí an suipéar caithte aca d'iarr an Ridire ar an dáréag éirighe 'na suidhe agus píosa gaisgidheachta do déanamh do'n bhfear. D'éirigh an dáréag agus rinneadar píosa gaisgidheachta, agus ní fheacaidh an fear riamh píosa gaisgidheachta mar é. “Mhaise,” dubhairt sé, “níor bhfeárr liom a bhfuil de shaidhbhreas agam ná dá mbeadh mo mhac ábalta ar an méid sin do dhéanamh.” “Más maith leat é bheith go maith,” arsan Ridire, “leig i n-éinfeacht liomsa é go ceann lae agus bliadhna agus beidh sé chomh maith le ceathrar donn buachaillibh féin” “Leigfead,” arsan duine macánta, “ach go dtiubhraidh tú ar ais chugham é i gceann na bliadhna.” “O tabharfad gan dabht,” arsan sear eile. D'fhanadar annsan go dtí lá'r na mháireach agus do leig an fear an mac leo. Nuair do bhí an lá agus bliadhain caithte bhí súil ag an bhfear leo, agus sa deire thánadar. Nuair á bhí an suipéar caithte aca dubhairt Ridire na gCleas leis an dáréag éirighe 'na suidhe agus píosa gaisgidheacta do dhéanamh fé mar a dheine- adar cheana. Anois do bhí a mhac féin ann agus bhí sé i ngarr do bheith chomh maith le ceathrar aca. “Níl sé 'na ghaisgidheach fós chómh maith leis na fir seo,” arsan Ridire, tacht leig liomsa é go ceann lae agus bliadhna eile.” “Leigfead,” ar seisean, “acht go dtiubh- raidh tú ar ais chugham é i gceann lae agus bliadhna,” agus dubhairt an fear eile go dtabharfadh. D'imthigheadar leo lá 'r na mháireach arís, agus igceann lae agus bliadhna do chonnaic an fear chuige arís iad. Thug sé fáilte agus suipéar maith dhóibh le luthgháire iad do bheith ar ais arís gus a mhac leo. Nuair a bhí an suipéar caithte aca arís dubhairt an Ridire leo éirighe na suidhe agus píosa gaisgidheachta do dhéanamh. D'éirigheadar 'na seasamh trí fir déag agus budh é mac an fhir do b'fhearr díobh. Níor fhéad fear ar bith aon cheart do bhaint de acht Ridire na gCleas féin. Dubhairt fear an tighe ná raibh aon fhear anois chómh maith le n-a mhac féin. “Níl go deimhin,” arsa Ridire na gCleas, “aon fhear chómh maith leis acht mé féin agus má leigeann tú liomsa é go ceann lae agus bliadhna eile beidh sé na gháis- gidheach chómh maith liom.” “Mhaise cad na thaobh ná leigfinn,” arsan fear bocht agus nior chuimhnigh sé ar a iarraidh ar an Ridire an mac a thabhairt ar ais arís chuige agus níor chuir sé ar a shúilibh do é acht oiread. I gcionn lae agus bliadhna dho bhí an fear bocht ag súil leotha arís acht ní rabhadar ag teacht. “Pé an diabhal áit de'n domhan go bhfuil mo mhac-sa,” adubhairt sí leis féin, “caithfead é d' fhagháil amach.” Shocruigh sé é féin suas chun an bhóthair agus d'imthigh sé air trí oidhche agus trí lá ag suibhal go dtáinig sé go dtí tigh breágh mór agus amuigh ar aghaidh an dorais mhóir do bhí trí fir déag ag bualadh báire ann. Do sheasaimh sé ag féachaint orra agus do thug sé fé ndeara go raibh aon fhear amháin ag bualadh le dáréag aca. D'imthigh sé isteach i na measg agus do fuair sé amach gurab é a mhac féin do bhí ag bualadh leis an dáréag aca. Do chuir sé fáilte roimh an athair annsan agus dubhairt sé leis ná raibh aon bhreith aige air féin anois mar nár dhéin sé a ghnó i gceart nuair a bhíodar 'á fhágaint. “An diag go bhfuil an ceart agat,” arsan t'athair. “Anois,” arsan mac, “Ní bhfaghair féachaint orm anocht acht déanfar trí colmáin deag dínn agus caithfear gránacha coirce ar an úrlár agus déarfaidh Ridire na gCleas má aithnigheann tú do mhac orra san go bhfaghaidh tú é. “Cogar anois,” ar seisean. “Tá comhartha agamsa le tabhairt dhuit. Ní bhead sa ag ithe aon ghráine de'n choirce, acht beidh mé ag dul anonn 'sa 