Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mion-Chaint Cuid III
Title
Mion-Chaint Cuid III
Author(s)
O'Leary, Peter, Very Rev.,
Composition Date
1902
Publisher
Irish Book Company, The
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cuid a III. SUÍDHEAMH NA DTÁTH-FHOCAL. A Dhia mhóir! A Dhia na glóire! A Dhia na glóire gile 's na daonachta! A Dhia na bhfeart! A Dhia na gcómhacht! A Dhia na bhFlathas! A Dhia na cruinne! A Dhia n' uile chómhacht! A Rígh na bhFlathas! Éist liom, a Athair Tadhg. Éistfad, a Athair Dómhnall. A Athair dhil ghrádhaigh. Tar a leith, a leanbh. Éist, a laogh. Ná goil. Éist, a laogh liom. Seasaimh! a bhitheamhnaigh.
A h-aon. A dó. A trí. A trí fichid. Trí fichid. A deich a's trí fichid. Deich a's trí fichid. A cheann. A chos. A throig. A troig. A chuid. A cuid. A gcuid. A gcosa. A gcur. Le n-a gcur. Tré n-a gcur. Ó n-a gcur go dtí n-a mbaint. Ó n-a dteacht go dtí n-a n-imtheacht. A bhrise. Táim (ag a) 'ghá bhrise.
Táim chun a bhriste. Buail an gadhar. Táim chun a bhuailte. Abair do phaidreacha. Táim chun a ráidhte. Déin an gnó so. Táim chun a dhéanta. Labhair leis. Táim chun labhartha leis. Labhair na focail sin amach. Táim chun a labhartha amach. Tá an focal (do a) d'á labhairt aige. Tá sé (ag a) 'ghá rádh. Tá sé d'á rádh. Táid siad ag gearadh na gcrann. Táid siad 'ghá ngearadh. Táid na craínn d'á ngea- radh acu. Táid siad d'á ngearadh. A fhaid. A leithead. A leithe atá sé. A dhoimhneas. A dhoimhne atá sé.
Gileacht na fearthana. A ghile atá an spéir. Luathacht. Ní beag duit a luatha a bheidh cúram an tsaoghail ort. Táir ad shuidhe rómham agus a luathacht a thánag. Táir ad shuidhe rómham d'á luathacht a thánag. Ní beag liom a luatha. Ní beag liom a dhéadhnaighe atá sé. Ní beag liom a mhochóiríghe atá sé. Is mochóirígheach an tráth é. Cad chuige an mhochóiríghe? Is ort atá an chaint agus a luighead atá déanta agat! (Do a) D'á mhéid glugar agat féin níl oiread san ar fad déanta agat! D'á mhéid airgead aige ní féadfaidh sé an bás do bhreabadh.
"Do sgaipfeadh chum fáin d'á chráidhteacht smaoín- te." Smaoínte d'á chráidhteacht. A chráidhteacht. (Do a) D'á chráidhteacht. D'á fheabhus ruith agat tioc- fadsa suas leat. D'á fheabhus faobhar ar an sgiain seo ní ghearan sí an fheóil dom. D'á ríghne í an fheóil ba chóir go ngeárfadh fao- bhar í. Is mór an obair duit í chogaint agus a ríghne atá sí. Muna mbéadh a ghéire atáid na fiacla aige ní chognó- chadh. Ní h-é a ngéire a dheinean dó é ach a neart, agus neart an choráin.
Ní dhéanfadh a neart, ná neart an choráin, an gnó, muna mbéadh a dhaingne atáid siad aige. Ní dhéanfadh daingneacht an gnó ach chómh beag muna mbéidheadh a bhfol- áine. A bhfoláine. A fholáine atáid. Iad do bheith chómh foláin. Agus iad chómh foláin. A fhaid atáim anso. A dhoimhne atá an abha. A fhaid go bhfeaca thu. A ghéire a chuais air. A throime a bhí sé. A dheacracht teacht suas leis. Is maith é an t-airgeadh ach a dheacracht teacht suas leis. Is maith é Tadhg ach a dheacracht cur suas le n-a chimínibh. A leath. A dheire. A thusach. A lár.
A bhár. A thrian. A dhath. A ghné. A dheabhramh. A dhriuch. A chlódh. A chruith. A ghluaiseacht. A neart. A laige. A chruadhas. A bhoige. A chaoíle. A théagar. A raímhre. A chruinne. A chruinneas. A fhaid. A ghioracht. A mhéid le rádh. A shuaraíghe. A shuaraíghe le rádh. A mhéadúghadh. A luígheadúghadh. A thusnúghadh. A chríochnúghadh. Cuid dé. An chuid is mó dhé. An chuid is lúgha dhé. Níor choruigh cos dé.
Ní dhéanfair aon lámh dé. Bain an ceann dé. Thugais dómhsa an leath is feár dé. Choimeádais an trian is measa dhé. Tabhair dómhsa ceann dé agus coimeád an ceann eile dhé ad láimh féin. Cuir snaidhm ar a cheann. Cuir snaidhm ar cheann dé. A rádh. A rádh gur lá breágh é. A chur i n úil duit go bhfuil an ceart agam.
A fhiafraíghe dhíot. A fhiafraíghe dhíot cad 'tá uait. Ba mhaith liom a fhiafraíghe dhíot cad 'tá uait. Tá a fhios agam. Ní'l a fhios agam. Bíodh a fhios agat. Tá a fhios agam gur leatsa an leabhar. Ní'l a fhios agam cá'r fhágas é. Bíodh a fhios agat go gcaith- fir é sholáthar. A fhios san. Tá a fhios san agam.
Tá a Fhios agam san do bheith amhlaidh. Tá a fhios agam é sin. Tá a fhios agam é sin go maith. Tá sé ag fearthainn. Bíodh a chead san aige! A chead. Tá an mhuc 'sa gharaídhe! Bíodh a chead san aici! Bíon Tadhg ag ól. Tá a thoradh aige. Tá toradh an óil aige. Tá a rian air. Béidh a rian air! Fliuchfar thu, agus béidh a rian air, béidh slaodán ort. Níor chuiris an garaídhe i n-am, agus tá a rian air, ní'l aon phráta agat. Thánaís agus isé a thráth é!
