Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deire Fóghmhair, 1916

Title
Deire Fóghmhair, 1916
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.
Uim. 7. DEIRE FÓGHMHAIR, 1916. Pinginn a Fhiacha.



Cúnntas Cinn Lae.



Leanbh scoile, do scríobh.



Márta a 1, 1916. — Lá aonaig an lá
indiu. Lá fliuch fuar ag na daoinibh atá
ag déanamh cleamhnaistí. Chuala go raibh
cleamhnas Phártholáin ó'n mbaile seo
briste. Ní haon iongnadh é leis mar i
tá a cheann liath le haois. Ní raghadh
aon chailín chuige. Ceapann siad gur
as a mheabhair atá sé chun bheith ag
pósadh an taca so dá shaoghal.



Ní raibh aon bhróga orm ag teacht
go dtí an Sgoil indiu mar tá siad
go giobalach.



Fuair mo mhionáinín bás indiu. Rugadh
an créatúir amuigh, is dócha gurb é an
fuacht do mhairbh é.



Márta a 2. — Bhí an lá indiu go ceathach
agus go fuar ar feadh an lae. Chuala
sgéal Áine Deibhlin indiu. Chuirfeadh sé
aon chailín Gaodhlach ag gol.



Márta a 3. — Nuair éirigheas ar maidin
indiu bhí ana-mhórtas orm nuair a chonnac
an cóta breágh lic oidhre ar an dtalamh.
Seadh, fuaireas mo chláirín, seo chun na
páirce móire me do bhí lán de leac-
oidhre. Shuidheas ar an gcláirín agus
bhí mórán leac oidhre cruaidh fúm. Go
deimhin ní raibh aon choinne agam go
mbrisfeadh sé fúm. Seo le fánaidh
anuas me agus ana-éirighe anáirde orm.
Acht b'fé gur baineadh an teasbach díom:
Briseadh an leac oidhre fúm; thuiteas
dem chláirín agus is ar éigint a bhí sé
ar mo chumas me fhéin do tharrac amach
as an uisge. Bhíos go salach agus go
fliuch annsan ag teacht a bhaile chun mo
mháthar.



Márta a 4. — Lá breágh ag na daoinibh
atá ag imtheacht go dtí an Sgeilg. Níor
phós acht Muiris Ua Ceallaigh & Máire
Ní Churráin timcheall na háite seo. Níor
imthigh Pártholán, slán beó sinn, uainn
an bhliadhain seo leis agus is baoghlach
go mbeidh sé againn go bráth. Do
cuireadh an ola ar dhuine bocht ó'n
mbaile seo indiu. Do tógadh go dtí
an ósbuidéal é agus is baoghlach ná
mairfidh an fear bocht. Tá lán tighe
de leanbhaí óga na dhiaidh gan duine ná
daonaidhe sa bhaile a chuirfeadh práta
ná meacain ná a dhéanfadh aon tsaghas
gnótha eile dhóibh.



Márta a 5. — Tá deire leis an Inid
indiu agus nílmíd ag gol na dhiaidh.
Táimíd marbh ó dhaoine bheith ag cur
cleamhnaistí trí na chéile. Bhí ana-
spórt ar feadh na hoidhche agam ag
déanamh cístí milis. Is maith leis an
aos óg an t-am so de'n bhliadhain.
Bíonn a súile anáirde acu ag féachaint
a bpósfadh aon charaid leo chun go
nglaodhfaidhe chun an chóisire iad. Lá
ana-fhuar an lá indiu. Ní furuiste do
na páistí dealbha teacht go dtí an
sgoil gan bhróg ná stoca ar a gcosaibh.
Ní furuiste bróga do cheannach anois,
tá gach aon nidh chómh daor ó thos-
nuigh an cogadh mór so go bhfuil gach
aon tír anois sáidhte isteach ann acht
Ameireacá amháin.



Márta a 6. — Ana-lá againn ar an
sgoil indiu, tháinig bacach a' mhála isteach
agus é ag amhrán do féin. Nuair do
chuadhas a bhaile do bhí sean-bhean trí
fichid bliadhain sa chúinne rómham. Ag
bailiú giobal do bhí an bhean bhocht. Thug
mo mháthair seana-bhríste fada lem athair
di agus bhailigh sí léi go dtí tigh éigin
eile.



Márta a 7. — An chéad rud do dheineas
indiu ná braonín té agus ubh lachan do
chur síos dom féinidh. An dá uair dhéag
d'imthigh an cóisire siar. Nuair a chual-
amair é do léimeamair amach as an
sgoil mar a léimfeadh giorrfhiadh as
a nid.



Bhí sé ana-fhuair san tráthnóna. Ceap-
amair go mbainfí na cosa dhínn ag dul
a bhaile. Chuamair i mball sa tsliabh a
bhí lán de bhogach. Ach bé toil Dé gur
thánamair as ar shlighe éigint agus do
bhí bogach suas go glúinibh orrainn.



Márta a 8. — Ba ghaothmhar & ba fhuair
é an lá indiu. Bhí Peig Ní Chonchubhair
ag innsint sgéalta dhúinn mar gheall ar
Mháirín Clamparach & Dómhnall Ceatach.
Is mór an chailín seóig í. Ní stadan sí
ach ag gáiridhe i gcómhnuidhe. Bhíomair
go léir timchioll leath uair na timchioll
cois na teine indiu. Ba bhreágh leat
bheith ag éisteacht léi ag cur gach aon
tsaghas ruda tré na chéile. Is dóigh
liom go mbeidh sí ag fanamhaint ó'n
sgoil anois. Is go deimhin is go deo
leat, beimíd ag gol na diaidh mar
cailín ana-phleisiúrach ar fad iseadh í.



Márta a 9. — Ba éachtach fuar é an lá
indiu. Bhíomair ag dul isteach i sméar-
óid teine a bhí sa sgoil againn. Acht
nuair a bhí ár lón ithte againn d'eirigh-
eamair is dheineamair an “rinnce fada.”
Geallaim-se dhuit go rabhamair te ár
ndóthain annsan is níor chuamair go dtí
an teine a thuille de'n lá.



Bhí an Chraobh i Sgoil na mbuachaillí
aréir. Ní rabhas ann mar tá an cúrsa
ró fhada ó bhaile & áit uaigneach iseadh
an bóthar. Dá gcífinn tor nó aon nidh
do dhéanfainn púca dhe.



Márta a 10. — Lá ana-phléisiúrach againn
sa sgoil andiu mar do dhóigh Peig Ní
Chonchubhair stoca léi. Do bhain sí dhi
a bróga chun a cosa do théidh leis an
dteine. Níor mhothuigh sí aon nidh gur
las a stoca uirthi. Bhí an cailín bhocht
cráidhte ciapaithe annsain, bhíomair go
léir ghá dheisiú léi.



Tá piscíní ag mo chat. Do chaitheas
isteach i mála iad & seo chun siúbhail
me & chaitheas iad isteach san abhainn.
Bhí gach aon “mhí abha” ag an gcat 'na
ndiaidh. Ach i mbhriathar ná raibh aon
bhrón ormsa 'na ndiaidh, na rudaí salacha!



Márta a 11. — Lá breágh iseadh an lá
indiu chun teacht go dtí an sgoil. Bhí
an Scrúduightheóir annso go luath ar
maidin. Bhí ana-eagla orrainn roimis
acht nuair a tháinig sé isteach bhí sé go
ciúin, socair linn. Fear ana-bheathuighthe
ar fad iseadh é. Is ar éigin a bhí sé
ábalta ar theacht isteach an doruis. Bhí
hata dubh air agus dhá chóta móra, go
deimhin níor bh'fhéidir do'n bhfuacht dul
in aice a chroicinn.



Ba bhreágh liom dá mbeadh an cogadh
ar leath taoibh. Táimíd cráidhte ó iad
a bheith ag árdughadh an airgid ar an
ngráinnín té is siúicre gach lá.



Márta a 12. — Lá ana-olc an lá indiu.
Bhí ceathanna móra báisdighe ann sa
tráthnóna. Bhíomair ag sileadh, báidhte,
nuair shroiseamair an tigh. Ba dhóbair
dom sleamhnu ins an abhainn, bhí a
leithéid sin de thuile ann. Níl aon
droichead ar an abhainn agus áit ana-
chonntabharthach iseadh é do stróinséar-
aithe. Is dócha go raibh cosa Pheig Ní
Chonchubhair bocht leathta shar ar shrois sí
an bhaile. Siúbhlann sí cúig mhíle go dtí
an sgoil. Is luath ar maidin a chífeá
ag teacht anuas an cnoc í nuair a
bhíonn mórán des na scoláirí eile na
gcodladh.



