Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mion-Chaint Cuid I
Title
Mion-Chaint Cuid I
Author(s)
O'Leary, Peter Canon, Very Rev.,
Composition Date
1902
Publisher
Brún agus Ó Nóláin, Teor.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MION-CHAINT "Is 'na seasamh atá sí." "tá an bhó 'na seasamh"; "tá sí ag siúbhal."
Is breágh an lá é. Is lá breágh é. Is fear láidir é. Is láidir an fear é. Is é an fear láidir é. Is láidir atá sé. Nách láidir atá sé! Tá sé lag. Tá sé go lag. Is lag atá sé. Tá sé ana lag. Tá sé go h-ana lag. Tá sé go h-ana lag ar fad. Tá an donas le laige air. Is fear Micel. Is fear maith Micel. Is fear gan mhaith Micel. Is fear meathta é. Fear meathta. Tá Tadhg i n' fhear. Tá sé i n' fhear mhór. Tá sé i n' fhear bheag. Is droch dhuine é. Is duine fóghanta
Is talamh fóghanta é. Is caillte an talamh é. Is caillte an aimsir í. Is caillte an lá é. Is caillte an lá é le fliche. Is caillte a dheinis orm é. Is deas an buachail tu! Is maith an triail agat é! Ní misde bheith ag brath ort! Ní h-eadh go deimhin. Ní cloch iaran. Ní h-adhmad cloch. Ní feóil adhmad. Ní cnámh adharc. Ní fiona croicean. Ní leathar fiona. Ní fuil uisge. Ní h-uisge bainne. Ní bainne biotáile. Ní gainimh cré. Ní cré gainimh. Ní gainimh grean. Ní grean gainimh. Ní móin gual. Ní gual móin. Ní duilleabhar féur. Ní crann cabáiste. Ní cabáiste crann. Ní cabáiste feóil. Ní feóil cabáiste. Ní plúr min. Ní min plúr. Ní bó capal. Ní capal bó.
Ní gamhuin siorach. Ní siorach capal. Ní gort garaídh. Ní cruithneacht órna. Ní coirce cruithneacht. Ní dair giúis. Ní fuínseóg coll. Ní mise Tadhg. Ní Tadhg mise. An adhmad cloch? An bóthar cosán? An fear Tadhg? An capal bó? An bó capal? An amárach an Dómhnach? An í an Aoíne atá againn? An é an Satharn atá againn? An indiu an Luan? An é an Luan atá indiu againn? An é seo an Luan? An file thusa? An gabhar mionán? An muc madra? An madra muc? An leat-sa an mhuc? An leat an gadhar? An leat an maidirín? An tu a chaill é? An tu a fuair é? An tu a thug leat é? An tu d'fhág ansó é?
An dóich leat gur leat é? An mbéarfair leat é? An bhfágfair ad dhiaig é? An dtabharfair dómhsa é? An coileán maith é? An mianach maith é? An droch mhianach é? An mianach fóghanta é? An bhfuil foluígheacht ann? An cábóg é? An ndíolfá é? An gceanóchfá é? An mór a bheidheadh uait air? An mór ar a ndíolfá é? An mór ar a bhfaighinn uait é?. An mór a cheanóchadh uait é? An mór a chosnóchadh sé? An 'mó bliaghain é? An 'mó lá é? An 'mó mí é? An 'mó ráithe é? An 'mó seachtmhain é? An 'mó fiacal aige? An 'mó súil ann? An 'mó earbal air? An mó ceann air? An 'mó cos fé?
An 'mó cos tosaig fé? An 'mó cos deiridh fé? An 'mó iunga air? An leat féin é? An amhlaidh a ghuidis é? An amhlaidh a cheanuíghis é? An amhlaidh a fuarais ag dul amú é? An amhlaidh do bronadh ort é? Is amhlaidh do rugadh agus do tógadh agam féin é. An dáiríribh ataoí? Is dáiríribh. Nách breágh an lá é! Nách fliuch an lá é! Nách fuar an lá é! Nách teith an lá é! Nách moch atá sé! Nách áluinn é! Nách breágh é! Nách breágh atá sé! Nách bog atá sé! Nách bog atá sé agat! Nách bog atá do chroicean ort! Nách bog a thagan caint chugat! Nách cruaidh atá an fiona air! Nách fada ataoí leis! Nách é Tadhg é? Nách mac duit é?
