Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mion-Chaint Cuid III

Title
Mion-Chaint Cuid III
Author(s)
O'Leary, Peter, Very Rev.,
Composition Date
1902
Publisher
Irish Book Company, The

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cuid a
III.



SUÍDHEAMH NA DTÁTH-FHOCAL.



A Dhia mhóir!



A Dhia na glóire!



A Dhia na glóire gile 's na
daonachta!



A Dhia na bhfeart!



A Dhia na gcómhacht!



A Dhia na bhFlathas!



A Dhia na cruinne!



A Dhia n' uile chómhacht!



A Rígh na bhFlathas!



Éist liom, a Athair Tadhg.



Éistfad, a Athair Dómhnall.



A Athair dhil ghrádhaigh.



Tar a leith, a leanbh.



Éist, a laogh. Ná goil.



Éist, a laogh liom.



Seasaimh! a bhitheamhnaigh.


L. 4


A h-aon.



A dó.



A trí.



A trí fichid.



Trí fichid.



A deich a's trí fichid.



Deich a's trí fichid.



A cheann.



A chos.



A throig.



A troig.



A chuid.



A cuid.



A gcuid.



A gcosa.



A gcur.



Le n-a gcur.



Tré n-a gcur.



Ó n-a gcur go dtí n-a
mbaint.



Ó n-a dteacht go dtí n-a
n-imtheacht.



A bhrise.



Táim (ag a) 'ghá bhrise.


L. 5


Táim chun a bhriste.



Buail an gadhar.



Táim chun a bhuailte.



Abair do phaidreacha.



Táim chun a ráidhte.



Déin an gnó so.



Táim chun a dhéanta.



Labhair leis.



Táim chun labhartha leis.



Labhair na focail sin amach.



Táim chun a labhartha amach.



Tá an focal (do a) d'á
labhairt aige.



Tá sé (ag a) 'ghá rádh.



Tá sé d'á rádh.



Táid siad ag gearadh na
gcrann.



Táid siad 'ghá ngearadh.



Táid na craínn d'á ngea-
radh acu.



Táid siad d'á ngearadh.



A fhaid.



A leithead.



A leithe atá sé.



A dhoimhneas.



A dhoimhne atá sé.


L. 6


Gileacht na fearthana.



A ghile atá an spéir.



Luathacht.



Ní beag duit a luatha a
bheidh cúram an tsaoghail
ort.



Táir ad shuidhe rómham agus
a luathacht a thánag.



Táir ad shuidhe rómham d'á
luathacht a thánag.



Ní beag liom a luatha.



Ní beag liom a dhéadhnaighe
atá sé.



Ní beag liom a mhochóiríghe
atá sé.



Is mochóirígheach an tráth é.



Cad chuige an mhochóiríghe?



Is ort atá an chaint agus
a luighead atá déanta
agat!



(Do a) D'á mhéid glugar
agat féin níl oiread san
ar fad déanta agat!



D'á mhéid airgead aige ní
féadfaidh sé an bás do
bhreabadh.


L. 7


"Do sgaipfeadh chum fáin
d'á chráidhteacht smaoín-
te."



Smaoínte d'á chráidhteacht.



A chráidhteacht.



(Do a) D'á chráidhteacht.



D'á fheabhus ruith agat tioc-
fadsa suas leat.



D'á fheabhus faobhar ar an
sgiain seo ní ghearan sí
an fheóil dom.



D'á ríghne í an fheóil ba
chóir go ngeárfadh fao-
bhar í.



Is mór an obair duit í
chogaint agus a ríghne
atá sí.



Muna mbéadh a ghéire atáid
na fiacla aige ní chognó-
chadh.



Ní h-é a ngéire a dheinean
dó é ach a neart, agus
neart an choráin.


L. 8


Ní dhéanfadh a neart, ná
neart an choráin, an gnó,
muna mbéadh a dhaingne
atáid siad aige.



Ní dhéanfadh daingneacht
an gnó ach chómh beag
muna mbéidheadh a bhfol-
áine.



A bhfoláine.
A fholáine atáid.
Iad do bheith chómh foláin.
Agus iad chómh foláin.



A fhaid atáim anso.



A dhoimhne atá an abha.



A fhaid go bhfeaca thu.



A ghéire a chuais air.



A throime a bhí sé.



A dheacracht teacht suas
leis.



Is maith é an t-airgeadh ach
a dheacracht teacht suas
leis.



Is maith é Tadhg ach a
dheacracht cur suas le
n-a chimínibh.



A leath.



A dheire.



A thusach.



A lár.


L. 9


A bhár.



A thrian.



A dhath.



A ghné.



A dheabhramh.



A dhriuch.



A chlódh.



A chruith.



A ghluaiseacht.



A neart.



A laige.



A chruadhas.



A bhoige.



A chaoíle.



A théagar.



A raímhre.



A chruinne.



A chruinneas.



A fhaid.



A ghioracht.



A mhéid le rádh.



A shuaraíghe.



A shuaraíghe le rádh.



A mhéadúghadh.



A luígheadúghadh.



A thusnúghadh.



A chríochnúghadh.



Cuid dé.



An chuid is mó dhé.



An chuid is lúgha dhé.



Níor choruigh cos dé.


L. 10


Ní dhéanfair aon lámh dé.



Bain an ceann dé.



Thugais dómhsa an leath is
feár dé.



Choimeádais an trian is
measa dhé.



Tabhair dómhsa ceann dé
agus coimeád an ceann
eile dhé ad láimh féin.



Cuir snaidhm ar a cheann.



Cuir snaidhm ar cheann dé.



A rádh.



A rádh gur lá breágh é.



A chur i n úil duit go bhfuil
an ceart agam.


L. 11


A fhiafraíghe dhíot.



A fhiafraíghe dhíot cad 'tá
uait.



Ba mhaith liom a fhiafraíghe
dhíot cad 'tá uait.



Tá a fhios agam.



Ní'l a fhios agam.



Bíodh a fhios agat.



Tá a fhios agam gur leatsa
an leabhar.



Ní'l a fhios agam cá'r
fhágas é.



Bíodh a fhios agat go gcaith-
fir é sholáthar.



A fhios san.



Tá a fhios san agam.


L. 12


Tá a Fhios agam san do
bheith amhlaidh.



Tá a fhios agam é sin.



Tá a fhios agam é sin go
maith.



Tá sé ag fearthainn.



Bíodh a chead san aige!



A chead.



Tá an mhuc 'sa gharaídhe!



Bíodh a chead san aici!



Bíon Tadhg ag ól.



Tá a thoradh aige.



Tá toradh an óil aige.



Tá a rian air.



Béidh a rian air!



Fliuchfar thu, agus béidh a
rian air, béidh slaodán
ort.



Níor chuiris an garaídhe i
n-am, agus tá a rian air,
ní'l aon phráta agat.



Thánaís agus isé a thráth é!


L. 13


A chúram.



"Cad dúbhairt an púca sa
tor?" "Beagán d'á
(de a) chúram bíodh ort."



A mhalairt de chúram.



Cuirfad-sa a mhalairt de
chúram ort.



Tá a mhalairt de chúram
anois air d'éaghmais bheith
ag magadh fúmsa.