'nall ag gabháil de ghob ar an gcuid eile des na colmánaibh. D'fhág an mac é annsan agus do chuaidh an t'athair isteach go dtí an tigh agus do chuir Ridire na gCleas fáilte roimis. Dubhairt an fear go dtáinig sé d' iarraidh a mhic nuair nár thug sé leis é nuair a bhí an lá agus bliadhain caithte. “Níor chuiris insan margadh é,” arsan Ridire, “acht ó tánaís chomh fada san dhá iarraidh gheobhaidh tú é má's féidir leat é aithint. Rug sé isteach é go dtí an seomra go raibh na trí colmáin déag ann agus dubhairt sé leis toghadh a dhéanamh anois agus má b'é a mhac féin bhéarfadh sé de. rogha leigint do é chongbháil. Do bhí a mhac féin ag gabháilt anonn 's anall fé mar a dubhairt sé agus dubhairt an fear gurab é sin a rogha. “Tá do mhac agut anois,” arsan Ridire, “agus féadfair é chongbháil.” Do bhí an fear sásta annsan agus d'imthigh sé an bóthar é féin is a mhac. Nuair a bhíodar ag dul abhaile thánadar go dtí baile mór go raibh aonach ann. Bhíodar chun dul isteach san aonach nuair d'iarr an mac ar a athair téadán do cheannach, agus adhastar do dhéanamh de. Déanfadsa siorrach díom féin agus díol- faidh tú mé ar an aonach so. Tiocfaidh Ridire na gCleas chughat ar an aonach agus ceannóchaidh sé mise uait. Nuair a bheidh tú am dhíol ná tabhair an t-adhastar uait acht coinnibh é agus féadfadsa teacht chughat arís. Dhein an mac siorrach de féin annsan agus do chuir an t-athair an t-adhastar air. Tharraing sé suas ar an aonach é agus ní raibh sé i bhfad ann nuair a tháinig an Ridire chuige agus d'fhiafruig sé dhe cé méid a bhead uaidh ar a' siorrach. “Trí chéad púnt,” arsan fear. “Tabharfad-sa é sin duit,” arsa Ridire na gCleas. D'imthigh an Ridire leis an siorrach agus
d'imithigh an fear abhaile agus an t-adhastar aige. Ach ní raibh sé ach amuigh as an aonach nuair a bhí a mhac suas leis arís. “A athair,” ar seisean, “tá aonach ar a leithéid seo d'áit amáireach agus raghaimíd isteach ann.” An lá ar na mháireach do dhein an mac siorrach dé féin, agus do chuir an t-athair an t-adhastar air. Do bhí Ridire na gCleas arís ar an aonach agus thánaigh sé go dtí an fear agus d'fhiafruigh sé dhe cad air a dhíolfadh sé é. “Sé chéad púnt,” arsan fear. Thug Ridire na gCleas leis siorrach agus do choimeád fear an t-adhastar. Ní raibh sé ach i dtaobh amuigh do'n beárnain nuair a bhí an mac arís chuige. Bhí aonach i n-áit eile lá ar na mháireach agus do chuadar ann. Do dhein an mac siorrach de féin agus do chuir an t-athair an t-adhastar air. Ní raibh sé ibhfad na sheasamh istigh nuair a tháinigh an Ridire chuige arís. Dh fhiafrnigh sé den fhear cad air a dhíolfadh sé an siorrach breágh do bhí aige ar adhastar. “Naoi gcéad púnt” ansan fear. Chuir she lámh 'na phóca agus thug sé an t-airgead do'n fhear, agus d'imthigh sé leis chomh tapaidh sin nár chuimhnigh sé ar mhargadh an adhastair do dhéanamh leis. Bhí an t'athair ibhfad ag feitheamh ach ní raibh an mac ag teacht. Thug Ridire na gCleas abhaile leis é agus do dhroch-úsáid sé an buachaill bocht agus ní leigfí amach in aon chor é. Thuit sé amach gur chuaidh an Ridire as baile lá agus nuair a bhí sé ag imtheacht do cheangail sé an garsún bocht insan t-seomra ab'aoirde insan tig. Nuair a bhíodar go léir imthighthe annsan acht é féin agus an cailín, d'iarr sé deoch uisge uirthe in ainm Dé dubhairt an callín go mbeadh eagla uirthe go bhfaghadh a máighistir amach é agus go marbhochadh sé í. “Ní chloisfidh duine go deó é” ar seisean “ná bíodh aon eagla ort Ní mise 'neosaidh dó é ach go h-áirigthe.” Sa deire thug sí suas an deoch uisge chuige agus nuair a bhí