A chúram. "Cad dúbhairt an púca sa tor?" "Beagán d'á (de a) chúram bíodh ort." A mhalairt de chúram. Cuirfad-sa a mhalairt de chúram ort. Tá a mhalairt de chúram anois air d'éaghmais bheith ag magadh fúmsa. Bhí sgéal suilt indé acu. Tá a mhalairt de sgéal indiu acu. Ní'l aon mhaith sa sgiain seo. Ní'l a malairt agam. A bhár. Rud d'á bhár. Tá rud d'á bhár aige. Ní'l aon rud d'á bhár aige. Ní'l puínn d'á bhár agat. Is beag d'á bhár agat. Is beag a bhéidh d'á bhár aici.
Is 'mó beart cham a dhein sé riamh agus ní'l puínn d'á bhár anois aige. …agus ní'l puínn… d'á mbár anois aige. (De a) D'á dhruim. Tá slaodán orm d'á dhruim. Do rug an ghaoith cuid de'n díon léi uainn agus tá an braon-anuas orainn d'á dhruim. Do briseadh mo chos tá suas le fiche bliaghain ó shin ann, agus is d'á dhruim sin atá an ciscéim bac- aíghe ionam. Ach! déin. Ach! ná déin. Ach! stad. Ach! éist. . Ach! tabhair dhom é. Ach! coimeád é. Ach! is cuma liom. An teinneas atá ort? Ach! ní h-eadh. An bhfuil ocras ort? Ach! ní'l. An bhfuilir ag dul i bhfea- bhas? Ach! táim.
An rabhais i gcontabhairt bháis? Ach airiú! ní rabhas. Tá an sgéal go h-olc ag Tadhg. Cad d'imthigh air? Do ghaibh a bhean air. Ach aidhe! Cad é an t-eirghe 'n áirde é seo ortha so thall? Ach! airiú, leig dom féin! An mbeidhead i n-am chun an Aifrinn? Ach! beidhir. Dá mb'áil leat do bhróga thabhairt dómhsa? Agus mé féin do dhul cos- lomrachta! Ach aidhe! go deimhin is bog atá sé agat. Ach! déin. Ach! bíodh ciall agat, a dhuine!
Bia do chapal. Tabhair coirce do chapal. Mac do Thadhg Dómhnall. Inghean do Dhómhnall Cáit. Gaol do Cháit Art. Mac Meic do Shíle Con- chúbhar. Driotháir do Thadhg Dómh- nall. Cuir síos prataoí dhómhsa. Coimeád an solus dom. Déin slígh dom. (Tabhair dom é sin.) T'r'om é sin. Ceanuigh capal dom. Tabhair congnamh dom. "Fág blúirín do Sheágh- ainín." Mhaise ceól duit! Tá cnáib ag fás dó san. Thabharfainn-se congnamh duit. Níor chás duit. Ní cás duit. Ní cás duit é.
Ní h-alaídh dhuit gan chiall do bheith agat. Deir sé nách alaídh dhom gan ciall do bheith agam. Dubhairt sé nár bh'alaídh dhom gan ciall do bheith agam. Ní h-alaídh do dhuine olc do dhéanamh air féin mar olc ar an bhfear thall. An dóich leat ar bh'alaídh dhómhsa éugcóir do dhéanamh orm féin mar mhaithe leat-sa? Ambasa níor bh'alaídh, nídh nách iongna. Ní h-alaídh dhuit amadán do dhéanamh díot féin. Geallaim dhuit nách eadh. Mo lámh a's mh'fhocal duit má gheibhim-se greidhm ort go n-díolfair as. Seo dhuit é! Seo dhaoíbh é! Ba chóir duit bheith ag obair. Ba chóra dhuit éisteacht. Tá grádh agam duit. Tá fuath agam dó. Tháinig fuath agam dó. Beanacht Dé dhuit! Beanacht Dé dhuit agus tabhair dhom deoch! Gan bhuidheachas dó. I gcead duit-se.
I gcead do'n chuideachtain. I gcead do'n chuideachtain choídhche. Fuair sé bás do'n ghorta. Chuaidh sé ann do shiúbhal a chos. Bion sé ar siúbhal do ló agus d'oídhche. Tháinig sé thar abhainn do chosaibh tirme. Ghabhas do láimh é. Ghabhas do dhóirnibh air. Ghabhas de dhóirnibh air. Do lámh. Do cheann. Gluais! Do ghluais sé. D'ól sé a raibh aige. Do labhair sé liom.
Seághan agus Séamus. Seághan agus Séamus agus Domhnall. D'imthígheadar le fuacht agus le fán. Fear agus hata bán air. Buachail agus gadhar le n-a chois. Bacach agus mála ar a mhuin aige. Chonac tu agus an eochair ad láimh agat. Tá sé ag teacht anois agus a mhéar 'n-a bheul aige. Tá Diarmuid ag teacht agus fothram aige. Capal gan cheann agus duine gan cheann anáirde air. Bean agus caipín a clóca ar a ceann aici. Táir ag dul go Corcaig agus gan eólus na slíghe agat. Is tarcuisneach an freagra é sin a thugais orm agus mé tar éis tuitim leat.
Do chuais amach ad fhliuchadh féin agus gan aoinne 'ghá iaraidh ort. Moladh go deó le Dia! Do rug Sé mac maith uaim agus gan agam ach é. Do theip orm an bhó dh'fhághail, agus mé fan na h-oídhche 'ghá cuardach. Fear ag casadh le h-adhmad do ghearadh agus gan an chóir aige chuige. Fear ag dul go Corcaig an bóthar siar, agus gur lastoir atá an chathair. Tá mo sgian ad phóca agat. Conus bheadh sí am phóca-sa agus í ad phóca féin? Ba mhór an obair teacht anall agus a dhoimhne a bhí an abha. Is mór an t-iongna a rádh nár leig eagla dhuit teacht, agus a chaoíle a bhí an abha. Is mairg dhuit nár fhan sa bhaile agus an lá chómh fliuch.
Is cruaidh an cás é! Duine daor chun a chrochta agus nách é do dhein an choir! "Tadhg agus cadhp a mháthar air." Fear agus é ar leathshúil. Bhí leanbh istig agus é ag gol. Fear agus é ag ruith. Capal agus é ar cos anáirde. Bean 'na suighe ar an dtairsig agus í ag cnutáil. Buachail ag gabháil an bóthar soir agus leabhar aige d'á léigheadh. Fear 'na sheasamh ar an gcaraig agus é ag fead- uíol. Gadhar agus é ag amhstar- aigh. Seachain a's ná bris an fhin- neóg. Dún an dorus agus ná gabhadh an bhó amach. Seasaimh anso isteach agus ná bíodh an fhearthainn ort. Druid amach agus ná basg- tar thu. Leig anuas an chroch poll eile agus bíodh an teas ag an gcorcán.