Bhí sgéal suilt indé acu.



Tá a mhalairt de sgéal
indiu acu.



Ní'l aon mhaith sa sgiain
seo.



Ní'l a malairt agam.



A bhár.



Rud d'á bhár.



Tá rud d'á bhár aige.



Ní'l aon rud d'á bhár aige.



Ní'l puínn d'á bhár agat.



Is beag d'á bhár agat.



Is beag a bhéidh d'á bhár
aici.


L. 14


Is 'mó beart cham a dhein
sé riamh agus ní'l puínn
d'á bhár anois aige.
…agus ní'l puínn…
d'á mbár anois aige.



(De a) D'á dhruim.



Tá slaodán orm d'á dhruim.



Do rug an ghaoith cuid de'n
díon léi uainn agus tá
an braon-anuas orainn
d'á dhruim.



Do briseadh mo chos tá suas
le fiche bliaghain ó shin
ann, agus is d'á dhruim
sin atá an ciscéim bac-
aíghe ionam.



Ach! déin.



Ach! ná déin.



Ach! stad.



Ach! éist. .



Ach! tabhair dhom é.



Ach! coimeád é.



Ach! is cuma liom.



An teinneas atá ort?



Ach! ní h-eadh.



An bhfuil ocras ort?



Ach! ní'l.



An bhfuilir ag dul i bhfea-
bhas?



Ach! táim.


L. 15


An rabhais i gcontabhairt
bháis?



Ach airiú! ní rabhas.



Tá an sgéal go h-olc ag
Tadhg.



Cad d'imthigh air?



Do ghaibh a bhean air.



Ach aidhe!



Cad é an t-eirghe 'n áirde
é seo ortha so thall?



Ach! airiú, leig dom féin!



An mbeidhead i n-am chun
an Aifrinn?



Ach! beidhir.



Dá mb'áil leat do bhróga
thabhairt dómhsa?



Agus mé féin do dhul cos-
lomrachta! Ach aidhe! go
deimhin is bog atá sé
agat.



Ach! déin.



Ach! bíodh ciall agat, a
dhuine!


L. 16


Bia do chapal.



Tabhair coirce do chapal.



Mac do Thadhg Dómhnall.



Inghean do Dhómhnall Cáit.



Gaol do Cháit Art.



Mac Meic do Shíle Con-
chúbhar.



Driotháir do Thadhg Dómh-
nall.



Cuir síos prataoí dhómhsa.



Coimeád an solus dom.



Déin slígh dom.



(Tabhair dom é sin.)
T'r'om é sin.



Ceanuigh capal dom.



Tabhair congnamh dom.



"Fág blúirín do Sheágh-
ainín."



Mhaise ceól duit!



Tá cnáib ag fás dó san.



Thabharfainn-se congnamh
duit.



Níor chás duit.



Ní cás duit.



Ní cás duit é.


L. 17


Ní h-alaídh dhuit gan chiall
do bheith agat.



Deir sé nách alaídh dhom gan
ciall do bheith agam.



Dubhairt sé nár bh'alaídh
dhom gan ciall do bheith
agam.



Ní h-alaídh do dhuine olc do
dhéanamh air féin mar olc
ar an bhfear thall.



An dóich leat ar bh'alaídh
dhómhsa éugcóir do
dhéanamh orm féin mar
mhaithe leat-sa?



Ambasa níor bh'alaídh, nídh
nách iongna.



Ní h-alaídh dhuit amadán
do dhéanamh díot féin.



Geallaim dhuit nách eadh.



Mo lámh a's mh'fhocal duit
má gheibhim-se greidhm
ort go n-díolfair as.



Seo dhuit é!



Seo dhaoíbh é!



Ba chóir duit bheith ag
obair.



Ba chóra dhuit éisteacht.



Tá grádh agam duit.



Tá fuath agam dó.



Tháinig fuath agam dó.



Beanacht Dé dhuit!



Beanacht Dé dhuit agus
tabhair dhom deoch!



Gan bhuidheachas dó.



I gcead duit-se.


L. 18


I gcead do'n chuideachtain.



I gcead do'n chuideachtain
choídhche.



Fuair sé bás do'n ghorta.



Chuaidh sé ann do shiúbhal a
chos.



Bion sé ar siúbhal do ló
agus d'oídhche.



Tháinig sé thar abhainn do
chosaibh tirme.



Ghabhas do láimh é.



Ghabhas do dhóirnibh air.



Ghabhas de dhóirnibh air.



Do lámh.



Do cheann.



Gluais!



Do ghluais sé.



D'ól sé a raibh aige.



Do labhair sé liom.


L. 19


Seághan agus Séamus.



Seághan agus Séamus agus
Domhnall.



D'imthígheadar le fuacht
agus le fán.



Fear agus hata bán air.



Buachail agus gadhar le n-a
chois.



Bacach agus mála ar a
mhuin aige.



Chonac tu agus an eochair
ad láimh agat.



Tá sé ag teacht anois agus
a mhéar 'n-a bheul aige.



Tá Diarmuid ag teacht
agus fothram aige.



Capal gan cheann agus
duine gan cheann anáirde
air.



Bean agus caipín a clóca
ar a ceann aici.



Táir ag dul go Corcaig
agus gan eólus na slíghe
agat.



Is tarcuisneach an freagra
é sin a thugais orm agus
mé tar éis tuitim leat.


L. 20


Do chuais amach ad fhliuchadh
féin agus gan aoinne 'ghá
iaraidh ort.



Moladh go deó le Dia! Do
rug Sé mac maith uaim
agus gan agam ach é.



Do theip orm an bhó
dh'fhághail, agus mé fan
na h-oídhche 'ghá cuardach.



Fear ag casadh le h-adhmad
do ghearadh agus gan an
chóir aige chuige.



Fear ag dul go Corcaig
an bóthar siar, agus gur
lastoir atá an chathair.



Tá mo sgian ad phóca agat.



Conus bheadh sí am phóca-sa
agus í ad phóca féin?



Ba mhór an obair teacht
anall agus a dhoimhne a
bhí an abha.



Is mór an t-iongna a rádh
nár leig eagla dhuit
teacht, agus a chaoíle a
bhí an abha.



Is mairg dhuit nár fhan sa
bhaile agus an lá chómh
fliuch.


L. 21


Is cruaidh an cás é! Duine
daor chun a chrochta agus
nách é do dhein an choir!



"Tadhg agus cadhp a mháthar
air."



Fear agus é ar leathshúil.



Bhí leanbh istig agus é ag
gol.



Fear agus é ag ruith.



Capal agus é ar cos
anáirde.



Bean 'na suighe ar an
dtairsig agus í ag
cnutáil.



Buachail ag gabháil an bóthar
soir agus leabhar aige
d'á léigheadh.



Fear 'na sheasamh ar an
gcaraig agus é ag fead-
uíol.



Gadhar agus é ag amhstar-
aigh.



Seachain a's ná bris an fhin-
neóg.



Dún an dorus agus ná
gabhadh an bhó amach.



Seasaimh anso isteach agus
ná bíodh an fhearthainn
ort.



Druid amach agus ná basg-
tar thu.