sé ag ól an uisge do dhein sé eascú dhe féin agus chuaidh sé síos ins an soitheach. Do bhí srothán beagh idtaobh amuigh don ndoras agus do chaith sí an fuighleach do bhí insan soitheach aice amach insan srothán agus d'imthigh sé leis féin na eascuin tríd an abhainn abhaile go dtí na athair. Do chuir an t'athair fáilte roimis agus mhaireadhar go sásta as san amach agus bhí ramsach as an airgead go léir aca. Siobhán Ní Chléirigh, Cuaisín Bhaile Móir, Daingean Uí Chúise. An té go mbíonn feidhm air bíonn pheidhre casóg air 'S an té go mbíonn meidhl air bíonn pheidhre samóg air. Cabhair Dúinn so: Nuair a bheir ag scrí chun lucht siopa nó ag caint leo, cuir in-iúl dóibh, le d'thoil, gur sa “Lóchrann,” a chonnaicís an fógra aca. Cosa Buidhe Árda Do'n Aos Óg. FUAIREAS-SA CUIREADH CHUN DUL AR A' bPÓSADH. (Abhrán Luasgaigh). Fonn: "Sagart na mBútaisí.” Fuaireas-sa cuireadh chun dul ar a' bpósadh Hoxty ody hickety um Is olc do chuaidh an cuireadh san dómh-sa Hoxty, etc. Dóghadh mo stocaí is goideadh mo bhróga Hoxty, etc. Is thuit mo bhean in oidhean na feola Hoxty, etc. Ní bhfuaireas-sa sgian ná forc chun a thógtha Hoxty, etc. Ach sgian do bhí briste is forc do bhí leóinte Hoxty, etc. Do liúigh sí is bhéic sí gur stracas a cóta Hoxty, etc. Is thug sí annsain clobhta treasna na srón dom Hoxty, etc. D'fhágas-sa thíos í go raibh sí dóighte Hoxty, etc. Is dheineas-sa féin mo mhéaranna dhóghadh léi Hoxty, etc. Do tháinig an gruagach uasal módhmharach Hoxty, etc. Is thóg sé mo bhean as coire na feola Hoxty, etc. D'fhiafruigh sé dhíom an inghean dom an óig- bhean Hoxty, etc. Dúbhartsa nárbh eadh gurbh í mo chéad bhean póst' í Hoxty, etc. Gaibh-se an tsliabh is raghadsa an bóthar Hoxty, etc. Is piacu againn leanfaidh sí bíodh sí go deo aige Hoxty, etc. Chuadhas-sa an tsliabh is chuaidh seisean an bóthar Hoxty, etc. Is lean sí an gruagach ó 's aige bhí an óige Hoxty, etc. Do shuidheas ar bloicín is do ghoileas mo dhóthain Hoxty, etc. Bhí tarra ar an mbloc do loit mo chasóg orm Hoxty, etc. Finghín na Leamhna do sholáthruigh i gCorca Dhuibhne. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn H. JOHNSTON, TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Teo., Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Píanó Ceart Gaedhlach ar £32! Tá píanacha 'á n-déanamh in Éirinn anois, ag Pigott & Co. Ltd., Luimneach, Ath Cliath is Corcaigh. Guailneáin. Seandúna. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Tráth bhriseadar na humaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. "Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces” Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach "Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Port an Phápa, CORCAIGH. CHÓMH-BLASTA LE hAON-ÍM! Margairín “Leandar” Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH ag Ó Dubhdaill, Ó Mathúna Agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Le Gaedheal an, Siopa So: The Fountain Book Shop 67 & 68 Sráid a' Chapaill Bhuidhe, CORCAIGH. Gach leabhar a theastuighean ó lucht scoile is ó Ghaedhilgeoirí tá le fághail ann. Labharfar Gaedhilg leat. Liam Ruiséal, fear an tsiopa. A Ghaedheala! Ceannuighidh “Éadach na Druipsighe” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaig na Druipsighe (Teo.) Co. Chorcaighe.