Nách é do mhac é? Nách é do mhac féin é? Nách é do mhac-sa é? Nách é do mhac-sa féin é? Nách mac duitse féin é? Nách bean í? Nách í do bhean í? Nách í sin í? Nách í sin féin í? Nách í sin í féin? Nách leat í? Nách leat-sa í? Nách í t'inghean í? Nách inghean duit í? Nách inghean duit-se í? Nách í t'inghean-sa í? Nách inghean duit féin í? Nách í t'inghean féin í? Nách í sin do sgian? Nách í do sgian í? Nách í do sgian féin í? Nách leat í? Nách sgian leat í? Nách sgian leatsa í? Nách í do chuid féin í? Nách leat féin í? Nách tu an fear! Nách é an fear é! a ndu- bhairt Éamon leis an reithe.
Ba rígh Brian. Ba rígh uasal é. Ba mhac dó Murchadh. Ba mhór an rígh é. Ba chómhachtach an rígh é. Ba rígh cómhachtach é. Rígh cómhachtach dob eadh é. Ba mhaith an fear é. Fear maith dob eadh é. Dob aoíbhinn an lá é. Lá aoíbhinn dob eadh é. Ba thirm an lá é. Lá ana thirm dob eadh é. Ba lá brothalach é. Ba lá ana bhrothalach é. Lá ana bhrothalach dob eadh é. Ba mhór an brothal é. Ba láidir an fear é. Fear ana láidir dob eadh é. B' é fear ba threise ar a chineadh é. B' é ba lúgha beann ar fhuacht. B' é ba shia bhéarfadh ualach leis. B' air ba ghiora a mhaill míle shlíghe do chur dé. Ba dheas é! Ba mhaith é! Ba bhreágh é! Ba mhór é! Dob olc é! Ba thréan é! Ba chruínn é!
Dob fhíor é! Dob í an fhírinne í. Bhí Brian 'na rígh. Bhí sé 'na rígh uasal. Bhí sé cómhachtach. Bhí sé i n' fhear mhaith. Bhí sé i n' fhear fhóghanta. Bhí an lá go h-aoíbhinn. Bhí an lá go h-ana aoíbhinn. Bhí an lá tirm. Bhí an lá ana bhrothalach. Bhí an fear láidir. Bhí sé ana láidir. Bhí sé lag. Bhí sé ana lag. Bhí sé go lag. Bhí sé go h-ana lag. Bhí sé go h-ana lag ar fad. Bhí sé go deas. Bhí sé go h-ana dheas. Bhíodh sé ag ól. Bhíodh sé ar meisge. Bhíodh sé ag bruíghean. Bhíodh sé ag achran. Bhíodh tart air. Bhíodh codla air. Bhíodh canncar air. Bhíodh ocras air. Bhíodh bruid air. Bhíodh dothall air. Bhíodh éad air. Bhíodh dithineas air. Bhíodh leisge air. Bhíodh buile air.
Bhíodh sé scólta. Bhíodh sé ar buile. Bhíodh sé ar dearg-bhuile. Bhíodh sé as a mheabhair. Is ar meisge a bhíodh sé. Is ag ól a bhíodh sé. Is 'na chodla a bhí sé. Is 'na dhúiseacht atá sé. Is 'na dhúiseacht a bhí sé. Is 'na chodla a bhíodh sé nuair bhídhinn-se am dhúiseacht. Isé an codla is feár leis. B' é an codla dob fheár leis. Isé an codla dob fheár leis. Ar meisge atá sé. Ag ól a bhíodh sé. 'Na chodla a bheidh sé. Ar meisge iseadh atá sé. Ag ól iseadh a bhíon sé. Na chodla iseadh a bheidh sé. Ag siúbhal iseadh atá sé. Ag ruith atá sé. Is agamsa atá sé. Agamsa iseadh atá sé. Agamsa atá sé
Is fear é sin. Fear iseadh é sin. Fear é sin. Isé an lá amárach an Domh- nach. Amárach an Domhnach. Is duine é. Duine iseadh é. Duine atá ann. Ba dhuine é. Duine dob eadh é. Duine a bhí ann. Is indé a bhíos i gCorcaig. Indé a bhíos i gCorcaig. Is indiu atáim ag teacht abhaile. Indiu atáim ag teacht abhaile. Is Amárach a chasfad. Amárach a chasfad. Amárach iseadh a chasfad. Is láidir atá Diarmuid. Is láidir a bhí Diarmuid indé. Is láidir a bheidh sé amárach. Is láidir an fear Diarmuid nuair bhí sé óg. ba láidir an fear Diarmuid nuair a bhí sé óg, Is láidir a bhí Diarmuid nuair a bhí sé óg,
Má 's maith é is mithid é. "Má 's cailín ó'n dtuath mé ní íosfainn geir." Má 's féidir é tiocfaidh Diarmuid. Dá mb' fhéidir é do thioc- fadh sé. Má tá ciall agat éistfir. Dá mbeidheadh ciall agat d'éistfá. Má bhíon ciall aige éistfidh sé. Ba mhaith liom deoch d' fhághail. Ba sheóig an fear Tadhg dá mbeidheadh airgead aige. Dá mba mhaith leis é do bheidheadh airgead aige. Dá mba ná sgaoílfadh sé uaidh é bheidheadh sé aige go tiugh. Má b' fhada é an lá ba ghairid í an oídhche. Dá mb' fhada é an lá bheidheadh an oídhche gairid.