Leig anuas an chroch poll
eile agus bíodh an teas
ag an gcorcán.


L. 22


Cuir an eochair sin i gcoim-
eád agus ná téidheadh sí
amú.



Cuir díon ar do thig agus
ná bíodh an braon-anuas
ort.



Deirim leat díon do chur
ar do thig agus gan an
braon-anuas do bheith
ort.



Dúbhart leis díon do chur
ar a thig agus gan an
braon-anuas do bheith air.



Thugas bia dhó ach níor ith
sé é.



Ní'l agam ach an méid sin.



Ní'l agam ach tu.



Dhúnas an dorus air ach
do chuaidh sé amach an
fhinneóg.



Tabharfad coróinn duit ach
an capal d'fhágáilt agam
go h-oídhche.



Tá an traein imighthe agus
ní'l agam le déanamh
anois ach suighe anso agus
fanmhaint leis an gcéad
traein eile.



Ní'l ach braoinín beag uisge
sa chorcán so.



Deir sé ná fuil ach braoinín
beag uisge sa chorcán
san.


L. 23


Ní'l aige ach tuille do chur
ann.



Ná cuir ann ach oiread
eile agus atá ann.



Ná h-ól ach a leath.



Ná beir leat ach a bhféad-
fair.



Ná fág ach t'fhuighealach.



Ná caith ach do chuid féin.



Buail, ach ná mairbh.



Ná fan ach go lá.



Abair leis gan fanmhaint
ach go lá.



Deir sé ná fuair sé ach
deich púint ar an mboin.



Tabharfad coróinn duit ach
ná fanfair ach go lá.



Tá Tadhg ag treabhadh agus
gan ach capal agus asal
aige.



Ach! aidhe!



Ceanuigh capal eile, a
Tadhg.



Cheanóchainn cheana ach gan
an t-airgead do bheith
agam.


L. 24


Bhí sé lá agus bhí fiche bó
bainne aige. Tá sé
anois agus gan aige ach
bó.



Beidh sé amárach agus gan
oiread a's gabhar aige.



Is cuma leis ach go mbeidh
na grásta aige agus
sláinte mhaith.



Ní fheadar ach grásta Dé
conus a mhairfidh sé. Ní
raibh taithíghe riamh aige
ach ar chóir mhaith.



Ambasa ach caithfidh sé cur
suas leis.



Cá bhfuil Diarmuid? Am-
basa ach ní fheadarsa san.



Andaigh ach is dócha é.



Ambriathar ach gur fíor
dhuit sin.



Seadh! ach, caithimís uainn
é mar sgéal.



Ba chóir go dtiocfadh sé
abhaile chun a chod' bídh.



Andaigh ach is díreach san.



Is díreach san!



Is tusa bhris an corcán!



Ní mé ach tusa!



Fear maith iseadh Tadhg.


L. 25


Ní'l de locht air ach é bheith
buídhe.



Ambasa ach ní beag dó
san.



Ba chuma liom ach go
mbeadh an méid seo
déanta agam.



Beidh ach leanmhaint air.



Ní'l ann ach neamhnídh.



Ní'l ann ach fianuígheacht.



Ní'l ann ach dúbhairtsé-
dáirtsé.



Ní'l ann ach cogarmogar.



Ní'l ann ach "d'inis bean
dom gur inis bean dí."



Ní'l ann ach ráfla.



Táid na h-abhla ithte agam
ach amháin trí cínn.



Tá mo chuid-se díobh ithte
agam go dtí dhá cheann.



Tá rud mar é sin air Dhómh-
nal so againne, ach gan
aon pholl do bheith ann.



Coimeadfad é ach go
bhfaghad greidhm air.



Ní'l uaim ach greidhm
d'fhághail air.



Ní raibh uaidh ach radharc
d'fhághail orm.



Béarfad liom an bhó má
gheibhim í. Ní 'ghá h-iaraidh
a thánag, ámh, ach a
d'iaraidh an chapail.


L. 26


Ní fhéadfair an capal do
bhreith leat, ámh, mar tá
sé ag an gceartain.



Ní thaithnean an fhearthainn
liom. Ní fearthainn atá
anois ann, ámhthach, ach
clagar.



Is maith é an smacht gan
amhras. Ní smacht atá
agat-sa d'á dhéanamh
ámhthach, ach cos ar bolg.



Cheapais go ndéanfá olc
ormsa leis an obair sin.
Ní h-ormsa dheinis an
t-olc, ámh, ach ort féin.



Bhídheas ag ruith i ndiaigh
na h-uaisleachta. Cad
a fuaras, ámh? Fuaras
an dumlas.



Tá an capal ag teacht.



Táid na ba crúidhte.



An duine.



Isé Dia a chruthuigh an duine.



Isé Dia a chruthuigh an
solus.



Coimeád an solus dom.



Is breágh é an solus.


L. 27


D'airígheas an duine ag
siúbhal am dhiaigh.



Do chonac an rud dubh sa
chúinne.



"A mhic na mná gan
tímhiol!"



A mhic an rígh.



"A mhic an rígh ó Éirinn."



A mhic an duine uasail.



A mhic an bhacaigh!



A mhic an bhitheamhnaigh!



Is maith í an fhoidhne.



Is olc í an fhearg.



Tá an dínnéur olamh.



Tá an suipéur olamh.



Tá an Dómhnach buailte
linn.



Beidh an lá amárach tirm.



Bhí an lá indé fliuch.



Bhí an lá arú'ndé fliuch.



An mbeidh sé fliuch aman-
arthar?


L. 28


Tá an donus le bodhaire
ar Thadhg.



Amárach an Satharan.



Indiu an Aoíne.



Indé an Dardaoín.



Chuir sé an bhúirth sin as gur
chrith an talamh.



Chuir sé an talamh dé.



Ana lá.



Ana lá le fliche. A



Ana chapal.



Ana bhó.



Ana bhia.



Ana bhitheamhnach.



Ana rógaire.



Ana adhmad.



Ana thig.



Ana ghníomh.



Ana ghníomh le feabhas.



Ana ghníomh le h-olcas.



D'ínseas ana bhréag.



Tá ana léim aige.



Tá ana chasachtach air.


L. 29


Tá ana thrioblóid air.



Tá ana mheaghchaint ann.



Tá sé ana éadtrom.



Tá sé ana throm.



Tá an chaint ana chruinn.



Fear ana sprideamhail
iseadh é.



Fear ana ghalánta iseadh é.



Ana eólus.



Aineólus.



Ana chúram.



Anchúram.



Ana Críosdaídhe.



Ainchríosdaídhe.



Ana dhleaghthach.



Aindleaghthach.



Míchúmtha.



Ana mhíchúmtha.



Ana dheise.



Aindeise.



Ciscéim ana shocair.



Ciscéim anshocair.



Tá m' aigne ana thré n-a
chéile.



Sin ana chosanáirde.


L. 30


Tá géug ar chrann.



Tá billeóg ar ghéig.



Tá dath ar bhilleóig.



Cad 'tá ortha?



Pingin an ceann.
Pingin ar an gceann.



Cad 'tá ortha?



Tá droch bhlas ortha.



