Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Pastoral Instruction in the Irish Language
Title
A Pastoral Instruction in the Irish Language
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1794
Publisher
(Trá Lí: The Kerry People, 1912)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A Pastoral Instruction in the Irish Language, from the Roman Catholic Bishop of Kerry, to the Lower Order of his Diocesans in 1794, with a literal translation for the convenience of those who may have a difficulty in reading or understanding the original. Ó bo dheonathach le Dia me chuir mar uachtarán spiriodálta as cionn lucht leanamhuna an Chreidiomh Chatoilicidhe an so Díósus so, is dualgus é atá ceangailte orum, agus ann na ccaithfimé géarrchúntas do thabhairt lá eile a láthair an áirdbhreitheamhnuis, gach teagasg atá riachtanach do thabhairt do na treudtha atá fé mo chúram, le shin, a Dearbhráithireacha ó is ceart sibh do chuir air úr ccosuint ann san aimsir bhuartha chúntabhurtha atá nis aguin, a's air a ttaobh eile nach féidir liom bhieth a láithir gach aon Phobuil fá leith chum labhuirt limh a bparsin, cuirim mar churam air Shaguirt na Díósus an comhradh so do léigheamh ón altóir, gach aon aca dá Phobhul féin, le muinín as mhór-thróc-uire ar Dtiarna go dabharthuid na daoine géar-aire dho, go riaghalfuigh siad a mbeatha agus a niomchar da réir. Is le buaireadh mhór do thuigim, a Dhearbhráithearacha gramhur, go bhfuil a ndíósusuidhe eile, agus fós an Díósus is adhchumuire dhúin, dalacháin bhochta mhealta ag eiridhe suas le buile agus dícéille a guine cheart- dlighe na dúthuighe, a cuir leamhara amach le coimhéagan, a brise síochán na coimhtiantacht, a tarruinght géarr-smacht a nuachtaráin agus díoltus na Dlighthe, ní she amháin ortha féin, acht fós ar dhaoine bochta síochánta na Dúthuidhe. Do bheirim an san aimsir chéanna boadhachus le Deia, nach cloisin aoin míriaghaltacht don tshortso am Dhiósús, ea a measg na bpoibliochadh a tá fé mo chúram agus ní le h-amhuras aoin midhiompar comhuntabhuirteagh don tsamhail seodh do bheith éaduirthibhse ná ag meas guh bhuil aon droithaigine aguibh féin do chuirim an teagasg so go digh sibh ach le h-eagla go dtucfadh aon malathóir didhchéillidhe dhíobh so a triaghal oruimh do dhéanagh aon tiormuisc dhíbh, ná thaireocagh sibh (a) shlighte maluithe míodh fhoirtiúnacha féin, le conntabhuirt úr mhille go h-iomlán an sa tsaoghul so, agus ur n-damnudha síorraidhe an sa tsaoghul eile. Ní bhfuil neach an úr measg le nach coimhinle créad é an díomháil do dhin an fhamhulchus so dhíbhsé, agus don Dúthigh eile ar fad, an sa an aimsir dhimig thoruin. créad é an tamaird, chréad e an tuallagh cíosa a's cáin do tharaigiodar oruimh a's féachuig ainis créad é accridhe féin. An éamuis ar marbhuidheach, agus mórán níos mó do chreachag ó am go h-am le bliadhan, a ccuntaoe Thiobridara, a ccúntaoe Lumuine, a ccúntaoe Chorcuighe agus mórán tíortha eile; féachuig créad a thuit amach is geadhár ó shin, an ur ccomharsanacht féin an sa Daingion. Do chuirnigh na mílte parsa do na Dalacháin seo a bhfuirim buachaillidhe bána a baguirt agus dearbhugh guh gcuirfhidís a ndlighthe a bhfeidhim; nach díolfaidhís cáin ná cíos; nár bhfhualáir dhóibh feasda bheith ruimhintpháirtheagh a seibhioras a's