Cuir an eochair sin i gcoim- eád agus ná téidheadh sí amú. Cuir díon ar do thig agus ná bíodh an braon-anuas ort. Deirim leat díon do chur ar do thig agus gan an braon-anuas do bheith ort. Dúbhart leis díon do chur ar a thig agus gan an braon-anuas do bheith air. Thugas bia dhó ach níor ith sé é. Ní'l agam ach an méid sin. Ní'l agam ach tu. Dhúnas an dorus air ach do chuaidh sé amach an fhinneóg. Tabharfad coróinn duit ach an capal d'fhágáilt agam go h-oídhche. Tá an traein imighthe agus ní'l agam le déanamh anois ach suighe anso agus fanmhaint leis an gcéad traein eile. Ní'l ach braoinín beag uisge sa chorcán so. Deir sé ná fuil ach braoinín beag uisge sa chorcán san.
Ní'l aige ach tuille do chur ann. Ná cuir ann ach oiread eile agus atá ann. Ná h-ól ach a leath. Ná beir leat ach a bhféad- fair. Ná fág ach t'fhuighealach. Ná caith ach do chuid féin. Buail, ach ná mairbh. Ná fan ach go lá. Abair leis gan fanmhaint ach go lá. Deir sé ná fuair sé ach deich púint ar an mboin. Tabharfad coróinn duit ach ná fanfair ach go lá. Tá Tadhg ag treabhadh agus gan ach capal agus asal aige. Ach! aidhe! Ceanuigh capal eile, a Tadhg. Cheanóchainn cheana ach gan an t-airgead do bheith agam.
Bhí sé lá agus bhí fiche bó bainne aige. Tá sé anois agus gan aige ach bó. Beidh sé amárach agus gan oiread a's gabhar aige. Is cuma leis ach go mbeidh na grásta aige agus sláinte mhaith. Ní fheadar ach grásta Dé conus a mhairfidh sé. Ní raibh taithíghe riamh aige ach ar chóir mhaith. Ambasa ach caithfidh sé cur suas leis. Cá bhfuil Diarmuid? Am- basa ach ní fheadarsa san. Andaigh ach is dócha é. Ambriathar ach gur fíor dhuit sin. Seadh! ach, caithimís uainn é mar sgéal. Ba chóir go dtiocfadh sé abhaile chun a chod' bídh. Andaigh ach is díreach san. Is díreach san! Is tusa bhris an corcán! Ní mé ach tusa! Fear maith iseadh Tadhg.
Ní'l de locht air ach é bheith buídhe. Ambasa ach ní beag dó san. Ba chuma liom ach go mbeadh an méid seo déanta agam. Beidh ach leanmhaint air. Ní'l ann ach neamhnídh. Ní'l ann ach fianuígheacht. Ní'l ann ach dúbhairtsé- dáirtsé. Ní'l ann ach cogarmogar. Ní'l ann ach "d'inis bean dom gur inis bean dí." Ní'l ann ach ráfla. Táid na h-abhla ithte agam ach amháin trí cínn. Tá mo chuid-se díobh ithte agam go dtí dhá cheann. Tá rud mar é sin air Dhómh- nal so againne, ach gan aon pholl do bheith ann. Coimeadfad é ach go bhfaghad greidhm air. Ní'l uaim ach greidhm d'fhághail air. Ní raibh uaidh ach radharc d'fhághail orm. Béarfad liom an bhó má gheibhim í. Ní 'ghá h-iaraidh a thánag, ámh, ach a d'iaraidh an chapail.
Ní fhéadfair an capal do bhreith leat, ámh, mar tá sé ag an gceartain. Ní thaithnean an fhearthainn liom. Ní fearthainn atá anois ann, ámhthach, ach clagar. Is maith é an smacht gan amhras. Ní smacht atá agat-sa d'á dhéanamh ámhthach, ach cos ar bolg. Cheapais go ndéanfá olc ormsa leis an obair sin. Ní h-ormsa dheinis an t-olc, ámh, ach ort féin. Bhídheas ag ruith i ndiaigh na h-uaisleachta. Cad a fuaras, ámh? Fuaras an dumlas. Tá an capal ag teacht. Táid na ba crúidhte. An duine. Isé Dia a chruthuigh an duine. Isé Dia a chruthuigh an solus. Coimeád an solus dom. Is breágh é an solus.
D'airígheas an duine ag siúbhal am dhiaigh. Do chonac an rud dubh sa chúinne. "A mhic na mná gan tímhiol!" A mhic an rígh. "A mhic an rígh ó Éirinn." A mhic an duine uasail. A mhic an bhacaigh! A mhic an bhitheamhnaigh! Is maith í an fhoidhne. Is olc í an fhearg. Tá an dínnéur olamh. Tá an suipéur olamh. Tá an Dómhnach buailte linn. Beidh an lá amárach tirm. Bhí an lá indé fliuch. Bhí an lá arú'ndé fliuch. An mbeidh sé fliuch aman- arthar?
Tá an donus le bodhaire ar Thadhg. Amárach an Satharan. Indiu an Aoíne. Indé an Dardaoín. Chuir sé an bhúirth sin as gur chrith an talamh. Chuir sé an talamh dé. Ana lá. Ana lá le fliche. A Ana chapal. Ana bhó. Ana bhia. Ana bhitheamhnach. Ana rógaire. Ana adhmad. Ana thig. Ana ghníomh. Ana ghníomh le feabhas. Ana ghníomh le h-olcas. D'ínseas ana bhréag. Tá ana léim aige. Tá ana chasachtach air.
Tá ana thrioblóid air. Tá ana mheaghchaint ann. Tá sé ana éadtrom. Tá sé ana throm. Tá an chaint ana chruinn. Fear ana sprideamhail iseadh é. Fear ana ghalánta iseadh é. Ana eólus. Aineólus. Ana chúram. Anchúram. Ana Críosdaídhe. Ainchríosdaídhe. Ana dhleaghthach. Aindleaghthach. Míchúmtha. Ana mhíchúmtha. Ana dheise. Aindeise. Ciscéim ana shocair. Ciscéim anshocair. Tá m' aigne ana thré n-a chéile. Sin ana chosanáirde.