Tá dath liath ortha.



Tá bia ar an mbórd.



Tá ocras ormsa.



Tá tart ortsa.



Tá fearg ar Thadhg.



Tá leisge air.



Tá dithneas uirthi.



Tá bruid orainn.



Tá fonn oraibh.



Tá náire ortha.



Tá púnt agam air.



Ní'l aon chíos agat orm.



An mór atá agam ort?



An mór atá agat orm?



Tá púnt ag Tadhg ar Dhómh-
nall.



Tá púnt ag Dómhnall ar
Thadhg.



Tá eólus ar a ghnó aige.



Tá aithne agam ort.



Tá eólus na h-áite agam.



Tá cion agam ort.


L. 31


Tá gráin agam air.



Tháinig gráin agam air.



Gráin air!



Gráin áig air!



Ar buile.



Tá sé ar buile.



Ní h-ionan bheith ar buile
agus ar lán bhuile.



Tá sé ar meisge.



Ní'l, 'ná ar míchéill.



Tá sé ar mire.



Bí ar siúbhal!



Tá sé ar a chosaint féin.



Tá sé ar a dhíthchiol.



Tá sé ar do thí.



Tá sé ar tí díoghbhála
dhéanamh dhuit.



Táim ar aigne dul go
Corcaig.



Táim ar aigne fille
amárach.



Táim ar aigne sgríobhadh
chun Diarmada.



Bhídheas ar aigne an leabhar
do léigheadh ach ní raibh
uain agam air.


L. 32


Táim ar aigne eirghe ar
ball má bhrathaim mé
féin láidir mo dhóithin
chuige.



Bhídheas ar aigne gan labh-
airt leis i n-aon chor.



Bhídheas ceapaidhthe ar
theacht abhaile.



Agus bhídheas-sa ceapaidhthe
ar gan teacht.



Ar gan teacht abhaile
aineadh?



Cad air go rabhais-se cea-
paidhthe?



Ar fhanmhaint sa bhaile.



Ar éigin.



Ar ais nó ar éigin.



An bhfuil na prátaídhe
beirbhthe?



Is ar éigin é.



An bhfuil do dhóithin agat?



Is ar éigin é.



Is ar éigin bháis é.



Is ar éigin bháis do rug sé
na cosa leis.



Is ar éigin bháis a rug sé
ar an dtraein.



Ambasa, a Thaidhg, is ortsa
atá guid na caorach so.



Cé chuir orm é?



Tá sé ort ag gach aoinne.



Déin rud orm.


L. 33


Déin rud ar do mháthair.



Ní dhéanfadh sé leathadh a
bhaise uirthi!



Tá sé ar a shástacht.



Tá sé ar a chromadh.



Tá sé ar a chromaruathar.



Tá sé ar muin na muice.



Tá sé sa bhraeiciol ort.



Beir ar bhraeiciol air.



Beir ar chúl air.



Beir ar adhairc ar an
mboin.



Beir ar cheann ar an
gcapal.



Beir ar láimh orm.



Beir ar chois ar an gcaoirigh.



Beir ar eirbal ar an gcat.



Do rugas ar láimh ar Dhiar-
muid.



Do rugas ar an dtraein.



Tá ar Thadhg dul go Cor-
caig amárach.



Agus tá air bheith sa bhaile
chun na h-oídhche.



Do bhuaidh sé ort.



Tá buaidhte agam air.



Do bhuaidh sé sin ar a
bhfeaca-sa riamh.



Ní cheadóchainn ar leath-
choróinn a rádh go mbuadh-
fadh sé ort.



Ní h-eadh ach ní chead-
óchainn ar choróinn é.


L. 34


Níor cheadaidhthe dhuit ar
chapal a leithéid do
thuitim amach duit.



Ní cheadóchainn ar an mboin
is feár am sheilbh é.



Ná lean air.



Ná bí ag leanmhaint siar
air mar sgéal.



Cad is gá' dhuit bheith ag
leanmhaint siar air?



Lean air tamal eile.



Dhe, ciach air!



Gaibh air.



Gaibh uirthi.



Gaibh ortha.



Gaibh go maith ortha.



Caithfir gabháil ortha.



Táim ag gabháil ar Thadhg.



Tá muíntir Loíngsigh agus
muíntir Thuama ag
gabháil ar a chéile.



Tá gabhtha ag taobh acu ar
an dtaobh eile.



Tá breall ar an dá thaobh.



Tá breall ar Dhiarmuid.



Breall ort! a amadáin.



Tá dearmhad ort.



"Dearmhad an chléirig ar
a chlog."



But "Dheineas dearmhad dé"


L. 35


Ná déin dearmhad ar do
phíopa.
Ná dearmhaid do phíopa.
Ná déin dearmhad de d'
phíopa.



Feuch ar an mboin.



Glaoidh ar an bhfear.



Bagair ar an ngadhar.



Do bhris ar an bhfoidhne
agam.



Do sgoilt ar an mboin mar
d'ith sí na prátaídhe
fuara.



Sgoilfidh ort!



Do theip ar Dhómhnall
teacht.



"Is beag orm bláthach,
nuair a bhím lán di."



Is beag ar an ngabhar an
fliuchra.



Is beag ag an gcaoirigh an
fuacht.



An mbéarfad ar an
dtraein?



Beidh sé air agat.



Beidh sé air agat má bheir-
ean tú ar an dtraein.



Beidh sé air agat breith
uirthi.


L. 36


Do rug sé ar an dtraein
agus bhí sé air aige.



Beidh sé air ag Dómhnall
teacht suas liom anois.



Bíodh air féin.



Bíodh ort féin.



Bíodh orm.



Bíodh orm gurab olc a
thiocfair as.



Bíodh orm gur geár a
sheasaimh sé.



Gabhaim-se orm go mbeidh
fothram acu.



Imthig ort.



D'imthig sé air.



Téanam ort.



Téanaígidh oraibh.



D'imthígheas orm.



Do cuiread an cás ar
gcúlaibh.



Dul ar aghaidh.



Dul ar gcúl.



Tá an saoghal ag dul ar
aghaidh.



Tá an saoghal ag dul ar
gcúl.



D'eitig sé mé ar ghal
tobac.



Ar mh' fhocal gur eitig.



Ar bhiorán buídhe go mbuail-
finn é!



Ar bhiorán buidhe go mbeidh-
inn ag gabháil ort an
fhaid a bheidheadh ionam
seasamh os do chionn!


L. 37


Chrom sé ar ghol.



Dhírigh sí ar aighneas.



Chromadar orm.



Chromamair féin ar achéile.



Dhírig ar an obair.



Cuirim ort!



Ná ceil orm conus atáir.



Ná maoídhimh orm an méid
sin.



Má thugan tú rud do dhuine
ná bhí 'ghá mhaoídheamh air.



Chuireas tabhairt suas air
agus ba mhaith an díol
air é.



Thugas mo chuid dó agus
dob olc an díol air é.



Do tugadh an speal do
Thadhg agus ba mhaith an
díol air é.



Do tugadh an guna do
Shéamus agus dob olc
an díol air é.



Do tugadh an leabhar do
Dhonchadh agus is air dob
fheár a dhíol é.