Márta a 13. — Ní raibh breis ar sgoil
indiu mar lá margaidh iseadh é. Coim-
eádtar na cailíní sa bhaile i bhfeidhil
an tighe.


L. 2


Ciarraidhe.



Má théighir go CILL ÁIRNE, cuir fút i
dTIG ÓSTA UÍ IFEARNÁIN,
KENMARE PLACE.



An tig is fearr le Gaedhealaibh.
Ní bítear dian san éileamh ann.



Tá sé i gcómhgar an stásiúin ach leanamhaint
ort i leith na láimhe clé.



AN T-EMPÓRIUM,
le
M. Ó Súileabháin & a Mhac,
CILL ÁIRNE.



Éadathóirí Maithe



Tá le fághail uatha:



Lása Gaedhealach de'n déanamh & de'n phatrún
is órnáidighe amuich agus saothar lámh is
eadh gach órlach de.



Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt
datha.



Ciarsúirí de'n línéadaigh atá oireamhnach
do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh.



Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath
is ar gach gné datha.



Bróga is Buataisí o Áth Cliath is ó Cheatharlach
(Muintir Winstanlí & Mac Gabharnaigh a
dheinean.)



Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr
agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do
deineadh.



TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN,
Sráid na nÁirne, CILL ÁIRNE.



Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint
gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa
Tigh Ósta so. Leabaidh, Breicfeast, Dinnéar, Té
agus Freastal ar 5/- sa ló.
BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe.



Síol agus Leasú'
don bhfeirm nó don gháirdín.



Áthraighe Iarainn agus
Stáin.



Arán, Min, Plúr, Té
agus Biotáile.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



An Mhin Choirce is fearr blas agus is
mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA.
Scríobh chuige.



A Ghaedheala! Ceannuighidh róthar Gaedhealach .i.
“An Lúcánia”
(de dhéantús na hÉireann)
ó
Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.



Táilliúreacht agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i n-Éirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA.,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CHLIATH.



Do tugadh amach bratacha indiu i gcóir
Lae le Pádraig gach aon bhrat bheag dá
dhíol ar phingin. Táimíd ag rith go dtí
gach aon bhothán ghá ndíol. Go deimhin
níl breis ag rith chughainn dá gcean-
nach. Táimíd dá ndíol chun teanga na
nGaedhal do choimeád suas.



Márta a 14. — Lá breágh iseadh an lá
indiú ag na daoinibh ag dul go dtí an
t-Aifrionn. Bhí ana-spórt againn san
tráthnóna ag imirt “Laca Bog” agus
ag léimridh ar fuaid na páirce.



Márta a 15. — Lá ana-fhliuch ag na
daoinibh ag dul go dtí an t-aonach
ag díol na muc. Bhí ceó mór ar
na cnocaibh, ní fheicfeá duine a chuir-
feadh cipín dearg id shúile.



Dhíol m'athair muc bhreágh ar sé púint
ach im briathar ná raibh sé sásta. Is
dócha ná beadh sé sásta dá bhfaghadh sé
lán a hata d'ór.



Bhíomair ag cócaireacht sa sgoil indiu.
Do leig cailín do chuid des na cístíbh
deasa dóghadh. Bhíodar chomh dubh leis
an súgh, ní fheadar cad do bhí ar a
súile ná feacaidh sí iad. Chuaidh mo
bheirt dearbhráthar ag foghluim an druma
go dtí Maistear Gaoithe is thánadar a
bhaile timchioll a deich a chlog go tuir-
ach i ndiaidh an lae.



Márta a 16. — Bhíomair ag crith leis
an bhfuacht ag teacht go dtí an sgoil
indiu. Níl aon bhrógha agam acht rudaí
stracaithe. Ní bheidís fiú amháin ag an
dtinncéir mbocht. Nuair thánamair isteach
bhí teine bhreágh dhearg rómhainn go raibh
smután dá dhóghadh innti.



Dubhairt m'athair liom dá ndíolfadh sé
an bollán dubh go dtabharfadh sé pheidhre
bróg dearg chúgham. Tá ana-Áthas orm
mar ní bhfuaireas riamh bróga dearga.
Táim ag guidhe d'oidhche is de mhaidin
go ndíolfaidh sé an bollán.
(Ní críoch).



Sean-Amhráin.



Bhfuil an chuid eile de'n rócán so ag
aoinne de leightheóirí “An Lochrainn?”



Codladh, codladh, circín donn
Shin é 'n searrach brídeach, bradach
Tríd an gcurrach chughag anall.
An madaruadh ag casadh ar an mbuaile,
&rl.



Deallrochadh an scéal gur madaruadh
a bhí ag cainnt le circ agus í os a chionn
anáirde agus é sin ag dul timcheall,
ag dul timcheall thíos fúithe go dtagadh
méadhbhán' na 'ceann agus go dtuiteadh
sí anuas chuige.



Fear “An Lóchrainn.”



Bean fhionn, ba bána ar béal bóthair,
do'n té a ghoid mo sparán agus ná
tabharfadh dom é.



Bean fhionn, ba dubha i lúib coille, do'n
té fuair mo sparán & thabharfadh dom é.



Sean-Fhocail na
Muimhneach.



“An Seabhac” do bhailigh.



Géanna.



23 — Ní sia gob an ghé ná gob an
ghanndail.



.i. Ní ceart dlígh do dhéanamh do dhuine seachas
a chéile.



24 — Borradh an aon ghé.



Borradh = fás. Nuair ná bíonn ann ach gé óg
amháin bíonn an biadh go léir aige agus dá bhrigh
sin bíonn “borradh an aon ghé” fé.



25 — An áit i mbíonn gé bíonn gann-
dal ann.



Is an áit i mbíonn bean bíonn
clampar ann.



Is dóigh gur fear searbhasach éigin a chuir an
t-aguisín leis.



26 — Nuair a bhíonn an gé ar gor bíonn
an ganndal breóite.



27 — Mar a chéile é — de'n ghé an t-ear-
ball.



.i. Tá “an t-earball” chomh cionntach leis “an
ngé.” “An gé” = dream daoine go mbeadh rud
déanta as an tsligh aca. “An t-earball” = duine
go mbeadh gaol nó baint aige leis an ngé ach ná
beadh ró-pháirteach sa ngníomh.



28 — Nuair a luigheann an gé luigheann
siad go léir.



Bíonn san amhlaidh ag daoinibh chomh maith le
géannaibh agus ar ócáidíbh eile seachas luighe.



Éanlaithe Eile.



29 — Is geal leis an bhfiach dubh a
ghearrcach féin.



30 — Is mór an náire do Mháire Ní
Dhálaigh bheith ar deire, bheith ar
deire.



Sin é adeirid na páistí leis an bpréachán
deiridh a bhíonn ag teacht abhaile tráthnóna. Bros-
tuigheann an préachán annsan.



31 — Teachtaire a fhiaigh ó'n Áirc.



.i. An fiach a chuir Nóá amach agus nár fhill.



32 — Ní h-aon mhoill an fhaoileann nuair
éirigheann an scadán.



.i. Pé áit éiríghid na scadáin bíonn scata
faoileann ann.



33 — Beidh rud ag faoileann fós is
faoileann eile gan seóid.



Déarfadh duine é sin tar éis an eiteachais
d'fhagháil ó dhuine eile.



34 — Más gréagach an phéacóg ní pioc-
tar a chnámh.



.i. Cé gur breagh an cuma a bhíonn uirthi ní
h-aon mhaith a feoil.



35 — Dálta na circe fraoich agus an
fraoch.



Deirtear nach maith leis an gcirc fraoich an
fraoch d'ithe ar eagla ná beadh a dóithin aici
dhe ar ball. Deirtear é sin le duine a bhíonn
spárálach le rud a bhíonn go flúirseach aige.



36 — Is annamh súd lacha gan dúil i
snámh.



Duine go mbeadh dúil san ól aige adéarfadh
é sin dá bhfiafruightí dhe an ólfadh sé deoch.



37 — Cuireadh an ghealbhain chun arbhair
na gcomhursan.