Má 's duine uasal é. Dá mba dhuine uasal é. Má ba dhuine uasal é. Má tá deoch agam ólfad é. Dá mbeidheadh deoch agam d' ólfainn é. Má tá sé agam gheabhair é. Dá mbeidheadh sé agam gheabhthá é. Má 's agamsa atá sé gheabhair é. Dá mb' agamsa bheidheadh sé gheabhthá é. Má 's ag imtheacht atá sé déarfad leis fan- mhaint. Dá mb' ag imtheacht a bheidheadh sé déarfainn leis fanmhaint. Má 's ocras atá air tabh- arfad rud le n-itheadh dhó. Dá mb' ocras a bheidheadh air thabharfainn rud le n-itheadh dhó. Má 's dómhsa a thugais é tá sé agam. Dá mba dhómhsa thabharfá é bheidheadh sé agam. Má 's na chodla atá sé ní'l baoghal air. Dá mba' na chodla bheidheadh sé ní bheidheadh baoghal air.
Má tá a thuilleadh agam gheabhair é. Dá mbeidheadh a thuilleadh agam gheabhthá é. Ba mhaith liom dá bhféadainn radharc d' fhagháil air. Ba mhaith liom go labharfá. Ba mhaith liom go n-éistfá. Ba mhaith liom go dtiocfá agus labhairt liom. Ba mhaith liom go bhfanfá thoir sa bhaile dhuit féin. Dá mb' áil leat éisteacht bheidhinn ana bhuidheach díot. Dob fheár de thu é dá mba ná beidheadh a leath oir- ead cainte agat. Dá mba ná beidheadh tart air ní ólfadh sé. Muna mbeidheadh go bhfuil tart air ní ólfadh sé. Muna mbeidheadh tart do bheith air ní ólfadh sé. Muna mbeidheadh tart air ní ólfadh sé. Muna raibh tart air níor ól sé. Muna mbeidheadh go raibh tart air ní ólfadh sé. Muna bhfuil tart air ní ólfaidh sé.
Má 's rud é go bhfanfair go lá tar go teine. Dá mba rud é go bhfanfá go lá níor mhisde dhuit teacht go dtí an teine. Dá mba rud é go dtiocfá ar fhanmhaint go lá níor mhór duit sgéala do chur abhaile. Ar iarais air, má ba rud é go bhfanfadh sé go lá, sgéala do chur abhaile? Dá mba rud é go bhfaghainn fiche púnt ar an gcapal agus deich púint ar an mboin is beag ná go mbeidheadh an leath-chíos agam. Dá mba rud é go mbeidh- eadh an lá amárach ar fóghnamh d' fhéadfaídhe cruach do dhéanamh de 'n fheur sain thíos. Dúbhart leis má ba rud é go mbeidheadh an lá ar foghnamh, cruach do dhéan- amh de 'n fhéur.