L. 38


Do tugadh an claidheamh
do'n bhodach agus is air
ba mheasa a dhíol claidh-
eamh do thabhairt dó.



Ní'l aoinne 'nar feár a
dhíol air claidheamh do
chur 'na láimh 'ná an t-é
go mbíon mianach an
duine uasail ann.



Ní'l aoinne gur measa a
dhíol air claidheamh do
chur 'na láimh 'ná an
bodach.



B' fheár liom 'ná rud ná
déarfainn go mbeadh
bróga Sheághain ar iasacht
agam i gcóir an raince.



Muna mbeadh an chos theinn
do bheith ag Seághan dob
fheár a dhíol air féin iad
go mór.



Glaoidh ortha.



Glaoidh iad.



Do glaoidheadh ort.



Do glaoidheadh thú.



Leac ar tinniol.



Ar mire.



Ar tinniol.



Ar bara uisge.



Ar mearbhal.



Ar buaireamh.


L. 39


Tá dearmhad air.



Ar bailchrith.



Ní'l leigheas air.



Tá Tadhg ag an dtig.



Tá Dómhnall ag an gceár-
tain.



Tá Uilliam ag an Aifrean.



Tá an geimhre ag teacht.



Tá capal ag Seághan.



Tá siorach ag an láir.



Tá gamhain ag an mboin.



"Chuas isteach i dtig um
Shamhuin, a's d'itheas
smut de ghamhain, a's bhí
gamhain ag an ngamhain
sin bliaghain ó'n Samhuin
sin."



Is breágh an saoghal atá
agat!



Tá marbh agat!



Tá an capal ag ithe.



Tá an gadhar a' ruith.



Tá sé ag teacht ar sodar.



Tá sé ag imtheacht ar cos
anáirde.



Tá an crann ar lár aige.



Tá an pháirc treabhtha aige.



Tá an mála lán aige.


L. 40


Tá an bhó marbh aige.



Bhí an t-urchar caithte
aige.



Bhí an obair déanta aige
sul a dtánag.



Táim bodhar agat.



Táim creachta agat.



Tá 'n tú báithte ag an
gclagar.



An bhfuil agat?



Tá.



An bhfuil Gaedhilig agat?



Ach! ní'l focal.



An bhfuil Béarla agat?



Ó ambasa tá, do dhóithin.



Tá mo chroídhe briste
agat.


L. 41


As mo láimh.



Bain deoch as.



Bain deoch as an árthach
san.



Ól deoch as an dtobar.



Táim ag ól díghe as an
dtobar.



Bain as.



Bain tuille as.



Is cuma ann nó as é.



Tá an bhó ag dul as.



Taraing an corán as an
gcois.



"As a ceann iseadh a crúi-
tear an bhó."



"As an obair a faghtar an
fhoghluim."



"Tínteán tirim teann.
— Taraing as."



Is maith a chuais as.



Ní'l aon dul as agat.



Isé rud a tháinig as dó,
gur dhóbair go mbádhfí é.



As a bholg fhásan an leanbh.


L. 42


Buail an clog as an dtéid.



Cuir an bhó as an ngort.



Tá an duine as a mheabhair.



Tá 'n tú as an slígh go mór.



Tá sé as an slígh agat a
leithéid sin do dhéanamh.



Ní'l aon rud agam dh'á
dhéanamh as an slígh.



D'itheas prataoí a' poll
agus bainne a' bata.



Ná bí ag maoídheamh as.



Ná bí ag maoídheamh as do
neart.



Na bíodh aon iontaoibh agat
as an bhfear san nó díol-
fair as.



Bíodh maingín as Dia agat.



Bíodh do mhaingín as Dia.



Cuir do mhaingín as Dia.



As go brath leis.



Tá sé ag dul as go mór.



Ní bhfaighir a thuille asam.



Bainfid mé preab asat.



Támaoíd ag baint cainte
aisti.



Tá sí ag baint gnótha
asainn.



Is deacair é bhaint asaibh.


L. 43


Bainfar asta é, mhaise.



Cad a gheibhean tú as do lá
oibre?



Tar aníos as san.



Imthig síos as so,



Bhídheas as baile.



Bhídheas as an mbaile.



A' feirg a dheineas é.



A' meisge do dhein sé é.



Ní h-eadh ach a' corp róg-
aireachta.



Ní h-eadh ach a' corp droch
aigne.



A' mioscais.



Cas as tú?



Cas as duit?



Cas as duitse?



Ó Chois Bríghde.



Chuir sé búirth as.



Chuir sé cnead as.



Chuir sé osna as.



Chuir sí liach aisdi.


L. 44


Chuir sé sgearta gáire as.



Chuir an gadhar glam as.



Ní raibh drud as.



Cuir sé fead as.



Do leag sé fead orm.



Do dhein sé fead orm.



Tá sé ag feaduíol ort.



Chuir sé drantán as.



Tá sé ag sgeamhuíol.



Chuir sé amhstarach as.



Do léim sé as a chorp.



Tar chun na teine.



Imthig síos chun an doruis.



Imthig chun siúbhail.



Cad chuige an tuagh?



Chun an adhmaid do ghea-
radh.



Cad chuige an t-adhmad?



Chun teine.



Cad chuige an teine?



Chun na ndaoíne do théigh-
eadh, agus chun na bprá-
taí do bheiriúghadh.


L. 45


Táim chun labhartha leis.



Táim chun beirtha ar an
gcirc.



Chúgat an tarbh!



Ná leig an mhuc chun na
meidre.



Ná leig an gadhar chun an
ime.



"Is tú b'fhear a leigint
chúcha."



Coimeádfam an coirce seo
chun síl.



Cad chuige an bhréid?



Chun casóige.



Fan ansan chun go mbeidh
mé olamh.



(a) Ná labhair chun go labhar-
thar leat.



(b) Ná labhair chun go labhar-
far leat.



Ní bheidh sé déanta agat
chun na h-oídhche.



Ní bheidhir sa bhaile chun na
h-oíchche.



Cad é an t-aos tu anois,
a Dhiarmuid?



Táim gob le gob le cheithre
fichid chun na Bealtaine.



Ní bheid na muca san ramhar
agat chun an aonaig.


L. 46


Caithfar cur chúcha.



Chuir sé chun na cloiche do
tógáilt.



Chuireas chun beirtha ar
adhairc ar an mboin.



Cuir chúgat an t-airgead
so.



Tharaing sé chuige an sgéal.



Taraing chúgat airís é,
déin!



Tiocfaidh sé chun suime.



Tá an duine ag dul chun
báis.



Fuair sé fuacht agus tháinig
sé chun éagcruais dó,
slán mar a n-ínstear é!



Chun toirmisg do dhéanamh
a thánaís-se anso indiú.



Tá sé ag dul chun deirigh.



Chuaidh sé chun deirigh go
mór.



Tá sé ag dul chun cínn.



Tá sé ag dul chun codalta.



Ta sé ag dul chun déidh-
naighe.



Tháinig sé chun othrais.



Tá sé go maith chun a chod'
bídh do chaitheamh.



Táid na prátaí seo go
maith chun bídh.