Tá géug ar chrann. Tá billeóg ar ghéig. Tá dath ar bhilleóig. Cad 'tá ortha? Pingin an ceann. Pingin ar an gceann. Cad 'tá ortha? Tá droch bhlas ortha. Tá dath liath ortha. Tá bia ar an mbórd. Tá ocras ormsa. Tá tart ortsa. Tá fearg ar Thadhg. Tá leisge air. Tá dithneas uirthi. Tá bruid orainn. Tá fonn oraibh. Tá náire ortha. Tá púnt agam air. Ní'l aon chíos agat orm. An mór atá agam ort? An mór atá agat orm? Tá púnt ag Tadhg ar Dhómh- nall. Tá púnt ag Dómhnall ar Thadhg. Tá eólus ar a ghnó aige. Tá aithne agam ort. Tá eólus na h-áite agam. Tá cion agam ort.
Tá gráin agam air. Tháinig gráin agam air. Gráin air! Gráin áig air! Ar buile. Tá sé ar buile. Ní h-ionan bheith ar buile agus ar lán bhuile. Tá sé ar meisge. Ní'l, 'ná ar míchéill. Tá sé ar mire. Bí ar siúbhal! Tá sé ar a chosaint féin. Tá sé ar a dhíthchiol. Tá sé ar do thí. Tá sé ar tí díoghbhála dhéanamh dhuit. Táim ar aigne dul go Corcaig. Táim ar aigne fille amárach. Táim ar aigne sgríobhadh chun Diarmada. Bhídheas ar aigne an leabhar do léigheadh ach ní raibh uain agam air.
Táim ar aigne eirghe ar ball má bhrathaim mé féin láidir mo dhóithin chuige. Bhídheas ar aigne gan labh- airt leis i n-aon chor. Bhídheas ceapaidhthe ar theacht abhaile. Agus bhídheas-sa ceapaidhthe ar gan teacht. Ar gan teacht abhaile aineadh? Cad air go rabhais-se cea- paidhthe? Ar fhanmhaint sa bhaile. Ar éigin. Ar ais nó ar éigin. An bhfuil na prátaídhe beirbhthe? Is ar éigin é. An bhfuil do dhóithin agat? Is ar éigin é. Is ar éigin bháis é. Is ar éigin bháis do rug sé na cosa leis. Is ar éigin bháis a rug sé ar an dtraein. Ambasa, a Thaidhg, is ortsa atá guid na caorach so. Cé chuir orm é? Tá sé ort ag gach aoinne. Déin rud orm.
Déin rud ar do mháthair. Ní dhéanfadh sé leathadh a bhaise uirthi! Tá sé ar a shástacht. Tá sé ar a chromadh. Tá sé ar a chromaruathar. Tá sé ar muin na muice. Tá sé sa bhraeiciol ort. Beir ar bhraeiciol air. Beir ar chúl air. Beir ar adhairc ar an mboin. Beir ar cheann ar an gcapal. Beir ar láimh orm. Beir ar chois ar an gcaoirigh. Beir ar eirbal ar an gcat. Do rugas ar láimh ar Dhiar- muid. Do rugas ar an dtraein. Tá ar Thadhg dul go Cor- caig amárach. Agus tá air bheith sa bhaile chun na h-oídhche. Do bhuaidh sé ort. Tá buaidhte agam air. Do bhuaidh sé sin ar a bhfeaca-sa riamh. Ní cheadóchainn ar leath- choróinn a rádh go mbuadh- fadh sé ort. Ní h-eadh ach ní chead- óchainn ar choróinn é.
Níor cheadaidhthe dhuit ar chapal a leithéid do thuitim amach duit. Ní cheadóchainn ar an mboin is feár am sheilbh é. Ná lean air. Ná bí ag leanmhaint siar air mar sgéal. Cad is gá' dhuit bheith ag leanmhaint siar air? Lean air tamal eile. Dhe, ciach air! Gaibh air. Gaibh uirthi. Gaibh ortha. Gaibh go maith ortha. Caithfir gabháil ortha. Táim ag gabháil ar Thadhg. Tá muíntir Loíngsigh agus muíntir Thuama ag gabháil ar a chéile. Tá gabhtha ag taobh acu ar an dtaobh eile. Tá breall ar an dá thaobh. Tá breall ar Dhiarmuid. Breall ort! a amadáin. Tá dearmhad ort. "Dearmhad an chléirig ar a chlog." But "Dheineas dearmhad dé"
Ná déin dearmhad ar do phíopa. Ná dearmhaid do phíopa. Ná déin dearmhad de d' phíopa. Feuch ar an mboin. Glaoidh ar an bhfear. Bagair ar an ngadhar. Do bhris ar an bhfoidhne agam. Do sgoilt ar an mboin mar d'ith sí na prátaídhe fuara. Sgoilfidh ort! Do theip ar Dhómhnall teacht. "Is beag orm bláthach, nuair a bhím lán di." Is beag ar an ngabhar an fliuchra. Is beag ag an gcaoirigh an fuacht. An mbéarfad ar an dtraein? Beidh sé air agat. Beidh sé air agat má bheir- ean tú ar an dtraein. Beidh sé air agat breith uirthi.
Do rug sé ar an dtraein agus bhí sé air aige. Beidh sé air ag Dómhnall teacht suas liom anois. Bíodh air féin. Bíodh ort féin. Bíodh orm. Bíodh orm gurab olc a thiocfair as. Bíodh orm gur geár a sheasaimh sé. Gabhaim-se orm go mbeidh fothram acu. Imthig ort. D'imthig sé air. Téanam ort. Téanaígidh oraibh. D'imthígheas orm. Do cuiread an cás ar gcúlaibh. Dul ar aghaidh. Dul ar gcúl. Tá an saoghal ag dul ar aghaidh. Tá an saoghal ag dul ar gcúl. D'eitig sé mé ar ghal tobac. Ar mh' fhocal gur eitig. Ar bhiorán buídhe go mbuail- finn é! Ar bhiorán buidhe go mbeidh- inn ag gabháil ort an fhaid a bheidheadh ionam seasamh os do chionn!
Chrom sé ar ghol. Dhírigh sí ar aighneas. Chromadar orm. Chromamair féin ar achéile. Dhírig ar an obair. Cuirim ort! Ná ceil orm conus atáir. Ná maoídhimh orm an méid sin. Má thugan tú rud do dhuine ná bhí 'ghá mhaoídheamh air. Chuireas tabhairt suas air agus ba mhaith an díol air é. Thugas mo chuid dó agus dob olc an díol air é. Do tugadh an speal do Thadhg agus ba mhaith an díol air é. Do tugadh an guna do Shéamus agus dob olc an díol air é. Do tugadh an leabhar do Dhonchadh agus is air dob fheár a dhíol é.