Déarfaí é sin le duine a bheadh fial le cuid
duine eile.


L. 3


38 — Tionnlacan an Philibín ó na nid.



.i. Tu thionnlacan bóthar eile chun ná feicfeá
rud éigin. Nuair a thagann duine i n-aici le nid
philibín preabann sí amach agus leigeann uirthi
go mbíonn sí leointe, go meallann sí an duine
tamall ó'n nid. Deineann cearc fraoich an cleas
céadna.



39 — An gobachán i mbéal na cuaiche.
Rud ná tuitfidh amach choidhche. Nuair a raghaidh
sí 'na béal tuitfidh an t-aer is an talamh ar a
chéile, má's fíor. Gobachán = an t-éinín beag a
bhíonn i ndiaidh na cuaiche i gcomnaidhe.



40 — Nuair a labharfaidh an chuach ar
chrann gan duile.
Is thiocfaidh Lá 'le Pádraig roimh
Lá 'le Muire,
Díol do stoc is ceannuigh lón.
“An chuach ar chrann gan duile” = an t-Earrach
a bheith chomh h-olc & chomh déidheannach san ná beadh
duileabhar ar na crannaibh roimh theacht na cuaiche.



41 — Ní thagann an dá thráigh leis an
ngobadán.



.i. Ní féidir le duine bheith i dhá n-áit an uair
chéadna. Gobadán = éan beag trágha.



42 — “Is mór an ní an neart!” arsan
dreoilín nuair a chaith sé an chiaróg
leis an bhfaill.



43 — “Sin comaoin ort a fhairrge mhór!!
mar adubhairt an dreoilín nuair a
chaith sé sileadh sa bhfairrge.



magadh fé dhícheall ó dhaoinibh beaga iseadh
uimhir 42 agus 43.



Fir, Mná, Leanbhaí.



Urmhór na sean-fhocal atá ann is ag
tagairt do'n duine nó do thréithibh nó
do bhéasaibh an duine a deintear úsáid
díobh. Is minic ins na sean-fhoclaibh sin
ná bíonn trácht thar an duine féin i
n-ao' chor, ach thar ainmhidhe éigin nó éan
éigin nó rud ar bith eile go bhféadfaí
cosamhlacht éigin d'fhagháil ann do thréithibh
an duine. Is gunta, géar iad cuid de
sna cainnteannaibh san, & dar le duine,
is mó an ghéire agus an greann a bhíonn
ionnta i dtaobh is nach tagairt chruinn,
díreach ar an duine a dheinid.



Ach tá roinnt mhór sean-fhocal ann ag
tagairt go lom, díreach do'n duine agus
ó's iomadach iad tréithe cuirp & aigne
duine is mór a bhfuil de shean-ráidhtibh
agus do ghnáth chainnteannaibh na dtaobh.
Tá oiread san ann díobh gurbh' éigean
iad a roinnt na gcodaibh do réir na
tagairte atá ionnta.



FIR.



1 — Is mairg tigh ná taithighid fir.
.i. Ná bíonn ann ach mná.



2 — An fear láidir nuair is maith leis é,
Agus an fear lag nuair a fhéadann
sé.



3 — Fear graftha, fear fiadhaigh & fear
gaoithe.



.i. Trí shaghas fear a bhíonn ann.



4. — Níl laoch dá thréine ná faghtar
fear a chlóidh.



.i. Chun é do chlaoidhe.



5 — Fear beag ar árdán nó fear mór
i n-ísleán.



Chum comhthrom a dhéanamh.



6 — Is fearr firín i bhfearaibh ná fear
i bhfirínibh.



7 — Ní h-iad na fir fhada a bhaineann
an foghmhar go léir.



8 — Ní fear é ar aonach ná ar mhargadh
ná ar phoball an Aifrinn.



Le duine beag suarach adeirtear é sin.



9 — Is minic a bhí fear maith i sean-
bhríste.



10 — Is minic a bhí fear fada gan a
phaidreacha.



.i. Duine taibhseach gan eolas ar a ghnó.



11—Is maith iad na fir go h-am caithte
cuid.



.i. Go h-am bhidh. Deinid saothar mór ar an
mbiadh leis, ach ní moltar é sin.



12 — Fear díomhaoin is buaidhirt é.



13 — Fear óg díomhaoin adhbhar an tsean-
duine bhuain.



14 — Is tinn fear coise 's is ocrach
fear láimhe.



Fear coise = duine bhíonn ag siubhal. Fear
láime = duine dheineann obair láimhe.



15 — Ní raibh cuibheasach 'na thigheasach
mhaith riamh (nó 'na thaoiseach mhaith).



Cuibheasach .i. duine ná bíonn ró dhúthrachtach.



16 — Is minic a thuit fear maith i mbual-
taigh.



.i. É thuitim aon uair amháin — ní dhéanfadh san
drochfhear de dhuine. Ní h-é a locht é, b'féidir.



17 — Is sirriam teallaigh gach fear ar
a thinteán féin.



18 — Frighdeoir fir nó raedóir mná.
Ní maith iad.



19 — Deire fir a suan is bean 'á faire
féin suas.



.i. Is tugtha a bhíonn fir do chodla a dhéanamh
ná mná.



20 — Bíonn múineadh ar fhear ó bhaois go
bás,
Is ní bhíonn múineadh ar bhean go lá
an bhráith.



.i. Lá na breithe.



21 — Is fearr lán duirn d'fhear ná lán
gaid do mhnaoi.



Chun oibre.



MNÁ.



22 — Bean dubh ar tosach an uilc,
Bean bhán ar tosach na ngrást,
Bean ruadh ar tosach an tsluaigh.



23 — Bean gheal dubh an bhean is breaghtha
amuich.



24 — Comhairle mná gan iarraidh ní raibh
sé riamh ach sonaidhe.



25 — Is mairg nach comhairlidhe dho bean.



26 — Is mairg ná deineann comhairle
deagh-mhná.



27 — Is leath beathadh bean mhaith tighe.



28 — Ní bheadh sí 'na codladh is an líon
ar an lochta.



.i. Bheadh sí ag sníomh. Le bean dícheallach
déarfaí é sin.



29 — Is fearr bean bheag deas ná bean
mhór gránna.



30 — Cara mná tighe.



Do chomhairligh an Gobán Saor dá mhac pé áit
a raghadh sé bheith go mór le bean an tighe. Is mó
maith bheadh ar a cumas.



31 — Toghaibh an bhean do réir a dúthchais.



.i. Do réir na muinntire tháinig roimpi.



(Tuille le Teacht.)



Leabhair a Thaithnfidh
le Gaedhlaibh,



Idir Labhair Ghaedhilge
agus Leabhair Bhearla,
le fághail uainn-ne.



Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar



Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i



Siopa na Leabhar nGaedhealach.



SRÁID ÍOCH BHAGÓID, a 50.
BAILE-ÁTHA-CHLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



Cill Chaoi, Condae an Chláir.



DEAGHBHIADH agus SEOMRAÍ DEASA.



Cuir leitir nó sranngscéala chun
INGHEAN UÍ GHRÍOBHTHA,
23 Bóthar na Trágha, Cill Chaoí.



RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.



Rásúr “Cosanta”



ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a' bpost.



MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



Im ar fheabhas
an domhain é seo:



IM C.C.C.



Nuair a bheir 'á lorg
ar fhear an tsiopa,
féach chuige go mbeidh
an cómharta so ar
chlúdach gacha bosca:



Is ann is féidir é cheannach
in a mhórchodaibh ag



an 21adh tigh



ar CHALADH NA gCHEANNAITHE
(Merchants' Quay),
I gCORCAIGH.


L. 4


DO LUCHT-DRÁMAÍ-A-LÉIRIÚ.



Tá gach saghas éide, peribhicí, &c., i gcóir
drámaí go mór-mhór i gcóir Drámaí
Gaedhealacha le fághail uainn-ne, ar
iasacht. Níl 'oiread san de sna rudaí
sin ag duine ar bith eile in Éirinn.



PÁDRAIG Ó SÚILEABHÁIN & a Chua.,



‘Theatrical Outfitters,’



38 SRÁID MHÓR SHEOIRSE, I gCORCAIGH



TÁ CÓISTÍ & MÓTAIR d'á ndeanamh againn-ne.



Cuirimíd GLÉAS GÓMA (rubair)
FÉ ROTHAÍ CÓISTE gan ró-mhoill.