L. 47


Páirc mhaith chun fosuigh-
eachta iseadh í.



Beidh an lá chun féir.



Sdó, ní chuige sin a bhídheas.



Ní duine chun puínn cainte
Tadhg.



Ní lá chun féir an lá indiu.



Munab eadh is lá chun
buana é.



Chun oídhche Lúghnasa.



Chun na Samhna.



Chun Féile Michíl.



Chun na Nodlag.



Chun na h-Inide.



Chun na Cásga.



Beidh sé críochnuighthe agat
chun na Bealtaine.



D'fhéadfí dáréag do chur
chun suidhte ag an
mbórd san.

Bhíodar ag suídhe chun bídh.



Bhíodar 'n-a suídhe chun bídh.



Bhog sé a bheul chun labh-
artha liom.


L. 48


Fé thalamh.



Uisge fé thalamh.



Teacht fé.



Tá teacht fé sa tig seo.



Tá an cat fé 'n mbórd.



Cad a thug anso thu, fé
chosaibh daoíne agus bei-
thígheach?



Do cuireadh fé ghuídhe an
phobail é.



Do cuireadh fé chainneal
bháth é.



Do cuireadh fé ghrádhaibh é.



Do cuireadh fé láímh eas-
boig é.



Do cuireadh fé ghlas é.



Tabhair fé.



Thug fé fúm.



Thug sé fé 'n gcloich do
thógaint.



Thug sé fuíthi.



Tá an ghrian ag dul fé.



Tá an t-éadach so ag dul
fé, leis an níghchán.



Ta an t-uisge seo ag dul
fé bheiriúghadh.



Tá an sgoil fé smacht aige.



Cuir fé dh'shróin é.



Cuir smeara fé 'n leathar.



Níor chuaidh an smeara fé.


L. 49


Ní h-anairt i gceart é.



Ta inneach cotúin fé.



Tá an dúthaig ag magadh
fé.



Tá Tadhg ag cur a theangan
amach fúm!



Ní bheidh an obair sin
déanta agat fé Dhómh-
nach!



Beidh agus fé Shathran.



Beidh se déanta fé am
dínnéir agam.



Beidh sé déanta fé mhaidin
agam.



Beidh sé déanta fé 'n
oídhche aige.



Beidh fearthainn fé thráth-
nóna agat.



Sgaoíl amach fé 'n gcnuc
na ba seasga.



Sgaoíl anonn fé 'n bpáirc
na ba bainne.



Do sgaoíleas urchar fútha.



Buille fé thuairim.



Cor fé iungain.



Fe dheire.


L. 50


An lá fé dheire.



Fé dheire thiar thall.



Fe mhaidin amárach.



Fébh mar; fé mar.



Fé mar fhásan sé ithtear é.



"D'fhairinn a chosa fé mar
a thógadh,



A's d'fhéuchainn go cruínn
ar bhoínn a bhróg air."



Fé mar a chídhfir oireamh-
nach.



Fé mar eireóchaidh leat.



Féadfair bheith ag obair
amuich nó istig fé mar
thiocfaidh an uain.



Ní'l bac ort bheith anso nó
ansúd, fé mar a thaithn-
fidh leat.



Fé mar chuirim fód suas
tuitean dhá fhód anuas.



Fé bhun.



Cuir clocha fé bhun na
cruaiche.



Fé d'bhun.



Ní h-os do chionn atá an
t-úrlár ach fé d'bhun.



Ní fé d'bhun atá an spéir
ach os do chionn.


L. 51


Ní'l fé bhun dachad bliaghan
ó bhíos anso cheana.



Cad é an t-aos an leanbh?



Ní'l sé fé bhun deich mblia-
ghan.



Ní'l sé la fé n-a bhun.



Raghad soir fé cheann dá
lá.



Fé cheann bliaghna ó'n lá
san bhí sé i n-úir.



Fé cheann seachtmhaine.



Fé cheann beagán aimsire.



Fág fúm féin é.



Fágaim fút é.



Fágaim-se fé Dia é.



Do fágadh fé mholadh beirte
an sgéal.



Fé mhaise.



Go bhfágaidh Dia fé mhaise
thu!



Go bhfágaidh Dia fé mhaise
thú, agus fé áthas.



Fé chompórd.



Fé shólás.



Fé mhairg.



Fé bhuairt.



Fé bhrón.



Fé ocras.


L. 52


Fé amhgar.



"Fé bhráca an donais."



Táim ag dul go Corcaigh.



Fanfad ann go h-oídhche.



Deir sé go bhfanfaidh sé
ann go h-oídhche.



Go n-eirghe leis!



Go mbeanuíghidh Dia dhaoibh!



Go mbeanuíghidh Dia a's
Muire dhaoibh!



Go gcuiridh Dia an rath
ort!



Go gcuiridh Dia ar do leas
tú!



Go saoraidh Dia sinn!



Go bhfágaidh Dia do shláinte
agat!

Go bhfeuchaidh Dia orainn!

Go bhfóiridh Dia orainn!

Go neartuíghidh Dia leat!

Go mbuaidh Dia leat!

Go ndearnaidh maith!

Fan go fóil.

Fan go lá.



Ní h-aitheantas go h-aon
tigheas.


L. 53


Ní moladh go h-adhlacadh.
"Nil de mortuis nisi bo-
num."



Go r'a maith agat!



Gura maith agat!



Nára maith agat!



Gur feár amárach tu!



Muna feár nára measa!



Gura is contracted from go ro ba, nára from ná ro
ba, and muna from muna ba.



Gurab ortsa thuitfidh an
crann!



Dé bheatha-sa!



Go mairir-se!



Go mairir abhfad!



An t-é.



"An t-é atá suas óltar
deoch air.



An t-é atá síos buailtear
cos air."



An mar sin é?



Cad é sin duitse sin?



Tá tart ormsa.


L. 54


Cad é sin dómhsa san?



Cad é sin dómhsa é, má tá
tart ort?



Cad é sin dómhsa é?



Cad é sin dómhsa tart do
bheith ort?



Is cuma liom é.



Is cuma liom ort nó dhíot
é.



Tá codla orm.



Ní mar sin dómhsa.



Ní mar sin dómhsa é.



Ní mar sin dómhsa san.



Is fíor dhuit.



Is fíor dhuit é.



Is fíor dhuit sin.



Is fíor dhuitse sin.



Is fíor dhuitse é sin.



Na bac é!



Ná ba é féin!



Ná bac é féin.



É féin.



Í féin.



Conus atá sé féin?


L. 55


Conus atá sí féin?



An bhfuil sé féin istig?



An bhfuil sí féin istig?



Tá se féin gan bheith ar
fóghnamh.



Tá sí féin ag teacht chúichí
féin.



Siné é.



Siní í.



Siné ansan é.



Siní ansan í.



Sidé anso é.



Sidí anso í.



Siúd iad ansúd iad.



Sin iad thíos iad.



Sin iad síos iad.



Sidiad ainíos iad.



Sidé anuas é.



Siné chúgaibh an dorus
isteach é.



Siné anois agat é!



Siné anois seana Sheághan
breac agat!



Siné ansan an bhó agat!



Siúd é thuas an capal
agat!