Do tugadh an claidheamh do'n bhodach agus is air ba mheasa a dhíol claidh- eamh do thabhairt dó. Ní'l aoinne 'nar feár a dhíol air claidheamh do chur 'na láimh 'ná an t-é go mbíon mianach an duine uasail ann. Ní'l aoinne gur measa a dhíol air claidheamh do chur 'na láimh 'ná an bodach. B' fheár liom 'ná rud ná déarfainn go mbeadh bróga Sheághain ar iasacht agam i gcóir an raince. Muna mbeadh an chos theinn do bheith ag Seághan dob fheár a dhíol air féin iad go mór. Glaoidh ortha. Glaoidh iad. Do glaoidheadh ort. Do glaoidheadh thú. Leac ar tinniol. Ar mire. Ar tinniol. Ar bara uisge. Ar mearbhal. Ar buaireamh.
Tá dearmhad air. Ar bailchrith. Ní'l leigheas air. Tá Tadhg ag an dtig. Tá Dómhnall ag an gceár- tain. Tá Uilliam ag an Aifrean. Tá an geimhre ag teacht. Tá capal ag Seághan. Tá siorach ag an láir. Tá gamhain ag an mboin. "Chuas isteach i dtig um Shamhuin, a's d'itheas smut de ghamhain, a's bhí gamhain ag an ngamhain sin bliaghain ó'n Samhuin sin." Is breágh an saoghal atá agat! Tá marbh agat! Tá an capal ag ithe. Tá an gadhar a' ruith. Tá sé ag teacht ar sodar. Tá sé ag imtheacht ar cos anáirde. Tá an crann ar lár aige. Tá an pháirc treabhtha aige. Tá an mála lán aige.
Tá an bhó marbh aige. Bhí an t-urchar caithte aige. Bhí an obair déanta aige sul a dtánag. Táim bodhar agat. Táim creachta agat. Tá 'n tú báithte ag an gclagar. An bhfuil agat? Tá. An bhfuil Gaedhilig agat? Ach! ní'l focal. An bhfuil Béarla agat? Ó ambasa tá, do dhóithin. Tá mo chroídhe briste agat.
As mo láimh. Bain deoch as. Bain deoch as an árthach san. Ól deoch as an dtobar. Táim ag ól díghe as an dtobar. Bain as. Bain tuille as. Is cuma ann nó as é. Tá an bhó ag dul as. Taraing an corán as an gcois. "As a ceann iseadh a crúi- tear an bhó." "As an obair a faghtar an fhoghluim." "Tínteán tirim teann. — Taraing as." Is maith a chuais as. Ní'l aon dul as agat. Isé rud a tháinig as dó, gur dhóbair go mbádhfí é. As a bholg fhásan an leanbh.
Buail an clog as an dtéid. Cuir an bhó as an ngort. Tá an duine as a mheabhair. Tá 'n tú as an slígh go mór. Tá sé as an slígh agat a leithéid sin do dhéanamh. Ní'l aon rud agam dh'á dhéanamh as an slígh. D'itheas prataoí a' poll agus bainne a' bata. Ná bí ag maoídheamh as. Ná bí ag maoídheamh as do neart. Na bíodh aon iontaoibh agat as an bhfear san nó díol- fair as. Bíodh maingín as Dia agat. Bíodh do mhaingín as Dia. Cuir do mhaingín as Dia. As go brath leis. Tá sé ag dul as go mór. Ní bhfaighir a thuille asam. Bainfid mé preab asat. Támaoíd ag baint cainte aisti. Tá sí ag baint gnótha asainn. Is deacair é bhaint asaibh.
Bainfar asta é, mhaise. Cad a gheibhean tú as do lá oibre? Tar aníos as san. Imthig síos as so, Bhídheas as baile. Bhídheas as an mbaile. A' feirg a dheineas é. A' meisge do dhein sé é. Ní h-eadh ach a' corp róg- aireachta. Ní h-eadh ach a' corp droch aigne. A' mioscais. Cas as tú? Cas as duit? Cas as duitse? Ó Chois Bríghde. Chuir sé búirth as. Chuir sé cnead as. Chuir sé osna as. Chuir sí liach aisdi.
Chuir sé sgearta gáire as. Chuir an gadhar glam as. Ní raibh drud as. Cuir sé fead as. Do leag sé fead orm. Do dhein sé fead orm. Tá sé ag feaduíol ort. Chuir sé drantán as. Tá sé ag sgeamhuíol. Chuir sé amhstarach as. Do léim sé as a chorp. Tar chun na teine. Imthig síos chun an doruis. Imthig chun siúbhail. Cad chuige an tuagh? Chun an adhmaid do ghea- radh. Cad chuige an t-adhmad? Chun teine. Cad chuige an teine? Chun na ndaoíne do théigh- eadh, agus chun na bprá- taí do bheiriúghadh.
Táim chun labhartha leis. Táim chun beirtha ar an gcirc. Chúgat an tarbh! Ná leig an mhuc chun na meidre. Ná leig an gadhar chun an ime. "Is tú b'fhear a leigint chúcha." Coimeádfam an coirce seo chun síl. Cad chuige an bhréid? Chun casóige. Fan ansan chun go mbeidh mé olamh. (a) Ná labhair chun go labhar- thar leat. (b) Ná labhair chun go labhar- far leat. Ní bheidh sé déanta agat chun na h-oídhche. Ní bheidhir sa bhaile chun na h-oíchche. Cad é an t-aos tu anois, a Dhiarmuid? Táim gob le gob le cheithre fichid chun na Bealtaine. Ní bheid na muca san ramhar agat chun an aonaig.
Caithfar cur chúcha. Chuir sé chun na cloiche do tógáilt. Chuireas chun beirtha ar adhairc ar an mboin. Cuir chúgat an t-airgead so. Tharaing sé chuige an sgéal. Taraing chúgat airís é, déin! Tiocfaidh sé chun suime. Tá an duine ag dul chun báis. Fuair sé fuacht agus tháinig sé chun éagcruais dó, slán mar a n-ínstear é! Chun toirmisg do dhéanamh a thánaís-se anso indiú. Tá sé ag dul chun deirigh. Chuaidh sé chun deirigh go mór. Tá sé ag dul chun cínn. Tá sé ag dul chun codalta. Ta sé ag dul chun déidh- naighe. Tháinig sé chun othrais. Tá sé go maith chun a chod' bídh do chaitheamh. Táid na prátaí seo go maith chun bídh.