Seanchaidheacht na Mumhan. Aoinne go raibh eolas ar an nGaedheal- tacht aige nó ar an leath-Ghaedhealtacht fiche bliadhain ó shin tiocfaidh chun a chuimhne na seandaoine go raibh aithne aige an uair sin ortha a bhí go h-iongantach chun scéalaidh- eachta agus seanchais nó go raibh sean- amhráin agus sean - cheol na nGaedheal ar fheabhas aca. Aoinne a rugadh sa Ghaedhealtacht is cuimhin leis na daoine bhíodh ag tighthibh tóraimh ag innsint scéalta fiannaidheachta go breacadh an lae agus an tigh lán de dhaoinibh ag éisteacht go ciúin, aireach leo; nó oidhche eile ar Phósadh ag gabháil sean-amhrán gan áir- eamh ar a sean-nós féin. Bhí a lán de sna daoinibh sin ann fiche bliadhain ó shin, ach níl aoinne againn ná cuireann a gcuimhne anois cathú de dhá shaghas orainn—cathú i ndiaidh urmhóir díobh féin do chuaidh ó shin san uaigh, agus cathú i ndiaidh na scéalta & na sean-aimsir- eachta a bhí aca agus a chuaidh síos san uaigh i néinfeacht leo. Seandaoine dob' eadh iad go léir nach mór agus tháinig an bás ortha mar is dán do'n aois. Ní raibh dul ó'n mbás aca féin ach dob' fhéidir a gcuid scéalta agus sean-aimsireachta a chosaint ar an mbás céadna dá ndeintí aon imshníomh 'na dtaobh. Ach ní dearnadh an t-imshníomh, níor scríobhadh ach ceann fánach aca & pé olc, maith iad d'imthigheadar síos sa chré leis an duine go rabhadar aige. Bítear á chásamh nár fhoghluim agus nár chleacht clann na seandaoine úd iad. Ní h-aon mhaith bheith á chásamh san — ní dhearnadar agus ní dhéanfaidís agus ní locht ar fad ortha é. Ní h-é sin an meon atá ins na daoine atá anois ann. Tá ré an scéalaidhe imthighthe & ré an chló tagaithe. Tá athrú mór tagaithe ar mheon daoine le leath chéad bliadhan. Ní aithristear anois scéalta fiannaidheachta ná scéalta móra gaiscidh cois teine. Níor fhoghluim .ina daoine óga na scéalta san ó sna seandaoine agus is amhlaidh atá anois — aoinne go bhfuil na scéalta & litridh- eacht béalaithris na sean - aimsire aige is duine é ó'n tsean - aimsir, trí fichid no ceithre fichid bliadhan ó shin. Níl thar duine nó beirt i n-aon pharóiste aca san anois annso sa Mhumhain. Sean- daoine iseadh iad go léir agus le h imtheacht na h-aimsire gheobhaid siad san, leis, bás, ar shlighe i gcionn fiche bliadhan ó indiu ná bheidh scéalaidhe slachtmhar de'n tsean-shaghas sa chúige seo. Pe 'ca mhairfidh an Ghaedhilg nó ná mairfidh sin é mar a bheidh an scéal, mar tá deire leis an sean-nós scéal- aidheachta san & ní h-aon mhaitheas bheith ag iarraidh é bhuanú. Ach níl deire leis na scéalta agus ní bheidh mara ndeinidh ar gcuid faillighe-ne deire a chur leo. B'é ár bhfaillighe-ne na scéalta leigint san uaigh le lucht a n-innste. Tá urmhór scéalaidheachta na Mumhan leigithe leis an mbás againn-ne. Ní dearnadh aon bhailiú slachtmhar riamh ar scéaltaibh na cúige seo ach iarracht bheag thall agus iarracht níos lugha i bhfus. Bailigheadh beagán aca i gcóir an Oireachtais agus cuireadh cuid aca i gcló ins na h-“Imtheachta.” Bhailigh Pádraig bocht Ó Laoghaire beagán, ach an cnuasach is fearr de sheanchaidheacht na Mumhan is sa “Lóchrann” atá sé. Is beag eile atá déanta as Gaedhilg, agus is beag an chuid é sin seachas a bhfuil gan déanamh. Do dhein Lady Wilde & Crofton Croker & Jeremiah Curtin aistriú (agus athrú) ar chuid de scéaltaibh na Gaedhilge ach dheineadar lot leidhbe gan leasú' ar chuid aca. Déarfaidh duine nach fiú na scéalta san a shaoradh ó'n mbás — go bhfuil a ré caithte. Níl a ré caithte. Sé an sean- scéalaidhe go bhfuil a ré caithte, ach tá an cló i n-ionad an scéalaidhe anois sa tsaoghal & is mó de lucht éistighthe atá aige sin ná mar bhí ag an scéal- aidhe riamh. Is míle mó a léighean sean-scéalta na h-Almáine i leabhraibh Grimm ná a chualaidh riamh ag na scéal- aidhthibh iad sa bhFásach Dubh; agus nach é an scéal céadna ag scéaltaibh Hans Andersen é agus ag