Seo dhuit é.



Siné agat é.



Tabhair dhom a leith é.



Caith chuige é.



Ní bhfaghair é.


L. 56


Má gheibhim é ní bhfaghair-se
thar n-ais é.



A Thaidhg!



Cad é sin?



Is feár dé an bolg an bia.



Is feár dé an chos an bhróg.



Is boige dé an bhróg an
smeara.



Is feár dé thu é.



Is lúgha dé an baoghal a
bheidh ort an solus do
bheith agat.



Is lúgha dé an baoghal a
bheidh ort é.



Is measa dé a réidhteóchaidh
an leite leat í bheith ró
theith.



Is measa dé a réidhteóchaidh
sí leat é.



Ní troime dé an loch an
lacha.



Ní troime dé an loch í.



Ní troime dé é í.



Is feár dé í é.



Is feár dé é í.



Ní ró mhaith a thuillis an
t-airgead so, ach ní lúgha
de sin é, tá sé le fághail
agat.


L. 57


Deir sé nach ró mhaith a
thuilleas an t-airgead
so, ach nách lúgha de sin é,
go bhfuil sé le fághail
agam.



Dúbhairt sé nár ró mhaith a
bhí an t-airgead úd
tuillte agam, ach nár
lúgha de sin é, go raibh
sé le fághail agam.



Siné é anois.



Cad é mar fhearthainn!



Cad é mar shaoghal!



Cad é mar obair dhuit bheith
gan teacht abhaile go dtí
so?



Dá mb'é an lá fliuch féin
é, ní fhéadan Tadhg é
chaitheamh díomhaoín.



Dá mb'í an chaora féin í,
do gheabhadh fuacht an lae
indiu tríthi.



Tá an bóthar anacrach agus
an uain go h-olc, agus
táid na bróga go h-ain-
deis agam, ach mar sin
féin caithfad bheith ag
gluaiseacht.



Ní bheadh sé sásta go dtí
gur thugas an fheirm suas
dó. Do chailleas lán an
hata san ag cur stuic
ar an dtalamh dó.
Caithim féin bheith moch
déidhneach ag feuchaint i
ndiaig an bhaill. Ach, dar
ndóich, dá mb'é sin féin


L. 58


é, ba chuma liom dá mb'
áil leis fanmhaint sa
bhaile agus gan bheith ag
imtheacht ag ól.



I n-Éirinn.



Sa pháirc; ansa pháirc.



Sa ló.



Sa n-áit; ansa n-áit.



Sa bhaile; ansa bhaile.



I gCorcaig.



I n-Eóchuil.



Tá sé i n-iúir.



Tá sé i n-a éughmais.



Tá sé (i mo) am éughmais.



Déanfam (i do) ad éugh-
mais.



Déin i n-éugmhais an díghe.



Ná labhair i bhfeirg.



Ná bí (i bhfad) abhfad.



Tá sé (i n-a) 'na chodla.



Tá sé 'na dhúiseacht.


L. 59


Tá sé 'na lá.



Tá Tadhg (i n-a) i n' fhear.



Tá do chlann 'na bhfearaibh
agus 'na mnáibh agat.



Tá an sgéal 'na phraisig
agat.



Tá Dómhnall i bhfeighil na
mbó.



Tá Siobhán i bhfeighil an
tíghe.



Cuir an liarthóid i lár
baíll.



Lámh láidir i n-uachtar!



Tá sé ag dul i n-aoís.



Dul i n-aoís, dul i n-olcas.



Ionan dul i n-aoís agus dul i n-olcas.



Táim ag dul i bhfeabhas.



Tá an lá ag dul i bhfliche.



"Gach drong ag dul i
miona agus i mbréag-
aíghe,



Gach fóghmhar ag dul i
bhfliche agus i ndéidh-
naíghe."



Cuir i bhfolach é.


L. 60


Buail an gadhar le cloich.



Ní le feirg a dúbhart é.



Táim anso le bliaghain.



Níor bhlaiseas bia le dhá lá.



Ní le Dómhnall an gadhar.



Gadhar liomsa iseadh é.



Tháinig sé liom.



Tháinig sé i n-aonfheacht
liom.



Ná bí liom.



Ní h-aon mhaith bheith leat.



Ní feár bheith leat.



Do cailleadh mórán leat.



Do cailleadh le éugcruas é.
Slán mar a n-ínstear é!



Do thuiteas leis.



Ag tuitim le claínn.



Caith urchar leis.



Caith leis.



Caith leis an éun úd thuas.



Caith leis an éun úd suas.



Fan liom.


L. 61


Fan liomsa.



"Éist le fuaim na h-abhan
a's gheabhaidh tú breac."



D'imthigh sé le h-aodhar an
tsaoghail.



Dul le buile.



Dul le céird.



Dul le gréasaídheacht.



Dul le coirce go dtí an
muilion.



D'imthígheadar le fuacht
a's le fán.



Ag obair le rainn a's le
sluasaid.



Do ghluais an t-urchar le
fuinneamh.



Cuir fuinneamh leis an
gcloich.



Bhí an t-urchar i ndeire an
fhuinnimh.



Ní raibh aon fhuinneamh leis.



Ní'l ciall leis an gcaint.



Cuir deire leis.



Cuir ceiríghe le h-othras.



Deárna leat!



Chím-se duine leatsa.



Is le sclábhuígheacht a chaith
sé a shaoghal.



Is le sgiain do gearadh é.


L. 62


Tigh liom é dhéanamh.



Ní thigh liom dul ann.



Ní thigh liom siúbhal ann.



Ní thigh liom smámh ann.



Thigh liomsa snámh ann.



Ní thocfadh leat snámh ann
muna mbeadh snámh maith
do bheith agat.



Do thiocfadh leatsa snámh
ann dá mbeadh snámh
maith agat.


L. 63


An rud a thigh leatsa a
dhéanamh tigh liomsa a
dhéanamh.



An rud a thigh liomsa a
dhéanamh indiú tiocfaidh
leatsa a dhéanamh
amárach.



An rud a thiocfaidh liomsa
a dhéanamh amárach tioc-
faidh leatsa a dhéanamh
amanarthar.



An rud a thiocfaidh liomsa
a dhéanamh amanarthar
tiocfaidh leatsa a
dhéanamh amainniris.



An rud a thígh leatsa a
dhéanamh indiú do tháinig
liomsa é dhéanamh indé.



An rud a tháinig leatsa a
dhéanamh indé do tháinig
liomsa é dhéanamh arú
'ndé.



Ní thiocfadh leat é dhéanamh
dá mbeadh lámh theinn
agat.



"Ní thagan an dá thráig
leis an ngobadán."



Má thigh liom an cíos do
dhíol díolfad é.


L. 64


Dá dtígheadh liom an cíos
do dhíol dhíolfainn é.



Nuair a thígheadh liom an cíos
a dhíol do dhíolainn é.



Nuair a tháinig liom an cíos
a dhíol do dhíolas é.



Sin a dtig liom a dhéanamh.



Thánag ó Bhaile Átha Cliath.
Táid do luirgne dóighte
ó'n ngríosaigh.



Táim suaithte ó shiúbhal na
gcnuc.