Páirc mhaith chun fosuigh- eachta iseadh í. Beidh an lá chun féir. Sdó, ní chuige sin a bhídheas. Ní duine chun puínn cainte Tadhg. Ní lá chun féir an lá indiu. Munab eadh is lá chun buana é. Chun oídhche Lúghnasa. Chun na Samhna. Chun Féile Michíl. Chun na Nodlag. Chun na h-Inide. Chun na Cásga. Beidh sé críochnuighthe agat chun na Bealtaine. D'fhéadfí dáréag do chur chun suidhte ag an mbórd san. Bhíodar ag suídhe chun bídh. Bhíodar 'n-a suídhe chun bídh. Bhog sé a bheul chun labh- artha liom.
Fé thalamh. Uisge fé thalamh. Teacht fé. Tá teacht fé sa tig seo. Tá an cat fé 'n mbórd. Cad a thug anso thu, fé chosaibh daoíne agus bei- thígheach? Do cuireadh fé ghuídhe an phobail é. Do cuireadh fé chainneal bháth é. Do cuireadh fé ghrádhaibh é. Do cuireadh fé láímh eas- boig é. Do cuireadh fé ghlas é. Tabhair fé. Thug fé fúm. Thug sé fé 'n gcloich do thógaint. Thug sé fuíthi. Tá an ghrian ag dul fé. Tá an t-éadach so ag dul fé, leis an níghchán. Ta an t-uisge seo ag dul fé bheiriúghadh. Tá an sgoil fé smacht aige. Cuir fé dh'shróin é. Cuir smeara fé 'n leathar. Níor chuaidh an smeara fé.
Ní h-anairt i gceart é. Ta inneach cotúin fé. Tá an dúthaig ag magadh fé. Tá Tadhg ag cur a theangan amach fúm! Ní bheidh an obair sin déanta agat fé Dhómh- nach! Beidh agus fé Shathran. Beidh se déanta fé am dínnéir agam. Beidh sé déanta fé mhaidin agam. Beidh sé déanta fé 'n oídhche aige. Beidh fearthainn fé thráth- nóna agat. Sgaoíl amach fé 'n gcnuc na ba seasga. Sgaoíl anonn fé 'n bpáirc na ba bainne. Do sgaoíleas urchar fútha. Buille fé thuairim. Cor fé iungain. Fe dheire.
An lá fé dheire. Fé dheire thiar thall. Fe mhaidin amárach. Fébh mar; fé mar. Fé mar fhásan sé ithtear é. "D'fhairinn a chosa fé mar a thógadh, A's d'fhéuchainn go cruínn ar bhoínn a bhróg air." Fé mar a chídhfir oireamh- nach. Fé mar eireóchaidh leat. Féadfair bheith ag obair amuich nó istig fé mar thiocfaidh an uain. Ní'l bac ort bheith anso nó ansúd, fé mar a thaithn- fidh leat. Fé mar chuirim fód suas tuitean dhá fhód anuas. Fé bhun. Cuir clocha fé bhun na cruaiche. Fé d'bhun. Ní h-os do chionn atá an t-úrlár ach fé d'bhun. Ní fé d'bhun atá an spéir ach os do chionn.
Ní'l fé bhun dachad bliaghan ó bhíos anso cheana. Cad é an t-aos an leanbh? Ní'l sé fé bhun deich mblia- ghan. Ní'l sé la fé n-a bhun. Raghad soir fé cheann dá lá. Fé cheann bliaghna ó'n lá san bhí sé i n-úir. Fé cheann seachtmhaine. Fé cheann beagán aimsire. Fág fúm féin é. Fágaim fút é. Fágaim-se fé Dia é. Do fágadh fé mholadh beirte an sgéal. Fé mhaise. Go bhfágaidh Dia fé mhaise thu! Go bhfágaidh Dia fé mhaise thú, agus fé áthas. Fé chompórd. Fé shólás. Fé mhairg. Fé bhuairt. Fé bhrón. Fé ocras.
Fé amhgar. "Fé bhráca an donais." Táim ag dul go Corcaigh. Fanfad ann go h-oídhche. Deir sé go bhfanfaidh sé ann go h-oídhche. Go n-eirghe leis! Go mbeanuíghidh Dia dhaoibh! Go mbeanuíghidh Dia a's Muire dhaoibh! Go gcuiridh Dia an rath ort! Go gcuiridh Dia ar do leas tú! Go saoraidh Dia sinn! Go bhfágaidh Dia do shláinte agat! Go bhfeuchaidh Dia orainn! Go bhfóiridh Dia orainn! Go neartuíghidh Dia leat! Go mbuaidh Dia leat! Go ndearnaidh maith! Fan go fóil. Fan go lá. Ní h-aitheantas go h-aon tigheas.
Ní moladh go h-adhlacadh. "Nil de mortuis nisi bo- num." Go r'a maith agat! Gura maith agat! Nára maith agat! Gur feár amárach tu! Muna feár nára measa! Gura is contracted from go ro ba, nára from ná ro ba, and muna from muna ba. Gurab ortsa thuitfidh an crann! Dé bheatha-sa! Go mairir-se! Go mairir abhfad! An t-é. "An t-é atá suas óltar deoch air. An t-é atá síos buailtear cos air." An mar sin é? Cad é sin duitse sin? Tá tart ormsa.
Cad é sin dómhsa san? Cad é sin dómhsa é, má tá tart ort? Cad é sin dómhsa é? Cad é sin dómhsa tart do bheith ort? Is cuma liom é. Is cuma liom ort nó dhíot é. Tá codla orm. Ní mar sin dómhsa. Ní mar sin dómhsa é. Ní mar sin dómhsa san. Is fíor dhuit. Is fíor dhuit é. Is fíor dhuit sin. Is fíor dhuitse sin. Is fíor dhuitse é sin. Na bac é! Ná ba é féin! Ná bac é féin. É féin. Í féin. Conus atá sé féin?
Conus atá sí féin? An bhfuil sé féin istig? An bhfuil sí féin istig? Tá se féin gan bheith ar fóghnamh. Tá sí féin ag teacht chúichí féin. Siné é. Siní í. Siné ansan é. Siní ansan í. Sidé anso é. Sidí anso í. Siúd iad ansúd iad. Sin iad thíos iad. Sin iad síos iad. Sidiad ainíos iad. Sidé anuas é. Siné chúgaibh an dorus isteach é. Siné anois agat é! Siné anois seana Sheághan breac agat! Siné ansan an bhó agat! Siúd é thuas an capal agat! Seo dhuit é. Siné agat é. Tabhair dhom a leith é. Caith chuige é. Ní bhfaghair é.