Muna rud é go dtaithnfidh an áit leat féadfair imtheacht as. Dúbhart leis dá mba rud é ná taithnfadh an áit leis ná raibh bac air imtheacht as. Má 's rud é go mbeidh an bhliaghain seo chómh maith leis an mbliaghain anairig beidh an saoghal suas. Dá mba rud é go mbeidh- eadh an bhliaghain seo chómh maith agus bhí an bhliaghain anairig bheidhmís ar ár dtoil. An t-é is rígh. "An súmaire is athair duit." An t-é is fear tíghe anso. Cia h-é is ceann anso? Cia h-é is giolla agaibh? Cia h-é is fear cínn riain oraibh? An t-é is giolla againn isé is fear cínn riain orainn. An t-é is fada cos isé is fada truslóg.
An t-é is mór caint ní h-é is maith ciall go minic. Is minic nách é an t-é is uasal cáil is uasal méinn. An fear is mór caint. An fear is mó caint. An fear is feár. An fear is óige. An fear is sine. An fear ba threise.
An fear dob óige. An fear dob fheár. An fear ba mhó caint. An fear ba mhór caint. Ba mhinic nár bh'é an fear dob uasal cáil an fear dob uasal méinn. An t-é dob fhada cos b' é dob fhada truslóg. An t-é ba ghiolla againn isé b'fhear cínn riain orainn.
Tá sé 'na chodla. 'Na chodla atá sé. 'Na codla atá sí. Fág mar atá sé é. "An t-é atá suas óltar deoch air." "An t-é atá síos buail- tear cos air." Táim go maith. Fág mar atáim mé. Go ró mhaith atáim. Is go h-ana mhaith atáim. Go dian mhaith iseadh atáim. Táim go h-ana mhaith. Táim go dian mhaith. "Dar fiadh táimse ar meisge!" Bhí Seághan ua Mangáin ann. Isé Seághan ua Mangáin a bhí ann. Bhí bean Sheághain ui Mangáin ann. Bean Sheághain ui Mangáin a bhí ann. Bhí an sgéal mar sin. Sin mar a bhí an sgéal. Mar a bhí sé. Mar atá sé. Mar a bheidh sé. Mar a bhíodh sé.
Mar a bheidheadh sé. Bhí sé mar atá sé. Tá sé mar a bheidh sé. Beidh sé mar a bhíodh sé. Bhíodh sé mar a bhíon sé. Bíon sé mar a bhíodh sé. Is ag teacht atá Domhnall. Tá Dómhnall ag teacht. An t-é atá 'na ghiolla againn isé atá i n' fhear cínn riain againn. Deirim gur breágh an lá é. Deirim gur lá breágh é. Deirim gurab áluinn an lá é. Measaim gur fear láidir é. Ceapaim gur anso atá sé. Is dóich liom gur treise d' fhear Tadhg 'ná Dómhnall. Creidim gur fearthainn a dhéanfaidh sé. Ní deirim 'ná gur ag sioc atá sé. Ní deirim 'ná go bhfuil an ceart agat. Ní deirim 'ná gur agat atá an ceart. Dúbhart gur bhreágh an lá é. Dúbhart gur lá breágh é. Dúbhairt sé gur dhroch lá é. Dúbhairt sé gur bh'áluinn an lá é.
Mheasas gur bh'fhear láidir é. Cheapas gur anso a bhí sé. Má deirim gur breágh an lá é déarfad an fhírinne. Má deirim gur breágh an lá é deirim an fhírinne. Dá n-abrainn gur breágh an lá é déarfainn an fhírinne. Dá n-abrainn gur bhreágh an lá é déarfainn an fhírinne. Ní h-olc an lá é. Deirim nách olc an lá é. Níor bh' olc an lá é. Dúbhart nár bh' olc an lá é. Níor chailleas é. Dúbhart nár chailleas é. Ní h-adhmad cloch. Deirim nách adhmad cloch. Dúbhart nár bh' adhmad cloch. Ní gadhar coinín. Deirim nách gadhar coinín. Dúbhart nár ghadhar coinín. Má deir duine gur gadhar coinín ní deir sé an fhírinne.