CROS agus a CHLANN MHAC,
18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay),
CORCAIGH.



A BHEAN A' TIGHE! Cad é an saghas plúir
a bhíon agat?



Is é an PLÚR “EAGLE,”an plúr
is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus
an PLÚR “LION” is
fearr do lucht-aráin-a-dhíol.



Muíntir Mhic 'ille Sheathanaich a dheinean
i gCorcaig.



GEO. SHAW & SONS,



Muileann Sain Seán, i gCORCAIGH.



RADHARC DO SHÚL!



Féach chuige go bhfuil i gceart. Nuair
a bheir i gCorcaigh, glaodhaig isteach ar
Ó MANGÁIN,
3 Sráid Phádraig N., Corcaigh.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuidh
TÉ, MÍSLEÁN IS SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,
ó
MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua.,



2 An Mheadhon-tSráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.



Tá 200,000 Barailí Plúir da dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag
T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, teo.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: "Hallinan, Midleton.”



Guthán: 7 Cork; 1 Midleton.



Leabhair Ghaedhilge agus
Leabhair Bhéarla i dtaobh na hÉireann.



Le fághail ó



CHONCHUBHAR Ó CAOIMH,
70 Sráid Sheoirse, CORCAIGH.



I n-Éirinn a Deintear



“BRÓGA na LAOÍ.”



Táid le fághail i ngach sráid bhaile.



An Lóchrann.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh … an Fear Gnótha.



An Seabhac, i gCill Áirne … An Fear Eagair.



Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain.
Dá choip tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain.



Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.



Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
&c., do chur.



Ó Cuill & a Chua.,



95 Sráid Phádraig, Corcaigh.
Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath
Na Díoltóirí.



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



DUAISEANNA.



Do chuireamar 3/6 an duine ag triall
ar na daoine seo do chuir bailiú sean-
aimsireachta ag triall orainn.



Séamas Ó Caomhánaigh, Dúncaoin,
Eibhlín Ní Mhuircheartaigh, Ceanntrágha,
Séamas O Caomhánaigh, Rinnbheag, An
Daingean,
Tomás Ó Criomhthain, An Bloscaod Mór.



An tAthair S. Ó Ceallaigh ó'n gCaisleán
Nuadh dobhronn urmhór an airgid sin orainn.
Nár fheicidh sé lá dealbh go deo.



Tá £5 eile againn fós le bronnadh 'na
dhuaiseanna ar dhaoinibh óga. An Tighearna
Ashbourne (.i. Mac Giolla Brighde) agus
Liam Ó Domhnaill do thug san dúinn. Is
Fial uatha é agus táimíd buidheach díobh.



Anois, a chlann ó, seo chun saothair libh.
Aon Chailín nó buachaill ó aon áit a Chuirfidh
rud chugham a gheobhaid ósna seandaoine
agus gur fiú é chur sa “Lochrann” —
tabharfad duais dóibh.



Fear “An Lóchrainn”



Sgeul an Iasgaire.



Bhí iasgaire bocht ann fadó agus is
Fad o shoin a bhí agus beidh arís leis.
Chuaidh sé amach lá ag iasgach le na
bháidín beag, & níor mhairbh sé aon iasc
an lá san ná'n lá 'na dhiaidh. Chuaidh sé
amach an tríomhadh lá agus d'éirigh fear
aníos chuige as an bhfairrge 's dubhairt
sé leis: “Má thugann tú annso chugham-
sa an cheud duine cloinne bheidh agat,
gheobhair do dhóthain éisc le marbhú acht
caithfidh tú gheallamhaint dómh-sa go
dtabhairfidh tú chúgham-sa do mhac nuair
a bheidh sé bliadhain is fiche dh'aos.”



“Maith go leór,” adubhairt an t-iasg-
aire, “gheobhair é má bhíonn sé agam,”
Mar bhí an t-iasgaire seo pósta le
roinnt bliadhanta agus ní raibh aoinne
cloinne aige.



Amáireach a bhí chugainn chuaidh sé amach
ag iasgach timcheall an láthair cheudna
is ní raibh sé i bhfad ag iasgach nuair
a bhí a bháidín lán d'iasc aige. Chuaidh
sé abhaile le na chuid éisc & do chuir
a bhean ar siubhal é chun tuille mharbhú,
an lá ceudna. Thug sé leis abhaile an
tarna bhád, agus chuir a bhean ar siubhal
arís é a d'iarraidh an tríomhadh báid
an lá ceudna. I gcionn sgathaimh bhí
seirbhísigh aige ag cur éisc ar salann
agus ag tabhairt aire dho. Ba ghearr go
raibh sé ábalta ar bhád mór do cheannach
agus dhein sé palaís mór chun an éisc
do leasughadh agus bhíodh sé ag deunamh
trácht mór ar an iasc.



Ins an tigín beag bhí sé na chomhnuidhe
riamh. Chuaidh sé, lá, ag iasgach. D'éirig
an fear aníos chuige as an bhfairrge.
“Cad tá uait indiu?” Dubhairt sé leis
an iasgaire. “Dubhairt mo bhean liom
tig breagh iarraidh ort,” ar seisean.



“Téir abhaile agus beidh sé romhat,”
adubhairt an fear. Nuair a chuaidh sé
abhaile bhí cúirt bhreagh ins an áit a
raibh a bhotháinín & nuair a tháinig sé go
dtí an tig, níor aithnigh sé é le breagh-
thacht na cúirte, go dtí bhfeaca sé a
bhean sa dorus. Bhí sé annsan go lán
tsaidhbhir & bhí suidheachán amach sa lána
agus bhíodh a bhean 'na suidhe ar an suidh-
eachán gach aon lá breagh.



Bhí an sgeul go maith aige go dtí go
raibh a mhac ag tarrac ar bliadhain is
fiche dh'aos. Annsan do bhí sé ag dul i
ngreannmharacht mar bhí buaidheart aig-
nidh air nuair a bhí fhios aige go raibh a
mhac le sgaramhaint leis. Bhraith an mac
an t-athair ana-dhólásach agus “'Athair”
adubhairt sé “caithfir ínnsint domh-sa
cad é an bhuaidhirt aigne atá ort.”



“Ná bac leis, a mhic,” adubhairt an
t-athair, “ní fheudfainn a ínnsint duit.”



“Bhuel,” arsa 'n mac, “ní íosfad aon
bhéile ar aon bhórd leat go dtí ínnsir
dom é.”



Sa deire d'innis an t-athair dó focal
ar fhocal conus mar a bhí agus cad a bhí
le h-imtheacht air.



“Ó athair,” arsa 'n mac, “ná biodh aon
bhuaidhirt aignidh ort, deunfadsa é sin.”



Nuair a bhí an t-am istigh d'imthigh
sé leis an athair amach ar an mbáidín
agus d'éirig an fear aníos as an uisge.
“Maith go leór, tá'n tú ag seasamh let'
fhocal,” adubhairt sé ag breith ar an
mbuachaill óg & 'á thabhairt síos sa pholl
is as leis go deó. Chuaidh an t-athair
abhaile go dubhach brónach 's ní chuaidh sé
amach ar an bhfairrge go ceann seacht
mbliadhan ó'n lá san. Annsan éirigh an
fear aníos as an bhfairrge agus a mhac,
is dubhairt an mac: “Dé do bheatha annso
athair.” Dubhairt an fear leis ann-
san: “Ó bhís chómh maith agus do mhac
thabhairt chugham-sa an lá poínnteáltha
tabhair abhaile anois é agus mairfidh sé
in aonar leat go deo 'fís.” Chuaidh an
fear abhaile & le bárr Áthais níor mhairbh
sé aon iasc an lá san.



Do mhair sé féin agus a bhean agus
a mhac go lán tsaidhbhir agus go lán
tsásta as san amach.



“Sin é mo sgeul-sa & má tá breug
ann bíodh.”



Leabhair agus Peictiúirí cun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 5


CASFAM ARAON NA GÉANNA
RÓMHAINN.



Fonn: “Mo chraoibhín aoibhinn áluinn óg.”



I.
Tráthnóinín saoire ar bhuidheachtaint na
gréine,
Do dhearcas an spéir bhean bhéasach
óg,
Ag taisdeal am choinnibh trí imeall
na sléibhte,
Bhí lasadh na gcaor 'na gné 's na
snódh.
Ba chamarsach triopallach fionna-chas
néata,
Ag casadh 's ag filleadh le hiomradh
céile
A bearta na ndualaibh ag tuitim go
féar léi
'S í ag casadh na ngéanna ó'n ngaortha
ar neóin.