Má gheibhim é ní bhfaghair-se thar n-ais é. A Thaidhg! Cad é sin? Is feár dé an bolg an bia. Is feár dé an chos an bhróg. Is boige dé an bhróg an smeara. Is feár dé thu é. Is lúgha dé an baoghal a bheidh ort an solus do bheith agat. Is lúgha dé an baoghal a bheidh ort é. Is measa dé a réidhteóchaidh an leite leat í bheith ró theith. Is measa dé a réidhteóchaidh sí leat é. Ní troime dé an loch an lacha. Ní troime dé an loch í. Ní troime dé é í. Is feár dé í é. Is feár dé é í. Ní ró mhaith a thuillis an t-airgead so, ach ní lúgha de sin é, tá sé le fághail agat.
Deir sé nach ró mhaith a thuilleas an t-airgead so, ach nách lúgha de sin é, go bhfuil sé le fághail agam. Dúbhairt sé nár ró mhaith a bhí an t-airgead úd tuillte agam, ach nár lúgha de sin é, go raibh sé le fághail agam. Siné é anois. Cad é mar fhearthainn! Cad é mar shaoghal! Cad é mar obair dhuit bheith gan teacht abhaile go dtí so? Dá mb'é an lá fliuch féin é, ní fhéadan Tadhg é chaitheamh díomhaoín. Dá mb'í an chaora féin í, do gheabhadh fuacht an lae indiu tríthi. Tá an bóthar anacrach agus an uain go h-olc, agus táid na bróga go h-ain- deis agam, ach mar sin féin caithfad bheith ag gluaiseacht. Ní bheadh sé sásta go dtí gur thugas an fheirm suas dó. Do chailleas lán an hata san ag cur stuic ar an dtalamh dó. Caithim féin bheith moch déidhneach ag feuchaint i ndiaig an bhaill. Ach, dar ndóich, dá mb'é sin féin
é, ba chuma liom dá mb' áil leis fanmhaint sa bhaile agus gan bheith ag imtheacht ag ól. I n-Éirinn. Sa pháirc; ansa pháirc. Sa ló. Sa n-áit; ansa n-áit. Sa bhaile; ansa bhaile. I gCorcaig. I n-Eóchuil. Tá sé i n-iúir. Tá sé i n-a éughmais. Tá sé (i mo) am éughmais. Déanfam (i do) ad éugh- mais. Déin i n-éugmhais an díghe. Ná labhair i bhfeirg. Ná bí (i bhfad) abhfad. Tá sé (i n-a) 'na chodla. Tá sé 'na dhúiseacht.
Tá sé 'na lá. Tá Tadhg (i n-a) i n' fhear. Tá do chlann 'na bhfearaibh agus 'na mnáibh agat. Tá an sgéal 'na phraisig agat. Tá Dómhnall i bhfeighil na mbó. Tá Siobhán i bhfeighil an tíghe. Cuir an liarthóid i lár baíll. Lámh láidir i n-uachtar! Tá sé ag dul i n-aoís. Dul i n-aoís, dul i n-olcas. Ionan dul i n-aoís agus dul i n-olcas. Táim ag dul i bhfeabhas. Tá an lá ag dul i bhfliche. "Gach drong ag dul i miona agus i mbréag- aíghe, Gach fóghmhar ag dul i bhfliche agus i ndéidh- naíghe." Cuir i bhfolach é.
Buail an gadhar le cloich. Ní le feirg a dúbhart é. Táim anso le bliaghain. Níor bhlaiseas bia le dhá lá. Ní le Dómhnall an gadhar. Gadhar liomsa iseadh é. Tháinig sé liom. Tháinig sé i n-aonfheacht liom. Ná bí liom. Ní h-aon mhaith bheith leat. Ní feár bheith leat. Do cailleadh mórán leat. Do cailleadh le éugcruas é. Slán mar a n-ínstear é! Do thuiteas leis. Ag tuitim le claínn. Caith urchar leis. Caith leis. Caith leis an éun úd thuas. Caith leis an éun úd suas. Fan liom.
Fan liomsa. "Éist le fuaim na h-abhan a's gheabhaidh tú breac." D'imthigh sé le h-aodhar an tsaoghail. Dul le buile. Dul le céird. Dul le gréasaídheacht. Dul le coirce go dtí an muilion. D'imthígheadar le fuacht a's le fán. Ag obair le rainn a's le sluasaid. Do ghluais an t-urchar le fuinneamh. Cuir fuinneamh leis an gcloich. Bhí an t-urchar i ndeire an fhuinnimh. Ní raibh aon fhuinneamh leis. Ní'l ciall leis an gcaint. Cuir deire leis. Cuir ceiríghe le h-othras. Deárna leat! Chím-se duine leatsa. Is le sclábhuígheacht a chaith sé a shaoghal. Is le sgiain do gearadh é.
Tigh liom é dhéanamh. Ní thigh liom dul ann. Ní thigh liom siúbhal ann. Ní thigh liom smámh ann. Thigh liomsa snámh ann. Ní thocfadh leat snámh ann muna mbeadh snámh maith do bheith agat. Do thiocfadh leatsa snámh ann dá mbeadh snámh maith agat.
An rud a thigh leatsa a dhéanamh tigh liomsa a dhéanamh. An rud a thigh liomsa a dhéanamh indiú tiocfaidh leatsa a dhéanamh amárach. An rud a thiocfaidh liomsa a dhéanamh amárach tioc- faidh leatsa a dhéanamh amanarthar. An rud a thiocfaidh liomsa a dhéanamh amanarthar tiocfaidh leatsa a dhéanamh amainniris. An rud a thígh leatsa a dhéanamh indiú do tháinig liomsa é dhéanamh indé. An rud a tháinig leatsa a dhéanamh indé do tháinig liomsa é dhéanamh arú 'ndé. Ní thiocfadh leat é dhéanamh dá mbeadh lámh theinn agat. "Ní thagan an dá thráig leis an ngobadán." Má thigh liom an cíos do dhíol díolfad é.