Dá n-abradh duine gur ghadhar an coinín ní déarfadh sé an fhírinne. Má abran duine gur gadhar coinín ní déarfaidh sé an fhírinne. Dúbhartsa, dá n-abradh duine gur ghadhar coinín, ná déarfadh sé an fhír- inne. Dúbhairt Dómhnall go ndúbh- artsa, dá n-abradh duine gur choinin gadhar ná déarfadh sé an fhírinne. Gur a' maith agat! Nár a' maith agat! Gur a' míle maith agat! Nár a' míle maith agat! Gur a' seacht feár a bheidh- míd bliaghan ó 'ndiu agus muna feár nár a' measa! Tá Tadhg tar éis bháis, gur á' maith an mhaise dhó é! Tá sé ar slígh na fírinne, gur a' maith an mhaise dhó é! Tá sgéala maithe agam duit. Gur a' slán sgéalaídhe! Gur a' feár amárach tú! Tá áthas orm. Bíon áthas orm. Bhí áthas orm. Bhíodh áthas orm.
Beidh áthas orm. Bheidheadh áthas orm. B' fhéidir go mbeidheadh áthas orm. Bíodh áthas orm. Má tá áthas orm. Dá mbeidheadh áthas orm. Ba mhaith liom áthas do bheith orm. Is maith liom áthas do bheith orm. Ní maith liom gan áthas do bheith orm. Níor mhaith liom gan áthas do bheith orm. Táthar chugat. Táthar ad leanmhaint. Táthar ag feitheamh leat. Táthar ag faire ort. Táthar ar do thí. Conus atáthar agaibh? Táthar maith go leór. Bídhtear ag siúbhal ar an gcosán so. Bídhtear am leanmhaint. Bídhtear ag caint ann. Bídhtear ag glaodhach orm. Bídhtear ag magadh fúm. Bídhtear ag guid arbhair uaim. Bídhtear ag caitheamh na gcloch liom. Bídhtear ag marbhadh na gcearc orm.
Do bhídhtheas ag glaodhach orm. Bhídhtheas ag faire orm. Bhídhtheas ag siúbhal am dhiaidh. Bhídhtheas rómham ar an mbóthar. Bhídhtí ag glaodhach orm. Bhídhtí ag faire orm. Bhídhtí ag caitheamh na gcloch liom. Beidhfar chugat. Beidhfar ag teacht. Beidhfar ag imtheacht a- márach. An mbeidhfar ag gabháil d' fhéur indiu? An mbeidhfar ollamh chuige? Beidhfar. Má táthar ollamh indiu beidhfar ollamh amárach. Dá mbeidhfí ollamh indiu do bheidfí ollamh amárach. Má bhídhtear ollamh anocht beidhfar ollamh amárach. An bhfuiltear ollamh? An mbídhtear ollamh? An mbídhtear ag glaodhach ort? An mbídhtear ag caitheamh cloch leat? Bídhtear.
Deirim go mbídhtear. Dúbhart go mbídhtí. An rabhthas ag glaodhach ort indiu? Ní rabhthas. An bhfuiltear ag glaodhach ort anois? Ní fhuiltear. Ní'ltear. An bhfuiltear chúgam? Táthar. Bídhtear ag faire air. Bí ad shuíghe! Bí mear! Bí amuich! Bí ar siúbhal! Bí ag gluaiseacht! Bí ag imtheacht! Ná bí ad sheasamh ansain! Coruig agus ná bídhtear ag feitheamh leat! Ná bí am bhodhradh! Ná bí ag magadh fút féin! Ná bí ag leigint na gaoíthe isteach. Conus'taoi? An bhfuil 'n tu go dia- bhulta?
Tá sé ag sioc. Tá sé ag sioc go diabhulta. Tá sé ag fearthainn. Tá sé ag fearthainn go diabhulta. Tá Tadhg ag ruith. Tá sé ag ruith go diabhulta. Tá sé ag siúbhal go dia- bhulta. Tá sé ag fás go diabhulta. Tá sé ag obair go dia- bhulta. An bhfuil an coirce go maith agaibh? Ach! Tá sé go diabhulta againn. Táid na prátaídhe go dia- bhulta ar fad againn. Is diabhail an obair í. Is diabhalta an obair í. Is diabhalta an duine é le feabhas.
Is diabhalta an duine é le cruinneas. Is diabhalta an capal é chum oibre. Is diabhalta an talamh é chum órnan. Is diabhalta an sgéal é ná fanfá socair. Nách diabhalta ná leigfadh sibh dom féin! Nách diabhalta ná leigfadh sibh dom féin! Leig dom féin. Leig dom féin. Ná bac é féin. Ná bac é féin. Nách diabhalta an dithneas atá ort! Nách diabhail an dithneas atá ort! Is diabhalta an fuinneamh a bhíon le pléur. Is diabhalta a bhfuil d' airgead ag Tadhg. Is diabhalta a bhfuil de chaint aige pé airgead atá aige. Ní beag de sheó abhfuil de chaint aige. Ní beag d' iongna é.