II.
Do dhruideas 'na coinnibh go h-innealtha
éasga,
'S do bheannuigheas go séimh do'n réil-
thin óg.
D'fhiosras di-si: An ngeóbhadh liom mar
chéile
Nó “bhfuil ceangladh cléir ort le
héin-fhear beó
Má thigeann tu liomsa gheóbhair fairsing
a's féile
Cion agus urraim thar a maireann
de bhéithibh
Mise 'gus tusa ag súgradh le chéile
Agus casfam araon na géanna rómhainn.”



III.
Sé dubhairt sí, am' fhreaghradh: “Ní oir-
eann do sgéal dom,
Imthig, a réice agus déin-se do ghnó;
Níl eólas agamsa ar do shaidhbhreas
saoghalta,
A's ní chreidfinnse bréithre baotha ót'
shórd;
Dá n-imthighinn go dealbh gan talamh gan
tréadtha
Bheadh mo mhathair a's mh'athair ag cais-
mirt 's ag plé liom,
Triall-se ort a bhaile chomh tapaidh a's
'fhéadfair
Agus casfaidh me féin na géanna
rómham.



IV.
Bheurfad eolas duit feasta ar mo
shaidhbhreas saoghalta,
Suidh annso taobh liom féin go fóil;
Beidh do bhólacht go fairsing is do bha
boga ag géimrigh,
Tighthe deas aoltha déanta ad' chóir;
Beidh do sheisreach capall ag branar 's
ag raobadh,
Gasra d'fhearaibh ag grafadh na sléibhte,
Mise 'gus tusa a' bhalcaeracht le chéile,
Agus casfam araon na géanna rómhainin.



V.
Ní slighe dhuit chun martha bheith ag rac-
aireacht éithigh
A's mé fhágaint at' dhéidh i léan 's
i mbrón,
A's gur bhaoghal duit na flaithis do
dheasgaibh mé thréigion,
Dá ndéanthá-sa bréag ar sgéal dá
shórd;
Do bheadh mallacht na n-easbol 's na
n-aingeal go léir ort
Mo mháthar is mh'athar is na hEaglaise
naomhtha
Ghom chlaonúghadh le cleasaibh chun peacaidh
do dhéanamh
Ag casadh araon na ngéanna rómhainn.



VI.
Ní slighe dhom chun martha bheith ag rac-
aireacht éithigh
As go bhféadfaidh tu féinig feuchaint
rómhat
Go ragham go dtí an sagart chun mar
gadh dhéanamh
As ceangal ó'n gcléir bheith orrainn
féin go deo;
Ní le súil go bhfaghainn rachmus ná ana-
chuid spré leat,
Acht taithneann do phearsa, do mhaise
a's do mhéinn liom,
Is ró gheárr a mhairfead, mo cheasna
mara réidhfir —
Agus casfam araon na géanna rómhainn.
M Ó Briain



PAIDREACHA.



1. Paidir le rá i dosàch drohid.
Socharuid aingil, easbuig agus nuív
hàcht i goingí w' anama i nrohad flahas
Dé.



2. I nayig a Troum-ly.
Anna máhir Wiri agus Muiri máhir
Iosa, Elísh dáivireach máhir Oin Baishti,
cuirim an triúr san 'dir mi agus galar na
leapa, 'dirmi [? agus] múcha, bá, ná bas ná
bás doracha na híhi. Téam er chumaruív
Chroish na meaun ó gach aunsprid har
mo hív, á iaruig er a Groish gur ciàsam
[? ciàsag] Críost hàcht 'dir mi 'gus a
troum-ly amucht agus blien ó anucht, le
cônav Dé.



3. Er dul do leabuig duit.
Luíghim le Dia agus go luíghi Dia liúm.
Gläim Dia mar àhir 'gus Muiri mar
wáhir, flahas Dé mar ghúhig, agus
diúlhím don Airshóir. Rér Dé go nini-
míd, beaha na näv go dilimíd, ceó na
naingcal go gloishimíd, agus solus shíory
na vlahas go vicimíd, is amen.



4. Er dul do leabuig duit.
Luíghim sa leabuig sho mar a luíhad
san ueg, 'gus dinim m' wishdin go crueg
leat, a Ghia; asblóid iaruim ort, ó a
Hiarna Iosa Críost; a Wiri Veanuihi, a
Wayidean ró-ghlórwar, túir rayarc 'om
er do hayileach wuar-chóchtach, solus
na suílshi, rayarc na Trionóidi, grásda
na foyingi i nay' na hiàgóra. Gläim im
chauir tu, a Wayidean ghlórwar, a wáhir
Dé agus a rélhan an óluish, a wauríon
veanuihi, freaguir is fóir orom, is fwayig
ód' leanav dom cuírean den ghlóiri.
Cros na naingil sa leabuig a luíhad, 'gus
brän dá ngrásduiv er lár a chruí agùm;
bratàch na vlahas go leattar am hímpal,
tógáil cheó na beacuí díom-sa.



5. I nayig tingish fiacal.
Nuer a chíhig duini an chiàd glimshe den
ghealàch nó, teacht er do ghlúiniv agus
a reá:



Ar nàhir atá er neav. Go meanuihar
doit, a Wiri, ty lán do ghrásda, tá'n
Tiarna at ochuir, is beanuihi 'dir vnáiv
hu is beanuihi tora do vruingi Íosa.
Glóir agus onórú don Ahir agus don
Wac agus don Sprid Näv, mar a ví er
dúish, mar atá fós, mar a veg le säl na
säl. Amen. Aharáluim suas iad-so a
nonóir do Ghia agus do Wiri's do wan-
näv na fiacuili.



Peg Ní Ghonochú, Caruig an Aymuid,
d'inish; Fear Heasana do hláhir.



Aonrud mar LEACHT AR UAIGH nó
ALTHÓIR don TEAMPALL



San Aolchloch nó sa' Mharmar,
déanfaidh
SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG
Ar Fheabhas é. Scriobh chuige.



SLIGHE BHEATHA
MHAITH DOD' MHAC!



Cuir chúgham-sa é
agus múinfead dó
conas bheith in a



SHEOLAIDHE
SCÉALA-GAN-
SRAÍNNG



Fé cheann ráithe nó
leathbhliana.



Scríobh ar lorg an réimleabhráin.



TOMÁS Ó SÚILEABHÁIN



(Ó Uibh Ráthach)



“SCHOOL OF WIRELESS
TELEGRAPHY,”



CORCAIG.



Ó SCANNLÁIN is a Chlann Mhac,



Lucht Urudhais ar thighthe is ar thalamh.



Reiceadóirí agus Fir-inid do lucht fearainn.



Seomraí Ceanta ag 16 & 17 Sráid Chook,
Corcaigh.



Gaedhil is eadh sinn-ne, is ní nár linn é.



Geobhair deaghmhargadh
uainn-ne i gcomhnaidhe.



TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
faimídne an postas ar cheithre púint de.



PLÚR Gaedhlach.
MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min
bhuidhe.
SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas.



SEÁN & TOMÁS MAC CURTÁIN,



Sráid a' tSeandúna & Sráid Thomáis Dáibhios,
CORCAIGH.



Earraí Gaedhealacha do Ghaedhlaibh!



Léinte. Lámhainní. Carabhata.
Stocaí “Guailneáin” Bróga.
Caipíní agus Hataí.



ó TH. Ó LOCHLAINN,



19 Sráid na Páirliméide, Baile Átha Cliath.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht Comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar Chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 6


Fógraí ó Chorcaigh.



Táid so 'á ndéanamh againn-ne —
Éide Sagart,
Áthraighe Althóra
mar chailísí, miasa, &c.
Croiseana
den déanamh CEILTEACH in ór nó
airgead geal, agus
Paidríní.



Liam Mac Aodhgáin & a chl.-mhac
Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor.



Ceannuigh



Stalc Silverspring
agus
“gorm” Silverspring.



I ngleann Maighir, i gCorcaigh,
a deintear.



Coláiste
Cholmáin Naomhtha
atá ag
Mainistir Fhear Muighe
(FERMOY),
I gCÚNDAE CHORCAIGHE.