Dá dtígheadh liom an cíos do dhíol dhíolfainn é. Nuair a thígheadh liom an cíos a dhíol do dhíolainn é. Nuair a tháinig liom an cíos a dhíol do dhíolas é. Sin a dtig liom a dhéanamh. Thánag ó Bhaile Átha Cliath. Táid do luirgne dóighte ó'n ngríosaigh. Táim suaithte ó shiúbhal na gcnuc. Táim marbh ó bheith ag obair i gcómhnuíghe. Tá meisge chodlata orm ó bheith suas an dá oídhche as a chéile. Tá crathán ó'n bhfuachd air. Tá balaith dóighte air ó bheith i n-aice na teine. Tá sé fliuch ó'n spéir. Tá culuith éadaig uasail ó mhulach talamh air. Ní'l suíghe suainis aige ó cheann ceann de'n bhliagh- ain. Táim ó thaobh taobh de'n bhail ó mhaidin, ar do lorg.
Chuireadar ó thig agus ó áit é. Cuir uait! Bain uait féin. Cad 'tá ó Thadhg? Cad 'tá uaitse? Tusa atá uaim. Cad dob áil leat díom? Tá mo bhéul dóighte ó'n ngréin. Táimíd leaghta ó'n mbrothal. Tá mo chasóg fliuch ó'n bhfearthainn. Táid na gais loisgithe ó'n sioc. Ta Dómhnal briste ó óla- chán. Táid do bhróga caithte ó'n raince. Táim cráidhte ó'n saoghal. Tabhair uait an sgian! Tabhair uait láithreach í! Thug sé droch chaint uaidh. Thug sé droch mhúine uaidh. Thug sé easúmhluigheacht uaidh. Thug sé séimhbhéaltacht uaidh. Thug sé deisbhéalaíghe uaidh.
Thug sé deaghlabharthacht uaidh. Thug sé droch labharthacht uaidh. Ar chrúdhais an bó? Do chrúdhas. Ar thug sí an bainne. Do thug. Do h-osgaladh an fhéith ach níor thug sé an fhuil. Dá sádhfí le sgiain mé ní thabharfainn aon bhraon fola. Thugais d'éitheach! Ith uait. Roimh: Roim Roimh dhul ann. Roimh dhul ann duit. Roimh eirghe gréine. Roimh dhul gréine fé. Roim lá. Roim Nodlaig. Roimis. Roimis amach. Rómham. Roímpi. Tar roimis. Ní h-ag teacht rómhat air sin é. Ní h-ad bhréagnúghadh-sa é.
Bhíos anso rómhat. Bí ag moladh Dé rómhat. Ith rómhat. Feuch rómhat. Tá aimsir mhaith rómhainn. Do rugadh mise sul ar rugadh tusa. Beidh an traein imthighthe sar a mbeir thíos. Buail do lámh air sar a bhfeicfidís é. Chuir sé i bhfolach é sar a bhfaighinn é. Seachain sar a mbuailfí thu. Labhair réidh sar a n-aireófí thu. Bí imthighthe as so sar a bhfillead. Dún an bhearna sul a rachadh an bhó sa ghort. Ní'l ann dul thar dorus. Dul do léim thar geata. "Ní théidhean stoirm thar Dhomhnach 'ná rabhta thar Chéadaoín."
"Thar a bhfeacaís riamh!" Taé thar bár. Tá an chaint thar bár aige. Tá sí thar na beartaibh aige. Bhí an lá thar na beartaibh le fliche agus le fuaire. Tá an lá indiu thar na beartaibh. Thar calaith. Dul thar glaise. Dul thar teórainn. Táid na ba thar teórainn. Táid na ba thar teórainn ar Thadhg ua Mhurchú. Bíon do chapal ag teacht thar teórainn orm. Ní thabharfainn thar chúig phúint air. Teacht thairis. Ná bíodh aon teacht thairis agat.
An bhfuil an sagart óg ag imtheacht uainn? Níor airígheas aon teacht thairis ag aoinne. Má airighean tú féin ná bíodh aon teacht thairis agat-sa. An mó gal tobac a thógan tú sa ló? Mar a déarfá, deich ngal, fé nó thairis. Um Bealtaine. Um Lúghnasa. Um Shamhuin. Um Fhéile Michíl. Um Nodluig. Um Inid. Um Cháisg. Um an dtaca so. Um an dtaca san. Um an dtaca 'na mbéir-se amuich béad-sa istig. Um an dtaca so indé. Um an dtaca so amárach. Cuir umat do chasóg. Tá sí umam cheana. Ar bhuail aoinne umat ar an mbóthar?
Níor bhuail aoinne umam-sa ach do bhuail duine uime Thadhg. Cé bhuail uime? Bhuail beirt uime. B'shin triúr a bhuail uime, .i. duine agus beirt. Ná bí ag gáirídhe umam. Ní'lim ag gáirídhe um aoinne. Le h-ais na teine. Le m'ais. I n-aice na teine. Suig anso am aice. Tá sé i n-aice le bheith déanta agam. I n-aice leo. I n-aice le dachad bliaghan. Isteach 's amach le dachad bliaghan. Tar éis. Tar éis an Domhnaigh a theagan an Luan. Tar éis luighte dhom a dhéinim codla. (Do éis) d'éis na cainte caithtear éisteacht.
Tá an cú i ndiaig ghiorfhiadh. I ndiaig. Tar am dhiaigh. Imthig i ndiaig na mbó. Cuir i ndiaig a chéile iad. Os do chómhair. Os a gcómhair. Os cómhair do shúl. I gcóir na h-oidhche. "Feuch cá ngeabhair i gcóir na h-oidhche." Tá rud ad chóir agam. Cuir am chóir é. Rud i gcóir an chíosa. Tá cóir mhaith air.
Táim anso. Tar anso. Tá sé ansan. Tar ansan. Ansúd. Tá sé ansúd. Tar ansúd. Tá sé thall. Tar thall. Abhus. Tá sé abhus. Tar abhus. Suas. Thuas. Imthigh suas. Tar anuas. Fan thuas. Fan thíos. Tar ainíos. Imthig anonn. Fan thall. Tar anall. Imthig isteach. Fan istig. Tar amach.
Imthig siar. Fan thiar. Tar ainiar. Imthig soir. Fan thoir. Tar anoir. Imthig ó thuaidh. Fan thuaidh. Tar adtuaidh. Imthig ó dheas. Fan theas. Tar aineas. Tar a leith. Tar a leith chúgam. Fan ansan. Imthig as san. Fág san. Síné suas é. Siné thuas é. Sidé anuas é. Siné síos é. Siné thíos é. Sidé ainíos é. Sidé aníos an capal. Siúd í suas an bhó. Sidí anso an sgian. Sidí anso í. Siní ansan í. Siúd í ansúd í. Siní thall í. Sidiad abhus iad. Sidiad a leith iad.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services