Ní beag liom dé. Ní beag liom díobh. Ní beag dom féin an méid seo. Ní mór dom féin an méid seo. Ní mór liom duit é. Ní mór duit é. Ní beag duit é. Tá sé ró mhór agat. Tá sé ró bheag agat. Tá sé ró láidir duit. Tá sé ró lag duit. Tá sé ró lag agat. Tá sé ró theann agat. Tá sé ró bhog agat. Tá sé ró bhog duit. Tá sé cam agat. Tá sé ollamh agam. Tá sé lán agam. Tá sé socair agam. Tá sé istig agam. Tá sé amuich agam. Tá sé ar lár agam. Tá sé thuas agam.
Tá sé suas agam. Tá sé thíos agam. Tá sé síos agam. Tá sé anonn agam. Tá sé abhus agam. Tá sé anall agam. Tá an teine ar lasadh agam. Tá an t-árthach folamh agam. Táid na ba i dteanta 'chéile agam. Isiad mo bha féin iad. Isiad iad. Ní h-iad so iad! An iad so iad? Ní h-iad.
Tá duine ag teacht. An é Diarmuid é? Ní h-é. An é a mhac é? An bó atá ann? Is bó. Iseadh. An í an bhó atá ann? Isí. Bitheamhnach iseadh í. Iseadh san. Tá sé 'na lá, tá san. 'Na lá iseadh atá sé. Is- eadh san. Briste iseadh atá é agat. Iseadh san. 'Na smidiríníbh atá sé agat. Iseadh san. 'Na bhrúsgar atá sé agat. Iseadh san. Ní h-iontaoíbh tusa. Ní h-eadh san. Tá sé go deas agat. Tá, san. Tá sé go h-aindeis agat. Tá san. Go h-aindeis iseadh atá sé agat. Iseadh san. Is tusa a bhris é. Ní mé acht Tadhg. Le casúr iseadh bhris sé é. Ní h-eadh acht le tuaigh. Siné an casúr. Sidí an tuagh. Siúd é Tadhg. Siné é ansan é. Sidé anso é.
Siúd é ansúd é. Sidí anso í. Siní ansan í. Siúd í ansúd í. Tá sé ansan. Tá sé anso. Tá sé ansúd. Siné é. Siní í. Iseadh. Iseadh san. Ní h-eadh. Ní h-eadh san. Bheith. Bheith láidir. Bheith lag. Is maith an rud bheith láidir. Is olc an rud bheith lag. B' fheár liom bheith láidir 'ná bheith lag. Cad 'na thaobh ná ceanuí- ghean tu bróga dhuit féin? Gan an t-airgead do bheith agam.
Cad 'na thaobh ná tugan tú leat an mála? É bheith ró throm. Cad na thaobh ná fuil ann- lan le d'chuid bídh agat? Gan aon fhághail do bheith agam air. Cad chuige dhuit bheith ag magadh fúm? Gan aon chiall do bheith agat. Cad 'na thaobh ná h-ithean tú tuilleadh? Mo dhóithin do bheith ithte agam. An bhfaghad bheith istig uait? Gheabhair, acht gan bheith 'gá ínsint orm amárach. Ní feár bheith ag caint air acht is iongantach an duine thú! Ní feár bheith ag caint air, do bhuaidh an lá indiu ar a bhfeaca riamh! Ní'l aon mhaith dhuit bheith liom! Ní h-ionan bheith ar buile agus ar lán-bhuile. Má's maith leat bheith buan caith fuar agus teith. Gan-bheith am bhodhradh isé dhéanfair! Tá-sé gan bheith ar fóghnamh. Cuíbhsach, gan bheith maoímh- teach.
B' fheara dhuith gan a bheith agat acht práta agus gráinne salainn ad thig féin 'ná dá mbeidheadh sógh agus rósta agat i dtig an fhir thall. Dúbhart leis gan bheith abhfad. Dúbhart leis gan aon dithneas do bheith air. Dúbhart leis gan aon eagla bheith air. Dúbhart leis gan aon ruagh bheith aige dhóibh. Dúbhart leis gan aon eagla bheith aige rómpa. Dúbhart leis gan aon bheann do bheith aige ortha. Dúbhart leis gan aon cháll do bheith aige chúca. "Thugas mo ghreann mo cháll 's mo shearc do Shéamus." "Ná bíodh aon cháll agat chuige."