Ag seo líon na nduaiseann a bhuaidh
scoláirí an Choláiste, i mbliana
(scrúdú na meadhon-scol):



BUINN, mar chomharthaí
feabhais 3 cinn



MÓR-DHUAISEANA, len a
n-abarthar “Exhibitions” 7 gcinn



LEABHAR-DHUAISEANA 10 gcinn



DUAISEANNA ar scriobhadh
na dteangacha 5 cinn



An t-iomlán 25
duaiseana



An t-é atá ar lorg gacha eolas i
dtaoibh an Choláiste scriobhadh sé ag
triall ar An Athair Tomás Tóibín,
Uachtarán, agus beidh freagra aige
aige gan ró-mhoill.



Aon rud i bhfuirm Éadaigh do Fhearaibh
tá ag
Séamus ó h-Aodha,
10 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.



Troscán Tighe agus
Gach Cóir Leabthan!



Tá flúirse de sna h-earraí a
deintear in Éirinn le fághail
uaim-se ar an bpinginn is lúgha.



M. Ó RIAIN, Siopa Oluir,
36, 37 Sráid an Rí, CORCAIGH.



RIDIRE NA gCLEAS.



Bhí fear aon fad ó, is minic a bhí agus
beidh go deo. Ní raibh aige acht aon mhac
amháin agus do bhí sé ana cheanamhail air
ó cailleadh a mháthair. Tháinig sé seo —
Ridire na gCleas — chuige isteach tráthnóna
agus d'iarr sé lóistín dó féin agus d'on
dáréag do bhí i n-éinfeacht leis. Dubhairt
fear an tighe go bhfaghadh agus fáilte.
D'ollamhuigh sé suipéar breágh dhóibh chomh
maith a's bhí sé aige, agus nuair a bhí an
suipéar caithte aca d'iarr an Ridire ar
an dáréag éirighe 'na suidhe agus píosa
gaisgidheachta do déanamh do'n bhfear.
D'éirigh an dáréag agus rinneadar píosa
gaisgidheachta, agus ní fheacaidh an fear
riamh píosa gaisgidheachta mar é. “Mhaise,”
dubhairt sé, “níor bhfeárr liom a bhfuil de
shaidhbhreas agam ná dá mbeadh mo mhac
ábalta ar an méid sin do dhéanamh.”



“Más maith leat é bheith go maith,” arsan
Ridire, “leig i n-éinfeacht liomsa é go
ceann lae agus bliadhna agus beidh sé chomh
maith le ceathrar donn buachaillibh féin”
“Leigfead,” arsan duine macánta, “ach go
dtiubhraidh tú ar ais chugham é i gceann na
bliadhna.”



“O tabharfad gan dabht,” arsan sear
eile.



D'fhanadar annsan go dtí lá'r na
mháireach agus do leig an fear an mac leo.
Nuair do bhí an lá agus bliadhain caithte
bhí súil ag an bhfear leo, agus sa deire
thánadar. Nuair á bhí an suipéar caithte
aca dubhairt Ridire na gCleas leis an
dáréag éirighe 'na suidhe agus píosa
gaisgidheacta do dhéanamh fé mar a dheine-
adar cheana.



Anois do bhí a mhac féin ann agus bhí sé
i ngarr do bheith chomh maith le ceathrar aca.
“Níl sé 'na ghaisgidheach fós chómh maith leis
na fir seo,” arsan Ridire, tacht leig
liomsa é go ceann lae agus bliadhna
eile.”



“Leigfead,” ar seisean, “acht go dtiubh-
raidh tú ar ais chugham é i gceann lae agus
bliadhna,” agus dubhairt an fear eile go
dtabharfadh. D'imthigheadar leo lá 'r na
mháireach arís, agus igceann lae agus
bliadhna do chonnaic an fear chuige arís
iad. Thug sé fáilte agus suipéar maith
dhóibh le luthgháire iad do bheith ar ais arís
gus a mhac leo.



Nuair a bhí an suipéar caithte aca arís
dubhairt an Ridire leo éirighe na suidhe
agus píosa gaisgidheachta do dhéanamh.
D'éirigheadar 'na seasamh trí fir déag agus
budh é mac an fhir do b'fhearr díobh. Níor
fhéad fear ar bith aon cheart do bhaint de
acht Ridire na gCleas féin. Dubhairt fear
an tighe ná raibh aon fhear anois chómh maith
le n-a mhac féin.



“Níl go deimhin,” arsa Ridire na gCleas,
“aon fhear chómh maith leis acht mé féin
agus má leigeann tú liomsa é go ceann
lae agus bliadhna eile beidh sé na gháis-
gidheach chómh maith liom.”



“Mhaise cad na thaobh ná leigfinn,”
arsan fear bocht agus nior chuimhnigh sé ar
a iarraidh ar an Ridire an mac a thabhairt
ar ais arís chuige agus níor chuir sé ar a
shúilibh do é acht oiread.



I gcionn lae agus bliadhna dho bhí an fear
bocht ag súil leotha arís acht ní rabhadar
ag teacht. “Pé an diabhal áit de'n domhan
go bhfuil mo mhac-sa,” adubhairt sí leis
féin, “caithfead é d' fhagháil amach.”



Shocruigh sé é féin suas chun an bhóthair
agus d'imthigh sé air trí oidhche agus trí lá
ag suibhal go dtáinig sé go dtí tigh breágh
mór agus amuigh ar aghaidh an dorais mhóir
do bhí trí fir déag ag bualadh báire ann.
Do sheasaimh sé ag féachaint orra agus do
thug sé fé ndeara go raibh aon fhear amháin
ag bualadh le dáréag aca. D'imthigh sé
isteach i na measg agus do fuair sé amach
gurab é a mhac féin do bhí ag bualadh leis
an dáréag aca.



Do chuir sé fáilte roimh an athair annsan
agus dubhairt sé leis ná raibh aon bhreith
aige air féin anois mar nár dhéin sé a ghnó
i gceart nuair a bhíodar 'á fhágaint. “An
diag go bhfuil an ceart agat,” arsan
t'athair. “Anois,” arsan mac, “Ní bhfaghair
féachaint orm anocht acht déanfar trí
colmáin deag dínn agus caithfear gránacha
coirce ar an úrlár agus déarfaidh Ridire
na gCleas má aithnigheann tú do mhac orra
san go bhfaghaidh tú é. “Cogar anois,” ar
seisean. “Tá comhartha agamsa le
tabhairt dhuit. Ní bhead sa ag ithe aon
ghráine de'n choirce, acht beidh mé ag dul
anonn 'sa 'nall ag gabháil de ghob ar an
gcuid eile des na colmánaibh.



D'fhág an mac é annsan agus do chuaidh
an t'athair isteach go dtí an tigh agus do
chuir Ridire na gCleas fáilte roimis.
Dubhairt an fear go dtáinig sé d' iarraidh
a mhic nuair nár thug sé leis é nuair a bhí
an lá agus bliadhain caithte.



“Níor chuiris insan margadh é,” arsan
Ridire, “acht ó tánaís chomh fada san dhá
iarraidh gheobhaidh tú é má's féidir leat é
aithint. Rug sé isteach é go dtí an seomra
go raibh na trí colmáin déag ann agus
dubhairt sé leis toghadh a dhéanamh anois
agus má b'é a mhac féin bhéarfadh sé de.
rogha leigint do é chongbháil. Do bhí a mhac
féin ag gabháilt anonn 's anall fé mar
a dubhairt sé agus dubhairt an fear gurab
é sin a rogha. “Tá do mhac agut anois,”
arsan Ridire, “agus féadfair é chongbháil.”



Do bhí an fear sásta annsan agus
d'imthigh sé an bóthar é féin is a mhac.
Nuair a bhíodar ag dul abhaile thánadar
go dtí baile mór go raibh aonach ann.
Bhíodar chun dul isteach san aonach nuair
d'iarr an mac ar a athair téadán do
cheannach, agus adhastar do dhéanamh de.
Déanfadsa siorrach díom féin agus díol-
faidh tú mé ar an aonach so. Tiocfaidh
Ridire na gCleas chughat ar an aonach agus
ceannóchaidh sé mise uait. Nuair a bheidh
tú am dhíol ná tabhair an t-adhastar uait
acht coinnibh é agus féadfadsa teacht
chughat arís.