Finnscéaltaibh na h-Araibe. Níl aon duine chomh dithcéil- lidhe sin is a rádh gur ceart na scéalta san a leigint chun báis. Bás iseadh gheobhaidh an chuid eile de sheanchaidheacht na Mumhan mara scríbh- imíd-ne é taobh istigh de chúig nó sé bliadhantaibh ó'n mbeagán beag scéal- aidhthe atá fós na mbeathaidh. Má tug- tar an Ghaedhilg tar n-ais ní le n-ár linn-ne a bheidh sí fé lán réim, ach is féidir linn-ne cuid dá h-ornáidibh & dá seodaibh a chur i dtaisce dhi chun ná beadh sí dearg nochtaithe nuair a thiocfaidh sí. Agus is féidir san a dhéanamh. Is olc an scoláire Gaedhilge ná féadfadh scéal a scríobh' ó sheanduine nó ó shean- bhean. Mar gheall ar an méid sin duaidh nár mhór an peacadh scéal Gaedhilge a chailleamhaint. Ba cheart do dhream éigin sa Mhumhain atá suimeamhail sa scéal teacht le chéile & cabrú le chéile chun an gnó a dhéanamh i gceart & bailigh- theoirí a bheith aca i ngach cúinne sa Mhumhan agus cnuasach slachtmhar de “Sheanchaidheacht na Mumhan” a chur le chéile agus a chur i gcló. “An Seabhac.” Seán 'ach Pheadair. Roinnt bhlianta ó shoin do chomhnuig féir- meóir ar an Nóchobháil íochtaraig láimh leis an Ráth mhóir. De Mhuinntir Mhurchadha é, ach Seán 'ach Pheadair is mó a tugtí air. Bhí buachaill i n-aimsir aige gurbh ainm do Diarmuid Eoghain. D'iarr Diarmuid air, lá, teistiméireacht éigin a scrí' dho toisc ó bheith ag dul ar lorg oibre ó dhuine éigin eile. Sidí an teistiméireacht a fuair sé. “A Dhiarmuid, b'é an riabhach tu chur 'sa tsúsa; A Dhiarmuid, b'é an dá riabhach tu chur id' dhúiseacht; A Dhiarmuid, nuair adéarfainn 'siar', is soir a stiúrfeá, Is a Dhiarmuid, níor dheinis riamh aon job le dúthracht.” An Fiach Dubh. FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CHLIATH, &rl. Más Múinteóir tú, ná bí ad varú fén agus a marú na leany a diaruig na Gäluingi vúini ghóiv lesh na sheana letireacha agus lesh an sheana letiriú. Buín triàil as an letiriú shimplí agus beg tora er do hähar. An Cuman um Letriú Shimplí, Tigósda Minerva, Bleáclieh. Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge do mhúineadh: “Scéalta don aos Óg,” 2d. “Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d. “Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” — iad go daithte is go hoireamhnach ar gach chuma. I., II-., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6 Gaedhil a bhfuil Trácht ortha: Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach, Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh Colmcille, Uolf Tone, Naomh Bréandán, An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach garm — £3 an beart. Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar — Cuir cárta ag triall orainn ar lorg leabhráin eolais: “The Educational Co. of Ireland,” 89 sráid Talbóid, Áth Cliath. Tá árd-teist ar MHUINTIR HILLIARD (teo.) Cíll Áirne, De bhárr an chuma in a gcabhruighid le déantúisí na hÉireann. Ní gádh earraí thar lear do cheannach, agus Seogh Earraí Gaedhealacha Le fághail in a dtigh sin. An siopa éadaigh is mó agus is fearr i gCiarraidhe. Tig a 6 & a 7 sa' tSráid Mhóir, CÍLL ÁIRNE. Múinteóir: “Cad é ao Ghramadach Ghaedhilge is fearr?” Fear an Eolais: “Ní deacair an cheist sin d'fhreagairt; is é CEACHTA CAINNTE GRAMADAIGHE Is binne Gaedhealg Is cirte Gramadach Is usa Múineadh d'á bhfuil de Ghramadachaibh Ghaedhilge againn i ndiu." Molaid na h-ughdair é; molaid na páipéir é; molaid na múinteóirí; agus molaid na scoláirí féin é. MUINNTIR GHUILL & A MAC, 50 Sráid Uach. Uí Chonaill, ÁTH CLIATH. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services