Is feár bheith díomhaoin 'ná droch ghnóthach. "Ceathrar cailleach gan bheith manntach; Ceathrar Francach gan bheith buídhe; Ceathrar gréasaídhe gan bheith bréagach; 'Sín dárdhéag ná fuil sa tír."
Capa Dhá chapal Trí chapal Ceithre chapal Seacht, ocht, Seacht mbualadh Ocht mbualadh Naoi mbualadh Deich mbualadh Cúig bheirbhadh Trí thriomúghadh Dhá fhásgadh Cimilt
Na h-uimhreacha. An uimhir féin.
An uimhir ag cómhreamh.
An uimhir ag léiriúghadh. An t-aonmhadh lá. An chéad lá. An dómhadh lá. An dara lá. An trímhadh lá. An treas lá. An ceathrmhadh lá. An cúigmhadh lá. An sémhadh lá. An seachtmhadh lá. An t-ochtmhadh lá. An naomhadh lá. An deichmhadh lá. An deachmhadh. An t-aonmhadh lá déag. An dara lá déag. An trímhadh lá déag. An ceathrmhadh lá déag. An cúigmhadh lá déag. An sémhadh lá déag. An seachtmhadh lá déag. An t-ochtmhadh lá déag. An naomhadh lá déag. An fichmhadh lá. An t-aonmhadh lá fichid. An dara lá fichid. An dómhadh lá fichid. An trímhadh lá fichid. An ceathrmhadh lá fichid. An cúigmhadh lá fichid. An sémhadh lá fichid.
An t-aonmhadh lá déag ar fhichid. An dara lá déag ar fhichid. An trímhadh lá déag ar fhichid. An ceathrmhadh lá déag ar fhichid. An dachadmhadh lá. Lá a dachaid. "I mbliaghain a dachaid beidh aition gan síol gan bhláth." An t-aonmhadh lá a's da- chad. An dara lá a's dachad. An trímhadh lá a's dachad. An deichmhadh lá a's dachad. An t-aonmhadh la déág a's dachad. Am dara lá déag a's da- chad. Lá a trí fichid. Bliaghain a trí fichid. Bliaghain a cheithre fichid. An t-aonmhadh bliaghain a's cheithre fichid. An deichmhadh bliaghain a's cheithre fichid.
An t-aonmhadh bliaghain déag a's cheithre fichid. An céadmhadh bliaghain. An t-aonmhadh bliaghain agus céad. Daoine d'á gcómream. Duine. Beirt. Triúr. Ceathrar. Cúigear. Seisear. Mórsheisear. Ochtar. Naonbhar. Deichniúbhur. Aoinne déag. Dháréag. Trí dhuine dhéag. Ceithre dhuine dhéag. Cúig dhuine dhéag. Sé duine dhéag. Seacht nduine dhéag. Ocht nduine dhéag. Naoi dhuine dhéag. Fiche duine. Duine agus fiche. Beirt a's fiche. Dachad duine. Duine agus dachad. Deich nduine agus dachad. Deichniúbhur a's dachad.
Trí fichid duine. Duine agus trí fichid. Beirt a's trí fichid. Deichniúbhar a's trí fichid. Aoinne déag a's trí fichid. Dháréag a's trí fichid. Trí dhuine dhéag a's trí fichid. Ceithre fichid duine. Duine agus ceithre fichid. Deichniúbhar a's cheithre fichid. Aoinne déag a's cheithre fichid. Dáréag agus cheithre fichid. Trí dhuine dhéag a's cheithre fichid. Céad duine. Duine agus céad. Beirt agus céad. Triúr a's céad. Ceathrar a's céad. Cúigear a's céad. Deichniúbhar a's céad. Míle duine. Céad agus míle duine.