Dhein an mac siorrach de féin annsan
agus do chuir an t-athair an t-adhastar air.
Tharraing sé suas ar an aonach é agus ní
raibh sé i bhfad ann nuair a tháinig an
Ridire chuige agus d'fhiafruig sé dhe cé
méid a bhead uaidh ar a' siorrach. “Trí
chéad púnt,” arsan fear. “Tabharfad-sa
é sin duit,” arsa Ridire na gCleas.
D'imthigh an Ridire leis an siorrach agus


L. 7


d'imithigh an fear abhaile agus an t-adhastar
aige. Ach ní raibh sé ach amuigh as an
aonach nuair a bhí a mhac suas leis arís.
“A athair,” ar seisean, “tá aonach ar a
leithéid seo d'áit amáireach agus raghaimíd
isteach ann.”



An lá ar na mháireach do dhein an mac
siorrach dé féin, agus do chuir an t-athair
an t-adhastar air. Do bhí Ridire na
gCleas arís ar an aonach agus thánaigh sé
go dtí an fear agus d'fhiafruigh sé dhe cad
air a dhíolfadh sé é. “Sé chéad púnt,”
arsan fear. Thug Ridire na gCleas leis
siorrach agus do choimeád fear an
t-adhastar. Ní raibh sé ach i dtaobh amuigh
do'n beárnain nuair a bhí an mac arís
chuige.



Bhí aonach i n-áit eile lá ar na mháireach
agus do chuadar ann. Do dhein an mac
siorrach de féin agus do chuir an t-athair
an t-adhastar air. Ní raibh sé ibhfad na
sheasamh istigh nuair a tháinigh an Ridire
chuige arís. Dh fhiafrnigh sé den fhear cad
air a dhíolfadh sé an siorrach breágh do bhí
aige ar adhastar. “Naoi gcéad púnt”
ansan fear. Chuir she lámh 'na phóca agus
thug sé an t-airgead do'n fhear, agus
d'imthigh sé leis chomh tapaidh sin nár
chuimhnigh sé ar mhargadh an adhastair do
dhéanamh leis.



Bhí an t'athair ibhfad ag feitheamh ach ní
raibh an mac ag teacht. Thug Ridire na
gCleas abhaile leis é agus do dhroch-úsáid
sé an buachaill bocht agus ní leigfí amach
in aon chor é. Thuit sé amach gur chuaidh
an Ridire as baile lá agus nuair a bhí sé
ag imtheacht do cheangail sé an garsún
bocht insan t-seomra ab'aoirde insan tig.
Nuair a bhíodar go léir imthighthe annsan
acht é féin agus an cailín, d'iarr sé deoch
uisge uirthe in ainm Dé dubhairt an callín go
mbeadh eagla uirthe go bhfaghadh a máighistir
amach é agus go marbhochadh sé í.



“Ní chloisfidh duine go deó é” ar
seisean “ná bíodh aon eagla ort
Ní mise 'neosaidh dó é ach go h-áirigthe.”
Sa deire thug sí suas an deoch uisge chuige
agus nuair a bhí sé ag ól an uisge do dhein
sé eascú dhe féin agus chuaidh sé síos ins an
soitheach. Do bhí srothán beagh idtaobh
amuigh don ndoras agus do chaith sí an
fuighleach do bhí insan soitheach aice amach
insan srothán agus d'imthigh sé leis féin na
eascuin tríd an abhainn abhaile go dtí na
athair. Do chuir an t'athair fáilte roimis
agus mhaireadhar go sásta as san amach
agus bhí ramsach as an airgead go léir aca.



Siobhán Ní Chléirigh,
Cuaisín Bhaile Móir,
Daingean Uí Chúise.



An té go mbíonn feidhm air bíonn pheidhre
casóg air
'S an té go mbíonn meidhl air bíonn
pheidhre samóg air.



Cabhair Dúinn so:



Nuair a bheir ag scrí chun lucht siopa nó ag
caint leo, cuir in-iúl dóibh, le d'thoil, gur
sa “Lóchrann,” a chonnaicís an fógra aca.



Cosa Buidhe Árda
Do'n Aos Óg.



FUAIREAS-SA CUIREADH CHUN
DUL AR A' bPÓSADH.



(Abhrán Luasgaigh).



Fonn: "Sagart na mBútaisí.”



Fuaireas-sa cuireadh chun dul ar a' bpósadh
Hoxty ody hickety um
Is olc do chuaidh an cuireadh san dómh-sa
Hoxty, etc.
Dóghadh mo stocaí is goideadh mo bhróga
Hoxty, etc.



Is thuit mo bhean in oidhean na feola
Hoxty, etc.
Ní bhfuaireas-sa sgian ná forc chun a thógtha
Hoxty, etc.
Ach sgian do bhí briste is forc do bhí leóinte
Hoxty, etc.
Do liúigh sí is bhéic sí gur stracas a cóta
Hoxty, etc.
Is thug sí annsain clobhta treasna na srón
dom
Hoxty, etc.



D'fhágas-sa thíos í go raibh sí dóighte
Hoxty, etc.
Is dheineas-sa féin mo mhéaranna dhóghadh léi
Hoxty, etc.
Do tháinig an gruagach uasal módhmharach
Hoxty, etc.
Is thóg sé mo bhean as coire na feola
Hoxty, etc.



D'fhiafruigh sé dhíom an inghean dom an óig-
bhean
Hoxty, etc.
Dúbhartsa nárbh eadh gurbh í mo chéad bhean
póst' í
Hoxty, etc.
Gaibh-se an tsliabh is raghadsa an bóthar
Hoxty, etc.
Is piacu againn leanfaidh sí bíodh sí go deo
aige
Hoxty, etc.



Chuadhas-sa an tsliabh is chuaidh seisean an
bóthar
Hoxty, etc.
Is lean sí an gruagach ó 's aige bhí an óige
Hoxty, etc.
Do shuidheas ar bloicín is do ghoileas mo
dhóthain
Hoxty, etc.
Bhí tarra ar an mbloc do loit mo chasóg
orm
Hoxty, etc.



Finghín na Leamhna do sholáthruigh
i gCorca Dhuibhne.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn



H. JOHNSTON,



TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Teo.,



Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



Píanó Ceart Gaedhlach ar £32!



Tá píanacha 'á n-déanamh in Éirinn
anois, ag
Pigott & Co. Ltd.,
Luimneach, Ath Cliath
is Corcaigh.



Guailneáin.
Seandúna.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.
"Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces”
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
"Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Port an Phápa, CORCAIGH.



CHÓMH-BLASTA LE hAON-ÍM!
Margairín
“Leandar”



Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag
Ó Dubhdaill, Ó Mathúna
Agus a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.



Le Gaedheal an, Siopa So:



The Fountain Book Shop
67 & 68 Sráid a' Chapaill Bhuidhe,
CORCAIGH.



Gach leabhar a theastuighean ó lucht scoile is
ó Ghaedhilgeoirí tá le fághail ann. Labharfar
Gaedhilg leat. Liam Ruiséal, fear an tsiopa.



A Ghaedheala! Ceannuighidh



“Éadach na Druipsighe”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaig na Druipsighe (Teo.)
Co. Chorcaighe.


L. 8


Seanchaidheacht na Mumhan.



Aoinne go raibh eolas ar an nGaedheal-
tacht aige nó ar an leath-Ghaedhealtacht fiche
bliadhain ó shin tiocfaidh chun a chuimhne na
seandaoine go raibh aithne aige an uair sin
ortha a bhí go h-iongantach chun scéalaidh-
eachta agus seanchais nó go raibh sean-
amhráin agus sean - cheol na nGaedheal
ar fheabhas aca. Aoinne a rugadh sa
Ghaedhealtacht is cuimhin leis na daoine
bhíodh ag tighthibh tóraimh ag innsint scéalta
fiannaidheachta go breacadh an lae agus
an tigh lán de dhaoinibh ag éisteacht go
ciúin, aireach leo; nó oidhche eile ar
Phósadh ag gabháil sean-amhrán gan áir-
eamh ar a sean-nós féin. Bhí a lán de
sna daoinibh sin ann fiche bliadhain ó
shin, ach níl aoinne againn ná cuireann
a gcuimhne anois cathú de dhá shaghas
orainn—cathú i ndiaidh urmhóir díobh féin
do chuaidh ó shin san uaigh, agus cathú i
ndiaidh na scéalta & na sean-aimsir-
eachta a bhí aca agus a chuaidh síos san
uaigh i néinfeacht leo. Seandaoine dob'
eadh iad go léir nach mór agus tháinig
an bás ortha mar is dán do'n aois.
Ní raibh dul ó'n mbás aca féin ach
dob' fhéidir a gcuid scéalta agus
sean-aimsireachta a chosaint ar an mbás
céadna dá ndeintí aon imshníomh 'na
dtaobh. Ach ní dearnadh an t-imshníomh,
níor scríobhadh ach ceann fánach aca &
pé olc, maith iad d'imthigheadar síos sa
chré leis an duine go rabhadar aige.
Bítear á chásamh nár fhoghluim agus nár
chleacht clann na seandaoine úd iad.
Ní h-aon mhaith bheith á chásamh san — ní
dhearnadar agus ní dhéanfaidís agus ní
locht ar fad ortha é. Ní h-é sin an meon
atá ins na daoine atá anois ann. Tá
ré an scéalaidhe imthighthe & ré an chló
tagaithe.