ann ula-mathas na Dúthidhe an ionad bheidh, mar bhíodar, a mbochtuinneacht agus a nannroe; acht créad a bhidhe dá bhár acu as an rald (?) Maluithe dícéiliogh so? Do glaomh amach 40 éiccin saigheadúirdhe bhí ar an mbaile, noch do chuir ruaguirt agus brise air an chuirniúdh buile, tar (éis) naonúr aco do ládhach air an láithir, agus a bputóga a sgaoile fé sráid. An gadh dhum fós insint díbh nidh do chualabhuir go léir, gur tógach suas ladh feigh deiri tiompal 200 an aon lá amháin a Ccorcuigh; gur lamach aisteach go prísúin iad; agus nach bhfuil duine aco no (? go) mbeig áireamh na chúis ná déanfar a chrocha nó a dhíobirt har Farrigi? Dá mhéid scúirsidhe agus anacura dfhuiling lught an tsaoghar so agus atá fós fé na ccóir, agus dá mhéid a ghutlean orum féin a ccas mío fhortúineach, is deocuir truaidhmhéil bheith dhóibh, thar éis na mórán sompluidhe do chonurcaduir le 40 bliadhn ó nar cheart dóibh a thuisguint, ná beoch go brágh le buadh as midhiompar agus eirighe suas an aghagh na Dlighthe, ach géarr-dhíoltus air na daoine cionntach, agus méadugh na dtrom ualaighe air coimhtiantacht na mbocht. Cread bo ghnáthuighe le feisgint an aimsir na mbuachuilidhe mbána, ná prísúinuidhe agus breigh-dionnuidhe dá líona, cuid aco dá ládhach le pléaruibh, cuid aco dá ccrocha, a thuile aco dá sciúrsáil go pubuilidhe thridhe bailte móra agus Catharacha, a Mbná dá bhfagáil na Mbeintearacha, a cclan na Ndhileaghachtuidhe, a ccuid agus a n-giongmháltus bheoga dá ndíbhirt agus dá ruagairt as a n-áitribh agus a n-duthuigh. Agus cé iad bo bhun le seodh, ach daoine díomhaoine, gan strus gan bhraigil, gan crídh, gan tairbheuraighe, nach roimh aon-nidhe le caileamhuint agus gan ni eile a naigne ach cuid a ccomhursuin mhacánta do shlada, agus do fhuadagh. Agus a Dhearbhráitíreacha dá mbeath sibh fós gan na sollaoidighe seodh as cóir úr súile nach neosach ur ccial nadúrtha dhíbh nar bhfhéidir leo so dul air a nadhaigh a guine comhachta na Ríoghachta, air amhar nach é amhain arrumáil na dúthaidhe, lucht seibhris agus achmhuine, ach fós gach naon aig dhá mbeogh nidhe ar bith an a sheilbh, amháin a gharruidhe, a bhathán, a mhuc no a mhion-alach eile e chosnamh, do eiróch suas daon-mhbhaoidhin an aghaidh na ma laghthóiridhe seodh. Ach bfhéidir golamharfuidís libh ar chogu nó ruathar do theacht go Éirinn, go natharóidhfidhe críochsmacht na Dúthuighe, go bhfaghach sibh saoirse nó fuasguilt ó gach amard. Seadh, ghearbhráithearacha, nidhe nach fuil bun ná deáreamh leis, amhar, baodhachas le Dia atá baoighean agus sluaite ár roidhe féin comhachtach comusach go leor, air muir agus air tír chum ar namhaid do chonáil uain; ní bhfuil neach do thuisgint ná d'eolas gan fios aige gur díomhain aon ionnsuigh do thabhartheach na Francuigh air theacht go Éirinn, do bhruidhe nach fuil comhachta san Eóraip is treise ar fairrge ná Sasanna, agus go bhuil a loingeas a ccomhnuidhe amuth ag faire chum bhreith ar na Francuigh, agus iad a chur go grional, dá leodhfuidís a ccuan féin dfhágáilt agus a naghuig do thiospáint air ttaoin. A ccás féin go bhféadthuidís teacht a dtidhir an ár measg agus buadh a ghfhamháil ar dtúis, créad na mbeoch súil agaibh gur bheárrdigh úr ccuingíol é? féachuig créad a dheinid siad na ndúthuig féin. A chéile do mharbhugh, na cinn