Táim marbh ó bheith ag obair
i gcómhnuíghe.



Tá meisge chodlata orm ó
bheith suas an dá oídhche
as a chéile.



Tá crathán ó'n bhfuachd
air.



Tá balaith dóighte air ó bheith
i n-aice na teine.



Tá sé fliuch ó'n spéir.



Tá culuith éadaig uasail ó
mhulach talamh air.



Ní'l suíghe suainis aige ó
cheann ceann de'n bhliagh-
ain.



Táim ó thaobh taobh de'n
bhail ó mhaidin, ar do
lorg.


L. 65


Chuireadar ó thig agus ó
áit é.



Cuir uait!



Bain uait féin.



Cad 'tá ó Thadhg?



Cad 'tá uaitse?



Tusa atá uaim.



Cad dob áil leat díom?



Tá mo bhéul dóighte ó'n
ngréin.



Táimíd leaghta ó'n
mbrothal.



Tá mo chasóg fliuch ó'n
bhfearthainn.



Táid na gais loisgithe ó'n
sioc.



Ta Dómhnal briste ó óla-
chán.



Táid do bhróga caithte ó'n
raince.



Táim cráidhte ó'n saoghal.



Tabhair uait an sgian!



Tabhair uait láithreach í!



Thug sé droch chaint uaidh.



Thug sé droch mhúine uaidh.



Thug sé easúmhluigheacht
uaidh.

Thug sé séimhbhéaltacht uaidh.

Thug sé deisbhéalaíghe uaidh.


L. 66


Thug sé deaghlabharthacht
uaidh.



Thug sé droch labharthacht
uaidh.



Ar chrúdhais an bó?



Do chrúdhas.



Ar thug sí an bainne.



Do thug.



Do h-osgaladh an fhéith ach
níor thug sé an fhuil.



Dá sádhfí le sgiain mé ní
thabharfainn aon bhraon
fola.



Thugais d'éitheach!



Ith uait.



Roimh: Roim



Roimh dhul ann.



Roimh dhul ann duit.



Roimh eirghe gréine.



Roimh dhul gréine fé.



Roim lá.



Roim Nodlaig.



Roimis.



Roimis amach.



Rómham.



Roímpi.



Tar roimis.



Ní h-ag teacht rómhat air
sin é.



Ní h-ad bhréagnúghadh-sa é.


L. 67


Bhíos anso rómhat.



Bí ag moladh Dé rómhat.



Ith rómhat.



Feuch rómhat.



Tá aimsir mhaith rómhainn.



Do rugadh mise sul ar
rugadh tusa.



Beidh an traein imthighthe
sar a mbeir thíos.



Buail do lámh air sar a
bhfeicfidís é.



Chuir sé i bhfolach é sar a
bhfaighinn é.



Seachain sar a mbuailfí thu.



Labhair réidh sar a n-aireófí
thu.



Bí imthighthe as so sar a
bhfillead.



Dún an bhearna sul a rachadh
an bhó sa ghort.



Ní'l ann dul thar dorus.



Dul do léim thar geata.



"Ní théidhean stoirm thar
Dhomhnach 'ná rabhta thar
Chéadaoín."


L. 68


"Thar a bhfeacaís riamh!"



Taé thar bár.



Tá an chaint thar bár aige.



Tá sí thar na beartaibh aige.



Bhí an lá thar na beartaibh
le fliche agus le fuaire.



Tá an lá indiu thar na
beartaibh.



Thar calaith.



Dul thar glaise.



Dul thar teórainn.



Táid na ba thar teórainn.



Táid na ba thar teórainn
ar Thadhg ua Mhurchú.



Bíon do chapal ag teacht
thar teórainn orm.



Ní thabharfainn thar chúig
phúint air.



Teacht thairis.



Ná bíodh aon teacht thairis
agat.


L. 69


An bhfuil an sagart óg ag
imtheacht uainn?



Níor airígheas aon teacht
thairis ag aoinne.



Má airighean tú féin ná
bíodh aon teacht thairis
agat-sa.



An mó gal tobac a thógan
tú sa ló?



Mar a déarfá, deich ngal,
fé nó thairis.



Um Bealtaine.



Um Lúghnasa.



Um Shamhuin.



Um Fhéile Michíl.



Um Nodluig.



Um Inid.



Um Cháisg.



Um an dtaca so.



Um an dtaca san.



Um an dtaca 'na mbéir-se
amuich béad-sa istig.



Um an dtaca so indé.



Um an dtaca so amárach.



Cuir umat do chasóg.



Tá sí umam cheana.



Ar bhuail aoinne umat ar
an mbóthar?


L. 70


Níor bhuail aoinne umam-sa
ach do bhuail duine uime
Thadhg.



Cé bhuail uime?



Bhuail beirt uime.



B'shin triúr a bhuail uime,
.i. duine agus beirt.



Ná bí ag gáirídhe umam.



Ní'lim ag gáirídhe um
aoinne.



Le h-ais na teine.



Le m'ais.



I n-aice na teine.



Suig anso am aice.



Tá sé i n-aice le bheith
déanta agam.



I n-aice leo.



I n-aice le dachad bliaghan.
Isteach 's amach le dachad
bliaghan.



Tar éis.



Tar éis an Domhnaigh a
theagan an Luan.



Tar éis luighte dhom a
dhéinim codla.



(Do éis) d'éis na cainte
caithtear éisteacht.


L. 71


Tá an cú i ndiaig ghiorfhiadh.



I ndiaig.



Tar am dhiaigh.



Imthig i ndiaig na mbó.



Cuir i ndiaig a chéile iad.



Os do chómhair.
Os a gcómhair.
Os cómhair do shúl.



I gcóir na h-oidhche.



"Feuch cá ngeabhair i gcóir
na h-oidhche."



Tá rud ad chóir agam.



Cuir am chóir é.



Rud i gcóir an chíosa.



Tá cóir mhaith air.


L. 72


Táim anso.



Tar anso.



Tá sé ansan.



Tar ansan.



Ansúd.



Tá sé ansúd.



Tar ansúd.



Tá sé thall.



Tar thall.



Abhus.



Tá sé abhus.



Tar abhus.



Suas.



Thuas.



Imthigh suas.



Tar anuas.



Fan thuas.



Fan thíos.



Tar ainíos.



Imthig anonn.



Fan thall.



Tar anall.



Imthig isteach.



Fan istig.



Tar amach.


L. 73


Imthig siar.



Fan thiar.



Tar ainiar.



Imthig soir.



Fan thoir.



Tar anoir.



Imthig ó thuaidh.



Fan thuaidh.



Tar adtuaidh.



Imthig ó dheas.



Fan theas.



Tar aineas.



Tar a leith.



Tar a leith chúgam.



Fan ansan.



Imthig as san.



Fág san.



Síné suas é.



Siné thuas é.



Sidé anuas é.



Siné síos é.



Siné thíos é.



Sidé ainíos é.



Sidé aníos an capal.



Siúd í suas an bhó.



Sidí anso an sgian.



Sidí anso í.



Siní ansan í.



Siúd í ansúd í.



Siní thall í.



Sidiad abhus iad.



Sidiad a leith iad.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services