Tá athrú mór tagaithe ar mheon daoine
le leath chéad bliadhan. Ní aithristear
anois scéalta fiannaidheachta ná scéalta
móra gaiscidh cois teine. Níor fhoghluim
.ina daoine óga na scéalta san ó sna
seandaoine agus is amhlaidh atá anois —
aoinne go bhfuil na scéalta & litridh-
eacht béalaithris na sean - aimsire aige
is duine é ó'n tsean - aimsir, trí fichid
no ceithre fichid bliadhan ó shin. Níl thar
duine nó beirt i n-aon pharóiste aca
san anois annso sa Mhumhain. Sean-
daoine iseadh iad go léir agus le
h imtheacht na h-aimsire gheobhaid siad
san, leis, bás, ar shlighe i gcionn fiche
bliadhan ó indiu ná bheidh scéalaidhe
slachtmhar de'n tsean-shaghas sa chúige
seo.



Pe 'ca mhairfidh an Ghaedhilg nó ná
mairfidh sin é mar a bheidh an scéal,
mar tá deire leis an sean-nós scéal-
aidheachta san & ní h-aon mhaitheas bheith
ag iarraidh é bhuanú. Ach níl deire leis
na scéalta agus ní bheidh mara ndeinidh
ar gcuid faillighe-ne deire a chur leo.
B'é ár bhfaillighe-ne na scéalta leigint
san uaigh le lucht a n-innste. Tá urmhór
scéalaidheachta na Mumhan leigithe leis
an mbás againn-ne. Ní dearnadh aon
bhailiú slachtmhar riamh ar scéaltaibh na
cúige seo ach iarracht bheag thall agus
iarracht níos lugha i bhfus. Bailigheadh
beagán aca i gcóir an Oireachtais
agus cuireadh cuid aca i gcló ins na
h-“Imtheachta.” Bhailigh Pádraig bocht
Ó Laoghaire beagán, ach an cnuasach is
fearr de sheanchaidheacht na Mumhan is
sa “Lóchrann” atá sé. Is beag eile atá
déanta as Gaedhilg, agus is beag an
chuid é sin seachas a bhfuil gan déanamh.
Do dhein Lady Wilde & Crofton Croker
& Jeremiah Curtin aistriú (agus athrú)
ar chuid de scéaltaibh na Gaedhilge ach
dheineadar lot leidhbe gan leasú' ar
chuid aca.



Déarfaidh duine nach fiú na scéalta
san a shaoradh ó'n mbás — go bhfuil a ré
caithte. Níl a ré caithte. Sé an sean-
scéalaidhe go bhfuil a ré caithte, ach tá
an cló i n-ionad an scéalaidhe anois
sa tsaoghal & is mó de lucht éistighthe
atá aige sin ná mar bhí ag an scéal-
aidhe riamh. Is míle mó a léighean
sean-scéalta na h-Almáine i leabhraibh
Grimm ná a chualaidh riamh ag na scéal-
aidhthibh iad sa bhFásach Dubh; agus nach
é an scéal céadna ag scéaltaibh Hans
Andersen é agus ag Finnscéaltaibh na
h-Araibe. Níl aon duine chomh dithcéil-
lidhe sin is a rádh gur ceart na scéalta
san a leigint chun báis.



Bás iseadh gheobhaidh an chuid eile de
sheanchaidheacht na Mumhan mara scríbh-
imíd-ne é taobh istigh de chúig nó sé
bliadhantaibh ó'n mbeagán beag scéal-
aidhthe atá fós na mbeathaidh. Má tug-
tar an Ghaedhilg tar n-ais ní le n-ár
linn-ne a bheidh sí fé lán réim, ach is
féidir linn-ne cuid dá h-ornáidibh & dá
seodaibh a chur i dtaisce dhi chun ná beadh
sí dearg nochtaithe nuair a thiocfaidh sí.
Agus is féidir san a dhéanamh. Is
olc an scoláire Gaedhilge ná féadfadh
scéal a scríobh' ó sheanduine nó ó shean-
bhean. Mar gheall ar an méid sin duaidh
nár mhór an peacadh scéal Gaedhilge a
chailleamhaint. Ba cheart do dhream éigin
sa Mhumhain atá suimeamhail sa scéal
teacht le chéile & cabrú le chéile chun
an gnó a dhéanamh i gceart & bailigh-
theoirí a bheith aca i ngach cúinne sa
Mhumhan agus cnuasach slachtmhar de
“Sheanchaidheacht na Mumhan” a chur le
chéile agus a chur i gcló.



“An Seabhac.”



Seán 'ach Pheadair.



Roinnt bhlianta ó shoin do chomhnuig féir-
meóir ar an Nóchobháil íochtaraig láimh leis
an Ráth mhóir. De Mhuinntir Mhurchadha é,
ach Seán 'ach Pheadair is mó a tugtí air.
Bhí buachaill i n-aimsir aige gurbh ainm do
Diarmuid Eoghain. D'iarr Diarmuid air,
lá, teistiméireacht éigin a scrí' dho toisc
ó bheith ag dul ar lorg oibre ó dhuine éigin
eile. Sidí an teistiméireacht a fuair sé.



“A Dhiarmuid, b'é an riabhach tu chur 'sa
tsúsa;
A Dhiarmuid, b'é an dá riabhach tu chur
id' dhúiseacht;
A Dhiarmuid, nuair adéarfainn 'siar',
is soir a stiúrfeá,
Is a Dhiarmuid, níor dheinis riamh aon job
le dúthracht.”



An Fiach Dubh.



FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CHLIATH, &rl.



Más Múinteóir tú, ná bí ad varú fén agus a marú na
leany a diaruig na Gäluingi vúini ghóiv lesh na sheana
letireacha agus lesh an sheana letiriú. Buín triàil as
an letiriú shimplí agus beg tora er do hähar.



An Cuman um Letriú Shimplí,
Tigósda Minerva, Bleáclieh.



Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
do mhúineadh:



“Scéalta don aos Óg,” 2d.
“Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d.
“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II-., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6



Gaedhil a bhfuil Trácht ortha:



Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Uolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.



Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —



Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:



“The Educational Co. of Ireland,”
89 sráid Talbóid, Áth Cliath.



Tá árd-teist ar
MHUINTIR HILLIARD (teo.)
Cíll Áirne,



De bhárr an chuma in a gcabhruighid
le déantúisí na hÉireann. Ní gádh
earraí thar lear do cheannach, agus



Seogh Earraí
Gaedhealacha



Le fághail in a dtigh sin. An siopa
éadaigh is mó agus is fearr
i gCiarraidhe.



Tig a 6 & a 7 sa' tSráid Mhóir,
CÍLL ÁIRNE.



Múinteóir: “Cad é ao Ghramadach Ghaedhilge
is fearr?”



Fear an Eolais: “Ní deacair an cheist sin
d'fhreagairt; is é



CEACHTA
CAINNTE
GRAMADAIGHE



Is binne Gaedhealg
Is cirte Gramadach
Is usa Múineadh



d'á bhfuil de Ghramadachaibh Ghaedhilge
againn i ndiu."



Molaid na h-ughdair é; molaid na páipéir é;
molaid na múinteóirí; agus
molaid na scoláirí féin é.



MUINNTIR GHUILL & A MAC,
50 Sráid Uach. Uí Chonaill, ÁTH CLIATH.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services