do sgotha do gach naon nar dóighe leo go bhuil aoinnidhe aco le fagháil ná bhara, gach nidhe chímhid a seilbh a ccomharsan dfhuadach le fóirneart agus creach-ruather. Créad a dheinid siad ann sgach tidhir eile chum na sroisean a cconncuis? A mbailte agus a Catharacha do leaga, do losga agus do mhille; gach nídhe theagainn na slidhe do lott agus do réaba, gairim do chur ar gach caithir agus baile, suighim airgid do dhéanamh suas dóibh gan mhaoil no a ccin do bheith a ngeabhal leis; an aon fhocul, gach tír tridhe na ngeamuid siad do léir-sgríos go umlán. Nó an measuin sibh a Dhearbhráithearacha, go mbheidís níos fabhuiridhe dhimse, ná do locht a ndúthuighe féin, agus dá go mór-mhor ar theacht ann so, ach sin go léir, seibhir agus bocht, do ndlughchomharsanuimh? nach mealuig sibh féin; ní bheoch air a naigne, creacha; ar amhar go bhuil fhios aco na beoch air a ccumas seilbh na duthuighe dáiteamh agus do chosnamh aguine an neart-armáil do chuirtheach Sasonna gan mhaoil air dún chum iad do scaipe agus do ruaguirt. Tar éis ar chuireas andhúil díbh, má tá an úr measc aoinne chó éagantach agus go mbeoch taobhuidheacht ná leaga ar bith aige le na Francuig air son a cCreidimh, bíoch a fhios nach fuil ionnta anis ach drong díchreideamhach ann chríosdamhail, do tharcuisnios Dia féin, do mhasluidheas gac nidhe da naomhtha agus dá bheanuighthe, do loisgios Teampuil a's Mainistridhe, do chuirios chum báis Sagairt agus bráithire, do raobus Altóiridhe, . . . go dí naomhshacrimint corp Criost féin, nach leigion thórsa gan brúdh sa chois. Ach air a shon gur toil le Dia leigion leodh sealudh an na mídh-ghníomhartha so, bíoch fios agaibh (go) ttarecuig (luath) nó mbabhul cloimh an trom-dhíoltus na guine (mar a) dhin aguine Antíochus, Baltasar agus mórán tíoránuigh bhorbadh neimhdhiaguidhe eile, nar leig sé srian air feag tamuil, nó gur tháinig aimsir féin chum iad do ghearradh amach. Nach truadhmhéileach an nidhe a cháirde grádhach, na daoine feodh, bhídh, bhídh na bhfír/-chríostuidhe thómósagh do rialacha chreidiomh Íoasa Críosd, géileamhúil dá nuachtaráin agus don Eaglais, díogruiseach dá Righ, síochánta le céile, daonnachtach, solabhartha, muinteartha (?) le deoruidhe, múinte béasach thar daoine eile an domhuin, iompogh amach inis na namhuid folas aguine Dé agus daoine, na nannsprirdigh a cclodh (daoine) gan col le h-aon chuir da thruime ná dá thruaillidhthe. Seódh searbh-thora dídhfheirg Dé, noch tarring an críoch malluithe seodh ortha féin, ag tosnughadhle mídhthómós agus neamhubhalaoidheacht dá nuachtaráin dlisdineach, le brise trídh síocháin agus deaórdúgh an chomhluaduir, agus le toil buile, a naigne féin a chuir suas an ionad cheart-dlighe na Ríochta. Nach (cuireadh) so iongna oraibh a dhearbhr, air amhar nach fuil nidhe air bith is modh a tá nadhagh orduin (?) na Flthuuis do tarruingeas oruin scúirsidhe ó Dhia ní amháin an sa tsaoghul so ach fós an sa tshiaraigheacht, ná midhriaghaltacht don tshamhuil seodh. Mar mhúineas Dia féin dún as beul an Aspuil Pól a mbhreithre soilléithre an sa 13 C. dá leitir chum na Rómhánuigh "Bíoch," airsé "gach naon úmhal tumósach do dhaoine an árd-chomhachta, amar ní fuil aon chomhachta ach ó Dhia. Na comhachtuidhe atá ar bun, sé Dia dórduig iad; dá bhrídh sin an té chuireas a