Céad míle duine. Duine agus céad míle. Duine agus míle. Deich céad míle duine. Duine agus deich céad míle. Fiche céad míle duine. Duine agus fiche céad míle. Beirt agus fiche céad míle. Céad agus fiche céad míle duine. Míle agus fiche céad míle duine. Deich míle agus fiche céad míle duine. Céad míle agus fiche céad míle duine. Deich céad míle agus fíche céad míle duine. Dachad céad míle duine. Trí fichid céad míle duine Cheithre fichid céad míle duine. Céad céad míle duine. Míle míle duine. Céad míle míle duine. Deich céad míle míle duine. Duine agus deich céad míle míle.
Neithe d'á gcómhreamh. Cloch mhine. Dhá chloich mhine. Trí clocha mine. Ceithre clocha mine. Cúig clocha mine. Sé clocha mine. Seacht clocha mine. Ocht clocha mine. Naoi gclocha mine. Deich clocha mine. Aon chloch déag mine. Dá chloich dhéag mhine. Dá chloich dhéag mine. Trí clocha déag mine. Naoí gclocha déag mine. Fiche cloch mhine. Fiche cloch mine. Cloch agus fiche mine. Dhá chloich a's fiche mine. Trí clocha fichid mine. Ceithre clocha fichid mine. Naoi gclocha fichid mine. Deich clocha fichid mine. Aon chloch déag ar fhichid mine. Dhá chloich dhéag ar fhichid mine. Trí clocha déág ar fhichid mine. Dachad cloch mhine. Dachad cloch mine.
An chloch mhine. An dá chloich mhine. Na trí clocha mine. An t-aon chloch déag mine. An dá chloich dhéag mine. Na trí clocha déag mine. Na naoi gclocha déag mine. An fiche cloch mine. An fiche cloch mhine. An chloch ar fhichid mine. An dá chloich ar fhichid mine. Na trí clocha fichid mine. An t-aon chloich dhéag ar fhichid mine. Na trí clocha déag ar fhichid mine. An dachad cloch mhine. An dachad cloch mine. An chloch a's dachad mine. An dá chloich a's dachad mine. Na trí clocha a's dachad mine. An trí fichid cloch mine. An trí fichid cloch mhine, &c.
Dhá sgiling ar chloich mhine. Dhá sgiling ar dhá chloich mhine. Dhá sgiling ar trí clocha mine. Leath na cloiche mine. Leath an dá chloch mhine. Leath an dá chloch mine. Leath na dtrí gcloch mine. Leath na ndeich gcloch mine. Leath an aon chloch déag mine. Leath an dá chloch déag mine. Leath na dtrí gcloch ndéag mine. Leath an fhichead chloch mine. Leath an aon chloch ar fhichid mine.
Leath an dá chloch ar fhichid mine. Leath na dtrí gcloch ar fhichid mine. Leath an dachad cloch mine. Uair: aon uair amháin. Dhá uair; faoi dhó. Trí h-uaire; fó thrí. Ceithre h-uaire; fó chea- thair. Deich n-uaire; fó dheich. Fiche uair. Uair um a seach. Seacht n-uaire déag ar fhichid. Casadh. Dá chasasdh. Trí chasadh. Cheithre chasadh. Cúig chasadh. Sé chasadh. Seacht gcasadh. Ocht gcasadh. Naoi gcasadh. Deich gcasadh. Aon chasadh dhéag. Trí chasadh dhéag. Fiche casadh.
Céad casasdh. Bhaineamair trí chasadh déag ar fhichid as an mada ruadh. Dhá bhó. Trí cínn dhe bhuaibh. Trí cínn dhe bhuaibh. Ceithre cínn dhe bhuaibh. Aon cheann déag dhe bhuaibh. Naoi gcínn déag dhe bhuaibh. Fiche bó. Féur bó. Féur dhá bhó. Féur trí cínn dhe bhuaibh. Féur trí mbó. Féur ceithre mbó. Féur ceithre cinn dhe bhuaibh. Féur cúig mbó. Féur cúig cínn de bhuaibh. Féur deich mbó. Féur deich cínn dhe bhuaibh. Féur aon cheann déag dhe bhuaibh. Féur an aon cheann déag dhe bhuaibh. Féur an aon bhó dhéag. Féur an fhichead bó. Féur na h-aon bhó.
Féur an aon chapail. Cion duine. Cion beirte. Cion trír. Cion ceathrair. Cion na beirte. Cion an chúigir. Cion an aoinne dhéag. Cion an dáréag. Feidhm an dáréag. Cion fiche duine. Cion duine agus fiche. Feidhm fiche duine. Feidhm céad capal.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services