naghadh na ccomhachta cuirean sé anaghadh ordúgh Dé agus tairringean damuin shíorruidhe (air) féin," arís airsé "díoluig a cheart féin le gach aon duine, áird-chíos le an té do nar ceart eagla bheith roimhe, ómós do an té nar ceart ómós. Nach bídheach aoin nidh umodh aige neach oruimh." Chímíd Íoasa Críosd ár Dtiagharna ag aithne áird-chíos do dhíol le Caesar, gé gur Allumharthach Págánach é, do gheirrlean le gach cinéal sgúirsidhe agus pionaigh," Íosa Críosd féin agus gach aon do admhuigh a Chreidíomh. "Díoluig" ar sé, "le Caesar na nidhthe bhuineas le Caesar, agus le Dia na nidhthe bhuineas le Di." Múinean so dhúin, a Dhearbr, créad é an fáth le nar ceart áird-chíos agus cáin do dhíol le nár Nuachtaráin dlisdionacha; chimhin sibh nach é a Ccredomh ach a nughdasrás is bun leis, mar gur b' iad do chosnamhuid ar ccuid agus ar ccóir, gur biad do thugaid didhean agus taramuin dúin ó nár namhuid agus ar naiscáirde. Is leis sin a Dhearbr, a dheir Príomhughdar gach deadhornuigh (?) Dia féin a leabhar na seanráite, "Triah darása riaghalthuidh Righthe, agus eachtamhuin Dlightheóirithe cóir agus ceart" (? Tré m'ughdarás-sa riaghluighid Righthe agus eachtiigheann Dlightheóirithe cóir agus ceart.) Agus go dearbhtha, a cháirde grádhach, mar a mbeoch na h-uachtaráin seo as ar ccionn, cionnasa bheidhmís a suibhneas ná síochán fad a bheoch an uile nidhe dá fuadach aige an té bo threise, gan cóir le fághuil aige an lag, gan srian gan teora le an Creachadóir ná le an marbhthóir. Agus an é seo an sort saoghuil nó aimsir bo mhian libh? táim deimhneatheach, a dhearbhr, gur le critheaghla féin do smuineamhuin sibh air. Leis sin, a cháirde mo chroidhe, ní féidir go mbeoch aoine aguibh chó dídhchéilidhe ná chó maluithe sin as lámh a bheith a mbuart ná an araid do tharoiceagh oruimh na scúirsidhe shaoghalta so dáireamhus suas díbh, agus, nidhe is míle measa fós, do thuilteach damuint síorruide dúr nanamnacha, fé mar chualabhuir as beul an Naomh Aspuil Pól. Agus tar eis ar fhuilingheamhuir féin agus úr síonsar ar feadh 200 bliadhan eir son úr ccreidomh, nuair u bhí mórán aguibh le buagh dtaobh a threigion; ar nódh ní féidir gur mian libh sgaramhuint leis anois; nidhe thuaiteach amach dá dthabhuirtheach sibh cruas do na cóimhirligh mhaluithe atá go déigheanach ag rioth trí an dúthigh, ag corruighe suas agus ag gríosúdh na ndaoine chum sompla diabluidhe Fraince do leanamhuint. Ní féidir, a cháirde mo chroidhe, ní chuirin fé núr gcóir é; go mórmhór ainis tar eis an saoirse agus an fuasguilt do thug ár Righ ceansa daonachtach a ccoimhcheangal le na dhlidhtheoirithe dhúin go léir ó an ngéassmacht agus ó an pionois bhídh as ár ccionn. An ionad aon araid ná brise síocháin, a tá muinín agam as trócuire gan teorádh ár Dtiarna, go ndéanfa sibh díchiol an chomhairle leanamhuint do bheir sé dhíbh airis as beul an Aspuil. "Diúltugh do neamhdhiaghacht agus do chlaonta an tsaoighil seodh, úr mbeatha a chathamh go measartha, go ceart, agus go cráibhtheach air a dtalamh, ag feithiomh le dóchus na beatha naomhtha, agus teacht glóire De, agus ár Slánuidhtheoir Íosa Críosd, noch do gheallus dá sheirbhísigh díliosuidhe íobhnus síorruidhe a bhflathamhnus; nídh do ghuidhim díbh go léir.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services